|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
Imleabhar 66 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh |
|
|
2023/C 104/01 |
||
|
|
Cúirt Bhreithiúnais |
|
|
2023/C 104/02 |
||
|
|
Chúirt Ghinearálta |
|
|
2023/C 104/03 |
Cinneadh na Cúirte Ginearálta an 15 Feabhra 2023 maidir le tréimhsí na saoire breithiúnaí |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE |
|
|
|
Cúirt Bhreithiúnais |
|
|
2023/C 104/04 |
||
|
2023/C 104/05 |
||
|
2023/C 104/06 |
||
|
2023/C 104/07 |
||
|
2023/C 104/08 |
||
|
2023/C 104/09 |
||
|
2023/C 104/10 |
||
|
2023/C 104/11 |
||
|
2023/C 104/12 |
||
|
2023/C 104/13 |
||
|
2023/C 104/14 |
||
|
2023/C 104/15 |
||
|
2023/C 104/16 |
||
|
2023/C 104/17 |
||
|
2023/C 104/18 |
||
|
2023/C 104/19 |
||
|
2023/C 104/20 |
||
|
2023/C 104/21 |
||
|
2023/C 104/22 |
||
|
2023/C 104/23 |
Cás C-43/23 P: Achomharc arna thabhairt an 28 Eanáir 2023 ag DL i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) a tugadh an 18 Samhain 2022 i gCás T-586/22, DL v an Pharlaimint agus an Chomhairle (*1) |
|
|
2023/C 104/24 |
||
|
2023/C 104/25 |
||
|
2023/C 104/26 |
||
|
2023/C 104/27 |
||
|
2023/C 104/28 |
||
|
2023/C 104/29 |
||
|
2023/C 104/30 |
||
|
2023/C 104/31 |
||
|
2023/C 104/32 |
||
|
2023/C 104/33 |
||
|
2023/C 104/34 |
||
|
2023/C 104/35 |
||
|
|
Chúirt Ghinearálta |
|
|
2023/C 104/36 |
||
|
2023/C 104/37 |
||
|
2023/C 104/38 |
||
|
2023/C 104/39 |
||
|
2023/C 104/40 |
||
|
2023/C 104/41 |
||
|
2023/C 104/42 |
||
|
2023/C 104/43 |
||
|
2023/C 104/44 |
||
|
2023/C 104/45 |
||
|
2023/C 104/46 |
||
|
2023/C 104/47 |
||
|
2023/C 104/48 |
||
|
2023/C 104/49 |
||
|
2023/C 104/50 |
||
|
2023/C 104/51 |
||
|
2023/C 104/52 |
||
|
2023/C 104/53 |
||
|
2023/C 104/54 |
Cás T-771/22: Caingean arna tabhairt an 6 Nollaig 2022 – NO v an Coimisiún |
|
|
2023/C 104/55 |
Cás T-827/22: Caingean arna tabhairt an 22 Nollaig 2022 – Wizz Air Hungary v an Coimisiún |
|
|
2023/C 104/56 |
Cás T-6/23: Caingean arna tabhairt an 12 Eanáir 2023 – UC v an Chomhairle |
|
|
2023/C 104/57 |
||
|
2023/C 104/58 |
||
|
2023/C 104/59 |
Cás T-32/23: Caingean arna tabhairt an 30 Eanáir 2023 – Tradias v EUIPO – Triodos Bank (Tradias) |
|
|
2023/C 104/60 |
||
|
2023/C 104/61 |
||
|
2023/C 104/62 |
Cás T-50/23: Caingean arna tabhairt an 7 Feabhra 2023 – W.B. Studio v EUIPO – E.Land Italy (BELFE) |
|
|
2023/C 104/63 |
||
|
2023/C 104/64 |
||
|
2023/C 104/65 |
||
|
2023/C 104/66 |
Cás T-776/19: Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Eanáir 2023 – JIB Overseas v an Coimisiún |
|
|
2023/C 104/67 |
Cás T-781/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 31 Eanáir 2023 – EAA v an Coimisiún |
|
|
2023/C 104/68 |
Cás T-782/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 31 Eanáir 2023 – EAA v an Coimisiún |
|
|
|
|
GA |
De bharr cúiseanna maidir le sonraí pearsanta agus/nó rúndacht a chosaint, ní nochtar roinnt faisnéise a bhí san eisiúint seo a thuilleadh, agus dá bhrí sin, foilsíodh leagan barántúil nua. |
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/1 |
Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
(2023/C 104/01)
Foilseachán deiridh
Foilseacháin stairiúla
Is féidir teacht ar na téacsanna sin anseo:
EUR-Lex: http://eur-lex.europa.eu
Cúirt Bhreithiúnais
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/2 |
CINNEADH NA CÚIRTE BREITHIÚNAIS
an 7 Feabhra 2023
maidir le laethanta saoire oifigiúla agus tréimhsí na saoire breithiúnaí
(2023/C 104/02)
Tá AN CHÚIRT,
ag féachaint d’Airteagal 24(2), (4) agus (6) de na Rialacha Nós Imeachta,
de bhrí go bhfuil sé riachtanach i gcomhréir leis an bhforáil sin liosta na laethanta saoire oifigiúla a bhunú agus dátaí na saoire breithiúnaí a chinneadh,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Bunaítear liosta na laethanta saoire oifigiúla de réir bhrí Airteagal 24(4) agus (6) de na Rialacha Nós Imeachta mar seo a leanas:
|
— |
Lá Caille, |
|
— |
Luan Cásca, |
|
— |
an 1 Bealtaine, |
|
— |
an 9 Bealtaine, |
|
— |
an Deascabháil, |
|
— |
Luan Cincíse, |
|
— |
an 23 Meitheamh, |
|
— |
an 15 Lúnasa, |
|
— |
an 1 Samhain, |
|
— |
an 25 Nollaig, |
|
— |
an 26 Nollaig. |
Airteagal 2
Don tréimhse idir an 1 Samhain 2023 agus an 31 Deireadh Fómhair 2024, is mar seo a leanas a shocraítear dátaí na saoire breithiúnaí de réir bhrí Airteagal 24(2) agus (6) de na Rialacha Nós Imeachta:
|
— |
Nollaig 2023: ón Luan, an 18 Nollaig 2023 go dtí an Domhnach, an 7 Eanáir 2024, an dá lá sin san áireamh, |
|
— |
Cáisc 2024: ón Luan, an 25 Márta 2024 go dtí an Domhnach an 7 Aibreán 2024, an dá lá sin san áireamh, |
|
— |
Samhradh 2024: ón Máirt, an 16 Iúil 2024 go dtí an Satharn, an 31 Lúnasa 2024, an dá lá sin san áireamh. . |
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 7 Feabhra 2023.
Cláraitheoir
A. CALOT ESCOBAR
Uachtarán
K. LENAERTS
Chúirt Ghinearálta
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/3 |
CINNEADH NA CÚIRTE GINEARÁLTA
an 15 Feabhra 2023
maidir le tréimhsí na saoire breithiúnaí
(2023/C 104/03)
Tá AN CHÚIRT GHINEARÁLTA,
ag féachaint d’Airteagal 41(2) de na Rialacha Nós Imeachta,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Don bhliain bhreithiúnach dár tús an 1 Meán Fómhair 2023, socraítear dátaí na saoire breithiúnaí de réir bhrí Airteagal 41(2) agus (6) de na Rialacha Nós Imeachta mar seo a leanas:
|
— |
Nollaig 2023: ón Luan, an 18 Nollaig 2023 go dtí an Domhnach, an 7 Eanáir 2024, an dá lá sin san áireamh; |
|
— |
Cáisc 2024: ón Luan, an 25 Márta 2024 go dtí an Domhnach, an 7 Aibreán 2024, an dá lá sin san áireamh; |
|
— |
Samhradh 2024: ón Domhnach, an 16 Iúil 2024 go dtí an Déardaoin, an 31 Lúnasa 2024, an dá lá sin san áireamh. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 16 Feabhra 2023.
Cláraitheoir
E. COULON
Uachtarán
M. VAN DER WOUDE
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE
Cúirt Bhreithiúnais
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/4 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 2 Feabhra 2023 – Ríocht na Spáinne (C-649/20 P), Lico Leasing SA, Pequeños y Medianos Astilleros Sociedad de Reconversión SA (C-658/20 P), Caixabank SA agus páirtithe eile (C-662/20 P) v an Coimisiún Eorpach
(Cásanna Uamtha C-649/20 P, C-658/20 P agus C-662/20 P) (1)
(Achomharc - Státchabhair - Airteagal 107(1) CFAE - Scéim chánach is infheidhme maidir le comhaontuithe léasa airgeadais áirithe chun longa a cheannach (córas léasa cánach na Spáinne) - Coinníoll a bhaineann le roghnaíocht - Oibleagáid cúiseanna a lua - Prionsabal an ionchais dhlisteanaigh - Prionsabal na deimhneachta dlíthiúla - Aisghabháil na cabhrach)
(2023/C 104/04)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Achomharcóirí: Ríocht na Spáinne (ionadaithe: S. Centeno Huerta, A. Gavela Llopis, I. Herranz Elizalde agus S. Jiménez García, Gníomhairí) (C-649/20 P), Lico Leasing SA, Pequeños y Medianos Astilleros Sociedad de Reconversión SA (ionadaithe: J.M. Rodríguez Cárcamo agus A. Sánchez, abogados) (C-658/20 P), Caixabank SA, Asociación Española de Banca, Unicaja Banco SA, Liberbank SA, Banco de Sabadell SA, Banco Bilbao Vizcaya Argentaria SA, Banco Santander SA, Santander Investment SA, Naviera Séneca AIE, Industria de Diseño Textil SA (Inditex), Naviera Nebulosa de Omega AIE, Abanca Corporación Bancaria SA, Ibercaja Banco SA, Naviera Bósforo AIE, Joyería Tous SA, Corporación Alimentaria Guissona SA, Naviera Muriola AIE, Poal Investments XXI SL, Poal Investments XXII SL, Naviera Cabo Vilaboa C-1658 AIE, Naviera Cabo Domaio C-1659 AIE, Caamaño Sistemas Metálicos SL, Blumaq SA, Grupo Ibérica de Congelados SA, RNB SL, Inversiones Antaviana SL, Banco de Albacete SA, Bodegas Muga SL, Aluminios Cortizo SAL (ionadaithe: E. Abad Valdenebro, J.L. Buendía Sierra, R. Calvo Salinero agus A. Lamadrid de Pablo, abogados) (C-662/20 P)
Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Carpi Badía, V. Di Bucci, É. Gippini Fournier agus P. Němečková, Gníomhairí)
Idiragraí ag tacú leis na hachomharcóirí (C-662/20 P): Decal España SA (ionadaí: M.-J. Silva Sánchez, abogado)
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Cuirtear breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 23 Meán Fómhair 2020, an Spáinn agus páirtithe eile v an Coimisiún (T-515/13 RENV agus T-719/13 RENV, EU:T:2020:434) ar neamhní sa mhéid is gur dhíbh an Chúirt Ghinearálta na caingne a mhéid a d’iarr siad go ndéanfaí Airteagal 1 de Chinneadh 2014/200/AE ón gCoimisiún an 17 Iúil 2013 maidir leis an Státchabhair SA.21233 C/11 (ex NN/11, ex CP 137/06) arna cur chun feidhme ag an Spáinn — scéim chánach is infheidhme maidir le comhaontuithe léasa airgeadais áirithe, ar a dtugtar “Córas Léasa Cánach na Spáinne” freisin, sa mhéid go n-ainmnítear leis grúpaí leasa eacnamaíocha agus a n-infheisteoirí mar thairbhithe aonair na cabhrach dá dtagraítear sa chinneadh sin, agus Airteagal 4(1) den chinneadh sin, a mhéid is go gceanglaítear leis ar Ríocht na Spáinne méid iomlán na cabhrach dá dtagraítear sa chinneadh céanna sin a aisghabháil ó infheisteoirí na ngrúpaí leasa eacnamaíocha a bhain tairbhe as. |
|
2. |
Diúltaítear don chuid eile de na hachomhairc. |
|
3. |
Cuirtear Airteagal 1 de Chinneadh 2014/200 ar neamhní sa mhéid is go n-ainmnítear leis na grúpaí leasa eacnamaíocha agus a n-infheisteoirí mar thairbhithe aonair na cabhrach dá dtagraítear sa chinneadh sin. |
|
4. |
Cuirtear Airteagal 4(1) den chinneadh sin ar neamhní a mhéid a cheanglaítear leis ar Ríocht na Spáinne méid iomlán na cabhrach dá dtagraítear sa chinneadh sin a aisghabháil ó infheisteoirí na ngrúpaí leasa eacnamaíocha a bhain tairbhe as. |
|
5. |
Ordaítear do Ríocht na Spáinne, Lico Leasing SA agus Pequeños y Medianos Astilleros Sociedad de Reconversión SA chomh maith le Caixabank SA, Asociación Española de Banca, Unicaja Banco SA, Liberbank SA, Banco de Sabadell SA, Banco Bilbao Vizcaya Argentaria SA, Banco Santander SA, Santander Investment SA, Naviera Séneca AIE, Industria de Diseño Textil SA (Inditex), Naviera Nebulosa de Omega AIE, Abanca Corporación Bancaria SA, Ibercaja Banco SA, Naviera Bósforo AIE, Joyería Tous SA, Corporación Alimentaria Guissona SA, Naviera Muriola AIE, Poal Investments XXI SL, Poal Investments XXII SL, Naviera Cabo Vilaboa C-1658 AIE, Naviera Cabo Domaio C-1659 AIE, Caamaño Sistemas Metálicos SL, Blumaq SA, Grupo Ibérica de Congelados SA, RNB SL, Inversiones Antaviana SL, Banco de Albacete SA, Bodegas Muga SL and Aluminios Cortizo SAU a gcostais féin agus trí cheathrú de na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach ag an gcéadchéim agus i ndáil leis na hachomhairc i gCás C-128/16 agus i gCásanna Uamtha C-649/20 P, C-658/20 P agus C-662/20 P, a íoc. |
|
6. |
Ordaítear do Decal España SA a gcostais féin a íoc. |
|
7. |
Ordaítear don Choimisiún Eorpach an ceathrú cuid de na costais arna dtabhú ag an gcéadchéim agus i ndáil leis na hachomhairc i gCás C-128/16 agus Cásanna Uamtha C-649/20 P, C-658/20 P agus C-662/20 P, a íoc. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/5 |
Breithiúnas na Cúirte (an Naoú Dlísheomra) an 2 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Rejonowy dla Warszawy-Woli w Warszawie, an Pholainn) – K.D. v Towarzystwo Ubezpieczeń Ż S.A.
(Cás C-208/21 (1), Towarzystwo Ubezpieczeń Ż (Conarthaí caighdeánacha árachais míthreoracha)
(Tarchur chun réamhrialú - Cosaint tomhaltóirí - Treoir 93/13/CEE - Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra - Airteagal 5 - Oibleagáid téarmaí conarthacha a dhréachtú go soiléir agus go sothuigthe - Treoir 2005/29/CE - Cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí - Airteagal 3 - Raon feidhme - Airteagal 7 - Easnamh míthreorach - Airteagal 13 - Pionóis - Conarthaí árachais saoil “aonadnasctha” ceangailte le ciste infheistíochta - Faisnéis maidir le nádúr agus struchtúr táirge árachais, agus na rioscaí a bhaineann leis an táirge sin - Conarthaí caighdeánacha míthreoracha - Eintiteas freagrach - Iarmhairtí dlíthiúla)
(2023/C 104/05)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Rejonowy dla Warszawy-Woli w Warszawie
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: K.D.
Cosantóir: Towarzystwo Ubezpieczeń Ż S.A.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Maidir le Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“an Treoir maidir le cleachtais tráchtála éagóracha”), ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: is féidir gur “cleachtas tráchtála éagórach” de réir bhrí na forála sin, atá i gceist má dhréachtaíonn gnóthas árachais conradh grúpa caighdeánach árachais saoil aonadnasctha atá ceangailte le ciste infheistíochta nach gcuireann ar chumas an tomhaltóra a théann isteach sa chonradh grúpa sin, ar thairiscint dara gnóthas, arb é an sealbhóir polasaí é, nádúr agus struchtúr an táirge árachais a thairgtear agus na rioscaí lena mbaineann a thuiscint, agus ní mór an gnóthas árachais sin a chur faoi dhliteanas as an gcleachtas tráchtála éagórach sin. |
|
2. |
Maidir le hAirteagal 3(2) de Threoir 2005/29, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 13 den Treoir sin, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ní chuirtear cosc leis ar léiriú ar an dlí náisiúnta lena dtugtar do thomhaltóir a thug conradh i gcrích mar gheall ar chleachtas tráchtála éagórach de chuid trádálaí an ceart chun a iarraidh go gcuirfear an conradh sin ar neamhní. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/6 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 2 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof – an Ostair) – Freikirche der Siebenten-Tags-Adventisten in Deutschland KdöR v Bildungsdirektion für Vorarlberg
(Cás C-372/21 (1), Freikirche der Siebenten-Tags-Adventisten in Deutschland)
(Tarchur chun réamhrialú - Stádas eaglaisí agus cumainn reiligiúnacha nó phobail sna Ballstáit i bhfianaise dhlí an Aontais - Airteagal 17(1) CFAE - Saoirse bunaíochta - Airteagal 49 CFAE - Srianta - Údar - Comhréireacht - Fóirdheontais d’institiúid phríobháideach oideachais - Iarratas arna chur isteach ag cumann reiligiúnach a bunaíodh i mBallstát eile - Bunaíocht aitheanta ag an gcumann sin mar scoil shainchreidmheach)
(2023/C 104/06)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Verwaltungsgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Freikirche der Siebenten-Tags-Adventisten in Deutschland KdöR
Cosantóir: Bildungsdirektion für Vorarlberg
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Ní mór Airteagal 17(1) CFAE a léiriú sa chiall nach bhfuil sé d’éifeacht aige cás ina ndéanann eaglais, cumann nó pobal reiligiúnach ag a bhfuil stádas duine dlítheanach acu faoi rialú an dlí phoiblí i mBallstát amháin agus a aithníonn agus a thacaíonn, mar scoil shainchreidmheach, le hinstitiúid phríobháideach oideachais i mBallstát eile, iarratas ar fhóirdheontas don scoil sin atá curtha in áirithe d’eaglaisí, do chumainn agus do phobail reiligiúnacha atá aitheanta faoi dhlí an Bhallstáit eile sin a eisiamh ó raon feidhme dhlí an Aontais. |
|
2) |
Ní mór Airteagal 49 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 17(1) den chonradh sin, a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leis ar an reachtaíocht náisiúnta a dhéanann an fóirdheontas poiblí a dheonú d’institiúidí príobháideacha oideachais atá aitheanta mar scoileanna sainchreidmheacha, ar choinníoll go n-aithnítear faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann an eaglais nó an cumann reiligiúnach a dhéanann iarratas ar fhóirdheontas do bhunaíocht den sórt sin, lena n-áirítear i gcás ina n-aithnítear an eaglais nó an cumann reiligiúnach sin faoi dhlí a Bhallstáit tionscnaimh. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/7 |
Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 2 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú, ón Korkein hallinto-oikeus – an Fhionlainn) – Imeachtaí arna dtionscnamh ag A
(Cás C-676/21) (1) Veronsaajien oikeudenvalvontayksikkö (Cáin feithiclí)),
(Tarchur chun réamhrialú - Cánachas inmheánach - Airteagal 110 CFAE - Mótarfheithiclí - Cáin feithiclí - Feithiclí athláimhe arna n-allmhairiú ó Bhallstáit eile - Feithiclí athláimhe arna n-onnmhairiú go Ballstáit eile - Aisíocaíocht onnmhairiúcháin na cánach sin - Teorainn leis an aisíocaíocht seo d’fheithiclí a cuireadh i seirbhís níos lú ná 10 mbliana ó shin)
(2023/C 104/07)
Teanga an cháis: an Fhionlainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Korkein hallinto-oikeus
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: A
Cosantóir: Veronsaajien oikeudenvalvontayksikkö
An chuid oibríochtúil
Ní mór dlí príomha an Aontais, go háirithe Airteagal 110 CFAE, a léiriú sa chiall nach gcuirfear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta nach n-aisíoctar cáin feithicle, atá ionchorpraithe i luach gach feithicle, le húinéir mótarfheithicle, i gcás ina ndéantar an fheithicil sin a onnmhairiú go buan lena húsáid i mBallstát eile, nuair a cuireadh an fheithicil sin i seirbhís den chéad uair 10 mbliana ó shin ar a laghad tráth an onnmhairithe sin. Tá sé neamhábhartha, i ndáil leis sin, go raibh sé beartaithe feithicil den sórt sin a úsáid go príomha i gcríoch an Bhallstáit a ghearr an cháin feithicle ar bhonn buan agus gur úsáideadh an fheithicil sin ar an mbealach sin freisin.
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/7 |
Breithiúnas na Cúirte (Seachtú Dlísheomra) an 2 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Hoge Raad der Nederlanden – an Ísiltír) – Imeachtaí coiriúla i gcoinne TF
(Cás C-806/21 (1), TF (Réamhtheachtaithe drugaí))
(Tarchur chun réamhrialú - Réamhtheachtaithe drugaí - Cinneadh réime 2004/757/CGB - Airteagal 2(1)(d) - Duine luaite le hiompar agus dáileadh réamhtheachtaithe a úsáidtear chun drugaí aindleathacha a tháirgeadh nó a mhonarú - Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 - Substaint sceidealaithe - Airteagal 2 - An coincheap “oibreoir” - Airteagal 8(1) - Fianaise go bhféadfar substaintí sceidealaithe a atreorú chun drugaí támhshuanacha nó substaintí síceatrópacha a mhonarú go haindleathach - Oibleagáid fógra a thabhairt maidir leis an bhfianaise sin - An coincheap “fianaise” - Raon feidhme)
(2023/C 104/08)
Teanga an cháis: an Ollainnis.
An chúirt a rinne an tarchur
Hoge Raad der Nederlanden
Páirtí sna príomhimeachtaí
TF
Idiragraí: Openbaar Ministerie
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 2(d) de Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí, arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 1258/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
Ní mór dlí an Aontais a léiriú sa chaoi nach ionann duine atá rannpháirteach, le linn gníomhaíochta neamhdhleathaí, i substaintí sceidealaithe a chur ar an margadh san Aontas agus “oibreoir” de réir bhrí na forála sin.
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/8 |
Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 7 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Înalta Curte de Casaţie şi Justiţie – an Rómáin) – Imeachtaí coiriúla in aghaidh FX, CS, ND (C-859/19), BR, CS, DT, EU, FV, GW (C-926/19), CD, CLD, GLO, ŞDC, PVV (C-929/19)
(Cásanna Uamtha C-859/19, C-926/19 agus C-929/19 (1), FX agus páirtithe eile (Éifeacht breithiúnas de Chúirt Bhunreachtúil III) agus páirtithe eile)
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - An dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE - Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Comhrac i gcoinne an éillithe - Leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint - Airteagal 325(1) CFAE - Coinbhinsiún PIF - Cinneadh 2006/928/CE - Imeachtaí coiriúla - Cinntí Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil, an Rómáin) maidir le comhdhéanamh foirmíochtaí cúirte in ábhair a bhaineann le héilliú tromchúiseach - Dualgas ar bhreithiúna náisiúnta lánéifeacht a thabhairt do chinntí Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) - Dliteanas araíonachta na mbreithiúna i gcás neamhchomhlíonadh na gcinntí sin - An chumhacht cinntí Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) atá ar neamhréir le dlí an Aontais Eorpaigh a fhágáil gan feidhm - Prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais Eorpaigh)
(2023/C 104/09)
Teanga an cháis: an Rómáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Înalta Curte de Casaţie şi Justiţie
Páirtithe sna himeachtaí coiriúla sna príomhimeachtaí
FX, CS, ND (C-859/19), BR, CS, DT, EU, FV, GW (C-926/19), CD, CLD, GLO, ŞDC, PVV (C-929/19)
Páirtithe eile: Parchetul de pe lângă Înalta Curte de Casaţie şi Justiţie – Direcţia Națională Anticorupție (C-859/19, C-926/19 agus C-929/19), Parchetul de pe lângă Înalta Curte de Casaţie şi Justiţie – Direcţia de Investigare a Infracțiunilor de Criminalitate Organizată și Terorism – Structura Centrală (C-926/19), Parchetul de pe lângă Înalta Curte de Casaţie şi Justiţie – Secția pentru Investigarea Infracțiunilor din Justiţie (C-926/19), Agenţia Naţională de Administrare Fiscală (C-926/19 agus C-929/19), HX (C-926/19), IY (C-926/19), SC Uranus Junior 2003 SRL (C-926/19), SC Complexul Energetic Oltenia SA (C-929/19).
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Maidir le hAirteagal 325(1) CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2 den Choinbhinsiún arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint, arna shíniú sa Bhruiséil an 26 Iúil 1995, agus Cinneadh 2006/928/CE ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2006 lena mbunaítear sásra comhair agus fíorúcháin ar dhul chun cinn sa Rómáin chun aghaidh a thabhairt ar thagarmharcanna sonracha i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne an éillithe, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: cuirtear cosc leo ar rialacha náisiúnta nó ar chleachtas náisiúnta faoina gcuirtear breithiúnais in ábhair éillithe agus calaoise cánach breisluacha ar neamhní go hiomlán, ar breithiúnais iad nach bhfuil tugtha, ag an gcéadchéim, ag foirmiú cúirte a bhí speisialaithe sna hábhair sin nó, ar achomharc, ag foirmiú cúirte ar roghnaíodh a gcomhaltaí go léir trí chrannchur, ionas go gcaithfidh na cásanna éillithe agus calaoise cánach breisluacha lena mbaineann, de réir mar a bheidh, i ndiaidh achomhairc urghnách i gcoinne breithiúnas críochnaitheach, a athscrúdú ag an gcéadchéim agus/nó ag an dara céim, i gcás ina bhféadfadh cur i bhfeidhm na rialacha náisiúnta sin nó an chleachtais náisiúnta sin a bheith ina chúis le riosca sistéamach nach ngearrfar pionós ar ghníomhartha ar calaois thromchúiseach iad a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh nó don éilliú i gcoitinne. Ní dhíolmhaítear an chúirt a rinne an tarchur, leis an oibleagáid atá ann a áirithiú go bhfuil cionta den sórt sin faoi réir pionóis choiriúla atá éifeachtach agus a ghníomhaíonn mar dhíspreagadh, ó chomhlíonadh riachtanach na gceart bunúsach a ráthaítear in Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a fhíorú. Ní chuirtear bac leis na ceanglais a eascraíonn ón gcéad abairt den dara mír d’Airteagal 47 den Chairt ar neamhfheidhmiú rialacha náisiúnta den sórt sin nó cleachtas náisiúnta den sórt sin i gcás ina bhféadfadh an cleachtas sin a bheith ina chúis le riosca sistéamach go mbeidh saoirse ó phionós ann. |
|
2. |
Maidir le hAirteagal 2 CAE, an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus Cinneadh 2006/928, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ní chuirtear cosc leo ar rialacha nó ar chleachtas náisiúnta faoina bhfuil cinntí na cúirte bunreachtúla de cheangal ar na gnáthchúirteanna, ar choinníoll go ráthaítear leis an dlí náisiúnta neamhspleáchas na cúirte bunreachtúla sin, i ndáil, go háirithe, leis an reachtas agus an bhfeidhmeannas, mar a cheanglaítear leis na forálacha sin. Mar sin féin, tá na forálacha sin de Chonradh an Aontais Eorpaigh agus an cinneadh sin le léiriú mar chosc ar rialacha náisiúnta faoina bhféadfadh aon mhainneachtain ag breithiúna náisiúnta na ngnáthchúirteanna cinntí na cúirte bunreachtúla náisiúnta a chomhlíonadh a ndliteanas araíonachta a thionscnamh. |
|
3. |
Ní mór prionsabal thosaíochta dhlí an Aontais a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar rialacha nó ar chleachtas náisiúnta faoina bhfuil gnáthchúirteanna náisiúnta faoi cheangal ag cinntí na cúirte bunreachtúla náisiúnta agus nach féidir leo, de bhua an fhíorais sin agus gan cion araíonachta a dhéanamh, an cásdlí a bhunaítear sna cinntí sin a dhífheidhmiú ar a n-údarás féin, cé go bhfuil siad den tuairim, i bhfianaise bhreithiúnais na Cúirte Breithiúnais, go bhfuil an cásdlí sin contrártha leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, Airteagal 325(1) CFAE nó Cinneadh 2006/928. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/9 |
Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 26 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Úřad pro přístup k dopravní infrastruktuře – Poblacht na Seice) – RegioJet a.s. v České dráhy a.s.
(Cás C-104/21, (1) RegioJet)
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 53(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Airteagal 267 CFAE - Coincheap “cúirt nó binse” - Critéir struchtúracha agus fheidhmiúla - Cúraimí breithiúnacha agus riaracháin a fheidhmiú - Treoir 2012/34/AE - Airteagail 55 agus 56 - Comhlacht rialála náisiúnta aonair um fhaireachán ar an earnáil iarnróid - Udarás maoirseachta earnála atá neamhspléach - Cumhacht chun ghníomhú ar a thionscnamh féin - Cumhacht chun pionóis a fhorchur - Cinntí atá faoi réir athbhreithniú breithiúnach - Neamh-inghlacthacht na hiarratais ar réamhrialú)
(2023/C 104/10)
Teanga an cháis: an tSeicis
An chúirt a rinne an tarchur
Úřad pro přístup k dopravní infrastruktuře
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: RegioJet a.s.
Cosantóir: České dráhy a.s.
An chuid oibríochtúil
Tá an tarchur chun réamhrialú ón Úřad pro přístup k dopravní infrastruktuře (an Oifig um Rochtain ar Bhonneagar Iompair, Poblacht na Seice), le cinneadh an 19 Feabhra 2021, do-ghlactha go follasach.
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/10 |
Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 15 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Okrazhen sad – Vidin – an Bhulgáir) – Corporate Commercial Bank, faoi leachtú v Elit Petrol AD
(Cás C-260/21, (1) Corporate Commercial Bank)
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 53(2), Airteagal 94 agus Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Imeachtaí dócmhainneachta - Fritháireamh frithpháirteach arna dhéanamh le hinstitiúid chreidmheasa dhócmhainneach - Leasú cúlghníomhach ar na coinníollacha maidir leis na fritháirimh sin a fhorfheidhmiú - Reachtaíocht náisiúnta a dhearbhaítear a bheith míbhunreachtúil - Staid inmheánach amháin - Do-ghlacthacht fhollasach)
(2023/C 104/11)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Okrazhen sad – Vidin
Páirtithe
Iarratasóir: Corporate Commercial Bank, faoi leachtú
Cosantóir: Elit Petrol AD
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Ní mór an dara fomhír d'Airteagal 19(1) CAE a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leis ar Bhallstát rialacha ginearálta a ghlacadh maidir le fritháireamh i gcomhthéacs dócmhainneachta bainc, fiú más rialacha cúlghabhálacha iad. |
|
2. |
Is léir go bhfuil ceisteanna 1 go 4 agus 6 arna thíolacadh ag Okrazhen sad Vidin (an Chúirt Réigiúnach, Vidin, an Bhulgáir) do-ghlactha go follasach. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/10 |
Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 9 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa – CAAD) – an Phortaingéil) – The Navigator Company SA, Navigator Pulp Figueira SA v Autoridade Tributária e Aduaneira
(Cás C-459/21, (1) The Navigator Company agus Navigator Pulp Figueira)
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Cáin bhreisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Airteagal 176 - Eisiaimh ón gceart CBL a asbhaint - Córas is lú fabhar i gcomparáid leis an sásra chun costais a asbhaint dá bhforáiltear i ndáil le cáin dhíreach arna rialú ag an dlí náisiúnta - Prionsabal na coibhéise - Neamhfheidhmeacht)
(2023/C 104/12)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa – CAAD)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: The Navigator Company SA, Navigator Pulp Figueira SA
Cosantóir: Autoridade Tributária e Aduaneira
An chuid oibríochtúil
Maidir le prionsabal na coibhéise,
ní mór léiriú a dhéanamh mar a leanas:
cuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta, arna chothabháil de bhun an dara mír d’Airteagal 176 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, lena mbunaítear eisiamh iomlán nó páirteach ar an gceart CBL a asbhaint a íoctar i ndáil le caiteachas ar fheithiclí áirithe, ar thaisteal agus ar thréimhsí fanachta agus ar chaiteachas siamsaíochta, cé go bhfuil an caiteachas sin cumhdaithe ag scéim a líomhnaítear a bheith níos fabhraí, i dtéarmaí a inasbhainteachta, i gcomhthéacs cánach dírí arna rialú ag an dlí náisiúnta.
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/11 |
Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 7 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Cluj – an Rómáin) – S v AA
(Cás C-566/21, (1) S (Téarma éagórach a mhodhnú))
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Freagra ar an gceist arna tarchur chun réamhrialú ar féidir a bhaint go soiléir ó chásdlí atá ann cheana nó nach bhfágann aon amhras réasúnach faoi - Cosaint tomhaltóirí - Treoir 93/13/CEE - Airteagal 6(1) - Téarmaí éagóracha i gconarthaí arna dtabhairt i gcrích le tomhaltóirí - Comhaontú iasachta atá ainmnithe in airgeadra eachtrach (Franc na hEilvéise) - Éifeachtaí dearbhaithe go bhfuil téarma éagórach - Cumhacht na cúirte náisiúnta - Toirmeasc, i bprionsabal, ar an gconradh a fhorlíonadh trí athbhreithniú a dhéanamh ar ábhar an téarma éagórach)
(2023/C 104/13)
Teanga an cháis: an Rómáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Curtea de Apel Cluj
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: S
Cosantóir: AA
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 6(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóirí,
ní mór léiriú a dhéanamh mar a leanas:
cuirtear cosc leis ar an gcúirt náisiúnta, a dhearbhaigh go bhfuil téarma atá i gcomhaontú iasachta arna thabhairt i gcrích idir díoltóir nó soláthraí agus tomhaltóir éagórach agus nach gcuireann deireadh leis an gconradh bac ar leanúint an chonartha de bheith ann, raon feidhme an téarma sin a mhodhnú, sa chaoi is go gcuirtear in ionad na féidearthachta, dá bhforáiltear chun leasa an díoltóra nó an tsoláthraí amháin, faoi choinníollacha áirithe, an t-airgeadra inar tarraingíodh suas an conradh a chomhshó ina airgeadra náisiúnta, oibleagáid é sin a dhéanamh arna iarraidh sin don tomhaltóir.
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/12 |
Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 14 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal Judicial da Comarca do Porto – Juízo Central Cível da Póvoa de Varzim – an Phortaingéil) – Gencoal S.A. v Conceito Norte – Consultadoria de Gestão, Lda., BT
(Cás C-669/21, (1) Gencoal)
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 53(2) agus Airteagal 94 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte - Ceanglas comhthéacs fíorasach agus rialála na díospóide a chur i láthair sna príomhimeachtaí mar aon leis na cúiseanna a thugann údar maith don riachtanas freagra a thabhairt ar an gceist arna tarchur chun réamhrialú - Easpa sonraí leordhóthanacha - Neamh-inghlacthacht follasach)
(2023/C 104/14)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal Judicial da Comarca do Porto – Juízo Central Cível da Póvoa de Varzim
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Gencoal S.A.
Cosantóirí: Conceito Norte – Consultadoria de Gestão, Lda., BT
I láthair: Companhia de Seguros Allianz Portugal SA
An chuid oibríochtúil
Tá an tarchur chun réamhrialú ó Tribunal Judicial da Comarca do Porto – Juízo Central Cível da Póvoa de Varzim (Cúirt Dúiche Porto, Cúigiú Dlísheomra Sibhialta Póvoa de Varzim, an Phortaingéil), le cinneadh an 21 Deireadh Fómhair 2021, neamh-inghlactha go follasach.
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/12 |
Ordú na Cúirte (an Naoú Dlísheomra) an 21 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione – an Iodáil) – Fallimento Villa di Campo Srl v Agenzia delle Entrate
(Cás C-250/22 (1), Fallimento Villa di Campo)
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 53(2) agus Airteagal 94 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte - Ceanglas an nasc idir forálacha dhlí an Aontais Eorpaigh a bhfuil a léiriú á lorg agus an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí a léiriú - Easpa sonraí leordhóthanacha - Do-ghlactha go follasach)
(2023/C 104/15)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Corte suprema di cassazione
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Fallimento Villa di Campo Srl
Cosantóir: Agenzia delle Entrate
An chuid oibríochtúil
Is léir go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú a tharchuir an Corte suprema di Cassazione (Cúirt Achomhairc, an Iodáil), trí bhreith an 31 Márta 2022, do-ghlactha.
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/13 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Wojewódzki Sąd Administracyjny we Wrocławiu (an Pholainn) a taisceadh an 17 Samhain 2022 – Syndyk Masy Upadłości A v Dyrektor Izby Administracji Skarbowej we Wrocławiu
(Cás C-709/22, Syndyk Masy Upadłości A)
(2023/C 104/16)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Wojewódzki Sąd Administracyjny we Wrocławiu
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Syndyk Masy Upadłości A
Cosantóir: Dyrektor Izby Administracji Skarbowej we Wrocławiu
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1. |
Maidir le forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/310 ón gComhairle an 18 Feabhra 2019 lena n-údaraítear don Pholainn beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 226 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (1) agus forálacha Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, (2) go háirithe Airteagal 395 agus Airteagal 273 de, chomh maith le prionsabal na comhréireachta agus prionsabal na neodrachta; an gá léiriú a dhéanamh orthu amhail go gcuirtear bac ar reachtaíocht agus ar chleachtas náisiúnta lena gcuirtear toirmeasc, i gcomhthéacs an cháis atá i dtrácht, ar dheonú an toilithe le haghaidh aistriú cistí, arna ndéanamh ag riarthóir dócmhainneachta, a choimeádtar i gcuntas CBL de chuid duine inchánach (sásra um íocaíocht dheighilte) go dtí cuntas bainc arna sonrú ag an duine inchánach sin? |
|
2. |
An gá léiriú a dhéanamh ar Airteagal 17(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh maidir leis an gceart chun maoine, i gcomhar le hAirteagal 51(1) agus Airteagal 52(1) de, amhail go gcuirtear bac ar reachtaíocht agus ar chleachtas náisiúnta arb éard is toradh leo, trí thoirmeasc a chur, i gcomhthéacs an cháis atá i dtrácht, ar dheonú an toilithe le haghaidh aistriú cistí i gcuntas CBL de chuid duine inchánach (sásra um íocaíocht dheighilte), dá réir an méid sin, ná reo na gcistí atá i seilbh an duine inchánaigh sin i gcuntas CBL sin, agus bac a bheith curtha ar chomhlíonadh dhualgais an riarthóra dócmhainneachta le linn na n-imeachtaí dócmhainneachta? |
|
3. |
Ag féachaint do na cuspóirí agus don chomhthéacs a bhaineann le Cinneadh 2019/310 ón gComhairle, chomh maith leo siúd a bhaineann le Treoir 2006/112/CE, an gá léiriú a dhéanamh ar phrionsabal an smachta reachta, a eascraíonn as Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla lena ndéantar an prionsabal sin a chur chun feidhme, ar phrionsabal an chomhair dhílis a eascraíonn as Airteagal 4(3) CAE, agus ar phrionsabal an dea-riaracháin a eascraíonn as Airteagal 41(1) den Chairt, amhail go gcuirtear bac ar chleachtas náisiúnta a bhfeictear leis, trí thoirmeasc a chur, i gcomhthéacs an cháis atá i dtrácht, ar dheonú an toilithe le haghaidh aistriú cistí i gcuntas CBL de chuid duine inchánach (sásra um íocaíocht dheighilte), bac a chur ar chuspóirí na n-imeachtaí dócmhainneachta arna sonrú ag cúirt dócmhainneachta mar ábhar a thagann faoi dhlínse na Polainne chun críocha Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (athmhúnlú), (3) agus arb iad na torthaí a ghabhann leis dá réir sin ná cúrsaí as a n-eascraíonn, trí bheart náisiúnta nach cuí a chur chun feidhme, cóir fhabhrach mar chreidiúnaí i leith an Státchiste ar chostas na gcreidiúnaithe i gcoitinne? |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/14 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Simvoulio tis Epikratias (an Ghréig) a taisceadh an 2 Nollaig 2022 – Micreos Food Safety BV v Eniaios Foreas Elegchou Trofimon (EFET)
(Cás C-745/22)
(2023/C 104/17)
Teanga an cháis: an Ghréigis
An chúirt a rinneadh an tarchur
Symvoulio tis Epikrateias
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Micreos Food Safety BV
Cosantóir: Eniaios Foreas Elegchou Trofimon (EFET)
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1. |
An gá Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 (1) a léiriú sa chiall go dtagann táirge, amhail Listex™ P100 arna dhéanamh ag an iarratasóir, a bhfuil na saintréithe air a thuairiscítear sa tuairim ábhartha ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) an 7 Iúil 2016 agus a chuirtear ar an táirge de bhunadh ainmhíoch, dár leis an iarratasóir, lasmuigh de sheamlais le linn chéimeanna deiridh an phróisis táirgthe agus nach mbeartaítear leis deireadh a chur le héilliú dromchla i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch, ach éilliú dromchla a chosc, faoi raon feidhme Airteagal 3(2) den Rialachán (agus, dá bhrí sin, go bhfuil a dháileadh ar an margadh Eorpach faoi réir réamhúdarú ón gCoimisiún faoi Airteagal 11d den Rialachán)? I gcás freagra diúltach ar an gcéad cheist, |
|
2. |
An gá Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 (2) a léiriú sa chiall gurb ionann táirge thuasluaite an iarratasóra agus breiseán bia nó áis phróiseála (Airteagal 3(2)(a) agus (b) de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008)? |
(1) Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais i dtaca le bia de bhunadh ainmhíoch (IO 2004 L 139, lch. 55).
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bhia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bhia (IO 2008 L 354, lch. 16).
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/14 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht (an Ghearmáin) a taisceadh an 12 Nollaig 2022 – QY v Bundesrepublik Deutschland
(Cás C-753/22)
(2023/C 104/18)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesverwaltungsgericht
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir agus achomharcóir ar phointe dlí: QY
Cosantóir agus freagróir ar an achomharc: Bundesrepublik Deutschland
An cheist a tharchuirtear
I gcás nach bhféadfaidh Ballstáit úsáid a bhaint as an gcumhacht arna tabhairt faoi Airteagal 33(2)(a) de Threoir 2013/32/AE (1) chun iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhiúltú toisc é a bheith do-ghlactha i bhfianaise go bhfuil stádas dídeanaithe deonaithe i mBallstát eile toisc go gcuirfí an t-iarratasóir, mar gheall ar na dálaí maireachtála sa Bhallstát deireanach sin, i mbaol tromchúiseach d’íde atá mídhaonna nó táireach de réir bhrí Airteagal 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, an gcaithfear an dara habairt d’Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 (2), an dara habairt d’Airteagal 4(1) agus Airteagal 13 de Threoir 2011/95/AE (3) agus Airteagal 10(2) agus (3) agus Airteagal 33(1) agus (2)(a) de Threoir 2013/32/AE a léiriú sa chaoi nach féidir le Ballstát, toisc go bhfuil stádas dídeanaithe deonaithe cheana féin, an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta atá curtha faoina bhráid a scrúdú go neamhchlaonta agus go gceanglaítear ar an mBallstát stádas dídeanaithe a dheonú don iarratasóir gan scrúdú a dhéanamh ar na coinníollacha substainteacha a bhaineann leis an gcosaint sin?
(1) Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta coitianta chun cosaint idirnáisiúnta a thabhairt agus a tharraingt siar (athmhúnlú) (IO 2013 L 180, lch. 60).
(2) Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (athmhúnlú) (IO 2013 L 180, lch. 31).
(3) Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i ndáil le cáilíocht náisiúnach tríú tíortha nó daoine gan stát mar thairbhithe cosanta idirnáisiúnta ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosanta coimhdí agus inneachar na cosanta a thugtar (athmhúnlú) (IO 2011 L 337, lch. 9).
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/15 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 15 Nollaig 2022 – Meta Platforms Ireland Limited v Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände – Verbraucherzentrale Bundesverband e.V.
(Cás C-757/22, Meta Platforms Ireland)
(2023/C 104/19)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir ar phointe dlí: Meta Platforms Ireland Limited
Freagróir ar an achomharc: Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände – Verbraucherzentrale Bundesverband e.V.
An cheist a tharchuirtear
An líomhnaítear go bhfuil ann do shárú ar chearta “mar thoradh ar an bpróiseáil” de réir bhrí Airteagal 80(2) de Rialachán (AE) 2016/679 (an Rialachán maidir le Cosaint Sonraí) (1) i gcás ina mbunaíonn comhlachas cosanta tomhaltóirí a chaingean ar shárú ar chearta an ábhair sonraí ar an bhforas nár comhlíonadh na hoibleagáidí faisnéise a leagtar síos sa chéad abairt d’Airteagal 12(1) de Rialachán 2016/679, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 13(1)(c) agus (e) de, maidir le críoch na próiseála sonraí agus faighteoir na sonraí pearsanta?
(1) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/16 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal de première instance francophone de Bruxelles (an Bheilg) a taisceadh an 2 Eanáir 2023 – X, Y, A, dá ndéanann X agus Y ionadaíocht dhlíthiúil, B, dá ndéanann X agus Y ionadaíocht dhlíthiúil v État belge
(Cás C-1/23, Afrin (1))
(2023/C 104/20)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal de première instance francophone de Bruxelles
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: X, Y, A, dá ndéanann X agus Y ionadaíocht dhlíthiúil, B, dá ndéanann X agus Y ionadaíocht dhlíthiúil
Cosantóir: État belge
An cheist a tharchuirtear:
An bhfuil an reachtaíocht de chuid Ballstáit nach gceadaíonn do bhaill teaghlaigh dídeanaí aitheanta iarratas a chur isteach ar iontráil agus cónaí ach ag post taidhleoireachta de chuid an Stáit sin, fiú i gcás ina bhfuil sé dodhéanta do na baill teaghlaigh sin taisteal chuig an bpost sin, ag luí le hAirteagal 5(1) de Threoir 2003/86/CE, (2) arna léamh, i gcás inarb iomchuí, i dteannta an chuspóra a shaothraítear leis an Treoir sin, chun athaontú teaghlaigh a chur chun cinn, Airteagail 23 agus 24 de Threoir 2011/95/AE, (3) Airteagail 7 agus 24 den Chairt um Chearta Bunúsacha (4) agus an dualgas chun éifeachtacht dhlí an Aontais a chinntiú?
(1) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
(2) Treoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir leis an gceart chun teaghlaigh a athaontú (IO 2003 L 251, lch. 12).
(3) Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin do cháilíocht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, do stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe do chosaint choimhdeach agus d’inneachar na cosanta a dheonaítear (athmhúnlú) (IO 2011 L 337, lch. 9).
(4) Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/16 |
Achomharc arna thabhairt an 14 Eanáir 2023 ag Asociación Liberum agus 926 achomharcóir eile i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) a tugadh an 15 Samhain 2022 i gCás T-476/22, Asociación Liberum agus Páirtithe Eile v Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle
(Cás C-17/23 P)
(2023/C 104/21)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Achomharcóirí: Asociación Liberum agus 926 achomharcóir (L. M. Pardo Rodríguez agus F. Feliù Pamplona, abogados)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
|
— |
go gcuirfear ordú na Cúirte Ginearálta an 15 Samhain 2022, Asociación Liberum agus Páirtithe Eile v an Pharlaimint agus an Chomhairle, T-476/22, EU:T:2022:714 ar neamhní. A mhéid a mheasann an Chúirt Bhreithiúnais go gceadófaí le staid na n-imeachtaí a leithéid a dhéanamh, go ndíbhfear an agóid do-ghlacachta, go ndearbhófar inghlacthacht an achomhairc agus go dtarchuirfear an cás ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun breith a fháil ar shubstaint an cháis nó, mar mhalairt air sin, go ndearbhófar gur do chúram díreach na n-achomharcóirí é an beart atá faoi chonspóid agus go dtarchuirfear an cás ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun breith a fháil ar an gcúram aonair nó an cheist sin a uamadh le substaint an cháis; |
|
— |
go n-ordófar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc; |
|
— |
go n-ordófar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle costais na n-imeachtaí seo a íoc; |
|
— |
go mbronnfar aon leigheas breise a mheastar a bheith cuí de réir an dlí ar na hachomharcóirí. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
|
1. |
Leis an gcéad saincheist dlí, éilíonn na hachomharcóirí gur sáraíodh an ceart chun leigheas éifeachtach, a chumhdaítear in Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 126 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, agus measann siad nár chomhlíon an Chúirt Ghinearálta an oibleagáid cúiseanna a lua, ó tharla gur shaobh sí ábhar na caingne trína chinneadh gurbh ionann sin agus “oibleagáid vaicsín a fháil”, a leagtar amach i míreanna 4, 8, 7, 9, 10 agus 11 den ordú atá faoi chonspóid. Dá bhrí sin, tá an chéad saincheist dlí bunaithe ar earráid dlí ós rud é nach mbaineann bunús dlí bailí leis an gcinneadh atá faoi chonspóid. |
|
2. |
Leis an dara saincheist dlí, éilíonn na hachomharcóirí gur sáraíodh an ceart chun leigheas éifeachtach, a chumhdaítear in Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 263 CFAE agus le hAirteagal 19 CAE agus, ar deireadh, measann siad nach ndearna an Chúirt Ghinearálta léiriú ceart ar na hargóintí arna ndéanamh ag na hiarratasóirí ag an gcéad chéim. Ní shéantar gur leathnaíodh locus standi daoine nádúrtha agus dlítheanacha imeachtaí a thionscnamh leis an gceathrú mír d’Airteagal 263 CFAE. Dar leis na hachomharcóirí, léirigh an Chúirt Ghinearálta an ceathrú mír d’Airteagal 263 CFAE ar bhealach ró-shriantach agus rinne sí neamhaird ar cheanglais na cosanta breithiúnaí éifeachtaí. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/17 |
Caingean arna tabhairt an 18 Eanáir 2023 – Ríocht na Danmhairge v Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh
(Cás C-19/23)
(2023/C 104/22)
Teanga an cháis: an Danmhairgis
Páirtithe
Iarratasóir: Ríocht na Danmhairge (ionadaithe: C. Maertens, M.P. Brøchner Jespersen agus J. Farver Kronborg, Gníomhairí)
Cosantóirí: Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt:
|
— |
Treoir (AE) 2022/2041 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach a chur ar neamhní. |
|
— |
a ordú do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc. |
A mhalairt air sin, iarrann an Rialtas ar an gCúirt:
|
— |
Airteagal 4(1)(d) de Threoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach a chur ar neamhní. |
|
— |
Airteagal 4(2) de Threoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach a chur ar neamhní. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an bpríomhéileamh, éilíonn an Rialtas sa chéad áit, agus an Treoir atá faoi chonspóid á glacadh, gur sháraigh na cosantóirí prionsabal na tabhartha cumhachtaí agus gur ghníomhaigh siad ar bhealach a sháraigh Airteagal 153(5) CAE. Leis an Treoir atá faoi chonspóid, cuirtear isteach ar an leibhéal pá a chinneadh sna Ballstáit agus baineann an Treoir leis an gceart comhlachais, a eisiatar ó inniúlacht reachtas an Aontais de bhun Airteagal 153(5) CFAE.
Mar thaca lena phríomhéileamh, áitíonn an Rialtas, sa dara háit, nach bhféadfaí an Treoir atá faoi chonspóid a ghlacadh go bailí faoi Airteagal 253(1)(b) CFAE, de bharr go ndéantar iarracht leis an Treoir an cuspóir a leagtar síos in Airteagal 153(1)(b) CFAE agus an cuspóir a leagtar síos in Airteagal 153(1)(f) CFAE araon a bhaint amach. Ní fochuspóir an dara cuspóir den chéad cheann agus glactar leis go n-úsáidtear nós imeachta cinnteoireachta éagsúil ón gceann a leanadh tráth a glacadh an Treoir atá faoi chonspóid (féach Airteagal 153(2) CFAE). Tá an dá nós imeachta cinnteoireachta ar neamhréir lena chéile de bharr, agus gníomhartha faoi Airteagal 153(1)(f) CFAE á nglacadh – a mhalairt ar ghníomhartha arna nglacadh faoi Airteagal 153(1)(b) CFAE – go gceanglaítear formheas d’aontoil (féach Airteagal 153(2) CFAE).
Mar thaca lena éileamh malartach, áitíonn an Rialtas, trí Airteagal 4(1)(d) agus 4(2) den Treoir atá faoi chonspóid a ghlacadh, gur sháraigh na cosantóirí prionsabal na tabhartha cumhachtaí agus gur ghníomhaigh siad ar bhealach a sháraigh Airteagal 153(5) CFAE. Leis na forálacha sin, cuirtear isteach go díreach ar an leibhéal pá a chinneadh sna Ballstáit agus baineann siad leis an gceart comhlachais, a eisiatar ó inniúlacht reachtas an Aontais de bhun Airteagal 153(5) CFAE.
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/18 |
Achomharc arna thabhairt an 28 Eanáir 2023 ag DL (*1) i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra) a tugadh an 18 Samhain 2022 i gCás T-586/22, DL (*1) v an Pharlaimint agus an Chomhairle
(Cás C-43/23 P)
(2023/C 104/23)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Achomharcóir: DL (*1) (ionadaí: S. Manna, avocate)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais gur cheart Ordú T-586/22 an 18 Samhain 2022 a chur ar leataobh ina iomláine, ar an bhforas go ndearna Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh roinnt earráidí dlí.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-achomharcóir cúig shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh earráid mar thoradh ar shaobhadh na saincheisteanna dlí a raibh DL (*1) ag brath orthu. Rinne an Chúirt Ghinearálta rialú ar an gcás amhail is dá mba rud é go raibh DL (*1) ag brath ar shaoirse gluaiseachta laistigh den Aontas ach bhí a iarratas bunaithe ar an gceart chun sláinte agus ar an gceart chun beatha.
An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid dlí maidir leis an gcoinníoll lena gceanglaítear go n-eascródh an rialachán atá faoi chonspóid go díreach a éifeachtaí ar staid dhlíthiúil an achomharcóra. Chinn an Chúirt Ghinearálta nach raibh aon tionchar ag na rialacháin atá faoi chonspóid ar staid dhlíthiúil an iarratasóra ar an bhforas nach ndearna siad ach creat teicniúil a leagan síos.
Cé go leagtar amach creat teicniúil le Rialachán (AE) 2022/1034, dhéanfadh sé difear díreach do staid dhlíthiúil an iarratasóra agus d’aon saoránach den Aontas Eorpaigh ar mian leis leas a bhaint as Deimhniú Digiteach COVID-19 Eorpach.
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear earráid dlí ar an gcoinníoll a bhaineann le cumhacht lánroghnach na daoine a bhfuil an gníomh atá faoi chonspóid dírithe orthu. Chinn an Chúirt Ghinearálta nach leagtar síos sna rialacháin atá faoi chonspóid ach creat teicniúil a bhfuil cumhacht lánroghnach ag na Ballstáit chun iad a chur i bhfeidhm, rud a chuireann cosc ar an gconclúid go bhfuil na rialacháin sin infheidhme go huathoibríoch.
Mar sin féin, sa chás seo is rialachán a bhfuil feidhm ghinearálta aige lena leagtar síos creat teicniúil chun Deimhniú Digiteach COVID-19 a dheonú do gach saoránach Eorpach atá infheidhme go díreach faoin dlí náisiúnta. Ní bheadh aon chumhacht lánroghnach ag na Ballstáit: comhlíonann a nDeimhniú Digiteach COVID-19 na coinníollacha a leagtar síos sa rialachán agus baineann an saoránach leas as Deimhniú Digiteach COVID-19 Eorpach, nó ní chomhlíonann sé iad agus ní fhaigheann an saoránach an Deimhniú Digiteach COVID-19 Eorpach.
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear earráid dlí maidir le cumas na caingne chun sochar pearsanta a fháil don pháirtí a thionscnamh é. Chinn an Chúirt Ghinearálta nach féidir le neamhniú na rialachán atá faoi chonspóid aon tairbhe a thabhairt do shaoránaigh ar an bhforas nach leagtar síos ach creat teicniúil leis na rialacháin atá á faoi chonspóid. Mar sin féin, ní féidir a shéanadh go bhféadfar sláinte agus saol shaoránaigh an Aontais Eorpaigh a chosaint mar gheall ar na rialacháin atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, i ndáil lena bhforálacha lena ndeonaítear an Deimhniú Digiteach COVID-19 Eorpach do dhaoine neamhscagtha.
An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear mainneachtain prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh tríd an gcinneadh fad na forála a fhadú go dtí an 30 Meitheamh 2023. Chinn an Chúirt Ghinearálta urramaíodh prionsabal na comhréireachta “i bhfianaise na héiginnteachta atá fós ann maidir le héabhlóid na paindéime amach anseo”. Mar sin féin, tá an Chúirt Ghinearálta ag brath anseo ar phrionsabal an réamhchúraim, atá éagsúil ó phrionsabal na comhréireachta, lena n-éilítear bonn cirt eolaíoch seachas tuairimíocht dhoiléir.
(*1) Tá an fhaisnéis scriosta nó ionadaithe laistigh den chreat maidir le sonraí pearsanta agus/nó rúndacht a chosaint.
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/19 |
Achomharc arna thabhairt an 6 Feabhra 2023 ag Poblacht na hOstaire i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra) an 30 Samhain 2022 i gCás T-101/18, Poblacht na hOstaire v an Coimisiún
(Cás C-59/23 P)
(2023/C 104/24)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Achomharcóir: Poblacht na hOstaire (Ionadaithe: M. Klamert agus F. Koppensteiner, Gníomhairí, agus H. Kristoferitsch, Rechtsanwalt)
Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Poblacht na Seice, Poblacht na Fraince, an Ungáir, Poblacht na Polainne, Poblacht na Slóvaice, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann
An t-ordú atá á lorg
Iarrann Poblacht na hOstaire ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
— |
breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 i gCás T-101/18, Poblacht na hOstaire v an Coimisiún Eorpach a chur ar ceal ina iomláine; |
|
— |
glacadh leis an gcaingean ag an gcéad chéim ina hiomláine maidir le Cinneadh (AE) 2017/2112 ón gCoimisiún an 6 Márta 2017 maidir le beart/scéim cabhrach/Státchabhair SA.38454 — 2015/C (ex 2015/N) a bhfuil sé i gceist ag an Ungáir a chur chun feidhme chun tacú le dhá imoibreoir núicléacha a fhorbairt ag stáisiún cumhachta núicléiche Paks II (1); |
|
— |
a ordú don Choimisiún na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Ardaíonn Poblacht na hOstaire ceithre shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí: easpa nós imeachta soláthair phoiblí |
Measann an t-achomharcóir go ndealraíonn sé go bhfuil an breithiúnas atá faoi achomharc neamhdhleathach, a mhéid, murab ionann agus an méid a rialaigh an Chúirt Ghinearálta, go bhfuil tionchar ag an easpa nós imeachta soláthair phoiblí ar an nós imeachta Státchabhrach agus fágann sé go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid neamhdhleathach.
|
2. |
An dara saincheist dlí: díréireacht an bhirt |
Measann an t-achomharcóir gur deimhníodh go mícheart sa bhreithiúnas faoi achomharc go ndearna an Coimisiún scrúdú leordhóthanach ar an gcomhréireacht. Is fíor sin a fortiori de bharr, ar thaobh amháin, go bhfuil sé deacair a chinneadh cad go díreach atá i gceist leis an mbeart cabhrach agus, ar an taobh eile, nach bhfuil an coibhéis fóirdheontais den bheart sin socraithe.
|
3. |
An tríú saincheist dlí: saobhadh díréireach ar an iomaíocht agus ceannasacht a chruthú ar an margadh. |
Measann an t-achomharcóir go raibh an Chúirt Ghinearálta mícheart nuair a dhiúltaigh sí go raibh saobhadh díréireach ar an iomaíocht agus gur cruthaíodh ceannasacht ar an margadh. Dar leis, ní thugann an Chúirt Ghinearálta aird chuí air go scaoilfí acmhainn fuinnimh faoi réir iomaíochta ar mhargadh leictreachais léirscaoilte dá ndúnfaí stáisiún núicléach Paks I. Ina theannta sin, dhéanfaí Paks I agus II a oibriú le chéile ar feadh am níos faide ná mar a bhí beartaithe; measann an t-achomharcóir nach bhfuil neamhspleáchas na ngnóthas sin ráthaithe.
|
4. |
An ceathrú saincheist dlí: Sainiú neamhleor ar an gcabhair |
Measann an t-achomharcóir go raibh an Chúirt Ghinearálta mícheart nuair a chinn sí gur sainíodh na heilimintí den chabhair go neamhleor. Dar leis, in éagmais an nós imeachta soláthair phoiblí, leis an gcaoi nár cuireadh san áireamh costais maoinithe sheachtraigh agus leis an bhfíoras nár ríomhadh coibhéis deontais, tugtar le fios nach bhfuil méid na Státchabhrach cinnte go leordhóthanach.
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/20 |
Ordú Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an 30 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal administratif – Lucsamburg) – A, B, C, ionadaíocht dhlíthiúil arna déanamh ag a thuismitheoirí v Ministre de l’Immigration et de l’Asile
(Cás C-153/21, (1) Ministre de l’Immigration et de l’Asile)
(2023/C 104/25)
Teanga an cháis: an Fhraincis
D’ordaigh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an cás a bhaint den chlár.
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/20 |
Ordú Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an 12 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione – an Iodáil) – Istituto nazionale della previdenza sociale (INPS) v Ryanair DAC
(Cás C-380/21, (1) INPS)
(2023/C 104/26)
Teanga an cháis: an Iodáilis
D’ordaigh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an cás a bhaint den chlár.
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/20 |
Ordú Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an 20 Nollaig 2022 – NB v Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
(Cás C-774/21 P) (1)
(2023/C 104/27)
Teanga an cháis: an Fhraincis
D’ordaigh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an cás a bhaint den chlár.
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/21 |
Ordú Uachtarán an Dara Dlísheomra den Chúirt Bhreithiúnais an 3 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Düsseldorf – an Ghearmáin) – EV v Alltours Flugreisen GmbH
(Cás C-776/21, (1) Alltours Flugreisen)
(2023/C 104/28)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
D’ordaigh Uachtarán an Dara Dlísheomra an cás a bhaint den chlár.
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/21 |
Ordú Uachtarán na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 14 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Spetsializiran nakazatelen sad – an Bhulgáir) – Imeachtaí coiriúla i gcoinne ZhU, RD
(Cás C-805/21, (1) ZhU (Ionstraim chiona a choigistiú))
(2023/C 104/29)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
D’ordaigh Uachtarán an Ochtú Dlísheomra an cás a bhaint den chlár.
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/21 |
Ordú Uachtarán na Cúirte an 21 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Erfurt – an Ghearmáin) – XXX v Helvetia schweizerische Lebensversicherungs-AG
(Cás C-41/22, (1) Helvetia schweizerische Lebensversicherung)
(2023/C 104/30)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
D’ordaigh Uachtarán na Cúirte an cás a bhaint ón gclár.
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/21 |
Ordú Uachtarán na Cúirte an 16 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal Judicial da Comarca do Porto Juízo Local Cível da Maia – an Phortaingéil) – WH, NX v TAP – Transportes Aéreos Portugueses, SGPS, SA
(Cás C-202/22, (1) TAP – Transportes Aéreos Portugueses)
(2023/C 104/31)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
D’ordaigh Uachtarán na Cúirte an cás a bhaint ón gclár.
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/22 |
Ordú Uachtarán na Cúirte an 2 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunalul Bucuresti – an Rómáin) – VS, TU, RW v Ryanair DAC
(Cás C-362/22, (1) Ryanair)
(2023/C 104/32)
Teanga an cháis: an Rómáinis
D’ordaigh Uachtarán na Cúirte an cás a bhaint ón gclár.
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/22 |
Ordú Uachtarán na Cúirte an 17 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Spetsializiran nakazatelen sad – an Bhulgáir) – Imeachtaí coiriúla in aghaidh NE
(Cás C-373/22, (1) NE)
(2023/C 104/33)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
D’ordaigh Uachtarán na Cúirte an cás a bhaint ón gclár.
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/22 |
Ordú Uachtarán na Cúirte an 9 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Frankfurt am Main – an Ghearmáin) – flighright GmbH v Transportes Aéreos Portugueses SA (TAP)
(Cás C-388/22, (1) flightright)
(2023/C 104/34)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
D’ordaigh Uachtarán na Cúirte an cás a bhaint ón gclár.
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/22 |
Ordú Uachtarán na Cúirte an 7 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Frankfurt am Main – an Ghearmáin) – flightright GmbH v TAP Portugal
(Cás C-578/22, (1) flightright)
(2023/C 104/35)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
D’ordaigh Uachtarán na Cúirte an cás a bhaint den chlár.
Chúirt Ghinearálta
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/23 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Feabhra 2023 – BG v an Pharlaimint
(Cás T - 164/20) (1)
(Státseirbhís - Cúntóirí parlaiminte creidiúnaithe - Ciapadh síceolaíoch - Airteagal 12(a) de na Rialacháin Foirne - Iarraidh ar chúnamh - Diúltú don iarraidh - Airteagal 24 de na Rialacháin Foirne - an Coiste Comhairleach um Ghearáin faoi chiapadh ar Chúntóirí Parlaiminteacha Creidiúnaithe ag Feisirí de chuid Pharlaimint na hEorpa san Áit Oibre agus an Ciapadh sin a Chosc - Ceart éisteachta - Diúltú tuarascáil an Choiste Chomhairligh a nochtadh - Dliteanas - Dochar neamhábhartha)
(2023/C 104/36)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: BG (ionadaithe: A. Tymen, L. Levi agus A. Champetier, Dlíodóirí)
Cosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: M. Windisch, C. González Argüelles agus I. Lázaro Betancor, Gníomhairí)
Maidir le:
Lena caingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Bealtaine 2019 lenar dhiúltaigh an t-údarás a bhfuil sé de chumhacht aige conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích dá hiarraidh ar chúnamh a neamhniú agus, ar an dara dul síos, cúiteamh as an dochar neamhábhartha a mhaíonn sí a d’fhulaing sí.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Cuirtear Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Bealtaine 2019 lena ndiúltaítear don iarraidh ar chúnamh arna taisceadh ag BG ar neamhní; |
|
2. |
Ordaítear don Pharlaimint méid EUR 2 500 a íoc le BG i leith na díobhála neamhábhartha a fulaingíodh; |
|
3. |
Ordaítear don Pharlaimint na costais a íoc. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/23 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Feabhra 2023 – SJ v An Coimisiún
(Cás T-659/20) (1)
(Treoir 2014/25/AE - Nósanna imeachta soláthair na n-eintiteas a oibríonn sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus seirbhísí poist - Cinneadh Cur Chun Feidhme maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 34 de Threoir 2014/25 maidir le hiompar paisinéirí iarnróid sa tSualainn - Cearta na cosanta - Ceart éisteachta)
(2023/C 104/37)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: SJ AB (Stócólm, an tSualainn) (ionadaithe: J. Karlsson agus M. Johansson, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: S. Baches Opi, P. Ondrůšek agus G. Wils, Gníomhairí)
Idiragraí mar thaca leis an iarratasóir: Ríocht na Sualainne (ionadaithe: M. Salborn Hodgson, H. Eklinder, C. Meyer-Seitz, A. Runeskjöld, H. Shev, R. Shahsavan Eriksson agus O. Simonsson, Gníomhairí)
Maidir le:
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1193 ón gCoimisiún an 2 Iúil 2020 maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiompar paisinéirí iarnróid sa tSualainn a chur ar neamhní (IO 2020 L 262, lch. 18), lenar chinn an Coimisiún Eorpach go leanfadh Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar ag eintitis atá ag oibriú sna hearnálacha seirbhísí uisce, fuinnimh, iompair agus poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO 2014 L 94, lch. 243) d’fheidhm a bheith aici maidir le conarthaí arna ndámhachtain ag eintitis chonarthacha agus atá beartaithe gníomhaíochtaí a bhaineann le soláthar seirbhísí paisinéirí iarnróid a oibrítear ar bhonn tráchtála a chumasú ar chríoch na Sualainne.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Cuirtear Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1193 ón gCoimisiún an 2 Iúil 2020 maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiompar paisinéirí iarnróid sa tSualainn ar neamhní; |
|
2) |
Ordaítear don Choimisiún Eorpach na costais a íoc; |
|
3) |
Ordaítear do Ríocht na Sualainne a costais féin a íoc. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/24 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Feabhra 2023 – ClientEarth v an Coimisiún
(Cás T-354/21) (1)
(Rochtain ar dhoiciméid - Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 - Córas rialaithe chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú - Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 - Doiciméid a bhaineann le rialú iascaigh a chur chun feidhme sa Danmhairg agus sa Fhrainc - Diúltú páirteach ar rochtain - Eisceacht a bhaineann le cosaint chuspóir na gcigireachtaí, na n-imscrúduithe agus na n-iniúchtaí - Toimhde ghinearálta na rúndachta - Leas poiblí sáraitheach - Coinbhinsiún Aarhus - Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006)
(2023/C 104/38)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: ClientEarth AISBL (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaithe: O. Brouwer, T. Oeyen agus T. van Helfteren, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Ehrbar, G. Gattinara agus A. Spina, Gníomhairí)
Maidir le
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh C(2021) 4348 final ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2021 lena ndiúltaítear rochtain ar dhoiciméid áirithe arna n-iarraidh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin ar neamhní (IO 2001 L 145, lch. 43), chomh maith le Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail, (IO 2006 L 264, lch. 13).
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2) |
Ordaítear do ClientEarth AISBL na costais a íoc. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/25 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Feabhra 2023 – TJ v SEGS
(Cás T-365/21) (1)
(Státseirbhís - Foireann SEGS - Earcaíocht - Fógra folúntais - Iarratas a Diúltú iarratais - Airteagal 98 de na Rialacháin Foirne - An coincheap “ball foirne ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta na mBallstát” - Dliteanas)
(2023/C 104/39)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: TJ (ionadaithe: A. Véghely, V. Luszcz agus D. Karsai, Dlíodóirí)
Cosantóir: An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (ionadaithe: S. Marquardt agus R. Spáč, Gníomhairí, agus ag M. Troncoso Ferrer, F.-M. Hislaire agus L. Lence de Frutos, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go gcuirfí cinneadh na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) an 4 Meán Fómhair 2020 lena ndiúltaítear dá iarratas ar phost [sonraí faoi rún folaithe] agus cinneadh an 23 Iúil 2020 lenar ceapadh A sa phost sin, ar neamhní agus, ar an dara dul síos, an damáiste ábhartha agus neamhábhartha a mhaíonn sé a d’fhulaing sé mar thoradh air sin a chúiteamh.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Cuirtear cinneadh an 4 Meán Fómhair 2020 ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) lena ndiúltaítear d’iarratas CB arna chur isteach de bhun an fhógra folúntais [sonraí faoi rún folaithe], ar neamhní. |
|
2. |
Cuirtear cinneadh SEGS lena gceaptar A chuig an bpost sin an 23 Iúil 2020 ar neamhní. |
|
3. |
Diúltaítear don chuid eile den chaingean. |
|
4. |
Ordaítear do SEGS, chomh maith lena chostais féin, na costais arna dtabhú ag TJ, a íoc. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/25 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Feabhra 2023– Klymenko v an Chomhairle
(Cás T-470/21) (1)
(Dliteanas neamhchonarthach - Comhbheartas Eachtrach agus Slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide san Úcráin - Liosta na ndaoine, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí atá faoi réir ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha - Teorannú - Do-ghlacthacht pháirteach - Sárú atá tromchúiseach go leor ar riail dlí lena dtugtar cearta do dhaoine aonair - Damáiste neamhábhartha - Fírinne an damáiste - Nasc cúisíoch)
(2023/C 104/40)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Oleksandr Viktorovych Klymenko (Moscó, an Rúis) (ionadaí: M. Cessieux, Dlíodóir)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: S. Lejeune agus A. Vitro, Gníomhairí)
Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Giolito agus M. Carpus Carcea, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 268 CFAE, iarrann an t-iarratasóir cúiteamh as an damáiste a líomhnaítear a d’fhulaing sé le glacadh na ngníomhartha seo a leanas; ar an gcéad dul síos, Cinneadh (CBES) 2015/364 ón gComhairle an 5 Márta 2015 lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO 2015 L 62, lch. 25), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/357 ón gComhairle an 5 Márta 2015 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO 2015 L 62, lch. 1), ar an dara dul síos, Cinneadh (CBES) 2016/318 ón gComhairle an 4 Márta 2016 lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO 2016 L 60, lch. 76), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/311 ón gComhairle an 4 Márta 2016 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO 2016 L 60, lch. 1), ar an tríú dul síos, Cinneadh (CBES) 2017/381 ón gComhairle an 3 Márta 2017 lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO 2017 L 58, lch. 34), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/374 ón gComhairle an 3 Márta 2017 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO 2017 L 58, lch. 1), ar an gceathrú dul síos, Cinneadh (CBES) 2018/333 ón gComhairle an 5 Márta 2018 lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO 2018 L 63, lch. 48), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/326 ón gComhairle an 5 Márta 2018 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO 2018 L 63, lch. 5), ar an gcúigiú dul síos, Cinneadh (CBES) 2019/354 ón gComhairle an 4 Márta 2019 lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO 2019 L 64, lch. 7), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/352 ón gComhairle an 4 Márta 2019 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO 2019 L 64, lch. 1), ar an séú dul síos, Cinneadh (CBES) 2020/373 ón gComhairle an 5 Márta 2020 lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO 2020 L 71, lch. 10), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/370 ón gComhairle an 5 Márta 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO 2020 L 71, lch. 1), agus, ar an seachtú dul síos, Cinneadh (CBES) 2021/394 ón gComhairle an 4 Márta 2021 lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO 2021 L 77, lch. 29), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/391 ón gComhairle an 4 Márta 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO 2021 L 77, lch. 2), lenar coimeádadh a ainm ar liostaí na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Diúltaítear don chaingean toisc í bheith i bpáirt do-ghlactha agus i bpáirt gan bhunús. |
|
2. |
Ordaítear do Oleksandr Viktorovych Klymenko, chomh maith lena chostais féin, na costais arna dtabhú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, a íoc. |
|
3. |
Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin a íoc. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/27 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Feabhra 2023 – Foundation for the Protection of the Traditional Cheese of Cyprus named Halloumi v EUIPO – Papouis Dairies (fino)
(Cás T-558/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh fino Cyprus Halloumi Cheese - Iar-fhocalmharc comhchoiteann de chuid an Aontais Eorpaigh “HALLOUMI” - Forais choibhneasta le diúltú - Cosúlacht na gcomharthaí - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois))
(2023/C 104/41)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Foundation for the Protection of the Traditional Cheese of Cyprus named Halloumi (an Niocóis, an Chipir) (ionadaithe: C. Milbradt, agus S. Malynicz, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Gája, Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idirghabháil os comhair na Cúirte Ginearálta: Papouis Dairies Ltd (an Niocóis) (ionadaithe: A. Pomares Caballero agus M. Pomares Caballero, Dlíodóirí)
Ábhar:
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 29 Aibreán 2021 (Cás R 575/2019-2) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2. |
Ordaítear do Foundation for the Protection of the Traditional Cheese of Cyprus named Halloumi, chomh maith lena chostais féin, na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus Papouis Dairies Ltd a íoc. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/27 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Feabhra 2023 – Foundation for the Protection of the Traditional Cheese of Cyprus named Halloumi v EUIPO – Papouis Dairies (Papouis Halloumi)
(Cás T-565/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh Papouis Halloumi - Iar-fhocalmharc comhchoiteann de chuid an Aontais Eorpaigh “HALLOUMI” - Forais choibhneasta le diúltú - Cosúlacht na gcomharthaí - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois))
(2023/C 104/42)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Foundation for the Protection of the Traditional Cheese of Cyprus named Halloumi (an Niocóis, an Chipir) (ionadaithe: C. Milbradt, agus S. Malynicz, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Gája, Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idirghabháil os comhair na Cúirte Ginearálta: Papouis Dairies Ltd (an Niocóis) (ionadaithe: A. Pomares Caballero agus M. Pomares Caballero, Dlíodóirí)
Ábhar:
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 29 Aibreán 2021 (Cás R 575/2019-2) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2. |
Ordaítear do Foundation for the Protection of the Traditional Cheese of Cyprus named Halloumi, chomh maith lena chostais féin, na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus Papouis Dairies Ltd a íoc. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/28 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Feabhra 2023 – Harbaoui v EUIPO – Google (GC GOOGLE CAR)
(Cás T-568/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “GOOGLE CAR” - Iar-fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “GOOGLE” - Foras coibhneasta le diúltú - Buntáiste éagórach bainte as saintréith nó cáil an iarmhairc - Airteagal 8(5) den Rialachán AE) 2017/1001)
(2023/C 104/43)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Zoubier Harbaoui (Páras, an Fhrainc) (ionadaí: A. Bove, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: L. Lapinskaite, M. Eberl agus V. Ruzek, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Google LLC (Mountain View, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: M. Kinkeldey agus C. Schmitt, Dlíodóirí)
Maidir le:
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir cinneadh an 18 Meitheamh 2021 ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 18 Meitheamh 2021 (Cás R 902/2020-1) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Diúltaítear don chaingean; |
|
2. |
Ordaítear do Zoubier Harbaoui na costais a íoc. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/29 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Feabhra 2023 – Harbaoui v EUIPO – Google (GC GOOGLE CAR)
(Cás T-569/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “GOOGLE CAR” - Iar-fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “GOOGLE” - Foras coibhneasta le diúltú - Buntáiste éagórach bainte as saintréith nó cáil an iarmhairc - Airteagal 8(5) den Rialachán AE) 2017/1001)
(2023/C 104/44)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Zoubier Harbaoui (Páras, an Fhrainc) (ionadaí: A. Bove, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: L. Lapinskaite, M. Eberl agus V. Ruzek, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Google LLC (Mountain View, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: M. Kinkeldey agus C. Schmitt, Dlíodóirí)
Maidir le:
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir cinneadh an 18 Meitheamh 2021 ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 18 Meitheamh 2021 (Cás R 902/2020-1) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Diúltaítear don chaingean; |
|
2. |
Ordaítear do Zoubier Harbaoui na costais a íoc. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/29 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Feabhra 2023 – NFL Properties Europe v EUIPO – Groupe Duval (DUUUVAL)
(Cás T-671/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “DUUUVAL” - Iarmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh GROUPE DUVAL roimhe seo - Foras coibhneasta le diúltú - Baol mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
(2023/C 104/45)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: NFL Properties Europe GmbH (Eschborn, an Ghearmáin) (ionadaithe: M. Kloth, R. Briske, D. Habel agus M. Tillwich, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: I. Harrington, J. Ivanauskas agus V. Ruzek, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO: Groupe Duval (Boulogne-Billancourt, an Fhrainc)
Maidir le:
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 4 Lúnasa 2021 (Cás R 243/2021-5) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2) |
Ordaítear do NFL Properties Europe GmbH na costais a íoc. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/30 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Feabhra 2023 – Brobet v EUIPO – Efbet Partners (efbet)
(Cás T-772/21) (1)
(Trádmharc de chuid Aontais Eorpaigh - Imeachtaí cúlghairme - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh - Fíorúsáid an trádmhairc - Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Cruthúnas ar fhíorúsáid - Airteagal 95 de Rialachán 2017/1001 - Airteagal 58(1)(a)) 27(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625)
(2023/C 104/46)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Brobet Ltd. (Ta'Xbiex, Málta) (ionadaí: F. Bojinova, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: N. Lamsters agus D. Hanf, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO: Efbet Partners OOD (Sóifia, an Bhulgáir)
Maidir le:
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 22 Meán Fómhair 2021 a chur ar neamhní (Cás R 624/2021-2).
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Diúltaítear don chaingean; |
|
2. |
Ordaítear do Brobet ltd. chun na costais a íoc. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/30 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Feabhra 2023 – Groschopp v EUIPO (Sustainability through Quality)
(Cás T-253/22) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “Sustainability through Quality” - Dearbhfhoras le diúltú - Easpa sainiúlachta - Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
(2023/C 104/47)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Groschopp AG Drives & More (Viersen, an Ghearmáin) (ionadaí: R. Schiffer, avocate)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaithe: A. Ringelhann agus T. Klee, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 1 Márta 2022 (Cás R 1076/2020-5) a neamhniú.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2) |
Ordaítear do Groschopp AG Drives & More na costais a íoc. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/31 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Feabhra 2023 – Krematorium am Waldfriedhof Schwäbisch Hall v EUIPO (aquamation)
(Cás T-319/22) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “aquamation” - Dearbhfhoras le diúltú - Cineál tuairisciúil - Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001)
(2023/C 104/48)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Krematorium am Waldfriedhof Schwäbisch Hall GmbH & Co. KG (Schwäbisch Hall, an Ghearmáin) (ionadaithe: F. Dehn, L. Maritzen agus C. Kleiner, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaithe: D. Stoyanova-Valchanova agus D. Hanf, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 29 Márta 2022 (Cás R 2154/2021-1) a neamhniú.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2) |
Íocfaidh na páirtithe a gcostais féin. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/32 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Feabhra 2023 – Hacker-Pschorr Bräu v EUIPO – Vandělíková (HACKER SPACE)
(Cás T-349/22) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh HACKER SPACE - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe HACKER-PSCHORR agus marc fíortha níos luaithe Hacker Pschorr agus focalmharcanna naisiúnta níos luaithe HACKERBRÄU agus HACKER - Foras coibhneasta le diúltú - An foras ar a bhfuil an freasúra bunaithe a shainaithint - Airteagal 8(1)(a) agus (b) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Airteagal 2(2)(c) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625))
(2023/C 104/49)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Hacker-Pschorr Bräu GmbH (Munich, an Ghearmáin) (ionadaithe: C. Tenkhoff agus T. Herzog, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Stoyanova-Valchanova agus D. Hanf, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc EUIPO: Jana Vandělíková (Prág, Poblacht na Seice)
Ábhar
Lena chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 1 Aibreán 2022 (Cás R 1268/2021-1) a neamhniú.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2) |
Íocfaidh gach páirtí as a chostais féin. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/32 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Eanáir 2023 – Jeronimo Martins Polska v EUIPO – Aldi Einkauf (Vitalsss plus)
(Cás T-325/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Tarraing siar an iarratais ar chlárú - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)
(2023/C 104/50)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Jeronimo Martins Polska S.A. (Kostrzyn, an Pholainn) (ionadaithe: E. Jaroszyńska-Kozłowska agus R. Skubisz, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: T. Frydendahl agus D. Gája, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idirghabháil os comhair na Cúirte Ginearálta: Aldi Einkauf SE & Co. OHG (Essen, an Ghearmáin) (ionadaithe: N. Lützenrath, C. Fürsen, M. Minkner agus A. Starcke, Dlíodóirí)
Ábhar:
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 7 Aibreán 2021 (Cásanna R 503/2020-1 agus R 647/2020-1) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Ní gá a thuilleadh don chaingean dul ar aghaidh chun breithiúnais. |
|
2. |
Ordaítear do Jeronimo Martins Polska S.A., chomh maith lena chostais féin, na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a íoc. |
|
3. |
Ordaítear do Aldi Einkauf SE & Co. OHG a gcostais féin a íoc. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/33 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 1 Feabhra 2023 – NO v an Coimisiún
(Cás T-708/21) (1)
(Caingean maidir le mainneachtain gníomhú - Sárú ar dhlí an Aontais Eorpaigh ag údaráis áirithe Éireannacha - Státchabhair - Easpa glao ar ghníomhaíocht - Do-ghlacthacht pháirteach - Comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe - Mí-úsáid ceannasachta - Seasamh an Choimisiúin - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais i bpáirt)
(2023/C 104/51)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: NO (ionadaí: E. Smartt, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: I. Barcew, P. Caro de Sousa agus L. Nicolae, Gníomhairí)
Ábhar:
Lena chaingean de bhun Airteagal 265 CFAE, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt a dhearbhú gur mhainnigh an Coimisiún Eorpach go neamhdhleathach seasamh a ghlacadh maidir lena ghearáin arna dtíolacadh an 7 agus an 26 Bealtaine 2020, maidir lena nuachtlitir an 27 Bealtaine 2021 agus maidir lena litir fógra fhoirmiúil an 28 Meitheamh 2021.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Ní gá rialú a thabhairt a thuilleadh ar na héilimh lena lorgaítear dearbhú gur mhainnighan Coimisiún Eorpach seasamh a ghlacadh maidir leis na gearáin lena líomhnaítear sárú, in Éirinn, ar Airteagail 101 agus 102 CFAE agus Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail (101 agus 102 CFAE). |
|
2. |
Diúltaítear don chuid eile den chaingean toisc é a bheith do-ghlactha. |
|
3. |
Ordaítear do NO na costais a íoc. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/34 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 2 Feabhra 2023 – Motel One v EUIPO – Apartment One (“APART MENT ONE SLEEP CLEVER.”)
(Cás T-15/22) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “APART MENT ONE SLEEP CLEVER.” - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh roimhe sin “be one et motel one” - Dul in éag ábhar na díospóide - Ní gá rialú a dhéanamh)
(2023/C 104/52)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Motel One GmbH (Munich, an Ghearmáin) (ionadaithe: M. Hartmann, S. Fröhlich agus H. Lerchl, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Eberl agus T. Klee, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc EUIPO: Apartment One GbR (Grasbrunn, an Ghearmáin)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear an cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 20 Deireadh Fómhair 2021 (Cás R 564/2021-5), maidir le himeachtaí freasúra idir an t-iarratasóir agus an páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, Apartment One GbR, ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Ní gá rialú a dhéanamh ar an gcaingean a thuilleadh. |
|
2) |
Ordaítear do Motel One GmbH na costais a íoc. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/34 |
Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 2 Feabhra 2023 – Nicoventures Trading agus páirtithe eile v an Coimisiún
(Cás T-706/22 R)
(Faoiseamh idirlinne - Sláinte phoiblí - Díolúintí áirithe a tharraingt siar i ndáil le táirgí tobac téite - Iarratas ar bhearta idirlinne - Easpa práinne)
(2023/C 104/53)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Nicoventures Trading Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe), agus na 5 iarratasóir eile a bhfuil a n-ainmneacha san iarscríbhinn a ghabhann leis an ordú (ionadaithe: L. Van den Hende, M. Schonberg, J. Penz-Evren agus P. Wytinck, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: H. van Vliet, A. Becker agus F. van Schaik, Gníomhairí)
Ábhar
Lena n-iarratas bunaithe ar Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann na hiarratasóirí, sa chéad áit, go bunúsach, go bhfionrófar feidhm Threoir Tharmligthe (AE) 2022/2100 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díolúintí áirithe a tharraingt siar i ndáil le táirgí tobac téite (IO 2022, L 283, lch. 4), agus sa dara háit, gach beart idirlinne eile is iomchuí a dheonú.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Déantar an t-iarratas ar bhearta idirlinne a dhiúltú. |
|
2) |
Forchoimeádtar na costais. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/35 |
Caingean arna tabhairt an 6 Nollaig 2022 – NO v an Coimisiún
(Cás T-771/22)
(2023/C 104/54)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: NO (ionadaí: E. Smartt, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ginearálta:
|
— |
Cinneadh ón gCoimisiún an 27 Meán Fómhair 2022 a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú don Choimisiún a chostais a íoc; agus, |
|
— |
a ordú go n-aisíocfar costais an iarratasóra. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Coimisiún Eorpach earráid fhollasach measúnaithe agus gur ghníomhaigh sé de shárú ar Airteagal 24(2) de Rialachán (AE) 2015/1589 (1). |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Coimisiún Eorpach earráid fhollasach measúnaithe ina athbhreithniú ar dhleathacht na cabhrach i leith na hoibleagáide coinníollacha Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 a chomhlíonadh (2). |
|
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur theip ar an gCoimisiún Eorpach imscrúdú foirmiúil a thionscnamh in ainneoin na ndeacrachtaí tromchúiseacha, agus gur sháraigh sé cearta nóis imeachta an iarratasóra barúlacha a thíolacadh maidir leis na gnéithe a thógann amhras tromchúiseach faoi chomhoiriúnacht na cabhrach leis an margadh inmheánach. |
|
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún Eorpach a dhualgas cúiseanna a lua ina chinneadh. |
|
5. |
An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear gur theip ar an gCoimisiún Eorpach imscrúdú foirmiúil a thionscnamh in ainneoin fianaise a bheith ann gur mhainnigh [an Ballstát] cearta bunúsacha an iarratasóra a áirithiú, de shárú ar Airteagal 19(1) CAE. |
|
6. |
An séú saincheist dlí lena n-éilítear go sáraíonn cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh forálacha sonracha CFAE agus prionsabail ghinearálta an dlí Eorpaigh maidir leis an toirmeasc ar idirdhealú bunaithe ar náisiúntacht, ar mhaoin nó ar stádas agus saorghluaiseacht seirbhísí agus prionsabal an chomhionannais os comhair an dlí. Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 d’eisceacht ón oibleagáid fógra a thabhairt do státchabhair faoi Airteagal 108(3) CFAE, ach ní dhéantar foráil ann d’eisceacht ó rialacha agus ó phrionsabail eile CFAE nó ó dhlí an Aontais, lena n-áirítear Airteagal 107(1) CFAE. |
(1) Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (códú) (IO 2015, L 248, lch. 9).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis (IO 2013, L 352, lch. 1).
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/36 |
Caingean arna tabhairt an 22 Nollaig 2022 – Wizz Air Hungary v an Coimisiún
(Cás T-827/22)
(2023/C 104/55)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Wizz Air Hungary Légiközlekedési Zrt. (Wizz Air Hungary Zrt.) (Búdaipeist, an Ungáir) (ionadaithe: E. Vahida, S. Rating agus I.-G. Metaxas-Maranghidis, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach (AE) an 29 Aibreán 2022 maidir le Státchabhair SA.63360 (2021/N)) – an Rómáin COVID-19 – TAROM – cúiteamh i leith damáistí II (1) a chur ar neamhní; agus |
|
— |
a ordú don Choimisiún Eorpach na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur chuir an Coimisiún Eorpach Airteagal 107(2)(b) CFAE i bhfeidhm go mícheart agus go ndearna sé earráidí follasacha measúnaithe ina athbhreithniú ar chomhréireacht na cabhrach leis an damáiste de thoradh na géarchéime COVID-19; |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún Eorpach forálacha sonracha de CFAE agus na prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais Eorpaigh a bhí mar bhonn taca le léirscaoileadh an aeriompair in AE ó na 1980idí déanacha i leith (i.e. neamh-idirdhealú, saorsholáthar seirbhísí – a chuirtear i bhfeidhm maidir le haeriompar le Rialachán 1008/2008 (2) – agus saorbhunaíocht) |
|
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur mhainnigh an Coimisiún Eorpach imscrúdú foirmiúil a thionscnamh in ainneoin na ndeacrachtaí tromchúiseacha, agus gur sháraigh sé cearta nóis imeachta an iarratasóra. |
|
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún Eorpach a dhualgas cúiseanna a lua. |
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal, IO 2008, L 293, lch. 3.
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/36 |
Caingean arna tabhairt an 12 Eanáir 2023 – UC v an Chomhairle
(Cás T-6/23)
(2023/C 104/56)
Teanga an cháis: an Ollainnis
Páirtithe
Iarratasóir: UC (ionadaithe: P. Bekaert agus S. Bekaert, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/2398 ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2397 ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (“na gníomhartha atá faoi chonspóid”) a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis an iarratasóir, agus |
|
— |
a ordú don Chomhairle costais na n-imeachtaí a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí: sárú ar a cumhachtaí, sárú ar Airteagail 75 agus 215 CFAE, sárú ar Airteagal 13(1) CAE, sárú ar Airteagal 15(3) CFAE agus sárú ar Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún.
|
|
2. |
An dara saincheist dlí: leis an dara fleasc d’Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2010/788 agus Airteagal 2b(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005, sáraítear prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, prionsabal na comhréireachta agus prionsabal na héifeachtachta. Ina theannta sin, tá Airteagal 2b(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 níos fairsinge ná an gníomh dlíthiúil a chuireann sé chun feidhme.
|
|
3. |
An tríú saincheist dlí: sárú ar Airteagal 41(2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) agus Airteagal 296 CFAE (oibleagáid cúiseanna a lua)
|
|
4. |
An ceathrú saincheist dlí: sárú ar chearta na cosanta agus sárú ar Airteagal 41(2)(a) agus (b) den Chairt. Sárú ar Airteagal 215 CFAE.
|
|
5. |
An cúigiú saincheist dlí: sárú ar an gceart chun maoine agus sárú ar phrionsabal na comhréireachta.
|
|
6. |
An séú saincheist dlí: sáraítear an tsaoirse gluaiseachta, sáraítear an ceart cónaithe agus bunaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 45(1) den Chairt agus Airteagail 20 agus 21 CFAE agus sáraítear prionsabal na comhréireachta.
|
|
7. |
An seachtú saincheist dlí: sárú ar an gceart cosanta agus ar an gceart chun cosanta éifeachtaí breithiúnaí, de bhun Airteagal 47 den Chairt.
|
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/38 |
Caingean arna tabhairt an 27 Eanáir 2023 – D&G Laboratories v EUIPO – Holpindus (aleva NATURALS)
(Cás T-28/23)
(2023/C 104/57)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: D&G Laboratories Inc. (North York, Ontario, Ceanada) (ionadaí: M.-G. Marinescu, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Holpindus, SL (Barcelona, an Spáinn)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “aleva NATURALS” – Iarratas ar chlárú Uimh. 14 794 382
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh an Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 21 Samhain 2022 i gCás R 1078/2020-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí a íoc. |
Saincheist dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 47(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/39 |
Caingean arna tabhairt an 30 Eanáir 2023 – Fly Persia agus Barmodeh v EUIPO – Dubai Aviation (flyPersia)
(Cás T-30/23)
(2023/C 104/58)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: Fly Persia IKE (an Aithin, an Ghréig), (Ali Barmodeh (an Aithin) (ionadaí: R. Marano, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Dubai Aviation Corp. (Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “flyPersia” — Iarratas ar chlárú Uimh. 18 022 526
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 24 Samhain 2022 i gCás R 1723/2021-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
|
— |
an cás a tharchur ar ais chuig an mBord Achomhairc; |
|
— |
a ordú go n-íocfaidh EUIPO agus an páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc costais na n-imeachtaí sin agus na himeachtaí níos luaithe os comhair an Bhoird Achomhairc. |
Saincheist dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/39 |
Caingean arna tabhairt an 30 Eanáir 2023 – Tradias v EUIPO – Triodos Bank (Tradias)
(Cás T-32/23)
(2023/C 104/59)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Tradias GmbH (Frankfurt am Main, an Ghearmáin) (ionadaí: P. Bär, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Triodos Bank NV (Zeist, an Ísiltír)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Tradias – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 262 673
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 30 Samhain 2022 i gCás R 734/2022-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a sheas sé leis an bhfreasúra le haghaidh “Seirbhísí Airgeadais” in aicme 36 agus a mhéid a dhiúltaigh sé don fhreasúra ina iomláine; |
|
— |
a ordú do EUIPO agus, de réir mar a bheidh, do Triodos Bank NV na costais arna dtabhú os comhair na Cúirte Ginearálta agus sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO a íoc. |
Saincheist dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/40 |
Caingean arna tabhairt an 1 Feabhra 2023 – Roche Diagnostics v EUIPO – SAS Di’X (AVENIO)
(Cás T-34/23)
(2023/C 104/60)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Roche Diagnostics GmbH (Mannheim, an Ghearmáin) (ionadaí: M. Douglas, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: SAS Di’X (Avignon, an Fhrainc)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil leis an trádmharc AVENIO – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach Uimh. 1 313 134
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 31 Deireadh Fómhair 2022 i gCás R 1291/2018-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú do EUIPO na costais a íoc. |
Saincheist dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 95(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
— |
Measúnú mícheart ar an dóchúlacht go mbeadh mearbhall ann. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/41 |
Caingean arna tabhairt an 3 Feabhra 2023 – Häcker Küchen v EUIPO – Moura & Moura (MH Cuisines)
(Cás T-42/23)
(2023/C 104/61)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Häcker Küchen GmbH & Co. KG (Rödinghausen, an Ghearmáin) (Ionadaithe: F. Dehn, L. Maritzen, C. Krafft agus K. Blükle, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Moura & Moura Fabricação e Comercialização de Mobiliário Lda (Sanfins de Ferreira, an Phortaingéil)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir
Trádmharc atá faoi cheist: Clárú an mhairc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “MH Cuisines” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 233 301
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 24 Samhain 2022 i gCás R 1078/2022-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus diúltú do chur i gcoinne an chosantóra; |
|
— |
a ordú do EUIPO na costais a íoc, lena n-áirítear na costais sna himeachtaí achomhairc roimhe seo. |
Saincheist dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/41 |
Caingean arna tabhairt an 7 Feabhra 2023 – W.B. Studio v EUIPO – E.Land Italy (BELFE)
(Cás T-50/23)
(2023/C 104/62)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: W.B. Studio Sas di Wivian Bodini & C. (Milano, an Iodáil) (ionadaithe: V. Piccarreta agus G. Romanelli, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: E.Land Italy Srl (Milano, an Iodáil)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “BELFE” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 139 501
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 30 Samhain 2022 i gCás R 869/2021-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
An cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní go páirteach sa mhéid gur sheas sé le cinneadh an Rannáin Cúlghairme agus, dá dheasca sin, cúlghairm an trádmhairc lena mbaineann a dhearbhú; |
|
— |
A ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí seo a íoc, lena n-áirítear na costais a eascraíonn as na himeachtaí os comhair an Rannáin Cúlghairme agus an Chéad Bhoird Achomhairc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 19 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/42 |
Caingean arna tabhairt an 7 Feabhra 2023 – OSR Enterprises v EUIPO – Möckel agus Gramann (evolver)
(Cás T-51/23)
(2023/C 104/63)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: OSR Enterprises AG (Cham, an Eilvéis) (Ionadaí: U. Lüken, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtithe eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Mathias Möckel (Chemnitz, an Ghearmáin), Torsten Gramann (Chemnitz)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtithe eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “evolver” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 3 313 335
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 29 Samhain 2022 i gCás R 1302/2021-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus a dhearbhú go bhfuil an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 3 313 335 cúlghairthe i ndáil leis na seirbhísí go léir; |
|
— |
mar mhalairt air sin, in éineacht leis an gcinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO; |
|
— |
a ordú do EUIPO na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 95(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
— |
Neamhaird ar éifeacht tháscach sa mheasúnú ar an bhfianaise. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/43 |
Caingean arna tabhairt an 8 Feabhra 2023 – W.B. Studio v EUIPO – E.Land Italy (BF BELFE)
(Cás T-54/23)
(2023/C 104/64)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: W.B. Studio Sas di Wivian Bodini & C. (Milano, an Iodáil) (ionadaithe: V. Piccarreta agus G. Romanelli, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: E.Land Italy Srl (Milano, an Iodáil)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “BF BELFE” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 139 840
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 30 Samhain 2022 i gCás R 870/2021-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an Cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní i bpáirt a mhéid a sheas sé le cinneadh an Rannáin Cealaithe agus, dá dheasca sin, cúlghairm an trádmhairc a dhearbhú; |
|
— |
A ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí seo a íoc, lena n-áirítear na costais arna n-eascairt ó na himeachtaí os comhair an Rannáin Cealúcháin agus an Chéad Bhoird Achomhairc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 19 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún. |
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/44 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 2 Feabhra 2023 – Previsión Sanitaria Nacional, PSN, Mutua de Seguros y Reaseguros a Prima Fija v BRA
(Cás T-623/17) (1)
(2023/C 104/65)
Teanga an cháis: an Spáinnis
D’ordaigh Uachtarán an Ochtú Dlísheomra an cás a bhaint den chlár.
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/44 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Eanáir 2023 – JIB Overseas v an Coimisiún
(Cás T-776/19) (1)
(2023/C 104/66)
Teanga an cháis: an Béarla
D’ordaigh Uachtarán an Dara Dlísheomra an cás a bhaint den chlár.
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/44 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 31 Eanáir 2023 – EAA v an Coimisiún
(Cás T-781/21) (1)
(2023/C 104/67)
Teanga an cháis: an Béarla
D’ordaigh Uachtarán an Cheathrú Dlísheomra an cás a bhaint den chlár.
|
20.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 104/44 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 31 Eanáir 2023 – EAA v an Coimisiún
(Cás T-782/21) (1)
(2023/C 104/68)
Teanga an cháis: an Béarla
D’ordaigh Uachtarán an Cheathrú Dlísheomra an cás a bhaint den chlár.