European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/4141

4.8.2025

Iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski gradski sad (an Bhulgáir), a taisceadh an 8 Bealtaine 2025– Imeachtaí coiriúla i gcoinne A, B, V, G, D

(Cás C-321/25, Gidzhinov)  (1)

(C/2025/4141)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski gradski sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

A, B, V, G, D

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gcuireann Airteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 2(1) den Choinbhinsiún maidir le Leasanna Airgeadais na gComhphobal Eorpach a Chosaint cosc ar dhlí náisiúnta lena bhforáiltear do thréimhse theorann chun cionta in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais a ionchúiseamh, agus a chinneann an tréimhse theorann trí thagairt a dhéanamh don phionós uasta dá bhforáiltear don chion amháin agus ní trí thagairt a dhéanamh do chastacht fhíorasach agus dhlíthiúil an cháis, agus a dhéanann neamhaird den fhéidearthacht go dtarlódh teagmhas comhtharlaitheach a fhágann gur gá imeachtaí coiriúla a atosú, sa chaoi is go bhféadfadh cur i bhfeidhm an dlí náisiúnta a bheith ina chúis le saoirse ó phionós?

An gcuireann Airteagal 3(1)(b) de Chinneadh Réime 2008/841 (2) cosc ar dhlí náisiúnta faoina bhfuil an cion dá dtagraítear in Airteagal 2(b) inphionóis le pianbhreith choimeádta a bhfuil pionós uasta níos airde aige ná an pionós dá bhforáiltear don chion a chuimsítear sa chomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 2(b)?


(1)  Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

(2)  Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe (IO 2008 L 300, lch. 42).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4141/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)