European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/1575

21.12.2023

TUAIRIM ÓN GCOIMISIÚN

an 20 Nollaig 2023

a bhaineann leis an bplean maidir le diúscairt dramhaíola radaighníomhaí a eascraíonn as díchoimisiúnú agus díchóimeáil ghléasra cumhachta núicléiche Isar-2 (KKI-2) i mBaváir Íochtarach na Gearmáine

(is é an téacs Gearmáinise amháin atá barántúil)

(C/2023/1575)

Déantar an measúnú thíos de réir fhorálacha Chonradh Euratom, gan dochar d’aon mheasúnú breise atá le déanamh faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus na hoibleagáidí a eascraíonn as agus as an reachtaíocht thánaisteach (1).

An 20 Eanáir 2023 fuair an Coimisiún Eorpach ó Rialtas na Gearmáine, i gcomhréir le hAirteagal 37 de Chonradh Euratom, na Sonraí Ginearálta a bhaineann leis an bplean um dhramhaíl radaighníomhach a dhiúscairt (2) ar dramhaíl í a eascraíonn as gléasra cumhachta núicléiche Isar-2 a dhíchoimisiúnú agus a dhíchóimeáil.

Ar bhonn na sonraí sin agus na faisnéise breise a d’iarr an Coimisiún an 29 Márta 2023 agus a chuir údaráis na Gearmáine ar fáil an 19 Meitheamh 2023 agus an 18 Lúnasa 2023, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe, tá an tuairim seo a leanas tarraingthe suas ag an gCoimisiún:

1.

Is é 65 km an t-achar idir an láithreán agus an teorainn is gaire le Ballstát eile, sa chás seo an Ostair. Is é 85 km an t-achar ón teorainn is gaire le Poblacht na Seice.

2.

Le linn ghnáthoibríochtaí díchoimisiúnacháin agus díchóimeála ghléasra cumhachta núicléiche Isar-2 (KKI-2), ní dócha go bhfágfaidh na heisiltigh radaighníomhacha leachtacha agus ghásacha a scaoilfear go mbeidh nochtadh a bheadh suntasach ó thaobh na sláinte de ann i gcás an daonra i mBallstát eile, a mhéid a bhaineann leis na teorainneacha dáileoige a leagtar síos sa Treoir (3) maidir le Caighdeáin Bhunúsacha Sábháilteachta.

3.

Stóráiltear dramhaíl sholadach ar an láthair go sealadach sula n-aistreofar í chuig saoráidí ceadúnaithe cóireála, stórála nó diúscartha atá suite sa Ghearmáin.Dramhaíl sholadach agus ábhair iarmharacha atá i gcomhréir leis na leibhéil imréitigh, scaoilfear iad ón rialú rialála lena ndiúscairt mar ghnáthdhramhaíl nó lena n-athúsáid nó lena n-athchúrsáil. Déanfar é sin i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos sa Treoir maidir le Caighdeáin Bhunúsacha Sábháilteachta.

4.

I gcás ina ndéanfaí eisiltigh radaighníomhacha a scaoileadh gan é sin a bheith pleanáilte de thoradh dtimpistí den chineál agus den mhéid a mheastar sna Sonraí Ginearálta, ní dócha go mbeidh na heisiltigh ina gcúis le héilliú radaighníomhach an uisce, na hithreach nó an aerspáis i mBallstát eile a bheadh suntasach ó thaobh na sláinte de, i gcomhréir le forálacha na Treorach maidir le Caighdeáin Bhunúsacha Sábháilteachta.

Mar chonclúid, i dtaca le cur chun feidhme an phlean maidir le diúscairt dramhaíola radaighníomhaí cibé foirm ina bhfuil sí, agus ar dramhaíl í a eascraíonn as gléasra cumhachta núicléiche Isar-2 (KKI-2) a dhíchoimisiúnú agus a dhíchóimeáil, atá suite i mBaváir Íochtarach na Gearmáine, le linn an ghnáthoibrithe agus i gcás timpistí den chineál agus den mhéid a mheastar sna Sonraí Ginearálta araon, is é tuairim an Choimisiúin nach dócha go mbeidh cur chun feidhme an phlean sin ina chúis le héilliú radaighníomhach a bheadh suntasach ó thaobh na sláinte, an uisce, na hithreach nó an aerspáis de i mBallstát eile, a mhéid a bhaineann leis na forálacha a leagtar síos sa Treoir maidir le Caighdeáin Bhunúsacha Sábháilteachta.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Nollaig 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Kadri SIMSON

Comhalta den Choimisiún


(1)  Mar shampla, faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart na gnéithe comhshaoil a mheasúnú a thuilleadh. Mar sin de, ba mhaith leis an gCoimisiún aird a tharraingt ar fhorálacha Threoir 2011/92/AE maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol, arna leasú le Treoir 2014/52/AE; ar Threoir 2001/42/CE maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol, agus ar Threoir 92/43/CEE maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú agus ar Threoir 2000/60/CE lena mbunaítear creat le haghaidh ghníomhaíocht an Chomhphobail i réimse an bheartais uisce.

(2)  Diúscairt dramhaíola radaighníomhaí de réir bhrí phointe 1 de Mholadh 2010/635/Euratom ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2010 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 37 de Chonradh Euratom (IO L 279, 23.10.2010, lch. 36).

(3)  Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle an 5 Nollaig 2013 lena leagtar síos caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta maidir le cosaint ar na contúirtí a éiríonn as nochtadh don radaíocht ianúcháin, agus lena n-aisghairtear Treoracha 89/618/Euratom, 90/641/Euratom, 96/29/Euratom, 97/43/Euratom agus 2003/122/Euratom (IO L 13, 17.1.2014, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1575/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)