Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2023/782 |
20.11.2023 |
Caingean arna tabhairt an 10 Deireadh Fómhair 2023 – Tiktok Technology v an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí
(Cás T-1030/23)
(C/2023/782)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtí
Iarratasóir: Tiktok Technology Ltd (Baile Átha Cliath, Éire) (ionadaithe: J.-F. Bellis, T. D’hulst, C. Monaghan, O. Tobin, P. Gallagher, D. McGrath, E. Egan McGrath, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh ceangailteach 2/2023 maidir leis an díospóid arna taisceadh ag an údarás maoirseachta Éireannach i ndáil le TikTok Technology Limited (Airteagal 65 de GDPR) an 2 Lúnasa 2023 a chur ar neamhní; agus |
— |
a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear gur sháraigh an cosantóir a inniúlacht faoi Airteagal 65(1)(a) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (1) |
2. |
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear gur sháraigh an cosantóir cearta an iarratasóra faoi Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
3. |
An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearna an cosantóir earráid dlí nuair a chinn sé gur sháraigh an mhír aníos ‘Faisnéis faoin gcuntas’ agus an mhír aníos ‘An Chéad Phostáil’ Airteagal 5(1)(a) de Threoir (AE) 2016/679. |
4. |
An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear go bhfuil an nós imeachta faoi Airteagal 65(1)(a) de Rialachán (AE) 2016/679 ar neamhréir le hAirteagail 41, 47 agus 48 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus le prionsabail Meroni agus nach mór a dhearbhú go bhfuil sé neamhdhleathach agus neamhbhailí. |
(1) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/782/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)