European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1087

5.2.2024

Iarraidh ar réamhrialú ó Vilniaus apygardos teismas (an Liotuáin) a taisceadh an 27 Samhain 2023 – ‘Skycop.com’ UAB v Ryanair DAC

(Cás C-716/23, Skycop.com)

(C/2024/1087)

Teanga an cháis: an Liotuáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Vilniaus apygardos teismas

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: ‘Skycop.com’ UAB

Páirtí eile sna himeachtaí: Ryanair DAC

Páirtithe sna príomhimeachtaí:

1.

An gcaithfear Airteagal 6(1)(iii) de Rialachán Uimh. 261/2004 (1) lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 8(1)(a) de, a léiriú sa chiall go bhfuil paisinéirí a dhiúltaigh dul ar eitilt a raibh moill cúig uair an chloig ar a laghad uirthi agus nach bhfónann an eitilt a thuilleadh dóibh i dteideal an chúitimh dá bhforáiltear in Airteagal 7 den Rialachán sin?

2.

Más freagra dearfach atá ar an gcéad cheist, cad iad na coinníollacha nach mór a chomhlíonadh chun go mbeadh paisinéir den sórt sin i dteideal cúitimh faoi Airteagal 7 de Rialachán Uimh. 261/2004, nó an bhfuil paisinéir den sórt sin i dteideal cúitimh beag beann ar an gcúis ar dhiúltaigh an paisinéir dul ar eitilt a raibh moill cúig uair an chloig ar a laghad uirthi?


(1)   IO 2004 L 46, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1087/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)