ISSN 1725-2571

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

49
9 Deireadh Fómhair 2006


Clár

 

I   Ionstraimí a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach

Leathanach

 

*

Rialachán (CE) Uimh. 1463/2006 ón gComhairle an 19 Meitheamh 2006 lena n-nglactar Rialachán (CE) Uimh 1698/2005 maidir le tacaíocht d'fhorbairt na tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), de bharr aontachas na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach

1

 

 

II   Ionstraimí nach bhfuil a bhfoilsiú éigeantach

 

 

Comhairle

 

*

Cinneadh ón gComhairle an 19 Meitheamh 2006 lena n-oiriúnaítear Ionstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine, a mhéad a bhaineann le forbairt na tuaithe

2

 

*

Cinneadh ón gComhairle an 19 Meitheamh 2006 lena n-oiriúnaítear Iarscríbhinn VIII a ghabhann le hIonstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine

4

 


 

(1)   Faoin tagairt L 277 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais.

GA


I Ionstraimí a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach

9.10.2006   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (CE) UIMH. 1463/2006 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Meitheamh 2006

lena n-nglactar Rialachán (CE) Uimh 1698/2005 maidir le tacaíocht d'fhorbairt na tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), de bharr aontachas na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh,

Ag féachaint do Conradh Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach, arna shíniú i Lucsamburg an 25 Aibreán 2005, agus go háirithe Airteagal 4(3) de,

Ag féachaint d'Ionstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine, agus go háirithe Airteagal 56 di,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

De bhrí an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh 1698/2005 ón gComhairle (1), tugadh isteach rialacha ginearálta lena rialaítear tacaíocht Chomhphobail don bheartas forbartha tuaithe don tréimhse cláraithe 2007 go 2013 agus bunaíodh tosaíochtaí agus bearta d'fhorbairt na tuaithe.

(2)

Is gá na rialacha ginearálta sin agus na bearta ginearálta sin a oiriúnú ionas go mbeifear in ann iad a chur chun feidhme sa Bhulgáir agus sa Rómáin amhail ó dháta aontachais na dtíortha sin leis an Aontas Eorpach.

(3)

Bunaíonn Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ais éigeantach Leader laistigh den chlár d'fhorbairt na tuaithe, a chaithfidh a bheith ionann le híoschéatadán de chionroinnt CETFT leis an gclár. Ó tharla gur beag taithí atá ag an mBulgáir ná ag an Rómáin ar chur chuige Leader a chur chun feidhme agus d'fhonn an an acmhainn áitiúil is gá a bhunú chun Leader a chur i bhfeidhm, ba cheart meánranníocaíocht airgeadais 2,5 % na haise Leader a chur i bhfeidhm maidir leis na tíortha sin don tréimhse 2010 go 2013.

(4)

Ionas go mbeidh an Bhulgáir agus an Rómáin in ann buntáiste a bhaint go dtí an bhliain 2013 as na bearta idirthréimhseacha maidir le tacaíocht d'fheirmeacha leathchothaitheacha agus maidir le bunú grúpaí táirgeoirí, is cóir an Bhulgáir agus an Rómáin a chur leis an liosta de thíortha a thairbhíonn de na bearta sin.

(5)

Ní mór mar sin Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear mar a leanas Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005:

1.

Cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 17(2):

‘Don Bhulgáir agus don Rómáin, cloífear leis an meánchéatadán de 2,5 % ar a laghad de ranníocaíocht CETFT le haghaidh ais 4 i rith na tréimhse 2010 go 2013. Cuirfear san áireamh gach ranníocaíocht ó CETFT don ais sin i rith na tréimhse 2007 go 2009 agus an céatadán sin á ríomh.’

2.

In Airteagal 20(d), cuirtear an téacs seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

‘bearta idirthréimhseacha don Bhulgáir, do Phoblacht na Seice, don Eastóin, don Chipir, don Laitvia, don Liotuáin, don Ungáir, do Mhálta, don Pholainn, don Rómáin, don tSlóivéin, agus don tSlóvaic maidir le:’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2007, faoi réir Conradh Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine a theacht i bhfeidhm.

Beidh an Rialachán seo as a iomláine ina cheangal agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit uile.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 19 Meitheamh 2006.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. PRÖLL


(1)  IO L 277, 21.10.2005, lch. 1.


II Ionstraimí nach bhfuil a bhfoilsiú éigeantach

Comhairle

9.10.2006   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/2


CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Meitheamh 2006

lena n-oiriúnaítear Ionstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine, a mhéad a bhaineann le forbairt na tuaithe

(2006/663/CE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint do Conradh Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach, arna shíniú i Lucsamburg an 25 Aibreán 2005, agus go háirithe Airteagal 4(3) de,

Ag féachaint d'Ionstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine, agus go háirithe Airteagal 22 di,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bhrí an mhéid seo a leanas:

(1)

Chuir Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le tacaíocht d'fhorbairt na tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (2) athruithe ar an acquis ar a raibh an chaibidlíocht aontachais leis an mBulgáir agus leis an Rómáin bunaithe.

(2)

Tá gá dá bhrí sin Ionstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine a oiriúnú chun go mbeidh sí ag luí le Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005.

(3)

Ba chóir rialacha idirthréimhseacha agus rialacha cur chun feidhme a bhaineann leis an tréimhse cláraithe d'fhorbairt na tuaithe dar tús an 1 Eanáir 2007 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 90(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005. Ba chóir na tagairtí sna forálacha nós imeachta dá bhforáiltear in Ionstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine a oiriúnú dá réir.

(4)

Agus iad ag teacht ar chomhaontú polaitiúil maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005, d'aontaigh an Chomhairle agus an Coimisiún, i ndearbhú comhpháirteach maidir leis an mBulgáir agus leis an Rómáin, an beart maidir le seirbhísí comhairleacha dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le hIonstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine a fhadú go dtí 2013 i dtaca le seirbhísí comhairleacha a sholáthar d'fheirmeoirí a bhfuil tacaíocht leathchothaitheach á fáil acu. Ba chóir an Ionstraim Aontachais a oiriúnú chun an comhaontú sin a chur san áireamh,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Leasaítear mar a leanas Ionstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt d'Airteagal 29:

‘Más gá bearta idirthréimhseacha sonracha i dtaca leis sin, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 90(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair maidir le tacaíocht d'fhorbairt na tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (3).

2.

leasaítear mar a leanas Airteagal 34:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   De bhreis ar na rialacháin a bhaineann le forbairt na tuaithe agus atá i bhfeidhm ar dháta an aontachais, beidh feidhm maidir leis an mBulgáir agus maidir leis an Rómáin ag na forálacha atá leagtha síos i Roinn I, i Roinn II agus i Roinn III d'Iarscríbhinn VIII don tréimhse 2007 go 2009, cé is moite de phointe D de Roinn I den Iarscríbhinn sin a mbeidh feidhm aige freisin don tréimhse 2010 go 2013 maidir le seirbhísí comhairleacha a sholáthar d'fheirmeoirí a bhfuil tacaíocht leathchothaitheach á fáil acu. Beidh feidhm maidir leis an mBulgáir agus maidir leis an Rómáin ag na forálacha airgeadais sonracha atá leagtha síos i Roinn IV d'Iarscríbhinn VIII i gcaitheamh na tréimhse cláraithe 2007 go 2013.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Déanfar rialacha cur chun feidhme do chur i bhfeidhm fhorálacha Iarscríbhinn VIII a ghlacadh, nuair is gá sin, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 90(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005.’

Airteagal 2

Déanfar an Cinneadh seo a tharraingt suas sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag an 23 téacs.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2007 faoi réir Conradh Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine a theacht i bhfeidhm.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 19 Meitheamh 2006.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. PRÖLL


(1)  Níl sé foilsithe fós san Iris Oifigiúil.

(2)  IO L 277, 21.10.2005, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1463/2006 (Feic leathanach 1 san Iris Oifigiúil seo).

(3)  IO L 277, 21.10.2005, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1463/2006 (IO L 277, 9.10.2006, p. 1).’;


9.10.2006   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/4


CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Meitheamh 2006

lena n-oiriúnaítear Iarscríbhinn VIII a ghabhann le hIonstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine

(2006/664/CE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint do Conradh Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach, arna shíniú i Lucsamburg an 25 Aibreán 2005, agus go háirithe Airteagal 4(3) de,

Ag féachaint d'Ionstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine, agus go háirithe Airteagal 34(4) di,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bhrí an mhéid seo a leanas:

(1)

Chuir Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le tacaíocht d'fhorbairt na tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (2) athruithe ar an acquis ar a raibh an chaibidlíocht aontachais leis an mBulgáir agus leis an Rómáin bunaithe.

(2)

Tá gá dá bhrí sin Ionstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine a oiriúnú chun go mbeidh sí ag luí le Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005.

(3)

Agus na hathruithe is gá á ndéanamh ar Ionstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine, is cóir bunchineál agus bunphrionsabail thorthaí na caibidlíochta a chaomhnú agus a chur i bhfeidhm maidir le haon eilimintí nua. Fairis sin, ní cóir aon oiriúnuithe a dhéanamh ar an Ionstraim Aontachais seachas oiriúnuithe fíor-riachtanacha.

(4)

Na bearta maidir le ‘leathchothaitheacht’ agus maidir le ‘grúpaí táirgeoirí’ dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le hIonstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine, tá siad folaithe i Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005, mar bhearta idirthréimhseacha don Bhulgáir, do Phoblacht na Seice, don Eastóin, don Chipir, don Laitvia, don Liotuáin, don Ungáir, do Mhálta, don Pholainn, don Rómáin, don tSlóivéin, agus don tSlóvaic. Dá bhrí sin, ba chóir na forálacha a leagtar amach sna réimsí sin in Ionstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine a scriosadh.

(5)

Na forálacha maidir le cúnamh teicniúil dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le hIonstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine, tá siad folaithe i Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 agus ba chóir, dá bharr sin, iad a scriosadh.

(6)

Bunaíonn Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ais éigeantach Leader laistigh den chlár d'fhorbairt na tuaithe, a chaithfidh a bheith ionann le híoschéatadán de chionroinnt CETFT leis an gclár. Chomh maith leis sin, cuireann Airteagal 59 den Rialachán sin beart ar bun a bhfuil sé d'aidhm aige tacú leis an neartú acmhainní, murar ionann agus na socruithe a caibidlíodh don Bhulgáir agus don Rómáin. Dá bhrí sin, is gá comhchuibhiú a dhéanamh idir na forálacha maidir le Leader a leagadh amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le hIonstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine agus na forálacha nua dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005.

(7)

Forálann Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 go dtacófar le húsáid seirbhísí comhairleacha. Tá difríochtaí, áfach, idir Ionstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine agus an Rialachán sin maidir le raon feidhme an bhirt sin. Chun maoiniú dúbailte, ach go háirithe, a sheachaint i gcaitheamh na gcéad trí bliana den chlár, ba chóir go dtabharfaí an rogha don Bhulgáir agus don Rómáin an beart dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Ionstraim Aontachais a chur chun feidhme, sin nó an beart dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005.

(8)

Chomh maith leis sin, agus iad ag teacht ar chomhaontú polaitiúil maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005, d'aontaigh an Chomhairle agus an Coimisiún, i ndearbhú comhpháirteach maidir leis an mBulgáir agus leis an Rómáin, an beart maidir le seirbhísí comhairleacha dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le hIonstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine a fhadú go dtí 2013 i dtaca le seirbhísí comhairleacha a sholáthar d'fheirmeoirí a bhfuil tacaíocht leathchothaitheach á fáil acu. Ba chóir Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Ionstraim Aontachais a oiriúnú chun an comhaontú sin a chur san áireamh.

(9)

Ó tharla gur bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2005 maidir le maoiniú an chomhbheartais talmhaíochta (3) Ciste aonair do thacaíocht Chomhphobail d'fhorbairt na tuaithe, a ghabhann ionad an dá fhoinse maoinithe a bhí ann roimhe sin, is gá a shoiléiriú an bonn ar ar chóir an uasteorainn 20 % a ríomh a shonraítear sa chomhlánú ar íocaíochtaí díreacha dá bhforáiltear i bpointe E de Roinn I d'Iarscríbhinn VIII a ghabhann le hIonstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine.

(10)

Tá sé mar aidhm ag an tacaíocht Chomhphobail dá bhforáiltear i bpointe E de Roinn I d'Iarscríbhinn VIII a ghabhann le hIonstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine cómhaoiniú a dhéanamh ar íocaíochtaí nó ar chabhracha náisiúnta díreacha faoi Airteagal 143c de Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2003 ag bunú comhrialacha do scéimeanna tacaíochta dírí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus ag bunú scéimeanna áirithe tacaíochta le haghaidh feirmeoirí agus ag leasú Rialacháin (CEE) Uimh. 2019/93, (CE) Uimh. 1452/2001, (CE) Uimh. 1453/2001, (CE) Uimh. 1454/2001, (CE) Uimh. 1868/94, (CE) Uimh. 1251/1999, (CE) Uimh. 1254/1999, (CE) Uimh. 1673/2000, (CEE) Uimh. 2358/71 agus (CE) Uimh. 2529/2001 (4). Ar an ábhar seo, níor chóir an tacaíocht sin a chur san áireamh agus an chóimheá idir chuspóirí á ríomh a ndéantar cur síos uirthi in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005.

(11)

Ní áirítear an inmharthanacht eacnamaíoch níos mó i Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 mar choinníoll cáilitheachta don bheart maidir le tacaíocht infheistíochta. Ba chóir, dá bhrí sin, an maolú gaolmhar atá in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le hIonstraim Aontachais don Bhulgáir agus don Rómáin a scriosadh.

(12)

Bunaíonn Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 rialacha nua maidir le caiteachas ar fhorbairt na tuaithe a mhaoiniú. Ós rud é go leanann na forálacha sin na prionsabail chéanna a leantar in Airteagal 31 agus in Airteagal 32 de Rialachán (CE) Uimh. 1260/1999 ón gComhairle an 21 Meitheamh 1999 ag leagan síos forálacha ginearálta maidir leis na Cistí Struchtúracha (5), dá dtagraítear in Ionstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine, níl aon ghá níos mó leis na forálacha sonracha airgeadais atá in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Ionstraim Aontachais. Ina theannta sin, is gá modhnú a dhéanamh san Iarscríbhinn sin ar ranníocaíocht airgeadais an Chomhphobail do bhearta talamh-chomhshaoil agus leasa ainmhithe ó tharla gur ar leibhéal na haise anois seachas ar leibhéal an bhirt a shocraítear na rátaí cómhaoinithe, i gcomhréir le hAirteagal 70 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Leasaítear mar a leanas Iarscríbhinn VIII a ghabhann le hIonstraim Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine:

1.

Leasaítear mar a leanas Roinn I:

(a)

scriostar pointe A agus pointe B;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe C:

‘C.

Bearta den chineál Leader+

I dteannta na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 63(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005, féadfar tacaíocht a dheonú do na bearta seo a leanas:

(a)

comhpháirtíochtaí áitiúla ionadaíocha a thógáil;

(b)

straitéisí iomlánaithe forbartha a tharraingt suas;

(c)

taighde a mhaoiniú agus iarratais ar thacaíocht a ullmhú.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe D:

‘D.

Seirbhísí comhairleacha agus sínteacha feirme

(1)

Deonófar tacaíocht do sholáthar seirbhísí comhairleacha agus sínteacha feirme.

Don tréimhse 2007 go 2009, ní fhéadfar an tacaíocht sin a áireamh sa chlár forbartha tuaithe má bhíonn tacaíocht dá bhforáiltear in Airteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 á feiceáil ag teacht.

(2)

Don tréimhse 2010 go 2013, ní dheonófar tacaíocht seachas tacaíocht do sholáthar seirbhísí d'fheirmeoirí a bhfuil tacaíocht leathchothaitheach dá dtagraítear in Airteagal 20(d)(i) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 á fáil acu.

Clúdóidh na seirbhísí comhairleacha d'fheirmeoirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

na riachtanais dhlíthiúla bainistíochta agus na dea-choinníollacha talmhaíochta agus comhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 agus in Iarscríbhinn III agus in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis;

(b)

caighdeáin sábháilteachta ceirde bunaithe ar reachtaíocht Chomhphobail.’

;

(d)

leasaítear mar a leanas pointe E:

(i)

i bpointe (3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

‘Ní rachaidh ranníocaíocht an Chomhphobail don tacaíocht arna deonú faoin bhforoinn E seo sa Bhulgáir ná sa Rómáin i dtaca le gach ceann de na blianta 2007, 2008 agus 2009 thar 20 % dá cionroinnt bhliantúil ábhartha faoi seach ó Roinn Ráthaíochta CETRT dá dtagraítear in Airteagal 34(2) den Ionstraim Aontachais seo.’

;

(ii)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(5)

Ní chuirfear ranníocaíocht airgeadais an Comhphobail don bheart sin san áireamh agus an chóimheá idir chuspóirí á ríomh faoi Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005.’

;

(e)

déantar pointe F agus pointe G a scriosadh.

2.

I Roinn II, déantar pointe (1) a scriosadh.

3.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn IV:

‘De mhaolú ar Airteagal 70(3)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005, is é an méid a fhéadfaidh a bheith i ranníocaíocht airgeadais an Chomhphobail 80 % d'ais 1, d'ais 3 agus don chúnamh teicniúil.

De mhaolú ar Airteagal 70(3)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005, is é an méid a fhéadfaidh a bheith i ranníocaíocht airgeadais an Chomhphobail 80 % d'ais 2.’

Airteagal 2

Déanfar an Cinneadh seo a tharraingt suas sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag an 23 téacs.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2007 faoi réir Conradh Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine a theacht i bhfeidhm.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 19 Meitheamh 2006.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. PRÖLL


(1)  Níl sé foilsithe fós san Iris Oifigiúil.

(2)  IO L 277, 21.10.2005, lch. 1. Rialachán mar atá arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1463/2006 (Feic leathanach 1 san Iris Oifigiúil seo).

(3)  IO L 209, 11.8.2005, lch. 1. Rialachán mar atá arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 320/2006 (IO L 58, 28.2.2006, lch. 42).

(4)  IO L 270, 21.10.2003, lch. 1. Rialachán mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 953/2006 ón gCoimisiún (IO L 175, 29.6.2006, lch. 1).

(5)  IO L 161, 26.6.1999, lch. 1. Rialachán mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 173/2005 (IO L 29, 2.2.2005, lch. 3).