European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/6492

15.12.2025

Iarraidh ar réamhrialú ón Administrativen sad – Varna (an Bhulgáir), a taisceadh an 5 Meán Fómhair 2025 – I.M.I. v Direktor na Teritorialno podelenie Varna na Natsionalen osiguritelen institut

(Cás C-587/25, NOI Varna)

(C/2025/6492)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Administrativen sad – Varna

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: I.M.I.

Cosantóir: Direktor na Teritorialno podelenie Varna na Natsionalen osiguritelen institut

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.

Cad í an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme faoi Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (1) agus cad é an Ballstát atá inniúilagus an institiúid atá inniúil chun sochar dífhostaíochta a dheonú, sna coinníollacha seo a leanas maidir leis an duine lena mbaineann: (1) is saoránach de Phoblacht na Bulgáire, Ballstát den Aontas Eorpach é; (2) is leis a theach féin i bPoblacht na Bulgáire; (3) tá a chlann (a chéile), agus lárionad a leasanna i bPoblacht na Bulgáire; (4) bhí sé fostaithe ag fostóir atá bunaithe i bPoblacht na hIodáile; (5) bhí sé ag obair mar mhairnéalach; (6) bhí sé ag déanamh a chuid oibre ar bord soithigh a bhfuil faoi bhratach na hIodáile agus laistigh de theorainneacha teorann Phoblacht na hIodáile (laistigh den Aontas Eorpach), agus (7) níl aon díospóid ann gur íoc a fhostóir árachas dífhostaíochta i bPoblacht na hIodáile?

2.

I bhfianaise na chéad abairte d’Airteagal 11(4) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, Airteagal 65(1) i gcomhar le hAirteagal 11(3)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 nó Airteagal 11(3)(e) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, an gceadaítear d’institiúidí an Bhallstáit cleachtas ina ndiúltaíonn siad sochair dífhostaíochta a dheonú do dhuine ar an bhforas nach bhfuil fostaíocht á lorg aige sa Bhallstát a ndearna sé iarratas ar shochar dífhostaíochta chuige agus go ndearnadh na ranníocaíochtaí a d’íoc a fhostóir le linn dó a bheith fostaithe a íoc isteach i gcistí árachais Ballstáit eile seachas an Ballstát ónar éilíodh sochair dífhostaíochta?


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO 166 L 2004, lch. 1)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6492/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)