ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 293

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

Imleabhar 66
18 Lúnasa 2023


Clár

Leathanach

 

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

 

TUAIRIMÍ

 

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

 

An 579ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 14.6.2023. - 15.6.2023

2023/C 293/01

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — I dtreo Comhairle Eorpach um Beartas Bia mar shamhail nua rialachais le haghaidh thodhchaí Chreat an Aontais maidir le Córais Bhia Inbhuanaithe (tuairim féintionscnaimh)

1

2023/C 293/02

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Tionchar na géarchéime fuinnimh ar gheilleagar na hEorpa (tuairim féintionscnaimh)

8

2023/C 293/03

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An dara tacar d’acmhainní dílse nua (tústuairim)

13

2023/C 293/04

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Beartas an Aontais maidir leis an gCibearchosaint (tuairim féintionscnaimh)

21

2023/C 293/05

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An chómhargáil ghlas: dea-chleachtais agus an bealach chun cinn (tústuairim)

27

2023/C 293/06

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Bearta chun an stiogma i dtaobh VEID a chomhrac (Tústuairim arna hiarraidh sin d’Uachtaránacht na Spáinne)

34

2023/C 293/07

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Faireachán a dhéanamh ar bhearta urghnácha agus ar athléimneacht an Aontais i réimse an fhuinnimh (Tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne)

42

2023/C 293/08

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An chóir chomhionann do dhaoine óga i margadh an tsaothair (tuairim féintionscnaimh)

48

2023/C 293/09

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An Prótacal maidir le Dul Chun Cinn Sóisialta (tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne)

58

2023/C 293/10

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — an comhar maidir leis an óige (tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne)

68


 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

 

An 579ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 14.6.2023. - 15.6.2023

2023/C 293/11

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394, Treoracha (AE) 2019/771 agus (AE) 2020/1828 [COM(2023) 155 final — 2023/0083 (COD)]

77

2023/C 293/12

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/102/CE agus Treoir (AE) 2017/1132 maidir le húsáid uirlisí agus próisis dhigiteacha i ndlí na gcuideachtaí a leathnú agus a uasghrádú a thuilleadh (COM(2023) 177 final — 2023/0089 (COD))

82

2023/C 293/13

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite agus iad a chur in iúl (an Treoir maidir le Maímh Ghlasa) (COM(2023) 166 final – 2023/0085 (COD))

86

2023/C 293/14

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le cur chun feidhme straitéisí macrairéigiúnacha an Aontais [COM(2022) 705 final]

91

2023/C 293/15

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste Eorpach na Réigiún: Leas a bhaint as an tallann i réigiúin na hEorpa (COM(2023) 32 final)

100

2023/C 293/16

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1009 a mhéid a bhaineann le lipéadú digiteach táirgí leasacháin AE (COM(2023) 98 final — 2023/0049 (COD))

108

2023/C 293/17

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/943 agus (AE) 2019/942 mar aon le Treoracha (AE) 2018/2001 agus (AE) 2019/944 chun feabhas a chur ar dhearadh an mhargaidh leictreachais san Aontas (COM(2023) 148 final — 2023/0077(COD))

112

2023/C 293/18

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún faoi Bhanc Hidrigine na hEorpa (COM(2023) 156 final)

127

2023/C 293/19

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceadúnais tiomána, lena leasaítear Treoir (AE) 2022/2561 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 383/2012 ón gCoimisiún (COM(2023) 127 final — 2023/0053 (COD)) agus — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeacht uile Aontais a bheith ag dícháiliúcháin tiomána áirithe (COM(2023) 128 final – 2023/0055 (COD))

133

2023/C 293/20

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1227/2011 agus (AE) 2019/942 chun feabhas a chur ar chosaint an Aontais ar chúbláil margaidh sa mhargadh mórdhíola fuinnimh (COM(2023) 147 final)

138

2023/C 293/21

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceadú innealra soghluaiste nach innealra bóthair é atá i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí agus faireachas margaidh ar an innealra sin agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 (COM(2023) 178 final — 2023/0090 (COD))

142

2023/C 293/22

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú an Ghnímh chun Tacú le Táirgeadh Armlóin (COM(2023) 237 final — 2023/0140 (COD))

143

2023/C 293/23

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (COM(2023) 108 final — 2023/0056 (COD))

144


 

Ceartúcháin

2023/C 293/24

Ceartúchán ar Thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An Nós Imeachta um Éagothroime Shóisialta (tústuairim arna hiarraidh sin d’Uachtaránacht na Spáinne) ( IO C 228, 29.6.2023 )

147


GA

 


I Rúin, moltaí agus tuairimí

TUAIRIMÍ

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

An 579ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 14.6.2023. - 15.6.2023

18.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 293/1


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — ‘I dtreo Comhairle Eorpach um Beartas Bia mar shamhail nua rialachais le haghaidh thodhchaí Chreat an Aontais maidir le Córais Bhia Inbhuanaithe’

(tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 293/01)

Rapóirtéir:

Piroska KÁLLAY

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

25.1.2023

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

1.6.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.6.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

579

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

179/1/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tá cor cinniúnach roimh chóras bia an Aontais Eorpaigh, agus tá pola-ghéarchéim le sárú ina leith lena n-áirítear dúshláin éagsúla chomhshaoil, aeráide, sláinte agus shóisialta a bhfuil baint acu le chéile. I bhfianaise phráinn na géarchéime sa chóras bia agus an ghá atá le hathrú mear iompraíochta, creideann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) gur tráthúla ná riamh an iarraidh uaidh go gcruthófaí ‘Comhairle Eorpach um Beartas Bia’.

1.2.

Measann CESE go gcabhródh Comhairle den chineál sin le cur chuige níos comhtháite agus níos rannpháirtí a bhaint amach maidir le ceapadh beartas bia, go gcuirfí dlús le hailíniú beartas ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil agus, níos tábhachtaí fós, go méadódh sé cáilíocht agus dlisteanacht bheartas bia an Aontais. Chuideodh sé sin freisin le forbairt tuaithe agus uirbeach níos inbhuanaithe agus níos cothroime a chothú.

1.3.

Is díol sásaimh do CESE gur fógraíodh creat an Aontais maidir le córais bhia inbhuanaithe lena leagfar síos an dúshraith do na hathruithe sistéamacha nach mór do na geallsealbhóirí uile ar fud an tslabhra luacha a dhéanamh. Tá sé á chur i bhfios go láidir aige gur cheart don Choimisiún reatha an creat a mholadh gan mhoill chun aghaidh a thabhairt go tráthúil ar dhúshláin na gcóras bia — bheadh rath na straitéise ‘Ón bhfeirm go dtí an forc’ i mbaol dá mbeadh moill ar bith ann. Tá CESE á iarraidh ar an gCoimisiún tiomantas a thabhairt do rannpháirtíocht struchtúrtha na ngeallsealbhóirí agus na sochaí sibhialta i rialachas nua an chreata sin, agus tá sé á chur i bhfios aige go n-oirfeadh coincheap na Comhairle Eorpaí um Beartas Bia go maith dó.

1.4.

Tá CESE á thabhairt dá aire gurb ann d’ardáin a bhaineann le bia ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta, ach creideann sé nach leor na fóraim sin atá ann cheana chun córas bia inbhuanaithe agus cóir agus ullmhacht don athléimneacht a bhaint amach go héifeachtach ar leibhéal an Aontais. Measann CESE, dá bhrí sin, gur gá an daonlathas bia a neartú tuilleadh agus a leabú i bpróiseas an bheartais bia.

1.5.

Measann CESE gur ardán eolaíochtbhunaithe, il-gheallsealbhóra agus il-leibhéil í an Chomhairle Eorpach um Beartas Bia agus gur struchtúr institiúideach, neamhspleách í a bhfuil na gnéithe seo a leanas san áireamh inti:

saineolaithe acadúla agus eolaithe,

gníomhaithe i slabhra an tsoláthair bia (feirmeoirí, gnólachtaí agus próiseálaithe bia, miondíoltóirí, ceardchumainn, etc.), gníomhaithe an chórais oideachais agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta (líonraí frithbhochtaineachta, bainc bhia, ardáin shóisialta, eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil agus forbartha); ionadaithe na hóige. Moltar go mór freisin go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach sa Chomhairle Eorpach um Beartas Bia chun go ndéanfaí machnamh ar na hathruithe is gá sa mhargadh saothair.

ionadaithe institiúideacha (an Pharlaimint, an Chomhairle, an Coimisiún, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR)).

Tar éis na chéad chéime, ba cheart ionadaithe áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta agus ionadaithe ó chomhairlí um beartas bia a bheith ar áireamh sa Comhairle Eorpach um Beartas Bia freisin. Ar an gcaoi sin, déanfar líonrú eagraithe a áirithiú idir na leibhéil ábhartha agus ceart ionadaithe na mBallstát chun rannpháirtíocht chomhionann a áirithiú ar leibhéal an Aontais. Faoi láthair, níl na comhairlí náisiúnta um beartas bia forleathan go leor chun a chinntiú go ndéanfar ionadaíocht chomhionann ar gach tír.

1.6.

Bheadh ar an gComhairle Eorpach um Beartas Bia a bheith ina struchtúr iontaofa trédhearcach agus rannchuidiú leis na saincheisteanna bia a shainaithnítear mar dhúshláin i Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe. Go háirithe, ba cheart don Chomhairle Eorpach um Beartas Bia an méid seo a leanas a áirithiú:

1.6.1.

gur comhlacht institiúideach atá inti ar cheart d’institiúidí an Aontais a bheith tiomanta di agus ceannach isteach polaitiúil a áirithiú;

1.6.2.

go mbeidh comhairle fhónta, roghanna beartais fianaisebhunaithe agus moltaí á soláthar aici ar bhonn leanúnach maidir le todhchaí chóras bia an Aontais, córas ar cheart é a bheith de cheangal ar institiúidí an Aontais aiseolas agus freagraí réasúnaithe a thabhairt ina leith;

1.6.3.

go gcuirfear feabhas ar an gcomhleanúnachas idir réimsí beartais (amhail an comhbheartas talmhaíochta, an comhbheartas iascaigh, an ceart chun bia, reachtaíocht a bhaineann le haistí bia sláintiúla, soláthar poiblí, beartais oideachais, etc.) agus go gcuirfear nuálaíochtaí sóisialta chun cinn i dtreo dhea-bhail ghníomhaithe uile an bhiashlabhra, agus an gá atá le hathnuachan glúine feirmeoirí á chur san áireamh. Go háirithe, measann CESE go bhfuil sé tábhachtach na saincheisteanna bia a dtabharfar aghaidh orthu mar thosaíocht sa chóras oideachais a shainaithint, i gcomhar le hearnáil an agrai-bhia agus na húdaráis oideachais ábhartha;

1.6.4.

go ndéanfar foráil, i ndeireadh na dála, do líonra na gcomhairlí um beartas bia ar leibhéal an Aontais lena gcruthófar ardán malartaithe dea-chleachtas agus léargais chun bonn eolais a chur faoi bheartas an Aontais agus tionchar a imirt air.

1.7.

Tá CESE réidh chun spás tionóil a chur ar fáil don Chomhairle Eorpach um Beartas Bia. Tá dea-shampla ann cheana féin, is é sin Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh, ar tionscnamh comhpháirteach é de chuid CESE agus an Choimisiúin.

2.   Cúlra

2.1.

Tá pola-ghéarchéim os comhair ár gcóras bia ina bhfuil dúshláin éagsúla idirghaolmhara, lena n-áirítear (1): cinn a bhaineann leis an gcomhshaol (astaíochtaí gás ceaptha teasa a ghintear ón gcaoi a ndéanaimid ár mbia a tháirgeadh, a phróiseáil agus a thomhailt, cailliúint bithéagsúlachta, ídiú stoc éisc, cailliúint ábhair orgánaigh san ithir, creimeadh ithreach agus dúshláin eile nach iad), cinn a bhaineann leis an tsláinte (méadú ar ghalair a bhaineann le haiste bia), dúnadh feirmeacha, easpa rochtana ar bhia inbhuanaithe sláintiúil, agus drochdhálaí oibre. Ag an am céanna, tá na córais bhia ag fulaingt cheana féin faoi bhrú an iliomad suaití aeráide, patrúin athraitheacha aimsire, cliseadh éiceachórais agus díghrádú talún, ithreacha agus uiscebhealaí. Ar deireadh, bíonn tionchar ag faisnéis agus cumarsáid mhíthreorach ar dhíospóireachtaí faoi chórais bhia, agus is ag dul in olcas de réir a chéile atá an fhadhb sin.

2.2.

Tá creat nua an Aontais maidir le córais bhia inbhuanaithe á dhréachtú ag an gCoimisiún Eorpach faoi láthair, creat a ndearnadh foráil dó sa Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ agus atá le foilsiú faoi dheireadh 2023. Leagfar síos sa chreat sin an dúshraith do na hathruithe sistéamacha nach mór do na geallsealbhóirí uile sa chóras bia a dhéanamh, lena n-áirítear lucht ceaptha beartas, oibreoirí gnó agus tomhaltóirí, chun dlús a chur leis an aistriú chuig córas bia inbhuanaithe an Aontais. Trí bhíthin an chreata, cuirfear bonn ar fáil freisin don tsamhail rialachais a bheidh ann amach anseo do na córais bhia agus rannchuideofar le cur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Chuige sin, beidh gá le réitigh chomhoibritheacha chuimsitheacha a mbeidh ranna, aireachtaí, earnálacha agus slabhra iomlán an tsoláthair bia rannpháirteach iontu. Tá CESE ag iarraidh go nglacfaí creat maidir le córais bhia inbhuanaithe go práinneach chun aghaidh a thabhairt go tráthúil ar dhúshláin na gcóras bia — d’fhéadfaí cur isteach ar rath na straitéise ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ dá mbeadh moill ar bith ann. Ba cheart cuspóirí faoi cheangal ama, táscairí lenar féidir dul chun cinn a thomhas, agus sásraí ceartaitheacha a chuirfear i bhfeidhm má chailltear na spriocanna a chur san áireamh sa chreat.

2.3.

Tá sé léirithe níos mó ná riamh i dtuairimí ó CESE roimhe seo (2), agus ag saineolaithe eile agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, má táthar chun aistriú an chórais bia i dtreo torthaí níos inbhuanaithe a chothú gur gá an daonlathas bia a neartú. I bhfianaise phráinn na géarchéime sa chóras bia (3), arb é an cogadh san Úcráin ba chúis léi gan amhras, agus i bhfianaise an ghá atá le hathrú mear iompraíochta, ní tráth faillí é seo agus ní mór socruithe rialachais níos éifeachtaí agus níos dlisteanaí a chothú láithreach bonn. Trí rannpháirtíocht an phobail i gcoitinne agus rannpháirtíocht gheallsealbhóirí an chórais bia a mhéadú, creidtear go gcuirfidh nuálaíochtaí daonlathacha amhail comhairlí um beartas bia le cáilíocht agus dlisteanacht cheapadh an bheartais bia (4).

2.4.

Sainmhínítear comhairlí um beartas bia mar chomhghuaillíochtaí pobalbhunaithe de gheallsealbhóirí éagsúla a oibríonn le chéile chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le bia i réigiún geografach ar leith (5). Tá amhras tarraingthe ar chruinneas an téarma ‘beartas’ toisc nach mian le cuid de na comhairlí, na comhghuaillíochtaí bia nó na coistí sin go mbreathnófaí orthu mar eintitis pholaitiúla, fad is go ndíríonn cuid eile acu ar chláir chomh maith le beartas. Bíonn geallsealbhóirí ó gach cuid den chóras bia rannpháirteach sna heagraíochtaí sin atá tiomanta don chuimsitheacht agus do na prionsabail dhaonlathacha. Tugtar le chéile daoine aonair, rialtais áitiúla, eagraíochtaí neamhbhrabúsacha agus ionadaithe ó earnálacha eacnamaíocha éagsúla — talmhaíocht, cúram sláinte agus oideachas — chun comhoibriú ar thionscnaimh um beartas bia lena gcuirtear rochtain ar bhia sláintiúil, inacmhainne agus inbhuanaithe chun cinn do gach ball den phobal ina bhfuil siad bunaithe.

2.5.

Bhí na chéad chomhairlí um beartas bia le feiceáil sna Stáit Aontaithe sna 1980í (6) agus tá siad ag méadú agus ag dul in éagsúlacht ó shin i leith. Cé gurbh fhada gur thosaigh an Eoraip le gluaiseacht na gcomhairlí um beartas bia, le deich mbliana anuas tá méadú suntasach tagtha ar líon na gcomhairlí sin ar fud na hEorpa (7). De réir na litríochta acadúla, tháinig borradh fúthu i ndáiríre san Eoraip in 2015 le daingniú Chomhshocrú Milano maidir le Beartas Bia Uirbeach, comhaontú idirnáisiúnta maidir le beartais bhia uirbeacha arna síniú ag níos mó ná 260 cathair ar fud an domhain. Thacaigh sin le comhairlí um beartas bia a chur ar bun i roinnt cathracha/réigiúin Eorpacha. Tá comhairlí tagtha chun cinn freisin i réigiúin thuaithe nó fho-uirbeacha, gan a bheith nasctha go díreach le cathair (8).

2.6.

Bíonn comhairlí um beartas bia ag oibriú de ghnáth ar leibhéal réigiúnach agus/nó leibhéal áitiúil, cé go bhfuil roinnt comhairlí um beartas bia ag leibhéal stáit/cúige agus náisiúnta. Is minic gur bealach iad chun nasc a chruthú arís idir cathracha agus an táirgeadh bia sna réigiúin thart timpeall orthu agus rialachas éifeachtach na mbeartas bia áitiúil agus réigiúnach a áirithiú, ach is féidir leo a bheith ábhartha freisin do phobail neamhuirbeacha. Is féidir féachaint orthu mar líonraí a nascann cuspóir na hinbhuanaitheachta le spriocanna an daonlathais agus an dea-rialachais trí phróisis rannpháirtíochta, chomhoibríocha agus phléiteacha a thionscnamh i measc feirmeoirí, fiontraithe bia, tomhaltóirí agus eile. I measc na mórshamplaí san Aontas Eorpach tá Comhairle na Catalóine (9) um beartas bia a cuireadh ar bun in 2017. Comhoibríonn sí le 42 bhaile agus tá 33 bhall ina comhlacht bainistíochta, lena n-áirítear údaráis réigiúnacha agus áitiúla, príomhghníomhaithe an tslabhra bia, agus daoine ó cheantair thuaithe (cé go bhfuiltear ag féachaint ar é a leathnú le cúigear comhaltaí nua a dhéanfaidh ionadaíocht ar na haireachtaí oideachais, cultúir agus comhionannais agus feimineachais, i measc aireachtaí eile). Tá Líonra na gComhairlí um Beartas Bia (2016) ann freisin a thugann le chéile 30 comhairle áitiúil um beartas bia atá bunaithe ar chineálacha cur chuige ón mbun aníos (ón nGearmáin den chuid is mó) agus 40 tionscnamh bunaidh.

2.7.

Níl an oiread céanna comhairlí náisiúnta um beartas bia san Aontas Eorpach. Sa Fhrainc, is comhlacht comhairleach neamhspleách do na hairí í an Chomhairle Náisiúnta Bia (10) a dtéitear i gcomhairle léi maidir le forbairtí i ndáil le beartas bia agus a eisíonn tuairimí chun cinntí poiblí agus páirtithe leasmhara éagsúla sa bhiashlabhra a threorú maidir le hábhair amhail cáilíocht bhia, faisnéis do thomhaltóirí, cothú, slándáil sláinte, rochtain ar bhia agus cosc géarchéimeanna. Líonra na Fraince do gheallsealbhóirí i mbeartas talmhaíochta agus bia uirbeach (11), a bunaíodh in 2000, is ea Terres en ville. Trína bhíthin sin, déantar cathracha agus comhlachais talmhaíochta na Fraince (12) a bhfuil spriocanna comhroinnte acu a thabhairt le chéile chun beartais mheitreapholaiteacha talmhaíochta agus bia a fhorbairt idir oifigigh tofa áitiúla agus gairmithe. Is iad na húdaráis phoiblí a mhaoiníonn agus a stiúrann na tionscadail bhia chríochacha sin, rud a fhágann go mbíonn teannas ann uaireanta le leibhéil institiúideacha eile. Is léir ón taithí a fuarthas an easpa rannpháirtíochta atá ag saoránaigh i gceapadh beartas bia (ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal náisiúnta). Sa Phortaingéil, bunaíodh Comhairle Náisiúnta um Shlándáil Bia agus Cothú (CONSANP) in 2018 (13). I Lucsamburg, beartaíodh i gComhaontú Comhghuaillíochta Lucsamburg 2018-2023 (14) comhlacht il-gheallsealbhóra a bhunú ar a dtabharfaí an Chomhairle Náisiúnta um Beartas Bia, ach níl sé socraithe go hoifigiúil go fóill. San Ísiltír, tá sé beartaithe cruinniú mullaigh de chuid na saoránach maidir le todhchaí na talmhaíochta a chur ar bun, ach go dtí seo níl tacaíocht ná maoiniú ar bith faighte aige ó lucht ceaptha beartas (15).

2.8.

Is fiú freisin an tSaotharlann Nordach um Beartas Bia a chruthaigh Comhairle na nAirí Nordach (16) le haghaidh Chomhairle na nAirí Nordach a lua, agus é d’aidhm aige ‘aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna bia a sainaithníodh mar dhúshláin i Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2030 na Náisiún Aontaith’.

2.9.

Sna tuairimí uaidh (17), d’iarr CESE go gcruthófaí ‘Comhairle Eorpach um Beartas Bia’ a chuideodh le cur chuige níos comhtháite agus níos rannpháirtí a bhaint amach maidir le ceapadh beartas bia, a chuirfeadh dlús le hailíniú beartas ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil, a chuirfeadh ardán ar fáil do gheallsealbhóirí chun foghlaim óna chéile trí dhea-chleachtais a roinnt, agus a d’áiritheodh go gcuirfí gach dearcadh ó na hearnálacha éagsúla san áireamh.

2.10.

Is é is aidhm don tuairim féintionscnaimh seo smaointe nithiúla a chur ar fáil maidir le rialachas na gcóras bia agus rannpháirtíocht fhiúntach struchtúrtha na sochaí sibhialta, lena n-áirítear rannpháirtíocht daoine óga, i bhforbairt, i bhfaireachán agus i gcur chun feidhme na mbeartas bia. Féachtar sa tuairim freisin ar conas páirt a thabhairt do na húdaráis atá freagrach as an oideachas agus d’ionadaithe na sochaí sibhialta idir scoileanna agus tuismitheoirí na ndaltaí d’fhonn luathoideachas na nglúnta atá le teacht a chothú maidir le bia inbhuanaithe agus sláintiúil, bunaithe ar an obair a rinneadh le déanaí maidir le hoideachas don óige (18) agus maidir le scéim scoile an Aontais (19).

3.   Ceachtanna a foghlaimíodh ó na comhairlí um beartas bia atá ann cheana ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal náisiúnta

3.1.

A bhuí leis na comhairlí um beartas bia atá ann cheana léirítear meascán d’eagraíochtaí a bhfuil foirmeacha agus struchtúir dhlíthiúla agus eagraíochtúla éagsúla acu, a bhfuil misin, cuspóirí agus gníomhaíochtaí acu atá curtha in oiriúint do riachtanais agus tosaíochtaí an phobail uirbigh a bhfreastalaíonn siad orthu, idir eagraíochtaí neamhbhrabúsacha, foirmeacha hibrideacha agus comhlachtaí rialtais (áitiúla). Tá cineálacha éagsúla cur chuige agus modheolaíochtaí rannpháirtíochta acu chun córais bhia uirbeacha a fhorbairt agus a chlaochlú.

3.2.

Is cosúil go bhfuil comhsprioc i réim ar fud na n-eagraíochtaí sin ar fad, eadhon an gá atá le córas bia inbhuanaithe atá níos sláintiúla, níos trédhearcaí agus níos cothroime a fhorbairt do chách. Áirítear ar na cuspóirí eile atá ag comhairlí áitiúla agus réigiúnacha um beartas bia biafhlaitheas a bhaint amach, slabhraí soláthair bia atá níos giorra agus áitiúil a fhorbairt, cur amú bia a laghdú, gairdíní pobail a chur ar bun, cathracha agus ceantair thuaithe a nascadh le chéile, margaí bia áitiúla a fhorbairt, talmhaíocht uirbeach a chur chun cinn agus cultúr bia spleodrach a chothú.

3.3.

Chun an sprioc sin a bhaint amach, glacann na heagraíochtaí seo páirt i raon leathan gníomhaíochtaí nach mbíonn baint acu le forbairt beartais, comhairle beartais ná athrú beartais i gcónaí. Tháinig formhór na gcomhairlí um beartas bia ar an bhfód mar thoradh ar chur chuige ón mbun aníos agus tacaíonn siad le líonrú, abhcóideacht, oideachas, ardú feasachta agus forbairt tionscadail. Is ar chúrsaí beartais a dhíríonn cuid eile acu, amhail sa Fhrainc.

3.4.

Tá sé d’aidhm ag na comhairlí um beartas bia pobalbhunaithe go mbeidh an ‘daonlathas bia’ mar phrionsabal treorach le haghaidh nósanna imeachta. Le struchtúir eagraíochtúla maidir le comhordú, comhairle agus mar sin de, ligtear do gheallsealbhóirí éagsúla páirt a ghlacadh i gcúrsaí ceannaireachta, i gcúrsaí cúnaimh, i gcomhpháirtíochtaí agus i róil féinrialaithe eile. Den chuid is mó, duine ar bith a bhfuil suim acu i saincheisteanna a bhaineann le córas bia inbhuanaithe agus atá toilteanach cloí le prionsabail dhaonlathacha, tá cead acu a bheith ina mball de na comhairlí um beartas bia. Chomh maith leis an ngnáthbhallraíocht, is minic comhpháirtíochtaí institiúideacha á bhforbairt ag comhairlí um beartas bia le gníomhaireachtaí rialtais, le gnólachtaí agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta atá gníomhach i dtaca leis na córais bhia atá ann faoi láthair a athrú i dtreo na hinbhuanaitheachta; tá na comhpháirtíochtaí sin bunaithe freisin ar chleachtais dhaonlathacha lena n-áirítear rialú comhchoiteann agus an chinnteoireacht. Ar deireadh, téann comhairlí um beartas bia i gcomhpháirt leis an rialtas (áitiúil) mar mhórléiriú ar an rialachas daonlathach.

3.5.

Ó thaobh na gcomhairlí um beartas bia de, is í inbhuanaitheacht an chórais bhia an sprioc uileghabhálach lena ndírítear ar spriocanna straitéiseacha (ginearálta) amhail tacú le córais bhia athléimneacha, rochtain ar aistí bia sláintiúla agus inbhuanaithe agus eolas orthu a mhéadú, cur amú bia a chomhrac tríd an ngeilleagar ciorclach, tacú le forbairt eacnamaíoch, cothromas sa chóras bia a chur chun cinn, inbhuanaitheacht chomhshaoil a chur chun cinn, agus eolas agus éileamh ar bhia sláintiúil a mhéadú.

3.6.

Maidir le comhairlí um beartas bia, tá dhá chineál de struchtúir dhlíthiúla ceannasach san Eoraip: comhlachais agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha, struchtúir ón mbun aníos arna gcruthú ag an tsochaí shibhialta agus struchtúir ón mbarr anuas arna mbunú ag na húdaráis bhardasacha áitiúla. Chomh maith le saoránaigh, tugann formhór na gcomhairlí um beartas bia réimse leathan ball le chéile lena n-áirítear gnólachtaí príobháideacha, riaracháin phoiblí agus geallsealbhóirí in earnálacha an bhia, na sláinte agus an oideachais. Tugann siad le chéile freisin ionadaíocht leathan ar ghrúpaí sóisialta ón bpobal áitiúil.

3.7.

Tá éagsúlacht shuntasach i gcistiú agus i maoiniú na gcomhairlí um beartas bia. Tá foireann atá á híoc agus/nó cláir agus tionscadail (móra) maoinithe ag roinnt comhairlí um beartas bia ach braitheann cuid eile acu go hiomlán ar ranníocaíochtaí agus ar shaorálaithe. Tá foinsí maoinithe éagsúla ann idir tacaíocht bhliantúil rialtais, táillí ballraíochta, deontais taighde nó deontais eile, tacaíocht ó fhondúireachtaí príobháideacha agus tabhartais. Is iad gníomhaíochtaí tiomsaithe airgid, ranníocaíochtaí na mball, tabhartais agus fóirdheontais/deontais phoiblí na príomhfhoinsí maoinithe atá ag na comhairlí um beartas bia a bunaíodh mar eagraíochtaí nó comhlachais neamhbhrabúsacha, agus braitheann na comhairlí um beartas bia arna mbunú ag údaráis bhardasacha ar bhuiséad bliantúil ón gcomhairle cathrach den chuid is mó.

3.8.

D’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ann freisin: léirítear le taighde go bhféadfadh míbhuntáistí a bheith ag baint le comhairlí um beartas bia agus/nó nach bhfeidhmeoidís go barrmhaith i gcónaí (20), e.g. mura bhfuil dóthain ionadaíochta ag na grúpaí is leochailí nó má bhíonn tionchar mór ag leasanna dílsithe. Dúshlán tábhachtach eile is ea go bhfuil cáilíocht an phlé ag brath ar rannpháirtíocht chomhionann, ar dhea-éascú próisis agus ar fhócas ar eolas/luachanna seachas ar leasanna. Dá bhrí sin, tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE an gá atá le fíorchuimsitheacht agus plé ar ardcháilíocht sna comhairlí um beartas bia, rud a bhfuil níos mó i gceist leis ná ballraíocht oscailte chun fíor-ionadaíocht a áirithiú, go háirithe i gcás grúpaí a bhíonn faoi ghannionadaíocht de ghnáth sa tsochaí.

3.9.

Creideann CESE freisin gur cheart do na Comhairlí um Beartas Bia dul i dteagmháil leis na glúnta óga, lena n-áirítear tríd an oideachas. Ba cheart tús áite a thabhairt don oideachas a bhaineann le córais bhia inbhuanaithe le haghaidh na nglúnta atá le teacht ag díriú ar eolas maidir leis na nithe seo a leanas: aistí bia inbhuanaithe agus sláintiúla; an slabhra táirgthe ó thús go deireadh le go sainaithneofar cé a tháirgeann an bia agus conas a tháirgtear é; agus míniú a thabhairt ar an dáileadh a dhéantar inár gcóras bia, is é sin ón bhfeirmeoir nó ó phóraitheoirí beostoic go dtí go n-ídíonn saoránaigh an táirge deiridh. Dá bhrí sin, molann CESE go mbeadh na húdaráis inniúla oideachais rannpháirteach sna comhairlí um beartas bia chun na saincheisteanna bia a dtabharfar aghaidh orthu mar thosaíocht sa chóras oideachais a shainaithint, i gcomhar leis an earnáil agraibhia. Thairis sin, ba cheart tacú le hoideachas leanaí tríd an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil do thuismitheoirí agus trí oideachas na saoránach (21).

4.   Glao ar Chomhairle Eorpach um Beartas Bia

4.1.

Ba láidir an cur chuige ón mbun aníos sna comhairlí um beartas bia ach ní raibh sé in ann tionchar a imirt ar dhul chun cinn ná ar athléimneacht ar an leibhéal Eorpach. Is cinnte go ndéanfar athchóiriú ar rialachas na gcóras bia agus ní mór é sin a dhéanamh ar bhealach ina n-athbhunaítear an daonlathas agus an chuntasacht i leith na gcóras bia. Ní mór an creat maidir le córais bhia inbhuanaithe a bheidh ann amach anseo a stiúradh go cúramach, agus athrú comhordaithe á áirithiú ar fud na n-earnálacha. Is trí chuntasacht agus rannpháirtíocht a mhéadú gur féidir dul timpeall ar chrosadh na sealbhóirí sin nach bhfuil mórán spéise acu san athrú, agus gur féidir tionchar beartais bhia atá an-chuimsitheach a mheas, a athbhreithniú agus a fheabhsú go rialta. Sin an fáth a gcreideann CESE go mbeidh bunú na Comhairle Eorpaí um Beartas Bia ina chéim ríthábhachtach chun fís chuimsitheach maidir le beartas bia a chomhlíonadh (22).

4.2.

Maidir le Comhairle Eorpach um Beartas Bia ba cheart na nithe seo a leanas a áirithiú:

4.2.1.

go bhfuil sí eolaíochtbhunaithe agus go gcuirfear sásra comhairle eolaíche ar fáil; gur foinse iontaofa taighde agus comhairle eolaíche a bheidh inti a bhfuil muinín ag daoine aisti.

4.2.2.

go bhfuil na páirtithe seo a leanas san áireamh inti:

saineolaithe acadúla agus eolaithe (laistigh den Chomhairle Eorpach um Beartas Bia nó mar bhord comhairleach);

gníomhaithe i slabhra an tsoláthair bia (feirmeoirí, gnólachtaí agus próiseálaithe bia, miondíoltóirí, ceardchumainn, etc.), gníomhaithe an chórais oideachais agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta (líonraí frithbhochtaineachta, bainc bhia, ardáin shóisialta, eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil agus forbartha); ionadaithe na hóige; comhpháirtithe sóisialta;

ionadaithe institiúideacha (an Pharlaimint, an Chomhairle, an Coimisiún, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste Eorpach na Réigiún).

4.2.3.

gur cheart, tar éis na chéad chéime, ionadaithe áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta agus ionadaithe ó chomhairlí um beartas bia a bheith ar áireamh sa Chomhairle Eorpach um Beartas Bia, agus líonrú eagraithe a bheith ann idir na leibhéil ábhartha. Faoi láthair, níl na comhairlí náisiúnta um beartas bia forleathan go leor chun a chinntiú go ndéanfar ionadaíocht chomhionann ar gach tír.

4.2.4.

go mbeidh sí mar chomhlacht institiúideach ar cheart d’institiúidí an Aontais a bheith tiomanta dó agus ceannach isteach polaitiúil a áirithiú: comhlacht neamhspleách, údarásach le haghaidh na pleanála fadtéarmaí, comhlacht neamhrannach ar féidir a bheith muiníneach as (comhlacht suaitheanta), comhlacht a bhfuil sé d’aidhm aige cuidiú le tabhairt faoi thodhchaí an bhia i dtreo córais bhia inbhuanaithe agus gníomhú mar ghiaráil.

4.2.5.

go mbeidh comhairle fhónta, roghanna beartais fianaisebhunaithe agus moltaí á soláthar aici ar bhonn leanúnach maidir le todhchaí chóras bia an Aontais, córas ar cheart é a bheith de cheangal ar institiúidí an Aontais aiseolas agus freagraí réasúnaithe a thabhairt ina leith. Ba cheart di féachaint ar roghanna maidir le conas gealltanais an Aontais atá ann cheana a chomhlíonadh agus faireachán a dhéanamh orthu, agus measúnú a dhéanamh freisin ar phleananna náisiúnta um beartas bia, agus iad sin a thiontú ina dtéarmaí beartais le go spreagfar dul chun cinn sóisialta tríd an mbia. Ar deireadh, ba cheart di páirt a ghlacadh sa phlé maidir le feidhmiú na gcóras domhanda bia.

4.2.6.

go gcuirfear feabhas ar an gcomhleanúnachas idir réimsí beartais (amhail an comhbheartas talmhaíochta, an comhbheartas iascaigh, an ceart chun bia, reachtaíocht a bhaineann le haistí bia sláintiúla, soláthar poiblí, beartais oideachais, etc.) a bhuí léi agus go gcuirfear nuálaíochtaí sóisialta chun cinn i dtreo dhea-bhail ghníomhaithe uile an bhiashlabhra, agus an gá atá le hathnuachan glúine feirmeoirí á chur san áireamh.

4.2.7.

go gcothófar, i ndáil le comhairlí um beartas bia, cineálacha cur chuige ón mbun aníos i dtaca le córais bhia áitiúla/réigiúnacha/náisiúnta inbhuanaithe agus go dtacófar leo (ó thaobh airgeadais agus struchtúir de), go rachfar i ngleic leis an deighilt tuaithe/uirbeach agus an deighilt idir táirgeoirí agus tomhaltóirí trí thacú leis an idirphlé sibhialta (lena n-áirítear ionadaithe na hóige, grúpaí leochaileacha agus imeallaithe na sochaí, gníomhaithe tuaithe, comhpháirtithe sóisialta), go gcumasófar forbairt chórasach na gcomhairlí um beartas bia, agus sineirgí á gcothú idir na húdaráis áitiúla agus an tsochaí shibhialta.

4.2.8.

go ndéanfar foráil, i ndeireadh na dála, do líonra na gcomhairlí um beartas bia ar leibhéal an Aontais lena gcruthófar ardán malartaithe dea-chleachtas agus léargais chun bonn eolais a chur faoi bheartas an Aontais agus tionchar a imirt air.

4.2.9.

go gcuirfear sineirgí ar fáil le hardáin eile de chuid an Aontais atá ann cheana amhail Comhghuaillíocht an Aontais um Beartas Bia (23), an tArdán maidir le Cur Amú Bia (24), Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh (ECESP) (25) agus Comhshocrú an Aontais um an Tuath (26).

4.3.

Tá CESE réidh chun spás tionóil a chur ar fáil don Chomhairle Eorpach um Beartas Bia. Tá dea-shampla ann cheana féin, is é sin Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh, ar tionscnamh comhpháirteach é de chuid CESE agus an Choimisiúin (27).

An Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)   Transforming Europe's food system – Assessing the EU policy mix – European Environment Agency (europa.eu) agus cur i láthair Prof. De Schutter, ag CESE an 14 Aibreán 2023.

(2)  I measc nithe eile, IO C 129, 11.4.2018, lch. 18 agus IO C 429, 11.12.2020, lch. 268 agus tuairimí eile nach iad.

(3)  Féach na tuarascálacha ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide: www.ipcc.ch/report/sixth-assessment-report-cycle/.

(4)   Power to the people? Food democracy initiatives’ contributions to democratic goods, Jeroen J. L. Candel, Bealtaine 2022.

(5)  Féach na sainmhínithe sna hairteagail acadúla seo a leanas: Opportunities and challenges of food policy councils in pursuit of food system sustainability and food democracy–a comparative case study from the Upper-Rhine region (Mooney, 2022) agus Food Policy Councils: Lessons learned (Harper et al., 2009).

(6)  Bunaíodh an chéad Chomhairle um Beartas Bia sna Stáit Aontaithe in Knoxville, Tennessee, i 1982.

(7)  Tá samplaí de chomhairlí Eorpacha um beartas bia nó tionscnaimh uirbeacha chomhchosúla maidir le bia le feiceáil i dtionscadail Fhís 2020 agus Fhís Eorpach ina ndírítear ar bheartais agus uirlisí agraibhia chun córais bhia a fheabhsú amhail Cities2030, FoodSHIFT 2030, FoodCLIC, FEAST agus FOOD TRAILS.

(8)  Franzen-Castle, L. et al. Engaging Rural Community Members with Food Policy Councils to Improve Food Access: Facilitators and Barriers. Journal of Hunger & Environmental Nutrition 17, 207–223 (2022).

(9)  Consell Català de l'Alimentació

(10)  Le CNA: www.cna-alimentation.fr/

(11)  Terres en villes: www.terresenvilles.org/.

(12)  Montpellier, Rouen, Voiron, Le Havre, Artois (Béthune, Bruay-en-Artois), Douai, Angers, Rennes, Saint-Nazaire, Nantes, Lorient, Toulouse, Grenoble, Saint-Étienne, Lyon, Besançon, Dijon, Nancy, Metz, Amiens, Lille, Auxerre, Poitiers (2022).

(13)  Conselho Nacional de Segurança Alimentar e Nutricional entra em funcionamento.

(14)   Food Policy Council: https://food.uni.lu/projects/research-projects/food-policy-council/.

(15)  https://g1000landbouw.nl

(16)   Nordic Food Policy Lab: www.norden.org/en/nordic-food-policy-lab.

(17)   IO C 129, 11.4.2018, lch. 18 agus IO C 429, 11.12.2020, lch. 268 agus tuairimí eile nach iad.

(18)   IO C 100, 16.3.2023, lch 38.

(19)  Tuarascáil faisnéise CESE Meastóireacht ar Scéim Scoile an Aontais.

(20)   Power to the people?Food democracy initiatives’ contributions to democratic goods.

(21)   IO C 100, 16.3.2023, lch 38.

(22)  Tuarascáil bia IPES: CFP_FullReport.pdf (ipes-food.org), agus De Schutter, O., Jacobs, N. agus Clément, C., 2020, ‘ A Common Food Policy’ for Europe: How governance reforms can spark a shift to healthy diets and sustainable food systems’, Food Policy 96.

(23)  Comhghuaillíocht an Aontais um Beartas Bia.

(24)  Ardán an Aontais Eorpaigh maidir le Caillteanas Bia agus Cur Amú Bia.

(25)  Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh.

(26)  Comhshocrú an Aontais um an Tuath.

(27)  Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh.


18.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 293/8


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Tionchar na géarchéime fuinnimh ar gheilleagar na hEorpa

(tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 293/02)

Rapóirtéir:

Alena MASTANTUONO

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

25.1.2023

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa rannóg

16/05/2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.6.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

579

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

194/4/10

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is sa bhoilsciú agus sa bhrú ar an airgeadas poiblí is mó a fheictear tionchar na géarchéime fuinnimh. Bhí praghsanna fuinnimh, arbh iad praghsanna gáis agus ola ba chúis leo, mar chatalaíoch don bhoilsciú agus bhí tionchar nach beag acu ar theaghlaigh ísealioncaim, ar theaghlaigh meánioncaim agus ar ghnólachtaí dianfhuinnimh. Ba é an boilsciú ard an ghné ba fheiceálaí den fheidhmíocht eacnamaíoch in 2022, agus bhí tionchar iarmhartach aige sin ar ghnéithe eile den chiseán earraí agus seirbhísí, rud a chuaigh i gcion go mór ar thomhaltas agus ar iompar. Léiríonn an líon an-ard iarratas ar fhéimheacht atá déanta san Aontas a thromchúisí atá an cás.

1.2.

De bhreis ar thionchar na géarchéime fuinnimh, bhí iarmhairtí diúltacha phaindéim COVID-19 a bhí ann roimpi, rud a lagaigh feidhmíocht eacnamaíoch an Aontais go mór tar éis na titime is mó ar fhás OTI le blianta fada anuas. D’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar níos mó ag an éifeacht charnach sin ar earnálacha áirithe. Fágann sé freisin gur deacair léargas foriomlán a fháil ar éifeachtaí na géarchéime fuinnimh ar an ngeilleagar óir tá éifeachtaí phaindéim COVID-19 fós le brath. D’ainneoin go bhfuil cuma réasúnta dhearfach ar shonraí staidrimh an lae inniu i réimsí áirithe, amhail réimse na fostaíochta, ní mar a shíltear a bhítear. Ní féidir anailís shoiléir a dhéanamh ar an tionchar ar an ngeilleagar ach amháin nuair a bheidh deireadh leis an ngéarchéim agus nuair a bheidh na sonraí mionsonraithe go léir ar fáil.

1.3.

Seo a leanas roinnt de na héifeachtaí a bhí ag an ngéarchéim fuinnimh ar an ngeilleagar: boilsciú ard, fás eacnamaíoch lag, brú mór ar an airgeadas poiblí, cumhacht ceannaigh teaghlach agus gnólachtaí agus cailliúint iomaíochais eacnamaíoch sheachtraigh. Ag cur leis na moltaí Ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE), molann an Choiste Eacanamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) critéar a bhunú, mar atá ‘Green triple-T’ (tailored, targeted and transition-proof) ionas go mbeidh na hidirghabhálacha a dhéanfar amach anseo saincheaptha, spriocdhírithe agus slán ó thaobh an aistrithe de. Bearta praghais nach bhfuil spriocdhírithe, ní dhéanfaidís ach fad a chur le tréimhse an bhoilscithe ardaithe san fhadtéarma.

1.4.

Is eol dúinn anois go raibh tionchar diúltach ag an ngéarchéim fuinnimh ar fheidhmíocht eacnamaíoch an Aontais, agus is é barúil dhaingean CESE nach mór cuimhneamh air sin sna chéad chéimeanna beartais eile. Leis an ngéarchéim fuinnimh, arb é ionradh na Rúise ar an Úcráin is cúis léi ar an mórgóir, léiríodh agus sainaithníodh roinnt de na laigí agus na bristeacha móra i gcóras eacnamaíoch an Aontais, córas nach mór a fheabhsú agus a choigeartú ó thaobh struchtúir de ionas gur féidir aghaidh a thabhairt ar shuaití eisginiúla comhchosúla ar bhealach níos éifeachtaí, go príomha ó thaobh athléimneachta, éifeachtúlachta agus neamhspleáchas straitéiseach de.

1.5.

Creideann CESE gur gá don Aontas dul níos faide ná freagairtí fioscacha éigeandála agus díriú ar athruithe struchtúracha ionas go mbeidh sé in ann díchúpláil ó bhreoslaí iontaise ar bhealach níos tapúla. Chun forbairt eacnamaíoch rianúil agus iomaíoch an Aontais a áirithiú, tá soláthar fuinnimh inacmhainne atá iontaofa slán de dhíth air, soláthar atá bunaithe ar mhargadh fuinnimh comhtháite ina bhfuil sciar ard d’fhuinneamh glan, atá athléimneach agus atá in ann aghaidh a thabhairt ar shuaití.

1.6.

Tacaíonn sé go láidir leis na céimeanna beartais uile chun boilsciú a laghdú ar bhealach inmharthana i rith na bliana seo agus tá sé i bhfabhar téarnamh eacnamaíoch bunaithe ar infheistíochtaí sna hearnálacha agus sna tionscail ghlasa agus dhigiteacha a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, a thacaíonn le bonn tionsclaíoch an Aontais agus leis an iomaíochas domhanda, agus a bhaineann lántairbhe as buntáistí uile an mhargaidh aonair ag an am céanna. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh táirgeadh teicneolaíochtaí glana ina chás gnó don Eoraip. Is mian leis na comhpháirtithe sóisialta go bhféachfaí chuige nach n-imeodh an t-eolas, na scileanna agus an bonn táirgeachta sin as an Eoraip. Chun neamhspleáchas cliste a chinntiú, ní mór an tionscal – agus na poist a chruthaítear léi – a choinneáil san Eoraip. Dá bhrí sin, ní mór an t-iomaíochas agus cruthú post ardcháilíochta a bheith mar ghnáthchuid lárnach de cheapadh agus cur chun feidhme beartas.

1.7.

Má táthar chun an Comhaontú Glas a chur chun feidhme agus, mar chuid de sin, aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de agus chun tionscal iomaíoch de chuid an Aontais a chothabháil, beidh mórinfheistíochtaí ó fhoinsí poiblí agus príobháideacha ag teastáil. Níl creat fadtéarmach ag an Aontas chun cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais a mhaoiniú go leordhóthanach, áfach. Dá bhrí sin, iarrann CESE go mbunófaí creat leordhóthanach chun tacú le bearta lena maoineofaí an t-aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach ar bhealach simplí éifeachtúil.

1.8.

I dtráthanna géarchéime agus éiginnteachta, is ríthábhachtach an ní faisnéis oibiachtúil agus ceannaireacht láidir pholaitiúil. Ar an gcúis sin, molann CESE leanúint de chumarsáid iomchuí a áirithiú, lena n-áirítear le linn na tréimhse ina bhfuiltear ag déileáil le hiarmhairtí na géarchéime. Beidh tionchar ag an athchóiriú ar an margadh fuinnimh agus ar an gcóras fuinnimh ar gach tionscal agus tomhaltóir. Tá sé fíor-riachtanach go mbeadh deis ag na geallsealbhóirí a mbarúil a thabhairt le linn an phróisis reachtaigh agus go dtabharfaí faisnéis leordhóthanach dóibh faoin aistriú riachtanach sin.

2.   Fíricí bunúsacha agus comhthéacs

2.1.

Tá an ghéarchéim fuinnimh agus an tionchar atá aici ar shaol daoine agus ar rathúnas gnó fós ar siúl. Fágann sé sin go bhfuil sé deacair a thionchar foriomlán deiridh ar an ngeilleagar a thomhas. Mar sin féin, is cinnte gur sa bhoilsciú (atá ar an leibhéal is airde dá bhfacthas le blianta fada anuas) agus san airgeadas poiblí (i bhfianaise an róil mhóir atá aige maidir le tionchar na bpraghsanna agus na gcostas ard a mhaolú agus tacaíocht ollmhór a thabhairt d’infheistíochtaí chun iad a dhéanamh níos seasmhaí) is mó a fheictear tionchar na géarchéime. Ba é ba chúis le praghsanna arda fuinnimh ná an méadú as cuimse ar phraghsanna gáis (1).

2.2.

Is iomchuí cuimhneamh ar phríomh-gharspriocanna an Aontais Fuinnimh, lenar réitíodh an bealach le haghaidh fhorbairt an chórais fuinnimh amach anseo. Rinneadh gannmheastachán le blianta beaga anuas ar roinnt dá cholúin, go háirithe iad siúd a bhaineann leis an tslándáil fuinnimh, agus sin mar gheall go príomha ar fhócas láidir ar ghás saor ón Rúis, rud a measadh ag an am a bheith ina fhoinse shealadach le linn an aistrithe ghlais eacnamaíoch.

2.3.

Maidir leis an meascán éagsúil fuinnimh i mBallstáit an Aontais, rud a léiríonn na dálaí geomhoirfeolaíocha atá acu i measc gnéithe eile, bíonn tionchar mór ag cúinsí náisiúnta ar chomhlíonadh spriocanna an Aontais Fuinnimh. Is léiriú soiléir é an luas ar a bhfuil aistriú glas an Aontais ag gabháil ar an méid sin. Tá rud amháin fós soiléir, áfach, is é sin gurbh í slándáil an tsoláthair an phríomhthosaíocht a bhí ag an Aontas Fuinnimh le linn na géarchéime, rud a bhí ag teacht salach ar spriocanna an aistrithe ghlais uaireanta.

2.4.

Léirigh an ghéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair a leochailí atá córas fuinnimh an Aontais i ndáiríre agus a thábhachtaí atá sé neamhspleáchas oscailte fuinnimh a bhaint amach i slabhra iomlán an tionscail fuinnimh. Ag an am céanna, léiríodh gur féidir leis aghaidh a thabhairt ar shuaití eisginiúla láidir agus na hiarmhairtí lena mbaineann agus iad a ionsú. Ba é meascán de ghnéithe eacnamaíocha, polaitiúla agus teicniúla ba chúis leis an ngéarchéim fuinnimh. Thosaigh an ghéarchéim le suaitheadh eacnamaíoch tar éis phaindéim COVID-19 a chuir dlús leis an éileamh domhanda ar fhuinneamh, agus chuir trasnaíocht tríú tíortha agus leibhéil ísle stórála gáis i roinnt tíortha Eorpacha le linn shéasúr geimhridh 2021/2022 i dtreis a thromchúisí atá an staid. Chuaigh an staid dheacair atá ann cheana féin in olcas mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin i mí Feabhra 2022, a chuaigh in olcas mar gheall ar spleáchas an Aontais ar fhoinsí fuinnimh iontaise, agus bhí tionchar díreach láidir aige sin ar phraghsanna fuinnimh agus ar shlándáil an tsoláthair.

2.5.

Rinne tionchar na géarchéime fuinnimh dochar do gheilleagar an Aontais. In 2022, chuir sé go díreach leis an leibhéal is airde boilscithe dá bhfacthas riamh i stair an Aontais. Bhí an meánráta boilscithe san Aontas ag 9,2 % (2), agus meastar go dtitfidh an ráta sin go 6,7 % (ráta atá fós an-ard) in 2023 agus go 3,1 % in 2024 (3). Ba é an boilsciú ard an ghné ba fheiceálaí den fheidhmíocht eacnamaíoch in 2022, agus bhí tionchar iarmhartach aige sin ar ghnéithe eile den chiseán earraí agus seirbhísí, rud a chuaigh i gcion go mór ar thomhaltas agus ar iompar. Bhí tionchar ollmhór aige sin ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí. Ní hamháin gurbh iad na daoine ba leochailí a d’fhulaing mar gheall ar arduithe ar phraghasanna. Cuireadh isteach go mór ar theaghlaigh ísealioncaim agus meánioncaim freisin agus tá seans ann go dtiocfaidh ardú ar rátaí bochtaineachta fuinnimh. Bhí tionchar ag an méid sin uile ar airgeadas pearsanta agus ar mhuinín tomhaltóirí san Aontas Eorpach. Bhí ar fhormhór na dtomhaltóirí a nósanna a chur in oiriúint chun dul i ngleic le cúrsaí le linn na géarchéime fuinnimh. Bhí meon na dtomhaltóirí ag an leibhéal is ísle ná mar a bhí riamh i mí Mheán Fómhair 2022 ach tá feabhas beag tagtha air ó shin.

2.6.

Ina theannta sin, bhí tionchar diúltach ag an staid sin ar ghnólachtaí. De réir innéacs arna úsáid ag Eurostat chun an leibhéal féimheachta san Aontas a thomhas, tá méadú suntasach (26,8 %) tagtha ar líon na n-iarratas ar fhéimheacht san Aontas i gcomparáid leis an ráithe roimhe, 113,1 san iomlán – an leibhéal is airde a taifeadadh riamh i gcomparáid leis an tagarmharc de 100 in 2015. Léirítear sna sonraí gur thosaigh an t-innéacs ag méadú sa dara ráithe de 2020 agus gur tháinig méadú suntasach air i rith 2022. Léirigh an figiúr sa cheathrú ráithe de 2022 go raibh meath ag teacht ar an staid ina raibh cuideachtaí, go háirithe FBManna, ag dul i ngleic le héileamh a bhí ag titim, le caighdeáin chreidmheasa níos déine (4) agus le todhchaí ghruama éiginnte.

2.7.

Ina theannta sin, bhí tionchar diúltach ag an ngéarchéim fuinnimh ar fheidhmíocht eacnamaíoch an Aontais, go príomha ó thaobh tomhaltas príobháideach (meastar gurb é an laghdú a tháinig ar an tomhaltas sin an chúis is mó atá leis an marbhántacht in OTI), infheistíochtaí (d’ainneoin na hacmhainneachta ollmhóire i ngníomhaíocht infheistíochta, tá an bhearna infheistíochta ag méadú ó 2021 i leith), agus iomaíochas seachtrach (rud atá i bhfad níos measa i gcomparáid leis an tréimhse roimh 2020.). Táthar á thuar go dtiocfaidh fás beag (1,0 %) in 2023 ar OTI foriomlán an Aontais, i bhfianaise an fháis láidir (3,5 %) a bhí ann in 2022, agus go dtiocfaidh fás measartha air (1,7 %) in 2024.

2.8.

Ualach breise eile a thagann go díreach ón ngéarchéim fuinnimh is ea feidhmíocht an airgeadais phoiblí. In 2022, b’ionann an meáneasnamh buiséid agus 3,4 % de OTI (5), agus meastar go mbeidh figiúirí den saghas sin (níos mó ná ceanglais an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis) ann sa dhá bhliain atá le teacht chomh maith. De dheasca na géarchéime fuinnimh agus an aistrithe ghlais, is suntasach an brú ar chaiteachas poiblí agus ba cheart cur chuige stuama a ghlacadh chun cothromaíocht fhioscach a choinneáil. Ba cheart giaráil níos leithne infheistíochta príobháidí bunaithe ar scéimeanna ráthaíochta (de chineál CEIS) a úsáid mar shamhail chun infheistíochtaí leordhóthanacha a leithdháileadh ar bhealach stuama fioscach.

2.9.

Go dtí seo, tá cuma dhearfach ar na sonraí staidrimh comhiomlánaithe maidir le tionchar na géarchéime fuinnimh ar an margadh saothair. I mí na Nollag 2022, bhí an ráta dífhostaíochta ag 6,1 % san Aontas (ráta nár athraíodh ó mhí Aibreáin). Ba iad sin na figiúirí ab ísle ó bhí 2000 ann. Mar sin féin, táthar ag súil leis go gcuirfidh moilliú na gníomhaíochta eacnamaíche a tuaradh ag deireadh na bliana seo caite agus atá réamh-mheasta do thús na bliana 2023 isteach ar luas an fháis fostaíochta. Bhí cuideachtaí dianfhuinnimh buailte go dona ag an ngéarchéim agus táthar ag súil go mbeidh mórdhúshláin le sárú sa mhargadh saothair amach anseo.

2.10.

In 2022, tháinig laghdú (-4,6 %) ar thomhaltas leictreachais mar thoradh ar an ngéarchéim fuinnimh, sin in éineacht le geimhreadh éadrom, coigilteas fuinnimh agus oibríochtaí gnó a bhí as a riocht. De réir ACER, ghéaraigh an laghdú ar éileamh i rith na bliana, agus bhí an laghdú sin cúig huaire níos airde sa cheathrú ráithe den bhliain 2022 ná mar a bhí sa chéad ráithe. Tháinig méadú ar an laghdú ar éileamh ó -1,8 % sa chéad ráithe go -9,5 % sa cheathrú ráithe, i gcomparáid leis na tréimhsí céanna in 2021.

2.11.

Ag an am céanna, bhí roinnt gnéithe dearfacha ag baint leis an ngéarchéim. Ar an gcéad dul síos, tháinig réitigh nua chun cinn lenar spreagadh dul chun cinn i méadú na héifeachtúlachta fuinnimh agus lenar cuireadh borradh faoi theicneolaíochtaí glana (‘athbheochan’ a bhí ann i gcásanna áirithe). Thug roinnt cuideachtaí réitigh nuálacha ar an margadh. Ar an dara dul síos, leagadh béim ar an ngá a bhí le hidirnascadh níos fearr idir na margaí fuinnimh agus le dlúthpháirtíocht ar fud na mBallstát. Bhí institiúidí an Aontais agus na Ballstáit in ann bearta a dhéanamh agus freagairt go tapa agus go han-solúbtha chun dul i dtaithí ar an staid nua.

2.12.

Toradh eile a bhí ar an ngéarchéim freisin ab ea go raibh gá ann príomhcholúin bheartas fuinnimh an Aontais a choigeartú agus a athshainiú: an tAontas Fuinnimh, an Comhaontú Glas agus na gnéithe sonracha lena mbaineann (go háirithe an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’), agus creat tacsanomaíochta an Aontais. Áirítear ar na freagairtí ar an staid thromchúiseach a bhí ann in 2022 uirlisí struchtúracha fadtéarmacha amhail REPowerEU agus Beartas Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais le haghaidh Ré na Glan-nialasachta, chomh maith le bearta láithreacha/gearrthéarmacha chun cosc a chur ar thionchar na géarchéime ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Cuireann CESE i bhfios go láidir gurb é príomhchúis na géarchéime spleáchas ard an Aontais ar sholáthairtí gáis na Rúise agus molann sé fís fhadtéarmach a leagan síos a fhágfaidh nach mbeidh an tAontas ag brath ar thríú tíortha ó thaobh fuinnimh de; áirítear leis sin freisin neamhspleáchas maidir le teicneolaíochtaí glana. Cuireann CESE chun suntais nach mór gach beart de chuid an Aontais agus gach beart náisiúnta a bheith ina dhreasú chun an t-aistriú straitéiseach sin ar mhaithe le huathriail straitéiseach na hEorpa a dhaingniú.

3.2.

Is maith is eol do CESE gurb é an phríomhthosaíocht atá ann aghaidh a thabhairt ní hamháin ar iarmhairtí na géarchéime, ach, thar aon ní eile, ar cén fáth ar tharla sí. Tá sé réidh chun réitigh a phlé agus a mholadh. Chuige sin, ní mór imeacht de réir a chéile ó bhearta éigeandála go dtí athchóirithe agus infheistíochtaí atá comhoiriúnach don mhargadh agus fianaise-bhunaithe, agus coincheapa straitéiseacha inbhuanaithe agus indéanta mar bhonn taca leo. Trí bhíthin na gcoincheapa straitéiseacha sin, ní mór cothromaíocht a bhaint amach idir na tosaíochtaí, na foinsí airgeadais (idir phoiblí agus phríobháideacha), agus an timpeallacht institiúideach agus coinníollacha riaracháin (ceadanna, comhlíonadh reachtaíocht an Aontais agus reachtaíocht náisiúnta) atá i gceist leo agus iad a bheith bunaithe ar thacaíocht phoiblí leordhóthanach.

3.3.

Chuidigh na bearta coigiltis fuinnimh a rinne teaghlaigh agus gnólachtaí le riosca tromchúiseach a sheachaint. Mar sin féin, ba cheart aird a tharraingt ar an bhfíoras nach ndearnadh roinnt coigilteas ach amháin mar gheall ar dhúnadh gníomhaíochtaí gnó. Ar na tionscail is leochailí le linn na géarchéime tá na tionscail is déine ó thaobh fuinnimh de (tionscal ceimiceach, táirgeoirí leasachán, tionscal na cruach agus oibreacha iarainn), mar a bheifí ag súil leis. Ba cheart aird ar leith a thabhairt orthu i dtéarmaí a n-aistrithe fuinnimh agus an riosca a bhaineann le díthionsclú an Aontais (sceitheadh carbóin).

3.4.

Is é an bonn atá leis an aistriú glas bonneagar fuinnimh láidir idirnasctha, rud nach ndearnadh dóthain infheistíochta ann le blianta beaga anuas. Beidh ról lárnach ag infheistíocht sa bhonneagar agus ag uasghrádú bonneagair sna blianta amach romhainn. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go dtabharfadh aon rialacha nua a thabharfaí isteach comhartha soiléir d’infheisteoirí. Is teoranta an cumas atá FBManna infheistíocht a dhéanamh san aistriú fuinnimh ó thosaigh an chéad ghéarchéim (COVID-19), áfach. Cibé athchóirithe a dhéanfaí, níor mhór spriocanna bheartas fuinnimh an Aontais a urramú i dtéarmaí an aistrithe ghlais agus na hathléimneachta, an leasa shóisialta, agus na ndifríochtaí ollmhóra i measc struchtúir meascán fuinnimh na mBallstát ar leith. Bhí tionchar tromchúiseach ag an ngéarchéim ar chinnteacht infheistíochta.

3.5.

Tá CESE suite de go n-áirítear go príomha leis na príomhcheanglais athchóirithe nuashonrú ar dhearadh an mhargaidh fuinnimh chun aistriú glas inbhuanaithe a cheadú. Iarrann CESE ar na comhreachtóirí teacht ar chomhthoil maidir le príomhchatagóirí dhearadh an mhargaidh, a bhfuil tionchar díreach acu ar an gclaonadh infheistíocht a dhéanamh san earnáil sin amach anseo, lena n-áirítear conarthaí fadtéarmacha; ionstraimí tacaíochta agus dreasachta d’fhoinsí in-athnuaite fuinnimh; samhail a bheadh mar bhonn le praghsanna fuinnimh a ghiniúint; agus saincheist na solúbthachta foriomláine.

3.6.

Tá acmhainneacht sa Chomhaontú Glas don Eoraip, arna fhorlíonadh le tionscnamh REPowerEU, infheistíochtaí bliantúla ar fiú EUR 350 billiún a dhéanamh go dtí deireadh na ndeich mbliana seo (níos mó ná 2 % de OTI bliantúil an Aontais. Is laige ar fad an réamhaisnéis infheistíochta ghearrthéarmach ón Aontas. Chuige sin, ní mór acmhainní airgeadais breise a shlógadh chun freastal ar na riachtanais infheistíochta tosaíochta. D’fhéadfadh na cineálacha sin infheistíochtaí cur le téarnamh eacnamaíoch níos láidre ón Aontas, le hinfheistíocht bhreise i mbonneagar, le digitiú líonraí fuinnimh, idirnascadh agus acmhainní stórála.

3.7.

Is maith is eol do CESE go bhfuil foinsí ollmhóra airgeadais ag teastáil chuige sin. Ní bheifear in ann an t-aistriú glas a dhéanamh gan infheistíocht a dhéanamh sa taighde, sa nuálaíocht, sa bhonneagar agus i ndaoine. Bheadh gá na daoine sin a ullmhú i gceart tríd an oideachas, an t-uas-sciliú agus an t-athsciliú. D’ainneoin na suimeanna móra arna gcur ar fáil faoi chláir nua maoinithe ón Aontas chun na críche sin, tá foinsí náisiúnta poiblí agus príobháideacha fíor-riachtanach chun é sin a bhaint amach. Leagann CESE béim ar an ngá atá le maoiniú simplí, éifeachtúil atá éasca a rochtain agus iarrann sé go mbeadh modhanna nuálacha ann chun caipiteal príobháideach a spreagadh trí ionstraimí airgeadais. Cuireann CESE san áireamh freisin ról leathnaithe na tacaíochta státchabhrach agus an mhaoinithe chun críoch spriocdhírithe, ach molann sé cothrom iomaíochta a áirithiú san Aontas.

3.8.

Rinne rialtais an Aontais EUR 758 mbilliún a chur i leataobh agus a leithdháileadh chun teaghlaigh agus gnólachtaí a chosaint idir mí Mheán Fómhair 2021 agus mí Eanáir 2023. Ní raibh ach an tríú cuid de na hidirghabhálacha fioscacha a chuir na Ballstáit i bhfeidhm dírithe ar chatagóirí leochaileacha. Molann CESE go gcuirfí leis na moltaí ó BCE, is é sin critéar a bhunú, mar atá ‘Green triple-T’ (tailored, targeted and transition-proof) ionas go mbeidh idirghabhálacha a dhéanfar amach anseo saincheaptha, spriocdhírithe agus slán ó thaobh an aistrithe de. Chomh maith leis sin, dar leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, is éard a tharlóidh de dhroim bearta neamhspriocdhírithe praghsanna ná go gcruthófar na dálaí le haghaidh tréimhse níos faide de bhoilsciú níos airde san fhadtéarma. Dá gcuirfí moill ar chéimniú amach na mbeart, d’fhéadfadh sé go mbainfí de chumas BCE a chuspóirí meántéarmacha a bhaint amach, rud a d’fhágfadh géarú airgeadaíochta níos faide ná mar is inmhianaithe.

3.9.

Tá CESE suite de go bhféadfadh an téarnamh eacnamaíoch deiseanna nua fostaíochta a chruthú agus iomaíochas seachtrach gheilleagar an Aontais a fheabhsú, trí thionscail nua agus tionscadail ghnó nua a chruthú a bhfuil gá leo chun go mbeidh rath ar an aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de. Beidh tábhacht thar na bearta le huas-sciliú agus athsciliú ardcháilíochta chun próiseas an aistrithe a bhainistiú. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh táirgeadh teicneolaíochtaí glana ina chás gnó don Eoraip. Is mian leis na comhpháirtithe sóisialta go bhféachfaí chuige nach n-imeodh an t-eolas, na scileanna agus an bonn táirgeachta sin as an Eoraip. Chun neamhspleáchas cliste a chinntiú, ní mór an tionscal – agus na poist a chruthaítear léi – a choinneáil san Eoraip. Tá géarghá ann dul chun cinn a dhéanamh athuair agus ba dheis é an t-aistriú chuig an ngeilleagar glas chun é sin a dhéanamh ar choinníoll go mbainisteofaí go maith é. Dá bhrí sin, ní mór an t-iomaíochas agus cruthú post ardcháilíochta a bheith mar ghnáthchuid lárnach de cheapadh agus cur chun feidhme beartas.

3.10.

In éineacht leis na bearta nua athchóirithe, ní mór don Aontas díriú ar dtús ar reachtaíocht a glacadh faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Ghlais a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú. Tá ceist ann freisin i dtaobh cén fáth nár chuir na Ballstáit na bearta sin chun feidhme cheana. Ceann de na cúiseanna atá leis sin ná gur beag an cumas atá ag na Ballstáit an rabharta reachtaíochta a ionsú. Is amhlaidh atá i gcás cuideachtaí, FBManna den chuid is mó.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach agus ar a chomhreachtóirí a seacht ndícheall a dhéanamh chun teacht ar chomhthoil maidir le príomhpharaiméadair agus príomhchatagóirí dhearadh an mhargaidh. Mar shampla, i gcás PPAnna, ba mhaith an smaoineamh é rialacha coiteanna AE a shainiú maidir le tairiscintí poiblí ina leith, ceanglais maidir le ráthaíochtaí gaolmhara stáit, nó creat le haghaidh dreasachtaí do ghnólachtaí chun leas a bhaint as acmhainneacht iomlán PPAnna. Ba mhaith le CESE torthaí a fheiceáil go luath. Seachas sin, mar gheall ar an easpa trédhearcachta agus intuarthachta fadtéarmaí, cuirfidh infheisteoirí a gcinntí infheistíochta ar athló nó fágfaidh siad an margadh agus ní dhéanfar na hinfheistíochtaí go dtí go mbeidh an creat soiléir dóibh.

4.2.

Is cúis mhór imní do CESE an fheidhmíocht mhaicreacnamaíoch is measa san Aontas le blianta fada anuas agus is maith is eol dó a thromchúisí atá sé. Mar sin féin, tá sé ar an eolas freisin go bhfuil go leor le déanamh fós agus go bhfuil gníomh ag teastáil chun feabhas a chur ar an staid. Tá súil ag CESE go bhfuil an baol is mó, an boilsciú, á chur faoi smacht, agus mura bhfuil aon suaitheadh seachtrach eile ann, go gcuirfear tús go luath le tréimhse an chórais fuinnimh nua atá glan, cóir agus athléimneach.

4.3.

Molann CESE go láidir go dtabharfaí isteach bearta urghnácha maidir le hioncam ar bhonn sealadach. Dá gcuirfí bearta i bhfeidhm ar feadh tréimhse níos faide ná mar ba ghá, d’fhéadfadh roinnt athruithe iompraíochta, éifeachtaí sóisialta agus saobhadh margaidh gan iarraidh a bheith ann, agus d’fhéadfaidís a bheith ina ndídhreasacht d’infheisteoirí ó na tionscail lena mbaineann chun infheistíocht a dhéanamh. Ar feadh tréimhse shealadach, ba cheart, tríd an mbeartas maidir le huasteorannú, an réaltacht eacnamaíoch a léiriú go solúbtha agus ní mór é a chur in oiriúint d’fhorbairtí sa mhargadh; seachas sin, d’fhéadfaí dochar a dhéanamh do thomhaltóirí i gcás titim i bpraghsanna leictreachais.

4.4.

Tacaíonn CESE le córas neartaithe um chosaint an tomhaltóra. Is ceacht é sin atá foghlamtha againn ó thionchar na géarchéime fuinnimh atá ann faoi láthair ar chustaiméirí. Is éard a bheadh i gceist leis seirbhís chuimsitheach, lena n-áirítear cosaint dhlíthiúil, seirbhísí faisnéise agus comhairleacha, treoracha mionsonraithe, comhroinnt dea-chleachtais, etc. Ba cheart aird ar leith a thabhairt orthu siúd atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh.

An Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Tháinig méadú mór ar phraghsanna leictreachais, a raibh tionchar éagsúil aige ag brath ar thábhacht áitiúil an gháis sa phunann giniúna, agus bhí na praghsanna sin chomh hard le EUR 150-300/MWh in 2022.

(2)  Léiríonn Eagrán 2023 d’Innéacs Comhchuibhithe na bPraghsanna Fuinnimh do Thomhaltóirí a d’eisigh an Coimisiún Eorpach go raibh an ráta bliantúil in 2022 ag 20 % ar an meán. B’éagsúil an ráta sin ó Bhallstát go Ballstát, áfach, agus is san Iodáil a taifeadadh an ráta ab airde (65 %).

(3)  Réamhaisnéis Eacnamaíoch an Earraigh 2023: Eurostat.

(4)  De réir Shuirbhé Iasachtaithe BCE a eisíodh i mí Eanáir 2023, lean na caighdeáin iasachtaithe de bheith á ngéarú sa cheathrú ráithe de 2022 do ghnólachtaí agus do theaghlaigh araon. Ba sna fiontair a chonacthas an glanmhéadú ba mhó ar chaighdeáin chreidmheasa ó tharla géarchéim an fhiachais cheannasaigh i limistéar an euro in 2011.

(5)  Réamhaisnéis Eacnamaíoch an Earraigh 2023: Eurostat.


18.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 293/13


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An dara tacar d’acmhainní dílse nua

(tústuairim)

(2023/C 293/03)

Rapóirtéir:

Philip VON BROCKDORFF

Comhairliúchán

Litir ó Maroš ŠEFČOVIČ, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um Chaidreamh Idirinstitiúideach agus um Fhadbhreathnaitheacht, 20.1.2023

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa rannóg

30.5.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.6.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

579

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

140/67/12

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Faoi mar a luaigh Coiste Eacanamaíochta agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i dtuairim eile dá chuid i dtaobh an ábhair (1), teastaíonn comhaontú na mBallstát chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach ionas go bhféadfaí aisíoc na bhfiach arb iad na hiasachtaí airgid faoi Phlean Téarnaimh NextGenerationEU is cúis leo a chumhdach gan buiséid chláir an Aontais a chur i mbaol, agus gan an ranníocaíocht acmhainní atá bunaithe ar Ollioncam Náisiúnta (OIN) a mhéadú go mór.

1.2.

Tá CESE á chur i bhfáth gur i gcomhthéacs an bhrú ar an mbuiséad atá ag déanamh buartha do na Ballstáit ar lorg na paindéime, sin agus i gcomhthéacs an teannais idirnáisiúnta atá ann i láthair na huaire, ba cheart tograí le haghaidh foinsí nua ioncaim dhílis a cheapadh. Is móide a thábhacht seo na rátaí úis arda atá ann faoi láthair, rátaí arda ar baol gurb éard a tharlóidh dá ndeasca nach gcumhdófar costas chlár NextGenerationEU leis na hacmhainní dílse nua atá á moladh i bpacáiste 2021 an Choimisiúin.

1.3.

Tugann CESE dá aire go bhfuil feidhm ag an acmhainn dhílis atá bunaithe ar an dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi. Cuireann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé go nglacfar agus go dtrasuífear ar bhonn comhchuibhithe an togra reachtach nua maidir leis an bpacáistíocht agus an dramhaíl ó phacáistíocht a bhaineann leis an dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte. Rud eile is dóigh le CESE gur rogha eile ab fhéidir a chur chun feidhme acmhainn dhílis arna ríomh de réir na toirte atá i ndramhaíl na cathrach (ag glacadh leis go bhfuil a leithéid indéanta ón taobh teicniúil agus comhshaoil de), rud ba chrann taca don gheilleagar ciorclach freisin.

1.4.

Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún na tograí maidir le Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim (BEFIT) a fhorbairt a thúisce is féidir. I ndáil leis an méid sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún aidhmeanna soiléire a leagan síos le cúrsaí cánach a shimpliú agus le hiomaíochas na dtreoracha cánach atá ann faoi láthair a áirithiú, mar aon le hiomaíochas na dtreoracha cánach nua. Thar aon ní eile, is mian le CESE béim a chur ar an ngá atá le rialacha BEFIT a bhunú ar shainmhínithe agus ar chaighdeáin chomhchuibhithe, sin agus meastachán níos cruinne a dhéanamh ar na hioncaim bhreise a dtarlódh nasc acu le cur chun feidhme BEFIT.

1.5.

Feictear do CESE go mbeadh sé réasúnta féachaint an bhféadfaí seirbhísí airgeadais a áireamh ar chuid de BEFIT nó cáin dhomhanda ar idirbhearta airgeadais a fhorbairt de réir mar a mhol Parlaimint na hEorpa agus tionchair an togra á measúnú san am céanna.

1.6.

Is díol sásaimh do CESE an comhaontú idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa maidir leis an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT). Ar a mhuin sin, ós aidhm dá chuid an iomaíocht a thabhairt chun cothroime ó thaobh na ndálaí saothair de, d’fhéadfadh an Coimisiún cuimhneamh ar thobhach breise a thabhairt isteach a bheadh le gearradh ar chuideachtaí de chuid an Aontais a bhíonn ag allmhairiú táirgí ó mhonaróirí i dtríú tíortha nach n-áirithítear cosaint chuí na n-oibrithe iontu, fad is go mbeadh an tobhach sin ag teacht le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) is go gcuirfí an tobhach chun feidhme faoi réir critéir shoiléire. Mar sin féin, tá béim á cur ag CESE arís ar an ngá atá le faoiseamh onnmhairiúcháin áirithe a thabhairt do chuideachtaí an Aontais le dul i mbun iomaíochta i dtríú margaí.

1.7.

De bhun Chreat Cuimsitheach ECFE/G20, tugann CESE dá aire gur comhaontaíodh tréimhse neamhghníomhaíochta agus aistarraingthe i dtaca le cánacha digiteacha. D’fhéadfaí cuimhneamh ar cháin uile-Aontais ar idirbhearta digiteacha a thabhairt isteach, áfach, d’fhonn acmhainní dílse a mhéadú ar fhaitíos nach ndéanfadh na comhpháirtithe móra trádála na rialacha a comhaontaíodh i gCreat Cuimsitheach ECFE/G20 a urramú.

1.8.

Cuireann CESE i bhfáth freisin gur cheart an dara tacar de bhearta acmhainní dílse a bheith i gcomhréir le prionsabail na comhréireachta agus na cothroime sóisialta. Ina theannta sin, is rud é atá CESE a athdhearbhú gur cheart tacú leis na tograí uile maidir le hacmhainní dílse trí bhíthin measúnú tionchair ar a gcuid éifeachtachta.

2.   Cúlra

2.1.

Sonraítear in Airteagal 311 CFAE, gan dochar d’ioncam eile, gur le hacmhainní dílse de chuid an Aontais ba cheart buiséad de chuid an Aontais a mhaoiniú ina iomláine. Is é sainmhíniú ab fhearr ar na hacmhainní sin sruthanna ioncaim a shanntar go díreach don Aontas Eorpach gan cinneadh breise de chuid na mBallstát. Mar sin féin, is ranníocaíochtaí ó na Ballstáit atá sa chuid is mó d’ioncam an Aontais i bhfírinne (2).

2.2.

Nuair a bhí Chlár Oibre do 2023 á thíolacadh ag an gCoimisiún Eorpach, fógraíodh togra le haghaidh an dara ciseán d’acmhainní dílse nua, rud atá beartaithe faoi láthair don tríú ráithe de 2023, rud atá á thógáil, inter alia, ar an togra reachtach a fógraíodh maidir le tacar aonair de rialacha cánach chun gnó a dhéanamh san Eoraip (BEFIT) . Leis sin, déantar sceideal an chomhaontaithe idirnáisiúnta a tíolacadh i mí na Nollag 2020 a thabhairt bliain amháin chun tosaigh (3).

2.3.

Leanann an dara ciseán d’acmhainní dílse an chéad chiseán, ciseán a cuireadh i láthair i mí na Nollag 2021 (4) agus é bunaithe ar thrí fhoinse nua ioncaim. Is ar ioncam ón trádáil astaíochtaí (CTA) atá an chéad fhoinse bunaithe. Baineann an dara foinse leas as na hacmhainní a ghintear leis an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT) AE. Maidir leis an tríú foinse, is ar an sciar den bhrabús iarmharach atá sí sin bunaithe, brabús ó chuideachtaí ilnáisiúnta a ath-leithdháilfear ar Bhallstáit an Aontais faoi chomhaontú ECFE/G20 maidir le cearta cánach a ath-leithdháileadh (‘Colún a hAon’).

2.4.

Is é is aidhm don togra nua maidir le hacmhainní dílse sreabhadh ioncaim athléimneach agus éagsúlaithe a áirithiú don Aontas, sreabhadh lena seachnófar ciorruithe ar chláir an Aontais agus méadú iomarcach ar na ranníocaíochtaí le buiséad an Aontais bunaithe ar OIN na mBallstát.

2.5.

Maidir le tionchar fadtéarmach Phlean Téarnaimh NextGenerationEU (NGEU) ar bhuiséad an Aontais, plean a cuireadh chun feidhme chun dul i ngleic leis an suaitheadh eacnamaíoch agus sóisialta arb í an phaindéim ba chúis léi, sin tionchar a dhéanfar a mheas laistigh den chreat nua, rud a dearadh leis an úsáid chuí a bhaint as an tacar nua d’acmhainní dílse chun na cistí a fuair an Coimisiún ar iasacht ar na margaí caipitil le haghaidh chomhpháirt deontais NextGenerationEU a aisíoc ina ngálaí faoi 2058 ar a dhéanaí. Is fiú a chur in iúl nach mór aisíocaíocht na príomhshuime agus an úis a mhaoiniú ó bhuiséad an Aontais i gcomhréir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

2.6.

Roimh thogra an dara tacar d’acmhainní dílse nua, d’iarr an Coimisiún ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tuairim agus moltaí a chur chun cinn d’fhonn an togra a shaibhriú le dearcadh CESE.

2.7.

An tuairim ó CESE atá ann faoi láthair, is forlíonadh é ar an tuairim a d’eisigh an Coiste ar an ábhar céanna (5) maille le roinnt oiriúnuithe chun an díospóireacht institiúideach atá ann faoi láthair mar aon leis na forbairtí is déanaí a mheas.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Is mór ag CESE an deis leis an seasamh atá aige a chur in iúl arís faoi ábhar straitéiseach atá ríthábhachtach le haghaidh thodhchaí phróiseas lánpháirtithe an Aontais.

3.2.

I ndáil leis an méid sin, ba mhaith le CESE a chur i bhfáth i dtaca leis an díospóireacht faoi acmhainní dílse, agus faoin leas is féidir a bhaint astu le haghaidh bhuiséad an Aontais agus prionsabal na huilíochta á urramú, gur cheart an díospóireacht sin a dhéanamh ní hamháin i measc na n-institiúidí Eorpacha, ach, go ginearálta, ról a thabhairt don phobal gnó, do chomhpháirtithe sóisialta eile agus don tsochaí shibhialta, lena n-áirítear ionadaithe ó na catagóirí is mó is féidir de shaoránaigh an Aontais, agus ar an gcaoi sin ról a thabhairt freisin d’aoisghrúpaí níos sine agus do ghrúpaí leochaileacha.

3.3.

Faoi mar a chuir sé in iúl sa tuairim maidir leis an Togra le haghaidh cinneadh maidir le hacmhainní dílse, aontaíonn CESE gur gá foráil a dhéanamh maidir le hacmhainní dílse nua chun clár oibre agus cuspóirí an Aontais a choinneáil ar bun go cuí gan buiséid chláir an Aontais faoi CAI 2021-2027 a chur i mbaol agus gan méadú suntasach a chur ar ranníocaíocht na n-acmhainní atá bunaithe ar OIN.

3.4.

Mar sin féin, tugann CESE dá aire, ó tugadh isteach an acmhainn dhílis de bhun na dramhaíle ó phacáil plaisteach neamh-athchúrsáilte, gur laghdú atá tarlaithe ar sciar ard ranníocaíocht OIN na mBallstát. Sa chomhthéacs sin, tá béim á cur ag CESE ar a thábhachtaí atá sé an togra reachtach nua maidir leis an bpacáistíocht agus an dramhaíl ó phacáistíocht a ghlacadh agus a thrasuí ar bhealach comhchuibhithe d’fhonn an t-ualach comhlíontachta a laghdú.

3.5.

Tá súil ag CESE gur rud é an dara tacar de bhearta acmhainní dílse a fógraíodh a bheidh i gcomhréir le prionsabail na comhréireachta agus na cothroime sóisialta, agus go mbainfear an chothromaíocht iomchuí amach idir an gá atá le buiséad láidir airgeadais le cuspóirí an Aontais a chothú, ar thaobh amháin den scéal, agus comhtháthú sóisialta mar aon le timpeallacht atá fabhrach do lucht gnó, ar an taobh eile de.

3.6.

Tá béim á cur ag CESE ar a thábhachtaí atá sé dealú a dhéanamh idir acmhainní dílse an Aontais agus beartais chánach an Aontais: cé go n-úsáideann an chéad cheann díobh uirlisí cánach chun sruthanna ioncaim iomchuí a áirithiú chun buiséad an Aontais a chistiú, ba cheart é a bheith d’aidhm ag beartais chánach an Aontais comhtháthú eacnamaíoch a chur chun cinn, chomh maith leis an margadh aonair a fheabhsú agus a fhorbairt a thuilleadh, seachas ualaí cánach a mhéadú agus an bonn a bhaint den chomhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch.

3.7.

Ba mhaith le CESE a chur i bhfáth go mbeidh ar an togra ón gCoimisiún breithniú cúramach a dhéanamh ar dhrochthionchar ionsaí na Rúise ar an Úcráin, ionsaí nach bhfuil ag dul i dtéigle fós, ionsaí a mbeidh droch-iarmhairtí gaolmhara aige ar chúrsaí eacnamaíochta ar fud an domhain, tionchar ar na slabhraí soláthair, agus an teannas idirnáisiúnta, rud a chuirfidh seacht ndris ar an gcosán atá romhainn. Áirítear i gcomhthéacs den sórt sin, inter alia, boilsciú ard leanúnach agus rátaí úis a bhíonn ag ardú leis an mboilsciú a mhaolú. Cruthaíonn sin ar fad timpeallacht eacnamaíoch don togra ón gCoimisiún atá doiligh dúshlánach.

3.8.

I bhfianaise an chomhthéacs thuasluaite, tugann CESE dá aire gur cheart an brú atá ar an mbuiséad sna Ballstáit ar lorg na paindéime agus le linn an teannais idirnáisiúnta atá ann faoi láthair a chur san áireamh mar is cuí chun tograí a fhorbairt maidir le foinsí nua ioncaim le haghaidh bhuiséad an Aontais. Tugann CESE dá aire go gcuireann bailiú an ioncaim ar leibhéal an Aontais brú breise ar na buiséid náisiúnta. Thairis sin amach, tá gealltanas ar leith ann go ndéanfar iasachtaí airgid NGEU ó bhuiséad an Aontais a aisíoc, rud a bhféadfadh ranníocaíochtaí ní b’airde ó na Ballstáit a bheith de thoradh air d’uireasa acmhainní dílse nua.

3.9.

Bíodh sin mar atá, ba mhaith le CESE a chur in iúl gur dócha nach leor na hacmhainní dílse nua a moladh sa chéad phacáiste ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2021 chun oibleagáidí reatha an Aontais a chumhdach ina n-iomláine nuair is airde do na rátaí úis faoi láthair ná mar is gnách.

3.10.

Measann CESE gur tábhachtach buiséad fónta daingean AE a bheith ann a fhéadfaidh ní hamháin uathriail straitéiseach an Aontais Eorpaigh a áirithiú ach tacú go cuí freisin leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach araon maille leis na dúshláin agus na hoiriúnuithe uile a thiocfaidh i gceist do na Ballstáit, do na réigiúin, do na pobail áitiúla, agus do ghnólachtaí ar fud na hEorpa.

3.11.

Tugann CESE dá aire, chun buiséad an Aontais agus an creat airgeadais ilbhliantúil a threisiú go héifeachtach, gur ghá deontais NGEU a aisíoc gan dul thar an tréimhse shonraithe agus gan síneadh breise a chur le ceachtar acu. Ba ghá sin ionas nár riosca costais iomarcacha iasachta a bheith ann de dheasca ré rófhada, rud a dhéanfadh dochar don fhás eacnamaíoch agus don fholláine shóisialta do na glúine atá le teacht. Is fíor sin go háirithe i láthair na huaire nuair atá na rátaí úis ag ardú leo, rud a fhágann gur deacra féichiúnas a choinneáil san fhadtéarma agus costais mhaoinithe a thuar.

3.12.

Mar réamhriachtanas sula molfaí acmhainn dhílis atá bunaithe ar chánachas corparáide, iarrann CESE ar an gCoimisiún tuilleadh forbartha a dhéanamh, ar bhonn práinne, ar an togra maidir le sraith choiteann rialacha chun meastacháin ar an mbonn inchánach corparáideach d’eintitis atá bunaithe san Aontas atá mar chuid de ghrúpa ag a bhfuil ioncaim chomhdhlúite dhomhanda os cionn tairseach áirithe. Áireofar freisin in BEFIT forálacha maidir le brabúis a leithdháileadh ar na Ballstáit, forálacha a bheidh bunaithe ar fhoirmle cionroinnte. A thúisce a leithdháilfí iad, bheadh an brabús faoi réir ráta cánach ioncaim corparáide na mBallstát féin.

3.13.

Tugann CESE an fógra ón gCoimisiún dá aire. De réir an fhógra sin, féachfaidh an Coimisiún le cur le togra BEFIT chun sruth breise d’acmhainní dílse an Aontais a thabhairt chun cinn. Mar sin féin, tharlódh gur dheacair teacht ar chomhaontú polaitiúil faoi thogra dá shórt, faoi mar a léiríodh le tograí CCCTB 2011 agus 2016 (6) san am atá caite.

3.14.

Tá CESE ag iarraidh go mbeadh díospóireacht ann ina mbeadh na geallsealbhóirí uile rannpháirteach i ndáil le BEFIT, ós rud é go gcuideodh sé sin le trédhearcacht a áirithiú maidir leis an tionchar atá ag BEFIT ar an earnáil. Thairis sin amach, cuireann CESE i bhfáth go bhfuil aidhmeanna soiléire agus príomhphrionsabail ag teastáil ó BEFIT chun simpliú a dhéanamh ar an tírdhreach cánach agus chun iomaíochas na dtreoracha cánach atá ann cheana agus iomaíochas na dtreoracha cánach nua a áirithiú.

3.15.

Cuireann CESE i bhfáth gur cheart na rialacha féideartha i ndáil le BEFIT a bhunú ar shainmhínithe agus ar chaighdeáin chomhchuibhithe chun feidhmiú cuí an togra ar fud an mhargaidh inmheánaigh ina iomláine a chumasú, chomh maith le meastachán níos cruinne a dhéanamh ar na hioncaim bhreise a dtarlódh nasc acu le cur chun feidhme BEFIT (7).

3.16.

Tugann CESE le fios, i gcás ar bith, go bhfuil luaineacht intreach ag roinnt le hioncam ó cháin chorparáide, rud a fhágann go bhfuil castacht ann maidir le cruinnmheastachán a dhéanamh ar an ioncam fioscach a bheidh le húsáid amach anseo in acmhainní dílse. Is fíor go háirithe sa chomhthéacs eacnamaíoch reatha nuair atá boilsciú ard ann agus rátaí úis atá ag dul in airde. Maidir leis an ábhar atá idir lámha, molann CESE don Choimisiún staidéir thiomnaithe agus ionsamhlúcháin measúnaithe tionchair a dhéanamh arb é ab aidhm dóibh raon iontaofa acmhainní dílse a bhunú a d’fhéadfaí a bhailiú le BEFIT. Is é comhairle CESE, áfach, gan a thuilleadh costas comhlíontachta a chur ar na gnólachtaí.

3.17.

Ós amhlaidh a chuirfidh an togra ón gCoimisiún maidir le BEFIT le cur chuige dhá cholún an Chreata Chuimsithigh ar ghlac ECFE agus G20 leis maidir le leithdháileadh brabús (colún 1) agus maidir leis na rialacha comhlántacha (colún 2), molann CESE don Choimisiún leanúint den dlúthchomhar oibre le tionscnaimh idirnáisiúnta chun togra BEFIT a fhorbairt.

3.18.

Amhail a mhol Parlaimint na hEorpa freisin, d’fhéadfaí áireamh na seirbhísí airgeadais laistigh de BEFIT a fhiosrú, sin nó cáin dhomhanda ar idirbhearta airgeadais a thabhairt chun cinn, agus na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann á measúnú. Ba cheart na forálacha nua cánach a chomhcheangal ansin le rialacha arb é is sprioc dóibh díriú ar chuid den ioncam cánach breise ionchasach a chaitheamh ar acmhainní dílse an Aontais.

3.19.

Cuireann CESE i gcuimhne gurbh é an t-aon aidhm a bhain le SCCT, sásra arna chomhaontú idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, comhpháirtithe trádála an Aontais a spreagadh chun an táirgeadh a dhéanann siad a dhícharbónú i bpáirt leis an Aontas. Is ina acmhainn dhílis a moladh seo sa chéad phacáiste. De bhreis air sin, d’fhéadfadh an Coimisiún cuimhneamh ar thobhach breise a thabhairt isteach a dhíreofaí ar chuideachtaí de chuid an Aontais a bhíonn ag allmhairiú táirgí ó mhonaróirí i dtríú tíortha nach n-áirithítear cosaint chuí na n-oibrithe iontu. Ní chuimhneofaí ar a leithéid a dhéanamh ach amháin dá mbeadh sé ag teacht le rialacha EDT agus go gcuirfí an tobhach chun feidhme faoi réir critéir shoiléire. Dá mbeadh a leithéid de thobhach á dhéanamh, d’fhéadfaí cosaint éigin a thabhairt do na hoibrithe sna tríú tíortha, agus b’fhusaide é cothrom na hiomaíochta a thabhairt i réim fad atá dálaí saothair idir an tAontas agus bloic thrádála eile i gceist. Mar sin féin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh faoiseamh de chineál éigin ann i gcomhair an onnmhairithe ionas go bhféadfaidh cuideachtaí an Aontais dul san iomaíocht ar na tríú margaí. Leagadh béim air sin i dtuairim ó CESE lá ba thúisce ná seo, tuairim maidir le SCCT.

3.20.

De bhun Chreat Cuimsitheach ECFE/G20, creat inar comhaontaíodh tréimhse neamhghníomhaíochta agus aistarraingthe i dtaca le cánacha digiteacha, measann CESE go bhféadfaí cuimhneamh ar cháin uile-Aontais ar idirbhearta digiteacha a thabhairt isteach d’fhonn acmhainní dílse a mhéadú. Ní dhéanfaí a leithéid, áfach, ach ar fhaitíos nach ndéanfadh na comhpháirtithe móra trádála na rialacha a comhaontaíodh i gCreat Cuimsitheach ECFE/G20 a urramú.

3.21.

I gcásanna ina bhfuil sé indéanta ón taobh teicniúil agus comhshaoil de dhramhaíl chathrach a athchúrsáil, seo a leanas rogha eile thar ábhar líonta talún nó loscadh dramhaíola a dhéanamh níos costasaí ná an athchúrsáil: acmhainn dhílis staitisticiúil leis an toirt atá i ndramhaíl na cathrach a mheas, rud ba chrann taca don gheilleagar ciorclach ar fud an mhargaidh inmheánaigh.

3.22.

Faoi mar a cuireadh in iúl i dtuairim dá chuid faoin togra sin cheana, tuairim le haghaidh cinneadh maidir le hacmhainní dílse, is dóigh le CESE gur dhá rud ríthábhachtacha iad an éifeachtúlacht agus an éifeachtacht i mbailiú, i riar agus in ídiú na n-acmhainní dílse ag gach céim den obair, agus dar leis gur cuid den straitéis é lena áirithiú go mbainfear leas as acmhainní dílse go cuí agus go táirgiúil chun na cuspóirí uaillmhianacha atá leagtha amach i gclár oibre an Choimisiúin a chomhlíonadh.

3.23.

Ar an ásc deiridh, i gcomhréir leis an tuairim eile a bhí ann roimhe seo faoin togra le haghaidh cinneadh maidir le hacmhainní dílse, tá sé á athdhearbhú ag CESE gur mór is tábhachtach na tograí uile um acmhainní dílse a bheith faoi réir ag measúnú tionchair ar éifeachtacht na mbeart atá beartaithe. Is fíor sin go mór mór i gcás an ioncaim ba dhóigh do bhearta dá leithéid a ghiniúint.

An Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Tuairim ó CESE maidir leis an Togra le haghaidh cinneadh maidir le hacmhainní dílse, IO C 323, 26.8.2022, lch. 48.

(2)  Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa.

(3)  Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach dár dáta 16 Nollaig 2020 (L433I/28).

(4)  COM(2021) 566 final.

(5)  Tuairim ó CESE maidir leis an Togra le haghaidh cinneadh maidir le hacmhainní dílse, IO C 323, 26.8.2022, lch. 48.

(6)  Comhbhonn Comhdhlúite don Cháin Chorparáide.

(7)  Is é is cuspóir do BEFIT comhdhlúthú éifeachtach na mbrabús agus na gcaillteanas a shimpliú agus a éascú, ní tuilleadh ioncaim a bhailiú gan teip.


IARSCRÍBHINN

I rith na díospóireachta, diúltaíodh do na leasuithe seo a leanas a fuair aon cheathrú ar a laghad de na vótaí a caitheadh (Riail 74(3) de na Rialacha Nós Imeachta):

LEASÚ 3

ECO/617 An dara tacar d’acmhainní dílse nua

Mír 3.18

Le leasú mar seo a leanas

Tuairim ón rannóg

Leasú

Amhail a mhol Parlaimint na hEorpa freisin, d’fhéadfaí áireamh na seirbhísí airgeadais laistigh de BEFIT a fhiosrú, sin nó cáin dhomhanda ar idirbhearta airgeadais a thabhairt chun cinn. Ba cheart na forálacha nua cánach a chomhcheangal ansin le rialacha arb é is sprioc dóibh díriú ar chuid den ioncam cánach breise ionchasach a chaitheamh ar acmhainní dílse an Aontais. Mar sin féin, tuigeann CESE go bhféadfadh cáin ar idirbhearta airgeadais iomaíochas an Aontais a laghdú, go háirithe mura gcuirfí i bhfeidhm í ach laistigh de chríocha an Aontais. Ar a mhuin seo fós, is baol gur beag airgead ioncaim a bhaileofar de bharr cáin ar idirbhearta airgeadais más cáin í a mbeidh bonn leathan fúithi. Ar an taobh eile den scéal, tharlódh di drochthionchar a imirt ar ghnólachtaí agus ar theaghlaigh na hEorpa, rud a d’fhéadfadh laghdú a chur ar an bhfás mar aon le tuilleadh brú a chur ar chistí an airgeadais phoiblí.

Amhail a mhol Parlaimint na hEorpa freisin, d’fhéadfaí áireamh na seirbhísí airgeadais laistigh de BEFIT a fhiosrú, sin nó cáin dhomhanda ar idirbhearta airgeadais a thabhairt chun cinn. (9) . Ba cheart na forálacha nua cánach a chomhcheangal ansin le rialacha arb é is sprioc dóibh díriú ar chuid den ioncam cánach breise ionchasach a chaitheamh ar acmhainní dílse an Aontais. Mar sin féin, tuigeann CESE go bhféadfadh cáin ar idirbhearta airgeadais iomaíochas an Aontais a laghdú, go háirithe mura gcuirfí i bhfeidhm í ach laistigh de chríocha an Aontais. Ar a mhuin seo fós, is baol gur beag airgead ioncaim a bhaileofar de bharr cáin ar idirbhearta airgeadais más cáin í a mbeidh bonn leathan fúithi. Ar an taobh eile den scéal, tharlódh di drochthionchar a imirt ar ghnólachtaí agus ar theaghlaigh na hEorpa, rud a d’fhéadfadh laghdú a chur ar an bhfás mar aon le tuilleadh brú a chur ar chistí an airgeadais phoiblí.

Cúis

Maidir le cúlra an scéil, is eolas an-tábhachtach é seo nach foláir a chur san áireamh ar an ábhar go dtabharfaidh sé míniú do léitheoir na tuairime ar a chasta, ó thaobh na polaitíochta de, atá sé cáin ar idirbhearta airgeadais a thabhairt isteach i mBallstáit uile an Aontais, in ainneoin gur moladh tionscnamh reachtach an Choimisiúin cheana féin beagnach 12 bhliain ó shin. Is éard a léiríonn an méid sin ná gur mór is díol amhrais na buntáistí a bhaineann leis an gcáin sin a thabhairt isteach san Aontas amháin nó i measc cuid de Bhallstáit an Aontais.

Toradh na vótála:

Ar son:

80

In aghaidh:

122

Staonadh:

14

LEASÚ 4

ECO/617 — An dara tacar d’acmhainní dílse nua

Mír 3.19

Le leasú mar seo a leanas

Tuairim ón rannóg

Leasú

Cuireann CESE i gcuimhne gurbh é an t-aon aidhm a bhain le SCCT, sásra arna chomhaontú idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, comhpháirtithe trádála an Aontais a spreagadh chun an táirgeadh a dhéanann siad a dhícharbónú i bpáirt leis an Aontas. Is ina acmhainn dhílis a moladh seo sa chéad phacáiste. De bhreis air sin, d’fhéadfadh an Coimisiún cuimhneamh ar thobhach breise a thabhairt isteach a dhíreofaí ar chuideachtaí de chuid an Aontais a bhíonn ag allmhairiú táirgí ó mhonaróirí i dtríú tíortha nach n-áirithítear cosaint chuí na n-oibrithe iontu. Ní chuimhneofaí ar a leithéid a dhéanamh ach amháin dá mbeadh sé ag teacht le rialacha EDT agus go gcuirfí an tobhach chun feidhme faoi réir critéir shoiléire. Dá mbeadh a leithéid de thobhach á dhéanamh, d’fhéadfaí cosaint éigin a thabhairt do na hoibrithe sna tríú tíortha, agus b’fhusaide é cothrom na hiomaíochta a thabhairt i réim fad atá dálaí saothair idir an tAontas agus bloic thrádála eile i gceist. Mar sin féin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh faoiseamh de chineál éigin ann i gcomhair an onnmhairithe ionas go bhféadfaidh cuideachtaí an Aontais dul san iomaíocht ar na tríú margaí. Leagadh béim air sin i dtuairim ó CESE lá ba thúisce ná seo, tuairim maidir le SCCT.

Cuireann CESE i gcuimhne gurbh é an t-aon aidhm a bhain le SCCT, sásra arna chomhaontú idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, comhpháirtithe trádála an Aontais a spreagadh chun an táirgeadh a dhéanann siad a dhícharbónú i bpáirt leis an Aontas. Is ina acmhainn dhílis a moladh seo sa chéad phacáiste. Mar sin féin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh faoiseamh de chineál éigin ann i gcomhair an onnmhairithe ionas go bhféadfaidh cuideachtaí an Aontais dul san iomaíocht ar na tríú margaí. Leagadh béim air sin i dtuairim ó CESE lá ba thúisce ná seo, tuairim maidir le SCCT.

Cúis

Is athrá é seo ar mír 1.6.

Toradh na vótála

Ar son:

78

In aghaidh:

129

Staonadh:

11

I rith na díospóireachta, glacadh na leasuithe seo a leanas ach is ar son an téacs bunaidh a choinneáil a caitheadh ar a laghad aon cheathrú de na vótaí a caitheadh (Riail 74(4) de na Rialacha Nós Imeachta):

LEASÚ 1

ECO/617 — An dara tacar d’acmhainní dílse nua

Mír 3.18

Le leasú mar seo a leanas

Tuairim ón rannóg

Leasú

Amhail a mhol Parlaimint na hEorpa freisin, d’fhéadfaí áireamh na seirbhísí airgeadais laistigh de BEFIT a fhiosrú, sin nó cáin dhomhanda ar idirbhearta airgeadais a thabhairt chun cinn. Ba cheart na forálacha nua cánach a chomhcheangal ansin le rialacha arb é is sprioc dóibh díriú ar chuid den ioncam cánach breise ionchasach a chaitheamh ar acmhainní dílse an Aontais . Mar sin féin, tuigeann CESE go bhféadfadh cáin ar idirbhearta airgeadais iomaíochas an Aontais a laghdú, go háirithe mura gcuirfí i bhfeidhm í ach laistigh de chríocha an Aontais. Ar a mhuin seo fós, is baol gur beag airgead ioncaim a bhaileofar de bharr cáin ar idirbhearta airgeadais más cáin í a mbeidh bonn leathan fúithi. Ar an taobh eile den scéal, tharlódh di drochthionchar a imirt ar ghnólachtaí agus ar theaghlaigh na hEorpa, rud a d’fhéadfadh laghdú a chur ar an bhfás mar aon le tuilleadh brú a chur ar chistí an airgeadais phoiblí .

Amhail a mhol Parlaimint na hEorpa freisin, d’fhéadfaí áireamh na seirbhísí airgeadais laistigh de BEFIT a fhiosrú, sin nó cáin dhomhanda ar idirbhearta airgeadais a thabhairt chun cinn, agus na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann á measúnú . Ba cheart na forálacha nua cánach a chomhcheangal ansin le rialacha arb é is sprioc dóibh díriú ar chuid den ioncam cánach breise ionchasach a chaitheamh ar acmhainní dílse an Aontais.

Toradh na vótála:

Ar son:

96

In aghaidh:

91

Staonadh:

15

LEASÚ 2

ECO/617 — An dara tacar d’acmhainní dílse nua

Mír 1.5

Le leasú mar seo a leanas

Tuairim ón rannóg

Leasú

Feictear do CESE go mbeadh sé réasúnta féachaint an bhféadfaí seirbhísí airgeadais a áireamh ar chuid de BEFIT nó cáin dhomhanda ar idirbhearta airgeadais a fhorbairt de réir mar a mhol Parlaimint na hEorpa . Tuigeann CESE, mar sin féin, go bhféadfadh sé go gcuirfí isteach ar an iomaíochas dá dtabharfaí cáin isteach ar idirbhearta airgeadais agus nach mbeadh aon ioncam suntasach sa bhreis ann dá toradh .

Feictear do CESE go mbeadh sé réasúnta féachaint an bhféadfaí seirbhísí airgeadais a áireamh ar chuid de BEFIT nó cáin dhomhanda ar idirbhearta airgeadais a fhorbairt de réir mar a mhol Parlaimint na hEorpa agus tionchair an togra á measúnú san am céanna .

Toradh na vótála:

Ar son:

126

In aghaidh:

79

Staonadh:

8


(9)   An 28 Meán Fómhair 2011, chuir an Coimisiún síos togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le comhchóras don cháin ar idirbhearta airgeadais (FTT) agus lena leasaítear Treoir 2008/7/CE. Níor thángthas ar chomhaontú ina leith sa Chomhairle agus an 14 Feabhra 2013, chuir an Coimisiún togra síos arbh é ab aidhm dó Cáin ar Idirbhearta Airgeadais (FTT) a thabhairt isteach in aon cheann déag de na Ballstáit trí bhíthin ionstraim an ‘comhar feabhsaithe’. Tá an tsaincheist seo fós gan réiteach idir na Ballstáit sin freisin cé gur pléadh an sainchomhad go rialta ag ECOFIN.


18.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 293/21


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Beartas an Aontais maidir leis an gCibearchosaint

(tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 293/04)

Rapóirtéir:

Anastasis YIAPANIS

Comhrapóirtéir:

Alberto MAZZOLA

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

20.9.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI)

Dáta a glactha sa rannóg

27.3.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.6.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

579

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

208/1/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tacaíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) leis an mbeartas atá beartaithe ag an Aontas i ndáil leis an gcibearchosaint, ach bheadh súil aige leis go dtabharfaí ról níos lárnaí don tsochaí shibhialta eagraithe i bhforbairt na dtograí sin. Measann an Coiste gur deacair a mheas an ndéanfar na tionscnaimh a leagfar amach sa teachtaireacht chomhpháirteach a chur chun feidhme agus na torthaí atá beartaithe dóibh a bhaint amach. Áitíonn CESE ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit tús áite a thabhairt do na tionscnaimh a fógraíodh agus iad a chur i gcrích go pras.

1.2.

Leagann CESE béim ar an ngá atá le bearta breise chun feabhas a chur ar chumas an Aontais cibearbhagairtí a bhrath agus tá sé ag iarraidh go ndéanfaí maoiniú taighde agus forbartha a dhíriú ar chumais cheannródaíocha an Aontais a fhorbairt. Tá an comhar idir an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí ríthábhachtach agus níor cheart go mbeadh sé aontreoch. Tá CESE den tuairim go bhfuil gá le comhordú an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an ilroinnt, sin agus chun comhar agus infheistíocht chomhpháirteach i measc na mBallstát a áirithiú.

1.3.

Tacaíonn CESE le cruthú Ionad Comhordaithe Cibearchosanta an Aontais agus molann sé go dtabharfaidh na Ballstáit gealltanas go dtabharfaidh siad mearfhreagairt 24/7, go ndéanfaidh siad meastóireacht ar chibear-ullmhacht agus ar fheidhmíocht shásraí freagartha cibirghéarchéime an Aontais, agus go leagfaidh siad béim ar na cumais mhíleata agus ar na hearnálacha criticiúla arna sainaithint i dTreoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) (Treoir NIS2). Tugann an Coiste tacaíocht do leathnú shainordú an Lárionaid Eorpaigh um Inniúlachtaí Cibearshlándála chun cabhrú leis an obair a dhéanann Ionad Comhordaithe Cibearchosanta an Aontais.

1.4.

Chun neamhspleáchas straitéiseach agus ceannasacht chibearshlándála an Aontais a fheabhsú, creideann CESE gur cheart ardán dinimiciúil fíor-ama tástála agus comhroinnte faisnéise a fhorbairt nó a ghlacadh ón earnáil phríobháideach chun na bearnaí a shainaithint atá sna cumais atá ann faoi láthair. Is féidir é a úsáid freisin chun dea-chleachtais a roinnt, chun cibirtheagmhais a thuairisciú agus chun liosta AE de na cibearchoirpigh uile a chruthú.

1.5.

Leagann CESE béim ar an ngá atá le hullmhúchán níos fearr a dhéanamh i gcoinne cibirionsaithe amhail cibirionsaithe na Rúise san Úcráin, lena ndírítear go háirithe ar bhonneagar ríthábhachtach. Tá an comhar idir éiceachórais shibhialtacha agus mhíleata ríthábhachtach le haghaidh bainistiú éifeachtúil na ngéarchéimeanna, le haghaidh na hidir-inoibritheachta agus le dúbláil iarrachtaí agus infheistíochtaí a sheachaint, lena n-áirítear trí chibirionsaithe tástála ionsamhalta.

1.6.

Creideann CESE gur cheart tús áite a thabhairt do chosaint shaoránaigh an Aontais agus do chosaint an bhonneagair chriticiúil le hinfheistíochtaí sa chibearchosaint. Áitíonn CESE go ndéanfar nuashonruithe tráthúla ar thosaíochtaí agus ar infheistíocht, rud a bheidh le haontú idir an tAontas agus na Ballstáit, le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí príobháideacha ábhartha.

1.7.

Ní mór don Aontas na hacmhainneachtaí is gá a choinneáil agus a fhorbairt chun na nithe seo a leanas a dhaingniú: an geilleagar digiteach, an tsochaí, an daonlathas, na teicneolaíochtaí criticiúla atá aige; sin agus chun príomhsheirbhísí cibearshlándála a chur ar fáil. Chun neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a áirithiú, ba ríthábhachtach an spleáchas ar thríú tíortha a laghdú. Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach don Aontas cur chuige meántéarmach a ghlacadh i leith an neamhspleáchais i ndáil le príomhtheicneolaíochtaí, agus molann sé go láidir go mbunódh cuideachtaí atá bunaithe san Aontas saoráidí taighde agus táirgthe, mar aon le beartas tionsclaíoch Eorpach iomchuí dírithe ar chibir-éiceachóras uathrialach.

1.8.

Ba cheart go bhfaigheadh FBManna tacaíocht spriocdhírithe, agus ba cheart go mbeadh rochtain acu ar chláir mhaoiniúcháin a mhéadaíonn an athléimneacht atá iontu i gcoinne cibirionsaithe, chomh maith le cúnamh, oiliúint agus deiseanna oideachais maidir le cibir-rioscaí agus an bealach le cosaint a thabhairt i gcoinne na nithe sin. Ba cheart don Aontas sásra dreasachta a chur ar fáil ionas go bhféadfaidh na FBManna dul i dtaithí ar an obair de réir a chéile, agus ionas go dtabharfar an nuálaíocht chun cinn i measc na FBManna.

1.9.

Tacaíonn CESE leis an bplean atá ann chun Acadamh Cibirscileanna a bhunú, agus iarrann sé ar an gCoimisiún cláir oiliúna agus ghairmoiliúna ar mhórscála a chomhordú agus a mhaoiniú, cláir ina mbeidh gach Ballstát rannpháirteach, cláir a mbeidh sé d’aidhm leo lucht saothair a oiliúint i gcomhair na ngníomhaireachtaí agus na n-eagraíochtaí uile a bhfuil baint acu leis an gcibearchosaint, sin agus i gcomhair na líonraí sibhialta príobháideacha chomh maith céanna.

1.10.

Measann an Coiste gur ríthábhachtach feasacht na saoránach ar an gcibearshlándáil a ardú chun cosanta in éadan cibirionsaithe, agus tá sé ag iarraidh go gcuirfí curaclaim oideachais cibearshlándála agus cláir oiliúna ar feadh an tsaoil ar fáil lena ndíreofaí ar fheabhas a chur ar chibirscileanna agus ar chibireolas. Tacaíonn CESE le príomhshruthú na cibearshlándála i mbeartais phoiblí uile an Aontais i gcomhair an ama atá romhainn, agus rud eile a dtacaíonn sé leis an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoi chibearbhagairtí.

1.11.

Creideann CESE nach mór don chomhar láidir le comhghuaillithe Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) i réimsí míleata díriú ar chomhordú iomlán agus ar chómhalartacht, ar chomhthionscadail taighde, forbartha agus nuálaíochta, ar chomhroinnt an dea-chleachtais, ar chláir mhóra oiliúna agus ar ionsamhlúcháin cibirionsaithe, agus é de phríomhchuspóir aige an acmhainneacht fhreagartha choiteann a leitheadú.

1.12.

Iarrann an Coiste ar an Ardionadaí scrúdú a dhéanamh ar an idirphlé déthaobhach atá ann faoi láthair maidir le cibearspás agus páirt a ghlacadh i bplé breise le tíortha eile agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha chun creat domhanda a bhunú chun cloí leis an dlí idirnáisiúnta sa chibearspás, agus béim láidir á leagan ar an gcómhalartacht. Measann an Coiste go bhfuil an tAontas oiriúnach chun bheith ar thús cadhnaíochta sa phlé idirnáisiúnta maidir le todhchaí na cibearshlándála, go háirithe laistigh de na Náisiúin Aontaithe, ós rud é go bhfuil bunús láidir aige sna saoirsí bunúsacha daonlathacha.

1.13.

Ba cheart don Aontas seasamh láidir a ghlacadh i gcoinne aon chineál córais scórála sóisialta i gcoinne na saoránach. Tá sé á chur in iúl go soiléir ag CESE nach féidir daonlathas a bheith ann iarbhír gan sonraí pearsanta a chosaint, agus creideann sé gur ríthábhachtach an rud an bainistiú sonraí a dhéanamh ar bhealach freagrach éifeachtúil chun buntáiste iomaíoch a dhéanamh den an hipearnascacht.

2.   Réamhrá agus barúlacha ginearálta

2.1.

Le méadú digiteach na sochaithe tarlaíonn líon mór bagairtí cibearshlándála arb iad uasghráduithe teicneolaíocha is cúis leo. Is mór an méadú atá tagtha ar líon na gcibirionsaithe agus ar an tsofaisticiúlacht le blianta beaga anuas, rud a bhaineann an bonn de shlándáil na n-eintiteas poiblí agus príobháideach araon. Is cuma más bogearraí éirice, bogearraí mailíseacha, ionsaithe ríomhphoist, sáruithe sonraí, bréagaisnéis, ionsaithe diúltaithe seirbhíse dáilte (DDoS) nó cineálacha eile ionsaithe a bhíonn i gceist, is bagairt chomhsheasmhach leanúnach ar shlándáil an Aontais ina hiomláine iad go léir.

2.2.

Is díol sásaimh do CESE an Teachtaireacht Chomhpháirteach Beartas an Aontais maidir leis an gCibearchosaint (2) agus measann sé go bhfuil sé in am gníomhú anois, le práinn agus ar bhealach comhordaithe ar leibhéal an Aontais, lena mbaineann na héiceachórais shibhialtacha agus mhíleata araon agus lena n-áirithítear an creat cuí infheistíochta le haghaidh cumais chibearchosanta. Mar sin féin, tugann an Coiste dá aire nach bhfuil sa teachtaireacht ach ráiteas diongbháilte chun gníomhú agus liosta de thionscnaimh de chuid an Aontais amach anseo ar cheart iad a bhaint amach, agus measann sé go bhfuil sé dodhéanta a mheas an gcuirfear na gealltanais sin i bhfeidhm amach anseo, ós rud é go mbeidh tionchar ar ndóigh ag an gcaibidlíocht a dhéanfar idir na comhreachtóirí amach anseo ar thoradh deiridh phlean gníomhaíochta cibearshlándála an Aontais.

2.3.

Tá an chibearshlándáil ar bharr liosta na mbagairtí slándála san Aontas de bharr an ionsaithe Rúisigh ar líonra satailíte KA-SAT, a chuir isteach ar an gcumarsáid idir fórsaí míleata na hÚcráine, agus de bharr an scannail a bhain le Éric Léandri a bheith á chonrú ag roinnt cuideachtaí cosanta chun cibirspiaireachta thar a gceann. Cé gur píosa reachtaíochta daingne de chuid an Aontais é RGCS a cuireadh i bhfeidhm le roinnt blianta anuas, is léir go bhfuil an líon méadaitheach sonraí atá ar fáil leochaileach agus go bhfuil an baol ann go dtrasnódh tríú páirtithe teorainn na dlíthiúlachta ag ardú gach lá.

2.4.

I bhfianaise na gcibirionsaithe trasnáisiúnta, tá gá le comhordú AE chun an ilroinnt atá ann faoi láthair a laghdú agus chun a áirithiú go bhfuil na Ballstáit sásta comhoibriú agus infheistíocht a dhéanamh go comhpháirteach. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin do chásanna amach anseo ina bhféadfaí díriú ar Bhallstát amháin agus ba cheart go mbeadh an deis ag gach Ballstát eile tacaíocht a chur ar fáil láithreach.

3.   Gníomhú i dteannta a chéile ar mhaithe le cibearchosaint níos láidre

3.1.

Tugann an Coiste dá aire na tionscnaimh uaillmhianacha a fógraíodh chun Ionad Comhordúcháin Cibearchosanta an Aontais a bhunú, chun tionscadal CyDEf-X a fhorbairt, chun foirne mearfhreagartha cibearshlándála a chruthú, chun Tionscnamh Cibear-Dlúthpháirtíochta AE a fhorbairt agus chun féachaint an bhféadfaí scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála a fhorbairt do tháirgí, do sheirbhísí agus do phróisis teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide. Molann CESE go dtabharfadh na Ballstáit uile gealltanas go mbeidís réidh chun mearfhreagairt 24/7 a chur ar fáil, agus go mbeadh Lárionad Comhordúcháin an Aontais Eorpaigh rannpháirteach i measúnú agus forbairt ar thuarascálacha rialta maidir le cibear-ullmhacht na mBallstát agus éifeachtacht an tsásra Eorpaigh freagartha do chibirghéarchéimeanna, lena ndíreofaí ar chumais mhíleata agus ar earnálacha criticiúla arna sainaithint sa Dara Treoir NIS. Ba cheart speisialtóirí sonracha a oiliúint i ngach Ballstát chun idirghabháil a dhéanamh i gcás cibirtheagmhais, agus ba cheart dóibh tástáil rialta a dhéanamh ar a gcumas idirghabhála i mBallstáit eile.

3.2.

Cé go gcuireann an teachtaireacht liosta fada d’fheabhsuithe céim ar chéim in iúl, bheadh súil ag CESE treochlár sainráite a fheiceáil maidir le cur chun feidhme na dtionscnamh sin, ina mbeadh rialachas soiléir agus spriocdhátaí lena ghlacadh. Ina theannta sin, bheifí ag súil leis go dtabharfaí ról níos lárnaí don tsochaí shibhialta eagraithe i bhforbairt na dtograí sin.

3.3.

Measann CESE gur gá do na Ballstáit a gcumas inmheánach a neartú chun cur i gcoinne cibirionsaithe fad atá siad páirteach i dtionscadail chomhair agus comhroinnt faisnéise agus dea-chleachtais lena gcuid comhghleacaithe i mBallstáit eile. Is mithid infheistíocht chun an chibearchosaint a fheabhsú agus chun an teicneolaíocht a chur in úsáid (3) i ngach Ballstát i gcomhair na comhullmhachta d’fhonn cibirionsaithe a bhrath, chun téarnamh a dhéanamh ó chibirionsaithe, agus chun cosaint a dhéanamh in aghaidh cibirionsaithe. Chun tacú le neamhspleáchas cibearshlándála an Aontais, measann an Coiste nach mór ardán dinimiciúil tástála agus comhroinnte faisnéise fíor-ama a fhorbairt, nó a ghlacadh san earnáil phríobháideach, agus é dírithe ar na cumais atá in easnamh faoi láthair a shainaithint.

3.4.

Tá CESE den tuairim, ag an gcéim seo, gur cheart do na Ballstáit leanúint orthu dá n-inniúlacht féin lena gcuid oibríochtaí míleata cibearspáis; tacaíonn an Coiste leis an gcomhar a fógraíodh idir Foirne Práinnfhreagartha Ríomhaire míleata an Aontais (milCERTanna), na Foirne Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (CSIRTanna) agus Foireann Práinnfhreagartha Ríomhaire EUIBAnna (CERT-EU).

3.5.

Leis an Dara Treoir NIS a glacadh le déanaí agus an Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil (4), cuireadh oibleagáidí sonracha náisiúnta agus earnálacha i bhfeidhm le haghaidh chreat cibearchosanta an Aontais. Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta chun cumas braite comhchoiteann an Aontais a fheabhsú, agus iarrann CESE go ndéanfaí infheistíocht sa taighde agus san fhorbairt chun cumais cheannródaíocha an Aontais a fhorbairt.

4.   Éiceachóras cosanta an Aontais a dhaingniú

4.1.

Creideann CESE go bhfuil an t-éiceachóras cosanta athraithe ó bhonn mar gheall ar chastachtaí bunúsacha agus dúshláin theicneolaíocha atá ag athrú go tapa, agus go bhfuil an chibearshlándáil ina hábhar spéise coiteann don earnáil mhíleata agus don earnáil shibhialtach araon, agus do shaoránaigh an Aontais chomh maith céanna. Tá an comhar idir éiceachórais shibhialtacha agus mhíleata níos tábhachtaí anois ná a bhí riamh, agus ba cheart go mbeadh tairbhe ann ó thaobh bainistiú géarchéime níos éifeachtaí, chomh maith le dul chun cinn leanúnach, mar aon leis an idir-inoibritheacht, sin agus dúbailt nó iolrú na n-iarrachtaí agus na n-infheistíochtaí céanna á seachaint. Ba cheart do na Ballstáit a bheith réidh chun tástálacha struis náisiúnta ar bhonneagar criticiúil a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar an teacht aniar a bheidh ann i leith cibirionsaithe sa todhchaí agus chun an teacht aniar ina gcoinne a mhéadú.

4.2.

Measann CESE nach mór infheistíochtaí sa chibearchosaint a dhíriú, ar an gcéad ásc, ar shaoránaigh an Aontais agus ar bhonneagar criticiúil a chosaint. I bhfianaise luas an chlaochlaithe dhigitigh agus na héabhlóide tapa ar thimpeallacht na bagartha, molann an Coiste go láidir gur cheart don Aontas agus do na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir le nuashonruithe tráthúla ar thosaíochtaí agus ar infheistíocht, agus comhairliúchán críochnúil a dhéanamh leis na geallsealbhóirí príobháideacha ábhartha. Ós minic nach gcosnaítear gléasanna Idirlíon na Rudaí Nithiúla (IoT) chomh maith céanna is a chosnaítear gléasanna traidisiúnta, iarrann CESE go gcuirfí íosleibhéal slándála i bhfeidhm trí ardáin IDAM. Chomh maith leis sin, ós rud é gur modh tábhachtach é an deimhniú chun leibhéal níos airde slándála a chur ar fáil, iarrann an Coiste go gcuirfí cur chuige nua deimhniúcháin AE i bhfeidhm chun níos mó béime a chur ar shlándáil IoT.

4.3.

Ní mór don Aontas cur leis an teacht aniar i gcoinne cibirionsaithe, agus ní mór dó cibearbhacadh éifeachtach a chruthú. Ní mór bonneagar criticiúil a chosaint ar chibirionsaithe de gach uile chineál, lena n-áirítear ionsaithe ar chórais chosanta an Aontais. Measann an Coiste gurb é leas straitéiseach an Aontais a áirithiú go gcoinneoidh agus go bhforbróidh an tAontas na hacmhainneachtaí atá riachtanach chun an geilleagar digiteach, an tsochaí agus an daonlathas a dhaingniú, chun ceannasacht dhigiteach iomlán a bhaint amach, an t-aon bhealach amháin chun teicneolaíochtaí criticiúla a chosaint agus chun príomhsheirbhísí cibearshlándála éifeachtacha a sholáthar. Ba ríthábhachtach freisin an spleáchas ar thríú tíortha a laghdú ar mhaithe le neamhspleáchas straitéiseach an Aontais. Creideann CESE gur cheart do ghníomhaireachtaí earnála an Aontais (ENISA, EASA, ERA, EMA, ÚBE, GES, HADEA etc.) a bheith rannpháirteach sa phróiseas agus treoir a thabhairt i bhforbairt na scéimeanna cibearshlándála.

4.4.

Le paindéim COVID-19, tá dlús curtha leis an aistriú digiteach agus tá saothar den chineál traidisiúnta athraithe ina shaothar den chineál hibrideach, sin agus/nó ina shaothar den chineál cianda, rud a chruthaigh caidreamh agus ionchais oibre nua chomh maith le haicme nua d’fhánaithe dhigiteacha, aicme atá ag dul i líon. Tugann CESE dá aire na hathruithe tobanna atá tagtha ar mhargadh an tsaothair, rud a thug ar chuideachtaí áirithe an ailtireacht na ‘neamh-iontaoibhe’ a ghlacadh, trí bhíthin IAM (Bainistiú Rochtana Aitheantais) agus PAM (Bainistiú Rochtana faoi Phribhléidí). Maidir leis an modh nua bainistithe seo ar acmhainní cuideachtaí, is éard a mheasann an Coiste gur réiteach atá ann ar fhadhbanna a bhaineann le cibearbhagairtí, agus tá an Coiste den tuairim nach mór tacú leis an earnáil phríobháideach chun leibhéal slándála na réiteach digiteach nuálach san earnáil sin a neartú.

4.5.

Is cúis díomá do CESE an ráiteas ón gCoimisiún go bhféadfaí plean cur chun feidhme a bhunú i gcomhar leis na Ballstáit, agus measann sé gur rud éigeantach atá i bplean cur chun feidhme dá leithéid. Creideann sé gur i gcomhpháirt leis na Ballstáit ba cheart an plean a dhréachtú, agus creideann sé gur cheart é a chun feidhme a thúisce is féidir. Is cúis imní don Choiste an seasamh liom leat a ghlac an Coimisiún, agus tá sé ag tathant ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit dul chun cinn mear a éascú i gcás na dtionscnamh a fógraíodh.

5.   Infheistíocht in acmhainní cibearchosanta

5.1.

Ós rud é go bhfuil an fhorbairt theicneolaíoch ag dul chun cinn go tapa, is é an cibearspás an réimse cogaíochta is nuaí, réimse atá tagtha sna sála ar an talamh, an fharraige, an t-aer agus an spás. Tá deiseanna móra coireachta cruthaithe aige freisin do chibirghníomhaithe mailíseacha, idir haiceálaithe neamhspleácha, choirpigh ghairmiúla agus ghníomhaithe stáit go deimhin.

5.2.

Is rud ríthábhachtach an infheistíocht sa taighde agus san fhorbairt, agus is díol sásaimh do CESE na cistí tiomnaithe atá ann faoin gClár don Eoraip Dhigiteach, faoin gCiste Eorpach Cosanta, faoin gclár Fís Eorpach agus faoi na cláir téarnaimh náisiúnta. Mar sin féin, ba mhór ag an gCoiste tuilleadh tionscadail thrasnáisiúnta a bheith ann, tionscadail a dhíreodh ar an gcomhar agus ar an idir-inoibritheacht idir córais chibearchosanta i ngach Ballstát, chomh maith le tuilleadh sineirgí idir na hionstraimí cistiúcháin, go háirithe na cinn a thacaíonn le FBManna nuálacha.

5.3.

Amhail a fógraíodh i Straitéis Chibearshlándála an Aontais in 2020, tugann an Coiste dá aire gurb í an bhliain 2023 an sprioc chun an Cibearaonad Comhpháirteach a chruthú, agus tá sé ag fanacht le scéala maidir le bailchríoch a chur ar an bpróiseas, sin agus maidir le hullmhacht an Aontais chun freagairt do chibirtheagmhais ar mhórscála. Tá CESE ag súil go gcuirfidh sin feabhas ar an bhfeasacht staide atá ag an Aontas, agus ar an acmhainneacht chun freagartha agus chun téarnaimh ina hiomláine.

5.4.

Tacaíonn CESE le leathnú shainordú an Lárionaid Eorpaigh um Inniúlachtaí Cibearshlándála chun tacú le gníomhaíocht Ionad Comhordaithe Cibearchosanta an Aontais. Ina theannta sin, d’fhéadfadh an líonra sin tacú le ceannasacht dhigiteach na hEorpa trí bhonn tionsclaíoch Eorpach iomaíoch a fhorbairt i gcomhair na bpríomhchumas teicneolaíocha, rud a bheadh leathbhunaithe ar obair a bhíonn á forbairt ag comhpháirtíochtaí conarthacha poiblí-príobháideach (PPP). Is léir go gcuireann comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha an cur chuige is éifeachtaí ar fáil chun cibearshlándáil an éiceachórais dhigitigh ina iomláine a fheabhsú, ach ní féidir dó a bheith aontreoch: ní mór d’institiúidí poiblí a gcuid faisnéise a roinnt leis an earnáil phríobháideach freisin.

5.5.

Tugann CESE dá aire, chun aghaidh a thabhairt ar iarrachtaí haiceála ó ríomhairí candamacha amach anseo, nach mór don Aontas infheistíocht a dhéanamh láithreach i dteicneolaíochtaí ceannródaíocha amhail cripteagrafaíocht iar-chandamach. Creideann sé go bhfuil sé fíor-riachtanach don Eoraip cur chuige meántéarmach a ghlacadh maidir le neamhspleáchas, agus molann sé go láidir go bhforbróidh cuideachtaí atá bunaithe san Aontas saoráidí taighde agus táirgthe. Measann CESE gur thábhachtach acmhainní an Aontais a mhéadú le haghaidh T & N digiteach agus tacú le hinfheistíocht oibreoirí agus soláthraithe i bhfeidhmiúlachtaí nua slándála teicniúla, rud a bhaineann freisin le treochtaí nua mar an réaltacht mhéadaithe agus an mheiteachruinne. Thar aon ní eile, ba ríthábhachtach bonneagar néalríomhaireachta Eorpach a fhorbairt de réir na rialacha Eorpacha atá ann i ndáil le ceisteanna mar stóráil agus próiseáil sonraí (5).

5.6.

Ba cheart aird ar leith a thabhairt do FBManna agus ba cheart rochtain a bheith acu ar chláir mhaoiniúcháin lena bhfeabhsaítear a n-ullmhacht i gcoinne cibirionsaithe, chomh maith le cláir chúnaimh, oiliúna agus oideachais a chuidíonn leo na cibir-rioscaí a thuiscint agus conas iad féin a chosaint. Ba cheart don Aontas sásra dreasachta a chur ar fáil lena gcothófar taithí fhorásach do FBManna.

5.7.

Measann an Coimisiún go bhfuil leathmhilliún duine oilte de dhíth cheana féin i réimse na cibearshlándála, agus is mór ag CESE togra Acadamh na Cibirscileanna bheith á chruthú. Is léir nach leor dícheall na mBallstát chun an bhearna scileanna a laghdú. Dá bhrí sin, is éard atá á mholadh ag an gCoiste go ndéanfadh an Coimisiún cláir oiliúna agus cláir ghairmoideachas agus ghairmoiliúina a chomhordú agus a mhaoiniú ar leibhéal an Aontais de bhreis ar sheoladh an Acadaimh. Is cláir iad sin a dhíríonn ar lucht saothair oilte a chur ar fáil do na gníomhaireachtaí agus na comhlachtaí uile a bhfuil baint acu leis an gcibearchosaint, agus do na líonraí sibhialta príobháideacha chomh maith. Ní mór béim ar leith a leagan ar oiliúint a chur ar an lucht saothair, go háirithe i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice (STEM).

5.8.

Ina theannta sin, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach feasacht na saoránach maidir leis an gcibearshlándáil a ardú chun baol na gcibirionsaithe a laghdú, go háirithe maidir le cibearchoireanna bunúsacha atá dírithe ar an bpobal i gcoitinne. Iarrann an Coiste go gcuirfí curaclaim oideachais maidir leis an gcibearshlándáil agus cláir oiliúna ar fáil i ndáil leis an gcibearshlándáil ar feadh an tsaoil lena ndíreofaí ar fheabhas a chur ar chibirscileanna agus lena ndéanfaí an chibearshlándáil níos eolaí agus níos tarraingtí do shaoránaigh, go háirithe don ghlúin óg. Tá CESE i bhfabhar ceist na cibearshlándála a phríomhshruthú i mbeartais phoiblí uile an Aontais san am atá romhainn, sin agus an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoi chibearbhagairtí, lena n-áirítear trí chláir oiliúna saor in aisce, aipeanna faisnéise saor in aisce d’fhóin phóca, agus teachtaireachtaí le linn buaic-amanna teilifíse. Ní mór dul chun cinn forleathan cultúrtha ar gach leibhéal den tsochaí, i dtreo cur chuige atá ‘dírithe ar an gcibearshlándáil’, a chur chun cinn i gcomhthráth leis na gníomhaíochtaí sin.

5.9.

Creideann CESE gur ríthábhachtach measúnú a dhéanamh ar phróifíl riosca na soláthróirí agus srianta ábhartha a chur i bhfeidhm orthu siúd a mheastar a bheith ina n-ardriosca, srianta lena n-áirítear toirmisc riachtanacha ar na príomhshócmhainní is sócmhainní criticiúla agus sócmhainní íogaire i measúnú riosca comhordaithe an Aontais, chomh maith le soláthraithe crua-earraí agus bogearraí iontaofa a dheimhniú.

6.   Comhpháirtí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna

6.1.

Bíonn éagsúlacht mhór ó Bhallstát go chéile Ballstát i leibhéal na hullmhachta in aghaidh cibirionsaithe. Measann CESE gurb é an chéad chéim gur cheart a ghlacadh ardán cumarsáide dea-chleachtas laistigh den Aontas a chur ar bun, inar féidir leis na Ballstáit is faide chun tosaigh i dtaobh na cibearchosanta a gcuid eolais a roinnt leis na tíortha eile agus iarrachtaí na dtiortha sin amhlaidh a dhéanamh láithreach bonn a éascú. Chuideodh sé sin le muinín fhrithpháirteach idir eintitis náisiúnta a fheabhsú. Ar an dara dul síos, creideann an Coiste go bhfuil gá le comhar níos láidre idir gníomhaithe stáit agus neamhstáit ar fud an Aontais chun feabhas a chur ar chibearshlándáil táirgí agus seirbhísí laistigh den mhargadh inmheánach. Molann CESE freisin go gcruthófaí ardán coiteann de chuid an Aontais chun cibirtheagmhais a thuairisciú, lena n-áirítear liosta dubh de chuid an Aontais de ghníomhaithe uile na cibearchoireachta.

6.2.

Tá CESE den tuairim nach mór comhar láidir lenár gcomhghuaillithe ECAT sa réimse míleata a bheith dírithe ní hamháin ar fhothú acmhainneachta agus ar luathbhrath, ach freisin ar thionscadail chomhpháirteacha taighde, forbartha agus nuálaíochta, ar chomhroinnt dea-chleachtais agus ar mhalartuithe idir saineolaithe, ar chláir mhóra oiliúna agus ar ionsamhlúcháin cibirionsaithe. Ba cheart go mbeadh sé mar phríomhchuspóir an acmhainneacht freagartha choiteann a leathnú agus sineirgí a chruthú chun bagairtí hibrideacha a chomhrac amach anseo, tar éis Dhearbhú Comhpháirteacha 2016 Vársá agus 2018 na Bruiséile. Is féidir go fóill leas a bhaint as an gcomhar idir an tAontas agus ECAT ar bhealaí éagsúla, agus is féidir difear mór a dhéanamh, má dhéantar dul chun cinn láithreach, ó thaobh slándáil a áirithiú dár saoránaigh agus dár sochaithe.

6.3.

Creideann an Coiste gur cheart, leis an bplé ar an leibhéal domhanda agus lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta, an bealach a réiteach chun cibearspás domhanda agus oscailte a chur chun cinn lena gcosnófaí cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus an smacht reachta, agus lena ndíreofaí ar chaighdeáin idirnáisiúnta cheangailteacha a fhorbairt in earnálacha ina bhfuil forbairt dhigiteach thapa. Molann CESE don Ardionadaí athbhreithniú a dhéanamh ar an idirphlé déthaobhach atá ann cheana maidir le cibearspás agus dul i mbun tuilleadh caibidlíochta le tíortha eile agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha chun creat domhanda a chur chun cinn chun an dlí idirnáisiúnta sa chibearspás a chur i bhfeidhm, bunaithe ar choinníoll docht cómhalartachta.

6.4.

Ar deireadh, creideann an Coiste gurb é an tAontas an eagraíocht is fearr atá in ann na díospóireachtaí idirnáisiúnta maidir le todhchaí na cibearshlándála a stiúradh, go háirithe le linn phléití na Náisiún Aontaithe, mar gheall ar a bhunchloch láidir ar chroíshaoirsí daonlathacha. Ina theannta sin, ní mór don Aontas dul i ngleic le réimis ollsmachtacha a dhéanann faireachán ar shonraí na saoránach agus a sháraíonn a gcearta agus a gcuid saoirsí, agus ba cheart dó é féin a chur go láidir i gcoinne aon chineál córais scórála sóisialta i gcoinne na saoránach. Tá sé á chur in iúl go soiléir ag CESE nach féidir daonlathas a bheith ann iarbhír gan sonraí pearsanta a chosaint, agus creideann sé gur ríthábhachtach an rud an bainistiú sonraí a dhéanamh ar bhealach freagrach éifeachtúil chun sócmhainn a dhéanamh den hipearnascacht.

An Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).

(2)  Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Beartas an Aontais maidir leis an gCibearchosaint.

(3)  An Luasaire Nuálaíochta Cosanta le hAghaidh an Atlantaigh Thuaidh (DIANA), tionscnamh de chuid ECAT, cuir i gcás.

(4)  Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil.

(5)  Gaia-X, mar shampla, is é sin an tionscnamh Franc-Ghearmánach.


18.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 293/27


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An chómhargáil ghlas: dea-chleachtais agus an bealach chun cinn

(tústuairim)

(2023/C 293/05)

Rapóirtéir: Maria del Carmen BARRERA CHAMORRO

Comhrapóirtéir: Marinel Dănuț MUREȘAN

Comhairliúchán

Litir ó Uachtaránacht na Slóivéine ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, 27.7.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

31.5.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.6.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

579

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

196/2/11

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1

Is é barúil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) nach mór na modhanna cuí a bheith ag gnólachtaí agus ag oibrithe má tá siad chun bheith páirteach in iarrachtaí chun tacú le cosaint an chomhshaoil agus chun an t-athrú aeráide a chomhrac. Agus urraim á tabhairt do ról na gcóras náisiúnta caidrimh thionsclaíoch agus do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, measann CESE go bhféadfaí díriú níos mó ar an gcómhargáil ar na leibhéil iomchuí sna saincheisteanna a bhaineann leis an aistriú glas. Dóigh amháin chuige sin a bheadh oiriúnach, dar leis, ab ea an chómhargáil ghlas a chur chun cinn ar gach uile leibhéal.

1.2

Measann CESE go mbaineann an plé faoi shaincheisteanna glasa laistigh den chómhargáil le clásail intráchta idir na comhpháirtithe sóisialta laistigh de chomhaontuithe comhchoiteanna a bhfuil tionchar díreach agus indíreach acu ar an gcomhshaol. Is féidir na nithe seo a leanas a bheith cumhdaithe le clásáil den chineál sin, ach gan a bheith teoranta dóibh:

a)

an tionchar atá ag gníomhaíocht cuideachtaí ar an gcomhshaol;

b)

oibrithe a chosaint ar éifeachtaí an athraithe comhshaoil agus aeráide;

c)

an tionchar atá ag an aistriú glas ar ghníomhaíocht cuideachta maidir le heagrú oibre, athrú ar phróifílí ceirde agus ar scileanna fostaithe;

d)

faireachán inmheánach ar chur chun feidhme phointí (a), (b), agus (c).

Is mian le CESE béim a leagan ar an gcómhargáil mar phríomhuirlis lenar féidir cabhrú le cuideachtaí agus le hoibrithe aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na géarchéime aeráide, lena n-áirítear na costais do chuideachtaí a bhaineann leis an ngéarchéim sin.

1.3

Ba mhian le CESE a chur chun suntais go bhféachtar sa tuairim seo le plé a dhéanamh ar na saincheisteanna uile a ardaítear inti ar dhóigh a n-aithníonn agus a n-urramaíonn go hiomlán neamhspleáchas thoil na gcomhpháirtithe sóisialta, rud atá neamhspleách agus ceannasach. Dearbhaíonn sé, ar an ábhar sin, nár cheart a bhaint ón tuairim seo i gcás ar bith gur cheart idirbheartaithe comhaontuithe comhchoiteanna a bheith faoi réir ceanglas nó coinníoll seachtrach ar bith agus iad i mbun féinrialáil chonarthach.

1.4

Creideann CESE gur féidir leis an tsochaí shibhialta, cé nach bhfuil baint dhíreach aici leis an gcómhargáil (i.e. a mhéid a bhaineann le comhaontuithe comhchoiteanna a shocrú, rud a dhéanann na comhpháirtithe sóisialta), cuidiú chun teacht ar réitigh dhaonlathacha ar na dúshláin agus na fadhbanna a ghabhann leis an aistriú glas, agus féadfaidh sí freisin rannchuidiú leis an aistriú ach lámh a bheith aici sa phróiseas chun bearta cothroma a cheapadh agus a chur chun feidhme chun a áirithiú go mbeidh na haistrithe glasa cóir ar bhonn sóisialta.

1.5

Tá aird tarraingthe cheana féin ag CESE sa tuairim uaidh ar an aistriú fuinnimh agus beartais maidir leis an margadh saothair go bhfuil tionchar nach mór ag an aistriú glas ar fhostaíocht agus ar dhálaí oibre agus maireachtála na n-oibrithe (1). Dá bhrí sin, ar na saincheisteanna ar féidir aghaidh a thabhairt orthu sa chómhargáil, agus aird á tabhairt ar ghné na hinscne i gcónaí, tá tionchar an aistrithe fuinnimh ar fhostaíocht agus ar chomhtháthú críochach agus sóisialta, cruthú post, aistrithe idir earnálacha éagsúla gníomhaíochta agus oiliúint agus athsciliú oibrithe, leochaileacht faoi leith oibrithe scothaosta, an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair, an tsoghluaiseacht i gcathracha chun an áit oibre a bhaint amach agus an éifeachtúlacht fuinnimh i ngníomhaíocht tháirgiúil agus i ndéanamh na hoibre.

1.6

Tá sé feicthe ag CESE gur mó an fhianaise eolaíoch (2) atá ann maidir leis an acmhainneacht mhór agus na tairbhí iomadúla a bhaineann leis an gcómhargáil ghlas maidir le cur chun cinn na hinbhuanaitheachta sóisialta, dícharbónú an gheilleagair, borradh a chur faoin ngeilleagar ciorclach agus an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, agus sin i ngeall ar an méid a chuireann gnéithe a bhaineann go sonrach leis an gcómhargáil le gnóthú na gcuspóirí sin, amhail soghluaisteacht na n-oibrithe, dóigheanna chun an obair a eagrú, oiliúint ball foirne chun próisis an aistrithe ghlais a éascú, timpeallachtaí sábháilte sláintiúla a ráthú, saincheisteanna inscne, etc. Léirítear an méid sin freisin sa dearbhú comhpháirteach ó na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha an 30 Bealtaine 2017 maidir le leas a bhaint as an acmhainneacht a bhaineann le glasú an gheilleagair chun poist a chruthú agus sa mholadh comhpháirteach an 7 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an ngeilleagar ciorclach i gcomhthéacs an idirphlé shóisialta (3).

1.7

Is díol sásaimh do CESE an Moladh maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú, a ghlac an Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí i mí an Mheithimh seo caite (4). Aithnítear ann an tábhacht a bhaineann leis na comhpháirtithe sóisialta a bheith rannpháirteach go gníomhach, agus a neamhspleáchas á urramú i gcónaí, i ngach céim de cheapadh agus cur chun feidhme beartas poiblí éagsúil, lena n-áirítear tríd an idirphlé sóisialta agus an chómhargáil.

1.8

Tá tionchar ag an aistriú glas, ag an dícharbónú agus ag an ngeilleagar ciorclach, mar aon leis an digitiú, ar shaol na hoibre ó thaobh chineál na bpost agus na gcúraimí a athrú, gairmeacha nua a chruthú, agus san am céanna, deireadh a chur le gairmeacha eile. Tá na haistrithe sin fite fuaite le chéile agus treisíonn siad a chéile. Bíodh sin mar atá, tá sé tugtha dá aire ag CESE gur teoranta athraitheach fós an taithí atá ag an Aontas agus na Ballstáit i réimse na cómhargála glaise. Murab ionann agus an t-aistriú digiteach, is beag aird atá tugtha ar shaincheisteanna comhshaoil sa chómhargáil. Dá bhrí sin, iarrann CESE ar an Aontas, ar na Ballstáit agus ar na comhpháirtithe sóisialta, agus urraim iomlán á tabhairt ar neamhspleáchas comhchoiteann, bearta níos tiomanta agus níos éifeachtaí a ghlacadh chun cur le forbairt an ghlasaithe sa chómhargáil agus chun an tábhacht a bhaineann le glasú sa chómhargáil a chur chun cinn ar na leibhéil éagsúla iomchuí.

1.9

Tugann CESE chun cuimhne gur uirlis an-oiriúnach í an chómhargáil chun rialacha cothromaithe a bhunú lenar féidir bogadh i dtreo geilleagair atá bunaithe ar dhea-bhail agus ar tháirgiúlacht níos fearr ar dhóigh chéimseach chothrom. Dá bhrí sin, iarrann sé go ndéanfaí dul chun cinn níos tapa éifeachtaí i dtreo na cómhargála glaise agus go mbeadh ról leanúnach ábhartha ag na comhpháirtithe sóisialta, ar leibhéil éagsúla mhargála, maidir le réitigh chothroma a cheapadh, réitigh atá de dhíth ar chuideachtaí má tá siad chun bheith níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos táirgiúla, maille le bheith fréamhaithe go daingean in obair chuibhiúil.

1.10

Creideann CESE nach mór bealaí iomchuí a bheith ag gnólachtaí agus ag oibrithe chun cur leis an bplé a bhaineann leis an aistriú glas. Go deimhin, is de bharr luas agus scála thionchar an ghlasaithe agus an digitithe ar chlaochlú na margaí saothair go bhfuil gá le rannpháirtíocht luath agus éifeachtach na gcomhpháirtithe sóisialta, i gcomhréir leis na córais náisiúnta caidrimh thionsclaíoch, d’fhonn réitigh a shainaithint is féidir a chur in oiriúint d’earnálacha ar an leibhéal áitiúil. Dá bhrí sin, measann sé go bhfuil sé úsáideach agus tábhachtach ní hamháin an t-idirphlé sóisialta a chur chun cinn, ach an chómhargáil freisin, de réir mar is iomchuí, ar gach leibhéal den Aontas agus de na Ballstáit, agus fiú ar an leibhéal domhanda, agus urraim á tabhairt san am céanna do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta. Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit freisin é a chur chun cinn go bhforbrófaí ar dhóigh níos éifeachtaí an ceart chun faisnéise, an ceart chun comhairliúcháin agus an ceart chun tuairimí comhchoiteanna a nochtadh ar mhaithe le hionadaíochtaí ceardchumainn agus oibrithe a mhéid a bhaineann le tionchar gníomhaíochta gnó ar an gcomhshaol.

1.11

Tugann CESE dá aire gur maith an taithí atá á fáil i réimse na cómhargála glaise le deich mbliana anuas anois, agus sin ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon. Ar an leibhéal Eorpach, ba cheart tagairt faoi leith a dhéanamh don chleachtas caibidlíochta a úsáidtear in earnáil na gceimiceán san Eoraip, mar atá, ‘Responsible Care’ (5). Ó thaobh dea-chleachtais náisiúnta de, tugann CESE dá aire a úsáidí atá clásáil chonarthacha i gcomhaontuithe ar nós iad sin a chuirtear i bhfeidhm san Iodáil, sa Spáinn agus sa Fhrainc ina spreagtar cuideachtaí agus earnálacha gníomhaíochta chun oifigigh chomhshaoil a ainmniú agus coistí comhpháirteacha um an mbainistíocht chomhshaoil a chur ar bun (rud a fhoráiltear dó freisin i gcaighdeáin deimhniúcháin amhail EMAS agus ISO 14001). Is úsáideach freisin clásáil maidir le soghluaisteacht inbhuanaithe an lucht saothair agus aithint chearta na gceardchumann foláirimh chomhshaoil a eisiúint, etc.

1.12

Iarrann CESE ar an Aontas agus ar na Ballstáit tuilleadh tacaíochta a thabhairt do ghníomhaíochtaí agus do thionscnaimh a spreagfaidh fostóirí agus oibrithe dul in oiriúint don aistriú glas agus breithniú a dhéanamh, i measc bearta eile, ar choincheap a fhorbairt d’fhostaithe ainmnithe a ghníomhaíonn mar ionadaithe aistrithe comhshaoil nó mar phointí teagmhála maidir le hábhair a bhaineann le haistriú comhshaoil agus éiceolaíochta an ionaid oibre. Laistigh den ionad oibre, d’fhéadfadh bainisteoirí agus ionadaithe na n-oibrithe breithniú a dhéanamh i dtaobh daoine a ainmniú do ról ar leith (sa bhreis ar a bpríomhchúraimí) chun cabhrú le teacht ar réitigh maidir le saincheisteanna a bhaineann le hoiriúnú na cuideachta don aistriú glas. Iarrann CESE ar na Ballstáit na dreasachtaí is gá a chruthú do ghnólachtaí agus/nó d’earnálacha gníomhaíochta chun na hionadaithe aistrithe comhshaoil nó na pointí teagmhála thuasluaite a ainmniú. B’inmholta freisin, dar leis, cur le scileanna comhshaoil daoine tríd an ngairmoiliúint.

1.13

Mar chuid dá gclár oibre comhpháirteach do 2022-2024 (6), oibreoidh comhpháirtithe sóisialta an Aontais ar Chreat Gníomhaíochta maidir leis an Aistriú Glas. Maidir leis na Ballstáit, ba cheart dóibh an creat ceart a chruthú chun an cur chun feidhme a éascú agus comhaontuithe trasearnálacha a chur chun cinn, agus urraim á tabhairt don neamhspleáchas comhchoiteann i gcónaí, sa chaoi is gur féidir moltaí, treoirlínte agus caighdeáin atá iomchuí agus cothrom a leagan amach. Leis sin, bheadh an chómhargáil ghlas ina príomhuirlis chun samhlacha cothroma táirgthe a áirithiú le haghaidh chosaint an chomhshaoil. I bhfianaise scála agus chastacht an dúshláin, tá CESE cinnte de gur gá gach leibhéal cómhargála, i.e. earnálacha, cuideachtaí, an tAontas agus na Ballstáit, lena n-áirítear an leibhéal idirnáisiúnta, a bheith rannpháirteach san iarracht chun geilleagar glas táirgiúil a bhaint amach.

1.14

Is é barúil CESE gur gné thábhachtach den tsláinte agus den tsábháilteacht í cáilíocht an aeir agus aithníonn sé go bhfuil luachanna nua agus treoirlínte domhanda leagtha síos ag EDS ina leith sin. Molann CESE gur cheart iad sin a chur san áireamh mar chuid den chómhargáil ghlas. Agus EMAS agus an treoir maidir le tuairisciú corparáideach inbhuanaitheachta sóisialta á gcur san áireamh, is tábhachtach rannpháirtíocht fostaithe agus cláir oiliúna maidir le bainistíocht chomhshaoil a chur chun cinn.

1.15

Iarrann CESE ar na Ballstáit Treoir (AE)/2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais, lena n-áirítear i réimse dhlí an chomhshaoil, a thrasuí go hiomlán.

2.   Cúlra, cuspóir agus éirim na tuairime

2.1

Is amhlaidh atá CESE agus an tAontas ar aon uaillmhian le chéile, is é sin an t-aistriú glas a stiúradh trí dhlús a chur le cur i bhfeidhm beartas, acmhainní, acmhainní airgeadais san áireamh, agus na dteicneolaíochtaí is gá chun an córas táirgthe a dhícharbónú go gasta. Ní mór aistriú cóir a ráthú, faoi mar a leagtar amach i dtuairim CESE An beartas fuinnimh agus an margadh saothair (8). Nithe riachtanacha chuige sin is ea an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil, agus urraim á tabhairt i gcónaí do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta agus saintréithe na gcóras náisiúnta caidrimh thionsclaíoch.

2.2

Is feasach do CESE go mbeidh tionchar ag an aistriú éiceolaíoch agus ag dícharbónú an gheilleagair san Aontas Eorpach ar an bhfostaíocht agus ar dhálaí maireachtála an phobail, agus go háirithe orthu siúd is leochailí. Is den bharrthábhacht dul i mbun an aistrithe ar dhóigh chothrom ionas gur lú an tionchar atá aige ar chuideachtaí, ar oibrithe agus ar an bpobal i gcoitinne. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart breathnú ar an aistriú mar dheis chun dícheall níos mó a dhéanamh ar mhaithe leo siúd is leochailí.

2.3

Meabhraíonn CESE go leagtar béim sna Treoirlínte ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) le haghaidh aistriú cothrom i dtreo geilleagair agus sochaithe atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a bhaint amach do chách (2015) (9) ar ról na rialtas agus na gcomhpháirtithe sóisialta maidir le comhleanúnachas beartais agus socruithe institiúideacha a chruthú d’fhorbairt inbhuanaithe do chách agus léiríonn siad nach mór ionchorprú forálacha comhshaoil sa chómhargáil a éascú ar gach leibhéal. Cuireann sé béim freisin ar na buntáistí a bhaineann le hoibleagáidí oiliúna sonracha sa réimse sin do bhainisteoirí agus d’fhostaithe.

2.4

Sna Treoirlínte EMAS maidir le córais dheonacha um bainistíocht chomhshaoil, aithníonn an Coimisiún Eorpach an tábhacht a bhaineann le bealaí éifeachtacha chun ról a thabhairt d’oibrithe agus dá n-ionadaithe i mbainistiú glas cuideachtaí. I ndáil leis an méid sin, is é an bealach is iomchuí chun cinn don rannpháirtíocht saothair sin i mbainistiú comhshaoil ná rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus, de réir mar is iomchuí, an chómhargáil, i gcomhréir le córais agus cleachtais náisiúnta caidrimh thionsclaíoch. Leagtar béim i bPrionsabal 8 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta ar an ngá atá le hidirphlé sóisialta agus rannpháirtíocht oibrithe i mbeartais shóisialta, eacnamaíocha agus fostaíochta a chur chun cinn, agus molann sé do na comhpháirtithe sóisialta idirbheartaíocht a dhéanamh ar chomhaontuithe comhchoiteanna. Ina theannta sin, tugtar aird sa Mholadh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú ar ról tábhachtach na gcomhpháirtithe sóisialta maidir le héifeachtaí an aistrithe sin ar an bhfostaíocht a bhainistiú (aithris 18).

2.5

Agus neamhspleáchas thoil na gcomhpháirtithe sóisialta á aithint agus urraim á tabhairt dó, tugann CESE dá aire an dearbhú ó rialtas na Spáinne, atá ag teacht i mbun cheannasaíocht Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh agus a d’iarr go n-eiseofaí an tústuairim seo d’fhonn creat rialála a chur chun cinn, mar aon le beartas dreasachta atá i bhfabhar na cómhargála glaise. Leagtar amach sa tuairim seo freagairt agus moltaí CESE maidir leis an iarraidh ó Uachtaránacht na Spáinne.

3.   An comhthéacs Eorpach agus ionchur sonraí eolaíocha maidir le ról na cómhargála san aistriú glas

3.1

Tá sé feicthe ag CESE gur mó an fhianaise eolaíoch atá ann maidir leis an acmhainneacht mhór agus na tairbhí iomadúla a bhaineann leis an gcómhargáil ghlas maidir le cur chun cinn na hinbhuanaitheachta sóisialta, dícharbónú an gheilleagair, borradh a chur faoin ngeilleagar ciorclach agus an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, agus sin i ngeall ar an méid a chuireann gnéithe a bhaineann go sonrach leis an gcómhargáil le gnóthú na gcuspóirí sin, amhail soghluaisteacht na n-oibrithe, dóigheanna chun an obair a eagrú, oiliúint ball foirne chun próisis an aistrithe ghlais a éascú, timpeallachtaí sábháilte sláintiúla a ráthú, saincheisteanna inscne, etc. Léirítear an méid sin freisin i Ráiteas Chomhpháirtithe Sóisialta na hEorpa an 30 Bealtaine 2017 (10) maidir le leas a bhaint as an acmhainneacht a bhaineann le glasú an gheilleagair chun poist a chruthú, agus ina dtionscadal comhpháirteach agus ina moltaí comhpháirteacha an 7 Deireadh Fómhair 2021 (11) maidir leis an ngeilleagar ciorclach.

3.2

Measann CESE gur cuid riachtanach de phrionsabal rannpháirtíocht dhaonlathach na saoránach í an chómhargáil ghlas ar gach leibhéal, rud a léirítear sa chás seo tríd an ról sonrach atá ag na comhpháirtithe sóisialta sa mhargadh saothair, ról atá ríthábhachtach chun dul i ngleic leis an éigeandáil aeráide agus le haistriú glas an gheilleagair agus na sochaí ar bhealach atá cothrom ó thaobh na sochaí de.

3.3

Ní mór cothromaíocht a aimsiú idir cuspóirí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta i mbeartais fuinnimh in-athnuaite an Aontais. Mar thoradh air sin, tá uirlisí nua de dhíth ar na próisis aistrithe ghlais sin san Aontas chun comhleanúnachas iomchuí eatarthu a áirithiú agus chun lánpháirtiú daoine aonair agus an phobail ghníomhaigh san obair a chur chun cinn. Is uirlis mhaith í an chómhargáil ghlas chun na cothromaíochtaí sin a bhaint amach.

3.4

A mhéid a bhaineann leis an dlús atá ag teacht ar an athrú aeráide, is ríthábhachtach a shainaithint cé na hearnálacha den gheilleagar agus den mhargadh saothair is mó atá nó a bheidh thíos leis an ngéarchéim aeráide agus na héifeachtaí díreacha lena mbaineann, agus sin ó thaobh dálaí agus ionchais eacnamaíocha, oibre, sláinte agus cosanta sóisialta de, lena n-áirítear soghluaisteacht ghnó agus lucht saothair, chun bearta iomchuí a chur i bhfeidhm chun a hiarmhairtí a mhaolú.

3.5

Tá an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta maidir le próisis nuálacha táirgthe fuinnimh ghlain atá dírithe ar mhíchothromaíochtaí comhshaoil agus sóisialta a aisiompú agus tá claochluithe eacnamaíocha á ndéanamh aige a mbaineann deiseanna fostaíochta cuibhiúla nua leo, amhail fuinneamh in-athnuaite. Iarrann CESE go ndéanfaí tuilleadh taighde sa réimse sin, agus go gcuirfí tacaíocht airgeadais ar fáil chun cabhrú leis na cuideachtaí lena mbaineann infheistíocht a dhéanamh.

3.6

Tugann CESE dá aire agus is díol sásaimh dó go bhfuil córas freagrachta sóisialta corparáidí (CSR) á ghlacadh ag níos mó cuideachtaí, lena n-áirítear gealltanais éifeachtacha maidir le bainistiú inbhuanaithe comhshaoil. Tugann CESE dá aire na staidéir lena léirítear go mbeadh cur chuige níos dáiríre agus níos éifeachtaí á ghlacadh ag rannpháirtithe dá mbeadh siad páirteach ann trí chomhaontuithe nó trí choinbhinsiúin.

3.7

Is é an príomhbhealach chun rannpháirtíocht oibrithe sna próisis um aistriú cóir a struchtúrú ná clásail den sórt sin a chur san áireamh i gcomhaontuithe comhchoiteanna na leibhéal éagsúil agus i saintréithe na gcóras éagsúil caidrimh saothair. D’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag comhaontuithe comhchoiteanna maidir le comhar a chothú idir fostóirí agus oibrithe chun freagairt chomhpháirteach ar an aistriú glas a mhúnlú.

3.8

Tá clásail freagrachta sóisialta á gcur san áireamh faoi láthair i gcomhaontuithe cómhargála. Ar an dóigh seo, comhlánaíonn an chómhargáil an soláthar poiblí glas atá san áireamh sa fhreagracht shóisialta. Mar shampla, is ceannródaí í earnáil na gceimiceán i dtaca leis an ábhar sin. Chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme, tá gá le creat lipéadaithe nua, sonrach agus aonchineálach trína gcuirfear faisnéis eacnamaíoch agus éiceolaíoch ar fáil a bhaineann le cinnteoireacht phoiblí agus phríobháideach. Chuirfeadh an straitéis Eorpach um éicilipéadú seo feabhas ar sholáthar poiblí inbhuanaithe agus d’fhéadfadh sé tacú leis an gciorclaíocht agus le heolas a scaipeadh; mar sin féin, ní mór coinníollacha tábhachtacha a chomhlíonadh, amhail cost-éifeachtúlacht, rúndacht agus comhréireacht.

3.9

Is gné thábhachtach den tsláinte agus den tsábháilteacht i limistéir oibre laistigh agus lasmuigh í cáilíocht an aeir; dá bhrí sin, déanann sé difear do dhálaí oibre agus ba cheart é a chur san áireamh freisin mar chuid den chómhargáil. Leag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte luachanna agus teorainneacha nua síos tamall ó shin maidir le cáilíocht an aeir agus na héifeachtaí a bhíonn aici ar shláinte an duine, lena n-áirítear sláinte cheirde na ndaoine sin a bhíonn ag obair amuigh faoin aer. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá leis na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair san Aontas a leasú dá bharr. Beidh tionchar ag na hathruithe sin ar an gcómhargáil maidir le timpeallachtaí oibre agus ar dhálaí comhshaoil a bhaineann le soláthar seirbhísí agus ar chostais infheistíochta freisin.

3.10

Tá creataí rialála ag an Aontas a thacaíonn le comhtháthú na bainistíochta comhshaoil i gcuideachtaí. Má tá na creataí sin chun bheith éifeachtach, tá gá le rannpháirtíocht ghníomhach na bhfostaithe agus a n-ionadaithe. Is amhlaidh atá i gcás na scéimeanna deonacha éiceabhainistíochta (EMAS (12)) agus na Treorach maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach (Treoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair) (13). Leis sin, leagtar béim ar rannpháirtíocht fostaithe agus ar chláir oiliúna um chur chun cinn na bainistíochta comhshaoil.

3.11

Tugann CESE dá aire go bhfuil méadú ag teacht ar líon na staidéar ar an leibhéal Eorpach lena leagtar béim ar a fhiúntaí atá an chómhargáil ghlas mar uirlis chun próisis táirgthe inbhuanaithe a chur chun cinn trí chomhaontuithe ina n-áirítear clásail ghlasa féinrialála. Trí bhíthin na cómhargála, i gcomhréir le gnéithe na gcóras náisiúnta caidrimh thionsclaíoch agus trí urraim a thabhairt do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, éascófar comhdhearcadh maidir leis na bearta sonracha ba cheart do chuideachtaí a dhéanamh chun an t-aistriú cóir a chur chun cinn.

4.   Barúlacha ginearálta

4.1

Cuireann CESE in iúl go mbaintear de thátal as staidéir ar an gcómhargáil i dtíortha an Aontais gur beag an aird a thugtar ar shaincheisteanna comhshaoil i gcomhaontuithe comhchoiteanna. Iarrann CESE ar an Aontas agus ar na Ballstáit tuilleadh tacaíochta a thabhairt do ghníomhaíochtaí agus do thionscnaimh lena spreagfar fostóirí agus oibrithe dul in oiriúint don aistriú glas, agus cleachtais na faisnéise agus an chomhairliúcháin san ionad oibre á gcur san áireamh.

4.2

Ní hamháin gur gá dea-bhainistiú a dhéanamh ar an aistriú chuig geilleagar atá saor ó astaíochtaí chun freagairt don éigeandáil aeráide, is tábhachtach sin chun téarnamh eacnamaíoch inbhuanaithe agus cuimsitheach a spreagadh freisin. Mar sin féin, tá bearta fadtéarmacha de dhíth chuige sin, bearta lena n-éilítear sásraí láidre maoinithe inbhuanaithe agus rialachas rannpháirteach cobhsaí.

4.3

Sa tsamhail rialachais rannpháirteach sin, is uirlis í an chómhargáil chun an margadh saothair a chur in oiriúint do na dúshláin nua a bhaineann le samhail táirgthe atá go hiomlán inbhuanaithe. An chúis atá leis sin ná gur féidir, a bhuí léi, freagairtí láithreacha a thabhairt, léargas a thabhairt ar réaltachtaí earnála agus réitigh shaincheaptha a chur ar fáil, lena n-áirítear le haghaidh cosaint fostaíochta agus gnó.

4.4

Molann CESE don Choimisiún agus do na Ballstáit comhoibriú leis na comhpháirtithe sóisialta earnála chun féachaint ar an mbreisluach a d’fhéadfadh a bheith ag baint le staidéir a dhéanamh maidir le tionchair na héigeandála aeráide agus na n-aistrithe glasa sna hearnálacha táirgiúla éagsúla d’fhonn bearta a shainaithint agus a mholadh chun freagairt go héifeachtach do riachtanais na dtimpeallachtaí eacnamaíocha agus na n-aonad cómhargála chun an t-aistriú cóir a rialú ina gcomhaontuithe comhchoiteanna.

4.5

Molann CESE do na comhpháirtithe sóisialta próisis aistrithe ghlais a áireamh i gcomhaontuithe comhchoiteanna, i gcomhréir lena dtosaíochtaí trastionscail agus earnála, de réir mar is iomchuí. Sampla de seo san Eoraip is ea cuimsiú an chláir dhomhanda ‘Responsible Care’ i gcomhaontuithe comhchoiteanna earnáil na gceimiceán san Eoraip.

5.   Barúlacha sonracha

5.1

Measann CESE go mbaineann an plé faoi shaincheisteanna glasa laistigh den chómhargáil le clásail intráchta idir na comhpháirtithe sóisialta laistigh de chomhaontuithe comhchoiteanna a bhfuil tionchar díreach agus indíreach acu ar an gcomhshaol. Is féidir le comhaontuithe cómhargála na nithe seo a leanas a chumhdach, ach gan a bheith teoranta dóibh:

(a)

an tionchar atá ag gníomhaíocht cuideachtaí ar an gcomhshaol;

(b)

oibrithe a chosaint ar éifeachtaí an athraithe comhshaoil agus aeráide;

(c)

an tionchar atá ag an aistriú glas ar ghníomhaíocht cuideachta maidir le heagrú oibre, athrú ar phróifílí ceirde agus ar scileanna fostaithe;

(d)

faireachán inmheánach ar chur chun feidhme phointí a, b, agus c.

Is mian le CESE béim a leagan ar an gcómhargáil mar phríomhuirlis lenar féidir cabhrú le cuideachtaí agus le hoibrithe aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na géarchéime aeráide, lena n-áirítear na costais do chuideachtaí a bhaineann leis an ngéarchéim sin.

5.2

Measann CESE gur gá don Choimisiún Eorpach, faoi chuimsiú Airteagail 154, 155 agus 156 an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), na Ballstáit a spreagadh chun cuimsiú bhainistíocht chomhshaoil na gcuideachtaí a chur chun cinn san idirphlé sóisialta agus sa chómhargáil. Is réimse fabhrach í an chómhargáil chun eagraíochtaí agus an fhostaíocht, maille le dálaí oibre, a chur in oiriúint d’éifeachtaí an athraithe aeráide agus chun costais infheistíochta cuideachtaí a mheas agus a chur i láthair, d’fhonn iad a chaomhnú agus a chur in oiriúint do riachtanais an iomaíochais chothroim.

5.3

Agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta agus éagsúlacht chórais chómhargála na mBallstát á n-urramú, measann CESE gurb iomchuí go gcuirfí creat oiriúnach ar fáil le creataí dlíthiúla náisiúnta agus le comhaontuithe trastionscail chun an aidhm aistriú glas atá cóir go sóisialta a chur san áireamh agus a bhaint amach, rud a fhágfaidh go mbeidh athrú táirgiúil (lena n-áirítear measúnú costais, idir ghnó agus sóisialta, mar aon le leithdháileadh cothrom costas) comhoiriúnach leis an gcáilíocht agus leis an tslándáil san oiread post is féidir. Agus na córais éagsúla caidrimh thionsclaíoch á gcur san áireamh, d’fhéadfaí breithniú a dhéanamh ar an méid seo a leanas:

(a)

cearta faisnéise agus comhairliúcháin na n-ionadaithe saothair a chur chun cinn maidir leis na bearta a dhéanann cuideachtaí chun iad féin a chur in oiriúint don athrú aeráide, i gcomhréir le rialacha agus cleachtais náisiúnta;

(b)

oiliúint na n-oibrithe sa réimse sin a chur chun cinn;

(c)

clasáil a chur san áireamh maidir le rannpháirtíocht fostaithe i gcúrsaí comhshaoil agus i gcoistí atá freagrach as cúrsaí comhshaoil a spreagadh i gcás inarb ann do choistí den chineál sin sna cuideachtaí sin i ngach earnáil a bhfuil deimhniú comhshaoil faighte acu i gcomhréir le EIS 14001 nó EMAS;

(d)

bunú comhchomhlachtaí sonracha comhshaoil a chur chun cinn, i gcás inar féidir, nó an fhreagracht as an gcomhshaol agus as an aistriú cóir a thabhairt don choiste sláinte agus sábháilteachta.

5.4

Iarrann CESE ar an Aontas agus ar na Ballstáit tuilleadh tacaíochta a thabhairt do ghníomhaíochtaí agus do thionscnaimh a spreagfaidh fostóirí agus oibrithe dul in oiriúint don aistriú glas agus breithniú a dhéanamh, i measc bearta eile, ar choincheap a fhorbairt d’fhostaithe ainmnithe a ghníomhaíonn mar ionadaithe aistrithe comhshaoil nó mar phointí teagmhála maidir le hábhair a bhaineann le haistriú comhshaoil agus éiceolaíochta an ionaid oibre. Laistigh den ionad oibre, d’fhéadfadh bainisteoirí agus ionadaithe na n-oibrithe breithniú a dhéanamh i dtaobh daoine a ainmniú do ról ar leith (sa bhreis ar a bpríomhchúraimí) chun cabhrú le teacht ar réitigh maidir le saincheisteanna a bhaineann le hoiriúnú na cuideachta don aistriú glas. Iarrann CESE ar na Ballstáit na dreasachtaí is gá a chruthú do ghnólachtaí agus/nó d’earnálacha gníomhaíochta chun na hionadaithe aistrithe comhshaoil nó na pointí teagmhála thuasluaite a ainmniú. B’inmholta freisin, dar leis, cur le scileanna comhshaoil daoine tríd an ngairmoiliúint.

5.5

Iarrann CESE ar na Ballstáit creat agus coinníollacha iomchuí a chruthú chun clásail soghluaisteachta i gcomhaontuithe comhchoiteanna a chur chun cinn chun go gcuirfear pleananna soghluaisteachta atá inbhuanaithe, sláintiúil agus sábháilte san áireamh ar fud na dtimpeallachtaí oibre, rud a laghdódh úsáid feithiclí príobháideacha agus, ar an gcaoi sin, astaíochtaí. Ba cheart do na Ballstáit córais éifeachtacha agus éifeachtúla a bhunú chuige sin.

5.6

Iarrann CESE ar na Ballstáit Treoir AE/2019/1937 maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais, lena n-áirítear i réimse dhlí an chomhshaoil, a thrasuí go hiomlán. Chuirfeadh na cearta sin go mór le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh bheartais tearnaimh na hEorpa bunaithe ar aistriú eacnamaíoch atá inbhuanaithe ó thaobh na héiceolaíochta de agus atá cóir go sóisialta.

5.7

Iarrann CESE ar na comhpháirtithe sóisialta breithniú a dhéanamh ar chaidreamh, moltaí, treoirlínte agus beartais atá cothrom iomchuí a bhunú agus an méid sin a éascú le go mbeidh an chómhargáil ghlas ar cheann de na huirlisí ardcháilíochta is fearr dá bhfuil ann chun samhail chothrom táirgthe a áirithiú agus a chur chun cinn ina gcuirtear san áireamh an t-iomaíochas agus cosaint na timpeallachta áitiúla agus domhanda ina hiomláine.

An Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — ‘An beartas fuinnimh agus an margadh saothair: impleachtaí don fhostaíocht i réigiúin atá i mbun aistriú fuinnimh’ (IO C 146, 27.4.2023, lch. 4). https://www.eesc.europa.eu/ga/our-work/opinions-information-reports/opinions/energy-policy-and-labour-market-consequences-employment-regions-undergoing-energy-transitions

(2)  https://www.epsu.org/article/what-green-collective-bargaining

(3)  https://www.businesseurope.eu/sites/buseur/files/media/reports_and_studies/2021-09-24_final_report_sp_project_on_circular_ecenomy_and_the_world_of_work.pdf

(4)  Luaitear sa Mholadh sin, inter alia, an méid seo a leanas: ‘Chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an aistriú glas ar bhealach cuimsitheach daonlathach, agus cuspóirí aistrithe chóir á gcomhtháthú sa phróiseas ceaptha beartas ar gach leibhéal ón tús agus cur chuige uile-shochaí éifeachtach i leith beartais um aistriú cóir á áirithiú, iarrtar ar na Ballstáit: páirt ghníomhach a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, agus a neamhspleáchas á urramú ag an am céanna, i ngach céim den cheapadh beartais agus den chur chun feidhme dá bhforáiltear faoin Moladh seo, lena n-áirítear trí idirphlé sóisialta agus cómhargáil i gcás inarb iomchuí; ina theannta sin, maidir le dearadh agus le cur chun feidhme na gconairí aistrithe le haghaidh éiceachórais thionsclaíocha faoi Straitéis Nua Tionsclaíochta Nuashonraithe, rannpháirtíocht iomlán na gcomhpháirtithe sóisialta ann a chur chun cinn a thuilleadh’.

(5)  D’fhonn feabhas leanúnach a chur ar fheidhmíocht ghníomhaíochtaí thionscal na gceimiceán maidir le sábháilteacht, cosaint sláinte agus an comhshaol, i gcomhréir le prionsabail na forbartha inbhuanaithe agus thar chomhlíonadh na reachtaíochta reatha agus fhorálacha an Chomhaontaithe seo, geallann na páirtithe sínitheacha go gcuirfidh siad chun cinn agus go gcomhoibreoidh siad i ndáil le cuideachtaí a bheith ag cloí le clár idirnáisiúnta an tionscail ceimiceán ‘Responsible Care’ agus le baint amach na gcuspóirí atá á saothrú leis an tionscnamh deonach, poiblí agus gníomhach seo ó chuideachtaí ceimiceacha.(https://www.feique.org/programa-responsible-care/).

(6)  https://www.businesseurope.eu/publications/european-social-dialogue-work-programme-2022-2024

(7)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

(8)  Tuairim ó CESE An beartas fuinnimh agus an margadh saothair: impleachtaí don fhostaíocht i réigiúin atá i mbun aistriú fuinnimh, (IO C 146, 27.4.2023, lch. 4).

(9)  https://www.ilo.org/wcmsp5/groups/public/@ed_emp/@emp_ent/documents/publication/wcms_432859.pdf

(10)  https://www.etuc.org/sites/default/files/document/files/2017-05-29_kick_off_draft_declaration_eu_social_partners_on_green_jobs_final.pdf

(11)  https://www.businesseurope.eu/sites/buseur/files/media/reports_and_studies/2021-09-24_final_report_sp_project_on_circular_ecenomy_and_the_world_of_work.pdf

(12)   IO L 325, 20.12.2018, lch. 18.

(13)   IO L 330, 15.11.2014, lch. 1.


18.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 293/34


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Bearta chun an stiogma i dtaobh VEID a chomhrac

(Tústuairim arna hiarraidh sin d’Uachtaránacht na Spáinne)

(2023/C 293/06)

Rapóirtéir:

Pietro Vittorio BARBIERI

Comhrapóirtéir:

Nicoletta MERLO

Iarraidh ó Uachtaránacht na Spáinne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Litir, 8.12.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Tústuairim

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

31.5.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.6.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

579

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

201/0/6

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an tionscnamh ó Uachtaránacht na Spáinne maidir le sprioc a leagan síos chun deireadh a chur san Eoraip faoi 2030 leis an stiogma agus an t-idirdhealú i dtaobh VEID. Is rófhada neamhshuim á déanamh den tsaincheist sin, ainneoin go léiríonn na sonraí go lánsoiléir go bhfuil iarmhairtí díobhálacha na faidhbe sin le brath go fóill in áiteanna éagsúla ar fud an domhain, i gcomhthéacsanna sóisialta ar leith agus i bpríomhghrúpaí sa daonra. Dá bhrí sin, tá CESE ar aon intinn le hUachtaránacht na Spáinne faoi gur cheart é a bheith ar cheann de na tosaíochtaí polaitiúla atá ar chlár oibre an Aontais deireadh a chur leis an stiogma agus an t-idirdhealú i dtaobh VEID.

1.2.

Tá CESE ar aon intinn le hUachtaránacht na Spáinne faoi freisin go bhfuil gá le dearbhú ardleibhéil ó na hinstitiúidí Eorpacha, dearbhú a chuirfí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa an 1 Nollaig 2023, agus geallann CESE go dtacóidh sé leis an dearbhú sin agus go nglacfaidh sé páirt ann ar gach leibhéal, bealach agus fóram inar féidir leis.

1.3.

Chun an ceann is fearr a fháil ar stiogma, idirdhealú agus steiréitíopaí bréagacha, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach gníomhaíochtaí múscailte feasachta, oiliúna agus faisnéise a chur chun cinn, go háirithe sna scoileanna, agus páirt a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta eagraithe, d’eagraíochtaí óige agus d’eagraíochtaí mac léinn sna gníomhaíochtaí sin.

1.4.

Ní mór na bacainní ar phróifiolacsas réamhtheagmhála (PrEP) a aithint agus deireadh a chur leo le go mbeidh drugaí áirithe níos so-rochtana; ní mór dul chun cinn a dhéanamh freisin maidir le PrEP a chur chun feidhme le go bhféadfar dul i gcion ar réimse níos leithne den daonra, sin le go bhféadfar dlús a chur leis an dul chun cinn maidir le deireadh a chur leis an eipidéim de ghalar SEIF faoi 2030. A bhuí le hidirghabhálacha coisctheacha amhail PrEP agus próifiolacsas iartheagmhála (PEP) agus cóireáil choisctheach (TasP –Treatment as Prevention), is féidir tionchar suntasach a imirt ar an srian atá á cur le VEID agus ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha eile.

1.5.

Ní mór comhdheiseanna a bheith ann do dhaoine a bhfuil VEID orthu a fhad a bhaineann sé le rochtain a bheith acu ar obair agus le dul chun cinn gairmiúil a dhéanamh i saol na hoibre. Ba cheart dóibh a bheith in ann tairbhe a bhaint freisin as socruithe sonracha ar nós uaireanta oibre solúbtha nó saoire bhreise le haghaidh cuairteanna leighis agus rúndacht a ráthú dóibh le linn na gcuairteanna sin.

1.6.

Tá CESE á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé bearta sonracha a dhéanamh maidir leis na príomhghrúpaí sa daonra: le gur féidir dul i ngleic go héifeachtach leis an eipidéim den víreas VEID, is gá dul i gcion ar na grúpaí sin sa phobal trí fhaisnéis spriocdhírithe agus cláir choisctheacha arna gcur chun feidhme ar an leibhéal institiúideach a úsáid le go bhféadfaidh seirbhísí ar leith teagmháil a dhéanamh leo go réamhghníomhach, trí eagraíochtaí neamhrialtasacha pobalbhunaithe, b’fhéidir.

1.7.

Ós rud é gur san Úcráin atá an dara heipidéim is mó den ghalar SEIF i réigiún Oirthear na hEorpa agus na hÁise Láir, is mian le CESE a chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé do na tíortha óstacha leanúnachas cúraim agus tástáil agus cóireáil VEID saor in aisce a áirithiú do dhídeanaithe ón Úcráin, rud a chuirfidh leis an dóchúlacht go ndéanfar tástáil orthu gan beann ar a stádas cónaithe. Ós rud é gur mná agus leanaí iad formhór na ndídeanaithe, d’fhéadfadh sé gurbh é an réiteach is oiriúnaí do na dídeanaithe ón Úcráin breis tástála a dhéanamh orthu in ospidéil, in ionaid cúraim phríomhúil agus i suíomhanna pobail.

1.8.

Is féidir leis an gcóireáil fhrith-aisvíreasach dhá rud a dhéanamh san am céanna – sláinte daoine a bhfuil VEID orthu a fheabhsú agus tarchur VEID a chosc go héifeachtach – mar go bhfuil an-éifeacht leis an gcóir leighis sin maidir le hualach víris VEID a shochtadh.

1.9.

Is fáthmheas luath ar ionfhabhtú VEID, tús luath a chur leis an teiripe agus an leanúnachas cúraim na clocha coirnéil chun leathadh an ionfhabhtaithe a chur faoi smacht. Ós rud é go bhfuil an sprioc sin bainte amach cheana féin ag roinnt tíortha, tá CESE ag iarraidh go mbeadh sprioc nua níos uaillmhianaí ann do gach tír a chaithfí a bhaint amach faoi 2030, rud a d’ardódh na leibhéil chumhdaigh go dtí suas le 95 % maidir le tástáil, cóireáil agus sochtadh an víris.

1.10.

Is féidir leis an leanúnachas cúraim agus an leanúnachas coisc araon a bheith ina bhfreagairt chuimsitheach ar bhonn sineirgisteach chun dul i ngleic leis an eipidéim den víreas VEID, agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

1.11.

Tá CESE ag iarraidh go mbeadh straitéisí nua agus nuálacha ann chun cur leis an bhfáthmheas luath agus chun níos mó daoine a chur ar an eolas go bhfuil ionfhabhtú orthu trí chur leis na modhanna éagsúla agus áisiúla atá ann le go mbeidh tástáil VEID ar fáil ar bhonn níos forleithne, e.g. mearthástáil, tástáil pobail agus féintástáil, agus cur chuige comhtháite maidir le tástáil VEID agus tástáil Heipitíteas B agus Heipitíteas C.

1.12.

Tá ról ríthábhachtach ag pobail maidir leis an gcaoi a ndéileáiltear le VEID, e.g. an chuntasacht a chur chun cinn, gníomhaíochas um chosc a chur chun cinn, gníomhaíochtaí a chur chun feidhme agus teacht ar nuálaíochtaí atá ríthábhachtach don dul chun cinn inbhuanaithe.

1.13.

Chun dlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo na spriocanna sin a bhaint amach, is é a mholann CESE tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun cláir nua a cheapadh agus a chur chun feidhme le go bhféadfar cur leis an eolas ar stádas deimhneach VEID agus ar an gcumhdach cóireála, scaipeadh an víris agus, ar an gcaoi sin, tarchur VEID, a laghdú, agus srian a chur leis na cúiseanna le hidirdhealú, mar shampla i gcás rochtain a fháil ar fhostaíocht nó ar sheirbhísí airgeadais.

2.   VEID san Eoraip

2.1.

Tá tarchur VEID fós ina mhórábhar imní don tsláinte phoiblí a bhfuil tionchar aige ar níos mó ná 36 mhilliún duine ar fud an domhain, agus a bhfuil 2,3 milliún duine díobh sin ina gcónaí i Réigiún na hEorpa de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS), go háirithe in oirthear an réigiúin sin. Fáthmheasadh go raibh VEID ar bheagnach 107 000 duine i Réigiún na hEorpa in 2021, thart ar 17 000 duine san Aontas/LEE san áireamh. Is ag dul i laghad atá líon na gcásanna nua de VEID ó bhí 2012 ann agus bhí an titim sin níos suntasaí in 2020 agus 2021 (- 24 %), de thoradh éifeachtaí phaindéim COVID-19, seans, ar úsáid na seirbhísí sláinte, agus/nó de thoradh laghdú ar an ráta tarchurtha mar gheall ar na bearta sláinte poiblí a cuireadh chun feidhme le linn phaindéim COVID-19.

2.2.

Is codanna den daonra atá ar imeall na sochaí agus daoine a mbíonn an tsochaí sa tarr orthu de thoradh a n-iompraíochta, atá thíos, den chuid is mó, le VEID san Eoraip: daoine a úsáideann drugaí infhéitheacha agus a bpáirtithe gnéis siúd, fir a mbíonn gnéas acu le fir eile, daoine trasinscneacha, oibrithe gnéis, príosúnaigh agus imircigh.

2.3.

Tugann na sonraí fianaise ar phatrúin éagsúla eipidéime i dtíortha i Réigiún na hEorpa: is é an príomh-mhodh tarchurtha in AE/LEE agus iarthar Réigiún na hEorpa ná gnéas-tarchur idir fir, cé gur tarchur heitrighnéasach agus úsáid drugaí infhéitheacha na príomh-mhodhanna tarchurtha a tuairiscíodh in oirthear an réigiúin.

2.4.

Tá fáthmheas déanach VEID ina dhúshlán go fóill i bhformhór thíortha an réigiúin: ba nuair a bhí an t-áireamh de chealla CD4 ní b’ísle ná 350/mmc a fáthmheasadh os cionn 50 % de chásanna VEID.

3.   Leanúnachas cúraim VEID do dhídeanaithe ón Úcráin

3.1.

Ó bhris an cogadh amach an 24 Feabhra 2022, tá níos mó ná 13,5 milliún duine easáitithe ina dtír féin nó ar cuireadh iallach orthu teitheadh chuig tíortha comharsanacha mar dhídeanaithe, agus ina measc tá daoine a bhfuil VEID orthu (a mheastar a bheith cothrom le hidir 10 000 agus 30 000 duine) agus príomhghrúpaí sa daonra.

3.2.

Is í an Úcráin an tír leis an dara heipidéim is mó den ghalar SEIF i Réigiún Oirthear na hEorpa agus Lár na hÁise. Tháinig méadú ar líon na bhfáthmheasanna nua de VEID idir 2016 (14 240 cás) agus 2019 (16 270 cás), cé gur ísligh líon na bhfáthmheasanna nua de bheagán in 2020 (15 660 cás), de dheasca ghéarchéim COVID-19, seans. As an líon sin, léirigh sonraí faireachais gur as caidreamh heitrighnéasach a tolgadh 9 000-10 000 cás agus gur as úsáid drugaí infhéitheacha a tolgadh thart ar 5 000 cás.

3.3.

Sular bhris an cogadh amach bhí an-dul chun cinn á dhéanamh ag an tír maidir leis na bearta i gcoinne SEIF: bhí cúram agus cóireáil VEID á gcur ar fáil saor in aisce i gclinicí VEID de chuid an rialtais fud fad na tíre agus bhí méadú ag teacht de réir a chéile ar an líon daoine a bhí ag maireachtáil le VEID trí chóireáil fhrith-aisvíreasach. In 2021, measadh go raibh níos mó ná 150 000 duine ag fáil cóireáil fhrith-aisvíreasach (62 %), sin as na 240 000 duine a bhfuil VEID orthu (0,6 % de dhaonra na hÚcráine), agus go raibh an víreas sochta in 94 % díobh siúd a bhí ag fáil cóireála.

3.4.

Tá gníomhaireachtaí agus comhpháirtithe na Náisiún Aontaithe san Úcráin, amhail Ciste Éigeandála UNAIDS, ag obair go dlúth leis na húdaráis áitiúla chun teagmháil a dhéanamh le daoine atá i ngátar agus cabhrú leo. Le déanaí, chuir siad cúnamh daonnúil ar fáil do cheantair áirithe atá buailte go dona sa tír ach nach raibh aon rochtain orthu go dtí anois. Tá comhghuaillíocht d’eagraíochtaí rialtais, d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta ina cloch choirnéil go fóill féin den fhreagairt éifeachtach i gcoinne VEID san Úcráin le linn an chogaidh.

3.5.

Leanfaidh UNAIDS de bheith ag tacú le cosc, tástáil, cóireáil, cúram agus tacaíocht VEID do dhaoine ar fud na hÚcráine atá thíos leis an gcogadh agus do dhaoine a easáitíodh mar gheall ar an gcoinbhleacht.

3.6.

I ndoiciméad ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) (1), doiciméad a foilsíodh i mí Iúil 2022, leagtar amach na príomhcheisteanna maidir le bonn eolais a chur faoin gcinnteoireacht agus le cur chun feidhme praiticiúil na seirbhísí le go bhféadfar na caighdeáin cháilíochta maidir le cúram VEID do dhídeanaithe ón Úcráin a choimeád, go háirithe an tábhacht atá leis go n-áiritheoidh na tíortha óstacha an leanúnachas cúraim agus tástáil agus cóireáil VEID saor in aisce do dhídeanaithe ón Úcráin, rud a fheabhsóidh an deis a bheidh acu tástáil a fháil gan beann ar a stádas cónaithe, toisc go bhfágann rochtain theoranta ar an gcóireáil fhrith-aisvíreasach gur mó an baol breoiteachta agus báis atá ann, agus gur mó seans go dtiocfadh tréithchineálacha frithsheasmhacha chun cinn agus go bhféadfaí iad a tharchur. Ós rud é gur mná agus leanaí iad formhór na ndídeanaithe, d’fhéadfadh sé gurbh é an réiteach is oiriúnaí do na dídeanaithe ón Úcráin breis tástála a dhéanamh orthu in ospidéil, in ionaid cúraim phríomhúil agus i suíomhanna pobail.

4.   VEID ar fud an domhain

4.1.

Tá comhdhearcadh láidir domhanda ann go bhfuil na huirlisí ar fáil anois chun deireadh a chur leis an eipidéim de ghalar SEIF. Le fiche bliain anuas, tá sé tugtha le fios i líon mór staidéar a rinneadh i suíomhanna éagsúla gur féidir leis an gcóireáil fhrith-aisvíreasach dhá rud a dhéanamh – sláinte daoine a bhfuil VEID orthu a fheabhsú agus tarchur VEID a chosc go héifeachtach (TasP nó cóireáil choisctheach) – mar go bhfuil an-éifeacht leis an gcóir leighis sin maidir le hualach víris VEID a shochtadh (faoi bhun 200 cóip/mL an sainmhíniú air sin).

4.2.

Le blianta beaga anuas, is é an straitéis atá á cur i bhfeidhm go forleathan ná gur fáthmheas luath ar ionfhabhtú VEID, tús luath a chur leis an teiripe agus an leanúnachas cúraim na clocha coirnéil chun leathadh an ionfhabhtaithe a chur faoi smacht. In 2014, sheol UNAIDS an sprioc 90-90-90 (90 % de na daoine a bhfuil VEID orthu a fháthmheas, cóireáil a chur ar 90 % díobh siúd agus an t-ualach víris (víréime) a shochtadh in 90 % díobh siúd a bhfuil cóireáil á cur orthu). Má bhaintear amach na spriocanna sin, beidh ualach víris sochta ag 73 % de na daoine a bhfuil VEID orthu (daoine a bhfuil ualach víris sochta acu, ní féidir leo VEID a tharchur).

4.3.

Tá fianaise ann gur baineadh an sprioc sin amach cheana féin i ndeireadh 2020 i roinnt tíortha; tíortha iad sin nach bhfuil aon chosúlacht eatarthu ó thaobh na tíreolaíochta, stádas ioncaim agus na heipidéimeolaíochta de. Tá na saineolaithe den tuairim go bhféadfadh na torthaí sin a léiriú go bhféadfaí sprioc nua níos uaillmhianaí a bhaint amach i ngach tír faoi 2030, rud a d’ardódh na leibhéil chumhdaigh go dtí suas le 95 % maidir le tástáil, cóireáil agus sochtadh an víris. Chun treise agus dlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo na spriocanna sin a bhaint amach mar chuid den fhreagairt i gcoinne na heipidéime de VEID, is gá tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun cláir nua a cheapadh agus a chur chun feidhme le go bhféadfar cur leis an eolas ar stádas deimhneach VEID agus ar an gcumhdach cóireála (cur chuige UTT – tástáil agus cóireáil uilíoch), chun scaipeadh an víris agus, ar an gcaoi sin, tarchur VEID, a laghdú. Níor cheart na cláir nua sin a dhíriú go heisiach ar bhearta caighdeánacha a chur i bhfeidhm, ach ba cheart iad a chur chun feidhme freisin de réir riachtanais agus éilimh shonracha na ndaoine a bhfuil VEID orthu.

4.4.

Le déanaí, tá cur chuige ar nós an leanúnachais cúraim, is é sin an leanúnachas coisc, á mholadh níos mó agus níos mó, cur chuige atá dírithe ar an daonra atá i mbaol ionfhabhtú VEID lena áirithiú nach n-ionfhabhtófar daoine le VEID. Tógann an leanúnachas coisc ar an tástáil VEID óir is é sin an bonn láidir atá leis, maille le daoine nach bhfuil ionfhabhtaithe le VEID a chur i dteagmháil leis na seirbhísí coisc, an leanúnachas cúraim i leith na ndaoine sin agus seirbhísí comhairleoireachta leanúnaí maidir le laghdú riosca agus úsáid coiscíní ar bhonn leanúnach chun tolgadh agus tarchur VEID a chosc. Tá an leanúnachas cúraim tábhachtach freisin lena áirithiú go ndéantar tástáil VEID go rialta agus go ndéantar ionfhabhtú VEID a fháthmheas go luath i gcás ina dtolgtar VEID. Ní mór daoine nár ionfhabhtaíodh go dtí le deireanas a nascadh go pras leis na seirbhísí cúraim agus cóireála VEID agus le modhanna eile coisc, e.g. tástáil páirtithe gnéis, úsáid coiscíní agus drugaí frith-aisvíreasacha coisctheacha. Tá sé léirithe i roinnt staidéar gur féidir leis an leanúnachas cúraim agus an leanúnachas coisc a bheith ina bhfreagairt iomlán, ar bhonn sineirgisteach ar leibhéal an daonra, chun dul i ngleic leis an eipidéim de víreas VEID.

4.5.

Tá gá le straitéisí nua agus nuálacha chun cur leis an bhfáthmheas luath agus chun níos mó daoine a chur ar an eolas go bhfuil ionfhabhtú orthu trí chur leis na modhanna éagsúla agus áisiúla atá ann le go mbeidh an tástáil VEID ar fáil ar bhonn níos forleithne, e.g. mearthástáil, tástáil pobail agus féintástáil, agus cur chuige comhtháite maidir le tástáil VEID agus tástáil Heipitíteas B agus Heipitíteas C.

4.6.

Molann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDT) pacáiste cuimsitheach de sheirbhísí sláinte chun VEID a chosc agus béim ar leith á leagan ar theagmháil a dhéanamh le príomhghrúpaí sa daonra. Is den mhórthábhacht seirbhísí coisctheacha VEID a chomhtháthú le seirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe, seirbhísí meabhairshláinte, seirbhísí coisc agus cúraim foréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe, seirbhísí cóireála andúile i ndrugaí, seirbhísí coisc agus cúraim Heipitíteas C, seirbhísí rialaithe eitinne, seirbhísí sláinte i bpríosúin, seirbhísí galar neamhtheagmhálach agus seirbhísí tacaíochta dlíthiúla agus sóisialta.

4.7.

Trí bhealaí éagsúla a bheith ar fáil chun rochtain a fháil ar thástáil VEID, d’fhéadfaí fáthmheas pras a dhéanamh ar ghrúpaí éagsúla atá go mór i mbaol ionfhabhtú VEID.

4.8.

Is é a mholann UNAIDS cur chuige ‘comhcheangailte coisc’ a thabhairt isteach maidir le VEID a chosc. Ós rud é nach leor aon straitéis amháin um chosc chun leathadh an ghalair a shrianadh, éilíonn an cur chuige sin bearta éagsúla bithleighis, iompraíochta agus struchtúracha a roghnaítear agus a chuirtear in oiriúint go sonrach chun freastal ar riachtanais áitiúla, mar atá curtha in iúl ag pobail atá thíos leis an víreas. Agus chun go n-éireoidh leo, ní mór iad a bheith comhordaithe éifeachtúil comhsheasmhach agus comhthiomantas do spriocanna coiteanna a bheith mar spreagadh leo.

5.   Freagairt pobail i leith VEID

5.1.

San am atá thart, ba nós le UNAIDS (2) taifeadadh maith a choinneáil ar ról na bpobal daoine a bhfuil VEID orthu, na ngrúpaí atá ar imeall na sochaí nó atá leochaileach, maille le ról na mban agus na ndaoine óga, i soláthar seirbhísí VEID, i dtaighde agus forbairt drugaí, in abhcóideacht, i gcuntasacht shóisialta agus pholaitiúil, i slógadh acmhainní agus i gcosaint shóisialta agus chearta an duine. Tá sé léirithe le tríocha bliain anuas go bhfuil pobail daoine a bhfuil VEID orthu agus daoine a mbíonn tionchar ag VEID orthu ríthábhachtach ó thaobh rannpháirtíocht agus abhcóideacht a chothú maidir leis an gcothromas sláinte agus leis an maoiniú don tsláinte agus lena áirithiú go n-aithnítear cearta daonna an uile dhuine agus go n-urramaítear iad. Is fearr agus is éifeachtaí is féidir comhtháthú éifeachtach ardcháilíochta na gcóras sláinte agus cúraim sláinte uilíche a dhearadh, a chur chun feidhme agus a chothú má bhíonn pobail daoine a bhfuil VEID orthu agus daoine a mbíonn tionchar ag VEID orthu lárnach iontu. Chuir ceannaireacht agus rannpháirtíocht na bpobal go díreach le torthaí feabhsaithe maidir leis an rochtain ar sheirbhísí cóireála, coisc, tacaíochta agus cúraim VEID ar fud an domhain.

5.2.

Tá ról ríthábhachtach ag pobail maidir leis an gcaoi a ndéileáiltear le VEID, e.g. an chuntasacht a chur chun cinn, gníomhaíochas um chosc a chur chun cinn, gníomhaíochtaí a chur chun feidhme agus teacht ar nuálaíochtaí atá ríthábhachtach don dul chun cinn inbhuanaithe. Is minic a bhíonn ardáin soláthair seirbhísí faoi stiúir an phobail níos éifeachtaí ná ardáin fhoirmiúla atá bunaithe ar shaoráidí sláinte chun dul i dteagmháil le pobail atá ar imeall na sochaí agus nach bhfuil freastal ceart á dhéanamh orthu, go háirithe i suíomhanna ina mbíonn stiogma agus idirdhealú ann go rábach. Is iad na heagraíochtaí faoi stiúir an phobail is fearr atá in ann rudaí éagsúla a thabhairt faoi deara, mar atá, bearnaí sna seirbhísí, srianta a chuireann bac ar sholáthar agus glacadh seirbhísí, mar aon le deiseanna chun na seirbhísí a aithint mar chuid de chearta bunúsacha an duine aonair agus iad a bheith dírithe níos fearr ar dhaoine, agus iad a bheith níos áisiúla agus níos éifeachtaí.

5.3.

Tá ról ríthábhachtach ag ‘an pobal’ (a thuigtear mar ghrúpa de chumainn neamhrialtasacha agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhfuil baint acu le SEIF a chomhrac agus le cearta daoine a bhfuil VEID orthu a chosaint ar bhonn laethúil) maidir le guth a thabhairt do na pobail is leochailí agus is mó atá i mbaol, agus cuireann siad réitigh éifeachtacha ar fáil chun an eipidéim de VEID/SEIF a shrianadh. Déanann an pobal sin an oiread sin gur thiomnaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (UNAIDS) in 2019 an Lá Domhanda SEIF (1 Nollaig) don phobal leis an mana ‘Communities make the difference’.

5.4.

Ba cheart machnamh a dhéanamh freisin ar fhaireachán leanúnach a áirithiú agus measúnuithe tionchair a dhéanamh ar na beartais agus na creataí reachtacha éagsúla sláinte a ghlactar i ngach Ballstát, trí rannpháirtíocht gníomhaithe neamhspleácha neamhchlaonta, lena n-áirítear d’fhonn dea-chleachtais a thabhairt, dea-chleachtais a d’fhéadfaí a roinnt agus a chur chun cinn ar an leibhéal Eorpach.

5.5.

Fiú leis an bhfeasacht agus leis an gcuspóir gur mian leo stádas deimhneach VEID ‘a normalú’, moltar go n-urramófaí príobháideachas gach duine le linn gach teagmhála leis na saoráidí sláinte chun rochtain a fháil ar sheirbhísí agus sna réimsí sin a bhaineann le gníomhaíochtaí an ghnáthshaoil (scoil, obair, etc.). Dá bhrí sin, i ngach Ballstát, ní mór na rialacha a bheith dírithe ar chosaint chearta agus shaoirsí bunúsacha an duine a bhfuil VEID air nó uirthi, chomh maith le dínit bhunúsach an duine sin, a ráthú.

5.6.

Chun an ceann is fearr a fháil ar stiogma, idirdhealú agus steiréitíopaí bréagacha, ba cheart na gníomhaíochtaí múscailte feasachta, oiliúna agus faisnéise a chur chun cinn, go háirithe sna scoileanna, agus páirt sna gníomhaíochtaí sin a thabhairt don tsochaí shibhialta eagraithe, e.g. cumainn agus pobail áitiúla, eagraíochtaí óige agus eagraíochtaí mac léinn.

6.   Próifiolacsas réamhtheagmhála (PrEP) chun ionfhabhtú VEID a chosc

6.1.

Is cur chuige bithleighis maidir le VEID a chosc é an próifiolacsas réamhtheagmhála (PrEP) trínar féidir le daoine atá i mbaol mór VEID a tholgadh drugaí frith-aisvíreasacha ó bhéal a thógáil. Tá fianaise mhaith ann maidir le cé chomh héifeachtach agus atá PrEP, ar choinníoll go dtógtar é mar a ordaítear. Is gné ríthábhachtach é den ‘cur chuige comhcheangailte coisc’ is gá chun an sprioc forbartha inbhuanaithe maidir le deireadh a chur leis an eipidéim de ghalar SEIF a bhaint amach faoi 2030 agus tá úsáid PrEP molta i dtreoirlínte náisiúnta agus idirnáisiúnta. Dar le ECDC, ba cheart do na Ballstáit a mheas ar cheart PrEP a chomhtháthú sna cláir choisctheacha VEID atá acu cheana le haghaidh príomhghrúpaí sa daonra agus dóibh siúd is mó atá i mbaol ionfhabhtú VEID.

6.2.

I roinnt staidéar, rinneadh cur síos ar an nglacadh mall atá le PrEP i suíomhanna cliniciúla agus ar leanúnachas cúraim atá fo-optamach. Nuair a chinntítear go dtógtar PrEP ar bhonn leanúnach is mó an tionchar ar líon na gcásanna VEID. Mar sin féin, éiríonn a lán daoine as PrEP a úsáid le linn na chéad bhliana dóibh a bheith á thógáil, agus fuarthas amach gur níos lú ná leath de na daoine sin a fuair cúram ina dhiaidh sin. Tá an iliomad cúiseanna ann a thugann ar dhaoine éirí as PrEP a thógáil: athrú ar a n-iompraíocht ghnéis le linn tréimhsí áirithe dá saol, éifeachtaí díobhálacha drugaí, agus freisin an dearcadh gur riosca íseal atá i gceist lena n-iompraíocht, imní a bheith orthu nach leor an chosaint a thugann PrEP, stiogma, cur isteach ar an ngnáthamh laethúil, úsáid substaintí, costas an chumhdaigh árachais agus easpa an chumhdaigh sin, agus tacaíocht airgeadais agus cuairteanna rialta ar an dochtúir.

6.3.

Tá éagsúlacht mhór san Eoraip i dtaobh fáil a bheith ar PrEP, cé chomh casta agus atá sin agus go mbíonn na cúinsí ag síorathrú. Léiríonn an briseadh síos geografach ar sholáthar PrEP go bhfuil éagsúlacht mhór ann ó stát go stát san Eoraip agus san Áise Láir. Ní mór na bacainní ar PrEP a aithint agus deireadh a chur leo le go mbeidh drugaí áirithe níos so-rochtana agus ní mór dul chun cinn a dhéanamh maidir le PrEP a chur chun feidhme le go bhféadfar dul i gcion ar réimse níos leithne den daonra sin le go bhféadfar dlús a chur leis an dul chun cinn maidir le deireadh a chur leis an eipidéim de ghalar SEIF faoi 2030.

6.4.

Is féidir le hidirghabhálacha coisctheacha amhail PrEP agus PEP agus cóireáil choisctheach (TasP –Treatment as Prevention) tionchar suntasach a imirt ar an srian atá á cur le VEID agus ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha eile.

7.   Príomhghrúpaí sa daonra

7.1.

In ainneoin torthaí den scoth a bheith ann maidir le hionfhabhtú VEID a laghdú in áiteanna éagsúla ar fud an domhain (agus laghdú mór ar líon na mbásanna le SEIF) le tríocha bliain anuas nó mar sin, níl an réimse cuimsitheach de bhearta comhcheangailte um chosc VEID ar fáil ar bhonn ‘uilíoch’, ná baol air. Agus in áiteanna gan aon chóireáil SEIF, bíonn ionfhabhtuithe VEID ag scaipeadh go díréireach, agus daoine ag fáil bháis dá dheasca sin.

7.2.

Tá ionfhabhtú VEID fós ag scaipeadh i bpobail nach féidir, ar chúiseanna éagsúla, teagmháil a dhéanamh leo chun bearta coisctheacha a chur i bhfeidhm, nó, má ionfhabhtaítear iad, nach féidir leo leas a bhaint as an gcóireáil fhrith-aisvíreasach atá ar fáil. Tugtar ‘príomhghrúpaí sa daonra’ ar na grúpaí sin atá níos leochailí ó thaobh VEID de, e.g. oibrithe gnéis, fir aeracha agus fir a mbíonn gnéas acu le fir eile, príosúnaigh, daoine trasinscneacha, imircigh, agus páirtithe na ndaoine sin faoi seach, agus bíonn rátaí galrachta agus básmhaireachta níos airde ná mar atá sa phobal i gcoitinne ina saintréithe ag na grúpaí sin, bíonn rochtain níos teoranta ar sheirbhísí sláinte ann dóibh, agus bíonn ról lárnach acu freisin i leathadh na heipidéime. Mar sin féin, níor éirigh leis na comhsheirbhísí um chosc VEID teagmháil a dhéanamh ach le níos lú ná leath de na daoine sna grúpaí sin, rud a chruthaíonn go bhfuil na pobail sin fós ar imeall na sochaí agus go bhfágtar ar lár iad maidir leis an dul chun cinn is déanaí sa chomhrac i gcoinne SEIF.

7.3.

D’fhéadfadh na foghrúpaí sin den daonra a bheith leochaileach mar gheall ar chleachtais shonracha i measc na ngrúpaí sin, agus mar gheall ar an deacracht a bhaineann le rochtain a fháil ar sheirbhísí VEID de thoradh bochtaineachta agus dálaí atá ann de dheasca imeallú agus leithlisiú a fhulaingítear i gcomhthéacsanna éagsúla sóisialta ar chúiseanna éagsúla, amhail cúiseanna cultúrtha, reiligiúnacha agus fiú dlíthiúla.

7.4.

Le go bhféadfar teacht níos éasca ar gach príomhghrúpa, lena n-áirítear daoine a bhfuil cónaí orthu i limistéir fhorimeallacha, ba cheart úsáid foirne allamuigh a chur chun cinn agus a neartú, soláthar seirbhísí bunúsacha amhail mearthástálacha san áireamh. Beidh na seirbhísí móibíleacha in ann gníomhú freisin mar chéadphointe teagmhála chun cúram níos éifeachtaí agus níos leanúnaí a thabhairt don duine aonair i suíomhanna a bheadh ní b’oiriúnaí do dhaoine atá ina gcónaí i gceantair fhorimeallacha nó i limistéir nach bhfuil rochtain éasca orthu.

7.5.

I gcásanna áirithe, bíonn na mná níos mó faoi mhíbhuntáiste ná na fir, bíonn siad níos mó faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch, ní i gcónaí a bhíonn siad in ann cúrsaí gnéis a phlé ar a dtéarmaí féin, agus is minic a bhíonn siad ina n-íospartaigh foréigin (3). I gcásanna eile, cuireann an t-idirdhealú a bhaineann le cleachtais áirithe, chomh maith le claontacht, éadulaingt nó fiú dlíthe pionósacha lena ndéantar an homaighnéasachas a choiriúlú, cosc ar rochtain saor in aisce ar sheirbhísí. Is minic a fheicimid forluí idir tosca difriúla éagsúla a mhéadaíonn ar an leochaileacht.

7.6.

Ní mór comhdheiseanna a bheith ann do dhaoine a bhfuil VEID orthu a fhad a bhaineann sé le rochtain a bheith acu ar obair agus le dul chun cinn gairmiúil a dhéanamh i saol na hoibre. Ba cheart dóibh a bheith in ann tairbhe a bhaint freisin as socruithe sonracha ar nós uaireanta oibre solúbtha nó saoire bhreise le haghaidh cuairteanna leighis agus rúndacht a ráthú dóibh le linn na gcuairteanna sin. I roinnt tíortha, tá cosc ar dhaoine atá ionfhabhtaithe le VEID poist áirithe a chleachtadh, e.g. póilíní, seirbhísí custaim agus saoráidí coinneála (4). Bíonn deacrachtaí fós ag daoine a bhfuil VEID orthu agus iad ag cur isteach ar árachas, morgáistí agus iasachtaí, agus is minic a ghearrtar rátaí níos airde orthu, fiú má rinneadh bearta i roinnt Ballstát chun an rochtain ar na seirbhísí sin a éascú agus teorainn a chur leis na méaduithe ar na rátaí do dhaoine atá i ndrochriocht sláinte. Tá CESE ag iarraidh go mbeadh athrach dálaí ann a léireoidh an feabhas atá tagtha ar an gcóireáil, ar an tsláinte agus ar an ionchas saoil. Ba cheart, dá bhrí sin, an fhianaise staidrimh anaithnidithe atá ar fáil tríd an Spás Eorpach Sonraí Sláinte a úsáid chun an rochtain ar sheirbhísí airgeadais den sórt sin a fheabhsú.

7.7.

Bhí tionchar mór ag éigeandáil eipidéimeolaíoch COVID-19 ar na córais sláinte ar fud an domhain, rud a chuireann leis na héagothromaíochtaí atá ann cheana agus a fhágann go bhfuil sé níos deacra spriocanna na hEagraíochta Domhanda Sláinte a bhaint amach, go háirithe i dtíortha nach bhfuil ach acmhainní teoranta iontu. Ar an gcuma chéanna, creidtear gur tháinig méadú dosheachanta ar líon na gcásanna VEID nuair a tharla cur isteach ar na bearta coisctheacha; ba leor an méadú sin chun an dul chun cinn go léir a rinneadh trí iarrachtaí na mblianta roimhe sin a chur ar ceal.

7.8.

San Eoraip, is iad na príomhghrúpaí is mó atá thíos le VEID ná andúiligh drugaí, fir a mbíonn gnéas acu le fir eile agus imircigh. Ní hionann an ráta leitheadúlachta ó limistéar go chéile, ag brath ar na tíortha lena mbaineann. Le gur féidir dul i ngleic go héifeachtach leis an eipidéim de VEID, is gá dul i gcion ar na grúpaí sin sa phobal trí fhaisnéis spriocdhírithe agus cláir choisctheacha arna gcur chun feidhme ar an leibhéal institiúideach a úsáid le go bhféadfaidh seirbhísí ar leith teagmháil a dhéanamh leo go réamhghníomhach, trí eagraíochtaí neamhrialtasacha pobalbhunaithe, b’fhéidir.

7.9.

Is ceart doshannta ag gach duine é an cúram sláinte (5). Dá bhrí sin, ní mór rochtain ar chúram leighis agus ar íoschaighdeán coiteann de sheirbhísí cáilíochta ar mhaithe le dea-bhail daoine a bhfuil tionchar ag VEID orthu a bheith saor in aisce agus an rochtain sin a ráthú do gach duine a bhfuil VEID air nó uirthi gan idirdhealú ná teorannú, de réir mholtaí an Aicmithe Idirnáisiúnta Galar, mar is amhlaidh i gcás aon ghalar eile. Ní mór faireachán agus rialú cúramach a dhéanamh ar chomhlíonadh phrionsabal an chomhionannais agus phrionsabal na héifeachtachta.

8.   Andúiligh drugaí

8.1.

Bhí baint i gcónaí ag an andúil i ndrugaí infhéitheacha le tarchur VEID, sin mar gheall ar ábhar ionfhabhtaithe a bheith á mhalartú agus drugaí á n-úsáid. Mar sin féin, is féidir úsáid drugaí neamh-infhéitheacha a bheith bainteach freisin le cleachtais ghnéis neamhshábháilte, agus, dá bhrí sin, leis an mbaol go bhféadfaí VEID, nó ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha eile, a tholgadh agus a tharchur. Go háirithe, is minic a bhaineann úsáid spreagthach amhail cócaon, cnagchócaon (craic) agus meitiolamfataimín le cleachtais ghnéis ardriosca. Níor chóir, dá bhrí sin, beag is fiú a dhéanamh de ghnéas-tarchur VEID i measc andúiligh drugaí.

8.2.

Andúiligh drugaí, a bhí an-óg agus ar mná den chuid is mó iad, a bhí i gceist le breis agus 80 % de na hionfhabhtuithe VEID in oirthear na hEorpa in 2018. Is mó líon na mban óg ná na bhfear; tá an striapachas ar cheann de na cúiseanna leis sin, rud atá nasctha go dlúth le húsáid drugaí. Tá fianaise ann freisin go dtarlaíonn eipidéimí áitiúla de VEID i measc pobail imeallaithe de dhaoine a insteallann drugaí in iarthar na hEorpa.

8.3.

Bíonn na rátaí úsáide drugaí níos airde i measc na bpríosúnach agus bíonn patrúin úsáide níos dainséaraí i gceist leo ná sa phobal i gcoitinne, lena n-áirítear an úsáid phaireintreach, rud a fhágann go bhfuil andúiligh drugaí i bpríosúin an-leochaileach.

8.4.

Bíonn rátaí ísle rochtana ar thástáil ag andúiligh drugaí, agus is mó seans atá ann go bhfaighidh siad fáthmheasanna déanacha. Fiú san Iodáil, ba chéatadán íseal den líon iomlán úsáideoirí seirbhísí andúile áitiúla na handúiligh drugaí a cuireadh faoi thástáil VEID, agus níor ghnách leis na seirbhísí sin tástáil a thairiscint mura raibh comharthaí sóirt a bhaineann le VEID ar an duine.

8.5.

Is cinnte nach mórán rochtana a fhaigheann úsáideoirí drugaí ar chóireáil, cé go n-athraíonn an scéal ó thír go tír. Tríd is tríd, meastar nach bhfuil ach 8 % de na handúiligh drugaí ag fáil cóireáil fhrith-aisvíreasach, agus, as líon iomlán na ndaoine atá ag fáil cóireála, nach bhfuil sna handúiligh drugaí ach 20 % díobh sin. I gcomparáid leo siúd a bhfuil VEID orthu sa phobal i gcoitinne, is lú an seans go n-éireoidh le handúiligh drugaí an víreas a shochtadh. Is é is cúis leis sin gurb ísle an ráta ag a gcloíonn andúiligh drugaí leis an gcóireáil agus gurb é a tharlaíonn go minic go n-éiríonn siad as an gcóireáil sin. Mar thoradh air sin, tá SEIF ina bhaol níos mó báis i measc na n-andúileach drugaí sin a bhfuil stádas deimhneach VEID acu.

8.6.

Má táimid chun an sprioc a bhaint amach maidir le rochtain uilíoch ar chóireáil VEID a áirithiú, laistigh den Eoraip agus níos faide i gcéin, tá gá le cláir atá dírithe ar theagmháil a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí le handúiligh drugaí.

9.   Fir a mbíonn gnéas acu le fir eile

9.1.

Ar an iomlán, tá fir a mbíonn gnéas acu le fir eile 27 n-oiread níos mó i mbaol VEID a tholgadh ná an pobal i gcoitinne (6). Tá roinnt tosca bitheolaíocha ann a fhágann go bhfuil sé níos éasca VEID a tholgadh. Is trí ghnéas tóna gan chosaint is mó a tholgann fir a mbíonn gnéas acu le fir eile VEID. Is é an cleachtas gnéis sin an bealach is airde riosca chun VEID a tholgadh i gcomparáid le cleachtais ghnéis eile. Sa ghrúpa seo den daonra, is féidir leis an líon ard páirtithe gnéis a bhíonn ag duine agus úsáid fhorleathan substaintí áineasa, lena n-áirítear drugaí infhéitheacha (cleachtas ina dtarlaíonn caidreamh collaí ar a dtugtar ‘chemsex’ go minic), cur leis an líon ard cásanna VEID i measc fir a mbíonn gnéas acu le fir eile.

9.2.

Cé go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar scaipeadh VEID ar an iomlán, sin de thoradh teacht níos éasca a bheith ar an gcóireáil fhrith-aisvíreasach, níl an laghdú céanna tugtha faoi deara i measc fir a mbíonn gnéas acu le fir eile. Go deimhin féin, tá méadú tagtha ar líon na gcásanna VEID sa ghrúpa seo i roinnt mhaith tíortha san iarthar le blianta beaga anuas (7) agus tá méadú de réir a chéile ar líon na gcásanna ar tarchur sa ghrúpa seo is cúis leo.

9.3.

Cé go gcabhraíonn coiscíní le tarchur VEID agus ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha eile a chosc, ní bhaintear úsáid fhorleathan as coiscíní mar gheall ar bhacainní a thagann as tosca cultúrtha, oideachais agus soláthair i gcomhthéacsanna sóisialta agus seirbhísí sláinte éagsúla.

9.4.

Tá bacainní éagsúla ann maidir le rochtain a fháil ar uirlisí coisctheacha ina lán tíortha agus ina lán cúinsí ar leith mar gheall ar stiogma, homafóibe agus idirdhealú, rud a fhágann go mbíonn sé deacair rochtain a fháil ar sheirbhísí sláinte agus ar fhaisnéis chuí. Tá a lán cásanna ann de dhlíthe pionósacha a dhéanann coirpigh díobh siúd a mbíonn gnéas acu le daoine eile den inscne chéanna, rud a chuireann iallach orthu dul i bhfolach agus a ngnéaschlaonadh nó, níos measa fós, a bhféiniúlacht, a cheilt. Fiú nuair nach mbíonn idirdhealú follasach sna dlíthe, fágann stiogma agus eagla go mbíonn drogall ar dhaoine dul chomh fada le seirbhísí VEID, rud a fhágann nach mbíonn siad ar an eolas faoi na huirlisí atá ar fáil chun ionfhabhtú VEID a chosc.

9.5.

Bíonn tionchar ag stiogma freisin ar an teacht a bhíonn ag daoine ar thástáil agus ar fháthmheas. Is iomaí fear sa ghrúpa seo a thuairiscigh go raibh imní air faoin drochthuairim a d’fhéadfadh a bheith ag na gairmithe cúraim sláinte ina leith agus a chuireann an tástáil ar an méar fhada dá dheasca sin, agus gur fáthmheas déanach an toradh a bhíonn air sin go minic. Gan iad a bheith ar an eolas faoina stádas ionfhabhtaithe, ní bhíonn teacht ag na daoine sin ar dhrugaí frith-aisvíreasacha, drugaí a mbíonn éifeacht acu ar shláinte an duine a thógann iad, ach a laghdódh freisin an baol go ndéanfadh an duine sin an víreas a tharchur chuig páirtithe gnéis.

9.6.

Tá sé tugtha le fios ag a lán fear gurbh fhearr leo dul faoi thástáil i seirbhís nach cuid de na saoráidí cúraim sláinte traidisiúnta í. D’fhéadfadh cláir thástála a fhaigheann tacaíocht ón bpobal (eagraíochtaí neamhrialtasacha) a bheith ina mbealach iontach, i gcásanna éagsúla, chun an cosc a chur chun cinn agus seirbhísí tástála a chur ar fáil dóibh siúd is mó atá i mbaol agus a mbíonn rátaí ionfhabhtaithe níos airde ina measc.

9.7.

Lena áirithiú gur féidir an sprioc 90-90-90 a bhaint amach i gcás fir a mbíonn gnéas acu le fir eile, tá géarghá le comhar idir na pobail agus na hinstitiúidí.

10.   Imircigh

10.1.

Meastar go bhfuil thart ar 231 mhilliún imirceach ann ar fud an domhain. Fágann an imirce go mbíonn daoine go mór i mbaol ionfhabhtú VEID mar gheall ar thosca socheacnamaíocha agus polaitiúla. Go deimhin, tá sé aitheanta i roinnt tíortha gurb í an imirce an toisc riosca is airde maidir le VEID a tholgadh. Bíonn ar imircigh déileáil le bacainní ar bhonn laethúil, rud a fhágann gur deacair dóibh teacht a bheith acu ar sheirbhísí sláinte agus sóisialta. Fágann an t-eisiamh sóisialta go háirithe go mbíonn imircigh go mór i mbaol VEID a tholgadh.

10.2.

Is imircigh atá i gceist le níos mó ná aon trian de na cásanna nua VEID a fháthmheastar san Aontas Eorpach (8). Cé go bhfuil laghdú ag teacht ar an líon sin, is ó thíortha ina mbíonn VEID ag scaipeadh go rábach (an Afraic fho-Shahárach, mar shampla), a thagann leath de na himircigh a bhfáthmheastar VEID a bheith orthu, rud a thugann le fios gur óna dtír thionscnaimh a tháinig an t-ionfhabhtú. Mar sin féin, tá méadú ag teacht ar an méid fianaise a thugann le fios gur tar éis na himirce, sa tír óstach, a tholgtar líon mór de na hionfhabhtuithe (9). Níor cheart beag is fiú a dhéanamh, ach an oiread, den fhéidearthacht go dtolgfaí VEID le linn cuairteanna sealadacha ar an tír thionscnaimh.

10.3.

Is mná líon mór de na heachtrannaigh a bhfuil VEID orthu. Maidir le líon na gcásanna nua de VEID a fháthmheastar i measc shaoránaigh an Aontais Eorpaigh, is é 16 % céatadán na mban, ach ardaíonn an céatadán sin go 40 % i measc na n-eachtrannach – ar mná de bhunús na hAfraice den chuid is mó iad.

10.4.

Tugadh le fios i dtuarascáil de chuid ECDC a foilsíodh in 2017 (a bhí dírithe go hiomlán ar cheist na n-imirceach a bhfuil VEID orthu) go mbíonn deacrachtaí ag eachtrannaigh san Eoraip rochtain a fháil ar sheirbhísí coisctheacha VEID agus ar thástáil VEID. Is iad na príomhbhacainní a tugadh le fios an stiogma agus an t-idirdhealú, go háirithe i leith daoine ó thíortha ina bhfuil líon ard cásanna VEID (lena n-áirítear stiogma agus idirdhealú a dhéanann gairmithe cúraim sláinte). Dá thoradh sin, ní fhaigheann eachtrannaigh a bhfuil VEID orthu fáthmheas chomh luath céanna le saoránaigh an Aontais, agus comharthaí easpa imdhíonachta orthu cheana féin. A luaithe a thugtar an fáthmheas, bíonn fadhbanna ag eachtrannaigh, go háirithe iad siúd nach bhfuil ceadanna cónaithe dlíthiúla acu, rochtain a fháil ar an gcóireáil. Ní chuireann cúig thír déag an chóireáil fhrith-aisvíreasach cheart ar fáil d’eachtrannaigh, agus níor chomhlíon na tíortha sin na gealltanais a tugadh i gCoinbhinsiún Bhaile Átha Cliath in 2004 maidir le hidirdhealú agus sáruithe ar chearta na bpobal is laige agus is leochailí a chomhrac, ar pobail iad ar lú an chosaint a tugadh dóibh riamh is choíche.

An Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, Operational considerations for the provision of the HIV continuum of care for refugees from Ukraine in the EU/EEA, 5 Iúil 2022, Stócólm: ECDC, 2022.

(2)  In 2016, shínigh ceannairí domhanda Dearbhú Polaitiúil na Náisiún Aontaithe maidir le Deireadh a chur le SEIF, inar aithníodh an ról ríthábhachtach atá ag pobail maidir le habhcóideacht, rannpháirtíocht i gcomhordú freagairtí i leith SEIF agus soláthar seirbhísí. Ina theannta sin, d’aithin siad nach mór cur leis na freagairtí pobail i leith VEID agus a bheith tiomanta do 30 % ar a laghad de na seirbhísí a chur faoi stiúir an phobail faoi 2030.

(3)  Cé gur shínigh an tAontas Eorpach Coinbhinsiún Iostanbúl in 2017, níl sé daingnithe fós ag roinnt de na Ballstáit.

(4)  Is minic gurbh i luathbhlianta na heipidéime, nuair ba lú a bhí ar eolas faoi tharchur VEID agus gan aon chóireáil ar fáil, a ritheadh na rialacháin sin.

(5)  Is rud é sin a chuirtear in iúl le hAirteagal 25 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus le hAirteagal 35 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(6)  Cé go bhfuil baol ard tolgtha VEID ann ar fud an domhain i measc na bhfear a mbíonn gnéas acu le fir eile, tá éagsúlacht mhór sna rátaí ionfhabhtaithe ó limistéar go limistéar: is sa ghrúpa seo atá 50 % de na cásanna nua de VEID a thuairiscítear i Meiriceá Thuaidh agus in Iarthar na hEorpa, 47 % de na cásanna nua a thuairiscítear i Meiriceá Laidineach, thart ar 20 % de na cásanna nua a thuairiscítear in Oirthear na hEorpa, san Áise, sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh, agus 12 % de na cásanna nua a thuairiscítear san Afraic.

(7)  In iarthar na hEorpa, tháinig méadú beagnach 20 %, idir 2010 agus 2014, ar líon na ndaoine a bhfuil stádas deimhneach VEID acu i measc fir a mbíonn gnéas acu le fir eile. I gcás na bhfear san Iodáil, is sa ghrúpa sin a fheictear formhór na bhfáthmheasanna nua de VEID.

(8)  Tá éagsúlachtaí móra ó thír go chéile maidir leis an gcéatadán de chásanna nua VEID ar imircigh iad – 70 % i Lucsamburg agus sa tSualainn, agus 5 % i roinnt tíortha in Oirthear na hEorpa, mar atá, an Pholainn, an Liotuáin agus an Rómáin. Tá níos mó ná 10 dtír ann ina bhfuil an céatadán sin os cionn 50 %.

(9)  Maidir le meastacháin ar ionfhabhtuithe VEID a tolgadh tar éis na himirce, ar an líon is lú tá 2 % i measc imircigh as an Afraic fho-Shahárach a chuaigh chuig an Eilvéis agus ar an líon is mó tá 62 % i measc fir ghorma a mbíonn gnéas acu le fir eile, arb as Réigiún Mhuir Chairib dóibh agus ar chuig an Ríocht Aontaithe a chuaigh siad ar imirce.


18.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 293/42


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Faireachán a dhéanamh ar bhearta urghnácha agus ar athléimneacht an Aontais i réimse an fhuinnimh

(Tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne)

(2023/C 293/07)

Rapóirtéir:

Andrés BARCELÓ DELGADO

Comhairliúchán

Uachtaránacht na Spáinne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, 8.12.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Tústuairim)

Tústuairim

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

13.12.2022

Rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa rannóg

16.5.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.6.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

579

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

198/2/5

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1

Próiseas an téarnaimh ó phaindéim COVID-19 mar aon le fogha gan údar na Rúise faoin Úcráin, is iad is cúis le cur isteach suntasach ar chóras fuinnimh na hEorpa, rud a chuir go mór leis an imní atá ann i dtaca leis an tslándáil fuinnimh, a d’fhág praghsanna fuinnimh ag an leibhéal is airde riamh, agus a tharraing aird ar spleáchas iomarcach an Aontais ar ghás, ola, agus gual na Rúise.

1.2

Tá an-imní ar shochaí an Aontais faoin gcaoi ar féidir dul i ngleic leis an gcur isteach sin le gur féidir fás suntasach inbhuanaithe agus comhtháthú sóisialta a éascú san Aontas. Ní hamháin go mbaineann an dúshlán sin leis an bhfuinneamh ach baineann sé le hathléimneacht an Aontais, le huathriail straitéiseach oscailte an Aontais, le sochaí an Aontais, agus le hiomaíochas thionscail na hEorpa freisin.

1.3

A luaithe a d’fhág an ghéarchéim fuinnimh gurb airde ná riamh na praghsanna gáis agus leictreachais agus go raibh údar mór imní ann faoi shlándáil an tsoláthair fuinnimh, is é an beart a rinne an Coimisiún Eorpach agus an Chomhairle ar an bpointe boise roinnt boscaí uirlisí agus bearta éigeandála a sheoladh d’fhonn an spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú agus an t-ardú ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú.

1.4

Chruthaigh na bearta urghnácha a ghlac an tAontas go maith i dtaca le foinsí breosla iontaise an Aontais a éagsúlú agus i dtaca leis an Aontas a scaradh ó bhreoslaí iontaise na Rúise, ach níor éirigh chomh maith céanna leo i dtaca le costas na mbillí leictreachais a ísliú agus tháinig titim ar an éileamh dá thoradh sin, rud ar chabhraigh an geimhreadh séimh a bhí ann leis. Lena chois sin, ba é an t-éileamh ar fhuinneamh in earnáil na tionsclaíochta agus ó theaghlaigh ar ioncam íseal ba mhó ar imir na praghsanna airde gáis agus leictreachais tionchar óir is leochailí an t-éileamh sin i gcás praghsanna margaidh luaineacha.

1.5

Ar mhaithe leis an éifeachtacht, is fearr bearta aonfhoirmeacha a ghlacadh i measc na mBallstát d’fhonn an chothroime iomaíochta a áirithiú, ach amháin sna gnéithe sin a bhaineann le saoráidí nó bonneagar atá riachtanach. Bheadh difríochtaí ann ó Bhallstát go Ballstát sa chás go nglacfaí bearta ar an leibhéal náisiúnta, mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh difríochtaí ann ó thaobh na mbeartas cánach, na mbeartas maidir le fóirdheontais, agus na mbeartas rialála de, fad is a mhairfeadh na praghsanna arda fuinnimh.

1.6

Is é an iarmhairt a bhíonn ann de dheasca bearta neamhéifeachtacha a ghlacadh mar iarracht dul i ngleic le praghsanna ard fuinnimh ná laghdú ar an iomaíochas tionsclaíoch agus ar ioncam indiúscartha na dteaghlach de thoradh an tionchair arna imirt ar na rátaí boilscithe. Dá dheasca sin, bíonn sé an-deacair fás eacnamaíoch inbhuanaithe, fostaíocht, agus an leas sóisialta a áirithiú.

1.7

Caithfidh an beartas Eorpach a bheith ina thacaíocht d’fhís fhadtéarmach an Aontais an dá aistriú a bhaint amach agus tiomantas láidir a bheith ann gan dream ar bith a fhágáil ar lár. Ní leor bearta sealadacha a ghlacadh d’fhonn an borradh gearrthéarmach faoi phraghsanna an fhuinnimh a mhaolú. Cuireann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i bhfáth a thábhachtaí atá sé dlús a chur le forbairt mhórscála na bhfoinsí fuinnimh atá saor ó charbón trí na próisis cheadaithe a shimpliú le gur féidir deireadh tapa a chur leis an spleáchas ar bhreoslaí iontaise ó thríú tíortha, gealltanais maidir leis an athrú aeráide a chomhlíonadh, agus feabhas a chur ar an iomaíochas.

1.8

In éineacht leis an aistriú chuig ídiú fuinnimh atá dícharbónaithe ina iomláine, ba cheart praghsanna fuinnimh inacmhainne seasmhacha a bheith ann a d’éascódh infheistíocht ollmhór i ndícharbónú na dtionscal mór, na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna), agus na dteaghlach. Chuige sin, ní mór scéimeanna liúntais seasmhacha intuartha a bheith ann a dhíreofar ar na costais táirgthe iarbhír fhadtéarmacha agus nach mbeidh baint ag praghsanna breoslaí iontaise leo. Cuirfidh a leithéid de straitéis le feabhsú na hathléimneachta agus an neamhspleáchais fuinnimh.

1.9

Dá mbeadh praghsanna inacmhainne ann, d’fhéadfaí an leictriú a chur in áit na mbreoslaí iontaise a oiread agus is féidir, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí an gás ó fhoinsí in-athnuaite a úsáid i dtionscail ar deacair úsáid an gháis a laghdú iontu.

1.10

Tá sé riachtanach go mbeidh teacht ann ar amhábhair chriticiúla lena áirithiú go mbeidh timpeallacht chobhsaí ag na tionscail, go ndéanfaidh siad dul chun cinn i dtreo an dícharbónaithe, agus go seachnófar cur isteach ar an soláthar, rudaí a fhágfaidh go mbeidh an slabhra soláthair á chosaint i gcónaí.

2.   An iarraidh ón uachtaránacht i mbeagán focal

2.1

Rinne uachtaránacht na Spáinne atá le teacht ar an gComhairle tústuairim a iarraidh ar CESE maidir le Faireachán a dhéanamh ar bhearta urghnácha agus ar athléimneacht an Aontais i réimse an fhuinnimh.

2.2

Iarradh an tuairim seo i gcomhthéacs dheireadh phróiseas an téarnaimh ó phaindéim COVID-19 agus iarmhairtí fhogha gan údar na Rúise faoin Úcráin, dhá rud a chuir isteach go suntasach ar chóras fuinnimh an domhain, a chuir go mór leis an imní atá ann i dtaca leis an tslándáil fuinnimh, a d’fhág praghsanna fuinnimh ag an leibhéal is airde riamh, agus a tharraing aird ar spleáchas iomarcach an Aontais ar ghás, ola, agus gual na Rúise.

2.3

Tá ardú tagtha ar chostas na soláthairtí ón iasacht san Aontas, bia agus tráchtearraí, cuir i gcás, amhábhair chriticiúla san áireamh, agus tá imní ar shochaí an Aontais anois faoin gcaoi ar cheart aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin le gur féidir fás inbhuanaithe a éascú i ngeilleagar an Aontais.

2.4

Sa tuairim a iarradh, cuimseofar na bearta a glacadh le dul i ngleic leis an ngéarchéim fuinnimh, athléimneacht an Aontais, uathriail straitéiseach oscailte an Aontais, agus iomaíochas thionscail na hEorpa.

2.5

Is beag amhras ná go n-imreoidh a bhfuil ag titim amach sna Stáit Aontaithe le déanaí tionchar ar fhorbairt na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite, an bonn tionsclaíoch a bhaineann leo san áireamh, ach pléifear an méid sin i dtuairim ar leith.

2.6

Is leithne anois ná mar a bhíodh coincheap na huathrialach straitéisí, ó cuireadh an tionsclaíocht, an fuinneamh, an teicneolaíocht, agus an trádáil leis na saincheisteanna ar cuid de i gcónaí iad, mar atá an tslándáil agus an chosaint. Is cinnte go gcuirfear borradh suntasach faoi fhorbairt uathriail straitéiseach oscailte an Aontais sna réimsí éagsúla a sainaithníodh, de thoradh phlean téarnaimh agus athléimneachta an Aontais, Next Generation EU.

2.7

I gcomparáid le príomh-chomhpháirtithe trádála na hEorpa, is é crann taca na saorthrádála córa éifeachtaí riailbhunaithe é an tAontas, agus tá sé chun tosaigh freisin i dtaca leis an ngeilleagar oscailte a chur chun cinn agus an chaomhnaitheacht a sheachaint. Mar sin féin, sa chreat idirnáisiúnta atá ann faoi láthair, beidh an-dúshlán ag baint leis an riachtanas cothromaíocht a bhaint amach idir beartas tionsclaíochta neamhspleách agus oscailteacht don trádáil.

Ní mór don Aontas Eorpach infheistíocht a mhealladh chun feabhas a chur ar an táirgeadh tionsclaíoch, an soláthar fuinnimh agus amhábhar criticiúil a dhaingniú, agus, san am céanna, an t-aistriú tionsclaíoch chuig sochaí dícharbónaithe a chur chun cinn, ceannródaíocht teicneolaíochta a chothú i réimsí straitéiseacha, agus an margadh aonair arb é bunchloch an Aontais é a chaomhnú, óir is é sin an chaoi is fearr le sochaí níos saibhre a bhaint amach san Aontas agus poist ardcháilíochta a chosaint agus a chur chun cinn ann.

2.8

An t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach atá ag teastáil ar an tionsclaíocht agus ar an tsochaí, caithfidh siad an tsamhail Eorpach a chosaint, agus an bhéim a choinneáil ar na saoránaigh i gcónaí. Is é sin le rá, i dtaca le poist a chosaint agus poist nua ardcháilíochta a chur chun cinn, caithfear an lucht saothair a athsciliú agus a uas-sciliú, agus gealltanas láidir a thabhairt nach bhfágfar aon dream ar lár.

2.9

Na comhghuaillíochtaí tionsclaíocha a chuireann an Coimisiún chun cinn i láthair na huaire, ní mór dóibh infheistíocht agus nuálaíocht a dhíriú ar sholáthar na n-amhábhar, ar chur chun tosaigh na hathchúrsála, agus ar chur chun cinn na teicneolaíochta i réimsí ar leith. De bhreis air sin, ní mór a áirithiú i gcónaí go bhfuil na slabhraí soláthair domhanda riachtanacha ag teacht le rialacha agus treoirlínte an Aontais agus na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE).

2.10

Mar fhocail scoir, sa chomhthéacs geopholaitiúil nua atá anois ann, dealraíonn sé gurb iad na trí shaincheist sin – na spleáchais chriticiúla, an uathriail straitéiseach, agus slabhraí soláthair na n-acmhainní straitéiseacha agus na n-acmhainní fuinnimh – na saincheisteanna ar a mbunófar an caidreamh idir na stáit agus na bloic éagsúla. Ní mór don Aontas a bheith níos neamhspleáiche ó thaobh na rochtana ar acmhainní fuinnimh inbhuanaithe agus ar amhábhair de, d’fhonn cothroime iomaíochta a bhaint amach sa tionsclaíocht.

2.11

Is chuige sin a d’iarr uachtaránacht na Spáinne tuairim a ullmhú maidir leis an athléimneacht, an uathriail straitéiseach, an tsochaí, agus iomaíochas thionscail na hEorpa, d’fhonn codanna tábhachtacha den gheilleagar a chur ar bun sa bhaile an athuair, comhordú níos fearr a dhéanamh, agus beartas tionsclaíoch a cheapadh a bheidh comhtháite níos mó sna spleáchais chriticiúla, rudaí a bheidh ina mbunchlocha láidre ar ar féidir an dá aistriú a thógáil.

2.12

Mar sin féin, caithfear tabhairt faoi neartú na tionsclaíochta ar bhealach atá fite fuaite leis na hiarrachtaí an tsaorthrádáil idirnáisiúnta chóir a ngabhann caighdeáin íosta shóisialta léi a chosaint. Beidh sé ríthábhachtach cothroime iomaíochta an Aontais a chosaint trí fheabhas a chur ar bhosca uirlisí an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí saofa a bhíonn ag na fóirdheontais eachtracha ar an margadh aonair.

2.13

Ar deireadh, ba cheart faireachán a dhéanamh ar an athléimneacht i gcúrsaí fuinnimh agus ar an tsamhail rialála fuinnimh atá ann faoi láthair, ar samhail í nach bhfuil ag éirí léi dul i ngleic leis an éileamh ó thomhaltóirí (teaghlaigh agus gnólachtaí) ar sholáthar deimhin fuinnimh atá glan agus inacmhainne.

3.   Cúlra

3.1

Tá géarchéim fuinnimh ann nach bhfacthas a leithéid riamh cheana agus tá an Eoraip ina lár. Tá praghas an-ard go deo ar an ngás agus ar an leictreachas agus tá cúiseanna móra imní ann i dtaca le slándáil an tsoláthair fuinnimh. Imríonn an méid sin go léir drochthionchar ar an ngeilleagar ina iomláine mar gheall ar a thábhachtaí atá ídiú an fhuinnimh agus an chuid is mó de na hearraí agus seirbhísí á dtáirgeadh agus is measa fós an scéal de dheasca a laghad amhábhair a bhfuil fáil orthu. De dheasca fhogha na Rúise faoin Úcráin, is measa fós drochthionchar na bpraghsanna arda fuinnimh, agus fágann an méid sin go bhfuil iomaíochas thionscail na hEorpa agus ioncam na dteaghlach á gcur i mbaol.

3.2

Tá beartais éagsúla á gcur chun feidhme sa dá réimse sin dá thoradh, ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta, d’fhonn iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha dhrochthionchar an oll-ardaithe ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú. De bhreis air sin, mar gheall ar an ngéarchéim fuinnimh, tá díospóireacht phoiblí ar bun anois, ní hamháin faoin spleáchas fuinnimh ach faoin uathriail straitéiseach freisin.

3.3

An tuairim a bhfuil glacadh forleathan léi gur gá dlús a chur leis an aistriú ‘glas’ agus an aistriú ‘cóir’ ar gheilleagar na hEorpa chuig geilleagar agus sochaí a bheidh dícharbónaithe ina n-iomláine d’fhonn an spleáchas ar fhuinneamh ó fhoinsí seachtracha a laghdú, is ceann de na bunchlocha í ar ar bunaíodh na bearta a glacadh in 2022. I measc na dtairbhí díreacha arna n-eascairt as úsáid ollmhór na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite, tá praghsanna fuinnimh inacmhainne seasmhacha agus ceannaireacht i réimse na dteicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite, rud a mbaineann tairbhí fadtéarmacha leis agus luach eacnamaíoch á chruthú agus á choinneáil san Aontas, agus éascaíonn an méid sin an fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus an comhtháthú sóisialta.

3.4

Thosaigh méadú suntasach ag teacht ar phraghsanna fuinnimh sa dara leath de 2021, a luaithe a thosaigh geilleagair an Aontais ag filleadh ar an leibhéal gníomhaíochta a bhí ann roimh an bpaindéim. Imríodh drochthionchar ar an Aontas, áfach, de dheasca fhogha na Rúise faoin Úcráin, rud a chuir isteach ar ghnéithe criticiúla amhail slándáil an tsoláthair fuinnimh. Aistríodh an riosca sin isteach sna margaí fuinnimh mar thoradh ar chinneadh na Rúise soláthairtí gáis chuig roinnt Ballstát den Aontas a chur ar fionraí.

3.5

Thug an tAontas freagra gan mhoill air sin ag deireadh mhí an Mhárta 2022, tráth ar cinneadh deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas seachtrach an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise. Ba é toradh deireadh an tionscnaimh sin an cinneadh ón gComhairle i mí na Bealtaine 2022 cosc a chur ar bheagnach 90 % de na hallmhairí ola ón Rúis faoi dheireadh 2022. I dteannta an bhirt sin, iarradh go ndéanfaí éagsúlú ar na soláthairtí fuinnimh agus ar na hacmhainní fuinnimh, go gcuirfí dlús le húsáid mhórscála na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite, agus go gcuirfí feabhas ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus ar an mbonneagar fuinnimh, mar a luaitear sa Phlean REPowerEU.

3.6

An chéad bheart a bhí ann an dlúthpháirtíocht a chur chun cinn i measc Bhallstáit an Aontais i gcás ganntanas gáis. Rinneadh ceannach comhpháirteach an gháis a chur chun cinn freisin, ar mhaithe leis na soláthairtí gáis a éagsúlú agus a dhaingniú, d’fhonn teorainn a chur le drochthionchar na bpraghsanna gáis sa mhargadh gáis agus sa mhargadh leictreachais araon, agus tugadh isteach praghas tagartha gáis nua ar léiriú níos fearr é ar an aistriú ó phiblínte gáis go críochfoirt gáis nádúrtha leachtaithe (GNL). Measadh nach raibh éifeacht a thuilleadh le mol gáis fíorúil na Saoráide Aistrithe Teidil a mbíodh glacadh forleathan leis go dtí sin.

3.7

Lena chois sin, is é an bealach is simplí leis an spleáchas ar an ngás ón iasacht a laghdú ná an t-éileamh ar ghás a laghdú, rud a mbíonn tionchar aige ní hamháin ar ghnáthídiú an gháis ach ar an leictreachas a ghintear in aonaid imeallacha chomh-thimthrialla freisin. Dá réir sin, thángthas ar chomhaontú go ndéanfaí an t-éileamh ar ghás a laghdú faoi 15 %.

3.8

Ar deireadh, ar cheann de na gnéithe criticiúla is tábhachtaí a bhain leis an soláthar gáis a dhaingniú ba ghá na saoráidí stórála gáis a athshlánú d’fhonn an soláthar fuinnimh a áirithiú ar feadh an gheimhridh. I ndeireadh na dála, beartaíodh ar cheanglas ráta líonta 80 % le haghaidh an gheimhridh agus ceann 90 % le haghaidh na ngeimhrí amach anseo.

3.9

I dteannta na mbeart a beartaíodh i dtaca leis na soláthairtí gáis a dhaingniú, bhí gá le beart a dhéanamh i dtaca leis an ardú as cuimse a tháinig ar na praghsanna fuinnimh d’fhonn damáiste don iomaíochas tionsclaíoch agus d’ioncam na dteaghlach a sheachaint. An 6 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle trí bheart d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na praghsanna arda fuinnimh. Ar an gcéad dul síos, i dtaca leis an éileamh ar leictreachas, leagadh síos sprioc dheonach an t-éileamh a laghdú faoi 10 % agus sprioc éigeantach é a laghdú faoi 5 % i rith na mbuaicuaireanta éilimh go dtí deireadh an gheimhridh. Ar an dara dul síos, socraíodh caidhp phraghais EUR 180/MWh le haghaidh na dteicneolaíochtaí infrimeallacha d’fhonn an brabús amhantair de thoradh praghsanna arda gáis a sheachaint, rud a d’fhág i dtaca leis an ioncam a fhaightear sa bhreis ar leibhéal na caidhpe praghais, gur gá an t-ioncam sin a athdháileadh ar na húsáideoirí deiridh le costas a mbillí fuinnimh a mhaolú. Ar an tríú dul síos, tugadh tobhach dlúthpháirtíochta isteach a gearradh ar na gcuideachtaí siúd in earnáil na mbreoslaí iontaise a tháinig ardú 20 % ar an meán ar a gcuid brabúis ó bhí 2018 ann. Sa deireadh thiar thall, cuireadh leis na bearta sin go léir a raibh baint acu leis an mbille fuinnimh nuair a tugadh sásra isteach le teorainn EUR 180/MWh a chur le praghsanna gáis na Saoráide Aistrithe Teidil i gcúinsí ar leith, rud a formheasadh an 19 Nollaig 2022, in éineacht le caidhp phraghais USD 60 an bairille ar ola ón Rúis.

3.10

Is fiú a chur in iúl gur tugadh solúbthacht áirithe do na Ballstáit i dtaca le cur chun feidhme na rialacha sin.

3.11

Is é an bunsmaoineamh atá ann gurb iad na bearta is éifeachtaí i dtaca leis an spleáchas ar fhuinneamh ón iasacht na bearta siúd a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a úsáid agus meastar gur mór an chabhair na hiarrachtaí an úsáid sin a éascú. Ina fhianaise sin, ceadaíodh nósanna imeachta ceadaithe níos tapa ar bhonn sealadach le haghaidh acmhainní in-athnuaite. Lena chois sin, cuireadh tús cheana féin le díospóireacht fhairsing faoi chruth an mhargaidh leictreachais atá ann faoi láthair agus faoina chumas an t-ugach ceart a thabhairt le hinfheistíocht a mhealladh agus leis an soláthar fuinnimh agus inacmhainneacht na bpraghsanna a chinntiú do na húsáideoirí deiridh san am céanna. Ar deireadh, is é an chuid deiridh den scéim sin an togra le haghaidh an Ghnímh um an Tionscal Glan-nialasachta, arb é is aidhm leis éiceachóras monaraíochta táirgí teicneolaíochta glan-nialasaí na hEorpa a neartú.

4.   Slándáil an tsoláthair, éileamh ar fhuinneamh, agus praghsanna

4.1

A luaithe a d’fhág an ghéarchéim fuinnimh go raibh na praghsanna gáis agus leictreachais níos airde ná riamh, bheartaigh an Coimisiún agus an Chomhairle leas a bhaint as na bearta éigeandála atá leagtha amach in Airteagal 122 agus Airteagal 194 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus sheol siad roinnt boscaí uirlisí agus bearta éigeandála nach raibh ach tionchar beag acu ar luaineacht na bpraghsanna fuinnimh sna Ballstáit. Go deimhin, maolaíodh mórluaineacht an mhargaidh trí bhíthin praghsanna fuinnimh na n-úsáideoirí deiridh óir is é an gnáthrud é go gcumhdaítear tréimhse aon bhliana amháin sna conarthaí a úsáidtear sa chuid is mó de na margaí.

4.2

Tháinig ardú as cuimse ar na praghsanna i margadh an CO2 ó 2020 i leith. Is é an meánphraghas a bhí ar lamháltas astaíochtaí de chuid an Aontais in 2020 EUR 24,84, i gcomparáid le EUR 80,87 in 2022 agus EUR 89,23 i mí an Mhárta 2023. Is é EUR 91,82 an meánphraghas míosúil is airde a bhí ann i mí Feabhra 2022, rud atá i bhfad Éireann níos mó ná EUR 19,83 a bhí ann i mí an Mhárta 2020 le linn dhianghlasáil COVID-19. Níor glacadh aon bheart urghnách d’fhonn aghaidh a thabhairt ar dhrochthionchar an méid sin ar phraghsanna fuinnimh na n-úsáideoirí deiridh.

4.3

Tá CESE i bhfabhar an tionscnaimh a dhíríonn ar sholáthairtí fuinnimh a chinntiú, go háirithe na soláthairtí gáis. Ina fhianaise sin, ar bhonn gearrthéarmach, meastar gur maith an rud iad na gníomhaíochtaí tosaíochta lena ndearnadh iarracht aghaidh iomchuí a thabhairt ar na príomhúdair imní a bhaineann le foinsí gáis agus leis an gcumas soláthairtí GNL a chur in ionad allmhairí gáis ó phíblínte na Rúise.

4.4

Sna staitisticí míosúla i dtaca le foinsí gáis an Aontais, léirítear go soiléir go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta i dtaobh roghanna eile a úsáid in áit soláthairtí gáis ó phíblínte na Rúise ó bhí mí na Bealtaine 2022 ann. Fágann sé sin go bhfuil na bearta arna ndéanamh ag gníomhaithe an mhargaidh ailínithe go hiomlán le bearta urghnácha an Aontais atá dírithe ar fhoinsí eile a úsáid ar bhonn gearrthéarmach in áit ghás na Rúise.

4.5

Mar sin féin, feictear do CESE freisin gur tháinig laghdú suntasach ar an éileamh ar ghás agus ar leictreachas ó thosaigh an cogadh. An t-ardú ar phraghsanna fuinnimh an Aontais agus an t-imní mór atá ann faoi shlándáil an tsoláthair fuinnimh, is é is dóichí gurb iad sin is cúis leis an laghdú a thit amach ós rud é gur tharla an titim ar éileamh san am céanna a tháinig ardú mór tobann ar phraghsanna sa tríú ráithe. De bhreis air sin, bhí aimsir shéimh ann sa gheimhreadh, rud a chabhraigh leis an éileamh a ísliú.

4.6

Ba cheart a chur san áireamh gurb airde éileamh comhréireach na FBManna ar an leictreachas, agus gurb é an gnáthghás a úsáidtear sa tionsclaíocht agus le haghaidh téamh, den chuid is mó. Tugann sé sin le fios gurb é an t-éileamh tionsclaíoch is mó ar imríodh tionchar air de dheasca phraghsanna arda an gháis agus an leictreachais, ar cineál éilimh é ar mó an chontúirt dó praghsanna luaineacha na margaí. Ó thaobh na dteaghlach de, cuireadh isteach go mór ar chustaiméirí leochaileacha de dheasca an ardaithe ar phraghsanna an gháis agus an leictreachais araon.

4.7

Is éard a shíleann CESE maidir leis na bearta urghnácha a ghlac an tAontas, gur chruthaigh siad go maith i dtaca le foinsí gáis a éagsúlú, ach nach raibh siad chomh héifeachtach céanna i dtaca le haghaidh a thabhairt ar chostas na mbillí fuinnimh, agus gur imríodh tionchar ar an éileamh ar fhuinneamh dá réir.

4.8

Tuigeann CESE i gceart an dúshlán ollmhór a bhaineann le soláthairtí gáis a chinntiú agus geimhreadh 2022/2023 ag druidim chun deiridh. An ceanglas ráta líonta 90 % a chleachtadh sna saoráidí stórála gáis le haghaidh na ngeimhrí amach anseo, tá sé riachtanach má táthar chun na soláthairtí fuinnimh a chinntiú. I láthair na huaire, tá toilleadh stórála gáis an Aontais le haghaidh na chéad ráithe níos airde ná riamh. De bhreis air sin, d’fhéadfadh an tionscnamh chun gás a cheannach ar bhonn comhpháirteach cuidiú leis an mbaol a mhaolú. Mar sin féin, ní mór don Aontas a bheith dírithe, thar aon ní eile, ar dheireadh iomlán a chur leis an spleáchas ar an ngás nádúrtha.

4.9

Creideann CESE gurbh fhearr bearta aonfhoirmeacha a ghlacadh i measc na mBallstát d’fhonn an chothroime iomaíochta a áirithiú, ach amháin sna gnéithe sin a bhaineann le saoráidí nó bonneagar atá riachtanach. Na bearta a glacadh ar leibhéal an Aontais chun dul i ngleic le costas na mbillí fuinnimh, níl siad ailínithe leo siúd a glacadh ar an leibhéal náisiúnta, rud a fhágann gur féidir gur ann do bheartais dhifriúla i dtaca leis an gcáin, le fóirdheontais, agus leis an rialáil, agus tá na praghsanna fuinnimh ard i gcónaí ar gach leibhéal.

5.   Athléimneacht, neamhspleáchas fuinnimh, agus ról na tionsclaíochta

5.1

Is iad na praghsanna fuinnimh is mó is cúis leis na rátaí arda boilscithe atá le feiceáil ar fud an Aontais. Tá an t-iomaíochas tionsclaíoch agus ioncam indiúscartha na dteaghlach araon á gcreimeadh acu, rud a fhágann go bhfuil sé an-deacair an fás eacnamaíoch inbhuanaithe, fostaíocht, agus an leas sóisialta a áirithiú.

5.2

An freagra tapa a tugadh, a raibh cur chun feidhme na mbeart urghnách mar chuid de, chruthaigh sé go maith ar leibhéal an Aontais i dtaca le hardú na bpraghsanna fuinnimh a mhaolú ar fud an gheilleagair ina iomláine. Os a choinne sin, dea-shampla den tionscnamh náisiúnta ar éirigh leis is ea cás eisceachtúil na hIbéire, maolú lenar ceadaíodh an praghas margaidh mórdhíola a laghdú faoi 18 % in 2022. Mar thoradh air sin, tá ráta boilscithe na Spáinne ar cheann de na rátaí boilscithe is ísle faoi láthair. Mar sin féin, tá sé léirithe go soiléir gurb iad na praghsanna fuinnimh is cúis leis an ardú ar an ráta boilscithe agus nár leor bearta sealadacha chun an patrún sin a mhaolú.

5.3

I dtaca leis sin, na bearta sealadacha a glacadh, bhí siadsan dírithe ina n-iomláine ar an mborradh faoi phraghsanna an fhuinnimh a mhaolú sa ghearrthéarma. Mar sin féin, tá fís fhadtéarmach ag teastáil i mbeartas an Aontais má táthar chun an bealach a réiteach don dá aistriú.

5.4

Cuireann CESE i bhfáth a thábhachtaí atá sé dlús a chur ar bhonn práinne le húsáid mhórscála na bhfoinsí fuinnimh atá saor ó charbón, trí bhíthin próisis cheadaithe a éascú. Ón taobh praiticiúil de, caithfidh go mbeidh sé mar thoradh air sin go gcuirfear deireadh leis an spleáchas ar bhreoslaí iontaise tríú tíortha, go gcomhlíonfar na gealltanais maidir leis an athrú aeráide, agus go gcuirfear feabhas ar an iomaíochas.

5.5

In éineacht leis an aistriú chuig ídiú fuinnimh atá dícharbónaithe ina iomláine, cuireann CESE i bhfios go láidir gur cheart praghsanna fuinnimh inacmhainne seasmhacha a bheith ann a d’éascódh infheistíocht ollmhór i ndícharbónú na dtionscal mór, na FBManna, agus na dteaghlach.

5.6

Ní bhainfear amach inacmhainneacht an fhuinnimh ach amháin má chothaítear infheistíocht mhór i dteicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite aibí agus an tsolúbthacht a chur chun cinn trí bhíthin creat iomaíoch. Cuirfidh a leithéid de straitéis le feabhsú na hathléimneachta agus an neamhspleáchais fuinnimh.

5.7

Creideann CESE, má táthar chun an leas is fearr is féidir a bhaint as an straitéis sin, gur gá scéimeanna liúntais le haghaidh foinsí fuinnimh in-athnuaite a dhíriú ar na costais táirgthe iarbhír fhadtéarmacha. Is cuid lárnach de chur chun cinn na hinacmhainneachta na praghsanna leictreachais a scaradh ó phraghsanna na mbreoslaí iontaise. De bhreis air sin, is cuid lárnach de chur chun cinn na cobhsaíochta agus na hintuarthachta é deireadh a chur leis na bacainní atá ar chonarthaí fadtéarmacha.

5.8

De réir na paraidíme nua sin, is fearr a sheasfadh na teaghlaigh agus na tionscail na costais a bhaineann le spriocanna an aistrithe fuinnimh a bhaint amach. Is éard atá sa phróiseas sin, go bunúsach, an leictriú a chur in áit na mbreoslaí iontaise a oiread is féidir agus leas a bhaint as an ngás ó fhoinsí in-athnuaite sna tionscail ar deacair úsáid an gháis a laghdú iontu.

5.9

Ní mór a chur in iúl go bhfágfadh úsáid nua an leictreachais agus an gháis in-athnuaite gur gá rochtain a bheith ann ar amhábhair chriticiúla in an-chuid próisis chriticiúla, ní hamháin i dtáirgeadh agus in ídiú an fhuinnimh ach ar fud an tslabhra soláthair ina iomláine. Dá bhrí sin, caithfidh go mbeidh sé ar an rud is mó ar a ndíreoidh beartais an Aontais timpeallacht fhabhrach a chinntiú don tionsclaíocht d’fhonn cur isteach ar an soláthar a sheachaint.

5.10

Tá ról lárnach ag an lucht tionscail san obair seo ar dhá bhealach. Ar an gcéad dul síos, ní mór dóibh a áirithiú go mbainfear úsáid fhónta as na hamhábhair chriticiúla d’fhonn tráchtearraí, fuinneamh, agus earraí riachtanacha eile a tháirgeadh don gheilleagar. Ar an dara dul síos, ós rud é go bhfuil earnáil na tionsclaíochta ar cheann de na hastaírí is mó gáis ceaptha teasa, ní mór an fuinneamh dícharbónaithe a úsáid i bpróisis inmheánacha na hearnála céanna. San obair sin go léir, ní mór ‘bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh’ a bheith chun tosaigh i gcónaí.

5.11

Ar deireadh, ní mór dhá cheanglas eile a chomhlíonadh má táthar chun an t-aistriú glas, an t-aistriú digiteach, agus an t-aistriú cóir a bhaint amach in earnáil na tionsclaíochta. Ar thaobh amháin, mar a luadh cheana, ní mór an slabhra soláthair a chosaint agus, ar an taobh eile, ní mór a chinntiú go bhfuil na scileanna is gá ag an lucht saothair ionas gur féidir leo dul in oiriúint do na hathruithe atá ar bun. Ní mór béim ar leith a chur ar chláir oiliúna agus cháilíochta, ráthaíochtaí fostaíochta, mar aon le deiseanna athsciliú a dhéanamh agus tabhairt faoin mbreisoideachas.

An Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


18.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 293/48


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An chóir chomhionann do dhaoine óga i margadh an tsaothair

(tuairim féintionscnaimh)

(2023/C 293/08)

Rapóirtéir:

Michael McLOUGHLIN

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

Bunús dlí

20.1.2022

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

31.5.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

15.6.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

579

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

217/0/6

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1

Ní thugtar mórán airde ar phá íosta don óige sa Treoir a eisíodh le déanaí maidir le leordhóthanacht pá íosta san Aontas. Ní leagtar cur chuige amach ann a oireann do chách. Os a choinne sin, ina cáil mar chreat cothrománach, freastalaíonn sí ar thraidisiúin agus ar phointí tosaigh éagsúla agus neartaíonn sí ról na gcomhpháirtithe sóisialta agus na cómhargála. Dá thoradh sin, is ar dhóigheanna éagsúla a chaitear le ‘pá íosta don óige’ ó Bhallstát go Ballstát, rud nach mór a bhreithniú a dhéanamh ina thaobh. Molann Coiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa (CESE) don Choimisiún Eorpach, do na Ballstáit agus do na comhpháirtithe sóisialta machnamh a dhéanamh ar an tsaincheist sin i gcomhréir leis an Treoir agus de réir an mholta ón gComhairle atá beartaithe maidir leis an idirphlé sóisialta san Aontas a neartú. Iarrann CESE ar na Ballstáit agus ar na comhpháirtithe sóisialta a lánrogha a fheidhmiú ar bhealach neamh-idirdhealaitheach.

1.2

Dar le CESE, deis a bhí i mBliain Eorpach na hÓige 2022 breathnú ar shaincheisteanna móra a mbíonn tionchar acu ar dhaoine óga agus tionscnaimh bheartais shuntasacha a ghlacadh a rachaidh chun tairbhe dá seasamh sa tsochaí nó a fhéachfaidh le tionchar a imirt air. I bhfianaise a thábhachtaí atá rannpháirtíocht thairbheach daoine óga i margadh an tsaothair, ba cheart gur eispéireas dearfach a bheidh acu agus páirt á glacadh acu ann den chéad uair. Is mó dochar ná maitheas a dhéanann bearta lena bhfágtar iad faoi mhíbhuntáiste de bharr a n-aoise agus sin amháin. I ndáil leis sin, is díol sásaimh do CESE Bliain Eorpach na Scileanna, a seoladh go hoifigiúil an 9 Bealtaine 2023 mar spreagadh polaitiúil don fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Cruthaítear léi móiminteam nua chun spriocanna sóisialta an Aontais a bhaint amach faoi 2030.

1.3

Más ann do rialacha difriúla do dhaoine óga maidir le sochair dhífhostaíochta agus íocaíochtaí cúnaimh, d’fhéadfaí cur isteach ar staid daoine óga i margadh an tsaothair agus ar a gcumas a gcearta chun saorghluaiseachta san Aontas a fheidhmiú. Tá an inniúlacht ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir le struchtúr agus ábhar a gcóras slándála sóisialta. Iarrann CESE orthu prionsabal an neamh-idirdhealaithe a urramú agus iad i mbun na hoibre sin, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an tsaorghluaiseacht. Molann CESE don Choimisiún oibriú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis na comhpháirtithe sóisialta chun sonraí agus cleachtais náisiúnta a bhailiú freisin i bhfianaise an mholta nua ón gComhairle maidir leis an idirphlé sóisialta san Aontas a neartú, agus scrúdú á dhéanamh ar an ábhar sin.

1.4

Is minic gur céim chinntitheach le haghaidh lánpháirtiú gairmiúil iad na hintéirneachtaí i dtimpeallacht ghairmiúil a thairgtear do dhaoine óga. Is féidir tionchar an-diúltach a bheith ag intéirneachtaí gan phá agus intéirneachtaí neamhchúitithe ar eispéireas daoine óga i margadh an tsaothair. Tugann CESE dá uídh an rún a ghlac an Coiste sa seisiún iomlánach a bhí aige i mí na Nollag 2022 agus an rún a rith Parlaimint na hEorpa agus molann sé d’institiúidí agus do chomhlachtaí eile an Aontais, lena n-áirítear an Coimisiún, breis spéise a chur sa cheist seo chun a dtiomantas do dhaoine óga a léiriú go follasach tar éis Bhliain Eorpach na hÓige. Tarlaíonn sé in amanna nach n-íoctar daoine i mbun tréimhsí taithí oibre atá an-ghearr agus socrúchán oideachais atá aitheanta agus comhaontaithe go hoifigiúil. Mar sin féin, i gcás intéirneachtaí fadtéarmacha ina mbíonn daoine i mbun na hoibre céanna a dhéanann fostaithe íoctha, ba cheart íocaíocht a bheith ag gabháil leo. Deirtear sa suirbhé Eorabharaiméadair go raibh luach saothair á fháil ag formhór na n-oiliúnaithe agus go raibh rochtain acu ar chosaint shóisialta (1).

1.5

Ag teacht sna sála ar Bhliain Eorpach na hÓige agus ar thionscnaimh eile, is mó béim atá curtha ar shaincheisteanna a bhaineann leis an óige le gairid. Togra amháin a cuireadh chun cinn ná Measúnú tionchair an Aontais Eorpaigh ó thaobh na hóige de chun an measúnú ar thionchar gach beartais nua ar dhaoine óga a phríomhshruthú. Ba é Fóram Eorpach na nÓg a chuir an smaoineamh sin chun cinn agus bhí sé ina ábhar do thuairim ó CESE a foilsíodh in 2022. Tacaíonn CESE go láidir leis an gcur chuige sin maidir le ceapadh beartas mar a leagtar amach i dtuairim a foilsíodh in 2022 (2).

1.6

Tá géarchéim COVID-19 agus an cogadh san Úcráin tar éis dochar suntasach a dhéanamh do gheilleagar na hEorpa. Ainneoin na n-iarrachtaí a rinne cuideachtaí fostaíocht a choinneáil, bhí iarmhairtí aige sin ar shaoránaigh na hEorpa agus go háirithe ar dhaoine óga.

1.7

Is geata tábhachtach anois iad tréimhsí oiliúna trína dtéann daoine óga isteach i margadh an tsaothair. Ar mhaithe le rochtain ar fhostaíocht a éascú, ba cheart ábhar foghlama ar ardcháilíocht agus dálaí oibre leordhóthanacha a bheith i gceist le tréimhsí oiliúna agus níor cheart iad a thairiscint in ionad gnáthphost ná mar réamhchoinníoll le haghaidh socrú poist. I bhfianaise na staide reatha, is ag méadú atá an imní, go háirithe i measc daoine óga, go bhféadfadh an ghéarchéim sláinte agus iarmhairtí an chogaidh san Úcráin a bheith ina gcúis le meath ar dhálaí d’oiliúnaithe. Is é an aidhm atá ag an gCoimisiún féachaint an bhfuil an creat ardchaighdeáin do chúrsaí oiliúna á chur chun feidhme i gceart.

2.   Réamhrá

2.1

Ainmníodh 2022 mar Bhliain Eorpach na hÓige agus chuir CESE in iúl sa tuairim uaidh Bliain Eorpach na hÓige gur mian leis go ndíreofaí i mbliana ar phríomhréimsí beartais do dhaoine óga agus nach leor imeachtaí agus deiseanna poiblíochta amháin. Tá a leithéid sin de mhothúcháin agus tuairimí curtha in iúl ag daoine óga, go háirithe ó tharla gur tugadh isteach Bliain Eorpach na hÓige go measartha tobann. Is léir go bhfuil an taithí atá ag daoine óga maidir le dul isteach i margadh an tsaothair agus páirt a ghlacadh ann ar cheann de na saincheisteanna beartais is tábhachtach don ghlúin sin ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon.

2.2

Sa ré seo i ndiaidh COVID-19, tá béim nua ar riachtanais an mhargaidh saothair (riachtanais atá ag athrú), ar chineálacha nua oibre, ar scileanna nua, ar an dúshlán a bhaineann le filleadh ar an áit oibre agus ar an timpeallacht hibrideach a d’fhéadfadh a bheith ann, agus ar na deiseanna agus na rioscaí uile a bhaineann leis sin. Níos tábhachtaí fós, is eol don saol go raibh daoine óga thíos go mór le paindéim COVID-19. Is é sin ceann de na cúiseanna ar ainmníodh 2022 mar Bhliain Eorpach na hÓige. Níor bhain daoine óga amach garspriocanna ríthábhachtacha ina bhforbairt phearsanta agus shóisialta le linn na paindéime. Anuas air sin, bhí tionchar mór ag an bpaindéim ar oideachas daoine óga agus ar a rannpháirtíocht i margadh an tsaothair.

2.3

Tá roinnt beartais ábhartha ag an Aontas Eorpach i dtaca le daoine óga lena áirithiú go gcuirfear san áireamh iad a mhéid is féidir sa tsochaí agus go bhfuil na deiseanna céanna acu is atá ag gach cuid eile den tsochaí. I nDearbhú na Bratasláive ó 2016, d’iarr ceannairí an Aontais go mbeadh todhchaí eacnamaíoch ann a bhfuil gealladh fúithi do chách, go gcosnófaí an tslí bheatha atá againn agus go gcuirfí deiseanna níos fearr ar fáil do dhaoine óga. Ar an gcaoi chéanna, sa bhrollach a ghabhann le Colún na gCeart Sóisialta luaitear ‘gur minic a bhíonn dúshláin chomhchosúla le sárú ag na Ballstáit, amhail neamhionannas suntasach, dífhostaíocht fhadtéarmach agus dífhostaíocht i measc na hóige nó dlúthpháirtíocht idirghlúine, fiú amháin má tá na dúshláin sin éagsúil ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile.’

2.4

Príomhbheartas i ndáil le daoine óga san Aontas Eorpach is ea Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh. Is é is príomhaidhm don straitéis sin daoine óga a chumhachtú agus cur leis an teacht aniar atá iontu trí dhíriú ar thrí réimse gníomhaíochta faoi na ceannteidil ‘Engage, Connect, Empower’ (páirt a thabhairt do dhaoine óga, nascadh leo agus cumhacht a thabhairt dóibh). Aithnítear sa straitéis gur mór is riachtanach go gcuirfí bealaí rannpháirtíochta ar fáil do dhaoine óga sa saol daonlathach i dtreo go mbeidh daonlathas feidhmiúil ann, lena n-áirítear don tsochaí i gcoitinne. Faoin gceannteideal ‘Engage’ , is é is aidhm do Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh tacú le rannpháirtíocht fhóinteach shibhialta, eacnamaíoch, shóisialta, chultúrtha agus pholaitiúil na ndaoine óga. Meastar sa straitéis gur deis do dhaoine atá sa tsoghluaisteacht chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

inniúlachtaí pearsanta, sóisialta agus sibhialta a fhorbairt agus a neartú;

smaointeoireacht chriticiúil agus cruthaitheacht a chothú;

cur lena n-infhostaitheacht;

a bheith ina saoránaigh Eorpacha gníomhacha.

2.5

Aithnítear go háirithe i Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh ról na hoibre don óige mar ‘spreagadh chun daoine óga a chumhachtú’ agus luaitear inti go bhfuil tairbhe faoi leith ag an obair do dhaoine óga agus iad ag teacht ina ndaoine fásta trí thimpeallacht shlán a chur ar fáil dóibh chun cur leis an muinín atá acu astu féin agus chun foghlaim ar bhealach seachfhoirmiúil (3).

2.6

Tá sé curtha in iúl ag CESE gur cheart díriú sa Straitéis ar chur chuige trasearnála agus dearcadh iomlánaíoch a ghlacadh maidir le daoine óga agus na riachtanais agus na cearta atá acu i ngach réimse beartais. Dar leis, ní mór do Chomhordaitheoir Eorpach nua na hÓige a bheith i gceannas ar obair trasearnála agus gur duine sinsearach ba cheart a bheith ann. Ina theannta sin, tá curtha in iúl aige gur mhian leis go gcuirfí beartas an Aontais um an óige san áireamh i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh chun díriú níos mó ar thorthaí, go háirithe i réimsí trasearnála (4).

2.7

Tá molta ag CESE go leagfaí síos spriocanna uaillmhianacha sa Straitéis maidir le hobair thrasearnála i réimsí beartais ábhartha eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an fhostaíocht, an t-oideachas, an tsláinte, an imirce agus an comhionannas. Lena chois sin, mhol an Coiste go dtabharfaí níos mó airde sa Straitéis ar shaincheisteanna ó thaobh na fostaíochta agus an oideachais de, ar nithe iad sin a dhéanann difear do dhaoine óga. Is fíor sin go háirithe ó thaobh an phlé ar thodhchaí na hoibre, chomh maith le forbairt scileanna agus saincheisteanna sóisialta eile amhail meabhairshláinte agus comhionannas.

3.   Daoine óga, margadh an tsaothair agus scileanna

3.1

Is iondúil go dtugtar an-aird ar dhaoine óga agus ar a n-ionchais fostaíochta agus anailís á déanamh ar mhargadh an tsaothair. Is é is cúis leis sin go bhféadfadh tionchar fadtéarmach a bheith ag an eispéireas atá ag daoine agus iad ag dul isteach i margadh an tsaothair den chéad uair lá is faide anonn. Is fíor an méid sin go háirithe i gcás luathfhágáil na scoile. Ar a mhuin sin, tá tionchar ag luathfhágáil na scoile ar bheagnach 20 % de dhaoine faoi mhíchumas, ráta atá níos mó ná dhá oiread an ráta i gcás daoine óga eile atá 18-24 bliana d’aois (5). Tá feicthe againn le paindéim COVID-19 agus leis an gcúlú eacnamaíoch a tharla roimhe seo go bhfuil daoine óga níos leochailí i leith suaití eacnamaíocha agus cora chun donais eacnamaíocha. Is minic gurb iad daoine óga na chéad daoine a chailleann a bpoist agus a bhíonn ag obair in earnálacha ar nós seirbhísí agus is iadsan is mó a mbíonn fostaíocht éiginnte acu. De réir na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS), tá formhór na n-oibrithe ardáin atá i mbun obair ar líne faoi bhun 35 bliana d’aois agus is iad oibrithe óga is mó atá thíos le héiginnteacht fostaíochta. Sa Ghréig, is in earnáil turasóireachta atá an sciar is mó d’oibrithe óga fostaithe agus iadsan ba mhó a bhí thíos leis an bpaindéim. Sa Spáinn, san Iodáil agus sa Phortaingéil, tá sciar an-mhór daoine óga (os cionn 60 %) ar chonarthaí sealadacha, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le dífhostaíocht ghasta i gcás géarchéime.

3.2

Is é an tosaíocht ba cheart a bheith ann geilleagar na hEorpa a athbhunú tríd an bPlean Téarnaimh Náisiúnta (6) a chur chun feidhme go comhsheasmhach agus trí na dálaí a chothú lena gcuirfidh ar chumas cuideachtaí fás arís agus poist ar ardcháilíocht a chruthú. Tráth a bhfuil cuideachtaí thíos le heasnaimh saothair agus le heaspa foirne oilte agus deacrachtaí móra ó thaobh na fostaíochta ag bagairt orthu, is ar mhaithe leo féin é leas a bhaint as acmhainneacht gach duine, daoine óga san áireamh.

3.3

Ceann de na nithe is mó a chuireann le slándáil saoil agus le hionchais saoil don chuid is mó de dhaoine, ach go háirithe do dhaoine óga, is ea deiseanna fostaíochta agus scileanna comhfhreagracha. Bhí tionchar ag paindéim COVID-19 agus ag an gcogadh san Úcráin, ní hamháin ar shaoránaigh ach ar ghnólachtaí freisin. Fágann sin go bhfuil sé níos deacra orthu luach agus poist a chruthú agus aistriú éifeachtach ó phost go post a áirithiú.

3.4

Is léir dúinn go bhféadfadh daoine óga nach ndéanann an t-aistriú ón scoil nó ón gcoláiste go dtí an áit oibre a bheith ag streachailt sna blianta atá le teacht. Bíodh is go mbaineann dúshláin leis an dífhostaíocht d’aon duine atá thíos léi, d’fhéadfadh na dúshláin sin a bheith i bhfad níos mó i measc daoine óga a bhféadfadh sé nach bhfuil na líonraí céanna is gá acu chun dul chun cinn a dhéanamh i margadh saothair atá ag athrú go gasta. Ar an tslí chéanna, má tá sciar amháin den tsochaí as obair, tá tionchar aige sin ar an gcomhtháthú sóisialta agus ar ár luachanna daonlathacha agus, in imthosca tromchúiseacha, d’fhéadfadh neamhord sóisialta a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh air freisin, rud atá feicthe in áiteanna sa domhan atá i mbéal forbartha.

3.5

Is den tábhacht, dá bhrí sin, cóir chomhionann do dhaoine óga i margadh an tsaothair a mheas mar chuid den ghá níos leithne le rannpháirtíocht shibhialta agus dhaonlathach. Sa chaoi chéanna a bhfeicimid nach mór daoine óga a bheith mar chuid den phobal agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí spóirt mar shaoránaigh ghníomhacha, is gné thábhachtach den tsaoránacht é a gcumas tuiscint a fháil ar an ról agus an áit atá acu i margadh an tsaothair agus, go deimhin, a riachtanais a chur in iúl. Ar an tslí chéanna, ba cheart dlúthpháirtíocht idirghlúine a bheith i margadh an tsaothair, maille le cothromaíocht cheart oibre is saoil agus féachaint chuige go mothódh daoine go bhfuil siad ag cur leis an tsochaí. Cé gur fadhb struchtúrach í an dífhostaíocht i measc na hóige in go leor tíortha, amhail an Spáinn, tá cabhair á tabhairt do dhaoine a théann ar scor níos déanaí (suas le EUR 12 000) chun go mbeidh an córas pinsin inbhuanaithe. Fágann sin go bhfuil baol ann nach mbainfear leas as an táirgiúlacht is mó is féidir le daoine óga a ghiniúint sa gheilleagar, faoi mar a luaitear sa tuairim. Ina theannta sin, is deacair poist áirithe a dhéanamh os cionn 65 bliana d’aois.

3.6

Ar an leibhéal eacnamaíoch, is féidir táirgiúlacht níos ísle a bheith mar thoradh ar ráta ard dífhostaíochta i measc na hóige agus easpa cineálacha cur chuige idirghlúine éifeachtacha ar leibhéal na cuideachta mar go bhfuil líon níos lú oibrithe óga ag tabhairt scileanna agus nuálaíocht nua isteach i bpróisis táirgthe. Chomh maith leis sin, tá costas eacnamaíoch ag baint le líon mór daoine dífhostaithe a bheith ann ó thaobh ioncam cánach caillte, sochair leasa shóisialta agus costais scéimeanna gaolmhara. Dar le Eurofound, an costas eacnamaíoch a bhain le daoine óga nach raibh i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna in 2011, bhí thart ar EUR 153 billiún i gceist leis. Léiríodh na hábhair imní sin i dtuairimí CESE Obair fhorbhásach agus meabhairshláinte (7), agus i dtuairim An daonlathas ag an obair (8). Ar deireadh, tá an ráta dífhostaíochta i measc daoine óga faoi mhíchumas atá 25-34 bliana d’aois beagnach dhá oiread níos airde ná ráta dífhostaíochta i measc daoine nach bhfuil faoi mhíchumas (18 % i gcomparáid le 9 7 %) (9).

3.7

Ar leibhéal an duine aonair, i measc na n-iarmhairtí a bhaineann leis an dífhostaíocht i measc na hóige tá droch-mheabhairshláinte agus drochshláinte, maille le rátaí níos ísle sonais, agus d’fhéadfadh éileamh níos mó ar sheirbhísí sláinte poiblí a bheith mar thoradh air sin. Ar a mhuin sin, tá baol níos mó ann go mbeadh sochaí ilroinnte ann mar thoradh ar na cineálacha éagsúla eisiaimh shóisialta a bhféadfadh daoine óga a bheith thíos leo. Is mó seans go mbeidh duine dífhostaithe níos déanaí ina shaol má tá sé i ngreim na dífhostaíochta agus é óg agus tá tionchar diúltach aige sin ar an méid airgid a thuillfidh sé níos faide anonn sa saol nuair a fhaigheann sé post nó má fhaigheann sé post. Tá seans níos mó ann go gcaillfidh daoine óga dífhostaithe scileanna nó go mbeidh siad thíos leis an eisiamh sóisialta i réimsí éagsúla. Is feasach don saol mór tionchar COVID-19 ar mheabhairshláinte daoine óga.

3.8

Is tábhachtach freisin aghaidh a thabhairt ar staid na n-oibrithe óga atá ‘lagmhisniúil’ agus na ndaoine óga a bhfuil sé deacair orthu dul isteach i margadh an tsaothair. Dúshláin atá i luathfhágáil na scoile agus in athruithe sa scoil. Mar thoradh air sin, is féidir le daoine óga a bheith dall ar dhálaí iarbhír an mhargaidh saothair.

3.9

Dóigh amháin chun cur le gníomhaíocht eacnamaíoch daoine óga is ea iad a spreagadh le bheith ina bhfiontraithe trí thacú lena meon fiontraíochta, lena gcruthaitheacht agus lena gcineálacha cur chuige nuálacha. Trí bhíthin gníomhaíochtaí i mBliain Eorpach na Scileanna, is féidir oideachas maidir leis an bhfiontraíocht a phríomhshruthú agus tógáil ar roinnt samhlacha dea-chleachtais amhail cláir agus comórtais d’fhiontraithe óga.

3.10

Tá an tAontas dáiríre faoi dhúshlán na fostaíochta i measc na hóige agus is í an Ráthaíocht ‘threisithe’ don Aos Óg an phríomhfhreagairt beartais uaidh chun freagairt air. Ar dtús, ba é cuspóir na Ráthaíochta don Aos Óg a chinntiú go dtairgfí post, taithí oibre, printíseacht, oiliúint nó obair agus oiliúint chomhcheangailte do dhaoine óga idir 18 agus 24 bliana d’aois laistigh de thréimhse shainithe ama tar éis dóibh an scoil a fhágáil nó tar éis dóibh a bpost a chailleadh. Mhol an Coimisiún Eorpach gur cheart an Ráthaíocht don Aos Óg a thairiscint do dhaoine óga laistigh de cheithre mhí tar éis dóibh a bpost a chailleadh. Is gealltanas ó Bhallstáit uile an Aontais í an Ráthaíocht threisithe don Aos Óg lena áirithiú go bhfaighidh gach duine óg faoi bhun 30 bliain d’aois tairiscint ardchaighdeáin ar fhostaíocht, ar oideachas leanúnach, ar phrintíseacht nó ar thréimhse oiliúna.

3.11

Má táthar chun aistriú éifeachtach ó phost go post a áirithiú, is gá dul chun cinn a dhéanamh maidir le hathchóiriú an oideachais, aghaidh a thabhairt ar mhímheaitseáil scileanna agus aird a dhíriú ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil, ar an oideachas aosach, ar athsciliú agus ar uas-sciliú. Tá CESE á chur i bhfios an dul chun cinn atá déanta ag an gCoimisiún maidir le limistéar Eorpach oideachais a chruthú, rud lena gcuirtear chun cinn an creat le haghaidh comhar Eorpach maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint agus cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach.

3.12

Tá sé á thabhairt dá aire freisin an tionscnamh nua ón gCoimisiún maidir le cuntais foghlama aonair, go háirithe micrichreidmheasanna agus an straitéis Eorpach d’ollscoileanna. Tá fuinneamh nua ann agus is é an aidhm atá ann scileanna leordhóthanacha thabhairt do dhaoine óga agus tacú le soghluaisteacht mac léinn óg, printíseach agus fiontraithe.

4.   Tionchar COVID-19

4.1

De réir Eurostat, is iad na daoine óga is mó a bhí buailte ag paindéim COVID-19. Ba é an ráta fostaíochta san Aontas i measc daoine óga (idir 15 bliana d’aois agus 29 mbliana d’aois) sa tríú ráithe de 2020 -2,8 pointe céatadáin i gcomparáid leis an ráta a bhí ann sa tríú ráithe de 2019. Mar sin féin, bhí téarnamh ann sa tríú ráithe de 2021 agus bhí laghdú 0,1 pointe céatadáin ar an ráta fostaíochta i gcomparáid leis an ráta a bhí ann sa tríú ráithe de 2019. Má chuirtear an tríú ráithe de 2020 i gcomórtas leis an tríú ráithe de 2019, tá laghdú ar an ráta fostaíochta i measc ndaoine óga le feiceáil i ngach tír.

4.2

Ina theannta sin, d’aimsigh Eurostat éagsúlachtaí laistigh den Aontas ó thaobh na dtreochtaí sin de. Sa tríú ráithe de 2021, ní raibh tromlach Bhallstáit an Aontais (16 as 27 díobh) tagtha chucu féin go fóill toisc go raibh an ráta fostaíochta i measc daoine óga fós faoi bhun an ráta a taifeadadh sa tríú ráithe de 2019. Taifeadadh na laghduithe is mó sa Phortaingéil, sa Bhulgáir, sa Laitvia, sa tSeicia agus sa Pholainn (laghdú 3 phointe céatadáin ar a laghad sa tríú ráithe de 2021 i gcomparáid leis an tríú ráithe de 2019). Os a choinne sin, ar na tíortha ina raibh an méadú is mó ar an sciar de dhaoine fostaithe idir 15 bliana d’aois agus 29 mbliana d’aois sa tríú ráithe de 2021 tá Éire, an Fhrainc agus an tSlóivéin, sin i gcomparáid leis an staid roimh COVID-19 (bhí méadú 2 phointe céatadáin ar a laghad ag gach ceann díobh sa tríú ráithe de 2021 i gcomparáid leis an tríú ráithe 2019).

4.3

Tá sé tuairiscithe ag Eurofound, in ainneoin iarrachtaí beartais an Aontais agus na mBallstát chun tacú le daoine óga tar éis ghéarchéim airgeadais 2008, gurbh iad na daoine óga ba mhó a bhí thíos le cailliúint post le linn ghéarchéim COVID-19. Daoine óga den chuid is mó a bhí ag obair sna hearnálacha is mó a raibh tionchar ag srianta paindéime orthu agus ba mhó seans go n-oibreodh siad ar bhonn páirtaimseartha nó ar chonarthaí sealadacha. Dúirt 12 % de dhaoine idir 18 mbliana d’aois agus 29 bliana d’aois a rinne, ar a laghad, dhá bhabhta den ríomhshuirbhé Living, working and COVID-19 [Maireachtáil, Obair agus COVID-19] gur chaill siad a bpost agus bhí 12 % de mhic léinn dífhostaithe chomh maith. Tuairiscíodh tionchair chomhchosúla maidir le coigilteas, meabhairshláinte agus bochtaineacht.

4.4

De réir shuirbhé Insee (10), tháinig meath nach raibh coinne leis ar ghníomhaíocht le linn na chéad dianghlasála de bharr COVID-19 in earrach 2020. Thuairiscigh 73 % de chuideachtaí gur tháinig laghdú níos mó ná 10 % ar a gcuid díolachán, agus dúirt 35 % díobh gur tháinig laghdú os cionn 50 % orthu le linn na tréimhse sin. Dúnadh aon trian de chuideachtaí ar feadh 57 lá, ar an meán. Dhún siad, i bhformhór na gcásanna, i ngeall ar shrianta riaracháin maidir leis an bpobal a ligean isteach (65 %), ach freisin i ngeall ar fhadhbanna ó thaobh an tsoláthair (8 %) nó deiseanna (7 %) de. Bhí tionchar ag an méid sin go háirithe ar ghníomhaíochtaí ina mbítear ag plé leis an bpobal: seirbhísí bia agus dí, an fáilteachas, seirbhísí pearsanta, gníomhaíochtaí cultúrtha agus áineasa agus an t-aeriompar. I Meán Fómhair 2020, bhí 1 % de chuideachtaí fós dúnta.

4.5

Chun dul i ngleic leis an titim thobann sa ghníomhaíocht, rinne níos mó ná 4 as 5 chuideachta iarratas ar an tacaíocht a chuir na húdaráis phoiblí ar fáil: uaireanta oibre laghdaithe (70 % de chuideachtaí), íocaíocht iarchurtha le haghaidh ranníocaíochtaí slándála sóisialta (53 % díobh) agus iasachtaí Stát-urraithe (41 % díobh). Bhí an earnáil bia agus dí (97 %), an earnáil mótarfheithiclí agus an earnáil deisithe mótarfheithiclí (96 %) agus an earnáil fáilteachais (95 %) ag brath go háirithe ar na bearta sin.

4.6

Tháinig ann do ráig eile den phaindéim in 2021. Ansin, i mí Feabhra 2022, thosaigh an choinbhleacht mhíleata san Úcráin agus bhí geilleagar na hEorpa buailte ag na praghsanna arda fuinnimh a bhí ag gabháil léi. Bhí rochtain theoranta ar amhábhair agus ganntanais sa slabhra soláthair agus bhí ardráta boilscithe i gceist leis sin freisin.

4.7

Ina ainneoin sin, rinne na cuideachtaí atá ag feidhmiú i margadh aonair an Aontais a ndícheall poist a choinneáil agus poist nua a chruthú.

4.8

Ó thaobh an oideachais de, thuairiscigh Fóram Eorpach na nÓg nárbh ionann cáilíocht an chianoideachais le linn na paindéime ó áit go chéile agus nár cuireadh aon chúrsa, teagasc ná scrúdú ar fáil do bheagnach dalta óg as gach deichniúr. Creideann thart ar dhá thrian de dhaltaí go raibh ‘beagán níos lú’ nó ‘i bhfad níos lú’ á fhoghlaim acu. Creideann trí cheathrú de dhaoine óga imeallaithe go raibh ‘beagán níos lú’ nó ‘i bhfad níos lú’ á fhoghlaim acu. Mar sin féin, d’fhéadfadh cúinsí gach duine a bheith an-éagsúil. Chuir éiginnteacht oideachasúil agus dúshláin na foghlama ar líne leis an strus ar dhaoine óga agus bhí tionchar aige sin ar a bhfolláine. Cé nach fios go fóill scála an tionchair, is dóichí go mbeidh tionchar diúltach fadtéarmach ar fhostaíocht, ar thorthaí oideachais, ar an tsláinte agus ar an bhfolláine mar thoradh ar an gcur isteach ar an oideachas. Tá seans ann go mbeadh gnéithe dearfacha ag baint leis an méid sin freisin. D’fhéadfaí deiseanna nua a chur ar fail le haghaidh comhchóras oideachais ina n-úsáidtear cineálacha éagsúla foghlama agus uirlisí teicneolaíochta a bhfuil rochtain ag gach duine óg orthu, lena n-áirítear daoine óga faoi mhíchumas agus daoine i réigiúin iargúlta.

4.9

Fós féin, ar na tionchair is measa a bhí ag paindéim COVID-19, tá an tionchar a bhí aici ar mheabhairshláinte daoine óga. Tá siomptóim an dúlagair, mar shampla imní, traochadh, uaigneas, agus smaointe féinmharaithe, ag dul i méid. Is údar imní don saol í an todhchaí, murab ionann is riamh. De réir taighde a rinneadh san Ostair, níl aon chúnamh faighte ag formhór na ndaoine óga ina thaobh sin. Is é is cúis leis sin an easpa eolais faoi na deiseanna atá ann, ach tá éagothromaíochtaí réigiúnacha agus eacnamaíocha i gceist leis freisin. Tá an féinmharú ina phríomhchúis báis i measc daoine óga sa Spáinn. Léiríodh le linn na paindéime an méid daoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu. Chuir 3 941 dhuine lámh ina bhás féin in 2020, agus bhí 300 díobh siúd idir 14 bliana d’aois agus 29 mbliana d’aois. Níl na hacmhainní ag córais sláinte poiblí chun cabhrú le daoine óga a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu. Léiríonn an t-eagrán is déanaí de staidéar fadaimseartha ar dhaoine óga agus ar leanaí in Éirinn go bhfuil líon na gcásanna dúlagair agus meabhairghalair méadaithe faoi dhó i measc daoine óga, a bheag nó a mhór.

4.10

Ar an gcaoi chéanna, níor cheart caitheamh leis na daoine óga sin i margadh an tsaothair atá faoi mhíchumas, idir intleachtúil nó fhisiciúil, le níos lú fabhair de bharr a n-aoise, maille lena míchumas, nó ar leithligh uaidh. Ar an gcaoi chéanna, ní mór aird a thabhairt orthu siúd ó limistéir thuaithe iargúlta agus orthu siúd a bhíonn thíos le hidirdhealú inscne.

4.11

Is easnamhach freisin na sonraí staidrimh atá ar fáil maidir le fostaíocht i measc daoine óga faoi mhíchumas. Ba cheart tascairí cainníochtúla, amhail an ráta dífhostaíochta, a fhorlíonadh le táscairí eile, mar shampla an leibhéal oiliúna, cineál an chonartha atá á thairiscint (conradh ar théarma seasta, conradh neamhiata, conradh sealadach), an ráta dífhostaíochta i ngnáthtimpeallacht oibre, ráta na fostaíochta tacaithe nó ráta na dífhostaíochta fadtéarmaí agus an méid sin sa bhreis ar staid shóisialta agus airgeadais na ndaoine óga sin.

5.   Cóir chomhionann do dhaoine óga i margadh an tsaothair

5.1

Tá an comhionannas ar cheann de na príomhphrionsabail agus na príomhchearta atá ag an Aontas Eorpach bunaithe ar an gConradh agus ar Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus tá reachtaíocht thánaisteach an Aontais mar bhonn taca faoi. Foráiltear le Treoir 2000/78/CE ón gComhairle (11) do chreat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha, creat atá fós oiriúnach don fheidhm.

5.2

Is ríléir, mar sin, gur príomhchúram de chuid an Aontais í todhchaí daoine óga agus gur cuid an-tábhachtach dá bhforbairt iad a n-ionchais fostaíochta i margadh an tsaothair. Tá réimse beartas agus ionstraimí ag an Aontas atá dírithe ar dhaoine óga agus ar a seasamh i margadh an tsaothair. I gcomhréir le CFAE agus le prionsabal na coimhdeachta, tá inniúlachtaí ag na Ballstáit maidir le roinnt mhaith de na saincheisteanna sin. Is ar an gcúis sin a bhfuiltear ag díriú ar a gcuid beartas sa tuarascáil seo.

5.3

Bhí tionchar níos mó ag an bpaindéim ar dhaoine óga i gcomparáid le grúpaí eile ar bhealaí éagsúla. I bhfianaise a thábhachtaí atá an t-ábhar seo, bheadh sé cothrom scrúdú a dhéanamh ar ghnéithe sonracha de bheartais maidir le margadh an tsaothair agus, ar an mbonn sin, a chinneadh an gcaitear le daoine óga le níos lú fabhair bunaithe ar a n-aois agus air sin amháin. Mar gheall ar a fhairsinge a d’fhéadfadh an t-ábhar seo a bheith, is den tábhacht a bheith soiléir faoin méid a scrúdaítear sa tuairim seo. Táthar ag díriú ar na neamhionannas is soiléire agus is dírí i ndlíthe nó i mbeartais a fhágann daoine óga faoi bhuntáiste i ngeall ar a n-aois. Ar ndóigh, tá níos mó béime ar na réimsí ina bhfuil an méid is mó faisnéise agus soiléireachta ar fáil. Is iad sin pá íosta, slándáil shóisialta agus cúnamh sóisialta agus, ar bhonn níos lú (mar gheall ar an obair atá déanta ina leith cheana), intéirneachtaí gan phá.

6.   Pá íosta

6.1

I gcomhréir le CFAE (12) agus le prionsabal na coimhdeachta, is inniúlacht de chuid na mBallstát é an pá íosta. Is féidir leis an Aontas, áfach, bearta a ghlacadh atá ceaptha chun comhar a spreagadh i measc na mBallstát, treoracha san áireamh. Le linn dó Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach a glacadh cheana a ullmhú, dúirt an Coimisiún nach leor an pá íosta i bhformhór na mBallstát agus/nó go bhfuil bearnaí i gcosaint an phá íosta, cé gur ann do chosaint pá íosta i mBallstáit uile an Aontais, bíodh sin trí fhorálacha reachtacha (‘pá íosta náisiúnta’) agus/nó trí chomhaontuithe comhchoiteanna. Is as Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a thagann an togra seo.

6.2

Is é is aidhm don Treoir a áirithiú go mbeidh pá íosta leordhóthanach ag oibrithe san Aontas lena gcuirtear ar a gcumas tuarastal sásúil a bheith acu cibé áit ina mbíonn siad ag obair. Chun an cuspóir ginearálta sin a bhaint amach, bunaítear leis an togra creat chun feabhas a chur ar leordhóthanacht pá íosta agus chun rochtain níos mó ar chosaint pá íosta a thabhairt d’oibrithe. Tá na cuspóirí sin ábhartha do chórais pá íosta reachtúil agus do na daoine a bhíonn ag brath ar an gcómhargáil. Tá an Treoir ceaptha chun na cuspóirí sin a bhaint amach agus aird á tabhairt ar shonraíochtaí na gcóras náisiúnta, ar na hinniúlachtaí náisiúnta, ar neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta agus ar an tsaoirse chonarthach agus lánurraim á tabhairt dóibh.

6.3

Tá pá íosta ar cheann de na réimsí ina gcaitear go neamhionann le daoine óga i mBallstáit an Aontais. Is iad daoine óga is mó a bhraitheann ar phá íosta. Tá duine óg as gach ceathrar ar phá íosta fad is atá pá íosta á fháil ag duine fásta as gach deichniúr. Tá ‘pá íosta don óige’ socraithe ag roinnt Ballstát agus is lú an pá sin i ngach cás ná an pá íosta ginearálta d’aoisghrúpaí faoi leith. I mBallstáit eile, ní áirítear oibrithe faoi bhun 18 mbliana d’aois ón reachtaíocht maidir le pá íosta. Is amhlaidh atá sa Bheilg, sa Fhrainc, in Éirinn, i Lucsamburg, sa Ghearmáin, i Málta agus san Ísiltír. Siúd is nach bhfuil forálacha na Fraince bunaithe ar aois tá tionchar acu sin ar go leor daoine óga. Tá rátaí laghdaithe eile ann do phrintíseachtaí, ach ní bhaineann siad sin le hábhar na tuarascála seo agus is iondúil go socraítear iad trí chomhaontú idir na comhpháirtithe sóisialta. Tá pá fo-íosta do dhaoine óga sa Ríocht Aontaithe freisin. Tá na sonraí go léir ar fáil san Iarscríbhinn.

6.4

Leis an pá íosta seo don óige, déantar neamhaird ar cheart na ndaoine óga ar phá comhionann ar obair chomhionann agus tá sé léirithe arís agus arís eile i dtaighde EIS go bhfuil sé neamhéifeachtach ó thaobh rátaí fostaíochta a mhéadú i measc daoine óga. Is é an pá comhionann ar obair chomhionann an tsaincheist is tábhachtaí dá bhfuil ann. Go deimhin, tá sé curtha in iúl ag daoine óga d’eagraíochtaí don óige go bhféadfadh sé tarlú, tar éis dóibh post a bheith acu ar feadh tamaill, go mbeadh orthu maoirseacht a dhéanamh ar chomhghleacaithe atá níos sine ná iad agus atá sa phost céanna nó oiliúint a chur orthu, ach go mbeadh pá níos ísle a fháil acu. Iarrtar orthu freisin, in amanna, róil mhaoirseachta a ghlacadh ar phá níos ísle ná a gcomhghleacaithe de bharr na rialachán sin.

6.5

Dá réir sin, cé go gceadaítear do dhaoine óga sna Ballstáit sin tiomáint, vótáil, agus dul isteach san arm agus go gcaitear leo mar dhaoine fásta ar gach uile dhóigh eile, níl siad i dteideal pá íosta iomlán a fháil. San Ísiltír, tá an pá íosta don óige 30 % níos lú ná an pá íosta do dhaoine fásta don aoisghrúpa is óige, rud a chuireann bac ollmhór ar a gcumas saol neamhspleách a bheith acu agus caighdeán maith maireachtála a bheith acu. D’ainneoin gur fhógair an tAontas gurb é 2022 Bliain na hÓige, leis an seasamh polaitiúil a comhaontaíodh sa phróiseas reachtach, ní thugtar dóthain airde ar na fadhbanna éagsúla a bhíonn ag daoine óga.

6.6

I meitea-anailís a rinne EIS le déanaí ar thionchar an phá íosta don óige ina scrúdaítear 43 pháipéar eolaíocha a foilsíodh ó 1990, fuarthas amach, i dtromlach mór na gcásanna, go bhfuil éifeacht an-bheag ag an bpá íosta ar fhostaíocht na hóige, nó nach bhfuil éifeacht ar bith aige uirthi. I gcásanna áirithe, tháinig méadú ar an ráta fostaíochta i measc na hóige nuair a mhéadaíodh an pá íosta do dhaoine óga. Sa mheasúnú tionchair uaidh ar an Treoir, rinne an Coimisiún Eorpach cur síos ar thorthaí taighde ón bPortaingéil, ón mBeilg agus ón Ísiltír ina léirítear nach bhfuil aon tionchar suntasach ag an bpá íosta do dhaoine óga ar rátaí fostaíochta i measc na hóige.

7.   Íocaíochtaí dífhostaíochta

7.1

D’fhéadfadh sé tarlú freisin go gcaitear le daoine óga ar bhealach difriúil le linn tréimhsí dífhostaíochta. Arís eile, inniúlacht de chuid na mBallstát is é sin den chuid is mó, go háirithe a mhéid a bhaineann le rátaí íocaíochta, tréimhsí íocaíochta agus critéir. Tá an-éagsúlacht sna córais náisiúnta ar fud na hEorpa, gan trácht ar a chasta atá siad. Mar sin féin, is féidir linn cásanna a shamhlú ina mbeadh tionchar ag na éagsúlachtaí sin ar shaincheisteanna amhail fostaíocht agus saorghluaiseacht laistigh den Aontas. D’fhéadfadh sé go mbeadh daoine óga faoi mhíbhuntáiste freisin de bharr na gcóras sochar dífhostaíochta más rud é nár íoc siad isteach sna córais ábhartha ar feadh na tréimhse ama is gá.

7.2

Sa bhreis ar na scéimeanna sin, cuireann na Ballstáit íocaíochtaí cúnaimh shóisialta ar fáil a bhíonn an-éagsúil ó chéile. Is inniúlacht náisiúnta iad na córais chúnaimh shóisialta freisin. Tá formhór mór acu faoi réir tástáil acmhainne. Is casta an scéal a mhéid a bhaineann le haois agus ní leor na híocaíochtaí agus an méid atá sa tuarascáil seo chun léiriú a thabhairt ar an dóigh a bhfuil cúrsaí i ndáiríre. Tá éagsúlachtaí ó thaobh tréimhsí cáilitheacha agus faid de, chomh maith le roinnt tosca eile, ní nach ionadh. Is cinnte go bhfuil gá le sonraí níos fearr agus níos soiléire chun gur féidir tuilleadh taighde a dhéanamh sa réimse sin. Ar a shon sin, is féidir roinnt barúlacha gearra a thabhairt ina thaobh:

I gcórais áirithe, tá socruithe speisialta ann do dhaoine os cionn 45 bliana d’aois nó d’aoisghrúpaí eile. Tá tréimhsí cáilithe níos giorra i líon teoranta tíortha do dhaoine faoi bhun 25 bliana d’aois.

Sa tSualainn, i gcás daoine óga dífhostaithe (18-24 bliana d’aois) a ghlacann páirt i gcláir bheartais maidir le margadh an tsaothair agus a fhaigheann ‘deontas gníomhaíochta’ (aktivitetsstöd) lena mbaineann teidlíocht bhunúsach ar shochair dhífhostaíochta, laghdaítear a sochair iníoctha ar bhonn níos tapa, de réir fhorálacha na scéime sochar dífhostaíochta.

An liúntas a fhaigheann daoine óga atá 18 mbliana d’aois i Lucsamburg, is ionann é agus 70 % den phá íosta sóisialta (salaire social minimum) agus an liúntas a fhaigheann iad siúd atá 16/17 mbliana d’aois, is ionann é agus 40 % den phá íosta sóisialta. Deonaítear na liúntais sin tar éis tréimhse feithimh 36 seachtaine agus is féidir an tréimhse sin a laghdú go dtí 26 seachtaine má tá an t-iarratasóir i mbun staidéir.

I gcás na hÉireann, is ionann an liúntas cuardaitheora poist (íocaíocht cúnaimh) dóibh siúd atá idir 18 mbliana d’aois agus 24 bliana d’aois nach bhfuil ‘ag maireachtáil go neamhspleách’ agus thart ar 60 % den liúntas do dhaoine fásta. Tugtar an ráta iomlán dóibh siúd a dhéanann cúrsaí agus oiliúint ábhartha.

8.   Intéirneachtaí gan phá

8.1

Tá iarrtha ag Parlaimint na hEorpa go gcuirfí cosc ar intéirneachtaí neamhíoctha agus is é barúil an Choiste Eorpaigh ar Chearta Sóisialta i gComhairle na hEorpa go bhfágann bearnaí i reachtaíocht na Beilge go bhféadfaí dúshaothrú a dhéanamh ar dhaoine óga trí intéirneachtaí gan phá. De réir an rialaithe ón gCoiste, rud a tháinig as gearán comhchoiteann a chuir Fóram Eorpach na nÓg isteach, fuarthas amach nach dtugann na córais cigireachta saothair atá i bhfeidhm sa Bheilg faoi láthair dóthain cosanta d’oibrithe óga leochaileacha agus d’oibrithe óga atá faoi mhíbhuntáiste.

Ar an iomlán tá éagsúlachtaí móra ann idir creataí rialála agus déine an rialacháin seo, ag brath go háirithe ar na cineálacha éagsúla tréimhsí oiliúna atá ann agus ar an mBallstát. I roinnt Ballstát, ní ann d’aon sainmhíniú dlíthiúil ar thréimhsí oiliúna.

8.2

Leis an Moladh ón gComhairle maidir le creat ardchaighdeáin do thréimhsí oiliúna a glacadh in 2013, féachtar lena áirithiú go ndéanfaidh na tréimhsí oiliúna an t-aistriú ón oideachas go dtí an obair a éascú ar dhóigh éifeachtúil agus infhostaitheacht daoine óga a mhéadú ar an gcaoi sin. Leagtar amach sa togra treoirlínte lenar féidir ábhar foghlama ar ardcháilíocht agus dálaí oibre leordhóthanacha a áirithiú.

8.3

Is féidir intéirneachtaí neamhíoctha a shainiú mar thréimhsí oibre, dála na hoibre sin a dhéanann fostaithe ar íocaíocht, nach bhfuil nasctha le próiseas foirmiúil sainráite oideachais, oiliúna, oibre deonaí nó socrúcháin oibre.

8.4

Ainneoin a ríthábhachtaí atá taithí oibre agus foghlaim trí thaithí ríthábhachtach do dhaoine óga ag tosú amach i margadh an tsaothair, creideann na daoine sin atá ag iarraidh go ndéanfaí beart maidir le hintéirneachtaí gan phá go bhfuil an iomarca daoine óga sáinnithe i bhfáinne fí d’intéirneachtaí gan phá agus taithí oibre ar chaighdeán íseal. Cruthaíonn an méid sin mórdhíomá faoi mhargadh an tsaothair i measc an aoisghrúpa sin.

8.5

Rinne Fóram Eorpach na nÓg scrúdú ar thíortha áirithe agus ar a mbeartais maidir le hintéirneachtaí gan phá. Sa Fhrainc, déantar dianrialú ar intéirneachtaí agus ní féidir iad a eagrú ach amháin laistigh de churaclaim fhoirmiúla oideachais. Is féidir le hintéirneachtaí a mhaireann dhá mhí nó níos lú mar chuid de chlár oideachais a bheith gan phá. Sa Rómáin, tá feidhm ag reachtaíocht shonrach maidir le hintéirneachtaí. Tá intéirnigh i dteideal 50 % den íosphá. Cé go bhfuil intéirneachtaí gan phá ar an margadh saothair oscailte in éadan an dlí, is minic a théitear timpeall ar na dlíthe.

8.6

Níl intéirneachtaí oscailte i margadh an tsaothair sainithe ná rialaithe de réir an dlí agus ní hiad an gnáthrud iad sa Chróit. Bíodh sin mar atá, is ann do chineálacha eile intéirneachtaí atá faoi réir rialála. Sa Bhulgáir, tá intéirneachtaí gan phá lasmuigh de dhlíthe tiomnaithe maidir le hintéirneachtaí dleathach agus is minic a tharlaíonn siad. I gcás intéirneachtaí sa mhargadh saothair oscailte a leanann na dlíthe maidir le hintéirneachtaí, tá intéirnigh i dteideal an íosphá náisiúnta, ar a laghad.

8.7

San Ostair, ba chóir, go teoiriciúil, luach saothair a thabhairt d’intéirneachtaí ar an margadh saothair oscailte de réir comhaontuithe cómhargála earnáilsonracha. Mar sin féin, de réir an dlí, féadfaidh intéirneachtaí ar an margadh saothair oscailte a bheith gan phá má aicmítear iad mar chaidreamh oideachais agus is amhlaidh an cás go hiondúil. Tá obair gan phá neamhdhleathach in Éirinn, ach is minic nach gcuirtear an dlí i bhfeidhm maidir le hintéirneachtaí, agus is cleachtas coiteann iad intéirneachtaí gan phá agus is minic a fhógraítear go poiblí iad.

An Bhruiséil, an 15 Meitheamh 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Suirbhé a d’fhoilsigh Eorabharaiméadair le déanaí Integration of young people into the labour market with particular focus on traineeships [Daoine óga a chomhtháthú i margadh an tsaothair agus béim ar leith á leagan ar thréimhsí oiliúna], Aibreán 2023, suirbhé Eorabharaiméadair (europa.eu).

(2)   IO C 486, 21.12.2022, lch. 46.

(3)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Bliain Eorpach na hÓige 2022 [COM(2021) 634 final – 2021/0328(COD)] (IO C 152, 6.4.2022, lch. 122).

(4)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Bliain Eorpach na hÓige 2022 [COM(2021) 634 final – 2021/0328(COD)] (IO C 152, 6.4.2022, lch. 122).

(5)  https://www.disability-europe.net/downloads/1046-ede-task-2-1-statistical-indicators-tables-eu-silc-2018

(6)   IO C 152, 6.4.2022, lch. 27, daoine nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna agus Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta.

(7)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Obair fhorbhásach agus meabhairshláinte (tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne) (IO C 228, 29.6.2023, lch. 28).

(8)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An daonlathas ar láthair na hoibre (tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne)(IO C 228, 29.6.2023, lch. 43).

(9)  https://www.disability-europe.net/downloads/1046-ede-task-2-1-statistical-indicators-tables-eu-silc-2018

(10)  Institut national de la statistique et des études économiques, https://www.insee.fr/en/statistiques/5018508.

(11)   IO L 303, 2.12.2000, lch. 16.

(12)  CFAE 153/pointe 2a agus pointe 2b

(13)  Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (IO L 275, 25.10.2022, lch. 33).


IARSCRÍBHINN

Tábla

Rátaí fo-íosta do Bhallstáit roghnaithe den Aontas Eorpach agus don Ríocht Aontaithe amhail Eanáir 2021

Tír

Grúpaí oibrithe

% den ráta iomlán

An t-íosleibhéal pá in 2021 (EUR mura sonraítear a mhalairt)

An Bheilg

Oibrithe atá 16 bliana d’aois nó níos óige (nach bhfuil conradh mac léinn acu)

70

1 138 sa mhí

Oibrithe atá 17 mbliana d’aois (nach bhfuil conradh mac léinn acu)

76

1 236 sa mhí

Oibrithe atá 18 mbliana d’aois (a bhfuil conradh mac léinn acu)

82

1 333 sa mhí

Oibrithe atá 19 bliain d’aois (a bhfuil conradh mac léinn acu)

88

1 431 sa mhí

Oibrithe atá 20 bliain d’aois (a bhfuil conradh mac léinn acu)

94

1 528 sa mhí

An Fhrainc

Oibrithe a bhfuil níos lú ná sé mhí taithí acu san earnáil atá 15 agus 16 bliana d’aois; oibrithe faoi bhun 16 bliana d’aois a oibríonn le linn shaoire an tsamhraidh

80

1 244 sa mhí

Oibrithe a bhfuil níos lú ná sé mhí taithí acu san earnáil atá 17 mbliana d’aois

90

1 399 sa mhí

Daoine óga ar chonarthaí gairmiúla ailtéarnacha, (1) ag brath ar aois agus ar cháilíochtaí roimhe seo

55 go 100

855 go 1 555 sa mhí

Printísigh, ag brath ar aois, ar shinsearacht agus ar an gcomhaontú earnála is infheidhme

27 go 78

420 go 1 213 sa mhí

Oiliúnaithe (2)

N/B

3,70 san uair

Oibrithe faoi mhíchumas atá fostaithe in ionaid shonracha atá tiomnaithe do chuimsiú na n-oibrithe sin

55 go 100

855 go 1 555 sa mhí

An Ghearmáin

Ní bhaineann an pá íosta le daoine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois.

N/B

550 sa mhí

Éire

Oibrithe atá faoi bhun 18 mbliana d’aois

70

7,14 san uair

Oibrithe atá 18 mbliana d’aois

80

8,16 san uair

Oibrithe atá 19 mbliana d’aois

90

9,18 san uair

An Laitvia

Daoine ciontaithe (pianbhreith á cur isteach acu i bpríosún)

50

250 sa mhí

Lucsamburg

Oibrithe atá 15 bliana d’aois nó níos lú ná 17 mbliana d’aois

75

1 651 sa mhí; 9,55 san uair

Oibrithe atá 17 mbliana d’aois nó níos lú ná 18 mbliana d’aois

80

1 762 sa mhí;

10,18 san uair

Oibrithe neamhcháilithe atá 18 mbliana d’aois nó níos sine

100

2 202 sa mhí;

12,73 san uair

Málta

Oibrithe atá faoi bhun 17 mbliana d’aois

95

171 sa tseachtain

Oibrithe atá 17 mbliana d’aois

96

174 sa tseachtain

An Ísiltír

Oibrithe atá 15 bliana d’aois

30

505 sa mhí

Oibrithe atá 16 bhliain d’aois

34,5

581 sa mhí

Oibrithe atá 17 mbliana d’aois

39,5

666 sa mhí

Oibrithe atá 18 mbliana d’aois

50

842 sa mhí

Oibrithe atá 19 mbliana d’aois

60

1 011 sa mhí

Oibrithe atá 20 bliain d’aois

80

1 348 sa mhí

Oibrithe atá 21 bhliain d’aois

100

1 685 sa mhí

An Phortaingéil

Oibrithe atá i mbun printíseachtaí agus intéirneachtaí

80

621 sa mhí

Oibrithe faoi mhíchumas

50

388 sa mhí

An Ríocht Aontaithe

Oibrithe atá faoi bhun 18 mbliana d’aois

47,6

GBP 4,15 (EUR 4,62 ) san uair

Oibrithe atá idir 18 agus 20 bliain d’aois

52,2

GBP 4,55 (EUR 5,06 ) san uair

Oibrithe atá idir 21 agus 24 bliana d’aois

74

GBP 6,45 (EUR 7,17 ) san uair

Printísigh atá faoi bhun 19 mbliana d’aois nó atá 19 mbliana d’aois nó níos sine sa chéad bhliain dá bprintíseacht

94

GBP 8,20 (EUR 9,12 ) san uair

Nótaí:

Ní áirítear i sonraí na Gearmáine rátaí in aghaidh na huaire ná an chomparáid eatarthu agus na híosleibhéil pá. Is é is cúis leis sin go ríomhtar an t-íosmhéid ar bhonn míosúil seachas ar bhonn uaire. Sa Ghearmáin, ní mheastar íocaíochtaí printíseachta mar phá. Tá oiliúint ionscoile i gceist le printíseachtaí. I dtéarmaí dlí, tá íocaíochtaí printíseachta inchomparáide le stipinní do mhic léinn ollscoile. N/B = neamhbhainteach.

Foinse:

Líonra de Chomhfhreagraithe Eurofound, bunaithe ar fhoinsí náisiúnta oifigiúla.

(1)   Sa Fhrainc, tugann na conarthaí sin deis d’fhostaithe óga cáilíocht ghairmiúil a bhaint amach agus a lánpháirtiú gairmiúil nó a n-athlánpháirtiú a chur chun cinn.

(2)   Is féidir gan íocaíocht a thabhairt d’oiliúnaithe más tréimhse oiliúna atá níos lú ná dhá mhí atá ann.


18.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 293/58


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An Prótacal maidir le Dul Chun Cinn Sóisialta

(tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne)

(2023/C 293/09)

Rapóirtéir:

Maria del Carmen BARRERA CHAMORRO

Comhrapóirtéir:

Diego DUTTO

Comhairliúchán arna iarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne

Litir, 8.12.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

 

[tústuairim]

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

31.5.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

15.6.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

579

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

134/100/07

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tá Coiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa (CESE) á mheabhrú gur gá, i gcomhréir leis na Conarthaí, an margadh inmheánach agus an beartas sóisialta a chur chun cinn faoin ‘clásal sóisialta cothrománach’, mar a thugtar air (Airteagal 9 an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)), chun ‘geilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar’ a bhaint amach (Airteagal 3(3) ar Conradh an Aontas Eorpach CAE). Leis an gclásal sin, cuirtear i bhfios gur cheart gach plean beartais agus gníomhaíochta de chuid an Aontais a cheapadh agus a chur chun feidhme ar bhealach ina gcuirfear chun cinn margaí saothair cuimsitheacha agus córais cosanta sóisialta leordhóthanacha.

1.2.

Aontaíonn CESE leis an moladh sa tuarascáil deiridh ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (Bealtaine, 2022) gur cheart an méid seo a leanas a chur san áireamh chun an geilleagar sóisialta margaidh a chur chun cinn (1): an iarraidh go n-áiritheodh an tAontas, na Ballstáit agus na comhpháirtithe sóisialta, inter alia, cur chun feidhme iomlán Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (Samhain, 2017) agus an plean gníomhaíochta a ghabhann leis (Márta, 2021), go háirithe na cuspóirí is ábhartha do Chlár Oibre 2030, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, trí Phrótacal maidir le Dul Chun Cinn Sóisialta (dá ngairtear ‘an Prótacal’ anseo feasta) a chur leis na Conarthaí.

1.3.

Is díol sásaimh do CESE go gcuirtear chun cinn ar bhealach níos fearr sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa na ráthaíochtaí lena n-áirithítear go gcosnófar cearta sóisialta go héifeachtach i gcás coinbhleachta le saoirsí eacnamaíocha (féach beart 5, togra 13) agus lena seachnaítear cúlchéimniú na gceart sin (beart 2, togra 14), a bhuí leis an bPrótacal.

1.4.

Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an bhféidearthacht athchóiriú a dhéanamh ar na Conarthaí, mar a formhuiníodh san aitheasc is déanaí ar Staid an Aontais. Measann sé gurb iomchuí an Prótacal a áireamh sna gnéithe atá le hathchóiriú, rud a bheadh ar aon dul leis an togra ó Pharlaimint na hEorpa. Creideann CESE gur treochlár iomchuí iad conclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa chun an t-athchóiriú sin a chur chun feidhme.

1.5.

Bheadh trí aidhm ag an bPrótacal maidir le Dul Chun Cinn Sóisialta:

(1)

a áirithiú go mbeidh tosaíocht ag na cearta bunúsacha agus na cearta sóisialta ar shaoirsí eacnamaíocha agus ar bheartais eile de chuid an Aontais i gcás coinbhleachta;

(2)

urraim do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta agus feidhmiú cuí na gcóras náisiúnta idirphlé shóisialta agus caidrimh thionsclaíoch a áirithiú;

(3)

dul chun cinn sóisialta a áirithiú trína chinntiú go gcuirfear chun cinn agus go gcosnófar na caighdeáin is airde a mhéid a bhaineann leis na cearta sóisialta, cibé acu an eascraíonn siad ón dlí náisiúnta, ón dlí Eorpach nó ón dlí idirnáisiúnta, agus trí chúlchéimniú an dlí ar leith sin agus teacht timpeall air a chosc.

1.6.

Measann CESE gur deis iontach í Uachtaránacht na Spáinne ar Chomhairle an Aontais chun an togra seo a chur chun cinn. Molann sé d’institiúidí an Aontais a spreagadh, faoi chuimsiú an idirphlé shóisialta Eorpaigh, dul chun cinn a dhéanamh sa phróiseas sin.

1.7.

Chuige sin, tar éis do shaineolaithe ardléibhéil, agus comhpháirtithe sóisialta san áireamh leo siúd, anailís iomchuí a dhéanamh, molann CESE d’Uachtaránacht na Spáinne Comhairle d’Airí Gnóthaí Sóisialta a chur chun cinn chun teacht ar chomhaontú maidir le togra comhpháirteach agus chun go mbeifear in ann cruinniú mullaigh sonrach a thionól ar an leibhéal Eorpach chun an togra sin a ghlacadh, i gcás inarb iomchuí. Ciallaíonn tábhacht na saincheiste seo nach mór do na hinstitiúidí a bheith chomh rannpháirteach agus is féidir ar fud leibhéil éagsúla inniúlachta an Aontais.

1.8.

Bíodh is gur maith a thuigeann CESE go mbeadh gá an togra ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus ó Pharlaimint na hEorpa a thabhairt isteach i bhfoirm prótacail (a chuirfí le CFAE) nó i bhfoirm clásail trasearnála (athchóiriú ar Airteagal 9 CFAE), measann sé go bhfuil ionstraimí beartais eile ann a d’fhéadfadh cur le haidhmeanna an phrótacail maidir le dul chun cinn sóisialta. Ina theannta sin, measann CESE go bhfuil an Prótacal ríthábhachtach chun neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta a neartú, agus nasc doshéanta a choinneáil idir dea fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus na saoirsí eacnamaíocha, lena n-áirítear an iomaíocht chóir idir na Ballstáit agus na cearta sóisialta comhchoiteanna á n-urramú agus á gcur chun cinn san am céanna.

1.9.

Dá gcuirfí an Prótacal san áireamh, tá CESE suite de go gcuirfí ar chumas an Aontais an fás eacnamaíoch a stiúradh, dea-bhail an chuid is mó dá dhaonra a chur chun cinn agus, dá bharr sin, gnólachtaí níos láidre agus níos inbhuanaithe a chruthú agus a fhorbairt. Chun na críche sin, ba cheart a leagan síos go soiléir sa Phrótacal nach é atá i gceist le saoirsí eacnamaíocha sa mhargadh aonair toirmeasc a chur ar shrianta. Déantar foráil leo maidir le cóir chomhionann d’oibreoirí eacnamaíocha mar mhodh chun iomaíocht chóir agus cothrom iomaíochta a áirithiú in aon mhargadh ar leith.

1.10.

Is cás le CESE nár chomhlíon an tAontas an oibleagáid atá air faoi Chonradh Liospóin go fóill, is é sin aontú don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, faoi mar a leagtar síos in Airteagal 6(2) CAE. Is ríthábhachtach é sin chun dlíchóras an Aontais a chur faoi réir rialú seachtrach ar chearta an duine, dála aon chóras dlí eile atá bunaithe ar an daonlathas agus ar an smacht reachta. Chuige sin, molann CESE don Aontas freisin cloí le Cairt Shóisialta na hEorpa de chuid Chomhairle na hEorpa chun cómhaireachtáil chomhchuí idir dlí an Aontais agus dlí Chomhairle na hEorpa sa réimse sóisialta a chur chun cinn.

2.   Cúlra, cuspóir agus éirim na tuairime

2.1.

Tá CESE á mheabhrú go bhfuil ‘samhail shóisialta na hEorpa’ ar cheann de na príomhshamplaí den mhéid a chuireann an tAontas le dul chun cinn an chine dhaonna agus na síochána. Is léiriú í an tsamhail sin ar stair agus cultúr an Aontais agus tá sí códaithe sna Conarthaí. Leis an tsamhail sin, déantar tagairt do pharaidím eacnamaíoch lena leagtar amach go bhfuil dlúthbhaint idir uasmhéadú na feidhmíochta eacnamaíche agus an fholláine agus an dul chun cinn sóisialta. Ní críoch ann féin é ‘geilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar’ (Airteagal 3(3) CAE)), ar de chineál bunreachtúil anois é, a bhaint amach. Is ionstraim folláine do shaoránaigh uile na hEorpa thar aon rud eile é (Airteagal 9 agus Airteagal 151 CFAE).

2.2.

Measann CESE freisin gur gá aird a tharraingt ar chineál trasearnálach an dlúthnaisc sin idir cur chun cinn an mhargaidh inmheánaigh agus an beartas sóisialta, i gcomhréir leis an ‘clásal sóisialta cothrománach’, mar a thugtar air in Airteagal 9 CFAE. Leis an gclásal sin, cuirtear i bhfios gur cheart gach plean beartais agus gníomhaíochta de chuid an Aontais a cheapadh agus a chur chun feidhme ar bhealach ina gcuirfear chun cinn margaí saothair cuimsitheacha agus córais cosanta sóisialta leordhóthanacha.

2.3.

Tá an geilleagar sóisialta margaidh bunaithe ar dhá cholún atá éagsúil ó chéile ach a chomhlánaíonn a chéile: ar thaobh amháin, forfheidhmiú na hiomaíochta agus, ar an taobh eile, bearta beartais shóisialta chun ceartas sóisialta a áirithiú trí thorthaí diúltacha a cheartú agus tríd an gcosaint shóisialta a neartú (2). Mar sin féin, tugann CESE dá aire freisin srianta institiúideacha, dlíthiúla agus beartais a mhéid a bhaineann leis an gcothromaíocht cheart sin a áirithiú idir gné eacnamaíoch an Aontais (tosaíocht a thabhairt do shaoirsí eacnamaíocha, go háirithe an tsaoirse iomaíochais) agus an ghné shóisialta (ráthaíocht éifeachtach ar chearta sóisialta bunúsacha agus, go háirithe, an toirmeasc ar dhumpáil shóisialta).

2.4.

Sa chomhthéacs sin, agus chun aghaidh a thabhairt ar an éagothroime sin, bheadh trí chuspóir ag an bPrótacal maidir le Dul Chun Cinn Sóisialta:

1.

a áirithiú go mbeidh tosaíocht ag na cearta bunúsacha agus na cearta sóisialta ar shaoirsí eacnamaíocha agus ar bheartais eile de chuid an Aontais i gcás coinbhleachta;

2.

urraim do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta agus feidhmiú cuí na gcóras náisiúnta idirphlé shóisialta agus caidrimh thionsclaíoch a áirithiú;

3.

3) dul chun cinn sóisialta a áirithiú, mar aon le cur chun cinn agus cosaint na gcaighdeán is airde de chearta sóisialta, cibé acu an eascraíonn siad ón dlí náisiúnta, Eorpach nó idirnáisiúnta, agus cosc a chur freisin ar chúlchéimniú agus ar theacht timpeall ar chearta sóisialta.

2.5.

Ina theannta sin, leis na beartais déine a glacadh san Aontas agus sna Ballstáit tríd an ‘modh Troika’ (rud a cháin Parlaimint na hEorpa freisin) (3) chun dul i ngleic leis an ngéarchéim airgeadais dhomhanda, géaraíodh an riosca go ndéanfaí díluacháil ar chearta sóisialta agus go dtabharfaí tosaíocht don chobhsaíocht airgeadais agus don fhás eacnamaíoch thar an dul chun cinn sóisialta. Tagann an staid sin salach ar an bprionsabal maidir le dul chun cinn sóisialta a leagtar amach i gCairt Shóisialta na hEorpa. Léiríodh an méid sin le cáineadh Chomhairle na hEorpa ar thíortha an Aontais as na beartais agus na dlíthe déine sin a bhaineann an bonn de chearta sóisialta a chur chun feidhme. Níor aimsigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais aon mhí-ailíniú leis an gclásal sóisialta, áfach.

2.6.

Ardaíonn cásanna coinbhleachta idir saoirsí eacnamaíocha agus beartais eile de chuid an Aontais, ar thaobh amháin, agus cearta sóisialta, ar an taobh eile, saincheisteanna tábhachtacha maidir leis an mbaol neamhréireachta idir dlíchóras an Aontais agus ionstraimí agus caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta maidir le cearta an duine. I gcásanna den sórt sin, tá na Ballstáit i staid ina bhfuil oibleagáidí ag teacht salach ar a chéile agus iad ag iarraidh dlí an Aontais a chomhlíonadh, ar thaobh amháin, agus a ngealltanais faoi na hionstraimí Eorpacha agus idirnáisiúnta is infheidhme maidir le cearta an duine a chomhlíonadh, ar an taobh eile. Féachtar leis an bPrótacal leis an tsaincheist sin a réiteach trína shoiléiriú, i gcás coinbhleachta, nach ceart bunúsach atá ar aon chéim le cearta bunúsacha an duine, lena n-áirítear cearta bunúsacha sóisialta agus saothair, iad na saoirsí eacnamaíocha a ráthaítear faoi Chonarthaí an Aontais. Is ríthábhachtach an gá sin le cothromaíocht idir leasanna eacnamaíocha agus sóisialta a urramaíonn cearta an duine i gcás coinbhleachta má táthar chun a áirithiú nach gcuirfear an prionsabal go bhfuil tosaíocht ag dlí an Aontais i bhfeidhm más rud é go mbeadh sé ina shárú ar chaighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta maidir le cearta an duine

2.7.

Áirítear i gconclúidí agus moltaí na tuarascála deiridh ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (Bealtaine, 2022), a chuimsíonn 49 dtogra agus 300 beart, feabhas a chur ar fheidhmiú na margaí chun dálaí maireachtála agus oibre atá níos cothroime ar bhonn sóisialta a áirithiú, go háirithe do dhaoine óga agus do ghrúpaí leochaileacha (togra 13 agus togra 14 (4)).

Is díol sásaimh do CESE go gcuirtear an méid seo a leanas san áireamh leis an tuarascáil sin ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, d’fhonn a bhfuil luaite thuas a bhaint amach: an iarraidh go n-áiritheodh an tAontas, na Ballstáit agus na comhpháirtithe sóisialta, inter alia, cur chun feidhme iomlán Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (arna ghlacadh i mí na Samhna, 2017) agus an plean gníomhaíochta a ghabhann leis (ó mhí an Mhárta, 2021), go háirithe na cuspóirí is ábhartha do Chlár Oibre 2030, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, trí phrótacal maidir le dul chun cinn sóisialta a chur leis na Conarthaí. Moltar sa tuarascáil coimircí níos éifeachtaí a chur san áireamh chun a áirithiú go gcosnófar cearta sóisialta go hiomlán i gcás coinbhleachta le saoirsí eacnamaíocha (féach beart 5, togra 13) agus chun cúlchéimniú na gceart sin a sheachaint (beart 2, togra 14).

2.8.

I bhfianaise na ngéarchéimeanna atá ann faoi láthair agus a tharla le déanaí, agus chun na tograí agus na bearta sa tuarascáil ón gComhdháil a chomhlíonadh, ghlac Parlaimint na hEorpa rún i mí an Mheithimh 2022 inar iarr sí ar an gComhairle Eorpach tús a chur leis an bpróiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar théacsanna bunaidh an Aontais. Is díol sásaimh do CESE go n-áirítear sna hathchóirithe atá beartaithe cur chun feidhme iomlán Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a áirithiú, mar aon leis an dul chun cinn sóisialta a nascadh leis an bPrótacal maidir le Dul Chun Cinn Sóisialta agus a ionchorprú sna Conarthaí, gan dochar a dhéanamh do na hinniúlachtaí faoi seach ná do phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Tugann CESE dá aire go bhfuil iarrataí den chineál céanna curtha chun cinn ag Parlaimint na hEorpa sa rún uaithi i mí na Nollag 2020 maidir le hEoraip shóisialta láidir le haghaidh aistrithe córa.

2.9.

Tá an tuairim seo á dréachtú ag CESE tar éis na hiarrata sainráite ó Uachtaránacht na Spáinne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh (a chumhdóidh an dara leath de 2023), go gcuirfí tústuairim le chéile ina leagfar amach seasamh CESE maidir leis an bPrótacal sin.

3.   An comhthéacs Eorpach agus an t-ionchur institiúideach, dlíthiúil agus eolaíoch maidir leis an luach a bhaineann le prótacal maidir le dul chun cinn sóisialta a chur leis na Conarthaí

3.1.

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil trí institiúid de chuid an Aontais ullamh a n-aird a dhíriú ar an obair leantach ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus ar na tograí a ghabhann léi, i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach faoi Chonarthaí an Aontais. Tugann CESE dá aire go bhfuil bearta nithiúla á ndéanamh chun tograí na Comhdhála a chur chun feidhme d’fhonn feabhas a chur ar shaol laethúil na saoránach i réimsí éagsúla, lena n-áirítear geilleagar iomaíoch atá cothrom ó thaobh na sochaí de agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn (réimse téamach 9 den Chomhdháil).

3.2.

Tugann sé le fios chomh maith go bhfuil réamhanailís nuashonraithe ar na tograí agus ar na bearta sa tuarascáil maidir le toradh deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa (Samhain 2022 (5)), réamhanailís arna cur le chéile ag Ardrúnaíocht na Comhairle. Is léir ón méid sin:

go measann Ardrúnaíocht na Comhairle go bhfuil an chothromaíocht idir cearta sóisialta agus na ceithre shaoirse eacnamaíocha bainte amach cheana (e.g. Airteagal 9, Airteagal 151 agus Airteagal 153 CFAE);

go measann sí nach gá na Conarthaí a athstruchtúrú chun prótacal nua a chruthú, cé nach ndiúltaíonn sí dá inmhianaithe a bheadh sé féachaint ar na féidearthachtaí dá bhforáiltear cheana sna Conarthaí chun cuspóirí sóisialta a áirithiú (e.g. Airteagal 153);

gur fhógair an Coimisiún go bhfuil sé ar intinn aige Moladh ón gComhairle a mholadh maidir le creatchoinníollacha a fhorbairt don gheilleagar sóisialta don dara ráithe de 2023;

3.3.

Tugann CESE dá aire go n-iarrann an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa gníomhaíocht níos uaillmhianaí agus níos teanntásaí ón Aontas, ó na Ballstáit agus ó na comhpháirtithe sóisialta chun dea-bhail níos fearr a áirithiú do shaoránaigh na hEorpa, faoi chuimsiú conradh sóisialta athnuaite, chomh maith le feabhas leanúnach a chur ar dhálaí maireachtála agus oibre. Chuige sin, foráiltear leis an gcreat rialála atá ann faoi láthair do bheartais shóisialta níos tiomanta, ach de réir thuarascáil deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa (6), teastaíonn athchóiriú ar na Conarthaí do roinnt bearta eile.

3.4.

Ar an gcaoi chéanna, tríd an stádas dlí céanna a thabhairt do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus atá ag na Conarthaí, cé nach bhfuil an Chairt sin ionchorpraithe iontu, cuirtear feabhas ar an gcothromaíocht bhunreachtúil idir cearta sóisialta agus saoirsí eacnamaíocha, trína sheachaint nach eisceachtaí iad na cearta sin ar na saoirsí sin. Ar an dóigh chéanna, faoi mar a luaitear i mbrollach Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, athdhearbhaítear na cearta arb iad toradh na dtraidisiún bunreachtúil agus na n-oibleagáidí idirnáisiúnta is coiteann do na Ballstáit go sonrach iad, lena n-áirítear an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus Cairt Shóisialta Chomhairle na hEorpa. Tháinig feabhas ar an gcothromaíocht bhunreachtúil le teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, rud a thug an stádas dlí céanna do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus atá ag na Conarthaí. Is léir ón taithí a fuarthas, áfach, go mbíonn forlámhas i gcónaí ag saoirsí eacnamaíocha ar chearta sóisialta i gcás coinbhleachta.

3.5.

Is eol do CESE freisin go bhfuil forbairt dhearfach á déanamh ar dhlí an Aontais agus ar chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais maidir le cosc a chur ar dhumpáil shóisialta, chun a áirithiú go mbeidh samhail iomaíochta eacnamaíche ann a bheidh ní hamháin saor ach cothrom freisin. Is sampla soiléir é breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Mór-Dhlísheomra) an 8 Nollaig 2020 (Cás C-620/18) den ghá atá le cothrom iomaíochta a áirithiú i bhfeidhmiú saoirsí eacnamaíocha (i gcás seirbhísí a sholáthar). Is léir ón taithí a fuarthas, áfach, go mbíonn forlámhas i gcónaí ag saoirsí eacnamaíocha ar chearta sóisialta i gcás coinbhleachta.

4.   Tuairimí ginearálta

4.1.

Tugann CESE dá aire, cé go bhfuil íoschaighdeáin cheangailteacha agus neamhcheangailteacha ann ar an leibhéal Eorpach chun cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun cinn, go bhfuil an Prótacal ag teastáil chun geilleagar sóisialta margaidh atá fíor-iomaíoch agus inbhuanaithe a chur chun cinn agus a ráthú, d’fhonn cur le neart chóras an gheilleagair shóisialta margaidh san Eoraip agus, ag an am céanna, laigí sa chóras sin a dhíothú agus é a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn. Creideann CESE gur treochlár iomchuí iad conclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa chun an t-athchóiriú sin a chur chun cinn. Dá bhrí sin, iarrann sé ar na hinstitiúidí Eorpacha na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go mbainfear amach an togra seo ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.

4.2.

Measann CESE, bíodh is go mbeadh gá an togra ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus ó Pharlaimint na hEorpa a thabhairt isteach i bhfoirm prótacail (a chuirfí le CFAE) nó i bhfoirm clásail trasearnála (athchóiriú ar Airteagal 9 CFAE), measann sé go bhfuil ionstraimí beartais eile ann a d’fhéadfadh cur le haidhmeanna an phrótacail maidir le dul chun cinn sóisialta.

4.3.

Ina theannta sin, measann CESE go bhféadfadh an Prótacal – agus é ina ghné bhunúsach den dul chun cinn sóisialta – neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta a choimirciú agus a neartú, agus nasc soiléir a bhunú idir dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus na saoirsí eacnamaíocha, lena n-áirítear an iomaíocht chóir idir na Ballstáit agus na cearta sóisialta comhchoiteann á n-urramú agus á gcur chun cinn san am céanna. Ní mór an ráthaíocht sin a thuiscint i gcónaí i gcomhréir le neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta agus le feidhmiú cuí na gcóras náisiúnta idirphlé sóisialta agus caidrimh thionsclaíoch.

4.4.

Creideann CESE go bhfuil sé riachtanach, agus ní hamháin inmhianaithe, prionsabal neamh-chúlchéimnithe maidir le caighdeáin shóisialta a ráthú sa Phrótacal, mar a aithnítear cheana i ndlí Chairt Shóisialta na hEorpa agus i gcásdlí an Choiste Eorpaigh ar Chearta Sóisialta, cé nach ndéantar amhlaidh i ndlí an Aontais ná i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais.

4.5.

Measann CESE gur gné lárnach de shamhail nua eacnamaíoch agus rialachais an Aontais é an Prótacal seo, samhail lenar cheart díriú ar dhul níos faide ná OTI agus ar dhea-bhail atá cóir go sóisialta, cuimsitheach agus inbhuanaithe a fhorbairt san Eoraip.

5.   Barúlacha sonracha

5.1.

Dá gcuirfí an Prótacal san áireamh, tá CESE suite de go gcuirfí ar chumas an Aontais a bheith rannpháirteach sa dul chun cinn, maille leis an bhfás eacnamaíoch a stiúradh, dea-bhail an chuid is mó dá dhaonra a chur chun cinn (tríd an tsamhail shóisialta Eorpach a chaomhnú) agus, dá bharr sin, gnólachtaí níos láidre agus níos inbhuanaithe a chruthú agus a fhorbairt. Chuige sin, chuirfeadh an Prótacal go mór le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe an Aontais a bhaint amach faoi Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe.

5.2.

Bunaithe ar an méid atá i bPrótacal 27 maidir leis an margadh inmheánach agus an iomaíocht, creideann CESE gur cheart inniúlacht leordhóthanach a bheith ag an Aontas chun gníomhú, más gá, chun éifeachtacht an dul chun cinn shóisialta a áirithiú, i gcomhréir le forálacha na gConarthaí, lena n-áirítear Airteagal 352 CFAE.

5.3.

Molann CESE don Aontas an oibleagáid atá air faoi Chonradh Liospóin a chomhlíonadh, is é sin aontú don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine. Ina cheann sin, ní mór don Aontas cloí le Cairt Shóisialta na hEorpa de chuid Chomhairle na hEorpa chun cómhaireachtáil chomhchuí idir dlí an Aontais agus dlí Chomhairle na hEorpa sa réimse sóisialta a chur chun cinn

An Bhruiséil, an 15 Meitheamh 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  https://www.europarl.europa.eu/resources/library/media/20220509RES29121/20220509RES29121.pdf

(2)   Building a social market economy in the European Union, László Andor, an Coimisinéir um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú.

(3)  Féach European Parliament resolution of 13 March 2014 on Employment and social aspects of the role and operations of the Troika (ECB, Commission and IMF) with regard to euro area programme countries (2014/2007(INI)) [Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2014 maidir le gnéithe fostaíochta agus sóisialta de ról agus d’oibríochtaí an Troika (BCE, an Coimisiún agus CAI) i ndáil le tíortha an limistéir euro].

(4)  https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-10033-2022-ADD-1-REV-1/en/pdf

(5)  https://www.consilium.europa.eu/ga/policies/conference-on-the-future-of-europe/

(6)  Tuarascáil maidir le toradh deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, féach lch. 53.


IARSCRÍBHINN

I rith na díospóireachta, diúltaíodh don leasú seo a leanas a raibh an ceathrú cuid ar a laghad de na vótaí arna gcaitheamh ar a shon (Riail 74(3) de na Rialacha Nós Imeachta):

LEASÚ 1

SOC/756 — An Prótacal maidir le Dul Chun Cinn Sóisialta

An téacs seo a leanas a chur in ionad na tuairime iomláine a chuir Rannóg SOC i láthair (míniú/cúis ag deireadh an doiciméid):

Leasú

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tá CESE á thabhairt dá aire nach bhfuil na Ballstáit agus ag na geallsealbhóirí ar aon intinn an mbeadh sé oiriúnach nó riachtanach athchoiriú a dhéanamh ar na Conarthaí chun Prótacal maidir le Dul Chun Cinn Sóisialta a chur leo. Mar a cuireadh in iúl sa réamh-mheasúnú teicniúil a rinne an Chomhairle ar an tuarascáil maidir le toradh deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, tá an chothromaíocht idir na cearta sóisialta agus na ceithre shaoirse eacnamaíocha faoi chosaint sna Conarthaí. Creideann CESE go bhfuil sé tábhachtach an chothromaíocht sin a choimeád sna Conarthaí, in áit ordlathas a chruthú idir na cearta sóisialta agus na saoirsí eacnamaíocha. Lena chois sin, is é an aidhm atá á saothrú tríd an bPrótacal maidir le Dul Chun Cinn Sóisialta a chur leis na Conarthaí agus tosaíocht a thabhairt do chearta sóisialta bunúsacha de rogha ar shaoirsí eacnamaíocha an mhargaidh inmheánaigh ná athrú a dhéanamh ar na bunphrionsabail a bhfuil an tAontas fothaithe orthu agus is ionann sin agus ionsaí a dhéanamh ar bhonn bunúsach an gheilleagair a thug rathúnas agus dea-bhail don Aontas agus do na Ballstáit. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh a leithéid de phrótacal an bonn féin a bhaint den dul chun cinn sóisialta.

1.2.

Dála mar atá srianta éagsúla leis na saoirsí eacnamaíocha, is féidir srianta a bheith ann freisin le feidhmiú na gceart sóisialta bunúsach, cuir i gcás an ceart chun gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh. De réir chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), ní féidir srian a chur le saoirsí eacnamaíocha ach amháin má dhéantar amhlaidh chun críche dlisteanaí atá i gcomhréir leis na Conarthaí agus má tá sé chun leasa sháraithigh an phobail. Fiú sa chás sin, is gá an srian a bheith oiriúnach don chuspóir atá le baint amach agus nach rachfar thar a bhfuil ag teastáil lena bhaint amach. Is féidir an méid sin a chinntiú ach prionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta atá ann cheana féin a chur i bhfeidhm ar an leibhéal Eorpach.

1.3.

Síleann CESE gur cheart leanúint d’aghaidh a thabhairt ar chuspóirí an bheartais fostaíochta agus an bheartais shóisialta faoi chuimsiú na gConarthaí, an chreata reachtaigh, agus an chreata beartais atá ann cheana féin ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta á urramú go hiomlán ag an am céanna. Beidh CESE ar fáil ag Uachtaránacht na Spáinne atá le teacht, chun cuidiú leis an bpróiseas sin.

1.4.

In áit Prótacal maidir le Dul Chun Cinn Sóisialta a chur chun tosaigh, rud a shaobhfadh an chothromaíocht idir na saoirsí eacnamaíocha agus na cearta sóisialta agus a chuirfeadh isteach ar inniúlachtaí dea-shainithe Eorpacha agus náisiúnta, ba cheart don Aontas dul chun cinn a dhéanamh maidir le comhthuiscint a chothú ar a bhfuil i gceist le breisluach an Aontais ó thaobh beartais fostaíochta agus shóisialta de.

1.5.

Tá sé ríthábhachtach go leanfaidh an tAontas dá fhorbairt féin ar bhealach a thugann aghaidh ar na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta ar bhonn comhtháite. Mar a luaigh CESE cheana, an t-iomaíochas móide an táirgiúlacht mhéadaithe bunaithe ar scileanna agus ar eolas, is ionann sin agus foirmle mhaith chun folláine shochaithe na hEorpa a chaomhnú. An fás eacnamaíoch agus an margadh inmheánach dea-fheidhmiúil, tá tábhacht ag baint leis an dá rud sin má táthar chun an ghné shóisialta den Aontas a neartú. Is mithid anois na buanna a bhaineann le geilleagar sóisialta margaidh na hEorpa a threisiú agus fáil réidh leis na laigí a bhaineann leis, agus, dá réir sin, é a chur in oiriúint chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn (1).

1.6.

Ba cheart cinntí maidir leis an mbeartas sóisialta a dhéanamh a ghaire agus is féidir do shaoránaigh an Aontais agus lánurraim á tabhairt do na hinniúlachtaí a roinntear idir an tAontas, na Ballstáit, agus na comhpháirtithe sóisialta. Tá gá leis sin chun torthaí dearfacha a bhaint amach do shaoránaigh, d’oibrithe, do ghnólachtaí agus don tsochaí ina hiomláine. Ba cheart a áirithiú go ndéanfar amach anseo díospóireachtaí beartais soiléire staidéaracha maidir leis na gnéithe eacnamaíocha agus sóisialta den Aontas. Ba cheart ilghnéitheacht na forbartha eacnamaíche sna Ballstáit a áireamh níos fearr sna díospóireachtaí Eorpacha maidir leis an ngné shóisialta, ionas go mbeidh na hionchais a bhaineann leis an méid sin réalaíoch agus go ndéanfar dul chun cinn maidir le cóineasú eacnamaíoch agus sóisialta na hEorpa. Fágann an ilghnéitheacht sin freisin go bhféadfadh sé go mbeadh gá scaití le bearta a chuireann na caighdeáin saothair agus shóisialta ar gcúl go gearrthéarmach, lena chur ar chumas na rialtas drochthionchar níos measa fós na gcúluithe tromchúiseacha eacnamaíocha agus airgeadais ar an leibhéal náisiúnta a sheachaint. Ba cheart an cinneadh faoin ngá atá leis na bearta sin a bheith faoi rogha na n-údarás náisiúnta i gcónaí.

1.7.

Ar na cúiseanna thuasluaite, ní féidir le Grúpa na bhFostóirí in CESE glacadh leis an togra le haghaidh athbhreithniú ar na Conarthaí d’fhonn Prótacal maidir le Dul Chun Cinn Sóisialta a chruthú agus ní thacaíonn sé leis.

2.   Eolas cúlra, an comhthéacs Eorpach agus náisiúnta, agus an creat institiúideach agus dlíthiúil

2.1.

Tá tuairim SOC/756 ullmhaithe ag CESE tar éis iarraidh ar thústuairim a fháil ó Uachtaránacht na Spáinne atá le teacht ar Chomhairle an Aontais, d’fhonn freagraí a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh san iarraidh sin (2).

2.2.

San iarraidh ó Uachtaránacht na Spáinne atá le teacht, déantar tagairt don togra ó Chónaidhm Eorpach na gCeardchumann (CEC) le haghaidh Prótacal maidir le Dul Chun Cinn Sóisialta (3), i gcomhthéacs thorthaí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa (4) agus an Rúin ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 maidir leis an iarraidh ar Choinbhinsiún chun na Conarthaí a athbhreithniú (5), ina n-iarrtar ar an gComhairle, i measc rudaí eile nach iad, na hinniúlachtaí a bhaineann le beartais shóisialta agus eacnamaíocha a thugtar don Aontas sna Conarthaí a chur in oiriúint, cur chun feidhme iomlán Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a áirithiú, agus an dul chun cinn sóisialta in Airteagal 9 CFAE arna nascadh le Prótacal maidir le Dul Chun Cinn Sóisialta a ionchorprú sna Conarthaí.

2.3.

Sa togra ó CEC le haghaidh Prótacal maidir le Dul Chun Cinn Sóisialta (6), tá ceithre phríomhfhoráil atá le cur i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Bunaítear ann na prionsabail (Airteagal 1), sainítear an rud is dul chun cinn sóisialta ann agus a bhfuil i gceist lena chur chun feidhme (Airteagal 2), sainítear an caidreamh idir na cearta sóisialta bunúsacha agus beartais eile de chuid an Aontais (Airteagal 3), agus sainítear inniúlachtaí an Aontais (Airteagal 4) a theastaíonn chun an dul chun cinn sóisialta a áirithiú.

2.4.

De réir an togra ó CEC [aistrithe ón mBéarla]:

Ní thabharfar tús áite sna Conarthaí do rud ar bith, go háirithe ní do na saoirsí eacnamaíocha ná don mhargadh inmheánach, ar na cearta sóisialta bunúsacha ná ar an dul chun cinn sóisialta arna sainmhíniú in Airteagal 2 den Phrótacal seo. I gcás ina dtagann dhá rud salach ar a chéile, tabharfar tús áite do na cearta sóisialta bunúsacha.’ (Airteagal 3)

Ní dhéanfar aon bheart beartais de chuid an Aontais, go háirithe maidir leis na saoirsí eacnamaíocha, a léiriú ar bhealach lena gcuirtear srian le feidhmiú na gceart sóisialta bunúsach mar a aithnítear sna Ballstáit iad nó lena ndéantar dochar dóibh, bíodh sin le dlí an Aontais nó le haon ionstraim idirnáisiúnta eile, go háirithe Coinbhinsiúin EIS agus Cairt Shóisialta Eorpach Chomhairle na hEorpa’. (Airteagal 3)

2.5.

Tugann CESE dá aire gur forbraíodh an togra tosaigh ó CEC le haghaidh Prótacal maidir le Dul Chun Cinn Sóisialta in 2008 de thoradh rialuithe ó CBAE i gcásanna Viking, Laval, Rüffert agus Lucsamburg. Tugann sé dá aire freisin gur fhoilsigh comhpháirtithe sóisialta trastionscail na hEorpa tuarascáil in 2010 maidir le hobair chomhpháirteach na gcomhpháirtithe sóisialta ar na rialuithe sin, tuarascáil inar chomhaontaigh siad go mbíonn na saoirsí eacnamaíocha agus na cearta sóisialta bunúsacha ag idirghníomhú le chéile laistigh dá réimse inniúlachta féin. Níl siad ar aon fhocal, áfach, faoi na himpleachtaí sonracha a bhíonn ag an nasc sin agus go háirithe faoin méid a bheadh i gceist leis sin maidir le srianta a chur leis an gceart chun gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh agus/nó leis an tsaoirse bunaíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar (7).

2.6.

Tarraingíonn CESE aird air freisin nár éirigh leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán COM(2012) 130 (‘Monti II’) (8) agus ar fhreagairt láidir na bparlaimintí náisiúnta ar an tionscnamh sin in 2012 (9). Chosain siad inniúlachtaí náisiúnta, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, rud a léiríonn a bhailí atá Airteagal 153(5) CFAE i gcónaí. Cuirtear in iúl go soiléir san airteagal sin nach bhfuil inniúlacht ar bith ag an Aontas i dtaca leis an gceart chun dul i gcomhlachas, i dtaca leis an gceart chun dul ar stailc, ná i dtaca leis an gceart chun frithdhúnadh a fhorchur.

2.7.

I bhfianaise an chomhthéacs a ndéantar cur síos air thuas, tá CESE á thabhairt dá aire nach bhfuil na Ballstáit agus ag na geallsealbhóirí ar aon intinn an mbeadh sé oiriúnach nó riachtanach athchoiriú a dhéanamh ar na Conarthaí chun Prótacal maidir le Dul Chun Cinn Sóisialta a chur leo. Léiriú air sin, mar shampla, is ea an méid a dúirt Aire Dlí agus Cirt na Danmhairge, Peter Hummelgaard: ‘Le linn na gcruinnithe a bhí agam le mo chomhghleacaithe Eorpacha agus leis an gCoimisiún, tharraing mé aird go minic ar an bhfís fhadtéarmach atá ag an rialtas prótacal sóisialta a thabhairt isteach. Chun prótacal sóisialta a thabhairt isteach sna Conarthaí, bheadh gá leis na Conarthaí a athrú. Ní dóigh leis an rialtas gur tráth iomchuí é chun tús a chur le próiseas fadálach chun na Conarthaí a athrú. Ina ionad sin, ba mhian leis torthaí nithiúla a bhaint amach maidir leis na dúshláin atá os comhair shaoránaigh agus chuideachtaí na hEorpa (10).

2.8.

Tá CESE á chur in iúl gur réitíodh na saincheisteanna a tháinig chun cinn i gcomhthéacs na rialuithe Viking, Laval, agus Rüffert in 2007 agus in 2008 trí athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le hOibrithe a Phostú in 2018. Ós rud é go n-áirítear sa Treoir athbhreithnithe maidir le hOibrithe a Phostú prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann san áit chéanna, bheadh sé dlisteanach, i gcásanna atá cosúil le breithiúnais Viking agus Laval, ceart na n-oibrithe chun gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh a fheidhmiú d’fhonn pá atá comhionann le pá na n-oibrithe áitiúla a fháil.

2.9.

Tháinig an iarraidh i ndáil le Prótacal maidir le Dul Chun Cinn Sóisialta a thabhairt isteach chun cinn arís i gcomhthéacs na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa. I ndáil leis sin, tá béim á leagan ag CESE ar an mbarúil a leagtar amach sa réamh-mheasúnú teicniúil ón gComhairle ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa gur baineadh amach cheana féin an chothromaíocht idir na cearta sóisialta agus na ceithre shaoirse eacnamaíocha (e.g. Airteagal 3 CAE, Airteagail 9, 151 agus 153 CFAE). Aontaíonn CESE go hiomlán leis an mbarúil sin a cuireadh in iúl sa réamh-mheasúnú teicniúil ón gComhairle agus measann sé nach gá athbhreithniú a dhéanamh ar na Conarthaí chun Prótacal maidir le Dul Chun Cinn Sóisialta a chruthú.

2.10.

Measann CESE gur deis í an bharúil sin chun an méid a luaitear in Airteagal 3(3) CAE a athdheimhniú, i.e. go mbunóidh an tAontas margadh inmheánach agus go n-oibreoidh sé ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe na hEorpa bunaithe ar fhás eacnamaíoch cothromaithe agus ‘ar gheilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar agus arb é is aidhm dó an lánfhostaíocht agus an dul chun cinn sóisialta’.

2.11.

D’athródh an togra chun Prótacal maidir le Dul Chun Cinn Sóisialta a ionchorprú sna Conarthaí cineál agus feidhmiú gheilleagar sóisialta margaidh an Aontais, ós rud é go mbeadh tosaíocht ag na cearta sóisialta ar na saoirsí eacnamaíocha. Os a choinne sin, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, leantar an cur chuige ceart trí chearta sóisialta agus saoirsí eacnamaíocha a chosaint mar chuid den ionstraim chéanna a bhfuil an stádas dlí céanna aici. Dá dtabharfaí tosaíocht ghinearálta do na cearta sóisialta ar na saoirsí eacnamaíocha, bheadh sé chomh díobhálach céanna le tosaíocht ghinearálta a thabhairt do na saoirsí eacnamaíocha.

2.12.

Tá CESE á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé an chothromaíocht atá ann cheana sna Conarthaí idir na cearta sóisialta agus na saoirsí eacnamaíocha a choimeád, gan ordlathas a chruthú eatarthu. Mar a luaitear i gcás Laval (11), mar shampla, is leas dlisteanach é cearta bunúsacha a chosaint a d’fhéadfadh, i bprionsabal, údar a thabhairt le srian a chur ar shaoirsí bunúsacha atá ráthaithe sna Conarthaí, amhail an tsaoirse bunaíochta nó an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar. Mar sin féin, tagann feidhmiú na gceart bunúsach faoi raon feidhme fhorálacha na gConarthaí, agus ní mór an feidhmiú sin a réiteach i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta  (12).

2.13.

Meastar gurb í an aidhm atá á saothrú tríd an bPrótacal maidir le Dul Chun Cinn Sóisialta a chur leis na Conarthaí agus tosaíocht a thabhairt do chearta sóisialta bunúsacha de rogha ar shaoirsí eacnamaíocha an mhargaidh inmheánaigh ná athrú a dhéanamh ar na bunphrionsabail a bhfuil an tAontas fothaithe orthu agus gurb ionann sin agus ionsaí a dhéanamh ar bhonn bunúsach an gheilleagair a thug rathúnas agus dea-bhail don Aontas agus do na Ballstáit. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh prótacal den sórt sin an bonn a bhaint den dul chun cinn sóisialta. Ba cheart don Aontas dul chun cinn a dhéanamh maidir le comhthuiscint a chothú ar a bhfuil i gceist le breisluach an Aontais ó thaobh beartais fostaíochta agus shóisialta de, seachas tús a chur le próiseas arb é is aidhm dó Prótacal maidir le Dul Chun Cinn Sóisialta a bhunú, rud a shaobhfadh an chothromaíocht idir saoirsí eacnamaíocha agus cearta sóisialta agus a chuirfeadh isteach ar inniúlachtaí dea-shainithe Eorpacha agus náisiúnta.

2.14.

D’aithin CESE cheana féin go bhfuil samhail eacnamaíoch agus shóisialta na hEorpa bunaithe ar an gcomhthuiscint ar a thábhachtaí atá sé borradh a chur faoin bhfostaíocht, faoin dul chun cinn sóisialta agus faoin táirgiúlacht, óir is iad sin na príomhthosca bunúsacha lena mbaintear amach fás eacnamaíoch a théann chun tairbhe do chách ar bhealach cothrom (13). Ba cheart leanúint d’aghaidh a thabhairt ar chuspóirí an bheartais fostaíochta agus shóisialta sna Conarthaí atá ann faoi láthair, sa chreat reachtach agus beartais atá ann cheana ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta á urramú go hiomlán ag an am céanna.

2.15.

Tá sé ríthábhachtach go leanfaidh an tAontas d’fhorbairt a dhéanamh d’fhonn aghaidh a thabhairt ar dhúshláin eacnamaíocha agus shóisialta ar bhealach comhtháite. Tá gá leis sin chun torthaí dearfacha a bhaint amach do shaoránaigh, d’oibrithe, do ghnólachtaí agus don tsochaí ina hiomláine. Ba cheart a áirithiú go ndéanfar amach anseo díospóireachtaí beartais soiléire staidéaracha maidir leis na gnéithe eacnamaíocha agus sóisialta den Aontas. Ba cheart ilghnéitheacht na forbartha eacnamaíche sna Ballstáit a áireamh níos fearr sna díospóireachtaí Eorpacha maidir leis an ngné shóisialta, ionas go mbeidh na hionchais a bhaineann leis an méid sin réalaíoch agus go ndéanfar dul chun cinn maidir le cóineasú eacnamaíoch agus sóisialta na hEorpa.

2.16.

Ní mór a aithint, agus iarracht á déanamh dul chun cinn sóisialta a bhaint amach, go bhfuil cásanna ann inar gá bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar staideanna eacnamaíocha agus fioscacha ar an leibhéal náisiúnta, d’fhonn saobhadh tromchúiseach ar an margadh saothair agus ar an bhforbairt eacnamaíoch a chosc sa mheántéarma. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé go gcuirfí na cearta sóisialta ar gcúl dá thoradh sin. Cé nach é leibhéal na gcaighdeán sóisialta a ísliú an príomhsprioc, ní mór do na rialtais náisiúnta a bheith in ann úsáid a bhaint as an ionstraim sin ó am go chéile chun iarmhairtí níos measa a d’fhéadfadh eascairt as cúluithe eacnamaíocha agus fioscacha a sheachaint.

2.17.

Seachas iarracht a dhéanamh na dúshláin atá roimh an margadh saothair a réiteach ar bhonn uilechoiteann ar an leibhéal Eorpach, is é príomhról an Aontais faisnéis, réitigh fhéideartha, dreasachtaí agus fios gnó a chur ar fáil chun cuidiú leis na Ballstáit agus na comhpháirtithe sóisialta beartais a dhearadh, a chur chun feidhme agus a mheas, ar beartais iad lena dtugtar aghaidh mar is ceart ar na dúshláin atá rompu, ar bhealach a thuigfidh na pobail agus a nglacfaidh siad leis.

2.18.

Ba cheart cinntí maidir leis an mbeartas sóisialta a dhéanamh a ghaire agus is féidir do shaoránaigh an Aontais agus lánurraim á tabhairt d’inniúlachtaí na mBallstát agus na gcomhpháirtithe sóisialta. Sa mhargadh saothair go háirithe, is é is oiriúnaí go ndéanfaidh na fostóirí agus na fostaithe roinnt mhaith cinntí, sin nó go ndéanfar na cinntí sin a ghaire dóibh agus is féidir.

2.19.

I ndáil leis sin, is céim sa treo ceart é tionscnamh an Aontais maidir leis an idirphlé sóisialta (14) a foilsíodh le déanaí, ós rud é gur féidir leis an tionscnamh sin an bealach a réiteach chun eagraíochtaí na gcomhpháirtithe sóisialta a neartú in áiteanna inar gá sin san Aontas, agus níos mó spáis a chruthú do na comhpháirtithe sóisialta ar mhaithe le caibidlíocht neamhspleách a dhéanamh ar na leibhéil iomchuí sna Ballstáit agus le tacaíocht ó na rialtais náisiúnta.

2.20.

Ina theannta sin, tá sé tábhachtach dul in oiriúint do na bealaí éagsúla ina ndéanann na Ballstáit idirghabhálacha beartais shóisialta a chur in ord tosaíochta agus a mhúnlú, i bhfianaise socruithe bunreachtúla, cinntí polaitiúla, cineálacha cur chuige beartais agus tradisiúin chultúrtha atá fréamhaithe go domhain sna Ballstáit. Sin é an fáth ar cheart prionsabal na coimhdeachta, mar a chumhdaítear sa Chonradh é, a choinneáil i gcroílár an treoshuímh beartais.

2.21.

Mar chuid de sin, tá sé ríthábhachtach a aithint nach ionann cineál an Aontais agus eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail An Chomhairle Eorpach agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair. Dá bhrí sin, ní féidir leis na creataí a chuireann na heagraíochtaí idirnáisiúnta sin ar fáil feidhmiú mar thagarmharc ar mhaithe le cur chun feidhme san Aontas. Ba cheart don Aontas Eorpach beartais a cheapadh atá i gcomhréir lena shaintréithe sonracha féin. Ag an am céanna, mar a luaitear in Airteagal 6(3) CAE, beidh na cearta bunúsacha atá ráthaithe sa Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus arb iad toradh na dtraidisiún bunreachtúil is coiteann do na Ballstáit iad, ina bprionsabail ghinearálta de dhlí an Aontais.

Cúis

Is éard atá sa téacs seo leasú arb é is aidhm dó seasamh a leagan amach atá éagsúil ar an mórgóir ó thuairim a thíolaic an rannóg agus, ar an gcúis sin, ní mór é a mheas mar fhrituairim. Leagtar amach ann na cúiseanna a measann CESE nach gá athbhreithniú a dhéanamh ar na Conarthaí chun Prótacal maidir le Dul Chun Cinn Sóisialta a chruthú. Ba cheart don Aontas dul chun cinn a dhéanamh maidir le comhthuiscint a chothú ar a bhfuil i gceist le breisluach an Aontais ó thaobh beartais fostaíochta agus shóisialta de, seachas Prótacal maidir le Dul Chun Cinn Sóisialta a bhunú, rud a shaobhfadh an chothromaíocht idir na saoirsí eacnamaíocha agus na cearta sóisialta agus a chuirfeadh isteach ar inniúlachtaí deashainithe náisiúnta.

Toradh na vótála:

Ar son:

101

In aghaidh:

133

Staonadh:

7


(1)  Rún ó CESE Rannchuidiú CESE le Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto, pointe 7.

(2)  

‘1.

Cad é measúnú agus seasamh CESE maidir leis an togra seo, agus deis tugtha ag Uachtarán reatha an Choimisiúin Eorpaigh plé a dhéanamh ar athchóiriú na gConarthaí san óráid is déanaí ón Aontas Eorpach?

2.

An measann sé go mbeadh sé tráthúil agus áisiúil dul chun cinn an togra seo a thabhairt isteach ar chlár oibre Uachtaránacht na Spáinne?

3.

Más ea, cé na leibhéil inniúlachta ab oiriúnaí dó (Cruinniú Mullaigh Eorpach, Comhairle na nAirí Gnóthaí Sóisialta, leibhéal na saineolaithe, an leibhéal teicniúil)?’

(3)  Cuireadh chun tosaigh é den chéad uair in 2008 agus tugadh cothrom le dáta é in 2022.

(4)  Tuarascáil ar an toradh deiridh.

(5)  https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2022-0244_EN.html

(6)  Togra ó CEC le haghaidh Prótacal maidir le Dul Chun Cinn Sóisialta, leagan a tugadh cothrom le dáta in 2022

(7)  Tuarascáil maidir le hobair chomhpháirteach chomhpháirtithe sóisialta na hEorpa ar na rialuithe ó CBAE i gcásanna Viking, Laval, Rüffert agus Lucsamburg

(8)  Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le feidhmiú an chirt chun gníomhaíocht chomhchoiteann a ghlacadh laistigh de chomhthéacs na saoirse bunaíochta agus na saoirse chun seirbhísí a sholáthar.

(9)  Bhí 12 cheann de na 40 parlaimint náisiúnta/teach parlaiminte (19 vótáil as na 54 a reáchtáladh) den bharúil nach raibh ábhar an togra ag teacht le prionsabal na coimhdeachta. Tharraing an Coimisiún an togra siar sa deireadh thiar.

(10)  Rud a dúradh le linn cruinniú den Choiste um Ghnóthaí AE i bParlaimint na Danmhairge.

(11)  Cás C/341/05, pointe 91 agus pointe 93.

(12)  Faoi phrionsabal na comhréireachta, níor cheart d’inneachar ná d’fhoirm ghníomhaíocht an Aontais dul thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach.

(13)   IO C 125, 21.4.2017, lch. 10, pointe 2.6.

(14)  Féach freisin an tuairim ó CESE An t-idirphlé sóisialta a neartú (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).


18.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 293/68


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — an comhar maidir leis an óige

(tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Spáinne)

(2023/C 293/10)

Rapóirtéir:

Nicoletta MERLO

Iarraidh ó Uachtaránacht na Spáinne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Litir an 8.12.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Tústuairim

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

31.5.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

15.6.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

579

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

224/3/10

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Chun a áirithiú go n-éireoidh le cur chun feidhme Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh agus d’fhonn creat agus tagairt a chur ar fáil chun cláir oibre i leith na hóige a chur chun cinn ar fud na mBallstát uile, tá an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé sonraí cruinne atá cothrom le dáta a bheith ann. Leis na sonraí sin, cuideofar le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an tionchar neamhshiméadrach a bhíonn ag géarchéimeanna amhail COVID-19 (1) agus an tionchar a bhíonn ag beartais ar an óige (2), chomh maith le dea-chleachtais a shainiú lena dtugtar aghaidh go díreach agus go heisiach ar dhaoine óga nó a mbíonn tionchar suntasach acu orthu.

1.2.

Is mór ag CESE na feabhsuithe leanúnacha atá á ndéanamh ar Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh agus measann sé go bhfuil sé ríthábhachtach an t-idirphlé sin a neartú agus ról fónta a thabhairt do chomhlachtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine óga fud fad an phróisis ceaptha beartas, agus ar an mbealach sin, aithneofar an ról a imríonn siad agus cuirfear san áireamh na bealaí nua ina mbíonn daoine óga rannpháirteach, ina ndéanann siad díospóireacht agus ina ngníomhaíonn siad sa lá atá inniu ann. Is minic a dhéantar sin tríd an teicneolaíocht agus na meáin shóisialta a úsáid.

1.3.

Ba cheart Idirphlé Óige an Aontais a bheith nasctha go dlúth le clár oibre an Aontais. Ba cheart imeachtaí amhail ‘Leatsa an Eoraip, Abair Leat!’ agus Cruinniú an Aontais um an Óige a chomhtháthú ar bhealach níos fearr le hIdirphlé Óige an Aontais agus ba cheart tacaíocht airgeadais níos fearr agus níos fadtéarmaí a chur ar fáil d’eagraíochtaí agus do líonraí óige a rannchuidíonn leis an idirphlé sin.

1.4.

D’fhonn rannpháirtíocht na hóige sa pholaitíocht a mhéadú, is mian le CESE oibriú leis an bhfoireann trí uachtaránacht (an Spáinn, an Bheilg, an Ungáir) a bheidh ann go luath ar straitéisí chun vótálaithe céaduaire a spreagadh, chun feabhas a chur ar an ráta vótála i measc na hóige agus chun rannpháirtíocht na hóige mar iarrthóirí a mhéadú ar fud na hEorpa.

1.5.

Tá CESE tiomanta don idirphlé sóisialta a neartú i gcomhréir leis an togra ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú san Aontas. Ba cheart tuilleadh tacaíochta a dhíriú ar acmhainneacht na gcomhpháirtithe sóisialta a fhorbairt, go háirithe i measc na gcomhaltaí don óige, d’fhonn idirphlé sóisialta agus cómhargáil a dhéanamh.

1.6.

Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach dlíthe, gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí, beartais, straitéisí, cláir, bearta agus infheistíocht phoiblí a bheith faoi réir comhairliúchán agus measúnú tionchair ó thaobh na hóige agus dearadh bheartais de, agus faoi réir tograí le haghaidh bearta maolaithe agus ba cheart a áirithiú go gcuirtear cosc ar sháruithe ar chearta agus ar an idirdhealú in aghaidh daoine óga leo.

1.7.

D’fhonn na bacainní eacnamaíocha a shárú, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit tús áite a thabhairt do dhaoine óga a lánpháirtiú i margadh an tsaothair trí phoist ardcháilíochta a chur ar fáil dóibh agus trí fhor-rochtain ar dhaoine nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna NEETanna a fheabhsú.

1.8.

Agus é ag tagairt do Bhliain Eorpach na Scileanna, tá CESE á chur i bhfáth an tábhacht a bhaineann leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus an gá atá le scileanna trasnaí. Ní mór litearthacht airgeadais, eolas ar chearta oibrithe agus scileanna fiontraíochta a bheith ag daoine óga. Ní mór scileanna digiteacha agus scileanna eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice (ETIM) a chur chun cinn níos mó, go háirithe i measc cailíní.

1.9.

D’fhonn an mheabhairshláinte a chur chun cinn agus an foréigean agus an bhulaíocht a chomhrac, tá CESE á chur in iúl a thábhachtaí atá sé a áirithiú go bhfaighidh ógánaigh scileanna sochmhothúchánacha agus go gcuirfear tacaíocht shíceolaíoch agus shóisialta ar fáil dóibh i scoileanna agus i ngrúpaí móra eile. Trí Bhliain Eorpach don Mheabhairshláinte a chruthú, chuideofaí le feasacht a ardú ar shaincheisteanna den sórt sin.

1.10.

Chun sláinte shíceolaíoch agus fhisiciúil níos fearr a bhaint amach, measann CESE go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh an deis ag daoine óga spóirt a imirt agus páirt a ghlacadh sa tsochaí i gcoitinne agus i ngníomhaíochtaí cultúrtha.

1.11.

Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach cuidiú le daoine óga lena gcostais tithíochta a íoc agus beartais tithíochta poiblí a chothú chun rochtain ar thithíocht chuibhiúil a ráthú, iad a spreagadh chun a mhaireachtáil go neamhspleách agus tacú leo tráth a bhíonn a saol teaghlaigh á phleanáil acu. Ní mór do na Ballstáit cur lena n-iarrachtaí chun an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil a chur chun feidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann le hinfhaighteacht agus inrochtaineacht luathchúraim leanaí agus saoráidí atá ríthábhachtach do theaghlaigh óga.

1.12.

Iarrann CESE go mbeadh rannpháirtíocht na ndaoine óga sa ghníomhú ar son na haeráide agus i saincheisteanna comhshaoil níos fónta agus leagann sé béim ar a thábhachtaí atá forbairt scileanna sna réimsí sin.

1.13.

Iarrann CESE ar an Aontas agus ar na Ballstáit aird chuí a thabhairt ar an gcomhghaol idir saincheisteanna comhshaoil agus an mheabhairshláinte a mhéid a bhaineann le daoine óga agus iarrann sé go gcuirfear leis an taighde ar ghníomhú ar son na haeráide agus le freagrúlacht rialtais ina leith.

1.14.

Agus sinn ag obair ar na hábhair thuasluaite, tá sé tábhachtach a bheith ar an eolas faoi dhaoine óga imeallaithe agus cur chuige trasnach a ghlacadh, agus aird á tabhairt ar inscne, eitneacht, míchumas agus mar sin de.

2.   Cúlra

2.1.

Tá scéim comhair um beartas i leith na hóige á reáchtáil ag an Aontas ó 2002 agus í bunaithe ar phrionsabail na rannpháirtíochta gníomhaí agus na rochtana comhionainne ar dheiseanna (3).

I mí na Nollag 2018, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019–2027 (4). Soláthraítear leis an straitéis sin creat cuspóirí, prionsabal, tosaíochtaí agus beart i ndáil le comhar um beartas i leith na hóige le haghaidh na ngeallsealbhóirí uile agus aird chuí á tabhairt ar a n-inniúlachtaí faoi seach agus ar phrionsabal na coimhdeachta (5). Le hIdirphlé Óige an Aontais Eorpaigh, éascaítear cur chun feidhme na straitéise féin agus cur chun feidhme na 11 Sprioc Eorpacha don Óige a ghabhann léi (6). Is sásra idirphlé é seo idir daoine óga agus lucht ceaptha beartas ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Tá gá leis an bpróiseas sin a neartú agus moltaí Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme, fiú ar an leibhéal náisiúnta.

2.2.

D’iarr uachtaránacht na Spáinne ar CESE, dá bhrí sin, tústuairim a dhréachtú ina sainaithneofar na dúshláin, na saincheisteanna agus na deacrachtaí is mó atá roimh Eorpaigh óga, ag díriú ar na nithe a chuireann bac orthu saol iomlán cuimsitheach a bheith acu, agus tairbhe iomlán a bhaint as a gcearta bunúsacha agus as comhionannas deiseanna gan aon tionchar diúltach a bheith orthu.

2.3.

Maidir le Clár Oibre an Aontais don Óige atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, creideann CESE gur cheart aghaidh a thabhairt ann ar na príomhdhúshláin, ar na saincheisteanna is mó agus ar na príomhbhacainní atá roimh Eorpaigh óga (arna sainaithint trí Idirphlé Óige an Aontais agus Eorabharaiméadar. Ba cheart an bealach ina bhféadfaidh an tAontas cuidiú le daoine óga an méid sin a shárú a dheimhniú leis an gclár oibre freisin. Na bearta sin atá ceaptha go díreach chun éagothroime idirghlúine a mhaolú agus ceartas idirghlúine a chothú, ba cheart don Aontas na Ballstáit a spreagadh chun iad a neartú le comhordú láidir agus le sásraí maoirseachta chun comhleanúnachas beartais a áirithiú (7). Ní mór do na Ballstáit bearta trasearnála a atreisiú ar bearta iad a bhfuil tionchar dearfach acu ar dhaoine óga trí dhifear a dhéanamh do thairbhithe óga den chuid is mó (8) agus tríd an deighilt idirghlúine a laghdú (9).

2.4.

Measann CESE gur gné bhunúsach eile é sonraí a fháil: sonraí imdhealaithe ardcháilíochta a fháil ar dhaoine óga, agus na sonraí sin a bheith inrochtana agus intomhaiste ar an leibhéal Eorpach agus náisiúnta, is réamhriachtanas é sin chun anailís a dhéanamh ó dhearcthaí éagsúla ar an staid reatha agus measúnú a dhéanamh ar na bearta nach mór a dhéanamh agus na tionchair a ghabhann leis na bearta sin a fhíorú.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.   Feabhas a chur ar Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh agus ar rannpháirtíocht na hóige

3.1.1.

Tá sé de cheart ag daoine óga páirt a ghlacadh i gcur le chéile beartas óige agus, níos ginearálta, i gcur le chéile na mbeartas uile. Is mór ag CESE na feabhsuithe leanúnacha atá á ndéanamh ar Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh agus measann sé go bhfuil sé ríthábhachtach an t-idirphlé sin a neartú agus ról a thabhairt do chomhlachtaí a dhéanann ionadaíocht fhiúntach ar dhaoine óga fud fad an phróisis ceaptha beartas, is é sin, ó chéim sainithe beartais chuig céim a chur chun feidhme, céim na meastóireachta agus na hoibre leantaí freisin. Tá sé chomh riachtanach céanna a chinntiú go gcuirfear grúpaí imeallaithe daoine óga san áireamh agus go nglacfar cur chuige trasnach. Áiritheofar leis sin fíorchomhar éifeachtach idir daoine óga agus institiúidí poiblí ar gach leibhéal.

3.1.2.

Ba cheart Idirphlé Óige an Aontais a bheith nasctha go dlúth le clár oibre an Aontais agus le himeachtaí amhail ‘Leatsa an Eoraip, Abair Leat!’ agus ba cheart Cruinniú an Aontais um an Óige a chomhtháthú níos fearr le hIdirphlé Óige an Aontais.

3.1.3.

Tá CESE ag iarraidh go gcuirfí tacaíocht airgeadais fadtéarmach níos fearr ar fáil le haghaidh eagraíochtaí agus líonraí óige a chuireann le hIdirphlé Óige an Aontais Eorpaigh agus/nó a chuireann luachanna an Aontais chun cinn, an tsaoránacht ghníomhach, cuir i gcás.

3.1.4.

Síleann CESE go bhfuil sé riachtanach go n-aithneoidh institiúidí Eorpacha, náisiúnta agus áitiúla an tábhacht a bhaineann le heagraíochtaí don óige de gach cineál, agus an ról a imríonn siad. Tá sé ríthábhachtach freisin aird chuí a thabhairt ar na bealaí nua, ar bealaí neamhfhoirmiúla iad go minic, ina mbíonn daoine óga rannpháirteach, ina ndéanann siad díospóireacht agus ina ngníomhaíonn siad sa lá atá inniu ann. Is minic a dhéantar sin tríd an teicneolaíocht agus na meáin shóisialta a úsáid.

3.1.5.

D’fhonn rannpháirtíocht ghníomhach na nglúnta óga a áirithiú, measann CESE go bhfuil sé tábhachtach bacainní sóisialta, eacnamaíocha agus cultúrtha atá roimh rannpháirtíocht iomlán daoine óga a shárú, go háirithe na bacainní atá roimh na daoine óga is leochailí. Thairis sin, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit bealaí a shainaithint chun obair óige a mhaoiniú agus an spás sibhialta do dhaoine óga san Eoraip a chosaint, ar spás é sin ina bhféadfaidh siad a gceart chun tuairimí a nochtadh, chun faisnéise, agus chun comhthionóil shíochánta agus saoirsí gaolmhara eile a fheidhmiú.

3.1.6.

Is léir go bhfuil an ghlúin óg ar son na hEorpa, ach is iondúil go mbíonn an ráta vótála i measc daoine óga agus a rannpháirtíocht ghníomhach mar iarrthóirí an-íseal i dtoghcháin áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus Eorpacha. Is mian le CESE oibriú leis an bhfoireann trí uachtaránacht (an Spáinn, an Bheilg, an Ungáir) a bheidh ann go luath ar straitéisí chun vótálaithe céaduaire a spreagadh agus chun feabhas a chur ar an ráta vótála i measc na hóige agus ar rannpháirtíocht na ndaoine óga mar iarrthóirí a mhéadú ar fud na hEorpa.

3.1.7.

Tá an chumarsáid éifeachtach ríthábhachtach chun dul i bhfeidhm ar an nglúin óg: tá CESE á mholadh go n-úsáidfeadh na hinstitiúidí poiblí uile teanga inrochtana a dtuigfeadh an óige agus go mbainfidís úsáid níos éifeachtaí as na meáin shóisialta chun faisnéis ríthábhachtach agus a ngníomhaíochtaí agus a mbeartais a chur in iúl.

3.1.8.

Tá CESE tiomanta don idirphlé sóisialta a neartú i gcomhréir leis an togra ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú san Aontas (Eanáir 2023). Ba cheart tuilleadh tacaíochta a dhíriú ar acmhainneacht na gcomhpháirtithe sóisialta a fhorbairt, go háirithe i measc na gcomhaltaí don óige, d’fhonn idirphlé sóisialta agus cómhargáil a dhéanamh, agus ar chur chun feidhme comhaontuithe neamhspleácha comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais.

3.1.9.

Ag an am céanna, aithníonn CESE an ról a imríonn eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta, amhail comhlachais tráchtála agus tionscail, i bhforbairt agus nuashonrú scileanna gairmiúla agus beartais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna á seachadadh acu, agus i réimsí eile chomh maith. Is féidir inniúlachtaí tábhachtacha le haghaidh rannpháirtíocht ghníomhach agus éifeachtach sa tsochaí shibhialta agus san idirphlé sibhialta a bhaint amach go sármhaith sna heagraíochtaí óige.

3.1.10.

Ba mhaith le CESE béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé an comhar a neartú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine óga ó thíortha atá toilteanach teacht isteach san Aontas, go háirithe na tíortha sin atá ar chonair an aontachais. Ba cheart fothú acmhainneachta agus malartú leanúnach faisnéise a bheith san áireamh sa chomhar freisin. Tá tábhacht na ndaoine óga i gcomhthéacs lánpháirtiú breise na hEorpa ríthábhachtach, ós rud é gurb iad na daoine sin is mó atá i bhfabhar ballraíocht san Aontas a bhaint amach.

3.2.   Tionchar na mbeartas ó ghlúin go glúin

3.2.1.

Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach dlíthe, gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí, beartais, straitéisí, cláir, bearta agus infheistíocht phoiblí na mBallstát a bheith faoi réir comhairliúchán agus measúnú tionchair ó thaobh na hóige agus dearadh bheartais (10) de, agus faoi réir tograí le haghaidh bearta maolaithe agus ba cheart a áirithiú go gcuirtear cosc leo ar sháruithe ar chearta agus ar an idirdhealú in aghaidh daoine óga laistigh de gheilleagair sochaí atá ag dul in aois (11) agus laistigh den domhandú (12).

3.2.2.

Rinneadh a lán scéimeanna píolótacha sa réimse sin san Eoraip, agus staidéir tionchair eolaíochta, staidéir faireacháin (13) nó fiú meastóireachtaí ex post ar dhréachtdhlíthe le haghaidh daoine óga mar thoradh ar an obair sin. Rinne dhá thír Eorpacha, is iad sin an Ostair agus an Ghearmáin (14), meastóireachtaí ex ante agus ex post atá thar a bheith suimiúil.

3.2.3.

Ba mhian le CESE tagairt a dhéanamh dá thuairim maidir le measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de (15). Spreagtar inti institiúidí Eorpacha agus náisiúnta chun rannpháirtíocht iomchuí eagraíochtaí óige a áirithiú, chun bearta agus sásraí a chur chun feidhme chun a áirithiú go gcuirfear dearcadh na hóige san áireamh agus chun measúnú córasach a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag beartais tríd an measúnú ó thaobh na hóige de a chur chun feidhme ina iomláine.

3.3.   Bacainní eacnamaíocha a shárú

3.3.1.

Cé gur laghdaíodh an dífhostaíocht i measc na hóige chuig ráta atá níos ísle ná an ráta a bhí ann roimh phaindéim COVID-19 (16), is rómhinic a bhíonn fostaíocht i measc na hóige forbhásach go fóill (17) (poist shealadacha, obair dhearbhánbhunaithe, obair ardáin, an geilleagar poistíneachta, obair chomhoibríoch, etc.). Go hiondúil, bíonn pá íseal ag gabháil le fostaíocht den sórt sin, agus uaireanta oibre neamhrialta, éiginnteacht fostaíochta, agus cosaint shóisialta theoranta (tuarastal saoire, pinsean, saoire bhreoiteachta, etc.) nó gan cosaint shóisialta ar bith.

3.3.2.

Ba cheart é a bheith mar thosaíocht ag an Aontas agus ag na Ballstáit daoine óga a chomhtháthú i margadh an tsaothair trí phoist ardcháilíochta agus trí fheabhas a chur ar an bhfor-rochtain ar NEETanna. Chuige sin, molann CESE d’uachtaránacht na Spáinne machnamh a dhéanamh ar iarrataí na hóige maidir leis na comhaid reachtacha atá idir lámha faoi láthair agus atá ábhartha go háirithe d’Eorpaigh óga: bearta ceangailteacha chun tréimhsí oiliúna ardcháilíochta a ráthú (18) agus an Treoir maidir le Dálaí Oibre a Fheabhsú san Obair Ardáin, agus prionsabal na coimhdeachta agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta á gcosaint.

3.3.3.

Tá CESE ag tathant ar na Ballstáit úsáid a bhaint as cistí faoi na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, CSE+ agus cistí eile atá ann cheana chun an ghníomhaíocht eacnamaíoch a fhorbairt, go háirithe laistigh de FBManna agus d’earnálacha atá ríthábhachtach do neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa (amhail an dá aistriú), chun an fhéinfhostaíocht agus an fhiontraíocht a chur chun cinn, chun poist lánaimseartha tháirgiúla a chruthú agus chun daoine óga a uas-sciliú i gcás inar gá, agus béim ar leith á leagan ar chonarthaí nach bhfuil dáta deiridh leo agus dálaí oibre cuibhiúla lena gcuirtear teorainn leis an riosca go mbeidh dálaí maireachtála agus oibre éagobhsaí ann (19), agus creataí dlíthiúla náisiúnta agus comhaontuithe comhchoiteanna á gcur san áireamh ag an am céanna.

3.3.4.

Le hathruithe gasta ar mhargadh an tsaothair a tháinig chun cinn i bpáirt de thoradh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, cuirtear i dtábhacht an gá atá lena áirithiú go bhfanfaidh cláir oideachais agus oiliúna cothrom le dáta agus ábhartha do riachtanais fostóirí i leith scileanna, agus na riachtanais sin ag athrú. Tá sé ríthábhachtach na scileanna is gá don aistriú glas agus don aistriú digiteach a fhorbairt, chomh maith le cuir chuige ón mbun aníos maidir le curaclaim a nuashonrú. Ní mór raon scileanna digiteacha, ETIM (scileanna eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice) agus trasnaí a bheith ag daoine óga, chomh maith leis an gcumas chun iad féin a oiriúnú do rudaí nua. Baineann an-tábhacht le scileanna digiteacha agus ETIM a fhorbairt ionas go mbainfear comhionannas inscne éifeachtach amach, ós rud é go bhféadfadh níos mó ban dul san iomaíocht do phoist na todhchaí agus an bhearna pá idir na hinscní a laghdú ar an mbealach sin. Ba cheart saincheist an chomhionannais inscne a chur san áireamh sna conairí oideachais. Tá gá le straitéisí lena gcuirtear chun cinn príomhshruthú inscne a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

3.3.5.

Ba cheart an meon fiontraíochta san Aontas a fheabhsú. Tá suim ag thart ar 40–45 % de dhaoine óga san fhiontraíocht, ach níl ach 7 % díobh féinfhostaithe. Is daoine óga iad 11 % de dhaoine san Aontas a d’fhéadfadh a bheith ina bhfiontraithe ach nach bhfuil ina bhfiontraithe (20). Bíonn ar na daoine óga sin aghaidh a thabhairt ar phríomhbhacainní éagsúla maidir le gnó a chruthú, lena n-áirítear easpa scileanna fiontraíochta.

3.3.6.

Agus é ag tagairt do Bhliain Eorpach na Scileanna, cuireann CESE i bhfáth an tábhacht a bhaineann leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus an gá atá le scileanna trasnaí (21). Litearthacht airgeadais agus eolas ar chearta oibrithe, is scileanna iad sin nach mór do gach duine óg a shealbhú agus máistreacht a fháil orthu chun barr a gcumais a bhaint amach. Ba cheart do na Ballstáit aird a thabhairt ar chonairí foghlama solúbtha (22) a thabhairt isteach agus ar scileanna a fhaightear trí oideachas neamhfhoirmiúil agus trí fhoghlaim neamhfhoirmiúil a aithint ar bhealach níos fearr.

3.3.7.

Bíonn ar go leor mná óga fós rogha a dhéanamh idir a dteaghlach agus a ngairm toisc gur tásc atá deacair go hoibiachtúil é cothromaíocht oibre agus saoil a bhaint amach. Mná óga a bhfuil rochtain níos lú acu ar fhostaíocht ar chúiseanna teaghlaigh, is mó an dóchúlacht go dtitfidh siad chun bochtaineachta, agus bíonn níos lú uirlisí acu ansin chun éalú uaithi. D’fhéadfadh sé go rachadh infheistíocht i mbonneagar inláimhsithe (23) agus doláimhsithe do shaoráidí cúraim leanaí agus cúraim fhadtéarmaigh go mór chun tairbhe do lánfhostaíocht na mban.

3.3.8.

Tá sé ríthábhachtach go mbainfidh daoine óga neamhspleáchas eacnamaíoch amach ós rud é go gcuirtear ar a gcumas, a bhuí leis sin, a bheith ina saoránaigh ghníomhacha. San Iodáil, is leis an innéacs um dheighilt idirghlúine (24) a dhéantar meastóireacht ar scála na mbacainní atá roimh dhaoine óga maidir le neamhspleáchas eacnamaíoch agus sóisialta a bhaint amach agus is é sin an príomhchreat faoi Mheasúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de a bheidh ann amach anseo. (25) Rinneadh tionscadal comhchosúil sa Ríocht Aontaithe (Intergenerational Fairness Index) inar baineadh leas as tacsanomaíocht agus táscairí a bhí beagán difriúil (26) ach tugtar léargas níos duairce ann ar ionchais dhaoine óga ar fud na hEorpa (27). Tá taithí cheana féin ag an nGearmáin (28), ag an Ostair (29) agus ag Flóndras ar an measúnú tionchair rialála le haghaidh daoine óga (30). Aithníonn CESE a thábhachtaí atá na cleachtais sin agus molann sé do na Ballstáit uile inspioráid a bhaint as na dea-shamplaí sin.

3.4.   Foréigean gnéasach agus foréigean inscnebhunaithe

3.4.1.

Cé gur mór an dul chun cinn a rinneadh le blianta beaga anuas, tuairiscíonn a lán daoine óga fós gníomhartha foréigin atá bunaithe ar ghnéaschlaonadh agus ar fhéiniúlacht inscne. Measann CESE gur cheart feabhas a chur ar shaoráidí amhail ionaid dídine agus tionscadail lena ndéantar daoine a athimeascadh sa tsochaí chun a áirithiú go bhfuil uirlisí ar fáil do dhaoine chun an tráma a eascraíonn as an bhforéigean sin a phróiseáil agus chun tacú le híospartaigh foréigin agus gach cineál idirdhealaithe. Tá seirbhísí dlíthiúla, síceolaíocha agus idirghabhála sóisialta ríthábhachtach freisin.

3.4.2.

Ba cheart tús a chur le feachtais oideachais ar na hábhair sin i scoileanna agus san ionad oibre chun meas ar an éagsúlacht a chur chun cinn. Anuas ar na saincheisteanna sin a fhiosrú, ba cheart deiseanna a chur ar fáil leis na feachtais sin chun éisteacht agus labhairt le híospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe agus an idirdhealaithe inscnebhunaithe. Cuireann CESE i bhfáth a thábhachtaí atá sé ról gníomhach a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta, don tsochaí shibhialta eagraithe agus d’institiúidí oideachais ionas go n-éireoidh leis na tionscnaimh sin.

3.4.3.

San Aontas agus ar fud an domhain, d’fhulaing ban amháin as gach triúr foréigean fisiceach nó gnéasach. Go dtí seo, is íospartach de mhí-úsáid ghnéasach cailín amháin as gach cúigear. Tá an foréigean ar líne ag dul i méid; is íospartach d’fhoréigean inscnebhunaithe ar líne duine óg amháin as gach beirt (31). Tá CESE ag áitiú ar na Ballstáit nach bhfuil Coinbhinsiún Iostanbúl (32) daingnithe acu go fóill é sin a dhéanamh a luaithe agus is féidir.

3.5.   Bacainní síceolaíocha agus mothúchánacha agus an t-idirdhealú

3.5.1.

Mar a shonraítear go soiléir i gCairt um Fholláine na Ginéive, cairt a chuir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte chun cinn agus arb é an toradh ar an 10ú Comhdháil Dhomhanda maidir le Cur Chun Cinn na Sláinte (2021) (33), is éard is dearcadh dearfach ar an tsláinte dearcadh ina gcuirtear an fholláine fhisiciúil agus an fholláine mheabhrach agus shóisialta san áireamh.

3.5.2.

Is iomaí rud a mbíonn tionchar acu ar fholláine agus ar mheabhairshláinte daoine óga. Is gnéithe iad an t-eisiamh, an stiogmatú, timpeallacht leochaileach teaghlaigh agus poist fhorbhásacha a d’fhéadfadh cur leis an riosca go bhforbróidh duine ar leith fadhbanna meabhairshláinte. D’fhéadfadh iarmhairtí a bheith ag easpa cóireála le linn na hógántachta, iarmhairtí a d’fhéadfadh fanacht leis an duine agus é nó í fásta, agus ina dhiaidh sin fiú. D’fhéadfadh na fadhbanna sin cur isteach ar an tsláinte fhisiciúil agus mheabhrach agus teorainn a chur le deiseanna chun saol sásúil a bheith ag an duine sin.

3.5.3.

Tá CESE á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go bhfaighidh ógánaigh scileanna so-mhothúchánacha agus go gcuirfear tacaíocht shíceolaíoch agus shóisialta saor in aisce ar fáil dóibh i scoileanna agus i ngrúpaí móra eile, chun dea-mheabhairshláinte a chur chun cinn agus an foréigean agus an bhulaíocht a d’fhéadfadh tarlú áit ar bith agus trí mhodh ar bith (lena n-áirítear ar líne) a chomhrac.

3.5.4.

Is minic a thagraíonn daoine óga don uaigneas comhchoiteann, is é sin, cás ina mothaíonn daoine go bhfuil siad ina n-aonar cé go bhfuil siad i gcomhluadar daoine. Mar sin féin, cuirtear fadhb eile i bhfolach leis sin, is í sin, an neamhghníomhaíocht mar gheall ar leithlisiú cosanta. Is fóibe shóisialta í sin a bhfuil méadú ollmhór ag teacht uirthi. Is minic a bhíonn baint ag cineálacha dúlagair atá géar, a bheag nó a mhór, agus a théann i méid le himeacht ama, leis an bhfóibe sin. Is díol sásaimh do CESE na conclúidí ó chomhdháil chlabhsúir Bhliain Eorpach na hÓige dar teideal ‘Is leatsa an Todhchaí’ an 6 Nollaig 2022 inar iarradh go ndíreofaí níos mó ar chúram sláinte coisctheach agus ar mheabhairghalair agus ar an uaigneas a chomhrac.

3.5.5.

D’fhéadfadh an mheabhairshláinte cur isteach ar an gcumas atá ag an gcorp é féin a chothú i gceart agus bíonn iarmhairtí aige sin ar an tsláinte fhisiciúil i gcásanna tromchúiseacha. Le blianta beaga anuas, tá méadú ag teacht ar an itheachán gan smacht — ‘babhtaí itheacháin dosmachtaithe’ — agus is minic a bhaineann sé sin le murtall agus le siondróm meitibileach, ach bíonn sé mar thoradh ar neamhoird giúmair, strus méadaithe agus imní shóisialta freisin.

3.5.6.

Má roghnaítear slite maireachtála sláintiúla, is féidir cuidiú le roinnt galair neamhtheagmhálacha ainsealacha a chosc, amhail diaibéiteas, galair chardashoithíocha agus cineálacha áirithe ailse. Ní hamháin gur cuid fhíorluachmhar den phróiseas forbartha pearsanta é an deis a bheith ag duine spóirt a imirt agus a bheith rannpháirteach sa tsochaí agus i ngníomhaíochtaí cultúrtha, ach tá na gníomhaíochtaí sin nasctha go dlúth le sláinte shíceolaíoch agus fhisiciúil níos fearr: ní mór na deiseanna sin a bheith ag gach duine óg.

3.6.   Dúshláin shóisialta

3.6.1.

Easpa pá cuibhiúil nó leordhóthanach ar a laghad, is minic a chuireann sé sin cosc ar dhaoine óga céimeanna tábhachtacha áirithe ina saol a bhaint amach, cuir i gcás, teach a cheannach nó a fháil ar cíos dóibh féin nó clann a thosú. Tá cothromaíocht dhéimeagrafach na mór-roinne á díchobhsú dá réir sin, tráth a bhfuil níos mó daoine óga ag cinneadh gan clann a bheith acu.

3.6.2.

Tá an staid sin ag dul in olcas mar gheall ar an ngéarchéim tithíochta, go háirithe i gcathracha móra ina bhfuil na praghsanna i bhfad níos airde ná an pá agus bíonn sé deacair ar dhaoine óga maoiniú a fháil ó na bainc ach amháin más féidir leo ráthaíocht de chineál éigin a thairiscint. Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach cuidiú le daoine óga lena gcostais tithíochta a íoc agus beartais tithíochta poiblí a chothú chun rochtain ar thithíocht chuibhiúil a ráthú, iad a spreagadh chun a mhaireachtáil go neamhspleách agus tacú leo agus a saol teaghlaigh á phleanáil acu.

3.6.3.

Ar an taobh eile, ní mór dúinn cuimhneamh gurb iad teaghlaigh, lena n-áirítear na cineálacha teaghlaigh is éagsúla is féidir linn a shamhlú, bunús na sochaí nua-aimseartha: tá teaghlaigh agus dul chun cinn déimeagrafach (nó cobhsaíocht dhéimeagrafach ar a laghad) mar bhonn taca lenár samhail forbartha. Mura bhfuilimid in ann tacaíocht chuí a thabhairt do theaghlaigh óga agus iad a spreagadh, beidh orainn athmhachnamh a dhéanamh ar an gcóras leasa iomlán, agus níl ansin ach saincheist amháin a bheidh romhainn.

3.6.4.

Tá an daonra ag dul in aois san Eoraip agus tá easpa athnuachana ar bun ó ghlúin go glúin freisin. Mar sin, tá treochtaí déimeagrafacha á n-aisiompú agus tá gá le díriú ar theaghlaigh agus an obair a réiteach leis an tuismitheoireacht. Saoire do thuismitheoirí a mhéadú agus dlús a chur le forbairt saoráidí cúraim leanaí inrochtana sna Ballstáit sin ina nach bhfuil siad ar fáil, is príomhuirlisí iad sin chun comhionannas inscne a neartú agus a chur chun cinn, ós rud é go n-áirithítear leo go mbeidh an deis ag an mbeirt thuismitheoirí níos mó ama a chaitheamh lena leanaí agus go spreagfar rannpháirtíocht chomhionann i margadh an tsaothair.

3.7.   Dúshláin éiceolaíochta agus chomhshaoil

3.7.1.

Is gníomhairí tábhachtacha don athrú agus don nuálaíocht iad daoine óga agus iad ina gcomhpháirtithe riachtanacha i gcur chun feidhme Chlár Oibre 2030 don fhorbairt inbhuanaithe agus do chomhaontuithe agus ionstraimí iltaobhacha eile, lena n-áirítear Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide agus an Comhaontú Glas don Eoraip. Tá CESE ag iarraidh go mbeadh daoine óga rannpháirteach ar bhealach níos fónta sa ghníomhú ar son na haeráide agus i saincheisteanna comhshaoil.

3.7.2.

Tá an t-oideachas ríthábhachtach chun forbairt inbhuanaithe a bhaint amach: ní mór an tábhacht a bhaineann le forbairt scileanna i réimse an mhaolaithe ar an athrú aeráide agus an oiriúnaithe don athrú aeráide, agus sa gheilleagar ciorclach freisin, a chur san áireamh. Thairis sin, ba cheart tacú le hoideachas leanaí ar an inbhuanaitheacht tríd an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil do thuismitheoirí agus tríd an oideachas sibhialta (34).

3.7.3.

Tá limistéir thuaithe i mbaol dídhaonraithe faoi láthair mar gheall ar easpa nó ganntanas seirbhísí agus bonneagair. Le hinfheistíochtaí spriocdhírithe sna réimsí sin, d’fhéadfaí cur le hiomaíochas, le cruthú post agus le caighdeán maireachtála níos fearr, rudaí lena ndéanfar an treocht sin a aisiompú agus daoine óga a spreagadh chun bogadh chucu. Thairis sin, trí shineirgí cliste a fhorbairt idir an inbhuanaitheacht, táirgeadh bia áitiúil agus an turasóireacht, d’fhéadfaí deiseanna nua a chur ar fáil do dhaoine óga chun páirt a ghlacadh i bpoist fhiúntacha lena mbaineann tionchar, rud a chuirfeadh le fás agus beogacht na réigiún sin.

3.7.4.

Tá daoine óga i measc na ndaoine is leochailí agus is íogaire maidir leis na tionchair chomhshaoil a chruthaítear leis an athrú aeráide (35). Má leanann an téamh domhanda ar aghaidh gan laghdú, beidh iarmhairtí tubaisteacha sláinte aige ar leanaí agus ar dhaoine óga, e.g. arduithe ar leibhéil na bhfarraigí, tonnta teasa, galair, míchothú agus fadhbanna eile. Creideann beagnach 70 % de dhaoine faoi 18 mbliana d’aois gur éigeandáil dhomhanda é an t-athrú aeráide (36), agus bíonn tionchar diúltach ag an imní sin ar fholláine mhothúchánach agus shíceolaíoch daoine óga. Fuarthas amach i staidéar a rinneadh in 2021 ar 10 000 duine óg ó gach cearn den domhan gur bhraith níos mó ná 50 % de na daoine óga a ndearnadh suirbhé orthu go raibh brón, imní nó fearg orthu, gur mhothaigh siad nach raibh siad in ann cuidiú, agus/nó gur mhothaigh siad ciontach faoin athrú aeráide, agus dúirt 45 % díobh go mbíonn drochthionchar ag a gcuid mothúchán faoin athrú aeráide ar a saol laethúil agus ar a maireachtáil laethúil (37). Iarrann CESE ar an Aontas agus ar na Ballstáit aird chuí a thabhairt ar an gcomhghaol sin agus go gcuirfí leis an taighde ar ghníomhú ar son na haeráide agus le freagrúlacht rialtais ina leith.

3.7.5.

Meabhraíonn CESE an tuairim uaidh maidir le ról na ndaoine óga san aistriú glas (38) ina moltar sraith gníomhaíochtaí atá dírithe ar a áirithiú go mbeidh na glúnta óga ar thús cadhnaíochta san aistriú aeráide agus comhshaoil.

An Bhruiséil, 15 Meitheamh 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  ECFE (2020), Survey on COVID-19 and Youth, Páras.

(2)  AN FÓRAM EACNAMAÍOCH DOMHANDA (2017), The Inclusive Growth and Development Report, an Ghinéiv, Eanáir 2017.

(3)  Rún ón gComhairle an 27 Samhain 2009 maidir le Creat athnuaite don chomhar Eorpach i réimse na hóige (2010–2018) (IO C 311, 19.12.2009, lch. 1). Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 27 Meitheamh 2002 maidir le creat don chomhar Eorpach i réimse na hóige (IO C 168, 13.7.2002, lch. 2).

(4)  Rún ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le creat don chomhar Eorpach i réimse na hóige: Straitéis Óige an Aontais 2019–2027 (IO C 456, 18.12.2018, lch. 1).

(5)  Rún ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le creat don chomhar Eorpach i réimse na hóige, Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh, 2019–2027, (IO C 456, 18.12.2018, lch. 1). Féach pointe 2 faoi Recognise that, [Níl leagan Gaeilge ann].

(6)  https://youth.europa.eu/eu-youth-dialogue_ga

(7)  ECFE (2020), Governance for Youth, Trust and Intergenerational Justice: Fit for All Generations?, OECD Public Governance Reviews, Foilsitheoireacht ECFE, Páras, https://doi.org/10.1787/c3e5cb8ú-en

(8)  Ghlac Uachtaránacht na hIodáile ar Chomhairle na nAirí i Rannóg na hÓige an cur chuige sin san Iodáil le déanaí. Féach Linee guida per la valutazione dell’impatto generazionale delle politiche pubbliche [Treoirlínte maidir le measúnú a dhéanamh ar an tionchar ó ghlúin go glúin a bhíonn ag beartais phoiblí], Iúil 2022. Chun athbreithniú litríochta a fháil: féach MONTI L., The NRRP and the generational divide. From measuring to the impact assessment of youth policies, Social Policies, Bliain IX, 1/2022 Eanáir-Aibreán, lch. 113; CHEVALIER, T., – LONCLE, P. (2021). Introduction: the Development of Youth Policies in Europe in Past Decades, Youth and Globalization, 3(1), 1-11.; WALTHER, A. (2021). et al. Regimes of youth participation? Comparative analysis of youth policies and participation across European cities. Young, 2021, 29.2: 191-209.WALLACE C. – BENDIT R. (2009) Youth Policies in Europe: Towards a Classification of Different Tendencies in Youth Policies in the European Union, Perspectives on European Politics and Society, 10:3, 441-458,

(9)  ROSOLIA A., TORRINI R. (2016), The generation gap: a cohort analysis of earnings levels, dispersion and initial labor market conditions in Italy, 1974-2014, Páipéar ócáideach Uimh. 366, Banca D’Italia, an Róimh (teideal bunaidh: Il gap generazionale: Un’analisi di coorte dei livelli e della dispersione dei salari e delle condizioni iniziali nel mercato del lavoro in Italia, 1974-2014); MONTI L. (2022). The Italian Puzzle of the European Youth Guarantee. International Development Policy, Imleabhar Iúil 2022.

(10)  ATKINSON A.B (2011). Prosperity and fairness, Leagan athbhreithnithe den pháipéar a cuireadh i láthair ag Comhdháil Bhliantúil Taighde ECFIN, Samhain 2011.

(11)  AN FÓRAM EACNAMAÍOCH DOMHANDA (2023), The Economy of a Super-Ageing Society, Tionscnamh maidir le Geilleagar Fadsaoil, Cruinniú bliantúil, Davos, 18 Eanáir 2023. https://www.weforum.org/events/world-economic-forum-annual-meeting-2023/sessions/the-economy-of-a-super-ageing-society

(12)  JOSEFSSON J., WALL J. (2020) Empowered inclusion: theorizing global justice for children and youth, Globalizations, 17:6, 1043-1060, DOI: 10.1080/14747731.2020.1736853

(13)  Féach Martinelli agus L. Monti, Misurare’impatto generazionale delle politiche pubbliche: una sfida, un metodo in Amministrazione in Cammino, 29 Márta 2021; L. Monti, La valutazione di impatto generazionale delle politiche pubbliche: dalle linee guida del COVIGE al possibile Youth-check in Italia, in Amministrazione in Cammino, 30 Nollaig 2022.

(14)  Cioffi C., Pierattini S., Contrastare il divario generazionale attraverso la valutazione delle politiche pubbliche rivolte ai giovani [Dul i ngleic leis an mbearna ó ghlúin go glúin trí mheasúnú a dhéanamh ar bheartais phoiblí atá dírithe ar dhaoine óga], Amministrazione in Cammino, 2023.

(15)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de (IO C 486, 21.12.2022, lch 46).

(16)  Bliainiris Eurofound 2022, Living and working in Europe, an 4 Bealtaine 2023, https://www.eurofound.europa.eu/publications/ annual- report/ 2023/living- and- working- in- europe-2022

(17)  https://www.cedefop.europa.eu/en/tools/skills-intelligence/involuntary-part-time-employment?year=2020&country=EU#2; https://www.youthforum.org/topics/platform-work#:~:text=Young%20workers%20who%20are%20at,any%20policies%20on%20this%20topic

(18)  https://www.eesc.europa.eu/en/documents/resolution/long-lasting-legacy-european-year-youth-youth-mainstreaming-and-empowerment ‘Ós rud é gur féidir le hintéirneachtaí neamhíoctha nó neamhchúitithe milleadh faoi thaithí daoine óga ar mhargadh an tsaothair, ní mór toirmeasc a chur orthu’.

(19)   Opinion of the European Economic and Social Committee on ‘How to guarantee decent work for young people and ensure the inclusion of NEETs through the proper elaboration of National Recovery Plans’ (own-initiative opinion) [Níl leagan Gaeilge ann] IO C 152, 6.4.2022, lch 27.

(20)  ECFE/An Coimisiún Eorpach (2021), The Missing Entrepreneurs 2021: Policies for Inclusive Entrepreneurship and Self-employment.

(21)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — ‘Togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Bliain Eorpach na Scileanna 2023’ [COM(2022) 526 — final — (2022)0326 (COD)] (IO C 100, 16.3.2023, lch 123).

(22)  https://www.iiep.unesco.org/en/international-policy-forum-flexible-learning-pathways-higher-education-13759#:~:text=What%20are%20flexible%20learning%20pathways,the%20needs%20of%20diverse%20students

(23)  Tagraímid anseo do bhonneagair fhisiciúla (naíonraí, lena n-áirítear naíonraí corparáideacha) agus do sheirbhísí sonracha (tacaíocht eacnamaíoch, seirbhísí digiteacha nó seirbhísí eile), a bhféadfaí infheistiú iontu go díreach nó ‘go hindíreach’ trí pháirt agus aitheantas a thabhairt don tríú hearnáil agus d’obair chúraim.

(24)  Fondúireacht Bruno Visentini, Il Divario generazionale. La generazione Z e la permacrisi, V Rapporto 2022 [An bhearna idirghlúine. Glúin Z agus an ghéarchéim bhuan]. https://www.osservatoriopolitichegiovanili.it/v-rapporto-2022; MONTI L., MARTINELLI V (2021), Misurare l’impatto generazionale delle politiche pubbliche: una sfida, un metodo, Amministrazione in Cammino, 29.03.21.

(25)  CIOFFI C., PIERATTINI S, (2023), Contrastare il divario generazionale attraverso la valutazione delle politiche pubbliche rivolte ai giovani, Amministrazione In Cammino, Roma.

(26)  MONTI L (2017). Diminishing prospects for young people: A comparison of the intergenerational fairness index and generational divide index in addressing the problem. Athbhreithniú ar an Staidéar Eorpach, Imleabhar 9, Uimhir 4, Nollaig 2017, lgh. 160–164, ISSN: 1918-7173.

(27)  LEACH J-BROCKS M., OSTENSVIK K, KLINGMAN D. (2016), European Intergenerational Fairness Index: A crisis for the young,, An Fhondúireacht Idirghlúine, Londain https://www.if.org.uk/wp-content/uploads/2016/03/European-Intergenerational-Fairness-Index_Final-2016.pdf; LEACH J-HANTON A. (2014), Intergenerational Fairness Index, Leagan 2014, Londain, An Fhondúireacht Idirghlúine.

(28)  Kompentenzzentrum Jugend-Check (2022), The Youth-Check in German Regulatory Impact Assessment for the Young Generation. The Youth-Check in Germany. Aibreán, 2022.

(29)  https://www.bundeskanzleramt.gv.at/agenda/jugend/jugendpolitik/jugend-check.html. Féach freisin Bundesrecht konsolidiert: Gesamte Rechtsvorschrift für WFA-Grundsatz-Verordnung, 1 Bealtaine 2023.

(30)  Kompentenzzentrum Jugend-Check (2022), Comhdháil Idirnáisiúnta ar Mheasúnú Tionchair Rialála ar an nGlúin Óg an 9 Bealtaine 2022 i mBeirlín, Meitheamh 2022.

(31)  https://italy.representation.ec.europa.eu/notizie-ed-eventi/notizie/violenza-contro-le-donne-lue-istituisce-un-numero-di-assistenza-telefonica-livello-di-unione-e-2022-11-24_it#:~:text=%E2%80%9CLa%20violenza%20contro%20le%20donne,di%20violenza%20di%20genere%20online

(32)  Aithnítear i gCoinbhinsiún Iostanbúl gur sárú ar chearta an duine é an foréigean in aghaidh na mban agus cuidítear leis creat dlíthiúil a chruthú ar an leibhéal Eorpach chun mná a chosaint ar an bhforéigean agus chun an foréigean in aghaidh na mban agus an foréigean baile a chosc agus deireadh a chur leo, chomh maith le hionchúiseamh a thionscnamh ina leith.

(33)  Comhdháil Dhomhanda maidir le Cur Chun Cinn na Sláinte – an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, an Ghinéiv, 13-15 Nollaig 2021.

(34)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An óige a chumhachtú chun forbairt inbhuanaithe a bhaint amach tríd an oideachas (Tuairim féintionscnaimh) IO C 100, 16.3.2023, lch. 38.

(35)  https://www.undp.org/publications/aiming-higher-elevating-meaningful-youth-engagement-climate-action

(36)  UNDP agus Ollscoil Oxford, 2021.

(37)  Marks, et al, 2021.

(38)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — ‘Ról na ndaoine óga san aistriú glas’ (Tústuairim arna hiarraidh sin d’Uachtaránacht na Sualainne) (IO C 184, 25.5.2023, lch 13).


IARSCRÍBHINN

Diúltaíodh don leasú seo a leanas, ar caitheadh ar a laghad an ceathrú cuid de na vótaí a caitheadh ar a shon, le linn na díospóireachta (Riail 74(3) de na Rialacha Nós Imeachta):

LEASÚ 2

SOC/759 — An comhar maidir leis an óige

Mír 3.3.2

Le leasú mar seo a leanas

Tuairim ón rannóg

Leasú

Ba cheart é a bheith mar thosaíocht ag an Aontas agus ag na Ballstáit daoine óga a chomhtháthú i margadh an tsaothair trí phoist ardcháilíochta agus trí fheabhas a chur ar an bhfor-rochtain ar NEETanna (daoine nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna). Chuige sin, molann CESE d’uachtaránacht na Spáinne machnamh a dhéanamh ar iarrataí na hóige maidir leis na comhaid reachtacha atá idir lámha faoi láthair agus atá ábhartha go háirithe d’Eorpaigh óga: bearta ceangailteacha chun tréimhsí oiliúna ardcháilíochta (1) a ráthú agus an Treoir maidir le Dálaí Oibre a Fheabhsú san Obair Ardáin, agus prionsabal na coimhdeachta agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta á gcosaint.

Ba cheart é a bheith mar thosaíocht ag an Aontas agus ag na Ballstáit daoine óga a chomhtháthú i margadh an tsaothair trí phoist ardcháilíochta agus trí fheabhas a chur ar an bhfor-rochtain ar NEETanna (daoine nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna). Chuige sin, molann CESE d’uachtaránacht na Spáinne machnamh a dhéanamh ar iarrataí na hóige maidir leis na comhaid reachtacha atá idir lámha faoi láthair agus atá ábhartha go háirithe d’Eorpaigh óga: bearta lena ráthaítear, trí chuspóirí a shainiú i gcomhréir le hoiliúint agus lánpháirtiú gairmiúil, tréimhsí oiliúna ardcháilíochta (1) agus cur chun feidhme na Treorach maidir le Dálaí Oibre a Fheabhsú san Obair Ardáin, agus prionsabal na coimhdeachta agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta á gcosaint.

Toradh na vótála:

Ar son:

89

In aghaidh:

137

Staonadh:

10


(1)  https://www.eesc.europa.eu/en/documents/resolution/long-lasting-legacy-european-year-youth-youth-mainstreaming-and-empowerment ‘Ós rud é gur féidir le hintéirneachtaí neamhíoctha nó neamhchúitithe milleadh faoi thaithí daoine óga ar mhargadh an tsaothair, ní mór toirmeasc a chur orthu’.

(1)  https://www.eesc.europa.eu/en/documents/resolution/long-lasting-legacy-european-year-youth-youth-mainstreaming-and-empowerment ‘Ós rud é gur féidir le hintéirneachtaí neamhíoctha nó neamhchúitithe milleadh faoi thaithí daoine óga ar mhargadh an tsaothair, ní mór toirmeasc a chur orthu’.


III Gníomhartha ullmhúcháin

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

An 579ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 14.6.2023. - 15.6.2023

18.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 293/77


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394, Treoracha (AE) 2019/771 agus (AE) 2020/1828

[COM(2023) 155 final — 2023/0083 (COD)]

(2023/C 293/11)

Rapóirtéir:

Thierry LIBAERT

Comhrapóirtéir:

Émilie PROUZET

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 17.4.2023

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 12.4.2023

Bunús dlí

Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

2.6.2023

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

66/0/0

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.6.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

579

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

178/1/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1

Tréaslaíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) leis an gCoimisiún Eorpach an pacáiste tograí seo arb é is aidhm dó indeisitheacht táirgí a éascú agus próiseas deisithe táirgí atá éifeachtach tráthúil a áirithiú ó chéim a ndeartha go deireadh a saolré.

1.2

Tá CESE den tuairim go bhféadfadh roinnt de na bearta atá leagtha amach anseo thíos rannchuidiú le cur chun feidhme éifeachtach an chirt chun deisiúcháin.

1.3

Ar an gcéad rud, níl aon amhras ach gur féidir treisiú leis an gceart sin ach feabhas a chur ar an bhfaisnéis atá ar fáil do na tomhaltóirí. Más céim chun tosaigh sa treo sin bunú ardáin náisiúnta ina dtabharfar le chéile an fhaisnéis ar fad, ní foláir na coinníollacha a shonrú faoina ndéanfar an t-ardán sin a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta.

1.4

Ar an dara rud, is díol sásaimh do CESE a chothroime atá na bearta a bhaineann leis an ráthaíocht dhlíthiúil, rud a chuirfidh ar a chumas don tomhaltóir táirge a chur á dheisiú ar a éascaíocht. Féach go neartaítear léi, ar thaobh amháin, an oibleagáid maidir le táirge a dheisiú ach fágtar de rogha ag an tomhaltóir, ar an taobh eile, táirge ionaid a iarraidh nuair is ró-mhór an chiotaí dó an deisiú féin. Bíodh sin mar atá, creideann an Coiste gur chóir an ceart chun deisiúcháin a chur i bhfeidhm go dáiríre, mar a bheadh leathbhreac na hoibleagáide treisithe atá ar an dáileoir a chuidse táirgí a dheisiú, agus má dhéantar amhlaidh ceart a bheidh ann a ligfidh don dáileoir sásamh iomlán dlí a lorg in aghaidh an mhonaróra (go háirithe i dtaca le páirteanna spártha agus costais). Is amhlaidh a fheidhmíonn dáileoirí mar a bheadh comhéadan i leith tomhaltóirí ann agus ba cheart tacaíocht a thabhairt dóibh i ndáil leis sin.

1.5

I dtreo is gur fusa don tomhaltóir teacht ar sheirbhís deisiúcháin nuair a bheidh an ráthaíocht dhlíthiúil istigh, is den riachtanas deimhin a dhéanamh de go mbeidh soláthróirí seirbhísí deisiúcháin ar fáil dó. Ní féidir sin, ámh, mura gcuirfear oiliúint ghairmiúil ar na soláthróirí agus mura dtabharfar rochtain do na deisitheoirí uile ar fhaisnéis riachtanach faoi dheisiú agus cothabháil táirgí, sin agus ar pháirteanna spártha riachtanacha ar phraghas réasúnta.

1.6

Indeisitheacht táirgí a chur chun cinn ó thús a dtimthrialla amach, is é is ábhar do dhréachtrialachán faoi leith. Ba cheart í a chur chun cinn freisin i ndiaidh chéim an deartha, mar atá le linn chéim an iardhíola. Chuige sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún, mar chuid den nuachóiriú leanúnach ar an gcreat um maoin intleachtúil (1) atá ar siúl, a mheas arbh inmholta an rud comhroinnt sonraí a chur chun cinn le haghaidh páirteanna spártha agus indeisitheacht táirgí. Ar a mhuin sin, ní foláir cur leis an rochtain ar pháirteanna spártha priontáilte 3T nó ar pháirteanna athláimhe sábháilte agus céim suas a thabhairt do tháirgí athchóirithe.

1.7

De ghrá na comhsheasmhachta, ní leor an ceart chun deisiúcháin a bheith ann mura gcuirfear toirmeasc san am céanna ar chleachtais (go háirithe an srathú) a chuireann bac d’aon ghnó ar an deisiú sna cásanna inar léir nach bhfuil sé d’aidhm ag na cleachtais sin ach bac a chur ar an iomaíocht i margadh na bpáirteanna spártha.

1.8

Ar an ásc deiridh, ba cheart bearta a dhéanamh ar mhaithe le cáilíocht, sábháilteacht agus costas an deisiúcháin. Uirlis áisiúil chun an margadh a thabhairt chun cinn is ea iallach a chur ar sholáthraithe na seirbhísí deisiúcháin tairiscintí iomaíocha bunaithe ar fhaisnéis chomparáideach a chur isteach tríd an bhFoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán. Tá CESE den tuairim, áfach, gur den riachtanas tuilleadh beart a dhéanamh trína chinneadh, de bhun thaithí na mBallstát féin, cad iad na huirlisí airgeadais is mó a spreagfaidh tomhaltóirí, chomh dócha lena athrach, lena gcuid táirgí a chur á ndeisiú.

1.9

Tugann CESE dá aire go mbaineann ceist an deisiúcháin leis na geallsealbhóirí uile seachas leis na gnólachtaí amháin. Iarrann sé ar an gCoimisiún feachtais múscailte feasachta dírithe ar na tomhaltóirí a chur chun cinn maidir le conas táirgí a chothabháil, a úsáid agus a chur á ndeisiú.

2.   Éirim an doiciméid ón gCoimisiún

2.1

An togra seo le haghaidh Treorach, is cuid de shraith téacsanna é a bhfuil sé d’aidhm acu ról an tomhaltóra san aistriú glas a chur chun tosaigh. Tá sé comhsheasmhach le sraith eile téacsanna, ar a n-áirítear an Comhaontú Glas don Eoraip (Nollaig 2019), an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach (Márta 2020) agus an Clár Oibre Nua do Thomhaltóirí (Samhain 2020).

2.2

D’fhonn deisiú earraí neamhchomhlíontacha a chur chun cinn, tá an Coimisiún Eorpach ag féachaint leis na tomhaltóirí a chumhachtú athuair trína chur ar a gcumas dóibh rogha a dhéanamh den gheilleagar ciorclach ag dhá chéim thábhachtacha de phróiseas an deisiúcháin:

1.

tráth ceannaithe táirge, de bhun na nithe seo a leanas:

(a)

an Togra le haghaidh Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe, ar a n-áirítear ceanglais maidir le dearadh táirgí agus infhaighteacht páirteanna spártha;

(b)

an togra le haghaidh Treoir maidir le tomhaltóirí a chumhachtú i gcomhair an aistrithe ghlais, ar a n-áirítear ceanglais maidir le faisnéis faoi mharthanacht agus indeisitheacht táirgí ag an díolphointe;

2.

agus le linn chéim an iardhíola:

(a)

de bhun na Treorach lena leagtar síos an ráthaíocht dhlíthiúil, mar atá le linn na tréimhse baránta tar éis an táirge a cheannach, féadfaidh an tomhaltóir, i gcás fabht a bheith ann, rogha a dhéanamh idir an táirge neamhchomhlíontach a chur á dheisiú nó glacadh le táirge ionaid in aisce. Ní fhéadfar dul ar iontaoibh an deisiúcháin, áfach, nuair is dodhéanta an rud táirge a chur á dheisiú nó nuair is costas as compás le méid a chuirfear ar an dáileoir dá thairbhe, nó neachtar acu nuair is mór an chiotaí don tomhaltóir é;

(b)

clúdaítear leis an tionscnamh seo maidir le hindeisitheacht táirgí céim an iardhíola freisin.

2.3

An togra le haghaidh Treoir lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna chun deisiú earraí a chur chun cinn, baineann sé le cásanna ina ráiníonn fabht sa táirge nó ina ndéantar damáiste do tháirgí agus an ráthaíocht dhlíthiúil fós i bhfeidhm nó istigh. Déantar foráil ann maidir le ceithre oibleagáid go mór mór:

oibleagáid ghinearálta ó thaobh an deisiúcháin de;

foirm faisnéise faoin deisiú agus faoi na deisitheoirí a chur ar fáil;

faisnéis faoin deisiú a chur ar fáil;

ardán náisiúnta a chur ar bun le haghaidh faisnéis faoin deisiú agus faoi na deisitheoirí.

Os a choinne sin, is ann d’Airteagal amháin, áfach, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) maidir le forálacha sásaimh do thomhaltóirí i gcás neamhchomhréireachta (an ráthaíocht dhlíthiúil). Tugann sé tosaíocht don deisiú ar an ionadú i gcás inar lú costas an deisiúcháin ná an costas a leanfadh táirge ionaid a sholáthar nó i gcás inarb ionann iad.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1

Is díol sásaimh do CESE cuspóirí an togra le haghaidh treorach, mar atá fíorcheart Eorpach chun deisiúcháin a chur chun cinn. Síleann sé gur comhlánú conláisteach an téacs seo ar théacsanna eile roimhe seo maidir le héicidhearthóireacht táirgí, téacsanna lena ndéantar tomhaltóirí na hEorpa a chumhachtú agus lena gcuirtear tomhaltóirí ar an eolas faoi éilimh chomhshaoil.

3.2

Mar sin féin, ní mór tús áite ar chlár oibre an Aontais a thabhairt d’fhorbairt earnáil an deisiúcháin, rud a d’aithin an Coimisiún mar ba cheart. Cuid lárnach den tsamhail ghnó atá le cur chun cinn ag an Aontas é an deisiú, rud a chaithfidh sé a chur chun tosaigh i gcomhar leis na hoibreoirí eacnamaíocha (monaróirí, dáileoirí, etc.), na tomhaltóirí agus na saoránaigh i gcoitinne. An fhís maidir le ‘ceart chun deisiúcháin’ ba mhian le CESE a chur os comhair an tsaoil, mar sin, ní fís í a fhéadfar a bhunú ar cheart atá ‘foirmiúil’ nó ‘teoiriciúil’ amháin. Ní foláir an reachtaíocht Eorpach a bheith bunaithe ar phrionsabal na ráthaíochta i réimse an deisiúcháin ardcháilíochta, bíodh sin ar thaobh an tsoláthair nó an éilimh, trí sholáthar éifeachtach seirbhísí deisiúcháin a chinntiú agus trí thomhaltóirí a spreagadh le táirgí a chur á ndeisiú.

3.3

Ó thaobh an chomhshaoil de, beart tábhachtach chun tionchar an tomhaltais a laghdú is ea síneadh a chur le saolré táirgí. Ar ndóigh, i dtreo is gur féidir cur le fad saoil táirge, ní foláir anailís a dhéanamh ar an tsaolré i gceist óir ní cuí ná ní cóir síneadh gan teorainn a chur le gach uile tháirge dá bhfuil ann. Ar an ábhar sin, tá CESE i bhfách leis an mbeart atá dírithe ar an oibleagáid maidir le hindeisitheacht táirgí a cheangal lena saolré, rud atá sainithe do chatagóirí táirgí sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe a bheidh ann amach anseo.

3.4

Ina theannta sin, molann CESE leis an liosta tosaigh de na táirgí lena mbaineann atá tugtha in Aguisín 2. Tá sé i bhfách freisin leis an moladh na catagóirí táirgí atá sainithe sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bPointe 3.3 a áireamh sa liosta tosaigh sin. Fágann sin go mbeidh faisnéis faoi dhearadh na dtáirgí agus a n-indeisitheacht le fáil in aon roinn leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil cheana don tomhaltóir agus an oibleagáid maidir leis na táirgí sin a dheisiú.

3.5

Ón taobh sóisialta agus eacnamaíoch de, is amhlaidh a chruthaíonn earnáil an deisiúcháin idir luach agus phoist ardcháilíochta san Aontas Eorpach. De réir staidéar a rinneadh faoi choimirce Gaïa (3), cruthaítear 404 phost san earnáil in aghaidh gach 10 000 tona de tháirgí deisithe, eadhon caoga oiread is mó ná mar a chruthófaí dá ndéanfaí na táirgí deisithe sin a dhiúscairt i bhfoirm dramhaíola. Is ábhar imní do CESE, ar a shon sin, nach leor an oiliúint ghairmiúil agus na scileanna teicniúla atá ann leis an gceart sin a chur chun feidhme, mar is cóir. Dá bhrí sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún na huirlisí uile is gá a chur i ngníomh, i ndlúthchomhar leis na heagraíochtaí gairmiúla, chun oiliúint tosaigh leanúnach a thabhairt chun cinn dóibh siúd atá ag obair in earnáil an deisiúcháin.

3.6

Anuas air sin, is féidir cur go mór le cumhacht cheannaigh na dtomhaltóirí, a bhuíochas sin ar an deisiú, go háirithe i gcás na ngrúpaí is mó atá faoi mhíbhuntáiste, ós éigean dóibh, de ghnáth, earraí áirithe atá ceannaithe cheana féin acu a cheannach athuair roimh am.

3.7

Is díol sásaimh do CESE go dtugann an Coimisiún dá aire sa Togra seo le haghaidh treorach gur gá cur chun gnímh cibé acu a bhíonn an ráthaíocht dhlíthiúil féin i bhfeidhm nó ó mhaith. Is móide a thábhacht an creat reachtach lena rialaítear tréimhse na ráthaíochta dlíthiúla a bheith éagsúil ó Bhallstát go chéile (2 bhliain atá i gceist i bhformhór na mBallstát; 3 bliana sa Ghréig; is í saolré mheasta an táirge atá cumhdaithe san Fhionlainn agus san Ísiltír). Ní foláir cur lena bhfuil de thrédhearcacht agus de shoiléireacht ann a fhad a bhaineann le cleachtais deisiúcháin ar an leibhéal Eorpach, agus comhchuibhiú a dhéanamh ó bharr anuas ar na creataí dlíthiúla fiú, ar mhaithe leis an gceart chun deisiúcháin a chur i ngníomh.

4.   Barúlacha sonracha

Bunaithe ar na tograí ón gCoimisiún, leagtar amach sna barúlacha sonracha slite ina bhféadfaí a áirithiú gur tarraingtí don tomhaltóir deisiú an táirge féin ná táirge ionaid a iarraidh.

4.1   An fhaisnéis atá ar fáil do na tomhaltóirí a fheabhsú

4.1.1

Is díol sásaimh do CESE an togra seo ón gCoimisiún ós é is aidhm dó, i measc aidhmeanna eile, an fhaisnéis atá ar fáil do na tomhaltóirí a fheabhsú trína áirithiú go mbeidh aon ardán náisiúnta amháin ann ina molfar réitigh deisiúcháin dóibh. Tá sé tábhachtach go sonrófar na coinníollacha faoina mbunófar agus faoina mbainisteofar an t-ardán sin chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis a chuirfear air iomlán agus cothrom le dáta.

4.1.2

Nuair a dhéantar táirge a dheisiú, ní mór dálaí an deisiúcháin féin a bheith soiléir, rud nach gá nuair a chuirtear táirge ionaid ar fáil. Trí chóras tairiscintí iomaíocha ar sheirbhísí deisiúcháin a chothú agus trí phraghsáil na seirbhísí, cáilíocht an deisiúcháin agus na modhanna oibre féin a thabhairt chun soiléireachta ar mhaithe leis na tomhaltóirí (trí bhíthin na hoibleagáide foirm um deisiú a sholáthar), cuirfear ar a gcumas tairiscintí níos fearr a fháil le haghaidh obair dheisiúcháin, agus, ar an dul sin, cuirfear le líon na n-earraí a bhíonn á ndeisiú. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé beartaithe an fhaisnéis a chuireann deisitheoirí isteach a chomhchuibhiú tríd an bhFoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán. Iarrann CESE ar an dá chomhreachtóir a áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht ann idir an togra seo, an Togra maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe agus an Togra maidir le hÉilimh Chomhshaoil.

4.1.3

Ina theannta sin, tá CESE i bhfách le córas scórála indeisitheachta a chruthú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh de réir catagóir táirgí, rud dá bhforáiltear sa dréacht-Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe, faoi mar a mhol an Coiste. Iarrann sé ar na Ballstáit gabháil orthu féin an córas scórála sin a chur ar bun de mheon an tionscadail Eorpaigh. Mura ndéanfar amhlaidh, is mó fós na costais a chuirfear ar na geallsealbhóirí agus an mearbhall a bheidh ar na tomhaltóirí.

4.1.4

Ar an ásc deiridh, is gá feachtas faisnéise agus múscailte feasachta a chur ar siúl ar fud na hEorpa chun go dtuigfear na buntáistí a bhaineann le táirgí a chur á ndeisiú agus fiúntas an phrionsabail ‘ceannaíocht mhaith inniu, coigilt amárach’. Ba cheart don fheachtas múscailte feasachta seo féachaint le soiléiriú a thabhairt don tomhaltóir maidir leis na bearta cothabhála a chaithfidh sé a dhéanamh. Dá réir sin, tá CESE i bhfabhar na mbeart atá molta sa Togra le haghaidh Treoir maidir le hÉilimh Chomhshaoil.

4.2   An obair deisiúcháin a éascú

4.2.1

Is leis an tréimhse bharánta, thar aon ní eile, a shamhlaítear céim an deisiúcháin. Maidir leis sin, an tús áite don deisiú atá á mholadh de rogha ar tháirge nua a sholáthar, rud a mhol CESE sa tuairim uaidh maidir le tomhaltóirí agus an t-aistriú glas (4), is tráthúil é a bheith á chur chun cinn anois. Go deimhin, beidh sé d’fhiacha ar an díoltóir feasta earraí a dheisiú ar chostas a bheidh coibhéiseach le costas an athsholáthair nó ar chostas is ísle ná sin, mura rud é go mbeidh an costas sin as alt le méid nó an deisiú féin dodhéanta. Dá thoradh sin, cuirfear isteach freisin ar rogha an tomhaltóra idir táirge ionaid a fháil nó táirge a chur á dheisiú. Mar sin féin, fágfar de rogha aige i gcónaí táirge ionaid a iarraidh i gcás moill an-mhór, rud is féidir a iarraidh i gcás ina bhfuil táirgí áirithe riachtanach do shaol laethúil an tomhaltóra nó dá shaol gairmiúil.

4.2.2

Ar a mhuin sin, tá CESE den tuairim nach foláir gur de chearta an dáileora an dlí a chur ar an monaróir agus nach foláir an ceart sin a leabú sa dlí éigeantach agus a ráthú dá réir sin d’fhonn is go mbeidh an beart faoi chaibidil inchurtha i bhfeidhm agus inmharthana ó thaobh na gheilleagair de. Má tá iallach le cur ar an dáileoir tabhairt faoin deisiú, cibé ar bith cén costas a chuirfear air dá bharr, ní foláir é a bheith in ann sásamh a lorg ar an monaróir, mar is ceart, chomh fada agus a bhaineann le rochtain a fháil ar pháirteanna spártha agus le comhroinnt na gcostas. Ní mór an oibleagáid sin a bheith éasca go leor le cur chun feidhme i dtreo go mbeidh FBManna in ann í a chomhlíonadh.

4.2.3

Céim an-mhór chun tosaigh atá sonraithe sa téacs is ea an oibleagáid atá á cur anois ar an táirgeoir a chuidse earraí a dheisiú fiú amháin agus an ráthaíocht dhlíthiúil istigh. De ghrá na hiomaíochta, is ríthábhachtach an ní an oibleagáid chéanna sin a chur ar tháirgeoirí nach den Aontas Eorpach iad. Dá bhrí sin, athdhearbhaíonn CESE gur gá an fhreagracht a chur ar na hionadaithe údaraithe nó fiú ar na hionaid dáileacháin, de réir mar a bheidh.

4.2.4

Ina theannta sin, is den tábhacht líonra pointí rochtana a bheith ar fáil ó chríoch go chéile d’fhonn tomhaltóirí a spreagadh le táirgí a chur á ndeisiú. Creideann CESE go bhfuil gá le tuilleadh deisitheoirí san Eoraip. Fágann sin go bhfuil gá freisin le beartas réamhghníomhach gairmoiliúna i réimse an deisiúcháin. Is móide an gá atá leis an mbeartas sin na hathruithe nach beag atá tagtha ar ghairm an deisitheora de thoradh fás rábach a bheith faoi theicneolaíochtaí digiteacha agus faoi tháirgí nasctha. Chomh maith le hoiliúint a chur ar fáil, beidh gá le poist ardcháilíochta a bhfuil pá maith ag gabháil leo, ós rud é go bhfuil ganntanas oibrithe oilte (go mór mór i réimse na gceirdeanna) in go leor Ballstát cheana féin.

4.2.5

Ach na seirbhísí deisiúcháin a thabhairt chun cinn, b’fhéidir a chinntiú gurbh ionann deiseanna do dheisitheoirí neamhspleácha agus do dheisitheoirí atá údaraithe ag táirgeoirí. Tá CESE den tuairim freisin gur cheart don Choimisiún rannchuidiú le samhlacha nua gnó a fhorbairt, sin agus na samhlacha céanna a spreagadh, cuir i gcás seirbhísí gairmiúla deisiúcháin, ceardlanna deisiúcháin, ‘caiféanna deisiúcháin’, etc. Tá sé ag iarraidh, dá bhrí sin, cur le líon na bpointí rochtana a bheidh ann chun táirgí a dheisiú.

4.3   Indeisitheacht táirgí a chur chun cinn ó chéim an deartha amach

4.3.1

Más fíor gur bacainn sa tslí ar tháirgí a chur á ndeisiú an dífheidhmeacht phleanáilte, is é tuairim CESE go dtugtar aghaidh ar an ábhar sin go sonrach i dTreoracha eile.

4.3.2

Mar sin féin, luífeadh sé le comhsheasmhacht go gcuirfeadh an Coimisiún comaoin bhreise ar an téacs seo maidir le deisiú trína iarraidh ar na Ballstáit toirmeasc a chur ar an dodheisitheacht phleanáilte. Ní féidir an ceart chun deisiúcháin a bheith ann más amhlaidh is dodheisithe d’earraí áirithe de dheasca mhodh a ndeartha.

4.3.3

Fágann an srathú nó an phéireáil gur deacair nó gur dodhéanta an ní páirteanna táirge a athsholáthar toisc go ndéantar sraithuimhir a mharcáil ar pháirteanna áirithe. I gcás ina ndéantar sraitheilimint a athsholáthar agus nach ionann an uimhir nua agus an uimhir atá taifeadta ar an máthairchlár, athraíonn sin an chaoi a n-oibríonn an fearas nó cuireann bac go fiú air. Fágann an cleachtas sin gurb é an líonra de dheisitheoirí teicniúla atá formheasta nó deimhnithe ag an monaróir, agus an líonra sin amháin, a fhéadfaidh an deisiú a dhéanamh sna cásanna sin, rud a dhéanann aimhleas na ndeisitheoirí agus na n-athchóiritheoirí neamhspleácha, agus fágann sé freisin nach féidir leas a bhaint as páirteanna a thagann chucu ón ngeilleagar ciorclach. Iarrann CESE ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit toirmeasc agus pionóis a chur ar chleachtais den sórt sin, ós ríléir gur bacainn iad ar an gceart chun deisiúcháin.

4.3.4

Foráiltear leis an dréacht-Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe don tréimhse nach mór páirteanna spártha de réir catagóir táirgí a bheith ar fáil lena linn. Mar sin féin, i bhfianaise a ghannchúisí atá an t-amhábhar, gan trácht ar na dúshláin a eascróidh as sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún táirgeadh páirteanna spártha a chur chun tosaigh trí úsáid a bhaint as an bpriontáil 3T. Dá réir sin, ba ghá do na monaróirí pleananna 3T a fhoilsiú, mar atá déanta cheana féin ag cuid acu le blianta beaga anuas, nuair a scoirfidh siad féin de na páirteanna sin a tháirgeadh. Agus athbhreithniú á dhéanamh ar chreat an Aontais Eorpaigh um maoin intleachtúil, iarrann an Coiste ar an gCoimisiún a mheas arbh inmholta an ní sonraí maidir leis na páirteanna spártha sin a chomhroinnt agus a chur ar fáil ar an ardán.

4.3.5

Ba mhaith le CESE go dtacódh an tAontas Eorpach le cleachtais athchóirithe gléasanna, ós ionann na cuspóirí eacnamaíocha agus comhshaoil atá leo agus atá leis an deisiú féin.

4.4   Costais an deisiúcháin

4.4.1

Ceann de na bacainní is mó ar sheirbhísí deisitheora a lorg is ea na costais a ghabhann leo; dá bhrí sin, is gá forálacha na treorach atá beartaithe a fhorlíonadh le Tograí atá dírithe ar an gcostas deisiúcháin a chuirtear ar an tomhaltóir a laghdú.

4.4.2

Cé is moite den ráthaíocht dhlíthiúil, síleann CESE go spreagfar tuilleadh tomhaltóirí le dul ar iontaoibh seirbhísí deisiúcháin agus go laghdófar costais an deisiúcháin ach an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a thabhairt isteach ar bhonn uilechoiteann d’fhonn soiléireacht faoin bpraghsáil sa réimse seo a chinntiú agus soláthróirí na seirbhísí deisiúcháin a chur in iomaidh le chéile.

4.4.3

D’fhonn costas an deisiúcháin a laghdú, féadfaidh an tAontas spreagadh a thabhairt do dheisitheoirí páirteanna spártha athláimhe a úsáid. Is oth le CESE go bhfuil margadh na n-ábhar earraí athláimhe nó margadh na bpáirteanna spártha sábháilte agus athchúrsáilte sách teoranta agus ar uireasa iomaíochta faoi láthair mar gheall ar easpa bonneagair agus easpa reachtaíocht leordhóthanach.

4.4.4

Ní foláir don Choimisiún cromadh ar bhearta nithiúla eile a dhéanamh chun an comhartha praghais a ghabhann le deisiú táirgí a dhéanamh níos fabhraí. Ní foláir dó ceangal a chur ar na Ballstáit bearta a dhéanamh ina leith chomh maith. Dá bhrí sin, síleann CESE gur ríthábhachtach an ní dreasachtaí cánach nó bearta cúitimh eile a chur chun cinn le leas na hearnála a dhéanamh. Bunaithe ar thaithí na mBallstát go sea, ba cheart na huirlisí is oiriúnaí chun borradh a chur faoi mhargadh na n-earraí athláimhe agus faoi earnáil an deisiúcháin a shainaithint.

An Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  https://single-market-economy.ec.europa.eu/industry/strategy/intellectual-property/industrial-design-protection_fr

(2)  Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 28)

(3)  Gaïa, ‘Zero Waste and Economic Recovery. The job creation potential of zero waste solution’, 2021.

(4)   IO C 443, 22.11.2022, lch. 75.


18.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 293/82


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/102/CE agus Treoir (AE) 2017/1132 maidir le húsáid uirlisí agus próisis dhigiteacha i ndlí na gcuideachtaí a leathnú agus a uasghrádú a thuilleadh

(COM(2023) 177 final — 2023/0089 (COD))

(2023/C 293/12)

Rapóirtéir:

Franca SALIS-MADINIER

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 17.4.2023

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 21.4.2023

Bunús dlí

Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

2.6.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.6.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

579

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

199/2/7

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an togra ón gCoimisiún, arb é is aidhm dó feabhas a chur ar an méid faisnéise atá ar fáil go poiblí faoi chuideachtaí trí Chóras Idirnasctha na gClár Gnó (BRIS) agus ar iontaofacht agus inchreidteacht na faisnéise sin. Ní hamháin gur cheart an togra seo a bheith chun tairbhe do FBManna a mbíonn faisnéis iontaofa de dhíth orthu chun tacú lena ngníomhaíochtaí trasteorann, ba cheart é a bheith chun tairbhe freisin do gheallsealbhóirí eile a bhfuil leas acu i dtrédhearcacht ghnó, amhail gnólachtaí móra, scairshealbhóirí, creidiúnaithe, tomhaltóirí agus fostaithe. Chomh maith leis sin, ba cheart an togra a bheith ina chuidiú ag gnóthais chun costais a laghdú agus airgead a shábháil agus an fhaisnéis is gá á soláthar i gcásanna trasteorann. Trí bhíthin an togra, éascófar úsáid iomlán an mhargaidh aonair agus an mhargaidh aonair dhigitigh.

1.2.

Tá CESE i bhfách le húsáid uirlisí digiteacha a leathnú a thuilleadh chun cumarsáid idir cuideachtaí agus údaráis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí trasteorann a áirithiú, chomh maith leis an bprionsabal ‘digiteach mar réamhshocrú’ a chur chun cinn, ar choinníoll nach bhfágfar aon duine ar lár.

1.3.

Tacaíonn CESE leis an togra chun an raon feidhme a leathnú chun comhpháirtíochtaí, grúpaí gnó agus brainsí cuideachtaí ó thríú tíortha a chuimsiú (Airteagail 7, 13, 13ú, 14 agus 36). I bhfianaise an mhéid gnó a bhíonn ar bun ag comharchumainn agus fondúireachtaí, molann CESE an raon feidhme a leathnú a thuilleadh chun na cineálacha gnóthas sin a chuimsiú sa Treoir agus rochtain ar BRIS a bheith éigeantach i gcás ina bhfuil faisnéis faoi na cineálacha cuideachtaí sin san áireamh cheana féin i gcláir náisiúnta.

1.4.

Tacaíonn CESE leis an gceanglas ar ghnóthais faisnéis a chur ar fáil maidir leis an áit bhainistíochta agus le áit na príomhghníomhaíochta eacnamaíche i gcláir náisiúnta agus in BRIS (Airteagal 14). Tá CESE i bhfabhar an mholta chun an liosta den faisnéis nach mór a chur ar fáil agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil a leathnú chun an fhaisnéis seo a leanas a áireamh air: líon na bhfostaithe, na hearnálacha gníomhaíochta (cód NACE) agus, i gcás gnóthais arna mbunú faoi dhlí cuideachtaí an Aontais (an Treoir maidir le comhshónna, cumaisc agus deighiltí trasteorann, reachtaíocht maidir le Cuideachtaí Eorpacha (SEnna) agus Comharchumainn Eorpacha (SCEnna)), comhaontuithe maidir le cearta faisnéis, comhairliúcháin agus rannpháirtíochta na n-oibrithe.

1.5.

Tá CESE i bhfách freisin le BRIS a idirnascadh le Córas Idirnasctha na gClár Úinéireachta Tairbhiúla (BORIS) agus le Córas Idirnasctha na gClár Dócmhainneachta (IRI), agus le EUID (aitheantóir uathúil Eorpach cuideachta) a úsáid chun faisnéis a stóráiltear i gcórais éagsúla a nascadh (Airteagal 22). Rud eile ba cheart a áireamh ar BRIS is ea faisnéis maidir le stiúrthóirí dícháilithe. Ina theannta sin, ba chóir a bheith in ann cuardaigh níos éifeachtaí a dhéanamh ar chuideachtaí de réir a n-earnála gníomhaíochta (cód NACE) agus a méide (an líon fostaithe agus ioncam).

1.6.

Tacaíonn CESE leis an oibleagáid liosta comhchuibhithe eilimintí a sheiceáil nuair a bhunaítear cuideachta (Airteagal 10 maidir le rialú coisctheach) ach molann sé go gcuirfí isteach mír maidir le céannacht daoine a bhfuil baint acu lena bhunú a fhíorú, lena n-áirítear faisnéis i dtaobh ar dícháilíodh iad ó ghníomhú mar stiúrthóir in aon Bhallstát den Aontas (i.e. más ‘stiúrthóir dícháilithe’ iad). Moltar ann freisin rialú coisctheach a leathnú chun atheagrú gnóthas trí dhlí cuideachtaí an Aontais (an Treoir maidir le comhshónna, cumaisc agus deighiltí trasteorann, reachtaíocht maidir le SEnna agus SCEnna) a chumhdach agus liosta na n-eilimintí a leathnú chun seiceáil a áireamh air, seiceáil faoina áirithítear go bhfuil na comhaontuithe maidir le faisnéis, comhairliúchán agus rannpháirtíocht na n-oibrithe, nithe a cheanglaítear leis an reachtaíocht sin, tugtha i gcrích.

1.7.

Is réamhchoinníoll tábhachtach í faisnéis iontaofa le haghaidh oibriú rianúil an mhargaidh aonair agus gníomhaíochtaí trasteorann cuideachtaí. Tacaíonn CESE leis an oibleagáid ar chláir sonraí atá cothrom le dáta a chur ar fáil (Airteagal 15) ach molann sé Airteagail 28 agus 40 a neartú lena áirithiú gur pionóis éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a bheidh sna pionóis ar neamhchomhlíonadh.

1.8.

Tá CESE i bhfách le Deimhniú Cuideachta AE a thabhairt isteach (Airteagal 16, pointe (b)). Molann sé, áfach, go n-áireofaí ar liosta na n-eilimintí líon na bhfostaithe agus earnáil/earnálacha gníomhaíochta NACE agus ba cheart an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil. Ba cheart an liosta den fhaisnéis nach mór a chur ar fáil le haghaidh comhpháirtíochtaí a chomhchuibhiú leis an liosta den fhaisnéis nach mór do chuideachtaí faoi dhliteanas teoranta a chur ar fáil.

1.9.

Molann CESE Airteagal 16, pointe (c) (cumhacht aturnae dhigiteach AE) a neartú chun a cheangal go n-úsáidfear an leibhéal is airde dearbhaithe chun céannacht na ndaoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh ar chuideachta a fhíorú agus go ndéanfar seiceáil ar dícháilíodh an duine sin ó ghníomhú mar stiúrthóir i mBallstáit eile.

1.10.

Tacaíonn CESE le prionsabal na haonuaire (mar atá, ní cheadaítear faisnéis chuideachta a chur isteach arís) ach amháin i gcás ina chuireann cuideachta ó Bhallstát amháin fochuideachtaí nó brainsí ar bun i mBallstát eile. Chun féachaint chuige nach gcuirfear iallach ar na Ballstáit gan fíorú a dhéanamh i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann nár chuir Ballstát eile leibhéil leordhóthanacha dearbhaithe ar fáil maidir le hiontaofacht na faisnéise sa chlár dá chuid, ba cheart Airteagal 16, pointe (e) (Coimircí i gcás amhras réasúnach) a leathnú chun go bhféadfadh Ballstát diúltú d’fhaisnéis ó Bhallstát eile sa chás sin.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Is é is aidhm don togra cur le trédhearcacht cuideachtaí agus le hiontaoibh idir na Ballstáit, mar aon le riaracháin phoiblí níos nasctha a chruthú, agus an t-ualach riaracháin ar chuideachtaí agus ar gheallsealbhóirí eile i gcásanna trasteorann a mhaolú san am céanna. Go sonrach, is é is aidhm don togra tuilleadh faisnéise faoi chuideachtaí a chur ar fáil go poiblí trí BRIS, a áirithiú go mbeidh sonraí cuideachta i gcláir ghnó cruinn, iontaofa agus cothrom le dáta agus an rómhaorlathas a laghdú nuair a úsáideann cuideachtaí faisnéis cuideachta ó chláir ghnó i gcásanna trasteorann.

2.2.

Is é is aidhm don togra an rómhaorlathas agus an t-ualach riaracháin a laghdú trí Dheimhniú Cuideachta AE a thabhairt isteach, arb é sin samhail chaighdeánach ilteangach le haghaidh cumhacht aturnae dhigiteach AE, trí úsáid ‘prionsabal na haonuaire’ a leathnú nuair a bhíonn cuideachta á bunú i mBallstáit eile de chuid an Aontais agus trí dheireadh a chur le foirmiúlachtaí amhail an gá le hapastail nó aistriúcháin dheimhnithe le haghaidh doiciméid chuideachta. A bhuí leis na hathruithe thuasluaite, léiríodh sa mheasúnú tionchair go dtiocfaidh laghdú EUR 437 milliún, nó mar sin, ar chostais ghnólachtaí an Aontais in aghaidh na bliana, costais arb iad ceanglais riaracháin is cúis leo.

2.3.

Togra amháin is ábhartha don togra is ea spriocanna digiteála an Aontais a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún 2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade [Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach le haghaidh na Deacáide Digití] (1). Freagairt atá sa togra seo don ghá atá ann uasghrádú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfeidhmíonn na cláir agus ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn siad le gnóthais, le húsáideoirí agus le húdaráis phoiblí, lena n-áirítear i gcomhthéacsanna trasteorann. Tionscnamh eile atá ann is ea an iarracht chun laghdú a dhéanamh ar bhacainní lena gcuirtear cosc ar FBManna gnó trasteorann a dhéanamh, mar a leagtar amach sna Teachtaireachtaí ón gCoimisiún Updating the 2020 New Industrial Strategy [Straitéis Nua Tionsclaíochta 2020 a thabhairt cothrom le dáta] (2) agus Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach (3). Is cuidiú ag FBManna é prionsabal na haonuaire maidir le faisnéis a sholáthar agus an laghdú i riachtanais aistriúcháin agus riachtanais apastaile agus iad ag féachaint leis na spriocanna sin a bhaint amach.

2.4.

Is amhlaidh gur aithníodh trédhearcacht chorparáideach mar mhodh éifeachtach chun mí-úsáid chorparáideach a dhíspreagadh. A bhuí leis an togra, tugtar aghaidh ar an ngá atá le faisnéis níos iontaofa faoi chuideachtaí agus le níos mó trédhearcachta agus iontaofachta san fhaisnéis a chuirtear ar fáil. Tugtar aghaidh sa togra freisin ar fhadhb fhorleathan na mí-úsáide corparáidí, lena n-áirítear imghabháil cánach agus teacht timpeall ar chaighdeáin saothair, sciúradh airgid, maoiniú na sceimhlitheoireachta agus calaois tomhaltóirí (4) (5). Is trí shásraí amhail cuideachtaí caocha, goid chéannachta, easpa trédhearcachta i ngrúpaí corparáideacha agus sa slabhra úinéireachta, saothrú difríochtaí i gcórais rialála náisiúnta agus deacrachtaí maidir le comhar trasteorann san fhorfheidhmiú a chumasaítear mí-úsáid chorparáideach den sórt sin (6). Léiríodh i staidéar a rinneadh le déanaí gur feiniméan forleathan san Aontas iad cuideachtaí caocha (7). Is annamh a bhíonn faisnéis atá tábhachtach do gheallsealbhóirí, amhail an áit bhainistíochta agus áit na príomhghníomhaíochta eacnamaíche, le fáil i gcláir cuideachtaí. Ina theannta sin, is minic an fhaisnéis a chuirtear ar fáil as dáta agus ní fios cé chomh hiontaofa is atá an fhaisnéis.

2.5.

Ar mhaithe le trédhearcacht a fheabhsú a thuilleadh, ba cheart comharchumainn agus fondúireachtaí a áireamh sa togra freisin i raon feidhme na Treorach agus ba cheart faisnéis fúthu a chur ar fáil trí BRIS a mhéid atá an fhaisnéis sin le fáil i gcláir náisiúnta cuideachtaí. Ós cuid shuntasach den ghnó san Aontas iad na foirmeacha dlíthiúla sin, bheadh bearna mhór ann ó thaobh trédhearcachta de mura n-áireofaí iad sa raon feidhme.

2.6.

Tá bonn cirt le liosta na n-eilimintí atá le soláthar ag gnóthais a leathnú chun an áit bhainistíochta agus áit na príomhghníomhaíochta eacnamaíche a chumhdach óir ní foláir d’údaráis inniúla a bheith in ann cuideachtaí caocha a shainaithint agus mí-úsáid chorparáideach a d’fhéadfadh a bheith ann sula bhféadfar deimhniú réamh-chomhshó a eisiúint le haghaidh comhshó trasteorann (Airteagal 86, pointe (m)) nó le haghaidh deimhniú réamhdheighilte le haghaidh deighilt trasteorann (Airteagal 160, pointe (m)). Is ábhartha na háiteanna sin freisin maidir leis an dlí náisiúnta is infheidhme a chinneadh i gcás dócmhainneachta. Faoi mar a thugtar faoi deara sa mheasúnú tionchair, tá faisnéis bhreise agus cumais chuardaigh mhéadaithe in BRIS á n-iarraidh ag cuid mhór geallsealbhóirí. Bíonn faisnéis de dhíth ar ionadaithe oibrithe maidir le líon na bhfostaithe i gcuideachta, toisc go mbíonn cuid mhór cearta oibrithe ag brath ar líon na bhfostaithe i gcuideachta, amhail an cearta chun comhairle oibre a bhunú nó an ceart chun ionadaíocht a bheith ag oibrí ar bhord cuideachta. Ba cheart do chomhpháirtíochtaí na cineálacha céanna faisnéise a fhoilsiú agus a fhoilsíonn cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta.

2.7.

I bhfianaise a choitianta atá an chalaois i réimse na gada céannachta, tá údar le liosta na n-eilimintí a ndéantar ‘rialú coisctheach’ orthu le linn bunú cuideachta a leathnú chun céannacht na bpríomhdhaoine a sheiceáil. Ba cheart feidhm a bheith ag ‘rialú coisctheach’ freisin maidir le hatheagrú corparáideach trasteorann trí chomhshónna, cumaisc agus deighiltí trasteorann nó trí chomhshónna go SEnna nó SCEnna. Léirítear i dtaighde atá déanta ag Institiúid Eorpach na gCeardchumann (ETUI), cé go gceanglaítear faoi dhlí an Aontais é, gur minic nach dtugtar caibidlíocht le hionadaithe oibrithe maidir le cearta faisnéise, comhairliúcháin agus rannpháirtíochta na n-oibrithe i gcrích sula bhformheasann an t-údarás inniúil atheagrú den chineál sin agus, in amanna, níl tús curtha leis an gcaibidlíocht, fiú. Ba cheart comhaontú arna chur i gcrích le hionadaithe na n-oibrithe a áireamh ar an liosta íosta sin. Go ginearálta, ba cheart ceanglas a leagan síos leis an Treoir go n-aithneofaí daoine ar an leibhéal dearbhaithe is airde, toisc go laghdaíonn leibhéil níos ísle ríomhaitheantais éifeachtacht na seiceálacha sin in aghaidh calaois aitheantais.

2.8.

Is mór an tairbhe iad sonraí atá cothrom le dáta le haghaidh timpeallacht ghnó shlán agus is suntasach an ról atá acu maidir le costais ar ghníomhaíochtaí trasteorann cuideachtaí a laghdú agus freagracht shóisialta chorparáideach a áirithiú. Pionóis a cheanglaítear le dlí an Aontais ach a bhfágtar faoi na Ballstáit iad a shainiú, d’fhéadfadh sé nach mbeidh siad éifeachtach, comhréireach ná athchomhairleach a ndóthain (cf. an plé atá ar bun faoi láthair ar Dhlí Tomhaltóirí an Aontais). Ba cheart Airteagal 28 agus Airteagal 40 a threisiú lena áirithiú go mbeidh na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus chun timpeallacht ghnó atá iomaíoch chothrom a áirithiú ar fud an Aontais Eorpaigh.

2.9.

An moladh chun na ceanglais tuairiscithe chéanna a chur ar chomhpháirtíochtaí agus a chuirtear ar chuideachtaí faoi dhliteanas teoranta, is moladh é atá bunaithe ar an bprionsabal cothroime iomaíochta a chruthú d’fhoirmeacha éagsúla cuideachta. Tacaíonn an prionsabal sin freisin leis an moladh go n-áireofaí fondúireachtaí agus comharchumainn i raon feidhme na Treorach.

2.10.

Bíodh is gur bearta tábhachtacha iad prionsabal na haonuaire agus deireadh a chur le ceanglais apastaile d’fhonn an rómhaorlathas a laghdú, ní mór a gcur chun feidhme a chothromú trí iontaofacht na faisnéise a sholáthraítear trí chláir chuideachtaí na mBallstát a chosaint. Ba cheart sainaithint leictreonach daoine aonair a dhéanamh leis an leibhéal is airde dearbhaithe, agus ba cheart an ceart a bheith ag na Ballstáit diúltú d’fhaisnéis arna soláthar ag cláir cuideachtaí i mBallstáit nach bhfuil cothromaíocht chuí bainte amach acu, mar shampla mura bhfuil príomheilimintí na Treorach maidir le huirlisí digiteacha (8) nó na Treorach seo atá beartaithe trasuite go fóill (tráth a ritear í).

2.11.

D’fhonn costais bhreise do ghnólachtaí a sheachaint, níor cheart do na Ballstáit ná do na clárlanna náisiúnta gnó táillí a ardú chun na costais a bhaineann le faisnéis nua a chur ar fáil a chumhdach, ar rud é sin a cheanglaítear faoin Treoir nuashonraithe.

An Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  COM(2021) 118 final.

(2)  COM(2021) 350 final.

(3)  COM(2020) 103 final.

(4)  Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa (2018): An overview of shell companies in the European Union [Forléargas ar chuideachtaí chaocha san Aontas Eorpach], https://op.europa.eu/ga/publication-detail/-/publication/e8534eeb-e071-11e8-b690-01aa75ed71a1

(5)   The impact of letterbox-type practices on labour rights and public revenue [Tionchar cleachtas caoch ar chearta saothair agus ar ioncam poiblí (2016), SOMO agus CEC, le tacaíocht ón gCoimisiún Eorpach.

(6)  An Coimisiún Eorpach/ICF SA i gcomhar le Wavestone, an Lárionad um Staidéar ar an Daonlathas, Ollscoil Trento agus Victims Support Europe (2022), Study on online identity theft and identity-related crime [Staidéar ar ghoid chéannachta ar líne agus ar choireacht a bhaineann le céannacht], https://op.europa.eu/ga/publication-detail/-/publication/f85399b3-abed-11ec-83e1-01aa75ed71a1

(7)  An Coimisiún Eorpach/Seirbhíí Comhairliúcháin ICF (2021), Letterbox companies: overview of the phenomenon and existing measures [Cuideachtaí caocha: léargas ar an bhfeiniméan agus na bearta atá ann cheana ina leith], https://op.europa.eu/ga/publication-detail/-/publication/66764f95-5191-11ec-91ac-01aa75ed71a1

(8)  Treoir (AE) 2019/1151 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 a mhéid a bhaineann le húsáid uirlisí agus próiseas digiteach i ndlí na gcuideachtaí (IO L 186, 11.7.2019, lch. 80).


18.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 293/86


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite agus iad a chur in iúl (an Treoir maidir le Maímh Ghlasa)

(COM(2023) 166 final – 2023/0085 (COD))

(2023/C 293/13)

Rapóirtéir:

Angelo PAGLIARA

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 1.6.2023

An Chomhairle, 2.6.2023

Bunús dlí

Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

2.6.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.6.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

579

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

205/2/3

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1

Creideann Coiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go daingean go bhfuil an inbhuanaitheacht ar cheann de na colúin lenar féidir an tAontas Eorpach a thabhairt chun cinn amach anseo agus gur deis atá sa togra nua seo cur le ról gníomhach na n-údarás poiblí agus na sochaí d’fhonn luas a dhéanamh leis an aistriú i dtreo geilleagar ciorclach (1) agus le cothú an chultúir chiorclaigh.

1.2

Molann CESE don Choimisiún leanúint de ról seasta sa phróiseas sin a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, go háirithe na cumainn tomhaltóirí, ionas gur féidir idir thomhaltóirí agus chuideachtaí a chosaint ar an snas glas.

1.3

Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfeidhmeoidh na ceanglais a leagtar amach sa Treoir maidir le Maímh Ghlasa mar a bheadh eiseamláir ann le haghaidh íosleibhéal cosanta i gcoinne an tsnasa ghlais, rud a léireofar sa chuid de reachtaíocht na hearnála nach dtagann faoi raon feidhme na treorach seo, agus éilimh dheonacha áirithe agus lipéadú áirithe á gcumhdach. Níor cheart dul i muinín reachtaíocht a thabhairt isteach san earnáil seo mar dhia gur leithscéal atá ansin chun droim láimhe a thabhairt le forálacha na Treorach maidir le Maímh Ghlasa, chun lúba ar lár a chruthú nó chun córas cosanta na dtomhaltóirí a lagú.

1.4

Tugann CESE le fios gur cúis imní, murab ionann is riamh, é iomadú na maíomh comhshaoil atá bunaithe ar chúiteamh de thoradh úsáid a bhaint as creidmheasanna fritháirimh agus iarrann sé ar an gCoimisiún toirmeasc glan a chur ar éilimh atá bunaithe ar nós an fhritháirimh.

1.5

Is díol sásaimh do CESE gur rún don Choimisiún, mar atá fógartha aige, deimhneacht dhlíthiúil na maíomh comhshaoil a mhéadú agus iarrann sé air a áirithiú go bhfuil na dálaí cearta i bhfeidhm chun cur le hiomaíochas an Mhargaidh Aonair, go háirithe trí mhodheolaíochtaí comhchoiteanna a thabhairt isteach chun gur féidir bunús a thabhairt le cineálacha éagsúla maímh.

1.6

Tugann CESE dá aire go dtugtar de rogha do mhicrifhiontair a bheith páirteach agus iarrann sé ar an gCoimisiún na bearta uile is gá a chur i bhfeidhm d’fhonn iad a áireamh sna seiceálacha a dhéanann na Ballstáit. Ina theannta sin, is díol sásaimh do CESE go bhfuil aird á tabhairt ar fhorfheidhmiú an mhargaidh agus tá sé á thabhairt chun suntais aige gur gá a áirithiú go ndéanfar an treoir a fhorfheidhmiú sa tslánchruinne.

1.7

Is mian le CESE aird a tharraingt ar an bhfeasacht mhéadaitheach ar shaincheisteanna a bhaineann leis an gcomhshaol agus molann sé don Choimisiún uirlisí sonracha a fhorbairt chun tacú le hoibreoirí eacnamaíocha a bhfuil sé ar intinn acu cur le hinbhuanaitheacht comhshaoil agus shóisialta a modhanna táirgthe agus a dtáirgí.

2.   Éirim an doiciméid ón gCoimisiún

2.1

Is éard is aidhm don togra seo le haghaidh treorach cur leis an gcreat rialála is taca don tomhaltas inbhuanaithe trí aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sonracha agus ceanglais shonracha a bhaineann le maímh chomhshaoil shainráite maidir le bunús a thabhairt leo agus maidir lena gcur in iúl, agus maidir lena bhfíorú.

2.2

Tá an togra ar cheann de na tionscnaimh atá liostaithe ag an gCoimisiún arb é is aidhm dóibh an Comhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme, lena bhforlíontar an creat rialála maidir le maímh chomhshaoil, rud a chinntíonn go bhfuil faisnéis iontaofa inchomparáide infhíoraithe ar fáil do cheannaitheoirí ionas gur féidir leo cinntí inbhuanaithe a dhéanamh (2). Leagtar béim freisin sa Phlean Gníomhaíochta Nua don Gheilleagar Ciorclach (3) agus sa Chlár Oibre Nua do Thomhaltóirí (4) ar an gcaoi ar gá aghaidh a thabhairt ar an snas glas.

2.3

Comhlánú é an togra seo ar an Togra le haghaidh Treoir a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe chuig an ngeilleagar glas (5), lena leasaítear Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Ar iad a thógáil le chéile, bunaítear leo córas soiléir maidir le maímh chomhshaoil, ar a n-áirítear lipéid chomhshaoil.

2.4

Áirítear sa togra tacair íosta critéar maidir le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil agus maidir lena gcur in iúl; forálacha nua maidir le lipéid chomhshaoil agus scéimeanna lipéadaithe; fíorú ex-ante ar mhaímh chomhshaoil agus ar scéimeanna lipéadaithe a thabhairt isteach; agus bearta forfheidhmiúcháin, cuir i gcás seiceálacha rialta ar chomhlíonadh agus smachtbhannaí.

2.5

Os a choinne sin, níl aon mhodheolaíochtaí comhchuibhithe san áireamh sa treoir. A bhuí léi, cruthaítear an deis gníomhartha tarmligthe nó leasuithe a ghlacadh lá is faide anonn chun ceanglais bhreise a sholáthar maidir le saincheisteanna sonracha, mar shampla maímh aeráide, marthanacht, in-athúsáidteacht, indeisitheacht, in-athchúrsáilteacht, ábhar athchúrsáilte, ábhar nádúrtha, ar a n-áirítear snáithíní, feidhmíocht chomhshaoil agus inbhuanaitheacht, eilimintí bithbhunaithe, in-bhithdhíghrádaitheacht, bithéagsúlacht, cosc agus laghdú dramhaíola.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1

Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach ionstraimí sonracha a cheapadh d’fhonn cultúr an gheilleagair chiorclaigh a chur chun cinn agus go háirithe feachtais faisnéise a chur ar bun chun ‘cultúr ciorclach’ a scaipeadh, go mór mór i measc an aosa óig. Ina theannta sin, molann CESE don Choimisiún na dea-chleachtais sa réimse sin atá forbartha ag na Ballstáit ina gcuid gníomhaíochtaí a thiomsú agus smaoineamh ar iad a scaipeadh.

3.2

Tá an pobal i gcoitinne, go háirithe an ghlúin óg, níos airdeallaí anois ná riamh ar shaincheisteanna comhshaoil (7) (8) agus, ar an ábhar sin, tá úsáid á baint as margaíocht ghlas, murab ionann is riamh, le buntáiste iomaíoch a fháil.

3.3

Tá méadú ag teacht ar ionchais na dtomhaltóirí agus na bpáirtithe leasmhara i leith inbhuanaitheacht agus chosaint an chomhshaoil, ach is beag muinín atá acu go fóill as maímh chomhshaoil (9). Gan ceist na muiníne a bhacadh, tá míthuiscint fhorleathan ann faoina bhfuil i gceist leis na maímh sin. Tugadh sin chun solais i staidéir éagsúla, idir staidéir a rinne an Coimisiún Eorpach agus chinn a rinne gníomhaireachtaí náisiúnta, go háirithe maidir le saincheist na maíomh aeráide (10). Is fíorthábhachtach, dá bhrí sin, go gcuirfí ar a gcumas do thomhaltóirí anois cinntí eolasacha ceannaigh a dhéanamh bunaithe ar fhaisnéis bharántúil.

3.4

Sainaithníodh sa mheasúnú tionchair sraith fadhbanna is ábhar méadaitheach imní do thomhaltóirí, cuir i gcás cleachtais tráchtála mhíthreoracha a bhaineann le hinbhuanaitheacht táirgí; maímh chomhshaoil dhoiléire nó nach dtugtar bunús maith leo; agus lipéid inbhuanaitheachta nach mbíonn trédhearcach ná inchreidte i gcónaí. I bhfianaise na dtorthaí a bhí ar an measúnú tionchair, tá CESE i bhfách leis an tionscnamh ón gCoimisiún agus creideann sé go bhfuil gá le gníomhaíocht dhiongbháilte sa réimse seo.

3.5

Creideann CESE gur féidir le tomhaltóirí, má chuirtear iad ar an eolas mar is ceart, ról gníomhach ríthábhachtach a bheith acu san aistriú glas, agus ba chuidiú sin le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú gur mó an ról a bheidh ag an inbhuanaitheacht i bpróisis chinnteoireachta na dtomhaltóirí ionas go mbeidh tionchar aici orthu tráth ceannaithe an táirge dóibh agus ina dhiaidh sin (mar shampla, roghnóidh siad an táirge a chur á dheisiú, nuair is gá agus nuair is féidir sin, in ionad ceann nua a cheannach). Ar an gcaoi sin, comhlánófar na ceanglais nua maidir le faisnéis chomhshaoil a chur ar tháirgí, rud a eascraíonn as tionscnaimh ar nós an Rialacháin maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe. Áiritheofar dá réir go mbeidh rialacha comhchoiteanna ann maidir le lipéid thar a bhfuil sa reachtaíocht reatha amhail Rialachán Éicilipéad an Aontais Eorpaigh, an Scéim um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht (EMAS) agus rialacháin maidir leis an lipéad feirmeoireachta orgánaí, lipéadú fuinnimh agus marcáil CE.

3.6

In Airteagal 1 den togra, déantar cuid mhór den reachtaíocht earnála a eisiamh ó raon feidhme na treorach, i gcás ina n-áirítear sa reachtaíocht lena mbaineann ceanglais dá cuid féin maidir le maímh agus scéimeanna lipéadaithe. Molann CESE go léireofaí an leibhéal céanna cosanta, ar a laghad, i gcoinne an tsnasa ghlais sa reachtaíocht earnáilsonrach seo. Ba cheart a áireamh air sin, ar a laghad, a chothrom sin de chruthúnas, de chumarsáid (doiciméid tacaíochta) agus d’fhíorú (tríú páirtí). Ina theannta sin, ní mór a shoiléiriú nach n-eisiatar ach na maímh a chumhdaítear sna píosaí reachtaíochta sin, seachas maíomh ar bith i dtaca leis na táirgí a ndírítear orthu leis an reachtaíocht earnálach. I gcás maímh ar leith nach bhfuil faoi réir ceanglais áirithe, ba cheart iad a theacht faoi raon feidhme na Treorach maidir le Maímh Ghlasa. Mar shampla, eisiatar in Airteagal 1 an reachtaíocht maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht, agus ní chumhdaítear leis an reachtaíocht sin ach maímh i dtaca le hin-athchúrsáilteacht agus ábhair athchúrsáilte. Dá bhrí sin, ba cheart maímh eile (an tionchar saolré atá ag pacáistíocht áirithe, cuir i gcás) a theacht faoi raon feidhme na Treorach maidir le Maímh Ghlasa.

3.7

Aithníonn CESE gur cúis imní, murab ionann is riamh, é iomadú na maíomh comhshaoil atá bunaithe ar chúiteamh de thoradh úsáid a bhaint as creidmheasanna fritháirimh (‘neodrach ó thaobh na haeráide de’, ‘cúiteamh le haghaidh plaisteach’, etc.), ar maímh iad atá aitheanta ag roinnt údaráis tomhaltóirí (agus i roinnt cásanna cúirte) a bheith mícheart ó thaobh na heolaíochta de agus míthreorach i gcónaí do thomhaltóirí. Dá bhrí sin, tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún na ceachtanna sin a thabhairt leis go hiomlán agus toirmeasc glan a chur ar mhaímh atá bunaithe ar nós an fhritháirimh, sa bhreis ar cheanglais maidir leis an gcaoi a gcuireann cuideachtaí a rannchuidiú féin le tionscadail inbhuanaitheachta in iúl seachas cúiteamh a éileamh. Go háirithe, ní mór an Treoir maidir le Maímh Ghlasa a chur i gcomhréir go hiomlán leis an Treoir maidir le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe chuig an ngeilleagar glas.

3.8

Tugann CESE dá aire gur cinneadh micrifhiontair a eisiamh ó chuid d’fhorálacha na reachtaíochta ar an ábhar go gceanglaíonn na nósanna imeachta ar na cuideachtaí a dhéanann na maímh am agus acmhainní a chaitheamh chun an fhaisnéis is gá a bhailiú agus an próiseas fíorúcháin a chur díobh. Tugann CESE dá uídh go dtugtar de rogha do mhicrifhiontair a bheith páirteach, rud a fhágann gur féidir leo leas a bhaint as na tairbhí a ghabhann le deimhnithe comhréireachta, i gcás ina gcinneann siad acmhainní a infheistiú iontu sin de bhíthinn an nós imeachta fíorúcháin. Ar a mhuin sin, tugann CESE dá aire na forálacha maidir le tacaíocht a thabhairt do FBManna i gcoitinne, agus na ceanglais a eascraíonn as an reachtaíocht á gcur i bhfeidhm. Mar sin féin, aithníonn CESE gur gá a áirithiú nach síleann aon chuideachta go bhfuil sé de chead acu tomhaltóirí a chur ar míthreoir; tacaíonn sé go hiomlán leis nach bhfágann an rogha a bheith páirteach sa Treoir maidir le Maímh Ghlasa a leithéid chéanna de rogha a bheith ann i gcás na Treorach maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha. Ba cheart don Choimisiún ceanglais shonracha a thabhairt isteach chun a áirithiú go n-áirítear na micrifhiontair, mar is ceart, sna seiceálacha a dhéanann na Ballstáit, toisc nach bhfuil siad díolmhaithe de facto ón reachtaíocht uile eile maidir le cleachtais tráchtála éagóracha.

3.9

Molann CESE don Choimisiún cromadh ar na rialacha comhchoiteanna a ghlacadh maidir le bunús a thabhairt le maímh, mar a mholtar in Airteagal 3, rud a thugann deis don Choimisiún modheolaíochtaí comhchoiteanna a fhorbairt agus a ghlacadh maidir le bunús a thabhairt le héilimh shonracha, bunaithe ar thorthaí an fhaireacháin rialta. Creideann CESE gur cheart don Choimisiún de bhun na faisnéise atá ar fáil faoi láthair liosta tosaíochta éileamh a tharraingt suas gan mhoill, ar maímh iad a bhfuil gá le rialacha comhchoiteanna ina leith. Ba cheart dó freisin tús a chur le modheolaíochtaí comhchoiteanna a fhorbairt de bhreis ar an measúnú saolré. Tá gá leo sin chun cur chun feidhme comhchuibhithe a áirithiú ar fud na hEorpa agus tá gá le rialacha soiléire d’fhíoraitheoirí maidir le conas measúnú a dhéanamh ar na doiciméid tacaíochta a chuireann cuideachtaí ar fáil. D’fhágfadh sin nár bhaol go roghnódh cuideachtaí a maímh a fhíorú i dtíortha inar eol dóibh seans níos fearr a bheith ann go ndéanfaí na maímh sin a dheimhniú. Thabharfadh sin soiléireacht dhlíthiúil freisin do chuideachtaí agus ní chruthófaí neamhshiméadracht idir, ar thaobh amháin, na cuideachtaí sin atá in ann modhanna inmheánacha a thabhairt chun cinn nó rochtain a fháil ar sheirbhísí seachtracha chun modheolaíochtaí a chur in oiriúint dá straitéisí margaíochta agus, ar an taobh eile, cuideachtaí nach bhfuil sé d’acmhainn acu na nithe sin a dhéanamh.

3.10

Tugann CESE dá aire an cinneadh ón gCoimisiún gan na modhanna maidir le Lorg Comhshaoil Táirge agus Eagraíochtaí a thabhairt isteach mar cheanglais le haghaidh bunús a thabhairt le maímh. Sna cásanna inarb ábhartha sin, áfach, mholfadh CESE an úsáid is fearr a bhaint as na modhanna sin agus modhanna comhchoiteanna á sainiú le haghaidh bunús a thabhairt leo. I dtaca le hAirteagal 3.1(c) maidir leis an gceanglas a léiriú go bhfuil gnéithe den mhaíomh suntasach ó thaobh saolré de, tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún tuilleadh eolais a thabhairt faoi conas ba cheart an tábhacht sin a mheas.

3.11

Molann CESE go tréan don Choimisiún tuilleadh eolais a thabhairt faoi na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 5.4. maidir le maímh faoi fheidhmíocht chomhshaoil táirge nó trádálaí amach anseo. Ar an gcéad dul síos, ba cheart na ceanglais a chur i gcomhréir go hiomlán le forálacha na Treorach maidir le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe chuig an ngeilleagar glas. Ar an dara dul síos, ba cheart a shonrú sna ceanglais nach nglacfar le maímh den sórt sin ach amháin más amhlaidh nach i dtortaobh le nós an fhritháirimh atá siad agus más amhlaidh atá faisnéis fhorlíontach shoiléir shothuigthe arna soláthar ag an trádálaí ag gabháil leo mar thaca. Ba cheart a leagan amach iontu gealltanais agus spriocanna atá soiléir, oibiachtúil, eolaíochtbhunaithe agus infhíoraithe, chomh maith le plean cur chun feidhme ar leibhéal an trádálaí ar a n-áirítear bearta cur chun feidhme agus spriocanna eatramhacha nithiúla infhíoraithe nach mbraitheann ar fhritháirimh agus atá in iomchuibheas le gealltanas fadtéarmach a bhaint amach. Ba cheart buiséad leordhóthanach a leithdháileadh ar an bplean cur chun feidhme agus ba cheart é a bheith bunaithe ar theicneolaíochtaí atá inmharthana go heacnamaíoch agus go teicniúil, agus orthu sin amháin. Ba cheart an plean cur chun feidhme, chomh maith le faisnéis faoin dul chun cinn atá déanta, a chur ar fáil go poiblí agus a áireamh sa mhaíomh mar fhaisnéis fhorlíontach, agus ba cheart tuarascálacha rialta ina leith sin a sholáthar. Ba cheart é a bheith i gceist freisin faireachán neamhspleách a dhéanamh ar mhaímh a bhaineann le feidhmíocht chomhshaoil amach anseo i dtreo is gur féidir na maímh a fhíorú agus faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn trádálaithe i ndáil lena ngealltanais agus lena spriocanna, sa bhreis ar an bpróiseas deimhniúcháin a leagtar amach in Airteagal 10. Níor cheart maímh a bhaineann le feidhmíocht chomhshaoil amach anseo a cheadú ach amháin ar leibhéal an trádálaí seachas ar leibhéal an táirge; murach sin, d’fhéadfadh na maímh chomhshaoil lena mbaineann tomhaltóirí a chur ar míthreoir.

3.12

Is díol sásaimh do CESE an toirmeasc a leagtar amach in Airteagal 7, toirmeasc ar rátálacha agus scóir bunaithe ar tháscaire comhiomlánaithe maidir le tionchair ar an gcomhshaol, mura rud é go dtugtar rátálacha nó scóir den sórt sin isteach i reachtaíocht an Aontais. Cé go bhfuil an chumarsáid shoiléir a ghabhann leo tarraingteach do thomhaltóirí, is ábhar mearbhaill agus míthuisceana an easpa soiléireachta a ghabhann leis na modheolaíochtaí atá taobh thiar de na scóir, gan trácht ar an líon méadaitheach díobh atá ann. Molann CESE don Choimisiún soiléiriú a thabhairt ar a gcumhdaítear faoi raon feidhme an toirmisc sin, agus go háirithe ar a dtuigtear le ‘tionchar ar an gcomhshaol’. Mar shampla, tá sé le baint as nach n-áirítear scóir indeisitheachta sa raon feidhme. Ba cheart é sin a thabhairt chun soiléireachta tuilleadh eile d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú.

3.13

Is díol sásaimh do CESE na bearta a mholtar in Airteagal 8 chun deireadh a chur le hiomadú na maíomh agus na lipéad a thugtar isteach. Is mó an tsoiléireacht a bheidh ann do thomhaltóirí agus áiritheoidh siad nach gcuirfear ach faisnéis luachmhar iontaofa in iúl.

3.14

Is díol sásaimh do CESE an tábhacht a bhaineann le taobh an fhorfheidhmiúcháin. Más céim shoiléir chun tosaigh iad na ceanglais mhionsonraithe maidir le bunús a thabhairt le maímh, ceann de na príomhfhadhbanna leanúnacha a bhíonn le sárú ag tomhaltóirí i gcónaí is ea an easpa forfheidhmithe a dhéantar ar rialacháin, nuair ba cheart iad a bheith in ann talamh slán a dhéanamh de sin. A bhuí leis an gcóras fíorúcháin, b’fhéidir líon na maíomh bréagach ar an margadh a laghdú, ach ní éireoidh leis sin ach amháin má leithdháiltear dóthain acmhainní ar na húdaráis faireacháin margaidh chun gur féidir dóibh tabhairt faoin obair sin. Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún féachaint ar na bealaí féideartha uile atá ann chun tacú leis na húdaráis náisiúnta agus chun na Ballstáit a spreagadh leis na hacmhainní is gá a chur ar fáil le haghaidh an fhaireacháin. Is díol sásaimh do CESE an oibleagáid atá á moladh maidir le gníomhaíochtaí forfheidhmithe a thuairisciú.

3.15

Is díol sásaimh do CESE freisin forálacha Airteagal 16 maidir le rochtain ar cheartas a thabhairt do thomhaltóirí agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Bealach éifeachtach chun tacú leis an bhforfheidhmiú is ea a áirithiú gur féidir le cumainn tomhaltóirí caingean dlí a thabhairt i gcoinne maímh mhíthreoracha gan bhunús ar mhaithe le comhleasanna tomhaltóirí a chosaint.

3.16

Is díol sásaimh do CESE forálacha Airteagal 17, lena sonraítear na pionóis ba cheart do na Ballstáit a thabhairt isteach. Ba cheart don Choimisiún a mhachnamh a dhéanamh faoi dhea-chleachtais áirithe sa réimse seo a chur chun cinn.

3.17

Molann CESE don Choimisiún gach beart is gá a ghlacadh, ar a n-áirítear ról a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta sa phróiseas, ar mhaithe le tomhaltóirí agus cuideachtaí a chosaint ar an snas glas. Thar aon rud eile, molann CESE go ndéanfaí foráil maidir le cros-seiceálacha rialta idir na húdaráis náisiúnta, ar thaobh amháin, agus na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta ar an leibhéal náisiúnta, ar an taobh eile. Maidir le bearta ar an leibhéal Eorpach, is díol sásaimh do CESE an nós imeachta coiste dá bhforáiltear in Airteagal 19 agus tá sé ag iarraidh go ligfí dó páirt a ghlacadh sa choiste mar ionadaí Eorpach na sochaí sibhialta. Amach ón nós imeachta coiste sin, is gá páirt dháiríre a thabhairt do na páirtithe leasmhara, go háirithe sa phlé maidir le modhanna comhchoiteanna lenar féidir bunús a thabhairt. Molann CESE ról a thabhairt do na fóraim rannpháirtíochta, cuir i gcás an Fóram Comhairliúcháin Éicidhearthóireachta agus Bord an Aontais Eorpaigh um Éicilipéid, nó cruinniú comhchéime nua a bhunú a bheidh dírithe ar an reachtaíocht sin go sonrach.

An Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Tuairimí ó CESE Plean Gníomhaíochta Nua don Gheilleagar Ciorclach, IO C 364/94, 28/10/2020, lch. 94 agus Tomhaltóirí sa Gheilleagar Ciorclach (níl leagan Gaeilge ann), IO C 353/11, 18/10/2019, lch. 11.

(2)  COM(2019) 640 final, 11 Nollaig 2019.

(3)  COM(2020) 98 final, 11 Márta 2020.

(4)  COM(2020) 696 final, 13 Samhain 2020.

(5)  Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2005/29/CE agus Treoir 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe chuig an ngeilleagar glas trí chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fearr, COM(2022) 143 final.

(6)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoracha 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagoracha’) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

(7)  An Coimisiún Eorpach, ‘Behavioural Study on Consumers’ engagement in the circular economy’ [Staidéar Iompair ar Rannpháirtíocht na dTomhaltóirí sa gheilleagar ciorclach], 2018, lch. 10.

(8)  The Economist Intelligence Unit Limited (2021), ‘An Eco-wakening: Measuring global awareness, engagement and action for nature’, WWF.

(9)  Maímh chomhshaoil i leith táirgí neamhbhia, staidéar a choimisiúnaigh AS JUST (2014): https://commission.europa.eu/publications/environmental-claims-non-food-products_en

(10)  Authority for Consumers & Markets, ‘ACM consumers find claims regarding carbon offset unclear’, (staidéar a ceadaíodh i mí Eanáir 2023): https://www.acm.nl/en/publications/acm-consumers-find-claims-regarding-carbon-offset-unclear

Verbraucherzentrale (Méan Fómhair 2022), ‘Klimaneutrale Produkte: 89 Prozent für klare Regeln und geprüftes Siegel’: https://www.verbraucherzentrale.nrw/pressemeldungen/presse-nrw/klimaneutrale-produkte-89-prozent-fuer-klare-regeln-und-geprueftes-siegel-77472

Advertising Standards Authority (Deireadh Fómhair 2022), ‘New Research into understanding of environmental claims’: https://www.asa.org.uk/news/new-research-into-understanding-of-environmental-claims.html

Kantar Public (2022), ‘CO2 Offset claims – Consumer survey’: https://www.acm.nl/system/files/documents/acm-publishes-behavioral-research-into-co2-compensation-when-purchasing-airline-tickets.pdf


18.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 293/91


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le cur chun feidhme straitéisí macrairéigiúnacha an Aontais

[COM(2022) 705 final]

(2023/C 293/14)

Rapóirtéir:

Stefano PALMIERI

Comhrapóirtéir:

Dimitris DIMITRIADIS

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 2.5.2023

Bunús dlí

Airteagal 34 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa rannóg

30.5.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.6.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

579

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

169/1/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1

Aithníonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go bhfuil ról tábhachtach ag straitéisí macrairéigiúnacha i gcomhtháthú sóisialta, críochach agus eacnamaíoch na réigiún, agus go rannchuidíonn siad le lánpháirtiú tíortha comharsanachta san Aontas Eorpach.

1.2

Cuireann CESE in iúl go dtugann straitéisí macrairéigiúnacha aghaidh ar shaincheisteanna lena gceanglaítear ar roinnt tíortha (agus ar ghníomhaithe éagsúla laistigh díobh) comhoibriú le chéile bunaithe ar chur chuige trasearnála il-leibhéil. Dá bhrí sin, ba cheart do na gníomhaithe éagsúla féachaint leis an méid seo a leanas a dhéanamh: a chinntiú gur féidir déanamh de réir an leasa náisiúnta agus phrionsabal an chomhair san am céanna agus maolú a dhéanamh ar nósanna imeachta atá maorlathach agus casta agus a fhágann nach bhfuil na straitéisí macrairéigiúnacha chomh tarraingteach céanna.

1.3

Creideann CESE gur gá tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun na straitéisí macrairéigiúnacha a neartú ionas gur féidir athruithe a thiomáint chun cinn, muinín a spreagadh agus luachanna na hEorpa a chur chun cinn, go háirithe maidir le comhtháthú sóisialta, críochach agus eacnamaíoch na réigiún agus lánpháirtiú na dtíortha comharsanachta, mar aon le Clár Oibre 2030.

1.4

Tugann CESE dá aire gur uirlisí úsáideacha iad na straitéisí macrairéigiúnacha chun déileáil leis an ngéarchéim sláinte agus le héifeachtaí ionradh na Rúise ar an Úcráin. Go sonrach, bhí ról tábhachtach ag Straitéis an Aontais Eorpaigh do réigiún na Danóibe (EUSDR) agus Straitéis an Aontais do Réigiún Mhuir Bhailt (EUSBSR) maidir le naisc a mhéadú idir an Úcráin agus an tAontas Eorpach chun dídeanaithe ón Úcráin a lánpháirtiú agus chun conairí lasta sábháilte a chruthú.

1.5

I bhfianaise na n-aistrithe glasa, digiteacha agus sóisialta, tugann CESE dá aire go bhfuil éagsúlacht sa phróiseas cur chun feidhme idir na straitéisí macrairéigiúnacha éagsúla mar gheall ar leibhéil agus acmhainneachtaí éagsúla maidir le cur chun feidhme an bheartais earnála agus ar leibhéal ullmhachta na dtíortha nach de chuid an Aontais iad. Creideann CESE go bhfuil sé ábhartha aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí trí bhearta sonracha, go háirithe maidir leis na réigiúin is mó atá faoi mhíbhuntáiste, ionas nach fadhbanna a bheidh san iomaíochas eacnamaíoch agus sa chomhtháthú sóisialta, rud a d’fhágfadh go mbeadh bearnaí níos mó idir réigiúin atá níos ‘scothfhorbartha’ agus na réigiúin sin nach bhfuil chomh forbartha sin.

1.6

Creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach an nasc idir an t-aistriú glas, an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú sóisialta a neartú chun an fócas a aistriú ó tháirgeadh ‘níos mó’ chuig táirgeadh ‘níos fearr’ agus, ar an dóigh sin, an cur amú de thoradh rótháirgthe a sheachaint, agus an méid sin a dhéanamh i gcomhréir iomlán le prionsabal an neamhspleáchais straitéisigh. Sa chiall sin, is tábhachtach luach a chur ar chineálacha cur chuige speisialtóireachta cliste agus braislithe, maille le hoideachas agus oiliúint chuí, chríochnúil agus ábhartha a chur ar fáil.

1.7

Cuireann CESE san áireamh go bhfuil ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ag na comhpháirtithe sóisialta maidir le rannchuidiú le cinnteoireacht níos fearr, go háirithe trí phobail áitiúla agus réigiúnacha a thabhairt níos gaire do na straitéisí macrairéigiúnacha, agus molann sé do na Ballstáit, agus don Choimisiún Eorpach freisin, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, na comhpháirtithe sóisialta agus na húdaráis áitiúla a dhéanamh níos rannpháirtí fós ionas gur féidir braistint úinéireachta na gclár a neartú.

1.8

Thairis sin, tá sé tábhachtach le haghaidh éifeachtúlacht agus éifeachtacht na gceithre straitéis mhacrairéigiúnacha fothú acmhainneachta na ngníomhaithe stáit áitiúla agus neamhstáit a neartú. Measann CESE gur den tábhacht próisis faisnéise agus oiliúna a sheoladh do na gníomhaithe sin. Sa chomhthéacs sin, molann CESE córas a bhunú chun státseirbhísigh a mhalartú sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma idir réigiúin na straitéisí macrairéigiúnacha, fearacht an clár Erasmus. Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh chun idirphlé institiúidithe leis na saoránaigh a bhunú ar fud na macrairéigiún, agus creideann sé go bhféadfadh sé cabhrú leis sin. Tá sé tábhachtach freisin go mbeidh ról níos gníomhaí ag CESE, teach na sochaí sibhialta eagraithe, agus ag na comhpháirtithe sóisialta agus go mbeidh siad mar chuid de bhord rialaithe na straitéisí macrairéigiúnacha uile. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfadh sineirgí agus comhar a bheith níos éifeachtaí agus níos infheicthe. I ndáil leis an méid sin, molann CESE fóraim a eagrú i gcomhar le hionadaithe na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta i mBallstáit a bhfuil straitéis mhacrairéigiúnach acu.

1.9

Thairis sin, iarrann CESE go bhféachfaí an bhféadfaí, faoi na straitéisí macrairéigiúnacha uile, an easpa rannpháirtíochta atá ann ó thaobh príomhspreagthóirí áitiúla na forbartha a aisiompú (FBManna, braislí tionsclaíocha atá ann cheana, bainc áitiúla, fiontair shóisialta, ceardchumainn, eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta) agus corparáidí ilnáisiúnta agus institiúidí airgeadais agus bainc idirnáisiúnta. I gcomhthéacs na straitéisí macrairéigiúnacha, ba cheart glacadh phrionsabal na comhpháirtíochta a chur chun feidhme ina iomláine le rannpháirtíocht iomlán na ngeallsealbhóirí lena mbaineann.

1.10

Cuireann CESE in iúl a ábhartha atá sé na straitéisí macrairéigiúnacha a ailíniú le cuspóirí Chlár Oibre 2030 agus comhlántacht a chruthú le cuspóirí bheartas comhtháthaithe 2021-2027 chun na tionscnaimh mhacrairéigiúnacha a dhéanamh níos éifeachtaí.

1.11

D’ainneoin iarrachtaí an Choimisiúin Eorpaigh infheictheacht na straitéisí macrairéigiúnacha a mhéadú, creideann CESE nach bhfuil cumarsáid níos fearr ag brath ar phríomhghníomhaí amháin, ach ar rannpháirtíocht níos mó na mBallstát agus na dtríú tíortha a bhfuil straitéis mhacrairéigiúnach acu. Is féidir le CESE cabhrú i ndáil leis sin agus is féidir rannpháirtíocht il-leibhéal na sochaí sibhialta a bheith ríthábhachtach anseo.

1.12

Molann CESE gur cheart cuimhneamh ar chur chuige difriúil a ghlacadh i leith rialachas na straitéisí macrairéigiúnacha. Ós rud é gurb iad na hairí gnóthaí eachtracha a dhéanann ionadaíocht ar an leibhéal polaitiúil, ba cheart borradh a chur faoin leibhéal oibríochtúil trí chomhar feabhsaithe le haireachtaí gnóthaí AE agus leis na haireachtaí cistí AE. Má táthar chun na straitéisí macrairéigiúnacha a chur chun feidhme, is den tábhacht freisin go mbeidh ról ag na húdaráis réigiúnacha maidir leis sin trína n-acmhainneacht riaracháin a chumhachtú agus an phleanáil spásúil a neartú.

1.13

Tá súil ag CESE, le formheas na Tuarascála ó Choiste um Fhorbairt Réigiúnach Pharlaimint na hEorpa, go dtiocfaidh na dálaí chun straitéisí macrairéigiúnacha a chur chun feidhme in aibíocht freisin i réigiúin na Meánmhara Thiar agus tá súil aige go dtarlóidh sin.

1.14

Mar chuid de phróiseas meastóireachta an bheartais chomhtháthaithe a bheidh ann amach anseo, beidh gá le meastóireacht chúramach a dhéanamh ar na feabhsuithe a bheidh le déanamh ar na straitéisí macrairéigiúnacha chun leas iomlán a bhaint as a n-acmhainneacht.

2.   Réamhrá

2.1

Ó 2009 i leith, tá straitéisí macrairéigiúnacha sainithe ag an Aontas Eorpach (AE) mar chreataí comhtháite feabhsaithe comhair lena gcumasaítear do thíortha atá lonnaithe sa limistéar céanna aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar dhúshláin choiteanna, nó an leas is fearr is féidir a bhaint as a gcumas coiteann.

2.2

Na Ballstáit agus tíortha nach de chuid an Aontais iad a bhfuil an limistéar geografach céanna acu, tionscnaíonn siad straitéis mhacrairéigiúnach agus leagann siad síos na cuspóirí a bheidh aici; sainaithnítear an limistéar a chumhdaítear leis an straitéis ar bhonn saintréithe fisiciúla (abhantrach, imchuach farraige, sliabhraon, etc.) agus cuirtear leis na naisc stairiúla shocheacnamaíocha agus chultúrtha atá ann cheana mar an fhreagairt is gá ar na dúshláin a eascraíonn as leathnú tapa an AE.

2.3

Cuireann straitéisí macrairéigiúnacha creataí comhtháite feabhsaithe comhair ar fáil chun aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar dhúshláin agus ar dheiseanna i réimsí sonracha de chuid an Aontais, i gcás nach féidir aghaidh a thabhairt orthu ar bhonn aonair le huirlisí coiteanna. Ina cheann sin, i bhfianaise na gcúinsí atá ann faoi láthair, is féidir iad a bheith ina n-uirlis thábhachtach chun leathnú spásúil fhor-rochtain an Aontais a chur chun cinn.

2.4

Leis an tuairim seo, tabharfaidh CESE measúnú ar an 4ú tuarascáil maidir le straitéisí macrairéigiúnacha an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme, agus é á chur san áireamh aige gur léirigh 19 mBallstát an Aontais agus 10 dtír nach de chuid an Aontais iad atá ina gcuid de straitéisí macrairéigiúnacha an Aontais, le linn na tréimhse tuairiscithe, athléimneacht shuntasach i gcás suaití seachtracha tromchúiseacha leanúnacha, agus go raibh orthu a ngníomhaíochtaí rialta comhair a athrú ina ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta chun dul i ngleic ag an am céanna le héifeachtaí COVID-19 agus ionsaithe míleata gan údar na Rúise ar an Úcráin.

3   Measúnú ginearálta ar chur chun feidhme na straitéisí macrairéigiúnacha

3.1   Straitéis an Aontais do Réigiún Mhuir Bhailt (EUSBSR)

3.1.1

Tá ocht mBallstát agus ceithre thríú tír chomharsanachta páirteach i Straitéis an Aontais do Réigiún Mhuir Bhailt, a seoladh in 2009. Tá trí phríomhchuspóir ag an straitéis – an fharraige a shábháil; an réigiún a nascadh; agus rathúnas a mhéadú – agus tá sé foroinnte go téamach i 14 réimse beartais idirnasctha, lena n-áirítear rioscaí, an bithgheilleagar, an tsláinte agus an t-oideachas.

3.1.2

Maidir le cistiú, tá ról lárnach ag clár Interreg do Réigiún Mhuir Bhailt maidir le cur chun feidhme an mhacrairéigiúin a mhaoiniú ón tús. Idir 2014 agus 2020, cuireadh tuairim is EUR 278 milliún ar fáil faoin gclár Interreg le haghaidh chur chun feidhme na dtionscadal sa réigiún. Don tréimhse 2021-2027, beidh buiséad EUR 259 milliún ag an gclár Interreg do Réigiún Mhuir Bhailt.

3.1.3

In 2021, rinneadh athbhreithniú ar Phlean Gníomhaíochta EUSBSR. Laghdaíodh líon na ngníomhaíochtaí, tugadh isteach córas chun comhar níos dlúithe a éascú idir geallsealbhóirí (lena n-áirítear comhpháirtithe eacnamaíocha agus comhpháirtithe sóisialta), agus bunaíodh uirlis nua – Pointe na Straitéise do Réigiún Mhuir Bhailt – chun tacaíocht riaracháin agus theicniúil a chur ar fáil chun an straitéis a bhainistiú, a fhorbairt agus faisnéis a thabhairt ina taobh.

3.1.4

Thacaigh an EUSBSR leis na réigiúin a bhfuil baint acu leis na spriocanna maidir le fás inbhuanaithe cliste a bhaint amach. In ainneoin gur chuir fionraíocht an chomhair leis an Rúis agus leis an mBealarúis tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin bac ar réiteach a fháil ar na príomhfhadhbanna sa réigiún, d’fhéadfadh an straitéis aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn.

3.2   Straitéis an Aontais Eorpaigh do réigiún na Danóibe (EUSDR)

3.2.1

I Straitéis an Aontais Eorpaigh do réigiún na Danóibe (EUSDR), a seoladh i mí na Nollag 2010 agus a nuashonraíodh in 2020, tá 14 thír (9 mBallstát AE agus 5 thír nach de chuid an Aontais iad) agus tá sí bunaithe ar cheithre phríomhcholún: (1) an réigiún a nascadh le chéile; (2) an comhshaol a chosaint; (3) rathúnas a thógáil; agus (4) an réigiún a neartú. Tá na ceithre chuspóir sin roinnte arís ina 12 réimse tosaíochta.

3.2.2

Maidir le cistiú, le linn na tréimhse 2014-2020, cuireadh tacaíocht phríomhúil ar fáil trí Chlár Trasnáisiúnta Interreg na Danóibe arb ionann é agus EUR 231 milliún ar an iomlán. Don tréimhse 2021-2027, áfach, tá EUR 213,1 milliún san iomlán á chur ar fáil trí bhíthin an chláir.

3.2.3

In 2020, rinneadh an Plean Gníomhaíochta a mhodhnú chun a chuid gníomhaíochtaí a chur ar bhonn straitéiseach agus chun na cuspóirí a atheagrú. Bhí trí chuspóir leis an nuashonrú: cuíchóiriú a dhéanamh trí líon na ngníomhaíochtaí a laghdú ó 137 go 85; doiciméad a dhéanamh den phlean gníomhaíochta lena soláthraítear treoir straitéiseach maidir le EUSDR a chur chun feidhme; an plean gníomhaíochta a dhéanamh níos comhsheasmhaí le cláir agus ionstraimí maoiniúcháin eile, go háirithe le cláir an bheartais chomhtháthaithe, ach freisin le cláir agus ionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais, agus le cistiú náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil ó thíortha na Danóibe. Leis an athbhreithniú ar an bplean gníomhaíochta, rinneadh na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear le EUSDR a ailíniú le tosaíochtaí nua an Aontais, lena n-áirítear an Comhaontú Glas don Eoraip. Táthar tar éis bearta suntasacha a dhéanamh freisin trí ghníomhaíochtaí rannpháirtíochta don aos óg agus trí chomhar le cistí AE a neartú.

3.2.4

Mar sin féin, in ainneoin an nuashonraithe sin, tá roinnt saincheisteanna ag baint le straitéis mhacrairéigiúnach na Danóibe a chuireann moill ar a cur chun feidhme: difríochtaí socheacnamaíocha inláimhsithe ar fud réigiún na Danóibe, easpa acmhainní airgeadais agus tiomantas polaitiúil lag i measc na dtíortha lena mbaineann. Thairis sin, ní mór do na tíortha rannpháirteacha dul i ngleic le dúshláin dhomhanda níos leithne amhail an téarnamh iar-phaindéimeach, an t-athrú aeráide agus an t-aistriú digiteach, agus d’fhéadfadh siad uile a n-aird a tharraingt óna n-iarrachtaí feabhas a chur ar chur chun feidhme EUSDR.

3.3   Straitéis an Aontais Eorpaigh don Réigiún Aidriadach agus Iónach (EUSAIR)

3.3.1

Seoladh EUSAIR in 2014, agus tugann sé deich dtír le chéile (ceithre Bhallstát de chuid an Aontais agus sé thír nach de chuid an Aontais iad). Tá an straitéis bunaithe ar cheithre phríomhcholún: fás gorm; an réigiún a nascadh; cáilíocht an chomhshaoil; agus turasóireacht inbhuanaithe. Cuireann pointe saoráide EUSAIR tacaíocht oibríochtúil ar fáil don chomhordú agus don chur chun feidhme.

3.3.2

Maidir le cistiú don tréimhse 2014-2020, chuir clár ADRION Interreg EUR 118 milliún ar fáil chun tionscadail a mhaoiniú faoi cheithre cholún EUSAIR, lena n-áirítear tacaíocht do rialachas EUSAIR faoi ais tosaíochta 4. Don tréimhse 2021-2027, beidh EUR 136,7 milliún ar fáil faoin gclár Interreg Aidriadach-Iónach.

3.3.3

Is díol sásaimh do CESE na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag EUSAIR chun Comhairle Óige a chur ar bun faoin straitéis sin. Iarrann sé go neartófaí feidhmiú na gComhairlí Óige faoi na straitéisí macrairéigiúnacha eile chomh maith. Iarrann sé go ndéanfaí, faoi gach straitéis mhacrairéigiúnach, na Comhairlí Óige a chumhachtú agus an t-idirphlé leo a institiúidiú, agus is é is dóichí gurb iad na fóraim bhliantúla an creat is oiriúnaí chuige sin.

3.3.4

I mí na Samhna 2021, rinne an tAontas athmhúnlú ar chéannacht bhranda EUSAIR tríd an ‘Tuarascáil ar athshuíomh Straitéis an Aontais Eorpaigh don Réigiún Aidriadach agus Iónach (EUSAIR)’, agus ba é ab aidhm dó sin í a dhéanamh níos sothuigthe dá spriocphobal. Molann sé EUSAIR a ailíniú tuilleadh le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais amhail an Comhaontú Glas don Eoraip agus an t-aistriú digiteach, agus an tsochaí shibhialta agus daoine óga a chur i gcroílár a thosaíochtaí féin ag an am céanna.

3.3.5

Maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag EUSAIR, in ainneoin na dtorthaí arna mbaint amach maidir le cobhsaíocht sa réigiún agus cóineasú idir tíortha, tá roinnt deiseanna nár baineadh leas astu fós chun sineirgí a bhaint amach le tionscnaimh iltaobhacha eile sa mhacrairéigiún, agus is ann fós d’éagothromaíochtaí idir an tAontas agus tíortha nach de chuid an Aontais iad. Cuimsíonn an straitéis an iomarca gnéithe, cumhdaíonn sí tíreolaíocht atá an-chasta agus éagsúil agus tá an iomarca cuspóirí aici.

3.4   Straitéis an Aontais do Réigiún na nAlp (EUSALP)

3.4.1

Is í an straitéis mhacrairéigiúnach do réigiún na nAlp (EUSALP), a seoladh in 2015, an straitéis is déanaí atá le formheas ag an Aontas. Tá seacht dtír i gceist, ar Ballstáit de chuid an Aontais cúig cinn díobh agus is tíortha nach de chuid an Aontais iad dhá cheann díobh. Tá trí réimse théamacha sa straitéis: fás eacnamaíoch agus nuálaíocht; soghluaisteacht agus nascacht; agus an comhshaol agus fuinneamh. Déantar na trí réimse théamacha a chomhlánú le beartas trasearnálach maidir le rialachas arb é is aidhm dó samhail fhónta rialachais mhacrairéigiúnach a chur ar fáil don réigiún.

3.4.2

Maidir le cistiú ó 2014-2020, chuir clár Spáis na nAlp Interreg EUR 139 milliún ar fáil don réigiún, agus don tréimhse 2021-2027, tá EUR 107 milliún ar fáil do cheithre réimse tosaíochta arb é is aidhm dóibh réigiún Alpach a bhaint amach atá athléimneach ó thaobh na haeráide de, glas agus neodrach ó thaobh carbóin de.

3.4.3

In ainneoin na deighilte soiléire idir ceantair uirbeacha agus ceantair thuaithe, tá idirspleáchas láidir socheacnamaíoch ag an macrairéigiún. Tá baint ag roinnt de na tíortha atá rannpháirteach in EUSALP (an Ghearmáin, an Iodáil, an Ostair agus an tSlóivéin) le straitéisí macrairéigiúnacha eile, as ar eascair dúshláin. Is léir go bhfuil gá le níos mó rannpháirtíochta i bpróisis rialachais chun forluí a chlaochlú ina chomhlántachtaí.

3.4.4

I gcomparáid leis na straitéisí macrairéigiúnacha eile, tá struchtúr maith ag EUSALP. Is amhlaidh atá toisc go bhfuil creatlach struchtúrtha, institiúideach agus traidisiún seanbhunaithe ag réigiún na nAlp maidir le comhar trí Choinbhinsiún na nAlp agus tionscnaimh eile amhail Arge Alp, Euromontana, Comhghuaillíocht sna hAlpa (údaráis áitiúla), ALPARC (líonra limistéar faoi chosaint) agus an Coiste Eolaíoch Idirnáisiúnta um Thaighde sna hAlpa, chomh maith le heagraíochtaí eile atá ag feidhmiú sa réigiún. Tá ardchumas institiúideach agus riaracháin ag dá thír nach bhfuil san Aontas, an Eilvéis agus Lichtinstéin, rud a chuireann ar a gcumas comhoibriú le Ballstáit an Aontais ar an leibhéal céanna.

4.   An tírdhreach macrairéigiúnach agus an cogadh san Úcráin

4.1

Bhí tionchar díreach agus indíreach ag an gcogadh san Úcráin ar na straitéisí macrairéigiúnacha. Ba ghá gníomhaíochtaí comhair straitéisí macrairéigiúnacha AE a dhíriú ar thionscnaimh dhlúthpháirtíochta chun aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar éifeachtaí ionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ionsaí nach bhfuil bonn cirt leis.

4.2

As na ceithre straitéis mhacrairéigiúnacha, is iad EUSDR agus EUSBSR na straitéisí a raibh tionchar ‘díreach’ cinnte acu ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí comhair.

Tá ról tábhachtach ag EUSDR agus ag EUSBSR maidir le tacú leis an Úcráin ó thosaigh an cogadh, rud a chuidigh le naisc a mhéadú idir an Úcráin agus an tAontas Eorpach. Díríodh sna gníomhaíochtaí ar dhídeanaithe ón Úcráin a lánpháirtiú agus ar chonairí lasta sábháilte a chruthú. Léirigh Uachtaránacht na hÚcráine ar Straitéis na Danóibe an tiomantas sin go mór in 2022. In ainneoin an chogaidh, tá an Úcráin tar éis cur go mór lena rannpháirtíocht i ngach réimse tosaíochta de Straitéis na Danóibe;

tá an comhar uile leis an Rúis agus leis an mBealarúis curtha ar fionraí ag EUSBSR. Sin é an fáth a bhfuil an straitéis á díriú anois ar an ról atá aici mar chomhéadan straitéiseach don chomhar idir Ballstáit an Aontais, an Iorua agus an Íoslainn a neartú a thuilleadh.

4.2.1

Mar sin féin, níor cheart a bheith in ann treoshuíomh fadtéarmach straitéisí macrairéigiúnacha a choigeartú go héasca. Bíonn tionchar ag athruithe struchtúracha ar an leibhéal geopholaitiúil domhanda go sonrach – agus is príomhtheagmhas é an cogadh san Úcráin sa chomhthéacs sin – ar inneachar na gceithre straitéis mhacrairéigiúnacha, ós rud é go n-athbhunaíonn siad an tábhacht a bhaineann le comhtháthú agus comhar trasréigiúnach/trasteorann san Eoraip féin, agus sa spás Eoráiseach chomh maith.

5.   Ról agus tionchar na straitéisí macrairéigiúnacha i gcur chun feidhme phróisis na n-aistrithe glasa, digiteacha agus sóisialta

5.1

In ainneoin go dtacaíonn na ceithre straitéis mhacrairéigiúnacha le gnóthú na spriocanna arna leagan síos d’aistrithe glasa, digiteacha agus sóisialta an Aontais, is léir go bhfuil éagsúlacht sa phróiseas cur chun feidhme idir na straitéisí macrairéigiúnacha éagsúla mar gheall ar leibhéil agus acmhainneachtaí éagsúla chun beartas earnálach a chur chun feidhme (an comhshaol, an earnáil dhigiteach/nuálaíocht agus sóisialta) agus an leibhéal ullmhachta atá ag tíortha nach de chuid an Aontas iad chun déileáil leis na dúshláin a bhaineann leis na ‘aistrithe’.

5.2

Ba cheart a chur in iúl, mura dtugtar aghaidh ar na difríochtaí sin trí bhearta sonracha tacaíochta agus cistiúcháin, go háirithe maidir leis na straitéisí macrairéigiúnacha is mó a bhfuil deacrachtaí acu, go bhfuil an baol ann go bhféadfadh aon rud is cumas dó iomaíochas eacnamaíoch agus comhtháthú sóisialta a spreagadh a bheith ina fhadhb, fadhb a d’fhágfadh go mbeadh bearnaí níos mó idir réigiúin atá ‘scothfhorbartha’ agus na réigiúin nach bhfuil chomh forbartha sin. Tá dúshlán ag baint leis sin freisin i gcás na réigiún forimeallach nó iargúlta atá faoi mhíbhuntáiste i gcónaí i gcomparáid le réigiúin láir, uirbeacha nó chathracha. Is féidir leis an tacaíocht agus na dreasachtaí le haghaidh comhar réigiúnach agus trasteorann a bheith an-tairbheach sa chás sin.

5.3

Léirítear i mionscrúdú ar an 4ú tuarascáil, agus in anailís ar na tionscadail arna gcistiú ag cláir Interreg a bhí i bhfeidhm idir 2014 agus 2020, go bhfuil dlúthnasc idir an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach. Seoladh agus cuireadh chun feidhme tionscadail éagsúla, ach ní léir an raibh na tionscnaimh sin éifeachtach i ndáiríre chun athruithe a thionscnamh. Creideann CESE gur cheart leas a bhaint as na torthaí a baineadh amach trí na deiseanna atá ar fáil faoi chláir Interreg 2021-2027.

5.4

Dar le CESE, laige amháin atá sna straitéisí macrairéigiúnacha ar fad is ea go bhfuil nasc níos lú idir próisis an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh agus na próisis shóisialta, rud a fhágann, i mórán cásanna, go bhfuil an ghné shóisialta teoranta do chineálacha rannpháirtíochta agus rannpháirtíocht grúpaí nach ndéanann léiríonn riachtanais agus leasanna na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta ina n-iomláine. Sa tústuairim ó CESE Cóineasú eacnamaíoch agus iomaíochas níos fearr a bhaint amach laistigh de mhacrairéigiúin, amhail an Straitéis an Aontais Eorpaigh do réigiún na Danóibe – ról na mbraislí trasnáisiúnta (1), chuir sé in iúl gur measartha fós an fheidhmíocht i dtéarmaí éagothromaíochtaí sóisialta agus spásúla a laghdú agus inbhuanaitheacht chomhshaoil a threisiú, agus gur dócha gurb é is cúis leis sin castacht na socruithe rialachais agus idir-rialtasacha, leibhéal an mhaorlathais, an easpa aonchineálachta trasréigiúnaí agus rannpháirtíocht neamhleor na gcomhpháirtithe sóisialta, na ngníomhairí socheacnamaíocha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

5.5

Is é is aidhm do na straitéisí maidir leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach an fócas a aistriú ó tháirgeadh ‘níos mó’ chuig táirgeadh ‘níos fearr’ i gcomhréir iomlán le prionsabal an neamhspleáchais straitéisigh. Cé go bhfuil an cur chuige sin ceart agus i gcomhréir le treoirlínte CESE, cruthaíonn sé fadhbanna a d’fhéadfadh, mura dtabharfaí aghaidh orthu, breisluach a iompú ina rud díobhálach. Tá dlúthbhaint ag leibhéil fostaíochta agus ioncaim chánach le fás OTI; má thagann laghdú ar OTI, tá sé níos deacra an tsláinte, an t-oideachas agus an ceartas sóisialta a mhaoiniú.

5.6

Is é an Comhaontú Glas don Eoraip freagairt an Aontais ar an bparadacsa sin, arb é sin sraith beart chun tacú le fás eacnamaíoch inbhuanaithe, agus an comhshaol, acmhainní nádúrtha agus comhtháthú sóisialta á gcur san áireamh. In ainneoin chineál straitéiseach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, is iomaí toisc a d’fhéadfadh éifeachtacht an Chomhaontaithe ó thaobh tacú leis na haistrithe a chur i mbaol . Tá an baol ann, i ngeall ar an líon níos lú acmhainní daonna atá ar fáil agus an méadú ar chaiteachas sláinte agus pinsin, go laghdófar na hacmhainní is gá chun tacú le hinfheistíochtaí sna haistrithe glasa agus digiteacha sna straitéisí macrairéigiúnacha.

5.7

Tá an baol ann go mbeadh an dá aistriú (an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach), go háirithe ar leibhéal na straitéisí macrairéigiúnacha, ina n-uirlis riachtanach ach neamhleor lena n-éileofaí bearta breise chun forbairt eacnamaíoch iomlánaíoch, inbhuanaithe na sochaí a bhaint amach taobh le fás eacnamaíoch.

5.7.1

Tá speisialtóireacht chliste agus braislí tábhachtach don dá aistriú ar na cúiseanna seo a leanas: (i) tá cur chun cinn an líonraithe agus bunú braislí i measc cuideachtaí ar cheann de na bealaí is rathúla chun tacú leis an nuálaíocht agus leis an bhforbairt i measc FBManna; (ii) leis an idirghabháil i bhfoirm seirbhísí comhairliúcháin agus riaracháin (trí ghníomhaireachtaí forbartha réigiúnaí, comhlachais tráchtála, bainisteoirí braislí, etc.), cuirtear borradh faoi éifeachtacht an líonraithe agus an bhraislithe (i gcomparáid le hábhar thústuairim CESE (2))

5.8

Ina theannta sin, tacaíonn CESE leis an bhfíoras nach mór, má táthar chun an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas a athrú ó dhúshláin go fíordheiseanna, an t-aistriú sóisialta a neartú trí ardáin chomhfhorbartha a chruthú ina dtugtar príomhról don tsochaí shibhialta agus do na comhpháirtithe sóisialta, ionas go mbeidh riachtanais agus saincheisteanna na gcomhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha i gcroílár na roghanna forbartha agus comhtháthaithe.

5.9

Ba cheart úsáid a bhaint as na straitéisí macrairéigiúnacha mar ardáin tástála chun ionstraimí nuálacha amhail tionscnaimh ‘cánachas inbhuanaithe agus córais dreasachtaí’ a mhúnlú, nó chun córas cánach a chruthú a fhreastalaíonn ar riachtanais na sochaí, fiú i bhfianaise fás eacnamaíoch lag nó diúltach. Is cineál forbartha athléimneachta atá sna bearta sin agus is féidir, a bhuí leo, géarchéimeanna a mbíonn tionchar acu go rialta anois ar réigiúin na straitéisí macrairéigiúnacha a thuar.

5.10

Ba cheart na straitéisí macrairéigiúnacha a úsáid mar uirlisí chun tacú le ‘athrú cultúrtha’, chun straitéisí a phleanáil agus chun bearta a chur chun feidhme lenar féidir cabhrú le cuspóirí an bheartais chomhtháthaithe agus Chlár Oibre 2030 a bhaint amach. I ndáil leis an méid sin, leagann CESE béim ar an leibhéal íseal comhair idir na straitéisí macrairéigiúnacha éagsúla agus, dá réir sin, ar an ngá atá le huirlisí forbartha acmhainní tras-mhacrairéigiúnacha a neartú agus a chur chun cinn.

5.11

Chun dul in oiriúint don aistriú digiteach go háirithe, ba cheart tacú leis na straitéisí macrairéigiúnacha, go príomha trí oideachas agus oiliúint atá cuí agus críochnúil a chur ar fáil. I bhfianaise éagsúlacht na dtíortha éagsúla atá rannpháirteach sna straitéisí macrairéigiúnacha (Ballstáit an Aontais, tíortha is iarrthóirí, etc.), is gá an bhearna eatarthu a dhúnadh i ndáil leis sin. Sa tústuairim ó CESE (3), tacaíonn sé leis go mbainfidh straitéisí macrairéigiúnacha tairbhe shuntasach as líonraí éifeachtúla le haghaidh gníomhaíochtaí oideachais i ndáil le digitiú an táirgthe, agus as tionscnaimh atá dírithe ar éiceachórais éifeachtacha taighde agus nuálaíochta idir-réigiúnacha i ngníomhaíochtaí bunúsacha agus feidhmeacha T&D.

6.   Gné chríochach na straitéisí macrairéigiúnacha agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta

6.1

Cé go bhfuil na straitéisí macrairéigiúnacha ag luí le cuspóir foriomlán an bheartais chomhtháthaithe, creideann CESE gur gá tionscnaimh ón mbun aníos a chomhdhlúthú agus a fheabhsú má táthar chun borradh a chur faoin gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach. Baineann sé sin go háirithe le gníomhaíochtaí clársceidealaithe agus pleanála, amhail uirlisí cur chun feidhme a bhunú le haghaidh cistí de chuid an Aontais a bhainistítear go hindíreach.

6.2

Creideann CESE gur cheart an cur chuige críochach a bheith sa chroílár agus straitéisí macrairéigiúnacha á gcur chun feidhme, i gcodarsnacht le cásanna áirithe inar cosúil gurb iad straitéisí macrairéigiúnacha an uirlis a úsáidtear chun straitéisí Eorpacha a chur i bhfeidhm ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil. Ina ionad sin, ba cheart gurb iad na straitéisí Eorpacha a d’úsáidfí chun tionscnaimh a sheoladh atá cosúil le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail ionas gur féidir bearta a shainaithint ar bhonn na gcríoch ina bhfuil gá le gníomhaíocht.

6.3

Is féidir rannpháirtíocht, úinéireacht agus spreagadh na saoránach a fheabhsú ach rannpháirtíocht níos mó a bheith ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus trí thionscadail bheaga réigiúnacha nó trasteorann i gcás ina mbeidh na torthaí díreach agus infheicthe. Samplaí maithe is ea na tionscadail comhair éigeandála sláinte agus éigeandála ospidéil nó an tionscadal comhair maidir le cosaint tubaiste, a bhfuil struchtúr comhchosúil aige agus a bhfuil fadhbanna den chineál céanna le réiteach aige, ach a chuireann tairbhí comhchosúla ar fáil freisin.

6.4

I bhfianaise na ndúshlán atá os comhair na macrairéigiún, lena n-áirítear COVID-19 agus an cogadh san Úcráin, chomh maith leis an tacaíocht láidir pholaitiúil atá ag teastáil, ní mór don tsochaí shibhialta agus do na comhpháirtithe sóisialta a bheith níos rannpháirtí sa phróiseas rialachais agus cur chun feidhme agus beidh gá freisin le córas gnó a chuirfear chun cinn le bearta chun cabhrú le hiomaíochas FBManna.

6.5

Cé go bhfuil tionscnaimh curtha i gcrích faoi gach ceann de na straitéisí macrairéigiúnacha, is léir nach mór an méid atá déanta a chur chun feidhme ionas gur féidir fíorghné thrasearnálach (rannpháirtíocht na sochaí sibhialta) a thabhairt do gach ceann de na straitéisí sin lena gcomhlánaítear agus lena bhfeabhsaítear an ‘gné ingearach’ (rannpháirtíocht réigiún agus comhlachtaí áitiúla) agus rialachas il-leibhéil i gcomhréir iomlán le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, sa chaoi is nach mbeidh an lámh in uachtar ag cuspóirí na mBallstát agus na réigiún aonair ar chomhleasanna.

6.6

Creideann CESE gur cheart an próiseas is leithne is féidir a chur chun cinn ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil chun roghanna eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a bhaineann leis na macrairéigiúin a phlé, a chomhroinnt agus oiliúint a chur ar fáil ina leith. D’fhéadfaí é sin a bhaint amach trí mhodhanna áirithe a tástáladh cheana i gcomhthéacsanna eile, bunaithe ar rannpháirtíocht idir comhlachtaí áitiúla, comhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha agus eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta.

6.7

Ba cheart a áirithiú faoi gach straitéis mhacrairéigiúnach go seolfar fóram na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta agus ní mór a chuid oibre a bheith fite fuaite le hobair ardáin geallsealbhóirí eile agus forbairt a dhéanamh laistigh de shamhail oibriúcháin lena gcumasaítear fíor-rannpháirtíocht ionadaithe na gcomhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta i gcur chun feidhme na straitéisí ar an leibhéal macrairéigiúnach, réigiúnach agus áitiúil. Ach fóraim den chineál sin a eagrú go bliantúil, b’fhéidir go bhféadfaí leanúnachas na straitéisí macrairéigiúnacha a áirithiú, deiseanna a chur ar fáil le haghaidh smaointe nuálacha nua agus le haghaidh cruinnithe gnólacht le gnólacht (B-2-B). Ar deireadh, cuirfidh siad le hinfheictheacht agus cumarsáid faoi na straitéisí macrairéigiúnacha agus neartóidh siad comhar idir na straitéisí sin trí dhea-chleachtais a mhalartú, go príomha i measc straitéisí tíortha comharsanachta. Molann CESE go ndéanfaí na fóraim shonracha a óstáil ar bhonn uainíochta in áiteanna éagsúla sna réigiúin a bhfuil straitéis mhacrairéigiúnach acu, agus dearbhaíonn sé go bhfuil sé toilteanach tacú go gníomhach leis na himeachtaí sonracha sin.

6.8

Tá sé ríthábhachtach gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a chur chun cinn chun tacú leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus chun cur le rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta eagraithe i bpróisis forbartha na straitéisí macrairéigiúnacha. Sa chomhthéacs sin, ba cheart feidhm a bheith ag prionsabal na comhpháirtíochta maidir le tionscadail a bhaineann leis na straitéisí macrairéigiúnacha lena áirithiú gur féidir ról gníomhach a bheith ag geallsealbhóirí áitiúla iontu. Ba cheart an méid sin a bheith mar bhonn taca faoin múscailt feasachta agus faoi mhéadú an eolais i measc na saoránach maidir leis na príomhábhair agus na príomhghníomhaíochtaí a bhaineann leis na straitéisí macrairéigiúnacha.

6.9

Go sonrach, molann CESE córas a bhunú chun státseirbhísigh a mhalartú sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma idir réigiúin a bhfuil straitéisí macrairéigiúnacha acu, fearacht an clár Erasmus, agus cuireann sé in iúl go mbeadh sé sásta cuidiú leis an tionscnamh seo a éascú. Creideann CESE go láidir go gcuirfeadh sé sin go mór le fothú acmhainneachta agus le múscailt feasachta agus go gcuideoidh sé freisin leis na saincheisteanna maorlathacha a eascraíonn as na héagothromaíochtaí éagsúla ó thír go tír a shárú de réir a chéile.

7.   Tosaíochtaí eile chun éifeachtacht na straitéisí macrairéigiúnacha a fheabhsú

7.1

Is tosaíocht é a áirithiú go bhfuil na straitéisí macrairéigiúnacha comhsheasmhach agus ailínithe leis an mbeartas comhtháthaithe agus le Clár Oibre 2030 chun a áirithiú nach mbeidh tosaíocht ag leasanna sonracha ar leasanna coiteanna. Cé gur oibleagáid é comhsheasmhacht le tosaíochtaí an bheartais chomhtháthaithe a áirithiú i bpróiseas pleanála agus forbartha na straitéisí macrairéigiúnacha, is ar éigean atá roinnt straitéisí macrairéigiúnacha i gcomhréir le Clár Oibre 2030.

7.2

Maidir le comhsheasmhacht agus comhlántacht na straitéisí macrairéigiúnacha le Clár Oibre 2030, tá conair dhearfach á glacadh ag EUSBSR tríd an tionscnamh ‘Baltic 2030 – Bumps on the Road’. Chomh maith leis na SDGanna is mó atá comhsheasmhach le tosaíochtaí na straitéise macrairéigiúnaí a shainaithint, tá córas éifeachtach bunaithe faoin tionscnamh sin chun tacú le tionscnaimh a phleanáil agus feidhmíocht a thomhas.

7.3

Is cinnte gur gníomhaíocht straitéiseach é na straitéisí macrairéigiúnacha a ailíniú le cuspóirí Chlár Oibre 2030, agus comhlántacht a chruthú le cuspóirí bheartas comhtháthaithe 2021-2027, gníomhaíocht lena bhféadfar na tionscnaimh mhacrairéigiúnacha a dhéanamh níos éifeachtaí. Ba cheart na SDGanna seo a leanas a chur san áireamh, mar thosaíocht: 3. Sláinte mhaith agus dea-bhail; 4. Oideachas ar Ardchaighdeán; 5 Comhionannas inscne; 7. Fuinneamh glan inacmhainne; 8. Obair chuibhiúil agus fás eacnamaíoch; 9. Tionsclaíocht, nuálaíocht agus bonneagar; 11. Cathracha agus pobail inbhuanaithe; 12. Tomhaltas agus táirgeadh freagrach; 13. Gníomhú ar son na haeráide; 14. Beatha faoin uisce; 15. Beathra ar thalamh .

7.3.1

Bíodh sin mar atá, agus aird á tabhairt ar an líon ard réimsí ar cheart aghaidh a thabhairt orthu, maille leis na hacmhainní teoranta atá ar fáil, b’inmholta tascanna a chur in ord tosaíochta go réasúnta de réir dhá phríomhghné ar leith:

Aicmiú a dhéanamh de réir réaltachta, práinne agus ama.

Rangú a dhéanamh de réir an bhreisluacha is mó a bhfuiltear ag súil leis ón gcur chuige macrairéigiúnach.

7.4

Tá nasc soiléir idir rath na straitéisí macrairéigiúnacha agus an cumas atá acu a áirithiú gur féidir cistí AE, cistí náisiúnta, cistí réigiúnacha agus cistí poiblí agus príobháideacha eile a úsáid chun tosaíochtaí na straitéisí macrairéigiúnacha a chistiú, trí thacú le tionscadail. Is léir gur gá an tosaíocht sin a neartú trí phleananna comhlántacha agus trí shineirgí idir na deiseanna maoiniúcháin éagsúla, agus spreagadh a thabhairt, nuair is féidir, do chistiú trasnáisiúnta agus trasteorann a chomhtháthú le cistiú rialtais agus réigiúnach, lena n-áirítear trí chur chuige ilearnálach.

7.5

Ba cheart an cur chuige a ghlactar faoi gach straitéis mhacrairéigiúnach, mar aon le líonraí idirphlé agus comhair, a chur chun cinn idir údaráis bhainistíochta Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE), Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID), chun fadhbanna agus deiseanna a shainaithint a bhaineann le hábhair shonracha ar féidir aghaidh a thabhairt orthu trí fhoinsí éagsúla cistithe.

7.6

Ar deireadh, is barrthábhachtach go mbeadh príomhspreagthóirí na forbartha áitiúla (FBManna, braislí tionsclaíocha atá ann cheana, bainc áitiúla, fiontair shóisialta, ceardchumainn, eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus eagraíochta eile na sochaí sibhialta) agus corparáidí ilnáisiúnta agus institiúidí airgeadais agus bainc idirnáisiúnta rannpháirteach sna straitéisí macrairéigiúnacha. I gcomhthéacs na straitéisí macrairéigiúnacha, ba cheart glacadh phrionsabal na comhpháirtíochta a chur chun feidhme ina iomláine le rannpháirtíocht iomlán na ngeallsealbhóirí lena mbaineann.

7.6.1

I gcás FBManna, is í an fhadhb atá ann gur teoranta an cumas atá acu an fhaisnéis ábhartha a fháil agus an easpa cumais theicniúil chun leas a bhaint as na deiseanna a eascraíonn as sin. D’fhéadfadh forbairt braislí gnó le gnó agus braislí gnó le rialachas a bheith ina bealach chun an tsaincheist sin a shárú.

8.   An bealach chun cinn

8.1

Tá dúshláin níos déine i ndán do na straitéisí macrairéigiúnacha; mura dtugtar aghaidh orthu i gceart ar an leibhéal críochach, d’fhéadfadh fadhbanna a bheith ag baint leo gan mhoill. Cuireann CESE san áireamh go bhfuil ról lárnach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ag comhpháirtithe sóisialta maidir le rannchuidiú le feabhas a chur ar an bpróiseas cinnteoireachta, go háirithe trí phobail áitiúla agus réigiúnacha a thabhairt níos gaire do na straitéisí macrairéigiúnacha agus trí na Ballstáit, agus an Coimisiún Eorpach freisin, a spreagadh chun ról níos mó a thabhairt don tsochaí shibhialta agus do na comhpháirtithe sóisialta chun borradh a chur faoin mbraistint go mbaineann siad leis na cláir.

8.2

Aithníonn CESE go mbaineann straitéisí macrairéigiúnacha le saincheisteanna a dteastaíonn comhar ilnáisiúnta ina leith, comhar atá bunaithe ar chur chuige rialachais trasearnálach il-leibhéil. Ba cheart, trí bhíthin straitéisí macrairéigiúnacha, féiniúlacht limistéar a fheabhsú trí fhreagracht agus rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach a mhéadú. Bíodh is gur cheart cineál ‘bog’ chomhar na straitéisí macrairéigiúnacha a mheas mar bhuntáiste sa mhéid is go gcuireann sé réitigh ar fáil a bhíonn deacair go minic a bhaint amach i gcomhthéacsanna níos foirmiúla ina bhfuil leasanna náisiúnta iomaíocha, ní mar sin atá i ndáiríre. Is iad na húdaráis náisiúnta agus na húdaráis láraithe atá freagrach as straitéisí macrairéigiúnacha a chur chun feidhme. Is éard a bhíonn mar thoradh air sin nósanna imeachta atá maorlathach casta agus, ar deireadh, ní bhíonn straitéisí macrairéigiúnacha chomh tarraingteach céanna.

8.3

Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh chun idirphlé institiúideach leis na saoránaigh a chur ar bun idir na macrairéigiúin, agus measann sé go bhféadfadh sé a bheith úsáideach i ndáil leis sin. Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh ról níos gníomhaí ag CESE, baile na sochaí sibhialta eagraithe, agus go mbeadh sé mar chuid de bhoird bhainistíochta na straitéisí macrairéigiúnacha uile. Ar an dóigh sin, d’fhéadfadh sineirgí agus an comhoibriú a bheith níos éifeachtaí.

8.4

Molann CESE go gcuimhneofaí ar chur chuige difriúil a ghlacadh i leith rialachas straitéisí macrairéigiúnacha. Ós rud é gurb iad na hairí gnóthaí eachtracha a dhéanann ionadaíocht ar an leibhéal polaitiúil, ba cheart borradh a chur faoin leibhéal oibríochtúil trí chomhar feabhsaithe le haireachtaí gnóthaí an Aontais agus le cistí an Aontais. Tá sé ríthábhachtach freisin go mbeadh na húdaráis réigiúnacha rannpháirteach trína n-acmhainneacht riaracháin a chumhachtú chun straitéisí macrairéigiúnacha a chur chun feidhme.

8.5

Creideann CESE gur cheart níos mó idirnasc a bheith ann idir an t-aistriú fuinnimh/digiteach agus gné shóisialta bheartas an Aontais. Ós rud é gurb é 2023 Bliain Eorpach na Scileanna, ba cheart díriú níos mó ar an gcaoi ar féidir an t-aistriú fuinnimh a bhaint amach trí scileanna agus inniúlachtaí oibrithe a fhorbairt.

8.6

Moltar do gheallsealbhóirí na mBallstát obair leantach níos dlúithe a dhéanamh, tionscadail, cláir agus gníomhaíochtaí nach bhfuil chomh teibí a shocrú, i.e. iad a dhéanamh níos spriocdhírithe, le pointí tosaigh agus torthaí intomhaiste. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfaí faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta eatarthu.

8.7

Tugann CESE dá aire go bhfuil iarrachtaí suntasacha déanta ag an gCoimisiún Eorpach próifíl na straitéisí macrairéigiúnacha a ardú. Mar sin féin, ní faoi phríomhghníomhaí faoi leith é cumarsáid níos fearr a áirithiú, is faoi na Ballstáit atá sé freisin agus braitheann sé ar na straitéisí macrairéigiúnacha. I ndáil leis an méid sin, is féidir le CESE cabhrú trí rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta, rud a d’fhéadfadh a bheith ríthábhachtach.

8.8

Creideann CESE go bhfuil ról tábhachtach ag straitéisí macrairéigiúnacha i gcomhtháthú sóisialta, críochach agus eacnamaíoch na réigiún, ach go rannchuidíonn siad freisin le lánpháirtiú tíortha comharsanachta san Aontas Eorpach. Sa chomhthéacs sin, ní mór béim níos mó a leagan ar straitéisí macrairéigiúnacha a athrú ó bhonn ionas gur féidir athruithe a thiomáint chun cinn, muinín a spreagadh agus luachanna Eorpacha a chur chun cinn. Thairis sin, ní mór feabhas a chur ar an inbhuanaitheacht, an leanúnachas agus an idirghaolmhaireacht i dtionscnaimh agus i dtionscadail trasréigiúnacha agus trasteorann. Ar an gcaoi sin, ba cheart cineálacha eile comhair institiúidithe trasréigiúnach agus trasteorann amhail GECCanna agus Eora-réigiúin a úsáid ar bhealach cuimsitheach, i gcomhréir le raon feidhme na straitéisí macrairéigiúnacha.

8.9

Ó thaobh an chomhshaoil de, beidh sé ríthábhachtach borradh a chur faoi acmhainneacht oibríochtúil na straitéisí macrairéigiúnacha tacú leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus uirlisí úsáideacha a chur ar fáil don tsochaí shibhialta chun gur féidir léi dul i ngleic le rioscaí agus stíleanna maireachtála inbhuanaithe a ghlacadh.

8.10

Maidir leis an ngeilleagar, beidh sé ina thosaíocht tacú le hathrú sa tsamhail eacnamaíoch ar an leibhéal críochach agus áitiúil, d’fhonn tomhaltas acmhainní nádúrtha agus amhábhar a laghdú. Beidh sé riachtanach tacú leis an aistriú i dtreo tionscnaimh maidir le hastaíochtaí nialasacha, le soghluaisteacht inbhuanaithe, leis an ngeilleagar ciorclach, le turasóireacht inbhuanaithe agus le borradh a chur faoin ngeilleagar áitiúil.

8.11

Chun nuálaíochtaí teicneolaíochta amhail digitiú, róbatú agus biteicneolaíocht a chur chun cinn agus a chur ar fáil do chách, uas-sciliú, tuilleadh infheistíochtaí i mbonneagar digiteach atá sábháilte agus inbhuanaithe, agus tionscnaimh tacaíochta do ghnólachtaí, don riarachán poiblí agus do na saoránaigh, go háirithe i bhfianaise dhigitiú na seirbhísí poiblí.

8.12

Treisíonn treochtaí déimeagrafacha agus sóisialta a chéile. Cruthaíonn aosú an daonra, chomh maith leis an imirce inmheánach agus an imirce laistigh den Eoraip, an laghdú ar an ráta breithe agus an laghdú ar theaghlaigh, dúshláin do chórais leasa shóisialta agus d’fhorbairt áitiúil agus réigiúnach. Tá impleachtaí tromchúiseacha sóisialta ag na treochtaí déimeagrafacha sin, lena n-áirítear an t-eisiamh sóisialta agus an neamhionannas atá ag dul i méid, chomh maith le himpleachtaí eacnamaíocha, lena n-áirítear ganntanas oibrithe in earnálacha dlúthshaothair amhail an turasóireacht. Dúshlán eile a bhfuil tábhacht mhór ag baint leis is ea fócas níos láidre ar an gcáilíocht saoil, ar obair chuibhiúil agus ar an dea-bhail.

8.13

Le formheas na Tuarascála ar ról an Bheartais Chomhtháthaithe maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin ilghnéitheacha chomhshaoil in imchuach na Meánmhara (2022/2059(INI)) ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach i bParlaimint na hEorpa, creideann CESE go dtiocfaidh na dálaí chun straitéisí macrairéigiúnacha a chur chun feidhme in aibíocht freisin i réigiúin na Meánmhara Thiar agus tá súil aige go dtarlóidh sin.

An Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)   IO C 282, 20.8.2019, lch. 14 (níl leagan Gaeilge ann).

(2)  Tústuairim ó CESE Cóineasú eacnamaíoch agus iomaíochas níos fearr a bhaint amach laistigh de mhacrairéigiúin, amhail an Straitéis an Aontais Eorpaigh do réigiún na Danóibe – ról na mbraislí trasnáisiúnta, IO C 282, 20.8.2019, lch. 14 (níl leagan Gaeilge ann).

(3)  Tústuairim ó CESE Cóineasú eacnamaíoch agus iomaíochas níos fearr a bhaint amach laistigh de mhacrairéigiúin, amhail an Straitéis an Aontais Eorpaigh do réigiún na Danóibe – ról na mbraislí trasnáisiúnta, IO C 282, 20.8.2019, lch. 14 (níl leagan Gaeilge ann).


18.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 293/100


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste Eorpach na Réigiún: Leas a bhaint as an tallann i réigiúin na hEorpa

(COM(2023) 32 final)

(2023/C 293/15)

Rapóirtéir:

Tatjana BABRAUSKIENĖ

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 8.3.2023

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Rannóg um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa rannóg

30.5.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.6.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

579

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

181/0/3

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1

Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go dtugtar gealltanas sa Teachtaireacht Leas a bhaint as an tallann i réigiúin na hEorpa (1) go dtacófar le ceapadh agus cur chun feidhme straitéisí spriocdhírithe réigiúnacha agus críochacha atá bunaithe ar staid agus sócmhainní sonracha na réigiún, go ndéanfar Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an fhís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme ar bhealach uaillmhianach, agus go mbainfear úsáid spriocdhírithe freisin as cistí an Aontais atá ann cheana, arb é is aidhm dóibh a n-imscaradh a chur in oiriúint do threochtaí déimeagrafacha an Aontais. Ba cheart margadh saothair ar ardchaighdeán a chur i gcroílár na mbeart beartais a sainaithníodh inti, lena gcumhdófaí beartais chuimsitheacha maidir leis an margadh saothair, tacaíocht d’oibrithe, timpeallachtaí tarraingteacha gnó, soghluaisteacht chothrom, comhtháthú sóisialta, seirbhísí bunriachtanacha, agus rochtain ar oiliúint ar ardchaighdeán agus ar dheiseanna forbartha scileanna chun borradh a chur faoi iomaíochas na hEorpa.

1.2

Tá sé á thabhairt le fios ag CESE nach mór an ghné bhunúsach de lánpháirtiú na hEorpa – is é sin saoirse gluaiseachta – a áirithiú don uile dhuine san Aontas Eorpach, agus nach mór díriú freisin ar chur chuige fadtéarmach agus iomlánaíoch i leith forbairt réigiúnach agus lánpháirtiú sa mhargadh saothair. Beidh saorghluaiseacht daoine i margadh saothair na hEorpa le cosaint freisin: ní mór a áirithiú gur rogha agus deis a bheidh ann i gcónaí agus nach rud éigeantach a bheidh ann dóibh siúd a bhfuil easpa ionchais nó easpa deiseanna ina réigiún féin de dheasca cúiseanna socheacnamaíocha.

1.3

D’fhonn aghaidh a thabhairt ar bhealach níos fearr ar an nganntanas saothair agus scileanna, tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE go bhfuil gá le réitigh fhadtéarmacha chun tacú leis an bhforbairt réigiúnach. I measc na réiteach sin bheadh bonneagar níos fearr, acmhainní inbhuanaithe, cáilíocht fheabhsaithe poist, tacaíocht éifeachtach a chur ar fáil dóibh siúd nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna (NEETanna) agus daoine dífhostaithe, tacaíocht spriocdhírithe chun náisiúnaigh tríú tír a lánpháirtiú go cothrom i margadh an tsaothair, rochtain ar sheirbhísí poiblí ardcháilíochta, lena n-áirítear rochtain ar oideachas poiblí ardcháilíochta agus cuimsitheach agus foghlaim ar feadh an tsaoil, agus rochtain ar uas-sciliú agus athsciliú ardcháilíochta agus cuimsitheach do gach oibrí, chomh maith le rannpháirtíocht na gceardchumann agus na bhfostóirí in oirchill scileanna, riachtanais scileanna a shainaithint sna réigiúin agus forbairt scileanna a chur ar fáil.

1.4

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil líon uirlisí cistiúcháin de chuid an Aontais in úsáid faoin mbeartas comhtháthaithe (Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE+), an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste um Aistriú Cóir) don chlárthréimhse 2021-2027 d’fhonn éagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme. Tá CESE á iarraidh go ndéanfar cistí téarnaimh, athléimneachta agus comhtháthaithe an Aontais, lena n-áirítear an Ciste um Aistriú Cóir, a chomhlánú agus a chomhordú níos fearr d’fhonn a áirithiú go mbainfear leas as na cistí chun cruthú fostaíochta a spreagadh, chun deiseanna fostaíochta ar ardchaighdeán a chruthú, agus chun dul chun cinn a áirithiú ó thaobh bonneagar nithiúil. Moltar an méid sin a dhéanamh trí bhearnaí socheacnamaíocha a laghdú agus an bhearna forbartha idir réigiúin san Aontas Eorpach a dhúnadh. Rannchuidíonn comhar trasteorann, a fhaigheann tacaíocht ó na cláir Interreg, le mealltacht na réigiún teorann a mhéadú agus ba cheart tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil do chláir den sórt sin.

1.5

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit beartais chomhtháthaithe agus cistí AE a chur ar bun chun tacaíocht a thabhairt do mhúnlú aistrithe sa mhargadh saothair chun nach bhfágfar aon oibrí ná aon réigiún ar lár. Is bunriachtanas é dálaí tarraingteacha a áirithiú le haghaidh cuideachtaí, agus a aithint san am céanna go mbeidh ar chuideachtaí infheistíocht a dhéanamh sa nuálaíocht agus san iomaíochas agus dul in oiriúint do na riachtanais athraitheacha. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit na pointí sin a chur san áireamh san athbhreithniú meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

1.6

Chun a áirithiú go ndéanfar an Ciste Comhtháthaithe a leithdháileadh go cothrom ar fhorbairt réigiúnach éifeachtach agus ardchaighdeáin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus na Ballstáit tús a chur leis an bplé ar na chéad phróisis eile chun tacú le CAI chun a áirithiú go ndéanfar meastóireacht ar leibhéal an Aontais ar na riachtanais agus cistí agus chun forbairt éifeachtach réigiúnach agus beartais ghníomhacha fostaíochta a chur chun cinn.

1.7

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh margadh saothair na hEorpa agus an beartas comhtháthaithe bunaithe ar infheistíocht inbhuanaithe i bpoist ardcháilíochta, ar rochtain ar oiliúint agus ar sheirbhísí bunriachtanacha, ar an idirphlé sóisialta agus an chómhargáil, agus go ndéanfar neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta a urramú san am céanna agus iad i gcomhréir leis na córais náisiúnta caidrimh thionsclaíoch.

1.8

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit cearta an duine a urramú, agus an t-éilliú a chomhrac go héifeachtach, agus ar an gcaoi sin seasamh leis an smacht reachta – a mbíonn ról lárnach aige ó thaobh réigiúin a dhéanamh tarraingteach do ghníomhaithe an mhargaidh saothair – agus a áirithiú go ndéanfar faireachán níos fearr ar úsáid éifeachtach na gcistí AE, go háirithe na cistí díláraithe, trí bhíthin iniúchtaí ón gCoimisiún Eorpach.

1.9

Tá CESE á iarraidh go mbeidh idirphlé sóisialta éifeachtúil ann agus go nglacfaidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta páirt ar bhealach éifeachtach i ngach a mbaineann leis an straitéis sin chun forbairt réigiúnach ar ardchaighdeán a bhaint amach a fhreagróidh do riachtanais na ndaoine atá ina gcónaí, agus ar mhaith leo a bheith ina gcónaí, sna réigiúin lena mbaineann agus do riachtanais cuideachtaí, go háirithe maidir le leithdháileadh éifeachtach chiste CSE+ chun dífhostaíocht i measc na hóige a chomhrac.

1.10

Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE a riachtanaí a bheidh sé rialachas daonlathach a áirithiú sna beartais forbartha réigiúnaí, agus dlúthchomhar a áirithiú idir na húdaráis réigiúnacha, eagraíochtaí na gcomhpháirtithe sóisialta, seirbhísí fostaíochta, agus soláthraithe oideachais agus oiliúna sna réigiúin. Ní mór leas éifeachtach a bhaint as an idirphlé sóisialta chun cuideachtaí a mhealladh chuig réigiúin faoi mhíbhuntáiste agus an méid seo a leanas a áirithiú: fostaíocht ar ardchaighdeán; pá maith; slándáil poist trí bhíthin fostaíocht chaighdeánach agus rochtain ar chosaint shóisialta; deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil; dálaí maithe oibre in ionaid oibre atá sábháilte agus sláintiúil; am oibre réasúnta agus cothromaíocht mhaith oibre is saoil; agus ionadaíocht na gceardchumann agus cearta margála.

1.11

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach leas a bhaint as an Seimeastar Eorpach agus as Scórchlár Sóisialta an Aontais mar uirlisí trína ndéanfar moltaí spriocdhírithe a chur ar fáil do na Ballstáit chun éagothromaíochtaí réigiúnacha a chomhrac.

1.12

Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear tacaíocht éifeachtach ar fáil do na réigiúin (2) lena mbeartais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus laghdú rioscaí tubaiste, faoin Dlí Aeráide Eorpach agus faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta a fhaigheann tacaíocht ó Phlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais (GDIP) (3), agus go mbeidh na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta rannpháirteach i measúnuithe rialta tionchair shocheacnamaíoch chun athruithe a réamh-mheas agus deiseanna fostaíochta malartacha a chruthú sna réigiúin agus sna hearnálacha sin a ndéanfaidh na hathruithe sin difear dóibh.

1.13

Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar an Treoir maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach agus an Moladh ón gComhairle maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (2019) a chur chun feidhme go héifeachtach (4), agus go gcuirfear feabhas ar dhálaí oibre agus ar phá tríd an gcumhdach cómhargála a mhéadú, agus go ndéanfar rochtain chomhionann ar chosaint shóisialta a áirithiú beag beann ar an stádas fostaíochta, ar nithe iad, mar aon le fostaíocht chuibhiúil agus tuarastail mhaithe, a mbíonn ról lárnach acu maidir le réigiúin a dhéanamh tarraingteach d’oibrithe ar gach leibhéal scileanna.

1.14

Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE gur gá do rialtais, d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, do sheirbhísí sóisialta, do chuideachtaí agus do cheardchumainn oibriú le chéile faoi chuimsiú an idirphlé shóisialta chun réitigh éifeachtacha a chur ar fáil d’oibrithe maidir lena riachtanais tuismitheoireachta agus cúraim trí chúram leanaí ardcháilíochta agus cuimsitheach agus seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh a ráthú (5).

1.15

Tá sé á chur i bhfios ag CESE go bhféadfadh ról an-tábhachtach a bheith ag an Ardán Eorpach maidir le dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe faoin Údarás Eorpach Saothair (ELA) agus fostaíocht chuibhiúil dhearbhaithe a dhéanamh den obair sin. Sa tslí sin, chuirfí leis an bhforbairt réigiúnach tríd an mbonn cánach a neartú agus trí rochtain oibrithe ar chosaint shóisialta a fheabhsú.

1.16

Tá sé á thabhairt le fios ag CESE go mbeidh cumhdach éifeachtach i gcás cosaint shóisialta agus comhordú éifeachtach i gcás na slándála sóisialta ríthábhachtach chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom le hoibrithe taistil. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach feabhas a chur ar a chuid uirlisí chun tacú ar bhealach níos fearr leis an infhostaitheacht sna réigiúin.

1.17

Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit beartais scileanna agus beartais foghlama ar feadh an tsaoil a fhorbairt le haghaidh forbairt réigiúnach mar aon le bearta infheistíochta agus bearta beartais comhlántacha chun cáilíocht an oideachais agus na hoiliúna, agus an rochtain orthu, a fheabhsú don uile dhuine, chun daoine a ullmhú don saol agus don mhargadh saothair, agus chun na réigiúin a dhéanamh níos tarraingtí d’fhoghlaimeoirí, oibrithe agus gnólachtaí. Ba cheart treoir ghairme agus treoir maidir le foghlaim ar feadh an tsaoil ar ardcháilíocht a bheith ar fáil do gach duine san Eoraip lena gcuirfear faisnéis iontaofa ar fáil faoi fhostaíocht réigiúnach agus deiseanna foghlama réigiúnacha.

1.18

Tá sé á chur i bhfáth ag CESE nach mór a áirithiú go mbeidh rochtain chomhionann ar sheirbhísí poiblí ar ardchaighdeán (amhail cúram fadtéarmach, tithíocht inacmhainne agus seirbhísí cultúrtha, iompar, soláthar fuinnimh agus rochtain ar an idirlíon) mar aon le hoideachas agus bonneagar ar ardchaighdeán, amhail oideachas agus cúram na luath-óige, agus oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil i dtaca leis an bhforbairt réigiúnach, agus beartais éifeachtacha maidir le cearta an duine agus frith-idirdhealú á gcur chun feidhme san am céanna. Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar infheistíocht phoiblí inbhuanaithe in oideachas poiblí ar ardchaighdeán.

1.19

Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit an ganntanas múinteoirí (6) a laghdú agus gairm na múinteoireachta a dhéanamh tarraingteach trí thuarastail chothroma, dálaí cuibhiúla oibre, oideachas tosaigh agus leanúnach múinteoirí ar ardchaighdeán agus deiseanna forbartha gairme a chur ar fáil d’fhonn cáilíocht an oideachais sna réigiúin a fheabhsú. Is bunriachtanas é an t-idirphlé sóisialta chun athchóirithe oideachais i dtaca le haistriú glas agus digiteach na n-institiúidí agus na gcóras oideachas a dhearadh agus a chur chun feidhme, agus chun na scileanna agus na hinniúlachtaí a bheidh le sealbhú ag múinteoirí agus oiliúnóirí san fhorbairt ghairmiúil tosaigh agus leanúnach a fheabhsú, lena n-áirítear don aistriú glas agus digiteach.

2.   Cúlra

2.1

An 17 Eanáir 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an Teachtaireacht Leas a bhaint as an Tallann i Réigiúin na hEorpa (7) ina ndearnadh bearta spriocdhírithe a chur chun cinn chun tallann a fhorbairt agus a choinneáil sna réigiúin thearcfhorbartha, agus na réigiúin sin a dhéanamh níos tarraingtí. Is é sin an chéad mhórthionscnamh in 2023 a d’eascair as Bliain Eorpach na Scileanna (8). Tá beartas nua an Choimisiúin dírithe den chuid is mó ar réigiúin ina bhfuil laghdú níos sciobtha ag teacht ar an daonra in aois oibre agus sciar íseal céimithe ollscoile iontu, agus ar réigiúin ina bhfuil cuid mhór de na daoine óga ag imeacht astu.

2.2

Tháinig laghdú 3,5 milliún duine ar an daonra in aois oibre san Aontas Eorpach idir 2015 agus 2020, agus meastar go dtiocfaidh laghdú 35 mhilliún duine eile ar an daonra in aois oibre san Aontas faoi 2050. Tá 137 milliún duine ina gcónaí i limistéir thuaithe an Aontais Eorpaigh: tuairim is 30 % de dhaonra an Aontais. Mar sin féin, dúirt 22 % de na freagróirí ar an suirbhé Eorabharaiméadair a rinneadh le déanaí go bhfuil a ndeiseanna fostaíochta sna limistéir thuaithe dulta in olcas le 10 mbliana anuas (9). Tá céatadán na NEETanna cuid mhaith níos airde sna réigiúin atá i gceist (is é sin 19 % i gcomparáid le 13 % ar an meán san Aontas). Tá an iomarca daoine óga nach gcuireann cúrsa oideachais meánscoile sinsearaí i gcrích agus gan mórán seans acu post a fháil mar gheall air sin. I réigiúin eile, d’fhéadfadh sé gurb é an easpa deiseanna gairme is cúis leis an ráta íseal meánscolaíochta sinsearaí i measc na n-óg agus go lorgóidís deiseanna fostaíochta in áiteanna eile, rud a d’fhágfadh gur ráta dífhostaíochta 14,6 % atá san aoisghrúpa 15-34, ráta i bhfad níos airde ná ráta dífhostaíochta an Aontais ina iomláine (11,1 %).

2.3

De réir an 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú (2022) (10) is í an phríomhchúis leis an imirce ó réigiúin áirithe den Aontas Eorpach, agus le himirce daoine oilte ó na réigiúin sin, go bhfuil easpa seirbhísí poiblí agus sóisialta iontu, go háirithe seirbhísí cúraim, seirbhísí cúraim sláinte agus seirbhísí oideachais, easpa deiseanna fostaíochta agus easnamh críochach maidir le naisc agus bonneagar nithiúil amhail iompar. Is é is aidhm le beartas an Choimisiúin an fhorbairt sna réigiúin sin a chur chun cinn trí fhostaíocht ar ardchaighdeán a chur ar fáil agus trí fheabhas a chur ar sheirbhísí poiblí agus ar na córais oideachais go háirithe. Ina theannta sin, dírítear sa Tuarascáil ar nascacht dhigiteach níos fearr a fhorbairt sna réigiúin thearcfhorbartha, go háirithe i limistéir thuaithe agus iargúlta. Chuige sin, sainaithnítear sa teachtaireacht réimsí sonracha i bPlean Gníomhaíochta an Aontais um an Tuath agus leagtar amach inti sásra ocht gcolún chun borradh a chur faoin tallann i réigiúin thearcfhorbartha, ar a dtugtar an ‘Talent Booster Mechanism’ (sásra chun cur leis an tallann atá ag na daoine).

3.   Barúlacha ginearálta

3.1

Is díol sásaimh do CESE gur tugadh gealltanas sa teachtaireacht go ndéanfaí Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme go héifeachtach. Mar sin féin, ní dhéantar margadh saothair ar ardchaighdeán, agus go háirithe tacaíocht d’oibrithe, a chur i gcroílár na mbeart beartais a sainaithníodh sa teachtaireacht. Chun fostaíocht ar ardchaighdeán a áirithiú do na hoibrithe agus do na réigiúin uile, beidh freagairt níos iomlánaíche ag teastáil lena gcumhdófar beartais chothroma maidir leis an margadh saothair, soghluaisteacht chothrom, comhtháthú sóisialta, seirbhísí bunriachtanacha, agus rochtain ar oiliúint agus scileanna ar ardchaighdeán. Is cinnte gur cheart an fhorbairt réigiúnach a bheith ina tosaíocht, ach ní mór saorghluaiseacht daoine i margadh saothair na hEorpa a chosaint freisin. Ba cheart forbairt réigiúnach a bhaint amach agus aird chuí á tabhairt ar na peirspictíochtaí déimeagrafacha, eacnamaíocha agus sóisialta, agus ar na cúiseanna atá le bánú réigiún áirithe. Ba cheart áit lárnach a bheith ag gnéithe sóisialta, eacnamaíocha agus éiceolaíocha, agus ag an inbhuanaitheacht agus straitéisí réigiúnacha éifeachtacha á múnlú le go ndéanfar na treochtaí sa chaillteanas déimeagrafach a chasadh thart agus le go meallfar daoine ar ais an athuair chuig na réigiúin sin.

3.2

Tá sé á thabhairt le fios ag CESE nach mór gné bhunúsach de lánpháirtiú na hEorpa – saoirse gluaiseachta – a áirithiú don uile dhuine san Aontas. Mar sin féin, ní leor soghluaisteacht lucht saothair mar réiteach tapa ar an nganntanas lucht saothair – beidh saincheisteanna bunúsacha le cur san áireamh amhail fostaíocht níos fearr agus rochtain ar oiliúint. Go deimhin, is iad na bearnaí scileanna céanna a bhraitear i bhformhór na mBallstát. Má mheastar nach bhfuil i gceist le soghluaisteacht lucht saothair ach ceist bhunúsach soláthair agus éilimh beidh an baol ann go rachadh na neamhionannais agus na héagsúlachtaí i margadh an tsaothair ar fud an Aontais agus sna réigiúin in olcas. Dá réir sin, ní mór a áirithiú go ndíreofar i mbeartais an Aontais agus sna beartais náisiúnta ar chur chuige níos fadtéarmaí agus níos iomlánaíche a chur i bhfeidhm i leith forbairt réigiúnach agus imeascadh i margadh an tsaothair. Ar an gcaoi chéanna, má dhéantar ganntanas lucht saothair i dtionscail dlúthshaothair a réiteach trí jabanna forbhásacha a thabhairt d’oibrithe eachtrannacha agus do ghrúpaí imeallaithe gan cur le tarraingteacht na n-earnálacha féin, beidh an baol ann go ndéanfar na héagothromaíochtaí sóisialta a dhaingniú, rud a d’fhágfadh nach ndéanfaí dul chun cinn cuimsitheach sna sochaithe ná sna geilleagair.

3.3

Beidh an-tionchar ag na beartais aeráide ar oibrithe agus ar thionscail agus beidh oiliúint, athsciliú agus uas-sciliú ag teastáil ar an mórchóir. Ba cheart leas a bhaint as an aistriú sin chun fostaíocht ar ardchaighdeán a mbeidh dálaí maithe oibre ag gabháil léi a chruthú sna hearnálacha agus sna réigiúin uile. Ní mór difríochtaí réigiúnacha agus áitiúla, seachas sonraí domhanda amháin, a chur san áireamh sna straitéisí aeráide, agus ní mór tacaíocht a thabhairt do na réigiúin is mó a ndéantar dochar dóibh. Ba cheart a áirithiú freisin go mbeidh ar chumas oibrithe fostaíocht eile ar ardchaighdeán a aimsiú sa réigiún céanna ina bhfuil siad ag obair faoi láthair, ionas nach gcuirfear tacaíocht an phobail i mbaol don aistriú nach mór a dhéanamh.

3.4

Ba cheart do na réigiúin taithí a mhalartú faoin tslí le limistéir thuaithe a fhorbairt mar áiteanna chun foghlaim, obair agus cónaí iontu, áiteanna ina mbeidh saol agus seirbhísí ar ardchaighdeán, trí thacú le héagsúlú eacnamaíoch na limistéar tuaithe agus na limistéar atá tite chun deiridh. Is rómhinic gur ar na hearnálacha traidisiúnta a dhírítear straitéisí speisialtóireachta cliste mar uirlis chun poist éagsúla agus oilte a chruthú. Tá samplaí maithe ann, áfach, d’aistrithe tionsclaíocha ar toradh iad ar an idirphlé sóisialta, agus is fiú machnamh a dhéanamh orthu.

3.5

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit beartais chomhtháthaithe agus cistí AE a chur ar bun chun tacú le haistrithe sa mhargadh saothair a mhúnlú chun nach bhfágfar aon oibrí ná aon réigiún ar lár. Tá sé riachtanach dálaí tarraingteacha a áirithiú le haghaidh cuideachtaí, agus a aithint freisin a riachtanaí atá infheistíocht ó chuideachtaí sa nuálaíocht agus san iomaíochas agus dul in oiriúint do na riachtanais athraitheacha. Ní mór d’oibrithe a bheith in ann cónaí i réigiúin uile na hEorpa, agus ní mór do gach réigiún a bheith in ann rathúnas a áirithiú tríd an obair agus dálaí tarraingteacha a chur ar fáil do chuideachtaí agus d’oibrithe.

3.6

Chun go n-éireoidh le bainistiú na n-aistrithe ar mhaithe le téarnamh cothrom agus cuimsitheach, is bunriachtanas é margadh saothair na hEorpa agus na beartais chomhtháthaithe a bheith bunaithe ar infheistíocht fhadtéarmach chobhsaí i bhfostaíocht ardchaighdeáin, ar rochtain ar oiliúint agus ar sheirbhísí bunriachtanacha, ar an idirphlé sóisialta agus an chómhargáil. Is uirlisí tábhachtacha iad an Seimeastar Eorpach agus Scórchlár Sóisialta an Aontais Eorpaigh chun moltaí spriocdhírithe a chur ar fáil do na Ballstáit chun éagothromaíochtaí réigiúnacha a chomhrac agus chun a áirithiú go mbeidh fáil ar phoist agus ar sheirbhísí ardchaighdeáin sna réigiúin uile.

3.6.1

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh margadh saothair na hEorpa agus an beartas comhtháthaithe bunaithe ar infheistíocht inbhuanaithe i bpoist ardcháilíochta, ar rochtain ar oiliúint agus ar sheirbhísí bunriachtanacha, ar an idirphlé sóisialta agus an chómhargáil, agus go ndéanfar neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta a urramú san am céanna agus iad i gcomhréir leis na córais náisiúnta caidrimh thionsclaíoch.

3.7

Anuas ar dheiseanna fostaíochta ardchaighdeáin lena dtairgtear tuarastail agus dálaí oibre tarraingteacha, oiliúint ardchaighdeáin agus forbairt ghairme, braitheann tarraingteacht na réigiún ar chaighdeán maireachtála cuibhiúla, lena n-áirítear, mar shampla, rochtain ar thithíocht inacmhainne, ar oideachas agus seirbhísí poiblí ardchaighdeáin, agus bonneagar maith. Cé go bhfuil ról ag an reachtaíocht náisiúnta agus ag na córais náisiúnta caidrimh thionsclaíoch, is cinnte go bhféadfadh caighdeáin shóisialta agus saothair éagsúla, cumhdach cómhargála íseal, easpa infheistíochta agus easpa muiníne in institiúidí a bheith ina gcúis le deighiltí struchtúracha idir réigiúin, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar mhargadh saothair dea-chothromaithe a fhorbairt san Eoraip.

3.8

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé d’aidhm ag an teachtaireacht dlúthchomhar a fhorbairt idir údaráis réigiúnacha, eagraíochtaí comhpháirtithe sóisialta, seirbhísí fostaíochta agus soláthraithe oideachais agus oiliúna. Ní mór leas éifeachtach a bhaint as an idirphlé sóisialta chun cuideachtaí a mhealladh chuig na réigiúin faoi mhíbhuntáiste agus an méid seo a leanas a áirithiú: fostaíocht ar ardchaighdeán; pá maith; slándáil poist trí bhíthin fostaíocht chaighdeánach agus rochtain ar chosaint shóisialta; deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil; dálaí maithe oibre in ionaid oibre atá sábháilte agus sláintiúil; am oibre réasúnta agus cothromaíocht mhaith oibre is saoil; agus ionadaíocht na gceardchumann agus cearta margála.

3.9

Tá CESE den tuairim gur cheart cuspóir na teachtaireachta a bheith níos leithne ná oibrithe ardoilte (‘tallann’) a mhealladh chuig réigiúin faoi mhíbhuntáiste ar mhaithe le forbairt eacnamaíoch. Tá ganntanas oibrithe i gcoitinne sa mhargadh saothair i roinnt mhaith réigiún den Aontas Eorpach. Tá cónaí ar 26,4 % den lucht saothair Eorpach neamhghníomhach i réigiúin faoi mhíbhuntáiste, de bharr easpa deiseanna ar fhostaíocht ardchaighdeáin nó mímhuinín in institiúidí stáit, ar chúiseanna teaghlaigh, nó toisc go bhfuil siad fostaithe sa gheilleagar liath, etc. Teastaíonn dálaí maithe, oibrithe maithe agus bonneagar maith ó chuideachtaí chun go mbeidh ar a gcumas nuáil a dhéanamh agus a bheith iomaíoch, agus ní mór dóibh a gcuid oibrithe a athsciliú agus a uas-sciliú agus féachaint le hoibrithe oilte a mhealladh chuig poist mhaithe. Ba cheart fócas na teachtaireachta agus na ngníomhaíochtaí a eascraíonn aisti a athrú beagán agus díriú ar an gcaoi ar féidir, faoin aistriú cóir chuig geilleagar glas agus digiteach, tacú le huas-sciliú na n-oibrithe uile.

3.10

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil úsáid á baint as roinnt uirlisí cistiúcháin Aontais faoi chistiú an bheartais chomhtháthaithe (CFRE, CSE+, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste um Aistriú Cóir) don chlárthréimhse 2021-2027 d’fhonn éagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme. Is féidir borradh a chur faoin infhostaitheacht agus faoin bhforbairt eacnamaíoch i limistéir thuaithe agus neamhuirbithe trí bhíthin idirghabhálacha spriocdhírithe. Chuige sin, ní mór a áirithiú go mbeidh comhlántacht agus comhordú níos fearr idir cistí téarnaimh, athléimneachta agus comhtháthaithe an Aontais, lena n-áirítear an Ciste um Aistriú Cóir, chun poist agus deiseanna fostaíochta ar ardchaighdeán a chruthú agus chun dul chun cinn i mbonneagar nithiúil a spreagadh. Ba cheart éifeacht na gcistí comhtháthaithe a fheabhsú chun na deighiltí socheacnamaíocha a laghdú agus chun an bhearna forbartha idir réigiúin an Aontais a dhúnadh. D’fhonn fostaíocht chuibhiúil a chur chun cinn, ba cheart státchabhair agus úsáid cistí faoi bhuiséad AE a bheith faoi réir coinníollachtaí sóisialta diana, faoina gceanglófar ar fhaighteoirí na dlíthe saothair is infheidhme agus comhaontuithe comhchoiteanna a chomhlíonadh.

3.11

Cuireann iarrachtaí chun an t-éilliú a chomhrac agus chun seasamh leis an smacht reachta go mór le réigiúin a dhéanamh tarraingteach do ghníomhaithe sa mhargadh saothair. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach agus institiúidí iniúchóireachta an Aontais (e.g. Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus OLAF) faireachán níos fearr ar úsáid éifeachtach chistí an Aontais, go háirithe úsáid na gcistí díláraithe. Chun a áirithiú go leithdháilfear an Ciste Comhtháthaithe go cothrom ar fhorbairt réigiúnach éifeachtach ar ardchaighdeán, measann CESE go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfidh an Coimisiún Eorpach agus na Ballstáit tús leis an bplé faoi na chéad phróisis eile lena dtabharfar tacaíocht do CAI chun a áirithiú go ndéanfar meastóireacht ar leibhéal an Aontais ar na riachtanais agus na cistí.

3.12

Is féidir rialachas daonlathach a bhaint amach maidir le cistí AE a bhainistiú agus a leithdháileadh go hiomchuí ach rannpháirtíocht éifeachtach a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta agus na geallsealbhóirí ábhartha i gcinntí faoi úsáid na gcistí AE don fhorbairt réigiúnach. Ní mór leas éifeachtach a bhaint as an idirphlé sóisialta agus sibhialta chun forbairt réigiúnach ar ardchaighdeán a bhaint amach a fhreagróidh do riachtanais na ndaoine atá ina gcónaí, agus ar mian leo a bheith ina gcónaí, sna réigiúin lena mbaineann, agus do riachtanais na gcuideachtaí.

3.13

Tá an-tionchar ag na haistrithe glasa agus digiteacha ar thionscail sna réigiúin. Is féidir go mbeidh timpeallacht iomaíoch le haghaidh gnólachtaí a dhíríonn ar an bhfás inbhuanaithe ina cabhair chun daoine a mhealladh chuig na réigiúin agus chun go mbeidh an tAontas iomaíoch agus tarraingteach ar bhonn domhanda. Ní mór do na réigiúin straitéisí éifeachtacha a bhunú ar bhonn práinne, in éineacht leis na comhpháirtithe sóisialta agus na geallsealbhóirí, agus riachtanais agus féidearthachtaí na forbartha eacnamaíche á gcur san áireamh, chun go mbeidh na réigiúin tarraingteach do dhaoine agus do chuideachtaí. Ní mór cothromaíocht a áirithiú idir beartais an Aontais agus beartais réigiúnacha, agus coimhdeacht na réigiún á hurramú.

3.13.1

Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais a bhfuil forbairt scileanna ar cheann dá cheithre cholún agus an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta a fógraíodh le déanaí, ba cheart iad a chur chun feidhme agus gné láidir réigiúnach á cur san áireamh, go háirithe maidir le bunú an Acadaimh um an Tionscal Glan-nialasachta atá beartaithe.

3.14

Is é CSE+ (a bhfuil sé d’oibleagáid air 12 % ar a laghad de na cistí a chaitheamh sna Ballstáit ina bhfuil líon na NEETanna os cionn mheán an Aontais Eorpaigh) an phríomhuirlis beartais chun dífhostaíocht i measc na hóige a chomhrac agus chun a áirithiú go ndéanfar an Ráthaíocht Eorpach don Aos Óg a chur chun feidhme. Mar sin féin, ní mór do na Ballstáit iarrachtaí breise a dhéanamh chun go mbeidh na réigiúin uile, lena n-áirítear na réigiúin faoi mhíbhuntáiste tarraingteach do mhic léinn agus d’oibrithe óga. Ba cheart na comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí eile a bheith rannpháirteach go fóinteach i ndearadh an chiste agus ina chur chun feidhme, agus sa mheasúnú ar úsáid chistí CSE+ chun a áirithiú go gcuirfear tacaíocht éifeachtach ar fáil leis na cistí sin chun fostaíocht ar ardchaighdeán agus printíseachtaí agus tréimhsí oiliúna íoctha ar ardchaighdeán a chruthú le haghaidh daoine óga dífhostaithe. Ba cheart gairmeacha a bhfuil ganntanas oibrithe iontu a chur san áireamh chun go mbeidh an fhostaíocht agus an t-oideachas tarraingteach, agus ní mór na comhpháirtithe sóisialta a chumhachtú agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh chun beartais áirithe agus bearta sonracha a chur chun feidhme chun go mbeidh na gairmeacha sin a bhfuil ganntanas oibrithe iontu tarraingteach.

3.15

Is féidir leis na réigiúin a bheith tarraingteach d’oibrithe ar an uile leibhéal scileanna ach fostaíocht chuibhiúil agus tuarastail mhaithe a bheith ar fáil. I ndáil leis an méid sin, beidh sé ríthábhachtach Treoir AE maidir le pá íosta leordhóthanach a chur chun feidhme go héifeachtach, agus dálaí oibre agus pá a fheabhsú trí chumhdach margála. Ba cheart do rialtais, d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, do sheirbhísí sóisialta, do chuideachtaí agus do cheardchumainn oibriú le chéile faoi chuimsiú an idirphlé shóisialta chun réitigh éifeachtacha a chur ar fáil d’oibrithe maidir lena riachtanais tuismitheoireachta agus cúraim trí chúram leanaí ardcháilíochta agus cuimsitheach agus seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh a ráthú.

3.16

An tArdán Eorpach lena dtéitear i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe faoin Údarás Eorpach Saothair (ELA), d’fhéadfadh sé féachaint le fostaíocht chuibhiúil dhearbhaithe a dhéanamh den obair sin. Ar an gcaoi sin, chuirfí leis an bhforbairt réigiúnach freisin tríd an mbonn cánach a neartú agus trí rochtain oibrithe ar chosaint shóisialta a fheabhsú. Ní mór rochtain chomhionann ar chosaint shóisialta a áirithiú gan beann ar stádas fostaíochta, agus forbairt a dhéanamh ar an Moladh ón gComhairle maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (2019) (11).

3.17

Beidh ríthábhacht le cumhdach éifeachtach i gcás cosaint shóisialta agus comhordú éifeachtach i gcás na slándála sóisialta chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom le hoibrithe taistil. Is cabhair iad na huirlisí digiteacha amhail an Pas Eorpach Slándála Sóisialta chun feabhas a chur ar an tsainaithint agus ar an bhfíorú trasteorann, rud a chuideoidh le hoibrithe a dteidlíochtaí slándála sóisialta comhiomlánaithe a rianú, a onnmhairiú agus a éileamh. D’fhonn oibrithe a mhealladh chun a bheith ag obair i réigiúin faoi mhíbhuntáiste, ní mór deireadh a chur le cóir éagórach amhail cánachas dúbailte nó díolúintí slándála sóisialta d’oibrithe taistil, chun a áirithiú nach ngearrfaidh an Ballstát óstach pionós ar oibrithe a d’fheidhmigh a saoirse gluaiseachta nó nach ngearrfar pionós orthu ar fhilleadh ar a dtír thionscnaimh dóibh.

3.18

Bíonn tábhacht le beartais scileanna san fhorbairt réigiúnach, ach ní mór é sin a bheith ann mar aon le hinfheistíocht agus bearta beartais comhlántacha chun go mbeidh na réigiúin a níos tarraingtí d’oibrithe agus do ghnólachtaí. Bíonn oibrithe ar an uile leibhéal scileanna ag teastáil sa mhargadh saothair agus ba cheart an fhorbairt réigiúnach a bheith tarraingteach do na hoibrithe uile, lena n-áirítear oibrithe ar bheagán cáilíochtaí agus oibrithe a bhfuil meánleibhéal cáilíochtaí acu, seachas daoine a bhfuil ‘tallann’ ar leith acu agus oibrithe ardoilte amháin.

3.19

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé d’aidhm ag an teachtaireacht rochtain chomhionann ar sheirbhísí poiblí ar ardchaighdeán a chur ar fáil (seirbhísí amhail cúram fadtéarmach, tithíocht inacmhainne agus seirbhísí cultúrtha, iompar, soláthar fuinnimh agus rochtain ar an idirlíon) mar aon le seirbhísí agus bonneagar oideachais ar ardchaighdeán, amhail oideachas agus cúram na luath-óige, agus oideachas agus oiliúint. Ba cheart do sheirbhísí oideachais dul chun tairbhe d’oibrithe is cuma cén leibhéal scileanna atá acu agus ní d’oibrithe ardoilte amháin, agus ba cheart iad a bheith tarraingteach do na hoibrithe uile.

3.20

Ní mór an Tairseach Europass a fheabhsú chun go mbeidh faisnéis shoiléir á cur ar fáil do dhaoine aonair maidir le deiseanna fostaíochta agus foghlama, agus maidir le rochtain ar sheirbhísí treorach agus próisis aitheantais. Mar chuid de sin, d’fhéadfadh EURES rannchuidiú le soghluaisteacht chothrom lucht saothair freisin, lena n-áirítear trí chleachtais earcaíochta chothroma agus fostaíocht dhíreach agus ar ardchaighdeán a chur chun cinn, agus trí dhul i ngleic le cleachtais éagóracha i gcás soghluaisteacht thar theorainneacha. Ba cheart cuntas teiste deimhnithe a bheith á léiriú ag seirbhísí príobháideacha fostaíochta sula mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh in EURES. Mar chuid dá shainordú chun soghluaisteacht chothrom agus éifeachtach lucht saothair a áirithiú, ní hamháin go mbíonn ar an Údarás Eorpach Saothair tacaíocht a chur ar fáil d’oibrithe ar mian leo a saoirse gluaiseachta a fheidhmiú, ach ní mor dó tacaíocht a chur ar fáil d’oibrithe a bhfuil sé ar intinn acu filleadh ar a mBallstát tionscnaimh freisin.

3.21

Tá sé á chur in iúl ag CESE gur díol sásaimh dó go bhfuil an Coimisiún ag iarraidh go ndéanfar oideachas ar ardchaighdeán, agus oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil ar ardchaighdeán a chur chun cinn i ndáil le forbairt réigiúnach. Tá sé ríthábhachtach rochtain chomhionann ar an bhfoghlaim aosach a chur ar fáil do gach oibrí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon, agus do dhaoine fásta nach bhfuil gníomhach i margadh an tsaothair freisin. Déanfar sin trí bhreithniú a dhéanamh ar an Rún ón gComhairle maidir le clár oibre Eorpach nua don fhoghlaim aosach 2021-2030 (12), an Moladh ón gComhairle maidir le cuntais foghlama aonair (13) agus an Moladh ón gComhairle maidir le micridhintiúir (14) a chur chun feidhme chun an sprioc 60 % maidir le rannpháirtíocht san fhoghlaim aosach a bhaint amach (15). Tá sé tábhachtach freisin tacaíocht éifeachtach a chur ar fáil d’oibrithe chun rochtain a fháil ar oiliúint fostaithe agus ar shaoire oiliúna íoctha trína áirithiú go ndéantar na córais chistiúcháin éagsúla a chomhrialú le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta. Ba cheart rochtain a bheith ag daoine ar scileanna fiontraíochta agus ba cheart dóibh tacaíocht airgeadais a fháil chun a ngnólachtaí féin a bhunú.

3.22

Ní mór an t-oideachas, an oiliúint agus an fhoghlaim ar feadh an tsaoil a fheabhsú ó thaobh an chur chuige iomlánaíoch de sna réigiúin sin, agus ní mór dóibh a bheith tarraingteach le haghaidh foghlaimeoirí agus tuismitheoirí ó tharla ríthábhacht a bheith leis na príomhinniúlachtaí (go háirithe an tsaoránacht dhaonlathach) agus na scileanna bunúsacha agus trasnaí (go háirithe an eolaíocht, an teicneolaíocht, innealtóireacht, na healaíona agus matamaitic ‘STEAM’), mar aon le scileanna atá ábhartha don mhargadh saothair. D’fhonn daoine óga i réigiúin faoi mhíbhuntáiste a spreagadh chun cáilíochtaí ardoideachais a bhaint amach, ba cheart fostaíocht ar ardchaighdeán a bheith ar fáil freisin. Ní mór cáilíocht an oideachais a fheabhsú sna réigiúin freisin chun saoránacht dhaonlathach agus luachanna comhchoiteanna Eorpacha a fhorbairt. Maidir lena thábhachtaí atá saoránaigh oilte agus eolasacha don Eoraip tá níos mó ná oideachas foirmiúil i gceist, tá an fhoghlaim a dhéantar ar bhealaí seachfhoirmiúla nó neamhfhoirmiúla le cur san áireamh freisin. Ní mór do shaoránaigh a bheith in ann léiriú a thabhairt ar a bhfuil foghlamtha acu, leas a bhaint as an bhfoghlaim sin ina ngairm bheatha agus le haghaidh tuilleadh oideachais agus oiliúna. Ba cheart bailíochtú na foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla a fheabhsú.

3.23

Molann an Coimisiún Eorpach gurbh fhiú an nascacht dhigiteach i limistéir thuaithe agus iargúlta a fheabhsú le cistí AE chun an cianoideachas agus an chianoiliúint a éascú agus chun bearnaí scileanna a laghdú. Athdhearbhaíonn CESE (16) gur den riachtanas a áirithiú go mbeidh nascacht idirlín ardluais ar fáil sna réigiúin faoi mhíbhuntáiste trí 10 % ar a laghad de na cistí Next Generation EU a úsáid go sonrach le haghaidh forbairt dhigiteach faoin tuath. Is rud tábhachtach é trealamh digiteach a chur ar fáil d’institiúidí oideachais agus oiliúna, do dhaltaí, múinteoirí agus oiliúnóirí, ós rud é go rannchuideodh uirlisí le haghaidh comhar fíorúil leis an rochtain ar fhoghlaim a éascú i limistéir iargúlta. Ba thábhachtach an trealamh sin a chur ar fáil do chúramóirí teaghlaigh agus daoine faoi mhíchumas freisin. Mar sin féin, ní féidir oideachas ar ardchaighdeán a bhaint amach ná dul i ngleic le luathfhágáil na scoile ach trí chaidrimh phearsanta idir daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí, chun gur fearr a thabharfar tacaíocht do riachtanais na ndaltaí aonair. Chuige sin, ní mór poist scoile a bheith tarraingteach do mhúinteoirí agus d’oiliúnóirí a bhfuil ardleibhéal cáilíochtaí acu.

3.24

Chun feabhas a chur ar cháilíocht an oideachais sna réigiúin sin, bíonn ról bunriachtanach ag múinteoirí. Ba cheart tacaíocht éifeachtach a chur ar fáil do mhúinteoirí i ngach earnáil oideachais agus d’oiliúnóirí chun feabhas a chur ar cháilíocht an oideachais ar mhaithe le forbairt scileanna a áirithiú laistigh de chlaochluithe glasa agus digiteacha an oideachais. Is bunriachtanas é an t-idirphlé sóisialta chun athchóirithe maidir leis an aistriú glas agus digiteach sna scoileanna a dhearadh agus a chur chun feidhme, agus maidir le scileanna agus inniúlachtaí a bheidh le sealbhú ag múinteoirí agus oiliúnóirí san fhorbairt ghairmiúil tosaigh agus leanúnach a shainiú.

An Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  COM(2023) 32 final.

(2)   Europe's changing climate hazards — an index-based interactive EEA report — Gníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (europa.eu).

(3)  Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais (europa.eu), COM(2023) 62 final.

(4)  Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe, 2019/C 387/01 (IO C 387, 15.11.2019, lch. 1).

(5)  Moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le rochtain ar chúram fadtéarmach inacmhainne ar ardchaighdeán, 2022/C 476/01 (IO C 476, 15.12.2022, lch. 1), agus Moladh ón gComhairle maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige (IO C 189, 5.6.2019, lch. 4).

(6)  An Tuarascáil Faireacháin ar Oideachas agus Oiliúint 2022 (europa.eu).

(7)  COM(2023) 32 final.

(8)  Tús á chur ag an gCoimisiún leis an obair ar Bhliain Eorpach na Scileanna – Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta & Cuimsiú – An Coimisiún Eorpach.

(9)   Rural vision.

(10)  Inforegio – An t-ochtú tuarascáil faoin gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach.

(11)  Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe 2019/C 387/01, (IO C 387, 15.11.2019, lch. 1).

(12)   IO C 504, 14.12.2021, lch 9.

(13)  Moladh ón gComhairle maidir le cuntais foghlama aonair chun borradh a chur faoi oiliúint do dhaoine fásta atá in aois oibre.

(14)  Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht (IO C 243, 27.6.2022, lch 10)

(15)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – The European Pillar of Social Rights Action Plan [Plean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta] COM(2021) 102 final.

(16)  Tuairim ó CESE An t-aistriú fuinnimh agus an t-aistriú digiteach i limistéir thuaithe, IO C 486, 21.12.2022, lch. 59.


18.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 293/108


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1009 a mhéid a bhaineann le lipéadú digiteach táirgí leasacháin AE

(COM(2023) 98 final — 2023/0049 (COD))

(2023/C 293/16)

Rapóirtéir:

John COMER

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 13.3.2023

An Chomhairle, 6.3.2023

Bunús dlí

Airteagal 114 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

1.6.2023

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

38/0/2

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.6.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

579

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

209/0/4

1.   Conclúidí agus moltaí

Seo a leanas seasamh Choiste Eacanamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE)

1.1.

Is céim an-dearfach chun cinn é lipéadú digiteach deonach do tháirgí leasacháin a bheith á thabhairt isteach agus ba cheart dícheall is dúthracht a dhéanamh chun oibreoirí eacnamaíocha a spreagadh leis an lipéadú digiteach a úsáid.

1.2.

Ní mór faireachán cúramach a dhéanamh ar an mbaol go mbeidh deighilt dhigiteach ann dá thoradh sin. D’fhéadfadh sé go bhfágfaí roinnt grúpaí leochaileacha tuilleadh fós ar gcúl de thoradh an digitithe in ainneoin na forála atá sa togra maidir le rogha mhalartach a bheith ar fáil ach í a iarraidh. B’inmholta an ní é dá mbeadh amlíne agus tuilleadh soiléireachta ann maidir le conas a chuirfí an rogha eile sin i ngníomh go héifeachtach.

1.3.

Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann úsáid as an lipéadú digiteach bearta faoi leith a dhéanamh sa bhreis ar a bhfuil molta ag an gCoimisiún chun a chomhairliú d’úsáideoirí deiridh an lipéad digiteach a cheadú agus chun spreagadh a thabhairt dóibh ina leith sin.

1.4.

Tá imní ar roinnt úsáideoirí deiridh go mbeidh ró-rianú i bhfeidhm ar shuíomhanna an lipéadaithe dhigitigh. Ní mór dóthain gealltanas a thabhairt nach ndéanfar rianú neamhriachtanach ar lucht úsáidte na suíomhanna sin.

1.5.

Is díol sásaimh do CESE an togra seo toisc go ndíríonn sé ar na slite ina bhféadfaí úsáid éifeachtúil táirgí leasacháin a fheabhsú, costais a laghdú agus digitiú na hearnála talmhaíochta a chur chun cinn, rud is díol sásaimh freisin.

1.6.

Ós inmholta sampláil ithreach a dhéanamh sula mbaintear leas as táirgí leasacháin, ba cheart suntas a tharraingt ar an moladh sin ar an lipéad fisiceach agus ar an lipéad digiteach araon. Dhéanfadh an gníomh sin leas an chomhshaoil agus shábhálfaí airgead dá bharr.

1.7.

Ba cheart an dearadh agus an fhormáid, ar a n-áirítear clómhéid íosta na lipéad fisiceach, a shonrú sa togra d’fhonn cumarsáid shoiléir shothuigthe a áirithiú.

1.8.

I gcás pacáistí 1 000 kg, nó os a chionn sin, de tháirgí leasacháin, moltar gan ceangal a bheith ann lipéad digiteach a chur ar fáil dóibh ach amháin i gcás ina gcinneann oibreoirí eacnamaíocha ar an lipéadú digiteach a úsáid. I gcás pacáistí de tháirgí leasacháin faoi bhun 1 000 kg, ba cheart ceangal a bheith ann i ngach cás lipéad fisiceach a chur orthu fiú i gcás ina gcinneann oibreoirí eacnamaíocha ar lipéad digiteach a úsáid.

2.   Cúlra

2.1.

Le Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tugadh isteach ceanglais lipéadaithe is fairsinge go mór ná na ceanglais atá áirithe i Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Ba léiriú é an rialachán nua sin ar éilimh nua agus ábhair imní nua a bhí tagtha chun cinn sa tsochaí agus is léiriú é, ina theannta sin, ar an gcaoi a ndéanann na rialacha nua sin margadh an Aontais a oscailt do tháirgí leasacháin atá nuálach anaithnid agus a bhfuil treoracha mionsonraithe don úsáideoir deiridh ag teastáil ina leith.

2.2.

Is deacair lipéid ró-líonta a léamh. Má tá an iomad sonraí ar lipéad, is baol go ndéanfar an teachtaireacht riachtanach atá de dhíth ar úsáideoirí deiridh a fholach orthu.

2.3.

Bíonn deacrachtaí ag oibreoirí eacnamaíocha na lipéid sin a bhainistiú agus gabhann costais mhéadaithe leo toisc gur gá na lipéid a thabhairt cothrom le dáta go minic.

2.4.

An leasú atá beartaithe ar Rialachán (AE) 2019/1009, tá sé á rialú ag na cuspóirí ginearálta céanna atá leis an leagan reatha de Rialachán (AE) 2019/1009, eadhon ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol a áirithiú maille le margadh inmheánach dea-fheidhmiúil.

2.5.

Rinne an Coimisiún suntas do dhá fhadhb faoi leith agus déantar iarracht aghaidh a thabhairt orthu leis an togra seo, mar atá:

inléiteacht na lipéad fisiceach a fheabhsú agus

bainistiú na lipéad ag oibreoirí eacnamaíocha a éascú.

2.6.

De réir Airteagal 6(7) de Rialachán (AE) 2019/1009, ní mór na ceanglais lipéadaithe uile atá sonraithe in Iarscríbhinn III a áireamh ar an lipéad fisiceach.

2.7.

Leis an togra seo, tugtar isteach digitiú deonach lipéad le haghaidh táirgí leasacháin AE. Is féidir leis na monaróirí, na hallmhaireoirí nó na dáileoirí a chinneadh an dtabharfaidh siad lipéid dhigiteacha isteach i gcás táirgí leasacháin AE.

2.8.

Oibreoirí eacnamaíocha a roghnaíonn an lipéadú digiteach, féadfaidh siad na heilimintí lipéadaithe uile atá áirithe faoi Iarscríbhinn III a chur ar lipéad digiteach agus táirgí leasacháin á soláthar acu d’oibreoirí eacnamaíocha eile nach úsáideoirí deiridh iad. Maidir le táirgí leasacháin a sholáthraítear ar an mórchóir nó i bpacáistí is mó ná 1 000 kg, is féidir lipéad digiteach amháin a sholáthar ina gcomhair d’eintiteas ar bith, ina measc d’úsáideoirí deiridh.

2.9.

Beidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha a úsáideann lipéad digiteach agus táirgí leasacháin á soláthar acu d’úsáideoirí deiridh i bpacáistí 1 000 kg nó faoina bhun sin lipéad fisiceach a chur ar fáil ina gcomhair chomh maith leis an lipéad digiteach.

2.10.

An fhaisnéis ar fad a bhaineann le sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint, chomh maith leis an bhfaisnéis is tábhachtaí maidir le héifeachtúlacht agranamaíoch agus ábhar agranamaíoch an táirge, nó faisnéis eile a theastaíonn tar éis a cheannaithe, cuir i gcás faisnéis maidir le stóráil shábháilte agus diúscairt shábháilte, ní foláir an fhaisnéis uile sin a áireamh ar an lipéad fisiceach.

2.11.

Leagtar síos sa togra rialacha ginearálta maidir le lipéid a dhigitiú gan idirdhealú a dhéanamh ar úsáideoirí deiridh gairmiúla agus neamhghairmiúla. Thar aon ní eile, beidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha a áirithiú gur féidir rochtain a fháil ar an lipéad digiteach in aisce agus go mbeidh rochtain réidh air ar fud an Aontais go ceann cúig bliana tar éis an táirge a chur ar an margadh. Ní mór iompróir sonraí a bheith ar an lipéad fisiceach (mar shampla cód QR nó URL) chun rochtain réidh a fháil ar an lipéad digiteach i dtreo nach gá feidhmchlár speisialta nó uathúil a shuiteáil. Ní mór an fhaisnéis a cheanglaítear le hIarscríbhinn III a bheith ar shuíomh an lipéid dhigitigh in ionad í a bheith ar leithligh ó fhaisnéis eile maidir le margaíocht nó tairiscintí speisialta eile. Ní ceart dul thar fóir ar shuíomh an lipéadaithe dhigitigh le rianú nach bhfuil gá leis.

2.12.

Ní mór an fhaisnéis ar lipéid dhigiteacha a chur ar fáil freisin ar bhealaí malartacha má iarrtar sin ionas gur féidir freastal ar riachtanais úsáideoirí leochaileacha nach bhfuil eolach ar lipéid dhigiteacha a úsáid nó nach bhfuil toilteanach dul ina muinín.

2.13.

Más rud é, ar chúis éigin, nach mbeidh fáil go sealadach ar an lipéad digiteach, ní mór rogha mhalartach a chur ar fáil gan oibleagáid a bheith ar an té lena mbaineann í a iarraidh.

2.14.

Leis an togra, tugtar de chumhacht don Choimisiún Iarscríbhinn III a oiriúnú a thuilleadh trína chinneadh cé na heilimintí lipéadaithe a d’fhéadfaí a chur ar fáil i bhfoirm dhigiteach d’úsáideoirí deiridh i gcás pacáistí 1 000 kg nó faoina bhun sin ag brath ar a fhorbartha atá an tsochaí.

2.15.

Deir an Coimisiún go bhfuil an togra comhsheasmhach le beartas leathan an Aontais maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, beartas arb é is aidhm dó dul i ngleic le dúshlán an aistrithe ghlais agus le dúshlán an aistrithe dhigitigh.

2.16.

Tá sé beartaithe leis an togra úsáid éifeachtúil táirgí leasacháin a fheabhsú, costais lipéadaithe a laghdú maille le digitiú na hearnála talmhaíochta a chur chun cinn, agus comhsheasmhacht an togra le beartas an Aontais i gcoitinne maidir le todhchaí inbhuanaithe chliste á háirithiú ag an am céanna.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Is díol sásaimh do CESE an togra seo maidir le lipéadú digiteach a thabhairt isteach do tháirgí leasacháin. Cuid de threocht ghinearálta atá ann cur le digitiú faisnéise faoi tháirgí agus digitiú lipéad táirgí.

3.2.

Ceadófar faisnéis ar lipéad digiteach a chur ar fáil i gcás soláthairtí táirgí leasacháin a chomhlíonann caighdeáin sláinte agus sábháilteachta agus caighdeáin chomhshaoil uile-Aontais (ar a mbeidh marcáil CE).

3.3.

Is fadhb an-mhór é na lipéid a bheith ró-líonta. Is minic a bhíonn sé deacair faisnéis riachtanach a aimsiú, rud a fhágann gur minic neamhaird á tabhairt ag úsáideoirí deiridh ar lipéid má ráiníonn an iomarca sonraí iontu. De bhun a bhfuil leagtha síos in Iarscríbhinn III, mar atá sí á cur chun feidhme faoi láthair, is léir go bhfuiltear ag iarraidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha an iomad faisnéise a chur ar na lipéid fhisiceacha. Céim an-mhór chun cinn is ea é gur féidir lipéid dhigiteacha a úsáid. A bhuí leis an lipéadú digiteach, is féidir an fhaisnéis fhíor-riachtanach féin agus nasc chuig an lipéad digiteach a chur ar an lipéad fisiceach.

3.4.

Leis an togra, tugtar de chumhacht don Choimisiún Iarscríbhinn III a oiriúnú a thuilleadh trína chinneadh cé na heilimintí lipéadaithe is féidir a chur ar fáil go digiteach. Agus an chumhacht sin aige, is féidir leis an gCoimisiún eilimintí atá ann cheana a aistriú ón lipéad fisiceach go dtí an lipéad digiteach.

3.5.

Ní mór faisnéis a bheith ar an lipéad digiteach a ligfidh don úsáideoir monaróir an táirge a shainaithint agus teagmháil a dhéanamh leis, maille le marcáil CE agus tagairt don chomhlacht comhfhreagrach faoina dtugtar fógra.

3.6.

Níl aon fhoráil sa togra lena rialófaí méid agus leagan amach an lipéid fhisicigh.

3.7.

Is gné thábhachtach den straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ é táirgí leasacháin a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla, óir sonraítear sa straitéis sin é a bheith mar sprioc caillteanas cothaitheach a laghdú 50 % agus úsáid leasachán a laghdú 20 % faoi 2030. Dar leis an gCoimisiún go dtreisíonn an togra seo leis an treocht atá ann cur lena éifeachtúla atá úsáid á baint as táirgí leasacháin. Níl sé éigeantach tástáil ithreach a áireamh ar an lipéad fisiceach. Ba spreagadh an tástáil ithreach le húsáid níos éifeachtúla a bhaint as táirgí leasacháin.

3.8.

I gcás ina dtoileoidh oibreoirí eacnamaíocha le lipéad digiteach a úsáid, ba cheart a mholadh go láidir don úsáideoir deiridh an lipéad digiteach a cheadú d’fhonn an tairbhe is mó is féidir a bhaint as an bhfaisnéis shainordaitheach faoin táirge.

3.9.

Is ar bhonn deonach a chinnfidh oibreoirí eacnamaíocha dul i muinín lipéadú digiteach nó gan a dhéanamh. Ar mhaithe le húsáid fhorleathan an lipéadaithe dhigitigh a chur chun cinn, áfach, ba cheart é a bheith ina thosaíocht na hoibreoirí eacnamaíocha a spreagadh le dul i muinín an lipéadaithe dhigitigh.

3.10.

I dTeachtaireacht 2022 an Aontais maidir le Leasacháin (3), leagtar béim air gur gá cur lena éifeachtúla atá leas á bhaint as táirgí leasacháin. Príomhchumasóir sa phróiseas sin is ea úsáid a bhaint as uirlisí digiteacha ina chomhair.

3.11.

Ach úsáid a bhaint as lipéadú digiteach, ba cheart an deis a bheith ann airíonna na leasachán agus an chaoi leis an úsáid is éifeachtúla a bhaint astu a chur in iúl ar bhealach níos fearr, rud a rachaidh chun tairbhe don chomhshaol agus rud a ligfidh d’úsáideoirí deiridh coigilteas a dhéanamh orthu.

3.12.

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil na coinníollacha faoina gcuirfear an lipéadú digiteach chun feidhme le tabhairt isteach ar leibhéal an Aontais, ós rud é go gcruthóidh sin cothrom iomaíochta agus go gcuirfidh feabhas ar an margadh inmheánach, agus ardchaighdeán cosanta á áirithiú ag an am céanna mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2019/1009. Ina theannta sin, is ar leibhéal an Aontais, agus ar an leibhéal sin amháin, is féidir aon athruithe ar an lipéadú digiteach a dhéanamh.

3.13.

Luaitear sa togra gur cheart pacáistí is mó ná 1 000 kg a mheas mar ollseachadtaí. B’é ab fhearr go measfaí pacáistí 1 000 kg mar ollseachadtaí agus go mbeadh lipéad fisiceach de dhíth ar phacáistí faoi bhun 1 000 kg sa bhreis ar an lipéad digiteach.

3.14.

An baol go mbeidh deighilt dhigiteach ann i gcás úsáideoirí leochaileacha, ní foláir tuilleadh soiléirithe a dhéanamh faoi sin. Luaitear sa togra ón gCoimisiún nach foláir rogha eile a bheith ann seachas an lipéad digiteach nuair a iarrtar sin. Níl aon amlíne beartaithe, áfach, maidir lena luas a d’fhéadfaí rogha mhalartach den sórt sin a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh leochaileacha.

3.15.

Cuireann CESE chun suntais gur gá a áirithiú nach mbeidh aon chórais neamhriachtanacha rianaithe i bhfeidhm ar shuíomhanna an lipéadaithe dhigitigh.

An Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 (IO L 170, 25.6.2019, lch. 1).

(2)   IO L 304, 21.11.2003, lch. 1.

(3)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa aagus Chuig Coiste Na Réigiún — Infhaighteacht agus inacmhainneacht leasacháin a áirithiú (COM(2022) 590 final) (IO C 184, 25.5.2023, lch 109).


18.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 293/112


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/943 agus (AE) 2019/942 mar aon le Treoracha (AE) 2018/2001 agus (AE) 2019/944 chun feabhas a chur ar dhearadh an mhargaidh leictreachais san Aontas

(COM(2023) 148 final — 2023/0077(COD))

(2023/C 293/17)

Rapóirtéir:

Jan DIRX

Comhrapóirtéir:

Christophe QUAREZ

Comhairliúchán

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 31.3.2023

Parlaimint na hEorpa, 29.3.2023

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Rannóg um Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa rannóg

16.5.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.6.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

579

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

209/11/9

1.   Moltaí beartais

1.1.

Ní féidir caitheamh leis an bhfuinneamh, ná leis an mbonneagar le haghaidh a iompair agus a dháilte, ar an gcaoi chéanna agus a gcaitear le haon tráchtearra eile óir is bunchloch riachtanach an fuinneamh dár gcóras eacnamaíoch agus dár gcóras sóisialta agus, mar sin, is cuid lárnach den soláthar seirbhísí poiblí é. Dá bhrí sin, aicmítear an soláthar fuinnimh mar sheirbhís leasa ghinearálta. Ina fhianaise sin, is gá coinníollacha creata rialála a chruthú le haghaidh fhuinneamh na todhchaí lena ráthófar soláthar fuinnimh atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, inacmhainne agus iontaofa chomh maith leis an gceart chun fuinnimh. Ciallaíonn sé sin freisin nach mór na ceanglais a bhaineann le dícharbónú a chur san áireamh i ndearadh an mhargaidh fuinnimh. Chun bunsoláthar inacmhainne fuinnimh a áirithiú, creideann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) nach mór bunsoláthar fuinnimh ar phraghsanna rialáilte a ráthú i ndearadh nua an mhargaidh.

1.2.

Creideann CESE gur cheart don Choimisiún roinnt céimeanna eile a thabhairt sa togra uaidh maidir le hathchóiriú an mhargaidh leictreachais chun dearadh an mhargaidh a chur in oiriúint don réaltacht nua. I dtaobh na réaltachta nuaí sin, caithfear trí chuspóir a bhainistiú san am céanna, is iad sin an inbhuanaitheacht, an inacmhainneacht agus slándáil an tsoláthair. Anuas air sin, beidh an réaltacht sin bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite agus tiocfaidh méadú de réir a chéile inti ar ról táirgeoirí is tomhaltóirí agus rannpháirtithe beaga eile sa mhargadh, in éineacht le táirgeoirí móra.

1.3.

Ní fhéadfadh aon chóras a bhfuil na hathruithe sin curtha san áireamh ann feidhmiú ach amháin dá dtiocfadh samhail eile in áit chóras an oird fiúntais, samhail dá réir a socrófaí praghsanna fuinnimh bunaithe ar na costais táirgthe faoi seach. Ní mór na meánchostais phraghsála a chur san áireamh sa chóras sin.

1.4.

I gcomhthéacs athchóirithe ar an margadh leictreachais, ní mór mionscrúdú a dhéanamh ar an léirscaoileadh ó thaobh na hinbhuanaitheachta, na hinacmhainneachta agus shlándáil an tsoláthair de. Níor cheart é sin a ligean i ndearmad, óir is léir ón ngéarchéim atá ann faoi láthair nach bhfuil margaí fuinnimh léirscaoilte in ann na riachtanais sin a chomhlíonadh agus nach gcruthaíonn siad dreasachtaí ná slándáil infheistíochta leormhaith i ndáil le fuinneamh in-athnuaite. Thairis sin, beidh sé de fhreagracht ar na rialtais na trí chuspóir sin (i.e. an inbhuanaitheacht, an inacmhainneacht agus slándáil an tsoláthair) a bhaint amach thar thréimhse fhada, toisc nach ndéanfar iad sin a thabhairt le chéile agus a chur chun feidhme astu féin sa mhargadh.

1.5.

Ar an ábhar sin, tá CESE i bhfabhar samhail hibrideach ina gcinnteofaí feidhmiú ab fhearr an mhargaidh, ó thaobh na gcuspóirí atá leagtha síos de, a bhuíochas sin ar fhórsaí an mhargaidh agus bainistíocht spriocdhírithe. Bheadh an tsamhail sin bunaithe ar ‘fóntas leictreachais’ arna chur ar bun ag an rialtas. Cheannódh an fóntas sin leictreachas ó na táirgeoirí agus dhéanfadh sé an leictreachas sin a dhíol le soláthróirí na gcustaiméirí teaghlaigh, le FBManna, le pobail fuinnimh saoránach agus leis na tomhaltóirí móra, agus i gcás inarb iomchuí agus inar féidir le tíortha eile, agus úsáid á baint aige as na trí chuspóir mar chreat cinnteoireachta. Thabharfadh sé conarthaí fadtéarmacha i gcrích le táirgeoirí leictreachais ar bhonn tairiscintí. Bheadh roinnt cineálacha conarthaí i gceist leis sin, amhail comhaontuithe ceannaigh cumhachta (PPAnna), conarthaí le haghaidh difríochta agus conarthaí costais plus.

1.6.

Tacaíonn an Coiste go láidir leis an togra ón gCoimisiún chun tomhaltóirí a chumhachtú trí cheart a chruthú chun fuinneamh in-athnuaite a chomhroinnt go díreach. Chuige sin, is gá, i measc nithe eile, an fhaisnéis go léir atá ábhartha a bheith soiléir agus sothuigthe ionas gur féidir leis na tomhaltóirí ról neamhspleách a bheith acu sa mhargadh leictreachais, mar úsáideoirí agus mar tháirgeoirí araon. Measann CESE freisin nach mór an margadh a eagrú ar chaoi a bhfágfadh go mbeadh na tomhaltóirí a ghineann a gcuid leictreachais féin (‘táirgeoir is tomhaltóir’) nó na rannpháirtithe beaga eile sa mhargadh in ann an tairbhe is mó is féidir a bhaint as an leictreachas a ghineann siad féin, fiú má chuireann siad isteach san eangach é. D’fhéadfaí é a eagrú ar bhealach a bheadh níos macánta do na táirgeoirí beaga, cuir i gcás mar ‘banc leictreachais’.

1.7.

Agus é á iarraidh ag an gCoiste dlús a chur le forbairt gás glas, tá sé á iarraidh aige ar an gCoimisiún freisin rialachán maidir le dearadh mhargadh an gháis nádúrtha a chur san áireamh sa phacáiste maidir le hidrigin agus maidir le gáis ísealcharbóin. De bhun na reachtaíochta sin, bhunófaí margadh aonair comhtháite agus slán ar leibhéal an Aontais don ghás nádúrtha, rud a chuirfeadh dlús le leictriú an chórais fuinnimh trí chomhionannas praghsanna agus slándáil níos fearr a ráthú do na tomhaltóirí.

1.8.

Má táthar chun ardleibhéal comhtháthaithe i measc chórais an fhuinnimh in-athnuaite a bhaint amach agus dlús a chur leis an aistriú chuig córas dícharbónaithe, níor leor iontu féin stóráil leictreachais agus táirgeadh leictreachais ag an tomhaltóir féin. Is éard a theastaíonn chuige sin ná margaí solúbthachta agus bheadh sé níos fearr fós dá léireofaí staid na heangaí sna margaí sin. Agus na margaí solúbthachta sin á mbunú, luífeadh sé le ciall idirdhealú a dhéanamh idir leibhéal na voltas.

1.9.

Ós rud é go mbeidh am ag teastáil go dtí go mbeidh an t-athchóiriú lánéifeachtach, molann CESE sásra na caidhpe cíosa infrimeallaí a choinneáil i bhfeidhm go dtí sin. Ba cheart an t-ioncam a dhíriú ar na daoine is leochailí, agus an rogha a bheith ann praghsanna a ísliú de réir mar a athraíonn na praghsanna mórdhíola.

1.10.

Áitíonn an Coiste ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar éifeachtaí an athchóirithe sin atá beartaithe ar an margadh leictreachais. Tá sé tábhachtach mar go bhfuil an margadh leictreachais i lár athrú ó bhonn, athrú atá i bhfad ó bheith críochnaithe, agus is cinnte go dteastóidh coigeartuithe breise chuige sin sna blianta amach romhainn. Tá tábhacht leis sin freisin toisc nár ullmhaíodh aon mheasúnú tionchair i ndáil leis an togra reatha ón gCoimisiún. Fágann sé sin gur mó fós an éiginnteacht atá ann maidir le héifeachtaí an athchóirithe sin.

2.   Bunús na moltaí beartais

Gnéithe ginearálta

2.1.

Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí athchóiriú ar mhargadh leictreachais an Aontais le tamall anuas (1). Is é is cúis leis sin, sa chleachtas, go gcuirtear na rioscaí atá roimh mhargadh leictreachais an Aontais ar aghaidh chuig na tomhaltóirí den chuid is mó. Tháinig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ar an gconclúid sin freisin i dtuarascáil dá cuid, Tuarascáil speisialta: An margadh inmheánach leictreachais a chomhtháthú (2).

2.2.

Chuaigh na méaduithe ar phraghsanna fuinnimh ó smacht in 2021 agus 2022 tar éis don Rúis tús a chur lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine; bhí tionchar ag an gcogadh ar phraghsanna breoslaí iontaise, go háirithe an gás, agus cuireadh na méaduithe a d’eascair as sin ar aghaidh chuig na tomhaltóirí deiridh de réir an oird fiúntais (3). Is léir ón méid sin nach féidir le struchtúr an mhargaidh leictreachais atá ann faoi láthair an leictreachas a choimeád ar phraghas atá d’acmhainn ag tomhaltóirí agus gnólachtaí a íoc.

2.3.

Tá sé tábhachtach a thuiscint chomh maith go bhfuil cúis bhunúsach amháin ann, ón taobh eacnamaíoch de, leis an margadh leictreachais a athdhearadh: ní bhaineann aon imeallchostais le córais fuinnimh in-athnuaite. Córas margaidh a bhfuil sásra praghais aige lena socraítear an praghas imréitigh de réir imeallchostais an ghléasra cumhachta dheireanaigh, is léir nach n-oibreoidh córas mar sin in earnáil leictreachais an lae amárach, earnáil inar líonmhaire ar fad iad córais fuinnimh in-athnuaite (nó córas eile a mbaineann caiteachas ard caipitiúil leis). Sin an fáth a dteastaíonn conradh le haghaidh difríochta mar scéim luacha saothair le haghaidh gach táirgeora fuinnimh in-athnuaite. Dá réir sin, úsáidtear na meánchostais táirgthe fuinnimh chun an praghas tagartha a shuí.

2.4.

Thar aon ní eile, is iad conarthaí le haghaidh difríochtaí an rogha cur chuige i bhfianaise chostais imeallacha na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite. D’ainneoin a bhfuil á thabhairt le fios ag an gCoimisiúin, ní bhainfear amach cobhsaíocht praghsanna ina hiomláine le conarthaí le haghaidh difríochtaí, nó ní bhainfear amach í in aon chor fiú. Fanfaidh an scéal sin amhlaidh a fhad agus nach gcumhdófar táirgí níos casta, sa bhreis ar an leictreachas a tháirgtear faoi láthair, sa chineál conarthaí sin, amhail meascáin idir giniúint in-athnuaite, stóráil agus bainistiú ar éileamh. Is é is cúis leis sin gur gá fuinneamh iarmharach a cheannach nuair nach bhfuil mórán giniúint in-athnuaite ar bun. D’fhéadfadh costais measartha mór a bheith i gceist i gcásanna mar sin. Tá neamhaird á tabhairt ag an gCoimisiún ar an méid sin, agus gealltanas á thabhairt aige do na tomhaltóirí deiridh nach mbeidh sé in ann a choinneáil sa deireadh.

2.5.

Cuireann CESE in iúl nach tráchtearra cosúil le haon cheann eile é an fuinneamh, lena n-áirítear an bonneagar le haghaidh a iompair agus a dháilte. Is bunchloch riachtanach é dár gcóras eacnamaíoch agus dár gcóras sóisialta agus, dá bhrí sin, is cuid lárnach den soláthar seirbhísí poiblí é. Fágann sé sin gur seirbhís leasa ghinearálta é an soláthar fuinnimh. Ina fhianaise sin, is gá coinníollacha creata rialála a chruthú le haghaidh fhuinneamh na todhchaí lena ráthófar soláthar fuinnimh atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, inacmhainne agus iontaofa chomh maith leis an gceart chun fuinnimh. Ciallaíonn sé sin freisin nach mór na ceanglais a bhaineann le dícharbónú a chur san áireamh i ndearadh an mhargaidh fuinnimh. Le go mbeidh bunsoláthar inacmhainne fuinnimh ann, creideann CESE nach mór bunsoláthar ar phraghsanna rialáilte a ráthú le dearadh nua an mhargaidh. Ba cheart aisíoc costas le soláthróirí fuinnimh a bheith bunaithe ar fhianaise ar chostais. Mar chúiteamh air sin, ní mór ceangal buan a bheith ar sholáthróirí fuinnimh méid áirithe fuinnimh a sholáthar chun go mbeidh bunsoláthar ann.

2.6.

I bhfianaise na bhforbairtí a tháinig chun cinn le déanaí sa mhargadh leictreachais, is léir go bhfuil sé tábhachtach cothromaíocht nua iomchuí a aimsiú idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach sa mhargadh sin. Rinne an Coiste an tsaincheist sin a scrúdú go mion i dtuairim TEN/771 Infheistíocht phoiblí sa bhonneagar fuinnimh mar chuid den réiteach ar shaincheisteanna aeráide (féach fonóta 1). Ag an am céanna, creideann CESE go láidir go bhfuil géarghá le hathchóirithe ar an margadh leictreachais chun na cuspóirí thuasluaite maidir leis an inbhuanaitheacht, an inacmhainneacht agus slándáil an tsoláthair a bhaint amach.

2.7.

An 14 Márta 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún an togra reachtach chun ‘athchóiriú a dhéanamh ar dhearadh mhargadh leictreachais an Aontais chun dlús a chur leis an dul chun cinn maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite agus le húsáid gáis a thabhairt chun deiridh de réir a chéile, chun a chinntiú nach mbeidh billí na dtomhaltóirí ag brath a oiread ar phraghsanna breoslaí iontaise gona luaineacht, chun cosaint níos fearr a thabhairt do na tomhaltóirí ar arduithe tobanna ar phraghsanna agus ar chúbláil mhargaidh sa todhchaí, agus chun tionscal an Aontais a dhéanamh níos glaine agus níos iomaíche’ (4).

2.8.

Is díol sásaimh do CESE an togra sin, agus é den tuairim gur céad chéim sa treo ceart é, is é sin le rá gur céim i dtreo chóras fuinnimh an lae amárach é. Ba cheart go mbeadh an córas sin dícharbónaithe, bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh atá saor ó charbón agus atá dírithe ar thomhaltóirí. Chuige sin, is gá, i measc nithe eile, an fhaisnéis go léir atá ábhartha a bheith soiléir agus sothuigthe ionas gur féidir leis na tomhaltóirí ról neamhspleách a bheith acu sa mhargadh leictreachais, mar úsáideoirí agus mar tháirgeoirí araon.

2.9.

Áitíonn an Coiste ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar éifeachtaí an athchóirithe sin atá beartaithe ar an margadh leictreachais. Tá sé tábhachtach mar go bhfuil an margadh leictreachais i lár athrú ó bhonn, athrú atá i bhfad ó bheith críochnaithe, agus is cinnte go dteastóidh coigeartuithe breise chuige sin sna blianta amach romhainn. Tá tábhacht leis sin freisin toisc nár ullmhaíodh aon mheasúnú tionchair i ndáil leis an togra reatha ón gCoimisiún. Fágann sé sin gur mó fós an éiginnteacht atá ann maidir le héifeachtaí an athchóirithe sin.

2.10.

Leis an togra sin, tá sé beartaithe seirbhís agus táirgí buaicscafa a thabhairt isteach. Is éard atá i gceist leis sin cumas na rannpháirtithe sa mhargadh níos lú leictreachais a úsáid ag na buaicuaireanta arna gcinneadh ag an oibreoir córais tarchurtha. De réir Airteagal 7a, ní fhéadfar conarthaí le haghaidh táirgí buaicscafa a thabhairt i gcrích tráth níos luaithe ná dhá lá sula ngníomhachtófar iad agus ní fhéadfaidh an tréimhse chonarthach a bheith níos faide ná lá amháin. Is maith iad tréimhsí gearra mar sin ó thaobh cosc ar mhí-úsáid de, ach san am céanna d’fhéadfadh sé go gcuirfí cosc ar roinnt mhaith tomhaltóirí (agus comhbhailitheoirí neamhspleácha) na táirgí sin a sholáthar dá mbarr. Ina fhianaise sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún a fhiosrú cé na coinníollacha faoina bhféadfaí síneadh a chur leis an tréimhse chonarthach.

2.11.

Ina theannta sin, creideann an Coiste go bhfuil roinnt tograí maithe curtha i dtoll a chéile ag an gCoimisiún chun an margadh leictreachais a choigeartú. Mar sin féin, measann sé gur cheart don Choimisiún céimeanna eile a thabhairt chun dearadh an mhargaidh a chur in oiriúint don réaltacht nua, réaltacht a fhágann gur gá trí chuspóir a bhainistiú san am céanna: an inbhuanaitheacht, an inacmhainneacht agus slándáil an tsoláthair. Anuas air sin, beidh an réaltacht sin bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite agus, de réir ghealltanas an Choimisiúin, tiocfaidh méadú de réir a chéile inti ar ról táirgeoirí is tomhaltóirí agus rannpháirtithe beaga eile sa mhargadh, in éineacht le táirgeoirí móra (5). Ní léirítear é sin a dhóthain sa togra ón gCoimisiún, áfach. Ar an gcúis sin, anuas ar an togra sin, tá an Coiste ag cur dhá thogra eile chun cinn a bheadh oiriúnach sa togra reachtach.

2.12.

Ní fhéadfadh aon chóras a bhfuil na hathruithe sin curtha san áireamh ann feidhmiú ach amháin dá dtiocfadh samhail eile in áit chóras an oird fiúntais, samhail dá réir a socrófaí praghsanna fuinnimh bunaithe ar na costais táirgthe faoi seach. Ní mór na meánchostais phraghsála a chur san áireamh sa chóras sin.

Fóntas rialtais

2.13.

Ó 1996 i leith, tá an tAontas Eorpach tiomanta don mhargadh leictreachais a léirscaoileadh. Mar sin féin, i gcomhthéacs athchóirithe ar an margadh leictreachais, ní mór scrúdú géar a dhéanamh ar an léirscaoileadh ó thaobh na hinbhuanaitheachta, na hinacmhainneachta agus shlándáil an tsoláthair de. Ní mór forbairtí a tharla roimhe seo sa mhargadh leictreachais agus na forbairtí atá le teacht a chur san áireamh, lena n-áirítear athruithe móra ar fhóntais táirgthe a mbaineann bunphraghsanna an-difriúil leo. Thairis sin, beidh na rialtais freagrach as na trí chuspóir sin a bhaint amach thar thréimhse fhada, mar ní dhéanfar iad a thabhairt le chéile agus a chur chun feidhme astu féin sa mhargadh.

2.14.

Creideann CESE gurbh é an rogha ab fhearr meascán éifeachtach a bheith ann idir cur chuige atá léirscaoilte agus cur chuige atá rialáilte ionas go bhféadfaí leas a bhaint as buanna an mhargaidh léirscaoilte agus, san am céanna, an dul chun cinn a theastaíonn ó na rialtais a bhaint amach. Ar an gcaoi sin, chinnteofaí cosaint na gcuspóirí.

2.15.

Faoi mar a chuir CESE in iúl cheana i dtuairim TEN/771, tá an Coiste lánchinnte gur cheart aird ar leith a thabhairt ar an sainmhíniú ar fhorbairt na heangaí mar leas poiblí sáraitheach, ar chosaint na haeráide a áireamh mar chuspóir rialála agus, ar bhonn níos ginearálta, ar shioncronú níos fearr i bpleanáil an fhuinnimh in-athnuaite agus na heangaí leictreachais. Tá géarghá le forálacha sonracha faoi dhlí an Aontais.

2.16.

Ina fhianaise sin, an tsamhail atá leagtha amach anseo ag CESE don mhargadh athchóirithe leictreachais, tá sí bunaithe ar an bprionsabal seo: léirscaoilte más féidir, rialáilte más gá. Samhail hibrideach a bheadh inti, ina gcinnteofaí feidhmiú ab fhearr an mhargaidh, ó thaobh na gcuspóirí atá leagtha síos de, a bhuíochas sin ar fhórsaí an mhargaidh agus bainistíocht spriocdhírithe.

2.17.

Ar bhonn na samhla sin, ceann ab fhéidir a chur ar bun cheana féin de réir na rialachán atá ann faoi láthair, ba cheart go mbunódh na rialtais ‘fóntas leictreachais’ a cheannódh leictreachas ó na táirgeoirí agus a dhéanfadh an leictreachas sin a dhíol le soláthróirí na gcustaiméirí teaghlaigh, le FBManna, le pobail fuinnimh saoránach, leis na tomhaltóirí móra, agus, i gcás inarb iomchuí agus inar féidir, le tíortha eile, agus úsáid á baint aige as na trí chuspóir mar chreat cinnteoireachta. Thabharfadh an tsamhail sin conarthaí fadtéarmacha i gcrích le táirgeoirí leictreachais ar bhonn tairiscintí. Bheadh roinnt cineálacha conarthaí i gceist leis sin, amhail comhaontuithe ceannaigh cumhachta (PPAnna), conarthaí le haghaidh difríochta agus conarthaí costais plus. Ós rud é go bhfuil sé beartaithe go mbeidh conarthaí le haghaidh difríochta ina n-ionstraim chun infheistíochtaí nua a chur chun cinn i nginiúint leictreachais i gcórais fuinnimh in-athnuaite, ní mór a áirithiú nach gcuirfí as do na táirgeoirí, i ngeall ar an uirlis sin, a ndícheall a dhéanamh a nginiúint cumhachta a bharrfheabhsú. I gceant na gconarthaí le haghaidh difríochta, is gá praghas tairsí (an praghas íosta) agus buaicphraghas (an t-uasphraghas) a shainiú ar bhonn tagarmharc dinimiciúil arna bhunú ar mheánchostais iomlána táirgthe fuinnimh na dteicneolaíochtaí atá san áireamh (an grianfhuinneamh, an fuinneamh gaoithe, et al.). Dá bhrí sin, ní mór a cheangal ar na Ballstáit luach saothair íosta agus luach saothair uasta a shocrú ionas go mbeidh dreasacht ag táirgeoirí cumhachta a dtáirgeadh a bharrfheabhsú. Ba cheart forálacha speisialta a chur i bhfeidhm maidir le soláthar na cumhachta imeallaí (mar shampla, cumhacht ó gháis in-athnuaite nó ó cheallraí).

2.18.

I bhfianaise na ndeiseanna táirgthe atá ar fáil agus i gcomhréir leis na trí chuspóir, d’fhéadfadh an fóntas conarthaí a dhéanamh le cuideachtaí táirgthe ar de chineálacha éagsúla iad. Leis na conarthaí fadtéarmacha arna dtabhairt i gcrích ag an bhfóntas, d’áiritheofaí praghas inghlactha arna ráthú ag an stát d’úsáideoirí deiridh agus slándáil infheistíochta do tháirgeoirí araon.

2.19.

Dhéanfadh an fóntas an leictreachas ceannaithe a dhíol ansin le cuideachtaí dáileacháin, le húsáideoirí móra agus le rannpháirtithe eile sa mhargadh. D’fhéadfaí cineálacha éagsúla conarthaí a thabhairt i gcrích chuige sin freisin, conarthaí arna gcinneadh go pointe áirithe de réir mhianta na rannpháirtithe. Shocrófaí caidhpeanna praghais athdhíola chun róbhrabúis a chosc.

Banc leictreachais

2.20.

Tacaíonn CESE go mór leis an gcur chuige a ndéantar cur síos air sa straitéis ón gCoimisiún maidir le hAontas Fuinnimh Eorpach. De réir an chur chuige sin, dhéanfaí na tomhaltóirí a chumhachtú agus chuirfí i gcroílár na polaitíochta iad, i measc nithe eile, trí cheart a chruthú chun fuinneamh inathnuaite a chomhroinnt go díreach. Leis sin, is díol sásaimh don Choiste gur shonraigh an Coimisiún sa togra uaidh go mbeidh na tomhaltóirí in ann aon fharasbarr leictreachas gréine dín a dhíol lena gcomharsana. Measann CESE freisin nach mór an margadh a eagrú ionas go mbeidh na tomhaltóirí a ghineann a gcuid leictreachais féin (‘táirgeoirí is tomhaltóirí’ agus comhphobail fuinnimh in-athnuaite) nó na rannpháirtithe nó táirgeoirí beaga eile sa mhargadh in ann an tairbhe is mó is féidir a bhaint as an leictreachas a ghineann siad féin, fiú má chuireann siad isteach san eangach é. Bealach amháin leis sin a eagrú ar chaoi níos macánta do na táirgeoirí beaga ná ‘banc leictreachais’ a bhunú. Bheadh coincheap an bhainc leictreachais le forbairt tuilleadh agus le hoibriú amach de réir a chéile.

2.21.

D’fhéadfadh banc leictreachais oibriú mar seo: shuiteálfaí painéil ghréine ar dhíon úinéir na bpainéal agus, lá breá grianmhar, tháirgfí níos mó leictreachais ná mar a d’úsáidfeadh an t-úinéir an lá sin. Chuirfí an farasbarr leictreachais sin ar aghaidh tríd an eangach chuig an gcuideachta dháileacháin a bhfuil conradh ag an úinéir léi. Bheadh an chuideachta in ann an méid leictreachais a cuireadh ar aghaidh chuici a léamh trí mhéadar cliste an úinéara agus dhéanfadh sí sciar den mhéid sin a chur do shochar chuntas kWh an úinéara ansin. Bheadh sochar idir 70 % agus 90 % den mhéid iomlán leictreachais i gceist leis sin, ag brath ar an méid a soláthraíodh. Gheobhadh soláthróirí beaga sciar níos mó. Ní dhéanfaí an méid iomlán a chur do shochar an úinéara ar thrí chúis: (1) ionas go bhféadfaí seirbhísí na cuideachta a mhaoiniú, (2) mar go mbeadh ar an gcuideachta aon athrú ar phraghsanna idir tráth soláthartha an leictreachais agus tráth ceannaithe an leictreachais a chur san áireamh, i gcás a mbeadh athrú ar phraghas ann, agus (3) mar ba cheart dreasachtaí a chur isteach sa chóras chun go mbeadh acmhainn stórála aige, bíodh sé sin trí ghineadóir beag fiú, le go mbeadh an gréasán leictreachais ina iomláine níos athléimní. Cuir i gcás, mar shampla, gur sholáthair tú 100 kWh de leictreachas. Mar chúiteamh air sin, rinne an banc 80 kWh a chur do shochar do chuntais. Bíonn ort ansin dul chuig an soláthróir atá agat féin chun do chuid leictreachais a fháil, lena úsáid i do theach féin nó le ceallra do chairr a luchtú ag stáisiún athluchtaithe le cárta athluchtaithe a fuair tú ó do sholáthróir leictreachais. Abair go dteastaíonn 200 kWh uait chuige sin ar fad. Is éard a tharlódh ná go gcuirfí an chéad 80 kWh den mhéid sin do dhochar do chuntais, gan gá duit íoc as. Maidir leis an 120 kWh eile a bheadh le ceannach, d’íocfá as sin ar an bpraghas atá leagtha síos i do chonradh leis an gcuideachta leictreachais.

2.22.

Mar sin, seachas íoc as seirbhísí an bhainc leictreachais in euro, d’íocfaí astu in kWh. Ar ndóigh, bheadh na gnáthchostais sheachtracha, amhail táillí gréasáin, formhuirir, tobhaigh agus cánacha, i gceist leis an bpraghas a d’íocfaí as an leictreachas a gheofaí ón eangach.

An gá atá leis an ngás glas, an tsolúbthacht agus slándáil an tsoláthair

2.23.

Go dtí seo, tá an tAontas ag brath ar ghás nádúrtha leachtaithe (GNL) chun an gás ón Rúis a ionadú. Mar sin féin, níl in GNL ach réiteach gearrthéarmach toisc go bhfuil tionchar aige ar an gcomhshaol (mar shampla tá gás scealla ó na Stáit Aontaithe á sheoladh ar long chuig an Eoraip), ar an ngeilleagar (tá an móilín níos costasaí ná mar a bhí sé i gcás ghás na Rúise) agus ar chúrsaí geopholaitiúla (d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an Aontas a bheith spleách ar chomhpháirtithe eile nach bhfuil daonlathach agus/a dhéanann dochar do chearta an duine). Dá bhrí sin, tá an dhá bheart seo a leanas thar a bheith tábhachtach: (1) an ról atá ag an ngás a mhéadú, le nach mbeadh sé chomh himeallach céanna, agus (2) aistriú tapa a dhéanamh chuig an ngás glas, amhail cineálacha áirithe bithgháis agus hidrigin a tháirgtear ar bhealach glas, ina fhianaise go mbeidh gléasraí gáis riachtanach sa mheántéarma lena n-úsáid mar chóras cúltaca solúbtha. Leis an athchóiriú, ba cheart iarracht a dhéanamh bealaí agus modhanna a shainaithint chun é sin a dhéanamh, le cuspóirí éigeantacha ag buaicamanna.

2.24.

De réir na bhfíseanna éagsúla atá ag an gCoimisiún i dtaobh an gháis nádúrtha, beidh ról tábhachtach ag an ngás sin sa ghearrthéarma maidir le soláthar fuinnimh theirmigh a ráthú do chóras táirgthe an Aontais. Ní mór dlús a chur leis an acmhainneacht táirgeachta i dtaobh an bhithgháis agus ní mór laghdú a dhéanamh ar chostas na hidrigine glaise ar mhaithe leis an ngás nádúrtha a ionadú a luaithe is féidir. Agus é á iarraidh ag an gCoiste dlús a chur le forbairt gás glas, tá sé á iarraidh aige ar an gCoimisiún freisin rialachán maidir le dearadh mhargadh an gháis nádúrtha a chur san áireamh sa phacáiste maidir le hidrigin agus maidir le gáis ísealcharbóin. De bhun na reachtaíochta sin, bhunófaí margadh aonair comhtháite agus slán ar leibhéal an Aontais don ghás nádúrtha. Ar an gcaoi sin, chuirfí dlús le leictriú an chórais fuinnimh trí chomhionannas praghsanna agus slándáil níos fearr a ráthú do mhuintir na hEorpa agus chuirfí feabhas ar an gcomhordú chun tacú le deireadh de réir a chéile a chur leis an ngás nádúrtha a luaithe is féidir.

2.25.

In 2030, más fíor do chás samhaltaithe an Choimisiúin Eorpaigh, leictreachas in-athnuaite is ea a bheidh i dtuairim agus 70 % den chumhacht arna giniúint san Aontas. Le go mbeidh na córais fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthaithe sin agus d’fhonn dlús a chur leis an aistriú chuig córas dícharbónaithe, beidh sé riachtanach a áirithiú go mbeidh an margadh gearrthéarmach níos éifeachtúla, go bhfeabhsófar an stóráil trí bhíthin rochtain éascaithe ar mhaoiniú agus ar cheadanna, agus go spreagfar na tomhaltóirí le húsáid a bhaint as an leictreachas a ghin siad iad féin. Mar sin féin, beidh gá le níos mó ná stóráil agus giniúint leictreachais ag an tomhaltóir féin chuige sin agus ní dócha go mbeadh an margadh gearrthéarmach ina réiteach éifeachtach. Is éard a theastaíonn chuige sin ná margaí solúbthachta agus bheadh sé níos fearr fós dá léireofaí staid na heangaí sna margaí sin. Leis an athchóiriú, ba cheart aon bhaol go mbeadh ilroinnt ann a sheachaint freisin trí fhaireachán cúramach a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart a glacadh le déanaí.

2.26.

Agus na margaí solúbthachta sin á mbunú, luífeadh sé le ciall idirdhealú a dhéanamh idir leibhéal na voltas. Ar ardleibhéal agus meánleibhéal voltais, theastódh roghanna mórscála solúbthachta amhail stórais mhóra agus d’fhéadfaí rogha a dhéanamh freisin ceart a thabhairt d’oibreoirí eangaí nó oibleagáid a chur orthu iad sin a chur isteach ina n-oibriú féin mar acmhainní dílse. Ar leibhéal íseal voltais, b’fhearr roghanna beaga solúbthachta arna gcur ar fáil ag táirgeoirí is tomhaltóirí a thabhairt le chéile, e.g. teaghlaigh a bhfuil a suiteáil fótavoltachais (PV) féin acu, agus stóráil bheag agus teaschaidéal. D’fhéadfadh ardáin dhigiteacha arna n-oibriú ag oibreoir eangaí nó ag gníomhaithe eile sa mhargadh, agus iad ina soláthróir seirbhíse, a bheith ina n-uirlis thábhachtach chun an tsolúbthacht a chur chun cinn agus le hiad a thabhairt isteach sa chóras leictreachais.

2.27.

D’fhéadfadh taraifí dinimiciúla, lena n-áirítear táillí dinimiciúla eangaí, a bheith ina ndreasachtaí láidre do na tomhaltóirí deiridh gníomhú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chóras. Mar sin féin, teastaíonn bonneagar digiteach chuige sin óir ba cheart stádas na heangaí a léiriú sna taraifí dinimiciúla. I ndáil leis sin, ba cheart na táillí eangaí a úsáid le giniúint atá nach mór ar aon leibhéal leis an tomhaltas a dhreasú mar go bhféadfadh sé sin gur bhealach é sin le teorainn a chur le leathnú na heangaí.

An bhochtaineacht fuinnimh

2.28.

Ós rud é gurbh é cuspóir an athchóirithe na tomhaltóirí a chosaint ar luaineacht an mhargaidh mórdhíola, is díol sásaimh do CESE an togra lena gcosnaítear an tomhaltóir deiridh, mar shampla trí sholáthróir na rogha deiridh a chur ar bun nó trí iarracht a dhéanamh chun na ngearrfar leictreachas na dtomhaltóirí atá i ngátar. Mar sin féin, tugann CESE dá aire nár cuireadh síneadh leis an gcaidhp chíosa infrimeallach. Ós rud é go mbeidh am ag teastáil go dtí go mbeidh an t-athchóiriú lánéifeachtach, molann CESE an chaidhp a choinneáil i bhfeidhm go dtí sin. Ba cheart an t-ioncam a dhíriú ar na daoine is leochailí (amhail daoine atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh agus FBManna), agus an rogha a bheith ann praghsanna a ísliú de réir mar a athraíonn na praghsanna mórdhíola.

2.29.

Chun bunsoláthar inacmhainne fuinnimh a ráthú, creideann CESE nach mór buntomhaltas fuinnimh a ráthú ar phraghsanna rialáilte leis an dearadh nua margaidh. Ba cheart na costais atá ag soláthróirí fuinnimh a aisíoc ar bhonn fianaise ar chostais. Mar chúiteamh air sin, ní mór ceangal buan a bheith ar sholáthróirí fuinnimh sciar áirithe fuinnimh a sholáthar chun go mbeidh bunsoláthar ann.

3.   Leasuithe ar an togra reachtach

3.1.   Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6)

Leasú 1

Aithris nua 21a le cur isteach tar éis aithris 21:

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú

 

(21a)

Ó 1996 i leith, tá an tAontas Eorpach tiomanta don mhargadh leictreachais a léirscaoileadh, próiseas ar cuireadh tús leis le Treoir 96/92/CE ón 19 Nollaig 1996 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas. I gcomhthéacs athchóirithe ar an margadh leictreachais, áfach, ní mór breithniú a dhéanamh ar an léirscaoileadh sin ó thaobh inbhuanaitheachta, inacmhainneachta agus shlándáil an tsoláthair de. Ní mór forbairtí roimhe seo sa mhargadh leictreachais agus na forbairtí atá le teacht a chur san áireamh, lena n-áirítear athruithe móra ar fhóntais táirgthe a mbaineann bunphraghsanna an-difriúil leo. Ar mhaithe leis na spriocanna sin a bhaint amach, beidh ar na Ballstáit creat iomchuí rialála a chur ar fáil. Áirítear leis sin ceanglais dhlíthiúla i ndáil le cuideachtaí san earnáil fuinnimh. Beidh na ceanglais sin neamh-idirdhealaitheach. Bealach amháin leis sin a bhaint amach ba ea ‘fóntas leictreachais’ faoi stiúir an rialtais a chur ar bun a cheannódh leictreachas ó na táirgeoirí agus a dhéanfadh an leictreachas sin a dhíol leis na dáileoirí agus leis na tomhaltóirí móra. Sa chaoi sin, d’úsáidfí na trí chuspóir mar chreat cinnteoireachta. Thabharfadh an fóntas sin conarthaí fadtéarmacha i gcrích le táirgeoirí leictreachais bunaithe ar thairiscintí, amhail comhaontuithe ceannaigh cumhachta agus conarthaí dhá threo le haghaidh difríochta. D’fhéadfaí samhail mar seo a chur ar bun cheana féin de réir na reachtaíochta reatha.

Cúis

Féach pointe 2, míreanna 2.18–2.21.

Leasú 2

Aithris nua 50a le cur isteach tar éis aithris 50:

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú

 

(50a)

An ceart chun leictreachas a chomhroinnt, is dreasacht thábhachtach é sin do na tomhaltóirí agus do pháirtithe beaga eile sa mhargadh infheistíocht a dhéanamh chun a gcuid leictreachais féin a ghiniúint. Dreasacht eile ba ea é an margadh a eagrú ar bhealach a d’fhágfadh go mbeadh na tomhaltóirí a ghineann a gcuid leictreachais féin (táirgeoirí is tomhaltóirí) nó rannpháirtithe beaga eile sa mhargadh in ann an tairbhe ba mhó ab fhéidir a bhaint as an leictreachas a ghineann siad féin, fiú dá gcuirfidís isteach san eangach ar dtús é. I roinnt Ballstát, tá cuideachtaí leictreachais a bhfuil scéimeanna acu leis sin a dhéanamh cheana féin.

Cúis

Féach pointe 2, míreanna 2.22-2.24.

Leasú 3

Airteagal 1 – le leasú mar seo a leanas:

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú

 

(a)

a áirithiú gur bonn riachtanach dár gcóras eacnamaíoch agus dár gcóras sóisialta é an fuinneamh, seachas gnáth-thráchtearra eile. Fágann sé sin go n-aicmítear an soláthar fuinnimh mar sheirbhís leasa ghinearálta. Is é príomhchúram na hearnála fuinnimh soláthar fuinnimh atá slán, inacmhainne agus inbhuanaithe a áirithiú.

Cúis

Féach pointe 2, mír 2.5 ar aghaidh.

Leasú 4

Airteagal 1 – le leasú mar seo a leanas:

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú

 

(b)

córas a chruthú inar gá na costais iarbhír táirgthe a léiriú i bpraghsanna leictreachais na dtomhaltóirí (i dteannta corrlach iomchuí brabúis). Ciallaíonn sé sin gur gá go mbeadh an praghas mórdhíola i gcomhréir le meánchostais gach cineáil táirgthe leictreachais in áit an uasphraghais, faoi mar atá an cás anois. D’fhonn luach saothair iomchuí do tháirgeoirí leictreachais a áirithiú, mar aon leis an tslándáil infheistíochta agus leathnú an fhuinnimh in-athnuaite, tá praghsanna atá spleách ar an teicneolaíocht riachtanach.

Cúis

Féach pointe 2, mír 2.13.

Leasú 5

Airteagal 19b – le leasú mar seo a leanas:

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú

 

3.   […]

(c)

Maidir leis na ‘conarthaí dhá threo le haghaidh difríochtaí’, socrófar i ngach Ballstát uasphraghas i ndáil le gach píosa teicneolaíochta ar leith. Beidh na huasphraghsanna sin bunaithe ar na costais atá i gceist chun gléasra costéifeachtach úrscothach a fheidhmiú. Ar na costais, áireofar dímheas agus ráta iomchuí toraidh ar chothromas mar aon le caipiteal iomchuí fiachais le haghaidh na hinfheistíochta.

Cúis

Féach pointe 2, mír 2.19.

Leasú 6

Airteagal 7a, pointe 2(c) – le leasú mar seo a leanas:

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú

(c)

déanfar soláthar an táirge buaicscafa trí úsáid a bhaint as próiseas tairisceana iomaíoch, agus beidh an roghnú bunaithe ar an gcostas is ísle chun critéir theicniúla agus chomhshaoil réamhshainithe a chomhlíonadh;

(c)

déanfar soláthar an táirge buaicscafa trí úsáid a bhaint as próiseas tairisceana iomaíoch, agus beidh an roghnú bunaithe ar an gcostas is ísle chun critéir theicniúla agus chomhshaoil réamhshainithe a chomhlíonadh . Is féidir idir phraghsanna seasta agus phraghsanna athraitheacha a úsáid i gcomhair tairisceana iomaíocha ;

Cúis

Féach pointe 2, mír 2.11.

Leasú 7

Airteagal 19b (3) – le leasú mar seo a leanas:

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú

 

(c)

déanfaidh na Ballstáit luach saothair íosta agus luach saothair uasta a shainiú i dtaca leis na conarthaí dhá threo le haghaidh difríochta inar gá na costais iarbhír táirgthe a bhaineann leis an teicneolaíocht ar leith a léiriú ionas go spreagfar na táirgeoirí cumhachta a dtáirgeadh a bharrfheabhsú. Déanfaidh na Ballstáit praghas ceangail na gconarthaí dhá threo a chinneadh i bhfianaise mheánchostais an fhuinnimh a tháirgtear de bhíthin na teicneolaíochta sonraí úrscothaí atá mar ábhar an chonartha. Ar na costais, áireofar dímheas agus ráta iomchuí toraidh ar chothromas mar aon le caipiteal iomchuí fiachais le haghaidh na hinfheistíochta.

Cúis

Féach pointe 2, mír 2.19.

3.2.   Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7)

Leasú 8

Airteagal 4 – le leasú mar seo a leanas:

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na custaiméirí uile in ann leictreachas a cheannach óna rogha soláthróra. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gach custaiméir saor chun níos mó ná conradh soláthair leictreachais amháin a bheith acu ag an am céanna, agus chun na críche sin go mbeidh custaiméirí i dteideal níos mó ná pointe méadraithe agus billeála amháin a bheith cumhdaithe ag an bpointe nasctha aonair dá n-áitreabh.’

Áiritheoidh na Ballstáit go léireoidh na praghsanna leictreachais na dtomhaltóirí na costais iarbhír táirgthe (i dteannta corrlach iomchuí brabúis) agus go mbeidh na custaiméirí uile in ann leictreachas a cheannach óna rogha soláthróra. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gach custaiméir saor chun níos mó ná conradh soláthair leictreachais amháin a bheith acu ag an am céanna, agus chun na críche sin go mbeidh custaiméirí i dteideal níos mó ná pointe méadraithe agus billeála amháin a bheith cumhdaithe ag an bpointe nasctha aonair dá n-áitreabh.’

Cúis

Féach pointe 2, mír 2.9.

Leasú 9

Airteagal 4b (1) – le leasú mar seo a leanas:

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfágfaidh an creat rialála náisiúnta go mbeidh sé ar chumas soláthróirí conarthaí ar théarma seastaagus ar phraghas seasta agus conarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla a thairiscint. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le custaiméirí deiridh a bhfuil méadar cliste suiteáilte acu iarraidh a dhéanamh chun conradh leictreachais praghsála dinimiciúla a thabhairt i gcrích agus gur féidir le gach custaiméir deiridh iarraidh a dhéanamh chun conradh leictreachais praghsála ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe a thabhairt i gcrích, ar conradh é a mhairfidh bliain amháin ar a laghad le soláthróir amháin ar a laghad agus le gach soláthróir a bhfuil níos mó ná 200 000 custaiméir deiridh aige.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfágfaidh an creat rialála náisiúnta go mbeidh sé ar chumas soláthróirí conarthaí ar théarma seastaagus ar phraghas seasta agus conarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla a thairiscint. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le custaiméirí deiridh a bhfuil méadar cliste suiteáilte acu iarraidh a dhéanamh chun conradh leictreachais praghsála dinimiciúla a thabhairt i gcrích agus gur féidir le gach custaiméir deiridh iarraidh a dhéanamh chun conradh leictreachais praghsála inacmhainne ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe a thabhairt i gcrích, ar conradh é a mhairfidh bliain amháin ar a laghad le soláthróir amháin ar a laghad agus le gach soláthróir a bhfuil níos mó ná 200 000 custaiméir deiridh aige.

Cúis

Féach pointe 2, mír 2.9.

Leasú 10

Airteagal 27a (1) – le leasú mar seo a leanas:

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú

Ceapfaidh na Ballstáit soláthróirí na rogha deiridh do chustaiméirí teaghlaigh ar a laghad. Ceapfar soláthróirí na rogha deiridh trí nós imeachta cothrom, oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.

Ceapfaidh na Ballstáit soláthróirí na rogha deiridh do chustaiméirí teaghlaigh ar a laghad. Ceapfar soláthróirí na rogha deiridh trí nós imeachta cothrom, oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. Ní mór gach soláthróir fuinnimh a bheith ar fáil mar sholáthróir na rogha deiridh i gcomhréir lena sciar den mhargadh.

Cúis

Is den cheart é gur féidir gach soláthróir fuinnimh a cheapadh mar sholáthróir na rogha deiridh.

Leasú 11

Airteagal 27a, pointe 2 – le leasú mar seo a leanas:

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú

Na custaiméirí deiridh a aistrítear chuig soláthraithe na dála deiridh, ní chaillfidh siad a gcearta mar chustaiméirí, go háirithe na cearta sin a leagtar síos in Airteagail 4, 10, 11, 12, 14, 18 agus 26.

Na custaiméirí deiridh a aistrítear chuig soláthraithe na dála deiridh, ní chaillfidh siad a gcearta mar chustaiméirí, go háirithe na cearta sin a leagtar síos in Airteagail 4, 10, 11, 12, 14, 18 agus 26.

Ní mór coinníollacha conarthacha sholáthróir na rogha deiridh a bheith de chineál nach bhfuil idirdhealaitheach ná coisctheach. Ní mór na costais iarbhír táirgthe (i dteannta corrlach iomchuí) sna costais iarbhír táirgthe.

Cúis

Tá sé seo riachtanach chun an chóir chothrom a áirithiú do na custaiméirí.

Leasú 12

Airteagal 66a – le leasú mar seo a leanas:

Le teacht in áit míreanna 1–4

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú

1.     Féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, a dhearbhú go bhfuil géarchéim praghsanna leictreachais réigiúnach nó uile-Aontais ann, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

praghsanna an-ard i margaí mórdhíola leictreachais dhá uair go leith ar a laghad an meánphraghas sna 5 bliana roimhe sin, praghas a mheastar a bheidh ann fós ar feadh 6 mhí ar a laghad;

(b)

méaduithe géara 70 % ar a laghad ar phraghsanna miondíola leictreachais, praghsanna a mheastar a bheidh ann fós ar feadh 6 mhí ar a laghad; agus

(c)

tá tionchar diúltach ag na méaduithe ar phraghsanna leictreachais ar an ngeilleagar i gcoitinne.

1.     Má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

 

praghsanna an-ard i margaí mórdhíola leictreachais: meánphraghas EUR 100 ar a laghad in aghaidh an mheigeavata ar feadh thréimhse dhá mhí as a chéile.

2.     Sonróidh an Coimisiún ina chinneadh lena ndearbhaítear géarchéim praghsanna leictreachais réigiúnach nó uile-Aontais tréimhse bhailíochta an chinnidh sin, ar tréimhse í a d’fhéadfadh a bheith ann ar feadh tréimhse suas le bliain amháin.

2.     Féadfaidh na Ballstáit, a fhad agus a chomhlíontar coinníoll phointe 1 thuas, praghas atá faoi bhun an chostais a shocrú go heisceachtúil agus go sealadach do sholáthar an leictreachais ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní bhaineann an praghas atá socraithe do theaghlaigh ach le 80 % ar a mhéad de thomhaltas airmheánach teaghlach agus coinníonn sé dreasacht chun an t-éileamh a laghdú;

(b)

níl cead an praghas a bheith níos mó ná 10 cent in aghaidh na cileavatuaire;

(c)

ní dhéantar aon idirdhealú idir soláthróirí;

(d)

más féidir le soláthróirí fianaise a thabhairt go bhfuil praghas a soláthair faoi bhun na gcostas a bhaineann leis, cúitítear iad as sin;

(e)

tá gach soláthróir i dteideal tairiscintí a sholáthar ar phraghas an tsoláthair leictreachais atá faoi bhun an chostais ar an mbonn céanna.

3.     I gcás ina mbeidh cinneadh glactha ag an gCoimisiún de bhun mhír 1, féadfaidh na Ballstáit, ar feadh ré bhailíocht an chinnidh sin, idirghabhálacha poiblí spriocdhírithe i socrú praghsanna a chur i bhfeidhm chun leictreachas a sholáthar d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Maidir le hidirghabhálacha poiblí den sórt sin:

(a)

beidh sé teoranta do 70 % ar a mhéid de thomhaltas an tairbhí le linn thréimhse chéanna na bliana roimhe sin agus coinneoidh sé dreasacht chun an t-éileamh a laghdú;

(b)

na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(4) agus (7) a chomhlíonadh;

(c)

i gcás inarb ábhartha, na coinníollacha a leagtar amach i mír 4 a chomhlíonadh.

4.     I gcás ina bhfuil cinneadh glactha ag an gCoimisiún de bhun mhír 1, féadfaidh na Ballstáit, ar feadh thréimhse bhailíocht an chinnidh sin, de mhaolú ar Airteagal 5(7), pointe (c), agus idirghabhálacha poiblí spriocdhírithe á gcur i bhfeidhm acu i socrú na bpraghsanna do sholáthar an leictreachais de bhun Airteagal 5(6) nó mhír 3 den Airteagal seo, praghas don soláthar leictreachais atá faoi bhun an chostais a shocrú go heisceachtúil agus go sealadach ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní bhaineann an praghas atá socraithe do theaghlaigh ach le 80 % ar a mhéad de thomhaltas airmheánach teaghlach agus coinníonn sé dreasacht chun an t-éileamh a laghdú;

(b)

ní dhéantar aon idirdhealú idir soláthróirí;

(c)

tugtar cúiteamh do sholáthróirí as soláthar a dhéanamh faoi bhun costais; agus

(d)

tá gach soláthróir i dteideal tairiscintí a sholáthar ar phraghas an tsoláthair leictreachais atá faoi bhun an chostais ar an mbonn céanna.

3.     Ní mór an cúiteamh dá dtagraítear i bpointe 2. (d) a mhaoiniú le hioncam na caidhpe ar ioncam an mhargaidh le haghaidh giniúint leictreachais ó theicneolaíochtaí infrimeallacha.

Cúis

I bhfianaise na bpraghsanna fuinnimh atá ann faoi láthair, is léir go dteastóidh bearta i gcás a bhfuil saobhadh margaidh den chineál céanna ann chun a áirithiú go mbeidh bunsoláthar fuinnimh ag teaghlaigh phríobháideacha agus ag gnólachtaí chomh maith. Tá an sásra a mhol an Coimisiún faoi Airteagal 66a chuige sin casta agus neamhéifeachtach, áfach. San am céanna, fágtar cómhaoiniú an bhirt ar lár ina iomláine.

Moltar leis seo sásra atá simplí ach éifeachtach, atá bunaithe ar ‘Stromkostenzuschussgesetz’ na hOstaire (acht um fhóirdheontas leictreachais). D’fhéadfadh an sásra teacht i bhfeidhm go huathoibríoch. Ba cheart é a mhaoiniú trí bhrabúis amhantair a scimeáil.

Ní féidir praghas an leictreachais chun bunsoláthar a cheannach a bheith níos mó ná 10c glan in aghaidh kWh.

Má tá meánphraghas malairte leictreachais níos mó ná EUR 100/Mwh ar feadh tréimhse dhá mhí as a chéile, tá an ceart chun cúiteamh a fháil as na costais dhifreálacha ag soláthróirí a mbíonn orthu soláthar a chur ar fáil ar phraghas níos lú ná costais an tsoláthair sin.

Ní mór do na soláthróirí fuinnimh fianaise ar na costais a thabhairt.

Maoinítear an ‘moill ar phraghsanna’ sin tríd an mbarrachas ioncaim ón nginiúint infrimeallach a scimeáil.

An Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le hInfheistíocht phoiblí sa bhonneagar fuinnimh mar chuid den réiteach ar shaincheisteanna aeráide (tuairim féintionscnaimh) (IO C 486, 21.12.2022, lch. 67) agus Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Idirghabhálacha gearrthéarmacha sa mhargadh fuinnimh agus feabhsuithe fadtéarmacha ar dhearadh an mhargaidh leictreachais — plean gníomhaíochta (COM/2022/236 final) (IO C 75, 28.02.2023, lch. 185).

(2)  https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/INSR23_03/INSR_Energy_Union_GA.pdf

(3)  Ord fiúntais: ord na ngléasraí cumhachta de réir leibhéal a n-imeallchostas, ó na himeallchostais is ísle go dtí na himeallchostais is airde. Fágann sin go leantar de ghléasraí cumhachta a bhfuil na himeallchostais is airde acu a chur leis an ord fiúntais go dtí go gcomhlíontar an t-éileamh. Is é an t-ord atá ann: an fuinneamh in-athnuaite, an fuinneamh núicléach, an gual, an ola agus an gás. De réir an dearaidh atá ar an margadh leictreachais faoi láthair, is é an gléasra cumhachta deiridh san ord fiúntais (an gás de ghnáth) a shocraíonn an praghas bunaithe ar na himeallchostais a bhaineann leis.

(4)  https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/IP_23_1591

(5)  Is rannpháirtí beag sa mhargadh iad, mar shampla, bardas, comharchumann fuinnimh nó réigiún a úsáideann an ghaoth agus/an ghrian le leictreachas a ghiniúint agus a sholáthraíonn cuid den leictreachas sin don eangach seachas an méid iomlán leictreachais sin a úsáid go díreach.

(6)  Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54).

(7)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).


IARSCRÍBHINN

Na buntáistí a bhaineann le fóntas leictreachais láir an rialtais

Image 1

Ceannaíonn sé ag praghsanna éagsúla, ag brath ar fhoinsiú

Le cur ar chumas páirtithe sa mhargadh tairiscint a dhéanamh agus le cinnteacht a áirithiú sa mhargadh

Díolann sé ag praghsanna seasta fadtéarmacha

Rud atá go maith don mhargadh agus do na tomhaltóirí

Cinntíonn sé slándáil an tsoláthair, bunaithe ar mheascán cuí leictreachais

Le foinsiú breosla idirnáisiúnta a mheas agus a stiúradh

Le cinntiú gur féidir freastal ar an éileamh ar leictreachas, ina fhianaise go dtuartar go méadóidh an t-éileamh faoina dhó nó faoina trí (leictriú)

Le teicneolaíochtaí nua a thabhairt isteach, a mhaoiniú agus a bhainistiú, i gcomhthéacs an fháis atá ann cheana agus an fháis a bheidh le déanamh i dtreo na hinbhuanaitheachta

Fágann sé go mbeidh an rialtas i gceannas agus cinntíonn sé saoirse an mhargaidh.


18.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 293/127


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún faoi Bhanc Hidrigine na hEorpa

(COM(2023) 156 final)

(2023/C 293/18)

Rapóirtéir:

Thomas KATTNIG

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 2.05.2023

Bunús Dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa rannóg

16.5.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.6.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

579

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

162/0/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an smaoineamh ón gCoimisiún Banc Hidrigine Eorpach (BHE) a chur ar bun agus i bhfianaise na mbarúlacha agus na moltaí mionsonraithe a leagtar amach sa tuairim uaidh maidir le Straitéis Hidrigine an Aontais, iarrann CESE ar an gCoimisiún na pointí seo a leanas a shonrú ar bhealach níos mionsonraithe nó iad a chur san áireamh i gceapadh agus i gcur chun feidhme BHE ó thaobh an bheartais eacnamaíoch, chomhshaoil agus shóisialta de.

1.2.

Tá CESE á chur i bhfáth nár cheart breoslaí iontaise a fhóirdheonú trí chistí AE. Dá bhrí sin, ní mór prionsabal na neamhdhíobhála a chur i bhfeidhm freisin maidir le cistí a bhaineann le BHE: is é sin nár cheart hidrigin a mhaoiniú trí chistiú ón Aontas ach amháin má thagann an leictreachas a úsáidtear ó fhoinsí atá comhoiriúnach leis an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht agus a mheastar go gcuireann siad go mór leis an dícharbónú.

1.3.

Ba cheart do mhaoiniú BHE tosaíocht a thabhairt do tháirgeadh hidrigine glaise agus ní mór dó a bheith comhoiriúnach le rialacha an Aontais maidir le hidrigin. Creideann CESE gur cheart do BHE bheith ina uirlis um bainistíocht éilimh chun an soláthar agus an t-éileamh sna hearnálacha ar deacair iad a leictriú a bhainistiú ar an mbealach is fearr is féidir, go háirithe in earnáil na cruach. Ina theannta sin, ba cheart go mbeifí in ann iomaíocht faoi phraghsanna laistigh den Eoraip a sheachaint, le linn na tréimhse tosaigh ach go háirithe, trí bhíthin sásra comhchoiteann soláthair in earnálacha ar deacair iad a leictriú.

1.4.

Tá CESE i gcoinne foinsí fuinnimh (neamh-inathnuaite) ó eangacha leictreachais na hEorpa a úsáid le haghaidh próisis leictrealaithe atá dian ar fhuinneamh, rud a mhéadódh an t-éileamh foriomlán ar fhuinneamh. Tá CESE á chur i bhfáth gur gá úsáid hidrigine a chur chun cinn i dtaca le hacmhainní fuinnimh inathnuaite a fhorbairt agus gan í a úsáid ach amháin i gcás nach féidir leictriú díreach a dhéanamh.

1.5.

Le linn géarchéimeanna iomadúla, ba ríthábhachtach grinnscrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht atá ann poist a chruthú in earnálacha atá i mbéal forbartha. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún anailís a stiúradh chun scileanna na n-oibrithe in earnálacha atá ag meath a shainaithint, ar scileanna iad a bheadh úsáideach do phoist nua in earnáil na hidrigine.

1.6.

De réir Phlean REPowerEU, ba cheart 10 milliún tona de hidrigin ghlas a tháirgeadh san Aontas faoi 2030. Ba cheart tús áite a thabhairt do dhlús a chur le forbairt agus leathnú acmhainneacht táirgeachta na hEorpa chun neamhspleáchas fuinnimh a bhaint amach agus chun nach gcuirfear le spleáchais straitéiseacha nua.

1.7.

Creideann CESE nár cheart cost-éifeachtúlacht na dtionscadal a dtabharfar tacaíocht dóibh a bheith mar an t-aon toisc amháin a chuirfear san áireamh agus na treoirlínte á dtarraingt suas maidir le cistiú a leithdháileadh ó BHE. Ina ionad sin, ba cheart roinnt critéir cáilíochta breise, lena n-áirítear caighdeáin inbhuanaitheachta comhshaoil agus sóisialta, a chur san áireamh.

1.8.

Creideann CESE nach mór córas trádála astaíochtaí an Aontais (CTA) a neartú tuilleadh; áirítear leis sin bearta cosanta éifeachtacha atá dírithe ar allmhairí (sásra coigeartaithe ar theorainneacha). Conair praghsanna atá intuartha agus a bhfuil leibhéal íseal luaineachta acu, d’fhéadfadh sin cabhrú le cinnteacht infheistíochta a chruthú don infheistíocht is gá sa hidrigin ghlas. Ba cheart gurb iad príomhthosaíochtaí an Choimisiúin slándáil infheistíochta a áirithiú faoi CTA AE, deireadh a chur le fóirdheontais gáis nádúrtha agus tacaíocht a chur ar fáil le haghaidh taighde, teicneolaíocht agus nuálaíocht do theicneolaíochtaí chun hidrigin ghlas a tháirgeadh agus a dháileadh.

1.9.

Tá sé á chur i bhfáth ag CESE nach mór úsáid hidrigine a bheith faoi réir ardcheanglais sábháilteachta teicniúla, go háirithe i gcás suiteálacha oibríochtúla, agus gur gá coinníollacha agus faireachán a fhorchur chun rioscaí a shainaithint agus a laghdú.

1.10.

Is oth le CESE nár smaoiníodh a dhóthain ar chur chun feidhme na straitéise sna hearnálacha éagsúla agus tá sé ag iarraidh go mbeadh rannpháirtíocht níos mó ag an bpobal sa phróiseas claochlaithe sin — ar leibhéal na cuideachta agus ar an leibhéal polaitiúil. Thairis sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag forbairt na hidrigine glaise ar chostais fuinnimh teaghlaigh.

1.11.

Molann CESE don Choimisiún idirthréimhsí don earnáil tionsclaíochta a shoiléiriú de réir riachtanais earnála bunaithe ar chonairí agus spriocanna laghdaithe astaíochtaí. Ní mór tacú le tionscail na cruaiche, na stroighne agus na gceimiceán, mar aon le codanna den earnáil iompair, chun a gcórais fuinnimh agus a modhanna táirgthe a athrú. Tá CESE á chur i bhfáth go bhféadfadh sé, mura ndéanfar amhlaidh, nach dtiocfaidh na tionscail atá dian ar astaíochtaí CO2 slán ón athrú.

1.12.

Creideann CESE gur cheart do BHE a áirithiú, i gcomhar leis na Ballstáit agus lena gcuid údarás, sin agus le huirlisí agus institiúidí cistiúcháin eile de chuid an Aontais, go ndéanfar cistí a chomhordú ionas gurb é an tairbhe is mó is féidir a bheidh á bhaint astu agus an rómhaoiniú á sheachaint ag an am céanna.

1.13.

Tá CESE den tuairim gur cheart forálacha a áireamh sa BHE atá ar aon dul leis na forálacha san Inflation Reduction Act sna Stáit Aontaithe maidir leis an ngnáthphá, forbairt an lucht saothair, agus printíseachtaí cuir i gcás.

1.14.

Mar an gcéanna leis an smaoineamh atá taobh thiar de BHE, aontaíonn CESE nach mór dreasachtaí a chruthú chun go dtiocfaidh margadh hidrigine chun cinn. Dá ndéanfaí géarú, mar atá beartaithe, ar na rialacha maidir le díchuachadh ar úinéireacht na gcuideachtaí atá comhtháite go hingearach, chuirfí srian ar roinnt mhaith tionscadail bhardasacha. Chuirfeadh sé sin bac ar an mborradh hidrigine agus chuirfeadh sé deireadh tapa le tionscadail fóntais bhardasacha atá comhtháite ar an leibhéal áitiúil.

1.15.

Tá CESE ag iarraidh nach mbeidh cuideachtaí poiblí ná cuideachtaí bardasacha faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le cuideachtaí margadhbhunaithe faoi chláir chistiúcháin BHE.

1.16.

Tá CESE den tuairim nach n-éireoidh leis an aistriú fuinnimh Eorpach ach amháin má tá an trádáil dhomhanda in amhábhair, agus go háirithe fuinneamh, bunaithe ar phrionsabail na hinbhuanaitheachta éiceolaíochta agus sóisialta agus ar chur chun cinn foinsí fuinnimh inathnuaite.

2.   Cúlra

2.1.

Leagtar amach sa Teachtaireacht maidir le BHE (1) smaointe ginearálta maidir le dearadh BHE mar ionstraim airgeadais chun tús a chur le táirgeadh agus allmhairiú hidrigine glaise san Aontas agus chun allmhairiú agus táirgeadh na hidrigine sin a chur chun cinn, chomh maith le maoiniú poiblí agus príobháideach agus, ar an gcaoi sin, margaí agus slabhraí luacha a chruthú di. Dá bhrí sin, ní banc atá sa BHE. Leagtar amach ceithre cholún sa tionscnamh BHE, ceithre cholún ba cheart a bheith oibríochtúil faoi dheireadh 2023. Is é an smaoineamh atá ann go ndúnfar an bhearna chostais idir hidrigin ghlas agus breoslaí iontaise le haghaidh tionscadail luatha leis an BHE trí chóras ceantála agus íocaíocht sheasta in aghaidh an kg/H2 a tháirgfear ar feadh 10 mbliana ar a mhéad. Tá córas beartaithe chun trédhearcacht agus comhordú maidir le hinfhaighteacht a áirithiú, lena n-áirítear socruithe nó comhaontuithe le tríú tíortha chun hidrigin a fháil.

2.2.

Níl nasc soiléir sa Teachtaireacht idir beartas hidrigine an Aontais agus an cur chuige straitéiseach maidir le neamhspleáchas oscailte agus beartas tionsclaíoch agus iomaíochta an Aontais. Níl ach faisnéis theoranta ann maidir leis na hacmhainní a úsáidtear ón gciste nuálaíochta, maidir leis an ath-leithdháileadh acmhainní atá beartaithe agus maidir leis an ngaol a bhfuiltear ag súil leis idir an infheistíocht phoiblí agus an infheistíocht phríobháideach. Ar an gcaoi chéanna, níor sainaithníodh tosaíocht ar bith maidir le táirgeadh, úsáid agus dáileadh hidrigine glaise.

2.3.

Agus buiséad EUR 3 bhilliún aige, tá BHE ceaptha cuidiú le margadh hidrigine a fhorbairt, spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus astaíochtaí gás ceaptha teasa glan-nialasacha a bhaint amach faoi 2040. Meastar gur infheistíocht EUR 335-471 billiún (2) a bheidh de dhíth chun táirgeadh hidrigine a fhorbairt, rud a chiallaíonn nach mór don chuid is mó den chistiú sin teacht ó na Ballstáit agus ó fhoinsí príobháideacha, fiú agus cistí eile de chuid an Aontais atá ar fáil á gcur san áireamh.

2.4.

I ndáil leis an méid sin, cuireann an Coimisiún i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag hidrigin ghlas maidir le córas fuinnimh neamhspleách a chruthú atá cliste, barrfheabhsaithe, slán agus atá comhtháite ar bhealach níos fearr. Is féidir ról tábhachtach a bheith ag hidrigin ghlas agus an slabhra luacha a ghabhann leis maidir le héagsúlachtaí i sreafaí fuinnimh inathnuaite a fhritháireamh agus soláthairtí spriocdhírithe a chur ar fáil d’earnálacha ar deacair iad a leictriú nó nach féidir iad a leictriú.

2.5.

Is féidir hidrigin a tháirgeadh ar bhealaí éagsúla ach is minic nach bhfuil sí neamhdhíobhálach don aeráid, glas ná aeráidneodrach fiú. An foinse fuinnimh a úsáidtear chun í a tháirgeadh, is é sin an fachtóir cinntitheach, e.g. hidrigin ‘donn’ a tháirgtear ó ghású guail, hidrigin ‘liath’ a tháirgtear trí fhuinnimh iontaise a úsáid agus hidrigin ‘dearg’ a tháirgtear trí chumhacht núicléach a úsáid. Gintear méideanna móra meatáin mar thoradh ar tháirgeadh hidrigine ‘goirme’ agus déantar an dé-ocsaíd charbóin a eascraíonn as sin a ghabháil agus a stóráil. Mar sin féin, ní féidir hidrigin ghlas a thabhairt ar aon cheann díobh seachas hidrigin ‘ghlas’ í féin a tháirgtear trí bharrachas fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh (fuinneamh gaoithe, fuinneamh uisce nó grianfhuinneamh) (3) a úsáid. I ndáil leis an méid sin, tá béim á leagan ag CESE ar an tuairim uaidh TEN/718 (4), inar cuireadh in iúl gur díol sásaimh dó an soiléiriú ón gCoimisiún maidir leis an sainmhíniú ar hidrigin ghlan. Luaitear ann freisin, áfach, go mbeidh féidearthachtaí fós ann faoin straitéis, sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, do chineálacha eile hidrigine ísealcharbóin a tháirgtear trí úsáid a bhaint as breoslaí iontaise le gabháil agus stóráil carbóin (CCS), ar teicneolaíocht í atá fós in úsáid. Ar fud an domhain, ní fhéadfaí ach 1 % de na riachtanais fuinnimh a shásamh faoi láthair le hidrigin ghlas — acmhainn neamhchoitianta gann atá ann a bhfuil straitéis de dhíth ina leith mar sin.

2.6.

Sa togra le haghaidh Plean REPowerEU, d’iarr an Coimisiún go gcuirfí dlús le forbairt na teicneolaíochta hidrigine faoi shamhradh 2023 chun an bonneagar a chruthú chun 20 milliún tona hidrigine a tháirgeadh, a allmhairiú agus a iompar faoi 2030 (5).

2.7.

Is é is aidhm don Chlár InvestEU tacú le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach i dteicneolaíochtaí atá neamhdhíobhálach don aeráid, lena n-áirítear teicneolaíochtaí tiomána hidrigine. Molann GDIP nósanna imeachta InvestEU a shimpliú agus iad a chur in oiriúint do na riachtanais atá ann faoi láthair. Is é is aidhm don Chiste don Nuálaíocht tacú le teicneolaíochtaí agus réitigh nuálacha lena gcabhraítear le dícharbónú a dhéanamh ar thionscail dianfhuinnimh agus le húsáid fuinnimh inathnuaite agus stórála fuinnimh a leathnú. De réir GDIP, cuirfear EUR 40 billiún ar fáil chun na críche sin le linn na tréimhse deich mbliana seo. Cuirfidh BHE EUR 3 bhilliún ar fáil chun tacú le forbairt mhargadh hidrigine an Aontais. Dá bhrí sin, ní mór do na Ballstáit agus don infheistíocht phríobháideach formhór na riachtanas infheistíochta a chomhlíonadh.

2.8.

De réir meastacháin ó Hydrogen Europe, cruthófar tuairim is aon mhilliún post nua, lena n-áirítear thart ar 150 000 post ardoilte, a bhuí le táirgeadh hidrigine an Aontais.

3.   Barúlacha ginearálta

Tacú le hidrigin ghlas gan eisceacht

3.1.

Tá CESE á chur i bhfáth nár cheart breoslaí iontaise a fhóirdheonú trí chistí AE. Dá bhrí sin, ní mór prionsabal na neamhdhíobhála a luaitear go sainráite i dtacsanomaíocht an Aontais a chur i bhfeidhm freisin ar chistí a bhaineann le BHE. Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE nár cheart leictrealú hidrigine a mhaoiniú trí chistiú ón Aontas ach amháin má thagann an leictreachas a úsáidtear chun na críche sin (6) ó fhoinse atá comhoiriúnach leis an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht agus a mheastar go gcuireann sé go mór leis an dícharbónú. I ndáil leis an méid sin, tá sé á chur chun suntais ag CESE nach mór tosaíocht a thabhairt don hidrigin ghlas faoi BHE (7), ós rud é gurb í an t-aon rogha atá comhoiriúnach le cuspóirí na haeráidneodrachta.

3.2.

San fhadtéarma, níor cheart tacaíocht airgeadais a chur ar fáil ach do tháirgeadh hidrigine glaise. Molann CESE gurb iad na hearnálacha ar deacair iad a leictriú mar a thugtar orthu a bheadh i gceist leis an gcéad cheant a d’fhógair an Coimisiún d’fhómhar 2023 chun tacú le táirgeadh hidrigine glaise.

3.3.

San am céanna, aithníonn CESE go mbeidh gá le hidrigin ‘ghorm’ a úsáid go dtí go mbeidh méid leordhóthanach ar fáil ar phraghas inghlactha. Chun an t-éileamh a bhainistiú, ba cheart do BHE a bheith ina uirlis le haghaidh comhiomlánú éilimh, lena dtabharfaí forléargas ar sholáthar agus éileamh hidrigine in earnálacha ar deacair iad a leictriú agus lena gcomhthiomsaítear í chun go mbeidh praghas an tsoláthair chomh híseal agus is féidir, rud a chiallaíonn go n-oibreoidh sé ar aon dul le hArdán Fuinnimh an Aontais, mar a mholtar sa Teachtaireacht ó BHE.

3.4.

Tá CESE ar aon intinn leis an tuairim a leagtar amach sa Teachtaireacht ó BHE, is é sin go bhféadfadh sásra soláthair chomhpháirtigh le haghaidh hidrigine in earnálacha ar deacair iad a leictriú cuidiú le hiomaíocht a sheachaint laistigh den Eoraip agus soláthar comhpháirteach a chur chun cinn ina ionad sin. D’fhéadfadh an soláthar comhpháirteach sin cuidiú leis na chéad slabhraí luacha feidhmiúla a fhorbairt le haghaidh allmhairí isteach san Aontas. Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go mbeidh inniúlacht ghairmiúil shuntasach de dhíth ar BHE i roinnt réimsí éagsúla, agus é i gceannas ar mhaoiniú agus ar chomhordú araon.

3.5.

Tá CESE i gcoinne foinsí neamh-inathnuaite fuinnimh a úsáid ó eangacha leictreachais na hEorpa le haghaidh próisis leictrealaithe dianfhuinnimh, rud a mhéadódh an t-éileamh foriomlán ar fhuinneamh. Ina ionad sin, tá gá le rialacha soiléire trédhearcacha chun barrachas leictreachais ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh a úsáid go heisiach chun táirgeadh hidrigine glaise a leathnú. Tá CESE á chur i bhfáth gur gá úsáid hidrigine a chur chun cinn i dtaca le hacmhainní fuinnimh inathnuaite a fhorbairt agus gan í a úsáid ach amháin i gcás nach féidir leictriú díreach a dhéanamh.

3.6.

Mar a leagtar amach i dTreochlár Hidrigine na hEorpa (8), níl úsáid hidrigine glaise oiriúnach d’úsáid fhorleathan laethúil an tomhaltóra deiridh, go háirithe i réimsí an iompair phríobháidigh agus na gcóras téimh.

3.7.

Creideann CESE nár cheart cost-éifeachtúlacht na dtionscadal a dtabharfar tacaíocht dóibh a bheith mar an t-aon toisc amháin a chuirtear san áireamh agus na treoirlínte á dtarraingt suas maidir le cistiú a leithdháileadh ó BHE. Ina ionad sin, ní mór an tslándáil fuinnimh, an inbhuanaitheacht chomhshaoil, cur chun cinn agus cothabháil post ardcháilíochta agus práinn na hinfheistíochta a bheith i measc na bpríomhchritéar. Ina theannta sin, ba cheart é a bheith éigeantach iomaíochas a áirithiú, critéir shóisialta agus chomhshaoil a bhunú agus fuinneamh inathnuaite a chur in úsáid laistigh de na tíortha is soláthróirí.

3.8.

Creideann CESE nach mór CTA AE atá ann a neartú tuilleadh; áirítear leis sin bearta cosanta éifeachtacha atá dírithe ar allmhairí (sásra coigeartaithe ar theorainneacha). Conair praghsanna atá intuartha agus a bhfuil leibhéal íseal luaineachta acu, d’fhéadfadh sin cabhrú le cinnteacht infheistíochta a chruthú don infheistíocht is gá sa hidrigin ghlas. Ba cheart na nithe seo a leanas a bheith mar thosaíochtaí don Choimisiún: méideanna a bhainistiú go héifeachtach agus cinnteacht infheistíochta a áirithiú faoi CTA AE; deireadh a chur le fóirdheontais gáis nádúrtha; agus maoiniú a chur ar fáil le haghaidh taighde, teicneolaíocht agus nuálaíocht do theicneolaíochtaí chun hidrigin ghlas a tháirgeadh agus a dháileadh.

3.9.

Tá sé á chur i bhfáth ag CESE nach mbeifear in ann geilleagar hidrigine earnáilsonrach agus feidhmchlár-shonrach a fhorbairt mura nglacann an pobal leis agus mura bhfuil siad rannpháirteach ann, bíodh sin na fiontraithe, na hoibrithe nó na tomhaltóirí. Is trua le CESE an easpa machnaimh ar chur chun feidhme na straitéise sna hearnálacha éagsúla agus tá sé ag iarraidh go mbeadh rannpháirtíocht níos mó ag an bpobal sa phróiseas claochlaithe sin — ar leibhéal na cuideachta agus ar an leibhéal polaitiúil. Thairis sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag forbairt na hidrigine glaise ar chostais fuinnimh teaghlaigh.

3.10.

Tá an bealach réitithe ag an gCoimisiún cheana féin d’infheistíocht i dteicneolaíocht hidrigine glaise agus i bhforbairt bonneagair trí IPCEI Hy2Tech a fhormheas. Tá CESE á iarraidh go mbeadh comhleanúnachas ann idir bearta tacaíochta BHE, agus tionscnaimh atá ann cheana, cláir thacaíochta agus tionscadail IPCEI.

Spleáchais straitéiseacha a laghdú

3.11.

De réir Phlean REPowerEU, ba cheart 10 milliún tona de hidrigin ghlas a tháirgeadh san Aontas faoi 2030. Ba cheart tús áite a thabhairt d’fhorbairt agus do leathnú acmhainneacht táirgeachta na hEorpa chun neamhspleáchas fuinnimh a bhaint amach ionas nach mbeifear ag cur le spleáchais straitéiseacha nua. Agus an méid sin á chur san áireamh, ba cheart foinsí soláthair agus conarthaí soláthair a éagsúlú agus ní mór luachanna Eorpacha a chur san áireamh agus hidrigin á hallmhairiú. Ní mór na dálaí iarbhír geografacha (e.g. cumas agus acmhainneachtaí táirgthe agus onnmhairithe sa tír) agus spriocanna an Aontais maidir le huathriail straitéiseach a chur san áireamh sa phróiseas sin. Ba cheart tiomantas d’inbhuanaitheacht chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíoch a bheith mar chuid de na comhaontuithe le tríú tíortha.

3.12.

Thairis sin, tá CESE den tuairim nár cheart comhaontuithe allmhairiúcháin le haghaidh hidrigine glaise a thabhairt i gcrích ach amháin má théann an breisluach chun tairbhe do tháirgeoirí náisiúnta sna tíortha is soláthróirí agus má tháirgtear an hidrigin a allmhairítear ó thríú tíortha trí úsáid a bhaint as barrachas leictreachais ó fhuinneamh inathnuaite agus as sin amháin. Téann sé sin chun tairbhe aistriú glan-nialasach an gheilleagair san Aontas Eorpach agus i dtríú tíortha.

3.13.

Creideann CESE nach n-éireoidh leis an aistriú fuinnimh Eorpach ach amháin má tá an trádáil dhomhanda in amhábhair, agus go háirithe fuinneamh, bunaithe ar phrionsabail na hinbhuanaitheachta éiceolaíochta agus sóisialta freisin agus ar chur chun cinn foinsí fuinnimh inathnuaite. Níor cheart do bheartas fuinnimh agus tionsclaíoch an Aontais bac a chur ar thíortha an domhain ó dheas a n-aistriú cóir féin a chur i bhfeidhm ná níor cheart cosc a chur orthu a gcumas féin a fhorbairt in earnáil na hidrigine. Tá an t-eastóscadh fuinnimh straitéiseach díobhálach don aistriú fuinnimh domhanda agus, dá bhrí sin, déanfaidh sé dochar don aistriú fuinnimh Eorpach san fhadtéarma freisin. Ina ionad sin, tá gá le cineálacha cur chuige nua chun comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le comhar aeráide agus fuinnimh a thabhairt i gcrích.

Maoiniú agus cur chun feidhme institiúideach

3.14.

Creideann CESE gur cheart do BHE a áirithiú, i gcomhar leis na Ballstáit agus le huirlisí agus institiúidí cistiúcháin eile de chuid an Aontais, go ndéanfar cistí a chomhordú ar bhealach lena mbainfear an tairbhe is mó is féidir astu agus an rómhaoiniú á sheachaint san am céanna. San am céanna, chun a chinntiú go n-éireoidh le BHE, ní mór bacainní maorlathacha maidir le rochtain a fháil ar chistí a íoslaghdú, go háirithe i bhfianaise shimplíocht an Inflation Reduction Act sna Stáit Aontaithe. Tá aird á tarraingt ag CESE ar an ngá atá le timpeallacht tharraingteach agus shlán a chur ar fáil d’infheisteoirí ionas nach rachaidh infheistíochtaí in áiteanna eile, infheistíochtaí a mheallfaí le dálaí fabhracha fadtéarmacha faoi mar a chuirtear ar fáil le Inflation Reduction Act na Stát Aontaithe.

3.15.

Tá CESE den tuairim gur cheart forálacha a áireamh sa BHE atá ar aon dul leis na forálacha san Inflation Reduction Act sna Stáit Aontaithe maidir leis an ngnáthphá, forbairt an lucht saothair, agus printíseachtaí chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag líon níos mó agus níos éagsúla d’oibrithe oilte ar phoist mhaithe agus go mbeidh na scileanna is gá ag oibrithe chun spriocanna fuinnimh ghlain a bhaint amach.

3.16.

Ós rud é go bhfuil gá le mórinfheistíocht phríobháideach in éineacht le hinfheistíocht phoiblí, tá gá le meastachán ex ante a dhéanamh ar éifeachtaí iolraitheora na n-infheistíochtaí poiblí, bunaithe ar an meastóireacht bheacht ex post ar éifeachtaí iolraitheora na gclár a bhí ann le déanaí (InvestEU, IPCEInna, etc.).

3.17.

Creideann CESE nach mór dreasachtaí a chruthú amhail líonraí eangaí cliste, bonneagar, acmhainneachtaí stórála agus creataí dlíthiúla a fhorbairt má tá margadh hidrigine le teacht chun cinn. Leis an ngéarú atá beartaithe, ó 2031 ar aghaidh, ar na rialacha maidir le díchuachadh úinéireachta cuideachtaí atá comhtháite go hingearach — fóntais bhardasacha go minic — a d’fhéadfadh a bheith gníomhach i dtáirgeadh hidrigine nó in oibriú eangaí, chuirfí srian ar roinnt mhaith tionscadail bhardasacha. Chuirfeadh sé sin bac ar an mborradh hidrigine agus chuirfeadh sé deireadh tapa le tionscadail fóntais bhardasacha atá comhtháite ar an leibhéal áitiúil.

3.18.

Tá CESE ag iarraidh nach mbeidh cuideachtaí poiblí ná cuideachtaí bardasacha faoi mhíbhuntáiste le hais cuideachtaí faoi chláir chistiúcháin BHE atá bunaithe ar an margadh.

An ghné shóisialta

3.19.

Le linn géarchéimeanna iomadúla, tá sé ríthábhachtach infheistíocht a dhéanamh i bpoist a bheidh slán i bhfad na haimsire. Dá bhrí sin, tá CESE á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé oiliúint ardcháilíochta a chur ar fáil d’oibrithe agus an gá atá le hearnáil an fhuinnimh a dhéanamh níos tarraingtí do dhaoine óga san Eoraip. Agus an sprioc sin á cur san áireamh, d’fhéadfadh an tAontas ionaid barr feabhais a bhunú do phrintíseachtaí i bpoist a mbeidh gá leo i ndáil le hidrigin ghlas. I ndáil leis sin, ba cheart comhleanúnachas a áirithiú leis na hacadaimh um na tionscail ghlan-nialasachta a mholtar i GDIP an Choimisiúin. Leis na hacadaimh sin, ba cheart cláir uas-scilithe agus athscilithe a thabhairt isteach in earnálacha straitéiseacha fuinnimh agus táirgthe amhail hidrigin ghlas. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún oibriú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chun próisis chaighdeánaithe chreidiúnaithe a chruthú, chun aitheantas frithpháirteach cáilíochtaí a áirithiú agus chun treoirlínte a chur ar fáil maidir le hoideachas agus oiliúint sa réimse sin.

3.20.

Sa bhreis ar na cláir uas-scilithe agus athscilithe sin a bhaineann le cuideachtaí agus earnálacha ar leith, ní mór díriú ar bhonn níos leithne, freisin, sa tsochaí ar an ngairmoiliúint agus ar an mbreisoideachas. Ní mór níos mó a dhéanamh ar fud an chórais oideachais chun feasacht a mhúscailt maidir leis an aistriú cóir agus chun na scileanna riachtanacha a chur ar fáil.

3.21.

Má táthar chun cruthú post a chothú trí theicneolaíocht hidrigine glaise a chur in úsáid, ní mór tacú le FBManna ós rud é gurb iadsan a chuireann beagnach dhá thrian den fhostaíocht ar fáil in earnáil phríobháideach na hEorpa, taobh amuigh den earnáil airgeadais (9). Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún, agus BHE á cheapadh aige, aird ar leith a thabhairt ar thacaíocht a thabhairt do FBManna.

3.22.

Tá CESE á thabhairt le fios freisin gur gá don Aontas smacht a choinneáil ar a chuid sócmhainní agus ar a chuid tionscal agus aghaidh a thabhairt ar an dumpáil thionsclaíoch ó réigiúin eile ar domhan chun iomaíochas an Aontais a fheabhsú agus chun a chuid athléimneachta a neartú.

Ceanglais sábháilteachta

3.23.

Tá sé á chur i bhfáth ag CESE nach mór úsáid na hidrigine a bheith faoi réir ardcheanglais sábháilteachta teicniúla, go háirithe i gcás suiteálacha oibríochtúla, agus gur gá coinníollacha agus faireachán a fhorchur chun rioscaí a shainaithint agus a laghdú.

An Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  https://energy.ec.europa.eu/system/files/2023-03/COM_2023_156_1_GA_ACT_part1_v6.pdf

(2)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin Eorpaigh SWD (2022)230, leathanach 28.

(3)  Wasserstoff-Farbenlehre (córas dathanna hidrigine) | SOLARIFY.

(4)  (IO C 123, 9.4.2021, lch. 30).

(5)  COM(2022) 230 final, lch. 7, agus SWD(2022) 230 final, lch. 26.

(6)  Mar shampla, má léiríonn oibreoir leictrealóra go bhfaigheann sé leictreachas le haghaidh leictrealú díreach ó ghléasra fuinnimh inathnuaite nuathógtha nó má tá conradh soláthair leictreachais aige nach gcuirtear i bhfeidhm ach amháin nuair a bhíonn praghsanna diúltacha sa mhargadh mórdhíola.

(7)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste Eorpach na Réigiún A hydrogen strategy for a climate-neutral Europe, (COM(2020) 301 final) [Straitéis hidrigine le go mbeadh an Eoraip aeráidneodrach] (IO C 123, 9.4.2021, lch. 30).

(8)  An Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan (2019): Treochlár Hidrigine na hEorpa, Conair inbhuanaithe don aistriú fuinnimh san Eoraip Hydrogen roadmap Europe – Publications Office of the EU (europa.eu) [Treochlár Hidrigine na hEorpa – Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (europa.eu)].

(9)  https://www.touteleurope.eu/actualite/les-entreprises-dans-l-union-europeenne.html


18.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 293/133


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceadúnais tiomána, lena leasaítear Treoir (AE) 2022/2561 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 383/2012 ón gCoimisiún

(COM(2023) 127 final — 2023/0053 (COD))

agus — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeacht uile Aontais a bheith ag dícháiliúcháin tiomána áirithe

(COM(2023) 128 final – 2023/0055 (COD))

(2023/C 293/19)

Rapóirtéir:

Philippe CHARRY

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 17.4.2023

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 20.4.2023 agus 26.4.2023

Bunús dlí

Airteagal 91(1) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa rannóg

16.5.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.6.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

579

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

210/1/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is éard is aidhm don phacáiste reachtach atá molta ag an gCoimisiún Eorpach a áirithiú nach bhfaigheadh duine ar bith bás ar aon mhodh iompair ar bhóithre an Aontais Eorpaigh faoi 2050. Tugtar aghaidh sa tuairim seo ar dhá ghné den athchóiriú, eadhon, ar thaobh amháin, ceadúnas tiomána digiteach a thabhairt isteach agus, ar an taobh eile, forfheidhmiú cionta sábháilteachta ar bhóithre uile an Aontais a neartú.

1.2.

Tá sé mar chuspóir freisin ceadúnas tiomána digiteach a chur ar fáil do thiománaithe an Aontais Eorpaigh chun deireadh a chur leis na difríochtaí agus leis na moilleanna riaracháin ó Bhallstát go chéile maidir le hiarratais ar mhalartú ceadúnas ó thiománaithe eachtracha a phróiseáil, rud a chuireann bac ar an tsaoirse gluaiseachta. Beifear in ann an ceadúnas tiomána seo a choinneáil ar an bhfón póca nó ar mheán digiteach ar bith eile. Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i bhfách leis an gcuspóir sin, ach tá súil aige go mbeidh ceadúnais tiomána pháipéarbhunaithe ar fáil do thiománaithe ar mian leo a leithéid a bheith acu. Ina theannta sin, ar mhaithe le cuimsiú digiteach gach aoisghrúpa, molann CESE oiliúint agus cóitseáil phearsantaithe in aisce a chur ar fáil maidir le conas ceadúnais tiomána dhigiteacha nua a úsáid.

1.3.

Ar an gcaoi chéanna, molann CESE deireadh a chur leis an laghdú ar bhailíocht ceadúnas tiomána ar bhonn aoise i gcás daoine atá 70 bliain d’aois nó os a chionn sin, rud dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Togra le haghaidh Treoir maidir le ceadúnais tiomána. Iarrann sé go mbeadh cur chuige neamh-idirdhealaitheach ann, le measúnú docht liachta, a bheadh infheidhme maidir le gach tiománaí a bhfuil lagú sainaitheanta air a chuirfeadh isteach ar a chumas tiomána.

1.4.

Ba mhaith le CESE go ndéanfadh an Togra le haghaidh Treoir maidir le dícháiliúcháin tiomána coimircí níos fearr a sholáthar i gcoinne an riosca forluí a bheith ann le réimse an chomhair in ábhair choiriúla. Go deimhin, an malartú faisnéise atá beartaithe maidir le cionta arna ndéanamh ag tiománaithe, is amhlaidh atá sé bunaithe ar Airteagal 91(1)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir leis an gcomhbheartas iompair, cé gur cosúil go mbaineann an malartú faisnéise atá beartaithe idir na húdaráis náisiúnta le cionta coiriúla atá bunaithe ar phrionsabail an chomhair póilíneachta, dá bhforáiltear in Airteagal 87 CFAE, agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, dá bhforáiltear in Airteagal 82 CFAE.

1.5.

Tugann CESE dá aire go bhfuil an pacáiste reachtaíochta dírithe ar an ngné dhaonna cé gurb í an easpa cothabhála a dhéantar ar na bóithre is cúis le go leor tionóiscí bóthair agus tugann sé dá aire freisin nach luaitear an fhreagracht atá ar na bainisteoirí bonneagair bóithre ina leith in aon chor. Dar le CESE, i bhfianaise na hidirghníomhaíochta le Treoir (AE) 2019/1936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), Treoir a bhfuil faireachán á dhéanamh ag an gCoimisiún ar a trasuí faoi láthair, agus fiú i bhfianaise fhorluí na mbeart éagsúil, tá an baol ann go mbainfí an bonn ó éifeachtacht na Treorach atá beartaithe trí ionstraimí dlíthiúla atá ró-ilroinnte a chruthú.

1.6.

Foráiltear leis an Togra le haghaidh Treoir maidir le dícháiliúcháin tiomána, i gcás inar gá, go mbeidh an uimhir aitheantais náisiúnta a luaitear ar an gcárta aitheantais mar chuid de na sonraí leictreonacha a mhalartaítear idir na húdaráis náisiúnta. Mar sin féin, i roinnt mhaith Ballstát is féidir trí bhíthin na huimhreach aitheantais náisiúnta rochtain a fháil ar chomhad leighis an duine lena mbaineann. Tugann CESE dá aire go dtoirmisctear i bprionsabal leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí próiseáil sonraí a bhaineann leis an tsláinte toisc gur sonraí ‘íogaire’ iad. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí an Togra le haghaidh Treorach a shoiléiriú ina leith sin.

1.7.

Ba mhaith le CESE go mbainfí den togra reachtach an fhoráil lena gceadaítear bearta cur chun feidhme a ghlacadh don Treoir maidir le dícháiliúcháin tiomána fiú sula ndéantar í a thrasuí sna Ballstáit, toisc go sáraíonn sin prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, prionsabal ordlathas na norm agus prionsabal a gcur i bhfeidhm in imeacht ama.

1.8.

Tugann CESE dá aire gur féidir cead a thabhairt do dhaoine óga tosú ar leoraithe a thiomáint ó 17 mbliana d’aois amach. Tá sé á thabhairt chun suntais aige freisin gur gá an ghairmoiliúint a chuirtear ar thiománaithe feithiclí earraí troma a oiriúnú agus a ndálaí oibre agus a bpá a fheabhsú d’fhonn an post a dhéanamh níos tarraingtí. Iarrann sé ar an gCoimisiún fostóirí a spreagadh chun feabhas a chur ar chúrsaí ar gach bealach dá bhfuil ann, cuir i gcás trí oiliúint a neartú nó feasacht a ardú sna Ballstáit.

1.9.

Molann CESE comhchuibhiú a dhéanamh d’fhonn a áirithiú, tar éis dóibh oiliúint theoiriciúil a fháil sa scoil tiomána agus ceachtanna tiomána praiticiúla, go bhfaigheadh ábhair tiománaithe feithiclí earraí troma taithí phraiticiúil tiomána i dteannta teagascóir sainoilte. Ní cheadófaí do thiománaí 17 mbliana d’aois feithiclí earraí troma a thiomáint ach amháin tar éis dó tástáil tiomána fhada sonrach a chur de, mar ba cheart. Tá CESE ag iarraidh go mba chéim sa treo sin an Togra le haghaidh Treorach.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Is éard is aidhm don phacáiste reachtach atá molta ag an gCoimisiún a áirithiú nach dtarlóidh bás ar bith ar aon mhodh iompair ar bhóithre an Aontais Eorpaigh (AE) faoi 2050, agus go ndéanfar líon na mbásanna ar bhóithre a laghdú 50 % faoi 2030. Moltar ann ceadúnas tiomána digiteach a thabhairt isteach a bheidh bailí i ngach Ballstát agus forfheidhmiú trasteorann na rialacha maidir le dícháiliúcháin tiomána a fheabhsú. Tugann an Coimisiún dá aire gurb iad na leoraithe agus na gluaisteáin is cúis le formhór na dtionóiscí marfacha, agus gur d’úsáideoirí leochaileacha a bhaineann 70 % de na timpistí a tharlaíonn i gceantair uirbeacha.

2.2.

Dírítear sa tuairim seo ar dhá cheann de thograí an phacáiste reachtaigh, lena n-áirítear gné a bhaineann le cosc agus gné a bhaineann le forfheidhmiú:

is éard atá i gceist le taobh an choisc tiománaithe a ullmhú ar bhealach níos fearr le haghaidh na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha agus tiománaithe a ullmhú le tiomáint ar bhóithre na cathrach, taobh le níos mó rothar, le feithiclí dhá roth eile agus le go leor coisithe;

áirítear leis an bhforfheidhmiú rochtain níos fearr ar chláir feithiclí atá i seilbh na mBallstát maille le comhar feabhsaithe idir na Ballstáit agus cionta á n-imscrúdú.

2.3.

An bhéim ar leith a leagtar sa phacáiste reachtach ar fheithiclí leictreacha, tá sin i gcomhréir freisin leis na cuspóirí maidir leis an lorg carbóin, na hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus an truailliú torainn a laghdú.

2.4.

Cuirtear san áireamh freisin éabhlóid theicneolaíoch feithiclí, an t-aistriú ó bhoscaí luais láimhe go boscaí uathoibríocha, agus athruithe ar mheáchan na bhfeithiclí.

Ceadúnas tiomána digiteach

2.5.

Sa Togra le haghaidh Treoir COM(2023) 127 final, déantar foráil maidir le ceadúnas tiomána digiteach a thabhairt isteach ó 2023 ar aghaidh. Tá forálacha ann freisin maidir leis an aistriú chuig ‘feithiclí saor ó astaíochtaí’ a éascú.

2.6.

Leis na rialacha sin, leasaítear Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), arb é an cuspóir a bhí léi an tsábháilteacht ar na bóithre a fheabhsú agus saoirse gluaiseachta a éascú, tríd an méid seo a leanas a thabhairt isteach:

ceadúnas tiomána éigeantach aonair AE do gach tiománaí ó 2033 ar aghaidh chun cosaint níos fearr i gcoinne na calaoise agus an ghóchumtha a áirithiú;

catagóiriú ceadúnas tiomána de réir an chineáil feithicle agus na haoise íosta le haghaidh tiomána;

athnuachan riaracháin éigeantach a dhéanamh ar gach ceadúnas tiomána nua uair sna deich mbliana;

simpliú ar an ualach riaracháin do thiománaithe a athraíonn a n-áit chónaithe go Ballstát eile;

caighdeáin íosta chomhchoiteanna a chur i bhfeidhm maidir le scileanna, eolas agus folláine coirp agus mheabhrach tiománaithe;

rochtain de réir a chéile ar ghluaisrothair chumhachtacha bunaithe ar aois íosta agus ar thaithí roimhe sin ar ghluaisrothair nach bhfuil chomh cumhachtach céanna;

líonra a chruthú chun faisnéis faoi cheadúnais tiomána a mhalartú idir na húdaráis náisiúnta (RESPER).

2.7.

Tá dhá phríomhchúis leis an gceathrú hathbhreithniú seo ar na rialacha maidir le ceadúnais tiomána. Ar thaobh amháin, tá ról nach beag ag cumas, iompar agus sláinte an tiománaí i dtaca le líon nach beag de na tionóiscí marfacha ar na bóithre, nó bíonn iarmhairtí tromchúiseacha nó gortuithe neamh-mharfacha mar thoradh orthu. Is fíor go dtéann an iomarca sealbhóirí ceadúnais ar an roth agus gan iad in inmhe tiomáint. I ndáil leis sin, is cosúil nach bhfuil an critéar aoise cinntitheach a thuilleadh, mar léiríonn staidéir a rinneadh nach bhfuil baint shonrach ag critéir shonracha leighis áirithe a bhaineann le húsáid drugaí, meabhairshláinte, titimeas, diaibéiteas, sláinte an chroí agus aipnia chodlata go sonrach le haois, agus gur mó an tábhacht atá leo ná le ceist na haoise chun oiriúnacht an duine chun tiomána a chinneadh.

2.8.

Ar an taobh eile, tá feasacht theoranta ar rioscaí, ar eolas agus ar chleachtas ag tiománaithe óga. Is léir ón líon ard tionóiscí a bhaineann le tiománaithe óga nach bhfuil na ceanglais maidir le ceadúnas tiomána a fháil oiriúnach go hiomlán do chuspóir na sábháilteachta ar na bóithre.

2.9.

Ina theannta sin, beidh tionchar ag teacht chun cinn leanúnach na nithe seo a leanas – tiomáint chuidithe, coscánú éigeandála uathoibríoch agus feithiclí uathoibrithe – ar an tiomáint, rud a chuirfidh Treoir 2006/126/CE atá i bhfeidhm faoi láthair ó bhail.

2.10.

Dealraíonn sé freisin go bhfuil bac ar shaorghluaiseacht shaoránaigh na hEorpa mar gheall ar na foirmiúlachtaí riaracháin a bhaineann le ceadúnas tiomána a fháil, a aithint, a choimeád cothrom le dáta nó a mhalartú i mBallstát seachas an Ballstát inar eisíodh é. Cruthaíonn critéir áirithe de chuid Threoir 2006/126/CE, amhail ‘gnáthchónaí’, fadhbanna iomadúla maidir le léirmhíniú, sa mhéid nach bhféadfaidh roinnt sealbhóirí ceadúnais tiomána tiomáint ar feadh níos mó ná sé mhí ina dtír chónaithe nua i gcásanna áirithe. Ina theannta sin, uaireanta bíonn sé deacair ar shaoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile a dtástáil tiomána a chur díobh i dteanga nach í a dteanga féin í, go háirithe ós rud é nach gcuirtear cúnamh ó ateangaire ar fáil dóibh chuige sin.

2.11.

Ina theannta sin, níl aon rialacha comhchoiteanna ann maidir le haitheantas a thabhairt do cheadúnais tiomána arna n-eisiúint i dtríú tír do dhuine a théann chun cónaithe san Aontas, agus é á chur san áireamh go bhféadfadh sé nach n-aithneofaí ceadúnas arna eisiúint ag Ballstát amháin mar cheadúnas bailí i mBallstát eile.

2.12.

Ar deireadh, déanann go leor Ballstát foráil do cheadúnas tiomána digiteach, nó tá ceadúnas tiomána digiteach tugtha isteach acu cheana, ceadúnas atá bailí gan an ceanglas cárta aitheantais an tiománaí a thaispeáint. Mar sin féin, ní fhoráiltear i dTreoir 2006/126/CE ach d’aithint ceadúnas tiomána i bhfoirm páipéir amháin, rud a chuireann bac nua ar shaorghluaiseacht shaoránaigh na hEorpa.

2.13.

Tá an Togra le haghaidh Treorach i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (3) ós aidhm dóibh cabhrú le cathracha agus timpeallachtaí maireachtála a dhéanamh níos cuimsithí, níos sábháilte, níos athléimní agus níos inbhuanaithe faoi 2030, agus rochtain ar chórais iompair atá sábháilte, inacmhainne, inrochtana agus inbhuanaithe a chur ar fáil do chách. Tá an Togra i gcomhréir freisin le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais ós rud é go ndéantar foráil ann do rialacha nua maidir le boscaí luais uathoibríocha agus maidir le meáchan uasta le haghaidh fhormhór na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha ar de chatagóir B iad.

2.14.

Tugtar aird ar leith ann freisin ar úsáideoirí leochaileacha bóithre, amhail rothaithe, coisithe, lucht úsáidte scútar, daoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, agus éascófar athnuachan ceadúnas ar de chatagóir C agus de chatagóir D iad, rud atá fabhrach do ghnóthais iompair, ar FBManna iad den chuid is mó.

Sábháilteacht ar na bóithre agus breis forfheidhmiúcháin

2.15.

In 2018, leag an tAontas Eorpach síos mar sprioc dó féin líon na mbásanna ar na bóithre a laghdú 50 % faoi 2030. Ar an drochuair, is cúis an-mhór imní iad na figiúirí sa tuarascáil is déanaí a foilsíodh i mí Feabhra 2023: maraíodh 20 600 duine i dtimpistí bóthair san Eoraip anuraidh.

2.16.

Leis an Togra le haghaidh Treoir COM(2023) 128 final maidir le héifeacht uile-Aontais a bheith ag dícháiliúcháin tiomána áirithe, laghdaítear an tsaoirse ó phionós trí chead a thabhairt do na húdaráis náisiúnta rochtain a bheith acu ar chláir náisiúnta ceadúnas tiomána, agus trí fheabhas a chur ar an gcomhar eatarthu maidir le fíneálacha a aisghabháil.

2.17.

Moltar ann go leathnófaí an comhar sin, comhar atá ann cheana féin i réimse an luais, chuig cionta eile, amhail mainneachtain cloí le hachair sábháilteachta i leith feithiclí eile, feithiclí eile a scoitheadh go contúirteach ar an mbóthar, go háirithe trí línte bána a thrasnú, agus páirceáil chontúirteach.

2.18.

Is éard is aidhm don athchóiriú atá beartaithe feabhas a chur ar an gcaoi a bhfoghlaimítear an tiomáint, ós rud é gur tiománaithe faoi bhun 30 bliain d’aois a bhuailtear in dhá cheann as gach cúig thionóisc mharfacha san Eoraip. Déantar foráil ann maidir le forfheidhmiú níos déine i gcás daoine a bheith ag tiomáint agus an t-alcól ag obair orthu, trí thréimhse phromhaidh dhá bhliain ar a laghad a thabhairt isteach do thiománaithe a bhfuil ceadúnas faighte den chéad uair acu, agus riail a thabhairt isteach a chinntíonn nach nglactar beag ná mór le daoine a bheith ag tiomáint faoi thionchar alcóil (4)

2.19.

Cumhdaítear sa Togra le haghaidh Treorach sáruithe arna ndéanamh ag tiománaithe nach bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát ina ndearna siad an cion. In 2019, i gcás níos mó ná 40 % de na tiománaithe a rinne cion i mBallstát eile seachas an tír ina bhfuil cónaí orthu, níor ionchúisíodh iad ná níor íoc siad fíneáil dá dheasca sin, agus níor sainaithníodh ach 50 % de dhéantóirí na gcionta sin.

2.20.

De réir an Togra le haghaidh Treorach, ba cheart caitheamh ar an gcaoi chéanna le cónaitheoirí agus neamhchónaitheoirí araon i gcás sáruithe agus ba cheart é a bheith de rogha acu fíneálacha a íoc trí bhíthin tairseach TF. Sonraítear ann, áfach, go gcoinneoidh gach tír a reachtaíocht féin maidir le coiriúlú agus pionóis.

2.21.

Dá bhrí sin, beartaítear leis an athchóiriú go gceadófar do na húdaráis náisiúnta rochtain a bheith acu ar chláir náisiúnta agus go gcuirfear feabhas ar an gcomhar eatarthu agus fíneálacha á n-aisghabháil. Leathnófar an comhar sin, comhar atá ann cheana féin i réimse an luais, chuig cionta eile, amhail mainneachtain cloí le hachair sábháilteachta i leith feithiclí eile, feithiclí eile a scoitheadh go contúirteach ar an mbóthar, agus páirceáil chontúirteach.

2.22.

Foráiltear leis an athchóiriú freisin go bhféadfar ceadúnais tiomána a tharraingt siar i ngach Ballstát de chuid an Aontais agus comhchuibhiú a dhéanamh ar na rialacha maidir le ceadúnais tiomána a chur ar fionraí agus a chur ar ceal trí phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i gcás nach ngéillfidh tiománaí do shoilse tráchta, i gcás ina sáróidh sé go contúirteach an teorainn luais údaraithe agus i gcás ina ndiúltóidh sé dul faoi thástálacha alcóil nó drugaí.

3.   Barúlacha sonracha

3.1.

Measann CESE nach ndéantar leis an Togra le haghaidh Treoir maidir le dícháiliúcháin tiomána, togra atá bunaithe ar Airteagal 91(1)(c) CFAE maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais iompair, coimircí leordhóthanacha a sholáthar i gcoinne an riosca forluí a bheith ann le réimse an chomhair in ábhair choiriúla. Go deimhin, baineann an malartú faisnéise atá beartaithe le cionta coiriúla agus tá comhar póilíneachta i gceist leis freisin faoi Airteagal 87 CFAE chomh maith le comhar breithiúnach a bhaineann le hábhair choiriúla faoi Airteagal 87 CFAE; ar a shon sin, is ar Airteagal 91(1)(c) de CFAE, agus air amháin, atá an Treoir atá beartaithe bunaithe.

3.2.

Tugann CESE dá aire go bhfuil an Togra seo dírithe ar an ngné dhaonna, ach ní thugtar aird ann ar an gcaoi arb í an easpa cothabhála a dhéantar ar na bóithre is cúis le go leor tionóiscí bóthair, agus tugann sé dá aire freisin nach luaitear an fhreagracht atá ar na bainisteoirí bonneagair bóithre ina leith in aon chor. Dar le CESE, i bhfianaise na hidirghníomhaíochta le Treoir (AE) 2019/1936, Treoir a bhfuil faireachán á dhéanamh ag an gCoimisiún ar a trasuí faoi láthair, agus fiú i bhfianaise fhorluí na mbeart éagsúil, tá an baol ann go mbainfí an bonn ó éifeachtacht na Treorach atá beartaithe trí ionstraimí dlíthiúla atá ró-ilroinnte a chruthú.

3.3.

Foráiltear in Airteagal 5(2)(c) den Togra le haghaidh Treoir maidir le dícháiliúcháin tiomána, i gcás inar gá, go mbeidh an uimhir aitheantais náisiúnta a luaitear ar an gcárta aitheantais mar chuid de na sonraí leictreonacha a mbeidh rochtain ag na húdaráis náisiúnta orthu. Luaitear go sainráite i bPointe 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Togra le haghaidh Treoir maidir le ceadúnais tiomána dhigiteacha gur sonraí stóráilte ar mhicrishlis agus inléite ag léitheoir cártaí aitheantais a bheidh in uimhir an chárta aitheantais náisiúnta. Mar sin féin, i roinnt mhaith Ballstát is féidir trí bhíthin na huimhreach aitheantais náisiúnta rochtain a fháil ar chomhad leighis an duine lena mbaineann.

3.4.

Tugann CESE dá aire go dtoirmisctear i bprionsabal leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí próiseáil sonraí a bhaineann leis an tsláinte toisc gur sonraí ‘íogaire’ iad. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí an Togra le haghaidh Treorach a shoiléiriú ina leith sin.

3.5.

D’fhéadfaí cur chun feidhme Airteagal 5(2)(c) a leagan síos i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh ag an gCoimisiún faoin nós imeachta coiste, fiú roimh dháta an trasuite. Is oth le CESE an fhoráil sin lena gceadaítear bearta cur chun feidhme le haghaidh treorach a ghlacadh fiú sula ndéantar í a thrasuí sna Ballstáit, toisc go mbaineann sí an bonn ón deimhneacht dhlíthiúil trí neamhaird a thabhairt ar phrionsabal ordlathas na norm agus ar a gcur i bhfeidhm in imeacht ama.

3.6.

Dar le CESE, má thugtar cead do dhaoine óga tosú ar leoraithe a thiomáint ó 17 mbliana d’aois ar aghaidh, agus tionlacan leo, i ndóchas iad a spreagadh chun gairm an tiománaí a roghnú, de thoradh go bhfuil ganntanas tiománaithe leoraithe ann, ní leigheasfar ach cuid den fhadhb. Is gá freisin gairmoiliúint tiománaithe leoraithe a oiriúnú agus a ndálaí oibre agus a bpá a fheabhsú d’fhonn an post a dhéanamh níos tarraingtí. Iarrann sé ar an gCoimisiún fostóirí a spreagadh chun feabhas a chur ar chúrsaí ar gach bealach dá bhfuil ann, cuir i gcás trí oiliúint a neartú nó feasacht a ardú sna Ballstáit.

3.7.

Measann CESE gur cheart do na Ballstáit a bheith in ann tiománaithe atá 18 mbliana d’aois nó os a chionn sin a cheadú chun busanna agus feithiclí ar de chatagóir D/DE iad a thiomáint ar a gcríoch, gan an fhadteorainn 50 km.

3.8.

Foráiltear le hathchóiriú an cheadúnais tiomána gur féidir tiománaithe óga idir 16 agus 21 bhliain d’aois ag a bhfuil ceadúnas B1 a cheadú chun gluaisteáin ar luas teoranta a thiomáint. Is togra fónta é seo lenar féidir teorainn a chur le húsáid gluaisrothar éadrom nó scútar neamhshábháilte agus lenar féidir an easpa iompair phoiblí i roinnt réigiún a chur ina ceart, go háirithe ós rud é gur féidir le tiománaithe nach bhfuil an ceadúnas B acu gluaisteáin ar luas teoranta a úsáid nó fiú leas a bhaint astu mar réiteach sealadach do dhaoine scothaosta a bhfuil cumas laghdaithe tiomána acu. Tacaíonn CESE leis an dul chun cinn sin.

3.9.

Ba cheart é a bheith indéanta luas gluaisteán a theorannú freisin trí mhodhanna eile seachas tríd an teorainn luais a mholann an Coimisiún a chur i bhfeidhm. Is rogha mhalartach iontaofa agus nua-aimseartha iad na feistí teorannaithe luais leictreonacha. Ó thaobh na mBallstát de, d’fhéadfaidís foráil a dhéanamh do phionóis i gcás ina ndéanfaí teorainneacha luais innill a mhodhnú go neamhdhleathach.

3.10.

Tacaíonn CESE freisin leis an bhféidearthacht atá beartaithe feithiclí breosla ionadúil a thiomáint a bhfuil suas le 4 250 kg meáchan acu ach ceadúnas B a bheith ag an tiománaí, ós rud é go bhféadfadh sé sin dlús a chur le leictriú an fhlít leoraithe éadroim agus an ganntanas tiománaithe a mhaolú. Thairis sin, tá líon mór veaineanna leictreacha idir 3 500 agus 4 250 kg tugtha isteach ag monaróirí feithiclí cheana féin, a bhfuil acmhainn luchtúcháin acu atá coibhéiseach le toilleadh na veaineanna díosail atá ar an margadh faoi láthair.

3.11.

De réir CESE, tar éis dóibh oiliúint theoiriciúil a fháil sa scoil tiomána agus ceachtanna tiomána praiticiúla, ba cheart d’ábhair tiománaithe feithiclí earraí troma taithí phraiticiúil tiomána a fháil i dteannta teagascóir speisialaithe. Ba cheart oiliúint faoi leith a bheith curtha ar na monatóirí chun gur féidir an cuspóir sin a bhaint amach.

3.12.

Ní cheadófaí do thiománaí 17 mbliana d’aois feithiclí earraí troma a thiomáint ach amháin tar éis dó tástáil tiomána fhada sonrach a chur de, mar ba cheart. Ba cheart, dá bhrí sin, an Togra le haghaidh Treorach a fhorlíonadh dá réir sin.

An Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Treoir (AE) 2019/1936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Treoir 2008/96/CE maidir le sábháilteacht an bhonneagair bóthair a bhainistiú (IO L 305, 26.11.2019, lch. 1).

(2)  Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le ceadúnais tiomána (IO L 403, 30.12.2006, lch. 18).

(3)  https://sdgs.un.org/

(4)  Tar éis an cheist a phlé leis an gCoimisiún, soiléiríodh gur cheart coincheap na neamhfhulaingthe a thuiscint i bhfianaise an méid atá réasúnta go teicniúil.


18.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 293/138


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1227/2011 agus (AE) 2019/942 chun feabhas a chur ar chosaint an Aontais ar chúbláil margaidh sa mhargadh mórdhíola fuinnimh

(COM(2023) 147 final)

(2023/C 293/20)

Rapóirtéir:

Alena MASTANTUONO

Comhrapóirtéir:

Lutz RIBBE

Comhairliúchán

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 31/03/2023

Parlaimint na hEorpa, 29/03/2023

Bunús dlí

Airteagal 194(2) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa rannóg

16.5.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.6.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

579

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

217/5/5

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Mar a cuireadh in iúl in go leor de na tuairimí a thug sé roimhe seo, measann an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go bhfuil sé ríthábhachtach feabhas a chur ar dhálaí ionas go bhfeidhmeoidh na margaí fuinnimh níos fearr, a fhad agus a thugtar aghaidh ar chúbláil margaidh agus ar fheiniméin eile a shaobhann margaí agus a mbíonn tionchar diúltach acu ar ghnólachtaí, ar theaghlaigh agus ar an tsochaí ina hiomláine.

1.2.

Sa chomhthéacs sin, is díol sásaimh do CESE bunchuspóir an Rialacháin atá beartaithe, is é sin trédhearcacht na margaí mórdhíola fuinnimh agus an faireachán a dhéantar orthu a neartú. Mar sin féin, tá CESE á chur in iúl nach mór diandíospóireacht agus measúnú tionchair a dhéanamh sula dtiocfaidh aon tionscnaimh i bhfeidhm.

1.3.

Dá bhrí sin, is oth le CESE nach ndearnadh comhairliúchán iomlán ná measúnú tionchair ar na tograí maidir le dearadh an mhargaidh leictreachais. Tá sé den tuairim nár cheart aon athchóiriú a dhéanamh faoi dheifir agus gur uirlisí luachmhara iad comhairliúcháin phoiblí agus measúnuithe tionchair sa phróiseas reachtóireachta.

1.4.

Sa tuairisc ar chomhthéacs beartais an Rialacháin atá beartaithe, cuireann an Coimisiún i dtábhacht an imní atá ar thomhaltóirí, lucht tionscail agus infheisteoirí maidir le neamhchosaint ar phraghsanna gearrthéarmacha luaineacha atá treoraithe ag praghsanna arda gáis. Mar sin féin, ní dhearnadh anailís cheart ar dhrochúsáid cumhachta margaidh ná ar chúbláil margaidh go dtí seo. Tá gá le faireachán agus anailís leanúnach a dhéanamh sa todhchaí ionas go mbeifear in ann idirghabhálacha iomchuí a dhéanamh agus freagraí rialála iomchuí a thabhairt ar bhealach pras agus ar bhonn fónta.

1.5.

Tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá an comhar idir na húdaráis chun cúbláil margaidh a bhrath agus aghaidh a thabhairt uirthi agus tá sé i bhfabhar comhar breise agus níos mó malartuithe faisnéise idir na húdaráis a oibríonn i réimse an fhuinnimh, réimse na hiomaíochta agus i réimse na rialála airgeadais. Ar an mbealach céanna, is díol sásaimh do CESE go ndéanfar na sainmhínithe ar fhaisnéis ón taobh istigh agus ar chúbláil margaidh a chur de réir rialacha an mhargaidh airgeadais.

1.6.

Cuireann CESE in iúl a thábhachtaí atá an comhar idir údaráis náisiúnta agus údaráis ar leibhéal an Aontais. Leagann sé béim freisin ar an ngá atá ann a áirithiú go ndéanfar dualgais a roinnt go hiomchuí agus go héifeachtúil idir na húdaráis rialála náisiúnta agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER). Ní mór inniúlachtaí ACER agus na dálaí ina bhfeidhmíonn ACER a chur san áireamh agus a chumhachtaí á neartú agus ní mór na srianta atá air maidir le hinniúlachtaí náisiúnta, amhail an dliteanas coiriúil, a chur san áireamh ag an am céanna. Ní inniúlachtaí ACER a neartú an rud is ceart a chur in ionad rialacha níos soiléire agus níos comhchuibhithe maidir leis an bhfaireachán margaidh a dhéanann na húdaráis náisiúnta.

1.7.

Agus béim á leagan aige ar an tábhacht a bhaineann le cáilíocht sonraí agus trédhearcacht na trádála a mhéadú, measann CESE go bhfuil sé tábhachtach próisis agus ceanglais sonraí agus faisnéise a chuíchóiriú d’fhonn an t-ualach riaracháin a íoslaghdú. Maidir le forbairt an mhargaidh, tá CESE á thabhairt le fios nár cheart iontrálaithe nua a dhíspreagadh le rialacha nua. A mhéid a bhaineann leis na ceanglais nua maidir le trádáil algartamach, d’fhéadfadh an togra cur le héagothroime iomaíochta idir rannpháirtithe sa mhargadh ar fud an Aontais, ós rud é go socraítear faoin Rialachán gur ar an leibhéal náisiúnta amháin a dhéanfar an cinneadh faoi thréimhsiúlacht na gceanglas faisnéise. Iarrann an Coiste go mbeadh comhréireacht ann maidir leis an tuairisciú sonraí agus maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal na haonuaire. Ba cheart díriú san athbhreithniú ar chóras trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a chruthú, a fhad agus a seachnaítear mí-úsáid a bhaint as na sonraí arna mbailiú.

2.   Cúlra agus éirim an téacs

2.1.

Is é is cuspóir don Rialachán atá beartaithe (dá ngairtear ‘an togra’ anseo feasta) feabhas a chur ar chosaint an Aontais in aghaidh cúbláil margaidh ar an margadh mórdhíola fuinnimh. Chuige sin, moltar ann leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) (Rialachán REMIT) agus Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (Rialachán ACER).

2.2.

Tá an togra seo mar chuid den phacáiste beart níos leithne a mhol an Coimisiún chun athchóiriú a dhéanamh ar dhearadh an mhargaidh leictreachais, pacáiste arb é is aidhm dó dlús a chur leis an méadú ar an bhfuinneamh in-athnuaite, tomhaltóirí a chosaint ar mhéadú tobann ar phraghsanna agus ar chúbláil, agus rannchuidiú le hiomaíochas na dtionscal. Thairis sin, tá nasc idir an togra agus reachtaíocht an mhargaidh airgeadais (go háirithe an Rialachán maidir le Drochúsáid Mhargaidh) trí ionstraimí amhail díorthaigh fuinnimh.

2.3.

Bunaítear leis an togra ceanglais le haghaidh rannpháirtithe sa mhargadh agus le haghaidh na n-údarás araon. Dírítear ann ar nósanna imeachta amhail bailiú agus bainistiú sonraí, tuairisciú, roinnt agus nochtadh faisnéise, agus imscrúduithe agus pionóis. Moltar ann go ndéanfaí roinnt sainmhínithe a athrú freisin. Áirítear an méid seo a leanas sna príomh-mholtaí:

Moltar go ndéanfaí na sainmhínithe ar chúbláil margaidh agus ar fhaisnéis ón taobh istigh a shoiléiriú agus a choigeartú chun iad a ailíniú leis an Rialachán maidir le Drochúsáid Mhargaidh. Chuirfí leis an sainmhíniú ar tháirge margaidh mórdhíola chun a chumhdach leis freisin na horduithe sin chun trádáil a dhéanamh i dtríú tíortha atá rannpháirteach i gcúpláil amháin lá roimh ré agus cúpláil amháin ionlae san Aontas a bhféadfadh seachadadh san Aontas a bheith mar thoradh orthu.

Chuirfí leis an mbailiú sonraí chun margaí nua cothromúcháin agus trádáil algartamach a chumhdach leis. Thabharfaí de chumhacht don údarás rialála náisiúnta a cheangal ar an rannpháirtí sa mhargadh tuairisc a sholáthar maidir le gnéithe amhail straitéisí trádála algartamaí agus bearta comhlíontachta agus rialaithe riosca.

Moltar rialacha sonracha maidir le sonraí a bheith á soláthar do ACER ag rannpháirtithe sa mhargadh GNL agus oibleagáidí a bheadh ar ACER chun measúnú ar phraghsanna GNL agus tagarmharc GNL a tháirgeadh agus a fhoilsiú go laethúil.

Ba cheart faisnéis ón taobh istigh a nochtadh do ACER trí Ardáin um Fhaisnéis ón Taobh Istigh (IIPanna), agus níor mhór faisnéis maidir le hidirbhearta a sholáthar trí Shásraí Tuairiscithe Cláraithe (RRManna). Bheadh ar ACER na IIPanna agus na RRManna a údarú.

Bheadh na húdaráis náisiúnta agus ACER faoi cheangal faisnéis maidir le sáruithe amhrasta ar tháirgí margaidh mórdhíola a roinnt ar bhonn rialta. Bheadh gá le comhar idir na húdaráis náisiúnta éagsúla: rialtóirí fuinnimh, údaráis na margaí airgeadais, údaráis iomaíochta agus údaráis chánach. Theastódh comhar idir ACER agus ESMA ar leibhéal an Aontais freisin. Bheadh na húdaráis rialála náisiúnta inniúil chun imscrúdú a dhéanamh ar aon táirge margaidh mórdhíola a chuirfí ar a margaí gan beann ar an áit ina bhfuil cónaí ar an rannpháirtí margaidh ná an áit ina bhfuil sé nó sí bunaithe.

Moltar go ndéanfaí ról ACER a neartú maidir leis an maoirseacht agus an forfheidhmiú a dhéantar ar ghníomhaíochtaí faoi Rialachán REMIT. Is é is cuspóir don mhéid sin imscrúduithe cuí ar sháruithe amhrasta ag rannpháirtithe margaidh atá bunaithe lasmuigh den Aontas a áirithiú agus imscrúduithe a chomhordú go háirithe i gcásanna trasteorann. Thabharfaí de chumhacht d’ACER freisin cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, le cúnamh ó na húdaráis rialála náisiúnta.

Moltar sa togra pionóis atá le tabhairt isteach ar an leibhéal náisiúnta a chomhchuibhiú, lena n-áirítear fíneálacha comhchuibhithe maidir le sáruithe ar Rialachán REMIT.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Is díol sásaimh do CESE gur éist an Coimisiún Eorpach leis an iarraidh uaidh go ndéanfaí athbhreithniú ar REMIT. Cuireann sé i dtábhacht nach mór a leagan síos leis an athbhreithniú sin creat chun na rioscaí a bhaineann le drochúsáid mhargaidh a mhaolú trí bhíthin trédhearcacht níos fearr sa mhargadh agus cáilíocht níos fearr na sonraí margaidh. Is é ba cheart a bheith mar sprioc fhoriomlán ag an athbhreithniú na hiarmhairtí saobhacha ar shocrú praghsanna de thoradh drochúsáid mhargaidh agus amhantraíocht a d’fhéadfadh a bheith ann a mhaolú. Ag an am céanna, ní mór aird a thabhairt ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag leachtacht an mhargaidh agus ag bacainní ar iontráil sa mhargadh ar ghníomhaithe nua sa mhargadh. Tá gá le rialacha soiléire margaidh ach ba cheart an iomaíocht a fheabhsú leo gan bac a chur uirthi. Tá CESE á chur in iúl gur tráchtearra é an fuinneamh nach bhfuil cosúil le haon tráchtearra eile. Tá an fuinneamh mar bhunchloch faoinár gcóras eacnamaíoch agus sóisialta agus, dá bhrí sin, baineann saintréithe earra phoiblí leis. Chuige sin, ba cheart an tráchtearra sin a bheith inrochtana do chách.

3.2.

Tá ardáin trédhearcachta margaidh tugtha isteach ag roinnt Ballstát, agus tá ardán Eorpach ag an Líonra Eorpach d'Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (ENTSO). Mar sin féin, trí anailís chórasach a dhéanamh ar na sonraí atá ar fáil ar na hardáin sin agus feasacht a bheith ag an bpobal orthu, chuirfí ar chumas na dtomhaltóirí agus na ngníomhaithe beaga margaidh tuiscint níos fearr a fháil ar neamhrialtachtaí agus aghaidh a thabhairt orthu.

3.3.

Is díol sásaimh do CESE bunchuspóir an togra chun aghaidh a thabhairt ar chúbláil margaí fuinnimh agus chun cosaint a thabhairt ina haghaidh. Chuige sin, measann CESE go bhfuil sé tábhachtach faireachán éifeachtúil a dhéanamh go trédhearcach ar na gníomhaíochtaí ar an margadh. Is díol sásaimh dó go gcomhlíontar leis an athbhreithniú ar REMIT an tsraith beart Aontais in aghaidh foirmeacha éagsúla amhantraíochta ar mhargadh an Aontais, amhail siúd a chuireann cosc ar chúbláil a bhaineann le saoráidí stórála gáis a fhágáil gan iad a líonadh. Tacaíonn sé leis an togra chun cur leis an sainmhíniú ar tháirgí mórdhíola fuinnimh d’fhonn a chumhdach ann na horduithe sin chun trádáil a dhéanamh i dtríú tíortha a bhféadfadh seachadadh san Aontas a bheith mar thoradh orthu.

3.4.

Cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór obair agus faireachán a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus molann sé na húdaráis náisiúnta a bheith ag comhoibriú lena gcomhúdaráis ar fud na mBallstát agus le rialaitheoirí Eorpacha a mhéid agus is féidir. Ní bheadh éifeacht leis an obair mura ndéanfaí amhlaidh.

3.5.

Chuir CESE i dtábhacht freisin nach mór diandíospóireacht agus measúnú tionchair a dhéanamh sula dtiocfaidh aon tionscnaimh i bhfeidhm (3). Cé go dtuigeann sé go gcuirfeadh iarraidh den sórt sin le fad an nós imeachta, cuireann sé i bhfios go bhfuil gá le reachtóireacht níos fearr. Dá bhrí sin, is oth le CESE nach ndearnadh comhairliúchán iomlán ná measúnú tionchair ar na tograí maidir le dearadh an mhargaidh leictreachais. Tá doiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin á thabhairt dá aire aige ach, is mian leis a thabhairt le fios, mar sin féin, nach mbaineann an nós imeachta céanna leis an gcineál doiciméid sin agus a bhaineann le measúnuithe tionchair. Chuige sin, cuireann sé i dtábhacht nach mór bearta nua a bheith i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus nár cheart ualach rómhór a chur ar na gníomhaithe margaidh.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Is díol sásaimh do CESE go bhforbrófar córas chun measúnuithe ar phraghsanna GNL agus tagarmharcanna GNL a tháirgeadh agus a fhoilsiú.

4.2.

Agus béim á leagan aige ar an tábhacht a bhaineann le cáilíocht sonraí agus trédhearcacht na trádála a mhéadú, measann CESE go bhfuil sé tábhachtach próisis agus ceanglais sonraí agus faisnéise a chuíchóiriú d’fhonn an t-ualach riaracháin a íoslaghdú. A mhéid a bhaineann leis na ceanglais nua maidir le trádáil algartamach, d’fhéadfadh an togra cur le héagothroime iomaíochta idir rannpháirtithe sa mhargadh ar fud an Aontais, ós rud é go socraítear faoin Rialachán gur ar an leibhéal náisiúnta amháin a dhéanfar an cinneadh faoi thréimhsiúlacht na gceanglas faisnéise.

4.3.

Tá CESE i bhfabhar comhar breise agus níos mó malartuithe faisnéise idir na húdaráis a oibríonn i réimse an fhuinnimh, réimse na hiomaíochta agus i réimse na rialála airgeadais. Ar an mbealach céanna, is díol sásaimh do CESE go ndéanfar na sainmhínithe ar fhaisnéis ón taobh istigh agus ar chúbláil margaidh a chur de réir rialacha an mhargaidh airgeadais.

4.4.

Cuireann CESE in iúl a thábhachtaí atá an comhar idir údaráis náisiúnta agus údaráis ar leibhéal an Aontais. Ag an am céanna, tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfar dualgais a roinnt go hiomchuí agus go héifeachtúil idir na húdaráis rialála náisiúnta agus ACER. Le leathnú chumhachtaí rialaithe ACER, cruthaítear údar imní maidir lena inniúla atá sé na cúraimí uile a bhainistiú, i bhfianaise na ndúshlán atá roimhe maidir leis an gclár oibre leathan atá aige faoi láthair a bhainistiú. Ní mór na húdaráis náisiúnta a neartú agus rialacha níos soiléire a bheith acu. Ba cheart do ACER díriú ar an ról atá aige mar chomhordaitheoir.

4.5.

Ba cheart leanúint ar an leibhéal náisiúnta den chumhacht chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh agus cinntí maidir le sáruithe REMIT a eisiúint, ós rud é gur ag na Ballstáit i ndeireadh na dála atá an inniúlacht eisiach cinneadh a dhéanamh faoi choinníollacha an dliteanais chóiriúil.

4.6.

Aontaíonn CESE nach mór pionóis a bheith éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach. Sa chomhthéacs sin, tugann an Coiste dá aire go bhfuil na fíneálacha atá beartaithe le haghaidh eintitis dhlíthiúla agus daoine nádúrtha ar leibhéal an-ard.

An Bhruiséil, 14 Meitheamh 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 326, 8.12.2011, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 158, 14.6.2019, lch. 22).

(3)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Idirghabhálacha gearrthéarmacha sa mhargadh fuinnimh agus feabhsuithe fadtéarmacha ar dhearadh an mhargaidh leictreachais — plean gníomhaíochta IO C 75, 28.2.2023, lch 185.


18.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 293/142


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceadú innealra soghluaiste nach innealra bóthair é atá i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí agus faireachas margaidh ar an innealra sin agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020

(COM(2023) 178 final — 2023/0090 (COD))

(2023/C 293/21)

Comhairliúchán

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 4.4.2023

Parlaimint na hEorpa, 17.4.2023

Bunús dlí

Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Rannóg um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.6.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

579

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

193/1/3

Ós rud é go bhfuil ábhar an togra formhuinithe ag Coiste Eacanamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus gurb é a mheas nach gá dó aon bharúil a thabhairt uaidh, chinn sé tuairim a eisiúint lena bhformhuinítear an téacs atá beartaithe.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


18.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 293/143


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú an Ghnímh chun Tacú le Táirgeadh Armlóin

(COM(2023) 237 final — 2023/0140 (COD))

(2023/C 293/22)

Comhairliúchán

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 10.5.2023

Parlaimint na hEorpa, 8.5.2023

Bunús dlí

Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.6.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

579

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

193/2/9

Ós rud é go bhfuil ábhar an togra formhuinithe ag Coiste Eacanamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus gurb é a mheas nach gá dó aon bharúil a thabhairt uaidh, chinn sé tuairim a eisiúint lena bhformhuinítear an téacs atá beartaithe.

An Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


18.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 293/144


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh

(COM(2023) 108 final — 2023/0056 (COD))

(2023/C 293/23)

Rapóirtéir ginearálta:

Stefano PALMIERI

Comhairliúchán

An Chomhairle, 10.3.2023

Parlaimint na hEorpa, 13.3.2023

Bunús dlí

Airteagal 43(2) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

15.6.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

579

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

151/0/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tá Coiste Eacanamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ag athdhearbhú na mbarúlacha atá aige i leith an togra le haghaidh Rialacháin a cuireadh i láthair i dtuairim 2018/05155 (1), i dtuairim 2020/02842 (2), agus i dtuairim 2022/01131 (3). Leagtar amach anseo thíos na conclúidí agus na moltaí a áirítear sna tuairimí úd.

1.2.

Creideann CESE gur cheart na bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe a ghlac Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) a thrasuí i ndlí an Aontais d’fhonn a gcur chun feidhme a áirithiú go haonfhoirmeach agus go héifeachtach laistigh den Aontas.

1.3.

Tá CESE den tuairim, áfach, nach éifeachtúil an sásra atá á bhunú ag an togra reatha chun na bearta arna nglacadh ag NAFO a thrasuí, agus nach réiteach ar an scéal na bearta sin a bheith le tabhairt cothrom le dáta gach bliain.

1.4.

Bheadh CESE ar son sásra níos éifeachtúla agus níos simplí a bhunú. Dá bhrí sin, molann sé rialachán a dhréachtú ina mbeidh aon airteagal amháin le sonrú nach mór don Aontas Eorpach bearta NAFO a chur i bhfeidhm ar a chabhlach féin gan eisceacht.

1.5.

Is mian le CESE béim a chur ar an riosca a bhaineann le córas gníomhartha tarmligthe a thabhairt isteach, ós rud é go dtabharfadh sé sin de chumhacht don Choimisiún reachtaíocht a rith agus gan ceangal air cloí leis na gnáthnósanna imeachta.

2.   Éirim an togra reachtaigh

2.1.

Is é is príomhchuspóir don togra reatha na bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe a ghlac NAFO ag an gcruinniú bliantúil i mí Mheán Fómhair 2022 a thrasuí i ndlí an Aontais.

2.2.

Tá leasuithe ann ar na dualgais nua atá ar na Ballstáit bhrataí pleananna taighde a thíolacadh, agus ceanglais i leith na soithí atá ag teastáil chun rannpháirtíochta i ngníomhaíochtaí taighde; rialáil ar tharraingtí trialacha ar dhul isteach i doinn den chéad uair ar turas iascaireachta; coigeartuithe chun péirsí mara a chosc i Roinn 3M; an toirmeasc ar shiorcanna beagcheannacha a thabhairt i dtír, a thrasloingsiú agus a choinneáil ar bord; agus soithí neamhdhleathacha, soithí neamhthuairiscithe agus soithí neamhrialáilte (NNN) a thrasliostú ó eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh eile.

2.3.

Déanann an togra cumhachtaí a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a leasú maidir leis na dualgais a bheidh ar na Ballstáit pleananna taighde a chur isteach, sin agus na ceanglais a bheidh ar shoithí gníomhaíochtaí taighde a dhéanamh, má leasaíonn NAFO a chuid beart lá is faide anonn.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Is éard a chreideann CESE gur cheart na bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe a glacadh ag an gcruinniú bliantúil deireanach de chuid NAFO a thrasuí i ndlí an Aontais d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach iad ar fud an Aontais.

3.2.

Creideann sé, áfach, nach éifeachtúil fós don sásra ar a bhfuil an nós imeachta trasuímh bunaithe arae leasaítear na bearta sin gach bliain agus is rímhall do nósanna imeachta maorlathacha an Aontais, rud a fhágann aga moille idir na rialacha arna nglacadh ag NAFO agus reachtaíocht an Aontais.

3.3.

Tá CESE á athdhearbhú gur gá nós imeachta níos cuíchóirithe a ghlacadh, amhail an nós imeachta a mhol sé in 2019, 2020 agus 2022, ar thacaigh riaracháin na mBallstát agus na n-earnálacha lena mbaineann leis freisin. Is éard a bheadh ann rialachán simplí, ina mbeadh airteagal aonair lena léireofaí tiomantas an Aontais Eorpaigh na rialacha a ghlacann NAFO gach bliain a chur i bhfeidhm ar a chabhlach gan eisceacht. Beidh an rialachán simplí sin faoi réir clásal a thabhairt isteach, clásal lena sonrófar nach mbeidh feidhm aige nó go dtaga na comhreachtóirí ar chomhaontú maidir leis an tsaincheist sin i gcás ina mbeidh beart ar bith dá nglacann NAFO ar neamhréir le dlí an Aontais.

3.4.

Tá CESE ag tabhairt rabhaidh arís, is é sin dá leanfaí ar aghaidh leis an Rialachán, d’fhéadfadh na rialacha teacht salach ar a chéile, nó ar a laghad tréimhsí éiginnteachta dlíthiúla a chur ann d’údaráis riaracháin agus do na gnólachtaí féin, mura mbeadh a fhios acu an gá dóibh na rialacha a bhí i bhfeidhm san Aontas roimhe sin nó na rialacha nua atá i bhfeidhm san Aontas a chomhlíonadh. Ina theannta sin, cruthaítear saobhadh leis an méid sin agus na bearta maidir le cabhlaigh neamh-AE á gcur i bhfeidhm.

3.5.

Creideann CESE gurb é an t-aon rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca córas na ngníomhartha tarmligthe a thabhairt isteach ná rialacha a leagan síos gan dul trí na gnáthnósanna imeachta.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Aithníonn CESE an ról tábhachtach atá ag soithí taighde maidir le faireachán agus measúnú ar stádas an chomhshaoil muirí, go háirithe i gcás an iascaigh. Is rud é cruinntréithriú na bpobal éiceolaíoch atá riachtanach i gcomhair an chaomhnaithe fad atá an bhithéagsúlacht gona gréasán bia i gceist. An saibhreas atá ann go háitiúil, is rud é a mbíonn athruithe móra air ó shéasúr go séasúr laistigh de dhobharcheantar na n-iasc, athruithe nach gá gurb ionann iad agus na hathruithe ar an mbithéagsúlacht agus ar nósanna itheacháin go feidhmiúil (5).

4.2.

Ní fada ó thug an pobal eolaíochta cur chuige nuálach isteach maidir le faireachán agus measúnú ar stádas an éiceachórais mhuirí, lena n-áirítear trí DNA comhshaoil (eDNA) a anailísiú agus a shamhaltú. De thairbhe an chur chuige sin, tá teicnící agus coincheapa ann lenar féidir tacú le rialachas agus le bainistiú éifeachtach an iascaigh (6). Aithníonn CESE gur sonraí comhlántacha iad sonraí an eDNA, sonraí lena gcuirtear faisnéis úsáideach ar fáil i dtaobh stádas an ghréasáin trófaigh agus an éiceachórais mhuirí. Ós amhlaidh go mbíonn eDNA á bhailiú ag cuid de na soithí taighde le linn a gcuid feachtas breathnóireachta, tá CESE ag iarraidh go gcuirfí bailiú agus stóráil an eDNA san áireamh sna sonraí luachmhara atá le comhtháthú i ngabhálacha éisc.

4.3.

Tá colúin Phrótacal Nagoya á gcomhlíonadh ag formhór na dtíortha, colúin a tháinig i bhfeidhm an 12 Deireadh Fómhair 2014, colúin a eascraíonn as an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch. Faoi scáth an phrótacail sin, is i gcomhréir leis na rialacháin is infheidhme maidir le rochtain agus comhroinnt an tsochair is ceart gníomhaíochtaí taighde agus forbartha a dhéanamh, (ABS) agus ní mór na gníomhaíochtaí céanna a bheith inrianaithe. I gcás inarb infheidhme, ní mór do na húdaráis inniúla na nósanna imeachta ABS uile is gá a chur i gcrích sula gcuirtear chun feidhme aon chlár taighde lena gceanglaítear acmhainní géiniteacha a úsáid agus a aistriú, is cuma cén tír a bheadh á soláthar. Tá Prótacal Nagoya sínithe ag formhór na dtíortha, ach tá sé gan daingniú ag cuid díobh fós (7).

4.4.

Cuireann an togra d’oibleagáid ar oibreoirí na soithí taighde sonraí áirithe a chur ar fáil má iarrtar iad, sonraí a d’fhéadfadh a bheith míchuí nuair a chuireann tosca seachtracha athruithe ar fheachtais bhreathnóireachta go tobann (e.g. dálaí na haimsire, faisnéis shonrach ó shatailítí faoi dháileadh na gcothaitheach). Tá roinnt iarrataí ann — e.g. an gá le breathnóir ag a bhfuil saineolas leordhóthanach ar bord, sin nó an oibleagáid atá ar shoithí suíomh a athrú i gcás foghabhála — a d’fhéadfadh laghdú éifeachta a chur sa phróiseas i dtaca le caomhnú agus le bainistiú éiceachóras muirí atá sláintiúil agus táirgiúil, go háirithe mura gcuirtear an fhaisnéis a bhailítear in iúl don phobal i gcoitinne.

4.5.

Mar gheall ar a dheacra atá sé an próiseas oibríochtúil a chur in oiriúint do na ceanglais reachtacha, agus vice versa, ba dhíol sásaimh do CESE cur chuige níos pragmataí a bheith ann, cur chuige agus é bunaithe ar chúrsaíocht thrédhearcach na faisnéise. Sa chomhthéacs sin, molann CESE go ndéanfaí curriculum vitae na saineolaithe a shainaithnítear mar bhreathnóirí inniúla a fhoilsiú ex post, mar aon le tuarascáil ghairid ina ndéanfar cur síos ar an réasúnaíocht agus ar na sonraí maidir leis an athrú ar an suíomh i gcás foghabhála. Dá gcuirfí an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí, d’fhéadfaí comhroinnt na ndea-chleachtas a chur chun cinn agus cur leis an dea-cháil atá ar na páirtithe leasmhara.

An Bhruiséil, an 15 Meitheamh 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)   IO C 159, 10.5.2019, lch. 60.

(2)   IO C 429, 11.12.2020, lch 279.

(3)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (COM(2022) 51 final — 2022/0035 (COD)) (IO C 290, 29.7.2022, lch. 149).

(4)  Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1627 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2115/2005 agus (CE) Uimh. 1386/2007 ón gComhairle (IO L 141, 28.5.2019, lch. 1).

(5)  Blackman et al., Communications Biology (2022) 5:259.

(6)  Gilbey et al., Marine Policy (2022), 124, 104331.

(7)  https://www.cbd.int/abs/nagoya-protocol/signatories/.


Ceartúcháin

18.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 293/147


Ceartúchán ar Thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — An Nós Imeachta um Éagothroime Shóisialta (tústuairim arna hiarraidh sin d’Uachtaránacht na Spáinne)

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 228 an 29 June 2023 )

(2023/C 293/24)

Ar leathanach 59, fonóta 3:

in ionad:

‘Eurostat: https://ec.europa.eu/eurostat/web/european-pillar-of-social-rights/overview (IO C 353, 18.10.2019, lch. 39)’,

léitear:

‘Eurostat: https://ec.europa.eu/eurostat/web/european-pillar-of-socialrights/overview’.

Ar leathanach 60, fonóta 4:

in ionad:

‘Tuairim ó CESE An Seimeastar Eorpach agus an beartas comhtháthaithe – i dtreo straitéise nua Eorpaí tar éis 2020 (níl leagan Gaeilge ann).’,

léitear:

‘Tuairim ó CESE An Seimeastar Eorpach agus an beartas comhtháthaithe – i dtreo straitéise nua Eorpaí tar éis 2020 (níl leagan Gaeilge ann) (IO C 353, 18.10.2019, lch. 39).’.