European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1496

14.2.2024

Foilsiú iarratais ar leasú ar shonraíocht le haghaidh ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(C/2024/1496)

Lena fhoilsiú seo, tugtar an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 2 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.

IARRAIDH AR LEASÚ AR AN tSONRAÍOCHT TÁIRGE

‘ Riviera del Garda Bresciano / Garda Bresciano ’

PDO-IT-A1137-AM02

Dáta an iarratais: 9.2.2017

1.   Rialacha is infheidhme maidir leis an leasú

Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh.°1308/2013 – Modhnú nach mion

2.   Tuairisc ar an leasú agus cúiseanna atá leis

2.1.   Leasú ar ainm an ainmniúcháin

Tuairisc: athraíodh ainm an ainmniúcháin ó ‘Riviera del Garda Βresciano’ go ‘Riviera del Garda Classico’.

Is é is cúis leis an leasú sin go bhfuil sé beartaithe ag na táirgeoirí trí ATFC ag a bhfuil an limistéar táirgthe agus na cineálacha táirge céanna a chumasc in ATFC amháin: ‘Riviera del Garda Classico’. Is iad na trí ATFC atá ann faoi láthair: ‘Riviera del Garda Bresciano’, ‘Garda Classico’, a bhfuil ina fho-limistéar de ATFC ‘Garda’, agus ATFC ‘Valtènesi’.

Comhfhreagraíonn an fo-limistéar ‘Classico’ de ATFC ‘Garda’ atá ann faoi láthair go díreach le ATFC ‘Riviera del Garda Bresciano’, ina limistéar táirgthe agus i dtosca stairiúla agus nádúrtha araon. Dá bhrí sin, aithnítear agus admhaítear saintréith stairiúil ATFC ‘Riviera del Garda Bresciano’ tríd an téarma ‘Classico’ a chur in ionad ‘Bresciano’. Is limistéar geografach beag é ATFC ‘Valtènesi’. Caitear leis anois mar ‘fho-limistéar’ de ATFC nua Riviera del Garda Classico.

Baineann an leasú sin leis an tsonraíocht táirge iomlán agus an doiciméad aonair iomlán, gach uair a úsáidtear ainm an ainmniúcháin.

2.2.    ‘Valtènesi’ mar fho-limistéar a chur isteach

Tuairisc: baineann an leasú sin le hAirteagal 1 den tsonraíocht táirge le hIarscríbhinn 1 á cur san áireamh.

Is é is cúis leis an leasú sin gur mian leis na táirgeoirí ATFC aonair ‘Riviera del Garda Classico’ a bheith acu lena gcumhdaítear na trí ATFCanna ‘Riviera del Garda Bresciano’ atá ann faoi láthair, an fo-limistéar ‘Garda Classico’ de ATFC ‘Garda’ agus ATFC ‘Valtènesi’.

Ciallaíonn an leasú go rialaítear ATFC Valtènesi anois mar aonad geografach níos lú i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 (Airteagal 67 de Rialachán (AE) Uimh. 607/2009 roimhe seo), agus is cuid de ATFC anois é dá mbeidh iarraidh ar neamhniú ina leith.

Baineann an leasú sin le hAirteagal 1 den tsonraíocht táirge agus leis na pointí seo a leanas den doiciméad aonair: 4, ‘Tuairisc ar an bhfíon / ar na fíonta’; 6, ‘Limistéar geografach’; 8, ‘Tuairisc ar an nasc / ar na naisc’ agus 9, ‘Coinníollacha breise’.

2.3.   Athruithe ar mheascán na gcineálacha fíonchaor

Tuairisc: le haghaidh fíonta ‘Bianco’ (geala), baineann laghdú chion Riesling (Riesling Renano agus/nó Riesling Italico) ó 60 % go dtí 50 % leis an leasú.

Tá gá leis an leasú toisc, ar chúiseanna tráchtála agus cúiseanna a bhaineann le fíon, ní mór do tháirgeoirí a bheith in ann fíonchaora Riesling a chumasc le cion níos mó cineálacha a aibíonn agus a fhorbraíonn a ndea-bholaithe níos luaithe, amhail Incrocio Manzoni 6.013 agus Chardonnay.

Cúis eile leis an leasú is ea é go léirítear leis freagairt i dtéarmaí táirgeadh fíona ar éileamh tráchtála ar fhíonta geala atá oiriúnach freisin mar dheoch don duine laistigh de bhliain, agus ar a bhfuil blas comhchuí níos cothroime ar dócha go gcomhlíonfaidh siad riachtanais mhargadh na dtomhaltóirí níos óige.

Tuairisc: le haghaidh fíonta ‘Rosso’ (dearga) agus ‘Rosato’ (rosé), fágtar leis an leasú cumasc na gcineálacha fíonchaor a athrú mar a leanas: Groppello, idir 30 % ar a laghad agus 70 % ar a mhéad cumaiscthe leis na trí fhíonchaor comhlántach: Marzemino, Barbera agus Sangiovese.

Tá gá leis an leasú sin chun téarmaí na trí ATFC bunaidh a chomhchuibhiú maidir le céatadán íosta chineál áitiúil Groppello agus na trí chineál chomhlántacha arb iad, in ord, Marzemino, Barbera agus Sangiovese, agus foirmliú bunaithe ar agranamaíocht á úsáid lena bhfuiltear in ann na cineálacha éagsúla a chothromú ‘go dinimiciúil’ de réir na saintréithe éagsúla ithreach, aghaidh na bhfíonghort agus ceanglais theicniúla fíonóireachta eile.

Baineann na leasuithe sin le hAirteagal 2 den tsonraíocht táirge agus le pointe 7, ‘Príomhchineálacha fíonchaor’, den doiciméad aonair.

2.4.   Faisnéis neamhábhartha i dtuairisc an limistéir táirgthe a bhaint

Baineann an leasú le tuairisc ar an limistéar táirgthe agus le mír a bhaint a thagair d’fhoráil náisiúnta níos luaithe: Airteagal 10 d’Fhoraithne Uimh. 930 ón Uachtarán an 12 Iúil 1963 maidir le fíonghoirt sa limistéar táirgthe a chur san áireamh. Tháinig na rialacháin atá i bhfeidhm faoi láthair in ionad na forála sin.

Baineann an leasú sin le hAirteagal 3, ‘Limistéar táirgthe’, den tsonraíocht táirge agus le pointe 6, ‘Limistéar geografach críochaithe’ den doiciméad aonair.

2.5.   Méadú ar líon fíniúnacha in aghaidh an heicteáir

Tuairisc: baineann an leasú leis an líon íosta fíniúnacha in aghaidh an heicteáir a athrú ó 3 500 go dtí 4 000.

Is ionann an leasú agus beart chun feabhas a chur ar cháilíocht na bhfíonchaor. Tá sé i gcomhréir leis an mbeart CEM sa Phlean atá ann faoi láthair chun fíonghoirt i réigiún Lombardy a athstruchtúrú agus a athchóiriú.

Baineann an leasú seo le hAirteagal 4 den tsonraíocht táirge: ‘Rialacha fíonsaothrúcháin’.

2.6.   Méadú ar tháirgeacht fíonchaor in aghaidh an heicteáir

Tuairisc: baineann an leasú le táirgeacht fíonchaor in aghaidh an heicteáir a mhéadú ó 11 go dtí 12 thona le haghaidh cineálacha uile fíona a áirítear sa tsonraíocht: ‘Bianco’, ‘Rosso’ agus Groppello aonchineálach freisin, ‘Rosato’ agus ‘Spumante’ (súilíneach).

Tá dhá phríomhthoisc thalmhaíochta taobh thiar an leasaithe sin: méadú ar an dlús íosta plandaithe agus an acmhainneacht níos mó táirgeachta de chuid roinnt clón nua cineálacha fíonchaor éagsúil.

Baineann an leasú sin le hAirteagal 4, ‘Rialacha fíonsaothrúcháin’, den tsonraíocht táirge agus le pointe 5, ‘Cleachtais maidir le fíonóireacht’, den doiciméad aonair.

2.7.   Laghdú ar neart alcóil nádúrtha íosta na bhfíonchaor de réir toirte

Tuairisc: baineann an leasú le neart alcóil nádúrtha íosta na bhfíonchaor de réir toirte tráth na buainte a laghdú ó 11 % go dtí 10,5 % le haghaidh fíonta ‘Rosso’ agus ‘Rosato’. Le haghaidh fíonta a bhfuil lipéad ‘Rosso Superiore’ orthu, tá an laghdú ó 11,5 % go dtí 11 %.

Tá gá leis an leasú freisin mar gheall ar an-chuid tosca agranamaíocha atá bainteach le hathrú aeráide, rud a fhágann gur gá a bheith in ann buaint a phleanáil i bhfad níos luaithe ná na dátaí traidisiúnta buainte, le haghaidh cháilíocht na gcomhábhar aigéadach agus chun fíonta a tháirgeadh a bhfuil níos galánta agus níos úire araon, i gcás an fhíona ‘Rosato’ go háirithe.

Baineann an leasú seo le hAirteagal 4 den tsonraíocht táirge: ‘Rialacha fíonsaothrúcháin’.

2.8.   Méadú ar chéatadán táirgeachta fíonchaor/fíona

Tuairisc: baineann an leasú le táirgeacht fíonchaor/fíona a mhéadú ó 68 % go dtí 70 %.

Is mionleasú é sin. A bhuí le feabhsuithe teicneolaíocha ar threalamh fíonlainne, chomh maith le teicnící feabhsaithe le haghaidh fíonóireachta i ndálaí fuara, is féidir úrfhíon de cháilíocht níos fearr a fháil. Dá thoradh sin, is ionann táirgeacht optamam na bhfíonchaor tar éis próiseála agus 70 %.

Baineann an leasú sin le hAirteagal 5, ‘Rialacha maidir le fíonsaothrú’, den tsonraíocht táirge agus le pointe 5, ‘Cleachtais fhíoneolaíocha’, den doiciméad aonair.

2.9.   Foráil chun tásc ‘Riserva’ a úsáid le haghaidh fíonta ó fho-limistéar ‘Valtènesi’.

Tuairisc: cuireadh an tásc ‘Riserva’ san áireamh le haghaidh fíonta dearga ó fho-limistéar Valtènesi.

Is é is cúis leis an leasú gur tábhachtach é an tásc ‘Riserva’ ó thaobh aicmiú na bhfíonta dearga socra ó fho-limistéar Valtènesi de, fíonta a bhfuil saintréithe acu lenar féidir aosú fada a dhéanamh de 24 mhí ar a laghad, b’fhéidir i soithí adhmaid.

Baineann an leasú sin le hAirteagail 1 agus 5 den tsonraíocht táirge agus leis na pointí seo a leanas den doiciméad aonair: 8, ‘Tuairisc ar an nasc / ar na naisc’ agus 9, ‘Coinníollacha breise’.

2.10.   An cineál ‘Rosso Novello’ a bhaint

Tuairisc: baineann an leasú leis an gcineál fíona deirge ar a bhfuil an tásc ‘Novello’ a bhaint.

Is é is cúis leis an leasú, le haghaidh táirgeoirí, nach bhfuil an cineál sin fíona inmharthana a thuilleadh ó thaobh tráchtála de.

Baineann an leasú sin le hAirteagal 6 ‘Saintréithe na bhfíonta a bhaineann lena gcaitheamh’, den tsonraíocht táirge, agus le pointe 4, ‘Tuairisc ar na fíonta’, den doiciméad aonair.

2.11.   Paraiméadair fhisiceacha, cheimiceacha agus orgánaileipteacha a thabhairt cothrom le dáta

Tuairisc: tugadh gnéithe orgánaileipteacha na gcineálacha uile a chumhdaítear leis an tsonraíocht cothrom le dáta. Tá an blas idir tirim agus meántirim le haghaidh fíonta socra agus idir dáileogacht nialasach agus meántirim le haghaidh fíonta súilíneacha. Le haghaidh fíonta ó fho-limistéar ‘Valtènesi’, méadaíodh an t-eastóscán íosta: ó 16 go dtí 17 ngram in aghaidh an lítir i gcás an chineáil ‘Chiaretto’, agus ó 22 go dtí 24 ghram in aghaidh an lítir i gcás fíonta geala.

Cúiseanna: ciallaíonn an coigeartú ar na gnéithe orgánaileipteacha, i.e. blas idir tirim agus meántirim, gur féidir fíonta leis an ainmniúchán a dhéanamh as fíonchaora aibithe agus beagán triomaithe fiú. Táirgtear fíonta níos boige as sin ina mbíonn go minic, i mblianta ina bhfuil dálaí aeráide fabhraí, leibhéil siúcra iarmharaigh níos mó ná 4 ghram in aghaidh an lítir agus iad réidh le hól. Sna cásanna sin, ní féidir iad a aicmiú mar fhíonta tirime a thuilleadh ach i raon idir tirim agus meántirim. Rinneadh an cinneadh an t-eastóscán le haghaidh an fho-limistéir a mhéadú chun gur féidir idirdhealú a dhéanamh idir fíonta ó fho-limistéar Valtènesi agus fíonta ATFC Riviera del Garda Classico.

Baineann an leasú le hAirteagal 6 ‘Saintréithe a bhaineann lena chaitheamh’, den tsonraíocht táirge agus le roinn 4 ‘Tuairisc ar na fíonta’ den doiciméad aonair.

2.12.   Athbhreithniú agus cuimsiú na rialacha maidir le lipéadú agus cur i láthair

Tuairisc: baineann an chéad leasú le hathbhreithniú na rialacha maidir le lipéadú agus cur i láthair a leagtar síos in Airteagal 7 den tsonraíocht táirge.

Tá an t-athbhreithniú sin mar gheall ar an ngá rialacha áirithe ó Airteagal 7 réamhluaite a bhaint toisc gur thagair siad do tháirgeadh agus cuireadh san áireamh go mícheart leis na rialacha maidir le lipéadú iad. Áirítear na rialacha i gceist faoi Airteagal 5 anois.

Ina theannta sin, forlíonadh na rialacha maidir le lipéadú agus le cur i láthair le forálacha sonracha maidir le tásc traidisiúnta ‘Chiaretto’ agus fo-limistéar ‘Valtènesi’. Go sonrach:

a)

le haghaidh fíonta ‘Rosato’ leis an ATFC, rinneadh an tásc ‘Chiaretto’ éigeantach toisc gur úsáid go traidisiúnta é le haghaidh fíonta den sórt sin in ionad an téarma ‘Rosato’;

b)

le haghaidh fíonta ‘Rosato’ d’fho-limistéar ‘Valtènesi’, rinneadh an tásc ‘Chiaretto’ roghnach toisc gur chuid d’ainmniúchán le déanaí é an fo-limistéar agus dá bhrí sin is minic a úsáidtear an téarma idirnáisiúnta ‘rosé’ i lipéadú agus cur i láthair an fhíona;

c)

le haghaidh fíonta d’fho-limistéar ‘Valtènesi’, sonraíodh nach mór a n-ainm a bheith roimh ainm ATFC ‘Riviera del Garda Classico’ ar an lipéadú i gcónaí, agus a bheith i litreacha dhá oiread mhéid na litreacha ar a laghad a úsáidtear don ainmniúchán.

Tá na leasuithe sin de dhíth chun a áirithiú gur féidir na cineálacha fíona réamhluaite ar a dtugtar tuairisc le húsáid an téarma thraidisiúnta ‘Chiaretto’ agus ainm an fho-limistéir ‘Valtènesi’ a chur i láthair ar an margadh le ATFC ‘Riviera del Garda Classico’.

Baineann na leasuithe sin le hAirteagail 5 agus 7 den tsonraíocht táirge agus le pointe 8, ‘Tuairisc ar an nasc / ar na naisc’, agus 9, ‘Coinníollacha breise’ den doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm an táirge

Riviera del Garda Classico

2.   Cineál táisc gheografaigh

ATFC – Ainmniúchán Tionscnaimh Faoi Chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

4.

Fíon súilíneach

5.

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

1.    ‘Riviera del Garda Classico’ ‘Rosso’

Dath: dath dearg an rúibín, dian uaireanta, agus dath an ghairnéid ag teacht air le haois.

Dea-bholadh: fíonmhar agus é óg, d’fhéadfadh sé a bheith bláthach agus torthaíoch le príomhbhlasanna torthaí dearga, agus tagann blasanna spíosracha air agus é ag dul in aois.

Blas: tirim, blasta, agus is é is saintréith dó salandacht éadrom agus iarbhlas féideartha almóinne.

Íosneart alcóil iomlán de réir toirte: 11 %. Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 21 ghram in aghaidh an lítir.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (ina % den toirt)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

2.    ‘Riviera del Garda Classico’ ‘Rosso Superiore’

Dath: dath dearg an rúibín, uaireanta le himreacha gairnéid.

Dea-bholadh: dian, casta, le ruainníní torthaí dearga maothaithe, agus uaireanta spíosraithe.

Blas: tirim, veilbhitiúil, struchtúrtha, le hiarbhlas almóinne uaireanta.

Íosneart alcóil iomlán de réir toirte: 12 %. Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 24 ghram in aghaidh an lítir.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (ina % den toirt)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

3.    ‘Riviera del Garda Classico’ ‘Groppello’

Dath: dath an rúibín de dhéine éagsúil.

Dea-bholadh: fíonmhar, úr, torthaíocht torthaí dearga, ruainníní spíosraithe go héadrom.

Blas: tirim, blasta, agus is é is saintréith dó salandacht éadrom agus uaireanta iarbhlas almóinne.

Íosneart alcóil iomlán de réir toirte: 11,50 %. Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 21 ghram in aghaidh an lítir.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (ina % den toirt)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

4.    ‘Riviera del Garda Classico’ ‘Bianco’

Dath: buí ar dhath na tuí, le himireacha glasa éadroma uaireanta;

Dea-bholadh: úr, comhchuí go héadrom le blasanna bláthacha féideartha de bhláthanna bána, torthaí a bhfuil bia bán iontu agus uaireanta ruainníní de luibheanna aramatacha.

Blas: idir tirim agus meántirim, comhchuí, veilbhitiúil.

Íosneart alcóil iomlán de réir toirte: 11 %. Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 16 ghram in aghaidh an lítir.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (ina % den toirt)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.    ‘Riviera del Garda Classico’ ‘Chiaretto’

Dath: dath éadrom go bándearg dian.

Dea-bholadh: galánta, dian, le blasanna féideartha bláthacha agus torthaíocha de rós agus torthaí dearga beaga, spíosraithe uaireanta fiú.

Blas: idir tirim agus meántirim, blasta, súmhar, comhchuí go héadrom.

Íosneart alcóil iomlán de réir toirte: 11,5 %. Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 16 ghram in aghaidh an lítir.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (ina % den toirt)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

6.    ‘Riviera del Garda Classico’ ‘Spumante Rosé’

Cúr: mín agus marthanach. Dath: bándearg le déine éagsúil.

Dea-bholadh: cumhra le blasanna bláthacha agus torthaíocha de bhláthanna bána agus toradh citris.

Blas: dáileogacht nialasach go meántirim, úr, agus is é is saintréith dó salandacht éadrom fhada, lena ngabhann iarbhlas almóinne uaireanta.

Íosneart alcóil iomlán de réir toirte: 11 %. Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 15 ghram in aghaidh an lítir.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

5 ghram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

7.    ‘Riviera del Garda Classico’ ‘Spumante di Qualità Rosé’

Cúr: mín agus marthanach. Dath: bándearg le déine éagsúil.

Dea-bholadh: cumhra, galánta, le blasanna de thorthaí citris agus coimhthíocha, uaireanta le ruainníní giosta.

Blas: dáileogacht nialasach go brut, úr, agus is é is saintréith dó salandacht éadrom, fhada, uaireanta le hiarbhlas almóinne.

Íosneart alcóil iomlán de réir toirte: 11 %. Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 15 ghram in aghaidh an lítir.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (ina % den toirt)

 

Aigéadacht iomlán íosta

5 ghram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

8.    ‘Riviera del Garda Classico’ fo-limistéar ‘Valtènesi’ ‘Rosato’

Dath: dath éadrom go bándearg dian, imreacha an chopair uaireanta le haosú.

Dea-bholadh: galánta, dian, le blasanna féideartha bláthacha agus torthaíocha idir torthaí dearga beaga agus ruainníní citris agus torthaí coimhthíocha, uaireanta spíosraithe. Agus an fíon ag teacht in aibíocht, d’fhéadfadh blasanna luibheacha éadroma a theacht air, agus blasanna cnónna úra nó tóstáilte.

Blas: idir tirim agus meántirim, blasta, súmhar, galánta, cothromaithe agus comhchuí.

Íosneart alcóil iomlán de réir toirte: 12 %. Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 17 ngram in aghaidh an lítir.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (ina % den toirt)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

9.    ‘Riviera del Garda Classico’ fo-limistéar ‘Valtènesi’ ‘Rosso’ lena n-áirítear ‘Riserva’

Dath: dath dearg an rúibín, dian uaireanta, imreacha féideartha gairnéid agus é aosaithe.

Dea-bholadh: bláthach agus torthaíoch agus blasanna éadroma vialaite agus torthaí dearga, spíosraithe uaireanta agus ruainníní suibhe nuair a thriomaítear na fíonchaora go páirteach. Blas: idir tirim agus meántirim,

blasta, agus is é is saintréith dó salandacht éadrom, cothromaithe, struchtúrtha agus uaireanta iarbhlas almóinne.

Íosneart alcóil iomlán de réir toirte: 12 %. Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 24 ghram in aghaidh an lítir.

Comhlíonann aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (ina % den toirt)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fíonóireachta

a. Cleachtais fíoneolaíocha fhíor-riachtanacha

Srianta ábhartha maidir leis na fíonta a dhéanamh;

Ní mór fíonta ó fho-limistéar ‘Valtènesi’ ag a bhfuil tásc ‘Riserva’ a chur faoi thréimhse aosaithe dhá bhliain ar a laghad.

Le haghaidh fíonta ó fho-limistéar ‘Valtènesi’, maidir leis an teicníc thraidisiúnta fíonóireachta, ní mór scaoileadh lena tomhailt a bheith ón 1 Meán Fómhair tar éis na buainte ar aghaidh i gcás fíonta ‘Rosso’, agus ón 14 Feabhra tar éis na buainte ar aghaidh le haghaidh chineál ‘Rosata’.

b.   Uastáirgeacht

1.   ‘Riviera del Garda Classico’‘Bianco’, ‘Chiaretto’, ‘Rosso’, ‘Groppello’, ‘Spumante Rosé’, ‘Spumante di Qualità Rosé’

 

84 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.   ‘Riviera del Garda Classico’‘Rosso Superiore’

 

77 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Cuimsíonn an limistéar ina dtáirgtear fíonta ainmniúchán tionscnaimh cláraithe ‘Riviera del Garda Classico’ críoch iomlán na mbardas seo a leanas de chúige Brescia: Limone sul Garda, Tremosine, Tignale, Gargnano, Capo Valle, Idro, Treviso Bresciano, Provaglio Valsabbia, Sabbio Chiese, Vobarno, Toscolano Maderno, Gardone Riviera, Salò, Roè Volciano, Villanuova sul Clisi, Gavardo, San Felice del Benaco, Puegnago sul Garda, Muscoline, Manerba del Garda, Polpenazze sul Garda, Moniga del Garda, Soiano del Lago, Calvagese della Riviera, Padenghe del Garda, Bedizzole, Lonato, Desenzano del Garda, Pozzolengo agus Sirmione.

Fo-limistéar ‘Valtènesi’

Cuimsítear leis an limistéar ina dtáirgtear fíonta fho-limistéar Valtènesi críoch sna bardais seo a leanas i gcúige Brescia Gardone Riviera, Salò, Roè Volciano, Villanuova sul Clisi, Gavardo, S. Felice del Benaco, Puegnago del Garda, Muscoline, Manerba del Garda, Polpenazze del Garda, Moniga del Garda, Soiano del Lago, Calvagese della Riviera, Padenghe sul Garda, Bedizzole, Lonato del Garda, Desenzano del Garda, Pozzelengo agus Sirmione.

7.   Príomhchineál(acha) fíonchaor

 

Barbera N

 

CHARDONNAY B

 

Groppello di Mocasina N - Groppello

 

Groppello di S. Stefano N - Groppello

 

Groppello gentile N - Groppello

 

Manzoni bianco B - Incrocio Manzoni 6.0.13 B

 

Marzemino N

 

Riesling italico B - Riesling

 

Riesling renano B - Riesling

 

Sangiovese N - Sangioveto

 

Tocai friulano B - Tuchì

 

Trebbiano di Soave B - Turbiana

 

Verdicchio bianco B - Trebbiano di Lugana B

8.   Tuairisc ar an nasc (nó ar na naisc)

8.1.   ATFC ‘Riviera del Garda Classico’ – le haghaidh na gcatagóirí uile (fíon, fíon súilíneach agus fíon súilíneach ar ardchaighdeán)

Mionsonraí an limistéir gheografaigh

Tosca nádúrtha is ábhartha don nasc

I limistéar ATFC ‘Riviera del Garda Classico’, díorthaíonn na saintréithe geolaíocha ón gcuid theas agus thiar de choire mhoiréan Garda. Tá siad bainteach le hoighearleathadh ag malartú le céimeanna idiroighreacha d’ardtáirgeacht ithreach a bhain go sonrach leis an limistéar le linn an Cheathartha. Is gné áirithe thalmhaíochta in oirthear limistéar ATFC ‘Riviera del Garda Classico’ iad na ‘cnoic mhoiréin’ a chuimsíonn go formhór an fo-limistéar ar a dtugtar ‘Valtènesi’. Tá tús an limistéir sin ag bardas Gardone Riviera, gabhann sé le taobh Mhurascaill Salò agus leanann sé ar aghaidh go dtí bardas Desenzano del Garda. Ag an bpointe sin, síneadh an limistéar. Áirítear leis anois freisin leibhéil níos airde na gcnoc lena gcruthaítear ceangal leanúnach a shíneann soir agus lena n-áirítear cuid de chríoch bhardas Desenzano del Garda agus bhardais Pozzolengo agus Sirmione. San iarthar, tá an limistéar ATFC críochaithe ag abhainn Chiese a shreabhann síos ó ghleann Valsabbia. Déanann Alto Garda an teorainn thuaidh, in éineacht le léibhinn bhardas Limone del Garda. Sa deisceart, cuireann Basso Garda, arb iad is saintréithe dó freisin limistéir ‘machairí agus lochanna’ críochú an limistéir i gcrích le bardas Sirmione.

I dtéarmaí aeráide, meastar gurb é Loch Garda an áit is faide ó thuaidh san Eoraip ag a bhfuil aeráid na Meánmhara. Is mionsonra mór é na teochtaí atmaisféaracha níos airde agus níos cobhsaí timpeall Loch Garda, atá coibhéiseach le 150 trilliún calra i gcomparáid le idir 28 agus 58 trilliún calra sna limistéir timpeall lochanna eile Lombardy. Tá an acmhainneacht luachmhar chun teas a ionsú mar thoradh indíreach ar shaintréithe nádúrtha geografacha an locha, lena n-áirítear: toirt mhór na lochabhantraí; hidreagrafaíocht na habhantraí, treoíocht, forbairt theoranta an chósta, cobhsaíocht, trédhearcacht na n-uiscí agus cosaint ó na gaotha fuara aduaidh a sholáthraíonn na fánaí carraigeacha timpeall an locha.

8.2.   ATFC ‘Riviera del Garda Classico’ – le haghaidh na gcatagóirí uile (fíon, fíon súilíneach agus fíon súilíneach ar ardchaighdeán)

Tosca stairiúla agus daonna is ábhartha don nasc

Bhí an toisc dhaonna ríthábhachtach chun ATFC ‘Riviera del Garda Classico’ a bhunú, in éineacht le tosca nádúrtha an limistéir. Ó bhí ré na Rómánach ann, thugtaí Benacus ar Loch Garda. Tá sé beagnach cinnte go bhfuil an logainm Benācus Lacus (loch) de thionscnamh Ceilteach, agus dá bhrí sin gurbh ann dó roimh réimeas na Róimhe. Is féidir go dtagann sé as ‘bennacus’, a d’fhéadfadh a bheith gaolmhar leis an bhfocal Gaeilge ‘beannach’ a chiallaíonn ‘beannach’, lena ndéanfadh tagairt dá roinnt mhaith cinn tíre.

Nochtadh an céachta is ársa de dhéanamh an duine i gcnoic mhoiréin Loch Garda, áit ina raibh, cúig mhíle bliain roimh Chríost, cur amach ag daoine ar an bhfíniúin fhiáin agus ar fhíon freisin is dócha. Ciallaíonn sé sin go raibh, ón ré réamhstairiúil, daoine agus fíon i láthair i limistéar Loch Garda. Tharla Rómhánú an limistéir idir an dara agus an chéad chéad RCh. In 89 RCh, thug an consal Rómhánach Gnaeus Pompeius Strabo cearta Laidine don limistéar. Thart ar 40 bliain ina dhiaidh, rinneadh cathracha Rómhánacha as Brescia agus Verona. Cumhdaíodh lena gcríocha, faoi seach, bruach thiar/thuaidh agus bruach thoir Benacus, mar a thugtaí ar an loch ansin. I gcás fho-limistéar ‘Valtènesi’, sainíodh an chríoch bhunaidh i dtéarmaí geografacha mar a shín sé ó Mhurascaill Salò go bardais chósta Moniga del Garda agus Padenghe del Garda. Leis na céadta, lean an fo-limistéar cinniúintí polaitiúla na ndúichí máguaird, arna rialaíodh ar dtús ag muintir Scaliger, agus ansin ag muintir Visconti, agus ina dhiaidh sin ag teacht faoi rialú Phoblacht na Veinéise agus ar deireadh mar chuid de Brescia i Ríocht na hIodáile. Saothraíodh fíniúnacha go forleathan i gcónaí, fiú mura raibh leibhéil táirgthe ró-mhór i gcónaí. Le linn an dara leath den 19ú céad chonacthas teacht plánna amhail coincleach phúdrach in 1852 agus coincleach chlúmhach in 1883. D’áitigh sé sin ar tháirgeoirí comhlachais a chruthú. In 1896, bhí a smaoineamh féin ag seanadóir na Veinéise darb ainm Pompeo Molmenti, iarmhéara Moniga del Garda, a rialacha féin a cheapadh le haghaidh ‘fíon nua’. D’fhorbair sé an teicníc fíonta rosé a dhéanamh as cineál áitiúil fíonchaoire Groppello. Tugadh ar an bpróiseas a cheap Molmenti ‘fíonóireacht le trasdoirteadh trí ardú caidhpe’. Is éard a bhí ann na fíonchaora a bhrú agus gan iad a fanacht le maothú ach ar feadh cúpla uair an chloig chun an dath bándearg éadrom cáiliúil a bhaint amach. Is é sin tionscnamh an natha cainte ‘fíon thar oíche’. Fágadh le glacadh forleathan na teicníce fíonóireachta gur forbraíodh táirgeadh eisiach fíonta rosé i rith an 20ú céad i limistéar Loch Garda. Ainmníodh leis an téarma ‘Chiaretto’ iad go háitiúil.

Is mar thoradh ar idirghníomhaíocht teagmhas stairiúil agus na saintréithe éagsúla a thugann fíonchaor Groppello don fhíon, in éineacht le gnéithe áirithe aeráide Loch Garda, a thosaigh táirgeadh fíona sa limistéar. Tá cuid mhór de rath na gníomhaíochta sin, áfach, de bharr fhorbairt na hearnála turasóireachta agus fáilteachais a bhí faoi bhláth ó bhí na 1920idí ann. An lá atá inniu ann, tá an earnáil sin níos tábhachtaí ná a bhí sé riamh le haghaidh inbhuanaitheacht eacnamaíoch an táirgthe fíona sa limistéar. Tá cuid mhór de rath tráchtála a fhíonta bunaithe go háitiúil.

Mínítear leis sin conas a feabhsaíodh saineolas a bhí ann leis na céadta maidir le táirgeadh fíonta rosé agus fíonta dearga trí thaithí na nglúnta nua déantóirí fíona, a thug taithí táirgthe fíona níos leithne agus níos éagsúla. Thart ar na 1960idí, nuair a aithníodh an t-ainmniúchán tionscnaimh cláraithe agus an tsonraíocht táirge, tugadh fíonta geala agus súilíneacha isteach freisin.

8.3.   ATFC ‘Riviera del Garda Classico’ - catagóir Fíona

Nasc cúisíoch idir an cháilíocht, saintréithe an táirge agus an comhshaol geografach, leis na fachtóirí nádúrtha agus daonna.

Táirgtear fíon dearg, ag a bhfuil ATFC ‘Riviera del Garda Classico’ lena n-áirítear na tásca ‘Superiore’, ‘Groppello’ agus an fo-limistéar ‘Valtènesi’, as fíonchaor Groppello go príomha, mar chineál aonair nó cumaiscthe le Marzemino, Barbera agus Sangiovese.

Tá dath dearg an rúibín idir gléineach agus dian ar an bhfíon, agus dea-bholaithe fíonmhara, bláthacha agus torthaíocha agus blasanna láidre de thorthaí dearga. Tá blasanna spíosraithe agus torthaí triomaithe sa bhlas agus forbraítear iarbhlas deas almóinne le haois.

Tá na saintréithe sin ceangailte le tionchar agus le hidirghníomhaíocht na dtosca seo a leanas:

fíonchaor Groppello a bheith ann, lena dtugtar don fhíon an blas agus an dea-bholadh ‘piobar dubh’ (móilín Glútaitióin is cúis leis) a bhaineann go sonrach leis agus atá aige ar fhlúirse;

cumasaítear leis an aeráid Mheánmhuirí, atá séimh i rith na bliana, timthriall fada fáis a bheith ag na fíniúnacha, a chruthaíonn comhshaol iontach le haghaidh aibiú rialta Groppello agus fíonchaora dubha eile;

na hithreacha moiréin, cion íseal ábhair orgánaigh agus ag éabhlóidiú fós, lenar féidir fíonta a tháirgeadh atá blasta agus réidh le hól i dtréimhse ghairid.

Is fíon suaitheanta an limistéir é fíon rosé ag a bhfuil ATFC ‘Riviera del Garda Classico’. Táirgtear as na fíonchaora dubha céanna é. Ach déantar é trí mhodh a tháirgeann fíon a bhfuil dath bándearg éadrom ‘peitil róis’ air, agus dea-bholaithe de bhláthanna agus de thorthaí foraoise. Tá blas dian ar an bhfíon agus aigéadacht fhada ó aigéad malach, agus tá sé tathagach sóúil. Tugadh aidiacht don mheascán blasanna sin a roghnaíodh go háirithe le haghaidh na fíonta rosé sin: succosi (súmhar).

Is saintréith an fhíona rosé ag a bhfuil ATFC ‘Riviera del Garda Classico’ ó fho-limistéar ‘Valtènesi’ a chlaonadh le haghaidh aosú fada. Is amhlaidh atá mar gheall ar leibhéil níos airde na castachta polaifeanólaí agus alcóil sna fíonchaora tráth na buainte.

Cruthaítear le saintréithe nádúrtha na haeráide agus ithreacha moiréin chnoic Riviera, in éineacht le frithspré an tsolais ó Loch Garda, comhshaol iontach chun gur féidir le Groppello agus le fíonchaora dubha eile a fhorbairt go tráthrialta. Buaintear ag pointe aibíochta teicneolaíochta iad, agus na fíonchaora Groppello foirfe ina raimhre agus ina dteinne fós. Ansin, de réir traidisiún atá ann leis na céadta, déantar ina bhfíonta rosé iad.

Is saintréith an fhíona ghil ag a bhfuil ATFC ‘Riviera del Garda Classico’ iomadúlacht Riesling Renano, in éineacht le cineálacha fíonchaor geal eile a úsáidtear le haghaidh cumaisc. Aibíonn siad níos luaithe agus tá flúirse phríomh-dhea-bholaithe orthu a thugann siad go héasca.

Tá dath buí tuí, nó buí domhain, ar an bhfíon sin, agus imreacha scothghlasa. Ar an srón, tá dea-bholadh dian air agus blasanna láidre bláthacha agus blasanna spíosraí aramatacha. Le himeacht ama, forbraíonn na blasanna sin ina ndea-bholaithe treasacha casta. Uaireanta bíonn an blas ‘biorach’ mar gheall ar an ardaigéadacht, rud a fhágann go bhfuil aosú fada indéanta. I bhfíonta sárbhlianta, cothromaíonn láithreacht chineálacha a aibíonn go luath agus atá an-aramatach oscailteacht na ndea-bholaithe agus na mblasanna inrochtana.

Tá na saintréithe ceimiceacha, fisiceacha agus orgánaileipteacha sin de thoradh na ndálaí ithreach agus aeráide sa limistéar sin atá cnocach den chuid is mó. Ag barr na gcnoc, is iondúil go mbíonn dath éadrom ar na hithreacha a bhíonn saibhir in aolchloch, oiriúnach chun Riesling a fhás. Sna limistéir níos cothroime agus níos torthúla, fástar cineálacha fíonchaor geal eile a aibíonn níos luaithe agus ar a bhfuil príomh-dhea-bholaithe níos láidre.

8.4.   ATFC Riviera del Garda Classico – catagóirí fíona, fíona shúilínigh agus fíona shúilínigh ar ardchaighdeán

Nasc cúisíoch idir an cháilíocht, saintréithe an táirge agus an comhshaol geografach, leis na fachtóirí nádúrtha agus daonna.

Táirgtear fíonta rosé súilíneacha agus fíonta rosé súilíneacha ar ardchaighdeán ag a bhfuil ATFC ‘Riviera del Garda Classico’ as na fíonchaora céanna a úsáidtear chun fíonta dearga agus fíonta rosé a tháirgeadh.

Tá cúr fíneálta agus éadrom ag na fíonta rosé súilíneacha sin. Is é is saintréith dóibh aigéadacht fhada ó aigéad malach, agus tá siad tathagach le blasanna agus dea-bholaithe atá tipiciúil den limistéar.

Is saintréith na bhfíonta súilíneacha a tháirgtear tríd an modh Charmat gur fíonta atá éasca le hól iad ar a bhfuil bolaithe de chaora agus torthaí dearga atá inrochtana ar an toirt, chomh maith le blasanna bláthacha agus citris atá lán le blas. Is saintréith na bhfíonta súilíneacha ar ardchaighdeán a tháirgtear tríd an modh traidisiúnta go bhfuil doimhneacht bholaithe, bhlais agus bhlasanna an-chasta orthu a bhíonn follasach go háirithe nuair a úsáidtear fíonchaora dubha chun fíon súilíneach a dhéanamh. Tá cumas ar leith acu a bheith níos cumhra agus níos comhchuí tar éis tréimhse fhada ar an moirt.

Cinntear na saintréithe sin leis an aeráid shéimh chois locha. Leis an aeráil leanúnach, tá aibiú mall indéanta a chaomhnaíonn na réamhtheachtaithe blais atá sna craicinn. A bhuí leis an teicneolaíocht atá oiriúnach chun fíon súilíneach a dhéanamh, caomhnaítear na comhdhúile blais sin sna fíonta súilíneacha dá thoradh sin.

9.   Coinníollacha fíor-riachtanacha breise

Buidéalú laistigh den limistéar

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll breise:

Pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Le haghaidh fíonta ag a bhfuil ATFC ‘Riviera del Garda Classico’, fo-limistéar ‘Valtènesi’, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais atá i bhfeidhm, ní mór buidéalú a tharlú laistigh de limistéar táirgthe críochaithe ATFC ‘Riviera del Garda Classico’. Is amhlaidh sin chun cáilíocht agus cáil na bhfíonta sin a chaomhnú agus chun a áirithiú gur féidir seiceálacha a dhéanamh go héifeachtach.

Rialacha breise maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll breise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Ní mór ainm fho-limistéar ‘Valtènesi’ a bheith ann in éineacht le hainmniúchán ‘Riviera del Garda Classico’, gan aon rud dá scaradh. Ní mór ainm an fho-limistéir a bheith i litreacha atá a dhá oiread níos mó ar a laghad ná na litreacha a úsáidtear le haghaidh ainmniúchán ‘Riviera del Garda Classico’.

San ainmniúchán fíona ó fho-limistéar ‘Valtènesi’, ní cheadaítear tásc ‘Rosso’ le haghaidh fíonta dearga a chur san áireamh.

San ainmniúchán fíona ó fho-limistéar ‘Valtènesi’, is roghnach é úsáid thásc ‘Chiaretto’

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/17140


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1496/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)