European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/6983

19.11.2024

Glao ar thograí 2025 — EAC/A08/2024

Clár Erasmus+

(C/2024/6983)

1.   Réamhrá agus Cuspóirí

Tá an glao seo ar thograí bunaithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear ‘Erasmus+’: Clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um spórt (1) (dá ngairtear ‘Rialachán Erasmus+’ anseo feasta), agus ar Chlár Oibre Bliantúil 2025 Erasmus+ (C(2024) 7026). Cumhdaíonn an Clár Erasmus+ an tréimhse 2021 go 2027. Liostaítear cuspóirí ginearálta agus sonracha Chlár Erasmus+ in Airteagal 3 de Rialachán Erasmus+.

2.   Gníomhartha

Cumhdaítear leis an nglao seo ar thograí na gníomhartha seo a leanas de chuid Chlár Erasmus+:

Príomhghníomh 1 — Soghluaisteacht foghlama daoine aonair:

Soghluaisteacht daoine aonair i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na hóige

Gníomhaíochtaí rannpháirtíochta óige

DiscoverEU – Gníomh um Chuimsiú

Malartuithe fíorúla san ardoideachas agus don óige

Soghluaisteacht foirne i réimse an spóirt

Príomhghníomh 2 — Comhar i measc eagraíochtaí agus institiúidí

Comhpháirtíochtaí le haghaidh Comhair:

Comhpháirtíochtaí Comhair

Comhpháirtíochtaí ar scála beag

Comhpháirtíochtaí ar mhaithe le Barr Feabhais:

Ionaid Barr Feabhais Gairme

Acadaimh Múinteoirí Erasmus+

Gníomh Erasmus Mundus

Comhpháirtíochtaí um Nuálaíocht:

Comhghuaillíochtaí ar son na nuálaíochta

Fothú acmhainneachta i réimse an ardoideachais, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, na hóige agus an spóirt

Imeachtaí Spóirt Seachbhrabúsacha Eorpacha

Príomhghníomh 3 — Tacaíocht don fhorbairt beartas agus don chomhar

Óige na hEorpa le Chéile

Gníomhartha Jean Monnet:

Jean Monnet i réimse an ardoideachais

Jean Monnet i réimsí eile oideachais agus oiliúna

Díospóireacht ar bheartas Jean Monnet

3.   Incháilitheacht

Féadfaidh aon chomhlacht príobháideach nó poiblí atá gníomhach i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt iarratas a chur isteach ar mhaoiniú laistigh den Chlár Erasmus+. Ina theannta sin, féadfaidh grúpaí daoine óga atá gníomhach san obair don óige, ach nach gá gur i gcomhthéacs eagraíocht óige atá an obair sin á déanamh, iarratas a dhéanamh ar chistiú le haghaidh soghluaisteacht foghlama daoine óga agus oibrithe don óige, le haghaidh gníomhaíochtaí óige agus le haghaidh Ghníomh um Chuimsiú DiscoverEU.

Is féidir leis na tíortha seo a leanas páirt iomlán a ghlacadh i ngníomhartha uile Chlár Erasmus+ (2):

27 mBallstát an Aontais Eorpaigh agus tíortha agus críocha thar lear,

tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár:

tíortha CSTE/LEE: An Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua,

Tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas: Poblacht na Tuirce, Poblacht na Macadóine Thuaidh agus Poblacht na Seirbia (3).

Ina theannta sin, tá gníomhartha áirithe de chuid Chlár Erasmus+ oscailte d’eagraíochtaí ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár.

Féach Treoirleabhar Chlár Erasmus+ 2025 chun tuilleadh sonraí a fháil faoi na módúlachtaí maidir le rannpháirtíocht.

4.   Buiséad agus fad na dtionscadal

Tá buiséad measta EUR 4 420,803 milliún curtha i leataobh don ghlao seo ar thograí:

Oideachas agus Oiliúint (Gníomhaíochtaí Jean Monnet san áireamh):

EUR 3 965,233 milliún

An óige:

EUR 379,280  milliún

Spórt:

EUR 76,290  milliún

An buiséad iomlán atá curtha i leataobh don ghlao ar thograí, chomh maith le cionroinnt an bhuiséid sin, tugtar le fios é i gClár Oibre Bliantúil 2025 Erasmus+, a glacadh an 11 Deireadh Fómhair 2024, agus féadfar é a mhodhnú faoi réir leasú a dhéanamh ar Chlár Oibre Bliantúil Erasmus+. Iarrtar ar iarratasóirí féideartha breathnú go rialta ar Chlár Oibre Bliantúil Erasmus+ agus ar na leasuithe a dhéantar air, a fhoilsítear ar:

https://ec.europa.eu/programmes/erasmus-plus/resources/documents/annual-work-programmes_ga

Is éagsúil leibhéil na ndeontas a bhronntar agus fad na dtionscadal, ag brath ar thosca amhail an cineál tionscadail, an cineál iarratasóra atá incháilithe, agus líon na gcomhpháirtithe lena mbaineann.

An obair a dhéanann saorálaithe faoi ghníomh ar leith, féadfaidh na tairbhithe costais as an obair sin a dhearbhú ar bhonn na gcostas aonaid a údarófar agus a shaineofar i gcomhréir le Cinneadh (2019) 2646 ón gCoimisiún. Féach Treoirleabhar Chlár Erasmus+ chun treoracha mionsonraithe a fháil maidir le hincháilitheacht chostais an tsaorálaí.

5.   An sprioc-am le hiarratais a chur isteach

Is ag am na Bruiséile a shocraítear na sprioc-amanna ar fad leis na hiarratais a shonraítear thíos a chur isteach.

Príomhghníomh 1

Soghluaisteacht daoine i réimse an ardoideachais

19 Feabhra 2025 ar 12:00

Soghluaisteacht daoine aonair i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, i réimse an oideachais scoile agus i réimse an oideachais aosaigh

19 Feabhra 2025 ar 12:00

Soghluaisteacht foirne i réimse an spóirt

12 Feabhra 2025 ar 12:00

Soghluaisteacht idirnáisiúnta lena mbaineann tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár

19 Feabhra 2025 ar 12:00

Creidiúnú Erasmus sa ghairmoideachais agus sa ghairmoiliúint, san oideachas scoile agus san oideachas aosach

1 Deireadh Fómhair 2025 ar 12:00

Creidiúnú Erasmus i réimse na hóige

1 Deireadh Fómhair 2025 ar 12:00

Soghluaisteacht daoine i réimse na hóige

12 Feabhra 2025 ar 12:00

Soghluaisteacht daoine i réimse na hóige

1 Deireadh Fómhair 2025 ar 12:00

Gníomh Cuimsithe DiscoverEU

12 Feabhra 2025 ar 12:00

Malartuithe Fíorúla Erasmus+

29 Aibreán 2025 ar 17:00


Príomhghníomh 2

Comhpháirtíochtaí comhair i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na hóige, seachas iad siúd a chuireann eagraíochtaí neamhrialtasacha Eorpacha isteach

5 Márta 2025 ar 12:00

Comhpháirtíochtaí comhair i réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na hóige, a chuireann eagraíochtaí neamhrialtasacha Eorpacha isteach

5 Márta 2025 ar 17:00

Comhpháirtíochtaí comhair i réimse an spóirt

5 Márta 2025 ar 17:00

Comhpháirtíochtaí mionscála i réimsí an oideachais scoile, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, an oideachais aosaigh agus na hóige

5 Márta 2025 ar 12:00

Comhpháirtíochtaí mionscála i réimse an spóirt

5 Márta 2025 ar 17:00

Ionaid Barr Feabhais Gairme

11 Meitheamh 2025 ar 17:00

Acadaimh Múinteoirí Erasmus+

26 Márta 2025 ar 17:00

Gníomh Erasmus Mundus

13 Feabhra 2025 ar 17:00

Comhghuaillíochtaí ar son na Nuálaíochta

6 Márta 2025 ar 17:00

Fothú acmhainneachta i réimse an Ardoideachais

6 Feabhra 2025 ar 17:00

Fothú acmhainneachta i réimse an Ghairmoideachais agus na Gairmoiliúna

27 Feabhra 2025 ar 17:00

Fothú acmhainneachta i réimse na hÓige

6 Márta 2025 ar 17:00

Fothú acmhainneachta i réimse an Spóirt

5 Márta 2025 ar 17:00

Imeachtaí Spóirt Seachbhrabúsacha Eorpacha

5 Márta 2025 ar 17:00


Príomhghníomh 3

Óige na hEorpa le Chéile

6 Márta 2025 ar 17:00


Gníomhartha agus Líonraí Jean Monnet

12 Feabhra 2025 ar 17:00

Féach Treoirleabhar Chlár Erasmus+ chun treoracha mionsonraithe a fháil maidir le hiarratais a chur isteach.

6.   Sonraí iomlána

Tá coinníollacha mionsonraithe an ghlao seo ar thograí, tosaíochtaí san áireamh, le fáil i dTreoirleabhar Chlár Erasmus+ 2025 ag an seoladh idirlín seo a leanas:

http://ec.europa.eu/programmes/erasmus-plus/resources/programme-guide

Tá Treoirleabhar Chlár Erasmus+ ina dhlúthchuid den ghlao seo ar thograí agus tá feidhm iomlán maidir leis an nglao seo ag na coinníollacha rannpháirtíochta agus cistithe a shonraítear ann.


(1)   IO L 189, 28.5.2021, lch. 1.

(2)  Tá gníomhaíochtaí Jean Monnet oscailte d’eagraíochtaí ar fud an domhain.

(3)  Faoi réir shíniú na gComhaontuithe Comhlachais déthaobhacha.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6983/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)