ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 324A

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

Imleabhar 66
14 Meán Fómhair 2023


Clár

Leathanach

 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

2023/C 324 A/01

Fógra comórtas oscailte — EPSO/AD/404/23 — Dlítheangeolaithe Béarla (EN) (AD 7) — EPSO/AD/405/23 — Dlítheangeolaithe Spáinnise (ES) (AD 7) — EPSO/AD/406/23 — Dlítheangeolaithe Liotuáinise (LT) (AD 7) — EPSO/AD/407/23 — Dlítheangeolaithe Ollainnise (NL) (AD 7) — EPSO/AD/408/23 — Dlítheangeolaithe Portaingéilise (PT) (AD 7) — EPSO/AD/409/23 — Dlítheangeolaithe Slóvaicise (SK) (AD 7)

1


GA

 


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CA 324/1


FÓGRA COMÓRTAS OSCAILTE

EPSO/AD/404/23 — Dlítheangeolaithe Béarla (EN) (AD 7)

EPSO/AD/405/23 — Dlítheangeolaithe Spáinnise (ES) (AD 7)

EPSO/AD/406/23 — Dlítheangeolaithe Liotuáinise (LT) (AD 7)

EPSO/AD/407/23 — Dlítheangeolaithe Ollainnise (NL) (AD 7)

EPSO/AD/408/23 — Dlítheangeolaithe Portaingéilise (PT) (AD 7)

EPSO/AD/409/23 — Dlítheangeolaithe Slóvaicise (SK) (AD 7)

(2023/C 324 A/01)

An sprioc-am le hiarratas a dhéanamh: an 17 Deireadh Fómhair 2023 ar 12.00 (meán lae), am Lucsamburg

CLÁR

1.

FORÁLACHA GINEARÁLTA 2

2.

DUALGAIS AN PHOIST 2

3.

NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA 2

3.1.

Coinníollacha ginearálta 2

3.2.

Coinníollacha sonracha — teangacha 2

3.3.

Coinníollacha sonracha — cáilíochtaí agus taithí oibre 2

4.

CONAS A EAGRÓFAR NA COMÓRTAIS? 3

4.1.

Forléargas ar nósanna imeachta an chomórtais 3

4.2.

Teangacha a úsáidtear sna comórtais seo 4

4.3.

Céimeanna an chomórtais 5

5.

COMHDHEISEANNA AGUS SOCRUITHE RÉASÚNTA 7

IARSCRÍBHINN I.

— Rialacha ginearálta 8

IARSCRÍBHINN II.

— Samplaí d’íoscháilíochtaí 15

1.   FORÁLACHA GINEARÁLTA

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtais oscailte, ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha, chun painéil a thiomsú as a ndéanfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, atá bunaithe i Lucsamburg, baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar ‘dhlítheangeolaithe’ (grád AD 7).

An fógra comórtas seo agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis, agus Iarscríbhinn I ‘Rialacha ginearálta’ san áireamh, sin iad creat dlí ceangailteach na gcomórtas seo.

An líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal:

EPSO/AD/404/23 — Dlítheangeolaithe Béarla

30

EPSO/AD/405/23 — Dlítheangeolaithe Spáinnise

20

EPSO/AD/406/23 — Dlítheangeolaithe Liotuáinise

15

EPSO/AD/407/23 — Dlítheangeolaithe Ollainnise

20

EPSO/AD/408/23 — Dlítheangeolaithe Portaingéilise

25

EPSO/AD/409/23 — Dlítheangeolaithe Slóvaicise

15

Baineann an fógra seo le sé chomórtas. Is féidir le hiarrthóir iarratas a dhéanamh ar aon cheann amháin acu, agus an ceann sin amháin. Ní mór d’iarrthóirí an rogha a dhéanamh tráth an chlárúcháin agus ní fhéadfaidh siad í a athrú i ndiaidh dóibh an fhoirm iarratais a bhailíochtú.

Féachann EPSO le teanga atá neodrach i dtaobh inscne agus ionchuimsitheach a úsáid a mhéid is féidir. Aon tagairt do dhuine d’inscne sonrach, ní mór a mheas mar thagairt do dhuine d’aon inscne eile chomh maith.

2.   DUALGAIS AN PHOIST

Earcaíonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh dlítheangeolaithe ardcháilithe a chaithfidh a bheith in ann téacsanna dlí a aistriú a bhíonn casta go minic go teanga an chomórtais ó dhá theanga oifigiúla eile ar a laghad. Úsáideann dlítheangeolaithe na gnáthuirlisí comhaimsire ríomhaireachta agus oifige chun a gcuid oibre a dhéanamh.

Ar na dualgais tá téacsanna dlí (cinntí de chuid na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta, Tuairimí na nAbhcóidí Ginearálta, pléadálacha i scríbhinn ó na páirtithe, etc.) a aistriú go teanga an chomórtais ó dhá cheann eile ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh, na haistriúcháin sin a athbhreithniú, agus anailís dlí a dhéanamh i gcomhar leis na Clárlanna agus le ranna eile na Cúirte Breithiúnais.

3.   NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA

Ní mór d’iarrthóirí gach ceann de na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh ar an dáta deiridh atá leagtha síos don chlárúchán.

3.1.   Coinníollacha ginearálta

Ní mór don iarrthóir:

1.

a chearta mar shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach a theachtadh,

2.

aon oibleagáid i dtaca le seirbhís mhíleata atá air de réir an dlí náisiúnta a bheith comhlíonta aige,

3.

na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh.

3.2.   Coinníollacha sonracha — teangacha

Ní mór don iarrthóir eolas a bheith aige ar thrí theanga ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh, mar atá leagtha síos i Roinn 4.2.1 thíos.

3.3.   Coinníollacha sonracha — cáilíochtaí agus taithí oibre

Na cáilíochtaí oideachais sonracha is gá i bprionsabal do gach comórtas áirithe atá cumhdaithe leis an bhfógra seo, tá siad liostaithe i Ranna 3.3.1–3.3.6. Is féidir go nglacfaidh an bord roghnúcháin le cáilíochtaí coibhéiseacha, de réir na bprionsabal atá leagtha síos i mbreithiúnas an 7 Meán Fómhair 2022, OQ v. an Coimisiún Eorpach, T-713/20.

Féach Iarscríbhinn II chun teacht ar shamplaí d’íoscháilíochtaí. Chun a dhéanamh amach ar bhain an t-iarrthóir leibhéal is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile amach, is iad na rialacha a bhí i bhfeidhm an tráth a gnóthaíodh an cháilíocht na rialacha a chuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh.

I bprionsabal, níl aon taithí oibre ag teastáil. Mar sin féin, i gcásanna ina mbeidh leibhéal oideachais is gá ag iarrthóir is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile trí bliana (i.e. i gcás ina ndearna iarrthóir cúrsa céime trí bliana), agus é sin amháin, ba cheart taithí ghairmiúil ábhartha aon bhliana amháin ar a laghad a bheith bainte amach ag an iarrthóir ina dhiaidh sin.

Measfar taithí a bheith ábhartha má fuarthas í i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

1.

Aistriúchán dlí;

2.

Dréachtú téacsanna dlí;

3.

Taithí ar an dlí a fuair dlíodóir féinfhostaithe;

4.

Taithí ar an dlí i ngnólacht dlí, i gcuideachta, i riarachán náisiúnta, in eagraíocht rialtais nó idirnáisiúnta, i gceann d’institiúidí, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí eile an Aontais Eorpaigh, in eagraíocht neamhrialtasach nó in ollscoil.

3.3.1.    EPSO/AD/404/23 — Dlítheangeolaithe Béarla

Chun bheith incháilithe do chomórtas EPSO/AD/404/23, ní mór d’iarrthóir leibhéal oideachais a bheith aige is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus ar baineadh ceann de na cáilíochtaí seo a leanas amach dá bharr: céim sa dlí nó a choibhéis a bronnadh i bPoblacht na hÉireann nó cáilíocht mar abhcóide nó aturnae i bPoblacht na hÉireann.

3.3.2.    EPSO/AD/405/23 — Dlítheangeolaithe Spáinnise

Chun bheith incháilithe do chomórtas EPSO/AD/405/23, ní mór d’iarrthóir leibhéal oideachais a bheith aige is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus ar baineadh ceann de na dioplómaí seo a leanas amach dá bharr i ndlí na Spáinne: Licenciatura en DerechoGrado en Derecho.

3.3.3.    EPSO/AD/406/23 — Dlítheangeolaithe Liotuáinise

Chun bheith incháilithe do chomórtas EPSO/AD/406/23, ní mór d’iarrthóir leibhéal oideachais a bheith aige is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus ar baineadh ceann de na cáilíochtaí seo a leanas amach dá bharr i ndlí na Liotuáine: aukštasis universitetinis teisinis išsilavinimas – teisės bakalauro kvalifikacinis laipsnis arba teisės magistro kvalifikacinis laipsnis, įgytas turint teisės bakalauro kvalifikacinį laipsnį, arba teisininko profesinis kvalifikacinis laipsnis (vienpakopis teisinis universitetinis išsilavinimas).

3.3.4.    EPSO/AD/407/23 — Dlítheangeolaithe Ollainnise

Chun bheith incháilithe do chomórtas EPSO/AD/407/23, ní mór d’iarrthóir leibhéal oideachais a bheith aige is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus ar baineadh ceann de na cáilíochtaí seo a leanas amach dá bharr nó i ndlí na Beilge nó na hÍsiltíre, agus í san Ollainnis: Voltooide juridische studie, afgesloten met een diploma Nederlands recht (doctorandus of master) of Belgisch recht (licentiaat of master, afgegeven door een Nederlandstalige rechtenfaculteit). Ook een bachelor Nederlands of Belgisch recht, gevolgd door een master internationaal of Europees recht, zal worden aanvaard.

3.3.5.    EPSO/AD/408/23 — Dlítheangeolaithe Portaingéilise

Chun bheith incháilithe do chomórtas EPSO/AD/408/23, ní mór d’iarrthóir leibhéal oideachais a bheith aige is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus ar baineadh céim i ndlí na Portaingéile amach dá bharr: um curso superior sancionado por um diploma de ‘Licenciatura em Direito’ atribuído por uma universidade portuguesa.

3.3.6.    EPSO/AD/409/23 — Dlítheangeolaithe Slóvaicise

Chun bheith incháilithe do chomórtas EPSO/AD/409/23, ní mór d’iarrthóir leibhéal oideachais a bheith aige is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus ar baineadh an cháilíocht seo a leanas amach dá bharr i ndlí na Slóvaice: Vysokoškolské štúdium v oblasti slovenského práva ukončené diplomom z odboru právo (magister, mgr.), ktorý umožňuje pokračovať v doktorandskom študijnom programe.

4.   CONAS A EAGRÓFAR NA COMÓRTAIS?

4.1.   Forléargas ar nósanna imeachta an chomórtais

Eagrófar na comórtais seo sna céimeanna seo a leanas:

Iarratas (féach Roinn 4.3.1).

Tástáil (féach Roinn 4.3.2).

Seiceáil incháilitheachta (féach Roinn 4.3.3.).

An rangú de réir na marcanna deiridh foriomlánacha (féach Roinn 4.3.4).

Doiciméid tacaíochta a sheiceáil agus painéil a thiomsú (féach Roinn 4.3.5).

4.2.   Teangacha a úsáidtear sna comórtais seo

4.2.1.    Riachtanais teanga

Ní mór d’iarrthóir i gceann de na comórtais seo eolas a bheith aige ar na teangacha seo a leanas:

Teanga 1 (teanga an chomórtais): An Béarla, an Spáinnis, an Liotuáinis, an Ollainnis, an Phortaingéilis, nó an tSlóvaicis. An leibhéal eolais riachtanach: C2 i ngach inniúlacht teanga atá iarrtha san fhoirm iarratais (labhairt, scríobh, léamh agus éisteacht).

Teanga 2: An Fhraincis. An t-íosleibhéal eolais riachtanach: C1 ar a laghad san inniúlacht léitheoireachta.

Teanga 3: Ceann eile de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh, nach ionann í agus teanga 1 ná teanga 2. An t-íosleibhéal eolais riachtanach: C1 ar a laghad san inniúlacht léitheoireachta.

Tá na hinniúlachtaí sin leagtha amach i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (1).

Is institiúid ilteangach í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus tá na rialacha teanga faoina bhfeidhmíonn sí sainithe ina Rialacha Nós Imeachta.

Is í teanga 1 de gach comórtas sprioctheanga an aonaid aistriúcháin lena mbaineann. Ní mór do dhlítheangeolaithe sáreolas ar theanga 1 a bheith acu óir beidh orthu téacsanna casta dlí a aistriú go dtí an teanga sin. Lena chois sin, ní mór do na hiarrthóirí a léiriú go mbeidh siad in ann anailísiú dlíthiúil agus téarmaíochta a dhéanamh i dteanga 1 ar thagairtí maidir le réamhrialú arna thíolacadh ag na cúirteanna náisiúnta sa theanga sin, d’fhonn a thaispeáint go bhfuil eolas foirfe gníomhach acu ar an teanga.

Léiríonn rogha na Fraincise mar theanga 2 go bhfuil formhór na dtéacsanna le haistriú ón bhFraincis, go háirithe breithiúnais agus orduithe ón gCúirt Bhreithiúnais agus ón gCúirt Ginearálta. Chun a chinntiú gur féidir an cásdlí a fhoilsiú i dteangacha oifigiúla ar fad an Aontais Eorpaigh, is gá do gach dlítheangeolaí i ngach ceann de na haonaid aistriúcháin i gceist a bheith in ann obair ón bhFraincis.

Tá teanga 3 ag teastáil sna comórtais seo mar — ar chúiseanna eagrúcháin — nach mór do dhlítheangeolaithe na Cúirte Breithiúnais a bheith in ann téacsanna dlí a aistriú go teanga 1 ó dhá theanga fhoinseacha ar a laghad.

Is leis na riachtanais teanga atá sonraithe thuas a chinntear teangacha na dtrialacha freisin (féach roinn 4.2.2 thíos).

4.2.2.    Iarratas agus teangacha na dtrialacha

Is mar seo a leanas a úsáidfear na teangacha sna céimeanna éagsúla de na comórtais:

Céim an chomórtais

Trialach

Teangacha

Iarratas

Ceann amháin de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Moltar go láidir teanga 1 a úsáid.

Tástáil

Trialacha réasúnaíochta

Teanga 1

Triail aistriúcháin 1

Teanga 1 agus teanga 2

Triail aistriúcháin 2

Teanga 1 agus teanga 3

De bharr na srianta sonracha ar obair na ndlítheangeolaithe sa Chúirt Bhreithiúnais mar atá leagtha amach sa roinn roimhe seo, tá sé iomchuí a cheangal ar iarrthóirí na trialacha réasúnaíochta a dhéanamh sa teanga a roghnaigh siad mar theanga 1. Ina theannta sin, chun próiseáil thapa a éascú, moltar go láidir d’iarrthóirí a bhfoirm iarratais a líonadh isteach i dteanga 1.

Sna trialacha (aistriúcháin) réimse-shonracha, beidh ar na hiarrthóirí a léiriú go bhfuil sé ar a gcumas teangacha 1, 2 agus 3 a úsáid, teangacha a fhreagraíonn do na teangacha a bheidh á n-úsáid acu agus iad ag obair ó lá go lá. Sin é an dóigh is fearr le deimhin a dhéanamh de gur ar an gcaighdeán is airde cumais agus éifeachtúlachta a bheidh na hiarrthóirí a earcófar agus go mbeidh siad in ann dul i mbun oibre láithreach tráth na hearcaíochta.

4.3.   Céimeanna an chomórtais

4.3.1.    Iarratas

Chun iarratas a dhéanamh ní mór cuntas EPSO a bheith ag iarrthóir. Iarrthóirí nach bhfuil cuntas EPSO acu fós, beidh orthu cuntas a chruthú. Ní ceadmhach ach aon chuntas EPSO amháin a chruthú agus ní mór an cuntas sin a úsáid le haghaidh gach iarratais.

Ní mór d’iarrthóirí iarratas a dhéanamh ar líne ar shuíomh gréasáin EPSO  (2) faoin

17 Deireadh Fómhair 2023 ar 12.00 (meán lae), am Lucsamburg.

Is ionann bailíochtú iarratais agus dearbhú ar a fhocal ón iarrthóir go gcomhlíonann sé na coinníollacha ar fad atá luaite sa Roinn ‘Na coinníollacha incháilitheachta’. Nuair a bheidh an fhoirm iarratais bailíochtaithe ag na hiarrthóirí, ní fhéadfaidh siad aon athrú eile a dhéanamh uirthi. Is faoi na hiarrthóirí atá sé féachaint chuige go mbeidh an t-iarratas líonta isteach agus bailíochtaithe faoin sprioc-am.

Faoin 14 Nollaig 2023 ar 12.00 (meán lae), am Lucsamburg, ní mór d’iarrthóirí cóipeanna scanta a uaslódáil chuig a gcuntas EPSO de na doiciméid tacaíochta a thacaíonn leis na dearbhuithe a rinne siad ina bhfoirm iarratais.

4.3.2.    Tástáil

Iarrtar ar iarrthóirí féachaint ar Roinn 5 de na Rialacha Ginearálta (Iarscríbhinn I) ina bhfuil eolas tábhachtach faoin tástáil.

Na hiarrthóirí uile a mbeidh a bhfoirm iarratais bailíochtaithe acu faoin sprioc-am atá luaite san fhógra seo, tabharfar cuireadh dóibh tabhairt faoi shraith trialacha.

(a)   Trialacha réasúnaíochta

Is mar seo a leanas a eagrófar na trialacha ar inniúlachtaí réasúnaíochta na n-iarrthóirí:

Trialacha

Teanga

Ceisteanna

Fad ama

Marcáil

Pasmharc

Réasúnaíocht bhriathartha

Teanga 1

20 ceist

35 nóiméad

0 go 20

20/40

Réasúnaíocht uimhriúil

10 gceist

20 nóiméad

0 go dtí 10

Réasúnaíocht theibí

10 gceist

10 nóiméad

0 go dtí 10

Aon phointe amháin a bheidh ag dul le gach ceist. Níl aon phasmharc ann in aghaidh na trialach. Mar sin féin, ní mór don iarrthóir pasmharc 20/40 ar a laghad a ghnóthú i ngach triail le chéile. An marc a ghnóthófar sna trialacha réasúnaíochta, ní chuirfear é leis an marc deiridh foriomlán (féach Roinn 4.3.4.).

Na hiarrthóirí nach mbainfidh amach an pasmharc atá ag teastáil sna trialacha réasúnaíochta, ní dhéanfar seiceáil ar a gcáilíocht (féach Roinn 4.3.3.).

(b)   Na trialacha aistriúcháin

Is mar seo a leanas a eagrófar na trialacha aistriúcháin:

Triail

Cur síos

Fad ama

Marcáil

Pasmharc

Triail aistriúcháin 1

Téacs dlí atá dréachta i dteanga 2 a aistriú go dtí an teanga a roghnaigh an t-iarrthóir mar theanga 1, gan foclóir ná acmhainní eile a úsáid

90 nóiméad

0 go dtí 80

40/80

Triail aistriúcháin 2

Téacs dlí atá dréachta sa teanga a roghnaigh an t-iarrthóir mar theanga 3 a aistriú go dtí an teanga a roghnaigh an t-iarrthóir mar theanga 1, gan foclóir ná acmhainní eile a úsáid

90 nóiméad

0 go dtí 80

40/80

I gcás gach trialach, ní mór don iarrthóir pasmharc 40/80 ar a laghad a bhaint amach.

4.3.3.    Seiceáil incháilitheachta

Na hiarrthóirí a bhainfidh amach an pasmharc atá ag teastáil sna trialacha réasúnaíochta, déanfar seiceáil ar a gcáilíocht.

Is éard atá i gceist leis an tseiceáil incháilitheachta fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta atá leagtha amach i roinn 3 (‘Na coinníollacha incháilitheachta’) den fhógra seo. Déanfar é sin ar bhonn na ndearbhuithe a rinne na hiarrthóirí san fhoirm iarratais, faoi réir fíorúcháin a dhéanfar ina dhiaidh sin ar na doiciméid tacaíochta (féach Roinn 4.3.5).

4.3.4.    An rangú de réir na marcanna deiridh foriomlánacha

Iarrthóirí a mheasfar a bheith incháilithe, marcálfar a dtriail aistriúcháin 1.

Na hiarrthóirí a bhainfidh amach an pasmharc i dtriail aistriúcháin 1, marcálfar a dtriail 2.

Na hiarrthóirí a bhainfidh amach an pasmharc sa dá thriail aistriúcháin, cuirfear an dá mharc sin acu le chéile chun an marc foriomlán deiridh a bhaint amach, as 160. Anseo, is é ‘160’ suim na marcanna is airde is féidir a ghnóthú i dtriail aistriúcháin 1 (80) agus i dtriail aistriúcháin 2 (80).

Tiomsóidh an bord roghnúcháin painéal iarrthóirí ansin in ord íslitheach na marcanna foriomlána deiridh.

4.3.5.    Doiciméid tacaíochta a sheiceáil agus painéil a bhunú

Is éard atá i gceist leis an tseiceáil ar na doiciméid tacaíochta comparáid a dhéanamh idir (a) na dearbhuithe a rinne na hiarrthóirí ina bhfoirm iarratais (na Ranna ‘Oideachas agus Oiliúint’ agus ‘Taithí Ghairmiúil’ san áireamh) agus (b) na doiciméid a d’uaslódáil na hiarrthóirí ina gcuntas EPSO chun tacú leis na dearbhuithe sin. De thoradh na comparáide sin, críochnóidh an bord roghnúcháin an measúnú incháilitheachta.

Déanfaidh an bord roghnúcháin doiciméid na n-iarrthóirí a sheiceáil in ord íslitheach a marcanna foriomlána arna ríomh de réir Roinn 4.3.4, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí incháilithe a n-éireoidh leo atá á lorg don phainéal i gcás gach comórtais.

Cuirfear ainmneacha na n-iarrthóirí sin leis an bpainéal. Maidir leis an áit dheireanach ar an bpainéal, i gcás ina gcríochnóidh roinnt iarrthóirí cothrom le chéile dó, cuirfear a n-ainmneacha ar fad leis an bpainéal.

Ní dhéanfar comhaid doiciméad na n-iarrthóirí eile a sheiceáil.

Is in ord aibítre a liostálfar na hainmneacha ar an bpainéal. Cuirfear na painéil ar fáil do na seirbhísí earcaíochta. Cuirfear torthaí na n-iarrthóirí in iúl dóibh (torthaí na dtrialacha, incháilitheacht agus/nó torthaí na seiceála doiciméad) ach amháin murar próiseáladh na torthaí sin ar na cúiseanna atá leagtha amach san fhógra seo.

Ní hionann duine a bheith ar phainéal agus aon cheart a bheith aige ar phost ná ráthaíocht a bheith aige go bhfaighidh sé post.

5.   COMHDHEISEANNA AGUS SOCRUITHE RÉASÚNTA

Déanann EPSO a dhícheall a chinntiú go bhfuil comhdheiseanna ag na hiarrthóirí uile.

Iarrthóirí atá faoi mhíchumas nó a bhféadfadh an riocht sláinte ina bhfuil siad bac a chur orthu na trialacha a dhéanamh, ba cheart dóibh an méid sin a lua san fhoirm iarratais agus na céimeanna a leanúint chun socruithe réasúnta a iarraidh, mar atá sainithe ar shuíomh gréasáin EPSO (3). Tar éis dó iarraidh na n-iarrthóirí agus na doiciméid tacaíochta ábhartha a scrúdú, féadfaidh EPSO socruithe réasúnta a thabhairt má mheastar go bhfuil gá leis.


(1)  https://rm.coe.int/16806f50a4

(2)  https://epso.europa.eu/ga/job-opportunities/open-for-application

(3)  https://epso.europa.eu/ga/node/495


IARSCRÍBHINN I

RIALACHA GINEARÁLTA

1.   Bunfhorálacha

(1)

Tá feidhm ag forálacha na rialacha ginearálta seo mura sonraítear a mhalairt san fhógra comórtais.

(2)

Tugtar eolas d’iarrthóirí ina gcuntas EPSO nach mór plé leis laistigh de thréimhsí áirithe. Ba cheart dóibh a gcuntas EPSO a sheiceáil gach tríú lá féilire ar a laghad ionas gur féidir leo an dul chun cinn atá á dhéanamh acu sa chomórtas a leanúint agus ionas nach gcaillfidh siad aon sprioc-am.

Más rud é nach féidir le hiarrthóir a chuntas EPSO a sheiceáil mar gheall ar fhadhb theicniúil ó thaobh EPSO, ní mór dó EPSO a chur ar an eolas láithreach tríd an bhfoirm teagmhála ar líne (1).

(3)

Má bhíonn roinnt iarrthóirí ar comhscór agus gan ach áit amháin fágtha ag aon chéim den chomórtas, rachaidh gach duine acu ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas. Má bhíonn roinnt iarrthóirí ar comhscór agus gan ach áit amháin ar an bpainéal fágtha, cuirfear gach duine acu ar an bpainéal.

(4)

Aon iarrthóir a athligfear isteach tar éis iarraidh, gearán nó achomharc ar éirigh leis, déanfar é (a) a chur ar ais sa chomórtas ag an gcéim ónar eisiadh é, nó (b) a chur leis an bpainéal, de réir mar is infheidhme.

(5)

Nuair a chuirfidh EPSO teachtaireacht chuig iarrthóir tríd an gcuntas EPSO nó trí ríomhphost, beidh an teachtaireacht sin i gceann de na teangacha ar dhearbhaigh an t-iarrthóir go raibh eolas ar leibhéal B2 nó níos airde (2) aige orthu sa roinn ‘Cumas léitheoireachta’ ar an bhfoirm iarratais.

(6)

Is féidir le hiarrthóirí dul i dteagmháil le EPSO tríd an bhfoirm theagmhála ar líne ar shuíomh gréasáin EPSO (3). Roimh dhul i dteagmháil le EPSO dóibh, iarrtar ar iarrthóirí roinn na ‘gceisteanna coitianta’ ar shuíomh gréasáin EPSO (4) a cheadú.

(7)

Forchoimeádann EPSO an ceart deireadh a chur le haon chomhfhreagras atá míchuí (i.e. comhfhreagras atá liodánach, maslach, agus/nó nach mbaineann le hábhar).

2.   Cáilíochtaí, taithí, doiciméid tacaíochta

Ba cheart tús agus deireadh gach tréimhse oideachais nó taithí oibre a chur in iúl san fhormáid ll/mm/bbbb.

2.1.   Cáilíochtaí oideachais

(1)

Ní mór céimeanna, dioplómaí agus/nó teastais a bheith aitheanta ag údarás inniúil de chuid Bhallstáit den Aontas Eorpach, cibé acu i dtír den Aontas Eorpach nó i dtír lasmuigh de a eisíodh iad.

(2)

Na difríochtaí idir córais oideachais náisiúnta, go háirithe na difríochtaí idir na teidil a thugtar ar chéimeanna, ar dhioplómaí agus ar theastais, cuirfear san áireamh iad agus measúnú á dhéanamh an bhfuil na cáilíochtaí is gá de réir an fhógra comórtais ag na hiarrthóirí.

(3)

I gcás gach cáilíochta oideachais, ba cheart don iarrthóir an méid seo a leanas a chur in iúl: an teideal, an leibhéal oideachais, na hábhair a clúdaíodh, dátaí thús agus dheireadh na staidéar, agus fad ama rialta/oifigiúil na staidéar.

(4)

Sa chlib ‘Oideachas’ ar an bhfoirm iarratais, ba cheart d’iarrthóirí a gcáilíocht mheánoideachais a chur isteach freisin.

2.2.   Taithí oibre

(1)

Ní féidir taithí oibre a chur san áireamh ach amháin má chomhlíonann sí na coinníollacha ginearálta seo a leanas:

(a)

Ní mór an taithí a bheith faighte tar éis don iarrthóir an cháilíocht oideachais íosta atá sonraithe san fhógra comórtais a bhaint amach;

(b)

Ní mór fíorobair éifeachtach a bheith inti;

(c)

Ní mór pá a bheith ag dul léi;

(d)

Ní mór caidreamh gairmiúil a bheith ag baint leis, i.e. go raibh an t-iarrthóir laistigh de struchtúr eagraíochtúil nó go raibh sé ag soláthar seirbhíse;

(e)

Ní mór í a bheith i gcomhréir leis na critéir maidir le hábharthacht atá sonraithe san fhógra comórtais. Mura féidir a mheas go bhfuil na cúraimí uile a rinneadh le linn tréimhse áirithe taithí oibre ábhartha, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(i)

Más rud é go bhfuil níos mó ná 75 % de na cúraimí ábhartha, measfar gur taithí ábhartha an tréimhse iomlán taithí oibre;

(ii)

Más rud é go bhfuil 50–75 % de na cúraimí ábhartha, cuirfear an tréimhse taithí oibre atá i gceist san áireamh ar ráta 75 %;

(iii)

Más rud é go bhfuil 25–50 % de na cúraimí ábhartha, cuirfear an tréimhse taithí oibre atá i gceist san áireamh ar ráta 50 %;

(iv)

Más rud é go bhfuil níos lú ná 25 % de na cúraimí ábhartha, ní chuirfear an tréimhse taithí oibre san áireamh.

(2)

Measfar an taithí oibre a liostaítear anseo thíos freisin ar bhonn rialacha sonracha, lena n-áirítear díolúintí áirithe ó na riachtanais dá dtagraítear i mír (1) thuas:

(a)

I gcás obair dheonach, tuigfear gur ‘pá’ í aon ranníocaíocht a fuarthas, aisíoc costas agus cumhdach árachais san áireamh. Thairis sin, ní mór uaireanta seachtainiúla oibre agus fad ama seachtainiúil oibre ar aon dul le gnáth-phost a bheith i gceist i gcás obair dheonach.

(b)

I gcás tréimhse oiliúna, tuigfear gur ‘pá’ í aon ranníocaíocht a fuarthas, aisíoc costas agus cumhdach árachais san áireamh. Tréimhse oiliúna éigeantach atá ina cuid de chlár staidéir, féadfar é a chur san áireamh ar choinníoll (i) go dtugtar faoin tréimhse oiliúna tar éis an cháilíocht oideachais íosta atá sonraithe san fhógra comórtais a bhaint amach, agus (ii) go bhfuil pá ag dul leis an tréimhse oiliúna.

(c)

Tréimhse oiliúna éigeantach atá ina cuid de chlár chun clárú le comhlachas gairmiúil chun an ceart chun gairm a chleachtadh a bhaint amach (mar shampla, cead ballraíochta i gcomhlachas bharra na ndlíodóirí a bhaint amach), nó atá ina réamhchoinníoll le clárú den chineál sin, féadfar í a chur san áireamh cibé acu a bhí pá ag dul leis an obair nó nach raibh. I gcás nach raibh pá ag dul leis an obair, áfach, ní fhéadfar an tréimhse oiliúna a chur san áireamh ach amháin ar choinníoll gur cuireadh an clár i gcrích go rathúil agus go bhfuarthas an ceart chun an ghairm a chleachtadh. I ngach cás, is í an íostréimhse éigeantach amháin a chuirfear san áireamh.

(d)

Seirbhís mhíleata éigeantach a rinneadh sula bhfuair an t-iarrthóir an cháilíocht oideachais íosta atá sonraithe san fhógra comórtais nó tar éis dó an cháilíocht sin a fháil, cuirfear san áireamh í fiú mura gcomhlíonann sí na critéir ábharthachta atá sainithe san fhógra comórtais, ach tréimhse nach faide ná an fad éigeantach sa Bhallstát lena mbaineann amháin a bheith i gceist.

(e)

Féadfar saoire mháithreachais, atharthachta, altramais nó tuismitheora a chur san áireamh ar choinníoll gur cumhdaíodh le conradh oibre í.

(f)

I gcás staidéir dhochtúireachta, ní bheidh fad na tréimhse a chuirfear san áireamh os cionn trí bliana, ar choinníoll gur baineadh an chéim dhochtúireachta amach, agus cibé acu a bhí pá ag dul leis an obair nó nach raibh.

(g)

I gcásanna obair pháirtaimseartha, ríomhfar an tréimhse a chuirfear san áireamh pro rata, e.g. áireofar 3 mhí i gcás obair ar leath-am le linn 6 mhí.

2.3.   Doiciméid tacaíochta

(1)

Na doiciméid tacaíochta a thacaíonn leis na dearbhuithe a rinne iarrthóirí ina bhfoirm iarratais, ní mór do na hiarrthóirí cóipeanna scanta díobh a uaslódáil chuig a gcuntas EPSO. Caithfidh siad é sin a dhéanamh faoin dáta a leagtar síos san fhógra comórtais, nó, mura leagtar dáta síos san fhógra, faoin dáta atá curtha in iúl ag EPSO.

(2)

Mura gcuirfear doiciméad/doiciméid tacaíochta ar fáil faoin dáta a luaitear thuas, is féidir go measfar go bhfuil an t-iarrthóir neamh-incháilithe nó is féidir nach gcuirfear a cháilíochtaí nó a thaithí shonrach san áireamh.

(3)

Ag céim ar bith den phróiseas, féadfar a iarraidh ar iarrthóirí (trí theachtaireacht ríomhphoist, go hiondúil) eolas breise nó doiciméid bhreise a chur ar fáil.

(4)

Ar na doiciméid a bheidh ar iarrthóirí a n-uaslódáil, beidh cóip dá gcárta aitheantais nó dá bpas, agus ní mór an doiciméad sin a bheith bailí ar an dáta deiridh is féidir iarratas a chur isteach. Beidh ar iarrthóirí an bundoiciméad, i.e. an cárta aitheantais féin nó an pas féin, a thaispeáint nuair a iarrfar sin orthu.

(5)

Chun a chruthú gur ann dá gcáilíochtaí oideachais agus don oiliúint atá faighte acu, beidh ar iarrthóirí na nithe seo a leanas a chur ar fáil:

(a)

cóip dá ndioplóma/ndioplómaí agus/nó dá dteastas/dteastais oiliúna lena bhfianaítear na cáilíochtaí oideachais is gá le bheith incháilithe don chomórtas (féach an roinn ‘Na coinníollacha incháilitheachta’ san fhógra comórtais);

(b)

dioplóma/teastas meánoideachais (fiú i gcásanna ina leagtar síos san fhógra comórtais riachtanais oideachais íosta is airde ná leibhéal an mheánoideachais);

(c)

i gcás dioplómaí/teastais a eisíodh i dtír lasmuigh den Aontas Eorpach, ráiteas coibhéiseachta a d’eisigh údarás inniúil de chuid Bhallstáit den Aontas Eorpach.

(6)

Ní mór gach tréimhse taithí oibre a bheith cumhdaithe leis na bundoiciméid seo a leanas nó le cóipeanna deimhnithe díobh:

(a)

Doiciméid ó fhostóirí agus/nó ó iarfhostóirí: conradh/conarthaí fostaíochta ina bhfuil dátaí thús agus dheireadh na fostaíochta sonraithe agus/nó an chéad duillín pá agus an duillín pá deiridh. Ba cheart cineál agus leibhéal na ndualgas a rinne an t-iarrthóir a bheith sonraithe sna doiciméid sin mar aon le cur síos mionsonraithe ar na dualgais sin, agus ba cheart ceann litreach agus stampa an fhostóra a bheith orthu mar aon le hainm agus síniú an duine i gceannas.

(b)

I gcás obair nach bhfuil tuarastal ag dul léi, e.g. féinfhostaíocht nó gairmeacha beatha liobrálacha: sonraisc nó foirmeacha ordaithe ina bhfuil an obair a rinneadh sonraithe, nó aon doiciméid tacaíochta oifigiúla eile ina bhfuil cineál agus tréimhse na ndualgas a rinneadh nó na seirbhísí a soláthraíodh sonraithe;

(c)

I gcás saoraistritheoirí: doiciméid lena bhfianaítear na tréimhsí a d’oibrigh an t-iarrthóir agus an líon leathanach a d’aistrigh sé;

(d)

I gcás saor-ateangairí: doiciméid lena bhfianaítear an líon laethanta a d’oibrigh an t-iarrthóir agus na teangacha a ndearna sé ateangaireacht go dtí iad agus uathu.

3.   Ról an bhoird roghnúcháin

(1)

Is é bord roghnúcháin an chomórtais a dhéanann cinneadh maidir le deacracht na dtrialacha sa chomórtas agus a fhaomhann inneachar na dtrialacha sin, a dhéanann measúnú ar chomhlíontacht na n-iarrthóirí leis na coinníollacha sonracha incháilitheachta, a chuireann fiúntas na n-iarrthóirí i gcomparáid le chéile, agus a roghnaíonn na hiarrthóirí is fearr i bhfianaise na riachtanas atá leagtha amach san fhógra comórtais.

(2)

Coinnítear imeachtaí an bhoird roghnúcháin faoi rún.

(3)

Tugann EPSO áis d’obair an bhoird roghnúcháin.

4.   Coinbhleacht leasa

(1)

Foilsítear ainmneacha chomhaltaí an bhoird roghnúcháin ar shuíomh gréasáin EPSO (5).

(2)

Ceanglaítear ar iarrthóirí, ar chomhaltaí an bhoird roghnúcháin, agus ar bhaill foirne EPSO a thugann áis le haghaidh eagrú comórtais faoi leith, aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a dhearbhú, go háirithe i gcásanna gaolta nó caidreamh oibre díreach. Aon staid a d’fhéadfadh a bheith ina coinbhleacht leasa, ní mór don duine lena mbaineann í a dhearbhú le EPSO a luaithe agus a bheidh sé ar an eolas fúithi. Measfaidh EPSO gach cás leis féin agus déanfaidh sé aon bheart is iomchuí.

(3)

Chun a chinntiú go mbeidh an bord roghnúcháin neamhspleách, tá diantoirmeasc ar iarrthóirí agus ar aon duine nach bhfuil ar an mbord roghnúcháin iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le haon chomhalta den bhord roghnúcháin maidir le haon ábhar a bhaineann leis an gcomórtas nó le himeachtaí an bhoird roghnúcháin, ach amháin i gcásanna ina n-údaraítear a mhalairt go sainráite.

(4)

Aon iarrthóir ar mian leis a chás a chur faoi bhráid an bhoird roghnúcháin, ní mór dó é sin a dhéanamh i scríbhinn agus an comhfhreagras sin a chur chuig an mbord roghnúcháin trí EPSO (6).

(5)

Aon sárú ar na rialacha a luaitear thuas, d’fhéadfaí gníomh araíonachta a chur ar bun in aghaidh comhalta den bhord roghnúcháin nó ball d’fhoireann EPSO i ngeall air, agus/nó d’fhéadfaí iarrthóir a dhícháiliú ón gcomórtas i ngeall air (féach Roinn 6).

5.   Tástáil

(1)

Is de chéin a reáchtálfar na trialacha agus déanfar feitheoireacht chianda (ar líne) orthu. Na riachtanais maidir le teicneolaíocht na faisnéise chun na trialacha a dhéanamh, tá siad sonraithe ar shuíomh gréasáin EPSO (7). Moltar go láidir do na hiarrthóirí an suíomh gréasáin a cheadú a luaithe is féidir lena chinntiú go bhfuil a dtrealamh digiteach ag cloí leis na riachtanais atá leagtha síos.

(2)

Ní mór d’iarrthóirí na trialacha a chur in áirithe de réir na dtreoracha a gheobhaidh siad ó EPSO. Bíonn teorainn leis na tréimhsí inar féidir an choinne agus na trialacha a dhéanamh.

(3)

Déanfar na sonraí agus na treoracha riachtanacha eile a shonrú sna litreacha cuiridh chuig na trialacha.

(4)

I gcásanna nach gcuireann iarrthóir ceann nó cinn de na trialacha in áirithe, nó nach ndéanann sé, nó nach gcríochnaíonn sé, ceann nó cinn de na trialacha, measfar go bhfuil deireadh lena rannpháirtíocht sa chomórtas, ach amháin más féidir leis an iarrthóir a chruthú gur tosca nach raibh neart ag an iarrthóir orthu, nó staid force majeure, faoi dheara dó gan an triail a chur in áirithe nó gan í a dhéanamh nó a chríochnú. Mura gcloífear leis na téarmaí agus na coinníollacha le haghaidh trialacha atá sonraithe sna treoracha agus san eolas a chuirtear ar fáil d’iarrthóirí, ní mheasfar gur toisc é sin nach bhfuil neart ag an iarrthóir air ná gur staid force majeure é.

6.   Dícháiliú ón gcomórtas

(1)

Féadfar iarrthóirí a dhícháiliú ag céim ar bith den chomórtas ar aon cheann de na forais seo a leanas:

(a)

níos mó ná cuntas EPSO amháin a chruthú;

(b)

iarratas a dhéanamh trí roinnt cainéil éagsúla cé go raibh toirmeasc air sin de réir an fhógra comórtais;

(c)

dearbhuithe bréagacha a dhéanamh nó dearbhuithe a dhéanamh nach raibh na doiciméid iomchuí ina dtaca leo;

(d)

séitéireacht le linn na dtrialacha, taifeadadh na dtrialacha ar líne nó iarracht ar riar cothrom na dtrialacha a chúbláil, nó cur isteach ar shláine phróiseas an chomórtais ar aon bhealach eile;

(e)

dul i dteagmháil, nó iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil, le comhalta den bhord roghnúcháin ar dhóigh neamhúdaraithe;

(f)

gan EPSO a chur ar an eolas faoi choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le comhalta den bhord roghnúcháin nó le ball foirne de EPSO;

(g)

trialacha i scríbhinn nó trialacha praiticiúla a shíniú nó aon mharcáil shuaithinseach a dhéanamh orthu tar éis treoir a bheith tugtha gan é sin a dhéanamh.

(2)

Is ceart d’iarrthóirí ar phost in institiúidí an Aontais Eorpaigh gníomhú go sár-ionraic iontaofa, i gcomhréir le hAirteagal 27, an chéad mhír, agus le hAirteagal 28(c) de na Rialacháin Foirne. I gcás calaoise nó iarrachta ar chalaois, féadfaidh EPSO cinneadh a dhéanamh a dhearbhú go bhfuil an t-iarrthóir neamh-incháilithe ar feadh tréimhse ama teoranta do chomórtais a reáchtálfar ina dhiaidh sin.

7.   Ábhair imní agus leigheasanna

7.1.   Fadhbanna teicniúla agus eagraíochtúla

(1)

Má bhíonn mórfhadhb theicniúil nó eagraíochtúil ag iarrthóir ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin, ba cheart dó é sin a chur in iúl do EPSO tríd an bhfoirm theagmhála ar líne (8).

(2)

I gcás fadhbanna leis an bhfoirm iarratais, ní mór d’iarrthóirí dul i dteagmháil le EPSO láithreach bonn agus, ar aon nós, roimh an sprioc-am chun iarratais a chur isteach.

(3)

Má thagann fadhb chun cinn le linn na tástála cianda, ní mór don iarrthóir an dá rud seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na feitheoirí a chur ar an eolas láithreach bonn nó dul i dteagmháil leis an tseirbhís tacaíochta teicniúla (trí nasc tiomnaithe) ionas gur féidir teacht ar réiteach pras, agus a iarraidh ag an am céanna go ndéanfar taifead i scríbhinn ar an ngearán,

agus

(b)

laistigh de thréimhse trí lá féilire (tréimhse arb é an chéad lá di é an lá tar éis an lae a rinne an t-iarrthóir an tástáil), teachtaireacht a sheoladh chuig EPSO tríd an bhfoirm theagmhála ar líne (9), cur síos gairid a dhéanamh sa teachtaireacht sin ar an bhfadhb, agus cruthúnas ar iarracht(aí) an fhadhb a réiteach a chur i gceangal léi (mar shampla, uimhir thicéid ón deasc chabhrach, tras-scríbhinní ó chomhrá ar líne, etc.). Tá gá leis an gcruthúnas doiciméadach sin ionas go mbeidh EPSO in inmhe an cás a fhiosrú.

Tá feidhm leis an oibleagáid EPSO a chur ar an eolas i ngach cás, fiú más rud é go ndearna na feitheoirí nó an tseirbhís tacaíochta teicniúla beart mar gheall ar an ngearán ón iarrthóir.

Gearáin a gheofar tar éis an sprioc-ama atá sonraithe sa phointe seo, agus gearáin nach bhfuil fianaise maidir le hiarracht an fhadhb a réiteach ag gabháil leo, diúltófar iad.

(4)

Éilimh a dhéanfar i gcomhthéacs gearán dá dtagraítear i Ranna 7.2.2 agus 7.3.1 ar bhonn fadhbanna teicniúla agus/nó eagraíochtúla nár tuairiscíodh de réir Roinn 7.1, diúltófar iad.

7.2.   Nósanna imeachta um athbhreithniú inmheánach

7.2.1.   Gearáin maidir le ceisteanna trialach ilrogha

(1)

Má mheasann iarrthóirí go bhfuil údar inchosanta acu lena chreidiúint gur chuir earráid i gceann amháin nó níos mó de na ceisteanna sa triail ceisteanna ilrogha isteach ar a gcumas freagra a thabhairt, féadfaidh siad athbhreithniú a iarraidh ar an gceist/na ceisteanna lena mbaineann.

(2)

Féadfaidh an bord roghnúcháin a chinneadh go ‘neodrófar’ an cheist/na ceisteanna ina bhfuil an earráid: cuirfear an cheist/na ceisteanna lena mbaineann ar ceal agus déanfar na pointí a bhí ag dul leis an gceist/na ceisteanna sin ar dtús a athdháileadh ar na ceisteanna eile sa triail. Ní dhéanfaidh athríomh na bpointí difear ach amháin do na hiarrthóirí a raibh an cheist/na ceisteanna lena mbaineann le freagairt acu. Ní thiocfaidh aon athrú dá thoradh sin ar mharcáil na dtrialacha mar atá leagtha amach sna ranna ábhartha den fhógra comórtais.

(3)

Chun gearáin maidir le ceist/ceisteanna trialach ilrogha a chur isteach, ba cheart don iarrthóir:

(a)

dul i dteagmháil le EPSO tríd an bhfoirm ar líne (10) laistigh de thréimhse trí lá féilire (tréimhse arb é an chéad lá di é an lá tar éis an lae a rinne an t-iarrthóir an triail);

(b)

cur síos chomh cruinn agus is féidir a thabhairt ar an gceist/na ceisteanna lena mbaineann, agus

(c)

míniú a thabhairt ar nádúr na hearráide/na n-earráidí a bhfuiltear ag líomhain go raibh sí/siad ann.

(4)

Gearáin a chuirfear isteach tar éis an sprioc-ama agus gearáin gan cur síos soiléir ar an gceist/na ceisteanna is ábhar agóide agus/nó ar an earráid/na hearráidí a bhfuiltear ag líomhain go raibh sí/siad ann, ní chuirfear san áireamh iad. Go háirithe, gearáin nach luafar iontu ach saincheisteanna aistriúcháin a bhfuiltear ag líomhain go raibh siad ann, gan an fhadhb a shonrú, ní chuirfear san áireamh iad.

(5)

Éilimh a dhéanfar i gcomhthéacs gearán dá dtagraítear i Roinn 7.3.1 ar bhonn fadhbanna a bhfuiltear ag líomhain go raibh siad sna ceisteanna ilrogha agus nár tuairiscíodh de réir Roinn 7.2.1, diúltófar iad.

7.2.2.   Iarrataí ar athbhreithniú

(1)

Féadfaidh iarrthóirí athbhreithniú a iarraidh ar chinneadh a rinne an bord roghnúcháin, lenar socraíodh a dtorthaí, lenar cinneadh an féidir leo dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas, nó lena ndearnadh difear ar bhealach eile dá stádas dlíthiúil mar iarrthóir.

(2)

Is é is cuspóir don nós imeachta um athbhreithniú a chur ar a chumas don bhord roghnúcháin an cinneadh is ábhar agóide a leasú i gcás ina mbeidh údar leis sin (mar shampla, botún sa mheasúnú). Sa nós imeachta um athbhreithniú, athbhreithneoidh an bord roghnúcháin an measúnú a rinne sé ar fhiúntais an iarrthóra agus déanfaidh sé a chonclúidí tosaigh a dheimhniú nó measúnú leasaithe a sholáthar.

(3)

Ní fhreagróidh an bord roghnúcháin aon argóintí dlíthiúla, bídís ag baint leis an measúnú is ábhar agóide nó ná bídís. Aon argóint arb argóint dhlíthiúil í agus aon éileamh a bhaineann le creat dlíthiúil an chomórtais, féadfar í/é a chur isteach i bhfoirm gearáin riaracháin (féach Roinn 7.3.1.).

(4)

Féadfaidh iarrthóirí easaontú leis an measúnú a rinne an bord roghnúcháin ar a bhfeidhmiú sa chomórtas nó ar a gcáilíochtaí agus/nó ar a dtaithí, ach ní chiallaíonn sin go ndearna an bord roghnúcháin earráid mheasúnaithe. Tá lamháil leathan roghnachais ag an mbord roghnúcháin agus breithiúnais ar fhiúntas a ndéanamh aige maidir le feidhmiú, cáilíochtaí, agus taithí na n-iarrthóirí.

(5)

Ní féidir athbhreithniú a iarraidh i leith torthaí trialach ceisteanna ilrogha.

(6)

Chun iarraidh ar athbhreithniú a chur isteach, ní mór don iarrthóir:

(a)

dul i dteagmháil le EPSO tríd an bhfoirm ar líne (11) laistigh de thréimhse cúig lá féilire (tréimhse arb é an chéad lá di é an lá tar éis lá foilsithe an chinnidh is ábhar agóide i gcuntas EPSO an iarrthóra);

(b)

an cinneadh ar mian leis an iarrthóir athbhreithniú a iarraidh ina leith a chur in iúl go soiléir mar aon leis an bhforas ar a n-iarrtar an t-athbhreithniú.

(7)

Gheobhaidh na hiarrthóirí admháil uathoibríoch lena chur in iúl go bhfuarthas an iarraidh. Déanfaidh an bord roghnúcháin scrúdú ar an iarraidh ar athbhreithniú agus cuirfidh sé a chinneadh in iúl don iarrthóir a luaithe is féidir.

(8)

Iarrataí ar athbhreithniú a gheofar tar éis an sprioc-ama atá luaite i bpointe (6)(a) thuas, measfar go bhfuil siad do-ghlactha agus ní dhéanfar scrúdú orthu, ach amháin más féidir leis an iarrthóir a chruthú gurbh ann do staid force majeure.

7.3.   Modhanna eile athbhreithnithe

7.3.1.   Gearáin riaracháin faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne

(1)

Féadfaidh iarrthóirí gearán riaracháin a chur isteach i leith birt (cinneadh nó easnamh cinnidh) más rud é:

(a)

go measann siad gur sáraíodh na rialacha lena rialaítear nósanna imeachta an chomórtais, agus

(b)

go bhfuil an t-iarrthóir lena mbaineann thíos leis an mbeart a bhfuiltear ag déanamh gearáin ina leith, i.e. má dhéanann sé difear díreach láithreach dá stádas dlíthiúil mar iarrthóir (i.e. socraítear a thorthaí leis, cinntear an féidir leis dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas, nó déantar difear ar bhealach eile dá stádas dlíthiúil mar iarrthóir).

(2)

Is féidir an gearán a dhéanamh i leith easnamh cinnidh i gcás ina bhfuil oibleagáid ann cinneadh a dhéanamh laistigh de sprioc-am atá sonraithe sna Rialacháin Foirne.

(3)

Iarrthóirí a bhfuil iarraidh ar athbhreithniú curtha isteach acu (féach Roinn 7.2.2), ní mór dóibh fanacht go dtí go dtabharfar fógra dóibh faoin bhfreagra ar an iarraidh sin sula ndéana siad cinneadh gearán riarachán a chur isteach nó a mhalairt. I gcásanna den chineál sin, bíonn tús leis an tréimhse chun gearán riaracháin a chur isteach an dáta a thugtar fógra faoi chinneadh an bhoird roghnúcháin maidir leis an iarraidh ar athbhreithniú.

(4)

Is é Stiúrthóir EPSO a dhéanann scrúdú ar ghearáin riaracháin, ag feidhmiú dó ina cháil údaráis cheapacháin faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne.

(5)

Is é is cuspóir don nós imeachta um ghearáin riaracháin, a fhíorú ar cloíodh le creat dlíthiúil an chomórtais. Ba cheart d’iarrthóirí a thabhairt faoi deara nach féidir le Stiúrthóir EPSO breithiúnas ar fhiúntas a rinne bord roghnúcháin a chur ar ceal agus nach bhfuil aon chumhacht dlíthiúil aige substaint chinnidh ó bhord roghnúcháin a athrú. Má aimsíonn Stiúrthóir EPSO botún sa nós imeachta nó earráid fhollasach sa mheasúnú, cuirfear an cás ar ais chuig an mbord roghnúcháin le hathmheasúnú a dhéanamh air.

(6)

Chun gearán riaracháin a chur isteach, ba cheart don iarrthóir:

(a)

dul i dteagmháil le EPSO tríd an bhfoirm ar líne (12) laistigh den sprioc-am atá leagtha amach in Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne, i.e. trí mhí a áirítear (i) ón dáta a thugtar fógra maidir leis an gcinneadh a ndéantar gearán ina leith nó (ii) ón dáta ba cheart an cinneadh sin a dhéanamh,

agus

(b)

an cinneadh nó an t-easnamh cinnidh ar mian leis an iarrthóir gearán a dhéanamh ina leith a chur in iúl mar aon leis an bhforas ar a bhfuil an gearán á dhéanamh.

(7)

Gearáin riaracháin a gheofar tar éis an sprioc-ama atá leagtha amach in Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne, measfar go bhfuil siad do-ghlactha.

7.3.2.   Achomhairc bhreithiúnacha

(1)

Tá sé de cheart ag iarrthóirí achomharc breithiúnach a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta, faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoi Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne.

(2)

Ní bheidh achomhairc bhreithiúnacha in aghaidh cinntí arna ndéanamh ag EPSO (seachas ag an mbord roghnúcháin) inghlactha os comhair na Cúirte Ginearálta murar bhain an t-iarrthóir leas mar ba chuí as réiteach an ghearáin riaracháin faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne (féach Roinn 7.3.1 thuas).

(3)

Is féidir an t-eolas uile faoi achomhairc bhreithiúnacha a fháil ar shuíomh gréasáin na Cúirte Ginearálta (13).

7.3.3.   Gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach

(1)

Is féidir le gach saoránach agus gach cónaitheoir de chuid an Aontais Eorpaigh gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach maidir le cásanna drochriaracháin.

(2)

Sula ndéana iarrthóirí gearán leis an Ombudsman, ní mór dóibh na leigheasanna inmheánacha uile a sholáthraíonn EPSO a bheith úsáidte acu cheana féin (féach Ranna 7.1 agus 7.2 thuas).

(3)

Gearáin a dhéantar leis an Ombudsman, níl aon éifeacht fionraí acu ar na sprioc-amanna atá leagtha síos chun iarrataí, gearáin ná achomhairc bhreithiúnacha dá dtagraítear sna rialacha seo a chur isteach.

(4)

Is féidir an t-eolas uile faoi ghearáin leis an Ombudsman a fháil ar an suíomh gréasáin tiomnaithe (14).

Deireadh IARSCRÍBHINN I. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs


(1)  https://epso.europa.eu/ga/contact-us

(2)  https://rm.coe.int/16806f50a4

(3)  https://epso.europa.eu/ga/contact-us

(4)  https://epso.europa.eu/ga/epso-faqs-by-category

(5)  https://epso.europa.eu/ga

(6)  https://epso.europa.eu/ga/contact-us

(7)  https://epso.europa.eu/en/it-requirements-passing-epsos-remotely-proctored-tests

(8)  https://epso.europa.eu/ga/help/faq/complaints

(9)  https://epso.europa.eu/ga/help/faq/complaints

(10)  https://epso.europa.eu/ga/help/faq/complaints

(11)  https://epso.europa.eu/ga/help/faq/complaints

(12)  https://epso.europa.eu/ga/help/faq/complaints

(13)  https://curia.europa.eu/jcms/

(14)  https://www.ombudsman.europa.eu/ga/home


IARSCRÍBHINN II

SAMPLAÍ D’ÍOSCHÁILÍOCHTAÍ

(Samplaí d’íoscháilíochtaí de réir an Bhallstáit agus de chuid na Ríochta Aontaithe agus de réir an ghráid, a fhreagraíonn i bprionsabal, do na cinn a iarrtar sna fógraí comórtais)

Cliceáil anseo má tá leagan soléite de na samplaí ag teastáil uait

TÍR

AST-SC 1 go AST-SC 6

AST 1 go AST 7

AST 3 go AST 11

AD 5 go AD 16

Oideachas meánscoile (lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile)

Oideachas iar-mheánscoile (cúrsa ardoideachais nach cúrsa ollscoile é nó cúrsa gearr ollscoile a mhair 2 bhliain ar a laghad)

Oideachas ar leibhéal ollscoile (a mhair 3 bliana ar a laghad)

Oideachas ar leibhéal ollscoile (4 bliana nó níos mó)

Belgique — België — Belgien

Certificat de l’enseignement secondaire supérieur (CESS)/Diploma secundair onderwijs

Diplôme d’aptitude à accéder à l’enseignement supérieur (DAES)/Getuigschrift van hoger secundair onderwijs

Diplôme d’enseignement professionnel/Getuigschrift van het beroepssecundair onderwijs

Candidature/Kandidaat

Graduat/Gegradueerde

Bachelor/Professioneel gerichte Bachelor

Bachelor académique (180 crédits)

Academisch gerichte Bachelor (180 ECTS)

Licence/Licentiaat

Master

Diplôme d’études approfondies (DEA)

Diplôme d’études spécialisées (DES)

Diplôme d’études supérieures spécialisées (DESS)

Gediplomeerde in de Voortgezette Studies (GVS)

Gediplomeerde in de Gespecialiseerde Studies (GGS)

Gediplomeerde in de Aanvullende Studies (GAS)

Agrégation/Aggregaat

Ingénieur industriel/Industrieel ingenieur

Doctorat/Doctoraal diploma

България

Диплома за завършено средно образование

Специалист по …

 

Диплома за висше образование

Бакалавър

Магистър

Česko

Vysvědčení o maturitní zkoušce

Vysvědčení o absolutoriu (Absolutorium) + diplomovaný specialista (DiS.)

Diplom o ukončení bakalářského studia (Bakalář)

Diplom o ukončení vysokoškolského studia

Magistr

Doktor

Danmark

Bevis for:

Studentereksamen

Højere Forberedelseseksamen (HF)

Højere Handelseksamen (HHX)

Højere Afgangseksamen (HA)

Bac pro: Bevis for Højere Teknisk Eksamen (HTX)

Videregående uddannelser

= Bevis for = Eksamensbevis som (erhvervsakademiuddannelse AK)

Bachelorgrad (BA eller BS)

Professionsbachelorgrad

Diplomingeniør

Kandidatgrad/Candidatus

Master/Magistergrad (mag.art)

Licenciatgrad

ph.d.-grad

Deutschland

Abitur/Zeugnis der allgemeinen Hochschulreife

Fachabitur/Zeugnis der Fachhochschulreife

 

Fachhochschulabschluss

Bachelor

Hochschulabschluss/Fachhochschulabschluss/Master

Magister Artium/Magistra Artium

Staatsexamen/Diplom

Erstes Juristisches Staatsexamen

Doktorgrad

Eesti

Gümnaasiumi lõputunnistus + riigieksamitunnistus

Lõputunnistus kutsekeskhariduse omandamise kohta

Tunnistus keskhariduse baasil kutsekeskhariduse omandamise kohta

Bakalaureusekraad (min 120 ainepunkti)

Bakalaureusekraad (< 160 ainepunkti)

Rakenduskõrghariduse diplom

Bakalaureusekraad (160 ainepunkti)

Magistrikraad

Arstikraad

Hambaarstikraad

Loomaarstikraad

Filosoofiadoktor

Doktorikraad (120–160 ainepunkti)

Éire/Ireland

Ardteistiméireacht, Grád D3, I 5 ábhar/Leaving Certificate Grade D3 in 5 subjects

Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT)/Leaving Certificate Vocational Programme (LCVP)

Teastas Náisiúnta/National Certificate

Gnáthchéim bhaitsiléara/Ordinary bachelor degree

Dioplóma náisiúnta (ND, Dip.)/National diploma (ND, Dip.)

Ardteastas (120 ECTS)/Higher Certificate (120 ECTS)

Céim onóracha bhaitsiléara (3 bliana/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng)/Honours bachelor degree (3 years/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng)

Céim onóracha bhaitsiléara (4 bliana/240 ECTS)/Honours bachelor degree (4 years/240 ECTS)

Céim ollscoile/University degree

Céim mháistir (60-120 ECTS)/Master’s degree (60-120 ECTS)

Dochtúireacht/Doctorate

Ελλάδα

Απολυτήριο Γενικού Λυκείου Απολυτήριο Κλασικού Λυκείου

Απολυτήριο Τεχνικού Επαγγελματικού Λυκείου

Απολυτήριο Ενιαίου Πολυκλαδικού Λυκείου

Απολυτήριο Ενιαίου Λυκείου

Απολυτήριο Τεχνολογικού Επαγγελματικού Εκπαιδευτηρίου

Δίπλωμα επαγγελματικής κατάρτισης (ΙΕΚ)

 

Πτυχίο ΑΕΙ (πανεπιστημίου, πολυτεχνείου, ΤΕΙ)

Μεταπτυχιακό Δίπλωμα Ειδίκευσης (2ος κύκλος)

Διδακτορικό Δίπλωμα (3ος κύκλος)

España

Bachillerato + Curso de Orientación Universitaria (COU)

Bachillerato

BUP

Diploma de Técnico especialista

FP grado superior (Técnico superior)

Diplomado/Ingeniero técnico

Licenciatura

Máster

Ingeniero

Título de Doctor

France

Baccalauréat

Diplôme d’accès aux études universitaires (DAEU)

Brevet de technicien

Diplôme d’études universitaires générales (DEUG)

Brevet de technicien supérieur (BTS)

Diplôme universitaire de technologie (DUT)

Diplôme d’études universitaires scientifiques et techniques (DEUST)

Licence

Maîtrise

Maîtrise des sciences et techniques (MST), maîtrise des sciences de gestion (MSG), diplôme d’études supérieures techniques (DEST), diplôme de recherche technologique (DRT), diplôme d’études supérieures spécialisées (DESS), diplôme d’études approfondies (DEA), master 1, master 2 professionnel, master 2 recherche

Diplôme des grandes écoles

Diplôme d’ingénieur

Doctorat

Hrvatska

Svjedodžba o državnoj maturi

Svjedodžba o završnom ispitu

Stručni pristupnik/pristupnica

Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica)

Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica)

Stručni specijalist

Magistar struke

Magistar inženjer/magistrica inženjerka (mag. ing)

Doktor struke

Doktor umjetnosti

Italia

Diploma di maturità (vecchio ordinamento)

Perito ragioniere

Diploma di superamento dell’esame di Stato conclusivo dei corsi di studio di istruzione secondaria superiore

Diploma universitario (DU)

Certificato di specializzazione tecnica superiore

Attestato di competenza (4 semestri)

Diploma di laurea — L (breve)

Diploma di laurea (DL)

Laurea specialistica (LS)

Master di I livello

Dottorato di ricerca (DR)

Κύπρος

Απολυτήριο

Δίπλωμα = Programmes offered by Public/Private Schools of Higher Education (for the latter, accreditation is compulsory)

Higher Diploma

 

Πανεπιστημιακό Πτυχίο/Bachelor

Master

Doctorat

Latvija

Atestāts par vispārējo vidējo izglītību

Diploms par profesionālo vidējo izglītību

Diploms par pirmā līmeņa profesionālo augstāko izglītību

Bakalaura diploms (min. 120 kredītpunktu)

Bakalaura diploms (160 kredītpunktu)

Profesionālā bakalaura diploms

Maģistra diploms

Profesionālā maģistra diploms

Doktora grāds

Lietuva

Brandos atestatas

Aukštojo mokslo diplomas

Aukštesniojo mokslo diplomas

Profesinio bakalauro diplomas

Aukštojo mokslo diplomas

Aukštojo mokslo diplomas

Bakalauro diplomas

Magistro diplomas

Daktaro diplomas

Meno licenciato diplomas

Luxembourg

Diplôme de fin d’études secondaires et techniques

BTS

Brevet de maîtrise

Brevet de technicien supérieur

Diplôme de premier cycle universitaire (DPCU)

Diplôme universitaire de technologie (DUT)

Bachelor

Diplôme d’ingénieur technicien

Master

Diplôme d’ingénieur industriel

DESS en droit européen

Magyarország

Gimnáziumi érettségi bizonyítvány

Szakközépiskolai érettségi-képesítő bizonyítvány

Felsőfokú szakképesítést igazoló bizonyítvány (Higher Vocational Programme)

Főiskolai oklevél

Alapfokozat (Bachelor degree 180 credits)

Egyetemi oklevél

Alapfokozat (Bachelor degree 240 credits)

Mesterfokozat (Master degree) (Osztatlan mesterképzés)

Doktori fokozat

Malta

Advanced Matriculation or GCE Advanced level in 3 subjects (2 of them grade C or higher)

Matriculation certificate (2 subjects at Advanced level and 4 at Intermediate level including Systems of Knowledge with overall grade A-C) + Passes in the Secondary Education Certificate examination at Grade 5

2 À Levels (passes A-C) + a number of subjects at Ordinary level, or equivalent

MCAST diplomas/certificates

Higher National Diploma

Bachelor’s degree

Bachelor’s degree

Master of Arts

Doctorate

Nederland

Diploma VWO

Diploma staatsexamen (2 diploma’s)

Diploma staatsexamen voorbereidend wetenschappelijk onderwijs (Diploma staatsexamen VWO)

Diploma staatsexamen hoger algemeen voortgezet onderwijs (Diploma staatsexamen HAVO)

Kandidaatsexamen

Associate degree (AD)

Bachelor (WO)

HBO bachelor degree

Baccalaureus of «Ingenieur»

HBO/WO Master’s degree

Doctoraal examen/Doctoraat

Österreich

Matura/Reifeprüfung

Reife- und Diplomprüfung

Berufsreifeprüfung

Kollegdiplom/Akademiediplom

Fachhochschuldiplom/Bakkalaureus/Bakkalaurea

Universitätsdiplom

Fachhochschuldiplom

Magister/Magistra

Master

Diplomprüfung, Diplom-Ingenieur

Magisterprüfungszeugnis Rigorosenzeugnis

Doktortitel

Polska

Świadectwo dojrzałości

Świadectwo ukończenia liceum ogólnokształcącego

Dyplom ukończenia kolegium nauczycielskiego

Świadectwo ukończenia szkoły policealnej

Licencjat/Inżynier

Magister/Magister inżynier

Dyplom doktora

Portugal

Diploma de Ensino Secundário

Certificado de Habilitações do Ensino Secundário

 

Bacharel Licenciado

Licenciado

Mestre

Doutorado

România

Diplomă de bacalaureat

Diplomă de absolvire (colegiu universitar)

Învățământ preuniversitar

Diplomă de licenţă

Diplomă de licenţă

Diplomă de inginer

Diplomă de urbanist

Diplomă de master

Certificat de atestare (studii academice postuniversitare)

Diplomă de doctor

Slovenija

Maturitetno spričevalo (spričevalo o poklicni maturi) (spričevalo o zaključnem izpitu)

Diploma višje strokovne šole

Diploma o pridobljeni visoki strokovni izobrazbi

Univerzitetna diploma

Magisterij

Specializacija

Doktorat

Slovensko

Vysvedčenie o maturitnej skúške

Absolventský diplom

Diplom o ukončení bakalárskeho štúdia (Bakalár)

Diplom o ukončení vysokoškolského štúdia

Bakalár (Bc.)

Magister

Magister/Inžinier

ArtD.

Suomi/Finland

Ylioppilastutkinto tai peruskoulu + kolmen vuoden ammatillinen koulutus – Studentexamen eller grundskola + treårig yrkesinriktad utbildning

Todistus yhdistelmäopinnoista (Betyg över kombinationsstudier)

Ammatillinen opistoasteen tutkinto – Yrkesexamen på institutnivå

Kandidaatin tutkinto – Kandidatexamen/Ammattikorkeakoulututkinto – Yrkeshögskoleexamen (min. 120 opintoviikkoa – studieveckor)

Maisterin tutkinto – Magisterexamen/Ammattikorkeakoulututkinto – Yrkeshögskoleexamen (min. 160 opintoviikkoa – studieveckor)

Tohtorin tutkinto (Doktorsexamen) joko 4 vuotta tai 2 vuotta lisensiaatin tutkinnon jälkeen – antingen 4 år eller 2 år efter licentiatexamen

Lisensiaatti/Licentiat

Sverige

Slutbetyg från gymnasieskolan (3-årig gymnasial utbildning)

Högskoleexamen (80 poäng)

Högskoleexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Yrkeshögskoleexamen/Kvalificerad yrkeshögskoleexamen, 1–3 år

Kandidatexamen (akademisk examen omfattande minst 120 poäng, varav 60 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 10 poäng)

Meriter på grundnivå: Kandidatexamen, 3 år, 180 högskolepoäng (Bachelor)

Magisterexamen (akademisk examen omfattande minst 160 poäng, varav 80 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 20 poäng eller två uppsatser motsvarande 10 poäng vardera)

Licentiatexamen

Doktorsexamen

Meriter på avancerad nivå:

Magisterexamen, 1 år, 60 högskolepoäng

Masterexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Meriter på forskarnivå:

Licentiatexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Doktorsexamen, 4 år, 240 högskolepoäng

United Kingdom

General Certificate of Education Advanced level — 2 passes or equivalent (grades A to E)

BTEC National Diploma

General National Vocational Qualification (GNVQ), advanced level

Advanced Vocational Certificate of Education, À level (VCE À level)

Higher National Diploma/Certificate (BTEC)/SCOTVEC

Diploma of Higher Education (DipHE)

National Vocational Qualifications (NVQ)

Scottish Vocational Qualifications (SVQ) level 4

(Honours) Bachelor degree

NB: Master’s degree in Scotland

Honours Bachelor degree

Master’s degree (MA, MB, MEng, MPhil, MSc)

Doctorate

NOTE:

UK diplomas awarded in 2020 (until 31 December 2020) are accepted without an equivalence. UK diplomas awarded as from 1 January 2021 must be accompanied by an equivalence issued by a competent authority of an EU Member State.

Deireadh IARSCRÍBHINN II, cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs