Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/4905 |
2.8.2024 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11624 – BAM / MAINOVA / MAINOVA WEBHOUSE)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2024/4905)
1.
An 25 Iúil 2024 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
— |
Mainova AG (‘Mainova’, an Ghearmáin), atá faoi rialú Chathair Frankfurt, |
— |
BlackRock Alternatives Management, LLC. (‘BAM’, SAM), faoi rialú BlackRock, Inc. (SAM), |
— |
Mainova WebHouse GmbH (‘MWH’ nó ‘Target’, an Ghearmáin), atá faoi rialú Mainova faoi láthair. |
Gheobhaidh Mainova agus BAM rialú comhpháirteach ar MWH de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:
— |
Mainova: Soláthraí fóntais sa Ghearmáin agus béim á leagan ar stát cónaidhme Hesse, a sholáthraíonn fóntais éagsúla, i.e. leictreachas, gás nádúrtha, teas agus uisce agus seirbhísí eile a bhaineann le fuinneamh, |
— |
BAM: Is cuideachta bainistíochta infheistíochta Meirceánach é a thairgeann seirbhísí tógála punainne, seirbhísí bainistíochta sócmhainní, agus seirbhísí comhairleacha infheistíochta. Rialaíonn agus bainistíonn BAM cinntí infheistíochta BlackRock Global Infrastructure Fund IV SCSp (‘BGIF IV’), comhpháirtíocht theoranta speisialta i Lucsamburg a bunaíodh mar chiste a dhíríonn ar infheistíochtaí i slabhra luacha an bhonneagair dhigitigh, an bhonneagair iompair, an bhonneagair fhuinnimh agus an bhonneagair cumhachta. Is fochuideachta faoi lánúinéireacht indíreach BlackRock Inc. é BAM. |
3.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó an ghnóthais MWH: Cuideachta Ghearmánach atá gníomhach i bpleanáil, tógáil agus oibriú ionad sonraí i mór-réigiún Frankfurt sa Ghearmáin.
4.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
5.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11624 – BAM / MAINOVA / MAINOVA WEBHOUSE
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
European Commission |
Directorate-General for Competition |
Merger Registry |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4905/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)