|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/694 |
10.2.2025 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 12 Nollaig 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó rechtbank Noord-Holland – an Ísiltír) – Golden Omega S.A. v Inspecteur van de Belastingdienst/Douane kantoor Rotterdam Rijnmond
(Cás C-388/23 (1) , Golden Omega)
(Tarchur chun réamhrialú - Aontas custaim - Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 - Comhtharaif chustaim - Aicmiú taraife - Ainmníocht chomhcheangailte - Ceannteideal 1516 - Saillte agus olaí agus a gcodáin - Ola éisc i bhfoirm eistir eitile - Eistearúchán aigéad sailleach le heatánól - Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1661 - Bailíocht)
(C/2025/694)
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Rechtbank Noord-Holland
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Golden Omega S.A.
Cosantóir: Inspecteur van de Belastingdienst/Douane kantoor Rotterdam Rijnmond
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Maidir le ceannteideal 1516 den Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1602 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2018, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ní chumhdaítear leis ola éisc i bhfoirm eistear eitile, a fhaightear trí eistearúchán a dhéanamh ar aigéid shailleacha a eistearúchán le heatánól. |
|
2. |
Leis an scrúdú ar na ceisteanna a tarchuireadh, níor nochtadh aon eilimint a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do bhailíocht Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1661 ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2019 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte. |
(1) IO C, C/2023/114.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/694/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)