European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/7204

28.11.2024

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11643 – STRABAG / HFPS / SRK)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2024/7204)

1.   

An 20 Samhain 2004, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

STRABAG SE (‘STRABAG’) (An Ostair),

Haselsteiner Familien-Privatstiftung (‘HFPS’) (An Ostair),

SRK Kliniken Beteiligungs GmbH (‘SRK’) (An Ostair).

Gheobhaidh STRABAG agus HFPS rialú comhpháirteach ar SRK de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is cuideachta tógála é STRABAG atá bunaithe san Ostair agus atá gníomhach, go háirithe, i dtógáil foirgneamh, sibhialta agus bóithre, chomh maith le seirbhísí (e.g. forbairt tionscadal) agus le monarú agus dáileadh ábhar tógála.

Is fondúireacht phríobháideach Ostarach de chuid theaghlach Haselsteiner é HFPS faoin Acht um Fhondúireachtaí Príobháideacha Ostaracha, a bhfuil sealúchais éagsúla aige.

3.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó an ghnóthais SRK: Soláthraíonn SRK seirbhísí comhairleacha seachtracha agus bainistíocht tráchtála nó bainistíocht inmheánach d’institiúidí sláinte.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11643 – STRABAG / HFPS / SRK

Is féidir barúlacha a chur chuig an gCoimisiún trí ríomhphost nó tríd an bpost ach úsáid a bhaint as na sonraí teagmhála thíos:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 160, 5.5.2023, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7204/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)