|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/4912 |
5.8.2024 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11628 – PLATINUM EQUITY GROUP / SUNRISE MEDICAL)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2024/4912)
1.
An 29 Iúil 2024 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).|
— |
Platinum Equity Group (Stáit Aontaithe Mheiriceá), |
|
— |
Cidron Ollopa Investment B.V., Capnor SM AB, Capnor SM2 AB agus Sunrise Medical (US) LLC (‘Sunrise Medical’, an Ghearmáin), atá faoi rialú indíreach chistí agus meáin Nordic Capital. |
Gheobhaidh Platinum Equity Group rialú aonair ar Sunrise Medical ina iomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Déanann Platinum Equity Group sainchúram de chumasc, éadáil agus oibriú cuideachtaí a sholáthraíonn seirbhísí agus réitigh do chustaiméirí i raon leathan gnólachtaí, lena n-áirítear an teicneolaíocht faisnéise, an teileachumarsáid, an lóistíocht, seirbhísí miotail, monarú agus dáileadh, |
|
— |
Tá Sunrise Medical gníomhach i ndáileadh, monarú agus taighde agus forbairt réiteach soghluaisteachta do dhaoine a bhfuil fadhbanna soghluaisteachta acu, ag díriú ar chathaoireacha rothaí láimhe agus cumhachta, scútair innealta, córais suí agus suite agus áiseanna maireachtála laethúla. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11628 – PLATINUM EQUITY GROUP / SUNRISE MEDICAL
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4912/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)