![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2023/1016 |
22.11.2023 |
GLAO AR IARRATAIS
Beidh post Stiúrthóir an Aistriúcháin Dhlíthiúil (gráid AD 14 nó AD 15) folamh in Ard-Stiúrthóireacht an Ilteangachais i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ón 1 Feabhra 2024
(C/2023/1016)
Líonfar an post seo de bhun Airteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh.
I. Cur síos ar an tSeirbhís
Tá Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CJEU) ar cheann de sheacht n-institiúid an Aontais Eorpaigh, agus tá sí ina húdarás breithiúnach den Aontas ó 1952 i leith. Dhá chúirt atá inti faoi láthair, an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta, a thugann breis agus 1 600 cinneadh gach bliain i raon leathan réimsí dlí. Chun a gcúraimí a chomhlíonadh, bíonn na cúirteanna ag brath ar ranna uile na hinstitiúide, a sholáthraíonn an tacaíocht a theastaíonn uathu chun cloí, go háirithe, le córas an ilteangachais iomláin ar saintréith de chuid na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta é.
Ráthaíonn an córas teanga seo, an t-aon cheann dá leithéid ar domhan, rochtain ar cheartas agus ar chásdlí an Aontais Eorpaigh do gach saoránach Eorpach sa teanga oifigiúil dá rogha féin, rud a chumhdaíonn ní hamháin urraim do chomhionannas teangacha agus Ballstát, ach freisin saibhreas agus éagsúlacht teanga agus chultúrtha an Aontais Eorpaigh.
Chun an ceanglas seo a chomhlíonadh, braitheann an Chúirt Bhreithiúnais ar Ard-Stiúrthóireacht an Ilteangachais (DGM), ina bhfuil Stiúrthóireacht Ateangaireachta agus Seirbhís Aistriúcháin, ina bhfuil dhá Stiúrthóireacht Aistriúcháin Dhlíthiúla, lena n-áirítear an ceann ar a bhfuil an glao ar iarratais seo dírithe. Fostaíonn an tSeirbhís Aistriúcháin Dhlíthiúil beagnach 850 duine in 24 aonad teanga (ceann amháin do gach teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh).
I bhfianaise chúram breithiúnach na Cúirte Breithiúnais agus na saincheisteanna dlí a bhaineann le doiciméid an-teicniúil a aistriú, ní fhostaíonn na hAonaid Teanga ach aistritheoirí a bhfuil oiliúint iomlán acu sa dlí. Cinntíonn na 600 nó mar sin dlítheangeolaí seo, atá scaipthe ar fud na n-aonad teanga éagsúla, go gcomhlíontar na rialacha teanga éigeantacha, agus ag an am céanna a gcuid saineolais, go háirithe sa dlí náisiúnta agus comparáideach, a chur ar fáil do na cúirteanna agus don institiúid mar chuid den obair réamhphróiseála nó taighde téarmaíochta, doiciméadach nó dlíthiúil. Ar an mbealach sin, éascaíonn siad idirphlé idir chultúir dhlíthiúla na mBallstát i gcomhthéacs imeachtaí os comhair chúirteanna Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
II. Dualgais
Mar bhall d’fhoireann bhainistíochta Ard-Stiúrthóireacht an Ilteangachais, agus ag tuairisciú don Ard-Stiúrthóir, beidh baint ag an té a bhfuil an post aige/aici le bainistiú na seirbhíse teanga, ag cuidiú le bearta a shainiú agus a chur i bhfeidhm chun comhlíonadh rialacha teanga na hinstitiúide agus a cúirteanna a chinntiú.
Laistigh den chreat sin, stiúrann agus comhordaíonn an Stiúrthóir obair de chuid aonaid DGM, a chuimsíonn breis agus 400 oifigeach agus foireann, agus cinntíonn sé/sí go gcomhlíontar na caighdeáin cháilíochta agus luais an-ard a bhfuiltear ag súil leo ón tseirbhís, go háirithe ó thaobh cásanna a phróiseáil. Chuige sin, mar oifigeach údarúcháin trí fhotharmligean, tá baint aige/aici freisin le bainistiú na leithreasaí a chuirtear ar fáil don tSeirbhís Teanga, arb ionann thart ar €15 000 000 iad.
I ndlúthchomhar leis an bhfoireann bainistíochta, tá an Stiúrthóir freagrach freisin as cineálacha cur chuige agus treoirlínte straitéiseacha a shainiú agus a chur i bhfeidhm atá dírithe ar an ilteangachas a chosaint agus a chur chun cinn laistigh agus lasmuigh den institiúid.
Sa chomhthéacs sin, rannchuideoidh an Stiúrthóir leis an bplé straitéiseach ar fad a chuirfidh ar chumas na seirbhíse aghaidh a thabhairt go suaimhneach ar na dúshláin shonracha nach mór don tseirbhís dul i ngleic leo sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, lena n-áirítear éabhlóid tascanna agus gairmeacha aistriúcháin, athruithe teicneolaíochta agus na scileanna nua a eascraíonn as teacht chun cinn uirlisí atá bunaithe, go háirithe, ar intleacht shaorga, na hathruithe ar thimpeallachtaí, ar dhálaí agus ar mhodhanna oibre na ndlítheangeolaithe agus, sna himthosca sin, ar na héilimh mhéadaithe a chuirtear ar an tseirbhís ó thaobh eiseamláireacht, trédhearcacht agus éifeachtúlacht in úsáid na n-acmhainní a chuirtear ar fáil don tseirbhís.
III. An phroifil atá á lorg againn
Táimid ag lorg duine a bheidh in ann na dúshláin a bhaineann le seirbhís aistriúcháin nua-aimseartha a thuiscint, chun cur le forbairt na bhfreagraí straitéiseacha a chaithfear a dhéanamh, i gcomhréir leis na tosaíochtaí atá sainithe ag an institiúid agus ag an mbainistíocht shinsearach, agus chun an spreagadh is gá a sholáthar chun na hathruithe cuí a thionscnamh agus a chur i gcrích. Ar an ábhar sin, caithfidh an té a bhfaighidh an post cumas ard anailíse agus machnaimh chun cinn a léiriú, agus a bheith mar fhórsa tiomána don athrú, agus ag an am céanna an diongbháilteacht agus an ghuaim a bheith acu a theastaíonn chun tacú leis an athrú seo.
I bhfianaise na ndúshlán ar leith a eascraíonn as sainchúram breithiúnach na hinstitiúide agus na ceanglais a eascraíonn as ról an aistriúcháin sna cásanna a thugtar os comhair na gcúirteanna, is cinnte gur bua a bheadh ann dá mbeadh oideachas dlíthiúil iomlán ag an té a bhfaighidh an post nó taithí ghairmiúil dhaingean i gcomhthéacs breithiúnach agus taithí ábhartha i réimse an aistriúcháin.
Agus spéis mhór acu i dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus, go háirithe, sna dúshláin agus sna deiseanna a chuireann uirlisí bunaithe ar intleacht shaorga i gcúrsaí teangeolaíochta ar fáil, seasfaidh an te bhfaighidh an post amach mar gheall ar a gcuid fiosracht intleachtúil, a gcumas i leith réitigh phragmatacha agus éifeachtacha a lorg, agus a dtiomantas do cháilíocht, luas agus oiriúnacht na seirbhíse a chuirtear ar fáil do na cúirteanna, don phobal agus do shaoránaigh Eorpacha.
Chun eintiteas riaracháin ilchultúrtha ar mhórscála a bhainistiú go rathúil, arb iad is sainairíonna é ardleibhéal saineolais agus déscileanna na foirne, beidh an té bhfaighidh an post in ann tarraingt ar a scileanna bainistíochta riaracháin den scoth, ar an tuiscint láidir atá acu ar an idirphlé agus ar chaidreamh idirphearsanta, agus an cumas caidreamh cuiditheach a bhunú agus a chothabháil laistigh den institiúid agus lasmuigh di, go háirithe le seirbhísí contrapháirte in institiúidí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus níos faide i gcéin.
Pearsantacht láidir agus cumas acu daoine a aontú ar na luachanna a chuireann an institiúid chun cinn ó thaobh an chomhionannais teangacha agus cultúir de, beidh scileanna maithe cumarsáide agus idirbheartaíochta ag an té a bhfaighidh an post, a chuirfidh ar a gcumas rannchuidiú leis an ilteangachas a chur chun cinn agus a chosaint.
IV. Coinníollacha incháilitheachta
Chun bheith incháilithe chun páirt a ghlacadh sa chéim measúnaithe iarratais, ní mór d’iarrthóirí na coinníollacha maidir le ceapachán mar oifigeach a leagtar síos i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (‘na Rialacháin Foirne’) a chomhlíonadh. Ina theannta sin, ní mór dóibh na bunchoinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
— |
leibhéal oideachais arb ionann é agus staidéar ollscoile críochnaithe arna fhianú le dioplóma; |
— |
taithí ghairmiúil ábhartha 10 mbliana ar a laghad; |
— |
taithí chruthaithe i mbainistíocht foirne; |
— |
eolas cuimsitheach ar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh agus eolas an-mhaith ar dhá theanga oifigiúla eile de chuid an Aontais Eorpaigh. Ar chúiseanna oibríochtúla, ní foláir eolas maith ar an bhFraincis agus ar an mBéarla. |
V. Luach saothair agus coinníollacha fostaíochta
Foráiltear don luach saothair agus coinníollacha fostaíochta sna Rialacháin Foirne d’oifigigh de ghrád AD 14 nó AD 15 (1).
Dírítear aird na n-iarrthóirí ar an oibleagáid a fhorchuirtear leis na Rialacháin Foirne ar aon oifigeach nua tréimhse phromhaidh naoi mí a thabhairt chun críche go rathúil.
VI. Beartas earcaíochta
Ráthaíonn an Chúirt Bhreithiúnais comhdheiseanna, faoi réir measúnú comparáideach a dhéanamh ar thuillteanais na n-iarrthóirí, agus caitheamh comhionann le gach duine a léiríonn spéis i bhfolúntas. Spreagann sí iarratais éagsula ar bhealach gníomhach ó iarrthóirí a bhfuil taithí, scileanna agus eolas éagsúil acu a chur isteach, ar an mbonn geografach is leithne agus is féidir i measc náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.
Sa chomhthéacs sin, tugtar cuireadh d’iarrthóirí atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riocht sláinte orthu a d’fhéadfadh cur isteach ar a gcumas páirt a ghlacadh sa chéim mheasúnaithe den nós imeachta roghnúcháin seo dul i dteagmháil leis an Aonad um Roghnú Tallainne sa Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna (DIR-DGM@curia.europa.eu), a luaithe a chuirtear a n-iarratas isteach, ionas gur féidir leis an aonad a eagrú, i gcomhréir le hAirteagal 1d de na Rialacháin Foirne, na socruithe is gá chun go mbeidh sé nó sí in ann páirt iomlán a ghlacadh sa chéim mheasúnaithe. Chuige sin, féadfar a iarraidh ar an iarrthóir teastas leighis nó deimhniú arna eisiúint ag an údarás náisiúnta, a scrúdófar d’fhonn na socruithe is gá a bhunú, a chur chuig Seirbhís Leighis na Cúirte.
Chun faisnéis a fháil faoi phróiseáil sonraí pearsanta chun críocha an nós imeachta roghnúcháin seo, iarrtar ar iarratasóirí tagairt a dhéanamh don fhógra faisnéise faoi earcaíocht i seirbhísí riaracháin na Cúirte Breithiúnais.
VII. Iarratais a chur isteach
Ní foláir do dhaoine atá ag cur isteach ar an bpost seo a n-iarratas a sheoladh, trí ríomhphost amháin, chuig an seoladh ríomhphoist DIR-DGM@curia.europa.eu, tráth nach déanaí ná an 21 Nollaig 2023, 17:00 (am Lucsamburg).
Is éard atá san iarratas ná litir spreagtha, curriculum vitae agus gach doiciméad úsáideach eile, chomh maith le tuairisc ghearr (5 leathanach ar a mhéad) ar a bhfís ar ghníomhaíochtaí agus ar bhainistíocht na Stiúrthóireachta ar a bhfuil an glao ar iarratas seo dírithe.
Arna fhaomhadh an 24 Deireadh Fómhair 2023.
(1) Mar léiriú, is é EUR 16 292 buntuarastal míosúil oifigigh i ngrád AD 14, Céim 1, agus is é EUR 18 433 an buntuarastal a fhreagraíonn do ghrád AD 15, Céim 1.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1016/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)