ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 432

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
14 Samhain 2022


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

2022/C 432/01

Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

 

Cúirt Bhreithiúnais

2022/C 432/02

Cás C-597/20: Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 29 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék – an Ungáir) – Polskie Linie Lotnicze LOT SA v Budapest Főváros Kormányhivatala (Tarchur chun réamhrialú – Aeriompar – Rialachán (CE) Uimh 261/2004 – Airteagal 16 – Cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí – Tasc an chomhlachta náisiúnta atá freagrach as an Rialachán sin a fhorghníomhú – Reachtaíocht náisiúnta lena dtugtar an chumhacht don chomhlacht sin a ordú d’aeriompróir cúiteamh atá dlite do phaisinéir a íoc – Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagal 47 – An ceart leigheas a lorg os comhair binse)

2

2022/C 432/03

Cás C-633/20: Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 29 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof – an Ghearmáin) – Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände – Verbraucherzentrale Bundesverband e.V. v TC Medical Air Ambulance Agency GmbH (Tarchur chun réamhrialú – Ceart bunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar – Margadh aonair árachais – Treoir 2002/92/CE – Coincheap idirghabhálaí árachais – Gníomhaíocht idirghabháil árachais – Treoir (AE) 2016/97 – Gníomhaíocht dáileadh árachais – Raon feidhme na dTreoracha sin – Ballraíocht de ghrúpárachas – Cearta a shannadh faoin gconradh árachais – Sochair árachais i gcás tinnis nó timpiste thar lear – Íocaíocht déanta ag an mball ar an gcumhdach árachais a fhaightear – Cosaint do thomhaltóirí – Cóir chomhionann idir idirghabhálaithe árachais)

3

2022/C 432/04

Cás C-3/21: Breithiúnas na Cúirte (An Seachtú Dlísheomra) an 29 Meán Fómhair 2022 (Iarraidh ar réamhrialú ón Ard-Chúirt – Éire) – FS v Chief Appeals Officer, The Social Welfare Appeals Office, The Minister for Employment Affairs, The Minister for Social Protection (Tarchur chun réamhrialú – Slándáil shóisialta d’oibrithe imirceacha – Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 – Comhordú na gcóras slándála sóisialta – Sochair teaghlaigh – Íocaíocht chúlghabhálach – Tairbhí ag bogadh go Ballstát eile – Airteagal 81 – Coincheap iarratas – Airteagal 76(4) – Dualgas frithpháirteach faisnéise agus comhair – Neamhchomhlíonadh – Tréimhse theorann de dhá mhí dhéag – Prionsabal na héifeachtachta)

4

2022/C 432/05

Cás C-202/21 P: Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 29 Meán Fómhair 2022 – ABLV Bank AS, faoi leachtú v an Bord Réitigh Aonair (BRA), an Coimisiún Eorpach (Achomharc – Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta – Aontas baincéireachta – Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 – Sásra Réitigh Aonair le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe – Ciste Réitigh Aonair – Ranníocaíochtaí bliantúla – Institiúid creidmheasa a leachtú – Ranníocaíochtaí íoctha a aisíoc – Pro rata temporis)

5

2022/C 432/06

Cás C-235/21: Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 29 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Vrhovno sodišče – an tSlóvéin) – Raiffeisen Leasing, trgovina in leasing d.o.o. v Republika Slovenija (Tarchur chun réamhrialú – Comhchóras cánach breisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 203 – Comhaontú um dhíol agus aisléasú – Daoine faoi dhliteanas CBL a íoc – Féidearthacht déileáil le comhaontú conarthach scríofa mar sonrasc)

5

2022/C 432/07

Cás C-500/21 P: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 29 Meán Fómhair 2022 – Health Information Management (HIM) v an Coimisiún Eorpach (Achomharc – Clásal eadrána – Comhaontuithe deontais arna dtabhairt i gcrích faoin gClár Tacaíochta Beartais maidir le Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) – Tuarascáil iniúchta – Nótaí dochair arna n-eisiúint ag an gCoimisiún Eorpach chun suimeanna áirithe a aisghabháil – Caingean le haghaidh neamhniú – Imscrúdú arna dhéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) – Frithéileamh – Aisíoc iomlán na ndeontas lena mbaineann – Cearta na cosanta – Prionsabal an dea-riaracháin – Neamhchlaontacht – Prionsabal na comhréireachta – Oibleagáid cúiseanna a lua)

6

2022/C 432/08

Cás C-460/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (Cúirt Ghinearálta Bhúdaipeist, an Ungáir) an 11 Iúil 2022 — DIGI Távközlési és Szolgáltató Kft. v Nemzeti Média- és Hírközlési Hatóság

6

2022/C 432/09

Cás C-519/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) an 4 Lúnasa 2022 — MAX7 Design Kft. v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

7

2022/C 432/10

Cás C-536/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Landgericht Ravensburg (an Ghearmáin) a taisceadh an 10 Lúnasa 2022 – MW, CY v VR Bank Ravensburg-Weingarten eG

8

2022/C 432/11

Cás C-537/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) an 11 Lúnasa 2022 — Global Ink Trade Kft v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

9

2022/C 432/12

Cás C-538/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) an 11 Lúnasa 2022 — SB v Agrárminiszter

10

2022/C 432/13

Cás C-547/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Okresný súd Bratislava II (an tSlóvaic) a taisceadh an 17 Lúnasa 2022 – INGSTEEL spol. s. r. o. v Úrad pre verejné obstarávanie

11

2022/C 432/14

Cás C-566/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Nejvyšší soud (Poblacht na Seice) a taisceadh an 26 Lúnasa 2022 – Inkreal s. r. o. v Dúha reality s. r. o.

12

2022/C 432/15

Cás C-611/22 P: Achomharc arna thabhairt an 22 Meán Fómhair 2022 ag Illumina, Inc. i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 13 Iúil 2022 i gCás T-227/21, Illumina v an Coimisiún

13

2022/C 432/16

Cás C-620/22 P: Achomharc arna thabhairt an 27 Meán Fómhair 2022 ag RT France i gcoinne bhreithiúnais na Cúirte Ginearálta (an Mór-Dhlísheomra) a tugadh an 27 Iúil 2022 i gCás T-125/22 RT France v an Chomhairle

14

 

Chúirt Ghinearálta

2022/C 432/17

Cás T-604/18: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Google agus Alphabet v an Coimisiún (Google Android) (Iomaíocht – Mí-úsáid ceannasachta – Gléasanna móibíleacha cliste – Cinneadh go bhfuil Airteagal 102 CFAE agus Airteagal 54 de Chomhaontú LEE á sárú – Coincheapa an ardáin agus an mhargaidh iltaobhach (éiceachóras) – Córas oibriúcháin (Google Android) – Aipmhargadh (Play Store) – Feidhmchláir cuardaigh agus brabhsáilte (Google Search agus Chrome) – Comhaontaithe le monaróirí gléasanna agus le hoibreoirí líonraí móibíleacha – Sárú aonair agus leanúnach – Coincheapa an phlean fhoriomláin agus an iompair arna gcur chun feidhme mar chuid den sárú sin (cuacha earraí, íocaíochtaí eisiachais agus oibleagáidí frith-ilroinnte) – Éifeachtaí eisiacha – Cearta na cosanta – Dlínse gan teorainn)

16

2022/C 432/18

Cás T-597/19: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Helsingin kaupunki v an Coimisiún (Státchabhair – Busiompar – Iasacht trealaimh agus iasachtaí caipitil arna ndeonú ag cathair Heilsincí – Cinneadh lena ndearbhaítear nach luíonn an chabhair leis an margadh inmhéanach agus go bhfuil sé neamhdhleathach agus lena n-ordaítear í a aisghabháil – Cabhair atá ann cheana – Buntáiste – Cur i bhfeidhm thástáil an chreidiúnaí phríobháidigh i ngeilleagar margaidh – Stádas poiblí an fhéichiúnaí – Scéim cabhrach atá ann faoi láthair a chur san áireamh – Cur i bhfeidhm thástáil an infheisteora phríobháidigh i ngeilleagar margaidh – Leanúnachas eacnamaíoch – Cearta nós imeachta na bpáirtithe leasmhara – Airteagal 108(2) CFAE – Oibleagáid cúiseanna a lua – Prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais)

17

2022/C 432/19

Cás T-603/19: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 — Helsingin Bussiliikenne v an Coimisiún (Státchabhair – Iompar de bhus – Iasacht trealaimh agus iasachtaí oibriúcháin arna ndeonú ag Cathair Heilsincí – Cinneadh lena ndearbhaítear nach bhfuil an chabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus lena téarnamh a ordú – Leanúnachas eacnamaíoch – Cearta nós imeachta na bpáirtithe leasmhara – Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2015/1589 – Oibleagáid cúiseanna a lua)

18

2022/C 432/20

Cás T-744/19: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Methanol Holdings (Trinidad) v an Coimisiún (Dumpáil – Allmhairithe de mheascáin d’úiré agus níotráit amóiniam de thionscnamh na Rúise, Oileán na Tríonóide agus Tobága agus na Stáit Aontaithe – Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1688 – Airteagal 3(1) go (3) agus (5) go (8) de Rialachán (AE) 2016/1036 – Díolacháin trí chomhlachtaí gaolmhara – Comhdhéanamh an phraghais onnmhairiúcháin – Díobháil do thionscal an Aontais – Sladghearradh na bpraghsanna a ríomh – Nasc cúisíoch – Airteagal 9(4) de Rialachán 2016/1036 – Corrlach díobhála a ríomh – Díchuir díobhála)

19

2022/C 432/21

Cás T-865/19: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Nevinnomysskiy Azot agus NAK Azot v an Coimisiún (Dumpáil – Allmhairithe de mheascáin d’úiré agus níotráit amóiniam de thionscnamh na Rúise, Oileán na Tríonóide agus Tobága agus na Stáit Aontaithe – Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1688 – Dleacht frithdhumpála chinntitheach – Corrlach dumpála – Gnáthluach a ríomh – Coigeartuithe – Comhdhéanamh an phraghais onnmhairiúcháin – Comparáid chóir – Díobháil do thionscal an Aontais – Sladghearradh na bpraghsanna a ríomh – Díolacháin idir comhlachtaí – Nasc cúisíoch – Corrlach díobhála a ríomh – Díchuir díobhála – Riail na dleachta is lú – Úsáid na bhfíoras atá ar fáil)

19

2022/C 432/22

Cásanna Uamtha T-371/20 agus T-554/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Pollinis France v an Coimisiún (Rochtain ar dhoiciméid – Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 – Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha – Treoirdhoiciméad EFSA maidir leis an measúnú riosca ar tháirgí cosanta plandaí do bheacha – Seasaimh ar leith arna nglacadh ag na Ballstáit – Rochtain a dhiúltú – Airteagal 4(3) de Rialachán Uimh. 1049/2001 – Eisceacht maidir leis an bpróiseas cinnteoireachta a chosaint)

20

2022/C 432/23

Cás T-575/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – SŽ – Tovorni promet v an Coimisiún (Treoir 2014/25/AE – Nósanna imeachta soláthair sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus seirbhísí poist – Cinneadh Cur Chun Feidhme maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 34 de Threoir 2014/25 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiompair lasta iarnróid sa Slóivéin – Nochtadh díreach don iomaíocht – An margadh táirgí a shocrú – An margadh geografach a shocrú – An nochtadh díreach don iomaíocht a mheasúnú – Prionsabal an dea-riaracháin – Oibleagáid cúiseanna a lua)

21

2022/C 432/24

Cás T-775/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022– PB v an Coimisiún (Conarthaí seirbhíse poiblí – Seirbhísí cúnaimh theicniúil a sholáthar don Ard-Chomhairle Bhreithiúnach agus d’údaráis na hÚcráine – Neamhrialtachtaí maidir leis an nós imeachta um dhámhachtain – Méideanna a íocadh go míchuí a aisghabháil – Nóta dochair – Stiúrthóir na cuideachta – Bunús dlí – Dliteanas neamhchonarthach)

21

2022/C 432/25

Cás T-179/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – QN v an Coimisiún (Seirbhís Shibhialta – Oifigigh – Tuarascáil mheastóireachta – Nós imeachta um measúnú 2019 – Oibleagáid cúiseanna a lua – Earráid fhollasach measúnaithe – Dualgas cúraim i leith oifigigh – Dliteanas)

22

2022/C 432/26

Cásanna uamtha T-367/21 agus T-432/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 — Sushi&Food Factor v EUIPO (READY 4YOU) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh READY 4YOU – Dearbhfhorais le diúltú – Easpa saintréithe – Airteagal 7(1) (b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

23

2022/C 432/27

Cás T-416/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Itinerant Show Room v EUIPO – Save the Duck (ITINERANT) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ITINERANT – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe ag léiriú lacha ag canadh i gciorcal – Foras coibhneasta le diúltú – Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Cosúlacht – Cáil – Nasc – Dochar míchuí – Easpa cúis chuí – Airteagal 95(2) de Rialachán 2017/1001 – Airteagal 27(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 – Doiciméad curtha ar fáil don chéad uair os comhair an Bhoird Achomhairc – Do-ghlacthacht)

23

2022/C 432/28

Cás T-417/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Itinerant Show Room v EUIPO – Save the Duck (ITINERANT) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ITINERANT – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe ag léiriú lacha ag canadh i gciorcal – Foras coibhneasta le diúltú – Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Cosúlacht – Cáil – Nasc – Dochar míchuí – Easpa cúis chuí – Airteagal 95(2) de Rialachán 2017/1001 – Airteagal 27(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 – Doiciméad curtha ar fáil don chéad uair os comhair an Bhoird Achomhairc – Do-ghlacthacht)

24

2022/C 432/29

Cás T-423/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Gioioso v EUIPO – Maxi Di (MARE GIOIOSO di Sebastiano IMPORT EXPORT) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh MARE GIOIOSO di Sebastiano IMPORT EXPORT – Marc fíortha náisiúnta níos luaithe GIOIA DI MARE – Foras coibhneasta le diúltú – Riosca mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

25

2022/C 432/30

Cás T-498/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Lotion v EUIPO (BLACK IRISH) v EUIPO (Trádmharc de chuid AE – Iarratas ar an bhfocalmharc de chuid AE BLACK IRISH – Forais iomlána le diúltú – Gan saintréith ar leith – Tuairisciúlacht – Airteagal 7(1)(b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Cóir chomhionann – Oibleagáid cúiseanna a lua – Airteagal 94(1) de Rialachán 2017/1001)

25

2022/C 432/31

Cás T-607/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Blueroots Technology v EUIPO – Rezk-Salama agus Breitlauch (SKILLTREE STUDIOS) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh SKILLTREE STUDIOS – Dearbhfhorais le diúltú – In éagmais tuairiscíochta – Sainiúlacht – Airteagal 7(1)(b) agus (c) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [Airteagal 7(1)(b) agus (c) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 anois])

26

2022/C 432/32

Cás T-609/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Privatbrauerei Eichbaum v EUIPO – Anchor Brewing Company (STEAM) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí cúlghairme – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh STEAM – Fíorúsáid an mhairc – Cineál úsáide – An dara fomhír d’Airteagal 18(1)(a) agus Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Oibleagáid cúiseanna a lua – An ceart chun éisteacht a fháil – Airteagal 94(1) de Rialachán 2017/1001)

27

2022/C 432/33

Cás T-686/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Task Food v EUIPO – Foodtastic (ENERGY CAKE) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí cúlghairme – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ENERGY CAKE – Dearbhú neamhbhailíochta – Dearbhfhorais neamhbhailíochta – Cineál tuairisciúil – Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois) – Easpa leithleachais – Airteagal 7(1)(b) de Rialachán Uimh. 207/2009 (Airteagal 7(1)(b) de Rialachán 2017/2011 anois))

27

2022/C 432/34

Cás T-705/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Balaban v EUIPO (Stahlwerk) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh STAHLWERK – Dearbhfhorais le diúltú – Easpa leithleachais – Cineál tuairisciúil – Airteagal 7(1) (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1001)

28

2022/C 432/35

Cás T-706/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Balaban v EUIPO (Stahlwerkstatt) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Stahlwerkstatt – Dearbhfhorais le diúltú – Easpa leithleachais – Cineál tuairisciúil – Airteagal 7(1)(b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1001)

29

2022/C 432/36

Cás T-737/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Refractory Intellectual Property v EUIPO (e-tech) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh e-tech – Dearbhfhoras le diúltú – Easpa leithleachais – Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

29

2022/C 432/37

Cás T-795/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 — Protectoplus v EUIPO (Li-SAFE) (Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Li-SAFE – Dearbhfhorais le diúltú – Forais dhaingnithe le diúltú – Carachtar tuairisciúil – Airteagal 7(1) (c) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Easpa saincháilíochta – Airteagal 7(1) (b) de Rialachán 2017/1001 – Srian ar na hearraí a chumhdaítear leis an iarratas ar thrádmharc)

30

2022/C 432/38

Cás T-523/22: Caingean arna tabhairt an 18 Lúnasa 2022 – Sberbank Europe v an Chomhairle agus Páirtithe Eile

30

2022/C 432/39

Cás T-524/22: Caingean arna tabhairt an 19 Lúnasa 2022 – Sberbank Europe v an Chomhairle agus páirtithe eile

31

2022/C 432/40

Cás T-594/22: Caingean arna tabhairt an 23 Meán Fómhair 2022 – an Chipir v EUIPO – Kolios (HALLOUMAKI)

32

2022/C 432/41

Cás T-602/22: Caingean arna tabhairt an 27 Meán Fómhair 2022 — Veritas v an Coimisiún

33

2022/C 432/42

Cás T-604/22: Caingean arna tabhairt an 27 Meán Fómhair 2022 – Société du Tour de France v EUIPO – FitX (TOUR DE X)

34

2022/C 432/43

Cás T-607/22: Caingean arna tabhairt an 30 Meán Fómhair 2022 – Kozitsyn v an Chomhairle

35

2022/C 432/44

Cás T-612/22: Caingean arna tabhairt an 1 Deireadh Fómhair 2022 — Primicerj v an Coimisiún

36

2022/C 432/45

Cás T-615/22: Caingean arna tabhairt an 30 Meán Fómhair 2022 – an Chipir v EUIPO – Cemet (Halime)

38

2022/C 432/46

Cás T-457/19: Ordú na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Synthomer v an Coimisiún

39

2022/C 432/47

Cás T-712/19: Ordú na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Hikma Pharmaceuticals agus Hikma Pharmaceuticals International v an Coimisiún

39

2022/C 432/48

Cás T-718/19: Ordú na Cúirte Ginearálta 14 Meán Fómhair 2022 – The Weir Group agus páirtithe eile v an Coimisiún

39


GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/1


Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

(2022/C 432/01)

Foilseachán deiridh

IO C 424, 7.11.2022

Foilseacháin stairiúla

IO C 418, 31.10.2022

IO C 408, 24.10.2022

IO C 398, 17.10.2022

IO C 389, 10.10.2022

IO C 380, 3.10.2022

IO C 368, 26.9.2022

Is féidir teacht ar na téacsanna sin anseo:

EUR-Lex: http://eur-lex.europa.eu


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

Cúirt Bhreithiúnais

14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/2


Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 29 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék – an Ungáir) – Polskie Linie Lotnicze “LOT” SA v Budapest Főváros Kormányhivatala

(Cás C-597/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Aeriompar - Rialachán (CE) Uimh 261/2004 - Airteagal 16 - Cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí - Tasc an chomhlachta náisiúnta atá freagrach as an Rialachán sin a fhorghníomhú - Reachtaíocht náisiúnta lena dtugtar an chumhacht don chomhlacht sin a ordú d’aeriompróir cúiteamh atá dlite do phaisinéir a íoc - Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Airteagal 47 - An ceart leigheas a lorg os comhair binse)

(2022/C 432/02)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Polskie Linie Lotnicze “LOT” SA

Cosantóir: Budapest Főváros Kormányhivatala

An chúirt oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

tá sé de chumhacht ag na Ballstáit údarú a thabhairt don chomhlacht náisiúnta atá freagrach as an Rialachán sin a fhorghníomhú iallach a chur ar aeriompróir cúiteamh a íoc, de réir bhrí Airteagal 7 den Rialachán sin, atá dlite do phaisinéirí faoin Rialachán sin, i gcás ina mbeidh gearán aonair déanta ag paisinéir leis an gcomhlacht náisiúnta sin, ar choinníoll go bhféadfaidh an paisinéir sin agus an t-aeriompróir sin imeachtaí a thabhairt os comhair na gcúirteanna.


(1)  IO C 28, 25.01.2021


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/3


Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 29 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof – an Ghearmáin) – Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände – Verbraucherzentrale Bundesverband e.V. v TC Medical Air Ambulance Agency GmbH

(Cás C-633/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Ceart bunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar - Margadh aonair árachais - Treoir 2002/92/CE - Coincheap “idirghabhálaí árachais” - Gníomhaíocht “idirghabháil árachais” - Treoir (AE) 2016/97 - Gníomhaíocht “dáileadh árachais” - Raon feidhme na dTreoracha sin - Ballraíocht de ghrúpárachas - Cearta a shannadh faoin gconradh árachais - Sochair árachais i gcás tinnis nó timpiste thar lear - Íocaíocht déanta ag an mball ar an gcumhdach árachais a fhaightear - Cosaint do thomhaltóirí - Cóir chomhionann idir idirghabhálaithe árachais)

(2022/C 432/03)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände – Verbraucherzentrale Bundesverband e.V.

Cosantóir: TC Medical Air Ambulance Agency GmbH

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 2(3) agus (5) de Threoir 2002/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Nollaig 2002 maidir le hidirghabháil árachais, arna leasú le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014, chomh maith le hAirteagal 2(1)(1), (3), agus (8) di, de Threoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 20 Eanáir 2016, maidir le dáileadh árachais, arna leasú le Treoir (AE) 2018/411 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 14 Márta 2018,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cumhdaítear leis an gcoincheap “idirghabhálaí árachais”, agus leis an gcoincheap “dáileoir táirgí árachais”, mar sin, de réir bhrí na bhforálacha sin, duine dlítheanach arb é atá i gceist lena chuid gníomhaíochtaí ná tairiscint a dhéanamh dá chustaiméirí chun ballraíocht a ghlacadh, ar bhonn saorálach, i gcomaoin táille a fhaigheann sé uathu, i bpolasaí grúpárachais atá glactha aige roimh ré, ar ballraíocht í lena dtugtar an ceart dóibh chun sochair árachais, go háirithe i gcás tinnis nó timpiste thar lear.


(1)  IO C 62 an 22.02.2021


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/4


Breithiúnas na Cúirte (An Seachtú Dlísheomra) an 29 Meán Fómhair 2022 (Iarraidh ar réamhrialú ón Ard-Chúirt – Éire) – FS v Chief Appeals Officer, The Social Welfare Appeals Office, The Minister for Employment Affairs, The Minister for Social Protection

(Cás C-3/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Slándáil shóisialta d’oibrithe imirceacha - Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 - Comhordú na gcóras slándála sóisialta - Sochair teaghlaigh - Íocaíocht chúlghabhálach - Tairbhí ag bogadh go Ballstát eile - Airteagal 81 - Coincheap “iarratas” - Airteagal 76(4) - Dualgas frithpháirteach faisnéise agus comhair - Neamhchomhlíonadh - Tréimhse theorann de dhá mhí dhéag - Prionsabal na héifeachtachta)

(2022/C 432/04)

Teanga an cháis: an Béarla

An chúirt a rinne an tarchur

An Ard-Chúirt

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: FS

Cosantóirí: Chief Appeals Officer, The Social Welfare Appeals Office, The Minister for Employment Affairs, The Minister for Social Protection

An chuid oibríochtúil

1)

Ní mór Airteagal 81 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta,

a léirmhíniú sa chaoi:

go gcumhdaítear leis an gcoincheap “iarratas”, de réir bhrí an Airteagail sin, an t-iarratas amháin, arna thaisceadh ag duine a d’fheidhmigh a cheart chun saorghluaiseachta, in údaráis Ballstáit nach bhfuil inniúil de bhun na rialacha easaontachta dá bhforáiltear leis an Rialachán sin. Dá bhrí sin, ní chumhdaítear leis an gcoincheap sin an chéad iarratas arna thaisceadh de bhun reachtaíocht Bhallstáit ag duine nár fheidhmigh a cheart chun saorghluaiseachta, ná an íocaíocht thréimhsiúil, arna déanamh ag údaráis an Bhallstáit sin, de shochair atá dlite, tráth na híocaíochta sin, ag Ballstát eile.

2)

nach gcoisctear le dlí an Aontais, agus go sonrach le prionsabal na héifeachtachta, cur i bhfeidhm rialacha náisiúnta lena gcuirtear éifeacht chúlghabhálach d’iarratas ar liúntais teaghlaigh faoi réir tréimhse theorann de dhá mhí dhéag, toisc nach ndéantar feidhmiú na gceart a bhronntar le Rialachán Uimh. 883/2004 dodhéanta nó ródheacair sa chleachtas, do na hoibrithe imirceacha.


(1)  IO C 138, 19.04.2021


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/5


Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 29 Meán Fómhair 2022 – ABLV Bank AS, faoi leachtú v an Bord Réitigh Aonair (BRA), an Coimisiún Eorpach

(Cás C-202/21 P) (1)

(Achomharc - Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta - Aontas baincéireachta - Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 - Sásra Réitigh Aonair le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe - Ciste Réitigh Aonair - Ranníocaíochtaí bliantúla - Institiúid creidmheasa a leachtú - Ranníocaíochtaí íoctha a aisíoc - Pro rata temporis)

(2022/C 432/05)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: ABLV Bank AS, faoi leachtú (ionadaí: O. Behrends, Rechtsanwalt)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Bord Réitigh Aonair (BRA) (ionadaithe: C.J. Flynn agus J. Kerlin, Gníomhairí, le cúnamh ó S. Ianc, T. Klupsch, B. Meyring agus S. Schelo, Rechtsanwälte), an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Nijenhuis, A. Steiblytė agus D. Triantafyllou, Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1)

Díbhtear don achomharc.

2)

Ordaítear do ABLV Bank AS, faoi leachtú, chomh maith lena chostais féin, na costais arna dtabhú ag an mBord Réitigh Aonair (BRA) agus ag an gCoimisiún Eorpach a íoc


(1)  IO C 217, 7.06.2021


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/5


Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 29 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Vrhovno sodišče – an tSlóvéin) – Raiffeisen Leasing, trgovina in leasing d.o.o. v Republika Slovenija

(Cás C-235/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhchóras cánach breisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Airteagal 203 - Comhaontú um dhíol agus aisléasú - Daoine faoi dhliteanas CBL a íoc - Féidearthacht déileáil le comhaontú conarthach scríofa mar sonrasc)

(2022/C 432/06)

Teanga an cháis: an tSlóivéinis

An chúirt a rinne an tarchur

Vrhovno sodišče

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Raiffeisen Leasing, trgovina in leasing d.o.o.

Cosantóir: Republika Slovenija

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 203 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

féadfar a mheas gur sonrasc, de réir bhrí na forála sin, é comhaontú conarthach um dhíol agus aisléasú, a tugadh i gcrích gan sonrasc arna eisiúint ag na páirtithe ina dhiaidh sin, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis go léir is gá sa chonradh sin chun go mbeadh údaráis chánach Ballstáit in ann a chruthú an gcomhlíontar na coinníollacha substainteacha maidir leis an gceart chun cáin bhreisluacha a asbhaint sa chás, agus is faoin gcúirt a rinne an tarchur é sin a bhunú.


(1)  IO C 217, 7.06.2021


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/6


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 29 Meán Fómhair 2022 – Health Information Management (HIM) v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-500/21 P) (1)

(Achomharc - Clásal eadrána - Comhaontuithe deontais arna dtabhairt i gcrích faoin gClár Tacaíochta Beartais maidir le Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) - Tuarascáil iniúchta - Nótaí dochair arna n-eisiúint ag an gCoimisiún Eorpach chun suimeanna áirithe a aisghabháil - Caingean le haghaidh neamhniú – Imscrúdú arna dhéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) - Frithéileamh - Aisíoc iomlán na ndeontas lena mbaineann - Cearta na cosanta - Prionsabal an dea-riaracháin - Neamhchlaontacht - Prionsabal na comhréireachta - Oibleagáid cúiseanna a lua)

(2022/C 432/07)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: Health Information Management (HIM) (ionadaí: P. Zeegers, avocat)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiúin Eorpach (ionadaí: J. Estrada de Solà agus M. Ilkova, Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don achomharc.

2.

Ordaítear do Health Information Management (HIM) a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc.


(1)  OJ C 391, 27.09.2021


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/6


Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (Cúirt Ghinearálta Bhúdaipeist, an Ungáir) an 11 Iúil 2022 — DIGI Távközlési és Szolgáltató Kft. v Nemzeti Média- és Hírközlési Hatóság

(Cás C-460/22)

(2022/C 432/08)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Digi Távközlési és Szolgáltató Kft.

Cosantóir: Nemzeti Média- és Hírközlési Hatóság

An cheist a tharchuirtear

Ar chóir gnóthas a soláthraíonn seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar an margadh atá i gceist, ach nach raibh rannpháirteach i nós imeachta tairisceana áirithe (“nós imeachta tairisceana”) toisc nár chomhlíon sé na coinníollacha rannpháirtíochta arna leagan síos sna sonraíochtaí ina raibh na rialacha mionsonraithe i leith an nós imeachta tairisceana (“sonraíochtaí”), agus dá bhrí sin, nach bhfuil aon fhoráil i gcinneadh an údaráis rialála náisiúnta lena leagtar síos toradh an nós imeachta tairisceana maidir le gnóthas den sórt sin, a mheas mar ghnóthas a bhfuil tionchar ag cinneadh ón údarás rialála náisiúnta air chun críocha Airteagal 4(1) de Threoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le comhchreat rialála i gcomhair líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Creat-treoir), (1) agus mar ghnóthas ar féidir leis, dá bhrí sin, an ceart chun leighis éifeachtaigh a aithnítear in Airteagal 47 de [Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh] a fheidhmiú i gcoinne an chinnidh sin?


(1)  IO 2002 L 108, lch. 33.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/7


Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) an 4 Lúnasa 2022 — MAX7 Design Kft. v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

(Cás C-519/22)

(2022/C 432/09)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: MAX7 Design Kft.

Cosantóir: Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

I bhfianaise Airteagal 273 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, (1) agus prionsabal na comhréireachta faoi Airteagal 52(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, an bhfuil reachtaíocht Ballstáit faoinar féidir uimhir aitheantais cánach nó uimhir aitheantais cánach breisluacha cuideachta a chúlghairm mar gheall ar mhainneachtain ráthaíocht na híocaíochta ar chánacha arna bhforchur ar an gcuideachta sin a thaisceadh, i gcomhréir leis an tsaoirse chun gnó a sheoladh a leagtar síos in Airteagal 16 den Chairt, fiú i gcás nach mbeadh comhpháirtithe na cuideachta feasach go díreach gur forchuireadh an ráthaíocht sin ar an gcuideachta ná gurb é an chúis le ráthaíocht na híocaíochta ar chánacha a fhorchur ar an gcuideachta ná ballraíocht, faoi láthair nó san am a chuaigh thart, ceann dá stiúrthóirí de dhuine dlítheanach eile a bhfuil fiachas cánach gan íoc aige, nó a stádas, faoi láthair nó san am a chuaigh thart, mar stiúrthóir ar an duine dlítheanach sin?

2)

I bhfianaise phrionsabal an riachtanais faoi Airteagal 273 den Treoir maidir le CBL agus prionsabal na comhréireachta faoi Airteagal 52(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, an bhfuil reachtaíocht de chuid Ballstáit faoinar féidir uimhir aitheantais cánach nó uimhir aitheantais cánach breisluacha cuideachta a chúlghairm mar gheall ar mhainneachtain ráthaíocht na híocaíochta ar chánacha arna bhforchur ar an gcuideachta a thaisceadh, i gcomhréir leis an tsaoirse chun gnó a sheoladh a leagtar síos in Airteagal 16 den Chairt agus an ceart chun achomhairc faoi Airteagal 47 den Chairt, fiú i gcás nach gceadaítear, leis an íostréimhse chun cruinniú de chomhlacht cinnteoireachta na cuideachta sin a thionól go cuí, arna leagan síos le forálacha ginearálta reachtaíocht an Bhallstáit sin, don chomhlacht sin an t-oifigeach feidhmiúchán ba chúis le ráthaíocht den sórt sin a bheith forchurtha a dhífhostú, agus go mbainfí an bac dá réir laistigh de thréimhse ama ina rachadh an ceanglas chun an ráthaíocht a sholáthar as feidhm, agus sa chaoi sin go seachnófaí cúlghairm na huimhreach aitheantais chánach, sula mbeadh cinneadh an údaráis cánach chun an ráthaíocht sin a fhorchur tar éis éirí críochnaitheach?

3)

An bhfuil reachtaíocht de chuid Ballstáit lena bhforáiltear i dtéarmaí sainordaitheacha, agus gan aon chorrlach lánroghnach a fhágáil do chomhlachtaí atá freagrach an dlí a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis an tsaoirse chun gnó a sheoladh a leagtar síos in Airteagal 16 den Chairt, leis na teorainneacha atá riachtanach dá bhforáiltear in Airteagal 273 den Treoir maidir le CBL agus atá comhréireach i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt agus leis an gceart chun achomhairc faoi Airteagal 47 den Chairt:

a)

nach bhfuil aon tionchar ag baint an bhaic, ag an gcuideachta, mar cháiníocóir, ba chúis le ráthaíocht den sórt sin a bheith forchurtha, tar éis don chinneadh chun ráthaíocht den sórt sin a fhorchur éirí críochnaitheach, ar an gceanglas chun ráthaíocht na híocaíochta ar chánacha a sholáthar agus, dá bhrí sin, ar indéantacht na huimhreach aitheantais chánach a chúlghairm, fiú dá mba rud é gur baineadh an bac sin tar éis don chinneadh lena bhforchuirtear an ráthaíocht éirí críochnaitheach ach laistigh den teorainn ama fhorordaithe chun an ráthaíocht sin a thaisceadh?

b)

i gcás nár taisceadh ráthaíocht na híocaíochta ar chánacha, nach féidir leis an gcuideachta, mar cháiníocóir, iarmhairtí dlíthiúla chúlghairm a huimhreach aitheantais chánach a leigheas tar éis don teorainn ama fhorordaithe chun an ráthaíocht sin a thaisceadh dul in éag, fiú dá mba rud é gur bhain sí an bac a bhí mar chúis le ráthaíocht den sórt sin a fhorchur tar éis don chinneadh lenar forchuireadh í éirí críochnaitheach ach laistigh den teorainn ama fhorordaithe chun an ráthaíocht sin a thaisceadh?


(1)  IO 2006 L 347, lch. 1.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/8


Iarraidh ar réamhrialú ón Landgericht Ravensburg (an Ghearmáin) a taisceadh an 10 Lúnasa 2022 – MW, CY v VR Bank Ravensburg-Weingarten eG

(Cás C-536/22)

(2022/C 432/10)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Ravensburg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir(í): MW, CY

Cosantóir: VR Bank Ravensburg-Weingarten eG

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.

An gá an coincheap “cúiteamh atá cóir agus oibiachtúil … as costais a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann go díreach leis an aisíocaíocht luath” in Airteagal 25(3) de Threoir 2014/17/AE (1) a léiriú ar chaoi a chiallaíonn go gcumhdaíonn an cúiteamh caillteanas brabúis an chreidiúnaí freisin, go háirithe caillteanas íocaíochtaí úis sa todhchaí mar thoradh ar an aisíocaíocht luath?

2.

Má fhreagraítear Ceist 1 go dearfach:

An bhfuil treoirlínte i ndlí AE, go sonrach in Airteagal 25(3) de Threoir 2014/17/AE, chun an t-ioncam a fhaigheann an creidiúnaí as infheistiú iasacht tomhaltóra a bhaineann le maoin dhochorraithe a aisíocadh go luath a ríomh – ioncam atá le bheith curtha san áireamh i gcomhthéacs caillteanas brabúis – agus má tá, céard iad na treoirlínte sin?

Go háirithe:

(a)

An gá na rialacha náisiúnta don ríomh sin a nascadh leis an mbealach a bhaineann an creidiúnaí úsáid iarbhír as an méid a aisíocadh go luath?

(b)

An bhféadfaí a cheadú, le riail náisiúnta, don chreidiúnaí an cúiteamh as aisíocaíocht luath a ríomh ar bhonn athinfheistíochta barúlaí in urrúis shábháilte an mhargaidh caipitil ag a bhfuil aibíochtaí a chomhfhreagraíonn do théarma an chomhaontaithe creidmheasa (“modh sócmhainne/dliteanais”)?

3.

An gcumhdaítear freisin le raon feidhme Airteagal 25 de Threoir 2014/17/AE an cás ina ndéanann an tomhaltóir foirceannadh ar dtús ar chomhaontú creidmheasa tomhaltóra a bhaineann le maoin dhochorraithe ar bhonn cirt foirceanta dá bhforáiltear ag an reachtas náisiúnta sula n-aisíocann sé an iasacht chuig an gcreidiúnaí go luath?


(1)  Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 2010 (IO 2014 L 60, lch. 34).


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/9


Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) an 11 Lúnasa 2022 — Global Ink Trade Kft v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

(Cás C-537/22)

(2022/C 432/11)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Global Ink Trade Kft.

Cosantóir: Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An sáraítear prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais agus an ceart chun leighis éifeachtaigh a áirithítear in Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh má dhéanann cúirt Ballstáit, a rialaíonn ag an gcéim deiridh, léirmhíniú ar chinneadh ón gCúirt Bhreithiúnais (arna ghlacadh i bhfoirm ordú mar fhreagra ar iarraidh ar réamhrialú a bhaineann, go sonrach, leis an gcásdlí arna fhorbairt ag an gcúirt chéanna sin a rialaíonn ag an gcéim deiridh) sa chaoi nach bhfuil aon eilimint nua ann a mbeadh sé d’éifeacht aici nó a d’fhéadfadh sé a bheith d’éifeacht aici go ndéantar cinntí roimhe sin ón gCúirt Bhreithiúnais a chúlghairm nó go n-athraítear an cásdlí náisiúnta arna fhorbairt roimhe sin ag an gcúirt a rialaíonn ag an gcéim deiridh?

2)

An gcaithfear prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais agus an ceart chun leighis éifeachtaigh a áirithítear in Airteagal 47 den Chairt a léirmhíniú sa chaoi go bhfuil feidhm ag prionsabal thosaíocht chinntí na Cúirte Breithiúnais fiú i gcás go n-agraíonn cúirt Ballstáit a rialaíonn ag an gcéim deiridh breitheanna roimhe sin ón gCúirt Bhreithiúnas freisin mar fhasach? An bhféadfar freagra difriúil a thabhairt i bhfianaise Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais nuair is i bhfoirm ordú atá cinneadh na Cúirte Breithiúnais?

3)

Faoi chuimsiú oibleagáid ghinearálta an cháiníocóra chun grinnscrúdú a dhéanamh, gan beann ar chur i gcrích agus cineál an idirbhirt eacnamaíoch a léirítear ar na sonraisc atá i gceist, agus ag féachaint d’Airteagail 167, 168(a) agus 178(a) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, (1) agus do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus do phrionsabal na neodrachta fioscaí, an bhféadfar a chur de cheangal ar an gcáiníocóir, mar choinníoll chun tairbhe a bhaint as an gceart chun CBL a asbhaint — d’ainneoin gurb ann d’fhoráil reachtach chuige sin sa Bhallstát —, fanacht i dteagmháil i bpearsa le heisitheoir an tsonraisc nó dul i dteagmháil lena sholáthróir leis an seoladh ríomhphost a cuireadh in iúl ar bhealach oifigiúil amháin? An bhféadfar a mheas go nochtar leis na cúinsí sin mainneachtain, a léirítear le fíorais oibiachtúla, an dícheall cuí a mbeifí ag coinne leis ón gcáiníocóir, ag féachaint don fhíoras nach raibh na cúinsí sin ann nuair a rinne an cáiníocóir na seiceálacha ábhartha sular chuir sé tús leis an gcaidreamh gnó, ach go bhfuil na cúinsí sin ina dtréithe den chaidreamh gnó atá ann cheana féin idir na páirtithe?

4)

An bhfuil léirmhíniú dlíthiúil agus cleachtas arna bhforbairt i mBallstát, ar dá réir go ndiúltaítear do cháiníocóir atá sonrasc acu i gcomhréir leis an Treoir maidir le CBL tairbhe a bhaint as an gceart chun CBL a asbhaint ar an bhforas nár ghníomhaigh sé le dícheall cuí le linn trádála toisc nár léirigh sé iompar lena bhféadfaí a chinneadh nach raibh a ghníomhaíocht teoranta do shonraisc a fháil a chomhlíonann na coinníollacha foirmiúla arna leagan síos, i gcomhréir leis na hAirteagail den Treoir maidir le CBL arna lua cheana agus le prionsabal na neodrachta fioscaí, ach thar aon rud eile, le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, lena gcuirtear, agus na forálacha sin á léirmhíniú, an dualgas cruthúnais ar an údarás cánach, fiú i gcás gur chuir an cáiníocóir na doiciméid go léir a bhaineann leis na hidirbhearta atá i gceist i gceangal leis agus gur dhiúltaigh an t-údarás cánach do thairiscintí eile chun fianaise arna soláthar ag an gcáiníocóir le linn na n-imeachtaí cánach?

5)

I bhfianaise na n-Airteagal den Treoir maidir le CBL arna lua cheana agus bunphrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, an bhféadfaidh an cinneadh, arna ghlacadh i dtaca leis an dícheall cuí, nach raibh gníomhaíocht eacnamaíoch ar bith ar bun ag eisitheoir an tsonraisc, a mheas mar bheith ina fhíoras oibiachtúil, i gcás go measann an t-údarás cánach nár léiríodh cur i gcrích iarbhír (agus, dá bharr, fíor-láithreacht) idirbhirt eacnamaíoch — a bhí doiciméadaithe le sonraisc, conarthaí agus doiciméadacht cuntasaíochta tacaíochta eile, agus le comhfhreagras, agus a bhí cinntithe le ráitis ón ngnóthas stórasaithe agus ó stiúrthóir agus fostaí an cháiníocóra —, agus go mbunaíonn an t-údarás sin an tuairim sin go heisiach ar ráiteas stiúrthóir an ghnóthais is soláthróir lena séantar láithreacht an idirbhirt sin, gan a chur san áireamh na cúinsí ina ndearnadh an ráiteas, leasanna an té a rinne an ráiteas nó an fíoras, de réir na doiciméad i gcomhad an cháis, gur bhunaigh an té a rinne an ráiteas an gnóthas agus, de réir na faisnéise atá ar fáil, go raibh gníomhaire ag gníomhú ar a son?

6)

An gcaithfear forálacha na Treorach maidir le CBL a bhaineann le CBL a asbhaint a léirmhíniú sa chaoi, i gcás go bhfaigheann an t-údarás cánach amach le linn na n-imeachtaí cánach, go bhfuil na hearraí a luaitear ar na sonraisc de thionscnamh an Chomhphobail agus go bhfuil an cáiníocóir an dara ball de shlabhra [soláthair], go bhfuil scéim na samhla sin — ag glacadh leis go bhfuil earraí de thionscnamh an Chomhphobail díolmhaithe ó CBL sa chaoi nach bhfuil an chéad cheannaitheoir Ungárach i dteideal CBL a asbhaint, nach bhfuil ach an dara ball den slabhra sin i dteideal amhlaidh a dhéanamh — mar fhíoras oibiachtúil leordhóthanach ann féin chun imghabháil cánach a léiriú, nó an bhfuil ar an údarás cánach a léiriú, sa chás sin, ar bhonn fíoras oibiachtúil, cén ball nó cén baill den slabhra a rinne imghabháil cánach, cén modus operandi ar úsáid sé nó siad, agus cé acu an raibh nó an bhféadfadh an cáiníocóir a bheith feasach faoin méid sin trí dhícheall cuí a fheidhmiú?


(1)  IO 2006 L 347, lch. 1.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/10


Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) an 11 Lúnasa 2022 — SB v Agrárminiszter

(Cás C-538/22)

(2022/C 432/12)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: SB

Cosantóir: Agrárminiszter

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An bhfuil cleachtas Ballstáit, ar dá réir, i gcomhréir leis an gcritéar arna leagan síos ag an mBallstát chun bheith incháilithe don tacaíocht, nuair atá an ráta breithe laonna a bhaintear amach do líon na n-ainmhithe arna ndearbhú níos ísle ná an ráta a éilítear agus a beartaíodh do na hainmhithe arna ndearbhú, nach mór diúltú go hiomlán don éileamh ar íocaíocht na tacaíochta cúpláilte maidir le táirgeadh bó diúil, fiú nuair a bhaineann líon níos ísle ainmhithe arna ndearbhú an ráta breithe laonna a éilítear amach, ó tharla gurb ionann céatadán níos ísle de bhreitheanna laonna ná mar a éilítear leis an reachtaíocht náisiúnta agus gan aon cheann de na hainmhithe arna ndearbhú a bheadh incháilithe, i gcomhréir le hAirteagal 30(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialúcháin agus le coinníollacha maidir le híocaíochtaí agus pionóis riaracháin is infheidhme maidir le híocaíochtaí díreacha, tacaíocht d’fhorbairt tuaithe agus tras-chomhlíonadh a dhiúltú nó a aistarraingt (1), nuair a chuirtear aithrisí 28 agus 31, Airteagal 2(1) pointí 16 agus 18, agus Airteagal 31(1) go (3) de san áireamh?

2)

I gcás go dtugtar freagra diúltach ar an gceist roimhe seo, an gcaithfear, sa chás seo, líon na n-ainmhithe incháilithe de réir bhrí Airteagal 2(1) pointe 18 agus Airteagal 30(3) den Rialachán sin a chinneadh, agus na ceanglais grádaithe agus comhréireachta a leagtar síos in aithrisí 28 agus 31 den Rialachán sin agus na hAirteagail de dhlí an Aontais arna lua sa chéad cheist a tharchuirtear á gcur san áireamh, nuair atá an céatadán de bhreitheanna laonna a bhaintear amach níos ísle ná an céatadán a éilítear leis an reachtaíocht náisiúnta:

a)

trí ainmhithe a rug amháin a áireamh mar ainmhithe incháilithe, nó

b)

trí na hainmhithe sin, a chomhdhéanann, i measc na n-ainmhithe arna ndearbhú, an grúpa ina shroichtear an ráta breithe laonna arna leagan síos sa reachtaíocht náisiúnta a áireamh mar ainmhithe incháilithe?

3)

Ag féachaint d’Airteagal 30(3) agus d’Airteagal 31(1) agus (2) de Rialachán Tarmligthe Uimh. 640/2014 agus don cheanglas comhréireachta a leagtar síos in aithris 31 de, an gcaithfear Airteagal 31(3) den Rialachán sin a léirmhíniú sa chaoi, chun bonn an phionóis a chinneadh, nach mór an cóimheas idir na hainmhithe comhlíontacha agus neamhchomhlíontacha, nó an cóimheas idir na hainmhithe arna ndearbhú agus comhlíontacha a ríomh, agus, thairis sin, nach mór an líon a fhaightear a mhéadú faoi 100 go fóill, mar chuid d’áireamh chéatadánach?

(1)  IO 2014 L 181, lch. 48.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/11


Iarraidh ar réamhrialú ó Okresný súd Bratislava II (an tSlóvaic) a taisceadh an 17 Lúnasa 2022 – INGSTEEL spol. s. r. o. v Úrad pre verejné obstarávanie

(Cás C-547/22)

(2022/C 432/13)

Teanga an cháis: an tSlóvaicis

An chúirt a rinne an tarchur

Okresný súd Bratislava II

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: INGSTEEL spol. s. r. o.

Cosantóir: Úrad pre verejné obstarávanie

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 2(1)(c) de Threoir [89/665/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhordú na bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le cur i bhfeidhm nósanna imeachta athbhreithniúcháin chun conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí a dhámhachtain, arna leasú le Treoir 2007/66/CE (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2007], arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(6) agus (7) di, go ndiúltaíonn cúirt náisiúnta, a éisteann díospóid a bhaineann le héileamh ar chúiteamh as damáiste a bhain d’iarrthóir a eisiadh go neamhdhleathach ó nós imeachta soláthair phoiblí, do cheart chun cúiteamh ar an damáiste as cailleadh deise (loss of opportunity) a aithint.

2.

An bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 2(1)(c) de Threoir [89/665/CEE, arna leasú le Treoir 2007/66/CÉ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2007], arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(6) agus (7) di, go measann cúirt náisiúnta, a éisteann díospóid a bhaineann le héileamh ar chúiteamh as damáiste a bhain d’iarrthóir a eisiadh go neamhdhleathach ó nós imeachta soláthair phoiblí, nach dtagann an ceart chun cúiteamh as cailleadh brabúis de bharr gur cailleadh an deis chun bheith rannpháirteach sa nós imeachta soláthair phoiblí faoin gceart chun cúiteamh a fháil.


(1)  IO 2007 L 335, lch. 31.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/12


Iarraidh ar réamhrialú ó Nejvyšší soud (Poblacht na Seice) a taisceadh an 26 Lúnasa 2022 – Inkreal s. r. o. v Dúha reality s. r. o.

(Cás C-566/22)

(2022/C 432/14)

Teanga an cháis: an tSeicis

An chúirt a rinne an tarchur

Nejvyšší soud

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Inkreal s. r. o.

Cosantóir: Dúha reality s. r. o.

An cheist a tharchuirtear:

Ó thaobh gné idirnáisiúnta de a bheith ann, atá riachtanach le haghaidh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, an bhfuil cur i bhfeidhm an rialacháin sin bunaithe go hiomlán ar an bhfíric go n-aontaíonn dhá pháirtí, a bhfuil a suíomh acu sa Bhallstát céanna ar dhlínse, chúirteanna de chuid Ballstáit eile de AE?


(1)  IO 2012 L 351, lch. 1.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/13


Achomharc arna thabhairt an 22 Meán Fómhair 2022 ag Illumina, Inc. i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 13 Iúil 2022 i gCás T-227/21, Illumina v an Coimisiún

(Cás C-611/22 P)

(2022/C 432/15)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Illumina, Inc. (ionadaithe: D. Beard, Abhcóide, J. Holmes, Abhcóide, P. Chappatte, avocat, E. Wright, avocate, F. González Díaz, abogado agus M. Siragusa, avvocato)

Páirtithe eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach, Grail LLC, An Phoblacht Heilléanach, Poblacht na Fraince, Ríocht na hÍsiltíre, Údarás Faireacháin CSTE

An t-ordú atá á lorg

Iarann a t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní;

Cinneadh C(2021) 2847 críochnaitheach ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2021 a chur ar neamhní, lena nglactar le hiarratas an Autorité de la concurrence française (Údarás Iomaíochta na Fraince) scrúdú a dhéanamh ar an gcomhchruinniú maidir leis an éadáil arna déanamh ag Illumina, Inc. ar urlámhas aonair ar Grail, Inc. (Cás COMP/M.10188 – Illumina/Grail), na Cinntí ón gCoimisiún C(2021) 2848 final, C(2021) 2849 final, C(2021) 2851 final, C(2021) 2854 final agus C(2021) 2855 final an 19 Aibreán 2021, lena nglactar le hiarratais ó údaráis iomaíochta na Gréige, na Beilge, na hIorua, na hÍoslainne agus na hÍsiltíre chun páirt a ghlacadh san iarratas sin tharchur, litir ón gCoimisiún an 11 Márta 2021 ag cur Illumina and Grail ar an eolas faoin iarrata ar tharchur sin agus cinneadh an Choimisiúin dar dáta an 11 Márta 2021 lena gcuirtear in iúl do Illumina go raibh toirmeasc orthu ó thaobh cur chun feidhme an comhchruinniú de bhun Airteagal 7 de Rialachán um Chumaisc AE. (1)

a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí láithreacha a íoc (an t-iarratas chun na Cúirte Ginearálta agus an t-achomharc láithreach in aghaidh an bhreithiúnais).

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear rinne an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí le linn Airteagal 22(1) de Rialachán um Chumaisc AE a léiriú ionas go dtugann sí de chumhacht do Bhallstát a bhfuil dlíthe náisiúnta rialaithe cumaisc aige go ndéanfaí iarratas ar iarrata don Choimisiún do thiúchan nach gcáilíonn d’athbhreithniú faoina dlíthe náisiúnta um rialú cumaisc.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear rinne an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí agus í ag diúltú do phléadáil Illumina go ndearnadh an t-iarratas ar tharchur as am trí mhíthuiscint a bhaint as brí na bhfocal “[curtha] in iúl” in Airteagal 22 de Rialachán um Chumaisc AE. Rinneadh earráid sna conclúidí nach dtosaíonn an t-am le haghaidh tarchur ó Bhallstát chuig an gCoimisiún ach amháin ón uair a sholáthraíonn na páirtithe cumaisc go sonrach d’údaráis an Bhallstáit ábhar leordhóthanach chun go mbeidís in ann réamh-mheasúnú a dhéanamh an bhféadfadh an cumasc a cháiliú le haghaidh tarchur.

Tar éis gur fuaireadh amach go raibh na moilleanna a bhí ar an gCoimisiún an litir chuiridh a sheoladh míréasúnta agus gur sháraigh siad prionsabail na deimhneachta dlíthiúla, an oibleagáid gníomhú laistigh de thréimhse réasúnta agus prionsabal an dea-riaracháin: (i) rinne an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí nuair a chinn sí go raibh gá le Illumina dochar do chearta cosanta a bhunú sa chás seo; nó (ii) go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí le cinneadh nach raibh aon dochar den sórt sin ann.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus í ag diúltú d’éileamh Illumina go raibh ionchas dlisteanach aici nach gcuirfí aon athrú ar bheartas an Choimisiúin i bhfeidhm roimh eisiúint threorach agus/nó go raibh spreagadh gníomhach an Choimisiúin do na Ballstáit chun tarchur a lorg a bhí contrártha le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla: (i) chun a cinneadh nach bhféadfadh ionchas dlisteanach teacht chun cinn ach amháin sa chás go raibh an dearbhú a rabhthas ag brath air dírithe go sonrach ar an gcomhchruinniú atá i gceist; (ii) maidir le raon feidhme an ionchais dhlisteanaigh a mhí-shaintréithe; (iii) á cinneadh nár tháinig ó riarachán an AE óráid a rinne Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin atá freagrach as iomaíocht a mheas go cúramach; agus/nó (iv) chun a cinneadh go raibh dearbhú an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin go leanfadh an Coimisiún dá bheartas maidir le Ballstáit a dhíspreagadh ó tharchuir a iarraidh (eisiúint threorach ar feitheamh) comhsheasmhach leis an gCoimisiún chun iarratais ar tharchur a spreagadh.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le rialú comhchruinnithe idir gnóthais (Rialachán um Cumaisc CE) (IO 2004 L 24, lch. 1).


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/14


Achomharc arna thabhairt an 27 Meán Fómhair 2022 ag RT France i gcoinne bhreithiúnais na Cúirte Ginearálta (an Mór-Dhlísheomra) a tugadh an 27 Iúil 2022 i gCás T-125/22 RT France v an Chomhairle

(Cás C-620/22 P)

(2022/C 432/16)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: RT France (ionadaí: E. Piwnica, avocat)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Comhairle an Aontais Eorpaigh, Ríocht na Beilge, Poblacht na hEastóine, Poblacht na Fraince, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Polainne, an Coimisiún Eorpach, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

cinneadh Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 27 Iúil 2022 i gCás T-125/22 RT France v an Chomhairle a chur ar neamhní;

a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc;

leis na hiarmhairtí dlíthiúla go léir a bhaineann leis sin.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

De réir an achomharcóra, sháraigh an Chúirt Ghinearálta forálacha Airteagal 41(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus é sin á choinneáil – d’fhonn teacht ar an gconclúid nach raibh aon sárú ar cheart éisteachta RT France – ní raibh gá d’údaráis an Aontais Eorpaigh éisteacht leis an achomharcóir sular cuireadh a ainm ar na liostaí i dtrácht mar gheall ar an gcomhthéacs fíor-eisceachtúil inar glacadh na bearta i gceist agus an cuspóir a shaothraigh an Chomhairle.

Maíonn an t-achomharcóir gur mhainnigh an Chúirt Ghinearálta forálacha Airteagal 41(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha a chomhlíonadh agus an fhianaise os a comhair a shaobhadh trína dhearbhú nach féidir leis an achomharcóir a thaispeáint go bhféadfadh toradh difriúil a bheith ar na himeachtaí dá n-éistfí leis an achomharcóir sular glacadh leis na bearta a bhí i gceist nó dá gcuirfí na cúiseanna leis an iarratas in iúl don achomharcóir roimh ré.

Ina theannta sin, éilíonn an t-achomharcóir go ndearnadh sárú ar Airteagal 11 den Chairt um Chearta Bunúsacha agus áitíonn sé go ndearna an Chúirt Ghinearálta an fhianaise os a comhair a shaobhadh agus d'fhonn aitheantas a thabhairt do shrian shaoirse cainte an t-achomharcóir, tá an beart sriantach atá i gceist riachtanach, oiriúnach agus comhréireach leis na cuspóirí a shaothraigh sé.

Dar leis an achomharcóir, sháraigh an Chúirt Ghinearálta forálacha Airteagal 16 den Chairt um Chearta Bunúsacha freisin agus í ag brath ar chineál sealadach na srianta a cuireadh i bhfeidhm ar an achomharcóir agus ar an easpa fianaise ar a hinmharthanacht airgeadais d'fhonn a shealbhú nach raibh an beart sriantach a bhí i gceist díréireach.

Ar deireadh, éilíonn an t-achomharcóir go ndearnadh sárú ar Airteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha agus go ndearna an Chúirt Ghinearálta an fhianaise os a comhair a shaobhadh nuair a chinn sí nach raibh an t-achomharcóir faoi réir aon idirdhealaithe.


Chúirt Ghinearálta

14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/16


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Google agus Alphabet v an Coimisiún (Google Android)

(Cás T-604/18) (1)

(Iomaíocht - Mí-úsáid ceannasachta - Gléasanna móibíleacha cliste - Cinneadh go bhfuil Airteagal 102 CFAE agus Airteagal 54 de Chomhaontú LEE á sárú - Coincheapa an ardáin agus an mhargaidh iltaobhach (“éiceachóras”) - Córas oibriúcháin (Google Android) - Aipmhargadh (Play Store) - Feidhmchláir cuardaigh agus brabhsáilte (Google Search agus Chrome) - Comhaontaithe le monaróirí gléasanna agus le hoibreoirí líonraí móibíleacha - Sárú aonair agus leanúnach - Coincheapa an phlean fhoriomláin agus an iompair arna gcur chun feidhme mar chuid den sárú sin (cuacha earraí, íocaíochtaí eisiachais agus oibleagáidí frith-ilroinnte) - Éifeachtaí eisiacha - Cearta na cosanta - Dlínse gan teorainn)

(2022/C 432/17)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Google LLC (Mountain View, California, na Stáit Aontaithe) agus Alphabet, Inc. (Mountain View) (ionadaithe: N. Levy, J. Schindler, A. Lamadrid de Pablo, J. Killick, A. Komninos, G. Forwood, Dlíodóirí, P. Stuart, D. Gregory, H. Mostyn, Abhcóidí, agus M. Pickford, QC)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: N. Khan, A. Dawes, C. Urraca Caviedes agus F. Castillo de la Torre, i gcáil Gníomhairí)

Idiragraí ag tacú leis na hiarratasóirí: Application Developers Alliance (Washington, D. C., na Stáit Aontaithe) (ionadaithe: A. Parr, S. Vaz, Aturnaetha, agus R. Baena Zapatero, Dlíodóir), Computer & Communications Industry Association (Washington, D. C.) (ionadaithe: E. Batchelor, T. Selwyn Sharpe, Aturnaetha, agus G. de Vasconcelos Lopes, Dlíodóir), Gigaset Communications GmbH (Bocholt, an Ghearmáin) (ionadaí: J.-F. Bellis, Dlíodóir), HMD global Oy (Heilsincí, an Fhionlainn) (ionadaithe: M. Glader agus M. Johansson, Dlíodóirí), Opera Norway AS, Opera Software AS roimhe seo (Osló, an tIorua) (ionadaithe: M. Glader agus M. Johansson, Dlíodóirí)

Idiragraithe ag tacú leis an gcosantóir: BDZV – Bundesverband Digitalpublisher und Zeitungsverleger eV, Bundesverband Deutscher Zeitungsverleger eV roimhe seo (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaithe: T. Höppner, Ollamh, agus P. Westerhoff, Dlíodóir), Biúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí (BEUC) (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaí: A. Fratini, Dlíodóir), FairSearch AISBL (an Bhruiséil) (ionadaithe: T. Vinje, D. Paemen agus K. Missenden, Dlíodóirí), Qwant (Páras, an Fhrainc) (ionadaithe: T. Höppner, Ollamh, agus P. Westerhoff, Dlíodóir), Seznam.cz, a.s. (Prág, Poblacht na Seice) (ionadaithe: M. Felgr, T. Vinje, D. Paemen, J. Dobrý agus P. Chytil, Dlíodóirí), Verband Deutscher Zeitschriftenverleger eV (Beirlín) (représentants: M. Höppner, Ollamh, agus P. Westerhoff, Dlíodóir)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí, go príomha, go neamhneofaí Cinneadh C(2018) 4761 final ón gCoimisiún an 18 Iúil 2018 maidir le himeachtaí faoi Airteagal 102 CFAE agus Airteagal 54 de Chomhaontú LEE (Cás AT.40099 – Google Android) nó, ina éagmais sin, go gcuirfí an fhíneáil ar gearradh orthu sa cinneadh sin ar ceal nó go laghdófaí é.

An chuid oibríochtúil

1.

Neamhnítear Airteagal 1, 3 agus 4 de Cinneadh C(2018) 4761 final ón gCoimisiún an 18 Iúil 2018 maidir le himeachtaí faoi Airteagal 102 CFAE agus Airteagal 54 de Chomhaontú LEE (Cás AT.40099 – Google Android) a mhéid a bhaineann siad leis an gceathrú mí-úsáid mar chuid den sárú aonair agus leanúnach, lena gcuirtí mar choinníoll chun comhaontaithe comhroinnte ioncaim a chur i gcrích le monaróirí buntrealaimh agus oibreoirí líonraí móibíleacha áirithe nach ndéanfaí ach Google Search a réamh-shuiteáil ar phunann réamhshainithe gléas.

2.

Socraítear méid na fíneála a fhorchuirtear ar Google LLC in Airteagal 2 de Chinneadh C(2018) 4761 final, as an sárú aonair arna dhéanamh mar is léir ó phointe 1 thuas, ag EUR 4 125 000 000; dlitear EUR 1 520 605 895 den fhíneáil sin de Alphabet, Inc. go comhpháirteach agus go leithleach.

3.

Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

4.

Ordaítear do Google agus do Alphabet a gcostais féin a íoc.

5.

Ordaítear don Choimisiún a chostais féin a íoc.

6.

Ordaítear do Application Developers Alliance, do BDZV – Bundesverband Digitalpublisher und Zeitungsverleger eV, do Bhiúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí (BECT), do Computer & Communications Industry Association, do FairSearch AISBL, do Gigaset Communications GmbH, do HMD global Oy, d’Opera Norway AS, do Qwant, do Seznam.cz, a.s., agus do Verband Deutscher Zeitschriftenverleger eV a gcostais féin a íoc.


(1)  IO C 445, 10.12.2018.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/17


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Helsingin kaupunki v an Coimisiún

(Cás T-597/19) (1)

(Státchabhair - Busiompar - Iasacht trealaimh agus iasachtaí caipitil arna ndeonú ag cathair Heilsincí - Cinneadh lena ndearbhaítear nach luíonn an chabhair leis an margadh inmhéanach agus go bhfuil sé neamhdhleathach agus lena n-ordaítear í a aisghabháil - Cabhair atá ann cheana - Buntáiste - Cur i bhfeidhm thástáil an chreidiúnaí phríobháidigh i ngeilleagar margaidh - Stádas poiblí an fhéichiúnaí - Scéim cabhrach atá ann faoi láthair a chur san áireamh - Cur i bhfeidhm thástáil an infheisteora phríobháidigh i ngeilleagar margaidh - Leanúnachas eacnamaíoch - Cearta nós imeachta na bpáirtithe leasmhara - Airteagal 108(2) CFAE - Oibleagáid cúiseanna a lua - Prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais)

(2022/C 432/18)

Teanga an cháis: an Fhionlainnis

Páirtithe

Iarratasóir: Helsingin kaupunki (Heilsincí, an Fhionlainn) (ionadaithe: I. Aalto-Setälä agus H. Koivuniemi, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Huttunen agus F. Tomat, i gcáil Gníomhairí)

Idiragraí ag tacú leis an iarratasóir:: Poblacht na Fionlainne (ionadaithe: J. Heliskoski agus H. Leppo, i gcáil Gníomhairí)

Idiragraithe ag tacú leis an gcosantóir: Nobina Oy (Espoo, an Fhionlainn), Nobina AB (Solna, an tSualainn) (ionadaithe: J. Åkermarck agus T. Kalliokoski, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go neamhneofaí Cinneadh (AE) Uimh. 2020/1814 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2019 maidir le Státchabhair SA.33846 – (2015/C) (2014/NN roimhe seo) (2011/CP roimhe seo) arna chur chun feidhme ag an bhFionlainn i bhfábhar Helsingin Bussiliikenne Oy (IO 2020, L 404, lch. 10).

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do Helsingin kaupunki a chostais féin agus costais an Choimisiúin Eorpaigh, lena n-áirítear costais an nóis imeachta eatramhaigh, agus costais Nobina Oy agus Nobina AB a íoc.

3.

Ordaítear do Phoblacht na Fionlainne a costais féin a íoc.


(1)  IO C 363, 28.10.2019.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/18


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 — Helsingin Bussiliikenne v an Coimisiún

(Cás T-603/19) (1)

(Státchabhair - Iompar de bhus - Iasacht trealaimh agus iasachtaí oibriúcháin arna ndeonú ag Cathair Heilsincí - Cinneadh lena ndearbhaítear nach bhfuil an chabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus lena téarnamh a ordú - Leanúnachas eacnamaíoch - Cearta nós imeachta na bpáirtithe leasmhara - Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2015/1589 - Oibleagáid cúiseanna a lua)

(2022/C 432/19)

Teanga an cháis: an Fhionlainnis

Páirtithe

Iarratasóir: Helsingin Bussiliikenne Oy (Heilsincí, an Fhionlainn) (ionadaithe: O. Hyvönen agus N. Rosenlund, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Huttunen agus F. Tomat, i gcáil Gníomhairí)

Idiragairt, mar thaca leis an Iarratasóir: Poblacht na Fionlainne (ionadaithe: J. Heliskoski agus H. Leppo, Walicka i gcáil Gníomhairí)

Idiragraithe, mar thaca leis an gcosantóir: Nobina Oy (Espoo, an Fhionlainn), Nobina AB (Solna, an tSualainn) (ionadaithe: J. Åkermarck agus T. Kalliokoski, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear Cinneadh (AE) 2020/1814 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2019 maidir le Státchabhair SA.33846 — (2015/C) (ex 2014/NN) (ex 2011/CP) arna chur chun feidhme ag an bhFionlainn le haghaidh Helsingin Bussiliikenne Oy (IO 2020 L 404, lch. 10) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Helsingin Bussiliikenne Oy a chostais féin a íoc agus na costais sin arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc, lena n-áirítear na costais sin a bhaineann leis na himeachtaí eatramhacha, agus na costais sin arna dtabhú ag Nobina Oy agus Nobina AB;

3)

Ordaítear do Phoblacht na Fionlainne a costais féin a íoc.


(1)  IO C 383, 11.11.2019.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/19


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Methanol Holdings (Trinidad) v an Coimisiún

(Cás T-744/19) (1)

(Dumpáil - Allmhairithe de mheascáin d’úiré agus níotráit amóiniam de thionscnamh na Rúise, Oileán na Tríonóide agus Tobága agus na Stáit Aontaithe - Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1688 - Airteagal 3(1) go (3) agus (5) go (8) de Rialachán (AE) 2016/1036 - Díolacháin trí chomhlachtaí gaolmhara - Comhdhéanamh an phraghais onnmhairiúcháin - Díobháil do thionscal an Aontais - Sladghearradh na bpraghsanna a ríomh - Nasc cúisíoch - Airteagal 9(4) de Rialachán 2016/1036 - Corrlach díobhála a ríomh - Díchuir díobhála)

(2022/C 432/20)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Methanol Holdings (Trinidad) Ltd (Couva, Oileán na Tríonóide agus Tobága) (ionadaithe: B. Servais agus V. Crochet, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Luengo agus P. Němečková, i gcáil Gníomhairí)

Idiragraithe ag tacú leis an gcosantóir: Achema AB (Jonava, an Liotuáin) (ionadaithe: B. O’Connor agus M. Hommé, Dlíodóirí), Grupa Azoty S.A. (Tarnów, an Pholainn), Grupa Azoty Zakłady Azotowe Puławy S.A. (Puławy, an Pholainn) (ionadaithe: B. O’Connor agus M. Hommé, Dlíodóirí)

Ábhar

Trína gcaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, Methanol Holdings (Trinidad) Ltd, go ndeanfaí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1688 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí de mheascáin d’úiré agus níotráit amóiniam de thionscnamh na Rúise, Oileán na Tríonóide agus Tobága agus na Stáit Aontaithe (IO 2019 L 258, lch. 21) a neamhniú.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean;

2.

Ordaítear do Methanol Holdings (Trinidad) Ltd a chostais féin a íoc chomh maith leis na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach, ag Achema AB, ag Grupa Azoty S.A. agus ag Grupa Azoty Zakłady Azotowe Puławy S.A.


(1)  IO C 10, 13.1.2020.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/19


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Nevinnomysskiy Azot agus NAK “Azot” v an Coimisiún

(Cás T-865/19) (1)

(Dumpáil - Allmhairithe de mheascáin d’úiré agus níotráit amóiniam de thionscnamh na Rúise, Oileán na Tríonóide agus Tobága agus na Stáit Aontaithe - Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1688 - Dleacht frithdhumpála chinntitheach - Corrlach dumpála - Gnáthluach a ríomh - Coigeartuithe - Comhdhéanamh an phraghais onnmhairiúcháin - Comparáid chóir - Díobháil do thionscal an Aontais - Sladghearradh na bpraghsanna a ríomh - Díolacháin idir comhlachtaí - Nasc cúisíoch - Corrlach díobhála a ríomh - Díchuir díobhála - Riail na dleachta is lú - Úsáid na bhfíoras atá ar fáil)

(2022/C 432/21)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: AO Nevinnomysskiy Azot (Nevinnomyssk, an Rúis), AO Novomoskovskaya Aktsionernaya Kompania NAK “Azot” (Novomoskovsk, an Rúis) (ionadaithe: P. Vander Schueren agus T. Martin-Brieu, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Luengo agus P. Němečková, i gcáil Gníomhairí)

Idiragraí ag tacú leis an gcosantóir: Fertilizers Europe (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaithe: B. O’Connor agus M. Hommé, Dlíodóirí)

Ábhar

Trína gcaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí, AO Nevinnomysskiy Azot (“NEV”) agus AO Novomoskovskaya Aktsionernaya Kompania NAK “Azot” (“NAK”), go ndéanfaí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1688 an 8 Deireadh Fómhair 2019, lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí de mheascáin d’úiré agus níotráit amóiniam de thionscnamh na Rúise, Oileán na Tríonóide agus Tobága agus na Stáit Aontaithe (IO 2019 L 258, lch. 21), a neamhniú.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean;

2.

Ordaítear AO Nevinnomysskiy Azot agus AO Novomoskovskaya Aktsionernaya Kompania NAK “Azot” a gcostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Fertilizers Europe a íoc.


(1)  IO 2020 C 61.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/20


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Pollinis France v an Coimisiún

(Cásanna Uamtha T-371/20 agus T-554/20) (1)

(Rochtain ar dhoiciméid - Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 - Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha - Treoirdhoiciméad EFSA maidir leis an measúnú riosca ar tháirgí cosanta plandaí do bheacha - Seasaimh ar leith arna nglacadh ag na Ballstáit - Rochtain a dhiúltú - Airteagal 4(3) de Rialachán Uimh. 1049/2001 - Eisceacht maidir leis an bpróiseas cinnteoireachta a chosaint)

(2022/C 432/22)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Pollinis France (Páras, an Fhrainc) (ionadaithe: C. Lepage agus T. Bégel, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: S. Delaude, C. Ehrbar agus G. Gattinara, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go neamhneofaí Cinneadh C(2020) 4231 final ón gCoimisiún an 19 Meitheamh 2020 agus Cinneadh C(2020) 5120 final ón gCoimisiún an 21 Iúil 2020, lenar dhiúltaigh an Coimisiún rochtain ar dhoiciméid áirithe a bhaineann le treoirdhoiciméad an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA) maidir leis an measúnú riosca ar tháirgí cosanta plandaí do bheacha, arna ghlacadh ag EFSA an 27 Meitheamh 2013, a foilsíodh an 4 Iúil 2013 ar dtús agus a foilsíodh arís an 4 Iúil 2014, agus lenar deonaíodh rochtain pháirteach ar dhoiciméid áirithe eile a bhaineann leis an treoirdhoiciméad maidir le beacha ó 2013.

An chuid oibríochtúil

1.

Neamhnítear Cinntí C(2020) 4231 final an 19 Meitheamh 2020 agus C(2020) 5120 final, an 21 Iúil 2020 ón gCoimisiún Eorpach, a mhéid a dhiúltaítear rochtain ar na doiciméid arna n-iarraidh ar bhonn na chéad mhíre d’Airteagal 4(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún leo.

2.

Ordaítear don Choimisiúin na costais a íoc.


(1)  IO C 297, 7.9.2020.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/21


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – SŽ – Tovorni promet v an Coimisiún

(Cás T-575/20) (1)

(Treoir 2014/25/AE - Nósanna imeachta soláthair sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus seirbhísí poist - Cinneadh Cur Chun Feidhme maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 34 de Threoir 2014/25 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiompair lasta iarnróid sa Slóivéin - Nochtadh díreach don iomaíocht - An margadh táirgí a shocrú - An margadh geografach a shocrú - An nochtadh díreach don iomaíocht a mheasúnú - Prionsabal an dea-riaracháin - Oibleagáid cúiseanna a lua)

(2022/C 432/23)

Teanga an cháis: an tSlóivéinis

Páirtithe

Iarratasóir: SŽ – Tovorni promet d.o.o. (Liúibleána, an tSlóivéin) (ionadaí: V. Cukrov, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: K. Talabér-Ritz, L. Wildpanner agus P. Ondrůšek, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó M. Menard, Dlíodóir)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2020/1025 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2020 maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiompair lasta iarnróid sa Slóivéin (IO 2020, L 226, lch. 5) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do SŽ – Tovorni promet d.o.o. a chostais féin agus costais an Choimisiúin Eorpaigh a íoc.


(1)  IO C 433, 14.12.2020.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/21


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022– PB v an Coimisiún

(Cás T-775/20) (1)

(Conarthaí seirbhíse poiblí - Seirbhísí cúnaimh theicniúil a sholáthar don Ard-Chomhairle Bhreithiúnach agus d’údaráis na hÚcráine - Neamhrialtachtaí maidir leis an nós imeachta um dhámhachtain - Méideanna a íocadh go míchuí a aisghabháil - Nóta dochair - Stiúrthóir na cuideachta - Bunús dlí - Dliteanas neamhchonarthach)

(2022/C 432/24)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: PB (ionadaí: L. Levi, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Baquero Cruz, J. Estrada de Solà agus A. Katsimerou, Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gCosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. Rebasti agus I. Demoulin, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, ar bhonn Airteagal 263 CFAE, Cinneadh C(2020) 7151 final ón gCoimisiún an 22 Deireadh Fómhair 2020, maidir le beart riaracháin a chur i bhfeidhm i gcoinne stiúrthóir cuideachta [Faoi rún], lena n-aistarraingítear na méideanna a íocadh go míchuí faoin gconradh leis an tagairt TACIS/2006/101-510 agus faoin gconradh leis an tagairt CARDS/2008/166-429, a chur ar neamhní agus, ar an dara dul síos, ar bhonn an dara mír d’Airteagal 340 CFAE, aon suimeanna atá aisghabháilte ag an gCoimisiún Eorpach ar bhonn an chinnidh sin a aisíoc mar aon le EUR 10 000, faoi réir coigeartú, a íoc mar dhamáistí.

An chuid oibríochtúil

1)

Cuirtear Cinneadh C(2020) 7151 final ón gCoimisiún an 22 Deireadh Fómhair 2020 maidir le beart riaracháin a chur i bhfeidhm i gcoinne stiúrthóir cuideachta [Faoi rún], lena n-aistarraingítear na méideanna a íocadh go míchuí faoi chonarthaí TACIS/2006/101-510 agus CARDS/2008/166-429, ar neamnhní;

2)

Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

3)

Íocfaidh BS, an Coimisiún Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh a gcostais féin.


(1)  IO C 72, 1.3.2021.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/22


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – QN v an Coimisiún

(Cás T-179/21) (1)

(Seirbhís Shibhialta - Oifigigh - Tuarascáil mheastóireachta - Nós imeachta um measúnú 2019 - Oibleagáid cúiseanna a lua - Earráid fhollasach measúnaithe - Dualgas cúraim i leith oifigigh - Dliteanas)

(2022/C 432/25)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: QN (ionadaithe: L. Levi agus N. Flandin, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Brauhoff agus L. Hohenecker, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Leis an gcaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, QN, ar an gcúirt go ndéanfaí tuarascáil mheastóireachta 2019 a neamhniú, sa chéad áit, agus, a mhéid a bhfuil gá leis, go ndéanfaí cinneadh an 22 Nollaig 2020 ón gCoimisiún Eorpach lena ndiúltaítear dá ghearán a neamhniú agus sa dara áit go dtabharfaí cúiteamh dó as an damáiste neamh-ábharach a líomhnaítear a d’fhulaing sé de bharr na tuarascála sin.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean;

2.

Ordaítear do QN na costais a íoc.


(1)  IO 2021 C 206, 31.5.2021


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/23


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 — Sushi&Food Factor v EUIPO (READY 4YOU)

(Cásanna uamtha T-367/21 agus T-432/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh READY 4YOU - Dearbhfhorais le diúltú - Easpa saintréithe - Airteagal 7(1) (b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

(2022/C 432/26)

Teanga an cháis: an Pholainnis

Páirtithe

Iarratasóir: Sushi&Food Factor sp. z o.o. sp.k. (Robakowo, an Pholainn) (ionadaí: J. Gwiazdowska, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Walicka agus M. Chylińska, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 20 Aibreán 2021 (Cás R 2273/2020-5) agus an 13 Bealtaine 2021 (Cás R 2321/2020-5) a neamhniú.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Sushi&Food Factor sp. z o.o. sp.k. na costais a íoc.


(1)  IO C 329, 16.8.2021.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/23


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Itinerant Show Room v EUIPO – Save the Duck (ITINERANT)

(Cás T-416/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ITINERANT - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe ag léiriú lacha ag canadh i gciorcal - Foras coibhneasta le diúltú - Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Cosúlacht - Cáil - Nasc - Dochar míchuí - Easpa cúis chuí - Airteagal 95(2) de Rialachán 2017/1001 - Airteagal 27(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 - Doiciméad curtha ar fáil don chéad uair os comhair an Bhoird Achomhairc - Do-ghlacthacht)

(2022/C 432/27)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: Itinerant Show Room Srl (San Giorgio in Bosco, an Iodáil) (ionadaí: E. Montelione, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Crespo Carrillo, i gcáil Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Save the Duck SpA (Milano, an Iodáil) (ionadaí: M. De Vietro, Dlíodóir)

Ábhar

Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 6 Bealtaine 2021 (Cás R 997/2020-5) maidir le himeachtaí freasúra idir an t-idirghabhálaí agus an t-iarratasóir ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Itinerant Show Room Srl a chostais féin agus na costais sin arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus ag Save the Duck SpA a íoc.


(1)  IO C 357, 6.9.2021.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/24


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Itinerant Show Room v EUIPO – Save the Duck (ITINERANT)

(Cás T-417/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ITINERANT - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe ag léiriú lacha ag canadh i gciorcal - Foras coibhneasta le diúltú - Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Cosúlacht - Cáil - Nasc - Dochar míchuí - Easpa cúis chuí - Airteagal 95(2) de Rialachán 2017/1001 - Airteagal 27(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 - Doiciméad curtha ar fáil don chéad uair os comhair an Bhoird Achomhairc - Do-ghlacthacht)

(2022/C 432/28)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: Itinerant Show Room Srl (San Giorgio in Bosco, an Iodáil) (ionadaí: E. Montelione, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Crespo Carrillo, i gcáil Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Save the Duck SpA (Milano, an Iodáil) (ionadaí: M. De Vietro, Dlíodóir)

Ábhar

Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 12 Bealtaine 2021 (Cás R 1017/2020-5) maidir le himeachtaí freasúra idir an t-idirghabhálaí agus an t-iarratasóir ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Itinerant Show Room Srl a chostais féin agus na costais sin arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus ag Save the Duck SpA a íoc.


(1)  IO C 357, 6.9.2021.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/25


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Gioioso v EUIPO – Maxi Di (MARE GIOIOSO di Sebastiano IMPORT EXPORT)

(Cás T-423/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh MARE GIOIOSO di Sebastiano IMPORT EXPORT - Marc fíortha náisiúnta níos luaithe GIOIA DI MARE - Foras coibhneasta le diúltú - Riosca mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

(2022/C 432/29)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: Sebastiano Gioioso (Fasano, an Iodáil) (ionadaí: F. Amati, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: R. Raponi agus J. Crespo Carrillo, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Maxi Di Srl (Bellefleur, an Iodáil)

Ábhar

Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 10 Bealtaine 2021 (Cás R 1650/2020-1) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Sebastiano Gioioso na costais a íoc.


(1)  IO C 357, 6.9.2021.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/25


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Lotion v EUIPO (BLACK IRISH) v EUIPO

(Cás T-498/21) (1)

(Trádmharc de chuid AE - Iarratas ar an bhfocalmharc de chuid AE BLACK IRISH - Forais iomlána le diúltú - Gan saintréith ar leith - Tuairisciúlacht - Airteagal 7(1)(b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Cóir chomhionann - Oibleagáid cúiseanna a lua - Airteagal 94(1) de Rialachán 2017/1001)

(2022/C 432/30)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Lotion LLC (Woodland Hills, California, na Stáit Aontaithe) (ionadaí: A. Deutsch, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: T. Klee agus D. Hanf, Gníomhairí)

Maidir le:

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 7 Meitheamh 2021 (Cás R 199/2021-5) a neamhniú.

An chuid oibríochtúil

1.

Déantar an chaingean a dhíbhe.

2.

Ordaítear do Lotion LLC na costais a íoc.


(1)  IO C 391, 27.9.2021.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/26


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Blueroots Technology v EUIPO – Rezk-Salama agus Breitlauch (SKILLTREE STUDIOS)

(Cás T-607/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh SKILLTREE STUDIOS - Dearbhfhorais le diúltú - In éagmais tuairiscíochta - Sainiúlacht - Airteagal 7(1)(b) agus (c) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [Airteagal 7(1)(b) agus (c) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 anois])

(2022/C 432/31)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Blueroots Technology GmbH (Graz, an Ostair) (ionadaí: A. Huber-Erlenwein, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Eberl agus D. Hanf, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Christof Rezk-Salama (Trier, an Ghearmáin), Linda Breitlauch (Trier) (ionadaí: F. Weber, Dlíodóir)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go neamhneofaí agus go n-athrófaí an Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 28 Iúil 2021 (Cás R 2218/2020 – 4).

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do Blueroots Technology GmbH na costais a íoc.


(1)  IO C 462, 15.11.2021.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/27


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Privatbrauerei Eichbaum v EUIPO – Anchor Brewing Company (STEAM)

(Cás T-609/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí cúlghairme - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh STEAM - Fíorúsáid an mhairc - Cineál úsáide - An dara fomhír d’Airteagal 18(1)(a) agus Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Oibleagáid cúiseanna a lua - An ceart chun éisteacht a fháil - Airteagal 94(1) de Rialachán 2017/1001)

(2022/C 432/32)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Privatbrauerei Eichbaum GmbH & Co. KG (Mannheim, an Ghearmáin) (ionadaithe: M. Schmidhuber agus E. Levenson, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: G. Sakalaitė-Orlovskienė agus J. Ivanauskas, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Anchor Brewing Company LLC (San Francisco, California, na Stáit Aontaithe) (ionadaithe: I. Kuschel agus W. von der Osten-Sacken, Dlíodóirí)

Ábhar

Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 14 Iúil 2021 (Cás R 780/2020-2), maidir le himeachtaí cúlghairme idir é féin agus an t-idirghabhálaí ar neamhní go páirteach.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Privatbrauerei Eichbaum GmbH & Co. KG na costais a íoc.


(1)  IO C 471, 22.11.2021.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/27


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Task Food v EUIPO – Foodtastic (ENERGY CAKE)

(Cás T-686/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí cúlghairme - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ENERGY CAKE - Dearbhú neamhbhailíochta - Dearbhfhorais neamhbhailíochta - Cineál tuairisciúil - Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois) - Easpa leithleachais - Airteagal 7(1)(b) de Rialachán Uimh. 207/2009 (Airteagal 7(1)(b) de Rialachán 2017/2011 anois))

(2022/C 432/33)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Task Food s.r.o. (an Bhratasláiv, an tSlóvaic) údaraithe chun ionadú a dhéanamh ar energy cake GmbH (ionadaí: A. Bernegger, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: T. Klee agus D. Hanf, Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Foodtastic GmbH (Dortmund, an Ghearmáin)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 11 Lúnasa 2021 (Cás R 2324/2020-5) a neamhniú.

An chuid oibríochtúil

1)

Ceadaítear do Task Food s.r.o. ionadú a dhéanamh ar energy cake GmbH mar iarratasóir.

2)

Déantar an chaingean a dhíbhe.

3)

Ordaítear do Task Food na costais a íoc.


(1)  IO C 513, 20.12.2021.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/28


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Balaban v EUIPO (Stahlwerk)

(Cás T-705/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh STAHLWERK - Dearbhfhorais le diúltú - Easpa leithleachais - Cineál tuairisciúil - Airteagal 7(1) (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1001)

(2022/C 432/34)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Okan Balaban (Bornheim, an Ghearmáin) (ionadaí: T. Schaaf, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. Nicolás Gómez agus M. Eberl, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar cinneadh an scrúdaitheora an 18 Samhain 2020 agus an cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 2 Meán Fómhair 2021 (Cás R 77/2021-1) a neamhniú nó a leasú.

An chuid oibríochtúil

1)

Déantar an chaingean a dhíbhe.

2)

Íocfaidh Okan Balaban na costais.


(1)  IO C 37, 24.1.2022.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/29


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Balaban v EUIPO (Stahlwerkstatt)

(Cás T-706/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Stahlwerkstatt - Dearbhfhorais le diúltú - Easpa leithleachais - Cineál tuairisciúil - Airteagal 7(1)(b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1001)

(2022/C 432/35)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Okan Balaban (Bornheim, an Ghearmáin) (ionadaí: T. Schaaf, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. Nicolás Gómez agus M. Eberl, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar cinneadh an scrúdaitheora an 27 Lúnasa 2020 agus an cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 2 Meán Fómhair 2021 (Cás R 1987/2020-1) a neamhniú go páirteach agus a leasú.

An chuid oibríochúil

1)

Déantar an chaingean a dhíbhe.

2)

Íocfaidh Okan Balaban na costais.


(1)  IO C 37, 24.1.2022.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/29


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Refractory Intellectual Property v EUIPO (e-tech)

(Cás T-737/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh e-tech - Dearbhfhoras le diúltú - Easpa leithleachais - Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

(2022/C 432/36)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Refractory Intellectual Property GmbH & Co. KG (Vín, an Ostair) (ionadaí: J. Schmidt, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Markakis, Gníomhaire)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, lorgaíonn an t-iarratasóir go ndéanfar an cinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 9 Meán Fómhair 2021 (Cás R 548/2021-4) a neamhniú.

An chuid oibríochtúil

1)

Déantar an chaingean a dhíbhe.

2)

Ordaítear do Refractory Intellectual Property GmbH & Co. KG na costais a íoc.


(1)  IO C 37, 24.1.2022.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/30


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 — Protectoplus v EUIPO (Li-SAFE)

(Cás T-795/21) (1)

(Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Li-SAFE - Dearbhfhorais le diúltú – Forais dhaingnithe le diúltú - Carachtar tuairisciúil - Airteagal 7(1) (c) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Easpa saincháilíochta - Airteagal 7(1) (b) de Rialachán 2017/1001 - Srian ar na hearraí a chumhdaítear leis an iarratas ar thrádmharc)

(2022/C 432/37)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Protectoplus GmbH (Rendsburg, an Ghearmáin) (ionadaí: W. Riegger, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaithe: T. Klee agus E. Markakis, i gcáil Gníomhaire)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 6 Deireadh Fómhair 2021 a neamhniú (Cás R 845/2021-1), a neamhniú.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Protectoplus GmbH na costais a íoc.


(1)  IO C 73, 14.2.2022.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/30


Caingean arna tabhairt an 18 Lúnasa 2022 – Sberbank Europe v an Chomhairle agus Páirtithe Eile

(Cás T-523/22)

(2022/C 432/38)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Sberbank Europe AG (Vín, an Ostair) (ionadaí: O. Behrends, Dlíodóir)

Cosantóirí: Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, an Bord Réitigh Aonair

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid ar neamhní de bhun Airteagal 264 CFAE; (1) agus

a ordú do BRA, don Choimisiún agus don Chomhairle costais an iarratasóra a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir naoi saincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh BRA a inniúlacht trí chinneadh a ghlacadh maidir leis an iarratasóir.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh BRA ceanglais fhíor-riachtanacha nós imeachta maidir leis an iarratasóir.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid curtha ó bhail ag roinnt lochtanna substaintiúla.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gur theip ar BRA bearta malartacha cuí a mheas de bhun Airteagal 18(1)(b) RSRA. (2)

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear gur theip ar BRA an rogha ba lú ualach a roghnú i gcomhthéacs na gníomhaíochta réitigh maidir leis an iarratasóir.

6.

An séú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh BRA rialacha substainteacha agus nós imeachta lena rialaítear díol uirlis ghnó, lena n-áirítear Airteagal 20 RSRA.

7.

An seachtú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh BRA prionsabal na comhréireachta agus go ndearna sé earráid fhollasach measúnaithe maidir le réitigh mhalartacha ionchasacha.

8.

An t-ochtú saincheist dlí lena n-éilítear gur theip ar BRA dul i dteagmháil le lucht bainistíochta an iarratasóra nó Sberbank Slovenia maidir le hAirteagal 13(3) RSRA.

9.

An naoú saincheist dlí lena n-éilítear gur theip ar BRA an plean réitigh a leanúint gan aon údar inchreidte.


(1)  Is é an cinneadh atá faoi chonspóid ag an iarratasóir sa chás seo ná cinneadh BRA an 1 Márta 2022 (SRB/EES/2022/20) maidir le fochuideachta Shlóivéanach an iarratasóra (Sberbank banka d.d.) lena n-áirítear, más infheidhme, formheas an chinnidh sin ag an gCoimisiún agus/nó ag an gComhairle.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach do réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 225, lch. 1).


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/31


Caingean arna tabhairt an 19 Lúnasa 2022 – Sberbank Europe v an Chomhairle agus páirtithe eile

(Cás T-524/22)

(2022/C 432/39)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Sberbank Europe AG (Vín, an Ostair) (ionadaí: O. Behrends, Dlíodóir)

Cosantóirí: Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, an Bord Réitigh Aonair

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil an cinneadh a chonspóidtear ar neamhní de réir Airteagal 264 CFAE, lena n-áirítear, más infheidhme, formheas an Choimisiúin agus na Comhairle don chinneadh sin a chonspóidtear; (1) agus

a ordú don BRA, don Choimisiún agus don Chomhairle costais an iarratasóra a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir naoi shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndeachaigh an BRA os cionn a inniúlachta.

Maíonn an t-iarratasóir go measann an cinneadh atá á chonspóid go bhfuil an BRA in ann cinntí ceangailteacha a dhéanamh maidir le stádas dócmhainneachta an mháthaireintitis. Is ceist do na cúirteanna náisiúnta inniúla amháin í seo.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an BRA ceanglais fhíor-riachtanacha nós imeachta maidir leis an iarratasóir.

Maíonn an t-iarratasóir, inter alia, nár tugadh fógra cuí don iarratasóir maidir leis an gcinneadh atá á chonspóid mar fhíorsheoltaí.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil an cinneadh atá á chonspóid ag baint le roinnt lochtanna substaintiúla. Áirítear ar na lochtanna sin nár comhlíonadh coinníollacha Airteagal 18 SRMR. (2)

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gur theip ar an SRB bearta malartacha iomchuí a mheas de bhun Airteagal 18(1)(b) SRMR.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear gur theip ar an SRB an rogha ba lú ualach a roghnú i gcomhthéacs na caingne réitigh maidir leis an iarratasóir.

6.

An séú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an SRB rialacha substainteacha agus nós imeachta lena rialaítear díol uirlis ghnó, lena n-áirítear Airteagal 20 SRMR.

7.

An seachtú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an SRB prionsabal na comhréireachta agus go ndearnadh earráid shoiléir measúnaithe maidir le réitigh mhalartacha ionchasacha.

8.

An t-ochtú saincheist dlí lena n-éilítear gur theip ar an SRB dul i dteagmháil le lucht bainistíochta an iarratasóra nó Sberbank na Cróite maidir le hAirteagal 13(3) SRMR.

9.

An naoú saincheist dlí lena n-éilítear gur theip ar an SRB an plean réitigh a leanúint gan aon údar inchreidte.


(1)  Is é an cinneadh atá faoi chonspóid ag an iarratasóir sa chás seo ná cinneadh an BRA an 1 Márta 2022 (SRB/EES/2022/21) maidir le fochuideachta Crótach an iarratasóra (Sberbank banka d.d.).

(2)  806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach do réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 225, lch. 1).


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/32


Caingean arna tabhairt an 23 Meán Fómhair 2022 – an Chipir v EUIPO – Kolios (HALLOUMAKI)

(Cás T-594/22)

(2022/C 432/40)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Poblacht na Cipire (ionadaí: S. Malynicz, Abhcóide Dlí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Kolios AE Elliniki Viomichania Galaktos (Kilkis, an Ghréig)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh HALLOUMAKI – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 126 405

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 20 Meitheamh 2022 i gCás R 19/2022-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú go n-iompróidh EUIPO agus an páirtí eile sna himeachtaí os comhair EUIPO a gcostais féin agus go n-íocfaidh siad costais an iarratasóra.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sháraigh an Bord Achomhairc Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí léiriú mícheart a dhéanamh ar na seirbhísí a chumhdaítear leis an marc a chonspóidtear;

Sháraigh an Bord Achomhairc Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mhainneachtain a dhearbhú go bhféadfadh tomhaltóirí agus an pobal gairmiúil nasc a dhéanamh idir na seirbhísí sonraithe agus na hearraí sonraithe.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/33


Caingean arna tabhairt an 27 Meán Fómhair 2022 — Veritas v an Coimisiún

(Cás T-602/22)

(2022/C 432/41)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: Veneziana Energia Risorse Idriche Territorio Ambiente Servizi SpA (Veritas) (an Veinéis, an Iodáil) ionadaí: A. Pasqualin, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Trí réamh-imscrúdú,

a ordú go dtabharfar ar aird an doiciméad ar diúltaíodh a nochtadh (litir a sheol údaráis na hIodáile an 17 Deireadh Fómhair 2019 in imeachtaí EU Pilot 9456/19/TAXUD);

an freagra, mar aon leis na hiarscríbhinní a ghabhann leis, a fháil ó údaráis na hIodáile dá dtagraítear ar leathanaigh 2 go 3 den chinneadh a chonspóidtear;

aon bhearta fiosrúcháin eile a ordú a measfar a bheith úsáideach.

Ar thuillteanais an cháis,

cinneadh Ardrúnaí an Choimisiúin Eorpaigh an 15 Iúil 2022 lenar diúltaíodh rochtain do Veritas Sp.A. ar an litir a sheol Údaráis na hIodáile ar an 17 Deireadh Fómhair 2019 in imeachtaí EU Pilot 9456/19/TAXUD a neamhniú agus a ordú rochtain atá á iarraidh a cheadú don iarratasóir

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear earráid dlí agus mainneachtain cúiseanna a lua i ndáil leis na rialacha nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 4(4) agus (5) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Bréagnaitheach.

Maíonn sé ina leith sin go bhfuil an gníomh a chonspóidtear bunaithe ar dhiúltú rochtana ar atógáil a thagann salach gan cúiseanna a lua ar fhreagra tosaigh na hinstitiúide i dtaobh gur fheidhmigh údaráis na hIodáile an chumhacht dá bhforáiltear in Airteagal 4(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

Ní chuirfidh earráid dlí, mainneachtain cúiseanna a lua agus cineál bréagnaitheach na ndoiciméad nós imeachta ó bhail é, rud a chuireann cosc ar dhlisteanacht an nós imeachta a fhíorú maidir leis na rialacha a chuirtear i bhfeidhm agus na measúnuithe a rinneadh, rud a fhágann go bhfuil séanadh rochtana ar chúiseanna intuigthe.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid dlí agus mí-úsáid cumhachtaí i ndáil le mainneachtain cúiseanna a lua/cúiseanna neamhdhóthanach agus mainneachtain imscrúdú a dhéanamh.

Diúltaítear leis an gcinneadh a chonspóidtear rochtain a thabhairt i ndáil leis an eisceacht dá bhforáiltear sa dara fleasc d’Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, ach sa chás seo níl an ráiteas ar chúiseanna ach dealraitheach.

De shárú ar an dlí, diúltaíodh rochtain ar an doiciméad a iarradh gan míniú a thabhairt ar conas a d’fhéadfadh sé an bonn a bhaint de chosaint imeachtaí cúirte go sonrach agus go héifeachtach, ná ní léir go bhfuil an riosca díobhála intuartha go réasúnta agus nach riosca hipitéiseach amháin é, ós rud é nach sonraítear é maidir leis na himeachtaí breithiúnacha náisiúnta lena mbaineann an cinneadh.

Ní mhínítear cén fáth go mbainfeadh cumarsáid an doiciméid le Veritas an bonn de phrionsabal an chomhionannais arm in imeachtaí breithiúnacha anaithnid nach luaitear Veritas mar pháirtí ann fiú.

Tá easpa fíorú leormhaith sa chinneadh gurb ann d’agóid chuí-réasúnaithe ón mBallstát a rinne agóid i gcoinne nochtadh an doiciméid agus go bhfuil gá le cosaint dá dtagraítear sa dara fleasc d’Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.


(1)  IO 2001 L 145, lch. 43.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/34


Caingean arna tabhairt an 27 Meán Fómhair 2022 – Société du Tour de France v EUIPO – FitX (TOUR DE X)

(Cás T-604/22)

(2022/C 432/42)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Société du Tour de France (Boulogne-Billancourt, an Fhrainc) (ionadaithe: T. de Haan agus S. Vandezande, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: FitX Beteiligungs GmbH (Essen, an Ghearmáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh TOUR DE X – Iarratas ar chlárú Uimh. 16 701 039

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dara Bord Achomhairc de EUIPO an 11 Iúil 2022 i gCás R 1136/2019-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh a chonspóidtear a chur ar ceal;

a ordú do EUIPO agus don idiragraí na costais a iompar, lena n-áirítear na costais arna dtabhú ag an iarratasóir os comhair an dara Bord Achomhairc den Oifig.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 94 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/35


Caingean arna tabhairt an 30 Meán Fómhair 2022 – Kozitsyn v an Chomhairle

(Cás T-607/22)

(2022/C 432/43)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Andrey Anatolyevich Kozitsyn (Verkhnyaya Pyshma, an Rúis) (ionadaí: J. Grand d’Esnon, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

go príomha,

Cinneadh (CBES) Uimh. 2022/1272 ón gComhairle an 21 Iúil 2022 (1) i ndáil le hAndrey Anatolyevich Kozitsyn;

Rialachán (AE) Uimh. 2022/1270 ón gComhairle an 21 Iúil 2022 (2) i ndáil le hAndrey Anatolyevich Kozitsyn;

Cinneadh (CBES) Uimh. 2022/329 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 (3);

Rialachán (AE) Uimh. 2022/330 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 (4);

a chur ar neamhní.

de rogha air sin,

Cinneadh (CBES) Uimh. 2022/1272 ón gComhairle an 21 Iúil 2022 i ndáil le hAndrey Anatolyevich Kozitsyn;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2022/1270 ón gComhairle an 21 Iúil 2022 i ndáil le hAndrey Anatolyevich Kozitsyn;

Airteagal 1(2)(g) de Chinneadh (CBES) Uimh. 2022/329 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022;

Airteagal 1(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 2022/330 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022;

a chur ar neamhní.

in aon chás,

a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc de bhun Airteagal 140(b) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir naoi saincheist dlí atá, go bunúsach, mar an gcéanna nó cosúil leis na cinn a bhí á n-agairt sa chás T-234/22, Ismailova v an Chomhairle.


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/1272 ón gComhairle an 21 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (OJ 2022 L 193, lch. 219).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1270 ón gComhairle an 21 Iúil 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (OJ 2022 L 193, lch. 133).

(3)  Cinneadh (CBES) 2022/329 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (OJ 2022 L 50, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2022/330 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (OJ 2022 L 51, lch. 1).


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/36


Caingean arna tabhairt an 1 Deireadh Fómhair 2022 — Primicerj v an Coimisiún

(Cás T-612/22)

(2022/C 432/44)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: Paola Primicerj (an Róimh, an Iodáil) (ionadaí: E. Iorio, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 2 Lúnasa 2022 (EMPL.C.1/BPM/kt (2022) 5785472) lena ndiúltaítear an iarraidh ar rochtain (GestDem Uimh. 2022/4090) ar litir fógra fhoirmiúil bhreise an 15 Iúil 2022, arna heisiúint ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne Phoblacht na hIodáile i nós imeachta um shárú 2016/4081, maidir le comhoiriúnacht na rialacha náisiúnta lena rialaítear na seirbhísí arna soláthar ag giúistísí oinigh le dlí an Aontais a neamhniú;

a ordú don Choimisiún Eorpach rochtain a thabhairt don iarratasóir ar litir fógra fhoirmiúil bhreise an 15 Iúil 2022 arna heisiúint ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne Phoblacht na hIodáile le linn nós imeachta um shárú 2016/4081;

a ordú don Choimisiún Eorpach, i gcás freasúra, costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear inghlacthacht na caingne.

Áitítear i ndáil leis sin go ngníomhaíonn an t-iarratasóir i bhfeidhmiú ceart ginearálta shaoránaigh an Aontais maidir le trédhearcacht ghníomhaíochtaí na n-institiúidí chun an fhaisnéis riachtanach a fháil, mar a ráthaítear do shaoránaigh uile an Aontais le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún.

Thabharfadh eolas ar an litir fógra fhoirmiúil tairbhe nithiúil don iarratasóir freisin as a ceart chun faisnéise a fheidhmiú trí bheith ar an eolas, tar éis níos mó ná sé bliana, faoi na cúiseanna nár eisigh an Coimisiún aon tuairim réasúnaithe fós.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh na prionsabail maidir le rochtain ar dhoiciméid institiúidí an Aontais a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 1 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 42 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a leagtar síos in Airteagal 1 agus sa tríú fleasc d’Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 — leas ginearálta a bheith ann i rochtain ar litir fógra fhoirmiúil bhreise an 15 Iúil 2022.

I dtaca leis sin, áitítear go bhfuil leas ginearálta agus sáraitheach ag baint leis an gceart chun faisnéise, is é sin, fios a bheith aige ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin agus Phoblacht na hIodáile i réimse neamhspleáchais bhreithiúnaigh, ar coinníoll bunúsach de chuid an smachta reachta é, agus is mar thoradh air sin nach mór na rialacha maidir le heisiamh ón gceart rochtana a léirmhíniú go cúng.

Thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faoi deara cheana féin le breithiúnais an 16 Iúil 2020 agus an 7 Aibreán 2022, mí-oiriúnacht iomlán chóras na rialacha lena rialaítear na breithiúna oinigh san Iodáil, agus go háirithe breithiúna oinigh na síochána, le sárú ar phrionsabal na coinníollachta.

Tá sé contrártha leis na rialacha maidir le trédhearcacht agus scaipeadh doiciméad de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh a shéanadh go bhfuil leas sáraitheach poiblí ann ní na doiciméid rúnda agus an malartú idirphlé idir Poblacht na hIodáile agus an Coimisiún a chur ar an eolas, ach na hagóidí a rinneadh sa litir fógra fhoirmiúil bhreise an 15 Iúil 2022, ar cuireadh béim air sa phreas náisiúnta agus a bhí ina ábhar do chumarsáid achomair a d’eisigh an Coimisiún Eorpach féin.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh an oibleagáid cúiseanna a lua maidir le gníomhartha na n-institiúidí Eorpacha.

Áitítear i ndáil leis sin, trí scrúdú a dhéanamh ar an ráiteas ar chúiseanna atá leis na gníomhartha, gur féidir na páirtithe leasmhara go léir a chur i riocht ina bhfuil a fhios acu agus ina bhfuil tuiscint acu faoin gcaoi a gcuireann na hinstitiúidí an Conradh chun feidhme, ós rud é go bhfuil feidhm mhaoirseachta agus feidhm rannpháirtíochta araon ag an oibleagáid cúiseanna a lua a mhéid, trí na measúnuithe a rinneadh sular glacadh gníomhartha na n-institiúidí a shoiléiriú, go rannchuidítear leis an easnamh daonlathach sin a chonspóidtear go minic san Aontas a mhaolú.

Sáraíodh na prionsabail lena rialaítear an ráiteas ar chúiseanna, ós rud é nach ndearna an Coimisiún ach tásca a bhí an-ghinearálta agus steiréitipiciúla a leagan amach maidir leis an bhfáth go mbainfí an bonn den “timpeallacht muiníne” sin dá nochtfaí an litir fógra fhoirmiúil bhreise an 15 Iúil 2022, agus freagra a thabhairt trí fhoirm ina raibh beagán faisnéise san áireamh agus gan aon fhaisnéis a bheith ann lena gcuirfí ar chumas an iarratasóra agus na Cúirte Ginearálta fíor-athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na bhforas le haghaidh diúltaithe nach bhfuil réasúnaithe leordhóthanach aige, go háirithe maidir leis na cúiseanna lena gcuirfí cosc ar nochtadh páirteach an bhirt ar a laghad, rud a nochtadh go páirteach sa phacáiste maidir le sárú an 15 Iúil 2022, fiú ar bhealach nach gceadófar an t-ábhar agus na cúiseanna breise leis na gearáin a rinneadh i gcoinne na hIodáile a thuiscint.

Ní luaitear go soiléir sa diúltú rochtana a chonspóidtear na cúiseanna ar a bhfuil sé bunaithe, a mbunús dlí, na himthosca fíorasacha agus an tslí inar cuireadh na leasanna ábhartha éagsúla san áireamh, ós rud é go ndéanann an diúltú difear d’fheidhmiú na gceart dá bhforáiltear in Airteagal 17 agus in Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus is é an toradh a bhíonn air sin, ós rud é go bhforchuirtear leis an ngníomh arna ghlacadh teorannú ar an gceart atá aitheanta ag an gConradh ar an iarratasóir, arb é atá ann na cearta sin a chomhbhrú, ní mór don ráiteas ar na cúiseanna a bheith níos déine, níos cruinne agus níos beaichte chun na roghanna a shoiléiriú.


(1)  IO 2001 L 145, lch. 43.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/38


Caingean arna tabhairt an 30 Meán Fómhair 2022 – an Chipir v EUIPO – Cemet (Halime)

(Cás T-615/22)

(2022/C 432/45)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Poblacht na Cipire (ionadaithe: S. Malynicz, Abhcóide Dlí, agus C. Milbradt, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Cemet Oy (Heilsincí, an Fhionlainn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha an Aontais Eorpaigh Halime – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 241 593

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 28 Meitheamh 2022 i gCás R 121/2022-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú go n-iompróidh EUIPO agus an páirtí eile sna himeachtaí os comhair EUIPO (má ghlacann sé páirt mar idiragraí) a gcostais féin agus go n-íocfaidh siad costais an iarratasóra.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sháraigh an Bord Achomhairc Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Airteagal 27 de Threoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna (1) trí neamhaird a dhéanamh den fhíoras gur marcanna deimhniúcháin a bhí sna marcanna níos luaithe, ní marcanna aonair;

Sháraigh an Bord Achomhairc Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Airteagal 27 de Threoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ina anailís ar an dóchúlacht go mbeidh mearbhall ann;

Rinne an Bord Achomhairc earráid faoi Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le linn dó anailís a dhéanamh ar shainiúlacht na marcanna deimhniúcháin níos luaithe;

Sháraigh an Bord Achomhairc Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí chomparáid earráideach a dhéanamh idir na hearraí agus na seirbhísí faoi seach.


(1)  IO 2015 L 336, lch. 1.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/39


Ordú na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Synthomer v an Coimisiún

(Cás T-457/19) (1)

(2022/C 432/46)

Teanga an cháis: an Béarla

D’ordaigh Uachtarán an Dara Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.


(1)  IO C 312, 16.9.2019.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/39


Ordú na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Hikma Pharmaceuticals agus Hikma Pharmaceuticals International v an Coimisiún

(Cás T-712/19) (1)

(2022/C 432/47)

Teanga an cháis: an Béarla

D’ordaigh Uachtarán an Dara Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.


(1)  IO C 10, 13.1.2020.


14.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 432/39


Ordú na Cúirte Ginearálta 14 Meán Fómhair 2022 – The Weir Group agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás T-718/19) (1)

(2022/C 432/48)

Teanga an cháis: an Béarla

D’ordaigh Uachtarán an Dara Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.


(1)  IO C 10, 13.1.2020.