ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
Clár |
Leathanach |
|
|
IV Fógraí |
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh |
|
2022/C 418/01 |
|
V Fógairtí |
|
|
NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE |
|
|
Cúirt Bhreithiúnais |
|
2022/C 418/02 |
||
2022/C 418/03 |
||
2022/C 418/04 |
||
2022/C 418/05 |
||
2022/C 418/06 |
||
2022/C 418/07 |
||
2022/C 418/08 |
||
2022/C 418/09 |
||
2022/C 418/10 |
||
2022/C 418/11 |
||
2022/C 418/12 |
||
2022/C 418/13 |
||
2022/C 418/14 |
||
2022/C 418/15 |
||
2022/C 418/16 |
Cás C-576/22: Caingean arna tionscnamh an 30 Lúnasa 2022 – An Coimisiún Eorpach v Ríocht na Spáinne |
|
|
Chúirt Ghinearálta |
|
2022/C 418/17 |
||
2022/C 418/18 |
||
2022/C 418/19 |
||
2022/C 418/20 |
||
2022/C 418/21 |
||
2022/C 418/22 |
||
2022/C 418/23 |
||
2022/C 418/24 |
||
2022/C 418/25 |
||
2022/C 418/26 |
||
2022/C 418/27 |
||
2022/C 418/28 |
||
2022/C 418/29 |
||
2022/C 418/30 |
||
2022/C 418/31 |
||
2022/C 418/32 |
||
2022/C 418/33 |
||
2022/C 418/34 |
||
2022/C 418/35 |
||
2022/C 418/36 |
||
2022/C 418/37 |
||
2022/C 418/38 |
||
2022/C 418/39 |
||
2022/C 418/40 |
||
2022/C 418/41 |
||
2022/C 418/42 |
||
2022/C 418/43 |
||
2022/C 418/44 |
||
2022/C 418/45 |
||
2022/C 418/46 |
||
2022/C 418/47 |
||
2022/C 418/48 |
||
2022/C 418/49 |
||
2022/C 418/50 |
||
2022/C 418/51 |
||
2022/C 418/52 |
Cás T-508/22: Caingean arna tabhairt an 19 Lúnasa 2022 – an Spáinn v an Coimisiún |
|
2022/C 418/53 |
Cás T-530/22: Caingean arna tabhairt an 28 Lúnasa 2022 – Medel v an Chomhairle |
|
2022/C 418/54 |
||
2022/C 418/55 |
||
2022/C 418/56 |
Cás T-533/22: Caingean arna tabhairt an 28 Lúnasa 2022 – Rechters voor Rechters v an Chomhairle |
|
2022/C 418/57 |
||
2022/C 418/58 |
||
2022/C 418/59 |
||
2022/C 418/60 |
||
2022/C 418/61 |
||
2022/C 418/62 |
||
2022/C 418/63 |
Cás T-554/22: Caingean arna tabhairt an 1 Meán Fómhair 2022 – Carmeuse Holding v an Coimisiún |
|
2022/C 418/64 |
||
2022/C 418/65 |
||
2022/C 418/66 |
Cás T-562/22: Caingean arna tabhairt an 9 Meán Fómhair 2022 – Noah Clothing v EUIPO – Noah (NOAH) |
|
2022/C 418/67 |
Cás T-567/22: Caingean arna tabhairt an 14 Meán Fómhair 2022 – ATPN v an Coimisiún |
|
2022/C 418/68 |
Cás T-568/22: Caingean arna tabhairt an 15 Meán Fómhair 2022 – XNT v EUIPO – Exane (EXANE) |
|
2022/C 418/69 |
Cás T-585/22: Caingean arna tabhairt an 20 Meán Fómhair 2022 – Trus v EUIPO – Unilab (ARTRESAN) |
|
2022/C 418/70 |
Cás T-567/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 26 Iúil 2022 – WG v EUIPO |
GA |
|
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/1 |
Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
(2022/C 418/01)
Foilseachán deiridh
Foilseacháin stairiúla
Is féidir teacht ar na téacsanna sin anseo:
EUR-Lex: http://eur-lex.europa.eu
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE
Cúirt Bhreithiúnais
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/2 |
Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 15 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Sofiyski rayonen sad — an Bhulgáir) – Imeachtaí coiriúla in aghaidh HN
(Cás C-420/20) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla - Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Airteagal 47 agus Airteagal 48 - an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint - Airteagal 6 - Treoir (AE) 2016/343 - Gnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta a neartú mar aon leis an gceart bheith i láthair ag an triail in imeachtaí coiriúla - Airteagal 8 - An ceart a bheith i láthair ag an triail - Cinneadh um fhilleadh lena ngabhann toirmeasc ar theacht isteach cúig bliana - Coinníollacha chun triail a sheoladh in éagmais an duine lena mbaineann - Oibleagáid a bheith i láthair ag an triail dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta)
(2022/C 418/02)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Rayonen Sofiyski sad
Páirtí sna príomhimeachtaí coiriúla
HN
I láthair: Sofiyska rayonna prokuratura
An chuid oibríochtúil
1) |
Ní mór Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le gnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta a neartú mar aon leis an gceart bheith i láthair ag an triail in imeachtaí coiriúla a léiriú sa chiall nach gcuirtear cosc ar reachtaíocht Ballstáit lena bhforáiltear don oibleagáid ar dhaoine ar amhrastaigh agus ar dhaoine atá cúisithe in imeachtaí coiriúla a bheith i láthair ag a dtriail. |
2) |
Ní mór Airteagal 8(2) de Threoir (AE) 2016/343 a léiriú sa chiall go gcuirtear cosc ar reachtaíocht Ballstáit lena gceadaítear triail a sheoladh in éagmais an duine a bhfuil amhras faoi nó an duine atá cúisithe, i gcás ina bhfuil an duine sin lasmuigh den Bhallstát sin agus nach bhfuil sé in ann teacht isteach i gcríoch an Bhallstáit sin, mar gheall ar thoirmeasc ar theacht isteach arna ghlacadh ina choinne ag údaráis inniúla an Bhallstáit sin. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/3 |
Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 15 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Varhoven administrativen sad – an Bhulgáir) – Veridos GmbH v Ministar na vatreshnite raboti na Republika Bulgaria, Mühlbauer ID Services GmbH – S&T
(Cás C-669/20) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 2009/81/CE - Dámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse - Airteagail 38 agus 49 - Oibleagáid chun cinntiú gurb ann do thairiscint thar a bheith íseal - Critéir mheasúnaithe ar nádúr thar a bheith íseal de thairiscint a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta - Neamhfheidhmeacht - Ceanglas nach mór trí thairiscint a bheith ann ar a laghad - Critéir atá bunaithe ar an gceanglas nach mór tairiscint a bheith breis is 20 % níos buntáistí ná meánluach na dtairisicintí arna dtíolacadh ag na tairgeoirí eile - Athbhreithniú breithiúnach)
(2022/C 418/03)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Varhoven administrativen sad
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Veridos GmbH
Cosantóirí: Ministar na vatreshnite raboti na Republika Bulgaria, Mühlbauer ID Services GmbH – S&T
An chuid oibríochtúil
1. |
Maidir le hAirteagail 38 agus 49 de Threoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ceanglaítear ar na húdaráis chonarthacha, i gcás amhras gur tairiscint thar a bheith íseal atá ann, a chinntiú gurb amhlaidh atá, agus na heilimintí ábhartha uilig den ghlao ar thairiscintí agus den sonraíocht táirge á gcur san áireamh, gan tionchar ag do-dhéantacht na critéir dá bhforáiltear chuige sin le reachtaíocht náisiúnta a chur i bhfeidhm, nó ag an méid tairiscintí a chuirtear isteach i dtaca leis sin. |
2. |
Maidir le hAirteagal 55(2) de Threoir 2009/81, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: gur féidir, sa chás nár chuir údarás conarthach tús le nós imeachta fíorúcháin maidir le nádúr thar a bheith íseal féideartha de thairiscint, ar an bhforas gur cheap sé nach raibh aon cheann de na tairiscintí a cuireadh isteach thar a bheith íseal, a mheasúnú a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach i gcomhthéacs achomhairc i gcoinne an chinnidh an conradh atá i gceist a dhámhachtain. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/4 |
Breithiúnas na Cúirte (Ceathrú Dlísheomra) an 15 Meán Fómhair 2022 — Colin Brown v an Coimisiún Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh
(Cás C-675/20 P) (1)
(Achomharc - Státseirbhís - Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh - Airteagal 4(1)(a) agus (b) - Oifigeach de chuid an Aontais ar náisiúnach é de Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus a raibh gnáthchónaí air i Stát a áite fostaíochta le linn na 10 mbliana sular tháinig sé i mbun seirbhíse - Tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach - An t-oifigeach sin de chuid an Aontais Eorpaigh a fháil de náisiúntacht Stát a áite fostaíochta - An ceart chun íocaíocht an liúntais easaoránachta a tharraingt siar - An ceart chun íocaíocht an liúntais easaoránachta a tharraingt siar - Caingean le haghaidh neamhniú)
(2022/C 418/04)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: Colin Brown (ionadaí: I. Van Damme, advocaat)
Páirtithe eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: T. S. Bohr agus D. Milanowska, i gcáil Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Alver agus M. Bauer, i gcáil Gníomhairí)
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don achomharc; |
2. |
Ordaítear do Colin Brown a chostais féin a íoc agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc; |
3. |
Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh a costais féin a íoc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/4 |
Breithiúnas na Cúirte (an Dara dlísheomra) an 15 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Income Tax Tribunal of Gibraltar (an Ríocht Aontaithe) – an Ríocht Aontaithe) – Fossil (Gibraltar) Limited v Commissioner of Income Tax
(Cás C-705/20) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Státchabhair - Scéimeanna cabhrach arna gcur i bhfeidhm ag rialtas Ghiobráltar maidir le cáin ioncaim corparáidí - Cinneadh (AE) 2019/700 - Neamhchánachas leasanna neamhghníomhacha agus dleachtanna - Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach lena ndearbhaítear go bhfuil an scéim cabhrach mídhleathach agus ar neamhréir leis an margadh inmheánach - Oibleagáid aisghabhálacha - Raon feidhme - Foráil náisiúnta nach raibh faoi réirimscrúdú an Choimisiúin maidir leis an Státchabhair a bhí i gceist - Fritháireamh na cánach a íocadh thar lear d’fhonn cáin dúbailte a sheachaint)
(2022/C 418/05)
Teanga an cháis: an Béarla
An chúirt a rinne an tarchur
Income Tax Tribunal of Gibraltar (an Ríocht Aontaithe)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Fossil (Gibraltar) Limited
Cosantóir: Commissioner of Income Tax
An chuid oibríochtúil
Ní mór Cinneadh (AE) 2019/700 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le státchabhair SA.34914 (2013/C) arna chur chun feidhme ag an Ríocht Aontaithe a mhéid a bhaineann sé le scéim cánach corparáide an Ghiobráltar,
a léiriú amhail:nach gcuirtear cosc leis ar na húdaráis náisiúnta atá freagrach as aisghabháil cabhair ón tairbhí ar cabhair mídhleathach é atá ar neamhréir leis an margadh inmheánach foráil náisiúnta a chur i bhfeidhm lena leagtar síos córas fritháireamh na gcánacha atá íoctha ag an tairbhí sin thar lear a ndlitear dó sa Ghiobráltar, nuair atá an cuma air go raibh an feidhm ag an bhforáil tráth na ngníomhaíochtaí i gceist.
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/5 |
Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 15 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État — an Fhrainc) — Fédération des entreprises de la beauté v Agence nationale de sécurité du médicament et des produits de santé (ANSM)
(Cás C-4/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Comhfhogasú reachtaíochta - Táirgí cosmaideacha - Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 - Airteagal 27 - Clásal coimirce - Airteagal 27(1) - Raon feidhme - Bearta náisiúnta coimirce sealadacha - Beart ginearálta - Cur i bhfeidhm maidir le catagóir táirgí cosmaideacha ina bhfuil an tsubstaint chéanna - Beart aonair - Cur i bhfeidhm maidir le táirge cosmaideach sainaitheanta - Beart náisiúnta sealadach lena bhforchuirtear sonraí áirithe maidir le lipéadú catagóire de tháirgí neamhchorrtha ina bhfuil feanocsa-eatánól)
(2022/C 418/06)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Conseil d'État
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Fédération des entreprises de la beauté
Cosantóir: Agence nationale de sécurité du médicament et des produits de santé (ANSM)
An chuid oibríochtúil
Ní mór Airteagal 27(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha a léiriú sa chaoi nach gceadaítear d’údarás inniúil Ballstáit bearta sealadacha ginearálta a ghlacadh a bhfuil feidhm acu maidir le catagóir táirgí ina bhfuil an tsubstaint chéanna.
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/6 |
Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 15 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof – an Ostair) – Uniqa Versicherungen AG v VU
(Cás C-18/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta - Ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta - Rialachán Uimh. 1896/2006 - Airteagal 16(2) - Teorann ama 30 lá inar féidir ráiteas freasúra a thaisceadh in aghaidh an ordaithe íocaíochta Eorpaigh - Airteagal 20 - Nós imeachta athbhreithniúcháin - Airteagal 26 - Cur i bhfeidhm an dlí náisiúnta le haghaidh cúrsaí nós imeachta nach gclúdaítear iad leis an Rialachán seo - Paindéim COVID-19 - Rialachán náisiúnta lena bhforáiltear do chúpla sheachtain mar shos i dteorainn ama do nós imeachta in ábhair shibhialta)
(2022/C 418/07)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Oberster Gerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Uniqa Versicherungen AG
Cosantóir: VU
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagail 16, 20 agus 26 de Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena gcruthaítear ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta, arna leasú le Rialachán (AE) 2015/2421 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:ní chuirtear bac leo ar chur i bhfeidhm rialachán náisiúnta, arna ghlacadh tráth ráig phandéim COVID-19 agus lena cuireadh isteach ar na teoireannacha ama do nósanna imeachta i gcúrsaí sibhialta ar feadh cúig seachtaine nó mar sin de, i leith teorainn ama 30 lá inar féidir leis an gcosantóir ráiteas freasúra a thaisceadh in aghaidh ordaithe íocaíochta Eorpaigh de bhonn Airteagal 16(2) den Rialachán sin.
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/6 |
Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 15 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón gCúirt Uachtarach — Éire) – SRS, AA v an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais
(Cás C-22/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 2004/38/CE - Ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát - Airteagal 3(2), an chéad fhomhír, pointe (a) - Coincheap maidir le ball teaghlaigh eile atá mar bhall de theaghlach shaoránach an Aontais arb é príomhthairbhí an chirt cónaithe é’ - Critéir mheasúnaithe)
(2022/C 418/08)
Teanga an cháis: an Béarla
An chúirt a rinne an tarchur
An Chúirt Uachtarach
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: SRS, AA
Cosantóir: An tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais
An chuid oibríochtúil
Ní mór pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) de Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 73/148/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/365/CEE, 90/364/CEE agus 93/96/CEE,
a léiriú sa chiall:
go bhfreagraíonn an coincheap maidir le “ball teaghlaigh eile atá mar bhall de theaghlach shaoránach an Aontais arb é príomhthairbhí an chirt cónaithe é” dá dtagraítear san fhoráil sin, do dhaoine a bhfuil caidreamh cleithiúnais acu leis an saoránach sin, bunaithe ar dhlúthnaisc phearsanta chobhsaí, cruthaithe laistigh den teaghlach céanna, i gcomhthéacs saol teaghlaigh comhroinnte a bhfuil níos mó i gceist leis ná comhchónaí sealadach amháin, a dhéantar ar mhaithe le cúiseanna áise amháin.
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/7 |
Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 13 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Ustavno sodišče Republike Slovenije – An tSlóivéin) – Banka Slovenije
(Cás C-45/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - An Córas Eorpach Banc Ceannais - Banc Ceannais Náisiúnta - Treoir 2001/24/CE - Institiúidí creidmheasa a atheagrú agus a fhoirceannadh - Cúiteamh i leith damáiste a rinneadh mar thoradh ar bhearta atheagrúcháin arna nglacadh - Airteagal 123 CFAE agus Airteagal 21.1 de Phrótacal (Uimh. 4) maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh. - Toirmeasc ar mhaoiniú airgeadaíochta Bhallstáit an limistéir euro - Airteagal 130 CFAE agus Airteagal 7 den Phrótacal sin - Neamhspleáchas - Nochtadh faisnéise rúnda)
(2022/C 418/09)
Teanga an cháis: an tSlóivéinis
An chúirt a rinne an tarchur
Ustavno sodišče Republike Slovenije
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Banka Slovenije
Idiragraithe: Državni zbor Republike Slovenije
An chuid oibríochtúil
1) |
Ní mór Airteagal 123(1) CFAE agus Airteagal 21.1 den Phrótacal (Uimh. 4) maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, a léirmhíniú sa chiall nach gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go bhfuil banc ceannais náisiúnta ar leis an gCóras Eorpach Banc Ceannais é, faoi dhliteanas, óna chistí dílse, as damáiste a bhain d’iarshealbhóirí ionstraimí airgeadais a chealaigh sé de bhun bearta atheagrúcháin, de réir bhrí Threoir 2001/24 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2001 maidir le hinstitiúidí creidmheasa a atheagrú agus a fhoirceannadh, arna n-ordú ag an mbanc ceannais sin, i gcás ina ndealraíonn sé, in imeachtaí breithiúnacha ina dhiaidh sin, nach raibh gá leis an gcealú sin chun cobhsaíocht an chórais airgeadais a áirithiú, nó gur bhain caillteanais níos mó do na hiarshealbhóirí ionstraimí airgeadais sin, mar thoradh ar an gcealú sin, ná mar a thabhóidís i gcás fhéimheacht na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann, a mhéid nach bhfuil an banc ceannais sin faoi dhliteanas ach amháin i gcás gur ghníomhaigh sé, nó na daoine a d’údaraigh sé chun gníomhú thar a cheann, agus é nó iad ag déanamh sárú tromchúiseach ar a dhualgas nó a ndualgas díchill. |
2) |
Ní mór Airteagal 123(1) CFAE agus Airteagal 21.1 de Phrótacal (Uimh. 4) maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh a léiriú sa chiall go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go bhfuil banc ceannais náisiúnta ar le CEBC é faoi dhliteanas, as a chistí féin, laistigh de theorainneacha réamhshocraithe, sa damáiste a bhain d'iarshealbhóirí ionstraimí airgeadais a chealaigh sé de bhun bearta atheagrúcháin, de réir bhrí Threoir 2001/24, arna n-ordú ag an mbanc ceannais sin, ar na coinníollacha seo amháin:
|
3) |
Ní mór Airteagal 130 CFAE agus Airteagal 7 de Phrótacal (Uimh. 4) maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh a léiriú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go bhfuil banc ceannais náisiúnta, ar leis an gCóras Eorpach Banc Ceannais é, faoi dhliteanas i leith damáiste a eascraíonn as cealú ionstraimí airgeadais, de bhun bearta atheagrúcháin, de réir bhrí Threoir 2001/24, arna n-ordú ag an mbanc ceannais sin, le haghaidh méid ar dóigh dó difear a dhéanamh dá chumas a chúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach agus arna mhaoiniú, in ord tosaíochta, tríd an méid seo a leanas:
|
4) |
Ní mór Airteagal 33 de Threoir 2001/24, Airteagail 44 go 52 de Threoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí creidmheasa agus leanúint den ghnó sin, agus Airteagail 53 go 62 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 26 Meitheamh 2013, maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE, ar léirmhíniú ar chaoi a gciallaíonn: nach bhfuil na rialacha a leagtar amach sna hAirteagail sin infheidhme maidir le faisnéis a fhaightear nó a cruthaíodh le linn chur chun feidhme beart atheagrúcháin, de réir bhrí Threoir 2001/24, nach raibh faoi réir nósanna imeachta faisnéise nó comhairliúcháin dá bhforáiltear in Airteagail 4, 5, 8, 9, 11 agus 19 den Treoir sin. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/8 |
Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 15 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Wien – an Ostair) – FK
(Cás C-58/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Comhordú na gcóras slándála sóisialta - Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 - Airteagal 13 - An reachtaíocht is infheidhme a chinneadh - Aontú idir an Comhphobal Eorpach agus a chuid Ballstát, ar lámh amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, ar an lámh eile, maidir le saorghluaiseacht daoine - Iarscríbhinn II - Airteagal 1(2) - Duine ag cleachtadh gairm an dlíodóra a bhfuil lárionad leasa a chuid nó a cuid gníomhaíochtaí príobháideacha agus proifisiúnta san Eilvéis agus a chleachtann an ghairm sin in dá Bhallstát eile freisin - Iarratas go mbronnfar pinsean luathscoir - Reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear ar an duine atá i gceist cleachtadh na gairme sin ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann agus thar lear a tharscaoileadh)
(2022/C 418/10)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Verwaltungsgericht Wien
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: FK
Páirtí leasmhar: Rechtsanwaltskammer Wien
An chuid oibríochtúil
1. |
Níl feidhm ag na rialacha easaontachta a leagtar síos in Airteagal 13(2) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta i leith cás duine atá bunaithe sa Bhallstát ina bhfuil lárionad leasa a ghníomhaíochtaí nó a gníomhaíochtaí freisin, fad is a bhfuil gníomh – atá dáilte go míchothrom – á cleachtadh ag an duine sin in dá Bhallstát, inár gá fáil amach an bhfuil cearta díreacha ag an duine sin trí institiúidí cheann den dá Bhallstát sin toisc ranníocaíochtaí a bheith déanta acu le linn tréimhse áirithe. |
2. |
Ní mór Airteagail 45 agus 49 CFAE a léiriú amhail go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear bronnadh an phinsin luathscoir de choinníoll ar an duine atá i gceist cleachtadh na gairme sin mar dhlíodóir a tharscaoileadh, gan, go sonrach, an Ballstát ina cleachtar an ghníomh atá i gceist a chur san áireamh. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/9 |
Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 15 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas — an Liotuáin) – UAB “HA.EN.” v Valstybinė mokesčių inspekcija prie Lietuvos Respublikos finansų ministerijos
(Cás C-227/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Cáin bhreisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - An ceart chun CBL ionchuir a asbhaint - Díolachán réadmhaoine idir daoine inchánach - Díoltóir faoi réir imeachtaí dócmhainneachta - An cleachtas náisiúnta maidir leis an gceart asbhaint a dhiúltú don cheannaitheoir ar an bhforas go raibh a fhios aige nó gur cheart go mbeadh a fhios aige maidir le deacrachtaí an díoltóra CBL aschuir a íoc - Calaois agus mí-úsáid an chirt - Coinníollacha)
(2022/C 418/11)
Teanga an cháis: an Liotuáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: UAB “HA.EN.”
Cosantóir: Valstybinė mokesčių inspekcija prie Lietuvos Respublikos finansų ministerijos
An chuid oibríochtúil
Ní mór Airteagal 168 (a) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, arna léamh i gcomhar le prionsabal na neodrachta fioscaí,
a léiriú sa chiall:
go gcuirtear cosc ar chleachtas náisiúnta arb é atá ann, i gcomhthéacs réadmhaoine a dhíol idir daoine inchánach, an ceart a dhiúltú don cheannaitheoir cáin bhreisluacha (CBL) a asbhaint ar an bhforas amháin go raibh a fhios aige nó gur cheart go mbeadh a fhios aige go raibh deacracht airgeadais ag an díoltóir, nó fiú i gcás dócmhainneachta, agus go bhféadfadh sé a bheith mar thoradh ar sin nach n-íocfadh an díoltóir nó nach mbeadh sé in ann CBL a íoc isteach sa Státchiste.
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/10 |
Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 15 Meán Fómhair 2022 – PNB Banka AS v Banc Ceannais na hEorpa
(Cás C-326/21 P) (1)
(Achomharc - Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta - Maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa - Imeachtaí dócmhainneachta - Diúltú Bhanc Cheannais na hEorpa (BCE) d’iarraidh bhord stiúrthóirí institiúid creidmheasa ar ordú lena dtugtar treoir do riarthóir dócmhainneachta na hinstitiúide sin chun rochtain a thabhairt don dlíodóir atá údaraithe ag an mbord sin ar áitreabh, eolas, fhoireann agus achmhainní na hinstitiúide sin a dheonú - Inniúlacht údar an bhirt - Airteagal 263 CFAE - Beart a d’fhéadfadh a bheith faoi réir caingean le haghaidh neamhniú indéanta - Do-ghlacthacht)
(2022/C 418/12)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: PNB Banka AS (ionadaí: O. Behrends, Rechtsanwalt)
Páirtí eile sna himeachtaí: Banc Ceannais na hEorpa (ionadaithe: F. Bonnard, V. Hümpfner agus E. Koupepidou, i gcáil Gníomhairí)
Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Poblacht na Laitvia (ionadaithe: J. Davidoviča, I. Hūna gus K. Pommere, i gcáil Gníomhairí)
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don achomharc; |
2. |
Ordaítear do PNB Banka AS a chostais féin a íoc chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Banc Ceannais na hEorpa (BCE). |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/10 |
Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 15 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Spetsializiran nakazatelen sad — an Bhulgáir) – Imeachtaí coiriúla in aghaidh DD
(Cás C-347/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla - Treoir (AE) 2016/343 - Gnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta a neartú mar aon leis an gceart bheith i láthair ag an triail in imeachtaí coiriúla - Airteagal 8(1) - An ceart atá ag duine cúisithe a bheith i láthair ag an triail - Éisteacht le finné ionchúisimh agus an duine cúisithe as láthair - Indéantacht an sárú ar cheart a leigheas ag céim níos déanaí de na himeachtaí - Éisteacht bhreise an fhinné chéanna - Treoir 2013/48/AE - An ceart chun rochtain a fháil ar dhlíodóir in imeachtaí coiriúla - Airteagal 3(1) - Éisteacht le finné ionchúisimh agus dlíodóir an duine cúisithe as láthair)
(2022/C 418/13)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Spetsializiran nakazatelen sad
Páirtí sna himeachtaí coiriúla
DD
Tríú páirtí: Spetsializirana prokuratura
An chuid oibríochtúil
Ní mór Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le gnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta a neartú mar aon leis an gceart bheith i láthair ag an triail in imeachtaí coiriúla agus Airteagal 3(1) de Threoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir leis an gceart rochtana ar dhlíodóir in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus leis an gceart chun tríú páirtí a chur ar an eolas maidir le cailleadh saoirse agus chun cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalachta nuair a chailltear an tsaoirse,
a léiriú sa chiall
más rud é, d’fhonn a áirithiú go gcosnófar ceart an duine atá cúisithe a bheith i láthair ag a thriail agus an ceart chun rochtain a fháil ar dhlíodóir, go mbeidh éisteacht bhreise d’fhinné ionchúisimh ag an gcúirt náisiúnta, sa mhéid nach raibh, ar chúiseanna nach raibh neart acu orthu, an duine atá cúisithe agus a dhlíodóir in ann freastal ar éisteacht an fhinné sin roimhe sin, gur leor go bhféadfaidh an duine atá cúisithe agus a dhlíodóir an finné sin a cheistiú faoi shaoirse, ar choinníoll go mbeidh cóip de mhiontuairiscí éisteacht an fhinné sin roimhe sin curtha ar fáil don duine atá cúisithe agus dá dhlíodóir roimh an éisteacht bhreise sin. Sna himthosca sin, ní gá an éisteacht a dhéanamh athuair ina hiomláine, a reáchtáladh in éagmais an duine atá cúisithe agus a dhlíodóir trí na gníomhartha nós imeachta a rinneadh le linn na héisteachta sin a neamhbhailíochtú.
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/11 |
Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 15 Meán Fomhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Bayerisches Oberstes Landesgericht – an Ghearmáin) – Landkreis A.-F. v J. Sch. Omnibusunternehmen, K. Reisen GmbH
(Cás C-416/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Nósanna imeachta soláthair phoiblí - Treoir 2014/24/AE - An chéad fhomhír d’Airteagal 57(4)(d) - Forais roghnacha i gcomhair eisiamh - Comhaontuithe le hoibritheoirí eacnamaíocha eile chun iomaíocht a shaobhadh - Treoir 2014/25/AE - Airteagal 36(1) - Prionsabail na comhréireachta agus an chaithimh chothroim le tairgeoirí - Airteagal 80(1) - Úsáid forais i gcomhair eisiamh agus critéir roghnúcháin dá foráiltear le Treoir 2014/24/AE - Tairgeoirí ar aonad eacnamaíoch iad agus a chuir tairiscintí leithleacha isteach nach raibh uathrialach nó neamhspleách - An gá atá le comharthaí sochreidte go leor chun a dhearbhú gur sáraíodh Airteagal 101 CFAE)
(2022/C 418/14)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bayerisches Oberstes Landesgericht
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Landkreis A.-F.
Cosantóirí: J. Sch. Omnibusunternehmen, K. Reisen GmbH
Idirghabhálaí: E. GmbH & Co. KG
An chuid oibríochtúil
1. |
Maidir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 57(4)(d) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE, arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2365 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2017, arna léamh i gcomhar leis an triú fomhír d’Airteagal 80(1) de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE, arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2364 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2017, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: Leis an bhforas roghnach i gcomhair eisiamh dá bhforáiltear sa chéad fhomhír d’Airteagal 57(4)(d)), clúdaítear cásanna ina bhfuil comharthaí sochreidte go leor chun a dhearbhú go bhfuil comhaontú déanta ag oibreoirí eacnamaíocha atá faoi thoirmeasc de réir Airteagal 101 CFAE, ach nach bhfuil faoi theorann eiseach ag na comhaontais dá bhforáiltear leis an Airteagal sin. |
2. |
Maidir le hAirteagal 57(4) de Threoir 2014/24, arna leasú le Rialachán Tarmligthe 2017/2365, arna léamh i gcomhar leis an triú fomhír d’Airteagal 80(1) de Threoir 2014/25, arna leasú le Rialachán Tarmligthe 2017/2364, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:Le hAirteagal 57(4), rialaítear na forais roghnacha i gcomhair eisiamh go huileghabhálach ar féidir leo bonn cirt a thabhairt le hoibritheoir eacnamaíoch a eisiamh ó nós imeachta soláthair mar gheall ar chúiseanna bunaithe ar imthosca oibiachtúla a bhaineann lena tréithe proifisiúnta, le coimhlint leasa, nó le saobhadh iomaíochta a bheadh mar thoradh air dá mbeadh sé mar chuid den nós imeachta sin. Mar sin féin, ní chuirfidh Airteagal 57(4) cosc ar phrionsabal na córa comhionainne, dá foráiltear in Airteagal 36(1) de Threoir 2014/25, arna leasú le Rialachán Tarmligthe 2017/2364, chun bac a chur ar bhronnadh an chonartha i gceist ar oibritheoirí eacnamaíocha arb aonad eacnamaíoch iad agus nach uathrialach nó neamhspleách na tairiscintí a dhéanann siad, cé go gcuirtear isteach go leithleach iad. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/12 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Vrchní soud v Praze (Poblacht na Seice) a taisceadh an 14 Iúil 2022 – Česká národní skupina Mezinárodní federace hudebního průmyslu, z. s v I&Q GROUP, spol. s r.o., Hellspy SE
(Cás C-470/22)
(2022/C 418/15)
Teanga an cháis: an tSeicis
An chúirt a rinne an tarchur
Vrchní soud v Praze
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Česká národní skupina Mezinárodní federace hudebního průmyslu, z. s.
Cosantóir: I&Q GROUP, spol. s r.o., Hellspy SE
Na ceisteanna a tharchuirtear:
1. |
An gcuirtear bac de bharr sprioad agus chuspóir Threoir 200/31/CE (1) ar Airteagal 14(1) di a léiriú sa chaoi go bhfolaíonn dliteanas soláthraí seirbhíse bailithe faisnéise (óstáil) i leith ábhar na seirbhíse sin dliteanas i leith na slí ina soláthraítear an tseirbhís sin? |
2. |
An gceadaíonn spiorad agus cuspóir Threoir 2000/31/CE d’Airteagal 14(1) di a léiriú sa chaoi nach féidir leis na rialacha maidir le dliteanas soláthraí seirbhíse bailithe faisnéise (óstáil) atá leagtha amach ann dliteanas soláthraí den sórt sin faoin dlí príobháideach a eisiamh i leith samhail ghnó áirithe a roghnú chun an tseirbhís a sholáthar, fiú dá bhféadfadh an tsamhail sin tairbhe a bhaint as sárú cóipchirt? |
3. |
An bhfuil feidhm ag an tarscaoileadh dliteanais a leagtar amach in Airteagal 14(1) de Threoir 2000/31/CE maidir le soláthraí seirbhíse bailithe faisnéise, agus roghnú uaidh trí inneall cuardaigh, i dtéarmaí dliteanais maidir le modh a sholáthair, má spreagann an modh sin an faighteoir seirbhíse chun an fhaisnéis a stóráil gan toiliú na sealbhóirí cóipchirt, ach gan rannpháirtíocht ghníomhach an tsoláthraí seirbhíse sa sárú cóipchirt? |
(1) Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (“An Treoir maidir le tráchtáil leictreonach”) (IO 2000 L 178, lch. 1).
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/13 |
Caingean arna tionscnamh an 30 Lúnasa 2022 – An Coimisiún Eorpach v Ríocht na Spáinne
(Cás C-576/22)
(2022/C 418/16)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Hermes agus E. Sanfrutos Cano, Gníomhairí)
Cosantóir: Ríocht na Spáinne
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
— |
a dhearbhú, a mhéid is nár ainmníodh mar limistéir atá i mbaol níotráite in Castilla y León, Extremadura, Galicia, Islas Baleares, Islas Canarias, Madrid agus Comunidad Valenciana, na limistéirí dobharcheantair, de réir rith chun srutha (uisce dromchla) nó de réir insíothlú (uisce faoi dhromchla), atá ábhartha do gach ceann de na pointí tomhais éillithe arna n-ainmniú san iarratas; trí mhainneachtain na bearta sainordaitheacha riachtanacha a sholáthar sna cláir ghníomhaíochta in Aragón, Castilla-La Mancha, Castilla y León, Extremadura agus Madrid, agus trí mhainneachtain bearta breise nó gníomhartha feabhsaithe a ghlacadh maidir le heotrófú, i ndáil leis an tír ar fad, agus i ndáil le truailliú níotráite, maidir leis na Comhphobail Uathrialaitheacha (Comunidades autónomas) a léiríonn treochtaí ardaitheacha i leith truailliú phointí tomhais na limistéar atá i mbaol níotráite, go háirithe Aragón, Castilla-La Mancha, Castilla y León agus Murcia, tá Ríocht na Spáinne tar éis mainneachtain a cuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 3(4) agus Airteagal 5(4) (i gcomhar le hIarscríbhinní II agus III) agus (5) de Treoir 91/676/CEE (1) ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta. |
— |
a ordú do Ríocht na Spáinne na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí maidir le neamhchomhlíonadh.
Lena chéad saincheist dlí, líomhnaíonn an Coimisiún gur mhainnigh Ríocht na Spáinne a hoibleagáidí faoi Airteagal 3(4) de Threoir 91/676/CEE a chomhlíonadh. Measann an Coimisiún gur theip ar Ríocht na Spáinne an fhoráil sin a chomhlíonadh in Castilla y León, Extremadura, Galicia, Islas Baleares, Islas Canarias, Madrid agus Comunidad Valenciana, a mhéid gurb ann fós do dhromchlaí nár ainmníodh mar limistéar atá i mbaol níotráite, ná nár áiríodh mar chuid de limistéir atá i mbaol níotráite atá ann cheana féin, in ainneoin go dtugann na sonraí a fuarthas tríd an líonra faireacháin le haghaidh truailliú de bharr níotráití de thionscnamh na hearnála talmhaíochta údar lena ainmniú/chuimsiú.
Lena dara saincheist dlí, maidir le neamhchomhlíonadh, maíonn an Coimisiún, go bunúsach, nach ndéantar foráil i gcláir ghníomhaíochta na gComhphobal Uathrialacha Aragón, Castilla-La Mancha, Castilla y León, Extremadura agus Madrid do na bearta éigeantacha uile a cheanglaítear le Treoir 91/676/CEE agus, dá bhrí sin, go bhfuil Airteagal 5(4) de á shárú. Áitíonn an Coimisiún go háirithe nach bhfuil bearta leordhóthanacha i gcláir ghníomhaíochta na gComhphobal Uathrialacha sin maidir le leasacháin a leathadh ar thalamh chlaonta agus ar fhánaí ghéara, mar a cheanglaítear le pointe A.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 91/676/CEE, dá dtagraítear in Airteagal 5(4) den Treoir sin; go bhfuil bearta fós in easnamh i gclár gníomhaíochta Extremadura maidir le stóráil shealadach aoiligh sholadaigh ar an láthair, ar chlár an leasaithe agus maidir leis an uasmhéid aoiligh a údaraítear in aghaidh an heicteáir atá le cur ar talamh, agus nach bhfuil na bearta riachtanacha ann sa chlár gníomhaíochta do Madrid maidir le stóráil shealadach leasachán soladach ar an talamh a chumhdaítear le hIarscríbhinn II agus le hIarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 91/676/CEE.
Lena tríú saincheist dlí, tá an Coimisiún den tuairim, nár ghlac Ríocht na Spáinne na bearta breise ná na gníomhaíochtaí athneartaithe a cheanglaítear le hAirteagal 5(5) de Threoir 91/676/CEE. Faoin bhforáil sin, ní mór do na Ballstáit, i gcomhthéacs clár gníomhaíochta, aon bhearta breise nó aon ghníomhaíochtaí feabhsaithe a ghlacadh a mheasfaí a bheadh riachtanach mura leor na bearta dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal sin chun truailliú a laghdú agus chun gníomhaíocht choisctheach a dhéanamh i gcoinne tuilleadh truaillithe de bharr níotráití ó fhoinsí na hearnála talmhaíochta. Measann an Coimisiún nach bhfuil na bearta breise riachtanacha glactha ag Ríocht na Spáinne ná nach bhfuil gníomhaíochtaí feabhsaithe déanta aici chun aghaidh a thabhairt ar an treocht ardaitheach i dtaca le truailliú na limistéar atá i mbaol níotráite in Aragon, Castilla-La Mancha, Castilla y León agus Murcia. Cáineann an Coimisiún Ríocht na Spáinne freisin toisc nár ghlac sí bearta breise nó feabhsaithe atá riachtanach chun eotrófú a leigheas ar fud na Spáinne, cé go léiríonn na sonraí atá ar fáil nach leor na bearta dá bhforáiltear sna cláir ghníomhaíochta chun truailliú a laghdú agus a chosc.
Chúirt Ghinearálta
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/15 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 – BNetzA v ACER
(Cás T-631/19) (1)
(Fuinneamh - Margadh inmheánach don leictreachas - Rialachán (AE) 2019/942 - Cinneadh ó Bhord Achomhairc ACER - Caingean le haghaidh neamhniú - Gníomh nach bhfuil faoi réir achomhairc - Neamh-inghlacthacht - Inniúlacht ACER - Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 - Airteagal 6(10) de Rialachán 2019/942 - Airteagal 9(12) de Rialachán (AE) 2015/1222 - An Dlí is infheidhme - Rialachán (AE) 2019/943)
(2022/C 418/17)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Bundesnetzagentur für Elektrizität, Gas, Telekommunikation, Post und Eisenbahnen (BNetzA) (Bonn, an Ghearmáin) (ionadaithe: H. Haller, N. Gremminger, L. Reiser, V. Vacha agus C. Dietz Polte, Dlíodóirí)
Cosantóir: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ionadaithe: P. Martinet agus E. Tremmel, Gníomhairí)
Maidir le:
Trína chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, ar an gCúirt go ndéanfaí Cinneadh Uimh. 02/2019 de Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar na Rialtóirí Fuinnimh (ACER) an 21 Feabhra 2019 a chur ar neamhní go páirteach, maidir le tograí oibreoirí córais tarchurtha na réigiún chun croí-acmhainn a ríomh ar mhodheolaíocht réigiúnach choiteann chun acmhainn laethúil agus ionlae a ríomh agus, ar an dara dul síos, go ndéanfaí an Cinneadh A-003-2019 de Bhord Achomhairc ACER an 11 Iúil 2019 a chur ar neamhní, ag díbhe a achomhairc i gcoinne an chinnidh bunaidh.
An chuid oibríochtúil
1. |
Tá Cinneadh A-003-2019 de Bhord Achomhairc Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) an 11 Iúil 2019 curtha ar neamhní; |
2. |
Diúltaítear don chuid eile den chaingean de bharr í a bheith neamh-inghlactha go follasach. |
3. |
Ordaítear do ACER na costais a íoc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/15 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 – Tirreno Power v an Coimisiún
(Cás T-793/19) (1)
(Státchabhair - Margadh leictreachais na hIodáile - Sásra acmhainneachta - Cinneadh gan agóidí a dhéanamh - Infhaighteacht na hacmhainne táirgthe fuinnimh leictrigh - Sásra cúitimh a mhodhnú - Deacrachtaí tromchúiseacha - Cearta nós imeachta na bpáirtithe leasmhara - Treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh don tréimhse 2014-2020)
(2022/C 418/18)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Tirreno Power SpA (an Róimh, an Iodáil) (ionadaithe: A. Clarizia, T. Ferrario, M. Vasari, P. Ziotti agus M. Pagliarulo, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Bouchagiar agus D. Recchia, Gníomhairí)
Idiragraithe, ag tacú leis an gcosantóir: Poblacht na hIodáile (ionadaithe: G. Palmieri, Gníomhaire, le cabhair ó G. Aiello, P. Garofoli agus A. Giordano, Dlíodóirí Stáit), EP Produzione SpA (an Róimh) (ionadaithe: D. Gullo agus M. Bozzo, Dlíodóirí), A2A SpA (Brescia, an Iodáil) (ionadaithe: D. Gullo agus M. Bozzo, Dlíodóirí), Edison SpA (Milano, an Iodáil) (ionadaithe: M. Luciani, G. Roberti, A. Travi, R. Villata agus I. Perego, Dlíodóirí), Enel Produzione SpA (an Róimh) (ionadaithe: V. Cannizzaro, S. Ventura agus L. Caroli, Dlíodóirí), Elettricità Futura – Unione delle imprese elettriche italiane (an Róimh) agus Utilitalia (an Róimh) (ionadaí: M. Merola, Dlíodóir), Terna – Rete elettrica nazionale SpA (an Róimh) (ionadaithe: A. Catricalà, D. Lipani, F. Sbrana, C. Cazzato, F. Baglivo agus M. Pirozzi, Dlíodóirí), Alperia Trading Srl (Bolzano, an Iodáil) (ionadaithe: M. Merola, L. Perfetti agus A. Rosi, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh C(2019) 4509 final ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2019 maidir le Státchabhair SA.53821 (2019/N) – Iodáil, modhnú ar mhargadh leictreachais na hIodáile, lenar chinn an Coimisiún gan agóidí a dhéanamh i gcoinne an chórais státchabhrach i leith an mhargaidh acmhainne modhnaithe sin, ar an bhforas go bhfuil an córas sin i gcomhréir leis an margadh inmheánach, de bhun Airteagal 107(3)(c) CFAE, agus chun an córas sin a údarú go dtí an 13 Nollaig 2028.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do Tirreno Power SpA a chostais féin a íoc chomh maith le costais an Choimisiúin Eorpaigh. |
3) |
Íocfaidh Poblacht na hIodáile a costais féin. |
4) |
Íocfaidh EP Produzione SpA, A2A SpA, Edison SpA, Alperia Trading Srl, Elettricità Futura – Unione delle imprese elettriche italiane, Terna – Rete elettrica nazionale SpA agus Enel Produzione SpA a gcostais féin. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/16 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 – Set v an Coimisiún
(Cás T-794/19) (1)
(Státchabhair - Margadh leictreachais na hIodáile - Sásra acmhainneachta - Cinneadh gan agóidí a dhéanamh - Infhaighteacht na hacmhainne táirgthe fuinnimh leictrigh - Sásra cúitimh a mhodhnú - Deacrachtaí tromchúiseacha - Cearta nós imeachta na bpáirtithe leasmhara - Treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh don tréimhse 2014-2020)
(2022/C 418/19)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Set SpA (Milano, an Iodáil) (ionadaithe: N. Aicardi, T. Ferrario agus M. Vasari, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Bouchagiar agus D. Recchia, Gníomhairí)
Idiragraithe ag tacú leis an gcosantóir: Poblacht na hIodáile (ionadaithe: G. Palmieri, Gníomhaire, le cúnamh ó G. Aiello, P. Garofoli agus A. Giordano, Dlíodóirí Stáit), EP Produzione SpA (an Róimh) (ionadaithe: D. Gullo agus M. Bozzo, Dlíodóirí), A2A SpA (Brescia, an Iodáil) (ionadaithe: D. Gullo agus M. Bozzo, Dlíodóirí), Edison SpA (Milano, an Iodáil) (ionadaithe: M. Luciani, G. Roberti, A. Travi, R. Villata agus I. Perego, Dlíodóirí), Enel Produzione SpA (an Róimh) (ionadaithe: V. Cannizzaro, S. Ventura agus L. Caroli, Dlíodóirí), Elettricità Futura – Unione delle imprese elettriche italiane (an Róimh) agus Utilitalia (an Róimh) (ionadaithe: M. Merola agus L. Perfetti, Dlíodóirí), Terna – Rete elettrica nazionale SpA (an Róimh) (ionadaithe: A. Catricalà, D. Lipani, F. Sbrana, C. Cazzato, F. Baglivo agus M. Pirozzi, Dlíodóirí), Alperia Trading Srl (Bolzano, an Iodáil) (ionadaithe: M. Merola, L. Perfetti agus A. Rosi, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh C(2019) 4509 final ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2019 maidir le Státchabhair SA.53821 (2019/N) – Iodáil, modhnú ar mhargadh leictreachais na hIodáile, lenar chinn an Coimisiún gan agóidí a dhéanamh i gcoinne an chórais státchabhrach i leith an mhargaidh acmhainne modhnaithe sin, ar an bhforas go bhfuil an córas sin i gcomhréir leis an margadh inmheánach, de bhun Airteagal 107(3)(c) CFAE, agus chun an córas sin a údarú go dtí an 31 Nollaig 2028.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do Set SpA a chostais féin a íoc chomh maith le costais an Choimisiúin Eorpaigh. |
3) |
Íocfaidh Poblacht na hIodáile a costais féin. |
4) |
Íocfaidh EP Produzione SpA, A2A SpA, Edison SpA, Alperia Trading Srl, Elettricità Futura – Unione delle imprese elettriche italiane, Terna – Rete elettrica nazionale SpA agus Enel Produzione SpA a gcostais féin. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/17 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 – WT v an Coimisiún
(Cás T-91/20) (1)
(Státseirbhís - Oifigigh - Nós imeachta araíonachta - Pionós araíonachta iomardaithe - Dualgas cúraim - Prionsabal an dea-riaracháin - Ceart chun éisteacht a fháil - Oibleagáid cúiseanna a lua - Am réasúnta - Ciapadh síceolaíoch - Prionsabal na cinnteachta dlíthiúla - Damáiste airgid agus neamhairgid)
(2022/C 418/20)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: WT (ionadaithe: V. Villante, D. Rovetta agus D. Birkenmaier, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. C. Simon agus L. Vernier, Gníomhairí)
Ábhar
Trína chaingean atá bunaithe ar Airteagal 270 CFAE, iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt, ar an gcéad dul síos, Cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh an 17 Aibreán 2019, faoinar fhorchuir an Coimisiún pionós araíonachta iomardaithe air, a chur ar neamhní agus, ar an dara dul síos, cúiteamh as an damáiste neamhábhartha a líomhnaítear a bheith fulaingthe aige mar thoradh ar an gCinneadh sin.
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
2. |
Ordaítear do WT na costais a íoc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/18 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 – an Ghréig v an Coimisiún
(Cás T-217/20) (1)
(CERT agus CETFT - Costais eisiata ó mhaoiniú - Caiteachas a rinne an Ghréig - Forbairt na tuaithe - Príomhrialuithe - Ceartuithe airgeadais ar ráta comhréidh - Oibleagáid cúiseanna a lua - Prionsabal an ionchais dhlisteanaigh - Deimhneacht dhlíthiúil - Comhréireacht - Prionsabal an dea-riaracháin)
(2022/C 418/21)
Teanga an cháis: an Ghréigis
Páirtithe
Iarratasóir: an Phoblacht Heilléanach (ionadaithe: E. Tsaousi, A.-E. Vasilopoulou agus E.-E. Krompa, i gcáil Gníomhairí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Konstantinidis, J. Aquilina agus M. Kaduczak, i gcáil Gníomhairí)
Ábhar
Trína caingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an Phoblacht Heilléanach go gcuirfí ar neamhní go páirteach Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/201 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2020 trína ndéantar caiteachas áirithe arna dhéanamh ag na Ballstáit a eisiamh ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh faoin gCiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO 2020 L 42, lch. 17).
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear don Phoblacht Heilléanach na costais a íoc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/18 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 –DD v FRA
(Cás T-470/20) (1)
(“Státseirbhís - Foireann shealadach - Rialacha araíonachta - Dífhostú - Imscrúdú riaracháin a oscailt - Imeachtaí araíonachta a thionscnamh - Ceanglas neamhchlaontachta - Earráid dlí - Earráid fhollasach measúnaithe - Airteagail 11, 12 agus 21 de na Rialacháin Foirne - Dualgas dílseachta - Cinnteacht dhlíthiúil - Saoirse chun tuairimí a nochtadh - Airteagal 11 den Chairt um Chearta Bunúsacha - Prionsabal an dea-riaracháin - Dualgas cúraim - Toimhde na neamhchiontachta - Ceart chun éisteacht a fháil - Am réasúnta - Comhréireacht an phionóis”)
(2022/C 418/22)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: DD (ionadaí: L. Levi, Dlíodóir)
Cosantóir: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (ionadaí: an tUasal O'Flaherty, Gníomhaire, le cúnamh ó B. Wägenbaur, Dlíodóir)
Maidir le:
Trína chaingean atá bunaithe ar Airteagal 270 CFAE, iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt, ar an gcéad dul síos, Cinneadh Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) an 12 Samhain 2019 faoinar fhorchuir an Ghníomhaireacht sin pionós araíonachta an dífhostaithe ar an iarratasóir, a chur ar neamhní, agus Cinneadh an 15 Aibreán 2020 ag diúltú don ghearán i gcoinne an Chinnidh cúlghairme agus, ar an taobh eile, cúiteamh as an damáiste airgid agus neamhairgid a líomhnaítear.
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean; |
2. |
Ordaítear do DD a chostais féin agus na costais a thabhaíonn Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) a íoc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/19 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 – LR v BEI
(Cás T-529/20) (1)
(Seirbhís shibhialta - Foireann BEI - Luach saothair - Liúntas athlonnaithe - An áit ina bhfuil cónaí ar sheirbhíseach a bhunú ina bhaile féin tar éis dó an tseirbhís a fhágáil - An dara fleasc den chéad mhír d’Airteagal 13 de na forálacha riaracháin is infheidhme maidir le foireann BEI - An coincheap “baile” - Léiriú litriúil de réir príomhleagan teanga - Dlínse gan teorainn - Díospóid de chineál airgeadais - Inghlacthacht)
(2022/C 418/23)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: LR (ionadaithe: J. L. Gómez de la Cruz Coll agus M. Casado García-Hirschfeld, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Banc Eorpach Infheistíochta (ionadaithe: A. V. García Sánchez agus I. Zanin, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó A. Manzaneque Valverde agus J. Rivas de Andrés, Dlíodóirí)
Ábhar
Trína chaingean atá bunaithe ar Airteagal 270 CFAE agus ar Airteagal 50a de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, iarrann an t-iarratasóir, ar dtús, go gcuirfí cinneadh an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) an 9 Eanáir 2020 trínar diúltaíodh dó leas an liúntais athlonnaithe, ar neamhní, agus, anuas air sin, go n-ordófaí do BEI an liúntas athlonnaithe a íoc, mar aon le hús mainneachtana arna ríomh ag ráta an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) móide 2 phointe.
An chuid oibríochtúil
1) |
Cuirtear cinneadh an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) an 9 Eanáir 2020 trínar diúltaíodh do LR leas an liúntais athlonnaithe ar neamhní. |
2) |
Ordaítear do BEI an cúiteamh dá dtagraítear i mír 1 den chuid oibríochtúil a íoc le LR, móide ús réamhshocraithe, ón 4 Meán Fómhair 2019 go dtí dáta na híocaíochta iarbhír, de réir an ráta arna shocrú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) do na príomhoibríochtaí athmhaoinithe is infheidhme le linn na tréimhse lena mbaineann, móide 2 phointe. |
3) |
Ordaítear do BEI na costais a íoc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/20 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 – KL v BEI
(Cás T-651/20) (1)
(Seirbhís Shibhialta - Foireann BEI - Neamhláithreachtaí gan údar - Loiceadh teacht i láthair le haghaidh scrúdú leighis - Caingean le haghaidh neamhniú agus le haghaidh damáistí)
(2022/C 418/24)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: KL (ionadaithe: L. Levi agus A. Champetier, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Banc Eorpach Infheistíochta (ionadaithe: G. Faedo agus I. Zanin, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó A. Duron, Dlíodóir)
Maidir le:
Lena chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 50a de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go ndéanfar Cinneadh ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) an 28 Feabhra 2020 a chur ar neamhní, ar dá réir a bhí a neamhláithreachtaí ó scrúduithe leighis an 23 Nollaig 2019, an 3 agus an 28 Feabhra 2020 ina neamhláithreachtaí gan údar faoi Airteagal 3.6 d’Iarscríbhinn X de na forálacha riaracháin is infheidhme maidir le foireann BEI, arna nglacadh de bhun Rialacháin Foirne BEI, agus, ar an dara dul síos, cúiteamh i gcás aon damáiste a dhéanfaí dó mar thoradh ar na cinntí sin.
An chuid oibríochtúil
1) |
Déantar Cinneadh ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) an 28 Feabhra 2020 gur neamhláithreachtaí gan údar iad neamhláithreachtaí KL ó scrúduithe leighis an 23 Nollaig 2019, an 3 agus an 28 Feabhra 2020 faoi Airteagal 3.6 d’Iarscríbhinn X de na forálacha riaracháin is infheidhme maidir le foireann BEI, arna nglacadh de bhun Rialacháin Foirne BEI, a chur ar neamhní; |
2) |
Diúltaítear don chuid eile den chaingean; |
3) |
Ordaítear do BEI na costais a íoc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/20 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 – OQ v an Coimisiún
(Cás T-713/20) (1)
(Seirbhís Shibhialta - Earcaíocht - Fógra faoi chomórtas oscailte EPSO/AD/378/20 (AD 7) - Dlítheangeolaithe le Cróitis i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh - Cinneadh ón mbord roghnúcháin gan an t-iarratasóir a ligean isteach go dtí an chéad chéim eile den chomórtas - Na coinníollacha maidir le hiarratas a chur isteach - Coinníoll a bhaineann le leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa ollscoile a bheith críochnaithe agus as a dtagann cáilíochtaí i ndlí na Cróite - Seilbh cáilíocht Fraincise sa dlí - Saorghluaiseacht oibrithe - Caingean le haghaidh neamhniú)
(2022/C 418/25)
Teanga an cháis: an Chróitis
Páirtithe
Iarratasóir: OQ (ionadaí: R. Štaba, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: D. Milanowska, R. Mrljić agus L. Vernier, i gcáil Gníomhairí)
Maidir le:
Lena chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar cinneadh ón mbord roghnúcháin an 3 Meán Fómhair 2020 gan é a ligean isteach go dtí an chéad chéim eile den chomórtas oscailte EPSO/AD/378/20 chun liosta ionadaithe de dhlítheangeolaithe Cróitise a chruthú do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a chur ar neamhní. Ina theannta sin, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar diúltú dá iarraidh ar athbhreithniú ar an gcinneadh sin, arna ghlacadh le cinneadh ón mbord roghnúcháin an 12 Deireadh Fómhair 2020, a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1) |
Déantar an cinneadh ón mbord roghnúcháin an 12 Deireadh Fómhair 2020 lena ndiúltaítear d’iarratas ar athbhreithniú ó OQ agus lena ndiúltaítear cead a thabhairt dó a ligean isteach go dtí an chéad chéim eile den chomórtas oscailte EPSO/AD/378/20 chun liosta ionadaithe de “Dlítheangeolaithe le Cróitis (AD 7)” a chruthú do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a chur ar neamhní; |
2) |
Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag OQ a íoc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/21 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 – KL v BEI
(Cás T-751/20) (1)
(Seirbhís Shibhialta - Foireann BEI - Saoire bhreoiteachta - Diúltú deimhnithe leighis - Neamhláithreachtaí gan údar - Caingean le haghaidh neamhniú agus damáistí)
(2022/C 418/26)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: KL (ionadaithe: L. Levi agus A. Champetier, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Banc Eorpach Infheistíochta (ionadaithe: G. Faedo agus I. Zanin, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó A. Duron, Dlíodóir)
Maidir le:
Lena chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 50a de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, cinneadh an 18 Bealtaine 2020 lenar dhiúltaigh an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) do na deimhnithe leighis a chuir sé ar fáil chun údar a thabhairt lena neamhláithreachtaí ón 18 Márta go dtí an 18 Aibreán agus ón 20 Aibreán go dtí an 20 Bealtaine 2020 faoi Airteagal 3.3 d’Iarscríbhinn X de na forálacha riaracháin is infheidhme maidir le foireann BEI , arna nglacadh de bhun Rialacháin Foirne BEI, a chur ar neamhní, agus, ar an dara dul síos, cúiteamh i gcás aon damáiste a dhéanfaí dó mar thoradh ar na cinntí sin.
An chuid oibríochtúil
1) |
Déantar cinneadh an 18 Bealtaine 2020 lenar dhiúltaigh an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) do na deimhnithe leighis a chuir KL ar fáil chun údar a thabhairt lena neamhláithreachtaí ón 18 Márta go dtí an 18 Aibreán agus ón 20 Aibreán go dtí an 20 Bealtaine 2020 faoi Airteagal 3.3 d’Iarscríbhinn de na forálacha riaracháin is infheidhme maidir le foireann BEI, arna nglacadh de bhun Rialacháin Foirne BEI, a chur ar neamhní; |
2) |
Diúltaítear don chuid eile den chaingean. |
3) |
Ordaítear don BEI na costais a íoc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/22 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 – an tSlóvaic v an Coimisiún
(Cás T-40/21) (1)
(CERT - Caiteachas atá eisiata ó mhaoiniú - Easpa nósanna imeachta chun cabhair a íocadh go míchuí a athshlánú - Ráthaíochtaí nós imeachta - Airteagal 52(4)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 - Airteagal 34(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014)
(2022/C 418/27)
Teanga an cháis: an tSlóvaicis
Páirtithe
Iarratasóir: Poblacht na Slóvaice (ionadaí: E. Drugda, Gníomhaire)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Kaduczak, R. Lindenthal agus A. Sauka, Gníomhairí)
Ábhar
Trína chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarann Poblacht na Slóvaice ar an gCúirt Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1734 an 18 Samhain 2020 lena n-eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh caiteachas áirithe a thabhaíonn na Ballstáit faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO 2020, L 390, lch. 10), a chur ar neamhní, a mhéid a fhorchuirtear leis ar Phoblacht na Slóvaice ceartú airgeadais de EUR 19 656 905,11 maidir le cabhair dhíreach dhíchúpláilte don bhliain airgeadais 2016.
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
2. |
Ordaítear do Phoblacht na Slóvaice na costais a íoc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/22 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Meán Fómhair 2022 – an Phortaingéil v an Coimisiún (Saorlimistéar Mhaidéara)
(Cás T-95/21) (1)
(Státchabhair - Saorlimistéar Mhaidéara - Scéim cabhrach arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil - Cinneadh lena n-aithnítear nach gcomhlíontar an scéim Cinntí C(2007) 3037 final agus C(2013) 4043 final lena ndearbhaítear go bhfuil an scéim sin ar neamhréir leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear an chabhair a deonaíodh agus í á cur i bhfeidhm a aisghabháil - An coincheap “státchabhair” - Cabhair atá ann de réir bhrí Airteagal 1(b)(i) agus (ii) de Rialachán (AE) 2015/1589 - Aisghabháil - Ionchas dlisteanach - Deimhneacht dhlíthiúil - Prionsabal an dea-riaracháin - Dodhéantacht iomlán forghníomhaithe - Tréimhse theorann - Airteagal 17 de Rialachán 2015/1589)
(2022/C 418/28)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
Páirtithe
Iarratasóir: Poblacht na Portaingéile (ionadaithe: P. Barros da Costa, A. Soares de Freitas, L. Borrego, Gníomhairí, le cúnamh ó M. Gorjão-Henriques agus A. Saavedra, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: I. Barcew agus G. Braga da Cruz, Gníomhairí)
Ábhar
Lena caingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarann Poblacht na Portaingéile go gcuirfear ar neamhní Airteagal 1 agus Airteagail 4 go 6 de Chinneadh C(2020) 8550 final ón gCoimisiún Eorpach an 4 Nollaig 2020 maidir le scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil do shaorlimistéar Mhaidéara (SM) – Scéim III.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do Phoblacht na Portaingéile na costais a íoc, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis na himeachtaí beart idirlinne. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/23 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 – Stowarzyszenie chłodnictwa klimatyzacji i pomp ciepła v an Coimisiún
(Cás T-123/21) (1)
(Comhshaol - Rialachán (AE) Uimh 517/2014 - Gáis cheaptha teasa fluairínithe - Ag cur ar an margadh - Scaoileadh le haghaidh cúrsaíocht saor in aisce - Clár leictreonach cuótaí chun hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh - Cinneadh clárúcháin - Údarú chun cuóta a úsáid)
(2022/C 418/29)
Teanga an cháis: an Pholainnis
Páirtithe
Iarratasóir: Stowarzyszenie chłodnictwa klimatyzacji i pomp ciepła (Vársá, an Pholainn) (ionadaí: A. Galos, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaí: E. Sanfrutos Cano agus M. Rynkowski, i gcáil Gníomhairí)
Ábhar:
Trína ghníomhaíocht bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh an 15 Nollaig 2020 a chur ar neamhní maidir le laghdú a liúntas i gclár leictreonach cuótaí chun hidreafluaracarbóin (HFCanna) a chur ar an margadh de bhun Airteagal 25(2) de Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le gáis cheaptha teasa fluairínithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 (IO 2014 L 150, lch. 195).
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
2. |
Ordaítear do Stowarzyszenie chłodnictwa klimatyzacji i pomp ciepła na costais a íoc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/24 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 – Völkl v EUIPO – Marker Dalbello Völkl (International) (Völkl)
(Cás T-155/21) (1)
(Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí maidir le neamhbhailíocht - Marc fíortha an Aontais Eorpaigh “Völkl” - Iar-fhocalmharc an Aontais Eorpaigh VÖLKL - Foras coibhneasta leis an neamhbhailíocht - Éagmais dóchúlachta mearbhaill - Éagmais cosúlachta idir na hearraí - Airteagal 8(1)(b) agus Airteagal 52(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 40/94 (Airteagal 8(1)(b) agus Airteagal 60(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois))
(2022/C 418/30)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Völkl GmbH & Co. KG (Erding, an Ghearmáin) (ionadaithe: C. Raßmann, M. Suether agus F. Adinolfi, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Walicka, Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Marker Dalbello Völkl (International) GmbH (Baar, an Eilvéis) (ionadaí: J. Bauer, Dlíodóir)
Maidir le:
Lena chaingean arna tabhairt de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 11 Eanáir 2021 (Cás R 568/2020-4) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. |
Déantar an chaingean a dhíbhe; |
2. |
Ordaítear do Völkl GmbH & Co. KG na costais a íoc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/24 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 – Völkl v EUIPO – Marker Dalbello Völkl (International) (Marker Völkl)
(Cás T-156/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach - Focalmharc Marker Völkl - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe VÖLKL - Foras coibhneasta le neamhbhailíochta - Easpa riosca mearbhaill - Easpa cosúlachta idir na hearraí - Airteagail 8(1)(b) agus 52(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 40/94 [Airteagail 8(1)(b) agus 60(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001])
(2022/C 418/31)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Völkl GmbH & Co. KG (Erding, an Ghearmáin) (ionadaithe: C. Raßmann, M. Suether agus F. Adinolfi, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Walicka, i gcáil Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Marker Dalbello Völkl (International) GmbH (Baar, an Eilvéis) (ionadaí: J. Bauer, Dlíodóir)
Ábhar
Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go neamhneofaí an cinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 11 Eanáir 2021 (Cás R 0055/2020-4).
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do Völkl GmbH & Co. KG na costais a íoc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/25 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 – SB v eu-LISA
(Cás T-217/21) (1)
(Seirbhís shibhialta - Baill foirne ar conradh - Baill foirne eu-LISA - Cinneadh maidir le duine a bhriseadh as a phost ag deireadh na tréimhse promhaidh - Oibleagáid cúiseanna a lua - Gnáthchoinníollacha na tréimhse promhaidh - An ceart chun éisteachta - Mírialtachtaí nós imeachta - Dualgas cúraim - Earráid fhollasach mheasúnaithe - Prionsabal an dea-riaracháin)
(2022/C 418/32)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: SB (ionadaí: H. Tagaras, Dlíodóir)
Cosantóir: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (ionadaithe: M. Chiodi, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó A. Duron agus D. Waelbroeck, Dlíodóirí)
Ábhar
Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 270 CFAE iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an cinneadh ón nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) an 3 Lúnasa 2020, trínar cuireadh deireadh lena chonradh mar bhall den fhoireann ar conradh ag deireadh na tréimhse promhaidh, a neamhniú.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do SB na costais a íoc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/26 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Meán Fómhair 2022 – Casanova v BEI
(Cás T-266/21) (1)
(Seirbhís Shibhialta - Foireann BEI - Foirceannadh an chonartha ag deireadh na tréimhse promhaidh - Easpa inniúlachta ag údar an ghnímh - Dliteanas - Damáiste ábhartha - Éileamh anabaí ar chúiteamh - Damáiste neamhábhartha)
(2022/C 418/33)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Philippe Casanova (Fort-de-France, an Fhrainc) (ionadaí: L. Levi, Dlíodóir)
Cosantóir: An Banc Eorpach Infheistíochta (ionadaithe: G. Faedo agus K. Carr, Gníomhairí, le cabhair ó B. Wägenbaur, Dlíodóir)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 270 CFAE agus Airteagal 50a de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh iarrann an t-iarratasóir, sa chéad áit, go gcuirfear ar neamhní an Cinneadh ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) an 12 Meitheamh 2020 chun a chonradh a fhoirceannadh ag deireadh na tréimhse promhaidh agus Cinneadh an 8 Feabhra 2021 lenar dhiúltaigh BEI dá iarratas ar idir-réiteach agus dá iarratas ar athscrúdú agus, sa dara háit, an damáiste ábhartha agus neamhábhartha a mhaíonn sé a d’fhulaing sé i ndiaidh na gcinntí sin a chúiteamh.
An chuid oibríochtúil
1) |
Cuirtear an Cinneadh ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) an 12 Meitheamh 2020 chun conradh Philippe Casanova a fhoirceannadh ag deireadh na tréimhse promhaidh ar neamhní. |
2) |
Diúltaítear don chuid eile den chaingean. |
3) |
Íocfaidh BEI, anuas ar a chostais féin, leath de chostais Casanova. |
4) |
Íocfaidh Casanova an leath eile dá chostais féin. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/26 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 – Rauff-Nisthar v an Coimisiún
(Cás T-341/21) (1)
(Seirbhís shibhialta - Oifigigh - Comórtas oscailte EPSO/AD/371/19 - Neamháireamh ar an liosta ionadaithe - Neamhrialtachtaí i seoladh na dtástálacha a d’fhéadfadh an toradh a shaobhadh - Cóir chomhionann - Earráid fhollasach measúnaithe - Pléadáil nua)
(2022/C 418/34)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Nadya Rauff-Nisthar (Pfinztal, an Ghearmáin) (ionadaí: N. de Montigny, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: I. Melo Sampaio agus T. Lilamand, i gcáil Gníomhairí)
Ábhar
Trína caingean atá bunaithe ar Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go bunúsach go gcuirfí cinneadh trínar dhiúltaigh giúiré chomórtas ginearálta EPSO/AD/371/19 chun riarthóirí (AD7) atá speisialaithe i dtaighde eolaíoch a earcú a hainm a chur ar liosta ionadaithe an chomórtais sin, go háirithe i réimse uimh. 6, dar teideal “Taighde núicléach agus díchoimisiúnú áiseanna núicléacha”, ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do Nadya Rauff-Nisthar na costais a íoc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/27 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 – KTM Fahrrad v EUIPO – KTM (R2R)
(Cás T-353/21) (1)
(Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí cúlghairme - Focalmharc an Aontais Eorpaigh “R2R” - Dearbhú cúlghairme - Fíorúsáid an trádmhairc - Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Fianaise na fíorúsáide - Cúis cheart don neamhúsáid)
(2022/C 418/35)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: KTM Fahrrad GmbH (Mattighofen, an Ostair) (ionadaí: V. Hoene, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: J. Schäfer agus D. Hanf, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: KTM AG (Mattighofen) (ionadaí: R. Erfurt, Dlíodóir)
Maidir le:
Lena chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 20 Aibreán 2021 (Cás R/261/2020-5) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. |
Déantar an chaingean a dhíbhe; |
2. |
Ordaítear do KTM Fahrrad GmbH na costais a íoc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/28 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 – Saure v an Coimisiún
(Cás T-448/21) (1)
(Rochtain ar dhoiciméid - Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 - Comhfhreagras leis an gCoimisiún maidir le cainníocht agus tréimhsí seachadta ar vacsaíní BioNTech in aghaidh COVID-19 - Caingean le haghaidh neamhniú - Cinneadh sainráite arna ghlacadh i ndiaidh cinneadh lena ndiúltaítear rochtain go hintuigthe - Easnamh lis pendens de dheasca do-ghlacthacht caingne eile - Diúltú rochtain pháirteach a dheonú - Eisceachtaí maidir leis an bpríobháideachas agus iomláine an duine aonair, comhairle dlí, próiseas cinnteoireachta agus leasanna tráchtála tríú páirtí a chosaint)
(2022/C 418/36)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Hans-Wilhelm Saure (Berlin, an Ghearmáin) (ionadaí: C. Partsch, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: K. Herrmann, G. Garrinara agus A. Spina, Gníomhairí)
Maidir le:
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear Cinneadh sainráite an Choimisiúin Eorpaigh an 2 Meitheamh 2021 lena ndeonaítear rochtain iomlán ar dhoiciméid áirithe agus rochtain pháirteach ar dhoiciméid eile.
An chuid oibríochtúil
1. |
Déantar an chaingean a dhíbhe; |
2. |
Ordaítear do Hans Wilhelm Saure na costais a íoc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/28 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Meán Fómhair 2022 – an Fhrainc v an Coimisiún
(Cás T-475/21) (1)
(CERT agus CETFT - Caiteachas arna eisiamh ón maoiniú - Caiteachas arna dhéanamh ag an bhFrainc - Tacaíocht chúpláilte dheonach - Coinníollacha incháilitheachta - Earnálacha agus táirgeadh incháilithe - Airteagal 52(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013)
(2022/C 418/37)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Poblacht na Fraince (ionadaithe: A.-L. Desjonquères, F. Alabrune, T. Stéhelin, G. Bain agus J.-L. Carré, Gníomhairí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Perrin agus A. Sauka, Gníomhairí)
Ábhar
Lena caingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann Poblacht na Fraince go gcuirfear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/988 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2021 lena n-eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh caiteachas áirithe arna dhéanamh ag na Ballstáit de bhun an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO 2021 L 218, lch. 9), a mhéid a eisiatar leis ón maoiniú le CERT an t-suim EUR 45 869 990,19, atá comhfhreagrach leis an gcaiteachas a rinneadh de bhun bearta tacaíochta cúpláilte deonaí do tháirgeadh léagúim farae, a bhaineann leis an mbliain a ndearnadh an t-iarratas ina leith, 2017.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do Phoblacht na Fraince na costais a íoc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/29 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 – OE v an Coimisiún
(Cás T-486/21) (1)
(Seirbhís Shibhialta - Oifigigh - Teilea-obair - Iarraidh ar aisíocaíocht le haghaidh speansais teileafóin agus naisc idirlín - Iarraidh a dhiúltiú - Pléadáil neamhdhleathachta - Inghlacthacht páirteach - Airteagal 71 de na Rialacháin Foirne agus Iarscríbhinn VII a ghabhann leo - Dualgas cúraim - Prionsabal an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe - An ceart chun príobháideachais)
(2022/C 418/38)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: OE (ionadaí: G. Hervet, Dlíodóir)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: I. Melo Sampaio agus L. Vernier, i gcáil Gníomhairí)
Idiragraithe mar thaca leis na Cosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: M. Windisch, S. Bukšek Tomac agus J. Van Pottelberge, i gcáil Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaí: M. Bauer, i gcáil Gníomhaire)
Maidir le:
Lena caingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, go bunúsach, ar an gcéad dul síos, go ndéanfar cinneadh ón Oifig um Bonneagar agus Lóistíocht sa Bhruiséil (OIB) de chuid an Choimisiúin Eorpaigh an 18 Nollaig 2020 inar diúltaíodh dá hiarraidh ar aisíocaíocht le haghaidh speansais ghairmiúla mar thoradh ar na socruithe teilea-oibre a forchuireadh uirthi agus le haghaidh dangail USB 4G, a chur ar neamhní, agus, ar an dara dul síos, a ordú, ar dtús, go n-aisíocfaidh an Coimisiún as na speansas sin, ina dhiaidh sin, rochtain idirlín a sholáthar di agus, ar deireadh, cúiteamh EUR 10 000 a íoc léi as an damáiste a líomhnaítear a d’fhulaing sí.
An chuid oibríochtúil
1) |
Déantar an chaingean a dhíbhe. |
2) |
A ordú do OE a costais fein agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún a íoc, |
3) |
Íocfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Eorpach a gcostais féin. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/30 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 – Migadakis v ENISA
(Cás T-507/21) (1)
(Seirbhís shibhialta - Foireann shealadach - Earcaíocht - Glao ar léiriú spéise - Scrúdú físchomhdhála - Íostairseach pointí - Cóir chomhionann - Oibiachtúlacht scórála)
(2022/C 418/39)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Ioannis Migadakis (an Aithin, an Ghréig) (ionadaí: K. Bicard, Dlíodóir)
Cosantóir: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ionadaithe: I. Taurina, G. Pappa agus C. Chalanouli, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó B. Wägenbaur, Dlíodóir)
Ábhar
Trína chaingean atá bunaithe ar Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) an 30 Deireadh Fómhair 2020 gan glacadh lena iarratas.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do Ioannis Migadakis na costais a íoc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/30 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 – 6Minutes Media v EUIPO – ad pepper media International (ad pepper the e-advertising network)
(Cás T-521/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí cúlghairme - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ad pepper the e-advertising network - Fíorúsáid an mhairc - Airteagal 51(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois])
(2022/C 418/40)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: 6Minutes Media GmbH (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaithe: N. Marquard agus P. Koch, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Markakis, i gcáil Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: ad pepper media International NV (Nürnberg, an Ghearmáin) (ionadaí: S. Lux, Dlíodóir)
Ábhar
Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go neamhneofaí an cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 18 Meitheamh 2021 (Cás R 1621/2020-5).
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do 6Minutes Media GmbH na costais a íoc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/31 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 – Segimerus v EUIPO – Karsten Manufacturing (MONSOON)
(Cás T-627/21) (1)
(Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh MONSOON - Dearbhfhoras le neamhbhailiú - Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Airteagal 94 de Rialachán 2017/1001 - Airteagal 34 de Rialachán 2017/1001)
(2022/C 418/41)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Segimerus Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe) (ionadaí: G. Donath, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Hanf, i gcáil Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Karsten Manufacturing Corp. (Phoenix, Arizona, na Stáit Aontaithe) (ionadaí: M. Körner, Dlíodóir)
Ábhar
Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an cinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 16 Iúil 2021 (Cás R 1125/2020-4) a neamnhiú.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do Segimerus Ltd a chostais féin a íoc chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus Karsten Manufacturing Corp. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/32 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fomhair 2022 – Saure v an Coimisiún
(Cás T-651/21) (1)
(Rochtain ar dhoiciméid - Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 - Comhfhreagras an Choimisiúin maidir le cainníochtaí agus amanna seachadta na vacsaíní COVID-19 BioNTech - Caingean le haghaidh neamhniú - Cinntí sainráite arna nglacadh tar éis rochtain a dhiúltú go hintuigthe - Easpa lis pendens mar gheall ar neamh-inghlacthacht beart eile - Diúltú iomlán agus páirteach do rochtain - Eisceachtaí a bhaineann le príobháideachas agus sláine an duine aonair a chosaint, comhairle dlí a chosaint, an próiseas cinnteoireachta a chosaint agus leasanna tráchtála tríú páirtí a chosaint)
(2022/C 418/42)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Hans-Wilhelm Saure (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaí: C. Partsch, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: K. Herrmann, G. Gattinara agus A. Spina, i gcáil Gníomhairí)
Ábhar
Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 11 Lúnasa 2021, maidir le rochtain pháirteach a dheonú dó ar dhoiciméid áirithe agus rochtain ar dhoiciméid eile a dhiúltú dó, a neamhniú.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diultaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do Hans-Wilhelm Saure na costais a íoc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/32 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 – Peace United v EUIPO – 1906 Collins (MY BOYFRIEND IS OUT OF TOWN)
(Cás T-699/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí cúlghairme - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh MY BOYFRIEND IS OUT OF TOWN - Dearbhú cúlghairme - Easpa fíorúsáid an mhairc - Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Cruthúnas ar fhíorúsáid - Abusus juris)
(2022/C 418/43)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Peace United Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe) (ionadaí: M. Artzimovitch, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: V. Ruzek, i gcáil Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: 1906 Collins LLC (Miami, Florida, na Stáit-Aontaithe) (ionadaí: C. Mateu, Dlíodóir)
Ábhar
Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais (EUIPO) an 30 Iúil 2021 (Cás R 276/2020-2) a neamhniú.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do Peace United Ltd na costais a íoc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/33 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Meán Fómhair 2022 – Voco v EUIPO (Cruth pacáistíochta)
(Cás T-700/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Iarratas ar thrádmharc tríthoiseach de chuid an Aontais Eorpaigh - Cruth pacáistíochta - Dearbhfhoras le diúltú - Easpa saintréithe - Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
(2022/C 418/44)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Voco GmbH (Cuxhaven, an Ghearmáin) (ionadaithe: C. Spintig agus S. Pietzcker, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. Nicolás Gómez agus E. Markakis, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 23 Lúnasa 2021 (Cás R 117/2021-4) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do Voco GmbH na costais a íoc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/33 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 – Łosowski v EUIPO – Skawiński (KOMBI)
(Cás T-730/21) (1)
(Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Focalmharc an Aontais Eorpaigh KOMBI - Iar-fhocalmharc an Aontais Eorpaigh kombii - Foras coibhneasta le neamhbhailíocht - Dóchúlacht mearbhaill - Cosúlacht na gcomharthaí - Cosúlacht na n-earraí agus na seirbhísí - Airteagal 8(1)(b) agus Airteagal 53(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 8(1)(b) anois agus Airteagal 60(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001) - Ceart subiachtúil a agairt chun an ainm “kombi” faoin dlí náisiúnta)
(2022/C 418/45)
Teanga an cháis: an Pholainnis
Páirtithe
Iarratasóir: Sławomir Łosowski (Gdańsk, an Pholainn) (ionadaí: K. Czub, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Ivanauskas, Dlíodóir)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Grzegorz Skawiński (Sopot, an Pholainn) (ionadaí: J. Aftyka, Dlíodóir)
Maidir le:
Lena chaingean arna tabhairt de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 8 Meán Fómhair 2021 (Cás R 381/2017-5) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. |
Déantar an chaingean a dhíbhe; |
2. |
Ordaítear do Sławomir Łosowski na costais a íoc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/34 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 – Peace United v EUIPO – 1906 Collins (bâoli)
(Cás T-754/21) (1)
(Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí cúlghairme - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh bâoli - Dearbhú cúlghairme - Easpa fíorúsáid an mhairc - Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Cruthúnas ar fhíorúsáid - Abusus juris)
(2022/C 418/46)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Peace United Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe) (ionadaí: M. Artzimovitch, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: V. Ruzek, i gcáil Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: 1906 Collins LLC (Miami, Florida, na Stáit-Aontaithe) (ionadaí: C. Mateu, Dlíodóir)
Ábhar
Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais (EUIPO) an 14 Meán Fomhair 2021 (Cás R 275/2020-2) a neamnhiú.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do Peace United Ltd na costais a íoc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/35 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Mean Fómhair 2022 – Olimp Laboratories v EUIPO (VITA-MIN MULTIPLE SPORT)
(Cás T-9/22) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh VITA-MIN MULTIPLE SPORT - Dearbhfhorais le diúltú - Cineál tuairisciúil - Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Easpa saincháilíochta trína úsáid - Airteagal 7(3) de Rialachán 2017/1001)
(2022/C 418/47)
Teanga an cháis: an Pholainnis
Páirtithe
Iarratasóir: Olimp Laboratories sp. z o.o. (Dębica, an Pholainn) (ionadaí: M. Kondrat, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaí: D. Walicka i gcáil Gníomhaire)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 8 Samhain 2021 (Cás R 771/2020-1), a neamhniú nó a athrú.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do Olimp Laboratories sp. z o.o. na costais a íoc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/35 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 – Etablissements Nicolas v EUIPO – St. Nicolaus (NICOLAS)
(Cás T-373/21) (1)
(“Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - An t-iarratas ar neamhniú a chur ar ceal - Cás nach dtéann ar aghaidh chuig breithiúnas”)
(2022/C 418/48)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Etablissements Nicolas (Thiais, an Fhrainc) (ionadaí: T. de Haan, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: T. Fredendahl agus D. Hanf, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc an EUIPO: St. Nicolaus a.s. (Liptovský Mikuláš, an tSlóvaic) (ionadaí: V. Jakubička, Dlíodóir)
Ábhar
Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 21 Aibreán 2021 (Cás R 1195/2020-4) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. |
Ní gá rialú a dhéanamh ar an achomharc níos mó. |
2. |
Ordaítear do Etablissements Nicolas agus St. Nicolaus a.s. a gcostais féin a íoc agus leath de na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a íoc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/36 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 – Prigozhin v an Chomhairle
(Cás T-75/22) (1)
(Gníomh le haghaidh neamhniú - Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh in aghaidh sáruithe tromchúiseacha agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine - Cúiseanna ina luaitear ainm an iarratasóra mar an t-airgeadaí taobh thiar de Ghrúpa Wagner - Measúnuithe a rinneadh ar fhorais na gcúiseanna - Achtanna nach féidir achomharc a dhéanamh orthu - Do-inghlacthacht)
(2022/C 418/49)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Yevgeniy Viktorovich Prigozhin (Cathair Pheadair, an Rúis) (ionadaí: M. Cessieux, Dlíodóir)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaí: M.-C. Cadilhac agus V. Piessevaux, Gníomhairí)
Maidir le:
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarann an t-iarratasóir go ndéanfaí Cinneadh (CBES) 2021/2197 ón gComhairle an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine a neamhniú (IO 2021 L 445 I, lch. 17), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2195 ón gComhairle an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/1998 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (IO 2021 L 445 I, lch. 10) , a mhéid a ainmníonn an dá chinneadh sin é mar dhuine a chuireann maoiniú ar fail don Ghrúpa Wagner.
An chuid oibríochtúil
1. |
Déantar an chaingean a dhíbhe mar chaingean do-ghlactha. |
2. |
Íocfaidh Yevgeniy Viktorovich Prigozhin as a chostais féin chomh maith leis na costais a thabhaigh an Coimisiún Eorpach. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/36 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 6 Meán Fómhair 2022 – Farco-Pharma v EUIPO – Infarco (FARCO)
(Cás T-179/22) (1)
(“Trádmharc de chuid AE - Imeachtaí freasúra - Tarraingt siar an fhreasúra - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais”)
(2022/C 418/50)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Farco-Pharma GmbH (Köln, an Ghearmáin) (ionadaí: V. Schoene, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaíthe: J. Schäfer agus M. Eberl, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Infarco, SA (Maidrid, an Spáinn).
Maidir le:
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 17 Eanáir 2022 (Cás R 172/2021-4) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil:
1. |
Ní gá a thuilleadh don chaingean dul ar aghaidh chun breithiúnais. |
2. |
Ordaítear do Farco-Pharma GmbH a chuid costais féin chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a íoc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/37 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 6 Meán Fómhair 2022 – Etablissements Nicolas v EUIPO – St. Nicolaus (NICOLAS)
(Cás T-340/22) (1)
(Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Tarraingt siar an fhreasúra - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)
(2022/C 418/51)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Etablissements Nicolas (Thiais, an Fhrainc) (ionadaí: T. de Haan, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Gája, i gcáil Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: St. Nicolaus a.s. (Liptovský Mikuláš, an tSlóvaic)
Ábhar:
Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an cinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 28 Márta 2022 (Cás R 1780/2020-4) a neamhniú.
An chuid oibríochtúil
1. |
Ní gá a thuilleadh don chaingean dul ar aghaidh chun breithiúnais. |
2. |
Ordaítear do Etablissements Nicolas a chostais féin a íoc agus na costais arna dtábhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a íoc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/38 |
Caingean arna tabhairt an 19 Lúnasa 2022 – an Spáinn v an Coimisiún
(Cás T-508/22)
(2022/C 418/52)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Ríocht na Spáinne (ionadaí: I. Herranz Elizalde, Gníomhaire)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
i. |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/908 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2022 lena n-eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh caiteachas áirithe a thabhaíonn na Ballstáit faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (1) a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann sé leis an Spáinn; |
ii. |
De rogha air sin, ar an gcéad dul síos, an Cinneadh atá faoi chonspóid, lena laghdaítear go EUR 3 241 314,99 an riosca arna mheasúnú do na blianta airgeadais 2016 agus 2017, a chur ar neamhní i bpáirt. |
iii. |
De rogha air sin, de bhun an dara saincheist dlí, an Cinneadh atá faoi chonspóid, lena laghdaítear an ceartúchán ar ráta comhréidh do na blianta airgeadais 2016 agus 2017 ó 5 % go 2 %, a chur ar neamhní i bpáirt. |
iv. |
A ordú don Institiúid is cosantóir na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur cuireadh ceartúchán ar ráta comhréidh i bhfeidhm go míchuí.
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear, mar mhalairt air sin, sárú ar phrionsabal na comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 12(8) de Rialachán Tarmligthe 907/2014 (4), trí mhainneachtain an ceartúchán ar ráta comhréidh a laghdú.
|
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/40 |
Caingean arna tabhairt an 28 Lúnasa 2022 – Medel v an Chomhairle
(Cás T-530/22)
(2022/C 418/53)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Magistrats européens pour la démocratie et les libertés (Medel) (Strasbourg, an Fhrainc) (ionadaithe: C. Zatschler, Abhcóide Sinsir, E. Egan McGrath, Abhcóide, A. Bateman agus M. Delargy, Aturnaetha)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 17 Meitheamh 2022 maidir leis an measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta don Pholainn a fhormheas a chur ar neamhní; agus; |
— |
a ordú don Chomhairle a costais féin agus costais an iarratasóra a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chomhairle neamhaird ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais i mbreithiúnas an 19 Samhain 2019, A. K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta Chúirt Uachtarach na Polainne) (C 585/18, C. 624/18 agus C 625/18, EU:C:2019:982), breithiúnas an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v an Pholainn (Córas araíonachta do bhreithiúna) (C 791/19, AE:C:2021:596), ordú an 8 Aibreán 2020, an Coimisiún v an Pholainn (C 791/19 R, EU:C:2020:277) agus ordú ó Leas-Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an 14 Iúil 2021, an Coimisiún v an Pholainn (C-204/21 R, AE:C:2021:593), agus gur sháraigh sí Airteagail 2 agus 13(2) den CAE. Áitíonn an t-iarratasóir freisin faoin tsaincheist dlí seo gur sháraigh an Chomhairle a hinniúlacht sa mhéid gur airbheartaigh sí a cinneadh conas ba cheart don Pholainn cloí le cásdlí na Cúirte Breithiúnais maidir le Dlísheomra Araíonachta Chúirt Uachtarach na Polainne (“Dlísheomra Araíonachta” anseo feasta.). |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Chomhairle Airteagail 2 agus 19(1) CAE agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha agus Saoirsí (an “Cairt” anseo feasta), arna léiriú go húdarásach ag an gCúirt Bhreithiúnais. Chun tacú leis an tsaincheist dlí sin, áitíonn an t-iarratasóir go sáraíonn na garspriocanna, ar a bhfuil an Cinneadh a chonspóidtear bunaithe, Airteagal 2 agus Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 47 den Chairt, sa mhéid is:
|
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear nach leor na garspriocanna F1G, F2G agus F3G dá bhforáiltear sa Chinneadh a chonspóidtear chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a athbhunú sa Pholainn, rud atá ina réamhriachtanas d’fheidhmiú córas rialaithe inmheánaigh. Áitíonn an t-iarratasóir go sáraíonn an Cinneadh atá á chonspóid dá réir sin Airteagail 20(5)(e) agus 22 de Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO 2021 L 57, lch. 17) agus Airteagal 325 CFAE, a éilíonn rialuithe inmheánacha éifeachtacha agus éifeachtúla. |
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chomhairle earráidí sa dlí agus/nó go ndearna sí earráidí follasacha measúnaithe agus Airteagal 19(3) de Rialachán 2021/241 á chur i bhfeidhm aici agus na garspriocanna á bhformheas mar “socruithe leordhóthanacha” ar chosc, brath agus ceartú éillithe sa Pholainn. |
5. |
An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear gur mhainnigh an Chomhairle na cúiseanna atá leis an gCinneadh atá á chonspóid a lua go leordhóthanach, agus ar an gcaoi sin gur sáraíodh Airteagal 296 CFAE, Airteagal 41 den Chairt agus prionsabail dhlí an Aontais. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/41 |
Caingean arna tabhairt an 28 Lúnasa 2022 – International Association of Judges v an Chomhairle
(Cás T-531/22)
(2022/C 418/54)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: International Association of Judges (an Róimh, an Iodáil) (ionadaithe: C. Zatschler, Abhcóide Sinsir, E. Egan McGrath, Abhcóide, A. Bateman agus M. Delargy, Aturnaetha)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh Cur Chun Feidhme na Comhairle an 17 Meitheamh 2022 maidir leis an measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta don Pholainn a fhormeas a chur ar neamhní; agus |
— |
A ordú don Chomhairle a costais féin agus costais an iarratasóra a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheisteanna dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear, go ndearna an Chomhairle neamhaird ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais mar a rialaíodh i mbreithiúnas an 19 Samhain 2019, A. K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Seomra Araíonachta Chúirt Uachtarach na Polainne) (C-585/18, C-624/18 agus C-625/18, EU:C:2019:982), breithiúnas an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v an Pholainn (Córas Araíonachta do bhreithiúna) (C-791/19, EU:C:2021:596) ordú an 8 Aibreán 2020, an Coimisiún v an Pholainn (C-791/19 R, EU:C:2020:277) agus ordú ó Leas-Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an 14 Iúil 2021, an Coimisiún v an Pholainn (C-204/21 R, AE:C:2021:593), agus gur sháraigh sí Airteagail 2 agus 13(2) CAE. Áitíonn an t-iarratasóir sa bhreis faoin tsaincheist dlí seo gur sháraigh an Chomhairle a hinniúlacht sa mhéid gur airbheartaigh sí a cinneadh conas ba cheart don Pholainn cloí le cásdlí na Cúirte Breithiúnais maidir le Dlísheomra Araíonachta Chúirt Uachtarach na Polainne (“Dlísheomra Araíonachta” anseo feasta.”). |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear, gur sháraigh an Chomhairle Airteagail 2 agus 19(1) CAE agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta agus Saoirsí Bunúsacha (“an Chairt” anseo feasta), arna léiriú go húdarásach ag an gCúirt Bhreithiúnais. Mar thaca leis an tsaincheist sin, maíonn an t-iarratasóir go sáraíonn na garspriocanna, ar a bhfuil an Chinneadh atá faoi chonspóide bunaithe, Airteagail 2 agus Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 47 den Chairt, sa mhéid is:
|
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear, nach leor na garspriocanna F1G, F2G agus F3G dá bhforáiltear an Chinnidh atá á Chonspóid chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a athbhunú sa Pholainn, rud atá ina réamhriachtanas d’fheidhmiú córais rialaithe inmheánaigh. Áitíonn an t-iarratasóir go sáraíonn an Chinniad atá faoi chonspóid dá réir sin Airteagail 20(5)(e) agus 22 de Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO 2021 L 57, lch. 17) agus Airteagal 325 CFAE, a éilíonn rialuithe inmheánacha éifeachta agus éifeachtúla. |
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear, go ndearna an Chomhairle earráidí sa dlí agus/nó go ndearna sí earráidí follasacha measúnaithe agus Airteagal 19(3) de Rialachán 2021/241 á chur i bhfeidhm aici agus na garspriocanna á bhformheas mar “socruithe leordhóthanacha” ar chosc, brath agus ceartú éillithe sa Pholainn. |
5. |
An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear, gur theip ar an gComhairle na cúiseanna atá leis an gCinneadh a Chonspóidtear a lua go leordhóthanach, agus ar an gcaoi sin gur sáraíodh Airteagal 296 CFAE, Airteagal 41 den Chairt agus prionsabail dhlí an Aontais. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/42 |
Caingean arna tabhairt an 28 Lúnasa 2022 – Association of European Administrative Judges v an Chomhairle
(Cás T-532/22)
(2022/C 418/55)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Association of European Administrative Judges (Trier, an Ghearmáin) (ionadaithe: C. Zatschler, Abhcóide Sinsearach, E. Egan McGrath, Abhcóide Dlí, A. Bateman agus M. Delargy, Aturnaetha)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 17 Meitheamh 2022, maidir leis an measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta don Pholainn a fhormheas, a neamhniú; agus |
— |
a ordú don Chomhairle a costais féin a iompar agus costais an iarratasóra a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chomhairle neamhaird ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais a cinneadh i mbreithiúnas an 19 Samhain 2019, A.K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta Chúirt Uachtarach na Polainne) (C-585/18, C-624/18 agus C-625/18, EU:C:2019:982), breithiúnas an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v an Pholainn (Córas araíonachta do bhreithiúna) (C-791/19, EU:C:2021:596), ordú an 8 Aibreán 2020, an Coimisiún v an Pholainn (C-791/19 R, EU:C:2020:277) agus ordú ó Leas-Uachtarán na Cúirte an 14 Iúil 2021, an Coimisiún v an Pholainn (C-204/21 R, EU:C:2021:593), agus gur sháraigh sí Airteagal 2 agus Airteagal 13(2) CAE. Áitíonn an t-iarratasóir freisin faoin bpléadáil seo gur sháraigh an Chomhairle a hinniúlacht sa mhéid gur airbheartaigh sí a chinneadh conas ba cheart don Pholainn cásdlí na Cúirte Breithiúnais a chomhlíonadh maidir le Dlísheomra Araíonachta Chúirt Uachtarach na Polainne (“Dlísheomra Araíonachta”). |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Chomhairle Airteagal 2 agus Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta agus Saoirsí Bunúsacha (“an Chairt”), arna léirmhíniú go húdarásach ag an gCúirt Bhreithiúnais. Chun tacú leis an bpléadáil sin, áitíonn an t-iarratasóir go sáraíonn na garspriocanna, ar a bhfuil an Cinneadh atá faoi chonspóid bunaithe, Airteagal 2 agus Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 47 den Chairt, sa mhéid is:
|
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear nach leor na garspriocanna F1G, F2G agus F3G dá bhforáiltear sa Chinneadh atá faoi chonspóid chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a athbhunú sa Pholainn, rud atá ina réamhriachtanas d’fheidhmiú córas rialaithe inmheánaigh. Áitíonn an t-iarratasóir go sáraíonn an Cinneadh atá faoi chonspóid dá réir sin Airteagal 20(5)(e) agus Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO 2021 L 57, lch. 17) agus Airteagal 325 CFAE, a éilíonn rialuithe inmheánacha éifeachtacha agus éifeachtúla. |
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chomhairle earráidí sa dlí agus/nó go ndearna sí earráidí follasacha measúnaithe agus Airteagal 19(3) de Rialachán 2021/241 á chur i bhfeidhm aici agus na garspriocanna á bhformheas mar “socruithe leormhaithe” chun an t-éilliú sa Pholainn a chosc, a bhrath agus a cheartú. |
5. |
An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear gur mhainnigh an Chomhairle na cúiseanna atá leis an gCinneadh atá faoi chonspóid a lua go leordhóthanach, agus ar an gcaoi sin gur sáraíodh Airteagal 296 CFAE, Airteagal 41 den Chairt agus prionsabail dhlí an Aontais. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/43 |
Caingean arna tabhairt an 28 Lúnasa 2022 – Rechters voor Rechters v an Chomhairle
(Cás T-533/22)
(2022/C 418/56)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Stichting Rechters voor Rechters (‘s-Gravenhage, an Ísiltír) (ionadaithe: C. Zatschler, Abhcóide Sinsearach, E. Egan McGrath, Abhcóide Dlí, A. Bateman agus M. Delargy, Aturnaetha)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 17 Meitheamh 2022, maidir leis an measúnú ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta don Pholainn a fhormheas, a neamhniú; agus |
— |
a ordú don Chomhairle a chostais féin a iompar agus costais an iarratasóra a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chomhairle neamhaird ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais a cinneadh i mbreithiúnas an 19 Samhain 2019, A.K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta Chúirt Uachtarach na Polainne) (C-585/18, C-624/18 agus C-625/18, EU:C:2019:982), breithiúnas an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v an Pholainn (Córas araíonachta do bhreithiúna) (C-791/19, EU:C:2021:596), ordú an 8 Aibreán 2020, an Coimisiún v an Pholainn (C-791/19 R, EU:C:2020:277) agus ordú ó Leas-Uachtarán na Cúirte an 14 Iúil 2021, an Coimisiún v an Pholainn (C-204/21 R, EU:C:2021:593), agus sháraigh sí Airteagal 2 agus Airteagal 13(2) CAE. Áitíonn an t-iarratasóir freisin faoin bpléadáil seo gur sháraigh an Chomhairle a hinniúlacht sa mhéid gur airbheartaigh sí a cinneadh conas ba cheart don Pholainn cásdlí na Cúirte Breithiúnais a chomhlíonadh maidir le Dlísheomra Araíonachta Chúirt Uachtarach na Polainne (“Dlísheomra Araíonachta”). |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Chomhairle Airteagal 2 agus Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta agus Saoirsí Bunúsacha (“an Chairt”), arna léirmhíniú go húdarásach ag an gCúirt Bhreithiúnais. Chun tacú leis an bpléadáil sin, áitíonn an t-iarratasóir go sáraíonn na garspriocanna, ar a bhfuil an Cinneadh atá faoi chonspóid bunaithe, Airteagal 2 agus Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 47 den Chairt, sa mhéid is:
|
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear nach leor na garspriocanna F1G, F2G agus F3G dá bhforáiltear sa Chinneadh atá faoi chonspóid chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a athbhunú sa Pholainn, rud atá ina réamhriachtanas d’fheidhmiú córas rialaithe inmheánaigh. Áitíonn an t-iarratasóir go sáraíonn an Cinneadh atá faoi chonspóid dá réir sin Airteagal 20(5)(e) agus Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO 2021 L 57, lch. 17) agus Airteagal 325 CFAE, a éilíonn rialuithe inmheánacha éifeachtacha agus éifeachtúla. |
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chomhairle earráidí sa dlí agus/nó go ndearna sí earráidí follasacha measúnaithe agus Airteagal 19(3) de Rialachán 2021/241 á chur i bhfeidhm aici agus na garspriocanna á bhformheas mar “socruithe leormhaithe” chun an t-éilliú sa Pholainn a chosc, a bhrath agus a cheartú. |
5. |
An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear gur mhainnigh an Chomhairle na cúiseanna atá leis an gCinneadh atá faoi chonspóid a lua go leordhóthanach, agus ar an gcaoi sin gur sáraíodh Airteagal 296 CFAE, Airteagal 41 den Chairt agus prionsabail dhlí an Aontais. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/45 |
Caingean arna tabhairt an 1 Meán Fómhair 2022 – Delta Sport Handelskontor v EUIPO – Lego (Bloicín as foireann bréagáin tógála)
(Cás T-537/22)
(2022/C 418/57)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Delta Sport Handelskontor GmbH (Hamburg, an Ghearmáin) (ionadaithe: C. Klawitter agus L-E. Appel, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Lego A/S (Billund, an Danmhairg)
Sonraí na n-imaechtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an dearaidh atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Dearadh atá faoi cheist: deara Uimh. 1 664 368-0006 den Aontas Eorpach
An cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón tríú Bord Achomhairc de EUIPO an 30 Bealtaine 2022 i gCás R 1524/2021-3
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
a ordú do EUIPO, agus don idiragraí má INTERVENES an páirtí eile sna himeachtaí os comhair EUIPO, na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí
— |
Sárú ar Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle; |
— |
Sárú ar Airteagal 8(3) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle; |
— |
Sárú ar Airteagal 63(1) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/45 |
Caingean arna tabhairt an 1 Meán Fómhair 2022 – Hästens Sängar v EUIPO – Mustang (Patrún páircíneach i liath le capaill dhubha)
(Cás T-538/22)
(2022/C 418/58)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Hästens Sängar AB (Köping, an tSualainn) (ionadaithe: M. Johansson, R. Wessman agus S. Ljungblad, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Mustang – Bekleidungswerke GmbH & Co. KG (Schwäbisch Hall, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Patrúnmharc an Aontais Eorpaigh ina léirítear patrún páircíneach i liath le capaill dhubha – Trádmharc an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 180 228
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 27 Meitheamh 2022 i gCás R 1730/2021-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an Cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a ndéanann sé cinneadh ón Rannáin Cúlghairme a neamhniú bunaithe ar an gconclúid i mír 39 den chinneadh atá faoi chonspóid go bhfuil “comharthaí [an dílseánaigh agus an iarratasóra ar chealú] comhchosúil ar an iomlán”; |
— |
a ordú do EUIPO na costais a thabhaigh an dílseánach a íoc. |
Saincheist dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/46 |
Caingean arna tabhairt an 1 Meán Fomhair 2022 – Hästens Sängar v EUIPO – Mustang (Seicphatrún liath le capaill níos dorchaí air)
(Cás T-539/22)
(2022/C 418/59)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Hästens Sängar AB (Köping, an tSualainn) (ionadaithe: M. Johansson, R. Wessman agus S. Ljungblad, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Mustang – Bekleidungswerke GmbH & Co. KG (Schwäbisch Hall, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseanach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Patrúnmharc de chuid an Aontais lena léirítear seicphatrún liath le capaill níos dorchaí air – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 180 227
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 27 Meitheamh 2022 i gCás R 1731/2021-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
An cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú a mhéid a ndéantar an cinneadh ón Rannóg Cúlghairme a neamhniú leis de bhonn na conclúide in alt 39 den chinneadh atá faoi chonspóid “gur cosúil lena chéile iad na comharthaí, go ginearálta [ón dílseánach agus ón iarratasóir ar chealú]”; |
— |
a ordú do EUIPO na costais arna dtabhú ag an dílseánach a íoc. |
Saincheist dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus ar chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/47 |
Caingean arna tabhairt an 1 Meán Fómhair 2022 – Hästens Sängar v EUIPO – Mustang (Patrún páircíneach i mbéas le capaill bhána)
(Cás T-545/22)
(2022/C 418/60)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Hästens Sängar AB (Köping, an tSualainn) (ionadaithe: M. Johansson, R. Wessman agus S. Ljungblad, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Mustang – Bekleidungswerke GmbH & Co. KG (Schwäbisch Hall, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Patrúnmharc an Aontais Eorpaigh ina léirítear patrún páircíneach i mbéas le capaill bhána – Trádmharc an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 180 223
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 27 Meitheamh 2022 i gCás R 1732/2021-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an Cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a ndéanann sé cinneadh ón Rannáin Cúlghairme a neamhniú bunaithe ar an gconclúid i mír 39 den chinneadh atá faoi chonspóid go bhfuil “comharthaí [an dílseánaigh agus an iarratasóra ar chealú] comhchosúil ar an iomlán”; |
— |
a ordú do EUIPO na costais a thabhaigh an dílseánach a íoc. |
Saincheist dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/47 |
Caingean arna tabhairt an 1 Meán Fomhair 2022 – Hästens Sängar v EUIPO – Mustang (Seicphatrún gorm agus bán le capaill níos dorchaí air)
(Cás T-546/22)
(2022/C 418/61)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Hästens Sängar AB (Köping, an tSualainn) (ionadaithe: M. Johansson, R. Wessman agus S. Ljungblad, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Mustang – Bekleidungswerke GmbH & Co. KG (Schwäbisch Hall, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir ar an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Patrúnmharc de chuid an Aontais lena léirítear seicphatrún gorm agus bán le capaill níos dorchaí air – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 161 231
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bhord Achomhairc de EUIPO an 27 Meitheamh 2022 i gCás R 1733/2021-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
An cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú a mhéid a ndéantar an cinneadh ón Rannóg Cúlghairme a neamhniú leis de bhonn na conclúide in alt 39 den chinneadh atá faoi chonspóid “gur cosúil lena chéile iad na comharthaí, go ginearálta [ón dílseánach agus ón iarratasóir ar chealú]”; |
— |
a ordú do EUIPO na costais arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc. |
Saincheist dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus ar chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/48 |
Caingean arna tabhairt an 1 Meán Fómhair 2022 – Hästens Sängar v EUIPO – Mustang (Patrún páircíneach le capaill)
(Cás T-547/22)
(2022/C 418/62)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Hästens Sängar AB (Köping, an tSualainn) (ionadaithe: M. Johansson, R. Wessman agus S. Ljungblad, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Mustang – Bekleidungswerke GmbH & Co. KG (Schwäbisch Hall, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir ar an trádmharc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar phatrúnmharc an Aontais Eorpaigh ina léirítear patrún páircíneach le capaill – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 161 210
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 27 Meitheamh 2022 i gCás R 1734/2021-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an Cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a ndéanann sé cinneadh ón Rannáin Freasúra a neamhniú bunaithe ar an gconclúid i mír 39 den chinneadh atá faoi chonspóid go bhfuil “comharthaí [an iarratasóra agus an freasúróir] comhchosúil ar an iomlán”; |
— |
a ordú do EUIPO na costais a thabhaigh an t-iarratasóir a íoc. |
Saincheist dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/49 |
Caingean arna tabhairt an 1 Meán Fómhair 2022 – Carmeuse Holding v an Coimisiún
(Cás T-554/22)
(2022/C 418/63)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Carmeuse Holding SRL (Brașov, an Rómáin) (ionadaithe: S. Olaru, R. Ionescu agus R. Savin, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an chaingean le haghaidh neamhniú seo a uamadh leis an gcaingean a thionscain Carmeuse i gcoinne Chinneadh 2022/C 160/09 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2022, a bhfuil ina ábhar do Chás T-385/22; |
— |
a dhearbhú go bhfuil an chaingean inghlactha agus go bhfuil bunús maith léi; |
— |
Cinneadh ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2022 maidir le treoir a thabhairt do Riarthóir Lárnach Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh chun athruithe ar tháblaí náisiúnta leithdháilte na Bulgáire, na Seicia, na Danmhairge, na Gearmáine, na hEastóine, na hÉireann, na Gréige, na Spáinne, na Fraince, na hIodáile, na Cipire, na Laitvia, Lucsamburg, na hUngáire, na hÍsiltíre, na hOstaire, na Polainne, na Portaingéile, na Rómáine, na Slóvaice, na Fionlainne agus na Sualainne a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh (1), a chur ar neamhní, a mhéid a shocraítear líon mícheart lamháltais saor in aisce leis, atá le leithdháileadh ar shuiteálacha Vale Mare Pravat, Fieni agus Chiscadaga an iarratasóra le haghaidh na blianta 2021-2025 agus a mhéid a dhéantar laghdú leis orthu seo a leanas:
|
— |
a ordú don chosantóir na costais arna dtabhú ag an iarratasóir sna himeachtaí reatha a íoc; |
— |
bearta aon bheart eile mar is cuí ó thaobh ceartais de a ghlacadh. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear earráid sa chinneadh atá faoi chonspóid maidir le ríomhadh líon na lamháltas astaíochtaí saor in aisce atá le leithdháileadh ar shuiteálacha Carmeuse. Go deimhin, rinne an Coimisiún earráid fhollasach dlí agus earráid fhollasach mheasúnaithe, ós rud é go bhfuil an Cinneadh atá faoi chonspóid bunaithe ar an iarraidh ón gCoimisiún ar Carmeuse úsáid a bhaint as modh ríofa atá contrártha leis na gníomhartha rialála arna eisiúint le haghaidh suiteálacha Carmeuse. |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sárú ag an Coimisiún ar roinnt prionsabal bhunúsacha de dhlí an Aontais Eorpaigh agus an cinneadh atá faoi chonspóid á thabhairt aige, eadhon prionsabal an chomhionannais, prionsabal na deimhneachta agus an ionchais dhlisteanaigh agus an ceart chun dea-riaracháin agus an ceart maidir le cosaint atá ag Carmeuse. |
3. |
An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear easpa bunúis leordhóthanaigh ag an gcinneadh atá faoi chonspóid maidir le líon na lamháltas astaíochtaí saor in aisce a leithdháiltear do shuiteálacha Carmeuse, toisc nach sonraítear an próiseas cinnteoireachta ann, ná na cúiseanna gur diúltaíodh d’argóintí Carmeuse, agus nach bpléitear na cúiseanna ríthábhachtacha ann go bhforshuíonn an fhoirmle a chuireann an Coimisiún i bhfeidhm an reachtaíocht cheangailteach. |
(1) Cinneadh ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2022 maidir le treoir a thabhairt do Riarthóir Lárnach Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh chun athruithe ar tháblaí náisiúnta leithdháilte na Bulgáire, na Seicia, na Danmhairge, na Gearmáine, na hEastóine, na hÉireann, na Gréige, na Spáinne, na Fraince, na hIodáile, na Cipire, na Laitvia, Lucsamburg, na hUngáire, na hÍsiltíre, na hOstaire, na Polainne, na Portaingéile, na Rómáine, na Slóvaice, na Fionlainne agus na Sualainne a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh 2022/C 236/04 – C/2022/2590 (IO 2022 C 236, lch. 5).
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/50 |
Caingean arna tabhairt an 9 Meán Fómhair 2022 – Chmielarz v EUIPO – Granulat (granulat)
(Cás T-557/22)
(2022/C 418/64)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Arkadiusz Chmielarz (Olsztyn, an Pholainn) (ionadaí: D. Sęczkowski, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Granulat GmbH (Troisdorf, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “granulat” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 066 758
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 30 Meitheamh 2022 i gCás R 1197/2021-4
An t- atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
cinneadh Rannán an Fhreasúra a chur ar neamhní a mhéid a seasadh leis an bhfreasúra; |
— |
a ordú do EUIPO an t-iarratas ar thrádmharc atá faoi chonspóidtear a chlárú; |
— |
a ordú do EUIPO na costais a íoc. |
Saincheist dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/51 |
Caingean arna tabhairt an 9 Meán Fómhair 2022 – CFA Institute v EUIPO – Global Chartered Controller Institute (“CCA Chartered Controller Analyst CERTIFICATE”)
(Cás T-561/22)
(2022/C 418/65)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: CFA Institute (Charlottesville, Virginia, na Stáit Aontaithe) (ionadaithe: W. May agus G. Engels, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Global Chartered Controller Institute SL (Alicante, an Spáinn)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “CCA Chartered Controller Analyst CERTIFICATE” – Iarratas ar chlárú Uimh. 15 508 161
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 9 Meitheamh 2022 i gCás R 1660/2021-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
seasamh leis an achomharc i gcoinne an chinnidh atá faoi chonspóid a cheadú ina iomláine, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus an t-iarratas ar chlárú a dhiúltú go hiomlán; |
— |
a ordú don idirghabhálaí na táillí agus na costais arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
— |
Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/51 |
Caingean arna tabhairt an 9 Meán Fómhair 2022 – Noah Clothing v EUIPO – Noah (NOAH)
(Cás T-562/22)
(2022/C 418/66)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Noah Clothing LLC (Nua-Eabhrac, Nua-Eabhrac, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: W. Leppink, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Yannick Noah (Feucherolles, an Fhrainc)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: an páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “NOAH” – Iarratas ar chlárú Uimh. 5 620 968
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 12 Iúil 2022 i gCás R 504/2021-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, a mhéid a ndiúltaítear leis don iarratas ar dhearbhú cúlghairme maidir leis na hearraí “léinte póló” agus “geansaithe” in Aicme 25; |
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, a mhéid a dhíbhtear an crosachomharc leis; |
— |
a ordú do EUIPO na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 95(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhar le hAirteagal 19(1), an 3ú habairt, agus Airteagal 10(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún agus le hAirteagal 6 den Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint; |
— |
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) agus ar Airteagal 18(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
— |
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcrosachomharc arna chomhdú ag an iarratasóir os comhair an Bhoird Achomhairc. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/52 |
Caingean arna tabhairt an 14 Meán Fómhair 2022 – ATPN v an Coimisiún
(Cás T-567/22)
(2022/C 418/67)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Association Trinationale de Protection Nucléaire (ATPN) (Bâle, an Eilvéis) (ionadaí: C. Lepage, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
a dhearbhú go bhfuil an t-iarratas seo inghlactha agus go bhfuil bunús maith leis; |
— |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1214 ón gCoimisiún an 9 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnálacha fuinnimh áirithe agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le nochtadh go poiblí maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin go sonrach (1) a chur ar neamhní; |
— |
a ordú don Choimisiún suim EUR 3,000 a íoc leis an iarratasóir. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear neamhrialtacht nós imeachta sa mhéid is go sáraíonn sé forálacha Rialachán Uimh. 2020/852 an 18 Meitheamh 2020 (2). |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar rialacha tacsanomaíochta. |
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh neamhaird d’fhorálacha Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 2020/852 an 18 Meitheamh 2020 agus nach raibh na cuspóirí sách uaillmhianach. |
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh neamhaird ar chritéir ghinearálta dhlí an Chomhphobail. |
5. |
An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear neamh-chomhoiriúnacht idir infheistíochtaí i gcumhacht núicléach agus infheistíochtaí glasa maidir le faisnéis airgeadais. |
(2) Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO 2020, L 198, lch. 13).
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/53 |
Caingean arna tabhairt an 15 Meán Fómhair 2022 – XNT v EUIPO – Exane (EXANE)
(Cás T-568/22)
(2022/C 418/68)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: XNT ltd. (St Julian’s, Málta) (ionadaithe: A. Renck, Stöber agus M.-A. de Dampierre, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Exane (Páras, an Fhrainc)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “EXANE” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 14 289 433
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dara Bord Achomhairc de EUIPO an 14 Meitheamh 2022 i gCás R 2093/2020-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
a ordú go n-íocfaidh an cosantóir costais na n-imeachtaí, agus sa chás go dtiocfadh an páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc isteach sna himeachtaí, an t-idirghabhálaí. |
Saincheist dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 60(1)(c) i gcomhar le hAirteagal 8(4) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/54 |
Caingean arna tabhairt an 20 Meán Fómhair 2022 – Trus v EUIPO – Unilab (“ARTRESAN”)
(Cás T-585/22)
(2022/C 418/69)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Mariusz Trus (Lublin, an Pholainn) (ionadaí: W. Włodarczyk, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Unilab LP (Rockville, Maryland, na Stáit Aontaithe)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “ARTRESAN” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 4 304 937
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 20 Iúil 2022 i gCásanna Uamtha R 1428/2020-1 agus R 1481/2020-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a choinníodh an trádmharc faoi cheist do na hearraí in Aicme 5 “uachtair theiripeacha le haghaidh ailt; forbhianna chun críocha leighis”; |
— |
a dhearbhú gur cúlghaireadh an marc i gcás na n-earraí thuasluaite in Aicme 5 chomh maith; |
— |
a ordú do EUIPO agus don idirghabhálaí na costais arna dtabhú sna himeachtaí seo agus sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
— |
Sárú ar an gcéad abairt d’Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 418/54 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 26 Iúil 2022 – WG v EUIPO
(Cás T-567/21) (1)
(2022/C 418/70)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
D’ordaigh Uachtarán an Cheathrú Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.