European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/2709

18.4.2024

Achoimre ar Chinneadh ón gCoimisiún

an 12 Feabhra 2024

a bhaineann le cinneadh de bhun Airteagal 17(3) de Rialachán (AE) 2022/1925

(Cases DMA.100015 – Microsoft – Online Search Engines, DMA.100028 – Microsoft – Web Browsers, DMA.100034 – Microsoft – Online Advertising Services)

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 6078)

(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)

(C/2024/2709)

An 12 Feabhra 2024 ghlac an Coimisiún cinneadh de bhun Airteagal 17(3) de Rialachán (AE) 2022/1925. I gcomhréir le forálacha Airteagal 44 de Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1) , foilsíonn an Coimisiún ainmneacha na bpáirtithe agus príomhábhar an chinnidh, ag féachaint do leas dlisteanach gnóthas maidir le cosaint a rún tráchtála.

1.   RÉAMHRÁ

(1)

Leagtar amach sa chinneadh ón gCoimisiún (‘an Cinneadh’) na cúiseanna nach n-ainmníonn an Coimisiún, tar éis a imscrúduithe margaidh de bhun Airteagal 17(3) de Rialachán (AE) 2022/1925 (an Gníomh um Margaí Digiteacha), Microsoft Corporation (dá ngairtear ‘Microsoft’ nó ‘an Gnóthas’ anseo feasta) mar gheatóir de bhun Airteagal 3 den Ghníomh um Margaí Digiteacha i ndáil lena thrí chroísheirbhís ardáin (‘CPSanna’), is é sin inneall cuardaigh ar líne Microsoft Bing, brabhsálaí gréasáin Microsoft Edge agus seirbhísí fógraíochta ar líne Microsoft Advertising, cé go gcomhlíonann siad na tairseacha cainníochtúla a leagtar amach in Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha.

2.   NÓS IMEACHTA

(2)

Tar éis do Microsoft fógra a thabhairt an 3 Iúil 2023, ghlac an Coimisiún cinneadh an 5 Meán Fómhair 2023 lenar ainmníodh Microsoft mar gheatóir de bhun Airteagal 3 den Ghníomh um Margaí Digiteacha i ndáil lena CPS córais oibriúcháin Windows PC OS agus lena CPS líonraithe shóisialta ar líne LinkedIn (2). Sa chinneadh sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid freisin gurb é atá in Outlook.com seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir (‘NIICS’) a gcomhlíonann Microsoft na tairseacha cainníochtúla a leagtar amach in Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha ina leith, ach gur léirigh Microsoft go soiléir agus go cuimsitheach nach gcomhlíontar an ceanglas maidir leis an CPS sin a bheith ina thairseach thábhachtach, ceanglas a leagtar síos in Airteagal 3(1), pointe (b), den Ghníomh um Margaí Digiteacha. Dá réir sin, níor ainmníodh Microsoft mar gheatóir i ndáil lena CPS NIICS Outlook.com. Thairis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurb é atá in Microsoft Bing, Microsoft Edge agus Microsoft Advertising inneall cuardaigh ar líne, brabhsálaí gréasáin agus seirbhísí fógraíochta ar líne faoi seach, agus gur CPSanna uile iad de bhun Airteagal 2(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha a gcomhlíonann Microsoft na tairseacha cainníochtúla a leagtar amach in Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha ina leith, ach gur chuir Microsoft argóintí a bhfuil bunús leordhóthanach leo i láthair a chaitheann amhras follasach ar na toimhdí a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha i ndáil le gach ceann de na trí CPS sin.

(3)

Mar thoradh air sin, ghlac an Coimisiún cinneadh an 5 Meán Fómhair 2023 lenar osclaíodh trí imscrúdú margaidh de bhun Airteagal 16(1) agus Airteagal 17(3) den Ghníomh um Margaí Digiteacha chun a mheas ar cheart, tar éis na n-argóintí a chuir Microsoft i láthair de bhun Airteagal 3(5) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, na CPSanna seo a leanas de chuid Microsoft a liostú mar thairseacha tábhachtacha d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh sa chinneadh lena n-ainmnítear Microsoft mar gheatóir: an inneall cuardaigh ar líne Bing, an brabhsálaí gréasáin Edge, agus na seirbhísí fógraíochta ar líne Microsoft Advertising (3).

(4)

An 29 Samhain 2023, chuir an Coimisiún a réamhthorthaí in iúl do Microsoft de réir Airteagal 17(3) den Ghníomh um Margaí Digiteacha. D’fhreagair Microsoft an 5 Nollaig 2023.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 17 agus Airteagal 50(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, chuathas i gcomhairle le Coiste Comhairleach na Margaí Digiteacha agus d’eisigh sé tuairim dhearfach an 1 Feabhra 2024.

3.   CREAT DLÍTHIÚIL

(6)

Bunaítear leis an nGníomh um Margaí Digiteacha sraith critéar oibiachtúil atá sainithe go cúng chun gnóthas a ainmniú mar gheatóir. Tá ainmniú le déanamh i ndáil le CPS amháin nó níos mó a sholáthraíonn an gnóthas agus ar tairseach thábhachtach iad d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh de réir bhrí Airteagal 3(1), pointe (b), den Ghníomh um Margaí Digiteacha. Maidir le seirbhís arna soláthar ag gnóthas, chun a chinneadh an CPS í a chomhlíonann an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 3(1), pointe (b), den Ghníomh um Margaí Digiteacha, ní mór an tseirbhís sin a cháiliú agus a theorannú mar réamhchéim. Maidir le CPSanna a cháiliú agus a theorannú, is critéir ábhartha í an chríoch dá n-úsáideann úsáideoirí deiridh nó úsáideoirí gnó nó an dá chineál úsáideoirí an tseirbhís.

(7)

De réir Airteagal 3(1) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, tá an Coimisiún le gnóthas a ainmniú mar gheatóir má chomhlíonann an gnóthas na trí cheanglas charnacha seo a leanas: (a) tá tionchar mór aige ar an margadh inmheánach; (b) soláthraíonn sé CPS atá ina thairseach thábhachtach ag úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh; agus (c) tá suíomh daingnithe marthanach aige ina chuid oibríochtaí nó tá sé intuartha go mbeidh suíomh den sórt sin aige go luath. Le hAirteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha leagtar síos toimhde go gcomhlíontar na ceanglais sin i gcás ina gcomhlíontar tairseacha cainníochtúla áirithe, go háirithe maidir le láimhdeachas nó caipitliú margaidh na cuideachta chomh maith le líon úsáideoirí deiridh agus úsáideoirí gnó CPS ar leith i ngach ceann de na 3 bliana airgeadais dheireanacha.

(8)

De bhun Airteagal 3(5) agus Airteagal 17(3) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, féadfaidh an Coimisiún imscrúdú margaidh a dhéanamh chun scrúdú a dhéanamh féachaint an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann gnóthas na critéir atá in Airteagal 3(1) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, ar gnóthas é a sholáthraíonn CPSanna lena gcomhlíontar na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, agus a bhfuil argóintí a bhfuil bunús leordhóthanach leo curtha i láthair aige i gcomhréir le hAirteagal 3(5) den Ghníomh um Margaí Digiteacha a chaitheann amhras go follasach ar na toimhdí a leagtar amach in Airteagal 3(2) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, . I gcomhréir le torthaí an imscrúdaithe margaidh, glacann an Coimisiún le frisnéis gnóthais nó diúltaíonn sé di agus, dá bhrí sin, déanann sé an gnóthas a ainmniú mar gheatóir de réir bhrí an Ghnímh um Margaí Digiteacha nó gan é a ainmniú.

4.   MEASÚNÚ AN CHOIMISIÚIN

(9)

Tar éis do Microsoft fógra a thabhairt agus tar éis na n-imscrúduithe margaidh a rinne an Coimisiún de bhun Airteagal 17(3) agus Airteagal 3(5) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, ní ainmníonn an Coimisiún Microsoft mar gheatóir maidir leis na nithe seo a leanas, (i) a inneall cuardaigh ar líne Bing, (ii) a bhrabhsálaí gréasáin Edge, agus (iii) a sheirbhísí fógraíochta ar líne Microsoft Advertising, toisc nach tairseacha tábhachtacha iad na seirbhísí sin d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh de réir bhrí Airteagal 3(1), pointe (b), den Ghníomh um Margaí Digiteacha.

(10)

Maidir le Bing, inneall cuardaigh ar líne Microsoft, bunaíonn an Coimisiún a chonclúidí ar na cúiseanna seo a leanas.

(11)

Ar an gcéad dul síos, measann an Coimisiún go bhfuil méid úsáide Bing ag úsáideoirí deiridh íseal, i gcomparáid le scála foriomlán chatagóir innill chuardaigh ar líne CPS agus i gcomparáid leis an inneall cuardaigh ar líne is mó, Google Search. Léiríonn scála teoranta úsáide Bing ag úsáideoirí deiridh ní hamháin nach tairseach thábhachtach é Bing d’úsáideoirí deiridh chun úsáideoirí gnó a aimsiú, ach nach tairseach thábhachtach é d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh ach an oiread.

(12)

Ar an dara dul síos, measann an Coimisiún nach gcuireann éiceachóras ardáin Microsoft go leordhóthanach faoi láthair le Bing a bheith ina thairseach thábhachtach d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh. Ina theannta sin, dheimhnigh an t-imscrúdú margaidh nár tháinig méadú cobhsaí suntasach ar úsáid an innill chuardaigh Bing le linn na tréimhse a breithníodh san imscrúdú margaidh mar thoradh ar sheoladh Bing Chat, arna chumasú ag ChatGPT 4, i mí Feabhra 2023.

(13)

Maidir le Edge, brabhsálaithe gréasáin Microsoft, bunaíonn an Coimisiún a chonclúidí ar na cúiseanna seo a leanas.

(14)

Ar an gcéad dul síos, tá scála úsáide Edge i gcatagóir brabhsálaí gréasáin CPS íseal. Ina theannta sin, léiríonn an fhianaise nár tháinig méadú suntasach marthanach ar scála foriomlán Edge mar bhrabhsálaí gréasáin ag an bpointe seo mar gheall ar chomhtháthú Bing Chat, Windows PC OS agus fheidhmchláir Microsoft (M365).

(15)

Ar an dara dul síos, ní rialaíonn Microsoft an ailtireacht brabhsálaí gréasáin ábhartha. Dá bhrí sin, tá an chaoi a gcuireann úsáideoirí gnó inneachar ar Edge ar fáil d’úsáideoirí deiridh bunaithe ar chomhlíonadh ‘Blink’, inneall rindreála brabhsálaí Alphabet, seachas ar rogha neamhspleách ó Microsoft.

(16)

Ar an tríú dul síos, ní chuireann éiceachóras ardáin Microsoft go leordhóthanach faoi láthair le Edge a bheith ina thairseach thábhachtach d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh. Ar an gcaoi chéanna, tá cumas Microsoft chun Edge a úsáid mar luamhán chun úsáid seirbhísí Microsoft eile a thiomáint teoranta faoi láthair. Ar deireadh, tar éis Microsoft a ainmniú mar gheatóir dá Windows PC OS, cuireann Airteagal 6(3) den Ghníomh um Margaí Digiteacha d’oibleagáid ar Microsoft é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí deiridh aon fheidhmchlár bogearraí a dhíshuiteáil go héasca agus réamhshocruithe a athrú go héasca ar an OS, rud a laghdaíonn a thuilleadh aon bhuntáiste a d’fhéadfadh Microsoft a bhaint as réamhshuiteáil Edge ar ghléasanna Windows.

(17)

Maidir leis na seirbhísí fógraíochta ar líne Microsoft Advertising, bunaíonn an Coimisiún a chonclúidí ar na cúiseanna seo a leanas.

(18)

Ar an gcéad dul síos, tá scála measartha beag ag Microsoft Advertising i gcomparáid le scála foriomlán na ngníomhaíochtaí atá laistigh de chatagóir fógraíochta ar líne CPS san Aontas, agus i gcomparáid leis na príomhsholáthraithe seirbhísí fógraíochta ar líne san Aontas freisin.

(19)

Ar an dara dul síos, sa lá atá inniu ann, ní raibh éifeachtaí leordhóthanacha scála a théann chun tairbhe do Microsoft Advertising mar thoradh ar bhuntáistí sonraíbhunaithe agus éifeachtaí líonra éiceachóras ardán seirbhísí Microsoft (go háirithe an t-inneall cuardaigh ar líne Bing). Dá bhrí sin, ní tairseach thábhachtach ag úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh é Microsoft Advertising.

(20)

Ar an tríú dul síos, tá úsáid Microsoft Advertising ag úsáideoirí gnó íseal, rud a dheimhnigh a thuilleadh nach féidir é a mheas mar thairseach thábhachtach d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh.

5.   CONCLÚID

(21)

Ar na cúiseanna a leagtar amach thuas, cuireann an Cinneadh clabhsúr ar na himscrúduithe margaidh a osclaíodh le cinneadh C(2023) 6078 an 5 Meán Fómhair 2023 maidir leis na nithe seo a leanas, (i) Bing, inneall cuardaigh ar líne Microsoft, (ii) Edge, brabhsálaí gréasáin Microsoft, agus (iii) Microsoft Advertising, seirbhísí fógraíochta ar líne Microsoft, trína theacht ar an gconclúid nár cheart na CPSanna sin a liostú mar thairseacha tábhachtacha d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh sa chinneadh lena n-ainmnítear Microsoft mar gheatóir de bhun Airteagal 3 den Ghníomh um Margaí Digiteacha.

(22)

Tá an chonclúid sin gan dochar don fhéidearthacht go bhféadfaidh an Coimisiún athmhachnamh nó leasú a dhéanamh ar an gCinneadh sin, de bhun Airteagal 4(1) den Ghníomh um Margaí Digiteacha, i gcás ina mbeadh aon athrú substaintiúil ar aon cheann de na fíorais ar a bhfuil sé bunaithe, nó má bhí an Cinneadh sin bunaithe ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach.

(1)  Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (An Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 12.10.2022, lgh. 1).

(2)  Cinneadh C(2023) 6106 final an 5 Meán Fómhair 2023.

(3)  Cinneadh C(2023) 6078 final an 5 Meán Fómhair 2023.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2709/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)