|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 17 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
66 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
II Faisnéis |
|
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 17/01 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10903 — CIRCLE K / SCHIBSTED / ELTON MOBILITY) ( 1 ) |
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Chomhairle |
|
|
2023/C 17/02 |
||
|
2023/C 17/03 |
||
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 17/04 |
||
|
2023/C 17/05 |
Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a chur ar an margadh agus/nó a úsáid a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) (Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006) ( 1 ) |
|
|
2023/C 17/06 |
AN COIMISIÚN RIARACHÁIN UM CHOMHORDÚ NA gCÓRAS SLÁNDALA SÓISIALTA — MEÁNCHOSTAIS SOCHAR COMHCHINEÁIL |
|
|
|
An Chúirt Iniúchóirí |
|
|
2023/C 17/07 |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 17/08 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10561 — CINTRA / ABERTIS / ITINERE / BIP & DRIVE) ( 1 ) |
|
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 17/09 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
18.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 17/1 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10903 — CIRCLE K / SCHIBSTED / ELTON MOBILITY)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 17/01)
An 9 Eanáir 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M10903. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Chomhairle
|
18.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 17/2 |
Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2017/1775, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2440 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2017/1770 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2436 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí
(2023/C 17/02)
Dírítear aird na ndaoine a luaitear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2440 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1770 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2436 ón gComhairle (4) maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí ar an bhfaisnéis seo a leanas.
Chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh an 12 Nollaig 2022 na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2017/1775 a athnuachan go dtí an 14 Nollaig 2023 agus leasú a dhéanamh ar na ráitis ar chúiseanna agus ar an bhfaisnéis don chúigear a áirítear ar liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/1775 agus in Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1770.
Cuirtear in iúl do na daoine lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát ábhartha, mar a léirítear sin sna suíomhanna gréasáin a luaitear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1770 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí, chun údarú a fháil cistí reoite a úsáid chun bunriachtanais nó íocaíochtaí sonracha a chumhdach (cf. Airteagal 3 den Rialachán).
Féadfaidh na daoine lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar an liosta thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle. Ní mór gach iarraidh den chineál sin a sheoladh, faoin 1 Meán Fómhair 2023, chuig:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
An Ardrúnaíocht |
|
RELEX.1 Gnóthaí Domhanda agus Cothrománacha |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
R-phost: sanctions@consilium.europa.eu
Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch athbhreithniú tréimhsiúil na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 6 de Chinneadh (CBES ) 2017/1775 agus le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2017/1770.
Cuirtear in iúl do na daoine lena mbaineann freisin gur féidir leo cur i gcoinne chinneadh na Comhairle os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(1) IO L 251, 29.9.2017, lch. 23.
(2) IO L 319, 13.12.2022, lgh. 68.
|
18.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 17/4 |
Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a bhfuil feidhm maidir leo ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) 2017/1770 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí
(2023/C 17/03)
Dírítear aird na n-ábhar sonraí ar an bhfaisnéis seo a leanas i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála sin Cinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle (2), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2440 ón gComhairle (3), agus Rialachán (AE) 2017/1770 ón gComhairle (4), arna chur chun feidhme ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2436 ón gComhairle (5).
Is í Roinn RELEX 1 in Ard-Stiúrthóireacht an Chaidrimh Sheachtraigh (RELEX) Ardrúnaíocht na Comhairle (an Ardrúnaíocht) rialaitheoir na hoibríochta próiseála seo, agus is féidir dul i dteagmháil leis an roinn sin ag:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
An Ardrúnaíocht |
|
RELEX.1 Gnóthaí Domhanda agus Cothrománacha |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
R-phost: sanctions@consilium.europa.eu
Is é cuspóir na hoibríochta próiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2017/1775/CBES, arna leasú ag Cinneadh (CBES) 2022/2440, agus Rialachán (AE) Uimh. 2017/1770, arna chur chun feidhme ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/243.
Is daoine nádúrtha iad na hábhair sonraí sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh (CBES) 2017/1775 agus i Rialachán (AE) 2017/1770.
Ar na sonraí pearsanta a bhailítear, áirítear pé sonraí is gá chun an té lena mbaineann a shainaithint i gceart, mar aon leis an ráiteas ar chúiseanna, agus aon sonraí eile dá mbaineann leis sin.
Féadfar pé sonraí pearsanta a bhaileofar a roinnt, de réir mar is gá, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus leis an gCoimisiún.
Gan dochar d’aon srianta dá bhforáiltear de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfar feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí, amhail ceart rochtana, chomh maith leis an gceart go ndéanfaí ceartúcháin agus an ceart chun agóid a dhéanamh, a fhreagairt i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.
Déanfar sonraí pearsanta a choimeád go ceann 5 bliana ón uair a bhainfear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach nó ón uair a rachaidh bailíocht an bhirt in éag, nó fad a mhairfidh imeachtaí cúirte i gcás inar cuireadh tús lena leithéidí.
Gan dochar d'aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach, féadfaidh ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).
(1) IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.
(2) IO L 251, 29.9.2017, lch. 23.
(3) IO L 319, 13.12.2022, lch. 68.
An Coimisiún Eorpach
|
18.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 17/5 |
Rátaí malairte an euro (1)
17 Eanáir 2023
(2023/C 17/04)
1 euro =
|
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
|
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,0843 |
|
JPY |
yen na Seapáine |
139,50 |
|
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4386 |
|
GBP |
punt steirling |
0,88595 |
|
SEK |
krona na Sualainne |
11,2850 |
|
CHF |
franc na hEilvéise |
0,9998 |
|
ISK |
króna na hÍoslainne |
154,50 |
|
NOK |
krone na hIorua |
10,7463 |
|
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
|
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
23,966 |
|
HUF |
forint na hUngáire |
399,58 |
|
PLN |
zloty na Polainne |
4,6958 |
|
RON |
leu na Rómáine |
4,9356 |
|
TRY |
lira na Tuirce |
20,3762 |
|
AUD |
dollar na hAstráile |
1,5611 |
|
CAD |
dollar Cheanada |
1,4547 |
|
HKD |
dollar Hong Cong |
8,4807 |
|
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,6957 |
|
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4343 |
|
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 343,50 |
|
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
18,6027 |
|
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
7,3473 |
|
IDR |
rupiah na hIndinéise |
16 467,83 |
|
MYR |
ringgit na Malaeisia |
4,6912 |
|
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
59,441 |
|
RUB |
rúbal na Rúise |
|
|
THB |
baht na Téalainne |
35,869 |
|
BRL |
real na Brasaíle |
5,5607 |
|
MXN |
peso Mheicsiceo |
20,3994 |
|
INR |
rúipí na hIndia |
88,5770 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
|
18.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 17/6 |
Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a chur ar an margadh agus/nó a úsáid a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH)
(Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1))
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 17/05)
Cinneadh lena ndeonaítear údarú
|
An tagairt don chinneadh (2) |
Dáta an Chinnidh |
Ainm na substainte |
Sealbhóir/sealbhóirí an údaraithe |
Uimhir an údaraithe |
Úsáid údaraithe |
Dáta éaga na tréimhse athbhreithnithe |
Na cúiseanna atá leis an gcinneadh |
|
C(2023) 199 |
11 Eanáir 2023 |
4-(1,1,3,3-teitrimeitiolbúitil)feanól, eatocsailithe (4-treas-OPnEO) Uimh. CE: -, Uimh. CAS:- |
Swedish Orphan Biovitrum AB, 11276 Stócólm, an tSualainn |
REACH/22/46/0 REACH/22/46/1 |
Mar ghníomhaí dromchla le haghaidh díghníomhú víreas i monarú bithchógaisíochta Mar ghníomhaí dromchla le haghaidh glanadh iartháirgthe i monarú bithchógaisíochta |
4 Eanáir 2028 4 Eanáir 2025 |
I gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is mó na sochair shocheacnamaíocha ná an riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol de bharr úsáidí na substainte agus níl aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach ann atá oiriúnach. |
(1) IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.
(2) Tá an cinneadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag: Authorisation (europa.eu).
|
18.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 17/7 |
AN COIMISIÚN RIARACHÁIN UM CHOMHORDÚ NA gCÓRAS SLÁNDALA SÓISIALTA
MEÁNCHOSTAIS SOCHAR COMHCHINEÁIL
(2023/C 17/06)
MEÁNCHOSTAIS SOCHAR COMHCHINEÁIL – 2020
Cur i bhfeidhm Airteagal 64 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 (1)
|
I. |
Na méideanna atá le haisíoc maidir leis na sochair chomhchineáil a soláthraíodh in 2020 do dhaoine den teaghlach nach bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát céanna ina bhfuil cónaí ar an duine árachaithe, mar a thagraítear dó sin in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (2), déanfar iad a chinneadh ar bhonn na meánchostas seo a leanas:
|
|
II. |
Na méideanna atá le haisíoc maidir leis na sochair chomhchineáil a soláthraíodh in 2020 do phinsinéirí agus do dhaoine dá dteaghlach, mar a fhoráiltear dó sin in Airteagal 24(1) agus in Airteagail 25 agus 26 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, déanfar iad a chinneadh ar bhonn na meánchostas seo a leanas:
|
MEÁNCHOSTAIS SOCHAR COMHCHINEÁIL – 2021
Cur i bhfeidhm Airteagal 64 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009
|
I. |
Na méideanna atá le haisíoc maidir leis na sochair chomhchineáil a soláthraíodh in 2021 do dhaoine den teaghlach nach bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát céanna ina bhfuil cónaí ar an duine árachaithe, mar a thagraítear dó sin in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004(), déanfar iad a chinneadh ar bhonn na meánchostas seo a leanas:
|
|
II. |
Na méideanna atá le haisíoc maidir leis na sochair chomhchineáil a soláthraíodh in 2021 do phinsinéirí agus do dhaoine dá dteaghlach, mar a fhoráiltear dó sin in Airteagal 24(1) agus in Airteagail 25 agus 26 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, déanfar iad a chinneadh ar bhonn na meánchostas seo a leanas:
|
(1) IO L 284, 30.10.2009, lch. 1.
(2) IO L 166, 30.4.2004, lch. 1.
(3) Is ionann an laghdú atá le cur i bhfeidhm ar an méid míosúil socraithe agus “15 % (X = 0,15) do phinsinéirí agus do dhaoine dá dteaghlach i gcás nach liostaítear an Ballstát inniúil in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an mbun-Rialachán” (Airteagal 64(3) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009).
(4) Is ionann an laghdú atá le cur i bhfeidhm ar an méid míosúil socraithe agus “15 % (X = 0,15) do phinsinéirí agus do dhaoine dá dteaghlach i gcás nach liostaítear an Ballstát inniúil in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an mbun-Rialachán” (Airteagal 64(3) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009).
An Chúirt Iniúchóirí
|
18.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 17/9 |
Tuairim 08/2022
(de bhun Airteagal 322(1), CFAE)
i dtaca leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, arna athbhreithniú ag an gComhairle [Comhad Idirinstitiúideach 2021/0206 (COD), 30 Meitheamh 2022, 10775/22]
(2023/C 17/07)
Tá Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tar éis tuairim uaithi a fhoilsiú dar teideal ‘Tuairim 08/2022 (de bhun Airteagal 322(1), CFAE) i dtaca leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta arna athbhreithniú ag an gComhairle [Comhad Idirinstitiúideach 2021/0206 (COD) an 30 Meitheamh 2022, 10775 2022].
Más maith leat an tuairim a léamh nó a íoslódáil, is féidir é sin a dhéanamh ag suíomh gréasáin Chúirt Iniúchóirí na hEorpa:
https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=63122
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME
An Coimisiún Eorpach
|
18.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 17/10 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10561 — CINTRA / ABERTIS / ITINERE / BIP & DRIVE)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 17/08)
1.
An 10 Eanáir 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
Cintra Infraestructuras España, S.L. (“Cintra”, an Spáinn), faoi úinéireacht an Ghrúpa Ferrovial (an Spáinn), |
|
— |
Abertis Autopistas España, S.A. (“Abertis”, an Spáinn), faoi rialú Atlantia S.p.A (“Atlantia”, an Iodáil) agus Actividad de Construcción y Servicios, S.A. (“ACS”, an Spáinn), |
|
— |
Itínere Infraestructuras (“Itínere”, an Spáinn), faoi rialú Group APG (“APG”, an Ísiltír), |
|
— |
Bip & Drive E.D.E. S.A. (“Bip & Drive”, an Spáinn). |
Gheobhaidh Cintra, Abertis agus Itínere rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar ‘Bip & Drive.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
Cuireadh an comhchruinniú céanna in iúl don Choimisiún cheana an 07 Deireadh Fómhair 2022, ach tarraingíodh an fógra siar ina dhiaidh sin an 26 Deireadh Fómhair 2022.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Tá Cintra gníomhach i dtógáil, feabhsú, cothabháil agus bainistiú bóithre agus mótarbhealaí, agus láimhseálann sé lamháltais ar bhóithre dola sa Spáinn. Tá sé faoi úinéireacht an Ghrúpa Ferrovial, grúpa éagsúlaithe a oibríonn go hidirnáisiúnta san earnáil tógála, i lamháltais bhonneagair, sa teileachumarsáid agus sna seirbhísí. Is gnóthas fochuideachta de chuid Ferrovial é an grúpa cuideachtaí Cintra, faoi cheannas Cintra, agus déanann sé forbairt bhonneagair iompair dó, |
|
— |
Tá Albertis mar chuid de Albertis Group, grúpa a bhainistíonn bonneagar soghluaisteachta agus teileachumarsáide ar fud an domhain. San Aontas Eorpach, tá sé gníomhach sa Spáinn agus sa Fhrainc den chuid is mó, agus san Iodáil ar bhonn níos lú. Tá Albertis faoi rialú comhpháirteach Atlantia agus ACS. San Eoraip, bainistíonn Atlantia mótarbhealaí (sa Spáinn agus sa Phortaingéil) agus aerfoirt (san Iodáil agus sa Fhrainc) faoi lamháltas agus cuireann sé seirbhísí soghluaisteachta ar fáil. Déanann ACS gníomhaíochtaí maidir le tógáil, lamháltais agus seirbhísí, agus tá sé gníomhach san Eoraip, i Meiriceá agus san Áise, |
|
— |
Bainistíonn Itínere lamháltais ar bhóithre dola sa Spáinn. Tá sé á rialú ag APG, cuideachta infheistíochta pinsin de chuid na hÍsiltíre a infheistíonn i sócmhainní fuinnimh agus fóntais, teileachumarsáide agus bonneagair iompair, i measc nithe eile. |
|
— |
Is dáileoir gaireas íocaíochta leictreonaí é Bip & Drive le haghaidh mótarbhealaí sa Spáinn, agus dáileann sé trealamh infheithicle go háirithe. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Mar sin féin, forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10561 — CINTRA / ABERTIS / ITINERE / BIP & DRIVE
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála thíos:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
An Coimisiún Eorpach |
|
Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta |
|
Clárlann na gCumasc |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
|
18.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 17/12 |
Foilsiú iarratais ar cheadú leasaithe, nach mionleasú é, ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia-earraí
(2023/C 17/09)
Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne chur i bhfeidhm an leasaithe de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.
IARRATAS AR CHEADÚ LEASAITHE AR LEASÚ AR SHONRAÍOCHT TÁIRGE AINMNIÚCHÁN TIONSCNAIMH/TÁSCA GEOGRAFACHA FAOI CHOSAINT NACH MIONLEASÚ É
Iarratas ar leasú a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 53(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012
“Queso Casín”
Uimh. AE: PDO-ES-0178-AM01— 24.9.2021
STFC (X) TGFC ( )
1. Grúpa iarratasóra agus leas dlisteanach
Comhairle rialála le hAghaidh shonrú chan tionscnaimh faoi chosaint “Queso Casín”
Polígono de Silvota, parcela 96, 33192 Llanera (Asturias), An Spáinn
Fón: +34 985264200
R-phost: casin@dopquesocasin.es
Suíomh gréasáin: http://www.dopquesocasin.es/
Is éard atá sa Chomhairle Rialála an grúpa a dhéanann ionadaíocht do na hoibreoirí, a bhfuil sé de chúram orthu an STFC a bhainistiú, i gcomhréir le forálacha na reachtaíochta atá i bhfeidhm (Rún an 31 Iúil 2020 ón Roinn Gnóthaí Tuaithe agus Comhtháthaithe Chríochaigh lena gceadaítear Reachtanna na Comhairle Rialála le haghaidh an tSonrúcháin Tionscnaimh Faoi Chosaint “Queso Casín”); áirítear ina sainchúram leasuithe ar an tsonraíocht táirge a mholadh.
2. Ballstát nó tríú tír
An Spáinn
3. Ceannteideal sa tsonraíocht táirge a ndéanann an leasú difear dó
|
☐ |
Ainm an táirge |
|
☒ |
Tuairisc ar an táirge |
|
☒ |
Limistéar geografach |
|
☒ |
Cruthúnas ar thionscnamh |
|
☒ |
An modh táirgthe |
|
☒ |
Nasc |
|
☒ |
Lipéadú |
|
☒ |
Eile [le sonrú]
|
4. Cineál an leasú nó na leasuithe
☒ Leasú ar an tsonraíocht táirge de STFC nó TGFC cáilithe nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.
☐ Leasú ar an tsonraíocht táirge de STFC nó TGFC cláraithe nár foilsíodh doiciméad aonair (ná doiciméad coibhéiseach) ina leith nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.
5. Leasú nó leasuithe
Baineann na leasuithe molta leis an ngá chun an tsonraíocht táirge a oiriúnú do shaintréithe fisiciúla na gcáiseanna cosanta, an fhírinne a bhaineann leis na próisis tháirgthe, na tréimhsí táirgthe, an Comhlacht Cigireachta agus Caighdeán UNE-EN SO/IEC 17065:2012.
Is é is cuspóir do na leasuithe an nasc idir an táirge agus an comhshaol mórthimpeall a neartú, a fhad agus a choinnítear barántúlacht, cáilíocht agus saintréithe an táirge dheiridh ar bun agus a áirithítear go bhfuil sé incháilithe lena chreidiúnú.
5.1 Saintréithe fisiceacha
Baineann an leasú seo le Roinn B), Tuairisc ar an táirge, den tsonraíocht táirge agus Roinn 3.2), Tuairisc ar an táirge, den Doiciméad Aonair.
An fhoclaíocht atá ann faoi láthair:
“I gcás ina ndéantar í a aibiú, bíonn na saintréithe a leanas ag an gcáis:
Saintréithe fisiciúla agus ceimiceacha:
|
Íosmhéid ábhair thirim: |
57 % |
|
An t-íosmhéid saille in ábhar tirim: |
45 % |
|
An t-íosmhéid próitéine in ábhar tirim: |
35 % |
Saintréithe fisiciúla agus orgánaileipteacha:
Cineál agus cur i láthair: Idir crua agus leathchrua, aibí agus leasaithe nó leathleasaithe.
Foirm: Sorcóir dioscóideach neamhrialta, agus marcálacha nó siombail bhláthacha nó gheoiméadracha, nó ainm an táirgeora ar thaobh amháin. Bíonn roinnt de na cáiseanna idir 10 cm agus 20 cm ar trastomhas agus idir 4 cm agus 7 cm ar airde.
Meáchan: Idir 250 gram agus 1 000 gram.
Craiceann: Mín, fíneálta agus is beag nach bhfuil sé ann, tar éis fuinte arís agus arís eile, aibíonn an cháis ar bhealach aonfhoirmeach agus ag an ráta céanna laistigh agus lasmuigh di. Cruthaítear meall dlúth agus fáiscthe ar an taobh amuigh agus an taobh istigh den cháis agus an meall sin glan, tirim agus beagán olúil. Tá dath buí uachtarach dorcha ar an gcáis le himireacha de bhán. Tá stampa uathúil an táirgeora inphriontáilte ar an taobh uachtarach le rilíf íseal.
Comhlacht: Teann, brusach, idir crua agus leathchrua, dath sách buí uirthi, ní bhíonn pollta beaga inti ach d’fhéadfadh scoilteacha beaga a bheith inti; grabhrógach tráth a ghearrtar í; mothaíonn sí cosúil le him agus í sa bhéal; aonfhoirmeach agus raimhre phlaisteach léi.
Dea-bholadh: Láidir agus cumhachtach.
Blas: Ag brath ar an modh táirgthe, go háirithe an líon uaireanta a rinneadh an cháis a fhuineadh sa mheaisín fuinte: má dhéantar í a fhuineadh go mór, tá blas láidir, géar uirthi, faightear blas uirthi de réir a chéile, agus dea-bholadh géar tuathúil d’im atá blaistithe le himeacht ama; má dhéantar í a fhuineadh ar bhealach níos éadroime, bíonn an blas mar an gcéanna ach ní bhíonn sé chomh dian. In aon chás, bíonn blas láidir, leathan, marthanach agus géar uirthi agus é beagán searbh ag cúl an bhéil, le hiarbhlas láidir.
Saintréithe micribhitheolaíocha:
Déanfar iad a oiriúnú do na ceanglais atá i bhfeidhm.”
a leasú ionas go mbeidh sé mar a leanas:
“I gcás ina ndéantar í a aibiú, bíonn na saintréithe a leanas ag an gcáis:
Saintréithe fisiciúla agus ceimiceacha:
|
Íosmhéid ábhair thirim: |
57 % |
|
An t-íosmhéid saille in ábhar tirim: |
45 % |
|
An t-íosmhéid próitéine in ábhar tirim: |
35 % |
Saintréithe fisiciúla agus orgánaileipteacha:
Cineál agus cur i láthair: Idir crua agus leathchrua, aibí agus leasaithe nó leathleasaithe.
Foirm: Sorcóir dioscóideach neamhrialta, agus marcálacha nó siombail bhláthacha nó gheoiméadracha, nó ainm an táirgeora ar thaobh amháin. Suas le 20 cm ar trastomhas agus suas le 7 cm ar airde.
Meáchan: Idir 150 gram agus 1 000 gram.
Craiceann: Mín, fíneálta agus is beag nach bhfuil sé ann, tar éis fuinte arís agus arís eile, aibíonn an cháis ar bhealach aonfhoirmeach agus ag an ráta céanna laistigh agus lasmuigh di. Cruthaítear meall dlúth agus fáiscthe ar an taobh amuigh agus an taobh istigh den cháis agus an meall sin glan, tirim agus beagán olúil. Tá dath buí uachtarach dorcha ar an gcáis le himireacha de bhán. Tá stampa uathúil an táirgeora inphriontáilte ar an taobh uachtarach le rilíf íseal.
Comhlacht: Teann, brusach, idir crua agus leathchrua, dath sách buí uirthi, ní bhíonn pollta beaga inti ach d’fhéadfadh scoilteacha beaga a bheith inti; grabhrógach tráth a ghearrtar í; mothaíonn sí cosúil le him agus í sa bhéal; aonfhoirmeach agus raimhre phlaisteach léi.
Dea-bholadh: Láidir agus cumhachtach.
Blas: Ag brath ar an modh táirgthe, go háirithe an líon uaireanta a rinneadh an cháis a fhuineadh sa mheaisín fuinte: má dhéantar í a fhuineadh go mór, bíonn blas láidir, géar uirthi agus dea-bholadh géar tuathúil d’im atá blaistithe le himeacht ama; má dhéantar í a fhuineadh ar bhealach níos éadroime, bíonn an blas mar an gcéanna ach ní bhíonn sé chomh dian. In aon chás, bíonn blas láidir, leathan, marthanach agus géar uirthi agus é beagán searbh ag cúl an bhéil, le hiarbhlas láidir.”
Cúis: moltar an leasú sin mar gheall ar an ngá le tuairisceoirí orgánaileipteacha intomhaiste agus neamhshuibiachtúil a shuí agus méideanna táirgthe cáise níos lú a chur san áireamh, agus na méideanna sin mar thoradh ar na ceanglais atá ag bialannaithe, a n-éilíonn formáidí níos lú lena gcaitheamh, nach bhfuil san áireamh cheana féin sa tsonraíocht táirge, agus é a dhéanamh indéanta faireachán a dhéanamh orthu.
Rinneadh staidéar ar shaintréithe na bhformáidí cáise nua, ina thagtar ar an gconclúid i gcás ina meánn an táirge níos lú ná 250 g (150 g), ní bhíonn aon éifeacht aige sin ar shaintréithe fisiciúla, ceimiceacha agus orgánaileipteacha an táirge, agus tugadh scóir os cionn 55 phointe sna samplaí uile a ndearnadh measúnú orthu (táirge oiriúnach); dá bhrí sin, ní bhíonn saintréithe fisiciúla, ceirmeacha agus orgánaileipteacha nasctha go dlúth le meáchan an táirge.
Ní bhíonn aon tionchar ag an athrú sin ar shaintréithe fíor-riachtanacha agus barántúlacht an táirge ag a bhfuil STFC.
5.2 Limistéar geografach
Baineann an leasú seo roinn C (“Limistéar Geografach”), den tsonraíocht táirge.
Leasú ar an gceathrú mír:
Rinneadh an téacs seo a leanas:
“Tá siad lonnaithe sa chuid lárnach oirthearach de Asturias, agus limistéar geografach de 66 068 heicteár iontu, agus úsáidtear achar iomlán de 21 642 heicteár den limistéar sin chun críoch féaraigh.”
a leasú ionas go mbeidh sé mar a leanas:
“Tá siad lonnaithe sa chuid lárnach oirthearach de Asturias, agus limistéar geografach de 66 068 heicteár iontu.”
Cúis: moltar an líon heicteár sa limistéar geografach a úsáidtear chun críoch féaraigh a scriosadh toisc go n-athraíonn an limistéar a úsáidtear chun críoch féaraigh le himeacht ama. Ní dhéanann an scriosadh sin difear do shaintréithe riachtanacha ná do bharántúlacht an táirge a chumhdaítear faoin Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint.
5.3 Cruthúnas ar thionscnamh an táirge sa limistéar
Baineann an leasú seo le roinn D (“Cruthúnas ar thionscnamh an táirge sa limistéar”) sa tsonraíocht táirge.
Comhlíontacht le Caighdeán UNE-EN ISO/IEC 17065. Feidhmeanna rialaithe nach mbaineann leis an gComhairle Rialála a thuigtear a bheith ina húdarás bainistíochta.
Moltar go leasaítear feidhmeanna cigireachta na Comhairle Rialála. Ba cheart don Údarás Inniúil na gníomhaíochtaí rialála sin a tharmligean don Chomhlacht Rialaithe, i gcomhréir le hAirteagal 36 de Dhlí 2/2019 de chuid Asturias, an 1 Márta 2019, maidir le cáilíocht bhia, cáilíocht dhifreáilte agus díolacháin dhíreacha táirgí bia. Is iad a leanas na míreanna a ndéanann an t-iarratas ar leasú difear dóibh: an 1ú, an 4ú, an 5ú, an 8ú, an 13ú mír, an 14ú mír, an 15ú mír, an 16ú mír, an 17ú mír, an 18ú mír, an 19ú mír agus an 20ú mír.
Leasú ar an gcéad mhír:
Rinneadh an téacs seo a leanas:
“Chun fíorú gur thionscain an táirge sa limistéar agus go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos sa tsonraíocht táirge, déanfaidh Comhlacht Cigireachta de chuid na Comhairle Rialála cigireachtaí tráthrialta ar na déirithe cáise agus ar na soláthróirí bainne agus áiritheoidh siad inrianaitheacht.”
a leasú ionas go mbeidh sé mar a leanas:
“Chun fíorú gur thionscain an táirge sa limistéar agus go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos sa tsonraíocht táirge, déanfaidh Comhlacht Rialaithe de chuid na Comhairle Rialála cigireachtaí tráthrialta ar na déirithe cáise agus ar fheirmeoirí agus áiritheoidh siad inrianaitheacht.”
Cúis: leasú chun an córas a oiriúnú i bhfianaise cúraimí an Chomhlachta Rialaithe tarmligthe de bhun Chaighdeán UNE-EN ISO/IEC 17065 agus na cláir atá sainithe i reachtanna nua an Chomhlachta Bainistíochta le haghaidh STFC “Queso Casín” a formheasadh an 11 Lúnasa 2020. Ní bhíonn aon tionchar ag na leasuithe ar shaintréithe an táirge.
Leasú ar an gceathrú mír:
Rinneadh an téacs seo a leanas:
“Chun áirithiú go dtagann an bainne ón limistéar, cuireann an Chomhairle clár soláthróirí ar bun, lena n-áirítear feirmeoirí a sholáthraíonn bainne go díreach le déirithe cáise agus soláthróirí a oibríonn bealaí bailithe bunaithe ar chúrsa taistil. Taifeadtar na sonraí uile a bhaineann leis an mbealach bailithe gach lá, ag úsáid córais ríomhairithe, chun inrianaitheacht ón ngabháltas tionscnaimh chuig dílódáil sa déirí cáise (feirmeacha tionscnaimh, dáta agus am an bhailiúcháin, ceann scríbe an bhainne, dáta agus am an dhílódála).”
a leasú ionas go mbeidh sé mar a leanas:
“Chun áirithiú go dtagann an bainne ón limistéar, cuireann an Chomhairle clár soláthróirí ar bun.”
Cúis: leasú mar gheall ar an difreáil idir gníomhaíocht cigireachta agus féinfhaireachán agus chun an córas a leasú de réir tarmligin ról an Chomhlachta Rialaithe i gcomhréir le ceanglais Chaighdeán UNE-EN ISO/IEC 17065 agus na cláir a sainíodh i reachtanna nua an Chomhlachta Bainistíochta le haghaidh STFC “Queso Casín” arna faomhadh an 11 Lúnasa 2020. Ní bhíonn aon tionchar ag na leasuithe ar shaintréithe an táirge.
Leasú ar an gcúigiú mír:
Rinneadh an téacs seo a leanas:
“Fíoróidh an Chomhairle Rialála, trí chigireacht agus deimhniúchán, go bhfuil an bainne agus na cleachtais táirgthe a bhaineann leis chun deimhniú go bhfuil na caighdeáin i bhfeidhm.”
a leasú ionas go mbeidh sé mar a leanas:
“Fíoróidh an Comhlacht Rialaithe, trí chigireacht agus deimhniúchán, go bhfuil an bainne agus na cleachtais táirgthe a bhaineann leis chun deimhniú go bhfuil na caighdeáin i bhfeidhm.”
Cúis: leasú chun an córas a oiriúnú i bhfianaise cúraimí an Chomhlachta Rialaithe tarmligthe de bhun Chaighdeán UNE-EN ISO/IEC 17065. Ní bhíonn aon tionchar ag na leasuithe ar shaintréithe an táirge.
Leasú ar an séú mír:
Rinneadh an téacs seo a leanas:
“Na déirithe atá le húsáid chun na cáiseanna atá le cumhdach ag an gComhairle Rialála, agus na háitribh aibithe agus stórála, ní mór dóibh a bheith údaraithe ag an gComhairle Rialála agus a bheith liostaithe sa chlár chomhfhreagrach d’áitribh atá údaraithe chun na críche sin, tar éis dóibh na ceanglais agus na seiceálacha uile a leagtar síos sa doiciméad seo a chomhlíonadh.”
a leasú ionas go mbeidh sé mar a leanas:
“Na déirithe atá le húsáid chun na cáiseanna atá le cumhdach ag an SFTC, agus na háitribh aibithe agus stórála, ní mór dóibh a bheith liostaithe sa chlár chomhfhreagrach d’áitribh atá údaraithe chun na críche sin, tar éis dóibh na ceanglais agus na seiceálacha uile a leagtar síos sa doiciméad seo a chomhlíonadh.”
Cúis: leasú chun an córas a oiriúnú i bhfianaise cúraimí an Chomhlachta Rialaithe tarmligthe de bhun Chaighdeán UNE-EN ISO/IEC 17065. Ní bhíonn aon tionchar ag na leasuithe ar shaintréithe an táirge.
Leasú ar an ochtú mír:
Rinneadh an téacs seo a leanas:
“Mar cheanglas íosta, coinneoidh siad na taifid a leanas, agus déanfaidh Comhlacht Rialaithe na Comhairle Rialála seiceáil orthu.”
a leasú ionas go mbeidh sé mar a leanas:
“Mar cheanglas íosta, coimeádfaidh siad na taifid a leanas, agus déanfaidh an Comhlacht Rialaithe seiceáil orthu.”
Cúis: leasú chun an córas a oiriúnú i bhfianaise cúraimí an Chomhlachta Rialaithe tarmligthe de bhun Chaighdeán UNE-EN ISO/IEC 17065. Ní bhíonn aon tionchar ag na leasuithe ar shaintréithe an táirge.
Leasú ar an naoú mír:
Rinneadh an téacs seo a leanas:
“Clár na n-amhábhar: tá faisnéis sa chlár sin ar an tionscnamh, dáta agus na cainníochtaí a fuarthas. Tacóidh an doiciméadacht ábhartha leis na sonraí sin, agus i gcás an bhainne, déanfar iad a dheimhniú le sonraisc agus nótaí dílódála, agus beidh an fhaisnéis ó na sonraí sin comhsheasmhach leis na sonraí a leagtar amach i logaí turais na feithicle a bhailíonn agus a sheachadann an bainne.”
a leasú ionas go mbeidh sé mar a leanas:
“Clár na n-amhábhar: tá faisnéis sa chlár sin ar an tionscnamh, dáta agus na cainníochtaí a fuarthas. Tacóidh an doiciméadacht ábhartha leis na sonraí sin agus i gcás an bhainne, d’fhéadfaí sonraisc nó nótaí seachadta bainne a úsáid chuige sin.”
Cúis: moltar an t-athrú chun córas deimhniúcháin táirge a oiriúnú chun bheith i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge le haghaidh Shonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint “Queso Casín”, i gcomhréir le Caighdeán UNE-EN ISO/IEC 17065.
Leagtar amach an modh fíorúcháin ar bhealach róshonrach sa mhír a bhí ann roimhe seo, agus d’fhéadfadh sé sin nach mbeadh feidhm ag an córas seiceálacha. Ar choinníoll go n-áirithítear rialú inrianaitheachta, féadfaidh an Comhlacht Rialaithe seiceálacha a dhéanamh ar bhealaí éagsúla, bunaithe ar infhaighteacht na faisnéise.
Leasú ar an 13ú mír:
Rinneadh an téacs seo a leanas:
“Deimhneoidh an Bord Rialála, trína Chomhlacht Rialaithe, oiriúnacht na gcáiseanna atá cumhdaithe faoin STFC, nach bhfuil iontu ach na cáiseanna sin a chomhlíonann na ceanglais fhormheasta agus a leagtar síos sa tsonraíocht táirge.”
a leasú ionas go mbeidh sé mar a leanas:
“Fíoróidh an Comhlacht Rialaithe, oiriúnacht na gcáiseanna atá cumhdaithe faoin STFC, nach bhfuil iontu ach na cáiseanna sin a chomhlíonann na ceanglais fhormheasta agus a leagtar síos sa tsonraíocht táirge.”
Cúis: leasú mar gheall ar an difreáil idir gníomhaíocht cigireachta agus féinfhaireachán agus oiriúnú comhfhreagrach an chórais do na feidhmeanna a tarmligeadh mar chomhlacht cigireachta i gcomhréir le ceanglais Chaighdeán UNE-EN ISO/IEC 17065. Ní bhíonn aon tionchar ag na leasuithe ar shaintréithe an táirge.
Leasú ar an 14ú mír:
Rinneadh an téacs seo a leanas:
“Déanfaidh an Chomhairle Rialála faireachán agus áiritheoidh sí sainaithint agus bunáitíocht na dtáirgí trí lipéad tánaisteach uimhrithe a d’eisigh agus a d’fhormheas an Chomhairle a ghreamú díobh. Soláthróidh sí an méid is gá de lipéid thánaisteacha uimhrithe, ag brath ar líon na gcáiseanna a dheimhneofar.”
a leasú ionas go mbeidh sé mar a leanas:
“Fíoróidh an Comhlacht Rialaithe sainaithint agus bunáitíocht na dtáirgí trína sheiceáil gur greamaíodh lipéad tánaisteach uimhrithe a d’eisigh agus a d’fhormheas an Chomhairle Rialála den cháis. Soláthróidh an Chomhairle Rialála an méid is gá de lipéid thánaisteacha uimhrithe, ag brath ar líon na gcáiseanna incháilithe atá ag an oibreoir.”
Cúis: leasú mar gheall ar an difreáil idir gníomhaíocht cigireachta agus féinfhaireachán agus oiriúnú comhfhreagrach an chórais do na feidhmeanna a tarmligeadh mar chomhlacht cigireachta i gcomhréir le ceanglais Chaighdeán UNE-EN ISO/IEC 17065. Ní bhíonn aon tionchar ag na leasuithe ar shaintréithe an táirge.
Leasú ar an 15ú mír:
Rinneadh an téacs seo a leanas:
“Déanfaidh an Chomhairle Rialála cigireachtaí tráthrialta ar na feirmeacha agus na déirithe cáise chun fíorú go gcoinnítear na coinníollacha faoinar deonaíodh an deimhniúchán ar bun, agus dá bhrí sin chun úsáid leantach an tSonrúcháin Tionscnaimh faoi Chosaint ‘Queso Casín’ a dheonú. Tógfaidh sí samplaí d’amhábhair ag feirmeacha agus d’amhábhair agus de tháirgí ag déirithe cáise go tráthrialta.”
a leasú ionas go mbeidh sé mar a leanas:
“Déanfaidh an Comhlacht Rialaithe seiceálacha tráthrialta ar na feirmeacha agus na déirithe cáise chun fíorú go gcoinnítear na coinníollacha faoinar deonaíodh an deimhniúchán ar bun, agus dá bhrí sin chun úsáid leantach an tSonrúcháin Tionscnaimh faoi Chosaint ‘Queso Casín’ a dheonú. Tógfaidh sí samplaí d’amhábhair ag feirmeacha agus d’amhábhair agus de tháirgí cáilithe ag déirithe cáise go tráthrialta.”
Cúis: leasú chun an córas a oiriúnú i bhfianaise cúraimí an Chomhlachta Rialaithe tarmligthe de bhun Chaighdeán UNE-EN ISO/IEC 17065. Ní bhíonn aon tionchar ag na leasuithe ar shaintréithe an táirge.
Leasú ar an 16ú mír:
Rinneadh an téacs seo a leanas:
“Maidir le hoibreoirí a gcomhlíonann a dtáirgí na coinníollacha a leagtar síos, gheobhaidh siad deimhniú chomhlíontachta ón gComhairle Rialála ar a bhfuil síniú Uachtarán na Comhairle.”
a leasú ionas go mbeidh sé mar a leanas:
“Maidir le hoibreoirí a gcomhlíonann a dtáirgí na coinníollacha a leagtar síos, gheobhaidh siad deimhniú chomhlíontachta ón gComhlacht Rialaithe.”
Cúis: chun neamhchlaontacht an Chomhlachta Rialaithe a áirithiú feadh an phróisis chinnteoireachta, moltar go leasaítear an mhír a bhaineann le feidhmeanna Uachtarán na Comhairle, agus an Comhlacht Rialaithe a bheith, i gcomhréir le Caighdeán UNE-EN ISO/IEC 17065, freagrach as an duine a bheidh sa ról sin a cheapadh.
Scriosadh an tábla de sheiceálacha a dhéanann an Chomhairle Rialála agus an mhír a leanas:
“Léirítear sa tábla a leanas na seiceálacha atá le déanamh ag an gComhairle Rialála i ndáil leis na hoibreoirí éagsúla chun fíorú gur de thionscnamh an limistéir iad na cáiseanna atá le margú faoi STFC ‘Queso Casín’. Is cigireachtaí a bheidh sna seiceálacha sin agus déanfar seiceáil fhísiúil, cigireacht doiciméadachta agus sampláil chomhfhreagrach le linn na seiceálacha sin.”
Cúis: moltar an scrios chun córas deimhniúcháin táirge a oiriúnú chun bheith i gcomhréir leis an tSonraíocht Táirge le haghaidh Shonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint “Queso Casín”, i gcomhréir le Caighdeán UNE-EN ISO/IEC 17065.
Leasú ar an 18ú mír:
Rinneadh an téacs seo a leanas:
“Chun bheith in ann faireachán a dhéanamh ar na próisis táirgthe le haghaidh na gcáiseanna agus chun tionscnamh agus cáilíocht an táirge a chumhdaítear faoin STFC a chruthú, éilítear ar na hoibreoirí atá freagrach as na feirmeacha, déirithe cáise agus saoráidí aibithe agus stórála an fhianaise doiciméadachta is gá a chur i gcrích le haghaidh gach ceann de na ceanglais a leagtar amach sa doiciméad seo. Déanfaidh an Chomhairle Rialála seiceáil ar na doiciméid agus na taifid sin.”
a leasú ionas go mbeidh sé mar a leanas:
“Chun bheith in ann faireachán a dhéanamh ar na próisis táirgthe le haghaidh na gcáiseanna agus chun tionscnamh agus cáilíocht an táirge a chumhdaítear faoin STFC a chruthú, éilítear ar na hoibreoirí atá freagrach as na feirmeacha, déirithe cáise agus saoráidí aibithe agus stórála an fhianaise doiciméadachta is gá chun na taifid ina dtaispeántar comhlíontacht le gach ceann de na ceanglais a leagtar amach sa doiciméad seo a chur i gcrích. Déanfaidh an Comhlacht Rialaithe seiceáil ar na doiciméid agus na taifid sin.”
Cúis: leasú chun an córas a oiriúnú i bhfianaise cúraimí an Chomhlachta Rialaithe tarmligthe de bhun Chaighdeán UNE-EN ISO/IEC 17065. Ní bhíonn aon tionchar ag na leasuithe ar shaintréithe an táirge.
Leasú ar an 19ú mír:
Rinneadh an téacs seo a leanas:
“I gcomhréir leis na ceanglais réamhluaite, ní fhéadfar Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint ‘Queso Casín’ a úsáid ach le haghaidh na gcáiseanna a fhaightear ó bhainne a sholáthraíonn soláthróirí cláraithe agus a tháirgtear i ndéirithe cáise a liostaítear sa chlár atá i seilbh na Comhairle Rialála, i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar síos sa doiciméad seo.”
a leasú ionas go mbeidh sé mar a leanas:
“I gcomhréir leis na ceanglais réamhluaite, ní fhéadfar Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint ‘Queso Casín’ a úsáid ach le haghaidh na gcáiseanna a fhaightear ó bhainne a sholáthraíonn feirmeoirí cláraithe agus a tháirgtear i ndéirithe cáise a liostaítear sa chlár atá i seilbh na Comhairle Rialála, i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar síos sa doiciméad seo, agus a rinne an Comhlacht Rialaithe measúnú orthu agus a dheimhnigh iad i gcomhréir leis na seiceálacha bunaithe.”
Cúis: leasú chun an córas a oiriúnú i bhfianaise cúraimí an Chomhlachta Rialaithe tarmligthe de bhun Chaighdeán UNE-EN ISO/IEC 17065 agus na cláir atá sainithe i reachtanna nua an Chomhlachta Bainistíochta le haghaidh STFC “Queso Casín” a formheasadh an 11 Lúnasa 2020. Ní bhíonn aon tionchar ag na leasuithe ar shaintréithe an táirge.
Leasú ar an 20ú mír:
Rinneadh an téacs seo a leanas:
“Féadfaidh an Chomhairle Rialála neamhchomhlíontacht an táirge nó a theicnící táirgthe a bhrath ag céim ar bith”.
a leasú ionas go mbeidh sé mar a leanas:
“Féadfaidh an Comhlacht Rialaithe neamhchomhlíontacht an táirge nó a theicnící táirgthe a bhrath ag céim ar bith”.
Cúis: leasú chun an córas a oiriúnú i bhfianaise cúraimí an Chomhlachta Rialaithe tarmligthe de bhun Chaighdeán UNE-EN ISO/IEC 17065. Ní bhíonn aon tionchar ag na leasuithe ar shaintréithe an táirge.
5.4. An modh táirgthe
Baineann an leasú seo le roinn E den tsonraíocht táirge (“An Modh Táirgthe”); agus pointí 3.3 (“Beathú”), 3.4 (“Amhábhair”) agus 3.7 (“Rialacha sonracha a bhaineann le lipéadú”) den doiciméad aonair atá i bhfeidhm faoi láthair; agus pointí 3.3 (“Beatha agus amhábhair”) agus 3.6 (“Rialacha sonracha a bhaineann le lipéadú”) den mholadh le haghaidh an doiciméid aonair agus iad oiriúnaithe do struchtúr Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 (2) ón gCoimisiún ina gcumasctar pointí 3.3 agus 3.4, rud a chiallaíonn go ndéanfar difear d’uimhriú an doiciméid aonair ó phointe 3.3 ar aghaidh tar éis an dréacht a ghlacadh.
Leasú ar an gcéad phointe:
Rinneadh an téacs seo a leanas:
“Tionscnamh agus saintréithe an bhainne. Soláthróidh na soláthróirí atá liostaithe i gclár comhfhreagrach na Comhairle Rialála an bainne a úsáidtear chun na cáiseanna faoi chosaint a tháirgeadh.”
a leasú ionas go mbeidh sé mar a leanas:
“Tionscnamh agus saintréithe an bhainne: Soláthróidh na feirmeoirí atá liostaithe i gClár comhfhreagrach na Comhairle Rialála agus a dhéanann an Comhlacht Rialaithe measúnú air an bainne a úsáidtear chun na cáiseanna faoi chosaint a tháirgeadh.”
Cúis: leasú chun an córas a oiriúnú i bhfianaise cúraimí an Chomhlachta Rialaithe tarmligthe de bhun Chaighdeán UNE-EN ISO/IEC 17065 agus na cláir atá sainithe i reachtanna nua an Chomhlachta Bainistíochta le haghaidh STFC “Queso Casín” a formheasadh an 11 Lúnasa 2020. Ní bhíonn aon tionchar ag na leasuithe ar shaintréithe an táirge.
Leasú ar an dara mír:
Rinneadh an téacs seo a leanas:
“Beatha na mbó a tháirgeann an bainne. Tá an bheatha bunaithe go díreach ar acmhainní nádúrtha an limistéir, ó innilt ar fhéarach ó cheann go ceann na bliana, agus é sin comhlánaithe le féar tirim agus farae úr ó fheirm an táirgeora féin, agus glactar córas uainíochta chun na féaraigh a úsáid. Is feirmeacha beaga, teaghlaigh iad na feirmeacha sin le líon íseal beostoc agus cuireann siad an-bhéim ar fholláine an bheostoic, agus ní fhanann an beostoc sna stáblaí ach lena mbleán agus istoíche.
Is de thionscnamh an limistéir gheografaigh é a mbeatha dá bhrí sin. I gcásanna eisceachtúla ina bhfuil farae ón bhfeirm féin, mar gheall ar dhálaí drochaimsire, féadfar a gcoda a chomhlánú le cainníochtaí ísle de ghránaigh agus léagúim a táirgeadh go seachtrach.”
a leasú ionas go mbeidh sé mar a leanas:
“Beatha na mbó a tháirgeann an bainne: Tá an bheatha bunaithe go díreach ar acmhainní nádúrtha an limistéir, trí innilt atá comhlánaithe le farae, gránaigh agus léagúim úra agus leasaithe.”
Cúis: moltar go ndéanfar beathú an bheostoic a oiriúnú, mar phríomhfhachtóir i dtáirgeadh an táirge, i gcomhréir le hAirteagal 1(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 (3) ón gCoimisiún, lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ní dhéanann an leasú sin difear do shaintréithe fíor-riachtanacha ná do bharántúlacht an táirge a chumhdaítear faoin Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint.
Leasú ar an tríú pointe:
Rinneadh an téacs seo a leanas:
“Téachtadh bainne: Is próiseas einsímeach atá sa téachtadh, agus é spreagtha ag úsáid binid nó téachtach lao-bhunaithe chomh maith le hoibreáin choipthe agus clóiríd chailciam sa dáileog bheacht a éilítear chun an gruth a chruthú sa dabhach grutha. Déantar an próiseas ag teocht de 30-35 oC ar feadh 45 nóiméad a bheag nó a mhór, gearrtar an gruth le sceana grutha ansin. Ardaítear an teocht thart ar 2 oC agus, ag an am céanna, corraítear an gruth ar feadh 10 nóiméad ar a laghad go dtí go bhfuil na gránaigh ar méid collchnó. Fágtar iad chun suí ar feadh 10 nóiméad níos mó ar a laghad.”
a leasú ionas go mbeidh sé mar a leanas:
“Téachtadh bainne: Is próiseas einsímeach atá sa téachtadh, agus é spreagtha ag úsáid binid nó téachtach lao-bhunaithe chomh maith le hoibreáin choipthe agus, más mian leis an táirgeoir, clóiríd chailciam sa dáileog bheacht a éilítear chun an gruth a chruthú sa dabhach grutha. Déantar an próiseas ag teocht de 30-35 oC ar feadh 45 nóiméad a bheag nó a mhór, gearrtar an gruth le sceana grutha ansin. Ardaítear an teocht thart ar 2 oC agus, ag an am céanna, corraítear an gruth ar feadh 10 nóiméad ar a laghad go dtí go bhfuil na gránaigh ar méid collchnó. Fágtar iad chun suí ar feadh 10 nóiméad níos mó ar a laghad.”
Cúis: moltar an leasú sin mar gheall go bhfuil úsáid clóiríde cailciam roghnach. Ní dhéanann an leasú sin difear do shaintréithe fíor-riachtanacha ná do bharántúlacht an táirge a chumhdaítear faoin Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint.
Leasú ar an gceathrú pointe:
Rinneadh an téacs seo a leanas:
“Draenáil an ghrutha. Fágtar an gruth le draenáil ansin in éadaí nó i silteoirí (coimeádáin phlaisteacha a bhfuil poill iontu) ar feadh roinnt uaireanta chun ligean don séiream taoscadh. Leantar leis an bpróiseas sa seomra aerála, áit a bhfágtar an gruth ar éadaí ag teocht idir 15 oC agus 20 oC ar feadh 3 lá nó níos mó ná 3 lá. Castar iad gach lá go dtí go bhfuil an séiream uile draenáilte. Tarlaíonn an coipeadh lachtach le linn na tréimhse sin freisin.”
a leasú ionas go mbeidh sé mar a leanas:
“Draenáil an ghrutha: Fágtar an gruth le draenáil ansin in éadaí nó i silteoirí ar feadh roinnt uaireanta chun ligean don séiream taoscadh. Leantar leis an bpróiseas sa seomra aerála, áit a bhfágtar an gruth ar éadaí nó silteoirí, ag teocht idir 14 oC agus 20 oC ar feadh 3 lá nó níos mó ná 3 lá. Castar iad gach lá go dtí go bhfuil an séiream uile draenáilte. Tarlaíonn an coipeadh lachtach le linn na tréimhse sin freisin.”
Cúis: leasú mar gheall ar an athrú ar na hábhair agus an trealamh a úsáidtear faoi láthair le haghaidh draenála.
Rinneadh staidéar tacaíochta inar thángthas ar an gconclúid nach ndéantar difear do shaintréithe fisiciúla, ceimiceacha agus orgánaileipteacha an táirge i gcás ina dtáirgtear é faoi choinníollacha táirgthe éagsúla agus tugadh scóir os cionn 55 sna samplaí uile a rinneadh measúnú orthu (táirge oiriúnach).
Dá bhrí sin, níl na saintréithe fisiciúla, ceimiceacha agus orgánaileipteacha nasctha go díreach leis an éagsúlacht sna coinníollacha aibithe sa raon a rinneadh staidéar air, agus ní dhéanann an éagsúlacht sin difear dóibh.
Ní dhéanann an leasú sin difear do shaintréithe fíor-riachtanacha ná do bharántúlacht an táirge a chumhdaítear faoin Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint.
Leasú ar an gcúigiú pointe:
Rinneadh an téacs seo a leanas:
“Fuineadh. Tosaíonn an próiseas ina dhéantar an gruth a fhuineadh le meaisín ansin agus cuirtear cuid den salann leis. Chun aonfhoirmeacht níos fearr a bhaint amach, déantar an taos a fhuineadh roinnt uaireanta i meaisín ina bhfuil dhá rollóir mótarthiomáinte a chasann i dtreonna contrártha. Cuirtear salann léi le linn roinnt de na timthriallta fuinte. Déantar na cáiseanna a mhúnlú de láimh trí phirimid leis an mbarr bainte di a dhéanamh leis an ngruth (ar a dtugtar ‘gorollos’) agus stóráiltear iad i seomra aerála ansin ar feadh tréimhse a mhaireann idir 5 lá agus 2 sheachtain ag teocht idir 15 oC agus 20 oC. Castar na cáiseanna gach lá. Féadfar ‘gorollos’ a fhuineadh sa mheaisín a mhéid uaireanta is gá chun an uigeacht inmhianaithe a bhaint amach le haghaidh gach táirgeora.
Beidh an cháis níos míne agus níos aonfhoirmí de réir mar a dhéantar tuilleadh timthriallta fuinte uirthi, agus leasóidh sí ar bhealach níos fearr agus beidh blas níos láidre uirthi.
Múnlaítear an cháis ar deireadh chun sorcóir dioscóideach – nó cáca a dhéanamh di (baintear an dara cruth amach trí liathróid a dhéanamh ar dtús agus ansin gach aghaidh a chothromú go dtí go bhfuil an chuma inmhianaithe uirthi) agus déantar an aghaidh uachtaraigh a mharcáil le séala nó stampa ar a bhfuil lógó an táirgeora. Cuirtear an cháis ar ais sa seomra aeraithe ar feadh 2 lá ar a laghad. Ní hamháin go ndéanann stampa ‘marcu Casín’ an cháis a shainaithint amháin ach cuireann sé feabhas lena cuma agus tá sé le feiceáil ar aghaidh uachtarach iomlán na cáise.”
a leasú ionas go mbeidh sé mar a leanas:
“An táirge a fhuineadh: déantar an taos a fhuineadh roinnt uaireanta i meaisín fhuinte. Cuirtear salann léi le linn roinnt de na timthriallta fuinte. Déantar na cáiseanna a mhúnlú de láimh trí phirimid leis an mbarr bainte di a dhéanamh leis an ngruth (ar a dtugtar ‘gorollos’) agus stóráiltear iad i seomra aerála ansin ar feadh tréimhse a mhaireann idir 5 lá agus 2 sheachtain ag teocht idir 14 oC agus 20 oC. Féadfar ‘gorollos’ a fhuineadh sa mheaisín a mhéid uaireanta is gá chun an uigeacht inmhianaithe a bhaint amach le haghaidh gach táirgeora.
Beidh an cháis níos míne agus níos aonfhoirmí de réir mar a dhéantar tuilleadh timthriallta fuinte uirthi, agus leasóidh sí ar bhealach níos fearr agus beidh blas níos láidre uirthi.
Múnlaítear an cháis ar deireadh chun sorcóir dioscóideach – nó cáca a dhéanamh di de láimh agus déantar an aghaidh uachtaraigh a mharcáil le séala nó stampa ar a bhfuil lógó an táirgeora. Cuirtear an cháis ar ais sa seomra aeraithe ar feadh 1 lá ar a laghad. Ní hamháin go ndéanann stampa ‘marcu Casín’ an cháis a shainaithint amháin ach cuireann sé feabhas lena cuma agus tá sé le feiceáil ar aghaidh uachtarach iomlán na cáise.”
Cúis: leasú mar gheall ar an athrú ar an gcóras fuinte, an trealamh a úsáidtear, an teocht agus na tréimhsí aerála.
Rinneadh staidéar tacaíochta inar thángthas ar an gconclúid nach ndéantar difear do shaintréithe fisiciúla, ceimiceacha agus orgánaileipteacha an táirge i gcás ina dtáirgtear é faoi choinníollacha táirgthe éagsúla agus tugadh scóir os cionn 55 sna samplaí uile a rinneadh measúnú orthu (táirge oiriúnach).
Dá bhrí sin, níl na saintréithe fisiciúla, ceimiceacha agus orgánaileipteacha nasctha go díreach leis an éagsúlacht sna coinníollacha aibithe sa raon a rinneadh staidéar air, agus ní dhéanann an éagsúlacht sin difear dóibh.
Ní dhéanann an leasú sin difear do shaintréithe fíor-riachtanacha ná do bharántúlacht an táirge a chumhdaítear faoin Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint.
Leasú ar an séú pointe:
Rinneadh an téacs seo a leanas:
“Aibiú: Críochnaítear an próiseas leasaithe nó aibithe sa seomra aibiúcháin ag teocht idir 8 oC agus 10 oC ag taise de 80 %.
Tosaíonn an próiseas aibiúcháin tráth a tháirgtear an gruth agus ba cheart don phróiseas maireachtáil 2 mhí ar a laghad, ag tosú ag comhaireamh ón dáta ar a rinneadh é. Le linn na tréimhse sin, castar na cáiseanna agus glantar iad de réir mar is gá, ionas go bhforbróidh a saintréithe sonracha. Le linn an phróisis aibithe, tarlaíonn sraith athruithe fisiciúla agus ceimiceacha, agus tugann sé sin saintréithe orgánaileipteacha don cháis. Agus maidir leis an bpróiseas is tábhachtaí de na próisis sin, seachas caillteanas uisce trí ghalú, áirítear díghrádú na bpróitéiní go haimíonaigéid agus na saillí go substaintí so-ghalaithe, a dtabharfaidh an blas agus an boladh, faoi seach, don cháis.”
a leasú ionas go mbeidh sé mar a leanas:
“Aibiú: Críochnaítear an próiseas leasaithe nó aibithe sa seomra aibiúcháin ag teocht idir 6 oC agus 12 oC ag taise de 75-85 %.
Tosaíonn an próiseas aibiúcháin tráth a tháirgtear an gruth agus ba cheart don phróiseas maireachtáil 60 lá ar a laghad, ag tosú ag comhaireamh ón dáta ar a rinneadh é. Le linn na tréimhse sin, castar na cáiseanna agus glantar iad de réir mar is gá, ionas go bhforbróidh a saintréithe sonracha. Le linn an phróisis aibithe, tarlaíonn sraith athruithe fisiciúla agus ceimiceacha, agus tugann sé sin saintréithe orgánaileipteacha don cháis. Agus maidir leis an bpróiseas is tábhachtaí de na próisis sin, seachas caillteanas uisce trí ghalú, áirítear díghrádú na bpróitéiní go haimíonaigéid agus na saillí go substaintí so-ghalaithe, a dtabharfaidh an blas agus an boladh, faoi seach, don cháis.”
Cúis: Moltar go ndéanfar na coinníollacha a bhaineann leis an teocht agus an tréimhse aibiúcháin le haghaidh an ghrutha a leasú.
Rinneadh staidéar tacaíochta inar thángthas ar an gconclúid nach ndéantar difear do shaintréithe fisiciúla, ceimiceacha agus orgánaileipteacha an táirge i gcás ina dtáirgtear é faoi choinníollacha táirgthe éagsúla agus tugadh scóir os cionn 55 sna samplaí uile a rinneadh measúnú orthu (táirge oiriúnach).
Dá bhrí sin, níl na saintréithe fisiciúla, ceimiceacha agus orgánaileipteacha nasctha go díreach leis an éagsúlacht sna coinníollacha aibithe sa raon a rinneadh staidéar air, agus ní dhéanann an éagsúlacht sin difear dóibh.
Ní dhéanann an leasú sin difear do shaintréithe fíor-riachtanacha ná do bharántúlacht an táirge a chumhdaítear faoin Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint.
Scriosadh an seachtú pointe:
“Pacáistiú agus lipéadú: Cuirfear an lipéadú in oiriúint chun na rialacha ginearálta lena rialaítear lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht bia-earraí a chomhlíonadh an t-am ar fad.”
Cúis: leasú, mar gheall nach bhfuil aon riail éigeantach ann a bhaineann go sonrach leis an STFC. Ní bhíonn aon tionchar ag na leasuithe ar shaintréithe an táirge.
5.5. An nasc daonna
Baineann an leasú seo le roinn F (“Nasc leis an timpeallacht gheografach”). Nasc daonna sa tsonraíocht táirge.
Leasú ar mhír 4
Rinneadh an téacs seo a leanas:
“Ach os cionn gach ní eile, tá an nasc daonna intuigthe i gcroí an táirge seo, go háirithe maidir lena mhodh eisiach táirgthe. Faoi láthair, leanann táirge na cáise a bheith ceardaíocht amháin agus an-dian ó thaobh saothair, agus bíonn táirgeadh íseal mar thoradh air sin agus cuireann sé sin a marthanas i mbaol. Is é an príomhfhachtóir a chuir le caomhnú na cáise obair na mban a tháirg an cháis lena hitheadh sa teaghlach agus díograis an aoin tháirgeora a chuireann an táirge ar taispeáint agus a dhéanann margaíocht air ag aonaigh agus ag margaí le haghaidh táirgí traidisiúnta ar fud Asturias agus an chuid eile den Spáinn. Fachtóir tábhachtach eile ab ea comhar na ngrúpaí forbartha tuaithe áitiúla.”
a leasú ionas go mbeidh sé mar a leanas:
“Ach os cionn gach ní eile, tá an nasc daonna intuigthe i gcroí an táirge seo, go háirithe maidir lena mhodh eisiach táirgthe. Faoi láthair, leanann táirge na cáise a bheith ceardaíocht amháin agus an-dian ó thaobh saothair, agus bíonn táirgeadh íseal mar thoradh air sin agus cuireann sé sin a marthanas i mbaol. Is é an príomhfhachtóir a chuir le caomhnú na cáise obair na mban a tháirg an cháis lena hitheadh sa teaghlach agus díograis aon tháirgeoir amháin a bhí ar an aon duine, ar feadh tréimhse fada, a chuir an táirge ar taispeáint agus a rinne margaíocht air ag aonaigh agus ag margaí le haghaidh táirgí traidisiúnta ar fud Asturias agus an chuid eile den Spáinn. Fachtóir tábhachtach eile ab ea comhar na ngrúpaí forbartha tuaithe áitiúla.”
Cúis: moltar an leasú seo mar gheall go bhfuil trí dhéirí ann a tháirgeann an cháis faoi láthair. Níl aon tionchar ag an leasú ar shaintréithe an táirge.
5.6. Comhlacht rialaithe
Baineann an leasú seo le roinn G (“Seiceálacha ar chomhlíontacht leis an tsonraíocht táirge”) den tsonraíocht táirge.
An fhoclaíocht atá ann faoi láthair:
“Seiceálacha ar chomhlíontacht leis an tsonraíocht táirge.
Ainm: Ard-Stiúrthóireacht um Bheostoc agus Agraibhia Asturias
Seoladh: C/ Coronel Aranda, No 2 – 33005 – Oviedo – Asturias – An Spáinn
Uimhir theileafóin: +34 985105612. Fax +34 985105517
Déanfaidh an Chomhairle Rialála deimhniú, faireachán agus feidhmeanna rialaithe i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i gCaighdeán Eorpach UNE-EN 45011.
Beidh an Ard-Stiúrthóireacht um Bheostoc agus Agraibhia freagrach as na feidhmeanna sin ar bhonn idirthréimhseach go dtí go mbunaítear an Chomhairle Rialála.”
a leasú ionas go mbeidh sé mar a leanas:
“Is é an t-údarás inniúil le haghaidh rialaithe an Ard-Stiúrthóireacht de chuid Rialtas Asturias a bhfuil gnóthaí agraibhia mar chuid dá sainchúram.
Féadfar rialú a tharmligean d’eintiteas a ghníomhaíonn mar chomhlacht deimhniúcháin táirge agus atá creidiúnaithe faoi Chaighdeán UNE-EN ISO/IEC 17065, nó aon chaighdeán a bhféadfar a chur in ionad sin amach anseo.”
Cúis: moltar an leasú seo chun seoladh an Chomhlachta Rialaithe a thabhairt cothrom le dáta; chomh maith le hoiriúnú na Comhairle Rialála agus a Comhlachta Rialaithe ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia-earraí agus Dlí 2/2019 ó Asturias, an 1 Márta 2019, maidir le cáilíocht bhia, cáilíocht difreáilte agus díolachán díreach bia-earraí (Airteagal 36).
5.7. Lipéadú
Baineann an leasú seo le roinn H (“Lipéadú”) den tsonraíocht táirge; pointe 3.7 (“Rialacha sonracha a bhaineann le lipéadú”) den doiciméad aonair atá i bhfeidhm faoi láthair; agus pointe 3.6 (“Rialacha sonracha a bhaineann le lipéadú”) den mholadh le haghaidh an doiciméid aonair agus iad oiriúnaithe do struchtúr Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún ina gcumasctar pointí 3.3 agus 3.4, rud a chiallaíonn go ndéanfar difear d’uimhriú an doiciméid aonair ó phointe 3.3 ar aghaidh tar éis an struchtúr sin a oiriúnú.
Leasú ar mhír 1:
An fhoclaíocht atá ann faoi láthair:
Cáiseanna ag a bhfuil STFC “Queso Casín” atá beartaithe lena n-itheadh, ní mór dóibh – anuas ar na rialacha lipéadaithe a leagtar síos sa reachtaíocht a chomhlíonadh – a bheith sainaitheanta le lipéad tánaisteach uimhrithe, lena rathaítear aitheantas an táirgeora.
a leasú ionas go mbeidh sé mar a leanas:
Cáiseanna ag a bhfuil STFC “Queso Casín” atá beartaithe lena n-itheadh, ní mór dóibh a bheith sainaitheanta le lipéad tánaisteach uimhrithe, lena rathaítear aitheantas an táirgeora.
Cúis: leasú, mar gheall nach bhfuil aon riail éigeantach ann a bhaineann go sonrach leis an STFC. Ní bhíonn aon tionchar ag na leasuithe ar shaintréithe an táirge.
Leasú ar mhír 3.
An fhoclaíocht atá ann faoi láthair:
“Na trádmharcanna, suaitheantais, manaí fógraíochta nó aon chineál margaíochta eile a úsáidtear ar an táirge faoi chosaint, ní fhéadfar iad a úsáid, fiú ag na húinéirí féin, i margaíocht cáiseanna nach gcumhdaítear faoin STFC, ná ní fhéadfar iad a úsáid ar bhealach a bhféadfadh tomhaltóirí a chur amú.”
a leasú ionas go mbeidh sé mar a leanas:
“Ní mór na lipéid tráchtála, atá sonrach do gach déirí cáise, a chur faoi bhráid na Comhairle Rialála.”
Cúis: tá gá leis an leasú mar gheall ar an oiriúnú comhfhreagrach a rinneadh ar an reachtaíocht atá i bhfeidhm. Ní bhíonn aon tionchar ag na leasuithe ar shaintréithe an táirge.
5.8 Scriosadh na gceanglas reachtach náisiúnta
Scriosadh Roinn I. Ceanglais náisiúnta.
Aisghairtear na doiciméid a leanas:
|
— |
Dlí 25/1970, an 2 Nollaig 1970, maidir le fíonghoirt, fíon agus alcól. |
|
— |
Foraithne 835/1972, an 23 Márta 1972, lena leagtar síos rialacha maidir le Dlí 25/1970 a chur i bhfeidhm. |
|
— |
Dlí 24/2003, an 10 Iúil 2003, maidir le fíonghoirt agus fíon. |
|
— |
Ordú an 25 Eanáir 1994 lena sonraítear an chomhfhreagras idir reachtaíocht na Spáinne agus Rialachán (CE) Uimh. 2081/92 maidir le táscairí geografacha agus sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia-earraí. |
|
— |
Foraithne Ríoga 1414/2005, an 25 Samhain 2005, maidir leis an nós imeachta chun iarratas ar iontráil i gCláir an Comhphobail um Shonrúcháin Tionscnaimh faoi Chosaint agus um Thásca Geografacha faoi Chosaint agus seasamh ina choinne. |
Cúis: moltar go scriosfar Roinn I den tSonraíocht Táirge i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, agus mar gheall ar aisghairm na ndoiciméad dá dtagraítear.
DOICIMÉAD AONAIR
“Queso Casín”
Uimh. CE: PDO-ES-0178-AM01— 24.9.2021
STFC (X) TGFC ( )
1. Ainm nó ainmneacha [STFC nó TGFC]
“Queso Casín”
2. Ballstát nó tríú tír
|
|
An Spáinn |
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra
3.1. An cineál táirge
Aicme 1.3 – Cáiseanna
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Cáis aibí lánsaille, chrua nó leathchrua a dhéantar as lánbhainne, neamhphaistéartha na mba, trí bhíthin téachta einsímigh agus fuineadh an taos a thagann as.
‘I gcás ina ndéantar í a aibiú, tá na saintréithe seo a leanas ag an gcáis:
|
|
Saintréithe fisiciúla agus ceimiceacha:
|
|
|
Saintréithe fisiciúla agus orgánaileipteacha:
|
3.3. Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)
A) Beatha
Tá an bheatha na n-eallaí a tháirgeann an bainne a úsáidtear mar an amhábhar chun “Queso Casín” a tháirgeadh, tá an bheatha sin bunaithe go díreach ar acmhainní nádúrtha an limistéir, trí innilt atá comhlánaithe le farae, gránaigh agus léagúim úra agus leasaithe
B) Amhábhair
Bainne bó, ábhair choipthe lachtaigh, binid, salann, agus go roghnach clóiríd chailciam.
An bainne a úsáidtear chun na cáiseanna atá faoi chosaint a tháirgeadh, tagann sé ó bha sláintiúla ó phóir Asturiana de la Montaña o Casina, Asturiana de los Valles agus Frisona agus crosantaigh de na póir sin.
3.4. Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe
Tarlaíonn na próisis uile is gá chun “Queso Casín” a fháil, is iad sin, an bainne a tháirgeadh, an cháis a dhéanamh (téachtadh, draenáil agus fuineadh), aibiúchán agus pacáistiú na cáise, tarlaíonn siad uile sa limistéar geografach sainaitheanta, ina bhfuil bardais Caso, Sobrescopio agus Piloña.
3.5. Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Pacáistiú – Chun cáilíocht an táirge a chosaint, déantar é a phacáistiú ar an áitreabh ina ndéantar nó a n-aibítear í roimh a dáileadh mar gheall go bhfuil sí níos soghabhálaí d’éilliú agus athruithe ar a cuma sheachtrach mar gheall ar an gcraiceann mín, tanaí, ar éigean atá sé ann fiú atá uirthi.
Thairis sin, ar an gcúis chéanna, féadfar an cháis sin a ithe ina hiomláine, rud a chiallaíonn nach mór di a bheith réamhphacáistithe.
Is iad na hábhair a cheadaítear chun í a phacáistiú páipéar, cairtchlár, adhmad nó plaisteach, le haghaidh úsáide bia nó úsáidí eile atá ceadaithe ag an gComhairle Rialála.
3.6. Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Chomh maith le lipéad aonair gar táirgeora, beidh lipéad tánaisteach uimhrithe sonrach ar na cáiseanna faoi chosaint chun sainaitheantas an táirge a chosaint.
Ní mór na focail “Denominación de Origen Protegida‘Queso Casín’” a bheith sonraithe go soiléir ar lipéad na gcáiseanna atá faoi chosaint chomh maith leis an lógó a bheidh uathúil, agus ceithre rogha datha ann ina leith, le haghaidh gach oibreoir a mhargaíonn cáiseanna atá faoi chosaint an STFC. Atáirgtear iad thíos.
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Tá an limistéar sainithe geografach chun bainne a tháirgeadh agus cáis ag a bhfuil STFC “Queso Casín” a mhonarú, a aibiú agus a phacáistiú, lonnaithe i ndeisceart réigiún Asturias, sa chuid mheán-oirthir go beacht. Tá na bardais a leanas sa limistéar geografach: Caso, Sobrescobio agus Piloña.
5. Nasc leis an limistéar geografach
5.1. Cineál sonrach an limistéir gheografaigh
Tá an cháis sainiúil toisc go dtagann sí ón limistéar lárnach thoir i sléibhte Asturias, tírdhreach a bhfuil gleannta caola scoilte óna chéile le mullaigh leathana charraigeacha. Is mar gheall ar chineál sléibhtiúil an limistéir a bhfuil fánaí crochta le fáil ann den chuid is mó. Tagann na hairdí atá idir meán agus ard le chéile ar limistéar machaire íslithe lárnach, agus é mar chuid den log a ritheann anoir agus ag dul siar agus a fhreastalaíonn mar leaba abhann don Piloña. Tá an abhainn sin agus an Alto Nalón ar na dhá abhainn is mó sa limistéar.
Cé is moite de na hairdí sléibhe is airde, tá aeráid aigéanach sa limistéar sin, agus í measartha le báisteach éadrom a thiteann go seasmhach i gcaitheamh na bliana, agus athrú teirmeach measartha ann.
Tá sléibhte le fáil mórthimpeall an tírdhreacha sin de ghleannta nó abhantracha agus ciallaíonn sé go mbíonn neart ceo sheasmhaigh ann freisin. Laghdaíonn na próisis sin uile an méid solas gréine a fhaightear i rith na bliana.
Tá fásra na tuaithe sainiúil toisc go bhfuil neart móinéar ann le haghaidh féar tirim agus féaraigh, chomh maith le hachair mhóra coillte agus limistéir scrobarnaí agus lomáin charraigeacha ar na fánaí is crochta.
Tá na speicis is spéisiúla a chumhdaíonn na móinéir agus na féaraigh mar chuid d’fhinte na bhféar agus na léagúm.
Ba faoi na coinníollacha sin ar forbraíodh an teicníc chun “Queso Casín” a dhéanamh, mar fhreagairt ar an ngá atá le modh sábháilte agus marthanach leasaithe a aimsiú i limistéar ina bhfuil sé deacair an gruth a tháirgtear thráth a théachtann an bainne a thriomú mar gheall ar na teochtaí séimhe agus ardcheannas na laethanta fliucha agus scamallacha a chiallaíonn go bhfuil leibhéal ard taise atmaisféaraí ann.
Tháinig “fuineadh” chun cinn mar an ngnáthmhodh agus an t-aon mhodh chun na píosaí beaga de ghruth a fháisceadh le chéile chun aon phíosa amháin a dhéanamh díobh. Cruthaítear sonra níos tirime agus níos dlúithe i gcás ina ndéantar an próiseas sin arís agus féadfar táirge níos marthanaí a fháil ansin. Thairis sin, ceadaítear salann a chur leis an sonra ar bhealach aonfhoirmeach agus na miocrorgánaigh a tháinig chun cinn le linn an choipthe a scaipeadh go cothrom, dá bhrí sin ag éascú an aibithe is gá, agus thug na próisis sin uile saintréithe orgánaileipteacha atá sainiúil don táirge.
Rinneadh an fuineadh de lámh go dtí gur forbraíodh meicníocht shonrach chun é a dhéanamh, eadhon an meaisín fuinte nó an tábla fuinte ar cosúil go raibh sé mar oiriúnú ar uirlisí a d’úsáidtí go traidisiúnta chun arán a dhéanamh, agus meicníocht ar a dtugtar “bregadora” nó “bregadera” agus a d’úsáidtí ar bonn comhroinnte – “diis d’amasar” – ionas go mbeadh na hacmhainní ábhar tearc brabúsach agus go bhfeabhsófar an táirgeadh, cé go raibh neart oibre i gceist leis fós.
Bhí próiseáil grutha leathphróiseáilte (“gorollos”) agus cáiseanna ó tháirgeoirí éagsúla mar chuid den obair sin, agus níor mhór do na cáiseanna sin a bheith éagsúil óna chéile. Is ea an réiteach a thángthas air gach píosa a mharcáil lena stampa sainiúil féin ionas go mbeadh sé tapa agus éasca don úinéir a cháis féin a shainaithint. D’úsáidtí uirlis adhmaid shorcóireach nó fhearsaidchruthach ar a raibh siombail shimplí ar an mbun agus an mbarr di – ar a dtugtar “ochavau” – chun an gruth leathphróiseáilte a mharcáil, agus stampáiltí marc amháin ar gach sonra a tháirgtí. D’úsáidtí “marcu” nó “cuñu” chun na cáiseanna críochnaithe a mharcáil. Bhí an uirlis sin mar uirlis adhmaid ní ba mhó agus ní ba chastaí, ar a raibh éagsúlacht stampaí a bhí maisithe go mín chun an táirgeoir a chur in iúl. Sa lá atá inniu ann, is gnách go mbíonn ainm an táirgeora ar “marcu”.
Is dócha gur mar gheall ar an gcastacht a bhaineann leis, fanann an modh táirgthe sin – go háirithe an fuineadh – le bheith in úsáid don chineál cáise sin amháin. Is é an príomhfhachtóir a chuir le caomhnú na cáise obair na mban a tháirg an cháis lena hitheadh sa teaghlach agus díograis aon tháirgeoir amháin a bhí ar an aon duine, ar feadh tréimhse fada, a chuir an táirge ar taispeáint agus a rinne margaíocht air ag aonaigh agus ag margaí le haghaidh táirgí traidisiúnta ar fud Asturias agus an chuid eile den Spáinn. Fachtóir tábhachtach eile ab ea comhar na ngrúpaí forbartha tuaithe áitiúla.
5.2. Sainiúlacht an táirge
Is féidir “Queso Casín” a shainaithint go seachtrach leis an gcuma shonrach atá uirthi mar gheall ar an tséala le lógó féin gach táirgeora, agus í stampáilte le marcáil de dhísle (“marcu”) agus í ar aghaidh uachtarach iomlán gach cáise.
Tugadh tuairisc ar charachtar sainiúil na cáise sin: an cruth de shorcóir dioscóideach neamhrialta atá uirthi; an craiceann mín, beagnach dofheicthe atá uirthi agus an craiceann sin mar chuid de shonra dlúth leis an taobh istigh; a cabhail fhuinte; an blas agus dea-bholadh láidir agus marthanach atá uirthi a fhaigheann níos láidre gach uair a dhéantar an gruth a fhuineadh leis an meaisín fuinte; a comhdhéanamh a fhágann go bhfuil an cháis sin ar cheann de na cáiseanna is tirime agus is saibhre i bpróitéin de chuid na Spáinne (agus an domhain).
Tá an cháis sin go hiomlán éagsúil ó na cineálacha eile cáise a tháirgtear, lena n-áirítear na cáiseanna a tháirgtear i mbardais máguaird. Tá teorainn Caso le bardas Pongo sainithe le sraith de shliabhraonta, lena léirítear an deighilt idir an dá chineál cáise de chuid Asturias – “Casín” agus an cháis ó Los Beyos – agus baineann tábhacht ar leith leis sin anseo.
Soláthraítear fianaise doiciméadachta ar thábhacht “Queso Casín” le staidéar ar an stair.
In “En el país de los 100 quesos” [I dTír na 100 Cáis], Barcelona 2000, áitíonn Enric Canut “leis an mbealach ina dtáirgtear í agus na huirlisí garbha a úsáidtear, d’fhéadfadh ‘Queso Casín’ a bheith ar cheann de na cáiseanna is sine sa Spáinn”.
Téann cuntais scríofa ar an gcáis, ó dhaonraí sonracha a chónaigh sa limistéar, chomh siar leis an 14ú céad. “Máthairab Da Gontrodo, a ligeann mansos ó San Salvador de Sobrecastiello in 1328 ar feadh 7 mbliana ag praghas de 70 maravedís atá le híoc an chéad lá de gach Mí Mheán Fómhair, agus ‘cáiseanna fuinte’ atá le híoc gach [lá féile] San Martín i mí na Samhna.”
In 1341, idem., “agus cáiseanna atá fuinte go maith.”
Tá tagairtí don cháis sin i scríbhinní Jovellanos (an 18ú céad); in “Diccionario Geográfico de Madoz” [foclóir geografach Madoz], a foilsíodh ag tús an 19ú céad, agus in “Curso de Agricultura Elemental” [leabhar bunchúrsa talmhaíochta] le Dionisio Martín Ayuso, a foilsíodh ag deireadh an 19ú céad.
In “Asturias” le O. Bellmut agus Fermin Canella (Gijón, 1900), luaitear an cháis ó Caso a bheith ar cheann de na cáiseanna is cáiliúla a thrasnaigh teorainneacha Asturias. Ar an mbealach céanna, tá sí le feiceáil in “Los Elementos de Agricultura y Técnica Agrícola e Industrial”, F. Requejo agus M. Tortosa (Madrid, 1903).
Luaitear in “Comer en Asturias” [Ag Ithe in Asturias] (Maidrid, 1980) le Eduardo Méndez Riestra “Queso Casín” mar a bheith i measc na gcáiseanna a tháirgtear in Asturias, luaigh Carlos Mero González í freisin, i shaothar “Guía Práctica de los quesos de España” [Treoir Phraiticiúil ar Cháiseanna na Spáinne] (Maidrid, 1983) agus is amhlaidh an cás le Simone Ortega in “Tabla de quesos españoles” [Cáiseanna Boird na Spáinne] (Maidrid, 1983).
Maítear in “El Gran Libro de la Cocina Asturiana” [Leabhar Mór de Chócaireacht Asturias] leis an gceimiceoir agus scríbhneoir J. A. Fidalgo Sánchez (Gijón, 1986) go bhfuil cáis “Queso Casín” ar an gcáis is ionadaí do réigiún lárnach theas Asturias.
5.3. Nasc cúisíoch idir an limistéar geografach agus cáilíocht nó saintréithe an táirge (le haghaidh STFCanna):
Bhí an topagrafaíocht shléibhtiúil ar an bpríomhfhachtóir sa chinneadh gur cheart an farasbarr bainne a úsáid chun cáis a dhéanamh, mar chiallaigh na srianta a forchuireadh le droch-chumarsáid nach rabhthas in ann bainne a úsáid ach chun cáis agus im a tháirgeadh.
Ba mheascáin de na gnéithe nádúrtha uile a spreag táirgeadh na cáise sonraí sin. Ar thaobh amháin, tá tírdhreach de mhóinéir ísle agus féaraigh sléibhte le héagsúlacht iontach de flóra agus fásra, a bhfuil tionchar díreach acu ar réim bia na n-eallaí a tháirgeann an bainne agus a ligeann do shaothrú na n-acmhainní sin ag úsáid modhanna traidisiúnta.
Ar an taobh eile, tá an aeráid agus an bháisteach fhlúirseach, bhog atá scaipthe go cothrom ó cheann go ceann na bliana, an easpa sholas gréine agus na teochtaí measartha foirfe chun táirgeadh farae áitiúil a áirithiú agus chun na heallaí a choinneáil ar na féaraigh.
Tagann an bainne uile a úsáidtear chun “Queso Casín” a dhéanamh ó bha a bhíonn ag innilt go tráthrialta ar mhóinéir agus féaraigh an limistéar i gcaitheamh na bliana.
Feirmeoirí ó fadó a bhí ar chéad déantóirí na cáise sin agus d’fhorbair siad modh táirgthe faoi na srianta a bhí orthu mar gheall ar choinníollacha comhshaoil an limistéir d’fhonn an tréimhse a bhféadfaidís táirge meatach a choinneáil a fhadú, agus d’eascair cineál uathúil cáise as sin, agus saintréithe na cáise sin mar thoradh ar, agus deimhnithe ag, meascán de ghnéithe nádúrtha agus an modh táirgthe sonrach.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge
https://www.asturias.es/documents/217090/555882/Queso+Casin+pliego+definitivo+sin+control+%28pdf%29.pdf/c1953105-46f9-028e-5f6d-10a0f4b3bbb6?t=1632377515156
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.