![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/723 |
22.1.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 22 Samhain 2023 – Galván Fernández-Guillén v BRA
(Cás T-340/20) (1)
(Aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta - Aontas baincéireachta - Sásra Réitigh Aonair le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe (SRA) - Réiteach Banco Popular Español - Cinneadh BRA lena ndiúltaítear damáistí a bhronnadh ar scairsealbhóirí agus ar chreidiúnaithe a mbaineann na bearta réitigh leo - Ceart maoine - Cearta na cosanta - Luacháil na difríochta cóireála - Neamhspleáchas an mheastóra)
(C/2024/723)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: José María Galván Fernández-Guillén (Maidrid, an Spáinn) (ionadaithe: M. Romero Rey agus I. Salama Salama, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Bord Réitigh Aonair (ionadaithe: M. Fernández Rupérez, A. Lapresta Bienz, L. Forestier agus J. Rius Riu, Gníomhairí, le cúnamh ó H.-G. Kamann, F. Louis, V. Del Pozo Espinosa de los Monteros agus L. Hesse, Dlíodóirí)
Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Ríocht an Spáinne (ionadaí: A. Gavela Llopis, Gníomhaire)
Ábhar
Lena chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, Iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear ar neamhní Cinneadh SRB/EES/2020/52 ón mBord Réitigh Aonair (BRA), an 17 Márta 2020, chun a chinneadh ar cheart cúiteamh a bhronnadh ar scairsealbhóirí agus creidiúnaithe a mbaineann na bearta réitigh arna ndéanamh i dtaca le Banco Popular Español, SA leo.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do José María Galván Fernández-Guillén a chostais féin a íoc, mar aon leis na costais arna dtabhú ag an mBord Réitigh Aonair (BRA). |
3) |
Ordaítear do Ríocht na Spáinne a costais féin a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/723/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)