European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/3963

20.8.2025

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Iúil 2025

lena gceadaítear don Danmhairg imeacht ó na huasrátaí fáis glanchaiteachais mar atá leagtha síos ag an gComhairle faoi Rialachán (AE) 2024/1263

(An clásal éalaithe náisiúnta a ghníomhachtú)

(C/2025/3963)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 26 de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2024/1263 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach, mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a chur chun feidhme (2), agus le Treoir 2011/85/AE leasaithe ón gComhairle maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (3), is croíghnéithe de chreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais iad. Is é is aidhm leis an gcreat airgeadas poiblí atá fónta inbhuanaithe, mar aon le fás inbhuanaithe cuimsitheach agus athléimneacht, a chur chun cinn trí athchóirithe agus infheistíochtaí, agus easnaimh iomarcacha rialtais a chosc. Leis an gcreat, cuirtear úinéireacht náisiúnta chun cinn agus dírítear ar an meántéarma agus, ina theannta sin, tá forfheidhmiú éifeachtach comhleanúnach na rialacha i gceist leis.

(2)

Na huasrátaí fáis glanchaiteachais a leagtar amach i moladh ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagail 17(1) nó 19 de Rialachán (AE) 2024/1263, is iad sin an táscaire oibriúcháin aonair le haghaidh an fhaireachais fhioscaigh bhliantúil a dhéantar ar gach Ballstát agus tá siad i gcroílár an chreata rialachais eacnamaíoch nua. Leis na huasrátaí fáis glanchaiteachais a leagtar amach sa Mholadh sin ón gComhairle, bunaítear srian buiséadach ar feadh 4 bliana nó 5 bliana, rud atá bunaithe ar thréimhse choigeartaithe 4 bliana ar féidir síneadh suas le 3 bliana breise a chur léi.

(3)

Déantar foráil sa chreat maidir le solúbthacht i ndáil le cur i bhfeidhm na rialacha i gcás imthosca eisceachtúla nach bhfuil smacht ag na Ballstáit orthu agus a bhfuil tionchar mór acu ar an airgeadas poiblí, i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2024/1263. Sa dara cás sin, arna iarraidh sin do Bhallstát agus ar mholadh ón gCoimisiún bunaithe ar a chuid anailíse, féadfaidh an Chomhairle, laistigh de 4 seachtaine ón moladh ón gCoimisiún, moladh a ghlacadh lena gceadófar do Bhallstát imeacht óna uasrátaí fáis glanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle (i) i gcás imthosca eisceachtúla nach bhfuil smacht ag an mBallstát sin orthu, agus (ii) i gcás ina bhfuil tionchar mór ag na himthosca sin ar airgeadas poiblí an Bhallstáit lena mbaineann, agus (iii) ar choinníoll nach gcuirfear inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol sa mheántéarma mar gheall ar an diall sin. Déanfaidh an Chomhairle teorainn ama a shonrú le haghaidh an diallta sin.

(4)

Thug na Cinn Stáit nó Rialtais, nuair a tháinig siad le chéile in Versailles an 10 agus an 11 Márta 2022, gealltanas go ndéanfaí cumais chosanta Eorpacha a neartú i bhfianaise an fhogha mhíleata a thug an Rúis faoin Úcráin. Athdhearbhaíodh na haidhmeanna sin sa Chompás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint. Sna Conclúidí ón gComhairle Eorpach maidir le cosaint Eorpach an 6 Márta 2025, chuir sí in iúl gur díol sásaimh di an rún atá ag an gCoimisiún a mholadh go ndéanfaí an clásal éalaithe náisiúnta faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a ghníomhachtú, ar bhealach comhordaithe, mar bheart láithreach.

(5)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Márta 2025 (4), d’iarr sé ar na Ballstáit uile úsáid a bhaint as an tsolúbthacht dá bhforáiltear leis an gclásal éalaithe náisiúnta ar bhealach comhordaithe d’fhonn an tionchar ar chumais chosanta an Aontais a uasmhéadú. Is é is aidhm don tsolúbthacht sin an t-aistriú chuig leibhéil níos airde caiteachais cosanta a éascú ar choinníoll nach gcuirfidh sé an inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol sa mheántéarma. De réir na Teachtaireachta sin, dá ndéanfaí an clásal éalaithe náisiúnta a ghníomhachtú, cheadófaí do na Ballstáit imeacht ó na huasrátaí fáis glanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle agus na pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha á bhformhuiniú acu, nó, agus na conairí ceartaitheacha á mbunú acu faoin nós imeachta um easnamh iomarcach, a mhéid atá údar leis an diall sin mar gheall ar mhéadú ar chaiteachas cosanta i gcoibhneas leis an mbliain tagartha, agus a mhéid nach rachaidh an barrachas bliantúil le linn 2028 thar 1,5 % de OTI. Bheadh aon mhéadú thar an méid sin faoi réir na ngnáthmheasúnuithe ar chomhlíontacht. Tá gá leis an uasmhéid sin chun a áirithiú nach gcuirfear inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol agus, an tráth céanna, chun go mbeidh na Ballstáit in ann tairbhiú den tsolúbthacht agus iad ag bogadh i dtreo leibhéal níos airde caiteachais cosanta. Cinnfear na méideanna beachta nuair a bheidh sonraí olltoraidh ar fáil, chun a áirithiú nach n-úsáidfear an tsolúbthacht bhreise ach amháin chun na críche atá beartaithe dóibh.

(6)

Leis an moladh ón gComhairle an 21 Eanáir 2025 (5), formhuiníodh conair ghlanchaiteachais na Danmhairge.

(7)

An 30 Aibreán 2025, chuir an Danmhairg iarraidh faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin chun an clásal éalaithe náisiúnta a ghníomhachtú.

(8)

San iarraidh sin, leagann an Danmhairg amach, i gcomhthéacs teannas geopholaitiúil méadaithe, gur dúshlán eiseach don Aontas é cogadh foghach leanúnach na Rúise ar an Úcráin agus an bhagairt ar shlándáil na hEorpa a bhaineann leis, ar dúshlán é a dteastaíonn méadú mór ar chaiteachas cosanta chun dul i ngleic leis. Is imthoisc eisceachtúil é sin nach bhfuil smacht ag na Ballstáit uirthi.

(9)

San iarraidh sin, tuairiscíonn an Danmhairg sonraí maidir le caiteachas cosanta iomlán (Tábla 1). Ina theannta sin, tá sé beartaithe ag an Danmhairg an tslándáil agus an chosaint a neartú tuilleadh sna blianta amach romhainn. Dá bhrí sin, tá tionchar mór ag an méadú ar chaiteachas cosanta ar airgeadas poiblí na Danmhairge.

Tábla 1: Caiteachas cosanta iomlán sa Danmhairg

 

2021 a

2022 a

2023 a

2024 b

2025 b

Caiteachas cosanta iomlán rialtais ghinearálta (% de OTI)

1,2

1,2

1,8

1,8

2,8

Foinse: a: Eurostat; b: Faisnéis a thug an Danmhairg don Chomhairle agus don Choimisiún.

(10)

Measann an Danmhairg go mbeidh an méadú ar chaiteachas cosanta iomlán mar chóimheas le OTI ó 2021 go 2025 thart ar 1,6 pointe céatadáin agus, dá bhrí sin, go rannchuideoidh sé le comhardú an rialtais a laghdú agus le fiachas rialtais a mhéadú.

(11)

Agus gach ní eile mar a chéile, beidh fiachas rialtais níos airde agus barrachas buiséid níos ísle faoi dheireadh na tréimhse a chumhdaítear leis an gclásal éalaithe náisiúnta mar thoradh ar mhéadú ar chaiteachas i gcaitheamh na tréimhse sin. Le réamh-mheastacháin tháscacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún agus ar bhonn na toimhde go gcuirfear an méadú iomlán ar chaiteachas rialtais a cheadaítear leis an moladh seo i bhfeidhm ar bhonn líneach faoi 2028, tugtar le fios go mbeadh an cóimheas idir easnamh agus OTI agus an cóimheas idir fiachas agus OTI in 2028 1,1 pointe céatadáin agus 2,4 pointe céatadáin níos airde, faoi seach, ná mar a bheidís dá bhfásfadh glanchaiteachas i gcomhréir leis an gconair a leagtar amach le Moladh ón gComhairle. Chuige sin, is dócha go mbeadh gá le coigeartú fioscach breise tar éis thréimhse ghníomhachtaithe an chlásail éalaithe náisiúnta chun ceanglais an chreata fhioscaigh a chomhlíonadh, lena n-áirítear é sin a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear nó go bhfanfaidh an cóimheas fiachais ar chonair anuas inchreidte, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama faoi bhun 60 % de OTI sa mheántéarma agus go bhfanfaidh an t-easnamh faoi bhun 3 % de OTI nó go dtabharfar faoi bhun an chéatadáin sin é agus go gcoinneofar faoi bhun an luacha tagartha é sa mheántéarma. Aithníonn an Danmhairg go bhféadfadh sé, amach anseo, go mbeadh gá le beartais chun inbhuanaitheacht fhioscach agus comhlíonadh na rialacha fioscacha a chaomhnú sa mheántéarma mar gheall ar chaiteachas cosanta atá níos airde ó thaobh struchtúir de. Leis an méadú teoranta réamh-mheasta ar leibhéil easnaimh agus fiachais arb é an clásal éalaithe náisiúnta is cúis leis, mar aon le gealltanas na n-údarás an coigeartú is gá a chur chun feidhme chun ceanglais uile an chreata fhioscaigh a chomhlíonadh sa chéad bhabhta pleananna eile, áirithítear go gcaomhnófar an inbhuanaitheacht fhioscach sa mheántéarma.

(12)

Déanann na húdaráis staidrimh náisiúnta agus Eurostat sonraí maidir le caiteachas cosanta rialtais ghinearálta a thiomsú agus a eisiúint, de réir Aicmiú Idirnáisiúnta Fheidhmeanna an Rialtais (COFOG) (6) faoi chuimsiú Chóras Eorpach na gCuntas Náisiúnta (CCE2010) (7). Is iomchuí na sonraí sin a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar easnamh rialtais mar gheall ar an gcaiteachas rialtais ar chosaint, ar fhiachas rialtais agus ar ghlanchaiteachas rialtais, agus ar choincheapa gaolmhara. Is é Eurostat, agus é ag obair i ndlúthchomhar leis na húdaráis staidrimh náisiúnta, a bhunóidh próiseas bailithe sonraí. Ba cheart catagóirí COFOG maidir le cosaint a bheith mar thúsphointe leis sin a dhéanamh, agus ina theannta sin ba cheart sainmhíniú ECAT a chur san áireamh agus an fhéidearthacht a bheith ann i gcónaí aghaidh a thabhairt ar neamhréireanna a d'fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar dhifríochtaí sna córais tuairiscithe bhliantúla faoi seach. Ní mór an próiseas bailithe sonraí a ailíniú le sprioc-amanna tuairiscithe an nós imeachta um easnamh iomarcach.

(13)

Thairis sin, i gcás roinnt de na conarthaí le haghaidh trealamh míleata a shíneofar le linn thréimhse ghníomhachtaithe an chlásail éalaithe náisiúnta, d’fhéadfadh sé nach ndéanfaí an trealamh a sheachadadh go dtí céim níos déanaí, rud a d’fhágfadh nach n-imreofaí tionchar ar an airgeadas poiblí go dtí go mbeidh tréimhse ghníomhachtaithe an chlásail caite. Chun an cás sin a chumhdach, ba cheart feidhm a bheith ag an tsolúbthacht a dheonaítear faoin gclásal éalaithe náisiúnta freisin maidir le caiteachas cosanta a bhaineann leis an seachadadh níos déanaí sin, ar choinníoll go síneofar na conarthaí comhfhreagracha le linn thréimhse ghníomhachtaithe an chlásail agus go bhfanfaidh an caiteachas cosanta moillithe sin laistigh den uasteorainn fhoriomlán thuasluaite.

(14)

An caiteachas a mhaoinítear le hiasachtaí a chuirtear ar fáil leis an ionstraim nua um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) (8) chun an tionscal cosanta Eorpach a threisiú, thairbheodh sé go huathoibríoch den tsolúbthacht thuasluaite. Chuige sin, an caiteachas uile a bhaineann le cosaint a dhéanfar faoi ionstraim SAFE faoi na catagóirí ‘táirgí cosanta’ agus ‘táirgí eile chun críche cosanta’ mar a shainmhínítear sa togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear Ionstraim SAFE, dhéanfadh na Ballstáit é sin a thuairisciú do Eurostat.

(15)

Ní mhodhnaítear leis an moladh seo na sainmhínithe ar easnamh rialtais, ar fhiachas rialtais agus ar ghlanchaiteachas rialtais, agus ar choincheapa gaolmhara. Ní mór don Danmhairg sonraí bunaithe ar na coincheapa sin a thiomsú agus a thuairisciú i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2024/1263, (CE) Uimh. 479/2009 (9) agus (AE) Uimh. 549/2013.

AG MOLADH LEIS SEO:

1.

Le linn na tréimhse 2025-2028, ceadaítear don Danmhairg imeacht ó uasrátaí fáis an ghlanchaiteachais mar a leagtar síos sa Mholadh ón gComhairle agus na huasrátaí sin a shárú C/2025/654 a mhéid a sháraíonn an glanchaiteachas an t-uasmhéid sin ní sháróidh rátaí fáis an méid seo a leanas:

(i)

an méadú ar an gcaiteachas cosanta mar chéatadán de OTI ó bhí 2021 ann;

(ii)

ar choinníoll nach mó an diall atá de bhreis ar na huasrátaí fáis glanchaiteachais ná 1,5 faoin gcéad de OTI.

2.

Sna blianta tar éis 2028, féadfaidh an Danmhairg imeacht ó na huasrátaí fáis glanchaiteachais a leagtar amach le Moladh ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagail 17 nó 19 de Rialachán (AE) 2024/1263, agus na huasrátaí sin a shárú, a mhéid a bhaineann an glanchaiteachas atá de bhreis ar na huasrátaí fáis sin le seachadtaí trealaimh mhíleata ar síníodh conradh ina leith roimh dheireadh 2028 agus a mhéid a fhanann an glanchaiteachas sin laistigh den uasteorainn fhoriomlán thuasluaite.

3.

I gcomhréir le hAirteagal 22(7) de Rialachán (AE) 2024/1263, na dialltaí ó na huasrátaí fáis glanchaiteachais arna leagan síos ag an gComhairle agus a cheadaítear leis an Moladh seo, ní dhéanfar iad a thaifeadadh mar dhochair i gcuntas rialaithe na Danmhairge.

4.

Chun a áirithiú go ndéanfar an caiteachas breise a thaifeadadh i gceart, déanfaidh an Danmhairg sonraí iarbhír agus sonraí beartaithe maidir le caiteachas cosanta iomlán (rannán 02 de COFOG), lena n-áirítear infheistíocht chosanta (rannán 02 P.51 de COFOG), agus aon chaiteachas arna mhaoiniú le hiasachtaí SAFE nach gcumhdaítear in COFOG-02 a chur san áireamh:

(a)

le haghaidh na mblianta T-4, T-3, T-2 agus T-1 (sa chás inarb í bliain T an bhliain reatha), sa tuairisciú don Choimisiún (Eurostat) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 479/2009 ón gComhairle;

(b)

le haghaidh na mblianta 2021 go bliain T (an bhliain reatha), i bpleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta agus i dtuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn i gcomhréir le hAirteagail 11(1) agus 15, agus 21(1) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Is chuig an Danmhairg a dhírítear an moladh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Iúil 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. LOSE


(1)   IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 209, 2.8.1997, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1997/1467/2024-04-30).

(3)  Treoir 2011/85/AE ón gComhairle an 8 Samhain 2011 maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L 306, 23.11.2011, lch. 41, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/85/2024-04-30).

(4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún (C(2025) 2000 final) an 19 Márta 2025.

(5)  Moladh ón gComhairle an 21 Eanáir 2025 lena bhformhuinítear plean fioscach-struchtúrtha meántéarmach náisiúnta na Danmhairge (IO C, C/2025/654, 10.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/654/oj).

(6)  Lámhleabhar maidir le foinsí agus modhanna chun staidreamh COFOG a thiomsú - Aicmiú Fheidhmeanna an Rialtais (COFOG) - eagrán 2019.

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO L 174, 26.6.2013, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2025/1106 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2025 lena mbunaítear an Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) trí Atreisiú an Tionscail Cosanta Eorpaigh (IO L, 2025/1106, 28.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1106/oj).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 479/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 maidir le cur i bhfeidhm an Phrótacail maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach atá i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 145, 10.6.2009, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3963/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)