ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 54

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
13 Feabhra 2023


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

2023/C 54/01

Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

 

Cúirt Bhreithiúnais

2023/C 54/02

Cásanna Uamtha C-40/20 agus C-173/20: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 15 Nollaig 2022 (iarrataí ar réamhrialú ón Consiglio di Stato – an Iodáil) – AQ, BO agus CP (C-40/20), AZ, BY, CX, DW, EV, FU agus GJ (C-173/20) v Presidenza del Consiglio dei Ministri, Ministero dell’Istruzione, dell’Università e della Ricerca – MIUR, Università degli studi di Perugia (Tarchur chun réamhrialú – Beartas sóisialta – Obair téarma shocraithe – Treoir 1999/70/CE – Comhaontú réime – Prionsabal an neamh-idirdhealaithe – Bearta chun mí-úsáid conarthaí fostaíochta téarma shocraithe leantacha a chosc – Caidreamh fostaíochta ar théarma seasta faoin dlí poiblí – Taighdeoirí ollscoile)

2

2023/C 54/03

Cás C-125/20: Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 – An Coimisiún Eorpach v Ríocht na Spáinne (Mainneachtain bhallstáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh – Treoir 2008/50/CE – Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh – Airteagal 13(1) – Iarscríbhinn XI – Sárú córasach agus leanúnach ar theorainnluachanna a leagadh síos do dhé-ocsaíd nítrigine (NO2) i gcriosanna agus i gceirtleáin áirithe den Spáinn – Airteagal 23(1) – Iarscríbhinn XV – Tréimhse sáraithe chomh gearr agus is féidir – Bearta iomchuí)

3

2023/C 54/04

Cás C-470/20: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 15 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Riigikohus – an Eastóin) – AS Veejaam agus OÜ Espo v AS Elering (Tarchur chun réamhrialú – Státchabhair – Tacaíocht d’fhoinsí in-athnuaite fuinnimh – Treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh don tréimhse 2014-2020 – Éifeacht dreasachta na cabhrach a iarrtar tar éis thús na hoibre a bhaineann leis an tionscadal lena mbaineann – Airteagal 108(3) CFAE – Oibleagáid fógra a thabhairt – Iarmhairtí an tsáraithe ar an oibleagáid fógra a thabhairt)

4

2023/C 54/05

Cás C-530/20: Breithiúnas na Cúirte (an Mórdhlísheomra) an 22 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Satversmes tiesa – an Laitvia) – EUROAPTIEKA SIA (Tarchur chun réamhrialú – Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine – Treoir 2001/83/CE – Airteagal 86(1) – An coincheap fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte – Airteagal 87(3) – Úsáid réasúnach táirgí íocshláinte – Airteagal 90 – Ábhar fógraíochta faoi thoirmeasc – Fógraíocht ar tháirgí íocshláinte nach bhfuil faoi réir oideas liachta agus nach féidir aisíocaíocht a fháil ina leith – Fógraíocht de réir an phraghais – Fógraíocht le haghaidh tairiscintí bolscaireachta – Fógraíocht le haghaidh díolacháin chomhcheangailte – Toirmeasc)

5

2023/C 54/06

Cás C-61/21: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour administrative d'appel de Versailles – an Fhrainc) – JP v Ministre de la Transition écologique, Premier ministre (Tarchur chun réamhrialú – Comhshaol – Treoracha 80/779/CEE, 85/203/CEE, 96/62/CE, 1999/30/CE agus 2008/50/CE – Cáilíocht an aeir – Teorainnluachanna atá leagtha síos do mhicreacháithníní (PM10) agus do dhé-ocsaíd nítrigine (NO2) – Sárú – Pleananna maidir le cáilíocht an aeir – Damáistí arna ndéanamh do dhuine aonair de dheasca díghrádú aeir a eascraíonn as sárú na dteorainnluachanna sin – Dliteanas an Bhallstáit lena mbaineann – Coinníollacha a bhaineann leis an dliteanas sin a shuíomh – Ceanglas go bhfuil sé beartaithe cearta a thabhairt do dhaoine aonair a ndearnadh díobháil dóibh leis an riail de chuid dhlí an Aontais – Easpa rún cearta a thabhairt)

6

2023/C 54/07

Cás C-83/21: Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato – an Iodáíl) – Airbnb Ireland UC plc, Airbnb Payments UK Ltd v Agenzia delle Entrate (Tarchur chun réamhrialú – Margadh inmheánach – Airteagal 114(2) CFAE – Eisiamh forálacha fioscacha – Treoir 2000/31/CE – Seirbhísí na sochaí faisnéise – Ríomhthráchtáil – Ardán idirghabhála réadmhaoine ar líne – Airteagal 1(5)(a) – Eisiamh ón réimse cánachais – Treoir 2006/123/CE – Seirbhísí sa mhargadh inmheánach – Airteagal 2(3) – Eisiamh i réimse an chánachais – Treoir (AE) 2015/1535 – Airteagal 1(1)(e) agus (f) – Coincheapa riail maidir le seirbhísí agus riail theicniúil – Oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála réadmhaoine sonraí maidir le conarthaí cíosa agus cáin iarchoimeádta ag an bhfoinse maidir leis na híocaíochtaí arna ndéanamh a bhailiú agus a tharchur chuig na húdaráis chánach – Oibleagáid ar sholáthraithe seirbhíse nach bhfuil buanbhunaíocht acu san Iodáil ionadaí cánach a cheapadh – Airteagal 56 CFAE – Cineál sriantach – Cuspóir dlisteanach – Cineál díréireach na hoibleagáide ionadaí cánach a cheapadh – An tríú mír d’Airteagal 267 CFAE – Sainchumais cúirte nó binse náisiúnta nach bhfuil leigheas breithiúnach ann faoin dlí náisiúnta ina gcoinne)

7

2023/C 54/08

Cás C-88/21: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 15 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas – an Liotuáin) – Regionų apygardos administracinio teismo Kauno rūmai (Iarraidh ar réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – An dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) – Cinneadh 2007/533/CGB – Foláireamh maidir le rud a bhfuiltear sa tóir air – Airteagal 38 – Cuspóirí foláirimh – Urghabháil nó fianaise in imeachtaí coiriúla – Airteagal 39 – Forghníomhú na gníomhaíochta ar bhonn foláirimh – Bearta arna nglacadh i gcomhréir le dlí náisiúnta na mBallstát – Rialacháin náisiúnta lena bhforáiltear d’oibleagáid toirmeasc a chur ar chlárú feithiclí atá faoi réir foláirimh in SIS II)

8

2023/C 54/09

Cás C-115/21 P: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnas (an Ceathrú Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 – Oriol Junqueras i Vies v Parlaimint na hEorpa (Achomharc – Dlí institiúideach – Feisirí Pharlaimint na hEorpa – Caillteanas incháilitheachta tar éis ciontú coiriúil – Dearbhú go bhfuil suíochán Feisire de Pharlaimint na hEorpa folamh – Iarraidh ar thionscnamh a ghlacadh mar ábhar práinne chun díolúine Feisire de Pharlaimint na hEorpa a dhearbhú – Caingean le haghaidh neamhniú – Neamh-inghlacthacht)

8

2023/C 54/10

Cásanna Uamtha C-148/21 agus C-184/21: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Mór-Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 (iarrataí ar réamhrialú ón Tribunal d’arrondissement de Luxembourg – Lucsamburg), Tribunal de l’entreprise francophone de Bruxelles – an Bheilg) – Christian Louboutin v Amazon Europe Core Sàrl (C-148/21), Amazon EU Sàrl (C-148/21), Amazon Services Europe Sàrl (C-148/21), Amazon.com Inc. (C-184/21), Amazon Services LLC (C-184/21) (Tarchur chun réamhrialú – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Rialachán (AE) 2017/1001 – Airteagal 9(2)(a) – Cearta a thugtar le trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Coincheap úsáid – Oibreoir láithreáin gréasáin díolacháin ar líne lena n-ionchorpraítear margadh ar líne – Fógraí arna bhfoilsiú ar an margadh sin ag díoltóirí tríú páirtithe a úsáideann, sna fógraí sin, comhartha atá comhionann le trádmharc duine eile le haghaidh earraí atá comhionann leo siúd a bhfuil sé cláraithe ina leith – Dearcadh an chomhartha seo atá ina dhlúthchuid de chumarsáid tráchtála an oibreora seo – Cur i láthair fógraí ar bhealach nach ndéanann idirdhealú soiléir idir tairiscintí an oibreora sin agus tairiscintí na ndíoltóirí tríú páirtithe sin)

9

2023/C 54/11

Cás C-237/21: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Mór-Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberlandesgericht München – an Ghearmáin) – imeachtaí a bhaineann le heiseachadadh S.M. (Tarchur chun réamhrialú – Saoránacht an Aontais Eorpaigh – Airteagail 18 agus 21 CFAE – Iarraidh arna déanamh ag triú Stát ar Bhallstát maidir le heiseachadadh saoránaigh an Aontais Eorpaigh ar náisiúnach de Bhallstáit eile é agus a bhfuil a cheart chun saorghluaiseachta feidhmithe aige sa chéad cheann de na Ballstáit sin – Iarraidh chun pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú – Cosc ar eiseachadadh a bhaineann le náisiúnaigh amháin – Srianta ar shaorghluaiseacht – Bonn cirt bunaithe ar an gcuspóir go seachnófaí an baol go mbeadh saoirse ó phionós ann – Comhréireacht)

10

2023/C 54/12

Cás C-311/21: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 15 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht – an Ghearmáin) – CM v TimePartner Personalmanagement GmbH (Tarchur chun réamhrialú – Fostaíocht agus beartas sóisialta – Obair ghníomhaireachta shealadach – Treoir 2008/104/CE – Airteagal 5 – Prionsabal na córa comhionainne – Gá le cosaint fhoriomlán oibrithe sealadacha a ráthú, i gcás maolú ar an bprionsabal sin – Comhaontú comhchoiteann lena bhforáiltear do luach saothair níos ísle ná luach saothair na mball foirne arna n-earcú go díreach ag an ngnóthas úsáideora – Cosaint bhreithiúnach éifeachtach – Athbhreithniú breithiúnach)

11

2023/C 54/13

Cás C-366/21 P: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 15 Nollaig 2022 – Maxime Picard v an Coimisiún Eorpach (Achomharc – Státseirbhís – Baill foirne ar conradh – Pinsin – Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh – Athchóiriú na bliana 2014 – Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 – Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán sin – An dara fomhír d’Airteagal 21 agus an dara fomhír d’Airteagal 22(1) – Bearta idirthréimhseacha a bhaineann leis an ráta bliantúil fála cearta pinsin agus an aois scoir – Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh – Iarscríbhinn – Airteagal 1(1) – Cur i bhfeidhm na mbeart idirthréimhseach sin de réir analaí ar ghníomhairí eile a bhí i mbun seirbhíse an 31 Nollaig 2013 – Conradh nua maidir le gníomhairí ar conradh a shíniú – Gníomh a dhéanann dochar d’oifigeach – Cosaint bhreithiúnach éifeachtach)

12

2023/C 54/14

Cás C-577/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra) an 15 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Sofiyski gradski sad – an Bhulgáir) – LM, NO v HUK-COBURG-Allgemeine Versicherung AG (Tarchur chun réamhrialú – Árachas éigeantach i gcoinne dliteanais shibhialta i leith úsáid mótarfheithiclí – Treoir 2009/103/CE – Airteagal 3, an ceathrú mír – Coincheap díobháil phearsanta – Clúdach le hárachas éigeantach – Timpiste tráchta bóthair – Bás paisinéara – An ceart chun cúiteamh a fháil do leanaí mionaoiseacha – Damáiste neamhábhartha – Fulaingt linbh mar thoradh ar bhás a thuismitheora mar thoradh ar an timpiste sin – Cúiteamh i gcás damáiste paiteolaíoch amháin)

13

2023/C 54/15

Cásanna Uamtha C-753/21 agus C-754/21: Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 15 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation – an Fhrainc) – Instrubel NV v Montana Management Inc., BNP Paribas Securities Services (C-753/21), agus Montana Management Inc. v Heerema Zwijndrecht BV, BNP Paribas Securities Services (C-754/21) (Tarchur chun réamhrialú – Comhbheartas Eachtrach agus Slándála – Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 – Srianta sonracha is infheidhme maidir leis an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic – Airteagal 4 – Cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo de chuid na ndaoine, na gcomhlachtaí agus na n-eintiteas a bhaineann le réimeas an iar-Uachtaráin Saddam Hussein – Airteagal 6 – Aistriú chuig socruithe comharba Chiste Forbraíochta na hIaráice – Úinéireacht cistí reoite agus acmhainní eacnamaíocha)

13

2023/C 54/16

Cás C-23/22: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 15 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa – CAAD) – an Phortaingéil) – Caxamar – Comércio e Indústria de Bacalhau SA v Autoridade Tributária e Aduaneira (Tarchur chun réamhrialú – Státchabhair – Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 – Díolúine ar chatagóirí áirithe cabhrach atá ag luí leis an margadh inmheánach – Treoirlínte maidir le Státchabhair réigiúnach – Raon feidhme – Eisiamh – Earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe – Earnáil próiseála agus margaíochta táirgí talmhaíochta – Coincheap táirgí talmhaíochta – Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 – Comheagraíocht na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe – Iarscríbhinn I – Gníomhaíocht próiseála táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe – Trosc saillte, reoite agus díshaillte)

14

2023/C 54/17

Cás C-559/22 P: Achomharc arna thabhairt an 19 Lúnasa 2022 ag Vtesse Harlow Ltd i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) an 14 Meitheamh 2022 i gCás T-64/22, Vtesse Harlow v an Coimisiún

15

2023/C 54/18

Cás C-762/22: Caingean arna tabhairt an 15 Nollaig 2022 — an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Laitvia

15

2023/C 54/19

Cás C-769/22: Caingean arna tabhairt an 19 Nollaig 2022 — an Coimisiún Eorpach v an Ungáir

16

2023/C 54/20

Cás C-773/22: Caingean arna tionscnamh an 20 Nollaig 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Slóvaice

17

 

Chúirt Ghinearálta

2023/C 54/21

Cás T-720/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 6 Nollaig 2022 – G.J. Riedel v EUIPO – BrewDog (Punk) (Trádmharc de chuid an Aontais – Imeachtaí freasúra – Tarraingt siar an fhreasúra – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

19

2023/C 54/22

Cás T-775/22: Caingean arna tabhairt an 12 Nollaig 2022 – TJ agus páirtithe eile v an Chomhairle

19

2023/C 54/23

Cás T-795/22: Caingean arna tabhairt an 20 Nollaig 2022 – TV agus TW v an Chomhairle

20

2023/C 54/24

Cás T-796/22: Caingean arna tabhairt an 21 Nollaig 2022 — Drinks Prod v EUIPO – Coolike-Regnery (VIVIASEPT)

21

2023/C 54/25

Cás T-800/22: Caingean arna tabhairt an 22 Nollaig 2022 – Palírna U Zeleného stromu v EUIPO – Bacardi (B42V)

21

2023/C 54/26

Cás T-801/22: Caingean arna tabhairt an 23 Nollaig 2022 – 3M v EUIPO (Léiriú ar dhá bhanda ghléineacha buí a bhfuil banda liath airgid idir eatarthu)

22

2023/C 54/27

Cás T-802/22: Caingean arna tabhairt an 28 Nollaig 2022 – ExxonMobil Producing Netherlands agus Mobil Erdgas-Erdöl v an Chomhairle

23

2023/C 54/28

Cás T-1/23: Caingean arna tabhairt an 4 Eanáir 2023 — Enmacc v an Coimisiún

24


GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 54/1


Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

(2023/C 54/01)

Foilseachán deiridh

IO C 45, 6.2.2023

Foilseacháin stairiúla

IO C 35, 30.1.2023

IO C 24, 23.1.2023

IO C 15, 16.1.2023

IO C 7, 9.1.2023

IO C 482, 19.12.2022

IO C 472, 12.12.2022

Is féidir teacht ar na téacsanna sin anseo:

EUR-Lex: http://eur-lex.europa.eu


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

Cúirt Bhreithiúnais

13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 54/2


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 15 Nollaig 2022 (iarrataí ar réamhrialú ón Consiglio di Stato – an Iodáil) – AQ, BO agus CP (C-40/20), AZ, BY, CX, DW, EV, FU agus GJ (C-173/20) v Presidenza del Consiglio dei Ministri, Ministero dell’Istruzione, dell’Università e della Ricerca – MIUR, Università degli studi di Perugia

(Cásanna Uamtha C-40/20 agus C-173/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Beartas sóisialta - Obair téarma shocraithe - Treoir 1999/70/CE - Comhaontú réime - Prionsabal an neamh-idirdhealaithe - Bearta chun mí-úsáid conarthaí fostaíochta téarma shocraithe leantacha a chosc - Caidreamh fostaíochta ar théarma seasta faoin dlí poiblí - Taighdeoirí ollscoile)

(2023/C 54/02)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: AQ, BO agus CP (C-40/20), AZ, BY, CX, DW, EV, FU agus GJ (C-173/20)

Cosantóirí: Presidenza del Consiglio dei Ministri, Ministero dell’Istruzione, dell’Università e della Ricerca – MIUR, Università degli studi di Perugia

Páirtithe eile sna himeachtaí: Federazione Lavoratori della Conoscenza Cgil, Confederazione Generale Italiana del Lavoro (CGIL), Cipur – Coordinamento Intersedi Professori Universitari di Ruolo agus Anief – Associazione Professionale e Sindacale (C-40/20), HS, IR, JQ, KP, LO, MN, NM, OZ, PK, QJ, RI, SH, TG, UF, WE, XC agus YD (C-173/20)

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le clásal 5 den Chomhaontú Réime maidir le hobair ar théarma socraithe, a tugadh chun críche an 18 Márta 1999, atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 maidir leis an gComhaontú Réime maidir le hobair ar théarma socraithe a thug CES, UNICE agus CEEP chun críche,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear bac leis ar reachtaíocht náisiúnta lena cheadaítear d’ollscoileanna conarthaí téarma sheasta trí bliana a thabhairt i gcrích le taighdeoirí, insínte ar feadh dhá bhliain ar a mhéad, an tabhairt i gcrích nó síneadh sin a chur faoi réir cúiseanna oibiachtúla a bhaineann le riachtanais shealadacha nó eisceachtúla a bheith ann, d’fhonn gnáthriachtanais agus buanriachtanais na hollscoile lena mbaineann a chumhdach.

2)

Maidir le clásal 5 den Chomhaontú Réime maidir le hobair ar théarma socraithe, a tugadh chun críche an 18 Márta 1999, atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 1999/70,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear bac leis ar reachtaíocht náisiúnta lena shocraítear fad iomlán na gconarthaí fostaíochta is féidir leis an taighdeoir céanna a thabhairt i gcrích ag dhá bhliain déag, lena n-áirítear le hollscoileanna agus le hinstitiúidí éagsúla, fiú ar bhonn neamh-chomhleanúnach.

3)

Maidir le clásal 4 den Chomhaontú Réime maidir le hobair ar théarma socraithe, a tugadh chun críche an 18 Márta 1999, atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 1999/70,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear bac leis ar reachtaíocht náisiúnta lena dhéantar foráil maidir leis an bhféidearthacht, faoi choinníollacha áirithe, fostaíocht taighdeoirí ó eagraíochtaí taighde poiblí a bhfuil conradh téarma shocraithe tugtha i gcrích acu a chobhsú ach lena dhiúltaítear don fhéidearthacht sin do thaighdeoirí ollscoile a bhfuil conradh téarma shocraithe tugtha i gcrích acu.

4)

Maidir le clásal 4 den Chomhaontú Réime maidir le hobair ar théarma socraithe, a tugadh chun críche an 18 Márta 1999, atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 1999/70,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear bac leis ar reachtaíocht náisiúnta lena cheadaítear, de mhaolú, ar thaobh amháin, ar an riail ghinearálta is infheidhme maidir le gach oibrí poiblí agus príobháideach ar dá réir, ón mbliain 2018 ar aghaidh, a shocraítear uasré caidreamh téarma shocraithe ag 24 mhí, lena n-áirítear síntí agus athnuachan, chomh maith leis, ar an taobh eile, an riail is infheidhme maidir le fostaithe de chuid an riaracháin phoiblí ar dá réir a bhfuil úsáid an chineáil caidrimh sin faoi réir riachtanais shealadacha agus eisceachtúla, d’ollscoileanna conarthaí téarma sheasta trí bliana a thabhairt i gcrích le taighdeoirí, insínte ar feadh dhá bhliain ar a mhéad, gan an tabhairt i gcrích nó an síneadh sin a chur faoi réir riachtanais shealadacha nó eisceachtúla na hollscoile atá i gceist, agus lena ceadaítear freisin, ag deireadh na tréimhse cúig bliana, conradh téarma seasta eile den chineál céanna a thabhairt i gcrích leis an duine céanna nó le daoine eile, chun freastal ar na riachtanais chéanna teagaisc agus taighde ná na riachtanais sin a bhain leis an gconradh roimhe sin.

5)

Maidir le clásal 4(1) den Chomhaontú Réime maidir le hobair ar théarma socraithe, a tugadh chun críche an 18 Márta 1999, atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 1999/70,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear bac leis ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhféadfaidh taighdeoirí a bhfuil conradh d’fhad éiginnte tugtha i gcrích acu, nuair a bheidh creidiúnú eolaíoch náisiúnta faighte acu, dul faoi réir nós imeachta sonrach meastóireachta chun críocha a gcláraithe ar liosta na n-ollúna comhlacha, ach go ndiúltaítear don fhéidearthacht sin do thaighdeoirí a bhfuil conradh ar théarma seasta tugtha i gcrích acu, lena n-áirítear nuair a bheidh creidiúnú eolaíoch náisiúnta faighte acu freisin, i gcás ina ndéanann siad na gníomhaíochtaí gairmiúla céanna agus go gcuireann siad na seirbhísí teagaisc céanna ar fáil do mhic léinn agus a dhéanann taighdeoirí a bhfuil conradh buan tugtha i gcrích acu.


(1)  IO C 161, 11.05.2020

IO C 19, 18.01.2021


13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 54/3


Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 – An Coimisiún Eorpach v Ríocht na Spáinne

(Cás C-125/20) (1)

(Mainneachtain bhallstáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh - Treoir 2008/50/CE - Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh - Airteagal 13(1) - Iarscríbhinn XI - Sárú córasach agus leanúnach ar theorainnluachanna a leagadh síos do dhé-ocsaíd nítrigine (NO2) i gcriosanna agus i gceirtleáin áirithe den Spáinn - Airteagal 23(1) - Iarscríbhinn XV - Tréimhse sáraithe “chomh gearr agus is féidir” - Bearta iomchuí)

(2023/C 54/03)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: ar dtús ag A. C. Becker, M. Jauregui Gómez agus M. Noll-Ehlers, agus ansin ag M. Jauregui Gómez agus M. Noll-Ehlers, agus, ar deireadh, M. Noll-Ehlers agus E. Sanfrutos Cano, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Ríocht na Spáinne (ionadaithe: ar dtús ag S. Jiménez García agus M. J. Ruiz Sánchez, agus ansin ag M. J. Ruiz Sánchez, i gcáil Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1.

Tá Ríocht na Spáinne:

ós rud é nár áirithigh sí nach sárófaí, ar bhealach córasach agus leanúnach, an teorainnluach bliantúil a leagadh síos do dhé-ocsaíd nítrigine (NO2), ón mbliain 2010 go dtí an bhliain 2018 agus an dáta sin san áireamh, i gcriosanna ES 0901 de Barcelona agus ES 1301 Maidrid agus, ón mbliain 2010 go dtí an bhliain 2017 agus an dáta sin san áireamh, i gcrios ES 0902 Vallès — Baix Llobregat, agus, ina theannta sin, an teorainnluach in aghaidh na huaire do NO2, ón mbliain 2010 go dtí an bhliain 2018 agus an dáta sin san áireamh, i gcrios ES 1301 Maidrid, i ndiadh mainneachtain a dhéanamh na hoibleagáidí atá uirthi faoi Airteagal 13(1) arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn XI a ghabhann le Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip, a chomhlíonadh, agus,

ós rud é nár ghlac sí, ón 11 Meitheamh 2010, bearta iomchuí chun a áirithiú go n-urramófaí na luachanna teorantacha do NO2 i gcriosanna ES 0901 de Barcelona, ES 0902 Vallès — Baix Llobregat agus ES 1301 Maidrid, i ndiadh mainneachtain a dhéanamh na hoibleagáidí atá uirthi faoi Airteagal 23(1) den Treoir sin, arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn XV a ghabhann léi, a chomhlíonadh, agus, go háirithe, nár áirithigh sí go ndéanfaí foráil sna pleananna um cháilíocht an aeir do bhearta iomchuí agus go mbeadh an tréimhse inar sáraíodh na teorainnluachanna sin chomh gearr agus is féidir.

2.

Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

3.

Ordaítear do Ríocht na Spáinne a gcostais féin a íoc, agus naoi ndeichiú de na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc.

4.

Ordaítear don Choimisiún Eorpach an deichiú cuid dá chostais féin a íoc.


(1)  IO C 175, 25.05.2020.


13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 54/4


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 15 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Riigikohus – an Eastóin) – AS Veejaam agus OÜ Espo v AS Elering

(Cás C-470/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Státchabhair - Tacaíocht d’fhoinsí in-athnuaite fuinnimh - Treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh don tréimhse 2014-2020 - Éifeacht dreasachta na cabhrach a iarrtar tar éis thús na hoibre a bhaineann leis an tionscadal lena mbaineann - Airteagal 108(3) CFAE - Oibleagáid fógra a thabhairt - Iarmhairtí an tsáraithe ar an oibleagáid fógra a thabhairt)

(2023/C 54/04)

Teanga an cháis: an Eastóinis

An chúirt a rinne an tarchur

Riigikohus

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: AS Veejaam, OÜ Espo

Cosantóir: AS Elering

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le pointí 49 agus 50 de na Treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh don tréimhse 2014-2020,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear bac leo ar reachtaíocht náisiúnta lena mbunaítear scéim chabhrach le haghaidh fuinnimh in-athnuaite a cheadaíonn don iarratasóir ar chabhair íocaíocht a fháil fiú má cuireadh an t-iarratas isteach tar éis thús na hoibre tógála lena mbaineann.

2)

Maidir leis na Treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh don tréimhse 2014-2020,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

is dócha go mbeidh éifeacht dreasachta ag státchabhair nuair is dócha nach mbeadh an infheistíocht atá déanta ag oibreoir eacnamaíoch chun modhnú ar na coinníollacha chun cead comhshaoil a fháil a chomhlíonadh, a bhfuil an dara ceann acu riachtanach do ghníomhaíocht an oibreora sin, in éagmais íocaíocht na cabhrach lena mbaineann.

3)

Maidir le hAirteagal 1(b) agus (c) de Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní mór scéim chabhrach atá ann cheana, a bhfuil a comhoiriúnacht leis an margadh inmheánach dearbhaithe le cinneadh ón gCoimisiún Eorpach, a aicmiú mar “chabhair nua”, de réir bhrí Airteagal 1(c) den Rialachán sin, nuair a chuirtear an scéim sin i bhfeidhm tar éis an dáta a chuir an Ballstát lena mbaineann in iúl don Choimisiún, i gcomhthéacs an nós imeachta um measúnú cabhrach arna fhoirceannadh leis an gcinneadh sin, mar dháta deiridh chur i bhfeidhm na scéime sin.

4)

Maidir le hAirteagal 108(3) CFAE,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear bac leis ar iarratas ó oibreoir eacnamaíoch ar íocaíocht státchabhrach a dheonú, arna cur chun feidhme de shárú ar an oibleagáid fógra a thabhairt dá bhforáiltear san fhoráil sin, ar an gcéad dul síos, don tréimhse roimh chinneadh an Choimisiúin lena mbunaítear comhoiriúnacht na cabhrach sin leis an margadh inmheánach, agus, ar an dara dul síos, nuair a d’iarr an t-oibreoir sin an chabhair ag tráth a raibh sé mídhleathach, ós rud é nár cuireadh an chabhair in iúl don Choimisiún, ach go ndearnadh an infheistíocht lena raibh an chabhair nasctha tráth a bhí an scéim sin dleathach, ós rud é go bhfuarthas é a bheith ag luí leis an margadh inmheánach le cinneadh ón gCoimisiún, ar choinníoll, sa dá chás, go n-íocann tairbhí na cabhrach an t-ús ar aon suimeanna a fuarthas, i leith na tréimhse ina bhfuil an chabhair a mheastar a bheith neamhdhleathach.


(1)  IO C 433, 14.12.2020


13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 54/5


Breithiúnas na Cúirte (an Mórdhlísheomra) an 22 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Satversmes tiesa – an Laitvia) – “EUROAPTIEKA” SIA

(Cás C-530/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine - Treoir 2001/83/CE - Airteagal 86(1) - An coincheap “fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte” - Airteagal 87(3) - Úsáid réasúnach táirgí íocshláinte - Airteagal 90 - Ábhar fógraíochta faoi thoirmeasc - Fógraíocht ar tháirgí íocshláinte nach bhfuil faoi réir oideas liachta agus nach féidir aisíocaíocht a fháil ina leith - Fógraíocht de réir an phraghais - Fógraíocht le haghaidh tairiscintí bolscaireachta - Fógraíocht le haghaidh díolacháin chomhcheangailte - Toirmeasc)

(2023/C 54/05)

Teanga an cháis: an Laitvis

An chúirt a rinne an tarchur

Satversmes tiesa

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir:“EUROAPTIEKA” SIA

I láthair: Ministru kabinets

An chuid oibríochtúil

(1)

Maidir le hAirteagal 86(1) de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, arna leasú le Treoir 2004/27/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

tagann scaipeadh faisnéise lena spreagtar daoine chun táirgí íocshláinte a cheannach trí údar a thabhairt leis an ngá lena leithéid de cheannach de réir phraghas na dtáirgí íocshláinte sin, trí dhíolachán speisialta a fhógairt nó trína shonrú go ndíoltar na táirgí íocshláinte sin i dteannta táirgí íocshláinte eile, lena n-áirítear ar phraghas laghdaithe, nó táirgí eile, faoin gcoincheap “fógraíocht a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte” de réir bhrí na forála sin, fiú i gcás nach mbaineann an fhaisnéis sin le táirge íocshláinte sonraithe, ach le táirgí íocshláinte neamhshonraithe.

(2)

Maidir le hAirteagal 87(3) agus Airteagal 90 de Threoir 2001/83, arna leasú le Treoir 2004/27,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leo ar fhoráil náisiúnta lena gcuirtear toirmeasc ar fhaisnéis a áireamh i bhfógraíocht don phobal i gcoitinne i ndáil le táirgí íocshláinte nach bhfuil faoi réir oideas liachta agus nach féidir aisíocaíocht a fháil ina leith, faisnéis lena spreagtar táirgí íocshláinte a cheannach trí údar a thabhairt leis an ngá lena leithéid de cheannach de réir phraghas na dtáirgí íocshláinte sin, trí dhíolachán speisialta a fhógairt nó trína thabhairt le fios go ndíoltar an táirge íocshláinte i mbeart le táirgí íocshláinte eile, lena n-áirítear ar phraghas laghdaithe, nó le táirgí eile.


(1)  C 443 an 21.12.2020


13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 54/6


Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour administrative d'appel de Versailles – an Fhrainc) – JP v Ministre de la Transition écologique, Premier ministre

(Cás C-61/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhshaol - Treoracha 80/779/CEE, 85/203/CEE, 96/62/CE, 1999/30/CE agus 2008/50/CE - Cáilíocht an aeir - Teorainnluachanna atá leagtha síos do mhicreacháithníní (PM10) agus do dhé-ocsaíd nítrigine (NO2) - Sárú - Pleananna maidir le cáilíocht an aeir - Damáistí arna ndéanamh do dhuine aonair de dheasca díghrádú aeir a eascraíonn as sárú na dteorainnluachanna sin - Dliteanas an Bhallstáit lena mbaineann - Coinníollacha a bhaineann leis an dliteanas sin a shuíomh - Ceanglas go bhfuil sé beartaithe cearta a thabhairt do dhaoine aonair a ndearnadh díobháil dóibh leis an riail de chuid dhlí an Aontais - Easpa rún cearta a thabhairt)

(2023/C 54/06)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour administrative d'appel de Versailles

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: JP

Cosantóirí: Ministre de la Transition écologique, Premier ministre

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagail 3 agus 7 de Threoir 80/779/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1980 maidir le teorainnluachanna agus treoirluachanna um cháilíocht an aeir le haghaidh dé-ocsaíd sulfair agus ábhar cáithníneach ar fuaidreamh, Airteagail 3 agus 7 de Threoir 85/203/CEE ón gComhairle an 7 Márta 1985 maidir le caighdeáin cáilíochta aeir do dhé-ocsaíd nítrigine, Airteagail 7 agus 8 de Threoir 96/62/CE ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 1996 maidir le measúnú agus bainistiú cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh, Airteagail 4(1) agus 5(1) de Threoir 1999/30/CE ón gComhairle an 22 Aibreán 1999 maidir le teorainnluachanna a bhunú do dhé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine agus ocsaídí nítrigine, ábhar cháithníneach agus luaidhe san aer comhthimpeallach, agus Airteagail 13(1) agus 23(1) de Threoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip,

ní mór léiriú a dhéanamh ar na forálacha sin mar seo a leanas:

níl sé i gceist leo cearta a thabhairt do dhaoine aonair cearta a d’fhéadfadh ceart chun cúitimh ó Bhallstát a thabhairt do na daoine aonair sin faoi phrionsabal an dliteanais Stáit i leith damáiste a rinneadh do dhaoine aonair mar gheall ar sháruithe ar dhlí an Aontais atá inchurtha i leith an Bhallstáit sin.


(1)  IO C 128, 12.04.2021.


13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 54/7


Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato – an Iodáíl) – Airbnb Ireland UC plc, Airbnb Payments UK Ltd v Agenzia delle Entrate

(Cás C-83/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Margadh inmheánach - Airteagal 114(2) CFAE - Eisiamh forálacha fioscacha - Treoir 2000/31/CE - Seirbhísí na sochaí faisnéise - Ríomhthráchtáil - Ardán idirghabhála réadmhaoine ar líne - Airteagal 1(5)(a) - Eisiamh ón “réimse cánachais” - Treoir 2006/123/CE - Seirbhísí sa mhargadh inmheánach - Airteagal 2(3) - Eisiamh i “réimse an chánachais” - Treoir (AE) 2015/1535 - Airteagal 1(1)(e) agus (f) - Coincheapa “riail maidir le seirbhísí” agus “riail theicniúil” - Oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála réadmhaoine sonraí maidir le conarthaí cíosa agus cáin iarchoimeádta ag an bhfoinse maidir leis na híocaíochtaí arna ndéanamh a bhailiú agus a tharchur chuig na húdaráis chánach - Oibleagáid ar sholáthraithe seirbhíse nach bhfuil buanbhunaíocht acu san Iodáil ionadaí cánach a cheapadh - Airteagal 56 CFAE - Cineál sriantach - Cuspóir dlisteanach - Cineál díréireach na hoibleagáide ionadaí cánach a cheapadh - An tríú mír d’Airteagal 267 CFAE - Sainchumais cúirte nó binse náisiúnta nach bhfuil leigheas breithiúnach ann faoin dlí náisiúnta ina gcoinne)

(2023/C 54/07)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Airbnb Ireland UC plc, Airbnb Payments UK Ltd

Cosantóir: Agenzia delle Entrate

Idiragraithe: Presidenza del Consiglio dei Ministri, Ministero dell’Economia e delle Finanze, Federazione delle Associazioni Italiane Alberghi e Turismo (Federalberghi), Renting Services Group Srls, Coordinamento delle Associazioni e dei Comitati di tutela dell’ambiente e dei diritti degli utenti e dei consumatori (Codacons)

An chuid oibríochtúil

1.

Ní mór Airteagal 56 CFAE a léiriú a sa chaoi:

ar an gcéad dul síos, nach gcuireann sé bac ar reachtaíocht Ballstát lena gceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála réadmhaoine, beag beann ar a n-áit bhunaíochta agus ar an mbealach ina ndéanann siad idirghabháil, maidir le cíosanna ar feadh uasfhad 30 lá i ndáil le maoin dhochorraithe atá suite i gcríoch Ballstáit, na sonraí a bhaineann leis na conarthaí cíosa a tugadh i gcrích tar éis a n-idirghabhála a bhailiú agus a tharchur ansin chuig an údarás cánach náisiúnta, agus, i gcás ina bhfuil na cíosanna nó an chomaoin chomhfhreagrach faighte ag na soláthraithe seirbhíse sin nó go ndearna siad idirghabháil ina mbailiú, an méid cánach atá dlite ar na suimeanna arna n-íoc ag na léasaithe leis na léasóirí a choinneáil siar ag an bhfoinse agus iad a íoc le Státchiste an Bhallstáit sin;

ar an dara dul síos, maidir le cíosanna ar feadh uasfhad 30 lá i ndáil le maoin dhochorraithe atá suite i gcríoch Ballstáit, gur cosc é ar reachtaíocht Bhallstát lena gceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála réadmhaoine, i gcás ina bhfuil na cíosanna comhfhreagracha nó an chomaoin chomhfhreagrach faighte ag na soláthraithe sin nó ina ndearna siad idirghabháil ina mbailiú agus ina bhfuil cónaí orthu nó ina bhfuil siad bunaithe i gcríoch Ballstáit seachas an Stát cánachais, chun ionadaí cánach a cheapadh a bhfuil cónaí air nó atá bunaithe i gcríoch an Bhallstáit chánachais.

2.

Ní mór Airteagal 267 CFAE a léiriú sa chaoi, i gcás ina n-ardaíonn ceann de na páirtithe sna príomhimeachtaí ceist a bhaineann le léirmhíniú dhlí an Aontais Eorpaigh, gur faoin gcúirt náisiúnta amháin atá cinneadh agus foirmliú na gceisteanna atá le tarchur chuig an gCúirt agus nach bhféadfaidh na páirtithe sin a ábhar a fhorchur ná a athrú.


(1)  IO C 182, 10.5.2021.


13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 54/8


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 15 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas – an Liotuáin) – Regionų apygardos administracinio teismo Kauno rūmai

(Cás C-88/21) (1)

(Iarraidh ar réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla - An dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) - Cinneadh 2007/533/CGB - Foláireamh maidir le rud a bhfuiltear sa tóir air - Airteagal 38 - Cuspóirí foláirimh - Urghabháil nó fianaise in imeachtaí coiriúla - Airteagal 39 - Forghníomhú na gníomhaíochta ar bhonn foláirimh - Bearta arna nglacadh i gcomhréir le dlí náisiúnta na mBallstát - Rialacháin náisiúnta lena bhforáiltear d’oibleagáid toirmeasc a chur ar chlárú feithiclí atá faoi réir foláirimh in SIS II)

(2023/C 54/08)

Teanga an cháis: an Liotuáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Regionų apygardos administracinio teismo Kauno rūmai

I láthair: Lietuvos Respublikos vidaus reikalų ministerija

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 39 de Chinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle an 12 Meitheamh 2007 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 38(1) de,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní fhoráiltear leis d’oibleagáid ghinearálta chun cosc a chur ar chlárú mótarfheithicle is ábhar d’fholáireamh leanúnach sa dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II);

ní chuirtear de cheangal ar an mBallstát forghníomhaitheach leis rialacha ginearálta a leagan síos lena dtoirmisctear gníomhaíochtaí a bhaineann leis an réad aimsithe seachas na cinn sin lena gceadaítear cuspóirí an Airteagail 38(1) sin a bhaint amach;

ní chuirtear bac leis ar an mBallstáit sin foráil a dhéanamh maidir le maoluithe ar chosc ginearálta ar fheithicil den sórt sin a chlárú.


(1)  IO C 163, 03.05.2021


13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 54/8


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnas (an Ceathrú Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 – Oriol Junqueras i Vies v Parlaimint na hEorpa

(Cás C-115/21 P) (1)

(Achomharc - Dlí institiúideach - Feisirí Pharlaimint na hEorpa - Caillteanas incháilitheachta tar éis ciontú coiriúil - Dearbhú go bhfuil suíochán Feisire de Pharlaimint na hEorpa folamh - Iarraidh ar thionscnamh a ghlacadh mar ábhar práinne chun díolúine Feisire de Pharlaimint na hEorpa a dhearbhú - Caingean le haghaidh neamhniú - Neamh-inghlacthacht)

(2023/C 54/09)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Achomharcóir: Oriol Junqueras i Vies (ionadaithe: M. Marsal i Ferret agus A. Van den Eynde Adroer, abogados)

Páirtí eile sna himeachtaí: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: N. Görlitz agus J.-C. Puffer, i gcáil Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don achomharc.

2.

Ordaítear do Oriol Junqueras i Vies, chomh maith lena chostais féin, na costais arna dtabhú ag an bParlaimint a íoc.

3.

Ordaítear do Ríocht na Spáinne a gcostais féin a íoc.


(1)  IO C 163, 3.5.2021.


13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 54/9


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Mór-Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 (iarrataí ar réamhrialú ón Tribunal d’arrondissement de Luxembourg – Lucsamburg), Tribunal de l’entreprise francophone de Bruxelles – an Bheilg) – Christian Louboutin v Amazon Europe Core Sàrl (C-148/21), Amazon EU Sàrl (C-148/21), Amazon Services Europe Sàrl (C-148/21), Amazon.com Inc. (C-184/21), Amazon Services LLC (C-184/21)

(Cásanna Uamtha C-148/21 agus C-184/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Rialachán (AE) 2017/1001 - Airteagal 9(2)(a) - Cearta a thugtar le trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Coincheap “úsáid” - Oibreoir láithreáin gréasáin díolacháin ar líne lena n-ionchorpraítear margadh ar líne - Fógraí arna bhfoilsiú ar an margadh sin ag díoltóirí tríú páirtithe a úsáideann, sna fógraí sin, comhartha atá comhionann le trádmharc duine eile le haghaidh earraí atá comhionann leo siúd a bhfuil sé cláraithe ina leith - Dearcadh an chomhartha seo atá ina dhlúthchuid de chumarsáid tráchtála an oibreora seo - Cur i láthair fógraí ar bhealach nach ndéanann idirdhealú soiléir idir tairiscintí an oibreora sin agus tairiscintí na ndíoltóirí tríú páirtithe sin)

(2023/C 54/10)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal d’arrondissement de Luxembourg, tribunal de l’entreprise francophone de Bruxelles

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Christian Louboutin

Cosantóirí: Amazon Europe Core Sàrl (C-148/21), Amazon EU Sàrl (C-148/21), Amazon Services Europe Sàrl (C-148/21), Amazon.com Inc. (C-184/21), Amazon Services LLC (C-184/21)

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 9(2)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le trádmharc an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

féadfar oibreoir láithreáin gréasáin díolacháin ar líne lena n-ionchorpraítear, sa bhreis ar a thairiscintí lena ndíol féin, margadh ar líne a mheas mar oibreoir a bhaineann úsáid é féin as comhartha atá comhionann le trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh duine eile le haghaidh earraí atá comhionann leo siúd a bhfuil an trádmharc sin cláraithe ina leith, i gcás ina dtairgeann díoltóirí tríú páirtithe earraí den sórt sin a bhfuil an comhartha sin orthu lena ndíol ar an margadh sin, gan toiliú dhílseánach an trádmhairc sin, má dhéanann úsáideoir atá réasúnta eolasach agus airdeallach ar an láithreán gréasáin sin nasc a bhunú idir seirbhísí an oibreora sin agus an comhartha atá i gceist, is é sin an cás go háirithe, agus na gnéithe go léir lena léirítear an staid i gceist á gcur san áireamh, d’fhéadfadh a leithéid d’úsáideoir a thabhairt le tuiscint gurb é an t-oibreoir sin a mhargaíonn é féin, ina ainm féin agus ar a chuntas féin, na hearraí a bhfuil an comhartha sin orthu. I ndáil leis sin, tá na forais ábhartha ina leith sin go n-úsáideann an t-oibreoir sin bealach aonfhoirmeach chun na tairiscintí arna bhfoilsiú ar a láithreán gréasáin a chur i láthair, ina dtaispeántar ag an am céanna na fógraí a bhaineann leis na hearraí a dhíolann sé ina ainm agus ar a chuntas féin agus na cinn a bhaineann le hearraí a thairgeann díoltóirí tríú páirtithe ar an margadh sin, ina dtaispeántar a lógó dáileora aitheanta féin ar na fógraí sin go léir agus go dtairgeann sé go díoltóirí tríú páirtithe, i gcomhthéacs mhargaíocht na n-earraí ar a bhfuil an comhartha atá i gceist, seirbhísí breise arb é atá iontu, go háirithe, stóráil agus seoladh na n-earraí sin.


(1)  IO C 189, 17.5.2021

IO C 217, 07.06.2021


13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 54/10


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Mór-Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberlandesgericht München – an Ghearmáin) – imeachtaí a bhaineann le heiseachadadh S.M.

(Cás C-237/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Saoránacht an Aontais Eorpaigh - Airteagail 18 agus 21 CFAE - Iarraidh arna déanamh ag triú Stát ar Bhallstát maidir le heiseachadadh saoránaigh an Aontais Eorpaigh ar náisiúnach de Bhallstáit eile é agus a bhfuil a cheart chun saorghluaiseachta feidhmithe aige sa chéad cheann de na Ballstáit sin - Iarraidh chun pianbhreith choimeádta a fhorghníomhú - Cosc ar eiseachadadh a bhaineann le náisiúnaigh amháin - Srianta ar shaorghluaiseacht - Bonn cirt bunaithe ar an gcuspóir go seachnófaí an baol go mbeadh saoirse ó phionós ann - Comhréireacht)

(2023/C 54/11)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberlandesgericht München

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: S.M.

Páirtí eile: Generalstaatsanwaltschaft München

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagail 18 agus 21 CFAE,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

Cuirtear de cheangal leo ar Bhallstát, a gcuirtear iarraidh ar eiseachadadh arna déanamh ag tríú Stát chuige chun pianbhreith choimeádta náisiúnaigh de chuid Ballstáit eile a bhfuil buanchónaí air sa chéad Bhallstát a fhorghníomhú, ar Ballstát é nach dtoirmisctear lena dhlí náisiúnta ach eiseachadadh a náisiúnach féin amach ón Aontas Eorpach agus lena bhforáiltear go bhféadfar an phianbhreith sin a chur i bhfeidhm ar a chríoch faoi réir an choinníll go dtoilíonn an tríú Stát leis, toiliú an tríú Stát a lorg go gníomhach, agus úsáid á baint aige as na sásraí go léir le haghaidh comhar agus cúnamh in ábhair choiriúla atá ar fáil dó i gcomhthéacs a chaidrimh leis an tríú Stát sin;

Mura bhfaighfear an toiliú sin, ní chuirfear cosc, sna himthosca sin, ar an gcéad Bhallstát leo, an saoránach sin de chuid an Aontais a eiseachadadh, i gcomhréir lena oibleagáidí faoi choinbhinsiún idirnáisiúnta, ar choinníoll nach sáraíonn an t-eiseachadadh sin na cearta a ráthaítear leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO C 297, 26.7.2021.


13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 54/11


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 15 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht – an Ghearmáin) – CM v TimePartner Personalmanagement GmbH

(Cás C-311/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Fostaíocht agus beartas sóisialta - Obair ghníomhaireachta shealadach - Treoir 2008/104/CE - Airteagal 5 - Prionsabal na córa comhionainne - Gá le cosaint fhoriomlán oibrithe sealadacha a ráthú, i gcás maolú ar an bprionsabal sin - Comhaontú comhchoiteann lena bhforáiltear do luach saothair níos ísle ná luach saothair na mball foirne arna n-earcú go díreach ag an ngnóthas úsáideora - Cosaint bhreithiúnach éifeachtach - Athbhreithniú breithiúnach)

(2023/C 54/12)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesarbeitsgericht

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: CM

Cosantóir: TimePartner Personalmanagement GmbH

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le hAirteagal 5(3) de Threoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008, maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní cheanglaítear leis an bhforáil sin, trína thagairt don choincheap “cosaint fhoriomlán oibrithe sealadacha”, leibhéal cosanta a bhaineann go sonrach le hoibrithe sealadacha a sháraíonn an leibhéal cosanta atá leagtha síos, d'oibrithe i gcoitinne, leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais maidir leis na bunchoinníollacha oibre agus fostaíochta. Mar sin féin, i gcás ina n-údaraíonn na comhpháirtithe sóisialta, trí bhíthin comhaontú comhchoiteann, difríochtaí sa chóireáil maidir le bunchoinníollacha oibre agus fostaíochta chun aimhleas na n-oibrithe sealadacha, ní mór an comhaontú comhchoiteann sin, chun cosaint fhoriomlán na n-oibrithe sealadacha lena mbaineann a ráthú, buntáistí a dheonú dóibh i dtéarmaí coinníollacha riachtanacha oibre agus fostaíochta atá mar chúiteamh ar an difríocht sa chóireáil a fhaigheann siad.

2)

Maidir le hAirteagal 5(3) de Threoir 2008/104,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní mór comhlíonadh na hoibleagáide maidir le cosaint fhoriomlán oibrithe sealadacha a ráthú a mheasúnú, ar bhealach nithiúil, trí chomparáid a dhéanamh, i gcás poist ar leith, idir na coinníollacha riachtanacha oibre agus fostaíochta is infheidhme maidir le hoibrithe arna n-earcú go díreach ag an ngnóthas úsáideora agus na coinníollacha is infheidhme maidir le hoibrithe sealadacha, d'fhonn a bheith in ann a chinneadh cibé an féidir éifeachtaí na difríochta sa chóireáil a fulaingíodh a fhritháireamh de bharr na buntáistí cúitimh a deonaíodh maidir leis na coinníollacha riachtanacha sin.

3)

Maidir le hAirteagal 5(3) de Threoir 2008/104,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní éilíonn an oibleagáid cosaint fhoriomlán oibrithe sealadacha a ráthú go mbeidh an t-oibrí sealadach lena mbaineann faoi cheangal ag an ngníomhaireacht oibre sealadaí trí chonradh fostaíochta neamhiata.

4)

Maidir le hAirteagal 5(3) de Threoir 2008/104,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní cheanglaítear ar an reachtas náisiúnta na coinníollacha agus na critéir a leagan síos lena ndírítear ar chosaint fhoriomlán oibrithe sealadacha a ráthú, de réir bhrí na forála sin, i gcás ina dtugann an Ballstát lena mbaineann an deis do na comhpháirtithe sóisialta comhaontuithe comhchoiteanna a choimeád ar bun nó a thabhairt i gcrích lena n-údaraítear difríochtaí a chóireáil maidir le coinníollacha riachtanacha oibre agus fostaíochta chun aimhleasa na n-oibrithe sin.

5)

Maidir le hAirteagal 5(3) de Threoir 2008/104,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní mór comhaontuithe comhchoiteanna lena n-údaraítear, de bhua na forála sin, difríochtaí sa chóireáil maidir le coinníollacha riachtanacha oibre agus fostaíochta chun aimhleasa oibrithe sealadacha a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach éifeachtach chun a fhíorú go gcomhlíonann na comhpháirtithe sóisialta a n-oibleagáid maidir le cosaint fhoriomlán oibrithe sealadacha a ráthú i leith na n-oibrithe sin.


(1)  IO C 320, 09.08.2021


13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 54/12


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 15 Nollaig 2022 – Maxime Picard v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-366/21 P) (1)

(Achomharc - Státseirbhís - Baill foirne ar conradh - Pinsin - Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh - Athchóiriú na bliana 2014 - Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 - Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán sin - An dara fomhír d’Airteagal 21 agus an dara fomhír d’Airteagal 22(1) - Bearta idirthréimhseacha a bhaineann leis an ráta bliantúil fála cearta pinsin agus an aois scoir - Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh - Iarscríbhinn - Airteagal 1(1) - Cur i bhfeidhm na mbeart idirthréimhseach sin de réir analaí ar ghníomhairí eile a bhí i mbun seirbhíse an 31 Nollaig 2013 - Conradh nua maidir le gníomhairí ar conradh a shíniú - Gníomh a dhéanann dochar d’oifigeach - Cosaint bhreithiúnach éifeachtach)

(2023/C 54/13)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Maxime Picard (représentant: S. Orlandi, avocat)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Gattinara agus B. Mongin, Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1)

Cuirtear Breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 24 Márta 2021, Picard v an Coimisiún (T-769/16, EU:T:2021:153), arna cheartú le hordú an 16 Aibreán 2021, Picard v an Coimisiún (T-769/16, EU:T:2021:200), ar neamhní.

2)

Cuirtear an freagra ó bhainisteoir na roinne “Pinsin” de chuid na hOifige um Riar agus Íoc Teidlíochtaí Indibhidiúla (PMO) de chuid an Choimisiúin Eorpaigh dar dáta an 4 Eanáir 2016 chomh maith leis an gcinneadh dar dáta an 25 Iúil 2016 ó Stiúrthóireacht E d’Ard-Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna an Choimisiúin, ag diúltú do ghearán Maxime Picard an 4 Aibreán 2016 i gcoinne an fhreagra sin, ar neamhní.

3)

Ordaítear don Choimisiún Eorpach, i dteannta a chostais féin, na costais sin arna dtabhú ag Maxime Picard i leith an achomhairc seo agus ag an gcéadchéim a íoc.


(1)  IO C 357, 06.09.2021


13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 54/13


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra) an 15 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Sofiyski gradski sad – an Bhulgáir) – LM, NO v HUK-COBURG-Allgemeine Versicherung AG

(Cás C-577/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Árachas éigeantach i gcoinne dliteanais shibhialta i leith úsáid mótarfheithiclí - Treoir 2009/103/CE - Airteagal 3, an ceathrú mír - Coincheap “díobháil phearsanta” - Clúdach le hárachas éigeantach - Timpiste tráchta bóthair - Bás paisinéara - An ceart chun cúiteamh a fháil do leanaí mionaoiseacha - Damáiste neamhábhartha - Fulaingt linbh mar thoradh ar bhás a thuismitheora mar thoradh ar an timpiste sin - Cúiteamh i gcás damáiste paiteolaíoch amháin)

(2023/C 54/14)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski gradski sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: LM, NO

Cosantóir: HUK-COBURG-Allgemeine Versicherung AG

An chuid oibríochtúil

Ní mór an ceathrú mír d’Airteagal 3 de Threoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 a bhaineann le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena ndéanann árachóir cúiteamh, i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, as damáiste neamhábhartha a bhain d’íospartaigh timpistí tráchta ar bhóithre, ar choinníoll go ndéanfaí damáiste paiteolaíoch do shláinte na ndlúthbhall teaghlaigh sin.


(1)  IO C 513, 20.12.2021.


13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 54/13


Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 15 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation – an Fhrainc) – Instrubel NV v Montana Management Inc., BNP Paribas Securities Services (C-753/21), agus Montana Management Inc. v Heerema Zwijndrecht BV, BNP Paribas Securities Services (C-754/21)

(Cásanna Uamtha C-753/21 agus C-754/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhbheartas Eachtrach agus Slándála - Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 - Srianta sonracha is infheidhme maidir leis an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic - Airteagal 4 - Cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo de chuid na ndaoine, na gcomhlachtaí agus na n-eintiteas a bhaineann le réimeas an iar-Uachtaráin Saddam Hussein - Airteagal 6 - Aistriú chuig socruithe comharba Chiste Forbraíochta na hIaráice - Úinéireacht cistí reoite agus acmhainní eacnamaíocha)

(2023/C 54/15)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour de cassation

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Instrubel NV (C-753/21), Montana Management Inc. (C-754/21)

Cosantóirí: Montana Management Inc., BNP Paribas Securities Services (C-753/21), Heerema Zwijndrecht BV, BNP Paribas Securities Services (C-754/21)

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 4(2) go (4) agus Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle an 7 Iúil 2003 maidir le srianta sonracha áirithe ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2465/96, arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) Uimh. 85/2013 ón gComhairle an 31 Eanáir 2013,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

go bhfuil na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha reoite fós, go dtí go ndéanfar cinneadh iad a aistriú chuig na socruithe comharba a thiocfaidh ina dhiaidh chuig an gCiste Forbraíochta don Iaráic, maoin na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na gcomhlachtaí agus na n-eintiteas a bhaineann le réimeas an iar-Uachtaráin Saddam Hussein, a chumhdaítear leis an reo.


(1)  IO C 95, 28.2.2022.


13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 54/14


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 15 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa – CAAD) – an Phortaingéil) – Caxamar – Comércio e Indústria de Bacalhau SA v Autoridade Tributária e Aduaneira

(Cás C-23/22) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Státchabhair - Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 - Díolúine ar chatagóirí áirithe cabhrach atá ag luí leis an margadh inmheánach - Treoirlínte maidir le Státchabhair réigiúnach - Raon feidhme - Eisiamh - Earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe - Earnáil próiseála agus margaíochta táirgí talmhaíochta - Coincheap “táirgí talmhaíochta” - Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 - Comheagraíocht na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe - Iarscríbhinn I - Gníomhaíocht próiseála táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe - Trosc saillte, reoite agus díshaillte)

(2023/C 54/16)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa – CAAD)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Caxamar – Comércio e Indústria de Bacalhau SA

Cosantóir: Autoridade Tributária e Aduaneira

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2(10) agus (11) de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 [CFAE], chomh maith leis na Treoirlínte maidir le státchabhair réigiúnach do 2014-2020, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2 agus Airteagal 5(a) agus (d), agus Iarscríbhinn I a ghabhann leis, de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní gníomhaíocht próiseála táirgí talmhaíochta í gníomhaíocht próiseála táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, amhail trosc saillte, trosc reoite agus trosc díshaillte, atá eisiata ó raon feidhme Rialachán Uimh. 651/2014 de bhua Airteagal 1(3)(c) den Rialachán sin, ach gníomhaíocht a thagann faoi chuimsiú earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe, atá eisiata ó raon feidhme an Rialacháin sin mar gheall ar Airteagal 1(3)(a) de.


(1)  IO C 165, 19.4.2022.


13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 54/15


Achomharc arna thabhairt an 19 Lúnasa 2022 ag Vtesse Harlow Ltd i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) an 14 Meitheamh 2022 i gCás T-64/22, Vtesse Harlow v an Coimisiún

(Cás C-559/22 P)

(2023/C 54/17)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Vtesse Harlow Ltd (ionadaí: H. Mercer KC)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

Le hordú an 19 Nollaig 2022, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) go ndíbhtear don achomharc mar is léir nach bhfuil aon bhunús sa dlí leis agus go n-íocfaidh Vtesse Harlow Ltd a chostais féin.


13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 54/15


Caingean arna tabhairt an 15 Nollaig 2022 — an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Laitvia

(Cás C-762/22)

(2023/C 54/18)

Teanga an cháis: an Laitvis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: R. Tricot agus I. Rubene)

Cosantóir: Poblacht na Laitvia

An t-ordú atá á lorg

Go ndearbhófar, trí mhainneachtain na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin uile is gá a ghlacadh, faoin 6 Feabhra 2018, chun Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle an 5 Nollaig 2013 lena leagtar síos caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta maidir le cosaint ar na contúirtí a eascraíonn as nochtadh don radaíocht ianaithe agus lena n-aisghairtear Treoracha 89/618/Euratom, 90/641/Euratom, 96/29/Euratom, 97/43/Euratom agus 2003/122/Euratom (1) a chomhlíonadh, nó, ar aon nós, trí mhainneachtain iad a chur in iúl don Choimisiún, gur mhainnigh Poblacht na Laitvia na hoibleagáidí atá uirthi de bhun Airteagal 106 den Treoir sin a chomhlíonadh.

Go n-ordófar do Phoblacht na Laitvia na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

I gcomhréir le hAirteagal 106 de Threoir 2013/59, níorbh mhór do na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir sin a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 6 Feabhra 2018 ar a dhéanaí. Níorbh mhór do na Ballstáit, thairis sin, téacs na bhforálacha bunúsacha den dlí náisiúnta a nglacfaidís siad sa réimse a rialaítear leis an Treoir sin a chur in iúl don Choimisiún.

Ós rud é nár ghlac Poblacht na Laitvia na bearta trasuite uile is gá chun an Treoir sin a chomhlíonadh go fóill, nó, nár chuir sí in iúl don Choimisiún iad ar aon nós, chinn an Coimisiún an 29 Meán Fómhair 2022 an chaingean a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais ionas go ndearbhófaí, de bhun Airteagal 258(2) CFAE, gur mhainnigh Poblacht na Laitvia na hoibleagáidí atá uirthi de bhun Airteagal 106 den Treoir sin a chomhlíonadh.


(1)  IO 2014 L 13, lch. 1.


13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 54/16


Caingean arna tabhairt an 19 Nollaig 2022 — an Coimisiún Eorpach v an Ungáir

(Cás C-769/22)

(2023/C 54/19)

Teanga an cháis: an Ungáiris

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: V. Di Bucci, K. Talabér-Ritz, L. Malferrari, J. Tomkin, Gníomhairí)

Cosantóir: an Ungáir

An t-ordú atá á lorg

Go ndearbhófar, le glacadh an a pedofil bűnelkövetőkkel szembeni szigorúbb fellépésről, valamint a gyermekek védelme érdekében egyes törvények módosításáról szóló 2021. évi LXXIX. törvény (Dlí LXXIX de 2021 lena nglactar bearta níos déine i gcoinne ciontóirí ar péidifiligh iad agus lena leasaítear dlíthe áirithe chun mionaoisigh a chosaint), gur mhainnigh an Ungáir na hoibleagáidí atá uirthi de bhun dlí an Aontais a chomhlíonadh ar na caíonna seo a leanas:

(1)

 

trí thoirmeasc a leagan síos sa chaoi nach bhféadfaidh mionaoisigh rochtain a fháil ar ábhar lena gcuirtear imeacht ón bhféiniúlacht inscne atá ar aon dul leis an ngnéas breithe, athrú gnéis nó homaighnéasacht chun cinn nó lena gcuirtear in iúl iad, sháraigh an Ungáir Airteagal 3(2) de Threoir 2000/31/CE maidir le tráchtáil leictreonach, (1) Airteagail 16 agus 19 de Threoir 2006/123/CE maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach, (2) Airteagal 56 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagail 1, 7, 11 agus 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

trí thoirmeasc a leagan síos sa chaoi nach bhféadfaidh mionaoisigh rochtain a fháil ar fhógraíocht lena gcuirtear imeacht ón bhféiniúlacht inscne atá ar aon dul leis an ngnéas breithe, athrú gnéis nó homaighnéasacht chun cinn nó lena gcuirtear in iúl iad, sháraigh an Ungáir Airteagal 9(1)(c)(ii) de Threoir 2010/13/AE maidir le Seirbhísí na Meán Closamhairc, (3) Airteagal 3(2) de Threoir 2000/31/CE maidir le tráchtáil leictreonach, Airteagail 16 agus 19 de Threoir 2006/123/CE maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach, Airteagal 56 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagail 1, 7, 11 agus 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

tríd an oibleagáid a fhorchur ar sholáthraithe seirbhisí cumarsáide a chuireann seirbhísí cumarsáide líní ar fáilaon chlár arb é an chomhpháirt is tábhachtaí de ná imeacht ón bhféiniúlacht inscne atá ar aon dul leis an ngnéas breithe, athrú gnéis nó homaighnéasacht a chur chun cinn nó a chur in iúl a aicmiú sa chatagóir V agus, dá bhrí sin, iad a chraoladh idir 22.00 agus 05.00, agus trí chláracha den sórt sin a chur as an áireamh ón aicmiú mar chumarsáid leasa phoiblí nó mar fhógraíocht a bhfuil fóntas sóisialta ag baint léi, sháraigh an Ungáir Airteagal 6a(1) de Threoir 2010/13/AE maidir le Seirbhísí na Meán Closamhairc, agus Airteagail 1, 7, 11 agus 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

tríd an oibleagáid a fhorchur ar Chomhairle na Meán iarraidh ar an mBallstát a bhfuil dlínse aige i leith an tsoláthraí seirbhísí cumarsáide bearta éifeachtacha a ghlacadh agus gníomhú d’fhonn deireadh a chur leis na sáruithe arna n-aimsiú ag Comhairle na Meán, sháraigh an Ungáir Airteagail 2 agus 3(1) de Threoir 2010/13/AE maidir le Seirbhísí na Meán Closamhairc;

trí thoirmeasc a leagan síos sa chaoi nach bhféadfaidh a bheith d’aidhm ag gairmeacha atá bainte leis an gcultúr gnéasach, leis an saol gnéis, leis an ngnéaschlaonadh agus leis an bhforbairt ghnéasach imeacht ón bhféiniúlacht inscne atá ar aon dul leis an ngnéas breithe, athrú gnéis nó homaighnéasacht a chur chun cinn nó a chur in iúl, sháraigh an Ungáir Airteagail 16 agus 19 de Threoir 2006/123/AE maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach, Airteagal 56 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagail 1, 7, 11 agus 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

(2)

trí na rialacha dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, sháraigh an Ungáir Airteagal 2 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

(3)

tríd an oibleagáid a fhorchur ar an gcomhlacht a bhfuil rochtain dhíreach aige ar na sonraí arna dtaifeadadh chun na sonraí arna dtaifeadadh i leith daoine a rinne cionta i gcoinne na saoirse agus na moráltachta i leith mionaoiseach a chur ar fáil don duine atá údaraithe chuige sin, sháraigh an Ungáir Airteagal 10 de Rialachán Ginearálta (AE) 2016/679 maidir le Cosaint Sonraí, chomh maith le hAirteagal 8(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

(4)

go n-ordófar don Ungáir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

An 15 Meitheamh 2021, ghlac Parlaimint na hUngáire an a pedofil bűnelkövetőkkel szembeni szigorúbb fellépésről, valamint a gyermekek védelme érdekében egyes törvények módosításáról szóló 2021. évi LXXIX. törvény (Dlí LXXIX de 2021, lena nglactar bearta níos déine i gcoinne ciontóirí ar péidifiligh iad agus lena leasaítear dlíthe áirithe chun mionaoisigh a chosaint), a tháinig i bhfeidhm an 8 Iúil 2021. Déantar leasuithe leis an Dlí ar líon áirithe rialacha dlíthiúla difriúla lena gcumhdaítear, inter alia, seirbhísí meán, an fhógraíocht, an tráchtáil leictreonach agus an oideachas. Forchuirtear líon áirithe toirmeasc agus srianta leis na leasuithe sin maidir le himeacht ón bhféiniúlacht inscne atá ar aon dul leis an ngnéas breithe, athrú gnéis nó homaighnéasacht a chur chun cinn nó a chur in iúl.

An 15 Iúil 2021, thionscain an Coimisiún imeachtaí um shárú i gcoinne na hUngáire maidir le Dlí LXXIX de 2021.

Ós rud é nár mheas an Coimisiún go raibh an freagra a thug na hUngáire sásúil, bhog an Coimisiún ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile de na himeachtaí um shárú agus, an 2 Nollaig 2021, sheol sé tuairim réasúnaithe go dtí an Ungáir.

Ó tharla nár mheas sé go raibh an freagra ar an tuairim réasúnaithe sásúil ach oiread, chinn an Coimisiún an cás a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais chun go ndearbhófaí gur mhainnigh an Ungáir na hoibleagáidí atá uirthi de bhun Airteagail 2, 3(1), 6a(1) agus 9(1)(c)(ii) de Threoir 2010/13/AE maidir le Seirbhísí na Meán Closamhairc, Airteagal 3(2) de Threoir 2000/31/CE maidir le tráchtáil leictreonach, Airteagail 16 agus 19 de Threoir 2006/123/CE maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach, Airteagal 10 de Rialachán Ginearálta (AE) 2016/679 maidir le cosaint sonraí, Airteagal 56 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Airteagail 1, 7, 8(2), 11 agus 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 2 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.


(1)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe dlíthiúla áirithe de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (IO 2000 L 178, lch. 1).

(2)  IO 2006 L 376, lch. 36.

(3)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (IO 2010 L 95, lch. 1).


13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 54/17


Caingean arna tionscnamh an 20 Nollaig 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Slóvaice

(Cás C-773/22)

(2023/C 54/20)

Teanga an cháis: an tSlóvaicis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Armati, R. Lindenthal agus M. Mataija, Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Slóvaice

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

a dhearbhú, trí mhainneachtain Airteagal 2(3), an chéad mhír d'Airteagal 6, pointe (b), Airteagal 7(4), Airteagal 14(1) agus (4), Airteagal 35(3), Airteagal 41(1)(c), Airteagal 42 (2), (a), (c), (f) agus (j), Airteagal 50(1), arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn VII, pointe 1(d), agus Airteagal. 55a(2), de Threoir 2005/36/CE (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 i ndáil le cáilíochtaí gairmiúla a aithint a thrasuí i gceart ina dhlí, theip ar Phoblacht na Slóvaice a cuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi na forálacha sin den Treoir.

a ordú do Phoblacht na Slóvaice na costais a íoc.

Pléadálacha dlí agus príomhargóintí

Chuaigh an tréimhse chun Treoir 2005/36/CE a thrasuí in éag an 20 Deireadh Fómhair 2007 agus chuaigh an tréimhse chun Treoir 2013/55/AE (2) a thrasuí, lena leasaítear Treoir 2005/35/CE, in éag an 18 Eanáir 2016. Níor thrasuigh Poblacht na Slóvaice i gceart, nó níos cruinne níor thrasuigh sí Airteagal 2(3), an chéad mhír d’Airteagal 6 pointe (b), Airteagal 7(4,) Airteagal 14 (1) agus (4), Airteagal 35(3), Airteagal 41(1)(c) , Airteagal 42(2), Airteagal 50(1), arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn VII, pointe 1(d), agus Airteagal. 55a(2), de Threoir 2005/36/CE.


(1)  IO 2005 L 255, lch. 22.

(2)  Treoir 2013/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 lena leasaítear Treoir 2005/36/CE i ndáil le cáilíochtaí gairmiúla a aithint agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IO 2013 L 354, lch. 132).


Chúirt Ghinearálta

13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 54/19


Ordú na Cúirte Ginearálta an 6 Nollaig 2022 – G.J. Riedel v EUIPO – BrewDog (Punk)

(Cás T-720/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais - Imeachtaí freasúra - Tarraingt siar an fhreasúra - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

(2023/C 54/21)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: G.J. Riedel GmbH (Kufstein, an Ostair) (ionadaí: D. Terheggen, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: L. Harrington agus D. Gája, Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: BrewDog plc (Ellon, an Ríocht Aontaithe)

Ábhar

Leis an gcaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 12 Iúil 2021 (Cás R 291/2020-1) a neamhniú.

An chuid oibríochtúil

1.

Ní gá breith a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh

2.

Ordaítear do G.J. Riedel GmbH a chostais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), a íoc.


(1)  IO C 11, 10.1.2022.


13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 54/19


Caingean arna tabhairt an 12 Nollaig 2022 – TJ agus páirtithe eile v an Chomhairle

(Cás T-775/22)

(2023/C 54/22)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: TJ agus an seachtar iarratasóirí eile (ionadaí: J. Janssen, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

na pléadálacha le haghaidh neamhniú a ardaíodh san iarratas seo a ghlacadh agus seasamh leo;

Caibidil III de Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh (1) (“an Rialachán a chonspóidtear”) a neamhniú;

mar mhalairt air sin, Airteagal 15 den Rialachán a chonspóidtear a neamhniú a mhéid a cheadaítear leis tobhach cúlghabhálach de ranníocaíocht dlúthpháirtíochta le linn na bliana 2022; agus

a ordú don Chomhairle costais an nós imeachta seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí ar dhá shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur glacadh an Rialachán a chonspóidtear go mícheart ar bhonn Airteagal 122(1) CFAE agus gur cheart don Chomhairle é a ghlacadh, ag gníomhú di d’aon toil tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, ós rud é go bhfuil bearta fioscacha sa Rialachán a chonspóidtear.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sárú é an Rialachán a chonspóidtear ar an gceart chun maoine mar a chumhdaítear in Airteagal 1 den Chéad Phrótacal a ghabhann leis an CECD agus in Airteagal 17 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, chomh maith le prionsabail an Aontais maidir le dlíthiúlacht agus deimhneacht dhlíthiúil, a mhéid a cheadaítear leis an Rialachán a chonspóidtear cur i bhfeidhm cúlghabhálach.


(1)  IO 2022 261 I, lch. 1.


13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 54/20


Caingean arna tabhairt an 20 Nollaig 2022 – TV agus TW v an Chomhairle

(Cás T-795/22)

(2023/C 54/23)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: TV agus TW (ionadaí: J. Janssen, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

an phléadáil le haghaidh neamhniú a ardaíodh san iarratas seo a ghlacadh agus seasamh léi;

Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh (1) (“an Rialachán a chonspóidtear”) a neamhniú, a mhéid a cheadaítear leis tobhach cúlghabhálach de ranníocaíocht dlúthpháirtíochta le linn na bliana 2022; agus

a ordú don Chomhairle costais an nós imeachta seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí saincheist dlí amháin lena n-éilítear gur sárú é an Rialachán a chonspóidtear ar an gceart chun maoine mar a chumhdaítear in Airteagal 1 den Chéad Phrótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus in Airteagal 17 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, chomh maith le prionsabail an Aontais maidir le dlíthiúlacht agus deimhneacht dhlíthiúil, a mhéid a cheadaítear leis an Rialachán a chonspóidtear cur i bhfeidhm cúlghabhálach.


(1)  IO 2022 L 261 I, lch. 1.


13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 54/21


Caingean arna tabhairt an 21 Nollaig 2022 — Drinks Prod v EUIPO – Coolike-Regnery (VIVIASEPT)

(Cás T-796/22)

(2023/C 54/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Drinks Prod Srl (Păntășești, an Rómáin) (ionadaithe: I. Speciac agus V. Stănese, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Coolike-Regnery GmbH (Bensheim, an Ghearmáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir ar an trádmharc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh VIVIASEPT — Iarratas ar chlárú Uimh. 18 329 344

Nós imeachta os chomhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 29 Meán Fómhair 2022 i gCás R 488/2022-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú;

oibleagáid a chur ar EUIPO leanúint de na himeachtaí clárúcháin le haghaidh EUTM Uimh. 18 329 344 (“VIVIASEPT”) le haghaidh na n-earraí agus na seirbhísí uile arna n-iarraidh ó Aicmí 3 agus 5.

Saincheisteanna dlí

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 54/21


Caingean arna tabhairt an 22 Nollaig 2022 – Palírna U Zeleného stromu v EUIPO – Bacardi (B42V)

(Cás T-800/22)

(2023/C 54/25)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Palírna U Zeleného stromu a.s. (Ústí nad Labem, Poblacht na Seice) (ionadaí: J. Kindl, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Bacardi & Co. Ltd (Meyrin, an Eilvéis)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir ar an trádmharc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh B42V — Iarratas ar chlárú Uimh. 17 987 536

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 3 Deireadh Fómhair 2022 i gCás R 1240/2021-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a leasú ionas go

a.

gcuirtear Cinneadh Uimh. B 3 077 353 de Rannán an Fhreasúra an 20 Bealtaine 2021 ar neamhní a mhéid a sheas sé leis an gcur i gcoinne arna dhéanamh ag an bpáirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc i gcoinne chur i bhfeidhm an trádmhairc atá faoi cheist; agus

b.

ndiúltaítear ina iomláine don fhreasúra arna dhéanamh ag an bpáirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc i gcoinne chur i bhfeidhm an trádmhairc atá faoi cheist;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí

Rinne an Bord Achomhairc (agus Rannán an Fhreasúra) earráid dlí agus Airteagal 47(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á gcur i bhfeidhm acu trí a bhaint astu gurb ann d’fhíorúsáid trádmhairc níos luaithe Uimh. 999 938; níor ceadaíodh leis an bhfianaise a thíolaic an páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc fíorúsáid a bhaint as aon cheann de na trádmharcanna níos luaithe;

Rinne an Bord Achomhairc (agus Rannán an Fhreasúra) earráid dlí agus Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á chur i bhfeidhm acu trí chosúlacht a aithint idir na trádmharcanna i dtrácht; tá an trádmharc atá faoi cheist agus na cearta níos luaithe neamhchosúil de bhun Airteagal 8(1)(b), (4) agus (5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 54/22


Caingean arna tabhairt an 23 Nollaig 2022 – 3M v EUIPO (Léiriú ar dhá bhanda ghléineacha buí a bhfuil banda liath airgid idir eatarthu)

(Cás T-801/22)

(2023/C 54/26)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: 3M Company (St. Paul, Minnesota, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: T. de Haan, agus S. Vandezande, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh (Léiriú ar dhá bhanda ghléineacha buí a bhfuil banda liath airgid idir eatarthu) –Iarratas ar chlárú Uimh. 16 438 962

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 11 Deireadh Fómhair 2022 i gCás R 1151/2018-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú;

a ordú do EUIPO na costais a íoc, lena n-áirítear na costais sin arna dtabhú ag an iarratasóir os comhair an Chéad Bhoird Achomhairc de EUIPO.

Saincheist dlí

Sárú ar Airteagal 7(1)(e)(ii) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 54/23


Caingean arna tabhairt an 28 Nollaig 2022 – ExxonMobil Producing Netherlands agus Mobil Erdgas-Erdöl v an Chomhairle

(Cás T-802/22)

(2023/C 54/27)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: ExxonMobil Producing Netherlands BV (Breda, an Ísiltír), Mobil Erdgas-Erdöl GmbH (Hamburg, an Ghearmáin) (ionadaithe: O. Brouwer, W. Knibbeler agus A. Pliego Selie, Dlíodóirí)

Cosantóirí: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Bhreithiúnas:

Airteagail 14, 15 agus 16 de Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh a neamhniú, (1) a mhéid a shainordaítear leis na forálacha sin rannchuidiú dlúthpháirtíochta maidir le EMPN agus MEEG, ar cuideachtaí de chuid an Aontais iad agus buanbhunaíochtaí ag a bhfuil gníomhaíochtaí acu in earnálacha an pheitriliam amh, an gháis nádúrtha, an ghuail agus na scaglainne;

a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh costais na n-iarratasóirí a íoc, lena n-áirítear na costais a bhaineann le haon idiragraithe.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí seacht saincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear easpa inniúlachta a mhéid a sháraítear le hAirteagail 14, 15 agus 16 de Rialachán (AE) 2022/1854 prionsabal na tabhartha a leagtar síos in Airteagail 4(1) agus 5(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear easpa inniúlachta a mhéid a fhoráiltear le hAirteagal 122(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí neamhbhailí.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar na Conarthaí a mhéid a sháraítear le hAirteagail 14, 15 agus 16 de Rialachán (AE) 2022/1854 prionsabal ginearálta na córa comhionainne, mar a chumhdaítear freisin in Airteagail 20 agus 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar na Conarthaí a mhéid a sháraítear le hAirteagail 14, 15 agus 16 de Rialachán (AE) 2022/1854 Airteagal 17 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar na Conarthaí a mhéid a sháraítear le hAirteagail 14, 15 agus 16 de Rialachán (AE) 2022/1854 Airteagal 16 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

6.

An séú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar riail dlí a bhaineann le cur i bhfeidhm na gConarthaí a mhéid a sháraítear le hAirteagail 14, 15 agus 16 de Rialachán (AE) 2022/1854 prionsabal ginearálta na comhréireachta mar a chumhdaítear in Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach; agus

7.

An seachtú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar riail dlí a bhaineann le cur i bhfeidhm na gConarthaí a mhéid a sháraítear le hAirteagail 14, 15 agus 16 de Rialachán (AE) 2022/1854 prionsabal ginearálta na deimhneachta dlíthiúla agus an toimhde i gcoinne cúlghabhálachta.


(1)  IO 2022 L 261 I, lch. 1.


13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 54/24


Caingean arna tabhairt an 4 Eanáir 2023 — Enmacc v an Coimisiún

(Cás T-1/23)

(2023/C 54/28)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Enmacc GmbH (München, an Ghearmáin) (ionadaithe: A. von Bonin, A. Pliego selie agus T. van Helfteren, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2022 maidir leis an nglao ar thairiscintí a dhéantar faoi nós imeachta idirbheartaithe a sheoladh gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré a neamhniú, gan cuireadh a thabhairt don iarratasóir páirt a ghlacadh sa nós imeachta tairisceana ENER/2022/NP/0041 agus diúltú go sainráite d’iarraidh an iarratasóra go dtabharfaí cuireadh chun an nós imeachta tairisceana sin dó;

mar ordú tánaisteach, a mhéid nach ndéanfadh an cinneadh atá faoi chonspóid cinneadh an Choimisiúin chun nós imeachta idirbheartaithe a sheoladh gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré agus gan cuireadh a thabhairt don iarratasóir chuig an nós imeachta tairisceana ENER/2022/NP/0041 a chur i ngníomh, an cinneadh sin a neamhniú;

a ordú don Choimisiún costais an iarratasóra a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go sáraítear, leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, Airteagal 164(5)(f) agus Pointe 11.1(c) d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. (1)

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go sáraítear, leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, prionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur mainníodh réasúin a shonrú sa chinneadh atá faoi chonspóid, de shárú ar an tríú fleasc d’Airteagal 41(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus ar Airteagal 296(2) CFAE.


(1)  IO 2018 L 193, lch. 1.