ISSN 1725-2571

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

51
19 Márta 2008


Clár

 

I   Gníomhartha arna mbunú ar Chonarthaí CE/CEFA a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (CE) uimh. 3697/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena n-aisghairtear Treoir 91/670/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 agus Treoir 2004/36/CE  ( 2 )

1

 


 

(1)   Faoin tagairt L 79 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA


I Gníomhartha arna mbunú ar Chonarthaí CE/CEFA a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach

RIALACHÁIN

19.3.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (CE) uimh. 3697/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Feabhra 2008

maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena n-aisghairtear Treoir 91/670/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 agus Treoir 2004/36/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 80(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ba cheart go n-áiritheofaí go mbeadh leibhéal ard aonfhoirmeach cosanta ar shaoránaigh Eorpacha san eitlíocht shibhialta i gcónaí, trí rialacha comhchoiteanna sábháilteachta a ghlacadh agus trí bhearta lena n-áiritheofaí go gcomhlíonfadh táirgí, daoine agus eagraíochtaí sa Chomhphobal na rialacha sin agus na rialacha arna nglacadh chun an comhshaol a chaomhnú. Ba cheart go gcuirfeadh sé sin le saorghluaiseacht earraí, daoine agus eagraíochtaí sa mhargadh inmheánach a éascú.

(2)

Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh aerárthaí tríú tíortha a oibrítear ag dul isteach sa chríoch ina bhfuil feidhm ag an gConradh, laistigh den chríoch sin agus ag dul amach aisti faoi réir maoirseachta iomchuí ar leibhéal an Chomhphobail faoi na teorainneacha a socraíodh leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta, a síníodh in Chicago an 7 Nollaig 1944 (‘Coinbhinsiún Chicago’) agus ar páirtithe na Ballstáit uile ann.

(3)

Déantar foráil cheana féin i gCoinbhinsiún Chicago do chaighdeáin íosta chun sábháilteacht na heitlíochta sibhialta agus chun caomhnú an chomhshaoil a bhaineann leis sin a áirithiú. Ba cheart go n-áiritheodh na ceanglais fhíor-riachtanacha Chomhphobail agus na rialacha a glacadh chun iad a chur chun feidhme go gcomhlíonfadh na Ballstáit na hoibleagáidí a chuireann Coinbhinsiún Chicago orthu, lena n-áirítear na hoibleagáidí a chuireann sé orthu i leith tríú tíortha.

(4)

Ba cheart don Chomhphobal, de réir caighdeán agus cleachtas molta a socraíodh le Coinbhinsiún Chicago, ceanglais fhíor-riachtanacha a leagan síos a bheadh infheidhme ar tháirgí, ar pháirteanna agus ar fhearais aerloingseoireachta, ar dhaoine agus ar eagraíochtaí a bhfuil baint acu le hoibriú aerárthaí, agus ar dhaoine agus ar tháirgí a bhfuil baint acu le hoiliúint píolótaí agus le scrúdú leighis a chur orthu. Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na rialacha cur chun feidhme is gá a fhorbairt.

(5)

Níor chuí go mbeadh na haerárthaí uile faoi réir rialacha comhchoiteanna, go háirithe i gcás aerárthaí de dhearadh simplí nó ar go háitiúil is mó a oibrítear iad, agus i gcás eitleán ar de dhéantús baile iad nó atá an-neamhchoitianta nó nach bhfuil ach líon beag díobh ann; ba cheart, dá bhrí sin, go bhfanfadh aerárthaí den sórt sin faoi rialú rialúcháin na mBallstát agus nach mbeadh aon oibleagáid faoin Rialachán seo ar Bhallstáit eile aitheantas a thabhairt do shocruithe náisiúnta den sórt sin. Ba cheart, mar sin féin, bearta comhréireacha a ghlacadh chun an leibhéal sábháilteachta san eitlíocht mar chaitheamh aimsire a mhéadú i gcoitinne. Ba cheart breithniú a dhéanamh, go háirithe, ar eitleáin agus ar héileacaptair a bhfuil uasmhais éirí de thalamh acu atá íseal agus a bhfuil a bhfeidhmiú ag méadú, ar féidir leo eitilt ar fud an Chomhphobail agus a dhéantar a tháirgiú ar mhodh tionsclaíoch. Is fearr dá bhrí sin is féidir iad a rialú ar leibhéal an Chomhphobail chun an leibhéal aonfhoirmeach sábháilteachta agus cosanta is gá ó thaobh sábháilteachta agus chaomhnú an chomhshaoil de a chur ar fáil.

(6)

Ba cheart go ndéanfaí raon na gníomhaíochta Comhphobail a shainmhíniú go soiléir ionas go bhféadfaí daoine, eagraíochtaí agus táirgí atá faoi réir an Rialacháin seo agus a rialacha cur chun feidhme a shainaithint gan athbhrí. Ba cheart go ndéanfaí an raon sin a shainmhíniú trí thagairt a dhéanamh do liosta aerárthaí atá díolmhaithe ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(7)

Ba cheart táirgí, páirteanna agus fearais aerloingseoireachta, oibreoirí atá bainteach le haeriompar tráchtála, chomh maith le píolótaí agus daoine, táirgí agus eagraíochtaí atá bainteach lena n-oiliúint agus lena gcur faoi scrúdú leighis, a bheith deimhnithe nó ceadúnaithe a luaithe a shuífear go gcomhlíonann siad na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagfaidh an Comhphobal síos de réir caighdeán agus cleachtas molta a socraíodh le Coinbhinsiún Chicago. Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na rialacha cur chun feidhme is gá a fhorbairt chun coinníollacha eisithe an deimhnithe a bhunú nó chun na coinníollacha chun dearbhú inniúlachta a chur ina ionad a bhunú, agus na rioscaí a ghabhann leis na cineálacha éagsúla oibríochtaí, amhail cineálacha áirithe aeroibre agus eitiltí áitiúla le haerárthaí beaga, á gcur san áireamh.

(8)

I gcás oibríochtaí neamhthráchtála, ba cheart na rialacha oibríochta agus na rialacha ceadúnaithe a chur in oiriúint do chastacht an aerárthaigh agus ba cheart sainmhíniú gaolmhar a leagan amach.

(9)

Ba cheart srian a chur leis na pribhléidí a théann le ceadúnas píolóta fóillíochta de réir na hoiliúna a cuireadh ar an bpíolóta chun na rátálacha gaolmhara a fháil, i gcomhréir leis na rialacha cur chun feidhme.

(10)

Chun go mbainfí amach cuspóirí an Chomhphobail maidir le saorghluaiseacht earraí, daoine agus seirbhísí, chomh maith leis na cuspóirí a bhaineann leis an gcomhbheartas iompair, ba cheart do na Ballstáit, gan ceanglais bhreise ná gan meastóireacht bhreise, glacadh le táirgí, le páirteanna agus le fearais, le heagraíochtaí nó le daoine a deimhníodh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus lena rialacha cur chun feidhme.

(11)

Ba cheart go mbeadh oiread solúbthachta ann go bhféadfaí díriú ar chúinsí faoi leith, amhail bearta práinneacha sábháilteachta, nó ceanglais oibriúcháin gan choinne nó ceanglais oibriúcháin teoranta. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin chun leibhéal coibhéiseach sábháilteachta a bhaint amach ar mhodh eile. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit i dteideal díolúintí a dheonú ó cheanglais an Rialacháin seo agus óna rialacha cur chun feidhme, ar an gcoinníoll go mbeadh teorainn dhocht lena raon feidhme agus go mbeadh siad faoi réir rialú cuí an Chomhphobail.

(12)

Is gá socruithe níos fearr a dhéanamh i ngach ceann de na réimsí a chumhdaítear faoin Rialachán seo, ionas go mbeidh tascanna áirithe atá á ndéanamh faoi láthair ar leibhéal an Chomhphobail nó ar an leibhéal náisiúnta á ndéanamh ag aon chomhlacht saineolais speisialaithe amháin. Is gá, dá bhrí sin, Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (dá ngairfear ‘an Ghníomhaireacht’ anseo feasta) a bhunú, laistigh de struchtúr institiúideach agus de chóimheá cumhachta an Chomhphobail mar atá, a bheadh neamhspleách i ndáil le hábhair theicniúla agus a mbeadh neamhspleáchas dlíthiúil, riaracháin agus airgeadais aici. Chuige sin, is gá agus is cuí gur comhlacht Comhphobail a bheadh ann a mbeadh pearsantacht dhlítheanach aige agus a d'fheidhmeodh na cumhachtaí cur chun feidhme a thugtar dó leis an Rialachán seo.

(13)

Faoi chóras institiúideach an Chomhphobail, is ar na Ballstáit go háirithe atá an cúram dlí an Chomhphobail a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, tascanna deimhniúcháin a chaithfear a dhéanamh faoin Rialachán seo agus faoina rialacha cur chun feidhme, is ar an leibhéal náisiúnta a chuirfear i gcrích iad. I gcásanna áirithe, áfach, a shainmhíneofar go soiléir, ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an nGníomhaireacht tascanna deimhniúcháin a dhéanamh mar a shonraítear sa Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh cead ag an nGníomhaireacht, ar an gcúis chéanna, na bearta is gá a ghlacadh a bhaineann le hoibriú aerárthaí, le cáilíocht foirne nó le sábháilteacht aerárthaí tríú tíortha nuair is é sin an modh is fearr chun aonfhoirmeacht a áirithiú agus chun oibriú an mhargaidh inmheánaigh a éascú.

(14)

Cuireann Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 (3) de dhualgas ar an nGníomhaireacht an fhaisnéis go léir a chur in iúl a d'fhéadfadh a bheith ábhartha maidir leis an liosta Comhphobail d'aeriompróirí atá faoi réir toirmisc ar a n-oibriú sa Chomhphobal, ar chúiseanna sábháilteachta, a thabhairt cothrom le dáta. Má dhiúltaíonn an Ghníomhaireacht údarú a dheonú d'aeriompróir faoi théarmaí an Rialacháin seo, ba cheart di gach faisnéis ábhartha ar a raibh an diúltú sin bunaithe a thabhairt don Choimisiún, ionas go bhféadfar ainm an aeriompróra a chur, más gá, ar an liosta sin.

(15)

Chun go bhfeidhmeoidh scéim Chomhphobail um shábháilteacht eitlíocht shibhialta go héifeachtúil sna réimsí a chumhdaítear faoin Rialachán seo, beidh gá le comhoibriú neartaithe idir an Coimisiún, na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht chun dálaí baolacha a bhrath agus chun bearta feabhais a ghlacadh de réir mar is iomchuí.

(16)

Chun ‘cultúr sábháilteachta’ agus feidhmiú ceart córais rialúcháin sna réimsí a chumhdaítear faoin Rialachán seo a chur chun cinn, daoine ar finnéithe iad ar theagmhais agus ar tharluithe, caithfidh siad na teagmhais agus na tarluithe sin a thuairisciú go spontáineach. Dhéanfaí tuairisciú den sórt sin a éascú trí thimpeallacht neamhphionósach a bhunú, agus ba cheart go nglacfadh na Ballstáit bearta iomchuí a d'fhorálfadh chun faisnéis den sórt sin agus lucht a tuairiscithe a chosaint.

(17)

Ba cheart go ndéanfaí gníomh go práinneach, bunaithe ar thorthaí fiosrúchán ar thionóiscí aeir, go háirithe nuair a bhaineann siad le dearadh lochtach aerárthaí agus/nó le hábhair oibriúcháin, chun muinín na dtomhaltóirí as an aeriompar a áirithiú.

(18)

Chun cabhrú le cuspóirí sábháilteachta an Rialacháin seo a bhaint amach, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Chomhphobal pionóis airgeadais a fhorchur ar shealbhóirí deimhnithe agus ar shealbhóirí formheasanna arna n-eisiúint ag an nGníomhaireacht. I gcomhréir le dlíchóras an Chomhphobail, ba cheart gurbh é an Coimisiún a d'fhorchuirfeadh na pionóis airgeadais sin ag gníomhú dó ar mholadh ón nGníomhaireacht. Ba cheart a aibhsiú gur fearr a bheidh an Coimisiún in ann dul i ngleic, ar bhealach níos mine, níos solúbtha agus níos céimithe le sárú ar na rialacha, trí phionóis airgeadais a thabhairt isteach, seachas trí dheimhniú a tharraingt siar.

(19)

Ó tharla go mbeidh gach cinneadh a ghlacfaidh an Coimisiún faoin Rialachán seo faoi réir a athbhreithnithe ag an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhréir leis an gConradh, ba cheart go dtabharfaí dlínse neamhtheoranta don Chúirt Bhreithiúnais, i gcomhréir le hAirteagal 229 den Chonradh, i ndáil le cinntí lena bhforchuireann an Coimisiún fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla.

(20)

D'fhonn freagairt don imní mhéadaitheach atá ar dhaoine faoi shláinte agus faoi leas paisinéirí le linn eitiltí, is gá dearthaí aerárthaí a fhorbairt a dhéanfadh cosaint níos fearr ar shábháilteacht agus ar shláinte paisinéirí.

(21)

D'fhéadfaí cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go héifeachtach trí chomhoibriú le tríú tíortha. Dá ndéanfaí amhlaidh, d'fhéadfaí oiriúnú a dhéanamh ar fhorálacha an Rialacháin seo agus ar a rialacha cur chun feidhme trí chomhaontuithe a chuirfeadh an Comhphobal i gcrích leis na tíortha sin. Sa chás nach mbeadh comhaontú den sórt sin ann, ba cheart go dtabharfaí cead do na Ballstáit, faoi réir rialú cuí an Chomhphobail, aitheantas a thabhairt do na formheasanna a dheonaítear do tháirgí eachtracha, do pháirteanna eachtracha, d'fhearais eachtracha, agus d'eagraíochtaí eachtracha agus do phearsanra eachtracha.

(22)

Chun go mbeadh sí in ann cúnamh a thabhairt don Chomhphobal mar is cuí, ba cheart go dtabharfaí cead don Ghníomhaireacht a saineolas a fhorbairt maidir le gnéithe uile shábháilteacht na heitlíochta sibhialta agus chaomhnú an chomhshaoil a chumhdaítear faoin Rialachán seo. Ba cheart go dtabharfadh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus an reachtaíocht is gá á hullmhú aige agus go dtabharfadh sí cúnamh do na Ballstáit agus don tionscal agus an reachtaíocht sin á cur chun feidhme. Ba cheart go mbeadh sí in ann sonraíochtaí deimhniúcháin agus ábhar treorach a eisiúint agus cinntí teicniúla a dhéanamh agus deimhnithe a eisiúint de réir mar is gá, ba cheart di cúnamh a thabhairt don Choimisiún trí mhonatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus a rialacha cur chun feidhme, agus ba cheart go dtabharfaí an t-údarás di is gá chun a tascanna a chur i gcrích.

(23)

Ba cheart go ndéanfaí ionadaíocht ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ar Bhord Bainistíochta chun rialú éifeachtúil a dhéanamh ar fheidhmeanna na Gníomhaireachta. Ba cheart go dtabharfaí na cumhachtaí is gá don Bhord sin chun an buiséad a bhunú, chun cur i bhfeidhm an bhuiséid sin a fhíorú, chun na rialacha cuí airgeadais a ghlacadh, chun nósanna trédhearcacha oibre a bhunú don chinnteoireacht a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht agus chun an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh. Is cuí freisin go dtabharfaí cead don Ghníomhaireacht taighde a dhéanamh agus comhordú cuí a eagrú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit. Is inmhianaithe go dtabharfadh an Ghníomhaireacht cúnamh don Chomhphobal agus do na Ballstáit i réimse an chaidrimh idirnáisiúnta, lena n-áirítear comhchuibhiú ar rialacha, aitheantas ar fhormheasanna agus comhoibriú teicniúil, agus go mbeadh sí i dteideal an caidreamh cuí a bhunú le húdaráis aerloingseoireachta tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta atá inniúil i ndáil le hábhair a chumhdaítear faoin Rialachán seo.

(24)

Ar mhaithe le trédhearcacht, ba cheart go mbeadh ionadaithe thar ceann breathnóirí ó pháirtithe leasmhara ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta.

(25)

Éilítear ar mhaithe le leas an phobail gur ar shaineolas neamhspleách amháin a bhunódh an Ghníomhaireacht a gníomh maille le sábháilteacht, agus an Rialachán seo agus na rialacha a ghlac an Coimisiún dá chur chun feidhme á gcur i bhfeidhm go docht aici. Chuige sin, ba cheart gurb é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a dhéanfadh na cinntí uile a bhaineann le sábháilteacht, agus ba cheart go mbeadh sé de shaoirse aige comhairle a lorg agus feidhmiú inmheánach na Gníomhaireachta a eagrú. Nuair a bheidh ar an nGníomhaireacht dréachtrialacha a fhorbairt, áfach, ar rialacha ginearálta iad agus ar rialacha iad a bheidh le cur chun feidhme ag na húdaráis náisiúnta, ba cheart go mbeadh páirt ag na Ballstáit sa phróiseas cinnteoireachta.

(26)

Is gá a áirithiú go dteachtóidh na páirtithe a ndéanfaidh cinntí a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht difear dóibh na leigheasanna is gá ar mhodh a oireann do nádúr speisialta réimse na heitlíochta. Ba cheart go mbunófaí meicníocht oiriúnach achomhairc ionas go bhféadfaí cinntí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a achomharc chuig Bord Achomhairc speisialaithe a mbeadh a chinntí, ar a uain faoi réir caingne os comhair na Cúirte Breithiúnais.

(27)

Chun uathriail iomlán agus neamhspleáchas iomlán na Gníomhaireachta a áirithiú, ba cheart buiséad uathrialach a thabhairt di a mhaoineofaí go bunúsach as ranníocaíocht an Chomhphobail agus as táillí a d'íocfadh úsáideoirí an chórais. Níor chóir go gcuirfeadh aon ranníocaíocht airgeadais a fhaigheann an Ghníomhaireacht ó Bhallstát, ó thríú tíortha ná ó aonáin eile isteach ar a neamhspleáchas ná ar a neamhchlaontacht. Ba cheart go mbeadh nós imeachta buiséid an Chomhphobail infheidhme a mhéid a bhaineann le ranníocaíocht ón gComhphobal agus le haon fhóirdheontais eile is inmhuirearaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Ba cheart gurb í an Chúirt Iniúchóirí a dhéanfadh iniúchadh ar na cuntais.

(28)

Sula mbunófar aon oifigí áitiúla de chuid na Gníomhaireachta, ba cheart go mbunófaí rialacha ginearálta chun go soiléireofaí na ceanglais is gá a shásamh agus an ranníocaíocht a chaithfidh an Ballstát lena mbaineann a chur ar fáil.

(29)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon rialacha comhchoiteanna i réimse shábháilteacht na heitlíochta sibhialta agus chaomhnú an chomhshaoil a bhunú agus a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, a bhaint amach go leordhóthanach agus dá bhrí sin, de bharr raon feidhme uile-Eorpach an Rialacháin seo, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(30)

Aithnítear gur chóir iarracht a dhéanamh rannpháirtíocht tíortha Eorpacha nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad a spreagadh, chun a áirithiú go mbeadh diminsean ceart pan-Eorpach ann a d'éascódh feabhas a chur ar shábháilteacht na heitlíochta sibhialta ar fud na hEorpa. Na tíortha Eorpacha a bhfuil comhaontuithe curtha i gcrích leis an gComhphobal acu chun an acquis Comhphobail a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm sa réimse a chumhdaítear faoin Rialachán seo, ba cheart go mbeadh baint acu lena chuid oibre i gcomhréir le coinníollacha a chomhaontófar faoi chreat na gcomhaontuithe sin.

(31)

Is cuspóir ginearálta é feidhmeanna agus tascanna a aistriú ó na Ballstáit, lena n-áirítear na feidhmeanna agus na tascanna sin a d'eascródh as an gcomhoibriú eatarthu trí na Comhúdaráis Eitlíochta, chuig an nGníomhaireacht ar bhealach éifeachtach, gan aon laghdú a dhéanamh ar na hardleibhéil sábháilteachta atá ann faoi láthair agus gan aon tionchar diúltach a bheith aige seo ar sceidil deimhniúcháin. Ba cheart bearta cuí a ghlacadh chun foráil don athrú is gá.

(32)

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus bunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2002 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (4) a aisghairm.

(33)

Bunaítear leis an Rialachán seo creat cuí cuimsitheach chun ceanglais theicniúla choiteanna agus nósanna imeachta riaracháin coiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta a shainmhíniú agus a chur chun feidhme. Ba cheart dá bhrí sin Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le comhchuibhiú ceanglas teicniúil agus nósanna imeachta riaracháin i réimse na heitlíochta sibhialta (5) agus Treoir 91/670/CEE ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le glacadh frithpháirteach le ceadúnais phearsanra chun feidhmeanna in eitlíocht shibhialta a fheidhmiú (6) a aisghairm in am agus i dtráth, gan dochar do dheimhniúchán ná do cheadúnú táirgí, daoine ná eagraíochtaí a cuireadh i gcrích roimhe sin i gcomhréir leis na gníomhartha sin.

(34)

Bunaítear leis an Rialachán seo creat iomchuí cuimsitheach do shábháilteacht aerárthaí tríú tíortha a úsáideann aerfoirt an Chomhphobail. Ba cheart, dá bhrí sin, go n-aisghairfí Treoir 2004/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le sábháilteacht aerárthaí tríú tíortha a úsáideann aerfoirt an Chomhphobail (7) in am is i dtráth agus gan dochar do na bearta cur chun feidhme maidir le faisnéis a bhailiú, maidir le himscrúduithe rampaí agus maidir le malartú faisnéise.

(35)

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon réimse eile a bhaineann le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta ar bhonn togra a dhéanfar amach anseo i gcomhréir leis an gConradh.

(36)

Is gá bearta cuí a bhunú chun an chosaint is gá ar shonraí íogaire sábháilteachta a áirithiú agus chun faisnéis leordhóthanach a thabhairt don phobal maidir le leibhéal sábháilteachta na heitlíochta sibhialta agus maidir le caomhnú an chomhshaoil a bhaineann leis sin, agus Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (8) agus an reachtaíocht ábhartha á gcur san áireamh. Ba cheart go bhféadfaí, de bharr cinntí a ghlac an Ghníomhaireacht de bhun Airteagal 8 den Rialachán sin, go ndéanfaí gearán leis an Ombudsman nó ba cheart go bhféadfadh na cinntí sin a bheith ina n-ábhar caingne os comhair na Cúirte Breithiúnais, faoi Airteagal 195 agus faoi Airteagal 230 faoi seach den Chonradh.

(37)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (9).

(38)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún rialacha cur chun feidhme maidir le haeroiriúnacht, ceadúnú foirne eitilte agus ceaduithe gaolmhara, oibríochtaí aeir, aerárthaí a úsáideann oibreoirí tríú tíortha, agus iniúchadh agus forghníomhú, a ghlacadh, agus go dtabharfaí de chumhacht dó rialachán a ghlacadh maidir le táillí agus muirir na Gníomhaireachta. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán sin a leasú a cheapfar iad, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(39)

Ar fhorais éifeachtachta, ba cheart na gnáth-theorainneacha ama don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chiorrú chun go gcuirfí na ceanglais atá riachtanach do chaomhnú an chomhshaoil in oiriúint agus chun go nglacfaí rialacha cur chun feidhme do chaomhnú an chomhshaoil.

(40)

Ar fhorais éigeandála, is gá an nós imeachta éigeandála dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE a chur i bhfeidhm chun go ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh faoi na bearta a ghlac Ballstáit mar fhreagairt láithreach ar fhadhb sábháilteachta, agus faoi cheaduithe a mbaineann maolú leo a chuir Ballstáit isteach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

NA PRIONSABAIL

Airteagal 1

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

dearadh, táirgeadh, cothabháil agus oibriú táirgí, páirteanna agus fearas aerloingseoireachta, agus maidir le pearsanra agus le heagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh, le táirgeadh agus le cothabháil na dtáirgí sin, na bpáirteanna sin agus na bhfearas sin chomh maith;

(b)

an pearsanra agus na heagraíochtaí a bhfuil baint acu le hoibriú aerárthaí.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo nuair a bheidh táirgí, páirteanna, fearais, pearsanra nó eagraíochtaí dá dtagraítear i mír 1 ag gabháil do sheirbhís mhíleata, chustaim, phóilíneachta nó do sheirbhísí eile den sórt sin. Gabhfaidh na Ballstáit orthu féin a áirithiú go mbeidh aird chuí ag na seirbhísí sin, a mhéid is indéanta, ar chuspóirí an Rialacháin seo.

Airteagal 2

Cuspóirí

1.   Is é príomhchuspóir an Rialacháin seo leibhéal ard aonfhoirmeach sábháilteachta san eitlíocht shibhialta a bhunú agus a choimeád san Eoraip.

2.   Is iad seo a leanas na cuspóirí breise atá ann sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo:

(a)

leibhéal ard aonfhoirmeach de chaomhnú an chomhshaoil a áirithiú;

(b)

saorghluaiseacht earraí, daoine agus seirbhísí a éascú;

(c)

an chostéifeacht a chur chun cinn sna próisis rialúcháin agus deimhniúcháin agus dúbailt a sheachaint ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal na hEorpa;

(d)

cúnamh a thabhairt do Bhallstáit agus na hoibleagáidí a chuirtear orthu faoi Choinbhinsiún Chicago á gcur i gcrích acu, trí bhonn a chur faoi léirmhíniú comhchoiteann ar a fhorálacha agus faoina gcur chun feidhme siadsan go haonfhoirmeach, agus trína áirithiú go dtabharfar aird chuí ar a fhorálacha sa Rialachán seo agus sna rialacha a tharraingítear suas dá chur chun feidhme;

(e)

dearcaí an Chomhphobail maidir le caighdeáin agus maidir le rialacha sábháilteachta don eitlíocht shibhialta a chur chun cinn ar fud an domhain trí chomhar cuí a bhunú le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta;

(f)

an deis chéanna a thabhairt do gach uile ghníomhaí i margadh inmheánach na heitlíochta.

3.   Is iad na modhanna seo a leanas a úsáidfear chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 a ghnóthú:

(a)

na gníomhartha uile is gá a ullmhú, a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach;

(b)

aitheantas a thabhairt, gan ceanglais bhreise, do dheimhnithe, do cheadúnais, d'fhormheasanna nó do dhoiciméid eile a dheonaítear do tháirgí, do phearsanra agus d'eagraíochtaí i gcomhréir leis an Rialachán seo agus lena rialacha cur chun feidhme;

(c)

Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (dá ngairfear ‘an Ghníomhaireacht’ anseo feasta) a bhunú a bheidh neamhspleách;

(d)

na gníomhartha uile is gá a bheith á gcur chun feidhme go haonfhoirmeach ag na húdaráis náisiúnta eitlíochta agus ag an nGníomhaireacht laistigh dá réimsí freagrachta faoi seach.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(a)

ciallóidh ‘maoirseacht leanúnach’ na tascanna a bheidh le déanamh chun a fhíorú go bhfuil na coinníollacha faoinar deonaíodh deimhniú fós á gcomhlíonadh aon tráth le linn a thréimhse bailíochta, agus aon bheart cosanta a dhéanamh chomh maith;

(b)

ciallóidh ‘Coinbhinsiún Chicago’ an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis, a síníodh in Chicago an 7 Nollaig 1944;

(c)

ciallóidh ‘táirge’ aerárthach, inneall nó lián;

(d)

ciallóidh ‘páirteanna agus fearais’ aon ionstraim, aon trealamh, aon mheicníocht, aon pháirt, aon ghaireas, aon chomhghabhálas nó aon ghabhálas, lena n-áirítear trealamh cumarsáide, a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid chun aerárthach a oibriú nó a rialú le linn eitilte agus a shuiteáiltear san aerárthach nó a cheanglaítear de. Áireofar leis páirteanna d'aerfhráma, d'inneall nó de lián;

(e)

ciallóidh ‘deimhniúchán’ aon chineál aitheantais go gcomhlíonann táirge, páirt nó fearas, eagraíocht nó duine na ceanglais is infheidhme lena n-áirítear forálacha an Rialacháin seo agus a rialacha cur chun feidhme, chomh maith le heisiúint an deimhnithe ábhartha lena bhfianaítear an comhlíonadh sin;

(f)

ciallóidh ‘aonán incháilithe’ comhlacht a bhféadfadh an Ghníomhaireacht nó údarás náisiúnta eitlíochta tasc sonrach deimhniúcháin a thabhairt dó, faoi rialú agus faoi fhreagracht na Gníomhaireachta nó údaráis eitlíochta náisiúnta;

(g)

ciallóidh ‘deimhniú’ aon fhormheas, aon cheadúnas nó aon doiciméad eile a eisíodh mar thoradh ar dheimhniúchán;

(h)

ciallóidh ‘oibreoir’ aon duine dlítheanach nó aon duine nádúrtha, a oibríonn aerárthach amháin nó níos mó ná aerárthach amháin nó a bheartaíonn aerárthach amháin nó níos mó ná aerárthach amháin a oibriú;

(i)

ciallóidh ‘oibríocht tráchtála’ aon oibríocht aerárthaigh, mar mhalairt ar luach saothair nó ar chomaoin luachmhar eile, atá ar fáil don phobal nó, nuair nach gcuirtear ar fáil don phobal í, a dhéantar faoi chonradh idir oibreoir agus custaiméir, i gcás nach mbeidh an t-oibreoir faoi rialú an chustaiméara;

(j)

ciallóidh ‘aerárthach atá á chumhachtú le mótar coimpléascach’:

(i)

eitleán:

a bhfuil uasmhais éirí de thalamh dheimhnithe aige a sháraíonn 5 700 kg nó,

atá deimhnithe d'uaschumraíocht suí do phaisinéirí is mó ná naoi suíochán déag nó,

atá deimhnithe chun oibriú le foireann de bheirt phíolótaí ar a laghad nó,

atá feistithe le hinneall turbascairde nó le hinnill turbascairde nó le níos mó ná inneall turbathiomána amháin; nó

(ii)

héileacaptar atá deimhnithe:

d'uasmhais éirí de thalamh a sháraíonn 3 175 kg nó,

d'uaschumraíocht suí do phaisinéirí is mó ná naoi suíochán nó,

chun oibriú le foireann de bheirt phíolótaí ar a laghad; nó

(iii)

aerárthach claonrótair;

(k)

ciallóidh ‘feiste oiliúna insamhalta eitilte’ aon chineál feiste ina ndéantar dálaí eitilte a insamhladh ar an talamh; áirítear leo insamhlóirí eitilte, feistí oiliúna eitilte, oiliúnóirí nósanna imeachta eitilte agus loingseoireachta agus feistí bunúsacha um oiliúint ar uirlisí;

(l)

ciallóidh ‘rátáil’ ráiteas a bhreactar ar cheadúnas, lena leagtar síos pribhléidí, coinníollacha speisialta nó srianta speisialta a bhaineann leis sin.

CAIBIDIL II

CEANGLAIS SHUBSTAINTEACHA

Airteagal 4

Prionsabail bhunúsacha agus infheidhmeacht

1.   Maidir le haerárthaí, lena n-áirítear aon táirge, aon pháirt nó aon fhearas atá suite iontu agus:

(a)

a dhear nó a mhonaraigh eagraíocht a n-áirithíonn an Ghníomhaireacht nó Ballstát maoirseacht sábháilteachta thar a ceann; nó

(b)

atá cláraithe i mBallstát, mura ndearnadh a maoirseacht rialaitheach sábháilteachta a tharmligean chuig tríú tír agus nach n-úsáideann oibreoir de chuid an Chomhphobail iad; nó

(c)

atá cláraithe i dtríú tír agus atá á n-úsáid ag oibreoir a ndéanann aon cheann de na Ballstáit maoirseacht ar a chuid oibríochtaí nó atá á n-úsáid ag dul isteach chuig an gComhphobal, laistigh den Chomhphobal nó lasmuigh de ag oibreoir atá bunaithe sa Chomhphobal nó atá ina chónaí ann; nó

(d)

atá cláraithe i dtríú tír, nó atá cláraithe i mBallstát a bhfuil a maoirseacht rialaitheach sábháilteachta tarmligthe chuig tríú tír aige, agus atá á n-úsáid ag dul isteach chuig an gComhphobal, laistigh den Chomhphobal nó lasmuigh den Chomhphobal

comhlíonfaidh siad an Rialachán seo.

2.   Comhlíonfaidh an pearsanra atá bainteach le hoibríochtaí aerárthaí dá dtagraítear i mír 1(b), (c) nó (d) an Rialachán seo.

3.   Comhlíonfaidh oibríochtaí aerárthaí dá dtagraítear i mír 1(b), (c) nó (d) an Rialachán seo.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le haerárthaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II.

5.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 ná ag mír 3 maidir le haerárthaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, cé is moite d'aerárthaí dá dtagraítear i bpointí (a)(ii), (d) agus (h) di nuair a bheidh siad á n–úsáid in aeriompar tráchtála.

6.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo dochar do chearta tríú tíortha mar a shonraítear i gcoinbhinsiúin idirnáisiúnta iad, go háirithe i gCoinbhinsiún Chicago.

Airteagal 5

Aerfhiúntas

1.   Comhlíonfaidh aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(a), (b) agus (c) na ceanglais fhíor-riachtanacha aerfhiúntais a leagtar síos in Iarscríbhinn I.

2.   Suífear i gcomhréir leis an méid seo a leanas go bhfuil na ceanglais sin á gcomhlíonadh ag na haerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(b) agus ag na táirgí, ag na páirteanna agus ag na fearais a bheidh feistithe orthu:

(a)

Beidh deimhniú cineáil ag táirgí. Eiseofar an deimhniú cineáil, agus deimhniúchán ar athruithe ar an deimhniú cineáil sin, lena n-áirítear deimhnithe forlíontacha cineáil, nuair a bheidh sé léirithe ag an iarrthóir go gcomhlíonann an táirge an bonn do dheimhniúchán cineáil a shonraítear in Airteagal 20, a bunaíodh chun a áirithiú go gcomhlíonfaí na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear i mír 1, agus nuair nach mbeidh aon ghné ná aon tréith dá chuid ann a d'fhágfadh go mbeadh sé contúirteach é a oibriú. Cumhdóidh an deimhniú cineáil an táirge, lena n-áirítear na páirteanna uile agus na fearais a bheidh feistithe air.

(b)

Féadfar deimhnithe sonracha a eisiúint do pháirteanna agus d'fhearais nuair a léirítear go gcomhlíonann siad sonraíochtaí mionsonracha aerfhiúntais arna mbunú chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear i mír 1.

(c)

Eiseofar deimhniú aonair aerfhiúntais do gach aerárthach nuair a léireofar go bhfuil sé i gcomhréir leis an dearadh cineáil a formheasadh ar a dheimhniú cineáil agus go dtaispeánann doiciméadacht ábhartha, imscrúduithe ábhartha agus tástálacha ábhartha go bhfuil an t-aerárthach i riocht a oibrithe go sábháilte. Beidh an deimhniú aerfhiúntais sin bailí fad nach ndéanfar é a fhionraí, a chúlghairm ná a fhoirceannadh agus fad a dhéanfar an t-aerárthach a chothabháil i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a bhaineann le haerfhiúntas leanúnach agus a leagtar amach i bpointe 1.d d'Iarscríbhinn I, agus leis na bearta dá dtagraítear i mír 5.

(d)

Léireoidh eagraíochtaí atá freagrach as cothabháil táirgí, páirteanna agus fearas a gcumas agus a n-acmhainn na freagrachtaí a ghabhann lena gcuid pribhléidí a chomhall. Mura nglactar lena mhalairt, aithneofar an cumas agus an acmhainn sin trí fhormheas eagraíochta a eisiúint. Sonrófar na pribhléidí a dheonaítear don eagraíocht fhormheasta agus raon an fhormheasa i dtéarmaí an fhormheasa.

(e)

Léireoidh eagraíochtaí atá freagrach as dearadh agus as monarú táirgí, páirteanna agus fearas a gcumas agus a n-acmhainn na freagrachtaí a ghabhann lena gcuid pribhléidí a chomhall. Mura nglactar lena mhalairt, aithneofar an cumas agus an acmhainn sin trí fhormheas eagraíochta a eisiúint. Sonrófar na pribhléidí a dheonaítear don eagraíocht fhormheasta agus raon an fhormheasa i dtéarmaí an fhormheasa.

Ina theannta sin:

(f)

D'fhéadfaí a éileamh go mbeadh deimhniú cuí (‘deimhniú pearsanra’) ag an bpearsanra a bheidh freagrach as táirge, as páirt nó as fearas a scaoileadh tar éis cothabháil a dhéanamh air nó uirthi.

(g)

D'fhéadfaí aitheantas a thabhairt don chumas atá ag eagraíochtaí um oiliúnt cothabhála na freagrachtaí a ghabhann lena gcuid pribhléidí maidir le heisiúint na ndeimhnithe dá dtagraítear i bpointe (f) a chomhall trí fhormheas a eisiúint.

3.   Comhlíonfaidh aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(a) agus na táirgí, na páirteanna agus na fearais a bheidh suite orthu mír 2(a), (b) agus (e) den Airteagal seo.

4.   De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 2:

(a)

féadfar ceadúnas eitilte a eisiúint nuair a léirítear go bhfuil an t-aerárthach in ann eitilt bhunúsach a dhéanamh go sábháilte. Beidh teorainneacha iomchuí ag gabháil leis nuair a eiseofar é, go háirithe chun sábháilteacht tríú páirtithe a chosaint;

(b)

féadfar deimhniú srianta ar aerfhiúntas a eisiúint d'aerárthaí nár eisíodh deimhniú cineáil ina leith i gcomhréir le mír 2(a). Sa chás sin, taispeánfar go gcomhlíonann an t-aerárthach sonraíochtaí sonracha aerfhiúntais agus fiú má chlaontar ó na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear i mír 1, áiritheofar mar sin féin go bhfuil an tsábháilteacht leordhóthanach ag féachaint don chuspóir. Sainmhíneofar, i gcomhréir leis na bearta dá dtagraítear i mír 5, na haerárthaí a bheidh i dteideal na ndeimhnithe srianta sin, agus na teorainneacha a bhainfidh le húsáid na n-aerárthaí sin;

(c)

nuair a bheidh údar leis de bharr líon na n-aerárthaí den chineál céanna a bheidh incháilithe do dheimhniú srianta ar aerfhiúntas, féadfar deimhniú srianta ar chineál a eisiúint agus bunófar bonn cuí don deimhniú cineáil.

5.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Airteagal seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 65(4). Sonrófar sna bearta sin, go háirithe:

(a)

na coinníollacha faoina ndéanfar an bonn deimhniúcháin cineáil a mbeidh feidhm aige maidir leis an táirge a bhunú agus faoina dtabharfar fógra don iarrthóir faoi;

(b)

na coinníollacha faoina ndéanfar na sonraíochtaí mionsonraithe aerfhiúntais a mbeidh feidhm acu maidir le páirteanna agus maidir le fearais a bhunú agus faoina dtabharfar fógra don iarrthóir fúthu;

(c)

na coinníollacha a bhunú faoina ndéanfar na sonraíochtaí sonracha aerfhiúntais is infheidhme ar aerárthaí a bheidh i dteideal deimhnithe srianta agus faoina dtabharfar fógra don iarrthóir fúthu;

(d)

na coinníollacha faoina ndéanfar faisnéis éigeantach a eisiúint agus a scaipeadh d'fhonn aeracmhainneacht leanúnach na dtáirgí a áirithiú;

(e)

na coinníollacha faoina ndéanfar deimhnithe cineáil, deimhnithe srianta ar chineál, formheas ar athruithe ar dheimhnithe cineáil, deimhnithe aonair aerfhiúntais, deimhnithe srianta ar aerfhiúntas, ceadúnais eitilte agus deimhnithe do tháirgí, do pháirteanna agus d'fhearais a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a fhionraí nó a chúlghairm, lena n-áirítear:

(i)

coinníollacha maidir le ré na ndeimhnithe sin, agus na coinníollacha faoina ndéanfar deimhnithe a athnuachan nuair a shocrófar ré theoranta;

(ii)

srianta a bheidh infheidhme ar eisiúint ceadúnas eitilte. Ba cheart go mbainfeadh na srianta sin leis an méid seo a leanas go háirithe:

cuspóir na heitilte,

an t-aerspás a úsáidfear don eitilt,

cáilíocht na foirne eitilte,

iompar pearsan nach den fhoireann eitilte iad;

(iii)

aerárthaí atá incháilithe do dheimhnithe srianta ar aerfhiúntas, agus na srianta a ghabhann leo;

(iv)

an siollabas íosta oiliúna chun rátáil cineáil a dhéanamh ar an bpearsanra deimhnithe um chothabháil chun comhlíonadh mhír (2)(f) a áirithiú;

(v)

an siollabas íosta chun rátáil cineáil a dhéanamh ar phíolótaí agus chun insamhlóirí gaolmhara a cháiliú chun comhlíonadh Airteagal 7 a áirithiú;

(vi)

an máistirliosta trealaimh íosta de réir mar is iomchuí agus sonraíochtaí breise aerfhiúntais le haghaidh cineál áirithe oibríochta chun comhlíonadh Airteagal 8 a áirithiú;

(f)

na coinníollacha faoina ndéanfar formheasanna eagraíochta a éilítear i gcomhréir le mír 2(d), (e) agus (g) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a fhionraí nó a chúlghairm agus na coinníollacha nach gá na formheasanna a iarraidh fúthu;

(g)

na coinníollacha faoina ndéanfar deimhnithe pearsanra a éilítear i gcomhréir le mír 2(f) a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a fhionraí nó a chúlghairm;

(h)

na freagrachtaí a bheidh ar shealbhóirí deimhnithe;

(i)

an chaoi a dtaispeánfaidh na haerárthaí dá dtagraítear i mír 1 agus nach gcumhdaítear faoi mhír 2 nó faoi mhír 4 go bhfuil na ceanglais fhíor-riachtanacha á gcomhlíonadh acu;

(j)

an chaoi a dtaispeánfaidh na haerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(c) go bhfuil na ceanglais fhíor-riachtanacha á gcomhlíonadh acu.

6.   Nuair a bheidh na bearta dá dtagraítear i mír 5 á nglacadh acu, féachfaidh an Coimisiún chuige go sonrach:

(a)

go mbeidh an úrscothacht agus na cleachtais is fearr i réimse an aerfhiúntais le sonrú orthu;

(b)

go gcuirfear san áireamh leo taithí aerárthaí ar fud an domhain maidir le seirbhís, agus an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil;

(c)

go gceadóidh siad freagairt láithreach do na cúiseanna a cinneadh a bheith ann le tionóiscí agus le tarluithe tromchúiseacha;

(d)

nach gcuirfidh siad ceanglais ar na haerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(c) a bheadh ar neamhréir le hoibleagáidí na mBallstát faoin Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (‘ICAO’).

Airteagal 6

Ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le caomhnú an chomhshaoil

1.   Comhlíonfaidh táirgí, páirteanna agus fearais na ceanglais atá i Leasú 8 ar Imleabhar I agus i Leasú 5 ar Imleabhar II d'Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago mar atá sé infheidhme an 24 Samhain 2005, seachas na hAguisíní a ghabhann le hIarscríbhinn 16.

2.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha de na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 a leasú, ionas go mbeidh siad ag teacht le leasuithe a rinneadh ó shin ar Choinbhinsiún Chicago agus ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis, agus a thiocfaidh i bhfeidhm tar éis ghlacadh an Rialacháin seo agus a bheidh infheidhme sna Ballstáit uile, sa mhéid nach leathnaíonn na hoiriúnuithe sin raon feidhme an Rialacháin seo, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 65(5).

3.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha de na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 a leasú, trína bhforlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 65(5) agus inneachar na nAguisíní dá dtagraítear i mír 1 á úsáid de réir mar is gá.

Airteagal 7

Píolótaí

1.   Píolótaí atá bainteach le hoibriú aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(b) agus (c), chomh maith le feistí oiliúna insamhalta eitilte, agus daoine agus eagraíochtaí atá bainteach le hoiliúint, le tástáil, le seiceáil agus le measúnú leighis a dhéanamh ar na píolótaí sin, comhlíonfaidh siad na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos in Iarscríbhinn III.

2.   Seachas nuair a bheidh oiliúint á cur air nó uirthi, ní fhéadfaidh duine gníomhú mar phíolóta ach i gcás ina mbeidh ceadúnas aige nó aici agus deimhniú leighis is iomchuí don oibríocht atá le déanamh.

Ní eiseofar ceadúnas do dhuine seachas nuair a chomhlíonfaidh sé nó sí na rialacha a bunaíodh chun a áirithiú go gcomhlíonfaí na ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le heolas teoiriciúil, le scil phraiticiúil, le hinniúlacht teanga agus le taithí mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III iad.

Ní eiseofar deimhniú leighis do dhuine seachas nuair a chomhlíonfaidh sé nó sí na rialacha arna mbunú chun a áirithiú go gcomhlíonfaí na ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le folláine coirp mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III iad. Féadfaidh scrúdaitheoirí aerleighis nó ionaid aerleighis an deimhniú leighis sin a eisiúint.

D'ainneoin an tríú fomhír, i gcás ceadúnais píolóta fóillíochta, féadfaidh liachleachtóir ginearálta, a bhfuil eolas leordhóthanach aige ar chúlra leighis an iarrthóra, feidhmiú mar scrúdaitheoir aerleighis má cheadaítear sin faoin dlí náisiúnta, i gcomhréir leis na rialacha mionsonracha cur chun feidhme a glacadh de bhun an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 65(3); áiritheoidh na rialacha cur chun feidhme go gcoimeádfar an leibhéal sábháilteachta.

Déanfar na pribhléidí a dheonaítear don phíolóta agus raon an cheadúnais agus an deimhnithe leighis a shonrú ar an gceadúnas nó ar an deimhniú leighis sin.

Féadfar ceanglais an dara fomhír agus an tríú fomhír a shásamh trí ghlacadh le ceadúnais agus le deimhnithe leighis arna n-éisiúint ag tríú tír nó thar ceann tríú tír sa mhéid agus a bhaineann sé le píolótaí atá bainteach le hoibriú aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(c).

3.   Déanfar cumas na n-eagraíochtaí um oiliúint ar phíolótaí agus cumas na n-ionad aerleighis na freagrachtaí a ghabhann lena gcuid pribhléidí a chomhall maidir le ceadúnais a eisiúint agus maidir le deimhnithe leighis a aithint trí fhormheas a eisiúint.

Eiseofar formheas d'eagraíochtaí um oiliúint ar phíolótaí nó d'ionaid aerleighis nuair a chomhlíonfaidh siad na rialacha arna mbunú chun a áirithiú go gcomhlíonfaí na ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha a leagtar síos in Iarscríbhinn III.

Déanfar na pribhléidí a dheonaítear leis na formheasanna a shonrú orthu.

4.   Beidh feiste oiliúna insamhalta eitilte a úsáidtear chun píolótaí a oiliúint ina hábhar do dheimhniú. Eiseofar an deimhniú sin nuair a thaispeánfar go gcomhlíonann an fheiste na rialacha arna mbunú chun a áirithiú go gcomhlíonfaí na ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha a leagtar síos in Iarscríbhinn III.

5.   Beidh deimhniú iomchuí ag na daoine atá freagrach as oiliúint eitilte nó as oiliúint insamhalta eitilte a chur ar fáil nó as an scil atá ag píolótaí a mheas, agus ag scrúdaitheoirí aerleighis. Eiseofar an deimhniú sin nuair a thaispeánfar go gcomhlíonann an duine lena mbaineann na rialacha arna mbunú chun a áirithiú go gcomhlíonfaí na ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha a leagtar síos in Iarscríbhinn III.

Déanfar na pribhléidí a dheonaítear leis an deimhniú a shonrú air.

6.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Airteagal seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 65(4). Sonrófar sna bearta sin, go háirithe:

(a)

na rátálacha éagsúla a bheidh ann do cheadúnais píolótaí agus do na deimhnithe leighis atá leordhóthanach do na cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí a dhéantar;

(b)

na coinníollacha chun ceadúnais, rátálacha ceadúnas, deimhnithe leighis, formheasanna agus deimhnithe dá dtagraítear i míreanna 2, 3, 4 agus 5 a eisiúint, a choimeád, a leasú, a theorannú, a fhionraí nó a aisghairm chomh maith leis na coinníollacha nach gá na deimhnithe sin ná na formheasanna sin a iarraidh fúthu;

(c)

na pribhléidí a bheidh ag sealbhóirí ceadúnas agus na freagrachtaí a bheidh orthu, na rátálacha ceadúnas, deimhnithe leighis, formheasanna agus deimhnithe dá dtagraítear i míreanna 2, 3, 4 agus 5;

(d)

na coinníollacha faoina ndéanfar ceadúnais náisiúnta píolótaí atá ann cheana féin agus ceadúnais náisiúnta aerinnealtóirí a chomhshó ina gceadúnais píolótaí chomh maith leis na coinníollacha faoina ndéanfar deimhnithe náisiúnta leighis a chomhshó ina ndeimhnithe leighis a aithnítear go comhchoitianta;

(e)

gan dochar d'fhorálacha comhaontuithe déthaobhacha arna gcur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 12, na coinníollacha faoina nglacfar ceadúnais ó thríú tíortha;

(f)

an chaoi a ndéanfaidh píolótaí na n-aerárthaí dá dtagraítear i bpointí (a)(ii), (d) agus (f) d'Iarscríbhinn II ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha Iarscríbhinn III a chomhlíonadh, nuair a bheidh na haerárthaí á n-úsáid in aeriompar tráchtála.

7.   Nuair a bheidh na bearta dá dtagraítear i mír 6 á nglacadh aige, féachfaidh an Coimisiún chuige go sonrach go léireofar leo an úrscothacht, lena n-áirítear na cleachtais is fearr agus dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, i réimse oiliúint na bpíolótaí.

Áireofar leis na bearta sin freisin forálacha maidir le gach cineál ceadúnas píolóta agus gach cineál rátálacha píolóta a eisiúint a éilítear faoi Choinbhinsiún Chicago, agus maidir le ceadúnas píolóta fóillíochta a chumhdaíonn gníomhaíochtaí neamhthráchtála a bhaineann le haerárthaí a bhfuil uasmhais dheimhnithe éirí de thalamh acu nach sáraíonn 2 000 kg agus nach sásaíonn aon cheann de na critéir dá dtagraítear in Airteagal 3(j).

Airteagal 8

Oibríochtaí aeir

1.   Comhlíonfaidh oibriú aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(b) agus (c) na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos in Iarscríbhinn IV.

2.   Mura gcinnfear a mhalairt sna rialacha cur chun feidhme, taispeánfaidh oibreoirí a bheidh ag gabháil d'oibríochtaí tráchtála a gcumas agus a n-acmhainn na freagrachtaí a ghabhann lena gcuid pribhléidí a chomhall. Déanfar an cumas agus an acmhainn sin a aithint trí dheimhniú a eisiúint. Déanfar na pribhléidí a dheonaítear don oibreoir agus raon na n-oibríochtaí a shonrú ar an deimhniú.

3.   Mura gcinnfear a mhalairt sna rialacha cur chun feidhme, dearbhóidh oibreoirí a bheidh ag gabháil d'oibriú neamhthráchtála aerárthaí atá a gcumhachtú le mótair choimpléascacha a gcumas agus a n-acmhainní na freagrachtaí a bhaineann le hoibriú na n-aerárthaí sin a chomhall.

4.   Comhlíonfaidh an fhoireann cábáin atá bainteach le hoibriú aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(b) agus (c) na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos in Iarscríbhinn IV. Beidh fianú mar a leagadh amach den chéad uair in Iarscríbhinn III, Fochuid O, pointe (d) de OPS 1.1005 mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1899/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (10) acu siúd atá bainteach le hoibríochtaí tráchtála; de rogha an Bhallstáit, féadfaidh oibreoirí formheasta nó eagraíochtaí oiliúna fianú den sórt sin a eisiúint.

5.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Airteagal seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 65(4). Sonrófar sna bearta sin, go háirithe:

(a)

na coinníollacha faoina ndéanfar aerárthach a oibriú i gcomhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach a leagtar síos in Iarscríbhinn IV;

(b)

na coinníollacha faoina ndéanfar na ceadúnais dá dtagraítear i mír 2 a eisiúint, a choimeád, a leasú, a theorannú, a fhionraí nó a chúlghairm agus na coinníollacha faoina gcuirfear dearbhú ar chumas agus ar acmhainn an oibreora na freagrachtaí a ghabhann le hoibriú an aerárthaigh a chomhall in áit an deimhnithe;

(c)

na pribhléidí a bheidh ag sealbhóirí deimhnithe agus na freagrachtaí a bheidh orthu;

(d)

na coinníollacha agus na nósanna imeachta don dearbhú a dhéanfaidh na hoibreoirí dá dtagraítear i mír 3, agus don mhaoirseacht a dhéanfar orthu, agus na coinníollacha faoina gcuirfear léiriú ar chumas agus ar acmhainn an oibreora na freagrachtaí a chomhall a ghabhann le pribhléidí an oibreora, arna aithint trí dheimhniú a eisiúint, in áit an dearbhaithe;

(e)

na coinníollacha faoina ndéanfar fianú na foirne cábáin dá dtagraítear i mír 4 a eisiúint, a choimeád, a leasú, a theorannú, a fhionraí nó a chúlghairm;

(f)

na coinníollacha faoina dtoirmeascfar nó faoina dteorannófar oibríochtaí nó faoina mbeidh siad faoi réir coinníollacha áirithe ar mhaithe le sábháilteacht;

(g)

an chaoi a ndéanfaidh oibríochtaí aerárthaí dá dtagraítear i bpointí (a)(ii), (d) agus (h) d'Iarscríbhinn II, ceanglais fhíor-riachtanacha ábhartha Iarscríbhinn IV a chomhlíonadh, nuair a bheidh na haerárthaí á n-úsáid in aeriompar tráchtála.

6.   Maidir leis na bearta dá dtagraítear i mír 5:

léireoidh siad an úrscothacht agus na cleachtais is fearr i réimse na n-oibríochtaí aeir,

sainmhíneoidh siad cineálacha éagsúla oibríochtaí agus ceadóidh siad ceanglais ghaolmhara agus taispeántais ar chomhlíonadh a bheidh ar comhréir le castacht na n-oibríochtaí agus an riosca a bheidh i gceist,

cuirfear san áireamh leo taithí aerárthaí ar fud an domhain maidir le seirbhís, agus an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil,

maidir le hiompar tráchtála ar eitleán, agus gan dochar don eang roimhe seo, forbrófar i dtosach é ar bhonn na gcomhcheanglas teicniúil agus ar bhonn na nósanna imeachta riaracháin a shonraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91,

beidh siad bunaithe ar mheasúnú riosca agus beidh siad comhréireach le scála agus le raon na hoibríochta,

ceadóidh siad freagairt a dhéanamh láithreach ar na cúiseanna a cinneadh a bheith ann le tionóiscí agus le tarluithe tromchúiseacha,

ní chuirfidh siad ceanglais ar na haerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(c) a bheadh ar neamhréir le hoibleagáidí ICAO na mBallstát.

Airteagal 9

Aerárthaí a úsáideann oibreoir tríú tír ag dul isteach sa Chomhphobal, laistigh den Chomhphobal nó ag teacht amach as an gComhphobal

1.   Déanfaidh aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(d), mar aon lena bhfoireann agus a n-oibríochtaí, na Caighdeáin ICAO is infheidhme a chomhlíonadh. A mhéid nach mbeidh caighdeáin den sórt sin ann, comhlíonfaidh na haerárthaí agus a n-oibreoirí na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I, III agus IV, ar an gcoinníoll nach mbeidh na ceanglais sin ag teacht salach ar chearta tríú tíortha faoi choinbhinsiúin idirnáisiúnta.

2.   Oibreoirí a bheidh ag gabháil d'oibríochtaí tráchtála agus aerárthaí dá dtagraítear i mír 1 á n-úsáid acu, léireoidh siad a gcumas agus a n-acmhainn na ceanglais a shonraítear i mír 1 a chomhlíonadh.

Féadfar an ceanglas dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shásamh ach glacadh le deimhnithe a d'eisigh tríú tír nó a eisíodh thar a ceann.

Déanfar an cumas agus an acmhainn dá dtagraítear sa chéad fhomhír a aithint trí údarú a eisiúint. Déanfar na pribhléidí a dheonaítear don oibreoir agus raon na n-oibríochtaí a shonrú san údarú sin.

3.   Oibreoirí a bheidh ag gabháil d'oibríochtaí neamhthráchtála aerárthaí atá á gcumhachtú le mótair choimpléascacha agus aerárthaí dá dtagraítear i mír 1 á n-úsáid acu, d'fhéadfadh sé go n-éileofaí orthu go ndearbhódh siad a gcumas agus a n-acmhainn na freagrachtaí a bhaineann le hoibriú na n-aerárthaí sin a chomhall.

4.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Airteagal seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 65(4). Sonrófar sna bearta sin go háirithe:

(a)

an chaoi a bhféadfaí a údarú d'aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(d), nó don fhoireann, nach bhfuil deimhniú nó ceadúnas caighdeánach aerfhiúntais ICAO acu, chun oibriú ag dul isteach sa Chomhphobal, laistigh den Chomhphobal nó ag dul amach as an gComhphobal;

(b)

na coinníollacha maidir le haerárthach a oibriú i gcomhlíonadh fhorálacha mhír 1;

(c)

na coinníollacha chun údarú oibreora dá dtagraítear i mír 2 a eisiúint, a choimeád, a leasú, a theorannú, a fhionraí nó a chúlghairm, agus na deimhnithe a d'eisigh an stát cláraithe nó stát an oibreora á gcur san áireamh, gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ná dá rialacha cur chun feidhme;

(d)

na pribhléidí a bheidh ag sealbhóirí deimhnithe agus na freagrachtaí a bheidh orthu;

(e)

na coinníollacha agus na nósanna imeachta don dearbhú a dhéanfaidh na hoibreoirí dá dtagraítear i mír 3 agus don mhaoirseacht a dhéanfar orthu;

(f)

na coinníollacha faoina dtoirmiscfear nó faoina dteorannófar oibríochtaí nó faoina mbeidh siad faoi réir coinníollacha áirithe ar mhaithe le sábháilteacht i gcomhréir le hAirteagal 22(1).

5.   Nuair a bheidh sé ag glacadh na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 4, féachfaidh an Coimisiún chuige go sonrach:

(a)

go mbainfear úsáid, de réir mar is cuí, as cleachtais agus as doiciméid threoracha a mholann ICAO;

(b)

nach rachaidh aon cheanglas thar mar a éilítear ar aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(b) ná ar oibreoirí na n-aerárthaí sin;

(c)

go mbainfear úsáid, i gcás inar cuí, as bearta arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 5(5) agus le hAirteagal 8(5);

(d)

gur próiseas simplí, comhréireach, costéifeachtúil agus éifeachtach i ngach cás a bheidh sa phróiseas trína bhfaighfear údaruithe, agus go mbeidh ceanglais agus taispeántais ar chomhlíonadh ann a bheidh ar comhréir le castacht na n-oibríochtaí agus leis an riosca a bheidh i gceist. Cuirfear san áireamh leis an bpróiseas go háirithe:

(i)

torthaí Chlár Uilíoch um Iniúchadh ar Mhaoirseacht Sábháilteachta an ICAO;

(ii)

faisnéis ó imscrúduithe rampaí agus ó thaifid an Chláir um Measúnú Sábháilteachta ar Aerárthaí Eachtracha; agus

(iii)

aon fhaisnéis aitheanta eile faoi ghnéithe den tsábháilteacht maidir leis an oibreoir lena mbaineann.

Airteagal 10

Maoirseacht agus forfheidhmiú

1.   Oibreoidh na Ballstáit, an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht as láimh a chéile d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh aon táirge, aon duine nó aon eagraíocht a bheidh faoi réir an Rialacháin seo a fhorálacha agus a rialacha cur chun feidhme.

2.   Chun críocha mhír 1 a chur chun feidhme, chomh maith leis an maoirseacht a dhéanfaidh na Ballstáit ar dheimhnithe arna n-eisiúint acu, seolfaidh siad imscrúduithe, lena n-áirítear imscrúduithe rampaí, agus glacfaidh siad aon bheart, lena n-áirítear aerárthaí a choinneáil ar an talamh, ionas nach leanfar le sárú.

3.   Chun críocha mhír 1 a chur chun feidhme, seolfaidh an Ghníomhaireacht imscrúduithe i gcomhréir le hAirteagal 24(2) agus le hAirteagal 55.

4.   Chun cúnamh le húdaráis inniúla gníomh forfheidhmithe iomchuí a dhéanamh, malartóidh na Ballstáit, an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht faisnéis faoi sháruithe atá sainaitheanta.

5.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Airteagal seo a leasú, trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 65(4). Sonrófar sna bearta sin, go háirithe:

(a)

na coinníollacha chun faisnéis a bhailiú, a mhalartú agus a scaipeadh;

(b)

na coinníollacha chun imscrúduithe rampaí, lena n-áirítear imscrúduithe córasacha, a dhéanamh;

(c)

na coinníollacha chun aerárthaí nach gcloíonn le ceanglais an Rialacháin seo ná lena rialacha cur chun feidhme a choimeád ar an talamh.

Airteagal 11

Deimhnithe a aithint

1.   Aithneoidh na Ballstáit na deimhnithe a eisítear i gcomhréir leis an Rialachán seo, gan ceanglais theicniúla bhreise ná gan meastóireacht theicniúil bhreise. Sa chás gur chun críche nó chun críocha faoi leith a thugtar an t-aitheantas i dtosach, ní chumhdóidh aon aitheantas a thabharfar ina dhiaidh sin ach an chríoch chéanna nó na críocha céanna sin.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, as a stuaim féin nó ar iarratas ó Bhallstát nó ón nGníomhaireacht, tús a chur leis an bpróiseas dá dtagraítear in Airteagal 65(7) chun a chinneadh an gcomhlíonann deimhniú a eisíodh i gcomhréir leis an Rialachán seo an Rialachán seo agus a rialacha cur chun feidhme go héifeachtúil.

I gcás nach gcomhlíontar nó i gcás ina gcomhlíontar ar bhealach neamhéifeachtúil iad, cuirfidh an Coimisiún de cheangal ar eisitheoir deimhnithe gníomh ceartaitheach cuí a dhéanamh agus bearta cosanta cuí a ghlacadh, amhail teorainn a chur leis an deimhniú nó an deimhniú a fhionraí. Os a choinne sin, ní bheidh feidhm ag forálacha mhír 1 maidir leis an deimhniú amhail ón dáta a dtabharfar fógra do na Ballstáit faoin gcinneadh ón gCoimisiún.

3.   Nuair a bheidh a dhóthain fianaise ag an gCoimisiún go bhfuil gníomh ceartaitheach cuí déanta ag an eisitheoir dá dtagraítear i mír 2 chun díriú ar chás an neamh-chomhlíonta nó ar chás an chomhlíonta neamhéifeachtúil, agus nach gá na bearta cosanta a thuilleadh, cinnfidh sé go mbeidh feidhm ag forálacha mhír 1 an athuair maidir leis an deimhniú sin. Beidh feidhm ag na forálacha sin ón dáta a dtabharfar fógra faoin gcinneadh sin do na Ballstáit.

4.   Go dtí go nglacfar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 5(5), in Airteagal 7(6), agus in Airteagal 9(4), agus gan dochar d'Airteagal 69(4), féadfar deimhnithe nach féidir a eisiúint i gcomhréir leis an Rialachán seo a eisiúint ar bhonn na rialachán náisiúnta is infheidhme.

5.   Go dtí go nglacfar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 8(5), agus gan dochar d'Airteagal 69(4), féadfar deimhnithe nach féidir a eisiúint i gcomhréir leis an Rialachán seo a eisiúint ar bhonn na rialachán náisiúnta is infheidhme nó, nuair is infheidhme, ar bhonn ceanglas ábhartha Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91.

6.   Ní dhéanfaidh forálacha an Airteagail seo dochar do Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ná dá rialacha cur chun feidhme.

Airteagal 12

Glacadh le deimhniúchán tríú tír

1.   Mar mhaolú ar fhorálacha an Rialacháin seo agus ar a rialacha cur chun feidhme, féadfaidh an Ghníomhaireacht nó údaráis eitlíochta an Bhallstáit deimhnithe a eisiúint ar bhonn deimhnithe arna eisiúint ag údaráis aerloingseoireachta tríú tír, mar a fhoráiltear i gcomhaontuithe aitheantais idir an Comhphobal agus an tríú tír sin.

2.

(a)

I gcás nach mbeidh comhaontú curtha i gcrích ag an gComhphobal, féadfaidh Ballstát nó an Ghníomhaireacht deimhnithe a eisiúint ar bhonn deimhniúchán arna eisiúint ag údaráis inniúla tríú tír agus comhaontú á chur i bhfeidhm acu a rinne an Ballstát sin leis an tríú tír roimh theacht i bhfeidhm fhorálacha gaolmhara an Rialacháin seo agus ar tugadh fógra faoi don Choimisiún agus do na Ballstáit eile. Féadfaidh an Ghníomhaireacht deimhnithe den sórt sin a eisiúint thar ceann aon Bhallstáit agus comhaontú arna chur i gcrích ag ceann de na Ballstáit leis an tríú tír á chur i bhfeidhm.

(b)

Má mheasann an Coimisiún:

nach bhforálann forálacha comhaontaithe idir Bhallstát agus tríú tír do leibhéal sábháilteachta a bheadh coibhéiseach leis an leibhéal a shonraítear sa Rialachán seo agus ina rialacha cur chun feidhme, agus/nó

go ndéanfadh an comhaontú sin idirdhealú idir Bhallstáit gan cúiseanna maithe sábháilteachta a bheith leis sin nó go bhfuil sé ag teacht salach ar bheartas eachtrach an Chomhphobail i leith tríú tír,

féadfaidh sé, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 65(2) a éileamh ar an mBallstát lena mbaineann an comhaontú a mhodhnú, a chur i bhfeidhm a fhionraí nó a thréigean, i gcomhréir le hAirteagal 307 den Chonradh.

(c)

Glacfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun comhaontuithe a thréigean a luaithe is féidir tar éis teacht i bhfeidhm do chomhaontú idir an Comhphobal agus an tríú tír atá i gceist, maidir leis na fearainn uile arna gcumhdach ag an gcomhaontú sin.

Airteagal 13

Aonáin cháilithe

Nuair a bheidh tasc sonrach deimhnithe á thabhairt d'aonán cáilithe, áiritheoidh an Ghníomhaireacht nó an t-údarás náisiúnta eitlíochta lena mbaineann go gcomhlíonann an t-aonán sin na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn V.

Airteagal 14

Forálacha solúbthachta

1.   Ní choiscfidh forálacha an Rialacháin seo ná forálacha a rialacha cur chun feidhme ar Bhallstát freagairt láithreach d'fhadhb sábháilteachta a bhaineann le táirge, le duine nó le heagraíocht atá faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo.

Tabharfaidh an Ballstát fógra láithreach don Ghníomhaireacht, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi na bearta a glacadh agus faoi na cúiseanna ar glacadh iad.

2.

(a)

Measfaidh an Ghníomhaireacht an féidir díriú ar an bhfadhb sábháilteachta laistigh de na cumhachtaí a thugtar di i gcomhréir le hAirteagal 18(d). Sa chás sin, déanfaidh sí an cinneadh iomchuí laistigh de mhí ón uair a thabharfar fógra di de bhun mhír 1.

(b)

Má chinneann an Ghníomhaireacht nach féidir díriú ar an bhfadhb sábháilteachta i gcomhréir le pointe (a), eiseoidh sí moladh i gcomhréir le hAirteagal 18(b), laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa phointe sin, cibé acu ar cheart nó nár cheart an Rialachán seo nó a rialacha cur chun feidhme a leasú agus ar cheart nó nár cheart na bearta ar tugadh fógra fúthu a tharraingt siar nó a choinneáil.

3.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, agus a bhaineann an dtugann leibhéal neamh-leordhóthanach sábháilteachta sa Rialachán seo nó ina rialacha cur chun feidhme nó easpa air nó orthu údar é a leasú agus an féidir leanúint leis na bearta a glacadh de bhun mhír 1 nó nach féidir, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 65(6). Sa chás sin, cuirfidh na Ballstáit uile na bearta chun feidhme de réir mar is cuí agus beidh feidhm ag forálacha Airteagal 11 maidir leo. Má shuitear nach bhfuil údar leis na bearta sin, cúlghairfidh an Ballstát lena mbaineann iad.

4.   Féadfaidh Ballstáit díolúintí a dheonú ó na ceanglais shubstainteacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus ina rialacha cur chun feidhme i gcás cúinsí oibriúcháin práinneacha gan choinne nó i gcás ceanglas oibriúcháin de ré theoranta, ar choinníoll nach mbeidh drochthionchar aige ar an leibhéal sábháilteachta. Tabharfar fógra don Ghníomhaireacht, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi dhíolúintí den sórt sin a luaithe a éireoidh siad athchleachtach nó i gcás ina ndeonófar ar feadh tréimhsí is faide ná dhá mhí iad.

5.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú ar cibé acu an bhfuil níos lú srianta sna díolúintí ar thug Ballstát fógra fúthu ná mar atá sna forálacha Comhphobail is infheidhme agus, laistigh de mhí ón uair a thabharfar fógra di fúthu, eiseoidh sí moladh i gcomhréir le hAirteagal 18(b) faoi cibé acu an gcomhlíonann na díolúintí sin cuspóirí ginearálta sábháilteachta an Rialacháin seo nó aon rialach eile de dhlí an Chomhphobail.

Más rud é nach gcomhlíonfaidh díolúine cuspóirí ginearálta sábháilteachta an Rialacháin seo ná aon rialach eile de dhlí an Chomhphobail, cinnfidh an Coimisiún nach gceadóidh sé an díolúine i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 65(7). Sa chás sin, cúlghairfidh an Ballstát lena mbaineann an díolúine.

6.   Nuair is féidir leibhéal cosanta atá coibhéiseach leis an leibhéal a bhaintear amach trí chur i bhfeidhm na rialacha lena gcuirtear an Rialachán seo chun feidhme, a bhaint amach ar mhodh eile, féadfaidh na Ballstáit, gan idirdhealú ar fhoras náisiúntachta, formheas a dheonú lena maolaítear ar na rialacha cur chun feidhme sin.

I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún go bhfuil rún aige formheas den sórt sin a dheonú agus tabharfaidh sé fáthanna a thaispeánann gur gá maolú ón riail lena mbaineann, chomh maith leis na coinníollacha a leagtar síos chun a áirithiú go mbainfear amach leibhéal coibhéiseach cosanta.

7.   I gcomhréir le hAirteagal 18(b), laistigh de dhá mhí tar éis di fógra a fháil i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo, eiseoidh an Ghníomhaireacht tuairim maidir le cibé acu an gcomhlíonann an formheas atá molta i gcomhréir le mír 6 na coinníollacha a leagtar síos sa mhír sin nó nach gcomhlíonann.

Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, agus a bhaineann le cibé acu. an gcaithfear formheas atá molta a dheonú nó a dhiúltú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 65(6) laistigh de mhí tar éis moladh a fháil ón nGníomhaireacht. Sa chás sin, tabharfaidh an Coimisiún fógra faoina chinneadh do na Ballstáit uile, a bheidh i dteideal an beart sin a chur i bhfeidhm freisin. Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 15 maidir leis an mbeart a bheidh i gceist.

Airteagal 15

Gréasán faisnéise

1.   Malartóidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta eitlíochta aon fhaisnéis a mbeidh fáil acu uirthi i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus a rialacha cur chun feidhme. Aonáin a bhfuil sé de chúram orthu tionóiscí agus tarluithe eitlíochta sibhialta a imscrúdú, nó anailís a dhéanamh ar theagmhais, tá siad i dteideal rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis sin.

2.   Gan dochar don cheart atá ag an bpobal rochtain a bheith acu ar dhoiciméid an Choimisiúin mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 é, glacfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 65(3), bearta chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a scaipeadh, as a stuaim féin, ar pháirtithe leasmhara. Beidh na bearta, a fhéadfaidh a bheith ina mbearta cineálacha nó ina mbearta aonair, bunaithe ar an ngá atá ann:

(a)

an fhaisnéis a theastaíonn uathu le feabhas a chur ar shábháilteacht na heitlíochta a sholáthar do dhaoine agus d'eagraíochtaí;

(b)

teorainn a chur le scaipeadh faisnéise agus gan a scaipeadh ach an fhaisnéis sin is gá chun críche a húsáideoirí, d'fhonn rúndacht chuí na faisnéise sin a áirithiú.

3.   Glacfaidh na húdaráis náisiúnta eitlíochta, i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta, na bearta is gá chun rúndacht chuí na faisnéise a gheobhaidh siad de bhun mhír 1 a áirithiú.

4.   Chun an pobal a chur ar an eolas maidir leis an leibhéal ginearálta sábháilteachta, foilseoidh an Ghníomhaireacht athbhreithniú sábháilteachta go bliantúil. Ón uair a thiocfaidh na bearta dá dtagraítear in Airteagal 10(5) i bhfeidhm, beidh anailís san athbhreithniú sábháilteachta sin ar an bhfaisnéis uile a gheofar de bhun Airteagal 10. Beidh an anailís sin simplí agus furasta a thuiscint agus tabharfar le fios léi an bhfuil rioscaí breise sábháilteachta ann nó nach bhfuil.Ní nochtfar na foinsí faisnéise san anailís sin.

Airteagal 16

Cosaint na foinse faisnéise

1.   Nuair a chuirfidh duine nádúrtha an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15(1) ar fáil ar bhonn deonach don Choimisiún nó don Ghníomhaireacht, ní nochtfar foinse na faisnéise sin. Nuair a chuirfear an fhaisnéis ar fáil d'údarás náisiúnta, cosnófar foinse na faisnéise sin i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta.

2.   Gan dochar do rialacha an dlí choiriúil is infheidhme, staonfaidh na Ballstáit ó imeachtaí a thionscnamh i leith sáruithe gan réamhbheartú nó sáruithe neamhthoiliúla ar an dlí, nach gcuirfí ar a súile dóibh iad murach gur tuairiscíodh de bhun an Rialacháin seo agus a rialacha cur chun feidhme iad.

Ní bheidh feidhm ag an riail seo i gcásanna mórfhaillí.

3.   Gan dochar do rialacha náisiúnta an dlí choiriúil is infheidhme, agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sa dlí náisiúnta agus sa chleachtas náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh fostaithe a chuirfidh faisnéis ar fáil agus an Rialachán seo agus a rialacha cur chun feidhme á gcur i bhfeidhm acu faoi réir aon dochair óna bhfostóir.

Ní bheidh feidhm ag an riail seo i gcásanna mórfhaillí.

4.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar do rialacha náisiúnta a bhaineann le rochtain a bheith ag údaráis bhreithiúnacha ar fhaisnéis.

CAIBIDIL III

GNÍOMHAIREACHT SÁBHÁILTEACHTA EITLÍOCHTA NA hEORPA

ROINN I

Tascanna

Airteagal 17

Bunú agus feidhmeanna na Gníomhaireachta

1.   Chun críche an Rialachán seo a chur chun feidhme, bunófar Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa.

2.   Chun feidhmiú ceart agus forbairt shábháilteacht na heitlíochta sibhialta a áirithiú, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

tabharfaidh sí faoi aon tasc agus tiocfaidh sí ar thuairimí maidir leis na hábhair uile a chumhdaítear le hAirteagal 1(1);

(b)

tabharfaidh sí cúnamh don Choimisiún trí bhearta a ullmhú a ghlacfar chun an Rialachán seo a chur chun feidhme. I gcás inar rialacha teicniúla agus rialacha sonracha a bhaineann le tógáil agus le dearadh agus le gnéithe oibríochta a bheidh i gceist, ní fhéadfaidh an Coimisiún a bhfuil iontu a athrú gan é a chomhordú roimh ré leis an nGníomhaireacht. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht an tacaíocht theicniúil, eolaíoch agus riaracháin is gá don Choimisiún lena thascanna a chomhlíonadh;

(c)

glacfaidh sí na bearta is gá laistigh de na cumhachtaí a thugtar di leis an Rialachán seo nó le reachtaíocht eile Chomhphobail;

(d)

seolfaidh sí cibé cigireacht agus imscrúduithe is gá chun a tascanna a chomhlíonadh;

(e)

ina réimsí inniúlachta, comhlíonfaidh sí, thar ceann na mBallstát, na feidhmeanna agus na tascanna a shainítear dóibh le coinbhinsiúin idirnáisiúnta is infheidhme, go háirithe le Coinbhinsiún Chicago.

Airteagal 18

Bearta na Gníomhaireachta

Déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas, i gcás inarb iomchuí:

(a)

eiseoidh sí tuairimí a dhíreofar ar an gCoimisiún;

(b)

eiseoidh sí moltaí a dhíreofar ar an gCoimisiún chun Airteagal 14 a chur i bhfeidhm;

(c)

eiseoidh sí sonraíochtaí deimhniúcháin, lena n-áirítear cóid aerfhiúntais agus modhanna inghlactha comhlíonta, chomh maith le haon ábhar treorach, chun an Rialachán seo agus a rialacha cur chun feidhme a chur i bhfeidhm;

(d)

glacfaidh sí na cinntí iomchuí chun Airteagail 20, 21, 22, 23, 54 agus 55 a chur i bhfeidhm;

(e)

eiseoidh sí na tuarascálacha tar éis na cigireachta caighdeánaithe a dhéanfar de bhun Airteagal 24(1) agus Airteagal 54.

Airteagal 19

Tuairimí, sonraíochtaí deimhniúcháin agus ábhar treorach

1.   Chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún nuair a bheidh tograí maidir le bunphrionsabail, maidir le hinfheidhmeacht agus maidir le ceanglais fhíor-riachtanacha á n-ullmhú aige a thíolacfar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus nuair a bheidh na rialacha cur chun feidhme á nglacadh aige, ullmhóidh an Ghníomhaireacht dréachtaí de na tograí agus na rialacha sin. Cuirfidh an Ghníomhaireacht na dréachtaí sin faoi bhráid an Choimisiúin mar thuairimí.

2.   Forbróidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas i gcomhréir le hAirteagal 52 agus leis na rialacha cur chun feidhme a ghlac an Coimisiún:

(a)

sonraíochtaí deimhniúcháin, lena n-áirítear cóid aerfhiúntais agus modhanna inghlactha comhlíonta; agus

(b)

ábhar treorach;

a úsáidfear sa phróiseas deimhniúcháin.

Léireofar leis na doiciméid sin an úrscothacht agus na cleachtais is fearr sna réimsí lena mbaineann agus tabharfar cothrom le dáta iad agus taithí aerárthaí ar fud an domhain maidir le seirbhís agus an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil á gcur san áireamh.

Airteagal 20

Aerfhiúntas agus deimhniúchán comhshaoil

1.   Maidir leis na táirgí, na páirteanna agus na fearais dá dtagraítear in Airteagal 4(1) (a) agus (b), comhlíonfaidh an Ghníomhaireacht, thar ceann na mBallstát, i gcás inarb infheidhme agus de réir mar a shonraítear é i gCoinbhinsiún Chicago nó sna hIarscríbhinní a ghabhann leis, feidhmeanna agus tascanna an stáit inar dearadh, inar monaraíodh nó inar cláraíodh iad nuair a bhaineann na feidhmeanna agus na tascanna sin le formheas ar dhearadh. Chuige sin, déanfaidh sí an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

maidir le gach táirge a n-iarrtar deimhniú cineáil nó athrú ar dheimhniú cineáil dó, bunóidh sí bonn an deimhnithe cineáil agus tabharfaidh sí fógra faoi. Is éard a bheidh i gceist le bonn an deimhnithe cineáil, an cód aerfhiúntais is infheidhme, na forálacha ar glacadh leibhéal coibhéiseach sábháilteachta ina leith agus na sonraíochtaí mionsonraithe speisialta teicniúla is gá nuair a tharlaíonn sé de bharr gnéithe deartha táirge faoi leith nó de bharr na taithí oibríochta nach bhfuil ceann d'fhorálacha an chóid aerfhiúntais leordhóthanach nó cuí chun comhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach a áirithiú;

(b)

maidir le gach táirge a n-iarrtar deimhniú srianta ar aerfhiúntas ina leith, bunóidh sí na sonraíochtaí sonracha aerfhiúntais agus tabharfaidh sí fógra fúthu;

(c)

maidir le gach táirge a n-iarrtar deimhniú ina leith, bunóidh sí na sonraíochtaí mionsonraithe aerfhiúntais agus tabharfaidh sí fógra fúthu;

(d)

maidir le gach táirge a gceanglaítear deimhniú comhshaoil a bheith ann dó i gcomhréir le hAirteagal 6, bunóidh sí na ceanglais chomhshaoil iomchuí agus tabharfaidh sí fógra fúthu;

(e)

seolfaidh sí féin imscrúduithe a bhaineann le deimhniúchán táirgí, páirteanna agus fearas nó cuirfidh sí á seoladh trí údarás náisiúnta eitlíochta nó trí aonáin cháilithe náisiúnta iad;

(f)

eiseoidh sí na deimhnithe iomchuí cineáil nó na hathruithe a ghabhann leo;

(g)

eiseoidh sí deimhnithe do pháirteanna agus d'fhearais;

(h)

eiseoidh sí na deimhnithe iomchuí comhshaoil;

(i)

leasóidh sí, fionróidh sí nó cúlghairfidh sí an deimhniú ábhartha nuair nach mbeidh na coinníollacha faoinar eisíodh é á gcomhlíonadh a thuilleadh nó má mhainníonn an duine dlítheanach nó an duine nádúrtha a bhfuil an deimhniú ina sheilbh na hoibleagáidí a chomhlíonadh a chuirtear air leis an Rialachán seo nó lena rialacha cur chun feidhme;

(j)

áiritheoidh sí na feidhmeanna leanúnacha aerfhiúntais a ghabhann leis na táirgí, leis na páirteanna agus leis na fearais a ndéanann sí maoirseacht orthu, lena n-áirítear go ngníomhóidh sí gan mhoill mhíchuí i gcás ina mbeidh fadhb sábháilteachta ann agus go n-eiseoidh sí agus go scaipfidh sí an fhaisnéis éigeantach is infheidhme;

(k)

maidir le haerárthaí a bhfuil cead eitilte le heisiúint ina leith, bunóidh sí caighdeáin aerfhiúntais agus nósanna imeachta chun Airteagal 5(4)(a) a chomhlíonadh;

(l)

eiseoidh sí ceadanna aerárthaí a eitilt chun críocha deimhniúcháin faoi rialú na Gníomhaireachta, le comhaontú an Bhallstáit a bhfuil an t-aerárthach cláraithe ann nó a bhfuil an t-aerárthach le clárú ann.

2.   Maidir le heagraíochtaí, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

cigireacht agus iniúchtaí ar na heagraíochtaí arna ndeimhniú aici a dhéanamh í féin nó trí údaráis eitlíochta nó aonáin cháilithe náisiúnta;

(b)

a ndeimhnithe seo a leanas a eisiúint agus a athnuachan:

(i)

eagraíochtaí dearaidh; nó

(ii)

eagraíochtaí táirgthe atá suite i gcríoch na mBallstát, má iarrann an Ballstát lena mbaineann amhlaidh; nó

(iii)

eagraíochtaí táirgthe agus cothabhála a bhfuil a suíomh lasmuigh de chríoch na mBallstát;

(c)

leasóidh sí, fionróidh sí nó cúlghairfidh sí an deimhniú ábhartha eagraíochta nuair nach mbeidh na coinníollacha faoinar eisíodh é á gcomhlíonadh a thuilleadh, nó má mhainníonn an eagraíocht lena mbaineann na hoibleagáidí a chomhlíonadh a chuirtear uirthi leis an Rialachán seo nó lena rialacha cur chun feidhme.

Airteagal 21

Deimhniúchán ar phíolóta

1.   Maidir leis an bpearsanra agus leis na heagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(1), déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

seolfaidh sí féin imscrúduithe agus iniúchtaí ar na heagraíochtaí a dheimhníonn sí nó cuirfidh sí á seoladh trí údaráis náisiúnta eitlíochta nó trí aonáin cháilithe náisiúnta iad;

(b)

eiseoidh sí deimhnithe na n-eagraíochtaí um oiliúint ar phíolótaí agus na n-ionad aerleighis a bhfuil a suíomh lasmuigh de chríoch na mBallstát agus, i gcás inarb iomchuí, a bpearsanra agus déanfaidh sí athnuachan orthu;

(c)

an deimhniú ábhartha a leasú, a theorannú, a fhionraí nó a chúlghairm nuair nach gcomhlíontar a thuilleadh na coinníollacha faoinar eisíodh é, nó má mhainníonn an duine dlítheanach nó an duine nádúrtha a bhfuil an deimhniú ina sheilbh aige na hoibleagáidí a chomhlíonadh a chuirtear air leis an Rialachán seo nó lena rialacha cur chun feidhme.

2.   Maidir leis na feistí oiliúna insamhalta eitilte dá dtagraítear in Airteagal 7(1), déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

seolfaidh sí féin cigireachtaí teicniúla ar na feistí arna ndeimhniú aici nó cuirfidh sí á seoladh trí údaráis náisiúnta eitlíochta nó trí aonáin cháilithe náisiúnta iad;

(b)

a ndeimhnithe seo a leanas a eisiúint agus a athnuachan:

(i)

feistí insamhalta oiliúna eitilte a úsáideann eagraíochtaí oiliúna arna ndeimhniú ag an nGníomhaireacht; nó

(ii)

feistí insamhalta oiliúna eitilte atá suite i gcríoch na mBallstát, má iarrann an Ballstát lena mbaineann amhlaidh;

(iii)

feistí insamhalta oiliúna eitilte atá suite lasmuigh de chríoch na mBallstát;

(c)

leasóidh sí, teorannóidh sí, fionróidh sí nó cúlghairfidh sí an deimhniú ábhartha nuair nach mbeidh na coinníollacha faoinar eisíodh é á gcomhlíonadh a thuilleadh nó má mhainníonn an duine dlítheanach nó an duine nádúrtha a bhfuil an deimhniú ina sheilbh aige na hoibleagáidí a chomhlíonadh a chuirtear air leis an Rialachán seo nó a rialacha cur chun feidhme.

Airteagal 22

Deimhniúchán d'oibríochtaí aeir

1.   Gníomhóidh an Ghníomhaireacht gan mhoill mhíchuí i gcás ina mbeidh fadhb ann a dhéanann dochar do shábháilteacht na n-oibríochtaí aeir trí ghníomh ceartaitheach a chinneadh agus trí fhaisnéis ghaolmhar a scaipeadh, lena n-áirítear í a scaipeadh ar na Ballstáit.

2.   Maidir leis an teorainn ama eitilte:

(a)

eiseoidh an Ghníomhaireacht na sonraíochtaí deimhniúcháin is infheidhme chun a áirithiú go gcomhlíontar ceanglais fhíor-riachtanacha agus, de réir mar is iomchuí, na rialacha cur chun feidhme gaolmhara. Ar dtús, beidh na forálacha substainteacha go léir atá i bhFochuid Q d'Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 sna rialacha cur chun feidhme, agus aird á tabhairt ar an bhfianaise eolaíoch agus theicniúil is deireanaí;

(b)

féadfaidh Ballstát scéimeanna aonair a cheadú chun amanna eitilte a shonrú a chlaonann ó na sonraíochtaí deimhniúcháin dá dtagraítear i bpointe (a). Sa chás sin tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra gan mhoill don Ghníomhaireacht, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile go bhfuil sé beartaithe aige formheas a dheonú do scéim aonair den sórt sin;

(c)

nuair a gheobhaidh sí fógra déanfaidh an Ghníomhaireacht an scéim aonair a mheas, laistigh de mhí, ar bhonn meastóireachta eolaíochta agus leighis. Ina dhiaidh sin, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann an formheas a dheonú mar a fógraíodh, mura mbeidh an scéim pléite ag an nGníomhaireacht leis an mBallstát sin agus athruithe ar an scéim sin molta aici. Má chomhaontaíonn an Ballstát leis na hathruithe sin, féadfaidh sé an formheas a dheonú dá réir;

(d)

i gcás cúinsí práinneacha oibriúcháin gan choinne nó i gcás riachtanas oibriúcháin de ré theoranta nach mbeidh athchleachtach, féadfaidh maoluithe ar na sonraíochtaí deimhniúcháin a bheith infheidhme go sealadach go dtí go dtabharfaidh an Ghníomhaireacht a tuairim;

(e)

mura n-aontaíonn Ballstát le conclúidí na Gníomhaireachta maidir le scéim faoi leith, cuirfidh sé, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 65(3), an cheist faoi bhráid an Choimisiúin chun go gcinnfidh sé an gcomhlíonann an scéim sin cuspóirí sábháilteachta an Rialacháin seo;

(f)

foilseofar a bhfuil i scéimeanna aonair atá inghlactha ag an nGníomhaireacht, nó ar ghlac an Coimisiún cinneadh dearfach maidir leo i gcomhréir le pointe (e).

Airteagal 23

Oibreoirí tríú tíortha

1.   Maidir le hoibreoirí na n-aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(d) a bhíonn ag gabháil d'oibríochtaí tráchtála, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

seolfaidh sí féin imscrúduithe agus iniúchtaí nó cuirfidh sí á seoladh trí údarás náisiúnta eitlíochta nó trí aonáin cháilithe náisiúnta iad;

(b)

eiseoidh sí na húdaruithe dá dtagraítear in Airteagal 9(2), agus déanfaidh sí athnuachan orthu, mura mbeidh feidhmeanna agus tascanna an stáit oibreora á gcomhlíonadh ag Ballstát maidir leis na hoibreoirí sin;

(c)

leasóidh sí, teorannóidh sí, fionróidh sí nó cúlghairfidh sí an t-údarú ábhartha nuair nach mbeidh na coinníollacha faoinar eisigh sí é á gcomhlíonadh a thuilleadh nó má mhainníonn an eagraíocht lena mbaineann na hoibleagáidí a chomhlíonadh a chuirtear uirthi leis an Rialachán seo nó lena rialacha cur chun feidhme.

2.   Maidir le hoibreoirí na n-aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(d) nach mbíonn ag gabháil d'oibríochtaí tráchtála, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

gheobhaidh sí na dearbhuithe dá dtagraítear in Airteagal 9(3); agus

(b)

seolfaidh sí féin maoirseacht ar oibreoirí a bhfuair sí dearbhú uathu nó cuirfidh sí á seoladh trí údarás náisiúnta eitlíochta nó trí aonáin cháilithe náisiúnta í.

3.   Maidir leis na haerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(d), eiseoidh an Ghníomhaireacht údaruithe i gcomhréir le hAirteagal 9(4)(a).

Airteagal 24

Faireachán ar chur i bhfeidhm na rialacha

1.   Seolfaidh an Ghníomhaireacht cigireacht caighdeánaithe sna réimsí a chumhdaítear le hAirteagal 1(1), chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus a rialacha cur chun feidhme ag údaráis inniúla náisiúnta, agus tuairisceoidh sí don Choimisiún.

2.   Seolfaidh an Ghníomhaireacht imscrúduithe ar ghnóthais chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus a rialacha cur chun feidhme.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú ar an tionchar a bheidh ag cur chun feidhme an Rialacháin seo agus a rialacha cur chun feidhme, ag féachaint do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2.

4.   Rachfar i gcomhairle leis an nGníomhaireacht agus eiseoidh sí moltaí don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 14.

5.   Beidh na modhanna oibre a bheidh ag an nGníomhaireacht chun na tascanna dá dtagraítear i mír 1, i mír 3 agus i mír 4 faoi réir ceanglas a ghlacfar i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 65(2), agus na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 52 agus in Airteagal 53 á gcur san áireamh.

Airteagal 25

Fíneálacha agus íocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha

1.   Gan dochar d'Airteagal 20 ná d'Airteagal 55, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin ag an nGníomhaireacht:

(a)

fíneálacha a fhorchur ar na daoine agus ar na gnóthais a mbeidh deimhniú eisithe ag an nGníomhaireacht dóibh, más rud é, d'aon ghnó nó le faillí, go sáraítear forálacha an Rialacháin seo agus a rialacha cur chun feidhme;

(b)

íocaíochtaí tréimhsiúla pionósacha a fhorchur ar na daoine agus na gnóthais a mbeidh deimhniú eisithe ag an nGníomhaireacht dóibh, arna ríomh ón dáta a leagfar síos sa chinneadh, chun a chur faoi deara do na daoine agus do na gnóthais sin forálacha an Rialacháin seo agus a rialacha cur chun feidhme a chomhlíonadh.

2.   Beidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá dtagraítear i mír 1 athchomhairleach agus comhréireach le tromchúis an cháis agus le hacmhainn eacnamaíoch shealbhóir an deimhnithe lena mbaineann, agus aird ar leith á tabhairt ar a mhéid a cuireadh isteach ar an tsábháilteacht. Ní rachaidh méid na bhfíneálacha thar 4 % d'ioncam ná de láimhdeachas bliantúil shealbhóir an deimhnithe. Ní rachaidh méid an phionóis thréimhsiúil thar 2,5 % de mheánioncam ná de mheánláimhdeachas laethúil shealbhóir an deimhnithe.

3.   Glacfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 65(3), na rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo. Agus é sin á dhéanamh dó, sonróidh sé go háirithe:

(a)

critéir mhionsonraithe chun méid na fíneála nó na híocaíochta tréimhsiúla pionósaí a shuíomh; agus

(b)

nósanna imeachta d'fhiosrúchán, do bheart gaolmhara agus do thuairisciú, chomh maith le rialacha nós imeachta le haghaidh cinnteoireachta, lena n-áirítear forálacha ar chearta cosanta, rochtain ar chomhaid, ionadaíocht dhlíthiúil, rúndacht agus forálacha ama mar aon le cainníochtú agus bailiú na bhfíneálacha agus na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla.

4.   Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais i leith athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lena socraíonn an Coimisiún fíneáil nó íocaíocht thréimhsiúil phionósach. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht thréimhsiúil phionósach a forchuireadh a chealú, a laghdú nó a mhéadú.

5.   Na cinntí a ghlacfar de bhun mhír 1, ní cinntí de chineál an dlí choiriúil a bheidh iontu.

Airteagal 26

Taighde

1.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht taighde a fhorbairt agus a mhaoiniú a mhéid a bhainfidh sé go docht le feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí ina réimse inniúlachta, gan dochar do dhlí an Chomhphobail.

2.   Comhordóidh an Ghníomhaireacht a cuid gníomhaíochtaí taighde agus forbartha le gníomhaíochtaí taighde agus forbartha an Choimisiúin agus le gníomhaíochtaí taighde agus forbartha na mBallstát chun a áirithiú go mbeidh na beartais agus na gníomhartha i gcomhréir lena chéile.

3.   Foilseofar torthaí an taighde a mhaoineoidh an Ghníomhaireacht, fad nach mbeidh aicmiú rúndachta déanta ag an nGníomhaireacht orthu.

Airteagal 27

Caidreamh idirnáisiúnta

1.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit sa chaidreamh a bheidh acu le tríú tíortha i gcomhréir le dlí ábhartha an Chomhphobail. Tabharfaidh sí cúnamh dóibh go háirithe maidir le rialacha a chomhchuibhiú agus aitheantas frithpháirteach a thabhairt d'fhormheasanna lena bhfianaítear go bhfuil na rialacha sin á gcur i bhfeidhm go sásúil.

2.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhoibriú le húdaráis aerloingseoireachta tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta atá inniúil in ábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, faoi chuimsiú na socruithe oibre a rinneadh leis na comhlachtaí sin, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha den Chonradh. Beidh formheas faighte roimh ré ón gCoimisiún maidir leis na socruithe sin.

3.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh do na Ballstáit na hoibleagáidí idirnáisiúnta atá orthu a urramú, go háirithe na hoibleagáidí atá orthu faoi Choinbhinsiún Chicago.

ROINN II

Struchtúr inmheánach

Airteagal 28

Stádas dlíthiúil, suíomh, oifigí áitiúla

1.   Is comhlacht de chuid an Chomhphobail a bheidh sa Ghníomhaireacht. Beidh pearsantacht dhlítheanach aici.

2.   I ngach ceann de na Ballstáit, beidh an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoina ndlíthe ag an nGníomhaireacht. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sí a bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht a hoifigí áitiúla féin a bhunú sna Ballstáit, faoi réir a dtola.

4.   Déanfaidh a Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaíocht ar an nGníomhaireacht.

Airteagal 29

An fhoireann

1.   Beidh feidhm, maidir le foireann na Gníomhaireachta, ag Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach, ag Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach agus ag na rialacha a ghlac institiúidí na gComhphobal Eorpach go comhpháirteach chun na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta sin a chur i bhfeidhm, gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 39 den Rialachán seo maidir le comhaltaí an Bhoird Achomhairc.

2.   Gan dochar d'Airteagal 42, feidhmeoidh an Ghníomhaireacht i ndáil lena foireann féin na cumhachtaí a thugtar don údarás ceapacháin leis na Rialacháin Foirne agus leis na Coinníollacha Fostaíochta.

3.   Beidh líon teoranta oifigeach ar fhoireann na Gníomhaireachta, a shannfaidh an Coimisiún nó na Ballstáit nó a thabharfaidh an Coimisiún nó na Ballstáit ar iasacht di chun cúraimí bainistíochta a chomhlíonadh. Is éard a bheidh sa chuid eile den fhoireann fostaithe a n-earcóidh an Ghníomhaireacht de réir mar is gá chun a tascanna a chomhlíonadh.

Airteagal 30

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm, maidir leis an nGníomhaireacht, ag Prótacal na gComhphobal Eorpach maidir le Pribhléidí agus Díolúintí atá mar Iarscríbhinn leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

Airteagal 31

Dliteanas

1.   Beidh dliteanas conarthach na Gníomhaireachta faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh a bheidh i gceist.

2.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána a bheidh i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht.

3.   I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, slánóidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste arbh iad a seirbhísí nó a seirbhísigh i bhfeidhmiú a ndualgas ba chúis leis.

4.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach i ndíospóidí a bhaineann leis an gcúiteamh as aon damáiste dá luaitear i mír 3.

5.   Beidh dliteanas pearsanta a seirbhíseach i leith na Gníomhaireachta á rialú ag na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne agus sna Coinníollacha Fostaíochta is infheidhme maidir leo.

Airteagal 32

Doiciméid a fhoilsiú

1.   Gan dochar do chinntí a dhéantar ar bhonn Airteagal 290 den Chonradh, cuirfear ar fáil na doiciméid seo a leanas i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Chomhphobail:

(a)

an t-athbhreithniú sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 15(4);

(b)

tuairimí a dhíreofar ar an gCoimisiún de bhun Airteagal 19(1);

(c)

an tuarascáil ghinearálta bhliantúil agus an clár oibre bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 33(2)(b) agus (c) faoi seach.

2.   Soláthróidh Lárionad Aistriúcháin chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin a theastóidh chun go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht.

Airteagal 33

Cumhachtaí an Bhoird Bhainistíochta

1.   Beidh Bord Bainistíochta ag an nGníomhaireacht.

2.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta an méid seo a leanas:

(a)

ceapfaidh sé an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus ceapfaidh sé na Stiúrthóirí ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, i gcomhréir le hAirteagal 39;

(b)

glacfaidh sé an tuarascáil ghinearálta bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus cuirfidh sé ar aghaidh í faoin 15 Meitheamh ar a dhéanaí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig na Ballstáit; ag feidhmiú thar ceann na Gníomhaireachta, cuirfidh sé aon fhaisnéis a bhaineann le toradh na nósanna imeachta meastóireachta chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gCoimisiún (dá ngairfear ‘an t-údarás buiséid’ anseo feasta) go bliantúil, go háirithe faisnéis a bhaineann leis na héifeachtaí nó leis na hiarmhairtí a bheadh ann dá gcuirfí athrú ar na tascanna a shanntar don Ghníomhaireacht;

(c)

roimh an 30 Meán Fómhair gach bliain, agus tar éis a thuairim a fháil ón gCoimisiún, glacfaidh sé clár oibre na Gníomhaireachta don bhliain dár gcionn agus cuirfidh sé ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig na Ballstáit é; glacfar an clár oibre sin gan dochar do nós imeachta buiséid an Chomhphobail ná do chlár reachtaíochta an Chomhphobail i réimsí ábhartha den tsábháilteacht eitlíochta; cuirfear tuairim an Choimisiúin i gceangal leis an gclár oibre;

(d)

glacfaidh sé treoirlínte chun tascanna deimhniúcháin a leithdháileadh ar údaráis eitlíochta náisiúnta agus ar aonáin cháilithe náisiúnta le comhaontú an Choimisiúin;

(e)

bunóidh sé nósanna imeachta don Stiúrthóir Feidhmiúcháin chun cinntí a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 52 agus in Airteagal 53;

(f)

comhlíonfaidh sé a chuid feidhmeanna a bhaineann le buiséad na Gníomhaireachta de bhun Airteagal 59, Airteagal 60 agus Airteagal 63;

(g)

ceapfaidh sé comhaltaí an Bhoird Achomhairc de bhun Airteagal 41;

(h)

feidhmeoidh sé údarás araíonachta ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus ar na Stiúrthóirí, le comhaontú an Stiúrthóra Feidhmiúcháin;

(i)

tabharfaidh sé a thuairim maidir leis na bearta a bhaineann le táillí agus muirir dá dtagraítear in Airteagal 64(1);

(j)

bunóidh sé a Rialacha Nós Imeachta;

(k)

cinnfidh sé na socruithe a dhéanfar don Ghníomhaireacht maidir le teangacha;

(l)

cuirfidh sé, i gcás inarb iomchuí, leis an liosta doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 32(1);

(m)

bunóidh sé struchtúr eagraíochtúil na Gníomhaireachta agus glacfaidh sé beartas foirne na Gníomhaireachta.

3.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta comhairle a chur ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir le hábhar ar bith a bhaineann go dlúth le forbairt straitéiseach shábháilteacht na heitlíochta, lena n-áirítear an taighde mar a shainmhínítear in Airteagal 26 é.

4.   Bunóidh an Bord Bainistíochta comhlacht comhairleach de pháirtithe leasmhara agus rachaidh sé i gcomhairle leis sula ndéanfaidh sé cinntí sna réimsí dá dtagraítear i mír 2(c), (e), (f) agus (i). Féadfaidh an Bord Bainistíochta freisin a chinneadh dul i gcomhairle leis an gcomhlacht comhairleach faoi aon cheisteanna eile dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3. Ní bheidh tuairim an chomhlachta chomhairligh ina ceangal ar an mBord Bainistíochta.

5.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta comhlachtaí oibre a bhunú chun cúnamh a thabhairt dó agus a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige, lena n-áirítear a chinntí a ullmhú agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcinntí sin.

Airteagal 34

Comhdhéanamh an Bhoird Bhainistíochta

1.   Ionadaí amháin ó gach Ballstát agus ionadaí amháin ón gCoimisiún a bheidh ar an mBord Bainistíochta. Roghnófar na comhaltaí bunaithe ar a dtaithí aitheanta agus bunaithe ar a dtiomantas aitheanta i réimse na heitlíochta sibhialta, ar a gcumas bainistíochta agus ar a saineolas, agus bainfear úsáid as na tréithe sin chun cuspóirí an Rialacháin seo a chur chun cinn. Cuirfear coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas dá réir.

Ceapfaidh gach Ballstát comhalta den Bhord Bainistíochta chomh maith le comhalta malartach a dhéanfaidh ionadaíocht air nó uirthi nuair a bheidh sé nó sí as láthair. Ainmneoidh an Coimisiún freisin a ionadaí agus a chomhalta malartach féin. Cúig bliana a bheidh i ré na dtéarmaí oifige. Féadfar an téarma oifige a athnuachan.

2.   I gcás inar cuí, bunófar rannpháirtíocht ionadaithe ar thríú tíortha Eorpacha agus bunófar coinníollacha na rannpháirtíochta sin sna socruithe dá dtagraítear in Airteagal 66.

3.   Ceapfaidh an comhlacht comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 33(4) ceathrar comhaltaí a bheidh rannpháirteach mar bhreathnóirí ar an mBord Bainistíochta. Seasfaidh siad, ar an mbealach is fairsinge is féidir, do na dearcaidh éagsúla a ndéantar ionadaíocht orthu sa chomhlacht comhairleach. Tríocha mí a bheidh i ré a dtéarma oifige, agus é inathnuaite aon uair amháin.

Airteagal 35

Cathaoirleacht an Bhoird Bhainistíochta

1.   Toghfaidh an Bord Bainistíochta Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach as a chomhaltaí. Gabhfaidh an Leas-Chathaoirleach ionad an Chathaoirligh ar bhealach ex-officio mura mbíonn an Cathaoirleach in ann freastal ar a chuid dualgas nó ar a cuid dualgas.

2.   Éagfaidh téarmaí oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh nuair a thiocfaidh a mballraíocht ar an mBord Bainistíochta chun críche. Faoi réir na forála seo, is trí bliana a bheidh i ré théarmaí oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh. Beidh na téarmaí oifige sin inathnuaite aon uair amháin.

Airteagal 36

Cruinnithe

1.   Is é an Cathaoirleach a thionólfaidh cruinnithe an Bhoird Bhainistíochta.

2.   Glacfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta páirt sa phlé.

3.   Beidh dhá ghnáthchruinniú sa bhliain ar a laghad ag an mBord Bainistíochta. Chomh maith leis sin, tiocfaidh sé le chéile ar iarratas ón gCathaoirleach nó ar iarratas ó aon trian ar a laghad de líon comhaltaí an Bhoird.

4.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta cuireadh a thabhairt d'aon duine freastal ar a chuid cruinnithe mar bhreathnóir, arbh fhéidir gur díol spéise é a thuairim nó a tuairim.

5.   Féadfaidh comhaltaí an Bhoird Bhainistíochta, faoi réir fhorálacha a Rialacha Nós Imeachta, cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe.

6.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht an rúnaíocht ar fáil don Bhord Bainistíochta.

Airteagal 37

Vótáil

1.   Gan dochar d'Airteagal 39(1), glacfaidh an Bord Bainistíochta a chinntí le tromlach dhá thrian dá chomhaltaí. Ar iarratas ó chomhalta den Bhord Bainistíochta, glacfar an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 33(2)(k) d'aontoil.

2.   Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta arna ainmniú de bhun Airteagal 34(1). Má bhíonn comhalta as láthair, beidh an comhalta malartach i dteideal a cheart nó a ceart chun vótáil a fheidhmiú. Ní chaithfidh breathnóirí ná Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta vóta.

3.   Bunóidh Rialacha Nós Imeachta an Bhoird Bhainistíochta socruithe vótála níos mionsonraithe, go háirithe na coinníollacha faoinar féidir le comhalta feidhmiú thar ceann comhalta eile chomh maith le haon riachtanais maidir le córam, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 38

Feidhmeanna agus cumhachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a mbeidh neamhspleáchas iomlán aige i gcomhlíonadh a chúraimí nó a cúraimí, a dhéanfaidh bainistiú ar an nGníomhaireacht. Gan dochar d'inniúlachtaí an Choimisiúin ná an Bhoird Bhainistíochta, ní iarrfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin treoir ná ní ghlacfaidh sé nó sí treoir ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle cuireadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt ar chomhlíonadh a thascanna nó a tascanna.

3.   Beidh na feidhmeanna agus na cumhachtaí seo a leanas ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin:

(a)

formheasfaidh sé bearta na Gníomhaireachta dá sainmhínítear in Airteagal 18 laistigh de na teorainneacha a shonraítear leis an Rialachán seo, lena rialacha cur chun feidhme agus le haon dlí is infheidhme;

(b)

déanfaidh sé cinneadh faoi chigireacht agus faoi imscrúduithe dá bhforáiltear dóibh in Airteagal 54 agus in Airteagal 55;

(c)

sannfaidh sé tascanna deimhniúcháin ar na húdaráis náisiúnta eitlíochta nó ar aonáin cháilithe de réir na dtreoirlínte arna leagan síos ag an mBord Bainistíochta;

(d)

tabharfaidh sé faoi aon fheidhmeanna idirnáisiúnta agus faoi aon chomhoibriú teicniúil le tríú tíortha de bhun Airteagal 27;

(e)

déanfaidh sé gach beart is gá, lena n-áirítear treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo;

(f)

ullmhóidh sé dréacht-tuarascáil ghinearálta gach bliain agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Bhainistíochta í;

(g)

feidhmeoidh sé na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 29(2) maidir le foireann na Gníomhaireachta;

(h)

dréachtóidh sé meastacháin ar ioncaim agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta de bhun Airteagal 59, agus cuirfidh sé an buiséad chun feidhme de bhun Airteagal 60;

(i)

tarmligfidh sé a chumhachtaí nó a cumhachtaí do chomhaltaí eile d'fhoireann na Gníomhaireachta faoi réir rialacha a ghlacfar i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 65(2);

(j)

déanfaidh sé cinntí le toiliú an Bhoird Bhainistíochta, maidir le hoifigí áitiúla a bhunú sna Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 28(3);

(k)

ullmhóidh sé an clár oibre bliantúil agus cuirfidh sé chun feidhme é;

(l)

freagróidh sé ar iarratais ar chúnamh ón gCoimisiún.

Airteagal 39

Oifigigh shinsearacha a cheapadh

1.   Ceapfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar bhonn fiúntais agus ar bhonn inniúlachta agus taithí doiciméadaithe a bhaineann le hábhar na heitlíochta sibhialta. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh nó a bhriseadh as a phost ar thogra ón gCoimisiún. Glacfaidh an Bord Bainistíochta a chinneadh le tromlach trí cheathrú dá chomhaltaí. Sula gceapfar é, d'fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar an iarrthóir a roghnaigh an Bord Bainistíochta dearbhú a dhéanamh os comhair an choiste inniúil nó os comhair na gcoistí inniúla de chuid Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna a fhreagairt ó chomhaltaí an choiste nó ó chomhaltaí na gcoistí sin.

2.   Féadfaidh Stiúrthóir amháin nó níos mó ná Stiúrthóir amháin cúnamh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Má bhíonn an Stiúrthóir Feidhmiúcháin as láthair nó mura mbeidh sé nó sí ar fáil, glacfaidh duine de na Stiúrthóirí a ionad nó a hionad.

3.   Ceapfar Stiúrthóirí na Gníomhaireachta ar bhonn inniúlachta gairmiúla is ábhartha maidir leis an eitlíocht shibhialta. Ceapfaidh an Bord Bainistíochta na Stiúrthóirí nó brisfidh sé as a bpoist iad ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

4.   Cúig bliana an téarma oifige a bheidh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus ag na Stiúrthóirí. Féadfar téarma oifige na Stiúrthóirí a athnuachan agus ní fhéadfar téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a athnuachan ach aon uair amháin.

Airteagal 40

Cumhachtaí an Bhoird Achomhairc

1.   Bunófar Bord Achomhairc amháin nó níos mó ná Bord Achomhairc amháin laistigh den Ghníomhaireacht.

2.   Beidh an Bord Achomhairc nó na Boird Achomhairc freagrach as cinneadh a dhéanamh maidir le hachomhairc in aghaidh na gcinntí dá dtagraítear in Airteagal 44.

3.   Tionólfar an Bord Achomhairc nó na Boird Achomhairc de réir mar is gá. Cinnfidh an Coimisiún, ag feidhmiú dó i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 65(3), líon na mbord Achomharc agus an obair a leithdháilfear air nó orthu.

Airteagal 41

Comhdhéanamh na mBord Achomhairc

1.   Cathaoirleach agus beirt chomhaltaí eile a bheidh ar Bhord Achomhairc.

2.   Beidh malartaigh ann ar an gCathaoirleach agus ar na comhaltaí eile sin a dhéanfaidh ionadaíocht orthu nuair a bheidh siad as láthair.

3.   Ceapfaidh an Bord Bainistíochta an Cathaoirleach, na comhaltaí eile agus a gcuid malartach, as liosta d'iarrthóirí incháilithe a ghlacfaidh an Coimisiún.

4.   I gcás ina measfaidh an Bord Achomhairc go bhfuil gá leis de bharr an chineáil achomhairc atá i gceist, féadfaidh sé glaoch ar bheirt chomhaltaí bhreise ón liosta dá dtagraítear i mír 3.

5.   Cinnfidh an Coimisiún, ag feidhmiú dó i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 65(3), na cáilíochtaí is gá a bheith ag comhaltaí gach Boird Achomhairc, cumhachtaí na gcomhaltaí aonair i gcéim ullmhúcháin na gcinntí, agus na coinníollacha vótála.

Airteagal 42

Comhaltaí an Bhoird Achomhairc

1.   Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí Boird Achomhairc, lena n-áirítear an Cathaoirleach agus aon chomhaltaí malartacha. Féadfar an téarma sin a athnuachan.

2.   Beidh comhaltaí Boird Achomhairc neamhspleách. Ní bheidh siad faoi cheangal ag aon treoir agus a gcinntí á ndéanamh acu.

3.   Ní fhéadfaidh comhaltaí Boird Achomhairc aon dualgais eile a fheidhmiú laistigh den Ghníomhaireacht. Féadfaidh comhaltaí Boird Achomhairc oibriú ar bhonn páirtaimseartha.

4.   Ní fhéadfar comhaltaí Boird Achomhairc a chur as oifig nó a bhaint de liosta na n-iarrthóirí incháilithe i rith a dtéarmaí oifige, mura bhfuil cúiseanna tromchúiseacha ann iad a chur as oifig nó a bhaint den liosta agus go gcinneann an Coimisiún é sin a dhéanamh, tar éis dó tuairim an Bhoird Bhainistíochta a fháil.

Airteagal 43

Eisiamh agus agóid

1.   Ní fhéadfaidh comhaltaí Boird Achomhairc páirt a ghlacadh in aon imeachtaí achomhairc má bhíonn leas pearsanta acu iontu, má bhí baint acu cheana leis na himeachtaí mar ionadaithe ar dhuine de na páirtithe iontu, ná má bhí siad rannpháirteach sa chinneadh a bhfuil achomharc á dhéanamh ina aghaidh.

2.   Má tharlaíonn sé, ar cheann de na cúiseanna a liostaítear i mír 1 nó ar chúis ar bith eile, go measann comhalta de Bhord Achomhairc nár cheart dó nó di páirt a ghlacadh in aon imeacht achomhairc, cuirfidh sé nó sí é sin in iúl don Bhord Achomhairc dá réir.

3.   Féadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí achomhairc agóid a dhéanamh in aghaidh comhaltaí Boird Achomhairc ar aon cheann de na forais a luaitear i mír 1, nó má bhíonn amhras ann go bhfuil an comhalta sin claonta. Ní bheidh agóid den sórt sin inghlactha, má bhíonn céim den nós imeachta glactha ag an bpáirtí sna himeachtaí achomhairc agus fios aige nó aici go raibh cúis achomhairc ann. Ní féidir agóid ar bith a dhéanamh bunaithe ar náisiúntacht na gcomhaltaí.

4.   Cinnfidh na Boird Achomhairc an gníomh a dhéanfar sna cásanna a shonraítear i mír 2 agus i mír 3 gan an comhalta lena mbaineann a bheith rannpháirteach. Chun críocha an cinneadh sin a dhéanamh, gabhfaidh a mhalartach nó a malartach ionad an chomhalta lena mbaineann ar an mBord Achomhairc.

Airteagal 44

Cinntí atá faoi réir achomhairc

1.   Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh cinntí de chuid na Gníomhaireachta a glacadh de bhun Airteagail 20, 21, 22, 23, 55 nó 64.

2.   Ní bheidh éifeacht fhionraitheach ag achomharc arna thaisceadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Féadfaidh an Ghníomhaireacht a ordú, áfach, go bhfionrófar feidhm an chinnidh a ndéantar achomharc maidir leis má mheasann sí go gceadaítear sin sna himthosca.

3.   Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh nach gcuireann críoch le himeachtaí maidir le páirtí amháin de na páirtithe ach amháin i gcomhar le hachomharc in aghaidh an chinnidh chríochnaithigh, mura bhforálann an cinneadh d'achomharc ar leith.

Airteagal 45

Na daoine atá i dteideal achomharc a dhéanamh

Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh a díríodh chuig an duine sin, nó in aghaidh cinnidh ar de chúram an chéad duine é go díreach agus go leithleach, bíodh is gur cinneadh é a díríodh chuig duine eile. Féadfaidh páirtithe sna himeachtaí a bheith páirteach sna himeachtaí achomhairc.

Airteagal 46

Teorainn ama agus foirm

Déanfar an t-achomharc, mar aon le ráiteas ar na forais atá leis a chomhdú i scríbhinn ag an nGníomhaireacht laistigh de dhá mhí ón uair a dtugtar fógra faoin mbeart don duine lena mbaineann, nó in éagmais fógra den sórt sin, ón lá a cuireadh in iúl don duine sin é, de réir mar a bheidh.

Airteagal 47

Leasú idirbhreitheach

1.   Má mheasann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go bhfuil an t-achomharc inghlactha agus go bhfuil forais ar fónamh leis an achomharc, ceartóidh sé an cinneadh. Ní bhainfidh sin le cásanna ina bhfuil an t-achomharcóir i gcoinne páirtí eile sna himeachtaí achomhairc.

2.   Mura ndéantar an cinneadh a cheartú laistigh d'aon mhí amháin tar éis an ráiteas ar na forais atá leis an achomharc a fháil, féadfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh a dhéanamh láithreach an bhfionróidh sí feidhmiú an chinnidh de bhun an dara habairt d'Airteagal 44(2), agus tarchuirfidh sí an t-achomharc chuig an mBord Achomhairc.

Airteagal 48

Achomhairc a scrúdú

1.   Má tá an t-achomharc inghlactha, scrúdóidh an Bord cé acu an bhfuil bunús maith leis.

2.   Le linn dó an t-achomharc a scrúdú de bhun mhír 1, gníomhóidh an Bord Achomhairc go gasta. Tabharfaidh sé cuireadh, a mhinice is gá, do na páirtithe sna himeachtaí achomhairc tuairimí a chomhdú laistigh de theorainneacha sonraithe ama maidir leis na fógraí a eiseoidh sé féin, nó maidir le cumarsáidí ó na páirtithe eile sna himeachtaí achomhairc. Féadfaidh páirtithe sna himeachtaí achomhairc tíolacthaí a dhéanamh ó bhéal.

Airteagal 49

Cinntí ar achomharc

Féadfaidh an Bord Achomhairc aon chumhacht a thagann faoi inniúlacht na Gníomhaireachta a fheidhmiú nó féadfaidh sé an cás a tharchur chuig comhlacht inniúil na Gníomhaireachta. Beidh cinneadh an Bhoird Achomhairc ina cheangal ar an nGníomhaireacht.

Airteagal 50

Caingne os comhair na Cúirte Breithiúnais

1.   Is féidir caingne a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach chun gníomhartha arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht agus atá ceangailteach go dlíthiúil ar thríú páirtithe a neamhniú, as loiceadh ó ghníomhú agus as damáistí a chúisigh an Ghníomhaireacht le linn a gníomhaíochtaí.

2.   Ní fhéadfar caingne chun cinntí de chuid na Gníomhaireachta a glacadh de bhun Airteagail 20, 21, 22, 23, 55 nó 64 a neamhniú a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach ach amháin tar éis triail a bheith bainte as na nósanna imeachta achomhairc uile laistigh den Ghníomhaireacht.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht na bearta uile is gá a ghlacadh chun breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach a chomhlíonadh.

Airteagal 51

Achomharc díreach

Féadfaidh na Ballstáit agus institiúidí an Chomhphobail achomharc díreach a thaisceadh os comhair Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach in aghaidh cinntí na Gníomhaireachta.

ROINN III

Modhanna oibre

Airteagal 52

Nósanna imeachta maidir le tuairimí, sonraíochtaí deimhniúcháin agus ábhar treorach a fhorbairt

1.   A luaithe agus is féidir tar éis teacht i bhfeidhm don Rialachán seo, bunóidh an Bord Bainistíochta nósanna imeachta trédhearcacha maidir leis na tuairimí, na sonraíochtaí deimhniúcháin agus an t-ábhar treorach dá dtagraítear in Airteagal 18(a) agus (c) a eisiúint.

Déanfaidh na nósanna imeachta sin:

(a)

leas a bhaint as an saineolas atá ar fáil in údaráis rialúcháin eitlíochta na mBallstát;

(b)

saineolaithe iomchuí ó na páirtithe leasmhara ábhartha a thabhairt isteach, nuair is gá;

(c)

a áirithiú go bhfoilseoidh an Ghníomhaireacht doiciméid agus go rachaidh sí i gcomhairle go forleathan le páirtithe leasmhara, de réir cláir ama agus nós imeachta a áiríonn an oibleagáid go dtabharfadh an Ghníomhaireacht freagra i scríbhinn ar an bpróiseas comhairliúcháin.

2.   Nuair a fhorbróidh an Ghníomhaireacht tuairimí, sonraíochtaí deimhniúcháin agus ábhar treorach a bheidh le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit, de bhun Airteagal 19, bunóidh sí nós imeachta le dul i gcomhairle leis na Ballstáit. D'fhéadfadh sí, chuige sin, meitheal oibre a bhunú a mbeadh gach Ballstát i dteideal saineolaí a ainmniú uirthi.

3.   Foilseofar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 18(a) agus (c) agus na nósanna imeachta a bunaíodh de bhun mhír 1 den Airteagal seo i bhfoilseachán oifigiúil de chuid na Gníomhaireachta.

4.   Bunófar nósanna imeachta speisialta chun dul i ngleic leis an ngníomh a bheidh le glacadh ag an nGníomhaireacht láithreach chun freagairt d'fhadhb sábháilteachta agus chun na páirtithe leasmhara ábhartha a chur ar an eolas maidir leis an ngníomh a bheidh le glacadh acu.

Airteagal 53

Nósanna imeachta maidir le cinntí a dhéanamh

1.   Bunóidh an Bord Bainistíochta nósanna imeachta trédhearcacha maidir le cinntí aonair a dhéanamh mar a fhoráiltear in Airteagal 18(d).

Déanfar an méid seo a leanas de bhíthin na nósanna imeachta sin:

(a)

áiritheofar go dtabharfar éisteacht don duine nádúrtha nó don duine dlítheanach a bhfuiltear le díriú air sa chinneadh agus d'aon pháirtí eile a bhfuil leas díreach indibhidiúil aige ann;

(b)

déanfar foráil maidir le fógra a thabhairt faoin gcinneadh do dhaoine nádúrtha nó do dhaoine dlítheanacha agus maidir lena fhoilsiú;

(c)

déanfar foráil maidir leis an duine nádúrtha nó leis an duine dlítheanach ar a bhfuil an cinneadh dírithe agus le haon pháirtithe eile sna himeachtaí a chur ar an eolas faoi na réitigh dhlí atá ar fáil dó faoin Rialachán seo;

(d)

áiritheofar go dtugtar cúiseanna sa chinneadh.

2.   Bunóidh an Bord Bainistíochta nósanna imeachta a shonróidh na coinníollacha faoina dtabharfar fógra faoi chinntí agus aird chuí á tabhairt ar an nós imeachta achomhairc.

3.   Bunófar nósanna imeachta speisialta chun dul i ngleic leis an ngníomh a bheidh le déanamh ag an nGníomhaireacht láithreach chun freagairt d'fhadhb sábháilteachta agus chun na páirtithe leasmhara ábhartha a chur ar an eolas maidir leis an ngníomh a bheidh le glacadh acu.

Airteagal 54

Cigireachtaí ar na Ballstáit

1.   Gan dochar do na cumhachtaí cur chun feidhme a thugtar don Choimisiún sa Chonradh, cabhróidh an Ghníomhaireacht leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus a rialacha cur chun feidhme trí chigireachtaí caighdeánaithe a dhéanamh ar údaráis inniúla na mBallstát mar a shonraítear in Airteagal 24(1). Tá sé de chumhacht ag na hoifigigh a údaraítear faoin Rialachán seo, agus ag na hoifigigh sin atá tugtha ar iasacht ag na húdaráis náisiúnta atá rannpháirteach sna cigireachtaí sin, an méid seo a leanas a dhéanamh, i gcomhlíonadh fhorálacha dlíthiúla an Bhallstáit lena mbaineann:

(a)

scrúdú a dhéanamh ar na taifid ábhartha, ar na sonraí ábhartha, ar na nósanna imeachta ábhartha agus ar aon ábhar eile atá ábhartha chun leibhéil sábháilteachta eitlíochta a bhaint amach i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(b)

cóipeanna a dhéanamh de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile nó sleachta a bhaint astu;

(c)

míniúchán ó bhéal a lorg ar an toirt;

(d)

dul isteach in aon áitreamh ábhartha, ar aon talamh ábhartha nó in aon chóir iompair ábhartha.

2.   Feidhmeoidh oifigigh na Gníomhaireachta arna údarú chun críche na gcigireachtaí dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí ar thaispeáint údarú i scríbhinn ina sonrófar ábhar agus cuspóir na cigireachta agus an dáta a gcuirfear tús léi. I bhfad sula ndéantar an chigireacht, cuirfidh an Ghníomhaireacht an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoin gcigireacht agus faoi ainmneacha na n-oifigeach údaraithe.

3.   Géillfidh an Ballstát lena mbaineann do na cigireachtaí sin agus áiritheoidh sé go ngéillfidh na comhlachtaí nó na daoine lena mbaineann dóibh chomh maith.

4.   Nuair a bheidh cigireacht ar ghnóthas nó ar chomhlachas gnóthas mar chuid de chigireacht a chuirtear i gcrích de bhun an Airteagail seo, beidh feidhm ag forálacha Airteagal 55. I gcás ina gcuirfidh gnóthas in aghaidh na cigireachta, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an cúnamh is gá do na hoifigigh a bheidh údaraithe ag an nGníomhaireacht chun go mbeidh ar a gcumas an chigireacht a chur i gcrích.

5.   Cuirfear tuarascálacha arna ndréachtú i gcur i bhfeidhm an Airteagail seo ar fáil i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ar cuireadh an chigireacht i gcrích ann.

Airteagal 55

Imscrúdú ar ghnóthais

1.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht féin na himscrúduithe uile is gá a dhéanamh ar ghnóthais chun Airteagail 7, 20, 21, 22, 23 agus 24(2) a chur i bhfeidhm a sheoladh nó féadfaidh sí iad a shannadh ar údaráis náisiúnta eitlíochta nó ar aonáin cháilithe. Cuirfear na himscrúduithe sin i gcrích de réir fhorálacha dlíthiúla na mBallstát ina bhfuiltear chun tabhairt fúthu. Chuige sin, beidh sé de chumhacht ag na daoine a údaraítear faoin Rialachán seo na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

scrúdú a dhéanamh ar na taifid ábhartha, ar na sonraí ábhartha, ar na nósanna imeachta ábhartha agus aon ábhar eile atá ábhartha chun tascanna na Gníomhaireachta a fhorghníomhú;

(b)

cóipeanna a dhéanamh de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile nó sleachta a bhaint astu;

(c)

míniúchán ó bhéal a lorg ar an láthair;

(d)

dul isteach in áitreabh ábhartha gnóthas, ar thailte ábhartha gnóthas nó i gcóir iompair ábhartha gnóthas;

(e)

cigireachtaí a sheoladh ar aerárthaí i gcomhar leis na Ballstáit.

2.   Feidhmeoidh na daoine arna n-údarú chun críche na n-imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí ar thaispeáint údarú i scríbhinn dóibh ina sonrófar ábhar agus cuspóir na cigireachta.

3.   I bhfad sula ndéanfar an t-imscrúdú, cuirfidh an Ghníomhaireacht an Ballstát lena mbaineann arb ar a chríoch atáthar chun an t-imscrúdú a chur i gcrích ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarratas ón nGníomhaireacht, tabharfaidh oifigigh ón mBallstát lena mbaineann cúnamh do na daoine údaraithe sin a ndualgais a chur i gcrích.

Airteagal 56

An clár oibre bliantúil

Beidh sé d'aidhm ag an gclár oibre bliantúil feabhas leanúnach ar shábháilteacht eitlíochta san Eoraip a chur chun cinn agus cuspóirí, sainorduithe agus tascanna na Gníomhaireachta a chomhlíonadh, faoi mar a leagtar amach sa Rialachán seo iad. Léireofar go soiléir ann na sainorduithe agus na tascanna sin de chuid na Gníomhaireachta a tugadh isteach, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.

Beidh cur i láthair an chláir oibre bhliantúil bunaithe ar an modheolaíocht arna húsáid ag an Coimisiún mar chuid den Bhainistíocht trí Ghníomhaíocht.

Airteagal 57

An tuarascáil ghinearálta bhliantúil

Déanfaidh an tuarascáil ghinearálta bhliantúil cur síos ar an mbealach ina bhfuil a clár oibre bliantúil curtha chun feidhme ag an nGníomhaireacht. Cuirfidh sé in iúl go soiléir na sainorduithe agus na tascanna sin de chuid na Gníomhaireachta a tugadh isteach, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.

Tabharfar sracléiriú sa tuarascáil ar na gníomhaíochtaí a chuir an Ghníomhaireacht i gcrích agus déanfaidh sí a dtorthaí a mheas i ndáil leis na cuspóirí agus leis an amchlár a socraíodh, leis na rioscaí a bhain leis na gníomhaíochtaí sin, leis an úsáid a baineadh as acmhainní agus le hoibríochtaí ginearálta na Gníomhaireachta.

Airteagal 58

Trédhearcacht agus cumarsáid

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh na Gníomhaireachta.

2.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht cumarsáid a dhéanamh ar a tionscnamh féin sna réimsí a thagann faoina mandáid. Áiritheoidh sí go háirithe go dtabharfar eolas faoina gcuid oibre atá oibiachtúil, iontaofa agus furasta a thuiscint don phobal agus d'aon pháirtí leasmhar go tapa, chomh maith leis an bhfoilseachán a shonraítear in Airteagal 52(3).

3.   Beidh aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach i dteideal cumarsáid a dhéanamh i scríbhinn leis an nGníomhaireacht in aon cheann de na teangacha dá dtagraítear in Airteagal 314 den Chonradh. Beidh sé de cheart ag an duine sin freagra a fháil sa teanga chéanna sin.

4.   Beidh an fhaisnéis a bhaileoidh an Ghníomhaireacht i gcomhréir leis an Rialachán seo faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (11).

ROINN IV

Ceanglais airgeadais

Airteagal 59

An Buiséad

1.   Is éard a bheidh in ioncam na Gníomhaireachta:

(a)

ranníocaíocht ón gComhphobal;

(b)

ranníocaíocht ó aon tríú tír Eorpach a bhfuil na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 66 tugtha i gcrích ag an gComhphobal léi;

(c)

na táillí a íocfaidh iarrthóirí ar dheimhnithe agus ar fhormheasanna a eiseoidh an Ghníomhaireacht agus a íocfaidh sealbhóirí na ndeimhnithe agus na bhformheasanna sin;

(d)

muirir ar fhoilseacháin, ar oiliúint agus ar aon seirbhísí eile a chuireann an Ghníomhaireacht ar fáil; agus

(e)

aon ranníocaíocht dheonach airgeadais ó Bhallstáit, ó thríú tíortha nó ó aonáin eile, fad is nach gcuirfeadh an ranníocaíocht sin isteach ar neamhspleáchas agus ar neamhchlaontacht na Gníomhaireachta.

2.   Áireofar le caiteachas na Gníomhaireachta costais foirne, costais riaracháin, costais bonneagair agus costais oibríochtúla.

3.   Beidh ioncam agus caiteachas ar comhardú.

4.   Déileálfar astu féin i mbuiséad na Gníomhaireachta le buiséid rialaitheacha agus leis na táillí a shocrófar agus a bhaileofar i leith gníomhaíochtaí deimhniúcháin.

5.   Gach bliain soláthróidh an Bord Bainistíochta ráiteas ar mheastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta don bhliain dár gcionn, bunaithe ar dhréachtráiteas ar mheastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta.

6.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta an ráiteas ar mheastacháin dá dtagraítear i mír 4, a mbeidh dréachtphlean bunaíochta ann chomh maith leis an gclár oibre sealadach, a chur ar aghaidh, faoin 31 Márta ar a dhéanaí, chuig an gCoimisiún agus chuig na stáit sin a bhfuil comhaontuithe curtha i gcrích ag an gComhphobal leo i gcomhréir le hAirteagal 66.

7.   Cuirfidh an Coimisiún an ráiteas ar mheastacháin ar aghaidh chuig an údarás buiséid mar aon le réamh-dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

8.   Ar bhonn an ráitis ar mheastacháin, cuirfidh an Coimisiún i réamh-dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh na meastacháin sin a mheasann sé atá riachtanach don phlean bunaíochta agus do mhéid an fhóirdheontais a dhéanfar a mhuirearú ar an mbuiséad ginearálta, a chuirfidh sé faoi bhráid an údaráis buiséid i gcomhréir le hAirteagal 272 den Chonradh.

9.   Údaróidh an t-údarás buiséid leithreasaí don fhóirdheontas a íocfar leis an nGníomhaireacht. Glacfaidh an t-údarás buiséid plean bunaíochta na Gníomhaireachta.

10.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta an buiséad. Déanfar buiséad críochnaitheach de ach a mbeidh glactha go críochnaitheach le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. I gcás inarb iomchuí, déanfar é a choigeartú dá réir.

11.   Tabharfaidh an Bord Bainistíochta fógra, a luaithe is féidir, don údarás buiséid faoi aon tionscadal atá ar intinn aige a chur chun feidhme a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar mhaoiniú an bhuiséid, go háirithe faoi aon tionscadail a bhaineann le maoin amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi.

I gcás ina mbeidh fógra tugtha ag craobh den údarás buiséid go bhfuil sé ar intinn aici tuairim a thabhairt, seolfaidh sí a tuairim chuig an mBord Bainistíochta laistigh de thréimhse sé seachtaine ó dháta fógartha an tionscadail.

Airteagal 60

An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú

1.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme.

2.   Faoin 1 Márta ar a dhéanaí tar éis gach bliain airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta na cuntais shealadacha chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin mar aon le tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin comhdhlúthú ar chuntais shealadacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe i gcomhréir le hAirteagal 128 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais atá infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (12).

3.   Faoin 31 Márta ar a dhéanaí tar éis gach bliana airgeadais, seolfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na Gníomhaireachta ar aghaidh chuig an gCúirt Iniúchóirí mar aon le tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Cuirfear an tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais don bhliain airgeadais sin ar aghaidh chomh maith chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

4.   De bhun Airteagal 129 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002, nuair a gheobhaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin barúlacha na Cúirte Iniúchóirí maidir le cuntais shealadacha na Gníomhaireachta, tarraingeoidh sé suas cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta faoina fhreagracht féin agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Bhainistíochta iad chun tuairim a fháil uaidh.

5.   Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta.

6.   Faoin 1 Iúil ar a dhéanaí tar éis gach bliain airgeadais, seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chríochnaitheacha, mar aon le tuairim an Bhoird Bhainistíochta, ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

7.   Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha.

8.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra ar a barúlacha chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 30 Meán Fómhair ar a dhéanaí. Cuirfidh sé an freagra sin chuig an mBord Bainistíochta freisin.

9.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, arna iarraidh sin di, aon fhaisnéis is gá d'fheidhmiú rianúil an nós imeachta um urscaoileadh don bhliain airgeadais a bheidh i gceist, mar a fhoráiltear dó in Airteagal 146(3) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002.

10.   Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle a bheidh ag gníomhú trí thromlach cáilithe, urscaoileadh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh 30 Aibreán den bhliain N + 2, i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain N.

Airteagal 61

An comhrac in aghaidh calaoise

1.   Chun cur i gcoinne calaoise, éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, beidh feidhm gan srian ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (13).

2.   Aontóidh an Ghníomhaireacht don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (14) agus eiseoidh sí, gan mhoill, na forálacha iomchuí is infheidhme ar a foireann.

3.   Luafar go sainráite i gcinntí maidir le maoiniú agus maidir leis na comhaontuithe agus na hionstraimí cur chun feidhme a eascraíonn astu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF seiceálacha ar an toirt a chur i gcrích, más gá, ar fhaighteoirí mhaoiniú na Gníomhaireachta agus i measc na ngníomhairí atá freagrach as an maoiniú a leithdháileadh.

Airteagal 62

Meastóireacht

1.   Laistigh de thrí bliana ón dáta ar ghlac an Ghníomhaireacht a dualgais chuici féin, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Bord Bainistíochta meastóireacht sheachtrach neamhspleách a choimisiúnú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo.

2.   Sa mheastóireacht sin, scrúdófar a éifeachtaí is atá an Ghníomhaireacht ag comhlíonadh a misean. Déanfar tionchar an Rialacháin seo agus tionchar na Gníomhaireachta agus a cleachtas oibre a mheas freisin ó thaobh ardleibhéal sábháilteachta a bhunú san eitlíocht shibhialta. Cuirfear tuairimí geallsealbhóirí san áireamh sa mheastóireacht ar an leibhéal Eorpach agus náisiúnta araon.

3.   Gheobhaidh an Bord Bainistíochta torthaí na meastóireachta agus seolfaidh an Bord moltaí maidir le hathruithe ar an Rialachán seo, ar an nGníomhaireacht agus ar a cleachtais oibre chuig an gCoimisiún, a fhéadfaidh iad a chur ar aghaidh, maille lena thuairim féin agus le tograí iomchuí, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Beidh plean gníomhaíochta agus clár ama san áireamh, más iomchuí. Cuirfear torthaí agus moltaí na meastóireachta araon ar fáil don phobal.

Airteagal 63

Forálacha airgeadais

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir leis an nGníomhaireacht. Ní fhéadfaidh siad imeacht ó Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2002 maidir leis an gcreat-Rialachán Airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais a bhfuil feidhm aige maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (15) mura gá go sonrach imeacht uaidh ar mhaithe le hoibriú na Gníomhaireachta agus mura mbeidh sin ceadaithe ag an gCoimisiún roimh ré.

Airteagal 64

Rialachán um tháillí agus muirir

1.   Na bearta a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, agus a bhaineann le táillí agus muirir, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 65(4).

2.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta maidir le dréacht na mbeart dá dtagraítear i mír 1.

3.   Cinnfear leis na bearta dá dtagraítear i mír 1, go háirithe, na nithe a bhfuil táillí agus muirir iníoctha orthu de bhun Airteagal 59(1)(c) agus (d), suim na dtáillí agus na muirear agus an modh a n-íocfar iad.

4.   Toibheofar táillí agus muirir do na nithe seo a leanas:

(a)

eisiúint agus athnuachan deimhnithe, maille leis na feidhmeanna leanúnacha maoirseachta gaolmhara;

(b)

soláthar seirbhísí; beidh siad ag teacht le costas iarbhír gach soláthair ar leith;

(c)

próiseáil achomharc.

Is in euro a léireofar agus a íocfar gach táille agus muirear.

5.   Socrófar suim na dtáillí agus na muirear ar leibhéal a áiritheoidh gur leor i bprionsabal an t-ioncam a thiocfaidh dá réir chun costas iomlán na seirbhísí a sheachadfar a chumhdach. Sannfar mar ioncam don Ghníomhaireacht na táillí agus na muirir sin, lena n-áirítear na táillí agus na muirir a bailíodh in 2007.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 65

An Coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Aon mhí amháin a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

4.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

5.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus (5)(b) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Fiche lá a bheidh sna teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c), (4)(b) agus (4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE.

6.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4), 5(6) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

7.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 6 de Chinneadh 1999/468/CE.

Sula nglacfaidh an Coimisiún a chinneadh, rachaidh sé i gcomhairle leis an gcoiste dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 6(b) de Chinneadh 1999/468/CE.

Nuair a chuirfidh Ballstát cinneadh ón gCoimisiún faoi bhráid na Comhairle, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di le tromlach cáilithe, cinneadh difriúil a dhéanamh laistigh de thréimhse trí mhí.

Airteagal 66

Rannpháirtíocht tríú tíortha Eorpacha

Féadfaidh tríú tíortha Eorpacha, ar páirtithe conarthacha iad de Choinbhinsiún Chicago agus a bhfuil comhaontuithe curtha i gcrích acu leis an gComhphobal Eorpach trínar ghlac siad dlí an Chomhphobail sa réimse a fholaítear faoin Rialachán seo agus a rialacha cur chun feidhme, agus ina bhfuil sé á chur i bhfeidhm acu, a bheith rannpháirteach sa Ghníomhaireacht.

Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe sin, forbrófar socruithe a shonróidh, inter alia, cineál, méid, agus rialacha mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht na dtíortha dá dtagraítear sa chéad fhomhír in obair na Gníomhaireachta, lena n-áirítear forálacha maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus maidir leis an bhfoireann.

Airteagal 67

Tús oibriú na Gníomhaireachta

1.   Ón 28 Meán Fómhair 2003 ar aghaidh, rachaidh an Ghníomhaireacht i mbun na dtascanna deimhniúcháin a bhfuil dualgas uirthi ina leith de bhun Airteagal 20. Go dtí an dáta sin, leanfaidh na Ballstáit d'fheidhmiú na reachtaíochta agus na rialachán is infheidhme.

2.   Ar feadh idirthréimhse bhreise 42 mí ón dáta dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh na Ballstáit leanúint de dheimhnithe agus d'fhormheasanna a eisiúint de mhaolú ar fhorálacha Airteagail 5, 6, 12 agus 20 faoi na coinníollacha arna sonrú ag an gCoimisiún sna bearta a glacadh chun iad a chur i bhfeidhm. Sa chomhthéacs sin, nuair a eiseoidh na Ballstáit deimhnithe atá bunaithe ar dheimhnithe a d'eisigh tríú tíortha, cuirfidh na bearta arna nglacadh ag an gCoimisiúin na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 12(2)(b) agus (c) san áireamh go cuí.

Airteagal 68

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos pionóis do sháruithe ar an Rialachán seo agus ar a rialacha cur chun feidhme. Beidh na pionóis sin éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 69

Aisghairmeacha

1.   Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 gan dochar d'fhorálacha an dara fomhír.

Déanfar na tagairtí don Rialachán a aisghairtear a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus ba cheart iad a léamh i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

2.   Déantar Treoir 91/670/CEE ón gComhairle a aisghairm leis seo amhail ó theacht i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 7(6).

3.   Scriosfar Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 amhail ó theacht i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 8(5).

4.   Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 11 maidir le táirgí, páirteanna agus fearais, eagraíochtaí agus daoine a ndearnadh deimhniúchán orthu nó ar aithníodh a ndeimhniúchán i gcomhréir le forálacha na ngníomhartha dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo.

5.   Déantar Treoir 2004/36/CE a aisghairm amhail ó theacht i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 10(5) den Rialachán seo, agus gan dochar do na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(2) den Treoir sin.

Airteagal 70

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagail 5, 6, 7, 8, 9 agus 10 amhail ó na dátaí a shonraítear ina rialacha cur chun feidhme faoi seach, ach gan dul thar an 8 Aibreán 2012.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 20 Feabhra 2008

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa,

An tUachtarán

H-G PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle,

An tUachtarán

J. LENARČIČ


(1)  IO C 185, 8.8.2006, lch. 106.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2007 (IO C 301 E, 13.12.2007, lch. 103), Comhsheasamh ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2007 (IO C 277 E, 20.11.2007, lch. 8) agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2007. Cinneadh ón gComhairle an 31 Eanáir 2008.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d'aeriompróirí a bhunú a bheadh faoi réir cosc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal agus maidir le paisinéirí aeriompair a chur ar an eolas faoi chéannacht an aeriompróra atá ag oibriú (IO L 344, 27.12.2005, lch. 15).

(4)  IO L 240, 7.9.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 334/2007 ón gCoimisiún (IO L 88, 29.3.2007, lch. 39).

(5)  IO L 373, 31.12.1991, lch. 4. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 8/2008 ón gCoimisiún (IO L 10, 12.1.2008, lch 1).

(6)  IO L 373 31.12.1991, lch. 1.

(7)  IO L 143, 30.4.2004, lch. 76. Treoir arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

(8)  IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

(9)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

(10)  IO L 377, 27.12.2006, lch. 1.

(11)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(12)  IO L 248, 16.9.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE,) Uimh. 1525/2007 (IO L 343, 27.12.2007, lch. 9).

(13)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.

(14)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

(15)  IO L 357, 31.12.2002, lch. 72.


IARSCRÍBHINN I

Na ceanglais fhíor-riachtanacha aeracmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 5

1.   Sláine táirge: ní mór sláine táirge a áirithiú do na coinníollacha eitilte uile a bhfuil coinne leo i gcaitheamh shaolré oibríochtúil an aerárthaigh. Ní mór a léiriú trí mheasúnú nó trí anailís go bhfuil na ceanglais ar fad á gcomhlíonadh agus tástálacha mar thaca leo, más gá.

1.a.

Struchtúir agus ábhair: ní mór sláine an struchtúir a áirithiú ar fud imchlúdach oibríochtúil an aerárthaigh, agus lasmuigh di, ar bhealach leordhóthanach, lena n-áirítear a chóras tiomána, agus é seo a chothabháil i rith shaolré oibríochtúil an aerárthaigh.

1.a.1.

Caithfidh gach páirt den aerárthach a d’fhéadfadh a shláine struchtúrach a laghdú dá gclisfeadh uirthi na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh gan dífhoirmiúchán díobhálach ná gan cliseadh. Folaíonn sé seo na hítimí uile a bhfuil toirt shuntasach iontu maille lena modhanna srianta.

1.a.1.a.

Caithfear na teaglaim ualaí uile a bhféadfaí a bheith ag súil leo go réasúnta laistigh, agus lasmuigh ar bhealach leordhóthanach, de mheáchain, de raon meáchanláir, d’imchlúdach oibríochtúil agus de shaolré an aerárthaigh a áireamh. Folaíonn sé seo ualaí a eascraíonn as séideáin, ainlithe, brúchóiriú, dromchlaí inaistrithe, córais rialaithe agus tiomána, san aer agus ar an talamh araon.

1.a.1.b.

Ní mór aird a thabhairt ar na hualaí agus ar aon chliseadh is dócha a tharlódh de bharr tuirlingtí éigeandála ar thalamh nó ar uisce.

1.a.1.c.

Caithfidh éifeachtaí dinimiciúla a bheith folaithe sa fhreagairt struchtúrach ar na hualaí sin.

1.a.2.

Caithfidh an t-aerárthach a bheith saor ó aon neamhchobhsaíocht aerleaisteach agus ó chreathadh iomarcach.

1.a.3.

Níor mhór go dtiocfadh airíonna struchtúracha aitheanta agus inatáirgthe as na próisis monaraithe agus as na hábhair a úsáidfear chun an t-aerárthach a thógáil. Ní mór míniú a thabhairt ar aon athrú ar fheidhmíocht ábharach a bhfuil baint ag an timpeallacht oibríochtúil leis.

1.a.4.

Níor cheart go laghdódh éifeachtaí lódála timthriallaí, díghrádaithe timpeallachta, damáiste de bharr timpistí agus damáiste de bharr foinsí discréideacha an tsláine struchtúrach faoi bhun leibhéil nirt iarmharaigh inghlactha. Ba cheart gach treoir atá riachtanach d’fhonn aeracmhainneacht leanúnach a áirithiú i ndáil leis sin a fhógairt.

1.b.

Tiomáint: ní mór sláine an chórais tiomána (i.e. an t-inneall agus, nuair is iomchuí, an lián) a léiriú ar fud imchlúdach oibríochtúil an chórais tiomána, agus lasmuigh de ar bhealach leordhóthanach, agus an tsláine sin a choimeád i rith shaolré oibríochtúil an chórais tiomána.

1.b.1.

Ní mór don chóras tiomána, laistigh dá theorainneacha luaite, an sá nó an chumhacht a éileofar air faoi na coinníollacha eitilte uile atá riachtanach a tháirgeadh, agus tionchair agus coinníollacha comhshaoil á gcur san áireamh.

1.b.2.

Níor mhór go dtiocfadh iompraíocht struchtúrach aitheanta agus inatáirgthe as an bpróiseas monaraithe agus as na hábhair arna n-úsáid chun an t-aerárthach a thógáil. Ní mór aon athrú ar fheidhmíocht ábharach a bhfuil baint ag an timpeallacht oibríochtúil leis a mhíniú.

1.b.3.

Ba cheart nach laghdódh sláine an chórais tiomána faoi bhun leibhéal inghlactha de bharr na héifeachta a bheadh ag lódáil thimthriallach, ag díghrádú timpeallachta agus oibríochtúil, agus ag cliseadh ar chomhpháirteanna is dócha a tharlódh ina dhiaidh sin. Ba cheart gach treoir atá riachtanach d’fhonn aeracmhainneacht leanúnach a áirithiú i ndáil leis seo a fhógairt.

1.b.4.

Ní mór gach treoir, gach faisnéis agus gach ceanglas is gá chun comhéadan sábháilte agus cuí a áirithiú idir an córas tiomána agus an t-aerárthach a fhógairt.

1.c.

Córais agus trealamh

1.c.1.

Níor cheart go mbeadh aon ghnéithe ná aon mhionsonraí deartha san aerárthach a léiríonn an taithí orthu go bhfuil siad guaiseach.

1.c.2.

Ba cheart go bhfeidhmeodh an t-aerárthach, lena n-áirítear na córais, an trealamh agus na fearais sin is gá do dhearbhú cineáil, nó ar gá iad de réir rialacha oibríochtúla, mar atá beartaithe, faoi aon choinníollacha oibríochtúla ar féidir coinne a bheith leo, ar fud imchlúdach oibríochtúil an aerárthaigh, agus lasmuigh de ar bhealach leordhóthanach, agus timpeallacht oibríochtúil an chórais, an trealaimh nó an fhearais á cur san áireamh go cuí. Ba cheart nach laghdódh córais, trealamh agus fearas eile nach bhfuil riachtanach do dhearbhú cineáil, nó de réir rialacha oibríochtúla, bídís ag feidhmiú i gceart nó ná bíodh, sábháilteacht agus ba cheart nach mbeadh drochthionchar acu ar fheidhmiú ceart aon chórais, aon trealaimh nó aon fhearais eile. Ba cheart go mbeadh córais, trealamh agus fearais inoibrithe gan gá a bheith le scil nó le neart eisceachtúil.

1.c.3.

Caithfear córais, trealamh agus fearais ghaolmhara an aerárthaigh a dhearadh, arna meas astu féin agus ó thaobh an ghaoil atá eatarthu, ionas nach dtarlódh cliseadh tromchúiseach de thoradh ar chliseadh aonair nár léiríodh gurbh fhíorbheag an seans go dtarlódh sé, agus ní mór coibhneas inbhéartach a bheith ann idir a dhóchúla atá sé go dtiocfaidh coinníoll as a n-eascródh cliseadh agus déine na héifeachta a bheadh aige ar an aerárthach agus ar a áitritheoirí. Maidir leis an gcritéar um chliseadh aonair thuas, tuigtear gur gá méid agus cumraíocht ghinearálta an aerárthaigh a chur san áireamh go cuí agus go bhféadfadh sé sin comhlíonadh an chritéir um chliseadh aonair a chosc i gcás roinnt comhpháirteanna agus córas ar héileacaptair agus ar eitleáin bheaga.

1.c.4.

Caithfear faisnéis atá riachtanach chun an eitilt a sheoladh go sábháilte agus faisnéis maidir le coinníollacha neamhshábháilte a chur ar fáil don fhoireann, nó do phearsanra cothabhála, de réir mar is iomchuí, ar bhealach soiléir, comhsheasmhach agus neamh-dhébhríoch. Ní mór córais, trealamh agus rialtáin, lena n-áirítear comharthaí agus fógraí, a dhearadh agus a shuiteáil ar bhealach a laghdódh líon na mbotún a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis guaise.

1.c.5.

Ní mór réamhchúraimí maidir le dearadh a ghlacadh, laistigh agus lasmuigh den aerárthach, le guaiseacha a laghdú i leith an aerárthaigh agus a áitritheoirí ó bhagairtí a bhfuil seans réasúnach ann go dtitfidh siad amach, réamhchúraimí lena n-áirítear cosaint i gcoinne na féidearthachta go dtarlódh cliseadh suntasach i bhfearas aerárthaigh nó go gcuirfí as d’aon fhearas aerárthaigh.

1.d.

Aeracmhainneacht leanúnach.

1.d.1.

Ní mór treoracha i leith aeracmhainneachta leanúnaí a bhunú d’fhonn a áirithiú go gcloífear leis an gcaighdeán aeracmhainneachta um dheimhniúchán cineáil d’eitleáin trí shaolré oibríochtúil an aerárthaigh.

1.d.2.

Ní mór modhanna a chur ar fáil d’fhonn cigireacht, coigeartú nó bealú a dhéanamh ar chomhpháirteanna nó ar fhearais, nó comhpháirteanna agus fearais a bhaint amach nó a athsholáthar de réir mar a bheidh gá leis d’fhonn aeracmhainneacht leanúnach a áirithiú.

1.d.3.

Ní mór gur i bhfoirm lámhleabhair, nó lámhleabhar, a bheadh na treoracha i leith aeracmhainneachta leanúnaí, de réir líon na sonraí a chuirfear ar fáil. Ní mór go gcumhdódh na lámhleabhair treoracha cothabhála agus deisiúcháin, faisnéis maidir le seirbhísiú, fabhtcheartú agus nósanna imeachta cigireachta, i bhformáid a éascóidh socrú praiticiúil a dhéanamh.

1.d.4.

Ní mór go mbeadh teorainneacha aeracmhainneachta sna treoracha i leith aeracmhainneachta leanúnaí ina leagtar amach gach tréimhse éigeantach athsholáthair, gach eatramh cigireachta agus gach nós imeachta cigireachta a ghabhann leis.

2.   Gnéithe aeracmhainneachta oibrithe táirge

2.a.

Ní mór a thaispeáint go ndearnadh an méid seo a leanas chun leibhéal sásúil sábháilteachta a áirithiú dóibh siúd ar bord nó ar an talamh agus an táirge á oibriú:

2.a.1.

Ní mór na cineálacha oibrithe dá bhfuil an t-aerárthach faofa a leagan amach mar aon le teorainneacha agus faisnéis atá riachtanach lena oibriú go sábháilte, lena n-áirítear teorainneacha agus feidhmiú ó thaobh an chomhshaoil.

2.a.2.

Ní mór don aerárthach a bheith inrialaithe agus so-innealta go sábháilte faoi gach coinníoll oibríochta intuartha lena n-áirítear i ndiaidh do cheann amháin de na córais tiomána, nó do níos mó ná ceann amháin de na córais tiomána, cliseadh, más iomchuí. Caithfear neart an phíolóta, timpeallacht na deice eitilte, ualach oibre an phíolóta agus dálaí eile a bhfuil gné dhaonna ag baint leo agus céim na heitilte agus fad na heitilte a chur san áireamh go cuí.

2.a.3.

Ní mór go mbeadh sé indéanta aistriú réidh a dhéanamh ó chéim eitilte amháin go céim eitilte eile gan scil píolótachta, aireachas, neart ná ualach oibre eisceachtúil a bheith de dhíth faoi aon choinníoll oibríochta is dócha a bheadh ann.

2.a.4.

Ní mór a oiread cobhsaíochta a bheith ann agus a áiritheoidh nach mbeidh na héilimh a dhéanfar ar an bpíolóta iomarcach, agus céim agus fad na heitilte á gcur san áireamh.

2.a.5.

Ní mór nósanna imeachta a bhunú do ghnáthoibríochtaí, do chliseadh agus do choinníollacha éigeandála.

2.a.6.

Ní mór foláirimh, nó iombhagairtí eile a sholáthar lena cheapfar cosc a chur le sárú an ghnáth-imchlúdaigh eitilte faoi mar is iomchuí de réir cineáil.

2.a.7.

Ní mór go gceadódh airíonna an aerárthaigh agus a chórais go bhféadfaí filleadh go sábháilte ó dhálaí foircneacha imchlúdach na heitilte a d’fhéadfadh teacht ina bhealach.

2.b.

Ní mór na srianta oibríochtúla agus aon fhaisnéis eile atá riachtanach chun oibriú go sábháilte a chur ar fáil do na comhaltaí foirne.

2.c.

Caithfear oibríochtaí táirge a chosaint ó ghuaiseacha a eascróidh as dálaí seachtracha agus inmheánacha dochracha, lena n-áirítear coinníollacha comhshaoil.

2.c.1.

Ba cheart, go háirithe, nach dtiocfadh aon staid bhaolach as neamhchosaint ó fheiniméin amhail drochaimsir, tintreach, imbhualadh éin, réimsí radaithe ardmhinicíochta, ózón, etc., ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin, a mbeifí ag súil go réasúnta a tharlódh agus táirge á oibriú.

2.c.2.

Ní mór go gcuirfeadh urranna cábáin dálaí oiriúnacha iompair ar fáil do phaisinéirí agus cosaint chuí ó aon ghuais a mbeifí ag súil a tharlódh in oibríochtaí na heitilte nó de thoradh ar staideanna éigeandála, lena n-áirítear tine, deatach, gáis nimhiúla agus guaiseanna de thoradh ar dhí-chomhbhrú mear. Ní mór socruithe a dhéanamh chun gach seans réasúnta a thabhairt d’áitritheoirí gortú tromchúiseach a sheachaint agus an t-aerárthach a fholmhú go tapa agus iad a chosaint ó éifeacht na bhfórsaí luasmhoillithe i gcás tuirlingthe éigeandála ar talamh nó ar muir. Ní mór comharthaí nó fógraí atá soiléir agus gan athbhrí a chur ar fáil, de réir mar is iomchuí, le hoiliúint a chur ar áitritheoirí maidir le hiompraíocht iomchuí shábháilte agus maidir le láthair agus ceartúsáid an trealaimh sábháilteachta. Caithfidh fáil a bheith ar an trealamh sábháilteachta atá riachtanach go héasca.

2.c.3.

Caithfidh urranna na foirne a bheith socraithe chun oibríochtaí eitilte, lena n-áirítear feasacht staide a chur ar fáil, a éascú agus chun aon staid nó aon éigeandálacha a bhfuiltear ag súil leo a bhainistiú. Caithfidh timpeallacht urranna na foirne gan cur as do chumas na gcomhaltaí foirne a gcuid tascanna a chur i gcrích agus caithfidh dearadh na n-urrann a bheith déanta ar bhealach a sheachnódh aon chur isteach ar oibríochtaí agus ar mhí-úsáid na rialtán.

3.   Eagraíochtaí (lena n-áirítear daoine nádúrtha a thugann faoi dhearadh, faoi mhonarú nó faoi chothabháil)

3.a.

Ní mór formheasanna eagraíochta a eisiúint nuair a chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

3.a.1.

caithfidh na hacmhainní uile is gá le haghaidh raon feidhme na hoibre a bheith ag an eagraíocht. Áirítear orthu sin áiseanna, pearsanra, trealamh, uirlisí agus ábhar, doiciméadacht tascanna, freagrachtaí agus nósanna imeachta, rochtain ar shonraí ábhartha agus coimeád taifead, ach gan a bheith teoranta dóibh;

3.a.2.

caithfidh an eagraíocht córas bainistíochta a chur i bhfeidhm agus a choiméad ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha seo le haghaidh aerfhiúntais agus caithfidh an eagraíocht iarracht a dhéanamh feabhas leanúnach a chur ar an gcóras seo;

3.a.3.

caithfidh an eagraíocht socruithe a bhunú le heagraíochtaí ábhartha eile, de réir mar is gá, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha seo go leanúnach;

3.a.4.

caithfidh an eagraíocht córas tuairiscithe tarluithe agus/nó córas láimhseála tarluithe a bhunú, nach mór don chóras bainistíochta feidhm a bhaint as faoi phointe 3.a.2 agus na socruithe faoi 3.a.3, d’fhonn cur leis an gcuspóir maidir le sábháilteacht táirgí a fheabhsú go leanúnach.

3.b.

Ní bhaineann na coinníollacha faoi phointí 3.a.3 agus 3.a.4 le heagraíochtaí oiliúna cothabhála.


IARSCRÍBHINN II

Aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(4)

Níl feidhm ag Airteagal 4(1), (2) ná (3) maidir le haerárthaí atá i gceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na catagóirí a leagtar amach anseo thíos:

(a)

aerárthaí stairiúla a chomhlíonann na critéir thíos:

(i)

aerárthaí neamhchoimpléascacha:

ar bunaíodh a ndearadh ar dtús roimh 1.1.1955 agus

ar éiríodh as a bheith á dtáirgeadh roimh 1.1.1975

(ii)

aerárthaí a bhfuil tábhacht shoiléir stairiúil leo a bhaineann leis an méid seo a leanas:

go raibh siad rannpháirteach in imeacht stairiúil iomráiteach; nó

céim mhór chun tosaigh i bhforbairt na heitlíochta; nó

go raibh ról tábhachtach acu i bhfórsaí armtha Ballstáit.

(b)

aerárthaí arna ndearadh nó arna modhnú go sonrach chun críocha taighde, turgnaimh nó eolaíochta agus nach cosúil go dtáirgfear ach líon an-teoranta díobh;

(c)

aerárthaí ar thóg amaitéarach nó comhlachas neamhbhrabúsach amaitéarach ar a laghad 51 % díobh chun a gcríoch féin agus gan aon chuspóir tráchtála a bheith acu;

(d)

aerárthaí a bhí i seirbhís fórsaí míleata, mura i ndán agus gur cineál aerárthaí iad ar ghlac an Ghníomhaireacht caighdeán deartha lena n-aghaidh;

(e)

eitleáin, héileacaptair agus paraisiúit chumhachtaithe nach bhfuil níos mó ná dhá shuíochán iontu agus a bhfuil uasmhais éirí de thalamh (MTOM) arna taifeadadh ag na Ballstáit acu, nach mó ná:

(i)

300 kg i gcás eitleáin/héileacaptair talún aon suíocháin; nó

(ii)

450 kg i gcás eitleáin/héileacaptair talún dhá shuíochán; nó

(iii)

330 kg i gcás amfaibiaigh nó i gcás eitleáin snámha/héileacaptair snámha aon suíocháin; nó

(iv)

495 kg i gcás amfaibiaigh nó i gcás eitleáin snámha/héileacaptair dhá shuíochán, ar choinníoll, i gcás ina mbeidh sé ag feidhmiú mar eitleán snámha/héileacaptar agus mar eitleán talún/héileacaptar araon, go mbeidh a mais faoi bhun dhá theorainn MTOM, de réir mar is iomchuí;

(v)

472,5 kg i gcás eitleáin talún dhá shuíochán atá feistithe le córas olltarrthála paraisiúit ar aerfhráma;

(vi)

315 kg i gcás eitleáin talún aon suíocháin atá feistithe le córas olltarrthála paraisiúit ar aerfhráma;

agus, i gcás eitleán, a bhfuil luas moillithe nó luas íosta eitilte seasta i gcumraíocht tuirlingthe acu nach sáraíonn 35 muirmhíle de luas aeir calabraithe (CAS);

(f)

gíreitleáin aon suíocháin agus gíreitleáin dhá shuíochán a bhfuil uasmhais éirí de thalamh nach sáraíonn 560 kg acu;

(g)

faoileoirí nach mó ná 80 kg a n-uasmhais fholamh i gcás faoileoirí aon suíocháin nó nach mó ná 100 kg í i gcás faoileoirí dhá shuíochán, lena n-áirítear faoileoirí a sheoltar de chois;

(h)

macasamhlacha aerárthaí a shásaíonn critéir (a) nó (d) thuas agus ar cosúil leis an aerárthach bunaidh a ndearadh struchtúrach;

(i)

aerárthaí gan foireann nach mó ná 150 kg a mais oibriúcháin;

(j)

aon aerárthach eile nach mó ná 70 kg a uasmhais fholamh uasta, lena n-áirítear breosla.


IARSCRÍBHINN III

Ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le ceadúnú píolótaí dá dtagraítear in Airteagal 7

1.   Oiliúint

1.a.   Ginearálta

1.a.1.

Ní mór do dhuine a bhfuil oiliúint á cur air nó uirthi chun aerárthach a eitilt a bheith chomh haibí ó thaobh oideachais, fisice agus meabhrach de agus go mbeidh sé in ann an t-eolas ábhartha teoiriciúil agus an scil phraiticiúil a shealbhú, a choimeád agus a thaispeáint.

1.b.   Eolas Teoiriciúil

1.b.1.

Ní mór do phíolóta leibhéal eolais a shealbhú agus a chothabháil a oireann do na feidhmeanna a fheidhmítear ar an aerárthach agus atá i gcomhréir leis na rioscaí a bhaineann leis an gcineál gníomhaíochta atá i gceist. Ní mór don eolas sin an méid seo a leanas ar a laghad a áireamh:

(i)

dlí an aeir;

(ii)

eolas ginearálta faoi aerárthaí;

(iii)

ábhair theicniúla a bhaineann le catagóir an aerárthaigh;

(iv)

feidhmiú agus pleanáil eitilte;

(v)

feidhmiú an duine agus an teorainn atá leis an méid is féidir leis an duine a dhéanamh;

(vi)

meitéareolaíocht;

(vii)

loingseoireacht;

(viii)

nósanna imeachta oibríochta, lena n-áirítear bainistíocht acmhainní;

(ix)

prionsabail na heitilte;

(x)

cumarsáid; agus

(xi)

scileanna neamhtheicniúla, lena n-áirítear bagairtí agus earráidí a aithint agus a bhainistiú.

1.c.   Eolas teoiriciúil a thaispeáint agus a choimeád

1.c.1.

Ní mór a thaispeáint go bhfuil eolas teoiriciúil á shealbhú agus á choinneáil trí mheasúnú leanúnach le linn na hoiliúna agus, i gcás inar iomchuí, trí scrúduithe.

1.c.2.

Ní mór leibhéal iomchuí inniúlachta ar an eolas teoiriciúil a choimeád. Ní mór a thaispeáint go bhfuiltear i gcomhlíonadh leis seo, trí mheasúnuithe rialta, trí scrúduithe rialta, trí thástálacha rialta nó trí sheiceálacha rialta. Ní mór do rialtacht na scrúduithe, na dtástálacha nó na seiceálacha a bheith i gcomhréir leis an leibhéal riosca a bhaineann leis an ngníomhaíocht.

1.d.   Scil phraiticiúil

1.d.1.

Ní mór do phíolóta scileanna praiticiúla a shealbhú agus a choimeád de réir mar is iomchuí chun a chuid feidhmeanna nó a cuid feidhmeanna a fheidhmiú ar an aerárthach. Caithfidh na scileanna sin a bheith i gcomhréir leis na rioscaí a bhaineann leis an gcineál gníomhaíochta atá i gceist agus caithfidh siad, más iomchuí maidir leis na feidhmeanna a fheidhmítear ar an aerárthach, an méid seo a leanas a chumhdach:

(i)

gníomhaíochtaí roimh eitilt agus le linn na heitilte lena n-áirítear feidhmiú an aerárthaigh, mais agus cothromaíocht an aerárthaigh a chinneadh, cigireacht agus seirbhísiú a dhéanamh ar an aerárthach, pleanáil breosla, breithiúnas ar an aimsir, pleanáil bealaí, srianta ar aerspás agus fáil ar rúidbhealaí;

(ii)

oibríochtaí aeradróim agus oibríochtaí patrúin tráchta;

(iii)

réamhchúraimí agus nósanna imeachta chun imbhualadh a sheachaint;

(iv)

aerárthach a rialú trí amharcthagairt sheachtrach;

(v)

ainlithe eitilte, lena n-áirítear ainlithe i suímh chriticiúla, agus ainlithe ‘suaiteachta’ gaolmhara, de réir mar is féidir iad a chur i gcrích go teicniúil;

(vi)

gnáthéirí de thalamh agus éirí de thalamh trasghaoithe agus gnáth-thuirlingtí agus tuirlingtí trasghaoithe;

(vii)

eitilt gan mar thagairt ach uirlisí, de réir mar is iomchuí don chineál gníomhaíochta;

(viii)

nósanna imeachta oibríochta, lena n-áirítear scileanna foirne agus bainistíocht acmhainní, de réir mar is iomchuí don chineál oibríochta atá i gceist, más oibríocht aon fhoireann nó oibríocht ilfhoirne í;

(ix)

loingseoireacht agus cur chun feidhme rialacha an aeir agus nósanna imeachta gaolmhara, ag baint feidhme de réir mar is iomchuí as amharcthagairt nó as áiseanna loingseoireachta;

(x)

oibríochtaí neamhghnácha agus oibríochtaí éigeandála, lena n-áirítear mífheidhmeanna trealaimh aerárthaí insamhalta;

(xi)

comhlíonadh nósanna imeachta seirbhísí aerthráchta agus cumarsáide;

(xii)

cineál aerárthaí nó gnéithe sainaicme;

(xiii)

oiliúint bhreise i scileanna praiticiúla a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil chun na rioscaí a bhaineann le gníomhaíochtaí sonracha a mhaolú; agus

(xiv)

scileanna neamhtheicniúla, lena n-áirítear bagairtí agus earráidí a aithint agus a bhainistiú, trí mhodheolaíocht leordhóthanach measúnaithe a úsáid i dteannta an mheasúnaithe ar scileanna teicniúla.

1.e.   Scil phraiticiúil a thaispeáint agus a chothabháil

1.e.1.

Caithfidh píolóta a thaispeáint go bhfuil sé de chumas aige nó aici na nósanna imeachta agus na hainlithe a fheidhmiú leis an méid inniúlachta is iomchuí do na feidhmeanna a fheidhmítear ar an aerárthach, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

an t-aerárthach a oibriú laistigh dá theorainneacha;

(ii)

gach ainliú a chur i gcrích go réidh agus go cruinn;

(iii)

dea-bhreithiúnas agus dea-eitleoireacht a fheidhmiú;

(iv)

eolas aerloingseoireachta a chur i bhfeidhm;

(v)

smacht a choinneáil ar an aerárthach i gcónaí ar chaoi agus go n-áirithítear go n-éiríonn le nós imeachta nó le hainliú; agus

(vi)

scileanna neamhtheicniúla, lena n-áirítear bagairtí agus earráidí a aithint agus a bhainistiú, trí mhodheolaíocht leordhóthanach measúnaithe a úsáid i dteannta an mheasúnaithe ar scileanna teicniúla.

1.e.2.

Ní mór leibhéal iomchuí inniúlachta i scil phraiticiúil a choinneáil. Ní mór a thaispeáint go bhfuil sé sin á chomhlíonadh, trí mheasúnuithe rialta, trí scrúduithe rialta, trí thástálacha rialta nó trí sheiceálacha rialta. Ní mór do rialtacht na scrúduithe, na dtástálacha nó na seiceálacha a bheith i gcomhréir leis an leibhéal riosca a bhaineann leis an ngníomhaíocht.

1.f.   Inniúlacht Teanga

Ní mór go léireodh píolóta inniúlacht teanga atá iomchuí do na feidhmeanna a chomhlíontar ar an aerárthach. Folóidh an inniúlacht seo an méid seo a leanas:

(i)

bheith in ann doiciméid faisnéise aimsire a thuiscint;

(ii)

bheith in ann cairteanna aerloingseoireachta faoi bhealach, imeachta agus tuirlingthe a úsáid mar aon le doiciméid faisnéise aerloingseoireachta ghaolmhara; agus

(iii)

bheith in ann cumarsáid a dhéanamh le comhalta eile den fhoireann aeir agus le seirbhísí aerloingseoireachta le linn gach céim den eitilt, lena n-áirítear ullmhú chun eitilte.

1.g.   Feistí oiliúna insamhalta eitilte

Nuair a bhaintear feidhm as feisteas oiliúna insamhalta eitilte (FSTD) chun críocha oiliúna, nó chun a léiriú gur sealbhaíodh nó gur coinníodh scil phraiticiúil, ní mór go mbeadh an FSTD seo cáilithe chuig leibhéal áirithe feidhmíochta sna réimsí sin atá ábhartha do chur i gcrích an chúraim lena mbaineann. Ní mór, go háirithe, go ndéanfaí macasamhlú sásúil ar chumraíocht, ar airíonna láimhseála, ar fheidhmiú an aerárthaigh agus ar iompraíocht chórais an aerárthaigh.

1.h.   Cúrsa Oiliúna

1.h.1.

Caithfear an oiliúint a chur ar fáil trí chúrsa oiliúna.

1.h.2.

Ní mór do chúrsa oiliúna na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(i)

ní mór siollabas a fhorbairt do gach cineál cúrsa; agus

(ii)

cuimseoidh cúrsa oiliúna faisnéis theoiriciúil agus treoir phraiticiúil eitilte araon (lena n-áirítear oiliúint shintéiseach), más infheidhme.

1.i.   Teagascóirí

1.i.1.

Teagasc teoiriciúil.

Ní mór gur teagascóirí cuícháilithe amháin a thabharfadh teagasc teoiriciúil. Ní mór:

(i)

go mbeadh eolas cuí acu sa réimse lena mbaineann an teagasc; agus

(ii)

go mbeadh ar a gcumas modhanna teagaisc iomchuí a úsáid.

1.i.2.

Teagasc eitilte agus teagasc eitilte insamhalta.

Ní mór gur teagascóirí cuícháilithe, a mbeadh na cáilíochtaí seo a leanas acu, a thabharfadh teagasc eitilte agus teagasc eitilte insamhalta:

(i)

comhlíonfaidh siad na ceanglais iomchuí maidir le heolas teoiriciúil agus taithí de réir an teagaisc atá á thabhairt;

(ii)

beidh ar a gcumas teicnící iomchuí teagaisc a úsáid;

(iii)

beidh taithí acu ar theicnící teagaisc sna hinlíochtaí eitilte agus sna nósanna imeachta eitilte ina mbeartaítear teagasc a chur ar fáil;

(iv)

léireoidh siad go bhfuil cumas teagaisc acu sna réimsí sin ina dtabharfar teagasc eitilte, lena n-áirítear teagasc réamh-eitilte, iareitilte agus teagasc ar an talamh; agus

(v)

gheobhaidh siad oiliúint athnuachana rialta chun a áirithiú go gcoinneofar na caighdeáin teagaisc cothrom le dáta.

Ní mór na teagascóirí eitilte a bheith i dteideal feidhmiú mar phíolóta i gceannas ar an aerárthach dá dtugtar an teagasc, seachas i gcás oiliúna ar chineálacha nua aerárthaí.

1.j.   Scrúdaitheoirí

1.j.1.

Ní mór go mbeadh na tréithe seo a leanas ag baint leis na pearsana a bheidh freagrach as measúnú a dhéanamh ar scil na bpíolótaí:

(i)

go gcomhlíonfadh siad na ceanglais i leith teagascóirí eitilte nó teagascóirí eitilte insamhalta;

(ii)

go mbeadh siad in ann feidhmíocht píolótaí a mheas agus tástálacha agus seiceálacha a dhéanamh ar eitiltí.

2.   Ceanglais maidir le taithí

2.a.1.

Duine a bheidh ag feidhmiú mar bhall d'fhoireann eitilte, mar theagascóir, nó mar scrúdaitheoir, ní mór go sealbhódh agus go gcothódh sé taithí leordhóthanach de réir na bhfeidhmeanna a fheidhmeofar, seachas má fhorálann na rialacha cur chun feidhme gur féidir inniúlacht a chruthú i gcomhréir le pointe 1.e.

3.   Eagraíochtaí Oiliúna

3.a.   Ceanglais maidir le hEagraíochtaí Oiliúna

3.a.1.

Ní mór go gcomhlíonfadh eagraíocht oiliúna a sholáthróidh oiliúint do phíolótaí na ceanglais seo a leanas:

(i)

gach acmhainn is gá a bheith aici maidir le raon na bhfreagrachtaí a bhaineann lena gníomhaíocht. Áirítear orthu sin áiseanna, pearsanra, trealamh, uirlisí agus ábhar, doiciméadacht tascanna, freagrachtaí agus nósanna imeachta, rochtain ar shonraí ábhartha agus coimeád taifead, ach gan a bheith teoranta dóibh;

(ii)

córas bainistíochta a bhaineann le sábháilteacht agus le caighdeán na hoiliúna a chur i bhfeidhm agus a choimeád ar bun agus é a bheith de chuspóir ag an eagraíocht an córas sin a fheabhsú go leanúnach, agus

(iii)

bunóidh sí socruithe le heagraíochtaí ábhartha eile, de réir mar is gá, chun a áirithiú go gcloífear leis na ceanglais thuas ar bhonn leanúnach.

4.   Dea-shláinte

4.a.   Critéir leighis

4.a.1.

Ní mór go léireodh gach píolóta go tráthrialta go bhfuil siad sách folláin chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú go sásúil, agus chineál na gníomhaíochta á chur san áireamh. Ní mór go léireofaí comhlíonadh trí mheasúnú iomchuí bunaithe ar an gcleachtas aerleighis is fearr, agus cineál na gníomhaíochta á chur san áireamh mar aon leis an díghrádú meabhrach agus fisiceach a d'fhéadfadh a bheith ann de bharr aoise.

Ciallaíonn dea-shláinte, arb éard atá ann folláine fhisiceach agus mheabhrach, nach mbeidh aon ghalar ná aon mhíchumas ag gabháil don phíolóta a d'fhágfadh nach mbeadh sé in ann:

(i)

na tascanna a fheidhmiú atá riachtanach d'fheidhmiú aerárthaí; nó

(ii)

dualgais a shanntar dó tráth ar bith a fheidhmiú; nó

(iii)

a timpeallacht nó a thimpeallacht a bhrath i gceart.

4.a.2.

I gcás nach féidir dea-shláinte a léiriú go hiomlán, féadfar bearta maolaithe a chur chun feidhme a chuirfidh sábháilteacht choibhéiseach eitilte ar fáil.

4.b.   Scrúdaitheoirí aerleighis

4.b.1.

Ní mór do scrúdaitheoirí aerleighis na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:

(i)

beidh siad cáilithe agus ceadúnaithe i gcleachtadh leighis;

(ii)

beidh oiliúint orthu sa leigheas eitlíochta agus gheobhaidh siad oiliúint athnuachana rialta sa leigheas eitlíochta chun a áirithiú go gcoiméadfar ardchaighdeáin measúnaithe;

(iii)

beidh eolas praiticiúil agus taithí phraiticiúil acu ar na coinníollacha ina gcuireann píolótaí a gcuid dualgas i gcrích.

4.c.   Ionaid Aerleighis

4.c.1.

Ní mór d'ionaid aerleighis na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(i)

beidh gach acmhainn is gá acu don raon freagrachtaí a ghabhann lena bpribhléidí. Áirítear orthu sin áiseanna, pearsanra, trealamh, uirlisí agus ábhar, doiciméadacht tascanna, freagrachtaí agus nósanna imeachta, rochtain ar shonraí ábhartha agus coimeád taifead, ach gan a bheith teoranta dóibh;

(ii)

feidhmeoidh agus coimeádfaidh siad córas bainistíochta a bhaineann le sábháilteacht agus le caighdeán na hoiliúna agus beidh sé d'aidhm acu an córas sin a fheabhsú go leanúnach;

(iii)

bunóidh siad socruithe le heagraíochtaí ábhartha eile, de réir mar is gá, chun a áirithiú go gcloífear leis na ceanglais seo ar bhonn leanúnach.


IARSCRÍBHINN IV

Ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le hoibríochtaí aeir dá dtagraítear in Airteagal 8

1.   Ginearálta

1.a.

Níor cheart eitilt a dhéanamh mura mbeidh an fhoireann ar fad agus, de réir mar is iomchuí, an pearsanra oibríochta uile eile atá bainteach lena hullmhú agus lena cur i bhfeidhm eolach ar na dlíthe, ar na rialacháin agus ar na nósanna imeachta is infheidhme maidir le comhlíonadh a ndualgas, atá forordaithe do na limistéir atá le trasnú, do na haeradróim a bhfuil sé i gceist feidhm a bhaint astu agus do na háiseanna aerloingseoireachta a bhaineann leo.

1.b.

Caithfear eitilt a dhéanamh ar bhealach go mbeifear ag cloí leis na nósanna imeachta a shonraítear sa Lámhleabhar Eitilte nó, i gcás inar gá, sa Lámhleabhar Oibríochta, in ullmhú agus i gcur i gcrích na heitilte. Chun seo a éascú, ní mór córas seicliosta a bheith ar fáil, de réir mar is cuí, chun go n-úsáidfidh an fhoireann é ag gach céim d’oibriú an aerárthaigh i ndálaí agus i suímh choitianta, i suímh neamhghnácha agus i suímh éigeandála. Caithfear nósanna imeachta a bhunú maidir le haon suíomh éigeandála a mbeadh coinne réasúnta leis.

1.c.

Roimh gach eitilt, caithfidh róil agus dualgais gach comhalta den fhoireann a bheith sainithe. Ní mór don phíolóta atá i gceannas a bheith freagrach as oibriú agus sábháilteacht an aerárthaigh agus as sábháilteacht na gcomhaltaí foirne, na bpaisinéirí agus an lasta ar fad atá ar bord.

1.d.

Níor cheart earraí ná substaintí, a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt shuntasach sláinte, sábháilteachta, maoine nó ina mbagairt ar an gcomhshaol, amhail earraí contúirteacha, airm agus armlón, a thabhairt ar bord aon aerárthaigh mura gcuirtear nósanna imeachta sonracha a bhaineann le sábháilteacht i bhfeidhm chun na rioscaí gaolmhara a mhaolú.

1.e.

Ní mór na sonraí, na doiciméid, na taifid agus an fhaisnéis uile is gá chun urramú na gcoinníollacha a shonraítear i bpointe 5.c a thaifead a choinneáil i gcás gach eitilte agus a choinneáil ar fáil ar feadh íostréimhse ama atá comhoiriúnach don chineál oibríochta atá i gceist.

2.   Ullmhú eitilte

2.a.

Níor cheart eitilt a thosú mura bhfuil sé fionnta ar gach modh réasúnta atá le fáil go bhfuiltear ag cloí leis na coinníollacha seo a leanas ar fad:

2.a.1.

Áiseanna leordhóthanacha a bheidh ag teastáil go díreach don eitilt agus d’oibriú sábháilte an aerárthaigh, lena n-áirítear áiseanna cumarsáide agus loingseoireachta, a bheith ar fáil chun an eitilt a chur i gcrích, ag cur doiciméadacht na Seirbhísí Faisnéise Aerloingseoireachta atá le fáil san áireamh.

2.a.2.

Caithfidh an fhoireann agus na paisinéirí a bheith ar an eolas faoi shuíomh agus faoi úsáid an trealaimh éigeandála a bhaineann le hábhar. Caithfear dóthain faisnéise gaolmhaire faoi nósanna imeachta éigeandála agus faoi úsáid trealaimh sábháilteachta cábáin a chur ar fáil don fhoireann agus do phaisinéirí, ag baint úsáide as faisnéis shonraithe.

2.a.3.

Ní mór don phíolóta i gceannas a bheith deimhin de:

(i)

go bhfuil an t-aerárthach aerfhiúntach de réir mar a shonraítear i bpointe 6;

(ii)

má cheanglaítear sin, go bhfuil an t-aerárthach cláraithe go cuí agus go bhfuil deimhnithe iomchuí i ndáil leis an méid sin ar bord an aerárthaigh;

(iii)

go bhfuil uirlisí agus trealamh de réir mar a shonraítear iad i bpointe 5 agus ar gá iad chun an eitilt sin a chur i gcrích suiteáilte san aerárthach agus go bhfeidhmíonn siad, mura ndearnadh iad a tharscaoileadh faoin Íosliosta Trealaimh (MEL) is infheidhme nó faoi dhoiciméad coibhéiseach;

(iv)

go bhfuil mais an aerárthaigh agus an áit ina bhfuil an meáchanlár i gcóir chun gur féidir an eitilt a sheoladh laistigh de theorainneacha a fhorordaítear sa doiciméadacht faoi aerfhiúntas;

(v)

go bhfuil an bagáiste cábáin, an bagáiste boilg, agus an lasta luchtaithe agus socraithe i gceart; agus

(vi)

nach sárófar na teorainneacha maidir le hoibriú aerárthaí a shonraítear i bpointe 4 ag aon am le linn na heitilte.

2.a.4.

Caithfidh faisnéis faoi dhálaí meitéareolaíochta don aeradróm imeachta, don aeradróm cinn scríbe agus, i gcás inarb iomchuí, d’aeradróim mhalartacha, chomh maith le dálaí faoi bhealach, a bheith ar fáil d’fhoireann na heitilte. Caithfear aire speisialta a thabhairt do dhálaí atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith guaiseach.

2.a.5.

I gcás eitilte isteach i ndálaí ar eol iad a bheith oighrithe nó a meastar a bheidh oighrithe, caithfidh an t-aerárthach a bheith deimhnithe, trealmhaithe agus/nó cóireáilte chun feidhmiú go sábháilte sna dálaí sin.

2.a.6.

Le haghaidh eitilte atá bunaithe ar rialacha amharceitilte, caithfidh dálaí meitéareolaíochta ar feadh an aerbhealaigh a mbeifear air a bheith i gcóir chun gur féidir cloí leis na rialacha eitilte seo. Le haghaidh eitilte bunaithe ar rialacha uirlisí eitilte ní mór ceann scríbe agus i gcás inar gá aeradróm malartach nó aeradróim mhalartacha a roghnú inar féidir leis an aerárthach tuirlingt, agus na dálaí meitéareolaíochta a thuartar á gcur san áireamh go háirithe, infhaighteacht seirbhísí aerloingseoireachta, infhaighteacht áiseanna talún agus na nósanna imeachta eitilte uirlise arna bhformheas ag an Stát ina bhfuil an ceann scríbe agus/nó an t-aeradróm malartach suite.

2.a.7.

Caithfidh dóthain breosla agus ola a bheith ar bord chun a áirithiú gur féidir an eitilt atá i gceist a thabhairt chun críche go sábháilte, dálaí meitéareolaíochta, aon ní a théann i bhfeidhm ar ghníomhú an aerárthaigh agus aon mhoill lena bhfuil coinne san eitilt san áireamh. Lena chois sin, caithfear cúltaisce breosla a iompar chun soláthar a dhéanamh le haghaidh teagmhas. Ní mór nósanna imeachta a bhunú maidir le bainistíocht breosla le linn eitilte nuair a bhaineann sin le hábhar.

3.   Oibríochtaí eitilte

3.a.

Maidir le hoibríochtaí eitilte, ní mór na coinníollacha uile seo a leanas a chomhlíonadh:

3.a.1.

I gcás inarb iomchuí do chineál an aerárthaigh, le linn éirí de thalamh agus tuirlingthe, agus aon uair a mheasann an píolóta ceannais gur gá sin ar mhaithe le sábháilteacht, ní mór do gach comhalta den fhoireann a bheith ina shuí ag a stáisiún foirne agus na córais shrianta a chuirtear ar fáil a úsáid, agus cineál an aerárthaigh á chur san áireamh.

3.a.2.

I gcás inar gá ní mór do chomhaltaí den fhoireann eitilte a n-iarrtar orthu a bheith ar dualgas ar an deic eitilte a bheith ag a stáisiún, agus fanacht ag a stáisiún, agus a gcrios sábhála fáiscthe orthu ach amháin fad a bheidh siad faoi bhealach ar mhaithe le riachtanais fiseolaíochta nó oibríochta.

3.a.3.

I gcás inarb iomchuí sin do chineál an aerárthaigh, roimh éirí de thalamh agus roimh thuirlingt, le linn gluaiseachta ar thalamh agus nuair a mheastar go bhfuil sé riachtanach ar mhaithe le sábháilteacht, ní mór don phíolóta ceannais a áirithiú go bhfuil gach paisinéir suite go cuí agus go bhfuil an crios sábhála ceangailte go slán.

3.a.4.

Caithfear eitilt a dhéanamh i dtreo is go mbíonn spás iomchuí fágtha idir an t-aerárthach agus aerárthaí eile agus go ndéantar dóthain réitigh maidir le glanadh constaicí, ag gach céim den eitilt. Caithfidh an spás sin a bheith de réir na spásanna a iarrtar faoi na rialacha aeir is infheidhme, ar a laghad.

3.a.5.

Níor cheart leanúint d’eitilt mura leanann na dálaí aitheanta de bheith i gcoibhéis leo siúd i bpointe 2, ar a laghad. Ina theannta sin, le haghaidh eitilte atá bunaithe ar rialacha uirlisí eitilte, níor cheart leanúint d’ascnamh i dtreo aerodróim faoi bhun airde sonraithe nó thar shuíomh áirithe mura gcomhlíontar critéir fhorordaithe léargais.

3.a.6.

I gcás éigeandála, ní mór don phíolóta i gceannas a áirithiú go dtugtar treoir don uile phaisinéir faoin ngníomh éigeandála ab iomchuí do na cúinsí sin.

3.a.7.

Ní mór do phíolóta i gceannas gach beart is gá a ghlacadh chun iarmhairtí iompair thoirmeascaigh paisinéirí ar an eitilt a laghdú.

3.a.8.

Níor cheart aerárthach a innliú ar an talamh i limistéar gluaiseachta aeradróim, ná a rótar a chasadh faoi chumhacht, mura bhfuil an duine atá ag na rialtáin inniúil mar is cuí.

3.a.9.

Ní mór na nósanna imeachta is infheidhme maidir le bainistíocht breosla le linn na heitilte a úsáid, nuair is ábhartha.

4.   Feidhmiú aerárthaí agus teorainneacha oibríochta

4.a.

Ní mór aerárthach a oibriú i gcomhréir lena dhoiciméadaíocht aerfhiúntais agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta oibríochta agus leis na teorainneacha gaolmhara uile faoi mar a chuirtear in iúl ina lámhleabhar eitilte ceadaithe nó i ndoiciméadacht choibhéiseach, de réir mar a bheidh. Caithfidh an lámhleabhar eitilte nó doiciméadacht choibhéiseach a bheith ar fáil don fhoireann agus caithfear é nó í a choinneáil cothrom le dáta le haghaidh gach aerárthaigh.

4.b.

Ní mór an t-aerárthach a oibriú i gcomhréir leis an doiciméadacht comhshaoil is infheidhme.

4.c.

Níor cheart tús a chur le heitilt nó leanúint di mura ligeann gníomhú sceidealta an aerárthaigh, ag breithniú na bhfachtóirí uile a théann i bhfeidhm go mór ar a leibhéal gníomhaithe, go ndéantar gach céim den eitilt taobh istigh de na hachair/na réimsí agus de na réitigh maidir le constaicí is infheidhme ag an mais oibríochta phleanáilte. Seo a leanas fachtóirí gníomhaithe ar leith a théann go mór i bhfeidhm ar éirí de thalamh agus ar thuirlingt:

(i)

nósanna imeachta oibríochta;

(ii)

airde brú an aeradróim;

(iii)

teocht;

(iv)

gaoth;

(v)

méid, fána agus staid an limistéir éirí de thalamh/tuirlingthe; agus

(vi)

staid an aerfhráma, an ghléasra cumhachta nó na gcóras, ag cur san áireamh go bhféadfadh meath a bheith i gceist.

4.c.1.

Caithfear fachtóirí den sórt sin a chur san áireamh go díreach mar pharaiméadair oibríochta nó go hindíreach trí chorrlaigh nó liúntais, a d’fhéadfaí a sholáthar i sceidealú na sonraí feidhmíochta, de réir mar is iomchuí do chineál na hoibríochta.

5.   Uirlisí, sonraí agus trealamh

5.a.

Caithfidh aerárthach a bheith feistithe le gach trealamh aerloingseoireachta agus cumarsáide agus le gach trealamh eile is gá le haghaidh na heitilte atá beartaithe, agus na rialachán aerthráchta agus na rialacha aeir is infheidhme ag aon chéim den eitilt á gcur san áireamh.

5.b.

Nuair is iomchuí, caithfidh aerárthach a bheith feistithe le gach trealamh sábháilteachta, leighis, aslonnaithe agus marthanais is gá, agus na rioscaí a ghabhann leis na réimsí oibríochta, na bealaí a eitleofar, airde na heitilte agus fad na heitilte á gcur san áireamh.

5.c.

Caithfear na sonraí uile is gá chun go bhfeidhmeoidh an fhoireann an eitilt a thabhairt cothrom le dáta agus a bheith ar fáil ar bord an aerárthaigh, agus rialacháin aerthráchta, rialacha an aeir, airde eitiltí agus na réimsí oibríochta is infheidhme á gcur san áireamh.

6.   Aerfhiúntas Leanúnach

6.a.

Níor cheart an t-aerárthach a oibriú:

(i)

mura mbeidh an t-aerárthach i staid aerfhiúntach;

(ii)

mura mbeidh an trealamh oibríochta agus éigeandála is gá le haghaidh na héigeandála atá i gceist inseirbhíse;

(iii)

mura mbeidh doiciméad aerfhiúntais an aerárthaigh bailí; agus

(iv)

mura mbeidh cothabháil an aerárthaigh i gcomhréir lena chlár cothabhála.

6.b.

Roimh gach eitilt nó gach sraith d’eitiltí comhleanúnacha, caithfear an t-aerárthach a iniúchadh, trí sheiceáil réamh-eitilte, chun a chinneadh an bhfuil sé oiriúnach don eitilt atá beartaithe.

6.c.

Caithfidh tascanna agus tréimhsí cothabhála, go mór mór iad siúd ar sonraíodh go bhfuil siad éigeantach sna treoracha maidir le haerfhiúntas leanúnach, a bheith sa chlár cothabhála.

6.d.

Níor cheart an t-aerárthach a oibriú mura scaoiltear amach é le haghaidh seirbhíse ag daoine nó eagraíochtaí cáilithe, i ndiaidh a chothabhála. Go sonrach, caithfidh sonraí bunúsacha na cothabhála a rinneadh a bheith ar an scaoileadh sínithe le haghaidh seirbhíse.

6.e.

Caithfear gach taifead a thaispeánann aerfhiúntas an aerárthaigh a choinneáil go dtí go dtiocfaidh faisnéis nua in ionad na faisnéise atá iontu atá coibhéiseach i raon agus i sonraí ach nach lú an tréimhse a choinnítear iad ná 24 mí i gcás taifead cothabhála mionsonraithe. Nuair a thugtar an t-aerárthach ar léas, caithfear an uile thaifead a thaispeánann aerfhiúntas an aerárthaigh a choinneáil ar feadh thréimhse an léasa ar a laghad.

6.f.

Caithfidh gach modhnú agus gach cóiriú na ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le haerfhiúntas a chomhlíonadh. Caithfear na sonraí fódaithe a thacaíonn le comhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach aerfhiúntais a choinneáil.

7.   Comhaltaí foirne

7.a.

Ní mór líon agus comhdhéanamh na foirne a chinneadh, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh:

(i)

teorainneacha deimhniúcháin an aerárthaigh, lena n-áirítear más infheidhme, an léiriú aslonnaithe éigeandála a bhaineann le hábhar;

(ii)

cumraíocht an aerárthaigh; agus

(iii)

cineál agus fad na n-oibríochtaí.

7.b.

Caithfidh an fhoireann cábáin:

(i)

a bheith oilte agus seiceáil a bheith á déanamh orthu ar bhonn rialta chun leibhéal oiriúnach inniúlachta a bhaint amach agus a choinneáil chun a gcuid dualgas sábháilteachta a fheidhmiú; agus

(ii)

a bheith arna measúnú go tréimhsiúil maidir le folláine leighis chun a gcuid dualgas sábháilteachta a fheidhmiú go sábháilte. Ní mór comhlíonadh a thaispeáint trí mheasúnú iomchuí bunaithe ar an gcleachtas is fearr ó thaobh aerleighis.

7.c.

Ní mór an t-údarás a bheith ag an bpíolóta i gceannas an uile ordú a thabhairt agus aon bhearta iomchuí a dhéanamh chun oibríocht agus sábháilteacht an aerárthaigh agus na ndaoine agus/nó na maoine á n-iompar nó á hiompar ann a áirithiú.

7.d.

I gcás éigeandála, a chuireann oibríocht nó sábháilteacht an aerárthaigh agus/nó daoine ar bord i mbaol, ní mór don phíolóta i gceannas aon bheart is gá dar leis/léi a dhéanamh ar mhaithe le sábháilteacht. Nuair a ghabhann sárú rialachán nó nósanna imeachta áitiúla le beart den sórt sin, ní mór don phíolóta i gceannas a bheith freagrach as fógra a thabhairt don údarás áitiúil iomchuí gan mhoill.

7.e.

Níor cheart suímh neamhghnácha éigeandála a insamhladh nuair atá paisinéirí nó lasta á n-iompar nó á iompar.

7.f.

Níor cheart go ligfeadh aon chomhalta foirne do chur i gcrích a thascanna/dá chinnteoireacht meathlú sa mhéid go gcuirtear sábháilteacht eitilte i mbaol de bharr, inter alia, tuirse, carnadh tuirse, easpa codlata, líon na n-earnálacha ar eitlíodh iontu, dualgais san oíche nó athruithe amchreasa. Ní mór do thréimhsí scíthe dóthain ama a thabhairt chun a chur ar chumas comhaltaí foirne éifeachtaí na ndualgas roimhe sin a chur díobh agus a bheith tagtha chucu féin faoi thús na tréimhse dualgais eitilte ina dhiaidh sin.

7.g.

Níor cheart do chomhalta foirne dualgais a leithdháiltear air a fheidhmiú ar bord aerárthaigh agus é faoi thionchar substaintí sícighníomhacha nó alcóil nó nuair nach bhfuil sé nó sí ina shláinte nó ina sláinte de bharr díobhála, tuirse, cógais, tinnis nó cúiseanna eile den sórt sin.

8.   Ceanglais eile maidir le hoibriú chun críocha tráchtála agus maidir le hoibriú aerárthaí atá á gcumhachtú le mótair choimpléascacha

8.a.

Níor cheart tabhairt faoi oibriú chun críocha tráchtála ná faoi oibriú aerárthaí atá á gcumhachtú le mótair choimpléascacha mura gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

8.a.1.

caithfidh an acmhainn is gá le haghaidh scála agus raon na n-oibríochtaí a bheith ag oibreoir go díreach nó go hindíreach trí chonarthaí. Áirítear ar an acmhainn sin aerárthaí, áiseanna, struchtúr bainistíochta, pearsanra, trealamh, doiciméadacht tascanna, freagrachtaí agus nósanna imeachta, rochtain ar shonraí ábhartha agus coimeád taifead, gan a bheith teoranta dóibh.

8.a.2.

caithfidh an t-oibreoir pearsanra cuícháilithe agus cuí-oilte agus iad sin amháin a úsáid agus cláir oiliúna agus seiceála a chur i bhfeidhm agus a choinneáil ar bun le haghaidh comhaltaí na foirne agus aon phearsanra ábhartha.

8.a.3.

caithfidh an t-oibreoir MEL nó a choibhéis de dhoiciméad a bhunú, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh:

(i)

caithfidh an doiciméad soláthar a dhéanamh maidir le hoibriú an aerárthaigh, i ndálaí sonraithe, le huirlisí áirithe, míreanna trealaimh nó feidhmeanna nach n-oibríonn ag tús na heitilte;

(ii)

caithfear an doiciméad a ullmhú don uile aerárthach ar leith, agus coinníollacha oibríochta agus cothabhála an oibreora a bhaineann le hábhar á gcur san áireamh; agus

(iii)

caithfidh an MEL a bheith bunaithe ar an Íosliosta Trealaimh Mór (MMEL), má tá sé ar fáil agus níor cheart níos lú srianta a bheith ann ná mar atá sa MMEL.

8.a.4.

caithfidh an t-oibreoir córas bainistíochta a chur i bhfeidhm agus a choiméadl ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha le haghaidh oibríochtaí agus iarracht a dhéanamh feabhsú leanúnach a chur ar an gcóras seo; agus

8.a.5.

caithfidh an t-oibreoir clár coiscthe tionóiscí agus sábháilteachta a bhunú agus a choiméad ar bun, lena n-áirítear clár tuairiscithe tarluithe, nach mór don chóras bainistíochta feidhm a bhaint as chun cur leis an gcuspóir faoi fheabhsú leanúnach ar shábháilteacht oibríochtaí.

8.b.

Níor cheart tabhairt faoi oibriú chun críocha tráchtála ná faoi oibriú aerárthaí atá á gcumhachtú le mótair choimpléascacha ach i gcomhréir le Lámhleabhar Oibríochtaí oibreora. Caithfidh na treoracha, an fhaisnéis agus na nósanna imeachta uile is gá le haghaidh gach aerárthaigh a oibrítear, agus chun gur féidir leis an bpearsanra oibriúcháin a gcuid dualgas a chomhlíonadh, a bheith sa lámhleabhar sin. Caithfear teorainneacha is infheidhme maidir le hamanna eitilte, tréimhsí dualgais eitilte agus tréimhsí scíthe don fhoireann a shonrú. Caithfidh an lámhleabhar Oibríochtaí agus a chuid leasuithe cloí leis an lámhleabhar Eitilte ceadaithe agus féadfar é a leasú de réir mar is gá.

8.c.

Ní mór don oibreoir nósanna imeachta a bhunú, de réir mar is gá, chun iarmhairtí iompair thoirmeascaigh paisinéirí ar oibríochtaí eitilte sábháilte a íoslaghdú.

8.d.

Ní mór don oibreoir cláir shlándála a fhorbairt agus a choiméad ar bun atá oiriúnaithe don aerárthach agus do chineál na hoibríochta lena n-áirítear go háirithe:

(i)

slándáil urrann na foirne eitilte;

(ii)

seicliosta nósanna imeachta maidir le cuardach aerárthaí;

(iii)

cláir oiliúna;

(iv)

cosaint córas leictreonach agus ríomhairí chun cur isteach agus éilliú beartaithe córais a chosc; agus

(v)

tuairisciú gníomhartha de chur isteach neamhdhleathach.

Nuair a d’fhéadfadh bearta slándála tionchar diúltach a imirt ar shábháilteacht oibríochtaí, ní mór na rioscaí a mheasúnú agus nósanna imeachta iomchuí a fhorbairt chun rioscaí sábháilteachta a mhaolú; d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le saintrealamh chun é sin a dhéanamh.

8.e.

Ní mór don oibreoir píolóta amháin as foireann na heitilte a ainmniú mar phíolóta i gceannas.

8.f.

Ní mór bainistíocht a dhéanamh ar chosc tuirse trí chóras uainchláir. Le haghaidh eitilte, nó sraith d’eitiltí, caithfidh an córas uainchláir sin am eitilte, tréimhsí dualgais agus tréimhse scíthe oiriúnaithe a chur san áireamh. Caithfidh teorainneacha a bhunaítear laistigh den chóras uainchláir na fachtóirí ábhartha uile a chuireann le tuirse a chur san áireamh amhail, go háirithe, líon na n-earnálacha a eitlítear, trasnú amchriosanna, easpa codlata, cur isteach ar chiogail laethúla, uaireanta oíche, suiteáil, am dualgais carnach ar feadh tréimhsí áirithe, roinnt tascanna leithdháilte idir chomhaltaí den fhoireann agus soláthar foirne méadaithe chomh maith.

8.g.

Caithfear na tascanna a shonraítear i bpointe 6.a agus na tascanna a thuairiscítear i bpointí 6.d. agus 6.e. a rialú ag eagraíocht atá freagrach as bainistíocht ar aerfhiúntas leanúnach nach mór di, chomh maith leis na ceanglais atá in Iarscríbhinn I pointe 3.a, na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(i)

ní mór don eagraíocht a bheith cáilithe i gcothabháil táirgí, páirteanna agus fearas a mbíonn sí freagrach astu nó ní mór di conradh a bheith aici le heagraíocht cháilithe den sórt sin le haghaidh na dtáirgí, na bpáirteanna agus na bhfearas sin; agus

(ii)

ní mór don eagraíocht lámhleabhar eagraíochta a bhunú a sholáthraíonn, chun go n-úsáideoidh an pearsanra lena mbaineann é agus chun go dtreoróidh sé iad, cur síos ar nósanna imeachta uile na heagraíochta maidir le haerfhiúntas leanúnach lena n-áirítear nuair is infheidhme cur síos ar shocruithe riaracháin idir an eagraíocht agus an eagraíocht chothabhála cheadaithe.


IARSCRÍBHINN V

Critéir le haghaidh eintiteas incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 13

1.

Ní fhéadfaidh an t-eintiteas, a Stiúrthóir ná an fhoireann atá freagrach as an tseiceáil a dhéanamh, baint a bheith acu, go díreach ná mar ionadaithe údaraithe, le dearadh, le monarú, le margaíocht nó le cothabháil na dtáirgí, na bpáirteanna, na bhfearas, na gcomhdhamhnaí nó na gcóras ná ina gcuid oibríochtaí, a soláthar seirbhíse ná a n-úsáid. Ní eisiann sé seo go bhféadfaí faisnéis theicniúil a mhalartú idir na heagraíochtaí atá i gceist agus an t-eintiteas incháilithe.

2.

Ní mór don eintiteas agus don fhoireann atá freagrach as na tascanna deimhniúcháin a gcuid dualgas a chomhlíonadh leis an oiread ionracais ghairmiúil agus is féidir agus leis an inniúlacht theicniúil is fearr agus a bheith saor ó aon bhrú nó aon dreasacht, go háirithe de chineál airgeadais, a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí a gcuid fiosrúchán, go háirithe ó dhaoine nó ó ghrúpaí daoine dá ndéanann torthaí na dtascanna deimhniúcháin difear.

3.

Caithfidh an t-eintiteas foireann a fhostú agus an acmhainn a bheith aige na tascanna teicniúla agus riaracháin a bhaineann le próiseas deimhniúchán a dhéanamh go leordhóthanach; ba cheart go mbeadh rochtain aige freisin ar an trealamh is gá chun seiceáil eisceachtúil a dhéanamh.

4.

Caithfidh an méid seo a leanas a bheith ag an bhfoireann atá freagrach as fiosrúchán a dhéanamh:

oiliúint theicniúil agus ghairmiúil den scoth;

eolas sásúil ar cheanglais na dtascanna deimhniúcháin a dhéanann siad agus taithí leordhóthanach ar phróisis den sórt sin;

a bheith in ann na dearbhuithe, na taifid agus na tuarascálacha a dhréachtú chun a thaispeáint go ndearnadh na himscrúduithe.

5.

Caithfear neamhchlaontacht na foirne fiosrúcháin a ráthú. Níor cheart go mbraithfeadh a luach saothair ar an méid fiosrúchán a dhéantar ná ar thorthaí na bhfiosrúchán sin.

6.

Caithfidh an t-eintiteas árachas dliteanais a thógáil amach mura ngabhann Ballstát amháin a dhliteanas air féin i gcomhréir lena dhlí náisiúnta.

7.

Caithfidh comhaltaí foirne an eintitis rúndacht ghairmiúil a urramú maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear agus a gcuid tascanna á gcomhlíonadh acu faoin Rialachán seo.


IARSCRÍBHINN VI

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) 1592/2002

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(2)(a) go (e)

Airteagal 2(2)(a) go (e)

Airteagal 2(2)(f)

Airteagal 2(3)

Airteagal 2(3)

Airteagal 3(a) go (g)

Airteagal 3(a) go (g)

Airteagal 3(h) go (l)

Airteagal 4(1)(a) go (c)

Airteagal 4(1)(a) go (c)

Airteagal 4(1)(d)

Airteagal 4(2) agus (3)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(5)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(6)

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, réamhabairtín

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, réamhabairtín

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointí (a) go (c)

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointí (a) go (c)

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (d)

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointí (d) agus (e)

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointí (e) agus (f)

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointí (f) agus (g)

Airteagal 5(3)

Airteagal 5(3)

Airteagal 5(4)

Airteagal 5(4), an chéad fhomhír, réamhabairtín

Airteagal 5(5), an chéad fhomhír, réamhabairtín

Airteagal 5(4), an chéad fhomhír, pointí (a) go (d)

Airteagal 5(5), an chéad fhomhír, pointí (a) go (d)

Airteagal 5(4), an chéad fhomhír, pointí (e) (i) go (iii)

Airteagal 5(5), an chéad fhomhír, pointí (e)(i) go (iii)

Airteagal 5(5), an chéad fhomhír, (e)(iv) go (vi)

Airteagal 5(4), an chéad fhomhír, pointí (f) go (i)

Airteagal 5(5), an chéad fhomhír, pointí (f) go (i)

Airteagal 5(5), an chéad fhomhír, pointe (j)

Airteagal 5(5), an chéad fhomhír, réamhabairtín

Airteagal 5(6), an chéad fhomhír, réamhabairtín

Airteagal 5(5), an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 5(6), an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 5(6), an chéad fhomhír, pointe (d)

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 8(1)

Airteagal 11(1)

Airteagal 11(2) go (4)

Airteagal 8(2)

Airteagal 11(5)

Airteagal 11(6)

Airteagal 9

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 10(1)

Airteagal 14(1)

Airteagal 14(2)

Airteagal 10(2)

Airteagal 14(3)

Airteagal 10(3)

Airteagal 14(4)

Airteagal 10(4)

Airteagal 14(5)

Airteagal 10(5)

Airteagal 14(6)

Airteagal 10(6)

Airteagal 14(7)

Airteagal 11

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 12

Airteagal 17

Airteagal 13, réamhabairtín

Airteagal 18, réamhabairtín

Airteagal 13(a)

Airteagal 18(a)

Airteagal 18(b)

Airteagal 13(b)

Airteagal 18(c)

Airteagal 13(c)

Airteagal 18(d)

Airteagal 18(e)

Airteagal 14

Airteagal 19

Airteagal 15(1), réamhabairtín

Airteagal 20(1), réamhabairtín

Airteagal 15(1)(a) go (j)

Airteagal 20(1)(a) go (j)

Airteagal 20(1)(k) agus (l)

Airteagal 15(2)

Airteagal 20(2)

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagal 23

Airteagal 16(1) agus (2)

Airteagal 24(1) agus (2)

Airteagal 24(3)

Airteagal 16(3)

Airteagal 24(4)

Airteagal 16(4)

Airteagal 24(5)

 

Airteagal 25

Airteagal 17

Airteagal 26

Airteagal 18

Airteagal 27

Airteagal 19

Airteagal 28

Airteagal 20

Airteagal 29

Airteagal 21

Airteagal 30

Airteagal 22

Airteagal 31

Airteagal 23

Airteagal 32

Airteagal 24(1) go (4)

Airteagal 33(1) go (4)

Airteagal 33(5)

Airteagal 25(1) agus (2)

Airteagal 34(1) agus (2)

Airteagal 34(3)

Airteagal 26

Airteagal 35

Airteagal 27

Airteagal 36

Airteagal 28

Airteagal 37

Airteagal 29(1) agus (2)

Airteagal 38(1) agus (2)

Airteagal 29(3)(a) go (j)

Airteagal 38(3)(a) go (j)

Airteagal 38(3)(k) agus (l)

Airteagal 30

Airteagal 39

Airteagal 31

Airteagal 40

Airteagal 32

Airteagal 41

Airteagal 33

Airteagal 42

Airteagal 34

Airteagal 43

Airteagal 35

Airteagal 44

Airteagal 36

Airteagal 45

Airteagal 37

Airteagal 46

Airteagal 38

Airteagal 47

Airteagal 39

Airteagal 48

Airteagal 40

Airteagal 49

Airteagal 41

Airteagal 50

Airteagal 42

Airteagal 51

Airteagal 43

Airteagal 52

Airteagal 44

Airteagal 53

Airteagal 45

Airteagal 54

Airteagal 46(1), réamhabairtín

Airteagal 55(1), réamhabairtín

Airteagal 46(1)(a) go (d)

Airteagal 55(1)(a) go (d)

Airteagal 55(1)(e)

Airteagal 46(2) agus (3)

Airteagal 55(2) agus (3)

Airteagal 56

Airteagal 57

Airteagal 47(1) agus (2)

Airteagal 58(1) agus (2)

Airteagal 47(3)

Airteagal 47(4)

Airteagal 58(3)

Airteagal 47(5)

Airteagal 58(4)

Airteagal 48(1), réamhabairtín

Airteagal 59(1), réamhabairtín

Airteagal 48(1)(a)

Airteagal 59(1)(a) agus (b)

Airteagal 48(1)(b) agus (c)

Airteagal 59(1)(c) agus (d)

Airteagal 59(1)(e)

Airteagal 48(2) agus (3)

Airteagal 59(2) agus (3)

 

Airteagal 59(4)

Airteagal 48(4) go (10)

Airteagal 59(5) go (11)

Airteagal 49

Airteagal 60

Airteagal 50

Airteagal 61

Airteagal 51

Airteagal 62

Airteagal 52

Airteagal 63

Airteagal 53

Airteagal 64

Airteagal 54

Airteagal 65

Airteagal 55

Airteagal 66

Airteagal 56

Airteagal 67

Airteagal 68

Airteagal 57

Airteagal 69

Airteagal 59

Airteagal 70