![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/2876 |
2.5.2024 |
Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh le haghaidh a n-úsáide agus/nó iad a úsáid
(Arna foilsiú de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1) )
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2024/2876)
Cinneadh lena ndeonaítear údarú
Uimhir thagartha an Chinnidh (2) |
Dáta an chinnidh |
Ainm na substainte |
Sealbhóir an údaraithe |
Uimhir an údaraithe |
Úsáid údaraithe |
Dáta éaga na tréimhse athbhreithniúcháin |
Na cúiseanna atá leis an gcinneadh |
C(2024) 2511 |
25 Aibreán 2024 |
trí-ocsaíd chróimiam (CE Uimh. 215-607-8; Uimh. CAS 1333-82-0) |
Hueck-Engraving GmbH & Co.KG, Helmholtzstrasse 9, 41747, Viersen, an Ghearmáin |
REACH/24/6/0 |
Plátáil cróim fheidhmiúil de phlátaí brútóra cruach dhosmálta ardchaighdeáin le haghaidh thionscal na n-ábhar adhmadbhunaithe ardcháilíochta |
An 31 Nollaig 2033 |
I gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, na sochair shocheacnamaíocha a bhaineann le húsáid na substainte, is mó iad ná an baol do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaineann leis an úsáid chéanna, agus níl aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach ann a bheadh oiriúnach. |
(1) IO L 396, 30.12.2006 , lch. 1
(2) Tá an cinneadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag: Údarú (europa.eu).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2876/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)