|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/4677 |
22.7.2024 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11621 – HANKOOK TIRE & TECHNOLOGY / HANON SYSTEMS)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2024/4677)
1.
An 12 Iúil 2024, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
Hankook Tire & Technology Co., Ltd. (‘Hankook Tire’, an Chóiré), agus |
|
— |
Hanon Systems Co., Ltd (‘Hanon Systems’, an Chóiré). |
Gheobhaidh Hankook Tire rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar Hanon Systems ina iomláine.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna agus urrús.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Is cuideachta de chuid na Cóiré arna liostú ar stocmhalartán é Hankook Tire agus tá se gníomhach go príomha i monarú bonn. Déanann Hankook Tire boinn a tháirgeadh agus a dhíol ar fud an domhain le haghaidh cineálacha éagsúla feithiclí, lena n-áirítear gluaisteáin paisinéirí, trucailí, busanna agus feithiclí tionsclaíocha, |
|
— |
Is cuideachta de chuid na Cóiré arna liostú ar stocmhalartán é Hankook Tire agus tá se gníomhach i monarú comhpháirteanna le haghaidh córais bainistithe theirmigh gluaisteán. Go háirithe, is iad croí-tháirgí Hanon Systems modúil téimh, aerála agus aerchóirithe. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11621 – HANKOOK TIRE & TECHNOLOGY / HANON SYSTEMS
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4677/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)