![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2023/1427 |
18.12.2023 |
Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 17 Deireadh Fómhair 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Giudice di pace di Rimini – an Iodáil) – BL v Presidenza del Consiglio dei Ministri
(Cás C-190/22, Presidenza del Consiglio del Ministri) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 53(2) agus Airteagal 94 de Rialachán Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Ceanglas comhthéacs dlíthiúil na díospóide sna príomhimeachtaí agus na cúiseanna go bhfuil gá le freagra ar an gceist arna dtarchur a leagan amach - Easpa sonraí leordhóthanacha - Do-ghlacthacht fhollasach)
(C/2023/1427)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Giudice di pace di Rimini
Páirtithe
Iarratasóir: BL
Cosantóir: Presidenza del Consiglio dei Ministri
An chuid oibríochtúil
Tá an iarraidh ar réamhrialú ó Giudice di pace di Rimini (Giúistís Síochána, Rimini, an Iodáil) a rinneadh le cinneadh an 7 Márta 2022, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnais an 7 Márta 2022, do-ghlactha go follasach.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1427/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)