|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5568 |
27.10.2025 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Rejonowy w Piotrkowie Trybunalskim (an Pholainn) a taisceadh an 8 Iúil 2025 – GS v O sp. z o.o.
(Cás C-448/25, Kutuski) (1)
(C/2025/5568)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne tarchur
Sąd Rejonowy w Piotrkowie Trybunalskim
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: GS
Cosantóir: O sp. z o.o.
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1) |
An bhfuil Airteagal 6(3) de Threoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála (2) le léiriú sa chaoi gur féidir baint a bheith ag ‘cúiteamh cóir’ as costais aisghabhála leis na costais a bhaineann le dlíodóir a fhostú ag an gcéim réamhdhlíthíochta nó bhreithiúnach, fiú i gcás ina bhforáiltear leis an dlí náisiúnta, in imeachtaí eile, gur feidir leis an gcreidiúnaí na costais dlí sin a aisghabháil ón bhféichiúnaí os comhair na gcúirteanna arna dtabhú le haghaidh sheirbhísí dlíodóra [radca prawny nó adwokat] a fháil in imeachtaí os comhair na n-údarás breithiúnach? I gcás ina dtugtar freagra dearfach ar an gcéad cheist: |
|
2) |
An bhfuil tuiscint le baint as an téarma ‘cúiteamh cóir’ sa chaoi nach mbaineann sé le luach margaidh seirbhísí dlí sa Bhallstáit ina bhfuil an creidiúnaí bunaithe amháin, nó an bhfuil réasúntacht an chostais fhéideartha i ndáil le méid an éilimh le cur san aireamh leis chomh maith, ionas nach mó na costais dlí na méid an fhéich atá á aisghabháil? |
(1) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5568/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)