European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/384

27.1.2025

Iarraidh ar réamhrialú ó Tribunale ordinario di Roma (an Iodáil) a taisceadh an 4 Samhain 2024 – LC v Commissione Territoriale per il riconoscimento della Protezione Internazionale di Roma – Sezione procedure alla frontiera II

(Cás C-758/24, Alace  (1) )

(C/2025/384)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale ordinario di Roma

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: LC

Cosantóir: Commissione Territoriale per il riconoscimento della Protezione Internazionale di Roma – Sezione procedure alla frontiera II

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gcuirtear cosc le dlí an Aontais, go háirithe Airteagail 36, 38 agus 37 de Threoir 2013/32/AE (2), arna léamh freisin i gcomhar le haithrisí 42, 46 agus 48 di, agus arna léiriú i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (agus Airteagail 6 agus 13 de ECHR), ar reachtóir náisiúnta, atá inniúil chun liostaí de thíortha sábháilte tionscnaimh a bhunú agus chun rialáil a dhéanamh ar na critéir atá le leanúint agus ar na foinsí atá le húsáid chun na críche sin, tríú tír a ainmniú go díreach freisin, trí ghníomh reachtach príomhúil, mar thír shábháilte tionscnaimh?

2)

in aon chás, an gcuireann dlí an Aontais, agus go háirithe Airteagail 36, 37 agus 38 den Treoir sin, arna léamh i gcomhar le haithrisí 42, 46 agus 48 di, agus arna léiriú i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (agus Airteagail 6 agus 13 de ECHR), bac ar a laghad ar an reachtóir tríú Stát a ainmniú mar thír shábháilte tionscnaimh gan na foinsí a úsáidtear chun údar a thabhairt leis an ainmniú sin a dhéanamh inrochtana agus infhíoraithe? agus, ar an gcaoi sin, cosc a chur ar an iarrthóir tearmainn agóid a dhéanamh i gcoinne a thionscnaimh, a údaráis, a iontaofachta, a ábharthachta, a thráthúlachta, a iomláine agus a inneachair, ar aon chuma go ginearálta, agus measúnú a dhéanamh an gcomhlíontar na coinníollacha substainteacha don ainmniú sin, a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin;

3)

an gcaithfear dlí an Aontais, agus go háirithe Airteagail 36, 38 agus 37 den Treoir sin, arna léamh freisin i gcomhar le haithrisí 42, 46 agus 48 di, agus arna léiriú i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (agus Airteagail 6 agus 13 de ECHR), a léiriú sa chaoi go bhféadfaidh an chúirt, i gcás ar bith, le linn nós imeachta brostaithe teorann [do dhaoine ó] thír thionscnaimh shábháilte ainmnithe, faisnéis a úsáid maidir leis an tír thionscnaimh, go neamhspleách ar na foinsí dá dtagraítear in Airteagal 3(37) den Treoir sin, atá úsáideach chun a chinneadh an gcomhlíontar na coinníollacha substainteacha d’ainmniú den sórt sin, a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin?

4)

An gcuirtear cosc le dlí an Aontais, go háirithe Airteagail 36, 38 agus 37 den Treoir sin, agus Iarscríbhinn I a ghabhann léi, arna léamh freisin i gcomhar le haithrisí 42, 46 agus 48 di, agus arna léiriú i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (agus Airteagail 6 agus 13 ECHR), ar thríú tír a shainmhíniú mar ‘thionscnamh sábháilte’ má tá catagóirí daoine sa tír sin nach gcomhlíonann an tír sin na coinníollacha substainteacha ina leith maidir le hainmniú den sórt sin atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin?


(1)  Ainm dlítheanach atá in ainm an cháis seo. Ní bhaineann sé le hainm aon cheann de na páirtithe sna himeachtaí.

(2)  Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (athmhúnlú) (IO 2013 L 180, lch. 60).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/384/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)