|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/1086 |
5.2.2024 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Državna revizijska komisija za revizijo postopkov oddaje javnih naročil (an tSlóivéin) a taisceadh an 23 Samhain 2023 – Farmacija, d.o.o. v Občina Benedikt
(Cás C-715/23, Farmacija)
(C/2024/1086)
Teanga an cháis: an tSlóivéinis
An chúirt a rinne an tarchur
Državna revizijska komisija za revizijo postopkov oddaje javnih naročil
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Farmacija, d.o.o.
Cosantóir: Občina Benedikt
Páirtí eile sna himeachtaí: MN
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1) |
An féidir an tseirbhís a bhaineann le gníomhaíocht chógaisíochta, a bhaineann go bunúsach le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine atá nó nach bhfuil faoi réir oidis liachta a chur ar fáil d’úsáideoirí, mar aon le comhairle d’úsáideoirí d’fhonn úsáid chuí agus shábháilte na dtáirgí íocshláinte sin a chur ar fáil, a aicmiú mar ‘seirbhís leasa ghinearálta nach den gheilleagar í’ de réir bhrí Airteagal 4(2) de Threoir 2014/23 (1)? |
|
2) |
An féidir an tseirbhís a bhaineann le gníomhaíocht chógaisíochta, a bhaineann go bunúsach le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine atá nó nach bhfuil faoi réir oidis liachta a chur ar fáil d’úsáideoirí, mar aon le comhairle d’úsáideoirí d’fhonn úsáid chuí agus shábháilte na dtáirgí íocshláinte sin a chur ar fáil, a aicmiú mar an gcéanna le seirbhísí sóisialta agus seirbhísí sonracha eile de réir bhrí Airteagal 19 de Threoir 2014/23? |
(1) Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO 2014 L 94, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1086/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)