![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/874 |
6.2.2024 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — breithnithe cothromais agus éifeachtúlachta i dtaobh an iompair mhuirí
(tuairim féintionscnaimh)
(C/2024/874)
Rapóirtéir: |
Panagiotis GKOFAS |
Comhrapóirtéir: |
Pierre Jean COULON |
Bunús Dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta Tuairim féintionscnaimh |
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
25.1.2023 |
An rannóg atá freagrach |
An Rannóg um Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise |
Dáta a glactha sa rannóg |
6.10.2023 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
25.10.2023 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
582 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
166/1/3 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Ba cheart forbairt an iompair mhuirí agus an iompair uisce intíre a bheith ina príomhthosaíocht ó thaobh na soghluaisteachta agus éascú na trádála de, mar go gcuideoidh sé sin le baint amach phríomhchuspóirí cothromais agus éifeachtúlachta na hEorpa, amhail na cuspóirí siúd a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip, i gclár oibre na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, i Straitéis 2023 na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) maidir leis an nGás Ceaptha Teasa agus i dteachtaireachtaí eile ón gCoimisiún Eorpach. |
1.2. |
Na hinfheistíochtaí sa bhonneagar muirí, ba cheart iad a dhíriú ar shábháilteacht níos fearr, ar iompar atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus ar iompar níos saoire don phobal, do na gnólachtaí, don lucht taistil agus do na turasóirí. |
1.3. |
Tá sé tábhachtach infheistíocht nua a mhaoiniú i gcalafoirt agus i moil athléimneacha chun an cuspóir maidir le hiompar earraí agus gníomhaíochtaí gnó níos eacnamúla agus níos inbhuanaithe a bhaint amach. |
1.4. |
Mar chuid d’aistriú glas earnáil na loingseoireachta, ní mór na saintréithe tírshonracha, earnáilshonracha agus postshonracha a chur san áireamh chun buntáistí iomaíocha na hEorpa a choinneáil agus chun bearnaí san aistriú, an neamhionannas agus bánú réigiún a laghdú. |
1.5. |
Ní mór athbhreithniú cúramach a dhéanamh ar na rialacháin maidir le státchabhair a mhéid a bhaineann le táirgeadh na long le haghaidh iompar uisce san Eoraip chun freastal ar riachtanais an phobail, chun dul i ngleic le soghluaisteacht an lucht saothair i gceantair iargúlta agus chun a áirithiú go bhfuil loingseoireacht fheiliúnach shábháilte ar bun mar aon le faireachán níos fearr ar an gcósta, seachas chun críche gníomhaíochtaí brabúsacha loingseoireachta, rudaí is féidir a fhorbairt a thuilleadh trí bhíthin ionstraimí margaidh. |
1.6. |
Ba cheart an t-athbhreithniú ar an gcreat rialála a dhíriú ar chur chun feidhme éifeachtach na rialacha maidir le loingseoireacht faoi bhun caighdeáin agus cearta maraithe chun téarmaí comhionanna fostaíochta. Ba cheart ról institiúideach agus teicniúil níos mó a thabhairt don Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) chun cabhrú le beartas iompair mhuirí uasghrádaithe agus inbhuanaithe a chur chun feidhme. |
1.7. |
Tá sé ríthábhachtach calafoirt a athdhearadh agus an cadastar mara d’iompar uisce a thabhairt cothrom le dáta chun an tionchar a bhíonn ag an truailliú torainn agus an truailliú aeir ar cheantair uirbeacha a laghdú. |
1.8. |
D’fhonn sásra praghsála éifeachtach cóir a chur chun feidhme, d’fhéadfaí cineál ‘coibhéis iompair’ a cheapadh agus a chur i ngníomh go cúramach, go háirithe i gcás thíortha na Meánmhara, Mhuir Bhailt agus na Mara Thuaidh ina bhfuil oileáin bheaga scaipthe a bhfuil daoine ina gcónaí orthu agus i gcás limistéir neamh-inrochtana uisce intíre, limistéir neamh-inrochtana abhann agus limistéir neamh-inrochtana atá amuigh ón gcósta. Mar chuid den choibhéis sin, d’fhéadfaí fóirdheonú a dhéanamh ar tháillí iompair na ngairmithe agus na ngnólachtaí a bhíonn i mbun oibre agus gnó sna réigiúin sin, d’fhéadfaí díolúintí buana ón gcáin bhreisluacha nó díolúintí buana ón gcáin ar iompar na n-earraí áitiúla a cheadú nó na praghsanna fuinnimh a ísliú. |
1.9. |
Chun an sprioc maidir le dlús a chur le luas an leictrithe i dtionscal na loingseoireachta a chomhlíonadh, mar a leagtar amach i rialacháin an Aontais agus sa chlár oibre loingseoireachta cliste, d’fhéadfaí dreasachtaí a chur ar fáil chun teicneolaíochtaí digiteacha agus coigilte fuinnimh áirithe a tháirgeadh agus a chur i bhfeidhm don earnáil iompair loingseoireachta. |
1.10. |
Ba cheart éifeachtúlacht leithdháilte a shaothrú trí bhíthin sásraí praghsála nó sásraí lena gcuirtear dreasachtaí ar fáil do ghnólachtaí d’fhonn earraí agus seirbhísí a iompar ó réigiúin thar lear atá i bhfad i gcéin nó chuig na réigiúin sin, go háirithe do ghnólachtaí a fhostaíonn daoine atá lonnaithe sna limistéir sin. |
1.11. |
Tá sé riachtanach oibrithe ardoilte a earcú agus cuid d’earnáil iompair mhuirí nua-aimseartha a dhéanamh díobh. Ba cheart rannpháirtíocht na mban a chur chun cinn san earnáil mhuirí. Na fostaithe atá ann cheana, ní mór a thuilleadh oiliúna a chur orthu i réimsí na turasóireachta inbhuanaithe agus an gheilleagair ghlais, in úsáid éifeachtúil na n-acmhainní agus in oibríochtaí bainistíochta géarchéime i gcás tubaistí nádúrtha agus daonna. Ach scoileanna agus ollscoileanna nua-aimseartha dea-fheistithe a bhunú, cinn ina ndéanfaí speisialtóireacht sa gheilleagar muirí agus i mbainistíocht an iompair d’uisce, d’fhéadfaí breisluach a chur leis na limistéir chósta agus leis na geilleagair a bhíonn ag brath ar an ngeilleagar gorm. |
1.12. |
Ach earnáil na mara a dhigiteáil, beifear in ann cur chuige níos comhtháite a ghlacadh agus feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhísí don turasóireacht agus don tionscal fóillíochta uisce araon. |
2. Réamhrá — Cúlra
2.1. |
Cuireann Coiste Eacanamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i bhfios go láidir gur margadh a bhaineann le hearnáil ar leith é margadh an iompair mhuirí, ó na seirbhísí farantóireachta áitiúla a fhreastalaíonn ar chathracha agus ar oileánraí trí uiscebhealaí intíre agus bealaí gearra farraige, go dtí bealaí iompair na mbád farantóireachta fad-achair, an bhulciompair agus na long coimeádáin, mar aon le bealaí na long cúrsála.
Ní thugtar aghaidh sa tuairim seo ar na hearnálacha sin ar fad ach dírítear ar bhreithnithe cothromais agus éifeachtúlachta i dtaobh an iompair mhuirí, go príomha i dtaca leis an sprioc an rochtain ar limistéir iargúlta a éascú don phobal, do na turasóirí agus don lucht gairme, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar na dúshláin atá ann faoi láthair a chuireann bac ar chur chun feidhme éifeachtach an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh san earnáil mhuirí. |
2.2. |
Chruthaigh an ghéarchéim fuinnimh deacrachtaí tromchúiseacha do thionscail iompair agus loingseoireachta an domhain, agus spreag sí a thuilleadh athstruchtúraithe ar mhargadh an bhreosla, ar iompar an ola agus ar chostais an iompair. Bíonn tionchar mór ar earnáil na turasóireachta ag na costais fuinnimh agus luaineachtaí an bhoilscithe agus an fhíorioncaim. |
2.3. |
De réir na sonraí oifigiúla (1), is ar long a iompraítear os cionn 80 % den trádáil dhomhanda de réir toirte agus 70 % de réir luacha. Cé gur lú an tionchar in aghaidh an aonaid a imríonn an trádáil mhara ar an gcomhshaol (mar gheall ar na barainneachtaí méide) i gcomparáid le cineálacha eile iompair, teastaíonn uasghrádú teicneolaíoch fós ó chabhlach na hEorpa má táthar chun na cuspóirí aeráide a bhaint amach i dtaca leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa, mar a leagadh amach i Straitéis 2023 IMO maidir leis an nGás Ceaptha Teasa (2). |
2.4. |
I ndiaidh na Teachtaireachta ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an triú Clár Gníomhaíochta Comhtháite Eorpach um Iompar ar Uiscebhealaí Intíre (NAIADES III) (3) agus an tionscnaimh ‘FuelEU Maritime’ ó Pharlaimint na hEorpa (4), dealraíonn sé go bhfuil na hinstitiúidí agus na geallsealbhóirí san Aontas ar aon intinn go gcuireann forbairt an iompair d’uisce go mór le straitéis dícharbónaithe an Aontais, rud is féidir a bhaint amach trí bhíthin na nuálaíochta san iompar d’uisce (cabhlaigh, calafoirt, digiteáil) agus na n-aistrithe córa iompair. |
2.5. |
Tá dúshláin nua tagtha chun cinn san aistriú glas i dtaca le forbairt na hearnála muirí a chur i bhfeiliúint d’éiceachóras atá níos goirme agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol. Na hinfheistíochtaí atá beartaithe, ba cheart dóibh fónamh do chuspóir an aistrithe ghoirm éifeachtaigh agus an fháis ghoirm san earnáil mhuirí. |
2.6. |
Tá tírdhreach agus timpeallacht mhuirí an-sonrach ag mór-roinn na hEorpa. Meastar go dtiocfaidh athruithe suntasacha ar thírdhreach chósta mhór-roinn na hEorpa go luath, agus go mbeidh bagairtí suntasacha ag baint leis sin, i dtaca le teacht chun cinn na géarchéime aeráide agus na hadhaimsire. |
2.7. |
Is suntasach an méid a chuireann an t-iompar muirí le geilleagar na hEorpa, cé go bhféadfaí leibhéal na gníomhaíochta eacnamaíche a leathnú a thuilleadh fós agus níos mó comhar idirearnála agus idir-réigiúnach a chuimsiú. Léiríodh sa phaindéim agus sa ghéarchéim fuinnimh gur gá íoschaighdeáin a cheapadh chun soláthar leordhóthanach amhábhar criticiúil agus bia a áirithiú, rud ar cuspóir straitéiseach é ar féidir díriú air go héifeachtach ach an t-iompar muirí agus an t-iompar uisce intíre a fhorbairt a thuilleadh. |
2.8. |
Tionscal nua-aimseartha iompair d’uisce a fhorbairt, ceann ina ndéanfar na spriocanna um dícharbónú a chur chun feidhme de réir a chéile agus go héifeachtach, tá sé sin riachtanach ó thaobh aistriú gheilleagar na hEorpa de agus i dtaobh deireadh a chur leis na spleáchais chriticiúla ar an earnáil fuinnimh. Mar sin féin, ní mór acmhainn na n-oibreoirí cabhlach nua a chur in ionad an chabhlaigh atá acu faoi láthair a chur san áireamh, go háirithe ós rud é gur infheistíocht fhadtéarmach an infheistíocht a dhéantar san earnáil seo. |
2.9. |
Ba cheart díriú i mbeartas muirí na hEorpa ar státchabhair a sholáthar do na calafoirt réigiúnacha agus don bhonneagar muirí chun acmhainneachtaí tráchtála a mhéadú agus chun aistriú glas na ngeilleagar áitiúil agus réigiúnach a éascú. |
2.10. |
Ba cheart athbhreithniú cúramach a dhéanamh ar an gcreat rialála atá ann do na hoibrithe mara agus do na maraithe chun a áirithiú go bhfuil na geallsealbhóirí agus gníomhaíochtaí fiontraíochta lena mbaineann ag teacht go hiomlán leis an gcreat Eorpach um chearta an duine agus go bhfuil na dlíthe saothair agus an t-aistriú glas á n-urramú acu. |
2.11. |
Dá ndéanfaí a thuilleadh fostaithe ardoilte a earcú san earnáil mhuirí agus sna seirbhísí uisce intíre, d’fhéadfaí an cuspóir straitéiseach a bhaint amach i dtaca le cáilíocht na seirbhísí agus sábháilteacht an taistil. |
2.12. |
Na beartais iompair mhuirí, ba cheart na dálaí iomchuí a chruthú leo agus na dreasachtaí iomchuí a chur ar fáil leo lena chur ar chumas na FBManna agus na ngnólachtaí agraibhia na costais iompair a laghdú agus an fheidhmíocht ghlas a fheabhsú. |
3. Barúlacha ginearálta
3.1. Tionscnaimh um ghlasú lena n-éascófar fás cothrom sár-bhreisluacha sa gheilleagar gorm
3.1.1. |
Ar cheann de phríomhchuspóirí chlár oibre Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na hEorpa, tá an truailliú ón loingseoireacht a laghdú. Má táthar chun an t-athrú paraidíme sin a chur i gcrích, is gá infheistíochtaí a dhéanamh i dtáirgeadh agus oibriú na long leictreach agus na long ísealastaíochtaí, agus in úsáid na mbreoslaí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, leithéidí na hidrigine agus na mbithbhreoslaí, in uiscí na hEorpa (aibhneacha, farraigí, canálacha, aigéin). |
3.1.2. |
Ba cheart don Aontas Eorpach a bheith ar thús cadhnaíochta i dtaobh astaíochtaí a laghdú agus na spriocanna um dícharbónú a bhaint amach arna leagan síos ag IMO (5). Ba cheart an méid sin a dhéanamh trí bhíthin an chomhairliúcháin oscailte thrédhearcaigh d’fhonn creat rialála IMO a uasghrádú ar bhealach comhsheasmhach éifeachtach. |
3.1.3. |
Athléimneacht an bhonneagair phoiblí, na muiríní agus na gcalafort, is ceann de phríomhchuspóirí Straitéis Forbartha 2050 na hEorpa an méid sin. Fágann sé sin gur cheart díriú i mbeartas muirí na hEorpa ar bhonneagar an iompair, ar acmhainn agus feidhmíocht na gcalafort, ar an inrianaitheacht agus ar mhodhanna costéifeachtacha intíre longa agus luaimh a tháirgeadh. Ní mór an baol a bhaineann le méadú ar an spleáchas ar thríú tíortha a chur san áireamh. |
3.1.4. |
Is é an t-iompar muirí an modh iompair is éifeachtúla atá ann ó is ísle na hastaíochtaí carbóin a bhaineann leis, i gcomparáid leis an iompar de bhóthar agus d’aer, ó thaobh astaíochtaí CO2 in aghaidh an phaisinéara nó in aghaidh an tona/ciliméadair de, mar gheall ar na barainneachtaí scála agus an acmhainneacht ollmhór iompair. Ar ndóigh, ba cheart díriú i gcreat rialála an Aontais ar fheabhas mór a chur ar fheidhmíocht chomhshaoil na hearnála. Ach rogha na bpaisinéirí agus na ngnólachtaí a aistriú chuig patrúin iompair idirmhódúla nua-aimseartha lena mbaineann bealaí mara agus uiscebhealaí intíre, cuirfear a thuilleadh feabhais ar an lorg comhshaoil. |
3.1.5. |
Níor cheart neamhaird a thabhairt ar an truailliú torainn ná ar an truailliú aeir arb iad gníomhaíochtaí na gcalafort muirí is cúis leo, mar go bhfuil baint ag an truailliú sin le cáilíocht saoil an phobail áitiúil mar aon le sláinte na n-oibrithe agus na ndaoine a bhfuil cónaí orthu sna limistéir atá gar do na calafoirt. Tá costais shocheacnamaíocha shuntasacha agus ualaí breise airgeadais ar na córais cúraim sláinte i gceist leis sin. Is ionann an scéal freisin i gcás na ndaoine a bhfuil cónaí orthu i gcúlchríoch na n-uiscebhealaí intíre inseolta. Feidhmíocht an iompair ar uiscebhealaí intíre a fheabhsú agus forbairt shocheacnamaíoch na cúlchríche, tá dlúthbhaint acu le chéile. Mar sin féin, ní féidir an fhorbairt sin a bheith chun dochair do cháilíocht saoil na ndaoine a bhfuil cónaí orthu sa cheantar, cé gur lú an cur isteach a bhaineann leis an iompar uiscebhealaí intíre ná leis an iompar de bhóthar. |
3.2. Beidh an t-aistriú digiteach ag teacht le deiseanna infheistíochta san earnáil mhuirí
3.2.1. |
Digiteáil agus nascacht na gcalafort agus na long, rachaidh an méid sin chun tairbhe don táirgiúlacht, don tslándáil, don fhaireachán is fearr agus don dul i ngleic leis an gcoireacht eacnamaíoch. Na hathbhreithnithe atá ar bun ar na Treoracha maidir le rialú Stáit ar chalafoirt agus maidir le rialú an Stáit brataí, ba cheart dóibh feabhas a chur ar chumas na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí agus na n-údarás náisiúnta na huirlisí iomchuí a fhorbairt chun a róil dhúshlánacha a chomhlíonadh. |
3.2.2. |
Ach teicneolaíochtaí uasghrádaithe a ghlacadh, agus coincheap na gcalafort cliste agus córais ghlasa lóistíochta trádála (doiciméid leictreonacha a úsáid) a chur chun feidhme, cuirfear dlús le leibhéal na n-idirbheart trádála agus cuirfear deireadh le srianta dlíthiúla agus rialála. |
3.2.3. |
A bhuí leis an aistriú digiteach, is fearr a bheidh cáilíocht, luas agus trédhearcacht na seirbhísí agus beidh fáil níos mó ar na calafoirt agus na muiríní. |
3.3. Infheistíochtaí ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach
3.3.1. |
Na hinfheistíochtaí a dhéantar san earnáil iompair mhuirí, ba cheart na rioscaí agus na ganntanais a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis na slabhraí bia a chur san áireamh iontu, mar aon le soláthar na n-amhábhar criticiúil, na soláthairtí teicneolaíochta agus na soláthairtí leighis. |
3.3.2. |
Molfar do na Ballstáit sineirgí infheistíochta a chothú lena gcuirfear feabhas ar na slabhraí luacha idirmhódúla, lena n-áirítear an t-iompar muirí, agus ar na calafoirt, cáilíocht na gcabhlach agus rochtain chomhionann na bpaisinéirí agus na ngnólachtaí (6). |
3.3.3. |
D’fhéadfaí na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a athrú tuilleadh chun infheistíochtaí inbhuanaithe i mbonneagar na gcalafort, i longa leictrithe agus longa ísealastaíochtaí agus i ndigiteáil na dtráchtearraí agus iompar na bpaisinéirí a chur san áireamh. |
3.3.4. |
Deis iontach do thionscal muirí an Aontais ina iomláine is ea forbairt de réir a chéile bhraisle mhuirí an Aontais. Ach na scéimeanna maoiniúcháin iomchuí agus na dreasachtaí infheistíochta iomchuí a thabhairt isteach le haghaidh comhar braislí agus taighde agus nuálaíochta, is féidir leis an Aontas na bunphrionsabail a leagan síos chun timpeallacht iomaíoch athléimneach a chruthú le haghaidh earnáil mhuirí inbhuanaithe shábháilte, agus aghaidh á tabhairt ar dhúshláin aeráide agus ar dhúshláin a bhaineann leis an aistriú digiteach. |
3.4. An choibhéis rochtana
3.4.1. |
Ba cheart infheistíochtaí na hearnála poiblí agus príobháidí araon a dhíriú ar chostas an iompair a laghdú ar son mhuintir na háite, na dturasóirí, na gceannaithe agus an lucht gairme agus ar son na n-earnálacha gnó a bhfuil baint acu leis an earnáil mhuirí ar fud na limistéar cois farraige ar an mórthír agus na n-oileán. |
3.4.2. |
Tá sé ríthábhachtach do gach geilleagar, idir idirnáisiúnta agus áitiúil, feidhmiú éifeachtach an iompair mhuirí a uasghrádú. Is iad na hoileáin bheaga ar fhorimeall na hEorpa agus na stáit atá i mbéal forbartha is mó a bhíonn ag brath ar an ngeilleagar muirí. Na geilleagair agus na sochaithe leochaileacha atá i bhfad i gcéin nó atá lonnaithe i gceantair thuaithe, bíonn siadsan ag brath go mór ar líonraí iompair mhuirí chun rochtain a fháil ar mhargaí an tsaothair agus na dtráchtearraí. Tá ró-ualach ar phobail na n-áiteanna sin de dheasca ardchostais dhíréireacha an iompair agus nascacht íseal, rud a ghlacann an-chuid ama. |
3.5. An comhionannas inscne
3.5.1. |
Tuairiscítear go bhfuil rannpháirtíocht na mban i margadh saothair na hearnála muirí an-íseal go fóill, cé go bhfuil deiseanna nua ann i réimse an fhaireacháin agus na digiteála ar mhaithe leis an scéal sin a chur i bhfeabhas. |
3.5.2. |
Ba cheart don tionscal muirí scileanna na mban a fhorbairt agus comhionannas inscne a bhaint amach. Ba cheart pearsanra ardoilte a mhealladh chun obair a dhéanamh in earnáil an iompair mhuirí, ach béim níos mó a chur ar dhálaí oibre san earnáil a fheabhsú, go háirithe feabhas a chur ar an gcothromaíocht idir saol an teaghlaigh agus saol na hoibre, ar an bpá agus ar an tslándáil fostaíochta. D’fhéadfaí leas a bhaint as comhaontuithe idirnáisiúnta agus an comhar le gníomhaireachtaí ábhartha de chuid IMO agus na Náisiún Aontaithe chun an creat rialála agus institiúideach is gá a chur ar fáil lena chinntiú go n-oibreodh na dreasachtaí sin go héifeachtach. |
3.6. Comhchuibhiú na bpróiseas
3.6.1. |
Próiseas an chomhchuibhithe/an fhaireacháin leictreonaigh agus léarscáiliú digiteach na muiríní agus na gcalafort beag i dtíortha na hEorpa (líon na suíochán atá ar fáil, costas, líon na bhfostaithe nó na scipéirí gairmiúla atá ar fáil agus dintiúirí na scipéirí), tá an méid sin riachtanach ó thaobh chaighdeáin arda na cáilíochta agus na sábháilteachta de i gcás na turasóireachta agus na trádála a dhéantar trí bhíthin an iompair d’uisce. |
3.6.2. |
Saintréith de chuid an iompair mhuirí is ea na móréagsúlachtaí atá ann ó thaobh chainníocht agus cháilíocht na gcabhlach tráchtála agus tionsclaíoch de. Teastaíonn dálaí níos fearr agus níos sábháilte ó na turasóirí, an lucht gairme agus na pobail áitiúla féin agus iad ag taisteal ar fud na hEorpa, cibé acu intíre nó ar muir an taisteal sin. Chuige sin, teastaíonn tuilleadh infheistíocht phoiblí agus phríobháideach san iompar inbhuanaithe d’uisce, sa bhonneagar, i longa nua agus i modhanna eile iompair mhuirí, infheistíochtaí a bheidh bunaithe ar chritéir chlár oibre Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na hEorpa agus ar an aistriú glas. |
3.6.3. |
Ba cheart díriú i straitéis optamúcháin calafort agus muiríní an Aontais ar bhainistíocht ama níos fearr a dhéanamh ar na longa agus na luaimh agus iad ag druidim le stáisiún. Ba cheart don Choimisiún plean meántéarma a fhorbairt chun an neamhéifeachtúlacht ama a laghdú agus an t-ídiú fuinnimh breise a íoslaghdú. |
3.7. An trádáil
3.7.1. |
Go hiondúil, ba cheart do bheartas trádála na hEorpa dreasachtaí a chur ar fáil d’fhonn feabhas a chur le hathléimneacht earnáil an iompair mhuirí, trí íoslaghdú a dhéanamh ar na srianta onnmhairiúcháin agus allmhairiúcháin a bhíonn ag cur isteach ar na slabhraí luacha, go háirithe in aimsir ghéarchéime. |
3.7.2. |
Is earnáil lárnach í earnáil an iompair mhuirí i dtaobh chúrsaíocht na dtáirgí agus na n-amhábhar a bhainistiú go héifeachtach ar fud an domhain. I ndiaidh chúlú eacnamaíoch na mblianta déanacha, de dheasca ghéarchéim na paindéime agus an laghdaithe a tháinig ar an díolachán domhanda, tá téarnamh suntasach ag teacht ar thionscal an iompair mhuirí. |
3.7.3. |
Is cinnte go mbeidh próiseas an dícharbónaithe ina chúis le luaineachtaí i bpraghsanna domhanda na n-amhábhar, an fhuinnimh agus na dtráchtearraí, ar rudaí iad a n-iompraítear a bhformhór ar longa. Ba cheart díriú i mbeartais an Aontais ar thionchar boilscitheach an méid sin, go háirithe an tionchar a imrítear ar ghrúpaí sóisialta agus oibrithe ar ioncam íseal. |
3.7.4. |
A bhuí leis an digiteáil, rinneadh athrú ó bhonn ar an trádáil agus an t-iompar le linn na paindéime agus ina diaidh. An méadú leanúnach atá ag teacht ar mhéid na ríomhthráchtala agus an ríomhdhíolacháin, tá struchtúr na trádála domhanda athraithe aige. |
3.7.5. |
Tá an t-iompar muirí agus an trádáil mhuirí ag feidhmiú ar leibhéil nach bhfuil maith go leor i dtaca leis an trédhearcacht ó thaobh praghsanna de; níl dóthain faisnéise ag na geallsealbhóirí faoi na costais iomlána i dtaca le táillí, coimisiúin, nó muirir eile, rud a bhaineann de na buntáistí iomaíochais a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an earnáil mhuirí. |
3.7.6. |
Tá earnáil an iompair mhuirí an-íogair maidir le luaineachtaí i bpraghsanna domhanda agus rioscaí geopholaitiúla nó teannas trádála. |
3.7.7. |
Ba cheart leas a bhaint as na comhaontuithe trádála a chuirfidh an tAontas Eorpach i gcrích le tríú tíortha amach anseo chun cuspóirí comhshaoil, sóisialta agus sábháilteachta muirí an Aontais a bhaint amach. |
4. Barúlacha sonracha
4.1. |
Ba cheart d’údaráis bhuiséid na hEorpa díriú ar scéimeanna píolótacha a chruthú in earnáil an iompair mhuirí agus an uisce intíre, mar chuid de chur chuige cuimsitheach inbhuanaithe lena n-áireofar an t-iompar idirmhódúil, lena dtabharfar le chéile na riachtanais réigiúnacha agus fhorimeallacha, an t-aistriú glas agus formhuiniú na nuálaíochta digití san earnáil. |
4.2. |
An oiliúint mhuirí agus an t-oideachas muirí faoin loingseoireacht, faoin mbainistiú géarchéime/tubaiste san uisce, faoin snámh, faoin ngarchabhair ar muir, agus mar sin de, ó thaobh ullmhacht an phobail áitiúil de, ba cheart an méid sin a bheith ar cheann de phríomhthosaíochtaí an phobail Eorpaigh, go háirithe ina gcás siúd a bhfuil cónaí orthu i limistéir chósta. D’fhéadfaí cuóta inscne a chur i bhfeidhm le haghaidh na bpost ardoilte i dtionscal na loingseoireachta chun cur le líon na mban atá ag obair san earnáil. |
4.3. |
I dtaca leis an bhforbairt theicneolaíoch a eascróidh as an nglasú, creideann CESE go mbeidh sí ina cúis le borradh faoin bhfostaíocht nua in earnáil an iompair mhuirí agus go dtiocfaidh athrú ar an gcaoi a mbreathnaítear ar an iompar muirí agus na poist thraidisiúnta ar muir á n-iompú ina bpoist ard-bhreisluacha ar tír, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann a thuilleadh ban a earcú. D’fhéadfaí an earnáil mhuirí a dhéanamh níos feiliúnaí d’fhostaithe mná ach na cabhlaigh a dhigiteáil, tógáil na loingseoireachta a chaighdeánú agus timpeallacht fhisiciúil na soithí a dhéanamh níos feiliúnaí don obair. |
4.4. |
Tá sé riachtanach go mbeidh maraithe ann a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu má táthar chun a áirithiú go mbeidh an loingseoireacht sábháilte agus go dtabharfaidh lucht a cleachta urraim don chomhshaol. Tá inmharthanacht na hearnála dinimiciúla seo ag brath ar an gcumas atá inti leanúint de líon leordhóthanach oibrithe nua ardcháilíochta a mhealladh agus maraithe a bhfuil taithí acu a choinneáil, lena n-áirítear mná agus grúpaí eile atá faoi ghannionadaíocht. |
4.5. |
Na gníomhaíochtaí a bhaineann le deisiú na mbád agus na long traidisiúnta (na soithí a úsáidtear chun críoch fámaireachta, turas gearr, nó fóillíochta), d’fhéadfaí iad a dhreasú trí bhíthin sásraí cánach nó sásraí infheistíochta a mbeadh critéir ag gabháil leo i dtaca leis an nglasú, an tsábháilteacht agus an fhostaíocht, d’fhonn caomhnú na scileanna agus lorg traidisiúnta na ceirde i limistéir áirithe a chinntiú. |
4.6. |
Is ríthábhachtach an ról atá ag na comhpháirtithe sóisialta má táthar chun aistriú glas gan tuisliú a dhéanamh in earnáil an iompair mhuirí, agus má táthar chun na comhaontuithe cómhargála a athrú lena gcur i bhfeiliúint don chomhthéacs nua-aimseartha, gan na cearta fostaíochta, an t-aistriú glas ná buntáistí iomaíochais na mBallstát a chur i mbaol. I ndáil leis sin, d’fhéadfaí sásraí rialaithe a chur i bhfeidhm ach faireachán fíor-ama a dhéanamh ar líon na ndaoine atá fostaithe ar longa agus ar chlár na n-oibrithe mara. |
4.7. |
Ar cheann de na torthaí a bheidh ar an athbhreithniú ar chreat rialála an Aontais maidir le rialú an Stáit brataí agus maidir le rialú Stáit ar chalafoirt, meastar go ndéanfar níos éifeachtúla na sásraí cigireachta, ach tá sé ríthábhachtach freisin go n-áiritheofar go bhfuil na téarmaí fostaíochta agus dálaí oibre comhionanna ag na criúnna agus an pearsanra eile atá ag obair san earnáil mhuirí nó ar shoithí a bhíonn ag taisteal go rialta idir calafoirt an Aontais, beag beann ar náisiúntacht ná áit chónaithe na ndaoine sin ná an stát brataí atá i gceist. |
An Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) https://unctad.org/news/transport-newsletter-article-no-107-understanding-maritime-decarbonization
(2) https://www.imo.org/en/MediaCentre/PressBriefings/pages/Revised-GHG-reduction-strategy-for-global-shipping-adopted-.aspx
(3) IO C 275, 18.7.2022, lch. 18.
(4) IO C 152, 6.4.2022, lch. 145.
(5) https://www.imo.org/en/OurWork/Environment/Pages/2023-IMO-Strategy-on-Reduction-of-GHG-Emissions-from-Ships.aspx
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/874/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)