![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2025/1178 |
19.2.2025 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11833 – ABB / WM / JV)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2025/1178)
1.
An 11 Feabhra 2025 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:
— |
ABB AB (‘ABB’, an tSualainn), faoi rialú ABB Ltd (an Eilvéis), arb é máthairchuideachta deiridh ABB Group é, |
— |
Wallenius Marine AB (‘WM’, an tSualainn), faoi rialú Rederi AB Soya (an tSualainn), arb é máthairchuideachta deiridh Soya Group é |
Gheobhaidh ABB agus WM rialú comhpháirteach ar Oversea Fleet Support AB (‘Oversea JV’, an tSualainn) de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:
— |
Baineann ABB le ABB Group atá gníomhach i leictriú agus uathoibriú, |
— |
Cuireann WM seirbhís iomlán loingseoireachta ar fáil, idir longa nua a dhearadh, a thógáil agus a dhéanamh agus longa a bhainistiú. |
3.
Is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí gnó a bheidh ag an ngnóthas Oversea JV: seirbhísí tacaíochta feidhmíochta cabhlaigh nasctha a sholáthar.
4.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
5.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11833 – ABB / WM / JV
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
Seoladh Ríomhphoist: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
European Commission |
Directorate-General for Competition |
Merger Registry |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1178/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)