European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/1640

29.12.2023

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Nollaig 2023

maidir le creat Eorpach chun daoine tréitheacha taighde, nuálaíochta agus fiontraíochta a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip

(C/2023/1640)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 182(5) agus Airteagal 292, an chéad abairt agus an dara habairt de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bhí ról tábhachtach ag Moladh 2005/251/CE ón gCoimisiún (1) maidir le tacaíocht a thabhairt do thaighdeoirí agus do ghairmeacha taighde san Aontas. Tá an Chairt Eorpach do Thaighdeoirí agus an Cód Iompair le haghaidh Earcaíocht Taighdeoirí (‘Cairt agus Cód do Thaighdeoirí’) ina bpointí tagartha do thaighdeoirí agus d’fhostóirí nó do chisteoirí taighdeoirí, rud a rannchuidíonn le neartú an Limistéir Eorpaigh Taighde (LET) agus a thacaíonn le margadh saothair an Aontais atá níos tarraingtí, níos oscailte agus níos inbhuanaithe a fhorbairt do thaighdeoirí. Tá nós imeachta Eorpach lena ndeimhnítear gealltanas agus dul chun cinn institiúide i ndáil le cur chun feidhme phrionsabail na Cairte agus an Chóid do Thaighdeoirí, an Straitéis Acmhainní Daonna do Thaighdeoirí (HRS4R), i bhfeidhm ó bhí 2008 ann.

(2)

Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Clár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht’, a glacadh an 1 Iúil 2020 (2), cuirtear i dtábhacht go bhfuil taighdeoirí ar thús cadhnaíochta san eolaíocht agus sa nuálaíocht, agus go dteastaíonn tacair shonracha scileanna uathu chun gairmeacha rathúla a bheith acu sa saol acadúil agus lasmuigh de. Déantar foráil ann do shainmhíniú ar thacsanomaíocht scileanna le haghaidh taighdeoirí, inter alia, faireachán staidrimh a dhéanamh ar chúrsaíocht daoine oilte, forbairt Creata Eorpaigh Inniúlachta do Thaighdeoirí, agus tacaíocht chun na scileanna is gá le haghaidh na soghluaisteachta idirearnála a thabhairt do thaighdeoirí. Leis an gcéad ghníomhaíocht shuaitheanta sa Chlár Oibre Scileanna, Comhshocrú an Aontais um Scileanna, tacaítear le huas-sciliú agus athsciliú trí chomhar idir an tionscal, soláthraithe oideachais agus oiliúna, comhpháirtithe sóisialta agus údaráis phoiblí i gcomhpháirtíochtaí scileanna ar mórscála.

(3)

Admhaítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘LET Nua don Taighde agus don Nuálaíocht’, a glacadh an 30 Meán Fómhair 2020 (3), go bhfuil gá le dálaí forbartha gairme chun na taighdeoirí is fearr san Aontas a mhealladh agus a choinneáil sa rás domhanda le haghaidh daoine tréitheacha, agus nár tugadh aghaidh ar an bhfostaíocht fhorbhásach ar bhealach leordhóthanach le blianta beaga anuas, go háirithe i gcás taighdeoirí luathghairme. Cuirtear i dtábhacht leis freisin an mí-ailíniú a dhéantar go minic idir scileanna taighdeoirí agus riachtanais na sochaí agus an gheilleagair, agus a thábhachtaí atá sé oiliúint a chur ar thaighdeoirí agus iad a spreagadh chun gairm bheatha lasmuigh den saol acadúil, a mbeadh baint aige leis an earnáil tionsclaíochta, a shaothrú. Tugtar le fios sa Teachtaireacht sin gur gá, chun gairmeacha taighde san Eoraip a neartú, bosca uirlisí beart a cheapadh darb aidhm aitheantas a thabhairt do scileanna taighdeoirí, creat inniúlachta do thaighdeoirí a fhorbairt, sásraí soghluaisteachta agus malartuithe feabhsaithe idir an saol acadúil agus an tionscal, deiseanna oiliúna spriocdhírithe, agus tairseach ilfhreastail ar ar féidir le taighdeoirí ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach rochtain a fháil le haghaidh réimse leathan seirbhísí tacaíochta. Foráiltear sa Teachtaireacht sin d’fheabhas a chur ar an gcóras measúnaithe taighde chun an t-aitheantas cuí agus ceart a thabhairt d’éagsúlacht gníomhaíochtaí agus conairí gairme atá níos oiriúnaí do riachtanais na sochaí.

(4)

Leagtar béim air sna Conclúidí ón gComhairle maidir leis an ‘Limistéar Eorpach Taighde Nua’ an 1 Nollaig 2020 gur gnéithe ríthábhachtacha de LET nua iad dálaí oibre tarraingteacha sábháilte a chruthú, agus tarraingteacht gairmeacha taighde a fheabhsú, ar gnéithe iad a chuidíonn chun taighdeoirí den scoth a mhealladh agus a choinneáil, agus eolaíocht oscailte, comhionannas inscne, scileanna digiteacha, measúnú taighde, éagsúlú gairmeacha taighde agus conairí gairme iomadúla á gcur san áireamh.

(5)

Sna Conclúidí ón gComhairle maidir leis an ‘Limistéar Eorpach Taighde Nua a Dhoimhniú: gairmeacha agus dálaí oibre tarraingteacha inbhuanaithe a chur ar fáil do thaighdeoirí agus cúrsaíocht daoine oilte a fhíorú’ an 28 Bealtaine 2021, aithnítear go bhfuil taighdeoirí i gcroílár chórais taighde agus nuálaíochta an Aontais, agus go bhfuil gá le gníomhaíocht níos comhordaithe ar leibhéal an Aontais chun na dúshláin atá roimh thaighdeoirí cheana a shárú d’fhonn gairmeacha taighde idir-inoibritheacha inbhuanaithe a fhorbairt - ionas go mbeidh ilchonairí éagsúla acu - cúrsaíocht chothrom daoine tréitheacha a spreagadh, agus ceann scríbe tarraingteach do thaighdeoirí a dhéanamh den Aontas. Leis na conclúidí sin, moltar go ndéanfar anailís ar an bhforbairt a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gCairt agus ar an gCód do Thaighdeoirí i dtreo creat aonair cuimsitheach, lena dtabharfaí aghaidh ar na dúshláin uile a bhaineann le gairmeacha taighde de bhreis ar luachanna agus prionsabail, agus lena ndíreofaí ar na réimsí fostaíochta taighde uile a d’fhéadfadh a bheith ann, agus iarrtar ar an gCoimisiún togra a dhéanamh in 2022. Ábhair , mar shampla, earcaíocht, dreasachtaí do thaighdeoirí luathghairme, éagsúlú gairme agus dul chun cinn gairme, idir-inoibritheacht le hearnálacha uile na sochaí lena n-áirítear an tionscal, measúnú ar thaighdeoirí, comhionannas inscne, cothromaíocht oibre is saoil, agus rialachas agus seirbhísí feabhsaithe le haghaidh EURAXESS agus ionstraimí eile ar nós Europass, moltar iad mar ghnéithe atá le cur san áireamh sa togra sin.

(6)

Le Moladh (AE) 2021/2122 ón gComhairle maidir le ‘Comhshocrú um Thaighde agus um Nuálaíocht san Eoraip’ (4), áirítear gairmeacha taighde agus soghluaisteacht taighdeoirí, chomh maith le measúnú ar thaighde, ar thaighdeoirí agus ar institiúidí, mar réimsí tábhachtacha gníomhaíochta i gcomhthéacs na réimsí tosaíochta le haghaidh gníomhaíocht chomhpháirteach ón Aontas agus ó na Ballstáit chun tacú le LET, agus sonraítear ann tacar coiteann prionsabal agus luachanna chun bonn taca a chur faoin taighde agus faoin nuálaíocht san Aontas. Cuirtear i dtábhacht ann freisin an gá le haird níos mó a thabhairt ar ghairmeacha taighdeoirí luathchéime agus meánchéime, lena n-áirítear na bacainní sonracha atá roimh mhná ag na céimeanna sin.

(7)

Le Clár Oibre Beartais LET atá i gceangal leis na Conclúidí ón gComhairle maidir le ‘Rialachas an Limistéir Eorpaigh Taighde amach anseo’ an 26 Samhain 2021, áirítear gníomhaíochtaí tiomnaithe chun ‘Dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an athchóiriú ar an gcóras measúnaithe le haghaidh taighde, taighdeoirí agus institiúidí chun feabhas a chur ar a gcáilíocht, ar a bhfeidhmíocht agus ar a dtionchar’, agus chun ‘Gairmeacha taighde tarraingteacha inbhuanaithe, cúrsaíocht chothrom tallainne, agus soghluaisteacht idirnáisiúnta thrasdisciplíneach idirearnála a chur chun cinn ar fud LET’. Leis an ngníomhaíocht dheireanach a luaitear, déantar foráil d’fhorbairt chreat an Aontais le haghaidh gairmeacha taighde, chomh maith le huasghrádú na n-ionstraimí agus na dtionscnamh atá ann cheana, agus cinn nua a chruthú. Áirítear leis sin faireachlann um ghairmeacha taighde a sheoladh; forbairt ar an gCairt agus ar an gCód do Thaighdeoirí; Ardán Tallainne LET a bhunú mar thairseach ilfhreastail ar líne chuig seirbhísí, líonra agus tairseacha EURAXESS lena n-áirítear HRS4R, agus RESAVER; tionscnamh ERA4You a sheoladh chun cúrsaíocht tallainne idir earnálacha agus ar fud an Aontais a chur chun cinn; dea-chleachtais a mhalartú i ndáil le córais taighde agus nuálaíochta chun tacú le cúrsaíocht chothrom daoine oilte; agus creat nua do ghairmeacha taighde a phíolótú le comhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha.

(8)

Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Straitéis Eorpach maidir le hOllscoileanna’, a glacadh an 18 Eanáir 2022 (5), beartaítear forbairt creata le haghaidh gairmeacha taighde, i sineirgíocht le creat Eorpach le haghaidh gairmeacha tarraingteacha inbhuanaithe san ardoideachas atá le moladh faoi 2023.

(9)

Le Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Clár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht’, a glacadh an 5 Iúil 2022 (6), aithnítear go mbraitheann an nuálaíocht ar dhaoine tréitheacha a mhealladh, a chothú agus a choinneáil go rathúil agus ar réimse éagsúil scileanna agus cuirtear i dtábhacht a thábhachtaí atá an tsoghluaisteacht idirearnála.

(10)

Le Moladh (AE) 2022/2415 ón gComhairle maidir leis na treoirphrionsabail le haghaidh luachshocrú eolais (7), leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i gcultúr, cleachtais, scileanna agus inniúlachtaí fiontraíochta a fhorbairt le haghaidh taighdeoirí agus gníomhaithe taighde agus nuálaíochta eile, lena n-áirítear idirghabhálaithe, a bhfuil a bhforbairt ghairmiúil leanúnach fíor-riachtanach, chun uasmhéadú a dhéanamh ar chlaochlú na dtorthaí taighde agus nuálaíochta ina réitigh a rachaidh chun tairbhe don tsochaí. Tacóidh Cód Cleachtais maidir le comhar idir an tionscal agus an saol acadúil le cur chun feidhme an Mholta sin.

(11)

Sna Conclúidí ón gComhairle maidir le Tionscnamh na n-Ollscoileanna Eorpacha – An t-ardoideachas, an taighde, an nuálaíocht agus an tsochaí a nascadh: An bealach a réiteach do ghné nua san ardoideachas Eorpach (8), iarrtar ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún sineirgí a chur chun cinn idir gné ardoideachais an Limistéir Eorpaigh Oideachais (LEO), LET agus an Limistéir Eorpaigh an Ardoideachais (EHEA).

(12)

Is acmhainn bhunúsach don tsochaí iad taighdeoirí. Téann siad i mbun taighde, cothaíonn siad nuálaíocht, cuireann siad leis na réitigh ar dhúshláin shochaíocha agus cuireann siad fianaise ar fáil do lucht ceaptha beartais chun cinntí eolasacha a dhéanamh. Is daoine ardoilte iad taighdeoirí a bhfuil an-acmhainneacht iontu chun freastal ar éileamh an mhargaidh saothair ar bhealach níos fearr. Caithfear feabhas a chur ar dhálaí oibre agus ar thimpeallacht fhoriomlán na dtaighdeoirí, lena n-áirítear tuarastail tharraingteacha a thairiscint dóibh.

(13)

Príomhghné de LET is ea tarraingteacht agus cobhsaíocht gairmeacha taighde a fheabhsú ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, is léir nach mór gairmeacha taighde a dhéanamh níos tarraingtí agus níos cuimsithí do mhic léinn agus do chéimithe, agus creatdálaí a chur i bhfeidhm chun taighdeoirí tréitheacha a choinneáil san Aontas, chomh maith le ceann scríbe tarraingteach iomaíoch a dhéanamh den Aontas do thaighdeoirí idirnáisiúnta.

(14)

Le breis agus 25 bliana, mar chuid de na Cláir Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, tá Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (MSCA) ag tacú le taighdeoirí ó gach cearn den domhan, ar gach céim dá ngairmeacha, agus dírítear go sonrach ar oiliúint, scileanna agus forbairt gairme. Bhí tionchar struchtúraithe ag an gclár ar eagraíochtaí – institiúidí ardoideachais, eagraíochtaí taighde, fiontair, etc.– freisin trí dhea-chleachtais a scaipeadh agus a mealltacht agus infheictheacht idirnáisiúnta a mhéadú, go háirithe trí chláir dochtúireachta den scoth a fhorbairt. Cuireann MSCA le soghluaisteacht idirearnála, idirdhisciplíneach agus gheografach, forbraítear scileanna taighdeoirí leo, tugtar aghaidh ar mhíchothromaíochtaí inscne, coimeádtar taighdeoirí tréitheacha agus mealltar tallann nua chuig an Eoraip. Go háirithe, is féidir a mheas gur sampla de dhea-chleachtas í scéim Dochtúireachta MSCA sa Tionsclaíocht, scéim ina ndéantar an taithí taighde, suíomh agus maoirseacht iarrthóra dochtúireachta a chomhroinnt go cothrom idir bunaíocht acadúil agus neamhacadúil agus forálacha ann chun caighdeáin acadúla a áirithiú. Is sampla tábhachtach iad den idirghníomhaíocht agus den chomhar idir gníomhaithe éiceachórais, lena gcothaítear scileanna idirdhisciplíneacha agus soghluaisteacht idirearnála, agus lena dtacaítear le riachtanas na hearnála tionsclaíochta maidir le daoine ardoilte tréitheacha agus tuiscint na dtaighdeoirí ar dhúshláin thionsclaíocha, lena ndírítear ar níos mó deiseanna fostaíochta san éiceachóras.

(15)

Léiríonn sonraí Eurostat treocht mhéadaitheach i líon na dtaighdeoirí coibhéiseacha lánaimseartha san Aontas. In 2021, bhí 2 mhilliún taighdeoir ag obair sna Ballstáit, is é sin 627 000 sa bhreis ar an líon a bhí ann in 2011. Oibríonn formhór na dtaighdeoirí san earnáil fiontraíochta (56 %) agus in earnáil an ardoideachais (32 %), agus ina dhiaidh sin san earnáil phoiblí (11 %). Tá sé tábhachtach an méadú sin a chothú le hinfheistíocht, bonneagar agus beartais leordhóthanacha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais lena dtacófar le tarraingteacht gairmeacha taighde, lena n-áirítear i ndáil le héagsúlacht, cuimsitheacht agus comhionannas inscne, agus lena gcuirtear cultúr chun cinn ina bhfuil meas ar ghairmeacha taighde a chur chun cinn in earnálacha uile na sochaí.

(16)

Tá gá le sainmhíniú agus tuiscint shoiléir choiteann ar ‘taighdeoir’ ar leibhéal an Aontais, mar shampla an sainmhíniú ó Lámhleabhar Frascati a bhfuil glacadh forleathan leis. Ba cheart féachaint ar thaighdeoirí mar ghairmithe a bhfuil gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta á ndéanamh acu i ngach earnáil, lena n-áirítear sa saol acadúil – institiúidí ardoideachais, eagraíochtaí taighde, bonneagair thaighde – , gnó – lena n-áirítear tionsclaíocht, gnólachtaí nuathionscanta, seach-chuideachtaí nó fiontair bheaga agus mheánmhéide – comhlachtaí riaracháin phoiblí – lena n-áirítear riarachán, comhlachtaí ceaptha beartais, saotharlanna poiblí agus an córas cúraim sláinte –, agus an earnáil neamhbhrabúis. D’fhéadfadh baint a bheith ag taighdeoirí le cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí in aon earnáil atá sa gheilleagar nó den tsochaí freisin. Ní mór iarrachtaí a dhéanamh chun aitheantas iomlán a thabhairt do ghairmeacha taighdeoirí, agus chun feabhas a chur ar inchomparáideacht ar fud na mBallstát agus na n-earnálacha.

(17)

Ní mór tacaíocht a fháil ó ghairmithe eile chun taighde agus nuálaíocht ardleibhéil a dhéanamh. Ina measc, ba cheart an t-aitheantas cuí a thabhairt do ghairmeacha i mbainistíocht taighde agus do theicneoirí taighde, lena n-áirítear trí thuilleadh anailíse agus ailínithe ar leibhéal an Aontais. Ba cheart an acmhainneacht i mbainistíocht taighde a neartú trí na scileanna agus na hinniúlachtaí riachtanacha a shainiú, trí oiliúint ábhartha a fhorbairt, inchomparáideacht a chothú, agus cur ar chumas a sealbhóirí an taighde agus an nuálaíocht a bhainistiú go héifeachtach agus tacú leis an taighde agus an nuálaíocht sin.

(18)

Tugadh an t-Aicmiú Eorpach Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha (ESCO) cothrom le dáta in 2022 chun tacsanomaíochtaí feabhsaithe scileanna agus gairmeacha do thaighdeoirí a áireamh, agus ar an gcaoi sin na gairmeacha atá ábhartha do thaighdeoirí ar fud earnálacha mhargadh an tsaothair a shonrú, chomh maith leis na scileanna idirdhisciplíneacha a theastaíonn ó thaighdeoirí. Le cur chun feidhme aicmiú ESCO in EUROPASS agus sa líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), éascaítear glacadh na tacsanomaíochta feabhsaithe sin sa mhargadh saothair. Ní mór don Choimisiún idirghníomhú leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair chun a áirithiú go n-áireofar an chatagóir shonrach ‘taighdeoir’ sna hathbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar an Aicmiú Idirnáisiúnta Caighdeánach Gairmeacha (ISCO), ar a bhfuil aicmiú ESCO bunaithe.

(19)

Mar a aithnítear in Airteagal 13 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus mar a luaitear i nDearbhú Bonn maidir le Saoirse an Taighde Eolaíoch an 20 Deireadh Fómhair 2020, i Communiqué na Róimhe maidir le Limistéar Eorpach an Ardoideachais an 19 Samhain 2020, agus i Moladh (AE) 2021/2122 ón gComhairle, ní mór saoirse acadúil agus saoirse an taighde eolaíoch a chosaint mar réamhriachtanais fhíor-riachtanacha le haghaidh taighdeoirí chun taighde agus nuálaíocht a chur chun cinn. D’fhoilsigh an Coimisiún Doiciméad Inmheánach Oibre maidir le trasnaíocht eachtrach i dtaighde agus nuálaíocht a ghleic, i mí Eanáir 2022, ina leagtar amach na dea-chleachtais chun tacú le hinstitiúidí ardoideachais agus taighde a mbunluachanna a chosaint, lena n-áirítear an tsaoirse acadúil, an tsláine agus neamhspleáchas institiúideach, chomh maith lena bhfoireann, mic léinn, torthaí taighde agus sócmhainní a chosaint.

(20)

Is gá aghaidh a thabhairt ar neamhionannais inscne mharthanacha i ngairmeacha taighde ar bhealach éifeachtach – lena n-áirítear an bhearna phá idir na hinscní, laofachtaí inscne i ndáil le measúnú agus aitheantas, saincheisteanna maidir le cothromaíocht oibre is saoil chomh maith le foréigean inscnebhunaithe – mar aon le trasnuithe féideartha inscne le coinníollacha eile leochaileachta nó imeallaithe ar nós eitneachta, míchumais agus gnéaschlaonta i ngairmeacha taighde, mar go mbíonn tionchar acu ar fad ar rannpháirtíocht agus ar dhul chun cinn gairme. Is féidir le hIonstraimí um athrú institiúideach, mar shampla, pleananna cuimsitheacha maidir le comhionannas inscne, a bheith tábhachtach i ndáil leis an méid sin, agus an Straitéis maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025 á cur san áireamh (9). Le SHE FIGURES 2021, léiríodh go bhfuil tearcionadaíocht fós á déanamh ar mhná i measc taighdeoirí, agus gurb ionann iad agus 33 % de dhaonra iomlán na dtaighdeoirí san Aontas. Ina theannta sin, leis an tuarascáil sin, léirítear freisin go bhfuil céatadán níos airde de thaighdeoirí ar mná iad fostaithe in earnáil an ardoideachais, i gcomparáid le taighdeoirí ar fir iad, ach go bhfuil a gcéatadán níos ísle san earnáil phoiblí agus in earnáil an ghnó. Ar fud an Aontais, tá sciar níos airde de thaighdeoirí ar mná iad, i gcomparáid le taighdeoirí ar fir iad, ag obair go páirtaimseartha agus faoi chonarthaí forbhásacha san ardoideachas – 11 % i gcás na mban agus 7 % i gcás na bhfear – agus níl ach 26 % de na poist acadúla is fearr ag mná – is iad sin poist ollúna iomláin nó poist taighdeora choibhéiseacha. Dá bhrí sin, ní mór iarrachtaí sonracha a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannais inscne i ngairmeacha taighde agus ar thearcionadaíocht na mban i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice sa taighde agus sa nuálaíocht, chomh maith le hearnáil an ardoideachais, mar a chuirtear i dtábhacht sa Straitéis Eorpach maidir le hOllscoileanna.

(21)

Chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt iomlán phearsanta agus ghairmiúil taighdeoirí san Aontas, agus taighdeoirí luathghairme go háirithe, tá sé fíor-riachtanach aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann cheana a bhfuil iarmhairtí diúltacha acu ar chóras foriomlán an taighde agus na nuálaíochta san Aontas, agus ar an margadh inmheánach le haghaidh taighde. Áirítear ar na dúshláin sin gnéithe den fhostaíocht agus de dhálaí oibre, mar shampla, stádas difriúil mac léinn nó fostaí i measc iarrthóirí dochtúireachta ar fud na mBallstát, an easpa earcaíochta oscailte, trédhearcach agus fiúntasbhunaithe a bhíonn ann go minic, éiginnteacht a bhaineann le conarthaí gearrthéarmacha tionscadalbhunaithe, rochtain ar chomhionannas deiseanna míshásúla, easpa deiseanna soghluaisteachta idirearnála le linn oiliúint dochtúireachta agus obair iardhochtúireachta, easpa cothromaíochta oibre is saoil, cúram teaghlaigh, bearta folláine i dtaca leis an tsláinte fhisiciúil agus leis an meabhairshláinte, agus laigí in uirlisí cosanta sóisialta, lena n-áirítear deacrachtaí maidir le hinaistritheacht teidlíochtaí idir earnálacha agus na Ballstáit.

(22)

Maidir le hinfhostaitheacht agus forbairt gairme taighdeoirí luathghairme, thairbheoidís de dhreasachtaí tiomnaithe i ndáil lena n-earcaíocht, mar shampla, dreasachtaí airgeadais agus cosanta sóisialta, lena n-áirítear deiseanna le haghaidh conarthaí buana nó neamhiata i gcomhréir le Treoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 (10). I ndáil leis sin, d’fhéadfaí úsáid níos leithne de chistiú bonnlíne nó de chistiú taighde saolré a chur chun cinn in éineacht le cistiú tionscadalbhunaithe. Le cistiú bonnlíne, soláthraítear réamh-mheastachán ar thacaíocht airgeadais ráthaithe d’institiúidí ardoideachais nó d’eagraíochtaí taighde mar chúiteamh ar chomhlíonadh spriocanna insoláthartha agus caighdeán cáilíochta; is saintréith de chistiú saolré é comórtas tosaigh le haghaidh cistiú a dhéantar a athnuachan má dhéantar measúnú dearfach air tar éis próiseas faireacháin. Leis sin, ligtear d’eagraíochtaí taighde straitéisí taighde níos fadtéarmaí a fhorbairt agus tabhairt faoi ghealltanais inbhuanaithe i leith fostaithe, agus cistiú tionscadalbhunaithe á úsáid chun leanúint de chláir oibre nua a fhiosrú.

(23)

Mar a dhearbhaítear in Airteagal 22 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, tá sé de cheart ag cách, mar bhall den tsochaí, cosaint shóisialta a bheith acu agus tá siad i dteideal na cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha a fhíorú atá fíor-riachtanach do dhínit an duine agus d’fhorbairt shaor pearsantachta an duine. Luaitear i bPrionsabal 15 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta go bhfuil an ceart ag oibrithe agus ag daoine féinfhostaithe ar scor araon pinsean a fháil atá i gcomhréir lena ranníocaíochtaí agus ioncam leordhóthanach a áirithiú. Mar sin féin, bíonn deacrachtaí ag taighdeoirí soghluaiste pinsin fhorlíontacha leordhóthanacha a charnadh mar thoradh ar thréimhsí dílseacháin, ardtáillí aistrithe, eolas teoranta ar tháirgí casta airgeadais agus ualach riaracháin ag aois scoir. Dá bhrí sin, ba cheart na coimircí atá bunaithe ar an Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le ‘Rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe’ (11) a áirithiú do thaighdeoirí.

(24)

I dtaca le RESAVER, an réiteach pinsean Eorpach a fhaigheann tacaíocht ón gCoimisiún agus a dhéileálann le soláthairtí pinsean ceirde d’eagraíochtaí a dhéanann taighde agus a bheidh ar cheann de na comhpháirteanna d’Ardán Tallainne LET atá ar na bacáin, tá an acmhainneacht ann chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna cosanta sóisialta atá roimh thaighdeoirí soghluaiste. Mar sin féin, cuirtear bac ar a ghlacadh mar gheall ar fheasacht theoranta agus constaicí substaintiúla riaracháin agus dlíthiúla. D’fhonn cearta pinsin ceirde taighdeoirí soghluaiste a chosaint, ba cheart faisnéis faoin gcaoi a bhféadfadh soghluaisteacht fhéideartha difear a dhéanamh do chearta pinsin a chur ar fáil, agus ba cheart rannpháirtíocht eagraíochtaí taighde in RESAVER a chur san áireamh.

(25)

Tá soghluaisteacht idirearnála, idirdhisciplíneach agus chothrom ó thaobh na geografaíochta fíor-riachtanach chun gairmeacha taighde san Aontas a dhéanamh níos éifeachtaí, níos inbhuanaithe agus níos tarraingtí. Leis an tsoghluaisteacht sin, éiríonn an córas foriomlán taighde agus nuálaíochta níos iomaíche, cothaíonn sé táirgeadh, cúrsaíocht agus úsáid eolais níos fearr, agus cruthaítear agus cuirtear chun cinn conairí gairme neamhlíneacha, éagsúlaithe. Ba cheart na cineálacha soghluaisteachta sin, lena n-áirítear soghluaisteacht fhíorúil, a chur chun cinn, a dhreasú agus a chomhtháthú go leordhóthanach i bhforbairt ghairmiúil na dtaighdeoirí, agus ba cheart gníomhaíocht a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní soghluaisteachta d’aon chineál, lena n-áirítear inaistritheacht theoranta deontas, an t-ualach riaracháin mar shampla turais ghnó, nó chun ceadanna cónaithe do thaighdeoirí soghluaiste a aithint, dúshláin maidir le hathlonnú, nó bacainní teanga, nó chun teidlíochtaí pinsin a aistriú.

(26)

Tá gá le hathrú cur chuige chun gairmeacha idir-inoibritheacha agus idir-earnála a chothú, lena ngabhfadh luach cothrom sa chóras measúnaithe agus luaíochta maidir le gairmeacha a dhéantar sna hearnálacha uile agus nach ndéanfaí an córas soghluaisteacht gheografach, idirdhisciplíneach agus idirearnála, sosanna gairme nó athlonnú gairme a phionósú, lena n-áirítear saoire shabóideach nó saoire thuismitheoireachta, agus lena gcuirfeadh taighdeoirí gairmeacha sa saol acadúil agus lasmuigh de san áireamh gan idirdhealú. Maidir le hilchonairí gairme, a bhfuil soghluaisteacht gheografach, earnála agus idir-eagraíochta mar shaintréith acu, nó conairí hibrideacha, arb é is príomhthréith dóibh teaglaim chomhuaineach d’earnálacha, ba cheart iad a aithint agus a bhreithniú go hiomlán ar aon dul le conairí líneacha gairme – ar cheart iad a thuiscint mar ghairmeacha ina ndéantar dul chun cinn díreach ó phost amháin go post eile, laistigh den réimse nó den disciplín céanna de ghnáth.

(27)

I gcásanna áirithe, le hoiliúint dochtúireachta, leantar de bheith dírithe go príomha ar ghairmeacha sa saol acadúil amach anseo, agus ní chuirtear san áireamh go leordhóthanach leis an oiliúint sin an réimse níos leithne gairmeacha ar fud na n-earnálacha ábhartha, ná an tábhacht a bhaineann le fiontraíocht taighdeoirí a chothú. Tá sé thar a bheith tábhachtach scileanna idirdhisciplíneacha a thabhairt do thaighdeoirí trí oiliúint fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil, chomh maith le scileanna taighde láidre, le haghaidh deiseanna gairme, soghluaisteacht idirearnála agus nuálaíocht níos fearr, agus chun gairmeacha taighde san Aontas níos tarraingtí a chruthú.

(28)

Beidh ról tábhachtach ag an gCreat Eorpach Inniúlachta do Thaighdeoirí (ResearchComp) a d’fhorbair an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara i dtaca le tacar leathan scileanna idirdhisciplíneacha a thabhairt do thaighdeoirí agus an bhearna scileanna idir an saol acadúil agus gach earnáil ábhartha eile a dhúnadh. D’fhéadfaí oiliúint taighdeoirí – lena n-áirítear oiliúint dochtúireachta – a fhorbairt de réir na n-inniúlachtaí a dtugtar tuairisc orthu sa chreat agus bunaithe ar mhalartú dea-chleachtas, chun go bhféadfar uas-sciliú agus athsciliú taighdeoirí a chur ar fáil ar feadh an tsaoil. Bheadh gá le sásraí leordhóthanacha aitheantais agus bailíochtaithe le haghaidh deiseanna oiliúna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla, lena n-áirítear oiliúint le linn na hoibre.

(29)

Chun a áirithiú go ndéanfar oiliúint taighdeoirí a fhorbairt nó a chomhfhorbairt ar bhonn riachtanais scileanna iarbhír, idirghníomhaíocht agus comhar idir an saol acadúil, an tionscal, gnó, riarachán poiblí, an earnáil neamhbhrabúis, agus gach gníomhaí ábhartha eile san éiceachóras, ba cheart í a chur chun cinn, lena n-áirítear mar shampla i ndáil le hintéirneachtaí, tréimhsí oiliúna nó scáthfhoghlaim. Na Prionsabail maidir le hoiliúint nuálach dochtúireachta a áirítear sa Tuarascáil a ghlac Grúpa Stiúrtha LET um Acmhainní Daonna agus um an tSoghluaisteacht maidir le hAcmhainní Daonna agus Soghluaisteacht in 2011, chomh maith le Moladh (AE) 2022/2415 ón gComhairle an 2 Nollaig 2022 maidir leis na Treoirphrionsabail le haghaidh luachshocrú eolais (12), ina gcuirtear in iúl gur gá córas a bheith ann atá fabhrach do ghníomhaíochtaí fiontraíochta ar mhaithe le taighdeoirí, d’fhéadfaí na Prionsabail sin a chur san áireamh i ndáil leis an méid sin.

(30)

Tá sé ríthábhachtach meon fiontraíochta agus na hinniúlachtaí gaolmhara a chothú i measc taighdeoirí, lena n-áirítear inniúlachtaí chun infheisteoirí agus caipiteal a lorg, chun feabhas a chur ar luachshocrú eolais agus ar smaointe nuálacha a chlaochlú ina seirbhísí agus ina dtáirgí nua a bhfuil acmhainneacht níos airde iontu maidir le glacadh sa mhargadh, fás inbhuanaithe, nuálaíocht agus sochair shochaíocha. Chun go n-éireoidh le conair fiontraíochta, is gá sócmhainní intleachtúla mar shampla foilseacháin, sonraí, fios gnó agus maoin intleachtúil a thuiscint go cuí agus a bhainistiú go héifeachtúil mar a leagtar amach i Moladh (AE) 2022/2415 ón gComhairle an 2 Nollaig 2022 maidir leis na treoirphrionsabail le haghaidh luachshocrú eolais (12).

(31)

Chun go mbeidh cúrsaíocht tallainne trasearnála agus idir-inoibritheacht fheabhsaithe post sa taighde agus sa nuálaíocht i measc earnálacha ann, tá gá le meascán de bhearta éagsúla comhlántacha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le prionsabail na saoirse acadúla agus an neamhspleáchais institiúidigh, lena n-áirítear athchóiriú ar chórais. Is féidir le cur chuige beartais lena mbaineann foghlaim fhrithpháirteach ar bhonn samhlacha rathúla do scéimeanna soghluaisteachta idirearnála a bheith ina rannchuidiú chun comhar idir lucht acadúil/neamhacadúil comhthairbheach a neartú, agus éiceachórais nuálaíochta a threisiú, feabhas a chur ar oiliúint agus ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil do thaighdeoirí, do nuálaithe, agus do dhaoine tréitheacha eile sa taighde agus sa nuálaíocht, lena n-áirítear uas-sciliú chun acmhainneacht tacaíochta a fhorbairt, agus feabhas a chur ar an gcóras earcaíochta agus borradh a chur faoi fhorbairt scileanna fiontraíochta do thaighdeoirí.

(32)

Ní bhíonn taighdeoirí ar an eolas i gcónaí faoin ról ríthábhachtach atá ag ceapadh beartas i réimse an taighde agus na nuálaíochta agus faoi ról na heolaíochta i gceapadh beartas. Is féidir leis an dá ghné tionchar a imirt ar ghairmeacha taighde ar an iomlán agus ar an gcóras taighde agus nuálaíochta. Tá sé tábhachtach go n-áireofaí an fheasacht sin san oiliúint dochtúireachta agus go gcothófaí í, ar mhaithe le rannpháirtíocht níos mó ó thaighdeoirí a áirithiú sa phróiseas ceaptha beartais agus na gníomhaíochtaí a dhéanann siad, le linn a ngairmréime, maidir le rannchuidiú eolaíoch le beartais a aithint.

(33)

Ba cheart taighdeoirí, go háirithe taighdeoirí luathghairme, a chur ar an eolas faoi na deiseanna atá ar fáil i ngach earnáil agus faoin bhféidearthacht na deiseanna sin a shaothrú chun a speictream forbartha pearsanta agus gairmiúla a leathnú. Tá ról tábhachtach ag seirbhísí comhairleachta agus tacaíochta gairme, atá saincheaptha do riachtanais na dtaighdeoirí trí shoghluaisteacht idirearnála, idirdhisciplíneach, gheografach agus fhíorúil a spreagadh, agus tríd an bhféidearthacht gníomhaíochtaí fiontraíochta a fhorbairt. Ba cheart soghluaisteacht idirinstitiúideach a chur chun cinn, go háirithe idir próifílí éagsúla institiúidí ardoideachais agus eagraíochtaí taighde agus feadh conairí acadúla éagsúla agus solúbtha, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar bhacainní a bhaineann leis na hinniúlachtaí a forbraíodh san institiúid roimhe sin, agus leis na bacainní a éilítear sa cheann nua.

(34)

Le measúnú taighde, ba cheart go mbeifí in ann meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht taighdeoirí agus taighde chun an cháilíocht agus an tionchar is airde a bhaint amach. Mar a cuireadh i dtábhacht i nglao Pháras 2022 maidir le measúnú taighde, sa tuarascáil scóipe ‘I dtreo athchóiriú ar an gcóras measúnaithe taighde’ a d’fhoilsigh an Coimisiún in 2021 agus bunaithe ar chomhairliúchán leathan leis na páirtithe leasmhara, sna Conclúidí ón gComhairle maidir le ‘Measúnú taighde agus cur chun feidhme na hEolaíochta Oscailte’ an 10 Meitheamh 2022, agus sa Chomhaontú maidir le Measúnú Taighde a Athchóiriú a foilsíodh i mí Iúil 2022, chun meastóireacht chuí a dhéanamh ar fheidhmíocht, ní mór aitheantas a thabhairt d’aschuir, gníomhaíochtaí agus cleachtais taighde atá ag éirí níos éagsúla, lena n-áirítear comhar agus comhroinnt oscailte aschur, agus lena n-áirithítear ardchaighdeáin sláine taighde agus go mbeadh tionchar ag an taighde ar an tsochaí. Ba cheart, dá bhrí sin, measúnú ar thaighdeoirí a aistriú go cur chuige níos cothroime idir meastóireacht chainníochtúil agus meastóireacht cháilíochtúil ar thaighde, trí mheasúnú cáilíochtúil le hathbhreithniú piaraí a roghnú, agus úsáid fhreagrach táscairí cainníochtúla mar thaca leis sin.

(35)

Chun gairmeacha sa saol acadúil a athneartú as a dtiocfaidh na poist is sinsearaí, tá gá le córas aontachais agus dul chun cinn trédhearcach, struchtúrtha, cuimsitheach agus comhionann ó thaobh na hinscne de. D’fhéadfaí breithniú a dhéanamh chun na críche sin ar leibhéal na mBallstát agus na n-eagraíochtaí déanta taighde ar chórais atá cosúil le conair na tionachta atá le tuiscint mar chreataí sainithe lena bhféadfadh conradh ar théarma seasta, faoi réir meastóireacht dhearfach, éirí ina phost buan.

(36)

D’ainneoin iarrachtaí ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, tá saincheist na himirce tallainne ó réigiúin bheagfhorbartha san Aontas fós ann, mar a cuireadh i dtábhacht sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Leas a bhaint as tallann i réigiúin na hEorpa’ (13), agus tá gá le bearta breise chun soghluaisteacht gheografach níos cothroime a bhaint amach do thaighdeoirí. Léiríonn anailísí 2021-2022 an Choimisiúin maidir le cúrsaíocht tallainne rannchuidiú dearfach na ngníomhaíochtaí atá ann cheana ar leibhéal an Aontais chun cúrsaíocht tallainne níos cothroime a spreagadh, ach ina theannta sin, sainaithnítear iontu dúshláin leanúnacha agus soláthraítear leo bealaí le haghaidh inimirce daoine oilte. Sa chomhthéacs sin, tá ról an-tábhachtach ag timpeallachtaí taighde den scoth – lena n-áirítear bonneagair thaighde –, ag dálaí oibre tarraingteacha agus ag leibhéal an luacha saothair atá i gcomhréir le cáilíochtaí gairmiúla agus leis na gníomhaíochtaí a dhéantar, ach is minic a bhíonn gá le hathchóiriú ar na córais náisiúnta taighde agus nuálaíochta. Ba cheart cur chuige beartais, arb é is aidhm dó tacaíocht a thabhairt do chlaochluithe córais mar sin agus iad a dhreasú, a shaothrú, lena n-áirítear cleachtaí foghlama frithpháirtí ar bhonn conairí rathúla lenar féidir cúrsaíocht tallann níos cothroime a bhunú sna Ballstáit.

(37)

I dtaca le EURAXESS, tionscnamh uathúil uile-Eorpach lena gcuirtear faisnéis agus seirbhísí tacaíochta saor in aisce ar fáil do thaighdeoirí agus dá dteaghlach, is é is príomhchuspóir dó tacú le soghluaisteacht agus forbairt gairme taighdeoirí, agus píblíne tallann inbhuanaithe a áirithiú do réimse an taighde agus na nuálaíochta agus an comhar eolaíoch idir an tAontas agus an domhan a fheabhsú. Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt don chuspóir sin, d’fhéadfadh EURAXESS a fhaisnéis a leathnú, ar faisnéis í lena soláthraítear agus lena dtacaítear le gníomhaíochtaí do thaighdeoirí agus d’institiúidí ardoideachais agus d’eagraíochtaí taighde, le struchtúr barrfheabhsaithe seirbhísí agus rialachais, le heispéireas feabhsaithe digiteach agus úsáideoirí agus le hidir-inoibritheacht le tionscnaimh eile de chuid an Aontais ar nós Europass agus EURES. Rachadh eagraíochtaí náisiúnta láidre cinn droichid chun tairbhe d’éifeachtacht agus comhleanúnachas thairseacha faisnéise agus sheirbhísí EURAXESS.

(38)

Ionas go mbeidh an tAontas iomaíoch ar fud an domhain i gcónaí, ní mór dó a bheith níos tarraingtí do dhaoine tréitheacha ó gach cearn den domhan agus imirce na tallainne dhéanann difear do thíortha atá i mbéal forbartha á seachaint ag an am céanna. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Scileanna agus tallanna a mhealladh chuig an Aontas’, a glacadh an 27 Aibreán 2022 (14), cuirtear i dtábhacht gur gá don Aontas feabhas a chur ar a tharraingtí atá sé don tallann dhomhanda, go háirithe tríd an nuálaíocht agus tríd an bhfiontraíocht a chur chun cinn san Aontas agus trí fhéachaint ar bhealaí eile a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le himirce dhleathach chuig an Aontas sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Ba chéim thábhachtach é an t-athbhreithniú ar Threoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) chun tarraingteacht an Aontais a fheabhsú ionas gur féidir le himircigh ardcháilithe tairbhiú de chearta feabhsaithe chomh maith le nósanna imeachta níos tapúla agus cuíchóirithe. Le Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), rannchuidítear freisin leis na cuspóirí sin trína dhéanamh níos éasca agus níos tarraingtí do mhic léinn agus do thaighdeoirí teacht chuig an Aontas agus, an tráth céanna, cúrsaíocht eolais agus scileanna a chur chun cinn trí chearta feabhsaithe soghluaisteachta laistigh den Aontas.

(39)

Tá an Chairt agus an Cód do Thaighdeoirí á n-athbhreithniú chun freagairt don réaltacht nua agus do na dúshláin reatha atá roimh thaighdeoirí agus institiúidí, lena n-áirítear cothromaíocht inscne, comhionannas inscne agus cuimsitheacht a chomhtháthú ar bhealach níos fearr ina bhfuil bearta atá dírithe ar thimpeallachtaí taighde atá saor ó fhoréigean inscnebhunaithe, chomh maith le cleachtais eolaíochta oscailte. Tá an Chairt nua do Thaighdeoirí, in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Moladh seo, cuíchóirithe chun a chur chun feidhme a shimpliú agus chun a glacadh lasmuigh den earnáil acadúil a chur chun cinn. Iarrtar ar gach eagraíocht a fhostaíonn taighdeoirí nó a chuireann cistiú ar fáil do thaighdeoirí tacú leis an gCairt nua do Thaighdeoirí. Maidir leis na heagraíochtaí a d’fhormhuinigh prionsabail na Cairte agus an Chóid do Thaighdeoirí atá ann cheana, meastar go bhfuil an Chairt nua do Thaighdeoirí á formhuiniú fós acu. Ba cheart feidhm a bheith aige sin go háirithe maidir le hinstitiúidí atá i bpróiseas HRS4R nó a chuir an próiseas sin i gcrích, arb é formhuiniú na Cairte agus an Chóid do Thaighdeoirí an chéad chéim.

(40)

Tá gá le faireachlann maidir le gairmeacha taighde, ina gcomhcheanglófar in aon áit amháin na sonraí is fearr de shonraí an Aontais atá ann faoi láthair, chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme beart chun gairmeacha taighde agus athchóirithe córais a neartú. Ba cheart di tacú le riachtanais sonraí na mBallstát agus na n-eagraíochtaí a dhéanann taighde atá ábhartha chun beartais le haghaidh gairmeacha taighde a oiriúnú a fhorbairt. Ba cheart di tacaíocht a thabhairt do thaighdeoirí chun go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar dhúshláin agus ar dheiseanna agus tarraingteacht eagraíochtaí na hEorpa a dhéanann taighde a chur chun cinn le haghaidh na ndaoine tréitheacha is fearr. D’fhéadfaí breithniú a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, ar naisc ábhartha leis an bhFaireachlann Eorpach um Earnáil an Ardoideachais a mholtar sa Straitéis Eorpach d’Ollscoileanna. D’fhéadfaí sonraí arna mbailiú i gcur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) a oiriúnú chun freagairt do riachtanais úsáideoirí na bhfaireachlann um ghairmeacha taighde.

(41)

Ionas go mbeidh rath ar an gcreat Eorpach chun tallanna taighde, nuálaíochta agus fiontraíochta a mhealladh agus a choinneáil san Aontas, tá gá le gealltanas ó na Ballstáit agus ó na páirtithe leasmhara uile lena mbaineann. Go háirithe, maidir le comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais, mar shampla na cinn a bunaíodh faoi Thionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha agus a fhaigheann tacaíocht ó Chlár Erasmus+ agus ó na Cláir Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, chomh maith leis an earnáil ardoideachais i gcoitinne, eagraíochtaí taighde agus na páirtithe leasmhara ábhartha uile, d’fhéadfaí iad a spreagadh a bheith rannpháirteach ar bhonn deonach agus de réir cur chuige ó bhun aníos, chun cur le cur chun feidhme leathan an chreata trí ghníomhachtaí ábhartha a phíolótú.

(42)

Ba cheart na moltaí sin a chur chun feidhme agus aird chuí á tabhairt ar éagsúlacht leathan na gcóras agus na n-imthosca náisiúnta taighde agus nuálaíochta agus ar phrionsabal neamhspleáchas institiúideach institiúidí ardoideachais agus eagraíochtaí taighde ar fud an Aontais,

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

Taighdeoirí, bainisteoirí taighde agus teicneoirí taighde sa Limistéar Eorpach Taighde

1.

Chun críocha an Mholta seo:

Ciallaíonn ‘taighdeoirí’ gairmithe atá ag gabháil d’eolas eolaíoch nua a cheapadh nó a chruthú bunaithe ar choincheapa nó hipitéisí bunaidh. Déanann siad taighde agus déanann siad coincheapa, teoiricí, samhaltacha, bonneagair, ionstraimiú teicnící, bogearraí nó modhanna oibríochtúla a fheabhsú nó a fhorbairt. Féadfaidh taighdeoirí a bheith páirteach, go hiomlán nó go páirteach, i gcineálacha éagsúla gníomhaíochtaí – mar shampla taighde bunúsach nó taighde feidhmeach, forbairt thurgnamhach, oibriú trealaimh taighde in aon earnáil den gheilleagar nó den tsochaí agus scaipeadh agus luacháil torthaí taighde. Féadfaidh siad a bheith rannpháirteach i bpáirt freisin, i measc nithe eile, i mbainistiú tionscadal, teagasc, meantóireacht, tacú le ceapadh beartas fianaise-bhunaithe, cleachtais eolaíochta oscailte, gníomhaíochtaí aistrithe eolais agus teicneolaíochta, agus cumarsáid eolaíochta. Sainaithníonn taighdeoirí roghanna le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus forbartha nua, agus déanann siad pleananna ina leith agus bainistíonn siad iad trí úsáid a bhaint as scileanna agus eolas ardleibhéil a fhorbraítear trí oideachas agus oiliúint fhoirmiúil nó ó thaithí.

2.

Is féidir le taighdeoirí a gcuid gníomhaíochtaí a dhéanamh, le hábharthacht chothrom, i ngach earnáil a dhéanann taighde agus nuálaíocht, lena n-áirítear an saol acadúil, tionscal, gnó agus an riarachán poiblí, agus an earnáil neamhbhrabúis, inar féidir lena gcuid scileanna, eolais agus dearcthaí dul chun tairbhe do shochaí na hEorpa, don chóras taighde agus nuálaíochta, agus don gheilleagar.

3.

Féadfaidh taighdeoirí agus gairmithe eile gairmeacha i mbainistíocht taighde a dhéanamh chun gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a bhainistiú agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Ba cheart gairmeacha bainistíochta taighde a leagan amach agus a aithint go leordhóthanach ar leibhéal an Aontais, trí scileanna agus inniúlachtaí a shainiú, chun acmhainneacht phroifisiúnta bainisteoirí taighde a neartú, ionas go bhforbrófar oiliúint ábhartha agus go gcothófarinchomparáideacht. Is féidir le bainisteoirí taighde cúraimí éagsúla a dhéanamh, mar shampla:

(a)

pleanáil, forbairt, bainistiú, bainistiú sonraí FAIR riar, faireachán, cumarsáid agus luachshocrú taighde agus nuálaíochta a chuíchóiriú nó a éascú;

(b)

comhlíonadh cuspóirí beartais, riachtanas clár cistiúcháin, rialacha airgeadais agus rialachán dlí a áirithiú;

(c)

éifeachtúlacht agus éifeachtacht tionscadal nó córas taighde agus nuálaíochta a fheabhsú;

(d)

tionchar an taighde agus na nuálaíochta ar bheartais agus ar an tsochaí a fheabhsú;

(e)

tacú le beartais, cláir agus tionscadail taighde agus nuálaíochta a cheapadh agus a chur chun feidhme.

4.

Is gairmithe iad teicneoirí taighde a n-éilíonn a bpríomhchúraimí ardleibhéil eolais theicniúil, oiliúna agus taithí i réimse amháin nó níos mó san innealtóireacht, sna heolaíochtaí fisiciúla agus sna heolaíochtaí beatha, nó sna heolaíochtaí sóisialta agus sna daonnachtaí. Glacann siad páirt i gcúraimí eolaíocha agus teicniúla a bhaineann le coincheapa agus modhanna oibríochtúla a chur i bhfeidhm agus le trealamh taighde a úsáid, faoi mhaoirseacht taighdeoirí de ghnáth. Tá ról ríthábhachtach tacaíochta ag teicneoirí taighde maidir le taighde agus nuálaíocht ardleibhéil a dhéanamh. Ba cheart do na Ballstáit a marana a dhéanamh ar ghairmeacha teicneoirí taighdeoirí a leagan amach mar is cuí agus an t-aitheantas ceart a thabhairt dóibh ar an leibhéal náisiúnta.

5.

Ba cheart na taighdeoirí uile, gan beann ar a stádas agus ar a n-earnáil fostaíochta, ar taighdeoirí iad, a aicmiú de réir na bpróifílí seo a leanas:

(a)

R1 – Taighdeoir na Chéad Chéime: Taighdeoirí a dhéanann taighde faoi mhaoirseacht suas go dtí PhD nó leibhéal coibhéiseach inniúlachta agus taithí.

(b)

R2 – Taighdeoir Aitheanta: Taighdeoirí ag a bhfuil PhD nó leibhéal coibhéiseach inniúlachta agus taithí nach bhfuil leibhéal suntasach neamhspleáchais bainte amach acu i ndáil lena gcuid taighde féin a fhorbairt, cistiú a mhealladh nó grúpa taighde a stiúradh.

(c)

R3 – Taighdeoir Bunaithe: Taighdeoirí ag a bhfuil PhD nó leibhéal coibhéiseach inniúlachta agus taithí atá a gcuid taighde féin a fhorbairt go neamhspleách, cistiú a mhealladh agus grúpa taighde a stiúradh.

(d)

R4 – Príomhthaighdeoir: Taighdeoirí ag a bhfuil PhD nó leibhéal coibhéiseach inniúlachta agus taithí a aithnítear i measc a bpiaraí mar dhuine atá ar thús cadhnaíochta ina réimse taighde.

6.

Chun críocha an Mholta seo, ba cheart próifílí R1 agus R2 a mheas mar thaighdeoirí luathghairme, agus ba cheart próifílí R3 agus R4 a mheas mar thaighdeoirí sinsearacha.

Moltar do na Ballstáit úsáid tagairtí do na próifílí a spreagadh i ngach folúntas atá dírithe go sonrach ar thaighdeoirí nó, i gcás inarb ábhartha, cuireadh a thabhairt d’institiúidí ardoideachais agus d’eagraíochtaí taighde é sin a dhéanamh.

Níor cheart próifílí a mheas mar chéimeanna ar chonair ghairme fhorchéimnitheach.

Leagtar amach in Iarscríbhinn I liosta neamh-uileghabhálach de shamplaí de ghairmeacha le haghaidh taighdeoirí ar fud na bpróifílí R1-R4.

Aitheantas, idir-inoibritheacht agus inchomparáideacht gairmeacha taighdeoirí

7.

Moltar do na Ballstáit agus don Choimisiún aitheantas iomlán do ghairmeacha taighde agus meas agus luaíocht chothrom i ndáil leis na conairí éagsúla gairmeacha taighde gan beann ar earnáil na fostaíochta nó na gníomhaíochta a chur chun cinn agus tacú leis sin, agus bearta tacaíochta a dhéanamh chun a n-idir-inoibritheacht agus a n-inchomparáideacht iomlán a cheadú ar fud na mBallstát, na n-earnálacha agus na n-institiúidí.

8.

D’fhéadfadh na Ballstáit conairí neamhlíneacha, ilghairme agus hibrideacha a spreagadh agus tacú leo, agus ba cheart iad a aithint ar aon dul le conairí líneacha gairme lena ngabhann torthaí gairmiúla iomadúla.

9.

Moltar do na Ballstáit leaganacha agus nuashonruithe nua ar an Aicmiú Eorpach Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha a chur chun feidhme, agus aird shonrach á tabhairt ar ghairmeacha beatha agus scileanna taighdeoirí.

10.

Moltar do na Ballstáit oifigí acmhainní daonna i ngach earnáil a spreagadh chun struchtúir ghairme do thaighdeoirí a mhapáil de réir na bpróifílí dá dtagraítear i bpointe 5 den Mholadh seo.

Earcaíocht agus dálaí oibre

11.

Moltar do na Ballstáit nósanna imeachta roghnúcháin agus earcaíochta taighdeoirí, atá oscailte, trédhearcach agus bunaithe ar fhiúntas a chur chun cinn agus tacú leo, gan pionós a ghearradh ar shosanna gairme ná ar chonairí neamhlíneacha, ilghairme agus hibrideacha.

12.

Moltar do na Ballstáit spreagadh a thabhairt le go n-urramófar comhaontuithe comhchoiteanna agus idirphlé sóisialta éifeachtach, agus go ndéanfar gníomhaíochtaí tacaíochta ionas go gcuirfidh fostóirí agus cisteoirí taighdeoirí dálaí taighde agus oibre ar fáil a bheadh tarraingteach, cuimsitheach agus iomaíoch, ina dtabharfar luach, spreagadh agus tacaíocht do thaighdeoirí. D’fhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh ar an ngníomhaíocht tacaíochta sin:

(a)

luach saothair comhréireach, cothromaíocht oibre is saoil agus dálaí oibre solúbthachta a sholáthar chun an saol pearsanta, an teaghlach, cúram, an tsláinte, an tsábháilteacht agus an fholláine fhoriomlán a thabhairt le chéile, gan dochar do ghairmeacha;

(b)

comhionannas inscne, cothromaíocht inscne, comhionannas deiseanna agus cuimsitheacht a áirithiú do thaighdeoirí ó gach cúlra lena n-áirítear grúpaí atá faoi ghannionadaíocht agus imeallaithe, agus úsáid, cur chun feidhme agus faireachán na n-ionstraimí um athrú institiúideach a chur chun cinn i measc eagraíochtaí a dhéanann taighde agus eagraíochtaí cistiúcháin, ar nós pleananna cuimsitheacha um comhionannas inscne atá oscailte do thrasnuithe idir inscne agus catagóirí sóisialta eile, i gcomhréir leis an gcreat nua don Limistéar Eorpach Taighde agus leis an Straitéis Eorpach d’Ollscoileanna;

(c)

saoirse an taighde eolaíoch a chosaint ar aon teorannú nó cur isteach a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear ó ghníomhaithe eachtracha;

(d)

tacaíocht thiomnaithe a thairiscint do thaighdeoirí ar an leibhéal institiúideach i ndáil le dualgais riaracháin a chomhlíonadh;

(e)

gníomhaíochtaí daingne a dhéanamh chun cur i gcoinne fheiniméan na neamhchinnteachta agus chun tacú le slándáil post agus le cobhsaíocht. D’fhéadfadh sin, bunú uastairseach a dhreasú, ar bhonn deonach, do líon na gconarthaí ar théarma seasta in aghaidh na heagraíochta in acmhainní daonna foriomlána na dtaighdeoirí. Nuair a bhíonn cúraimí taighde buana nó fadtéarmacha nó cúraimí taighde athfhillteacha á gcomhlíonadh, is iad na conarthaí buana nó na conarthaí neamhiata atá molta mar an ionstraim iomchuí. Ba cheart go mbainfeadh taighdeoirí atá faoi chonarthaí ar théarma seasta tairbhe as bearta sonracha – dá dtagraítear i bpointe 29 den Mholadh seo – lena gcuirtear chun cinn a bhforbairt gairme agus a leanúnachas;

(f)

ag féachaint don úsáid a bhaintear as samhlacha éagsúla cistiúcháin – e.g. bonnlíne, saolré, nó tionscadal-bhunaithe –, chun ligean d’eagraíochtaí taighde straitéisí taighde níos fadtéarmaí a fhorbairt agus chun dul i mbun gealltanais níos cobhsaí i leith fostaithe;

(g)

rochtain ar chosaint shóisialta leordhóthanach a sholáthar gan beann ar chineál na fostaíochta, gan dochar do cheart na mBallstát prionsabail bhunúsacha a gcóras slándála sóisialta a shainiú. D’fhéadfadh na bearta sin a bheith bainteach leis na réimsí seo a leanas, a mhéid a sholáthraítear iad sna Ballstáit:

(1)

sochair dhífhostaíochta;

(2)

sochair bhreoiteachta agus cúram sláinte;

(3)

saoire mháithreachais, saoire atharthachta, saoire thuismitheoireachta, agus sochair ghaolmhara;

(4)

sochair easláine;

(5)

sochair seanaoise agus sochair mharthanóra;

(6)

sochair i leith tionóiscí ag an obair agus galar ceirde.

13.

Moltar do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag taighdeoirí ar fhaisnéis atá cothrom le dáta, cuimsitheach, soláimhsithe agus sothuigthe maidir lena gcearta agus lena n-oibleagáidí cosanta sóisialta, agus chun a áirithiú go gcaomhnófar agus go gcarnfar teidlíochtaí – cibé acu a fhaightear iad trí scéimeanna sainordaitheacha nó deonacha – agus go mbeidh siad inaistrithe thar gach cineál stádas fostaíochta agus féinfhostaíochta agus thar theorainneacha, earnálacha eacnamaíocha, ar feadh shaol oibre an duine nó le linn tréimhse thagartha áirithe agus idir scéimeanna éagsúla laistigh de bhrainse cosanta sóisialta ar leith.

14.

Maidir leis na Ballstáit arb é is aidhm dóibh coigilteas i scéimeanna forlíontacha lena ngabhann ranníocaíochtaí sainithe a fheabhsú, moltar dóibh úsáid na réiteach a sholáthraítear le ciste pinsin RESAVER a chur chun cinn, lena ráthaítear nach mbeidh tréimhse dílseacháin ná táillí aistrithe sócmhainní ann.

15.

Moltar do na Ballstáit bearta sonracha a spreagadh chun tacú le taighdeoirí luathghairme, a chomhfhreagraíonn do phróifílí R1 agus R2 dá dtagraítear i bpointe 5 den Mholadh seo. Agus aird á tabhairt ar imthosca náisiúnta, d’fhéadfaí an méid seo a leanas a bheith i mbearta sonracha mar sin:

(a)

cosaint shóisialta agus dálaí oibre is infheidhme maidir le taighdeoirí ag céimeanna gairme eile agus ioncam leordhóthanach a chur ar fáil do Thaighdeoirí Chéad Chéime;

(b)

dreasachtaí airgeadais agus cosanta sóisialta a chur ar fáil do thaighdeoirí luathghairme;

(c)

úsáid na ndreasachtaí d’earcaíocht taighdeoirí luathghairme ag fostóirí sna hearnálacha uile a chur chun cinn agus tacú leo, go háirithe conarthaí buana nó conarthaí neamhiata;

(d)

soghluaisteacht idirinstitiúideach, idirearnála, idirdhisciplíneach agus gheografach a chur chun cinn agus a aithint, lena n-áirítear soghluaisteacht fhíorúil;

(e)

comhar a chur chun cinn idir lucht acadúil, cisteoirí taighde agus gníomhaithe ábhartha eile san éiceachóras, go háirithe an tionscal agus gnólachtaí eile, mar aon le heagraíochtaí poiblí agus eagraíochtaí neamhbhrabúis, maidir leis na scileanna is gá agus na scileanna a chuirtear ar fáil, ionas go gcothófar earcú taighdeoirí ardoilte a chomhlíonann na scileanna spriocdhírithe is gá sna hearnálacha lena mbaineann;

(f)

rannpháirtíocht taighdeoirí luathghairme i bhfoirne taighde a chur chun cinn, lena seachnófar an t-éileamh ar chúraimí nach mbaineann lena n-oiliúint eolaíoch.

Taighdeoirí a bhfuil na scileanna acu do ghairmeacha idirearnála agus idirdhisciplíneacha agus don fhiontraíocht agus don nuálaíocht

16.

Is é an sprioc atá ag an taighdeoir céadchéime meon an taighde a chothú, solúbthacht smaoinimh, cruthaitheachta agus neamhspleáchais intleachtúil a chothú trí thionscadal taighde nithiúil bunaidh. Moltar do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a spreagadh go ndíreofar oiliúint dochtúireachta ar na spriocanna sin, agus ina theannta sin go mbeidh sí comhoiriúnach le gairmeacha idir-inoibritheacha i ngach earnáil ábhartha agus le haghaidh chleachtadh na hEolaíochta Oscailte, lena n-áirítear trí leas a bhaint as ResearchComp, na Prionsabail maidir le hOiliúint Nuálach Dochtúireachta, an Cód Iompair Eorpach maidir le Sláine Taighde, agus aon tionscnaimh eile a dhéanfar amach anseo chun scileanna idirdhisciplíneacha taighdeoirí a neartú.

17.

Moltar don Choimisiún beart a dhéanamh chun tacú le húsáid ResearchComp agus an úsáid sin a éascú, malartú dea-chleachtas a chur chun cinn, agus breithniú a dhéanamh ar athbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar an gCreat Inniúlachta i gcás inar gá ar bhonn fhorbairt an chórais taighde agus nuálaíochta agus an mhargaidh saothair.

18.

Moltar do na Ballstáit béim a leagan ar scéimeanna darb aidhm na scileanna idirdhisciplíneacha a theastaíonn ó thaighdeoirí chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí luachshocrú eolais agus i bhfiontraíocht a neartú. D’fhéadfaí a áireamh ar na scéimeanna sin gníomhaíochtaí agus oiliúint múscailte feasachta maidir le hábhair ábhartha, lena n-áirítear bainistíocht sócmhainní intleachtúla, caighdeánú, comhar idir an tionscal agus an saol acadúil, idir an saol acadúil agus an earnáil riaracháin phoiblí, lena n-áirítear eolaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí beartais, agus rannpháirtíocht leis an tsochaí.

19.

Moltar do na Ballstáit agus don Choimisiún idirghníomhaíocht agus comhar a spreagadh, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí idir an saol acadúil, an tionscal, gnólachtaí eile, riarachán poiblí, an earnáil neamhbhrabúis, agus gníomhaithe ábhartha uile eile an éiceachórais, agus a áirithiú go ndéantar oiliúint dochtúireachta agus oiliúint spriocdhírithe a fhorbairt nó a chomhfhorbairt ar bhonn riachtanais scileanna iarbhír na bpáirtithe lena mbaineann, lena n-áirítear forbairt a dhéanamh ar shamplaí de dhea-chleachtais a chuirtear chun feidhme faoi chláir atá ann cheana ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát.

Moltar go háirithe tacú leis an idirghníomhaíocht agus leis an gcomhar sin i réimsí ina bhfuil gá le scileanna sonracha chun oibriú le bonneagair thaighde agus theicneolaíochta úrscothacha.

20.

Moltar do na Ballstáit agus don Choimisiún gníomhaíocht a dhéanamh chun meon na nuálaíochta agus na fiontraíochta a chothú i dtaighdeoirí, lena n-áirítear na scileanna is gá chun infheistíocht a lorg, agus é de chuspóir acu deis a thabhairt dóibh siúd a thugann faoi ghairm na fiontraíochta a gcumais táirgthe eolais a nascadh le hoilteacht sa luachshocrú eolais, agus smaointe nuálacha a iompú ina ngnó agus nuálaíocht agus dul chun cinn a chothú.

Ba cheart díriú go sonrach ar fhiontraíocht agus ar nuálaíocht a chur chun cinn i measc na mban agus ar chruthú seach-chuideachtaí faoi stiúir ban. Ba cheart an cur chuige céanna a bheartú do ghrúpaí mionlaigh agus imeallaithe.

D’fhéadfadh na Ballstáit bearta a bhreithniú chun na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do thaighdeoirí atá i mbun gairm fiontraíochta a mhaolú, lena n-áirítear tríd an bhféidearthacht filleadh ar an gconair ghairme a bhí acu roimhe sin.

21.

Moltar do na Ballstáit gníomhaíocht a dhéanamh chun tacú le forbairt agus soláthar oiliúna spriocdhírithe, chun uas-sciliú agus deiseanna athoiliúna a spreagadh do thaighdeoirí a bhfuil peirspictíocht ar feadh an tsaoil acu agus chun soghluaisteacht idirearnála agus idirdhisciplíneach a chothú. Moltar freisin do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun nós imeachta bailíochtaithe atá cothrom agus trédhearcach a chur chun cinn, maidir le deiseanna oiliúna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla, lena n-áirítear oiliúint sa láthair oibre.

22.

Moltar don Choimisiún an ghníomhaíocht seo a leanas a dhéanamh i gcomhthéacs tionscnaimh a fhorbairt lena gcothófar cúrsaíocht trasearnála tallann:

(a)

tacú le foghlaim fhrithpháirteach do na Ballstáit ar bhonn samhlacha de scéimeanna soghluaisteachta idirearnála arna mbunú ag an gCoimisiún, i dtrí réimse tosaíochta:

(1)

comhar acadúil agus neamhacadúil a neartú;

(2)

oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil a fheabhsú do thaighdeoirí, do nuálaithe, agus do dhaoine tréitheacha eile sa taighde agus nuálaíocht;

(3)

borradh a chur faoi fhiontraíocht, faoi scileanna idirdhisciplíneacha agus faoi rannpháirtíocht i measc taighdeoirí i ngníomhaíochtaí a mhéadaíonn an tionchar sóisialta;

(b)

comhpháirteanna den tsoghluaisteacht idirearnála a threisiú sna hionstraimí atá ann cheana maidir le soghluaisteacht taighdeoirí, agus iad a chomhlánú le hionstraimí nua, i gcás ina meastar gur gá sin;

(c)

feasacht a chruthú maidir le scéimeanna soghluaisteachta idirearnála, trí bhrainse d’Ardán Tallainne LET dá dtagraítear i bpointe 33 den Mholadh seo.

23.

Moltar do na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar scéimeanna náisiúnta a bhunú lena gcuirfear soghluaisteacht idirearnála chun cinn i gceann amháin nó níos mó de na trí réimse tosaíochta dá dtagraítear i bpointe 22 den Mholadh seo.

24.

Moltar do na Ballstáit gach iarracht is gá a dhéanamh chun díothú na mbacainní struchtúracha agus riaracháin atá ann cheana a chur chun cinn, ar bacainní iad a d’fhéadfadh bac a chur ar an tsoghluaisteacht idir earnálacha, lena n-áirítear trí thacú le taighdeoirí bacainní teaghlaigh agus bacainní pearsanta ar an tsoghluaisteacht a shárú, trí thacú le hidir-inoibritheacht gairmeacha, i gcás inarb infheidhme, agus trí shoghluaisteacht shealadach nó bhuan a éascú, gan bac a chur ar chonairí líneacha gairme taighde.

25.

Moltar do na Ballstáit agus don Choimisiún soghluaisteacht idirdhisciplíneach taighdeoirí a chur chun cinn, lena n-áirítear trí bhacainní mar shampla easpa aitheantais agus deacrachtaí maidir le cistiú a fháil ó fhoinsí traidisiúnta a chur san áireamh go leordhóthanach agus aghaidh a thabhairt orthu.

Measúnú, forbairt agus dul chun cinn gairme

26.

Moltar do na Ballstáit tacú le haitheantas a thabhairt don luach a bhaineann le soghluaisteacht gheografach, idirearnála, idirinstitiúideach, idirdhisciplíneach mar mhodhanna tábhachtacha chun eolas eolaíoch agus forbairt ghairmiúil a fheabhsú ag céim ar bith de ghairm an taighdeora. Cruthaíodh gur sócmhainn bhailí í an tsoghluaisteacht fhíorúil agus is féidir í a mheas freisin. Níor cheart don chóras measúnaithe agus luaíochta pionós a ghearradh ar chonairí neamhlíneacha, ilghairme agus hibrideacha.

27.

Moltar do na Ballstáit agus don Choimisiún córais le haghaidh mheasúnú agus luaíocht taighdeoirí a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt dóibh, ar córais iad:

(a)

atá bunaithe ar bhreithiúnas cáilíochtúil neamhchlaonta a sholáthraíonn piaraí agus saineolaithe ábhartha eile, le tacaíocht ó úsáid fhreagrach táscairí cainníochtúla;

(b)

lena dtugtar luach saothair don cháilíocht agus do na tionchair éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ag a gcuid taighde ar an tsochaí, an eolaíocht agus an nuálaíocht;

(c)

éagsúlacht aschuir a aithint, inter alia foilseacháin, tacair sonraí, bogearraí, modheolaíochtaí, prótacail, paitinní; éagsúlacht gníomhaíochtaí, inter alia meantóireacht, maoirseacht taighde, róil cheannaireachta, fiontraíocht, bainistiú sonraí FAIR – de réir na bprionsabal atá inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus in-athúsáidte – athbhreithniú piaraí, teagasc, luacháil eolais, comhar sa tionscal agus sa saol acadúil, tacaíocht do cheapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise, idirghníomhaíocht leis an tsochaí; agus éagsúlacht cleachtas, inter alia Eolaíocht Oscailte, luatheolas agus comhroinnt sonraí, agus comhoibriú oscailte, sa bhreis ar gach taithí soghluaisteachta dá dtagraítear i bpointe 26 den Mholadh seo;

(d)

lena n-áirithítear go gcomhlíonann gníomhaíocht ghairmiúil an taighdeora ardchaighdeáin eitice agus sláine, go gcuireann sí taighde iomchuí i bhfeidhm agus go gcuireann sí luach ar dhea-chleachtais, lena n-áirítear cleachtais oscailte le haghaidh torthaí agus modheolaíochtaí taighde a chomhroinnt, aon uair is féidir;

(e)

lena n-úsáidtear critéir agus próisis mheasúnaithe lena n-urramaítear éagsúlacht na ndisciplíní taighde agus na gcomhthéacsanna náisiúnta;

(f)

lena dtacaítear le héagsúlacht próifílí taighdeoirí agus conairí gairme, agus lena gcuirtear luach ar rannchuidithe daoine aonair, ach freisin ar ról na bhfoirne, ar an obair chomhoibríoch, agus ar an idirdhisciplíneacht;

(g)

lena n-áirithítear an comhionannas inscne, cothromaíocht inscne, comhionannas deiseanna agus cuimsitheacht.

Chun comhleanúnachas a áirithiú i ndáil le cur chun feidhme na moltaí a liostaítear sa phointe seo, moltar do na Ballstáit oiliúint leanúnach a chothú do na gníomhaithe atá páirteach sa phróiseas measúnaithe agus luaíochta.

28.

Iarrtar ar na Ballstáit eagraíochtaí a spreagadh chun páirt a ghlacadh sna comhghuaillíochtaí, sna comhaontais nó sna tionscnaimh a bhunaítear chun córais mheasúnaithe a fhorbairt i gcomhréir leis na moltaí a liostaítear i bpointe 27 den Mholadh seo. Moltar do na Ballstáit freisin dul i ngleic, laistigh dá réimse inniúlachta, le bacainní náisiúnta riaracháin nó dlíthiúla ar an bhforbairt sin ar mheasúnú taighde agus cúnamh a thabhairt chun aon chontrárthacht nó aon neamh-chomhoiriúnacht a d’fhéadfadh a bheith i gcur i bhfeidhm na moltaí a liostaítear i bpointe 27 den Mholadh seo a chosc, idir an measúnú ar thaighde, ar thaighdeoirí agus ar eagraíochtaí taighde.

29.

Moltar do na Ballstáit bearta a chur chun cinn, lena n-áirítear sásraí comhairleacha agus meantóireachta, lena gcuirfear taighdeoirí, go háirithe taighdeoirí luathghairme, ar an eolas faoi na deiseanna atá ar fáil i ngach earnáil ábhartha agus chun cultúr d’éagsúlú gairmeacha a chur chun cinn le haghaidh forbairt phearsanta agus ghairmiúil níos fearr. I ndáil leis an méid sin, moltar do na Ballstáit agus don Choimisiún tacú le soláthar seirbhísí comhairleacha agus tacaíochta gairme, e.g. EURAXESS, chun soghluaisteacht idirearnála, idirdhisciplíneach agus gheografach a spreagadh, chomh maith le gníomhaíochtaí fiontraíochta a chruthú agus a fhorbairt.

30.

Moltar do na Ballstáit córas aontachais agus dul chun cinn atá cóir, cothrom, cuimsitheach, trédhearcach, struchtúrtha agus cothrom ó thaobh inscne de a chur chun cinn do thaighdeoirí sa saol acadúil, suas go dtí na poist is fearr. I ndáil leis sin, moltar do na Ballstáit s machnamh a dhéanamh ar chórais atá cosúil le conair na tionachta a fhorbairt atá le tuiscint mar chreataí sainithe lena bhféadfadh conradh ar théarma seasta, faoi réir meastóireacht dhearfach, éirí ina phost buan.

Cúrsaíocht chothrom na dtallann agus ceann scríbe tarraingteach a dhéanamh den Aontas

31.

Moltar do na Ballstáit gníomhaíocht dhaingean a dhéanamh chun dálaí fabhracha, tarraingteacha agus iomaíocha a chur i bhfeidhm chun gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dhéanamh, agus chun taighdeoirí ar an gcoigríoch a thabhairt ar ais. D’fhéadfaí na nithe seo a leanas a áireamh ar na bearta sin, ach gan a bheith teoranta dóibh:

(a)

dreasachtaí chun gníomhaíochtaí taighde a dhéanamh níos tarraingtí, agus an gá le hiomaíocht chóir do dhaoine tréitheacha á chur san áireamh;

(b)

na ceanglais dlíthiúil agus riaracháin a shimpliú do thaighdeoirí;

(c)

infheistíochtaí sa chóras taighde agus nuálaíochta, lena n-áirítear tacaíocht do líonrú laistigh den Aontas agus lasmuigh de, chun na córais náisiúnta taighde agus nuálaíochta a nascadh agus a chomhtháthú le líonraí taighde Eorpacha agus chun infheictheacht níos airde ar chumais náisiúnta agus ar bhonneagair ardleibhéil taighde agus teicneolaíochta a sholáthar;

(d)

malartú dea-chleachtas i ndáil le timpeallacht taighde agus nuálaíochta atá tarraingteach agus iomaíoch a chruthú, fiú maidir le luach saothair, dálaí oibre agus seirbhísí a fheabhsú, agus bacainní riaracháin agus teanga do thaighdeoirí eachtracha agus soghluaiste idirnáisiúnta a laghdú;

(e)

deontais fillte agus ath-lánpháirtithe gairme agus poist tharraingteacha do thaighdeoirí atá ag filleadh;

(f)

an fhéidearthacht dhá phost a bheith acu in institiúidí atá bunaithe i mBallstáit éagsúla, agus ar an gcaoi sin aistriú eolais, forbairt scileanna agus comhar a chothú agus imirce daoine tréitheacha a chosc

(g)

féachaint ar roghanna le haghaidh cur chuige coiteann d’fhoireann na mBonneagar Taighde, go háirithe i gcás Chuibhreannas na mBonneagar Taighde Eorpach (ERIC).

Moltar don Choimisiún tacú leis na Ballstáit ina gcuid iarrachtaí, lena n-áirítear trí cur chun feidhme sineirgí a éascú idir cláir an Aontais, agus idir cláir an Aontais agus cláir náisiúnta.

32.

Moltar don Choimisiún na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh chun cúrsaíocht tallann níos cothroime a chothú:

(a)

tacú le foghlaim fhrithpháirteach do na Ballstáit i bhfianaise an athchóirithe ar a gcórais taighde agus nuálaíochta, lena n-áirítear trí ghlaonna ar léiriú spéise chun pobal cleachtais a chruthú ina mbeidh oiliúint agus treoir do na Ballstáit ar bhonn conairí agus réitigh rathúla lena gcumasófar cúrsaíocht tallainne níos cothroime;

(b)

faireachán a dhéanamh ar shreafaí soghluaisteachta, laistigh den Aontas agus le tríú tíortha, trí léarscáil idirghníomhach cúrsaíochta tallainne san fhaireachlann maidir le gairmeacha taighde dá dtagraítear i bpointe 40 den Mholadh seo;

(c)

naisc thrasnáisiúnta le pobail an diaspóra taighde agus nuálaíochta agus tríú tíre a éascú agus mealladh nó filleadh daoine tréitheacha a éascú, trí bhrainse d’Ardán Tallainne LET dá dtagraítear i bpointe 33 den Mholadh seo;

(d)

cúrsaíocht chothrom tallainne taighdeoirí ar leibhéal an Aontais a chur chun cinn, trí bhonn an chaipitil dhaonna a neartú le taighdeoirí agus nuálaithe atá níos fiontraíche, níos bainistiúla agus níos oilte.

Bearta tacaíochta do ghairmeacha taighde

33.

Moltar don Choimisiún agus do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun tairseacha agus seirbhísí EURAXESS a neartú, chomh maith leis an ngné idirnáisiúnta, agus Ardán Tallainne LET a fhorbairt mar ionad ilfhreastail ar líne do thaighdeoirí agus d’institiúidí sna hearnálacha uile, le creat rialachais nua agus ról comhordúcháin na gcomhlachtaí agus na n-institiúidí náisiúnta ábhartha atá páirteach i soláthar seirbhísí. Le hArdán Tallainne LET, ba cheart:

(a)

é a chur ar a gcumas do thaighdeoirí a ndeiseanna foghlama agus oiliúna agus a ngairmeacha a bhainistiú;

(b)

é a chur ar a gcumas d’institiúidí taighde agus nuálaíochta, d’fhostóirí agus do chisteoirí gníomhaíochtaí líonraithe a dhéanamh, bainistiú níos fearr a dhéanamh ar a linnte tallann, oibriú i gcomhar agus dea-chleachtais a mhalartú, agus mealladh agus coinneáil daoine tréitheacha a éascú agus sonraí a fheabhsú san am céanna ar mhaithe le tuiscint níos fearr a fháil ar threochtaí soghluaisteachta ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin.

D’fhéadfaí seirbhísí a leathnú chun seirbhísí forbartha tallainne agus bainistíochta gairmeacha a áireamh, agus béim á leagan ar thaighdeoirí sna hearnálacha ábhartha uile den tsochaí, lena n-áirítear an saol acadúil.

34.

Moltar don Choimisiún naisc agus idir-inoibritheacht a áirithiú idir Ardán Tallainne LET agus tionscnaimh ábhartha eile de chuid an Aontais agus tionscnaimh ábhartha náisiúnta, lena n-áirítear Europass, ESCO agus EURES, chun foráil a dhéanamh do shamhail rialachais fheabhsaithe ar an ardán agus ar an mbunlíonra d’ionaid seirbhíse chun freastal níos fearr ar riachtanais taighdeoirí agus na n-eagraíochtaí a dhéanann taighde.

35.

Moltar do na Ballstáit agus don Choimisiún aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann le formhuiniú agus cur chun feidhme na Cairte do Thaighdeoirí dá dtagraítear i bpointe 36 den Mholadh seo.

36.

Ba cheart an Chairt nua do Thaighdeoirí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Moladh seo a chur in ionad na Cairte agus an Chóid do Thaighdeoirí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2005/251/CE. Moltar do na Ballstáit agus don Choimisiún formhuiniú agus cur chun feidhme na Cairte nua do Thaighdeoirí ag fostóirí taighde agus ag cisteoirí ó na hearnálacha uile a spreagadh, lena n-áirítear trí dhreasachtaí tiomnaithe, ionas go mbeidh sí ina huirlis struchtúrach chun tacú le taighdeoirí agus le gairmeacha taighde.

37.

Moltar don Choimisiún an Straitéis Acmhainní Daonna do Thaighdeoirí, nó aon sásra cur chun feidhme den chineál sin a bheidh ann amach anseo, a oiriúnú don Chairt nua do Thaighdeoirí, agus leanúnachas a áirithiú i ndáil leis na hinstitiúidí a d’fhormhuinigh prionsabail na Seanchairte agus an tSeanchóid do Thaighdeoirí agus a chloígh leis an Straitéis Acmhainní Daonna do Thaighdeoirí, go háirithe trína meas go leanann siad de bheith ag formhuiniú na Cairte agus an Chóid do Thaighdeoirí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Moladh seo. Moltar don Choimisiún na bearta idirthréimhseacha céanna a chur i bhfeidhm maidir leis na hinstitiúidí a thosaigh an próiseas maidir leis an Straitéis Acmhainní Daonna do Thaighdeoirí faoin tSeanchairt agus faoin Seanchód do Thaighdeoirí.

38.

Moltar don Choimisiún na huirlisí uile a athbhreithniú agus a oiriúnú go tráthrialta chun tacú le gairmeacha taighde, bunaithe ar riachtanais iarbhír taighdeoirí, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara ábhartha.

39.

Moltar don Choimisiún agus do na Ballstáit comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais a spreagadh agus tacú leo, mar shampla comhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha, earnáil ardoideachais, taighde agus nuálaíochta iomlán na hEorpa agus na páirtithe leasmhara ábhartha uile, chun gníomhaíochtaí ábhartha dá bhforáiltear leis an Moladh seo a phíolótú ar bhonn cur chuige deonach agus cur chuige ó bhun aníos.

Faireachán a dhéanamh ar ghairmeacha taighde

40.

Anuas ar chórais faireacháin uileghabhálacha an Limistéir Eorpaigh Taighde, moltar don Choimisiún agus do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar ghnéithe ábhartha de ghairmeacha taighde san Aontas agus ar chur chun feidhme an Mholta seo trí Fhaireachlann thiomnaithe a rachaidh chun tairbhe don phobal taighde, do lucht ceaptha beartas, do riaracháin phoiblí agus d’eagraíochtaí ábhartha ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart don Fhaireachlann tacú le tuiscint níos fearr a bheith ag taighdeoirí ar na dúshláin agus ar na deiseanna, agus ba cheart di freisin tarraingteacht eagraíochtaí taighde de chuid an Aontais a chur chun cinn do na daoine tréitheacha is fearr, agus cosaint príobháideachais sonraí á ráthú le linn cur chun feidhme.

41.

Ba cheart don Fhaireachlann an cineál sonraí tacaíochta a bheadh ábhartha chun breathnú ar ghairmeacha taighde a mheas agus a shainaithint go cúramach. I gcás inar féidir, ba cheart breathnú ar naisc le sonraí atá ann cheana agus tosaíocht a thabhairt dóibh chun an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit agus ar na páirtithe leasmhara ábhartha uile a laghdú. Moltar do na Ballstáit oibriú i gcomhar le chéile chun sonraí atá ábhartha do chur chun feidhme na faireachlainne a bhailiú ar bhealach éifeachtúil agus inbhuanaithe.

42.

Iarrtar ar an gCoimisiún bearta breise a mholadh – ar bhonn na sonraí a sholáthraíonn an Fhaireachlann um ghairmeacha taighde – chun forbairt gairmeacha taighde a spreagadh agus a chur chun cinn.

43.

Moltar don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, breathnú ar na naisc ábhartha idir an Fhaireachlann um Ghairmeacha Taighde agus an Fhaireachlann Eorpach um Earnáil an Ardoideachais a mholtar sa Straitéis Eorpach d’Ollscoileanna, i gcás inarb ábhartha, agus ar an gcaoi sin, sineirgí idir an Limistéar Eorpach Taighde agus an Limistéar Eorpach Oideachais a fheabhsú.

44.

Moltar do na Ballstáit agus don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar na sonraí arna mbailiú i gcomhthéacs Rialachán (AE) 2019/1700 a oiriúnú do riachtanais sonraí na faireachlainne dá dtagraítear i bpointe 40 den Mholadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Nollaig 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. RIBERA RODRÍGUEZ


(1)  Moladh 2005/251/CE ón gCoimisiún an 11 Márta 2005 maidir leis an gCairt Eorpach do Thaighdeoirí agus maidir le Cód Iompair le haghaidh Earcaíocht Taighdeoirí (IO L 75, 22.3.2005, lch. 67).

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún ‘An Clár Oibre Eorpach um Scileanna le haghaidh an iomaíochais inbhuanaithe, na cothroime sóisialta agus na hathléimneachta’, COM(2020) 274 final.

(3)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún ‘LET nua don Taighde agus don Nuálaíocht’, COM(2020) 628 final.

(4)  Moladh (AE) 2021/2122 ón gComhairle an 26 Samhain 2021 maidir leis an gComhshocrú um Thaighde agus um Nuálaíocht san Eoraip, (IO L 431, 2.12.2021, lch. 1).

(5)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis Eorpach maidir le hollscoileanna, COM(2022) 16 final.

(6)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún – Clár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht, COM(2022/332) final.

(7)  Moladh (AE) 2022/2415 ón gComhairle an 2 Nollaig 2022 maidir leis na treoirphrionsabail le haghaidh luachshocrú eolais (IO L 317, 9.12.2022, lch. 141).

(8)  Conclúidí ón gComhairle maidir le tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha – An t-ardoideachas, an taighde, an nuálaíocht agus an tsochaí a nascadh: an bealach a réiteach do ghné nua san ardoideachas Eorpach, (IO C 221, 10.6.2021, lch. 14).

(9)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025 [Aontas an Chomhionannais: an Straitéis Comhionannais Inscne 2020-2025] COM(2020) 152 final.

(10)  Treoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 i dtaca leis an gcomhaontú réime maidir le hobair théarma shocraithe a thug ETUC, UNICE agus CEEP i gcrích (IO L 175, 10.7.1999, lch. 43).

(11)  Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (2019/C 387/01) (IO C 387, 15.11.2019, lch. 1).

(12)  Moladh (AE) 2022/2415 ón gComhairle an 2 Nollaig 2022 maidir leis na treoirphrionsabail le haghaidh luachshocrú eolais (IO L 317, 9.12.2022, lch. 141).

(13)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Leas a bhaint as an tallann i réigiúin na hEorpa, an 17 Eanáir 2023, COM(2023) 32 final.

(14)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Scileanna agus tallann a mhealladh chuig an Aontas Eorpach, COM/2022/657 final.

(15)  Treoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí, agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/50/CE ón gComhairle (IO L 382, 28.10.2021, lch. 1).

(16)  Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016, maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe le haghaidh náisiúnaigh tríú tír chun críoch taighde, staidéir, oiliúna, seirbhís dheonach, scéimeanna malartaithe daltaí nó tionscadail oideachais agus obair au pair (IO L 132, 21.5.2016, lch. 21).

(17)  Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 808/2004, (CE) Uimh. 452/2008 agus (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle (IO L 261I, 14.10.2019, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Samplaí de ghairmeacha le haghaidh taighdeoirí in earnálacha éagsúla ar fud na bpróifílí R1-R4

Agus aird chuí á tabhairt ar inniúlachtaí náisiúnta agus chun úsáid tagairtí do na próifílí a éascú i ngach folúntas atá dírithe go sonrach ar thaighdeoirí, tugtar samplaí i gcás gach earnála san iarscríbhinn seo agus é mar aidhm gairmeacha taighdeoirí a dhéanamh inchomparáide agus idir-inoibritheach ar fud na n-earnálacha fostaíochta agus na dtíortha éagsúla.

Ba cheart do na heintitis lena mbaineann aird a thabhairt ar an tuiscint ar an sainmhíniú ar Thaighdeoir agus ar a phróifílí mar a léirítear i Moladh 1, 2, 5 agus 6.

Tábla 1

Samplaí de Ghairmeacha sa Chreat Eorpach le haghaidh Gairmeacha Taighde

R1 - Taighdeoir na Chéad Chéime

R2 - Taighdeoir Aitheanta

iarrthóir dochtúireachta

acadóir sóisearach

anailísí taighde sóisearach

innealtóir taighde sóisearach

taighdeoir/eolaí sóisearach

oifigeach eolaíochta sóisearach

printíseach/intéirneach taighde

acadóir sóisearach

léachtóir sóisearach

anailísí taighde sóisearach

innealtóir taighde sóisearach

taighdeoir/eolaí sóisearach

oifigeach eolaíochta sóisearach

taighdeoir iardhochtúireachta

R3 - Taighdeoir Bunaithe

R4 - Príomhthaighdeoir

taighdeoir creidiúnaithe

ollamh cúnta

ollamh comhlach

taighdeoir comhlach

príomh-imscrúdaitheoir

príomhthaighdeoir/príomheolaí

léitheoir

comhalta taighde

speisialtóir taighde

comhairleoir eolaíochta

acadóir sinsearach

léachtóir sinsearach

comhlach taighde agus forbartha sinsearach

innealtóir taighde sinsearach

taighdeoir sinsearach/eolaí sinsearach

oifigeach eolaíochta sinsearach

príomhoifigeach eolaíochta

ollamh céimiúil

ollamh déanta

príomh-imscrúdaitheoir

príomhthaighdeoir/príomheolaí

léitheoir

comhalta taighde

ollamh taighde

speisialtóir taighde

comhairleoir eolaíochta

acadóir sinsearach

léachtóir sinsearach

comhlach taighde agus forbartha sinsearach innealtóir taighde sinsearach

taighdeoir sinsearach/eolaí sinsearach

oifigeach eolaíochta sinsearach

Maidir leis na samplaí de ghairmeacha taighdeora de réir na bpróifílí R1-R4 atá liostaithe i dTábla 1, tá sé tábhachtach an méid seo a leanas a chur in iúl:

Ní bheartaítear na samplaí a bheith uileghabhálach, ach léirítear leo na cineálacha teidil a thugtar ar thaighdeoirí ar fud phróifílí R1-R4 agus ar fud na n-earnálacha uile

Níl sna samplaí ach teidil i mBéarla, agus aithnítear go mbeidh teidil dhifriúla in earnálacha agus tíortha éagsúla, agus go mbeidh teidil dhifriúla i dteangacha éagsúla

D’fhéadfadh roinnt gairmeacha taighdeora a bheith le feiceáil i níos mó ná próifíl amháin de chuid R1-R4 i gcás ina mbraithfidh an cinneadh maidir le próifíl ar leibhéal an neamhspleáchais, na taithí, agus an aitheantais

Déanfar an cinneadh deiridh maidir le cé acu a bhaineann nó nach mbaineann duine aonair agus gairm bheatha le R1-R4 ar bhonn cás ar chás, agus beidh sé ag brath ar an duine aonair agus ar an ngairm bheatha


IARSCRÍBHINN II

An Chairt Eorpach do Thaighdeoirí

Is sraith prionsabal é an Chairt Eorpach do Thaighdeoirí lena gcuirtear taca faoi fhorbairt gairmeacha taighde tarraingteacha chun tacú le barr feabhais sa taighde agus sa nuálaíocht ar fud na hEorpa. Dírítear sa Chairt Eorpach do Thaighdeoirí (‘Cairt do Thaighdeoirí’) ar chearta agus ar fhreagrachtaí taighdeoirí, fostóirí, cisteoirí agus lucht ceaptha beartas; tá 20 príomhphrionsabal ann. Aicmítear iad sin faoi na ceithre cholún seo a leanas:

(a)

An Eitic, an tSláine, Inscne agus an Eolaíocht Oscailte;

(b)

Measúnú, Earcaíocht agus Dul Chun Cinn na dTaighdeoirí;

(c)

Dálaí agus Cleachtais Oibre;

(d)

Gairmeacha Taighde agus Forbairt Tallainne.

Tá an Chairt do Thaighdeoirí dírithe ar gach taighdeoir, gach earnáil ina ndéantar taighde agus gach brateagraíocht faoi seach (geallsealbhóirí). Áirítear sa mhéid sin:

(a)

Taighdeoirí i ngach earnáil – an saol acadúil, eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha a dhéanann taighde;

(b)

Fostóirí taighdeoirí sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha;

(c)

Cisteoirí taighde agus taighdeoirí sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha;

(d)

Lucht ceaptha beartas a mbaineann a gcuid oibre le beartais a tá ábhartha don Chairt.

Tugtar aghaidh leis ar thaighdeoirí ar fud na ndisciplíní uile, lena n-áirítear an Eolaíocht, an Teicneolaíocht, an Innealtóireacht agus an Mhatamaitic (STEM), na hEolaíochtaí Sóisialta agus na Daonnachtaí (SSH). Cumhdaítear leis cineálacha uile an taighde lena n-áirítear taighde ar thús cadhnaíochta, taighde spriocdhírithe, taighde straitéiseach, taighde feidhmeach agus taighde gar don mhargadh.

COLÚN 1 – AN EITIC, AN tSLÁINE, INSCNE AGUS AN EOLAÍOCHT OSCAILTE

1.

AN EITIC AGUS AN tSLÁINE TAIGHDE

2.

SAOIRSE AN TAIGHDE EOLAÍOCH

3.

AN EOLAÍOCHT OSCAILTE

4.

AN COMHIONANNAS INSCNE

5.

GLACADH LEIS AN ÉAGSÚLACHT

6.

AN TAIGHDEOIR

7.

SAORCHÚRSAÍOCHT TAIGHDEOIRÍ

8.

INBHUANAITHEACHT AN TAIGHDE

Bailítear leis an gcolún seo bunphrionsabail na Cairte do Thaighdeoirí agus an gealltanas inti chun tacú le barr feabhais sa taighde, a thuigtear sa chomhthéacs sin mar na foirne agus na tionscadail taighde is fearr is féidir a chothú, saor ó chlaontacht inscne agus eile. Meastar go gcuirfidh na prionsabail faoin gcolún seo le bunchloch na físe maidir le Limistéar Eorpach Taighde a athbheochan, agus taighdeoirí, fostóirí taighde, cisteoirí agus lucht ceaptha beartas na hEorpa a spreagadh. Mar gheall ar chineál trasnach na luachanna sin uile, meastar go ndéanfar iad a phríomhshruthú agus a chur san áireamh agus an chuid eile de na prionsabail á n-úsáid.

(1)   An Eitic agus an tSláine Taighde (1)

Ba cheart do thaighdeoirí rialacha dochta eitice a chomhlíonadh agus na béasa a leanas a chleachtadh acu agus iad ag tabhairt faoina gcuid oibre: macántacht; iontaofacht; oibiachtúlacht; neamhchlaontacht agus neamhspleáchas; cumarsáid oscailte; dualgas cúraim; cothroime agus freagracht as na glúine eolaíochta a bheidh ann amach anseo. Is iad sin bunchlocha iad an taighde fhreagraigh iontaofa atá saor ó thionchar míchuí (lena n-áirítear an cur isteach eachtrach agus an choinbhleacht leasa) Is réamhriachtanas iad chun barr feabhais a bhaint amach, agus cuirtear bonn taca leo faoin bhfreagracht a bhíonn ar thaighdeoirí claontachtaí agus aicearraí modheolaíochta a sheachaint.

Ba cheart do thaighdeoirí cloí leis na cleachtais eitice aitheanta agus leis na bunphrionsabail eiticiúla is iomchuí ina ndisciplín nó ina ndisciplíní chomh maith le caighdeáin eiticiúla mar atá doiciméadaithe sna Cóid Eitice náisiúnta, earnála nó institiúideacha éagsúla.

Is ar na taighdeoirí iad féin atá an phríomhfhreagracht as an tsláine taighde. Ba cheart cultúr institiúideach sláine taighde a bheith ann chun tacú le taighdeoirí rialacha, nósanna imeachta agus treoirlínte a chruthú agus a urramú chomh maith le hoiliúint agus meantóireacht a chur ar fáil bunaithe ar mhalartú dea-chleachtas.

Chun dea-chleachtais taighde agus cultúr sláine taighde a chothú, ní mór do na geallsealbhóirí uile lena mbaineann roinnt gnéithe a mheas, mar shampla, an tsláine taighde i dtimpeallachtaí taighde; oiliúint agus fothú acmhainneachta maidir leis an tsláine taighde; an tsláine taighde a bheith ina dlúthchuid de phróisis agus beartais taighde; beartais maidir le sonraí, foilsitheoireacht, scaipeadh, athbhreithniú, meastóireacht agus eagarthóireacht. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart sásraí a chur i bhfeidhm chun mí-iompar taighde a shainaithint, a thuairisciú agus a láimhseáil.

Ba cheart do thaighdeoirí bradaíl de chineál ar bith a sheachaint. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar phrionsabail na comhúinéireachta nuair a dhéantar taighde i gcomhar le maoirseoirí agus/nó taighdeoirí eile – de réir mar is iomchuí i ndisciplín – agus i rialacha maidir le maoin intleachtúil. Ba cheart feidhm a bheith aige sin ag céimeanna uile an phróisis taighde lena n-áirítear bunsmaoineamh, ullmhú iarratas ar chistiú agus forbairt agus seachadadh torthaí. Níor cheart a dhéanamh amach gur bradaíl atá i gceist nuair is gá barúlacha a bhailíochtú trína léiriú gur féidir torthaí a atáirgeadh, , ar choinníoll go dtagraítear go sainráite do na sonraí atá le deimhniú.

Tá luachanna na heitice agus na sláine an-tábhachtach freisin nuair a bhíonn ról maoirseachta ag taighdeoirí. Ba cheart iad sin a chur i bhfeidhm go pras chun timpeallacht taighde atá sábháilte, cuimsitheach agus comhionann ó thaobh inscne de a áirithiú do gach duine lena mbaineann, go háirithe nuair a tharlaíonn idirdhealú, ciapadh gnéasach nó morálta, bac ar fhoghlaim nó ar obair thaighde, nó sealbhú pearsanta gan údar sonraí nó torthaí.

(2)   Saoirse an Taighde Eolaíoch.

Is bunluach agus bunphrionsabal coiteann í saoirse an taighde eolaíoch le haghaidh comhar taighde laistigh den Limistéar Eorpach Taighde agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta. Ba cheart do thaighdeoirí a gcuid taighde a dhíriú ar leas an chine dhaonna agus chun talamh nua a bhriseadh i dtaca le heolas an duine, agus na saoirsí a leanas á dteachtadh acu: an tsaoirse smaointeoireachta, an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse tuairimí a nochtadh, an tsaoirse chun ceisteanna taighde a shainiú, an tsaoirse modhanna a shainaithint trína réitítear fadhbanna, an tsaoirse chun teoiricí a roghnú agus a fhorbairt, an tsaoirse chun an tuiscint choiteann a cheistiú agus smaointe nua a thabhairt chun cinn agus an tsaoirse a bheith rannpháirteach i gcomhlachtaí acadúla gairmiúla nó ionadaíocha. Ba cheart ceart a bheith ag taighdeoirí torthaí a gcuid taighde a scaipeadh agus a fhoilsiú lena n-áirítear trí oiliúint agus trí theagasc. Ba cheart do thaighdeoirí, áfach, aitheantas a thabhairt do na teorainneacha atá leis an tsaoirse sin a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar gheall ar imthosca áirithe taighde – lena n-áirítear maoirseacht/treoraíocht/bainistíocht – nó srianta dlíthiúla nó oibríochtúla, e.g. ar chúiseanna a bhaineann le cearta maoine intleachtúla, buiséad nó bonneagar.

(3)   An Eolaíocht Oscailte

Ba cheart do thaighdeoirí díriú ar bheith rannpháirteach i ngach gné den Eolaíocht Oscailte (2) agus ba cheart dá bhfostóirí agus dá gcisteoirí sin a éascú. Ba cheart dóibh a dtorthaí a roinnt go hoscailte, e.g. trí shonraí oscailte agus FAIR - sonraí inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheacha agus in-athúsáidte, foilseacháin rochtana oscailte, agus bogearraí oscailte, samhlacha agus algartaim. Ba cheart dóibh bearta a dhéanamh chun in-atáirgtheacht na dtorthaí taighde a áirithiú. Ba cheart é a bheith mar aidhm acu modheolaíochtaí Eolaíochta Oscailte a chleachtadh agus a bheith páirteach in athbhreithniú oscailte piaraí. Ba cheart d’fhostóirí agus do chisteoirí tacú le fíorchultúr Eolaíochta Oscailte, na huirlisí agus an bonneagar riachtanach a chur ar fáil di sin agus an cur chuige sin a chúiteamh ar fud an Aontais, lena n-áirítear rochtain oscailte ar fhoilseacháin léannta, ar shonraí taighde agus ar aschuir taighde eile a phríomhshruthú – i.e. de réir an phrionsabail ‛a oscailte is féidir, a iata is gá’ – agus scaipeadh agus glacadh phrionsabail agus chleachtais Eolaíochta Oscailte, agus breithniú á dhéanamh san am céanna ar dhifríochtaí idir disciplíní agus difríochtaí cultúrtha, lena n-áirítear ilteangachas, tacú le forbairt scileanna Eolaíochta Oscailte, agus an bonneagar digiteach agus an tseirbhís dhigiteach is bonn taca léi a fhorbairt agus a chomhtháthú a thuilleadh.

Eolaíocht na Saoránach

Ba cheart do thaighdeoirí eolaíocht na saoránach a ionchorprú ina dtionscadail a mhéid is féidir agus i gcás inarb ábhartha. Ciallaíonn sé sin go mbeidh saoránaigh rannpháirteach i gcoincheapadh, dearadh agus cur chun feidhme tionscadal taighde ETIM agus SSH. Is bealach idéalach é seo chun an eolaíocht a dhaonlathú, muinín a chothú san eolaíocht, agus an fhaisnéis agus na cumais shochaíocha ollmhóra a ghiaráil chun taighde agus nuálaíocht den scoth a dhéanamh.

(4)   An Comhionannas Inscne

Ba cheart do na geallsealbhóirí uile comhionannas inscne agus cothromaíocht inscne a chothú i bhfoirne taighde, i gcomhlachtaí bainistíochta agus cinnteoireachta, i gcoistí earcaíochta agus ardaithe céime agus i ngrúpaí comhairleacha. Áirítear leis sin comhtháthú ghné na hinscne a chothú in ábhar an taighde, an teagaisc agus na nuálaíochta chun feabhas a chur ar cháilíocht eolaíoch, barr feabhais agus ábharthacht shochaíoch an eolais arna tháirgeadh. Tá sé mar aidhm leis an gcomhionannas inscne freisin foréigean inscnebhunaithe agus gnéaschiapadh a chomhrac. Ba cheart dearcadh trasnach a bheith ag duine chun comhionannas inscne a thuiscint, dearcadh ar dá bhun a dtagann córais chumhachta éagsúla de chatagóir na hinscne agus de chatagóirí agus féiniúlachtaí sóisialta eile le chéile, agus ina dtreisíonn siad a chéile. Is féidir comhionannas inscne a chur chun cinn ar bhealach leormhaith trí athruithe institiúideacha inbhuanaithe, arna ndéanamh trí phleananna Comhionannais Inscne (3) nó a leithéidí, lena mbeifear in ann sáruithe a thuairisciú go cuí, agus lena n-áirítear córais faireacháin agus mheastóireachta.

Tá an chothromaíocht oibre is saoil ina príomhghné den chlaochlú ar chultúr eagraíochta agus comhionannas inscne á chur chun cinn. Tá an chothromaíocht oibre is saoil ábhartha do mhná agus fir araon, agus is é atá i gceist léi a áirithiú go dtugtar tacaíocht cheart do gach ball foirne chun a ngairm a chur chun cinn i gcomhthráth le freagrachtaí pearsanta a chomhlíonadh a d’fhéadfadh a bheith orthu lasmuigh den ionad oibre, lena n-áirítear freagrachtaí cúraim.

(5)   Glacadh leis an Éagsúlacht

Is croíphrionsabal den Limistéar Eorpach Taighde é éagsúlacht a chur san áireamh sa chiall leathan, lena n-áirítear, inter alia, inscne, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, éagsúlacht shóisialta, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, agus idirdhealú ar gach foras a chomhrac. Ba cheart d’fhostóirí agus do chisteoirí fáilte a chur roimh an éagsúlacht ina dtaighdeoirí toisc go gcuireann taithí éagsúil saoil le tionscadail taighde mar gheall ar na dearcthaí luachmhara a thagann leis sin. Anuas air sin, d’fhéadfadh éagsúlacht na rannpháirtithe cur le torthaí taighde, torthaí a bhaineann leis na sochaithe ilghnéitheachta inar mairimid agus a chuireann leo.. Ina theannta sin, ní mór claontachtaí neamh-chomhfhiosacha a aithint, mar shampla agus cúraimí á ndéanamh a bhaineann le fostú, ardú céime agus meastóireacht, agus ní mór cúiteamh a thabhairt ina leith nuair is féidir, go háirithe i réimse na heolaíochta.

(6)   An Taighdeoir

Is ag gabháil do cheapadh nó cruthú eolais eolaíoch nua a bhíonn gach taighdeoir bunaithe ar choincheapa nó hipitéisí bunaidh. Is gairmithe iad taighdeoirí ar cheart meas a bheith ar a gcuid oibre, gan beann ar an earnáil ina n-oibríonn siad. Ba cheart tús a chur leis sin ag tús a ngairmréime, is é sin ar leibhéal na hiarchéime, agus ba cheart gach leibhéal a áireamh ann, gan beann ar a aicmiú ar an leibhéal náisiúnta.

Ba cheart d’fhostóirí agus do chisteoirí conairí neamhlíneacha agus ilghairme a spreagadh agus tacú leo, a thuigfear mar chonairí a bhaineann go sonrach le soghluaisteacht gheografach, dhisciplíneach, idir-earnála agus idir-eagraíochta – e.g. iasachtaí. Ba cheart dóibh spreagadh a thabhairt do chonairí hibrideacha freisin lena gcomhcheanglaítear earnálacha éagsúla go comhuaineach, ar cheart iad a mheas a bheith ar comhchéim le conairí gairme líneacha.

Meon Gairmiúil

Ba cheart eolas a bheith ag taighdeoirí ar na spriocanna straitéiseacha lena rialaítear a dtimpeallacht taighde agus a sásraí cistiúcháin agus ba cheart dóibh gach formheas is gá a lorg sula dtosóidh siad a gcuid taighde nó sula ndéanfaidh siad na hacmhainní a sholáthraítear a rochtain. Ba cheart do thaighdeoirí a ndícheall a dhéanamh chun a áirithiú go mbeadh a gcuid taighde ábhartha don tsochaí trí thuiscint níos fearr ar an saol a éascú, agus nach ndúblálfadh sé, gan gá, taighde a rinneadh áit éigin eile roimhe seo. Ní mór luachshocrú éifeachtúil a dhéanamh ar thorthaí taighde lena aghaidh sin.

Ba cheart cumarsáid shoiléir a bheith ann idir taighdeoirí agus fostóirí, cisteoirí nó maoirseoirí nuair a chuirtear moill ar thionscadal taighde, nuair a athshainítear é nó nuair a thugtar i gcrích é; ba cheart fógra a thabhairt má táthar le deireadh a chur le tionscadal taighde go luath nó é a chur ar fionraí ar chúis ar bith.

Cuntasacht

Is é atá i gceist le bheith cuntasach go nglacann duine freagracht as a ghníomhaíochtaí agus taighde á dhéanamh aige. Ní mór do thaighdeoirí a bheith ar an eolas go bhfuil siad freagrach i leith a bhfostóirí, a gcisteoirí nó i leith comhlachtaí poiblí nó príobháideacha gaolmhara eile agus, ar fhorais níos eiticiúla, i leith na sochaí. Taighdeoirí a fhaigheann cistiú ó chistí poiblí, tá siad cuntasach faoi úsáid éifeachtúil airgead na gcáiníocóirí freisin. Dá réir sin, ba cheart dóibh cloí le prionsabail na bainistíochta fónta, trédhearcaí agus éifeachtúla airgeadais agus comhoibriú le linn aon iniúchtaí údaraithe ar a dtaighde, bíodh sé gurb é a bhfostóirí/a gcisteoirí a dhéanann iad nó gur coistí eitice a dhéanann iad. Táthar ag súil, dá bhrí sin, gur eiseamláir d'iompar eiticiúil iad a bheith i dtaighdeoirí dá bpiaraí agus don tsochaí i gcoitinne.

Maidir le modhanna bailiúcháin agus anailíse, na haschuir agus, i gcás inarb infheidhme, mionsonraí na sonraí, ba cheart dóibh a bheith oscailte i gcomhair grinnscrúdú inmheánach agus seachtrach, aon uair is gá agus de réir mar a iarrann na húdaráis iomchuí. Tá sé sin tábhachtach freisin chun na sonraí a dhéanamh oscailte agus chun cuidiú le hin-atáirgtheacht na dtorthaí a áirithiú.

(7)   Saorchúrsaíocht taighdeoirí

Ba cheart d’fhostóirí agus do chisteoirí saorchúrsaíocht taighdeoirí, faisnéise eolaíche agus teicneolaíochta a chur chun cinn, agus daoine tréitheacha a mhealladh, chomh maith le himirce fhéideartha na ndaoine tréitheacha a sheachaint san am céanna. Ba cheart dóibh aitheantas a thabhairt don luach a bhaineann le soghluaisteacht gheografach, idirinstitiúideach, idirearnálach, idirdhisciplíneach agus thrasdisciplíneach mar bhealaí tábhachtacha chun eolas agus forbairt ghairmiúil a fheabhsú ag aon chéim de ghairm an taighdeora, agus luach agus aitheantas iomlán a thabhairt d’aon taithí soghluaisteachta laistigh dá dhul chun cinn gairme nó dá chóras breithmheasa. Cruthaíodh gur sócmhainn bhailí í an tsoghluaisteacht fhíorúil agus is féidir sin a áireamh freisin. Ní mór, ar an ábhar sin, na hionstraimí riaracháin is gá a chur i bhfeidhm ionas gur féidir deontais agus forálacha slándála sóisialta a bheith inaistrithe, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta.

(8)   Inbhuanaitheacht an Taighde

Ba cheart do thaighdeoirí, fostóirí agus cisteoirí cur chun feidhme inbhuanaithe gníomhaíochtaí taighde a chur chun cinn i gcomhréir leis na tionscnaimh beartais atá á nglacadh faoi láthair agus a ghlacfar amach anseo chun an tsochaí a chur chun cinn, mar shampla, an Comhaontú Glas don Eoraip, Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Ba cheart tacaíocht a thabhairt do thaighdeoirí trí chultúr institiúideach lena mbainistítear an taighde ar bhealach inbhuanaithe, agus lena gcuirtear ar fáil oiliúint agus meantóireacht bunaithe ar mhalartú dea-chleachtas. Ba cheart do thaighdeoirí a bheith ar thús cadhnaíochta maidir lena n-astaíochtaí carbóin a laghdú ar bhealach lena dtugtar dea-shampla do dhaoine eile laistigh den phobal taighde.

Is féidir ‘Cairt Ghlas MSCA’ an Choimisiúin Eorpaigh, a forbraíodh faoi chuimsiú Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (GMSC), a úsáid mar phointe tagartha.

COLÚN 2 – MEASÚNÚ, EARCAÍOCHT AGUS DUL CHUN CINN TAIGHDEOIRÍ

1.

MEASÚNÚ TAIGHDEOIRÍ

2.

EARCAÍOCHT

3.

ROGHNÚ

4.

DUL CHUN CINN GAIRME

Agus measúnú á dhéanamh ar thaighdeoirí, ba cheart a áirithiú go dtabharfar aitheantas agus cúiteamh cothrom do ghairmeacha taighdeoirí gan beann ar earnáil na fostaíochta nó na gníomhaíochta, agus ba cheart é a bheith ag leanúint cur chuige neamhchlaonta atá bunaithe ar thallann. Tá beartais cothroma maidir le hearcaíocht agus roghnú taighdeoirí ríthábhachtach chun margadh saothair oscailte a bhaint amach do thaighdeoirí, rud a chuideoidh leis an Limistéar Eorpach Taighde a chur chun cinn.

(1)   Measúnú Taighdeoirí

Agus measúnú ar thaighdeoirí á dhéanamh, ba cheart a bheith in ann meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht taighdeoirí agus taighde chun an cháilíocht agus an tionchar is mó a bhaint amach. Chuige sin, ní mór aitheantas a thabhairt do ghníomhaíochtaí, cleachtais agus aschuir taighde ar mó a éagsúlacht. Dá réir sin, ba cheart an measúnú a bheith bunaithe go príomha ar bhreithiúnas cáilíochtúil, a bhfuil athbhreithniú piaraí agus saineolaithe ábhartha eile ina dhlúthchuid de, agus úsáid fhreagrach táscairí cainníochtúla mar thaca leis. Ba cheart aitheantas a thabhairt do rannchuidithe leis an nuálaíocht, go háirithe d’iarrthóirí as cúlra tionsclaíochta.

Ba cheart d’fhostóirí agus cisteoirí tacú le córas le haghaidh measúnú agus cúiteamh taighdeoirí lena gcuirtear san áireamh cáilíocht fhoriomlán a dtionchair ar an tsochaí, ar an eolaíocht agus ar an nuálaíocht, éagsúlacht na ngníomhaíochtaí a dhéantar, cleachtais Eolaíochta Oscailte, agus luach na soghluaisteachta geografaí, idirdhisciplíní agus idirearnálaí. Ba cheart don chóras sin:

(a)

a bheith bunaithe ar bhreithiúnas cáilíochtúil neamhchlaonta arna sholáthar ag piaraí agus saineolaithe ábhartha, agus úsáid fhreagrach táscairí cainníochtúla mar thaca leis;

(b)

aitheantas a thabhairt don cháilíocht agus do na tionchair éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ag an taighde ar an tsochaí, ar an eolaíocht agus ar an nuálaíocht;

(c)

éagsúlacht aschuir a aithint, inter alia, foilseacháin, tacair sonraí, bogearraí, modheolaíochtaí, prótacail, paitinní, samhlacha, teoiricí, algartaim, sreafaí oibre, taispeántais, straitéisí, agus rannchuidithe beartais; éagsúlacht gníomhaíochtaí, inter alia, meantóireacht, maoirseacht taighde, róil cheannaireachta, fiontraíocht, bainistiú sonraí FAIR – de réir na bprionsabal inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus in-athúsáidte – athbhreithniú piaraí, teagasc, luacháil eolais, comhar idir lucht tionsclaíochta agus lucht acadúil, tacaíocht do cheapadh beartais fianaisebhunaithe, idirghníomhaíocht idir an tsochaí, lucht bainistíochta agus lucht ceannaireachta, maoirseacht, obair foirne, seirbhísí don tsochaí, cumarsáid eolaíochta agus críochnúlacht mhodheolaíochta; agus éagsúlacht cleachtas, inter alia Eolaíocht Oscailte, luathroinnt eolais agus sonraí, agus comhar oscailte, chomh maith le gach taithí soghluaisteachta, idir gheografach, idirearnálach, idirinstitiúideach, idirdhisciplíneach agus trasdisciplíneach;

(d)

a áirithiú go gcomhlíonann gníomhaíocht taighdeoirí ardchaighdeáin eitice agus sláine, go gcuirtear i bhfeidhm leis taighde a dhéanamh ar bhealach iomchuí agus go n-urramaítear leis dea-chleachtais, lena n-áirítear cleachtais oscailte chun torthaí agus modheolaíochtaí taighde a chomhroinnt, pé uair is féidir;

(e)

úsáid a bhaint as critéir agus próisis mheasúnaithe lena n-urramaítear éagsúlacht na ndisciplíní taighde agus na gcomhthéacsanna náisiúnta;

(f)

tacú le héagsúlacht próifílí taighdeoirí agus conairí gairme, agus luach a chur ar an méid a rannchuidíonn daoine aonair, agus lena chois sin ar ról na bhfoirne, ar an obair chomhoibríoch, agus ar an idirdhisciplíneacht freisin;

(g)

cothromaíocht inscne, comhionannas inscne, comhionannas deiseanna agus cuimsitheacht a áirithiú.

Chun comhleanúnachas a áirithiú i ndáil le cur chun feidhme na bprionsabal sin, ba cheart d’fhostóirí agus cisteoirí oiliúint leanúnach a chothú do na gníomhaithe a bhíonn páirteach sa phróiseas measúnaithe agus cúitimh.

(2)   Earcaíocht

I gcomhréir le prionsabail na saoirse acadúla agus an neamhspleáchais institiúidigh, moltar d’fhostóirí agus do chisteoirí nósanna imeachta earcaíochta agus roghnúcháin a bhunú a bheidh oscailte, trédhearcach agus bunaithe ar fhiúntas, gan pionós a ghearradh as sosanna gairme a thógáil ná as conairí neamhlíneacha, ilghairme agus hibrideacha a leanúint. Ba cheart barr feabhais, comhionannas inscne agus éagsúlacht a lorg leis na nósanna sin, agus iad a bheith oiriúnaithe don chineál poist a fhógraítear. Ba cheart tuairisc chuimsitheach ar an eolas agus ar na hinniúlachtaí a éilítear a áireamh i bhfógraí, lena n-áirítear tuairisc ar na dálaí oibre agus na teidlíochtaí, na hionchais forbartha gairme agus forbhreathnú ar an amlíne. Ba cheart na hiarrthóirí a chur ar an eolas, roimh an roghnú, faoin bpróiseas earcaíochta agus faoi na critéir roghnúcháin, faoin líon post atá ar fáil agus faoi na hionchais forbartha gairme. Ba cheart comhaltaí an Choiste a chur ar an eolas faoi phrionsabail na hearcaíochta córa agus ba cheart oiliúint a chur orthu ina leith sin.

Athruithe in ord croineolaíoch CVanna

Níor cheart pionós a ghearradh as sosanna gairme nó as difríochtaí in ord croineolaíoch CVanna, ach ba cheart iad a mheas mar fhorbairt gairme, agus dá réir sin, mar rannchuidiú a d’fhéadfadh a bheith luachmhar d’fhorbairt ghairmiúil na dtaighdeoirí ar mhaithe le conair ghairme ilghnéitheach. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag iarrthóirí CVanna fianaisebhunaithe a chur isteach, ina léirítear réimse ionadaíoch gnóthachtála agus cáilíochtaí atá iomchuí don phost a bhfuil siad ag cur isteach air.

Sinsearacht

Ba cheart an leibhéal na gcáilíochtaí a éilítear a bheith i gcomhréir le riachtanais an phoist agus níor cheart iad a shocrú mar bhacainn ar iontráil. Sa mheastóireacht ar cháilíochtaí, ba cheart díriú ar bhreithiúnas a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach ag an duine seachas ar a gcúinsí nó ar chlú na hinstitiúide ina bhfuarthas na cáilíochtaí. Ós rud é gur féidir cáilíochtaí gairmiúla a bhaint amach ag céim luath de ghairm fhada, ba cheart patrún na forbartha gairmiúla ar feadh an tsaoil a mholadh agus a aithint freisin.

(3)   Roghnú

Mar chuid den earcaíocht, ba cheart réimse iomlán taithí na n-iarrthóirí a chur san áireamh sa phróiseas roghnúcháin. Cé nach mór díriú ar a gcumas foriomlán mar thaighdeoirí, ba cheart breathnú freisin ar a gcruthaitheacht — a dhéantar measúnú uirthi ar bhonn a modhanna taighde, a gcur chuige agus a n-aschuir nuálacha — agus ar a leibhéal neamhspleáchais. Ba cheart saineolas, inniúlachtaí agus taithí éagsúil a thabhairt le chéile sna coistí roghnúcháin atá ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar an iarrthóir. Ba cheart cothromaíocht inscne leordhóthanach a bheith sna coistí roghnúcháin freisin agus, i gcás inarb iomchuí agus inarb indéanta, ba cheart comhaltaí ó earnálacha éagsúla a áireamh ann – idir earnálacha poiblí agus earnálacha príobháideacha – agus ó dhisciplíní éagsúla, agus ó thíortha eile. Nuair is féidir, ba cheart raon leathan cleachtas roghnúcháin a úsáid, mar shampla measúnú saineolaithe seachtracha agus agallaimh aghaidh ar aghaidh agus ar líne. Ba cheart oiliúint leordhóthanach a chur ar chomhaltaí na bpainéal roghnúcháin go háirithe chun claontacht inscne nó aon chlaontacht neamh-chomhfhiosach eile a d’fhéadfadh a bheith ann a íoslaghdú. Ba cheart gach iarrthóir a chur ar an eolas i ndiaidh an phróisis roghnúcháin faoi láidreachtaí agus laigí a n-iarratais.

Neamh-idirdhealú

Ba cheart d’fhostóirí agus cisteoirí gan idirdhealú a dhéanamh in aghaidh taighdeoirí ar aon bhealach bunaithe ar inscne, aois, bunadh eitneach, náisiúnta nó sóisialta, reiligiún nó creideamh, gnéaschlaonadh, teanga, míchumas, tuairim pholaitiúil, dáil shóisialta nó eacnamaíoch.

(4)   Dul chun cinn gairme

Ba cheart d’fhostóirí agus cisteoirí córais mheastóireachta/mheasúnaithe a thabhairt isteach do gach taighdeoir, lena n-áirítear taighdeoirí sinsearacha, chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú a ndualgas ar bhonn tráthrialta agus ar bhealach trédhearcach ag coiste neamhspleách (agus, i gcás taighdeoirí sinsearacha, coiste idirnáisiúnta más féidir). Maidir le conairí neamhlíneacha agus ilghairme, a bhfuil soghluaisteacht gheografach, earnála agus idir-eagraíochta mar shaintréith acu, nó conairí hibrideacha, arb é is príomhthréith dóibh teaglaim chomhuaineach d’earnálacha, ba cheart iad a aithint agus a bhreithniú go hiomlán ar aon dul le conairí líneacha gairme – rud a thuigfear mar ghairmeacha ina ndéantar dul chun cinn díreach ó phost amháin go post eile, laistigh den réimse nó den disciplín céanna de ghnáth.

Ba cheart aird chuí a thabhairt sna nósanna imeachta meastóireachta agus breithmheasa sin ar acmhainneacht fhoriomlán na dtaighdeoirí, ar a gcruthaitheacht taighde, ar a n-aischur taighde (e.g. foilseacháin, sonraí, bogearraí, samhlacha, algartaim, modhanna, prótacail, paitinní, rannchuidithe beartais), a ngníomhaíochtaí (e.g. bainistíocht agus ceannaireacht, teagasc/léachtóireacht, athbhreithniú piaraí, maoirseacht, meantóireacht, fiontraíocht, luachshocrú eolais, comhar náisiúnta nó idirnáisiúnta, dualgais riaracháin, seirbhís don tsochaí, cumarsáid eolaíochta agus idirghníomhaíocht leis an tsochaí), a n-iompar taighde (e.g. cleachtas eitice agus sláine, déine mhodheolaíochta, luathroinnt eolais agus sonraí, comhar oscailte) agus a soghluaisteacht, agus ba cheart iad a chur san áireamh i gcomhthéacs dul chun cinn gairme.

Tá gá le córas gairme aontachais agus dul chun cinn atá trédhearcach, struchtúrtha, cuimsitheach agus comhionann ó thaobh inscne de chun gairmeacha sa saol acadúil a threisiú, suas go dtí na poist is airde. D’fhéadfaí breathnú ar chórais a fhorbairt atá ar aon dul le córas tionachta nó ráillí chun na críche sin ar leibhéal na mBallstát agus na n-eagraíochtaí déanta taighde, ar córais iad atá le tuiscint mar chreataí sainithe lena ngabhfadh dul chun cinn ó chonradh ar théarma seasta go post buan ach meastóireacht dhearfach a fháil.

Comhúdarthacht

Ba cheart d’institiúidí comhúdarthacht a mheas ar bhealach dearfach agus meastóireacht á déanamh ar an bhfoireann, mar fhianaise ar chur chuige cuiditheach i leith taighde a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba cheart d’fhostóirí agus cisteoirí straitéisí, cleachtais agus nósanna imeachta a fhorbairt chun na creat dálaí is gá a chur ar fáil do thaighdeoirí, lena n-áirítear iad siúd ag tús a ngairmeacha taighde, ionas gur féidir leo leas a bhaint as an gceart chun bheith aitheanta, liostaithe agus/nó luaite, i gcomhthéacs a ranníocaíochtaí iarbhír, mar chomhúdair páipéar, mar chomhcheapadóirí paitinní, etc., nó chun a dtorthaí taighde féin a fhoilsiú go neamhspleách ar a stiúrthóirí. Ba cheart dóibh freisin oiliúint agus ceardlanna a thairiscint do thaighdeoirí, go háirithe taighdeoirí luathghairme, maidir le cleachtais údarúcháin eiticiúla, lena n-áirítear tuiscint ar rannchuidithe aonair agus a gcearta agus a bhfreagrachtaí.

Aitheantas a thabhairt do thaithí shoghluaisteachta

Aon taithí shoghluaisteachta ábhartha, e.g.fanacht i dtír/réigiún eile nó i dtimpeallacht taighde eile – poiblí nó príobháideach – nó athrú ó dhisciplín nó ó earnáil amháin go disciplín nó earnáil eile, bíodh sin mar chuid den oiliúint taighde tosaigh nó ag céim níos déanaí den ghairm taighde, nó mar thaithí ar shoghluaisteacht fhíorúil, ba cheart í a mheas mar rannchuidiú luachmhar le forbairt ghairmiúil taighdeora.

COLÚN 3 - DÁLAÍ OIBRE AGUS CLEACHTAIS

1.

DÁLAÍ OIBRE, CISTIÚ AGUS TUARASTAIL

2.

COBHSAÍOCHT FOSTAÍOCHTA

3.

OIBLEAGÁIDÍ CONARTHACHA AGUS DLÍTHIÚLA

4.

SCAIPEADH AGUS SAOTHRÚ TORTHAÍ

Ba cheart feabhas a chur ar dhálaí oibre taighdeoirí a bheith i gcroílár chreat beartais an Aontais do ghairmeacha taighde. Laistigh den réimse sin, moltar roinnt gníomhaíochtaí chun cur le cobhsaíocht na fostaíochta agus leis an sainmhíniú ar chearta saothair agus oibleagáidí na dtaighdeoirí, faoi réir na reachtaíochta náisiúnta agus na n-imthosca náisiúnta. Leagtar béim air freisin gur gá d’fhostóirí agus cisteoirí cultúr taighde a fhorbairt le haghaidh barr feabhais sa taighde agus pobal rathúil taighde a éascú.

(1)   Dálaí oibre, cistiú agus tuarastail

Ba cheart d’fhostóirí agus cisteoirí a áirithiú go soláthrófar leis na dálaí oibre do thaighdeoirí, lena n-áirítear iad siúd atá faoi mhíchumas, i gcás inarb iomchuí, an tsolúbthacht agus an inrochtaineacht a mheastar a bheith fíor-riachtanach le haghaidh feidhmíocht rathúil taighde i gcomhréir leis an reachtaíocht agus imthosca náisiúnta atá ann cheana agus le comhaontuithe cómhargála náisiúnta nó earnálacha. Ba cheart é a bheith d’aidhm acu dálaí oibre a sholáthair chun an saol pearsanta, an teaghlach, an cúram, an tsláinte, an tsábháilteacht agus an fholláine fhoriomlán a chomhcheangal, gan dochar do ghairmeacha taighde. Ba cheart aird ar leith a thabhairt, inter alia, ar uaireanta oibre solúbtha, obair pháirtaimseartha, cianobair agus saoire shabóideach, agus ar na forálacha airgeadais agus riaracháin is gá lena rialaítear na socruithe sin. Ba cheart d’fhostóirí dálaí agus timpeallacht oibre a sholáthar ina gcuirtear meabhairshláinte agus folláine fhisiciúil taighdeoirí chun cinn, lena n-áirítear nósanna imeachta iomchuí chun foréigean inscnebhunaithe, lena n-áirítear gnéaschiapadh, a chosc agus a chomhrac.

Timpeallacht taighde

Ba cheart d’fhostóirí agus cisteoirí taighdeoirí a áirithiú go gcruthófar an timpeallacht taighde nó oiliúna taighde is spreagúla ina gcuirtear ar fáil trealamh, saoráidí agus deiseanna iomchuí, lena n-áirítear le haghaidh cian-chomhoibriú thar líonraí taighde, agus an leibhéal sláinte agus sábháilteachta is airde i gcomhréir le rialacháin an Aontais, náisiúnta agus earnálacha. Ba cheart do chisteoirí a áirithiú go gcuirfear acmhainní leordhóthanacha ar fáil chun tacú leis an gclár oibre comhaontaithe. Go háirithe, tá sé tábhachtach foireann tacaíochta cáilithe a bheith ann – e.g. bainisteoirí taighde agus riarthóirí.

Gearáin/achomhairc

Ba cheart d‘fhostóirí agus cisteoirí taighdeoirí, i gcomhréir le rialacha agus rialacháin ábhartha an dlí náisiúnta, dhlí an Aontais nó an dlí idirnáisiúnta, nósanna imeachta iomchuí a bhunú, i bhfoirm ombudsman neamhchlaonta b’fhéidir, chun déileáil le gearáin/achomhairc taighdeoirí, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le coinbhleachtaí idir stiúrthóirí agus taighdeoirí na Chéad Chéime (R1)/taighdeoirí Aitheanta (R2). Leis na nósanna imeachta sin, ba cheart cúnamh rúnda agus neamhfhoirmiúil a chur ar fáil do gach ball foirne taighde chun coinbhleachtaí, díospóidí agus casaoidí a bhaineann leis an obair a réiteach, agus é d’aidhm acu cóir chothrom chomhionann a chur chun cinn laistigh den institiúid agus feabhas a chur ar cháilíocht fhoriomlán na ndálaí agus na timpeallachta oibre.

Rannpháirtíocht i rialachas eagraíochta

Ba cheart d’fhostóirí agus cisteoirí a aithint go bhfuil sé cuí agus cóir, agus go deimhin inmhianaithe, ionadaíocht a bheith ag taighdeoirí i gcomhlachtaí ábhartha faisnéise, comhairliúcháin agus cinnteoireachta na n-institiúidí lena n-oibríonn siad, chun a leasanna aonair agus comhchoiteanna a chosaint agus a chur chun cinn agus chun rannchuidiú go gníomhach le feidhmiú na hinstitiúide.

Cistiú agus tuarastail

Ba cheart d’fhostóirí agus cisteoirí taighdeoirí a áirithiú go bhfuil taighdeoirí, gan beann ar a stádas, ag teacht ar dhálaí luacha saothair atá cóir agus tarraingteach –cistiú agus tuarastail – ag a bhfuil forálacha slándála sóisialta oiriúnacha agus cothromasacha – lena n-áirítear sochair bhreoiteachta, cúraim sláinte agus thuismitheora, cearta pinsin agus sochair dhífhostaíochta, sochair easláine agus sochair i leith tionóiscí ag an obair agus galar ceirde – i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta atá ann cheana agus le comhaontuithe cómhargála náisiúnta nó earnálacha.Ní mór taighdeoirí ag gach céim den ghairm a bheith san áireamh leis sin, lena n-áirítear taighdeoirí na Chéad Chéime (R1), i gcomhréir lena stádas dlíthiúil, lena bhfeidhmíocht agus lena leibhéal cáilíochtaí agus/nó freagrachtaí. Ba cheart taighdeoirí a chur ar an eolas faoina gcearta agus a n-oibleagáidí maidir le tuiscint a fháil ar conas a ghearrtar cáin ar a dtuarastail, agus ba cheart faisnéis thrédhearcach a chur ar fáil dóibh maidir le cearta cosanta sóisialta mar shampla cearta pinsin náisiúnta.

(2)   Cobhsaíocht fostaíochta

Ba cheart do fhostóirí agus cisteoirí gníomhaíochtaí daingne a dhéanamh chun cur i gcoinne fheiniméan na neamhchinnteachta fostaíochta agus chun tacú le slándáil agus cobhsaíocht na bpost. D’fhéadfadh bunú uastairseach, ar bhonn deonach, maidir le líon na gconarthaí ar théarma seasta in aghaidh na heagraíochta in acmhainní daonna foriomlána na dtaighdeoirí a chur san áireamh leis sin. Agus cúraimí taighde buana nó fadtéarmacha nó cúraimí taighde athfhillteacha á gcomhlíonadh, is iad na conarthaí buana nó na conarthaí neamhiata a mholtar mar an ionstraim iomchuí. Ba cheart do thaighdeoirí atá ar chonarthaí ar théarma seasta tairbhe a bhaint as seirbhísí sonracha forbartha gairme agus comhairleacha chun leanúnachas gairme a áirithiú.

Taighdeoirí luathghairme (R1-R2)

Is saincheist ar leith sa saol acadúil í éiginnteacht na fostaíochta. Chun an staid sin a chomhrac, moltar bearta sonracha a chur chun feidhme – faoi réir na reachtaíochta náisiúnta agus na n-imthosca náisiúnta – chun tacú le taighdeoirí luathghairme, mar atá cosaint shóisialta agus na dálaí oibre is infheidhme maidir le taighdeoirí ag céimeanna gairme eile a sholáthair do thaighdeoirí Céadchéime (R1) mar aon le hioncam leordhóthanach, rannpháirtíocht taighdeoirí luathghairme i bhfoirne taighde a chur chun cinn, ualach na gcúraimí nach mbaineann lena n-oiliúint eolaíoch a sheachaint agus soghluaisteacht idirinstitiúideach, idirearnálach, idirdhisciplíneach agus gheografach a aithint, lena n-áirítear soghluaisteacht fhíorúil. Ina theannta sin, ba cheart d’institiúidí ceapacháin rialacha soiléire agus treoirlínte sainráite a leagan síos maidir le taighdeoirí aitheanta (R2) a earcú agus a cheapadh, lena n-áirítear uasfhad agus cuspóirí na gceapachán sin. Ba cheart breathnú sna treoirlínte sin ar an am a caitheadh i gceapacháin iardhochtúireachta roimhe sin in institiúidí eile agus é a chur san áireamh gur cheart an stádas iardhochtúireachta a bheith idirthréimhseach, agus é mar phríomhchuspóir deiseanna breise forbartha gairmiúla a chur ar fáil gairm a leanúint sa taighde i gcomhthéacs ionchais ghairme fhadtéarmacha ag a bhfuil conradh ar théarma seasta nó tionacht.

Ba cheart d’fhostóirí agus cisteoirí a ndícheall a dhéanamh maidir le taighdeoirí luathghairme a chur ar an eolas faoi dheiseanna gairme, laistigh agus lasmuigh den saol acadúil, lena dtairgtear forbairt leathan ghairmiúil, go háirithe le linn chéim R2, ionchais ghairme níos trédhearcaí agus níos intuartha, agus deiseanna foghlama obairbhunaithe in earnálacha éagsúla.

(3)   Oibleagáidí conarthacha agus dlíthiúla

Ba cheart do thaighdeoirí ar gach leibhéal a bheith eolach ar na rialacháin náisiúnta, earnála nó institiúideacha lena rialaítear oiliúint agus dálaí oibre. Áirítear leis sin na rialacháin maidir le cearta maoine intleachtúla, agus na ceanglais agus na coinníollacha arna leagan síos ag urraitheoirí nó cisteoirí, go neamhspleách ar chineál a gconartha. Ba chóir d’fhostóirí agus cisteoirí cóipeanna de na doiciméid seo a sholáthar i mBéarla. Ba cheart do thaighdeoirí cloí leis na rialacháin sin trí na torthaí a cheanglaítear a sheachadadh – e.g. tráchtais, foilseacháin, paitinní, tuarascálacha, táirgí nua, etc. – mar a leagtar amach i dtéarmaí agus coinníollacha an chonartha nó an doiciméid choibhéisigh.

Ó tharla go gcuirtear béim níos mó anois ar an tslándáil eolais, ba cheart do thaighdeoirí cleachtais oibre shábháilte a úsáid i gcónaí, i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha náisiúnta agus le reachtaíocht ábhartha an Aontais, lena n-áirítear na réamhchúraimí is gá a dhéanamh maidir le sláinte agus sábháilteacht agus maidir le téarnamh ó ionsaithe cibearshlándála agus tubaistí teicneolaíochta faisnéise, e.g., trí straitéisí cúltaca cuí a ullmhú. Ba cheart dóibh a bheith eolach freisin ar na ceanglais dlí náisiúnta agus ar cheanglais dlí an Aontais atá ann faoi láthair maidir leis na ceanglais i dtaca le cosaint sonraí agus i dtaca le cosaint rúndachta agus ba cheart dóibh na bearta is gá a dhéanamh chun iad a chomhlíonadh i gcónaí.

(4)   Scaipeadh agus saothrú torthaí

Ba cheart do gach taighdeoir an Eolaíocht Oscailte a chleachtadh chun a áirithiú, i gcomhréir lena socruithe conarthacha, go ndéanfar torthaí a dtaighde a scaipeadh, a chur ar fáil go hoscailte agus a shaothrú, e.g. na torthaí a chur in iúl, a aistriú go suíomhanna taighde eile agus, más iomchuí, a thráchtálú. Táthar ag súil go mbeidh taighdeoirí sinsearacha ar thús cadhnaíochta i dtaca lena áirithiú go mbeidh an taighde torthúil agus go n-úsáidfear na torthaí ar bhonn tráchtála agus/nó go gcuirfear ar fáil don phobal iad aon uair a thagann an deis chun cinn.

Ba cheart d’fhostóirí agus cisteoirí a gcuid taighdeoirí a éascú i ndáil leis sin tríd an oiliúint ábhartha scileanna a chur orthu agus trí rochtain a thabhairt dóibh ar an gcistiú, an bonneagar agus an tacaíocht iomchuí. Ba cheart d’fhostóirí agus do chisteoirí rannpháirtíocht na dtaighdeoirí sa chleachtais Eolaíochta Oscailte a aithint, a dhreasú agus a chúiteamh i dtaca le hearcaíocht, dul chun cinn gairme agus measúnú ar chlár cistiúcháin.

Sócmhainní Intleachtúla lena n-áirítear Cearta Maoine Intleachtúla

Ba cheart d’fhostóirí agus cisteoirí a áirithiú go gcúitítear taighdeoirí ag gach céim den ghairm go leordhóthanach as na tairbhí a eascraíonn as an úsáid a bhaintear – más ann di – as torthaí a ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, trí chomhúinéireacht na gceart maoine intleachtúla a ráthú i gcás inarb iomchuí mar shampla cóipcheart. Ba cheart d’fhostóirí agus cisteoirí aghaidh a thabhairt air sin go sainráite ina straitéis bhainistíochta um shócmhainní intleachtúla agus ba cheart dóibh an straitéis sin a chur ar fáil go poiblí. Leis an straitéis bhainistíochta um shócmhainní intleachtúla, ba cheart cruthú, bainistiú, úinéireacht agus úsáid gach cineáil sócmhainní intleachtúla a chumhdach – lena n-áirítear foilseacháin a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu, sonraí, fios gnó agus caighdeáin, agus tacú le cleachtais Eolaíochta Oscailte.

Ba cheart tagairt shainráite a dhéanamh sa straitéis d‘fhorálacha úinéireachta agus do chearta rochtana do thaighdeoirí agus/nó, i gcás inarb infheidhme, dá bhfostóirí nó dá bpáirtithe eile, lena n-áirítear comhpháirtithe tionscail, mar a fhoráiltear dó sin faoi chomhaontuithe comhair sonracha nó faoi chineálacha eile comhaontaithe.

Rannpháirtíocht an Phobail

Ba cheart do thaighdeoirí a áirithiú go gcuirtear a ngníomhaíochtaí taighde in iúl don phobail i gcoitinne ar bhealach gur féidir le daoine nach speisialtóirí iad iad a thuiscint, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar thuiscint an phobail ar an eolaíocht. Le rannpháirtíocht dhíreach leis an tsochaí shibhialta agus leis na saoránaigh, cuideofar le taighdeoirí tuiscint níos fearr a fháil ar leas an phobail i dtosaíochtaí don taighde agus ar ábhair imní an phobail, agus leas a bhaint as acmhainneacht an chomhdhearaidh agus an chomhchruthaithe leis an tsochaí i gcás inarb ábhartha.

COLÚN 4 -GAIRMEACHA TAIGHDE AGUS FORBAIRT TALLAINNE

1.

GAIRMEACHA ÉAGSÚLA TAIGHDE A LUACHÁIL

2.

FORBAIRT GAIRME AGUS COMHAIRLE

3.

FORBAIRT GHAIRMIÚIL LEANÚNACH

4.

MAOIRSEACHT AGUS MEANTÓIREACHT

Tá an pobal taighde éagsúil ó thaobh tallann, scileanna, acmhainní, agus inniúlachtaí agus ról de. Dá mhéad a chothaítear agus a fhorbraítear na tallanna sin, is ea is fearr cáilíocht an taighde, agus ábharthacht shochaíoch an eolais a tháirgtear. Tá gá le forbairt ghairmiúil leanúnach mar aon le hoiliúint scileanna a spreagadh chun inniúlacht a choinneáil ar bun agus raon leathan deiseanna gairme a chur ar fáil do thaighdeoirí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach.

(1)   Gairmeacha Éagsúla Taighde a Luacháil

Ba cheart d’fhostóirí agus cisteoirí a aithint go bhféadfadh gairmeacha ard-éagsúlachta a bheith ag taighdeoirí sa taighde agus i bhfeidhmeanna eile. Is iondúil go n-áirítear le héagsúlú soghluaisteacht de gach cineál: soghluaisteacht idirnáisiúnta, idirearnálach, idirinstitiúideach, idirdhisciplíneach agus thrasdisciplíneach agus fhíorúil. Chuige sin, teastaíonn measúnú cáilíochta atá bunaithe níos mó ar thallann agus atá níos íogaire ó thaobh éagsúlachta de, lena gcothaítear úsáid fhreagrach na méadrachta, agus lena mbreithnítear rannchuidithe éagsúla agus na tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu, gníomhaíochtaí agus cleachtais éagsúla mar shampla teagasc agus scileanna, athbhreithniú piaraí, bainistiú agus ceannaireacht, maoirseacht, meantóireacht, luachshocrú eolais, agus gníomhaíochtaí aistrithe teicneolaíochta, fiontraíocht agus comhar leis an tionscal, agus lena bhforbraítear gníomhaíochtaí ceapadh beartas atá fianaisebhunaithe, cumarsáid eolaíochta agus idirghníomhaíocht leis an tsochaí agus cleachtais Eolaíochta Oscailte, eolaíocht foirne, i measc nithe eile chomh maith leis an tsoghluaisteacht.

Ba cheart d’fhostóirí agus cisteoirí bearta a chur i bhfeidhm chun taighdeoirí, go háirithe taighdeoirí luathghairme, a chur ar an eolas maidir leis na deiseanna atá ar fáil i ngach earnáil ábhartha agus chun cultúr éagsúlaithe gairmeacha a chur chun cinn ar mhaithe le forbairt phearsanta agus ghairmiúil níos fearr. Chuige sin, beidh gá le seirbhísí comhairleacha, meantóireachta agus tacaíochta gairme chun soghluaisteacht idirearnálach, idirdhisciplíneach agus gheografach a spreagadh, chomh maith le gníomhaíochtaí fiontraíochta a chruthú agus a fhorbairt.

(2)   Forbairt Gairme agus Comhairle

Ba cheart d’fhostóirí agus cisteoirí na dtaighdeoirí, faoi chuimsiú a mbainistíochta acmhainní daonna más féidir, straitéis shonrach forbartha gairme a tharraingt suas do thaighdeoirí ag gach céim dá ngairm, gan beann ar a staid chonarthach, lena n-áirítear do thaighdeoirí ar chonarthaí ar théarma seasta. Sa chomhthéacs seo, ba cheart tacaíocht a thabhairt do thaighdeoirí chun plean gairme aonair a fhorbairt chun an oiliúint agus an taighde is gá a shainaithint chun a spriocanna gairme a bhaint amach. Ba cheart infhaighteacht meantóirí a áireamh ann, meantóirí a mbíonn baint acu le tacaíocht agus treoir a chur ar fáil d’fhorbairt phearsanta agus ghairmiúil taighdeoirí, agus ar an gcaoi sin iad a spreagadh agus rannchuidiú le haon éiginnteacht ina dtodhchaí ghairmiúil a laghdú. Ba cheart gach taighdeoir a chur ar an eolas maidir leis na forálacha sin agus leis na socruithe sin agus ba cheart dóibh féin a bheith réamhghníomhach agus freagrach as a bhforbairt ghairme.

Ba cheart d’fhostóirí agus cisteoirí a áirithiú go mbeidh gairmthreoir agus cúnamh socrúcháin fostaíochta ar fáil atá inrochtana agus cothrom le dáta sna hinstitiúidí lena mbaineann nó trí chomhar a dhéanamh le struchtúir eile, ar gairmthreoir agus cúnamh é lena soláthraítear faisnéis, treoir agus tacaíocht maidir le forbairt gairme laistigh den institiúid lena mbaineann agus lasmuigh di. Ba cheart é sin a thairiscint do thaighdeoirí ag gach céim dá ngairm, gan beann ar a staid chonarthach.

(3)   Forbairt Ghairmiúil Leanúnach

Ba cheart do thaighdeoirí ag gach céim dá ngairm deiseanna a lorg go réamhghníomhach agus ba cheart dá bhfostóir/dá gcisteoir deiseanna a thabhairt dóibh chun feabhas a chur orthu féin go leanúnach trína scileanna agus trína n-inniúlachtaí a thabhairt cothrom le dáta agus a leathnú go tráthrialta. Féadfar é sin a bhaint amach trí bhealaí éagsúla, lena n-áirítear oiliúint fhoirmiúil, ceardlanna, comhdhálacha agus ríomhfhoghlaim nó comhar laistigh d’fhoireann agus de na líonraí faoi seach, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an oiliúint do Thaighdeoirí na Chéad Chéime (R1), ar iarrthóirí PhD ag tús á ngairme sa taighde a bhformhór sin.

Rochtain ar oiliúint taighde agus forbairt leanúnach

Ba cheart d’fhostóirí agus cisteoirí a áirithiú go dtabharfar an deis do thaighdeoirí ag gach céim dá ngairmeacha, gan beann ar a staid chonarthach, forbairt ghairmiúil a dhéanamh agus feabhas a chur a n-infhostaitheacht trí rochtain a fháil ar bhearta chun scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt go leanúnach. Ba cheart d’fhostóirí agus cisteoirí gníomhaíocht a dhéanamh chun tacú le forbairt agus soláthar oiliúna spriocdhírithe, chun taighdeoirí a spreagadh deiseanna uas-scilithe agus athscilithe a thapú ó thaobh na foghlama ar feadh an tsaoil agus chun soghluaisteacht idirearnálach agus idirdhisciplíneach a chothú. Ba cheart measúnú tráthrialta a dhéanamh ar na bearta sin i dtaca lena n-inrochtaineacht, a nglacadh agus a n-éifeachtacht chun feabhas a chur ar inniúlachtaí, scileanna agus infhostaitheacht.

Ba cheart d’fhostóirí agus cisteoirí ábharthacht leordhóthanach a shannadh don ghá atá le hinniúlachtaí fiontraíochta a chothú i dtaighdeoirí, agus é de chuspóir acu ligean dóibh siúd a thugann faoi chonair ghairme fiontraíochta a gcumas táirgthe eolais a nascadh le hoilteacht sa luachshocrú eolais, agus smaointe nuálacha a iompú ina ngnó agus nuálaíocht agus dul chun cinn a chothú.

Ba cheart d’fhostóirí agus cisteoirí bearta a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar oiliúint dochtúireachta a chomhoiriúnú le gairmeacha idir-inoibritheacha i ngach earnáil ábhartha agus do chleachtas na hEolaíochta Oscailte, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as an gCreat Eorpach Inniúlachta do Thaighdeoirí (ResearchComp), na Prionsabail um Oiliúint Dochtúireachta Nuálach, an Cód Iompair Eorpach maidir leis an tSláine Taighde agus as aon tionscnamh eile a dhéanfar amach anseo chun scileanna idirdhisciplíneacha taighdeoirí a neartú.

Bailíochtú scileanna

Mar chuid de thacair scileanna taighdeoirí a leathnú, ba cheart d’fhostóirí agus cisteoirí foráil a dhéanamh maidir le measúnú agus meastóireacht iomchuí a dhéanamh ar oiliúint fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil lena n-áirítear scileanna agus oiliúint sa láthair oibre, go háirithe i gcomhthéacs na soghluaisteachta idirnáisiúnta, idirearnálaí agus idirdhisciplíní. Ba cheart an measúnú a dhéanamh ar bhealach cothrom trédhearcach laistigh de thréimhse ama réasúnach.

Teagasc

Is modh fíor-riachtanach é an teagasc chun eolas a struchtúrú agus a scaipeadh agus is rogha luachmhar é laistigh de chonair gairme an taighdeora. Ba chóir don teagasc tairbhiú den eolas eolaíochta agus úsáid a bhaint as an eolas sin agus spéis taighde a chur chun cinn i gcás mac léinn. Ba cheart tacaíocht agus aitheantas iomlán a thabhairt do rannpháirtíocht taighdeoirí sa teagasc, agus d’fhéadfadh sé a bheith éagsúil ag tráthanna éagsúla laistigh de ghairm. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thaighdeoirí ag tús a ngairmeacha, lena n-áirithítear go dtugtar tacaíocht cheart dóibh agus go bhfuil freagrachtaí teagaisc – lena n-áirítear léachtóireacht, teagasc, maoirseacht agus meantóireacht – comhoiriúnach lena ngníomhaíochtaí taighde nó lena n-oiliúint taighde.

Ba cheart d’fhostóirí agus cisteoirí a áirithiú go dtugtar luach saothair leordhóthanach do dhualgais teagaisc agus go gcuirtear san áireamh iad sna córais mheastóireachta/bhreithmheasa ag céim luath de ghairmeacha taighdeoirí. Ba cheart a áirithiú freisin go n-áireofar mar chuid dá ngealltanas teagaisc an t-am a chaitheann baill foirne shinsearacha ar oiliúint agus meantóireacht ar thaighdeoirí luathghairme – R1, R2. Ba cheart oiliúint oiriúnach a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí teagaisc agus cóitseála mar chuid d’oiliúint tosaigh agus forbairt ghairmiúil taighdeoirí.

(4)   Maoirseacht agus Meantóireacht

Tá bainistíocht chuí daoine agus foirne ríthábhachtach i dtimpeallachtaí oibre taighde toisc gur iarracht chomhpháirteach í an eolaíocht, de réir sainmhínithe. Ba cheart an oiliúint, na huirlisí agus na sásraí meastóireachta is gá a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go mbainisteoidh taighdeoirí sinsearacha agus príomhthaighdeoirí a bhfoireann agus a bhfoirne ar bhealach cothrom agus neamh-idirdhealaitheach, saor ó chlaontacht inscne agus ó chineálacha eile claontachtaí – mar shampla claontachtaí bunaithe ar reiligiún, gnéaschlaonadh, cine, bunadh eitneach, cúlra socheacnamaíoch, etc. – agus caidreamh tairbheach agus comhoibríoch a bhunú lena bpiaraí. Ba cheart don mhéid sin rannchuidiú le timpeallachtaí a chruthú atá sláintiúil cothrom cruthaitheach ina dtugtar meas do chách, ina bhfuil gach duine spreagtha mar is cóir, ina dtugtar aitheantas dóibh agus ina gcothaítear a bhfolláine.

Ba cheart d’fhostóirí agus cisteoirí a áirithiú go n-aithnítear go soiléir duine nó grúpa daoine ar féidir le taighdeoirí na Chéad Chéime (R1) agus taighdeoirí Aitheanta (R2) dul i gcomhairle leo maidir le feidhmíocht a ndualgas agus ba cheart dóibh na taighdeoirí a chur ar an eolas dá réir.

Ba cheart a shonrú go soiléir sna socruithe sin go mbeadh leibhéal leordhóthanach saineolais, ag an stiúrthóir a mholtar, maidir le taighde a stiúradh agus go mbeadh an t-am agus an díograis aige an tacaíocht iomchuí a thabhairt don oiliúnaí taighde; thairis sin, ba cheart dóibh foráil a dhéanamh maidir leis na nósanna imeachta dul chun cinn agus athbhreithnithe is gá, chomh maith leis na sásraí aiseolais is gá.

I dTreoirlínte Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (GMSC) ar an Maoirseacht, soláthraítear forálacha sonracha maidir le comhtháthú, tacaíocht taighde agus forbairt ghairme na dtaighdeoirí, maidir lena meantóireacht agus maidir lena bhfolláine, maidir le cumarsáid agus maidir le réiteach coinbhleachtaí, chomh maith le hoiliúint agus forbairt ghairmiúil stiúrthóirí. Is sraith moltaí iad Treoirlínte GMSC maidir le Maoirseacht arna leagan síos le haghaidh daoine aonair agus institiúidí a fhaigheann cistiú ó GMSC. Cuirtear chun cinn leis na Treoirlínte maoirseacht éifeachtach, meantóireacht agus gairmthreoir iomchuí.

Caidreamh le stiúrthóirí

Ba cheart caidreamh struchtúrtha agus tráthrialta a bheith ag taighdeoirí lena stiúrthóirí agus lena n-ionadaithe dáimhe/roinne le linn a gcéime oiliúna agus ba cheart do na taighdeoirí leas iomlán a bhaint as an gcaidreamh atá acu leis na daoine siúd. Ba cheart do stiúrthóirí tacú go gníomhach freisin go háirithe le taighdeoirí luathchéime trí chruinnithe aiseolais a eagrú leo agus trí ghníomhaíochtaí oiliúna atá ábhartha dá gcuid oibre a chur chun cinn.

Áirítear leis sin taifid a choimeád ar gach dul chun cinn oibre agus ar gach toradh taighde, aiseolas a fháil trí bhíthin tuarascálacha agus seimineáir, an t-aiseolas sin a chur i bhfeidhm agus oibriú i gcomhréir le sceidil, garspriocanna, táirgí insoláthartha agus/nó aschuir taighde arna gcomhaontú.

Taighdeoirí sinsearacha

Ba cheart do thaighdeoirí sinsearacha – R3 agus R4 – aird ar leith a thabhairt ar a ról ilghnéitheach mar stiúrthóirí, meantóirí, comhairleoirí gairme, ceannairí, comhordaitheoirí tionscadail, bainisteoirí nó cumarsáidithe eolaíochta. Ba cheart dóibh na cúraimí sin a dhéanamh de réir na gcaighdeán gairmiúil is airde agus rochtain a bheith acu ar an oiliúint iomchuí. Maidir lena ról mar stiúrthóirí nó mar mheantóirí ar thaighdeoirí, ba cheart do thaighdeoirí sinsearacha caidreamh cuiditheach agus dearfach a fhorbairt le taighdeoirí na Chéad Chéime (R1) agus le taighdeoirí Aitheanta (R2), chun na dálaí a leagan síos maidir le haistriú éifeachtúil eolais agus chun forbairt rathúil bhreise a dhéanamh ar a ngairmeacha. Tá an-chuid freagrachta ag baint leis an ról seo chun tacú le forbairt gairme na dtaighdeoirí in R1 agus R2 agus taithí agus luachanna á gcur in iúl acu i dtimpeallacht iontaofa agus rúnda.


(1)  An tSláine Taighde – Conclúidí ón gComhairle (arna nglacadh an 1 Nollaig 2015) – 14853/15 ón gComhairle.

(2)  An t-aistriú i dtreo Córas Eolaíochta Oscailte – Conclúidí ón gComhairle (arna nglacadh an 27 Bealtaine 2016) – 9526/16 ón gComhairle.

(3)  Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025 [Aontas an Chomhionannais: an Straitéis Comhionannais Inscne 2020-2025] COM(2020) 152 final.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1640/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)