|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 262 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
66 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 262/01 |
||
|
2023/C 262/02 |
Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht |
|
|
2023/C 262/03 |
Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht |
|
|
2023/C 262/04 |
Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht |
|
|
2023/C 262/05 |
Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 262/06 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11180 – PRADA / ZEGNA / FEDELI) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 262/07 |
FÓGRA FAISNÉISE – COMHAIRLIÚCHÁN POIBLÍ — Tásca Geografacha ón tSeapáin |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
|
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
25.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 262/1 |
Rátaí malairte an euro (1)
24 Iúil 2023
(2023/C 262/01)
1 euro =
|
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
|
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,1096 |
|
JPY |
yen na Seapáine |
156,47 |
|
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4514 |
|
GBP |
punt steirling |
0,86350 |
|
SEK |
krona na Sualainne |
11,5495 |
|
CHF |
franc na hEilvéise |
0,9595 |
|
ISK |
króna na hÍoslainne |
146,30 |
|
NOK |
krone na hIorua |
11,1925 |
|
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
|
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
24,139 |
|
HUF |
forint na hUngáire |
378,38 |
|
PLN |
zloty na Polainne |
4,4460 |
|
RON |
leu na Rómáine |
4,9240 |
|
TRY |
lira na Tuirce |
29,9078 |
|
AUD |
dollar na hAstráile |
1,6469 |
|
CAD |
dollar Cheanada |
1,4635 |
|
HKD |
dollar Hong Cong |
8,6688 |
|
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,7888 |
|
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4762 |
|
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 420,86 |
|
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
19,7927 |
|
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
7,9749 |
|
IDR |
rupiah na hIndinéise |
16 667,21 |
|
MYR |
ringgit na Malaeisia |
5,0736 |
|
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
60,590 |
|
RUB |
rúbal na Rúise |
|
|
THB |
baht na Téalainne |
38,159 |
|
BRL |
real na Brasaíle |
5,2981 |
|
MXN |
peso Mheicsiceo |
18,7332 |
|
INR |
rúipí na hIndia |
90,7800 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
|
25.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 262/2 |
Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht
(2023/C 262/02)
Aghaidh náisiúnta an bhoinn nua chomórtha 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an bhFionlainn
Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéar euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn euro chomórtha a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2 euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2 euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin nó ó thaobh na hEorpa de.
Tír is eisitheoir: an Fhionlainn
Ábhar an chomórtha: Seirbhísí sóisialta agus sláinte
Tuairisc ar an dearadh: Is éard atá sa dearadh seo léarscáil stílithe den Fhionlainn. Ar thaobh na láimhe clé tá an litreoireacht ‘FOLLÁINE’ san Fhionlainnis agus sa tSualainnis. Tá bliain na heisiúna ‘2023’ beagán ar thaobh na láimhe clé i lár an bhoinn. Ag an mbun tá tásc na tíre is eisitheoir ‘FI’. Ar thaobh na láimhe deise tá marc mionta Mhionta na Fionlainne.
Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.
An líon measta bonn atá le heisiúint: 400 000
Dáta eisiúna: Fómhar 2023
(1) Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 i gcomhair aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.
(2) Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).
|
25.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 262/3 |
Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht
(2023/C 262/03)
Aghaidh náisiúnta an bhoinn nua chomórtha 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an nGréig
Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéar euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn euro chomórtha a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2 euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2 euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin nó ó thaobh na hEorpa de.
Tír is eisitheoir: an Ghréig
Ábhar an chomórtha: 150 bliain ó rugadh Constantin Carathéodory
Tuairisc ar an dearadh: Tá portráid den mhatamaiticeoir Gréagach, Constantin Carathéodory, le feiceáil sa dearadh. Tá an fhoclaíocht ‘CONSTANTIN CARATHÉODORY 1873-1950’ inscríofa ar feadh an chiumhais inmheánaigh ar chlé, agus ar dheis tá bliain a bhuailte ‘2023’ agus pailméad (marc mionta mhionta na Gréige); faoi bhun na portráide tá an inscríbhinn ‘AN PHOBLACHT HEILLÉANACH’.
Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.
An líon measta bonn atá le heisiúint: 750 000
Dáta eisiúna: Iúil 2023
(1) Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 i gcomhair aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.
(2) Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).
|
25.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 262/4 |
Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht
(2023/C 262/04)
Aghaidh náisiúnta an bhoinn comórtha nua 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an bhFrainc
Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéar euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn euro chomórtha a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2 euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2 euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin nó ó thaobh na hEorpa de.
Tír is eisitheoir: an Fhrainc
Ábhar an chomórtha: Corn an Domhain sa Rugbaí, an Fhrainc 2023
Tuairisc ar an dearadh: Ar ócáid Chorn an Domhain sa Rugbaí a eagraítear sa Fhrainc, déanann Monnaie de Paris ceiliúradh ar an rugbaí agus ar an gcomórtas seo ina dtabharfar le chéile foirne ó fiche náisiún.
Is éard atá sa dearadh imreoir rugbaí stílithe agus pas á thabhairt aige. Sa chúlra, is í an pháirc rugbaí an chruinneog ar a gcuirtear na cuaillí rugbaí. Tá an tacar mar chuid de réaltra rugbaí samhailteach ina bhfuil na pláinéid eile ubhchruthach. Cuirtear isteach suaitheantas an chomórtais in aice leis an imreoir, agus tá ainm an chomórtais timpeall ar an dearadh. Cuirtear isteach tásc na tíre is eisitheoir ‘RF’, an marc mionta agus an máistirmharc mionta faoin íomhá ar thaobh na láimhe deise. Cuirtear isteach ainm an chomórtais, an tír is eisitheoir ‘AN FHRAINC’ agus an bhliain ‘2023’ ar thaobh na láimhe clé. Tá ainm an chomórtais a bhaineann leis an dearadh, chomh maith leis an lua ‘RF, le feiceáil i gcló oifigiúil an imeachta, ar a dtugtar Mobius.
Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.
An líon measta bonn atá le heisiúint: 15 000 000
Dáta eisiúna: Meitheamh 2023
(1) Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 i gcomhair aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.
(2) Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).
|
25.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 262/5 |
Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht
(2023/C 262/05)
Aghaidh náisiúnta an bhoinn nua chomórtha 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an nGréig
Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéar euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn euro chomórtha a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2 euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2 euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin nó ó thaobh na hEorpa de.
Tír is eisitheoir: an Ghréig
Ábhar an chomórtha: 100 bliain ó rugadh Maria Callas
Tuairisc ar an dearadh: Tá portráid de Maria Calla, an soprán Gréagach mór le rá, le feiceáil sa dearadh. Tá an fhoclaíocht ‘100 BLIAIN Ó RUGADH MARIA CALLAS’ inscríofa ar feadh an chiumhais inmheánaigh, agus ar dheis tá bliain a bhuailte ‘2023’ agus pailméad (marc mionta mhionta na Gréige); faoi bhun na portráide tá an inscríbhinn ‘AN PHOBLACHT HEILLÉANACH’.
Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.
An líon measta bonn atá le heisiúint: 750 000
Dáta eisiúna: Iúil 2023
(1) Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 i gcomhair aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.
(2) Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME
An Coimisiún Eorpach
|
25.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 262/6 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11180 – PRADA / ZEGNA / FEDELI)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 262/06)
1.
An 13 Iúil 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
Prada S.p.A. (‘Prada’, an Iodáil), atá faoi rialú go hindíreach ag Ms Miuccia Bianchi Prada, |
|
— |
Ermenegildo Zegna N.V. (‘Zegna’, an Ísiltír), atá faoi rialú ag Monterubello s.s. (an Iodáil), |
|
— |
Luigi Fedeli e Figlio S.r.l. (‘Fedeli’, an Iodáil), atá faoi rialú ag an Uasal Luigi Fedeli. |
Gheobhaidh Prada agus Zegna rialú comhpháirteach ar Fedeli de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc (2).
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Tá Prada gníomhach in earnáil na sócúlachta, i ndearadh, táirgeadh agus dáileadh earraí leathair ardleibhéil, málaí, bróga, gabhálais faisin agus seoda. Oibríonn sé freisin comhaontuithe ceadúnúcháin in earnáil na n-earraí súl agus in earnáil an chumhráin. Tá Prada gníomhach freisin in earnáil an bhia agus na dí, |
|
— |
Tá Zegna gníomhach i ndearadh, cruthú agus dáileadh só-éadaí fear agus gabhálais faoi bhranda Zegna, chomh maith le héadaí ban, éadaí fear agus gabhálais faoi bhrandaí Thom Browne agus Tom Ford. Déanann Zegna fabraicí agus teicstílí a mhonarú agus a dháileadh freisin. |
|
— |
Is gnólacht teaghlaigh Iodálach é Fedeli a bunaíodh i 1934 i Monza, gnólacht atá gníomhach sa tionscal teicstíle ardleibhéil, agus déanann sé speisialtóireacht i dtáirgeadh fabraicí caismíre agus geirsí. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (3), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11180 – PRADA / ZEGNA / FEDELI
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
an Coimisiún Eorpach |
|
Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta |
|
Clárlann na gCumasc |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
(2) Beidh Fedeli á rialú go comhpháirteach ag Prada, Zegna agus an tUasal Fedeli. Ní rialaíonn an tUasal Fedeli gnóthais eile, ná ní dhéanann sé gníomhaíochtaí eacnamaíocha breise ar a chuntas féin, agus dá bhrí sin, ní mheastar é a bheith ina ghnóthas lena mbaineann de réir bhrí an Rialacháin um Chumaisc.
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
|
25.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 262/8 |
FÓGRA FAISNÉISE – COMHAIRLIÚCHÁN POIBLÍ
Tásca Geografacha ón tSeapáin
(2023/C 262/07)
De bhun Airteagal 14.30 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin, tá liosta de thásca geografacha breise atá le cosaint faoin gComhaontú curtha i láthair ag údaráis na Seapáine. Tá breithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún Eorpach faoi láthair maidir le cé acu an gcosnófar na tásca geografacha sin faoin gComhaontú nó nach gcosnófar.
Iarrann an Coimisiún ar aon Bhallstát nó ar aon tríú tír nó ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige ann, atá ina chónaí i mBallstát nó i dtríú tír nó atá bunaithe i mBallstát nó i dtríú tír agóidí in aghaidh na cosanta sin a chur isteach trí ráiteas cuí-réasúnaithe a thaisceadh.
Ní mór na ráitis agóide a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 2 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo. Ba cheart ráitis agóide a chur chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: AGRI-G3@ec.europa.eu
Ní dhéanfar scrúdú ar ráitis agóide ach amháin má fhaightear laistigh den tréimhse a leagtar amach thuas iad agus má léirítear an méid seo a leanas leo:
|
(a) |
go mbeadh cosaint an ainm atá beartaithe ar neamhréir le hainm cineáil planda nó póir ainmhí agus mar gheall air sin gur dócha go gcuirfeadh sé an tomhaltóir amú maidir le fíorthionscnamh an táirge; |
|
(b) |
go mbeadh an t-ainm a mholtar comhainmneach go hiomlán nó i bpáirt
|
|
(c) |
i bhfianaise an chlú agus na cáile atá ar thrádmharc agus an fad atá sé in úsáid, go mbeadh an baol ann go gcuirfeadh cosaint an ainm atá beartaithe an tomhaltóir amú maidir le fíorchéannacht an táirge; |
|
(d) |
go gcuirfeadh cosaint an ainm atá beartaithe an méid seo a leanas i mbaol
|
|
(e) |
nó má thugtar sonraí iontu lenar féidir a chinneadh gur ainm cineálach é an t-ainm atá á mheas lena chosaint. |
Déanfar meastóireacht ar na critéir dá dtagraítear thuas i ndáil le críoch an Aontais, nach dtagraíonn, i gcás cearta maoine intleachtúla, ach don chríoch nó do na críocha ina gcosnaítear na cearta sin. Tá cosaint fhéideartha na n-ainmneacha sin san Aontas Eorpach faoi réir thabhairt i gcrích rathúil an phlé arna dhéanamh faoi Airteagal 14.30 den Chomhaontú agus an ghnímh dhlíthiúil ina dhiaidh sin.
Liosta na dTásc Geografach (4)
|
Uimh. |
An t-ainm faoi chosaint sa Seapáin |
Leagan tras-scríofa in aibítir na Laidine (chun críoch faisnéise) |
An chatagóir táirgí agus tuairisc ghairid [idir lúibíní cearnacha, chun críoch faisnéise] |
|
1 |
はかた地どり / Hakata Jidori |
Hakata Jidori |
Feoil úr [sicín, scairteach] |
|
2 |
阿波尾鶏 / Awaodori |
Awaodori |
Feoil úr [sicín, scairteach] |
|
3 |
十勝ラクレット / Tokachi Raclette |
Tokachi Raclette |
Táirge beostoic próiseáilte [cáis] |
|
4 |
徳島すだち / Tokushima Sudachi |
Cliceáil grianghraf a mhéadú |
Táirge talmhaíochta [Sudachi(citreas)] |
|
5 |
深蒸し菊川茶・菊川深蒸し茶 / Tae glas galaithe domhain Kikugawa/Tae Kikugawa galaithe go domhain / Fukamushi Kikugawacha / Kikugawa Fukamushicha |
Fukamushi Kikugawacha/Kikugawa Fukamushicha |
Táirgí próiseáilte de Thionscnamh Talmhaíochta [duilleoga tae] |
|
6 |
行方かんしょ / Namegata Kansho/Práta milis Namegata |
Namegata Kansho |
Táirge talmhaíochta [práta milis] |
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(3) IO L 130, 17.5.2019, lch. 1.
(4) Liosta de na tásca geografacha atá cláraithe sa tSeapáin a sholáthair údaráis na Seapáine faoi chuimsiú an phlé atá ar siúl de réir Airteagal 14.30 den Chomhaontú.