|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/4710 |
25.8.2025 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.12051 — TIKEHAU CAPITAL / CDC / CCIG / ALYSE GUYANE / AIRPORT OF CAYENNE-FELIX EBOUE)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2025/4710)
1.
An 19 Lúnasa 2025 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
Egis Airport Operation (‘Egis’, an Fhrainc), faoi rialú Tikehau Capital SCA (‘Tikehau’, an Fhrainc), |
|
— |
la Caisse des Dépôts et Consignations (‘CDC’, an Fhrainc), |
|
— |
la Chambre de Commerce et d’Industrie de Guyane (‘CCIG’, an Fhrainc), |
|
— |
Alyse Guyane (an Fhrainc), faoi rialú Collectivité Territoriale de Guyane (‘CTG’, an Fhrainc), |
|
— |
l’aéroport Cayenne-Félix Eboué (‘Aéroport’, an Fhrainc), faoi rialú CCIG faoi láthair. |
Gheobhaidh Egis, CDC, CCIG agus Alyse Guyane rialú, de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar Aéroport ina iomláine.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin conartha nó aon mhodh eile.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Tá Egis gníomhach i mbainistiú agus in oibriú aerfort, san Eoraip agus san Afraic den chuid is mó. Is bainisteoir sócmhainní agus infheisteoir idirnáisiúnta (an Eoraip, an Áise, Meiriceá Thuaidh) é a mháthairchuideachta, Tikehau, |
|
— |
Is institiúid phoiblí de chuid na Fraince é CDC a bhfuil stádas dlíthiúil speisialta aige. Déanann CDC agus a fhochuideachtaí cúraimí leasa ghinearálta chun tacú le beartais phoiblí arna seoladh ag an Stát agus ag údaráis áitiúla agus déanann siad gníomhaíochtaí atá oscailte don iomaíocht sna hearnálacha comhshaoil, fuinnimh, eastáit réadaigh, infheistíochta agus caipitil agus seirbhísí, |
|
— |
Is institiúid phoiblí riaracháin eacnamaíoch é CCIG atá faoi mhaoirseacht an Stáit agus á riar ag bainisteoirí cuideachtaí arna dtoghadh ag a bpiaraí. |
|
— |
Is cuideachta infheistíochta é Alyse Guyane atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do gheilleagar na Guáine trí infheistíochtaí cothromais a dhéanamh i bhfiontair an-bheag, bheaga agus mheánmhéide, agus i bhfiontair áitiúla. |
3.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí Aéroport: aerfort idirnáisiúnta atá lonnaithe i Roinn Fhrancach na Guáine.
4.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, agus gan dochar dá chinneadh críochnaitheach maidir leis sin, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
5.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.12051 — TIKEHAU CAPITAL / CDC / CCIG / ALYSE GUYANE / AIRPORT OF CAYENNE-FELIX EBOUE
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4710/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)