![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/7094 |
25.11.2024 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11711 – JWL / ASIA PULP & PAPER GROUP)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2024/7094)
1.
An 15 Samhain 2024 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
— |
Jackson Wijaya Limantara (‘JWL’, an Indinéis), úinéir aonair na n-eintiteas Paper Excellence B.V., Karta Halten B.V., agus Hervey Investments B.V. (ar eintitis de chuid na hÍsiltíre iad uile), cuideachtaí sealbhaíochta deiridh an ghrúpa Paper Excellence (‘Paper Excellence’), |
— |
Scotsdale Holding Limited, Austin Premium Group Limited, Capital Holding Strategic Limited, agus Global Capital Universal Limited (ar eintitis de chuid Ógh-Oileáin na Breataine iad uile), cuideachtaí sealbhaíochta deiridh Asia Pulp & Paper Group (‘APP’), atá faoi rialú Oei Tjie Goan (Singeapór) faoi láthair. |
Gheobhaidh JWL rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar APP ina iomláine.
Baintear an comhchruinniú amach trí mhodhanna conarthacha.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:
— |
Is duine nádúrtha é JWL a bhfuil rialú aonair aige ar Paper Excellence. Tá Paper Excellence gníomhach i ndéantús agus soláthar cineálacha éagsúla laín adhmaid agus táirgí páipéir iartheachtacha, |
— |
Tá APP gníomhach i ndéantús agus soláthar cineálacha éagsúla laín adhmaid agus táirgí páipéir iartheachtacha. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11711 – JWL / ASIA PULP & PAPER GROUP
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála thíos:
Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
European Commission |
Directorate-General for Competition |
Merger Registry |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7094/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)