![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2025/627 |
24.1.2025 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Eanáir 2025
lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair thar ceann na Slóvaice
(C/2025/627)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/126 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Cinneadh an 28 Márta 2023 (2), cheap an Chomhairle comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair don tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2027. |
(2) |
Tá suíochán comhalta i gcatagóir na n-ionadaithe rialtais tagtha chun bheith folamh anois mar gheall ar Martina KOSTURÁKOVÁ a bheith éirithe as oifig. |
(3) |
Tá iarrthóir ainmnithe ag Rialtas na Slóvaice don suíochán folamh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceaptar Ivana OLACHOVÁ ina comhalta ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair in ionad Martina KOSTURÁKOVÁ, go ceann a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha dar críoch an 31 Márta 2027.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Eanáir 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. DOMAŃSKI
(1) IO L 30, 31.1.2019, lch. 58.
(2) Cinneadh ón gComhairle an 28 Márta 2023 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) (IO C 116, 31.3.2023, lch. 19).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/627/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)