![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2023/1489 |
19.12.2023 |
Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh le haghaidh a n-úsáide agus/nó chun iad a úsáid
(Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1) )
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2023/1489)
Cinneadh lena ndeonaítear údarú
An tagairt don chinneadh (2) |
Dáta an chinnidh |
Ainm na substainte |
Sealbhóir an údaraithe |
Uimhir an údaraithe |
Úsáid údaraithe |
Dáta éaga na tréimhse athbhreithnithe |
Na cúiseanna atá leis an gcinneadh |
C(2023) 8538 |
12 Nollaig 2023 |
Trí-ocsaíd chróimiam Uimh. CE 215-607-8, Uimh. CAS 1333-82-0 Déchrómáit sóidiam Uimh. CE 234-190-3, Uimh. CAS 7789-12-0, 10588-01-9 |
U. S. Steel Kosice s.r.o., Vstupny areal U. S. Steel, 044 54 Kosice, an tSlóvaic |
REACH/23/33/0 |
Úsáid trí-ocsaíde cróimiam le haghaidh éighníomhú stánphláta leictrealaíoch |
31 Nollaig 2027 |
I gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is mó na sochair shocheacnamaíocha ná an riosca do shláinte an duine de bharr úsáid na substainte agus níl aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach ann atá oiriúnach. |
REACH/23/33/1 |
Úsáid déchrómáite sóidiam le haghaidh éighníomhú stánphláta leictrealaíoch |
(1) IO L 396, 30.12.2006, lch. 1
(2) Tá an cinneadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag: Údarú (europa.eu).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1489/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)