European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/106

10.1.2025

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Míchothromaíochtaí sa chosaint shóisialta i gcoitinne agus go háirithe i gcás ‘cineálacha nua oibre’ agus ‘oibrithe neamhthipiciúla’

(tuairim féintionscaimh)

(C/2025/106)

Rapóirtéir:

María del Carmen BARRERA CHAMORRO

Comhairleoir

Anna KWIATKIEWICZ (thar ceann Ghrúpa I)

Cristóbal MOLINA NAVARRETE (thar ceann an rapóirtéara, Grúpa II)

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

15.2.2024

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

Tuairim féintionscnaimh

An rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

3.10.2024

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

23.10.2024

Seisiún iomlánach Uimh

591

Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh)

140/13/51

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tá sé á thabhairt chun cuimhne ag CESE go bhfuil sé d’aidhm ag an Aontas Eorpach agus ag na Ballstáit, agus aird á tabhairt acu ar chearta sóisialta dála na gceart sin a leagtar amach i gCairt Shóisialta na hEorpa, ‘cosaint chuí shóisialta’ a áirithiú (Airteagal 151 CFAE), sin agus ardleibhéal fostaíochta agus dálaí feabhsaithe maireachtála agus oibre a chur chun cinn. Ar an gcaoi chéanna, aithnítear i bPrionsabal 12 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta an ceart atá ag oibrithe ‘ar chosaint shóisialta leordhóthanach’, gan beann ar an gcineál caidrimh fostaíochta atá acu agus ar an bhfad atá an caidreamh sin ar bun. Áirítear leis sin freisin daoine féinfhostaithe, ‘faoi dhálaí inchomparáide’.

1.2.

Tá CESE á thabhairt dá aire, de réir a bhfuil sa tuarascáil a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach le déanaí, gur tháinig cineálacha neamhthipiciúla fostaíochta chun cinn tamall maith de bhlianta ó shin sna geilleagair is iomaíche agus sna margaí saothair is dinimiciúla, amhail margaí an Aontais agus na mBallstát. Dearbhaítear sa tuarascáil sin go bhfuil aon trian den lucht saothair san Aontas Eorpach i mbun an chineáil sin fostaíochta. De réir tuarascálacha ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) ar an ábhar sin, is iomaí cúis leis an aistriú ón obair thipiciúil go hobair neamhthipiciúil, ina measc, an domhandú, nuálaíochtaí eagraíochtúla i ngnólachtaí, an digiteáil, dálaí an dul chun cinn shóisialta, maille le hathruithe agus easnaimh i rialáil caidrimh fostaíochta.

1.3.

Tá CESE á thabhairt dá aire an comhdhearcadh institiúideach bunaithe ar an taighde atá ar fáil (EIS, an Coimisiún, an Chomhairle, Parlaimint na hEorpa) maidir leis an ngá atá ann breathnú ar gach cineál fostaíochta atá éagsúil ón bhfostaíocht thipiciúil (i.e. fostaíocht lánaimseartha, bhuan ina bhfuil an oibrí fostaithe ag fostóir agus faoina cheannas) mar fhostaíocht neamhthipiciúil. Ní mór na cineálacha éagsúla fostaíochta, idir shean agus nua, a chur san áireamh, amhail fostaíocht shealadach, fostaíocht pháirtaimseartha, obair eadrannach, obair ar éileamh, obair ardáin, caidreamh fostaíochta faoi cheilt, féinfhostaíocht ina bhfuiltear ag brath ar staid an gheilleagair nó féinfhostaíocht leochaileach. Bíodh is go ndéanann EIS idirdhealú soiléir idir obair neamhthipiciúil agus obair fhorbhásach, níl an leibhéal céanna cosanta ag oibrithe neamhthipiciúla agus atá ag oibrithe atá i mbun obair thipiciúil. Fágann sé sin nach ráthaítear rochtain ar shochair leordhóthanacha agus inbhuanaithe i gcuid mhór cásanna.

1.4.

Tá CESE á chur in iúl gur dhaingnigh formhór mór na mBallstát Cairt Shóisialta na hEorpa (an Chairt ó 1961 ar a laghad). Dá bhrí sin, thug siad gealltanas an córas slándála sóisialta a choinneáil ar leibhéal sásúil atá comhionann ar a laghad leis an leibhéal is gá chun an Cód Eorpach Slándála Sóisialta a dhaingniú agus iarracht a dhéanamh an córas slándála sóisialta a ardú de réir a chéile go leibhéal níos airde, mar a shonraítear i mír 2 agus mír 3 d’Airteagal 12. Ina fhianaise sin, molann CESE d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit, de réir a ndlínse faoi seach agus trí idirphlé sóisialta ar na leibhéil iomchuí, a áirithiú go gcuirfear córais cosanta sóisialta in oiriúint do chineálacha neamhghnácha oibre ar mhaithe le cumhdach agus tairbhí atá leordhóthanach agus inbhuanaithe a áirithiú, sin agus obair chuibhiúil agus saol cuibhiúil.

1.5.

Gan an fhéidearthacht maidir le hionstraim rialála a chur as an áireamh, creideann CESE, ach an cur chuige a leagtar amach sa Mholadh ón gComhairle chuig na Ballstáit maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe atá oiriúnaithe agus inbhuanaithe a leanúint, go bhféadfar dul chun cinn a dhéanamh sna réimsí a leanas:

(a)

scéimeanna leordhóthanacha cosanta sóisialta (bearnaí sa rochtain fhoirmiúil a dhúnadh);

(b)

cearta is féidir a charnadh nó a aistriú idir córais (chun críoch cumhdach éifeachtach);

(c)

sochair leordhóthanacha agus ranníocaíocht chomhréireach (leordhóthanacht a áirithiú);

(d)

faisnéis leordhóthanach maidir le cearta agus oibleagáidí (de ghrá na trédhearcachta).

1.6.

De réir EIS, is den bhunriachtanas córais cosanta sóisialta a bheith leordhóthanach agus inbhuanaithe más uainn cáilíocht saoil an uile dhuine a áirithiú. Measann CESE, ar an ábhar sin, gur gá do na Ballstáit dul chun cinn a dhéanamh i gcomhréir leis na cleachtais náisiúnta sna córais cosanta sóisialta agus díriú ní hamháin ar oibrithe, bídís i mbun obair thipiciúil nó neamhthipiciúil, ach ar an uile shaoránach. Is gá ioncam íosta a áirithiú dóibh siúd nach bhfuil in ann obair a dhéanamh, lena n-áirítear dreasachtaí agus cúnamh chun filleadh ar an obair dóibh siúd atá in ann obair a dhéanamh, i gcomhréir le Prionsabal 14 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ní mór cosaint leordhóthanach agus inbhuanaitheacht airgeadais na gcóras sin a áirithiú i gcónaí.

1.7.

Ar mhaithe leis an dul chun cinn sin a mhaoiniú, iarrann CESE ar na Ballstáit athbhreithniú críochnúil cuimsitheach a dhéanamh ar fhoinsí maoiniúcháin do chórais cosanta sóisialta chun inbhuanaitheacht airgeadais na bhfoinsí sin a ráthú gan cruthú post a chur i mbaol. Is féidir leis an Aontas tacú leis na Ballstáit san iarracht sin trí mhalartú taithí a bhaineann le hathbhreithniú/athchóiriú na gcóras náisiúnta cosanta sóisialta a éascú.

1.8.

Aithníonn CESE gur faoi na Ballstáit atá sé go príomha córais cosanta sóisialta a chur in oiriúint d’athruithe eacnamaíocha agus d’athruithe sa mhargadh agus go bhfuil ról ag an idirphlé sóisialta maidir leis sin freisin. Mar sin féin, ba cheart don Aontas, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, iarracht bhreise a dhéanamh chun cuidiú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na bacainní is mó a shainaithnítear mar na bacainní is ábhartha chun athbhreithniú a dhéanamh ar na bearnaí sa chosaint shóisialta d’obair neamhthipiciúil agus na bearnaí sin a dhúnadh más gá sin. Ar an dóigh sin, d’fhéadfaí sochair leordhóthanacha agus inbhuanaithe atá inchomparáide leis na sochair a bhaineann le hobair thipiciúil a áirithiú gan an bonn a bhaint de na buntáistí atá ag gnólachtaí agus fostaithe ó thaobh na solúbthachta de.

1.9.

Tá CESE á thabhairt dá aire go gcuireann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) agus na cúirteanna náisiúnta teorainn leis an bhféidearthacht bearta dearfacha a thabhairt isteach trí dhlíthe náisiúnta chun bearnaí inscne sa chosaint shóisialta a cheartú. Dá bhrí sin, molann sé don Choimisiún agus don Chomhairle athchóirithe a dhéanamh ar Threoir 79/7/CE (1) chun í a thabhairt cothrom le dáta. Dá bhrí sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh, a luaithe is féidir, ar chur chun feidhme Threoir 79/7/CE agus, i gcás inarb iomchuí, na hathchóirithe a mheastar is iomchuí a mholadh don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa chun ceartú éifeachtach na mbearnaí sin a chur chun cinn, ag na Ballstáit agus faoi chuimsiú an Idirphlé Shóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 157(4) CFAE.

1.10.

Is é barúil CESE gur dóigh bhreise úsáideach é an malartú taithí idir na Ballstáit chun dea-chleachtais a chur chun cinn maidir le córais náisiúnta cosanta sóisialta a chur in oiriúint do mhargaí saothair nua-aimseartha, arb é is príomhthréith dóibh éagsúlacht na gconarthaí agus na gcomhaontuithe conarthacha (a mbaineann 40 % (2) díobh le hobair neamhthipiciúil) agus aon mhíchothromaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann a cheartú. Dá bhrí sin, iarrann sé ar an gCoimisiún deiseanna foghlama frithpháirtí den chineál sin a chur chun cinn, sa dóigh is gur féidir le comhpháirtithe sóisialta náisiúnta agus le CESE páirt a ghlacadh iontu.

2.   Cúlra, cuspóir agus éirim na tuairime

2.1.

Cuid de choincheap na hoibre cuibhiúla is ea cosaint shóisialta leordhóthanach a áirithiú do chách. Is rud é sin a dhearbhaigh CESE sa tuairim uaidh i dtaca leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le hobair chuibhiúil ar fud an domhain (3).

2.2.

Córas eacnamaíoch iomaíoch láidir agus gné láidir shóisialta a thabhairt le chéile, sin an t-aon dóigh le todhchaí inbhuanaithe a thógáil don Aontas Eorpach. Is é sin an fáth a bhfuil CESE a mholadh feabhas a chur ar an gcosaint shóisialta do chách mar ghné bhunúsach den samhail shóisialta Eorpach agus mar chuid fhíor-riachtanach de. Sin a mholtar sa tuairim maidir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta chun sócmhainneacht a thabhairt do chórais cosanta sóisialta atá iontaofa, iomchuí agus leordhóthanach (4), agus traidisiúin náisiúnta éagsúla agus roinnt na n-inniúlachtaí á n-urramú ag an am céanna.

2.3.

Tá CESE á thabhairt le fios go bhfuil aistriú ar bun ó chineálacha tipiciúla fostaíochta (eadhon, fostaí buan lánaimseartha) go cineálacha neamhthipiciúla fostaíochta, idir thraidisiúnta (fostaíocht pháirtaimseartha, shealadach nó eadrannach) agus nua (obair ardáin dhigitigh, féinfhostaíocht ina bhfuiltear ag brath ar staid an gheilleagair nó féinfhostaíocht leochaileach (5)), EIS, 2016 (6); Eurofound, 2017 (7); an Chomhairle, 2019 (8); an Coimisiún, 2023 (9)). Bíonn tionchar ag athruithe i saol na hoibre, luaineachtaí maicreacnamaíocha agus géarchéimeanna agus athchóirithe rialála ar na próisis sin ar fad.

2.4.

Tá sé curtha in iúl ag CESE cheana féin go dtacaíonn sé le neartú na gceanglas maidir le trédhearcacht agus intuarthacht san fhostaíocht i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta d’oibrithe, go háirithe d’oibrithe neamhthipiciúla (10). Tá an chosaint shóisialta ar na ceanglais trédhearcachta sin.

2.5.

I bhfianaise na bhforbairtí sin sa gheilleagar agus sna margaí saothair, tá rabhadh á thabhairt ag na hinstitiúidí Eorpacha. Bíodh is go bhfágann na cineálacha neamhthipiciúla fostaíochta sin go bhfuil solúbthacht ag gnólachtaí agus ag daoine aonair ón taobh bainistíochta de, tá baol ann freisin go mbeidh siad thíos le héiginnteacht eacnamaíoch. Ar a mhuin sin, mar a thug an Coimisiún (2023) agus EIS (2016) le fios cheana, d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag na bearnaí sin sa chosaint shóisialta ar an ngeilleagar agus ar an tsochaí ina hiomláine toisc go gcuireann siad éileamh intíre, infheistíocht i gcaipiteal daonna agus comhtháthú sóisialta i mbaol.

2.6.

Tá CESE ar aon intinn leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún go gcuireann easnaimh leanúnacha i gcórais cosanta sóisialta maidir le cineálacha neamhthipiciúla fostaíochta leis na bearnaí idir na glúnta, na hinscní agus grúpaí sóisialta. Is é is príomhchúis leis an éagothroime shóisialta sin a d’fhéadfadh a bheith ann ná gur daoine óga, imircigh agus mná is mó a bhíonn i mbun cineálacha neamhthipiciúla fostaíochta. Dá bhrí sin, is ó na grúpaí sin sciar suntasach de na hoibrithe a bhíonn ag gabháil d’obair shealadach, d’obair pháirtaimseartha, d’obair eadrannach nó neamhleanúnach, d’obair ar éileamh nó a mbíonn conarthaí gan íosmhéid uaireanta acu, gan ach cuid bheag a lua.

2.7.

Measann CESE, i gcomhréir lena bhfuil á bheartú ag EIS, go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar an easpa rochtana ar chosaint shóisialta leordhóthanach do chineálacha neamhthipiciúla oibre, lena n-áirítear an fhéinfhostaíocht, go háirithe daoine féinfhostaithe a bhíonn ag brath ar staid an gheilleagair agus iad siúd atá i staideanna leochaileacha trí mheascán d’athchóirithe reachtacha agus neamhreachtacha iomchuí, bearta beartais agus tacaíocht airgeadais. Chuirfeadh sé sin go mór le neamhionannais a laghdú, lena n-áirítear an bhearna inscne sa chosaint shóisialta (11).

2.8.

Tá aird á tabhairt ag CESE ar an Tuarascáil (12) ón gCoimisiún chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme an Mholta ón gComhairle maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe, ar dá réir go raibh beagnach 40 % den daonra i bhfostaíocht san Aontas i mbun cineálacha neamhthipiciúla oibre in 2021. Bíonn nach mór aon mhilliún duine féinfhostaithe ag brath ar staid an gheilleagair. Tá CESE á thabhairt dá aire go léirítear i gcuid shuntasach de litríocht dlí idirnáisiúnta (13), arna glacadh ag an gCoimisiún Eorpach, nach dtugann formhór na gcóras slándála sóisialta cosaint leordhóthanach d’oibrithe atá i mbun cineálacha neamhthipiciúla oibre.

2.9.

Tá CESE á thabhairt dá aire gur cúis imní do EIS freisin gur mó an baol atá ag baint le neamhdheimhneacht eacnamaíoch arb iad cineálacha neamhthipiciúla fostaíochta is cúis léi. Má táthar chun dul i ngleic leis sin, tá sé ag iarraidh go ndéanfaí bearta reachtacha agus beartais lena ráthófaí cosaint shóisialta leordhóthanach (rochtain, cumhdach éifeachtach, leordhóthanacht agus trédhearcacht) gan baint den tsolúbthacht a bhaineann le hobair neamhthipiciúil san am céanna (14). Dá bhrí sin, cé go mbíonn tuilleadh deiseanna agus deiseanna níos fearr ar fáil i margaí saothair comhaimseartha, bíonn tearc-chosaint shóisialta i gceist leo chomh maith. Ina fhianaise sin, measann CESE nach mór d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit, de réir a ndlínse faoi seach agus trí idirphlé sóisialta ar na leibhéil iomchuí, tuilleadh díchill a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear córais cosanta sóisialta in oiriúint do chineálacha neamhghnácha oibre ar mhaithe le cumhdach agus tairbhí atá leordhóthanach agus inbhuanaithe a áirithiú, sin agus obair chuibhiúil agus saol cuibhiúil. Tá gá le rátaí fostaíochta cobhsaí agus arda chun tacú le hinbhuanaitheacht na gcóras slándála sóisialta.

3.   An comhthéacs Eorpach agus ionchur institiúideach agus eolaíoch

3.1.

Meabhraíonn CESE go n-aithnítear i bPrionsabal 12 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta an ceart atá ag gach uile oibrí ‘ar chosaint shóisialta leordhóthanach’, gan beann ar an gcineál caidrimh fostaíochta atá acu agus ar an bhfad atá an caidreamh sin ar bun. Aithnítear leis sin freisin daoine féinfhostaithe, faoi dhálaí inchomparáide. Ba cheart, dá bhrí sin, na Ballstáit a spreagadh agus tacú leo maidir lena gcórais náisiúnta cosanta sóisialta a athchóiriú chun rochtain ar chosaint shóisialta a áirithiú do chách, gan beann ar chineál an chonartha fostaíochta, lena n-áirítear do dhaoine féinfhostaithe. Chuige sin, ba cheart an leibhéal céanna cosanta a bheith ag oibrithe neamhthipiciúla agus atá ag oibrithe tipiciúla, ionas go mbeidh rochtain acu ar shochair leordhóthanacha agus inbhuanaithe i gcomhréir lena gcuid ranníocaíochtaí.

3.2.

An 8 Samhain 2019, agus é mar aidhm aici an cuspóir beartais shóisialta sin a chur chun feidhme, ghlac an Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (EPSCO) an Moladh ón gComhairle (15) maidir le rochtain ar chosaint shóisialta, ina moltar do na Ballstáit a áirithiú gur féidir le gach oibrí agus gach duine féinfhostaithe tairbhe a bhaint as an méid seo a leanas:

(a)

scéimeanna cosanta sóisialta (bearnaí sa rochtain fhoirmiúil a dhúnadh);

(b)

cearta is féidir a charnadh nó a aistriú idir córais (chun críoch cumhdach éifeachtach);

(c)

sochair leordhóthanacha agus ranníocaíocht chomhréireach (leordhóthanacht a áirithiú);

(d)

faisnéis leordhóthanach maidir le cearta agus oibleagáidí (de ghrá na trédhearcachta).

3.3.

Iarrtar ar na Ballstáit i mír 19 den Mholadh ón gComhairle na prionsabail a leagtar amach ann a chur chun feidhme agus plean a thíolacadh ina leagfar amach na gníomhaíochtaí ábhartha a bheidh le déanamh ar an leibhéal náisiúnta. Faoi mhí na Nollag 2022, bhí plean náisiúnta cur chun feidhme curtha isteach ag na Ballstáit ar fad seachas Lucsamburg. Phléigh airí Chomhairle EPSCO na pleananna náisiúnta cur chun feidhme i mí na Nollag 2021 faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh agus i mí na Bealtaine 2022 laistigh den Choiste um Chosaint Shóisialta. Chuathas i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta freisin (Bealtaine 2022).

3.4.

Tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar chur chun feidhme chuspóirí an Mholta ag na Ballstáit go nuige seo. Tugann CESE dá aire an tuarascáil (16) a cuireadh i láthair chun na críche sin (Eanáir 2023), ina dtarraingíonn an Coimisiún aird ar an bhfíoras go bhfuil dul chun cinn áirithe déanta ach go bhfuil go leor easnamh fós ann. De bhreis ar na pleananna náisiúnta cur chun feidhme, chuir an Coimisiún san áireamh cuspóirí na n-athchóirithe struchtúracha a bhaineann le feabhas a chur ar chosaint shóisialta na hoibre neamhthipiciúla sna pleananna náisiúnta téarnaimh, claochlaithe agus athléimneachta.

3.5.

Tá CESE á thabhairt dá aire go gcuireann na pleananna náisiúnta téarnaimh, claochlaithe agus athléimneachta dlús leis an aistriú digiteach agus an t-aistriú glas. Tá leathnú an gheilleagair dhigitigh agus na hoibre ardáin á chur chun cinn ag an aistriú digiteach. A bhuí leis sin, cuirtear deiseanna suntasacha ar fáil chun rochtain a fháil ar an margadh saothair agus ioncam breise a thuilleamh, rud a chuireann le leibhéil ioncaim. Mar sin féin, cruthaítear bearnaí sa chosaint shóisialta freisin, bearnaí a chuireann bac ar shaol cuibhiúil a bhaint amach, go háirithe do na grúpaí is leochailí.

3.6.

Chun cuspóir na cosanta cuí sóisialta a leagtar amach in Airteagal 151 CFAE a bhaint amach, measann CESE gur gá féachaint conas is féidir an t-aistriú glas a bhainistiú go cothrom agus go héifeachtach. Chuige sin, ba ghá freisin líontáin sábhála shóisialta na mBallstát atá ann cheana a oiriúnú agus a neartú le tacaíocht ón Aontas Eorpach agus an t-idirphlé sóisialta a eagrú ar na leibhéil iomchuí éagsúla. Ar an dóigh sin, d’fhéadfaí éifeachtaí an chomhraic i gcoinne an athraithe aeráide ar dhea-bhail na ndaoine, na ngrúpaí agus na limistéar is leochailí a fhritháireamh.

3.7.

Ag tús 2022, tháinig dúshlán nua chun cinn do gheilleagair, sochaí agus córais chosanta na hEorpa, mar atá, tionchar eacnamaíoch agus geopholaitiúil fhogha na Rúise faoin Úcráin. De dheasca na coinbhleachta leanúnaí sin tá ar theaghlaigh atá leochaileach cheana féin dul i ngleic le rioscaí nua bochtaineachta agus is fíor sin go háirithe i gcás daoine ó na teaghlaigh sin atá ar bheagán oiliúna, nach bhfuil ag obair go lánaimseartha, a bhfuil cineál eile oibre nó obair neamhthipiciúil ar bun acu nó atá neamhghníomhach go heacnamaíoch. Dá bhrí sin, is gá córais náisiúnta cosanta sóisialta atá inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh ós rud é go ngineann siad sochair shóisialta agus sochair eacnamaíocha freisin. Bíonn tionchar ag córais den sórt sin ar mhargaí saothair dea-fheidhmiúla toisc go dtugann siad tacaíocht i gcás imeachtaí saoil amhail breoiteacht nó dífhostaíocht. San am céanna, tacóidh na córais sin le haistriú ó phost go post agus laghdóidh siad tréimhsí neamhghníomhaíochta dóibh siúd atá in ann obair a dhéanamh.

3.8.

Tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil roinnt tionscnamh seolta ag an gCoimisiún agus ag an gComhairle ó bhí 2019 ann, tionscnaimh reachtacha san áireamh, chun oibrithe atá i mbun obair neamhthipiciúil a chosaint (cuir i gcás pá íosta leordhóthanach, cur chun cinn ioncaim íosta leordhóthanaigh ar mhaithe le cuimsiú gníomhach, an treoir maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha, lena n-áirítear faisnéis faoin tslándáil shóisialta, an treoir chun obair ardáin a fheabhsú, etc.).

3.9.

Tá CESE á thabhairt dá aire go ndéanann an Coimisiún faireachán ar shaincheisteanna cosanta sóisialta faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh. Ina theannta sin, leis an Monatóir ar Fheidhmíocht na Cosanta Sóisialta (uirlis faireacháin a forbraíodh i gcomhar leis an gCoiste um Chosaint Shóisialta chun na príomhthreochtaí sóisialta san Aontas a shainaithint), sainaithnítear gach bliain na Ballstáit sin a bhfuil dúshláin mhóra shóisialta le sárú acu maidir le rochtain ar chosaint shóisialta.

4.   Tuairimí ginearálta

4.1.

Tá CESE á chur in iúl gur dhaingnigh formhór mór na mBallstát Cairt Shóisialta na hEorpa, rud a fhágann go bhfuil gealltanas tugtha acu an córas slándála sóisialta a choinneáil ar leibhéal sásúil is comhionann ar a laghad leis an leibhéal is gá chun an Cód Eorpach Slándála Sóisialta a dhaingniú agus iarracht a dhéanamh an córas slándála sóisialta a ardú de réir a chéile go leibhéal níos airde, mar a shonraítear i mír 2 agus mír 3 d’Airteagal 12 (17). Mar thoradh air sin, tá siad tiomanta iad féin a chur in oiriúint ar bhonn leanúnach d’athruithe sna margaí saothair laistigh de gheilleagair iomaíocha a bhíonn ag athrú, d’fhonn cosaint shóisialta chothrom a áirithiú do chách trí chórais iomchuí, leordhóthanacha agus inbhuanaithe. Ba cheart, i gcás inarb iomchuí, tacú lena n-iarrachtaí.

4.2.

Tugann CESE dá aire, i bhfianaise na tuarascála ón gCoimisiún (2023), go bhfuil formhór mór na gcóras cosanta sóisialta fós dírithe ar phoist agus oibrithe caighdeánacha nó tipiciúla (cur chuige ranníocach). Mar thoradh air sin, níl cosaint shóisialta leordhóthanach ag sciar méadaitheach den lucht saothair óir is iadsan is mó atá i mbaol agus is leochaileach a staid sa mhargadh saothair (is cuma más fostaí nó duine féinfhostaithe atá ann) nó i ngeall ar an gcineál caidrimh fostaíochta atá acu.

4.3.

Tá CESE á thabhairt dá aire an éagsúlacht mhór i gcur chun feidhme an Mholta i ngach Ballstát agus tá aird á tarraingt aige ar na míchothromaíochtaí críochacha suntasacha atá ann. Dála an Choimisiúin, is cúis imní dó nach bhfuil aghaidh á tabhairt ach ag roinnt bheag Ballstát ar bhearnaí i rochtain iarbhír, i gcumhdach éifeachtach agus i leordhóthanacht na cosanta sóisialta ar bhealach cuimsitheach comhsheasmhach. Dá bhrí sin, tá géarghá ann géarú ar na hiarrachtaí cur chun feidhme agus dlús a chur leo, bunaithe ar phrionsabail an dea-rialachais, chun na heasnaimh sin a cheartú. Próiseas fadtéarmach atá i gceist le córais a oiriúnú chun rochtain níos fearr ar chosaint a áirithiú do chách, agus tá a gcion féin le déanamh ag na comhpháirtithe sóisialta agus ag eagraíochtaí náisiúnta ábhartha eile sa phróiseas sin.

4.4.

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil úsáid á baint as táscairí oibiachtúla chun an dul chun cinn atá déanta ó glacadh an Moladh a thomhas. Mar sin féin, ní mór iad a thabhairt cothrom le dáta d’fhonn an trédhearcacht a fheabhsú, ós rud é go bhfuil bearnaí sonraí i roinnt catagóirí d’obair neamhthipiciúil, amhail obair shéasúrach in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil an bhia (oibrithe sealadacha, oibrithe ar postú nó oibrithe eadrannacha). Dá bhrí sin, tá easnaimh in obair Eurostat. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar iarracht an tacar táscairí a úsáidtear a thabhairt cothrom le dáta chun a áirithiú go mbeidh siad inchomparáide lena chéile agus go mbeidh siad fónta ó thaobh staidrimh de.

4.5.

Tá CESE á thabhairt dá aire go mbíonn faisnéis á malartú idir ionadaithe na mBallstát agus na comhpháirtithe sóisialta. Mar sin féin, measann sé gur gá feabhas a chur ar rialú na rochtana ar chosaint shóisialta i mBallstáit uile an Aontais agus feabhas a chur ar an bhfaisnéis atá ar fáil maidir le teacht chun cinn rioscaí, íocaíocht sochar, bearnaí sa chumhdach foirmiúil agus sa leordhóthanacht a chainníochtú i bhfigiúirí, i bhfianaise a éagsúla atá na cásanna sna Ballstáit. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh freisin chun scéimeanna cosanta sóisialta leordhóthanacha a dhearadh do dhaoine féinfhostaithe agus na daoine sin a spreagadh chun páirt a ghlacadh sna brainsí uile a thairgtear.

4.6.

Tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil líon níos mó easnamh i réimsí áirithe den chosaint shóisialta. Is amhlaidh atá i gcás sochair dhífhostaíochta (13 Bhallstát), sochair bhreoiteachta (11 Bhallstát) agus sochair mháithreachais (9 mBallstát). Ar na catagóirí oibrithe a bhfuil tionchar aige sin orthu tá oibrithe ócáideacha nó iad siúd ar chonarthaí seasta simplithe gearrthéarmacha, oibrithe séasúracha agus iad siúd ar chonarthaí oibre tír-shonracha eile. Ina theannta sin, ní chumhdaítear oibrithe féinfhostaithe i 19 mBallstát agus roinnt oibrithe neamhchaighdeánacha i 17 mBallstát faoi bhrainse amháin den chosaint shóisialta ar a laghad.

4.7.

Creideann CESE gur cheart don Choimisiún dlús a chur leis an tacaíocht a thugann sé do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá ann ionas gur féidir leo athbhreithniú a dhéanamh ar na bearnaí sa chosaint shóisialta don obair neamhthipiciúil agus iad a dhúnadh, más gá. Is gá solúbthacht leordhóthanach sa mhargadh saothair a choinneáil. Is casta an ní é, áfach, cumhdach a leathnú chuig daoine féinfhostaithe (go háirithe árachas dífhostaíochta agus míchumais) agus chuig grúpaí sonracha amhail oibrithe ardáin, oibrithe tí, oibrithe feirme, etc. Ba cheart dea-chleachtais a chur san áireamh.

4.8.

Bearta arb é is aidhm dóibh úsáid conarthaí neamhthipiciúla a laghdú gan an tsolúbthacht atá ag gnólachtaí agus ag oibrithe a laghdú, is eol do CESE go gcuidíonn siad le heasnaimh i gcumhdach foirmiúil agus éifeachtach a mhaolú (na bearta a seoladh san Ísiltír, sa Pholainn agus sa Ghearmáin). Áirítear ar na bearta sin dreasachtaí sóisialta agus fioscacha a bhaineann le conarthaí gearrthéarmacha nó féinfhostaithe bréagacha a laghdú, obair ardáin a rialáil nó reachtaíocht saothair a athchóiriú chun aghaidh a thabhairt ar na deighiltí atá ann. Trí aicmiú cuí a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí sin, áirithítear rochtain ar chosaint shóisialta iomchuí agus cruthaítear timpeallacht rialála níos soiléire.

5.   Barúlacha sonracha

5.1.

Tugann CESE dá aire an forléargas ar na 26 phlean náisiúnta cur chun feidhme, ina léirítear, de réir na tuarascála ón gCoimisiún, go dtagraíonn beagnach gach ceann díobh do bhearnaí atá ann cheana nó atá fós ann sa rochtain ar chosaint shóisialta ar an leibhéal náisiúnta. Mar sin féin, ní chumhdaítear gach grúpa agus gach cineál bearna ach i leath de na Ballstáit. Meastar i roinnt Ballstát (an Bhulgáir agus an tSualainn) go bhfuil forálacha uile an Mholta curtha chun feidhme acu agus meastar i gcinn eile go bhfuil formhór díobh curtha chun feidhme acu (Poblacht na Seice, an Fhrainc, an Ungáir, an Ostair agus an Pholainn).

5.2.

Is cúis bhuartha do CESE freisin a éagsúla atá na tráthchláir cur chun feidhme ó thír go tír (bídís glactha nó beartaithe). Tá 10 bplean náisiúnta cur chun feidhme dírithe ar bheartas nó beart reachtaíochta faoi leith, dírítear i 11 díobh ar 3-8 mbeart agus dírítear i bplean na Beilge ar os cionn 30 beart. Níl luaite ach ag 13 Bhallstát na bearta atá glactha acu.

5.3.

Measann CESE gur gá gach grúpa d’oibrithe neamhthipiciúla a chur san áireamh sna pleananna náisiúnta cur chun feidhme, seachas grúpaí beaga sonracha amháin, agus molann sé athbhreithniú a dhéanamh ar gach scéim/brainse cosanta sóisialta d’fhonn na bearnaí atá ann cheana a laghdú. Is ar bhonn roghnaitheach a thugann 17 mBallstát aghaidh ar bhearnaí cosanta sóisialta agus díríonn siad ar dhaoine féinfhostaithe.

5.4.

Tá CESE á thabhairt dá aire, i bhfianaise na tuarascála ón gCoimisiún, go bhfuil faisnéis mhionsonraithe maidir le gach beart atá beartaithe i bpleananna náisiúnta cur chun feidhme roinnt Ballstát (amhail an Bheilg, an Eastóin agus an Chipir) ach nach bhfuil faisnéis curtha ar fáil ag formhór na mBallstát maidir leis na bearta a dhéanfaidh siad amach anseo. Iarrann CESE ar an gCoimisiún a bheith breá cuimsitheach agus an fhaisnéis íosta le haghaidh na bpleananna sin á héileamh agus á measúnú aige d’fhonn feabhas a chur ar na táscairí trédhearcachta le haghaidh cásanna éagsúla oibre neamhthipiciúla, agus gan ualaí breise riaracháin a chruthú ag an am céanna.

5.5.

Is ábhar imní do CESE nach luaitear ach i líon teoranta pleananna rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta i ndréachtú an phlean agus gur beag tagairt a dhéantar do gheallsealbhóirí eile, amhail eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Iarrann CESE ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na pleananna náisiúnta seo a chur chun feidhme trí idirphlé sóisialta agus in éineacht leis na comhpháirtithe sóisialta agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta.

5.6.

Creideann CESE go bhféadfadh na pleananna a bheith ní b’éifeachtaí dá n-éileodh an Coimisiún go mbeadh nasc níos fearr leis na bearta beartais atá beartaithe faoi na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta agus na bearta faireacháin faoin Seimeastar Eorpach. Dar le CESE, ba mhó an tionchar dearfach a bheadh acu agus laghdófaí aon neamhréireachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann. Chuige sin, ba cheart tacaíocht iomchuí a thabhairt do na Ballstáit.

5.7.

De réir EIS, is den bhunriachtanas córais cosanta sóisialta a bheith leordhóthanach agus inbhuanaithe más uainn cáilíocht saoil an uile dhuine a áirithiú. Measann CESE, ar an ábhar sin, gur gá na Ballstáit a spreagadh chun dul chun cinn a dhéanamh sna córais cosanta sóisialta agus díriú ní hamháin ar oibrithe, bídís i mbun obair thipiciúil nó neamhthipiciúil, ach ar an uile shaoránach agus na cleachtais náisiúnta á gcur san áireamh d’fhonn bogadh i dtreo córais níos uilíche, i gcás inarb iomchuí, agus cosaint leordhóthanach agus inbhuanaitheacht airgeadais na gcóras sin a áirithiú i gcónaí (18).

5.8.

Molann CESE don Choimisiún feabhas a chur ar chosaint shóisialta na n-oibrithe séasúracha san earnáil agraibhia, mar shampla trí ghníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí a chur chun cinn sna Ballstáit, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne na hoibre neamhdhearbhaithe, chun obair chuibhiúil agus an biafhlaitheas a thabhairt le chéile.

5.9.

Tá CESE á thabhairt dá aire go gcuireann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) agus na cúirteanna náisiúnta teorainn leis an bhféidearthacht bearta dearfacha a thabhairt isteach trí dhlíthe náisiúnta chun bearnaí inscne sa chosaint shóisialta a cheartú. Dá bhrí sin, molann sé don Choimisiún agus don Chomhairle athchóirithe a dhéanamh ar Threoir 79/7/CE chun í a thabhairt cothrom le dáta. Dá bhrí sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh, a luaithe is féidir, ar chur chun feidhme Threoir 79/7/CE agus, i gcás inarb iomchuí, na hathchóirithe a mheastar is iomchuí a mholadh don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa chun ceartú éifeachtach na mbearnaí sin a chur chun cinn, ag na Ballstáit agus faoi chuimsiú an Idirphlé Shóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 157(4) CFAE.

5.10.

Is é barúil CESE gur dóigh bhreise úsáideach é an malartú taithí idir na Ballstáit chun dea-chleachtais a chur chun cinn maidir le córais náisiúnta cosanta sóisialta a chur in oiriúint d’obair neamhthipiciúil agus aon mhíchothromaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann a cheartú. Dá bhrí sin, iarrann sé ar an gCoimisiún deiseanna foghlama frithpháirtí den chineál sin a chur chun cinn, sa dóigh is gur féidir le comhpháirtithe sóisialta náisiúnta agus le CESE páirt a ghlacadh iontu.

An Bhruiséil, 23 Deireadh Fómhair 2024.

Uachtarán

Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)   IO L 6, 10.1.1979, lch. 24.

(2)  Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme an Mholta ón gComhairle maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe, an Bhruiséil, 31.1.2023, COM(2023) 43 final.

(3)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le hObair chuibhiúil ar fud an domhain [COM(2022) 66 final] ( IO C 486, 21.12.2022, lch. 149).

(4)   IO C 14, 15.1.2020, lch. 1.

(5)   https://www.ela.europa.eu/sites/default/files/2023-04/Study-on-the-extent-of-dependent-self-employment-in-the-EU.pdf.

(6)   https://www.ilo.org/publications/non-standard-employment-around-world-understanding-challenges-shaping.

(7)   https://www.eurofound.europa.eu/en/publications/2017/non-standard-forms-employment-recent-trends-and-future-prospects.

(8)   IO C 387, 15.11.2019, lch. 1.

(9)  COM(2023) 43 final.

(10)   IO C 440, 6.12.2018, lch. 135.

(11)   IO C 110, 22.3.2019, lch. 26.

(12)  COM(2023) 43 final.

(13)  Spasova, S., et al., Access to Social Protection for People Working on Non-Standard Contracts and as Self-Employed in Europe. A Study of National Policies, tuarascáil ón Líonra Eorpach um Beartas Sóisialta, Lucsamburg, 2017; Westerveld, M., agus Olivier, M., (eagarthóirí), Social Security Outside the Realm of the Employment Contract: Informal Work and Employee-like Workers’, Cheltenham, Edward Elgar, 2019; Daugareilh, I., ‘Introduction: social protection for digital platform workers in Europe’, International Social Security Review, eag. 74, uimh. 3-4, eagrán speisialta, 2021, lgh. 5-12.

(14)   Non-standard employment around the world: Understanding challenges, shaping prospects , an Ghinéiv, EIS, 2016, lch. 18-19.

(15)   https://ec.europa.eu/social/main.jsp?langId=ga&catId=89&furtherNews=yes&newsId=9478.

(16)  COM(2023) 43 final.

(17)   Cairt Shóisialta na hEorpa (athbhreithnithe).

(18)  Mar shampla, ioncaim íosta stáit agus tacaíocht don fhilleadh ar an obair a bheith mar chuid díobh, i gcomhréir le Prionsabal 14 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.


IARSCRÍBHINN

Le linn na díospóireachta, diúltaíodh do na leasuithe seo a leanas, a raibh an ceathrú cuid ar a laghad de na vótaí arna gcaitheamh ar a son (Riail 75(3) de na Rialacha Nós Imeachta):

Leasú 1

SOC/802

Míchothromaíochtaí sa chosaint shóisialta

Pointe 5.9

Le leasú mar a leanas:

Tuairim ón rannóg

Leasú

Tá CESE á thabhairt dá aire go gcuireann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) agus na cúirteanna náisiúnta teorainn leis an bhféidearthacht bearta dearfacha a thabhairt isteach trí dhlíthe náisiúnta chun bearnaí inscne sa chosaint shóisialta a cheartú. Dá bhrí sin, molann sé don Choimisiún agus don Chomhairle athchóirithe a dhéanamh ar Threoir 79/7/CE chun í a thabhairt cothrom le dáta. Dá bhrí sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh, a luaithe is féidir, ar chur chun feidhme Threoir 79/7/CE agus , i gcás inarb iomchuí, na hathchóirithe a mheastar is iomchuí a mholadh don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa chun ceartú éifeachtach na mbearnaí sin a chur chun cinn, ag na Ballstáit agus faoi chuimsiú an Idirphlé Shóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 157(4) CFAE.

Tá CESE á thabhairt dá aire go gcuireann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) agus na cúirteanna náisiúnta teorainn leis an bhféidearthacht bearta dearfacha a thabhairt isteach trí dhlíthe náisiúnta chun bearnaí inscne sa chosaint shóisialta a cheartú. Dá bhrí sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh, a luaithe is féidir, ar chur chun feidhme Threoir 79/7/CE agus na Ballstáit a spreagadh chun athchóirithe a chur i gcrích a mheastar is iomchuí chun na bearnaí sin a cheartú ar leibhéal na mBallstát agus faoi chuimsiú an Idirphlé Shóisialta, trí ghníomhaíocht dhearfach a ghlacadh mar a fhoráiltear in Airteagal 157(4) CFAE.

Cúis

In áit athbhreithniú ar Threoir 79/7/CE a iarraidh, ba cheart díriú sa téacs ar a iarraidh ar na Ballstáit na hathchóirithe iomchuí a chur i gcrích. Seo a deirtear in Airteagal 157 de CFAE: ‘D’fhonn comhionannas iomlán iarbhír idir fir agus mná a áirithiú i saol na hoibre, ní chuirfidh prionsabal na córa comhionainne cosc ar aon Bhallstát bearta a choimeád ar bun nó a ghlacadh lena ndéantar foráil maidir le buntáistí sonracha chun gur fusa don ghnéas tearcionadaithe gabháil le gairm bheatha nó chun míbhuntáistí i slite beatha gairmiúla a chosc nó a chúiteamh.’

Toradh na vótála

Ar son

:

82

In aghaidh

:

90

Staonadh

:

20

Leasú 2

SOC/802

Míchothromaíochtaí sa chosaint shóisialta

Pointe 1.5

Le leasú mar a leanas:

Tuairim ón rannóg

Leasú

Gan an fhéidearthacht maidir le hionstraim rialála a chur as an áireamh , creideann CESE, ach an cur chuige a leagtar amach sa Mholadh ón gComhairle chuig na Ballstáit maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe atá oiriúnaithe agus inbhuanaithe a leanúint, go bhféadfar dul chun cinn a dhéanamh sna réimsí a leanas:

Gan dochar d’aon bheart eile a d’fhéadfadh an tAontas a thabhairt isteach le dul i ngleic le haon dúshlán nár réitíodh go fóill , creideann CESE, ach an cur chuige a leagtar amach sa Mholadh ón gComhairle chuig na Ballstáit maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe atá oiriúnaithe agus inbhuanaithe a leanúint, go bhféadfar dul chun cinn a dhéanamh sna réimsí a leanas:

a)

scéimeanna leordhóthanacha cosanta sóisialta (bearnaí sa rochtain fhoirmiúil a dhúnadh);

a)

scéimeanna leordhóthanacha cosanta sóisialta (bearnaí sa rochtain fhoirmiúil a dhúnadh);

b)

cearta is féidir a charnadh nó a aistriú idir córais (chun críoch cumhdach éifeachtach);

b)

cearta is féidir a charnadh nó a aistriú idir córais (chun críoch cumhdach éifeachtach);

c)

sochair leordhóthanacha agus ranníocaíocht chomhréireach (leordhóthanacht a áirithiú);

c)

sochair leordhóthanacha agus ranníocaíocht chomhréireach (leordhóthanacht a áirithiú);

d)

faisnéis leordhóthanach maidir le cearta agus oibleagáidí (de ghrá na trédhearcachta).

d)

faisnéis leordhóthanach maidir le cearta agus oibleagáidí (de ghrá na trédhearcachta).

Cúis

Ní gá tagairt a dhéanamh don fhéidearthacht ionstraim rialála a bhreathnú, i bhfianaise chonclúidí na tuarascála ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Mholta ón gComhairle maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe. Deirtear sna conclúidí úd an méid a leanas:

Bhí ról ag an Moladh ón gComhairle ó thaobh dlús a chur le hathruithe a thabhairt isteach ar chórais cosanta sóisialta náisiúnta seanbhunaithe...

[T]á an Moladh níos ábhartha ná riamh chun a áirithiú go bhfuil córais cosanta sóisialta in ann cuid mhaith den daonraí gníomhach a chosaint ar shuaitheadh eacnamaíoch...

Ní mór do bheartais shocheacnamaíocha ag leibhéil an Aontais agus náisiúnta a bheith mar chrann taca le cur chun feidhme an Mholta ón gComhairle. Go suntasach, ghlac roinnt Ballstát leis an Moladh agus an próiseas NIP gaolmhar mar dheis machnamh a dhéanamh ar athchóirithe ginearálta do na córais cosanta sóisialta...

Is próiseas fad-téarmach é córais a athrú chun rochtain níos fearr ar chosaint shóisialta a áirithiú do gach duine, ina bhfuil comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí náisiúnta ábhartha eile bainteach.

Ba cheart go spreagfadh an tuarascáil ón gCoimisiún díospóireachtaí maidir leis an gcaoi ar féidir aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann go fóill agus maidir leis an gcaoi ar féidir leis an Aontas tacú leis na hiarrachtaí sin.

Toradh na vótála

Ar son

:

81

In aghaidh

:

105

Staonadh

:

12

Leasú 3

SOC/802

Míchothromaíochtaí sa chosaint shóisialta

Pointe 1.9

Le leasú mar a leanas:

Tuairim ón rannóg

Leasú

Tá CESE á thabhairt dá aire go gcuireann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) agus na cúirteanna náisiúnta teorainn leis an bhféidearthacht bearta dearfacha a thabhairt isteach trí dhlíthe náisiúnta chun bearnaí inscne sa chosaint shóisialta a cheartú. Dá bhrí sin, molann sé don Choimisiún agus don Chomhairle athchóirithe a dhéanamh ar Threoir 79/7/CE chun í a thabhairt cothrom le dáta. Dá bhrí sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh, a luaithe is féidir, ar chur chun feidhme Threoir 79/7/CE agus , i gcás inarb iomchuí, na hathchóirithe a mheastar is iomchuí a mholadh don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa chun ceartú éifeachtach na mbearnaí sin a chur chun cinn, ag na Ballstáit agus faoi chuimsiú an Idirphlé Shóisialta , i gcomhréir le hAirteagal 157(4) CFAE .

Tá CESE á thabhairt dá aire go gcuireann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) agus na cúirteanna náisiúnta teorainn leis an bhféidearthacht bearta dearfacha a thabhairt isteach trí dhlíthe náisiúnta chun bearnaí inscne sa chosaint shóisialta a cheartú. Dá bhrí sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh, a luaithe is féidir, ar chur chun feidhme Threoir 79/7/CE agus na Ballstáit a spreagadh chun athchóirithe a chur i gcrích a mheastar is iomchuí chun na bearnaí sin a cheartú go héifeachtach ar leibhéal na mBallstát agus faoi chuimsiú an Idirphlé Shóisialta, trí ghníomhaíocht dhearfach a ghlacadh mar a fhoráiltear in Airteagal 157(4) CFAE.

Cúis

In áit athbhreithniú ar Threoir 79/7/CE a iarraidh ba cheart díriú sa téacs ar a iarraidh ar na Ballstáit na hathchóirithe iomchuí a chur i gcrích. Seo a deirtear in Airteagal 157 de CFAE: ‘D’fhonn comhionannas iomlán iarbhír idir fir agus mná a áirithiú i saol na hoibre, ní chuirfidh prionsabal na córa comhionainne cosc ar aon Bhallstát bearta a choimeád ar bun nó a ghlacadh lena ndéantar foráil maidir le buntáistí sonracha chun gur fusa don ghnéas tearcionadaithe gabháil le gairm bheatha nó chun míbhuntáistí i slite beatha gairmiúla a chosc nó a chúiteamh.’

Toradh na vótála

An toradh céanna le leasú 1 ar phointe 5.9 (tá nasc idir an dá leasú sin).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/106/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)