European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/4236

28.7.2025

Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2023/1532 ón gComhairle arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/1547 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) 2023/1529 ón gComhairle arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1548 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua

(C/2025/4236)

Dírítear an fhaisnéis seo a leanas ar na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, ar na heintitis agus ar na comhlachtaí atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/1532 ón gComhairle (1) arna leasú le Cinneadh (CBES) 2025/1547 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1529 ón gComhairle (3) arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1548 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua.

Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh tar éis a chinneadh go leanfaidh na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí sin atá sna hIarscríbhinní thuasluaite de bheith san áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2023/1532 agus i Rialachán (AE) 2023/1529.

Cuirtear in iúl do na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, do na heintitis agus do na comhlachtaí lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1529, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 3a den Rialachán).

Féadfaidh na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar na liostaí thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle roimh an  1 Eanáir 2026 , ag an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críocha athbhreithniú tréimhsiúil na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Chinneadh (CBES) 2023/1532 agus Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) 2023/1529.

Tugtar ar aird na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)   IO L 186, 25.7.2023, lch. 20.

(2)   IO L, 2025/1547, 25.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1547/oj.

(3)   IO L 186, 25.7.2023, lch. 1.

(4)   IO L, 2025/1548, 25.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1548/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4236/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)