ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290 |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
Clár |
Leathanach |
|
|
I Rúin, moltaí agus tuairimí |
|
|
RÚIN |
|
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa |
|
|
An 568ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Interactio, 23.3.2022-24.3.2022. |
|
2022/C 290/01 |
||
|
TUAIRIMÍ |
|
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa |
|
|
An 568ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Interactio, 23.3.2022-24.3.2022. |
|
2022/C 290/02 |
||
2022/C 290/03 |
||
2022/C 290/04 |
||
2022/C 290/05 |
|
III Gníomhartha ullmhúcháin |
|
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa |
|
|
An 568ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Interactio, 23.3.2022-24.3.2022. |
|
2022/C 290/06 |
||
2022/C 290/07 |
||
2022/C 290/08 |
||
2022/C 290/09 |
||
2022/C 290/10 |
||
2022/C 290/11 |
||
2022/C 290/12 |
||
2022/C 290/13 |
||
2022/C 290/14 |
||
2022/C 290/15 |
||
2022/C 290/16 |
||
2022/C 290/17 |
||
2022/C 290/18 |
||
2022/C 290/19 |
||
2022/C 290/20 |
||
2022/C 290/21 |
||
2022/C 290/22 |
||
2022/C 290/23 |
||
2022/C 290/24 |
||
2022/C 290/25 |
||
2022/C 290/26 |
||
2022/C 290/27 |
||
2022/C 290/28 |
GA |
|
I Rúin, moltaí agus tuairimí
RÚIN
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
An 568ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Interactio, 23.3.2022-24.3.2022.
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290/1 |
Rún ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an gcogadh san Úcráin agus an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a bheidh aige
(2022/C 290/01)
Bunús dlí |
Riail 35 de na Rialacha Nós Imeachta |
|
Rún |
Dáta a ghlactha sa seisiún iomlánach |
24.3.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
568 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
176/1/1 |
Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE),
1. |
á chur in iúl go bhfuil an t-ionsaí aontaobhach i gcoinne na hÚcráine arna ordú ag Uachtarán Chónaidhm na Rúise, agus rannpháirtíocht réimeas na Bealarúise ann, á cháineadh go géar aige; á chur i bhfáth go sáraíonn ionradh fhórsaí míleata na Rúise ar an Úcráin rialacha agus comhaontuithe idirnáisiúnta atá i bhfeidhm agus go gcuireann sé slándáil na hEorpa agus an tslándáil dhomhanda i mbaol; á chur i bhfáth freisin go sáraíonn an t-ionradh sin príomhaidhm an Aontais Eorpaigh “an tsíocháin, a chuid luachanna agus dea-bhail a chuid pobal a chur chun cinn”; |
2. |
ag áitiú go dtabharfaidh an tAontas tacaíocht iomlán lena áirithiú go ndéanfar gach coir chogaidh agus gach coir in aghaidh an chine dhaonna a thaifeadadh agus a phróiseáil tríd an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta; |
3. |
ag tabhairt ómós don mhisneach éachtach atá léirithe ag muintir na hÚcráine atá ag cosaint na hÚcráine i gcoinne ionróirí na Rúise; á iarraidh ar an domhan saor tacú le comhrac na hÚcráine ar son na síochána agus na saoirse le gach acmhainn atá ar fáil dóibh; |
4. |
á iarraidh ar an Aontas agus ar na comhpháirtithe idirnáisiúnta atá ar aon intinn leis seasamh le chéile, leanúint de dhlúthpháirtíocht iomlán a léiriú agus aghaidh á tabhairt ar an gcogadh sin atá gan chúis gan údar, agus bealach taidhleoireachta a shainaithint chun deireadh a chur leis an gcogaíocht; á chur i bhfáth go bhfuil gá le gníomhaíocht taidhleoireachta chun sos comhraic a bhaint amach láithreach bonn agus chun fíorphróiseas síochána a chur ar bun a mbeidh ról gníomhach ag institiúidí an Aontais Eorpaigh ann. Ba cheart do na gníomhaithe sin dlús a chur freisin leis an mbrú atá á chur ar réimeas na Rúise trí smachtbhannaí breise a fhorchur go pras agus trí gach uirlis eile atá ar fáil dóibh a úsáid chun deireadh a chur láithreach bonn le gníomhaíocht mhíleata na Rúise ar chríoch na hÚcráine, chun fórsaí na Rúise a tharraingt siar go hiomlán, chun an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht a athbhunú i gComharsanacht Oirthear an Aontais agus chun tacú le sochaithe a bhfuil na luachanna céanna acu agus atá ag an Aontas; |
5. |
den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach don Aontas agus don chomhphobal idirnáisiúnta nach n-athrófaí teorainneacha trí mhodhanna míleata, agus nach mbainfeadh an t-ionsaitheoir leas as aon tairbhe. Ní mór cloí leis an smacht reachta, agus ní le cearta an té is láidre, agus ní mór cúiteamh iomlán a thabhairt don Úcráin. |
6. |
ag tacú leis na príomhtheachtaireachtaí atá sa Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Márta maidir le hionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear na bearta a mholtar chun tacú láithreach bonn leis an Úcráin agus lena saoránaigh agus iad ag troid ar son neamhspleáchais agus saoirse; |
7. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó gníomhaíochtaí na gcuideachtaí Eorpacha sin a chinn tarraingt siar ó mhargadh na Rúise; ag spreagadh cuideachtaí eile chun an cine daonna agus an dlúthpháirtíocht a chur chun cinn thar na leasanna gearrthéarmacha eacnamaíocha; |
8. |
ag athdhearbhú a thacaíochta gan staonadh a chuirfidh sé ar fáil do cheannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach na hÚcráine agus thíortha eile Chomhpháirtíocht an Oirthir, eadhon an Mholdóiv agus an tSeoirsia mar aon le Ballstáit uile an Aontais, laistigh dá dteorainneacha atá aitheanta go hidirnáisiúnta; |
9. |
ag cur a dhobhróin in iúl d’íospartaigh uile an ionsaithe, do leanaí, do mhná agus d’fhir, maidir leis na cathracha agus an bonneagar a scriosadh, maidir le fulaingt dholáimhsithe na ndaoine agus maidir leis an damáiste do-áirithe don chomhshaol; á chur in iúl gur oth leis gur cuireadh iallach ar na milliúin daoine a dtithe a fhágáil agus dídean a lorg in áiteanna níos sábháilte laistigh den Úcráin nó i dtíortha comharsanacha; ag áitiú go dtabharfar na hionsaitheoirí chun cuntais as a gcoireanna; |
10. |
ag tathant go gcuirfear dlús le gníomhaíochtaí chun seasamh agus ceannasacht na hÚcráine a neartú, chomh maith le dlús a chur le gníomhaíochtaí daonnúla a d’fhéadfadh tacú le muintir na hÚcráine rochtain a fháil ar earraí bunriachtanacha, go háirithe uisce, bia, leigheas agus leictreachas; ag iarraidh ar gach rialtas gach a bhfuil ar a gcumas a dhéanamh chun soláthar bia agus sábháilteacht bia a áirithiú trí bhia agus uisce glan a chur ar fáil i limistéir chogaidh; ag áitiú ar an Rúis rochtain dhaonnúil a áirithiú ar dhaonra na hÚcráine; ag tabhairt rabhaidh freisin nach mbeidh a dtuarastail á bhfáil ag roinnt mhaith oibrithe agus nach mbeidh rochtain ag daoine ar a gcoigilteas; ag iarraidh, i ndáil leis sin, go mbeidh bearta eacnamaíocha leordhóthanacha ann chun cliseadh eacnamaíoch a chosc; |
11. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó cur chuige gníomhach rialtais uile an Aontais, go háirithe rialtais na Polainne, na hUngáire, na Rómáine, na Bulgáire agus na Slóvaice, chomh maith le rialtas na Moldóive, agus a dteorainneacha á gcoinneáil ar oscailt acu agus bealaí á gcur ar fáil acu maidir le haslonnú, dídean, cúnamh éigeandála, cúnamh leighis agus tearmann dóibh siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin, lena n-áirítear náisiúnaigh Úcránacha agus neamh-Úcránacha; á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún cistiúchán breise a chur ar fáil do na tíortha sin toisc gurb iad sin na príomhphointí iontrála do dhídeanaithe ón Úcráin isteach chuig an Aontas agus go mbeidh siad ina bpríomhthíortha cónaithe freisin do dhídeanaithe ón Úcráin sna míonna amach romhainn; |
12. |
á iarraidh arís eile go mbeadh beartas inimirce ann lena n-áiritheofaí nach mbeadh ualach díréireach ar aon tír agus go roinnfí an t-ualach sin go cothrom ar na Ballstáit; |
13. |
ag tacú le tiomantas an Aontais cúnamh a thabhairt do dhídeanaithe ón Úcráin mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún “Dlúthpháirtíocht na hEorpa le dídeanaithe agus leo siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin” (1); á chur i bhfáth gur cheart na cistí atá ar fáil tríd an nGníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip agus trí REACT (2) a bheith solúbtha agus ar fáil go pras; á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur ghníomhachtaigh an tAontas an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta cheana féin agus gur chruthaigh sé moil lóistíochta i dtíortha comharsanacha chun cabhair a chur ar fáil don Úcráin; |
14. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó an dlúthpháirtíocht láidir atá léirithe ag an Aontas agus ag eagraíochtaí comharsanacha na sochaí sibhialta agus na gníomhaíochtaí leanúnacha atá ar siúl acu ón gcéad lá d’ionsaí na Rúise; á chur i bhfáth gur gá tacaíocht airgeadais AE a leithdháileadh ar rialtais agus ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag gníomhú ar an láthair; |
15. |
á iarraidh an Treoir um Chosaint Shealadach (a chuir an Chomhairle Eorpach i ngníomh den chéad uair riamh an 4 Márta 2022 ar thogra an Choimisiúin Eorpaigh) a chur chun feidhme go hiomlán trí dhlúthpháirtíocht agus trí fhreagracht chomhroinnte idir Ballstáit an Aontais, trí raon iomlán na gceart dá bhforáiltear sa Treoir a ráthú, lena n-áirítear rochtain ar an margadh saothair, tithíocht, cúram sláinte, oideachas agus tacaíocht leasa shóisialta, dóibh siúd uile atá i dteideal na cosanta sin agus go dtabharfar aghaidh mar is cuí ar riachtanais grúpaí leochaileacha, go háirithe leanaí, mná, daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas; á mholadh do na tíortha óstacha glacadh go fonnmhar le cruthú agus le hurramú na gconairí daonnúla céanna do na dídeanaithe uile a bheidh ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin gan beann ar a náisiúntacht; |
16. |
ag aithint na ndeacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag tíortha óstacha maidir le dídeanaithe a lánpháirtiú go tapa ina margaí saothair; á chur i dtábhacht go bhfuil sé d’acmhainn ag geilleagair an Aontais glacadh leis an slua daoine ón Úcráin ar choinníoll go ndéanfar an t-athlonnú a bhainistiú i gceart; á iarraidh go mbeidh sásraí cuimsithe oiriúnach ó thaobh cúrsaí inscne agus aoise de; á iarraidh ar an Údarás Eorpach Saothair faireachán a dhéanamh, i gcomhréir lena shainordú, ar lánpháirtiú dídeanaithe i margadh an tsaothair agus tuarascálacha rialta a chur ar fáil maidir leis sin; á mheabhrú, i ndáil leis sin, go bhféadfadh an geilleagar sóisialta agus dlúthpháirtíochta, faoi chuimsiú na seirbhísí stáit leasa, poist a choinneáil agus a mhéadú fiú in aimsir ghéarchéime; ag moladh do na Ballstáit teacht ar réitigh chun dídeanaithe na hÚcráine a lánpháirtiú ar bhealach níos fearr i margadh an tsaothair; ag aithint staid shonrach na mban agus na leanaí i gcriosanna coinbhleachta agus ar theacht isteach dóibh i dtíortha óstacha, lena n-áirítear na rioscaí a bhaineann le dúshaothrú agus foréigean inscnebhunaithe, go háirithe foréigean gnéasach agus gáinneáil ar dhaoine; á thabhairt dá aire go leanfar d’fhaireachán a dhéanamh ar staid shaoránaigh na hÚcráine ar tugadh cosaint shealadach dóibh san Aontas Eorpach, nó atá i dteideal an stádas sin a iarraidh, agus go gcuirfidh an Fóram Eorpach um Imirce an staid sin san áireamh; |
17. |
á éileamh go mbeadh tacaíocht níos fearr ag sochaí shibhialta na hÚcráine, laistigh den Úcráin agus lasmuigh di araon; den tuairim gur cheart don Aontas Eorpach smaoineamh ar shochaí shibhialta na hÚcráine a rannpháirtiú i ngach plé a dhéantar a bhaineann leis an Úcráin; á chur in iúl go mbeidh baint dhíreach ag sochaí shibhialta na hÚcráine le tionchar an chogaidh a mhaolú agus le creat socheacnamaíoch na tíre a atógáil; ag moladh, sa chomhthéacs sin, scéimeanna cistiúcháin atá ann cheana a chomhdhlúthú agus a fheabhsú, ar scéimeanna iad a ceapadh chun tacú leis an tsochaí shibhialta san Úcráin; |
18. |
ag iarraidh ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit uile, i bhfianaise ráitis de chuid Uachtarán na Comhairle Eorpaí le déanaí, comhoibriú go hiomlán leis an Úcráin agus cistí agus cláir ábhartha uile an Aontais a chur ar fáil don Úcráin; |
19. |
á iarraidh ar institiúidí an Aontais tús a chur le hidirphlé nithiúil leis an Úcráin maidir le próiseas aontachais na tíre leis an Aontas Eorpach a luaithe is féidir ar bhonn fiúntais agus i gcomhréir le hAirteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus cabhair airgeadais a chur ar fáil láithreach bonn chun tacaíocht dhaonnúil a áirithiú don Úcráin; ag áitiú tús a chur leis an idirphlé céanna leis na tíortha eile sin a raibh baint acu leis an Aontas Eorpach amhail an tSeoirsia agus an Mholdóiv d’fhonn cobhsaíocht agus cóir chomhionann a ráthú do na tíortha sin. Ba cheart dó sin tarlú gan dochar a dhéanamh do phróiseas aontachais na mBalcán Thiar atá ar siúl faoi láthair; á iarraidh, idir an dá linn, go leanfar i dtreo chomhtháthú na hÚcráine i margadh aonair an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis an gComhaontú Comhlachais; |
20. |
á chur in iúl gur cúis mhór imní dó an úsáid ollmhór a bhaineann rialtas na Rúise as an mbolscaireacht agus as an mbréagaisnéis, agus í ag féachaint le húdar cuí a thabhairt lena hionsaí i gcoinne na hÚcráine agus leis sin a dhoiléiriú; á chur i dtábhacht, i ndáil leis an méid sin, a riachtanaí atá sé feabhas a chur ar athléimneacht an Aontais i gcoinne cibirionsaithe agus straitéis dhomhanda a cheapadh chun an bhréagaisnéis a chomhrac; á chur in iúl nach mór don Aontas Eorpach a bheith ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain i ndáil leis sin; |
21. |
á chur i bhfáth nach mór tacú le sochaí shibhialta agus iriseoirí neamhspleácha na Rúise agus na Bealarúise agus bealaí cumarsáide a choinneáil ar oscailt leo; ag cáineadh go géar a bhfuil ar siúl sa Rúis lena n-áirítear an brú faoi chois, gabhálacha agóideoirí síochánta, na meáin a chur ina dtost agus guth na sochaí sibhialta a mhúchadh; |
22. |
á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíochtaí comhpháirteacha dlúthpháirtíochta chun táirgí agus seirbhísí ón Rúis a bhaghcatáil; á chur i bhfáth gur gá deireadh a chur leis an gcomhar le cuideachtaí agus eagraíochtaí Rúiseacha a thacaíonn le beartais Putin; ag cáineadh an nóis dul timpeall ar ghníomhaíochtaí comhchoiteanna baghcatála mar iarracht chun buntáiste de chineál ar bith a bhaint amach; |
23. |
á aithint go mbeidh tionchar socheacnamaíoch ag an gcogadh agus ag na bearta uile a bhaineann leis, eadhon smachtbhannaí, ar na Ballstáit agus na tíortha comharsanacha, agus nach mór don Aontas a bheith réidh le dul i ngleic leis; á chur in iúl go léirítear leis an ngéarchéim gur gá an margadh inmheánach agus feidhmiú an mhargaidh sin a neartú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé na caillteanais arna dtabhú ag fiontair Eorpacha a bhfuil tionchar ag na smachtbhannaí orthu a fhritháireamh agus tá béim á leagan aige ar an ngá atá le hanailís tionchair chríochnúil a dhéanamh ar na smachtbhannaí, chun go mbeifear réidh leis na hiarmhairtí eacnamaíocha a bhaineann leo a mhaolú; |
24. |
á chur i bhfáth go mbeidh tionchar nach beag ar roinnt earnálacha tionsclaíochta; á chur in iúl, seachas fuinneamh, go bhfuil sciar suntasach d’allmhairí miotal chuig an Aontas ag an Rúis agus ag an Úcráin, miotail amhail nicil, copar agus iarann agus amhábhair chriticiúla amhail neon, pallaidiam, tíotáiniam agus platanam, atá riachtanach do roinnt tionscail straitéiseacha lena n-áirítear an chosaint agus táirgeadh micrishliseanna; |
25. |
ag leagan béim ar an ngá atá le dlús a chur le neamhspleáchas teicneolaíoch agus straitéiseach a fhorbairt san Eoraip; ag iarraidh ar cheannairí an Aontais a n-aontacht agus a dtiomantas a dheimhniú chun go mbeidh an tAontas Eorpach níos neamhspleáiche agus níos ceannasaí trí fheabhas a chur ar ár gcumas cosanta agus trí theorainn a chur lenár spleáchas ar fhuinneamh, amhábhair chriticiúla agus bia; |
26. |
ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé spleáchas fuinnimh an Aontais ar thríú páirtithe, go háirithe an Rúis, a laghdú; á iarraidh go mbeadh plean inmharthana ann chun na foinsí fuinnimh laistigh de mheascán fuinnimh na mBallstát a éagsúlú; á chur in iúl gur díol sásaimh dó na moltaí a rinneadh i ndáil leis sin i nDearbhú Versailles (3); á aithint nach féidir slándáil agus inbhuanaitheacht an tsoláthair fuinnimh a bhaint amach ina n-iomláine san fhadtéarma ach amháin trí bhorradh a chur faoin úsáid a bhaintear as foinsí fuinnimh ísealcharbóin nó saor ó charbón agus úsáid níos mó á baint as foinsí áitiúla fuinnimh agus foinsí in-athnuaite fuinnimh; ag moladh go gcuirfear dlús le hinfheistíochtaí taighde chun teicneolaíochtaí glana nua a fhorbairt d’fhonn córas fuinnimh AE a bheidh athléimneach agus inbhuanaithe amach anseo a áirithiú; |
27. |
á chur i dtábhacht an gá atá le straitéisí fioscacha a dhifreáil ar fud na mBallstát, d’fhonn inbhuanaitheacht fiachais a chaomhnú, go háirithe sna Ballstáit sin a bhfuil fiachas poiblí ard acu. Ba cheart do na Ballstáit sin a bhfuil leibhéil ísle fiachais agus meánleibhéil fiachais acu tosaíocht a thabhairt d’fhorbairt na hinfheistíochta poiblí; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tús áite a thabhairt d’fhorbairt na hinfheistíochta poiblí chun athléimneacht gheilleagar an Aontais a fheabhsú; |
28. |
á chur in iúl gur ábhar imní dó staid éigeandála codanna suntasacha den earnáil iompair; ag áitiú ar an gCoimisiún aird chuí a thabhairt ar ghéarchéim na hearnála iompair mar gheall ar chostais arda bhreosla agus leictreachais agus an Creat um Ghéarchéim Shealadach a luaitear sa teachtaireacht REPower EU: Gníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach le haghaidh fuinneamh atá níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe (4) á cheapadh aige; á iarraidh go mbeifear aireach agus na nósanna imeachta rialála á maolú chun nach ndéanfar caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil a lagú; |
29. |
á chur i dtábhacht gur cinnte go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ag an gcoinbhleacht d’earnáil agraibhia an Aontais, a mbeidh tacaíocht bhreise ag teastáil ina leith; á chur i bhfáth, chuige sin, nach mór don Aontas a thiomantas chun córais bhia inbhuanaithe a chur i gcrích a atreisiú agus, san am céanna, inacmhainneacht bia ar ardchaighdeán a ráthú do chách; á chur in iúl nach mór don Aontas, go háirithe, feabhas a chur ar a shlándáil bia trí spleáchas ar phríomhtháirgí talmhaíochta allmhairithe agus ar ionchuir thábhachtacha talmhaíochta a laghdú; á chur i bhfios, thairis sin, go mbeidh ar thomhaltóirí i mBallstáit uile an Aontais aghaidh a thabhairt ar mhéaduithe suntasacha ar phraghsanna bia agus fuinnimh a d’fhéadfadh na leibhéil bochtaineachta laistigh den Aontas a mhéadú; |
30. |
á chur i bhfios gur onnmhaireoirí suntasacha iad an Úcráin agus an Rúis de roinnt mhaith táirgí talmhaíochta, amhail grán agus síolta ola; á thabhairt dá aire go bhfuil méaduithe ollmhóra domhanda tagtha cheana féin ar phraghsanna tráchtearraí talmhaíochta mar thoradh ar shuaitheadh onnmhairí ó na tíortha sin agus go bhfuil na hiarmhairtí sin le brath go háirithe sna tíortha is boichte ar domhan agus gurb iad na daoine is boichte is mó a bheidh thíos leis; |
31. |
á chur i bhfáth nár cheart cur isteach ar an ngníomhú ar son na haeráide ná ar an inbhuanaitheacht agus aghaidh á tabhairt ar thionchair an chogaidh mar a fhoráiltear i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe, ar clár oibre é don tsíocháin, don tslándáil agus do laghdú na bochtaineachta thar aon ní eile; á chur i dtreis nach mór dul chun cinn a dhéanamh chun Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus aistriú cóir a chur chun feidhme tríd an gComhaontú Glas don Eoraip, agus é á chur i dtábhacht nach féidir díolúintí eisceachtúla a dheonú ach amháin ar feadh tréimhse theoranta ama; |
32. |
den tuairim gur cúis mhór imní do phobal na hÚcráine agus do phobal an Aontais an tionchar a bhí ag an gcoinbhleacht ar an gcomhshaol, mar thoradh ar bhuamáil, sceitheadh ola/gáis, teagmhais i monarchana ceimiceán nó i ngléasraí núicléacha; á chur i bhfáth nach mór don Aontas rannchuidiú leis an dochar don chomhshaol de dheasca an chogaidh a chosc agus a chóiriú agus smachtbhannaí a fhorchur i leith coireanna comhshaoil ós rud é gur cinnte go mbeidh iarmhairtí fadtéarmacha acu; |
33. |
á chur i bhfáth gur gá an dlúthpháirtíocht a chaomhnú agus freagairtí comhchoiteanna Eorpacha a fhorbairt a thuilleadh chun an t-ualach a bhaineann leis an tionchar eacnamaíoch a roinnt; á mholadh ionstraim Eorpach sholúbtha a cheapadh; á thabhairt dá aire, i gcás na dtíortha is mó atá thíos leis, go bhféadfadh sé go mbeadh gá leis na Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta a phróiseáil agus a athbhreithniú, go háirithe i bhfianaise an riosca maidir le marbh-bhoilsciú; á aithint go mbeidh tionchar díreach ag an ionradh san Úcráin ar Bhallstáit uile an Aontais agus ar a saoránaigh uile agus go mbeidh an costas daonna agus na hiarmhairtí do mhuintir na hÚcráine domheasta agus, dá bhrí sin, go mbeidh gá le dlúthpháirtíocht laistigh den Aontas agus le dlúthpháirtíocht fhadtéarmach AE leis an Úcráin; |
34. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó an gealltanas a tugadh i nDearbhú Versailles (5) chun úsáid níos mó a bhaint as ionstraim na Saoráide Eorpaí Síochána; á chur i dtábhacht gur cheart don Aontas bogadh i dtreo comhtháthú polaitiúil níos láidre lena bhféadfaí tacú le comhbheartas eachtrach; ag iarraidh ar na Ballstáit tús a chur láithreach bonn le córas cosanta a chur chun feidhme a bheadh comhchoiteann agus éifeachtach i ndáiríre agus lena neartófaí go mór cumas na hEorpa í féin a chosaint; |
35. |
á aithint gur ábhar imní é sábháilteacht núicléach an phobail áitiúil agus na hEorpa ina hiomláine de dheasca fhorghabháil na ngléasraí cumhachta núicléiche; ag iarraidh go gcomhoibreofaí go hiomlán leis na gníomhaithe uile lena mbaineann agus leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach chun faireachán a dhéanamh ar an gcás agus cosc a chur ar aon astú radaighníomhaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann; |
36. |
á chur i bhfáth gur gá do cheannairí polaitiúla a bheith soiléir ina gcumarsáid le saoránaigh an Aontais agus costas an chogaidh a mhíniú; á chur i dtábhacht go mbaineann costas leis an tsíocháin freisin agus nach mór dúinn uile ar fud na mBallstát íobairtí a dhéanamh ar a son; |
37. |
á iarraidh ar an Aontas agus a Bhallstáit plean leormhaith cúnaimh agus téarnaimh a ullmhú don Úcráin chun tacú le geilleagar na hÚcráine agus le hatógáil a bonneagair scriosta; á chur i bhfios go láidir nach mór do Chónaidhm na Rúise freagracht a ghlacadh as bonneagar na hÚcráine a scriosadh, lena n-áirítear foirgnimh shibhialtacha agus chónaithe, agus as na caillteanais shuntasacha eacnamaíocha freisin, agus go mbeidh uirthi an damáiste a rinneadh de dheasca a gníomhaíochtaí ionsaitheacha a chúiteamh; |
38. |
á chur in iúl go bhfuil sé tiomanta do dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar an gcás, trí mhalartú faisnéise a spreagadh maidir leis an tacaíocht a thugann eagraíochtaí Eorpacha na sochaí sibhialta ar an láthair, trí fhíor-idirphlé a spreagadh le heagraíochtaí na sochaí sibhialta san Úcráin, lena n-áirítear eagraíochtaí fostóirí agus ceardchumainn, trína sásraí idirphlé bhuain; á chur in iúl go bhfuil rún daingean aige faireachán a dhéanamh ar staid na ndídeanaithe ar an láthair agus sna tíortha comharsanacha, agus lántacaíocht á tabhairt do mhuintir na hÚcráine. |
An Bhruiséil, 24 Márta 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) COM(2022) 107 final – Dlúthpháirtíocht na hEorpa le dídeanaithe agus leo siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin.
(2) COM(2022) 109 final – Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE).
(3) Dearbhú Versailles arna ghlacadh ag cruinniú neamhfhoirmiúil na gCeann Stáit agus Rialtais an 10 agus an 11 Márta 2022 https://www.consilium.europa.eu/media/54773/20220311-versailles-declaration-en.pdf
(4) COM(2022) 108 final – REPowerEU: Gníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach le haghaidh fuinneamh atá níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe.
(5) Dearbhú Versailles arna ghlacadh ag cruinniú neamhfhoirmiúil na gCeann Stáit agus Rialtais an 10 agus an 11 Márta 2022 https://www.consilium.europa.eu/media/54773/20220311-versailles-declaration-en.pdf
TUAIRIMÍ
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
An 568ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Interactio, 23.3.2022-24.3.2022.
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290/6 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Gníomhaíocht an Aontais maidir leis an tréimhse tar éis COVID-19: téarnamh níos fearr a bhaint amach a bhuí leis an spórt
(tuairim féintionscnaimh)
(2022/C 290/02)
Rapóirtéir: |
Pietro Vittorio BARBIERI |
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
23.3.2021 |
Bunús dlí |
Riail 32(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
Tuairim féintionscnaimh |
Rannóg atá freagrach |
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht |
Dáta a glactha sa rannóg |
7.3.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
24.3.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
568 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
148/0/0 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
I ngeall ar cé chomh fada agus a mhair an phaindéim, a raibh tionchar tromchúiseach aici ar earnáil iomlán an spóirt agus go háirithe ar chumainn spóirt áitiúla, rud a d’fhág gur caitheadh a lán saoráidí a dhúnadh, tá gá anois le cur chuige straitéiseach maidir le ról an spóirt agus na gníomhaíochta coirp a athbheochan agus a chur chun cinn chun sochaí níos athléimní agus níos inbhuanaithe a thógáil. Ní mór rogha den sórt sin a thuiscint mar chuid den phróiseas téarnaimh eacnamaíoch agus shóisialta níos leithne, agus iarracht á déanamh spriocanna a aithint le go mbeidh earnáil an spóirt in ann déileáil níos fearr leis na géarchéimeanna uile atá ag éirí níos coitianta sa saol. |
1.2. |
Ní mór an spórt agus an ghníomhaíocht choirp a chomhtháthú i straitéisí forbartha eacnamaíche agus sóisialta, agus naisc thrasearnála níos leithne a chruthú, go háirithe leis an tsláinte phoiblí, leis an oideachas agus leis an gcuimsiú sóisialta. Tá an spórt ina mheán don inbhuanaitheacht shóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil, rud a thacaíonn leis an bpróiseas téarnaimh trí dheiseanna nua fostaíochta agus gnó atá bunaithe ar an spórt a chruthú. Beidh sé tábhachtach freisin an t-idirphlé sóisialta a chothú maidir le dea-bhail agus gníomhaíocht choirp ag an obair, agus na comhpháirtithe sóisialta a rannpháirtiú ann. Sin é an fáth a dteastaíonn sé ó CESE go ndéanfaí staidéir ina léirítear an nasc idir an spórt agus dea-bhail ghinearálta an duine. |
1.3. |
Maidir leis an scoil agus na céimeanna éagsúla den oideachas, nuair a bhítear á theagasc do chailíní agus do bhuachaillí conas déileáil le tasc agus conas foghlaim agus fás, is gá gach rud a theagasc dóibh freisin faoin gcaoi lena gcorp a úsáid agus a bhogadh. Is é atá i gceist leis an gcorpoideachas scoile a athbheochan, maidir le súgradh, áineas agus ildisciplíneacht, uirlis dhosháraithe a chruthú chun torthaí a sholáthar, suaimhneas a chruthú, foghlaim conas maireachtáil le daoine eile agus, thar aon ní eile, dul chun cinn oideachasúil a dhéanamh agus stíleanna maireachtála sláintiúla a chur chun cinn. Is é a chiallaíonn sin luach an spóirt agus na gníomhaíochta coirp a aithint ar an mbealach céanna a aithnítear luach ábhar eile, go háirithe san oiliúint a chuirtear ar an nglúin óg, agus aird ar leith á tabhairt ar limistéir intíre agus limistéir atá faoi mhíbhuntáiste de thoradh tosca geografacha. |
1.4. |
Leagadh amach i gConradh Liospóin an ghné Eorpach a bhaineann le luach sóisialta agus eacnamaíoch an spóirt. Tar éis na héigeandála sláinte, beidh sé riachtanach na luachanna a léirítear sa spórt agus sa ghníomhaíocht choirp a dhéanamh níos sofheicthe sa pholaitíocht Eorpach, agus lánurraim a thabhairt dóibh mar a dhéantar i gcás beartais Eorpacha eile. Ní beartais chomhtháthaithe amháin a theastaíonn, mar sin, ach fíorphróiseas cumhachtaithe, eadhon fís maidir le hathrú dáiríre sa spórt ina gcuirtear béim mhór ar an tionchar a bheadh aige sin ar dhea-bhail daoine agus ar an gcáilíocht saoil. |
1.5. |
Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin: |
1.5.1. |
an ráta díothachta spóirt — i.e. an ráta eisiaimh maidir le tairbhe a bhaint as leas riachtanach, an ceart chun spórt a chleachtadh — a áireamh i liosta innéacsanna Eurostat chun díth ábhartha a thomhas; |
1.5.2. |
an maoiniú uile ón Aontas don tréimhse 2021-2027 a chur ar fáil d’earnáil an spóirt, is cuma an faoi bhainistíocht dhíreach nó faoi bhainistíocht indíreach atá sé, trí ghlacadh leis an spórt agus an ghníomhaíocht choirp mar infheistíocht i ndea-bhail an duine aonair agus an phobail; |
1.5.3. |
foráil a dhéanamh maidir le méadú ar sciar an mhaoinithe a leithdháiltear ar an spórt agus ar an gcomhar trasearnála, lena n-áirítear an spórt, sa chlár Erasmus+. Toisc an maoiniú don spórt a bheith laghdaithe go mór, ní as na cistí comhtháthaithe amháin ba cheart an maoiniú sin a sholáthar ach as acmhainní atá curtha in áirithe do shnáitheanna éagsúla an Chiste Téarnaimh freisin. Ina theannta sin, bheadh sé inmhianaithe acmhainní a athdháileadh ar bhealach níos fearr idir an spórt ardfheidhmíochta agus an spórt sóisialta; |
1.5.4. |
pleananna a fhorbairt chun cabhrú leis an spórt i gcás géarchéimeanna agus éigeandálaí (eacnamaíocha, sóisialta agus sláinte), lena n-áirítear na pleananna ullmhúcháin dóibh, agus na foirmeacha simplithe riaracháin a theastaíonn chun déileáil le maorlathas trom, go háirithe i gcás cumainn spóirt áitiúla. Is tosaíocht é, dá bhrí sin, tacaíocht a chur ar fáil go háirithe chun tacú le cumainn spóirt áitiúla, óir tá tábhacht leis an leibhéal áitiúil chun daoine faoi mhíchumas nó daoine leochaileacha a chuimsiú agus caidreamh tábhachtach idirchultúrtha a chur chun cinn; |
1.5.5. |
tacaíocht a spreagadh do líonraí saoránachta gníomhaí chun na cuspóirí sin a bhaint amach ar an leibhéal áitiúil, trí chomhpháirtíochtaí agus pleanáil choiteann idir beartais phoiblí agus líonraí, d’fhonn tús a chur le nuálaíochtaí sóisialta éagsúla, agus leas á bhaint as an taithí sa bhainistíocht chomhroinnte agus as an gcoimhdeacht chiorclach. Rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí sóisialta a spreagadh. |
2. Barúlacha ginearálta
2.1. |
Agus an phaindéim ag tabhairt ár ndúshláin i gcónaí, agus sinn fós ag troid chun beatha daoine agus slite beatha a chosaint, níor cheart dearmad a dhéanamh gurb iad na roghanna a dhéanaimid anois a chinnfidh na córais shocheacnamaíocha a bheidh ann amach anseo mar aon leis an saol a bheidh ag saoránaigh na hEorpa. |
2.2. |
Tá sé léirithe ag an éigeandáil sláinte nach féidir, de thoradh chineál ilghnéitheach na bhfadhbanna a bhfuil orainn dul i ngleic leo, leibhéil athléimneachta a bhaint amach lena ndéanfaí córais shocheacnamaíocha an Aontais a dhaingniú ina n-iomláine. Tá gá le gníomhaíocht chun ár sochaí a chur in oiriúint do ghéarchéimeanna agus d’athruithe, trí shamhlacha athléimneachta a chur chun cinn atá bunaithe ar an gcumas géarchéimeanna a thuar agus leas a bhaint as na “uirlisí” iomchuí chun dul i ngleic leis na géarchéimeanna sin. |
2.3. |
De thoradh phaindéim COVID-19, tá athrú tagtha ar an méid a bhfuil súil leis go heacnamaíoch, go sóisialta agus ar bhonn sláinte sna blianta amach romhainn, agus tá athrú tagtha freisin, dá réir sin, ar an gcur chuige i leith straitéisí forbartha agus comhtháthaithe. Ní mór dúinn rogha a dhéanamh coinneáil lena raibh á dhéanamh againn i gcónaí, nó an pharaidím atá mar bhonn agus mar thaca ag na beartais forbartha agus chomhtháthaithe a athrú agus a chur in oiriúint, i bhfianaise na bhfadhbanna a tháinig chun solais agus na taithí a fuarthas le linn ghéarchéim COVID-19. |
2.4. |
Tá saol an spóirt ina iomláine ar fud na hEorpa thíos le géarchéim COVID-19, ach ní mór dúinn a chur i bhfios go láidir go raibh ar earnáil áitiúil an spóirt aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna agus na dúshláin ba mheasa. Bhí tionchar ag an ngéarchéim sa spórt ar dhaoine óga go háirithe, trí theorainn a bheith curtha leis an “ceart” atá acu spórt agus gníomhaíocht choirp a chleachtadh. Ar an gcaoi chéanna, bhí tionchar ag an ngéarchéim sláinte ar earnáil iomlán na gcumann spóirt agus an tionscail spóirt, agus beidh an tionchar sin le sonrú ar théarnamh na hearnála, fiú sa mheántéarma. |
3. Ról an spóirt i bpróisis na forbartha agus an chomhtháthaithe
3.1. |
Leis an spórt, cuirtear ar chumas na sochaí sibhialta a cuid acmhainní a úsáid ar bhealach dearfach agus, ar an gcuma sin, cur le luachanna dearfacha na sochaí trí chur chuige uathúil ilghnéitheach a chuireann leis an dea-bhail choirp agus mheabhrach; maolaítear ar na fadhbanna sóisialta freisin trí phobail atá éagsúil ó thaobh cultúir de a thabhairt le chéile. Tá an spórt ina mheán don inbhuanaitheacht shóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil faoi na dálaí atá mínithe sa tuairim seo. Cuireann sé le hathnuachan agus tarraingteacht na réigiún agus na gceantar áitiúil agus tacaíonn sé leis an bpróiseas téarnaimh tríd an bhféidearthacht deiseanna nua fostaíochta agus gnó atá bunaithe ar an spórt a chruthú. |
3.2. |
Maidir leis an ngné eacnamaíoch, is féidir leis an spórt cabhrú le cineálacha nua gnó teacht ar an bhfód nó na cinn atá ann cheana a neartú, trí nuálaíocht shóisialta agus theicneolaíoch a chothú. Cabhraíonn an spórt freisin le deiseanna nua fostaíochta a chruthú, lena n-áirítear trí oiliúint fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil do dhaoine óga. Is uirlis atá sa spórt lenar féidir cur le sláinte agus scileanna oibrithe agus, ós rud é go mbraitheann sé, den chuid is mó, ar rannpháirtíocht an duine, is bealach éifeachtach é chun cur leis an bhfostaíocht ar an leibhéal áitiúil. |
3.3. |
Maidir leis an ngné shóisialta, fágann an spórt gur féidir teagmháil a dhéanamh le raon leathan grúpaí sóisialta, na difríochtaí eatarthu a shárú, pobail áitiúla a thabhairt le chéile agus grúpaí sóisialta leochaileacha a rannpháirtiú i saol an phobail. Ina theannta sin, is féidir le tionscadail spóirt cabhrú chun athbheochan shóisialta a spreagadh i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste amhail bruachbhailte uirbeacha, nó ceantair thuaithe agus intíre i réigiúin na hEorpa. |
3.4. |
Maidir leis an ngné chomhshaoil, is uirlis straitéiseach é an spórt chun cuspóirí a bhaint amach mar fhreagairt ar na dúshláin a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. Is uirlis é an spórt lenar féidir an tsoghluaisteacht inbhuanaithe agus athnuachan ghlas na gceantar uirbeach a chur chun cinn d’fhonn oiriúnú don athrú aeráide. Má dhéantar an bonneagar spóirt a athrú go saoráidí spóirt atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de (1), cabhróidh sé — mar aon le heagrú imeachtaí ag a bhfuil lorg íseal carbóin — le cuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil a bhaint amach. Ar deireadh, is bealach iontach iad imeachtaí spóirt chun teachtaireachtaí dearfacha faoin gcomhshaol a scaipeadh agus a chraobhscaoileadh. |
3.5. |
Ainneoin go bhfuil an spórt aitheanta sna príomhstraitéisí idirnáisiúnta uile (Clár Oibre 2030; Beartas Comhtháthaithe 2021-2027; Plean Gníomhaíochta Domhanda na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir leis an ngníomhaíocht choirp, 2018-2030) mar phríomhuirlis chun cuspóirí na forbartha, na hinbhuanaitheachta agus an chomhtháthaithe a bhaint amach, is oth leis an gCoiste gur léir nár cuireadh an cur chuige sin chun feidhme ina iomláine ina lán Ballstát, agus go gcaitear, ina lán cásanna, go fóill leis an spórt mar chaitheamh aimsire. |
3.6. |
Tá an baol ann, de dheasca thionchar ghéarchéim COVID-19 ar chúrsaí spóirt, gur laghdú a thiocfaidh ar na deiseanna spórt a chleachtadh nó nach bhféadfar spórt a chleachtadh. In éagmais bearta sonracha agus “nuálacha” lenar féidir dul i ngleic go héifeachtach leis na fadhbanna agus réitigh orthu a aimsiú, beidh tionchar tubaisteach ag na hiarmhairtí éagsúla ar tréithe iad den ghné shóisialta agus eacnamaíoch a bhaineann leis an gcás baolach sin, agus beidh teorainn le gníomhaíochtaí áirithe atá riachtanach chun an cháilíocht saoil, an dea-bhail agus sláinte daoine a áirithiú. Fágfaidh an cás sin go mbeidh a lán comhlachtaí, comhlachas agus gnólachtaí atá gníomhach i réimse an spóirt i mbaol a ndruidte, agus, ní hamháin sin, ach cruthófar fadhb shóisialta a bhaineann le cáilíocht saoil daoine agus fadhb eacnamaíoch a bhaineann leis an easpa foinse ioncaim acu siúd a mhaireann ar an obair sin. Ar an gcaoi chéanna, mar gheall ar an gcruatan eacnamaíoch atá mar thoradh ar an ngéarchéim, ní bheidh sé ar chumas a lán daoine íoc as táillí spóirt a leanaí, ná as a dtáillí spóirt féin, rud a mbeidh tionchar diúltach aige ar an dea-bhail choirp agus ar an tsláinte. |
3.7. |
I gcás grúpaí leochaileacha den phobal, amhail daoine faoi mhíchumas, is amhlaidh a fhágfaidh na rioscaí a bhaineann leis an díothacht spóirt go rachaidh cásanna atá tromchúiseach cheana féin in olcas agus, i mBallstáit áirithe, is i bhfoirm srianta sistéamacha a tharlóidh sin. I réimse na meabhairshláinte go sonrach, d’fhág an phaindéim gur laghdaíodh go mór líon na n-úsáideoirí, na mball teaghlaigh, na n-oibreoirí, na saoránach agus na gcumann spóirt a ghlacann páirt ghníomhach i seirbhísí agus ranna atá dírithe ar an meabhairshláinte. Is é a thoradh sin nach mbíonn sé de dheis ag daoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu spórt a chleachtadh mar bhealach chun caidreamh dlúthpháirteach a chruthú agus a chothabháil, caidreamh atá tábhachtach chun an leithlisiú agus imeallú a tharlaíonn de thoradh an ghalair sin a chomhrac. Tá baint ag an dea-bhail chomhchoiteann le gach duine, seachas leo siúd amháin atá ag tabhairt agus ag fáil cóireála. |
3.8. |
I bhfianaise na laincisí móra ar dheiseanna sóisialta, rud a raibh tionchar mór aige ar leanaí agus ar dhaoine óga, ba cheart deiseanna spóirt agus gníomhaíochta coirp, oideachais agus oiliúna, a athbheochan, agus, chun leanaí agus déagóirí a chosaint, díriú ar shábháilteacht na n-áiteanna sin ina gcleachtar an spórt. Is réimse den saol é an spórt trína mbíonn líon mór leanaí agus a múinteoirí, a dteicneoirí agus a gcóitseálaithe i dteagmháil le chéile gach lá. Tá an réimse sin ar cheann de na timpeallachtaí is íogaire maidir le forbairt choirp agus mheabhrach na ndaoine a chleachtann spórt agus is gá beartais shonracha a ghlacadh sa réimse sin chun deis a thabhairt dóibh leas a bhaint as na tairbhí ar fad is féidir a bhaint as an spórt a chleachtar i dtimpeallacht chosanta. Ní spórt ar ais nó ar éigean ba cheart a bheith i gceist leis an spórt do chách. |
3.9. |
Tá baint ag an ngníomhaíocht choirp rialta le haosú gníomhach freisin agus is féidir ról lárnach a bheith aici maidir le feabhas a chur ar chumas daoine scothaosta feidhmiú agus ar cháilíocht saoil daoine scothaosta. Thairis sin, cuirtear le héifeachtaí na gníomhaíochta coirp nuair a bhíonn daoine scothaosta páirteach, ag an am céanna, i ngníomhaíochtaí sóisialta agus táirgiúla. Tá ról coisctheach ag an spórt, dá bhrí sin, le go mbeidh oibrithe sláintiúil agus aclaí nuair a rachaidh siad ar pinsean. |
3.10. |
Chun an ghníomhaíocht choirp a fhorbairt don oiread daoine agus is féidir, tá gá le nuálaíochtaí sóisialta agus sochaíocha freisin, agus ba cheart don tsochaí shibhialta eagraithe agus do na comhpháirtithe sóisialta a bheith ar thús cadhnaíochta sna nuálaíochtaí sin. Tá ríthábhacht leis an ngné “laethúil”, le rithim oibrithe, mac léinn agus daltaí a chur san áireamh, agus leis an gcumas áiteanna a shamhlú ina bhféadfadh tuismitheoirí gníomhaíocht choirp a dhéanamh ag an am céanna lena gclann. Le linn na paindéime, d’éiríomar cleachtach arís ar bheith i mbun aclaíochta amuigh faoin aer, rud trínar féidir treochtaí nuálacha amhail an spórt uirbeach agus tuaithe a chur chun cinn, chun spásanna áirithe a athbheochan agus solúbthacht na spásanna sin a chomhroinnt. Tá an-ghá leis an nuálaíocht shóisialta agus ba cheart an nuálaíocht sin a chur chun cinn agus a spreagadh chun dul i ngleic leis an gcás nach mbíonn a ndóthain ama ag formhór na ndaoine spórt a chleachtadh, fiú nuair ba mhian leo sin a dhéanamh. |
3.11. |
Ba cheart béim a leagan ar ról na saoráidí áitiúla príobháideacha (ionaid spóirt), a bhfuil an acmhainn iontu oibriú le gnólachtaí agus le saoráidí eile (e.g. ionaid do dhaoine faoi mhíchumas) eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus comhchláir á bhforbairt ar mhaithe le hoibrithe agus le gach saoránach. |
3.12. |
Tá ról tábhachtach ina leith sin ag an tsochaí shibhialta agus ag na comhpháirtithe sóisialta uile, toisc gur féidir leo, trí rannpháirtíocht na saoránach agus an t-idirphlé sóisialta a spreagadh, straitéisí a chur chun cinn maidir leis an gcáilíocht saoil san ionad oibre, lena n-áirítear mar chuid de chomhaontuithe cómhargála, nó feachtais a sheoladh chun oibrithe a spreagadh síntiús a fháil in ionaid spóirt agus/nó i gcumainn spóirt, nó oibrithe na hearnála spóirt a spreagadh a leasanna féin a chosaint, nó tréimhsí sosa a thabhairt isteach san ionad oibre le gur féidir le hoibrithe bogadh thart. Ba cheart béim a leagan ar an ról atá ag gairmithe sláinte, agus ag múinteoirí a bhíonn ag obair le leanaí óga, chun cur leis an eolas atá ag an bpobal ar chleachtadh spóirt agus an cleachtadh spóirt a chur chun cinn, agus ba cheart an ról sin a neartú, d’fhonn cultúr nua a chruthú agus fostóirí a spreagadh dreasachtaí a thabhairt dá bhfostaithe chun spórt a chleachtadh. |
3.13. |
Maidir le gné na hinscne, tá an Chairt Eorpach um Chearta na mBan sa Spórt (2) ina plean oibre lenar féidir leanúint d’oideachas a chur ar fáil maidir le difríochtaí agus maidir le gníomhaíochtaí nua a thriail, trí leanúint den idirphlé agus den chomhar idir na geallsealbhóirí éagsúla, go háirithe maidir leis an gcumarsáid, a bhfuil caidreamh níos dlúithe idir mná agus na meáin le sonrú ina leith le fada, chun teanga iriseoireachta mheasúil agus chúramach a chur chun cinn, ar mhaithe le cultúr spóirt ina ndéantar gach cineál foréigin, idirdhealaithe agus éagothroime eacnamaíche a chomhrac, agus cultúr gníomhaíochta coirp níos fáiltí agus níos cuimsithí a chothú. |
4. An spórt i gClár Oibre 2030
4.1. |
Is teanga uilíoch atá sa spórt, a thugann daoine, pobail agus cultúir le chéile, agus is iad luachanna na huilíochta agus an chomhréitigh luachanna an spóirt. Is uirlis thábhachtach é an spórt lenar féidir cabhrú chun timpeallachtaí níos tuisceanaí atá dírithe ar an inbhuanaitheacht a dhéanamh dár sochaithe. Cabhraíonn an spórt le cuspóirí Chlár Oibre 2030 a bhaint amach trí sheasamh le prionsabail an mheasa, na tuisceana, an chuimsithe agus an idirphlé agus, ar an gcaoi sin, cur le forbairt agus lánsástacht an duine, gan beann ar aois, gnéas, tionscnamh, creideamh ná tuairim. |
4.2. |
Ainneoin ghné fhollasach thrasearnála an spóirt trínar féidir tacú le cur chun feidhme na bprionsabal atá cumhdaithe i gClár Oibre 2030, is ríléir go gcabhróidh an spórt níos mó le cuspóirí áirithe ná cuspóirí eile as na 17 gcuspóir atá i gClár Oibre 2030 a bhaint amach. |
4.3. |
Is réimse é an spórt nach bhfuil freagracht ar an Aontas ina leith ach le tréimhse measartha gearr; níor tugadh isteach an cúram sin gur tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm. Tá an tAontas freagrach as beartas fianaisebhunaithe a fhorbairt, agus as an gcomhar a chothú agus tionscnaimh a bhainistiú chun tacú leis an ngníomhaíocht choirp agus leis an spórt ar fud na hEorpa. Sa tréimhse 2014-2020, cuireadh líne bhuiséid ar leith ar fáil den chéad uair faoin gclár Erasmus+ (3) chun tacú le tionscadail agus líonraí i réimse an spóirt. Sa tréimhse 2021-2027, leanfar de ghníomhaíochtaí an Aontais chun tacú leis an spórt agus neartófar iad. |
5. An spórt agus an beartas comhtháthaithe
5.1. |
Tá an tAontas ar a dhícheall ag iarraidh breis cothroime agus oscailteachta a bhaint amach i gcomórtais spóirt agus cosaint níos fearr a thabhairt d’ionracas morálta agus coirp an té a chleachtann spórt, agus an cineál spóirt atá á chleachtadh á chur san áireamh freisin. Tá an tAontas dírithe, go háirithe, ar thrí réimse gníomhaíochta sa spórt: 1) ról sóisialta an spóirt; 2) gné eacnamaíoch an spóirt; 3) creat polaitiúil agus dlíthiúil earnáil an spóirt. Maidir leis na réimsí sin, chomh maith leis na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó ionstraimí airgeadais a bhainistítear go díreach, cuireann an tAontas úsáid agus comhlántacht na ndeiseanna a chuirtear ar fáil tríd an mbeartas comhtháthaithe chun cinn. |
5.2. |
Fágann an spórt agus an ghníomhaíocht choirp gur féidir teagmháil a dhéanamh le raon leathan grúpaí sóisialta, na difríochtaí eatarthu a shárú, pobail áitiúla a thabhairt le chéile agus grúpaí sóisialta eisiata a rannpháirtiú i saol an phobail. Lena chois sin, is féidir le tionscadail spóirt cabhrú le líon mór cuspóirí polaitiúla a bhaint amach: an nuálaíocht a chothú; athbheochan uirbeach a chur chun cinn; an fhorbairt tuaithe a spreagadh agus cur leis an infheistíocht náisiúnta i réigiúin na hEorpa. |
6. An spórt agus Plean Gníomhaíochta Domhanda na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir leis an ngníomhaíocht choirp, 2018-2030
6.1. |
Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta Domhanda maidir leis an ngníomhaíocht choirp do 2018-2030 (4) na cuspóirí straitéiseacha atá le baint amach trí ghníomhaíochtaí beartais chun an easpa gníomhaíochta coirp i measc daoine fásta agus déagóirí a laghdú 15 % ar bhonn domhanda faoi 2030. Leagtar béim sa Phlean ar an ngá atá le cur chuige trasearnála iomlánaíoch agus ar an tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh i mbeartais shóisialta, chultúrtha, eacnamaíocha, chomhshaoil agus oideachais, etc., chun an ghníomhaíocht choirp a chur chun cinn agus chun cuidiú le go leor de spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna) 2030 a bhaint amach. Ba cheart a chur san áireamh i straitéisí cur chun feidhme an Phlean gach ceann de na tosca cinntitheacha a mbíonn tionchar acu ar an stíl mhaireachtála agus a bhfuil sé mar aidhm acu gníomhaíochtaí éifeachtacha a chothú maidir leis an tsláinte a chur chun cinn ó dhearcadh trasearnála agus trí chur chuige comhtháite. |
6.2. |
Is saincheist chasta é cur chun cinn na gníomhaíochta coirp. Teastaíonn ceannaireacht láidir agus bearta beartais ó earnáil na sláinte, rud atá ríthábhachtach ar an leibhéal náisiúnta, ach freisin cuid mhór teagmhála le hearnálacha eile, amhail an t-oideachas, an cultúr, an t-iompar, an phleanáil uirbeach agus an geilleagar. D’fhonn an ghníomhaíocht choirp a mhéadú agus iompraíocht neamhghníomhach a dhíspreagadh, tá sé riachtanach aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna comhshaoil agus sóisialta, agus ar fhadhbanna sonracha ar leith, a bhaineann leis an neamhghníomhaíocht choirp agus bearta éifeachtacha agus inbhuanaithe a chur chun feidhme tríd an gcomhar idir earnálacha éagsúla ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Is gá sin a dhéanamh i gcomhréir leis an gcur chuige trasearnála lenar féidir bearta a dhéanamh chun iompraíocht mhíshláintiúil a athrú, trí aghaidh a thabhairt ar stíleanna maireachtála ar leith agus trí dhálaí comhshaoil agus sóisialta a chruthú lenar féidir athrú iompraíochta a spreagadh. |
7. Ó straitéisí go cleachtas
7.1. |
Ainneoin gur léir gur féidir leis an spórt agus leis an ngníomhaíocht choirp cabhrú le spriocanna na forbartha, na hinbhuanaitheachta agus an chomhtháthaithe a bhaint amach, tá sé an-deacair fós cistí Eorpacha a cháiliú agus a chur ar fáil do thionscnaimh atá dírithe ar an spórt a chur chun cinn agus a neartú. Is é an phríomhchúis leis sin nach bhfuil an spórt san áireamh mar réimse soiléir infheistíochta sna rialacháin atá mar bhonn le beartas comhtháthaithe 2021-2027. Dá ndéanfaí an spórt a lua go soiléir i gcláir cur chun feidhme an bheartais comhtháthaithe, ní hamháin go gcuirfí bealach soiléir ar fáil do na sruthanna maoinithe spóirt sin, ach dhéanfaí obair na n-údarás bainistithe cistí a shimpliú freisin maidir le tionscadail atá dírithe ar “an spórt agus gníomhaíocht choirp” a fhormheas. |
7.2. |
Chun béim a leagan ar an nádúr straitéiseach atá sa spórt maidir le straitéisí forbartha agus comhtháthaithe a chur chun feidhme, leagtar amach san fhoscríbhinn thíos anailís ar an gcomhleanúnachas idir cuspóirí Chlár Oibre 2030 agus cuspóirí bheartas comhtháthaithe 2021-2027 agus na bearta a d’fhéadfaí a chur chun feidhme tríd an spórt. |
An Bhruiséil, 24 Márta 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Proposal for a Council Recommendation on education for environmental sustainability [Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le hoideachas ar mhaithe leis an inbhuanaitheacht comhshaoil].
(2) European Charter of Women’s Rights in Sports.
(3) Erasmus+ Performance.
(4) Global action plan on physical activity 2018-2030.
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290/11 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le creat nua le haghaidh comhaontuithe saorthrádála, comhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíche agus comhaontuithe infheistíochta lena ráthaítear fíor-rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta agus lena n-áirithítear feasacht an phobail
(tuairim féintionscnaimh)
(2022/C 290/03)
Rapóirtéir: |
Stefano PALMIERI |
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
25.3.2021 |
Bunús dlí |
Riail 32(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
Tuairim féintionscnaimh |
Rannóg atá freagrach |
Caidreamh Seachtrach |
Dáta a glactha sa rannóg |
9.3.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
23.3.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
568 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
215/1/7 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Is mian le CESE a chur i bhfáth go dtacaíonn sé leis an mbeartas nua trádála Eorpach, beartas atá oscailte, inbhuanaithe agus teanntásach. Tá sé den tuairim freisin go bhfuil sé tábhachtach, tríd an mbeartas sin, iomaíochas earnáil tionsclaíochta na hEorpa agus na ngníomhaithe eacnamaíocha (gnólachtaí móra, meánmhéide agus beaga) a chur chun cinn agus, ag an am céanna, rannchuidiú le luachanna agus prionsabail Eorpacha a chur chun cinn, go háirithe an daonlathas agus cearta an duine, cearta sóisialta agus cearta inscne, chomh maith le dlí an tsaothair agus an chomhshaoil. Áiritheofar ar an gcaoi sin go mbeidh na huirlisí cuí ag an Aontas Eorpach chun oibrithe agus gnólachtaí a chosaint ar chleachtais éagóracha trádála agus chun tomhaltóirí a chosaint ar tháirgí díobhálacha agus neamh-inbhuanaithe, rud a bheidh le leas gnólachtaí, daoine aonair/tomhaltóirí agus oibrithe araon. |
1.2. |
Tá CESE den tuairim go dteastóidh an méid seo a leanas chun beartas uaillmhianach trádála an Aontais a chur chun feidhme:
|
1.3. |
Dar le CESE, fágfaidh an dá athchóiriú sin le chéile — straitéis chaibidlíochta agus na grúpaí comhairleacha baile — go bhféadfar tacaíocht dháiríre a fháil don phróiseas ó na páirtithe uile a bhfuil éifeacht ag na comhaontuithe trádála, comhpháirtíochta agus infheistíochta orthu (gnólachtaí, oibrithe, tomhaltóirí, etc.) ar an dá thaobh (an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta), agus, ar an gcaoi sin, cur le feasacht an phobail ar an tábhacht a bhaineann leis na comhaontuithe sin atá sínithe. |
2. Barúlacha ginearálta
2.1. |
I mí Feabhra 2021, leag an Coimisiún Eorpach amach creat do bheartas nua trádála Eorpach a bheadh oscailte, inbhuanaithe agus teanntásach (1), beartas lena bhféadfaí na trí chuspóir seo a leanas de chuid an Aontais Eorpaigh a bhaint amach:
|
2.1.1. |
Tá an beartas nua trádála seo á ullmhú ar roinnt cúiseanna éagsúla. Ar an gcéad dul síos, spreag paindéim COVID-19 machnamh dáiríre faoi straitéisí nua maidir le slándáil sláinte agus bia, soláthar amhábhar agus táirgí straitéiseacha agus, ar bhonn níos ginearálta, faoi na slabhraí soláthair domhanda. |
2.1.2. |
Ar chúiseanna eile a d’fhág gur chinn an Coimisiún beartas nua trádála a ullmhú tá fachtóirí a bhfuil baint acu leis an méid seo a leanas: (i) an ghéarchéim ina bhfuil an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT); (ii) an droch-chaidreamh le tíortha agus bloic thrádála áirithe, go háirithe an tSín, an Rúis agus SAM; (iii) an chaibidlíocht chasta leis an Ríocht Aontaithe; (iv) an tsáinn ina bhfuil roinnt comhaontuithe trádála faoi láthair, e.g. an comhaontú idir AE agus Mercosur, an comhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche idir AE agus an Afraic Láir nó an comhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche idir AE agus Comhphobal na hAfraice Thoir. |
2.1.3. |
Tá sé luaite níos mó ná uair amháin sa togra ón gCoimisiún gur cheart don bheartas nua trádála Eorpach, sa bhreis ar iomaíochas earnáil tionsclaíochta na hEorpa a chur chun cinn, luachanna agus prionsabail na hEorpa a chur chun cinn freisin, go háirithe an daonlathas agus cearta an duine, cearta sóisialta agus inscne, agus dlí an tsaothair agus an chomhshaoil. |
2.1.4. |
Tá Parlaimint na hEorpa an-sásta leis an togra ón gCoimisiún agus d’iarr sí air féachaint chuige sna comhaontuithe atá á gcaibidliú faoi láthair go rannchuideoidh na caibidlí maidir leis an Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe lena áirithiú go mbeidh gach rannpháirtí in ann tairbhe a bhaint as an trádáil (2). |
2.1.5. |
Sna tuairimí uaidh le déanaí, d’athdhearbhaigh CESE an fhís atá aige maidir le beartas trádála an Aontais agus chuir sé in iúl go dtacaíonn sé go láidir leis an togra ón gCoimisiún, agus béim á leagan aige ar a thábhachtaí, a ábhartha agus a thráthúil atá sé. Tá cur síos soiléir déanta ag CESE freisin ar a bhfuil sé ag súil leis agus ar na moltaí a bheadh aige dá réir sin maidir le hathbhreithniú uaillmhianach a dhéanamh ar na caibidlí maidir leis an trádáil agus forbairt inbhuanaithe (3). |
2.1.6. |
Toisc go bhfuil an beartas nua atá luaite sa togra ón gCoimisiún uaillmhianach, rud is ceart dó a bheith, tá CESE den tuairim go bhfuil roinnt nithe a theastóidh le go bhféadfar é a chur chun feidhme:
|
2.1.6.1. |
Fágfaidh an dá athchóiriú sin le chéile — straitéis chaibidlíochta agus na grúpaí comhairleacha baile — go bhféadfar tacaíocht dháiríre a fháil don phróiseas ó na páirtithe uile a bhfuil éifeacht ag na comhaontuithe trádála, comhpháirtíochta eacnamaíche agus infheistíochta orthu (gnólachtaí, oibrithe, tomhaltóirí, etc.) ar an dá thaobh (an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta), agus, ar an gcaoi sin, cur le feasacht an phobail ar an tábhacht a bhaineann leis na comhaontuithe sin atá sínithe. |
3. Dianmheasúnú ar na comhaontuithe trádála atá ann faoi láthair
3.1. |
Ainneoin go bhfuil sé á chur i bhfáth ag CESE go gcreideann sé go láidir go bhfuil an-tábhacht leis an iltaobhachas sa trádáil agus go gcaithfidh an Eagraíocht Dhomhanda Trádála — agus athchóiriú ó bhonn déanta uirthi — an t-iltaobhachas sin a ráthú, tuigeann sé — sa chomhthéacs áirithe sin — gur féidir le comhaontuithe trádála ról cinniúnach a bheith acu, ní hamháin maidir le trádáil dhéthaobhach an Aontais Eorpaigh (arb í atá i níos mó ná 30 % den trádáil earraí agus seirbhísí a dhéanann an tAontas) ach, go háirithe, maidir le samhail forbartha atá inbhuanaithe ó thaobh na heacnamaíochta, na sochaí agus an chomhshaoil a chur chun cinn don Aontas agus do na tíortha comhpháirtíochta. |
3.2. |
Le blianta beaga anuas, rinne CESE dianmheasúnú ar leith ar uirlisí éagsúla caibidlíochta atá in úsáid ag an Aontas (comhaontuithe trádála, comhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíche, comhaontuithe infheistíochta) (4). |
3.3. |
Tá CESE den tuairim gur cheart leas a bhaint as na measúnuithe sin chun a chinneadh ar cheart na huirlisí caibidlíochta atá ann faoi láthair a athchóiriú d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar cuspóirí an bheartais nua trádála atá beartaithe ag an gCoimisiún. |
3.3.1. |
Ar cheann de na saincheisteanna tá an easpa trédhearcachta le linn na caibidlíochta ar na comhaontuithe trádála. Cé go dtuigtear go bhfuil gá le rúndacht agus conarthaí ardleibhéil á gcaibidliú, creideann CESE gur cheart, faoi chuimsiú na rúndachta sin, a áirithiú go ndéanfar, mar sin féin, an chaibidlíocht trádála ar bhealach trédhearcach, trí shreabhadh leanúnach faisnéise a áirithiú do na saoránaigh agus do na geallsealbhóirí sin a ndéanfaidh an chaibidlíocht difear dóibh. |
3.3.1.1. |
Bhí an Coimisiún go mór i gcoinne thrédhearcacht iomlán na caibidlíochta i gcónaí. Is minic tagairt á déanamh aige don reachtaíocht atá ann faoi láthair (5) agus do chinntí éagsúla ón gCúirt Bhreithiúnais (6), á áitiú go mbainfeadh scaipeadh faisnéise le linn na caibidlíochta an bonn de leasanna an Aontais Eorpaigh. |
3.3.1.2. |
Admhaíonn CESE go bhfuil an Coimisiún níos oscailte le blianta beaga anuas, rud atá tábhachtach agus ina údar misnigh, i bhfianaise an mhéadaithe ar an leibhéal trédhearcachta trí fhaisnéis a chur ar fáil i dtaobh na gcomhaontuithe trádála éagsúla: eolas faoi na babhtaí éagsúla caibidlíochta, faoin sainordú caibidlíochta a tugadh dó, faoi na tograí, mar aon le cruinnithe a eagrú i bhfoirm idirphlé leis an tsochaí shibhialta agus leis an ngrúpa saineolaithe maidir le comhaontuithe trádála an Aontais. |
3.3.1.3. |
Ainneoin an dul chun cinn sin, ba cheart don sainordú caibidlíochta a thug an Chomhairle a bheith níos uaillmhianaí agus níos mó deiseanna a thabhairt don Choimisiún rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta a eagrú, lena áirithiú go mbeadh ról acu dáiríre sa phróiseas caibidlíochta. Tá sé iarrtha ag CESE freisin go ndéanfaí sainordú an ghrúpa saineolaithe a athnuachan toisc an sainordú sin a bheith imithe in éag (7). |
3.3.1.4. |
Cé go dtuigeann CESE go mbíonn géilleadh ann idir an trédhearcacht agus an rúndacht le linn caibidlíochta, aithníonn sé gurb í an trédhearcacht an cheist is mó a tharraingíonn achrann idir na geallsealbhóirí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta. |
3.4. |
Rud eile a dhéantar a cháineadh go minic is ea go mbíonn teorainn le raon feidhme mheasúnuithe tionchair inbhuanaitheachta na gcomhaontuithe, go bhfoilsítear iad go déanach tar éis don chaibidlíocht a bheith tugtha i gcrích nó nach mbíonn a leithéid ann ar chor ar bith sna tíortha comhpháirtíochta lena mbaineann. |
3.4.1. |
Tharla sé go deimhin go ndearna roinnt eagraíochtaí neamhrialtasacha gearán leis an Ombudsman Eorpach (8) toisc moill a bheith ar fhoilsiú an mheasúnaithe tionchair inbhuanaitheachta ar an gComhaontú idir an tAontas agus Mercosur. I mí an Mhárta 2021, d’eisigh an tOmbudsman Eorpach ráiteas inar cháin sí an Coimisiún Eorpach. Is é a bhí le rá aici sa ráiteas sin gur theip ar an gCoimisiún Eorpach tabhairt i gcrích an mheasúnaithe tionchair inbhuanaitheachta a áirithiú in am trátha, go mór mór roimh dheireadh na gcaibidlíochtaí trádála idir an tAontas Eorpach agus Mercosur. Drochriarachán an cur síos a rinne sí ar an gcás sin (9). |
3.4.2. |
Tá sé á chur i bhfáth ag CESE nach mór measúnuithe tionchair ar inbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil na gcomhaontuithe a fhoilsiú in am trátha — ag tús na gcaibidlíochtaí — agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta le linn na caibidlíochta agus gur cheart iad a bheith ina gcuid de mheastóireacht ex post rialta ar an gcomhaontú i gcéim an fhaireacháin. Ba cheart do na meastóireachtaí sin a bheith dírithe ar an dá pháirtí sa chaibidlíocht: an tAontas Eorpach agus na Ballstáit, ar thaobh amháin, agus na tíortha comhpháirtíochta, ar an taobh eile (10). |
3.5. |
Cáineadh eile a rinneadh i dtaobh na gcomhaontuithe trádála is ea nach leor iad chun cearta an duine, cearta sóisialta, coinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) nó caighdeáin chomhshaoil agus sábháilteachta a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Thairis sin, ní áirithíonn na comhaontuithe cothrom iomaíochta idir na gníomhaithe go léir sna margaí (go háirithe i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide agus i gcás roinnt earnálacha táirgthe chomh maith) (11). |
3.6. |
Sa bhreis ar na fadhbanna sin, ní éiríonn leis na comhaontuithe trádála uaireanta gnéithe a bhaineann go sonrach le tíortha atá i mbéal forbartha nó éagsúlachtaí idir an tAontas Eorpach agus na tíortha comhpháirtíochta a chur san áireamh, rud a fhágann nach réitítear na héagothromaíochtaí uaireanta agus go n-éiríonn siad níos measa uaireanta eile (amhail an rochtain chomhionann ar chógais tarrthála nó ar vacsaíní). Ní éiríonn leo ach an oiread é a chur san áireamh gur féidir le cuideachtaí ilnáisiúnta éirí an-chumhachtach tar éis do na comhaontuithe trádála a bheith sínithe. |
3.7. |
Chun rannpháirtíocht éifeachtach agus leathan na sochaí sibhialta eagraithe a áirithiú, ní hamháin go bhfuil gá le grúpaí comhairleacha baile a chur chun feidhme go forleathan sna caibidlíochtaí trádála uile a bheidh ann amach anseo, ach go háirithe sna comhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíche atá ann faoi láthair san Afraic toisc nach bhfuil aon ghrúpaí comhairleacha baile iontu. Leis na próisis athbhreithnithe atá ar siúl faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo agus le cur chun feidhme an chomhaontaithe nua idir an tAontas agus Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (OEACP), is féidir deis éifeachtach a chur ar fáil chun grúpaí comhairleacha baile a thabhairt isteach i gcomhaontuithe trádála nach bhfuil siad iontu agus atá i bhfeidhm cheana (e.g. athbhreithniú ar an gcomhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche (CCE) idir an tAontas Eorpach agus Grúpa CCE Chomhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice (SADC)). |
3.8. |
Thairis mar a bhíodh, tá dul chun cinn áirithe déanta maidir le cur le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta sa chaibidlíocht ar chomhaontuithe atá sínithe ag an Aontas agus san fhaireachán a dhéantar orthu. Aithníonn CESE na hiarrachtaí atá déanta i ndáil leis sin, agus bhí an Coiste ina chuid den phróiseas ina lán cásanna go deimhin. |
3.9. |
Tugann CESE dá aire na torthaí ón staidéar athbhreithnithe a rinneadh le deireanas ar idirphlé na sochaí sibhialta in Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (12) lena ndéantar measúnú ar an idirphlé leis an tsochaí shibhialta ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta. Cé go dtacaíonn CESE le roinnt de na torthaí sin, measann sé gur gá dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir leis an tsochaí shibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta a rannpháirtiú go fírinneach i mbeartas trádála an Aontais. |
3.10. |
Tá sé iarrtha ag CESE níos mó ná uair amháin go dtí seo go mbeadh páirt níos láidre agus níos dáiríre ag an tsochaí shibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta sa chaibidlíocht a dhéantar ar na comhaontuithe trádála, ar an dá thaobh den bhord (an Coimisiún agus na tíortha comhpháirtíochta) (13). |
3.11. |
Tá CESE den tuairim, dá bhrí sin, go bhfuil sé in am straitéis chaibidlíochta nua níos éifeachtaí a cheapadh, ina mbeadh caighdeáin agus nósanna imeachta nua chun a áirithiú go mbeadh páirt dháiríre agus éifeachtach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ag na comhpháirtithe sóisialta sa chaibidlíocht. Chabhródh sé sin chun cuspóirí bheartas nua trádála an Aontais a bhaint amach, lena n-áiritheofaí go gcuirfeadh na comhaontuithe trádála a thabharfaí i gcrích le forbairt a bheadh inbhuanaithe i dtéarmaí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil don dá pháirtí sa chaibidlíocht (an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta). |
4. Creat nua maidir le comhaontuithe trádála a chaibidliú
4.1. |
Measann CESE gur féidir le beartas nua trádála an Aontais deis a chruthú chun measúnú agus feabhsú a dhéanamh ar na rialacha, na nósanna imeachta agus na critéir chun go mbeidh rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe agus na gcomhpháirtithe sóisialta i bhfad níos éifeachtaí, níos trédhearcaí agus níos cuimsithí, le linn na caibidlíochta agus ina dhiaidh sin, le linn chéimeanna faireacháin, meastóireachta agus cur chun feidhme na gcomhaontuithe. |
4.2. |
Measann CESE go bhfuil gá le modheolaíocht nua chaibidlíochta, ceann lena bhféadfaí treochlár nua a bhunú lena n-áiritheofaí go mbeadh páirt dháiríre ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ag na comhpháirtithe sóisialta sa chaibidlíocht. Ní mór don dá thaobh, an tAontas agus na tíortha arb iad an páirtí eile sa chaibidlíocht iad, an mhodheolaíocht sin a úsáid. |
4.3. |
An chéad chéim ba cheart a bheith sa treochlár caibidlíochta ná meabhrán tuisceana a shíneodh na páirtithe sa chaibidlíocht (is é sin le rá, an Coimisiún agus na tíortha arb iad an páirtí eile sa chaibidlíocht iad) lena ráthófaí go dtabharfadh an dá pháirtí gealltanas an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
4.3.1. |
Bheadh feidhm ag céimeanna na caibidlíochta arna leagan síos sa mheabhrán tuisceana maidir le príomhbhabhta na caibidlíochta agus le haon bhabhtaí teicniúla caibidlíochta a d’fhéadfaí a chur ar bun. |
4.3.2. |
Ba cheart comhchoistí comhairliúcháin geallsealbhóirí a bhunú de réir chur chuige phrionsabal na comhpháirtíochta a bhfuil feidhm aige maidir leis an mbeartas comhtháthaithe. |
4.3.2.1. |
Faoin gcomhpháirtíocht sin, múnlaítear gach clár den bheartas comhtháthaithe i bpróiseas comhpháirteach ina mbíonn páirt ag na húdaráis Eorpacha, réigiúnacha agus áitiúla, na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Bíonn feidhm ag an gcomhpháirtíocht sin maidir le gach céim den phróiseas pleanála: dearadh, bainistiú, cur chun feidhme, faireachán agus measúnú. Cuidíonn an cur chuige sin lena áirithiú go n-oireann na bearta do riachtanais agus tosaíochtaí áitiúla agus réigiúnacha na ngeallsealbhóirí uile. |
4.3.3. |
Níor mhór an critéar bunúsach maidir le hionadaíocht, neamhspleáchas agus dáileadh cothrom na ngeallsealbhóirí a chur i bhfeidhm agus na breathnóirí á roghnú as measc ionadaithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta. Maidir le hionadaíocht agus neamhspleáchas, ba cheart do na comhpháirtithe sóisialta cloí leis na critéir arna nglacadh ag Grúpa na nOibrithe agus ag Grúpa na bhFostóirí laistigh de EIS, agus ba cheart d’eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta cloí leis na rialacha atá leagtha síos ag comhlachtaí idirnáisiúnta. Níor mhór do bhreathnóirí a cheapfaí ar chomhchoiste comhairliúcháin geallsealbhóirí gealltanas a thabhairt cloí le cód iompair ar leith. |
4.3.4. |
Chomh maith le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus leis na comhpháirtithe sóisialta, ba cheart institiúidí idirnáisiúnta ábhartha a cheapadh freisin ar an gcomhchoiste comhairliúcháin geallsealbhóirí i gcáil breathnóirí seachtracha. Áirítear ar na hinstitiúidí idirnáisiúnta ábhartha an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS), an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus Rúnaíocht na gComhaontuithe Iltaobhacha Comhshaoil de chuid Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP). |
4.3.4.1. |
Ba cheart an méid seo a leanas a leagan amach sa chód iompair:
Ba cheart do gach duine a ghlacfadh páirt sa chaibidlíocht i gcáil breathnóirí arna gceapadh ar an gcomhchoiste comhairliúcháin an cód iompair a shíniú. |
4.4. |
Ba cheart na céimeanna éagsúla a bheadh ann le linn na gcainteanna go dtí deireadh na caibidlíochta a shonrú sa treochlár don chaibidlíocht. |
4.4.1. |
Céim rúnda na caibidlíochta. Bhainfeadh an chéim seo leis na páirtithe sa chaibidlíocht (an Coimisiún agus na tíortha sa réigiún atá ina pháirtí sa chaibidlíocht) agus le hionadaithe na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta ina gcáil mar bhreathnóirí agus é geallta acu, tríd an bprótacal rúndachta a ghabhann leis an gcód iompair a shíniú, go gcoinneoidís aon fhaisnéis a bhféadfadh teacht a bheith acu uirthi le linn na céime seo faoi rún. Le linn na céime seo, ba cheart do EIS tuarascáil réamhchaibidlíochta a thíolacadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil le daingniú agus cur chun feidhme na gcoinbhinsiún bunúsach sa tríú tír, rud a chuirfí ar fáil do na páirtithe uile a bhfuil lámh acu sa chaibidlíocht (na páirtithe atá i mbun caibidlíochta agus na breathnóirí). Ní tuarascáil cheangailteach a bheadh inti ach léiriú a bheadh inti ar an méid a chloíonn na tíortha ar páirtithe sa chomhaontú iad le caighdeáin shóisialta. |
4.4.2. |
Céim an luathrabhaidh leis an gcomhchoiste comhairliúcháin. Seo an chéim ina sainaithneodh na breathnóirí saincheisteanna íogaire a tháinig chun cinn le linn na caibidlíochta, saincheisteanna nach bhfuil ag éirí leis an gcaibidlíocht a réiteach ar shlí a mheasfadh an tsochaí shibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta a bheith sásúil. Céim phríobháideach an chéim seo freisin agus níor mhór do na breathnóirí an fhaisnéis go léir a choimeád faoi rún. |
4.4.3. |
Céim na cumarsáide oscailte. Sa chéim seo bheadh ar an gCoimisiún agus na tíortha sa réigiún atá ina pháirtí sa chaibidlíocht miontuairisc chomhpháirteach phoiblí a thíolacadh ar bhonn rialta maidir le staid na caibidlíochta. D’fhéadfadh na breathnóirí a dtuairim a chur in iúl de réir riail Chatham House (14), agus na saincheisteanna íogaire a sainaithníodh le linn na céime luathrabhaidh leis an gcoiste comhairliúcháin a leagan amach. Is céim phoiblí an chéim seo, agus leagfaí amach réamhthorthaí na caibidlíochta. Chuirfeadh sin le feasacht an phobail ar an gcaoi a seasann cúrsaí. |
4.4.4. |
An chéim ag a dtíolactar an réamhthuarascáil neamhspleách ina ndéantar measúnú ar thionchar an chomhaontaithe trádála. Le linn na céime seo, bheadh ar an dá pháirtí (an Coimisiún agus na tíortha sa réigiún atá ina pháirtí sa chaibidlíocht) an réamh-mheasúnú neamhspleách ar thionchar an chomhaontaithe a thíolacadh. Seo an uair a nochtfadh eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta a dtuairimí ar thionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil an chomhaontaithe, trí leas a bhaint as a n-anailís féin. Bheadh ionchur tábhachtach ag na breathnóirí seachtracha i bhfoirm tuarascála a chuirfí ar fáil do na páirtithe go léir agus don phobal. |
4.4.5. |
A luaithe a bheadh deireadh leis an gcéim ag a ndéantar an réamhthuarascáil tionchair a thíolacadh, thosódh céim rúnda na caibidlíochta arís, agus ina dhiaidh sin céim an luathrabhaidh leis an gcoiste comhairliúcháin, ansin céim na cumarsáide oscailte agus, ar deireadh, an chéim ag a dtíolactar an réamhthuarascáil neamhspleách ina ndéantar measúnú ar thionchar an chomhaontaithe trádála. Leanfaí den timthriall caibidlíochta sin go dtí go dtabharfaí an comhaontú i gcrích nuair a shíneodh nó nuair nach síneodh ionadaithe an Choimisiúin agus na dtíortha sa réigiún atá ina pháirtí sa chaibidlíocht an comhaontú. |
4.4.6. |
I gcás ina síneodh an dá pháirtí an comhaontú, d’ullmhóidís, i gcomhar le breathnóirí na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta atá sa chomhchoiste comhairliúcháin, prótacal sonrach lena mbunaítear na Grúpaí Comhairleacha Baile (ar thaobh an Aontais agus ar thaobh na dtíortha comhpháirtíochta) agus lena leagtar síos na rialacha lena rialaítear a modhanna oibre (féach mír 5.5.2). |
4.4.7. |
Tá CESE den tuairim go gcruthódh an creat caibidlíochta atá beartaithe dúshlán dóibh siúd uile a bheadh páirteach sa chaibidlíocht: bheadh ar gach geallsealbhóir (an Coimisiún, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, na comhpháirtithe sóisialta, breathnóirí seachtracha) tuiscint iomlán a bheith acu ar an ról atá acu agus níor mhór ardleibhéal iompraíochta gairmiúla agus ullmhúcháin a ráthú dóibh uile. Tá CESE den tuairim gur cheart ról Pharlaimint na hEorpa a neartú: ba cheart ról níos láidre a bheith aici ag na céimeanna caibidlíochta agus faireacháin. Tá CESE lánchinnte de gurb é sin an t-aon bhealach amháin chun a áirithiú go mbeidh gach duine, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta, páirteach dáiríre sa chaibidlíocht trádála, agus tacaíonn sé, dá bhrí sin, leis an gcomhaontú a thiocfaidh as an bpróiseas. |
5. Togra chun athchóiriú a dhéanamh ar na grúpaí comhairleacha baile atá freagrach as faireachán, meastóireacht agus cur chun feidhme a dhéanamh ar na comhaontuithe
5.1. |
Tá an tAontas ag dul i ngleic faoi láthair le méadú ar an éileamh ón tsochaí shibhialta agus ó na comhpháirtithe sóisialta ar idirphlé cuimsitheach daonlathach, le linn na gcomhaontuithe trádála a bheith á n-ullmhú agus le linn dóibh a bheith á gcur chun feidhme (15). Tá CESE an-sásta le hiarrachtaí an Choimisiúin fóraim a chur ar bun don idirphlé agus don rannpháirtíocht, ach measann sé go bhfuil géarghá le feabhas a chur ar na nósanna imeachta chun faireachán, meastóireacht agus cur chun feidhme a dhéanamh ar na comhaontuithe sin. |
5.2. |
Tá CESE den tuairim nach bhfreagraíonn na sásraí comhairliúcháin — na grúpaí comhairleacha baile — a bunaíodh chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú na ngealltanas a leagtar amach sna caibidlí maidir leis an trádáil agus forbairt inbhuanaithe, agus, amach anseo, sna comhaontuithe trádála ina n-iomláine, do na cuspóirí atá leagtha síos. Tá easnaimh áirithe i gceist sna grúpaí comhairleacha baile maidir leis na critéir lena mbunaítear iad agus maidir leis an easpa rialacha soiléire lena rialaítear an chaoi a bhfeidhmíonn siad. |
5.3. |
I bhfianaise na moltaí beartais a leagtar amach sa pháipéar leathoifigiúil maidir leis na grúpaí comhairleacha baile san Aontas (16) agus na hanailíse a rinneadh le déanaí ar ghrúpaí comhairleacha baile san Aontas agus i dtíortha comhpháirtíochta (17), is féidir measúnú a dhéanamh ar na grúpaí sin trí cheithre leibhéal ina ndearna siad dul chun cinn a mheas maidir leis an gcumas atá iontu:
|
5.3.1. |
Maidir leis an gcumas atá iontu feidhmiú, is é CESE a chuireann rúnaíocht ar fáil do na grúpaí comhairleacha baile agus is ar thaobh an Aontais Eorpaigh a bhunaítear iad, dá bhrí sin, ach nach bhfuil siad i bhfeidhm ach i roinnt de na tíortha comhpháirtíochta (18). Sna tíortha comhpháirtíochta ina bhfuil siad i bhfeidhm, tá fadhbanna soiléire eagrúcháin ag na grúpaí comhairleacha baile i ngeall ar easpa maoinithe (19) agus ar fhadhbanna a bhaineann le hionadaíocht, dáileadh cothrom na ngeallsealbhóirí, agus neamhspleáchas na mballeagraíochtaí (20). |
5.3.2. |
Maidir leis an gcumas atá i ngeallsealbhóirí na ngrúpaí comhairleacha baile faisnéis a mhalartú, is cosúil go bhfuil difríocht shoiléir ann idir na grúpaí comhairleacha baile atá san Aontas agus na grúpaí comhairleacha baile sna tíortha comhpháirtíochta. Seachas cúpla easaontú, is gnách go n-éiríonn leis na grúpaí comhairleacha baile san Aontas faisnéis a mhalartú go héifeachtach idir na páirtithe éagsúla san idirphlé, ach sna grúpaí sna tíortha comhpháirtíochta bíonn teannas ann idir comhaltaí as earnáil an ghnó agus comhaltaí as earnálacha eile. Ar an dá thaobh, is cinnte nach é an caidreamh is fearr atá ann idir na rialtais agus na grúpaí comhairleacha baile (idirphlé ingearach). Táthar ag iarraidh idirphlé trasteorann níos struchtúrtha agus níos doimhne a bheith ann idir na grúpaí comhairleacha baile san Aontas agus a macasamhla sna tíortha comhpháirtíochta, go háirithe le linn an chruinnithe bhliantúil trasteorann leis an tsochaí shibhialta agus trí chruinnithe sonracha a chur ar bun idir na grúpaí comhairleacha baile faoi chuimsiú an chomhaontaithe i dtrácht. |
5.3.3. |
Maidir le faireachán a dhéanamh ar na comhaontuithe, cé gurb é sin an príomhchuspóir atá leis na grúpaí comhairleacha baile, ní mór a aithint nach éasca sin a dhéanamh sa chleachtas. Is easpa acmhainní sonracha is féidir a úsáid le haghaidh faireacháin agus easpa toilteanais agus cuntasachta ó thaobh na rialtas de an chúis go príomha nach féidir faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú na caibidle maidir leis an trádáil agus forbairt inbhuanaithe. Tá moladh tuillte ag an gCoimisiún agus na grúpaí comhairleacha baile san Aontas a chuir brú ar rialtais na dtíortha comhpháirtíochta a bheith níos oscailte le linn faireachán a bheith á dhéanamh (21). Bonn iontaofa maidir le measúnú a dhéanamh ar an gcomhaontú trádála a bheadh i dtuarascáil faisnéise neamhcheangailteach arna cur faoi bhráid na ngrúpaí comhairleacha baile ag EIS agus ECFE. |
5.3.4. |
Go dtí seo, níl aon amhras faoi ach nár leor ar chor ar bith an tionchar polaitiúil a bhí ag na grúpaí comhairleacha baile — is é sin le rá tionchar ar chur chun feidhme na caibidle maidir leis an trádáil agus forbairt inbhuanaithe. Ba cheart don Choimisiún critéir níos uaillmhianaí a leagan síos a bheadh dírithe ar é a áirithiú go gcuirfeadh na rialtais moltaí na ngrúpaí comhairleacha baile san áireamh; thairis sin, cé gur oibleagáidí ceangailteacha atá ar na grúpaí comhairleacha baile, níl siad á bhforfheidhmiú go héifeachtach ina lán cásanna agus ní leor rannpháirtíocht bhuan na ngrúpaí comhairleacha baile sa phróiseas díospóide (22). |
5.4. |
I bhfianaise an mhéid sin thuas, measann CESE gur gá na grúpaí comhairleacha baile a athchóiriú ó bhonn d’fhonn na heasnaimh a liostaítear (i míreanna 5.3.1 go 5.3.4) a réiteach. |
5.5. |
Tá CESE ag iarraidh a chur in iúl nár cheart aon am a chur amú maidir le comhlacht amháin a bhunú, le haghaidh gach cineáil comhaontaithe a chaibidlítear, ina bhféadfadh páirt a bheith ag an tsochaí shibhialta agus ag na comhpháirtithe sóisialta. Bheadh an grúpa comhairleach baile athchóirithe sin in ann faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú na gcomhaontuithe agus meastóireacht a dhéanamh ar na torthaí (23). |
5.5.1. |
Chaithfeadh an comhlacht sin a bheith i gcoiteann ag an dá pháirtí sa chomhaontú (an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta) agus chaithfeadh sé feidhmiú go rianúil. Níor mhór gach gné den chomhaontú a chuimsiú ann freisin, agus tosaíocht á tabhairt do na gnéithe sin a mbíonn tionchar acu ar chur chun feidhme na caibidle maidir leis an trádáil agus forbairt inbhuanaithe. |
5.5.2. |
Creideann CESE nár mhór prótacal maidir le feidhmiú na ngrúpaí comhairleacha baile a bheith i ngach comhaontú a shíneofaí, prótacal lena mbunófaí creat fónta institiúideach do na rialacha lena rialaítear na grúpaí comhairleacha baile, a mbeadh feidhm aige maidir leis an dá pháirtí sa chomhaontú (an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta). Is é a dhéanfaí, go sonrach, leis an bprótacal sin:
|
5.5.3. |
Beidh ríthábhacht leis na táscairí faireacháin leanúnaigh: áiritheofar leo go gcloífidh na páirtithe leis na gealltanais atá leagtha amach sa chomhaontú agus go ndíreofar ar shaincheisteanna eacnamaíocha/trádála, sóisialta, comhshaoil agus slándála sláinte. |
5.5.4. |
Tá CESE den tuairim go bhfágfaidh athchóiriú na ngrúpaí comhairleacha baile go dtabharfar ról tábhachtach do CESE, agus go mbeidh acmhainní daonna agus airgeadais breise ag teastáil chuige sin. Tá CESE ag iarraidh, dá bhrí sin, ar na húdaráis bhuiséadacha, a luaithe a bheidh athchóiriú déanta ar na grúpaí, cistiú breise a chur ar fáil i gcomhréir leis an gcaiteachas atá réamh-mheasta ag an gCoimisiún, chun cabhrú leis na grúpaí comhairleacha baile na gníomhaíochtaí uile atá beartaithe a chur i gcrích de réir na gcaighdeán a theastaíonn. |
An Bhruiséil, 23 Márta 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) COM(2021) 66 final.
(2) European Parliament resolution of 26 November 2020 on the EU Trade Policy Review [Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Samhain 2020 maidir leis an Athbhreithniú ar Bheartas Trádála an Aontais Eorpaigh] (2020/2761(RSP)).
(3) IO C 105, 4.3.2022, lch. 148; IO C 105, 4.3.2022, lch. 40; IO C 364, 28.10.2020, lch. 53; IO C 364, 28.10.2020, lch. 160; IO C 159, 10.5.2019, lch. 28.
(4) IO C 105, 4.3.2022, lch. 148; IO C 105, 4.3.2022, lch. 40; REX/530, Measúnú ar ról na sochaí sibhialta sna struchtúir rannpháirtíochta faoin gcomhaontú idir AE, an Cholóim, Peiriú agus Eacuadór, rapóirtéir: G. Iuliano (níl leagan Gaeilge ann); IO C 364, 28.10.2020, lch. 160; IO C 47, 11.2.2020, lch. 38; REX/503 I dtreo Comhaontú Comhlachais idir AE agus Mercosur, rapóirtéir: J. Puxeu Rocamora, comhrapóirtéir: M. Soares (níl leagan Gaeilge ann).
(5) Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.
(6) Litir inar dhiúltaigh an Coimisiún don eagraíocht Cairde na Cruinne rochtain a fháil ar dhoiciméad áirithe. 2019 [b]. https://www.asktheeu.org/fr/request/7049/response/23196/attach/3/Signed%20letter.pdf?cookie_passthrough=1, Rochtain: 30.7.2020 lch. 2.
(7) IO C 374, 16.9.2021, lch. 73 Op. cit.
(8) ClientEarth, Fern, Veblen Institute, La Fondation Nicolas Hulot pour la Nature et l’Homme agus an Chónaidhm Idirnáisiúnta um Chearta an Duine.
(9) Cinneadh i gcás 1026/2020/MAS maidir le teip an Choimisiúin Eorpaigh “measúnú tionchair inbhuanaitheachta” nuashonraithe a thabhairt i gcrích sular tháinig deireadh leis an gcaibidlíocht trádála idir an tAontas agus Mercosur.
(10) IO C 47, 11.2.2020, lch. 38 Op. cit.
(11) IO C 105, 4.3.2022, lch. 148; Op. Cit. REX/532:; IO C 364, 28.10.2020, lch. 160, Op. cit.
(12) Márta 2021, An tAontas Eorpach: Study Reviewing DG Trade Civil Society Dialogue. Tetra Tech — Deloitte.
(13) IO C 105, 4.3.2022, lch. 40; IO C 105, 4.3.2022, lch. 148; IO C 159, 10.5.2019, lch. 28.
(14) I gcás ina ndéanfar cruinniú, nó cuid de chruinniú, a thionól de réir riail Chatham House, beidh an tsaoirse ag na rannpháirtithe an fhaisnéis a fhaightear a úsáid, ach ní fhéadfar ainm ná cleamhnacht an chainteora nó na gcainteoirí, ná ainm ná cleamhnacht aon rannpháirtí eile, a nochtadh.
(15) Non-paper from the Netherlands and France on trade, social economic effects and sustainable development.
(16) Non-paper: Strengthening and Improving the Functioning of EU Trade Domestic Advisory Groups.
(17) Martens, D., Potjomkina, D., Orbie, J., 2020, Domestic Advisory Groups in EU trade agreements – Stuck at the Bottom or Moving up the Ladder? Friederich Ebert Stiftung — Ollscoil Gent.
(18) I bPeiriú, mar shampla, ós rud é gur roghnaigh an rialtas gan grúpa comhairleach baile oiriúnach a bhunú, bhunaigh eagraíochtaí na sochaí sibhialta grúpa comhairleach baile neamhoifigiúil nach bhfuil aitheantas tugtha ag an Aontas Eorpach dó, faraor. Martens et al., 2020 Op. cit.
(19) “The EESC provides the secretariat of all EU DAGs. Some 78 per cent (36/46) of EU DAG respondents consider that DAG meetings are well prepared by the secretariat. Most non-EU DAGs, however, do not have similar support to help them organise and prepare their work. The bulk of their work is often carried out by their president (and sometimes vice-presidents), who are limited in their capacity to dedicate a lot of time to these activities”. Martens, D., et al. Op. cit., lch. 16.
(20) Tá an-dul chun cinn déanta ag an ngrúpa comhairleach baile sa Chóiré Theas, mar shampla, ach tá easnaimh ann go fóill a bhaineann le hionadaíocht agus neamhspleáchas. Martens, D., et al., 2020 Op. cit.
(21) Maidir leis an gComhaontú idir an tAontas agus an Chóiré, rinneadh gearán oifigiúil mar thoradh ar bhrú polaitiúil agus chinn an painéal saineolaithe nach raibh an tír ag cloí le coinbhinsiúin EIS.
Léaráid 1
Na céimeanna éagsúla caibidlíochta (an treochlár)
C2902022GA1110120220323GA0003.0001201212Léaráid 1Na céimeanna éagsúla caibidlíochta (an treochlár)Léaráid 2Na céimeanna éagsúla caibidlíochta (an treochlár)
Léaráid 2
Na céimeanna éagsúla caibidlíochta (an treochlár)
C2902022GA1110120220323GA0003.0001201212Léaráid 1Na céimeanna éagsúla caibidlíochta (an treochlár)Léaráid 2Na céimeanna éagsúla caibidlíochta (an treochlár)
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290/22 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: Cad iad na coinníollacha atá riachtanach d’inghlacthacht shóisialta an aistrithe fuinnimh agus ísealcharbóin?
(tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh)
(2022/C 290/04)
Rapóirtéir: |
Arnaud SCHWARTZ |
Comhrapóirtéir: |
Pierre Jean COULON |
Comhairliúchán |
Uachtaránacht na Fraince ar an gComhairle, 20.9.2021 |
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise |
Dáta a glactha sa rannóg |
10.3.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
23.3.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
568 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
224/6/5 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
D’fhonn inghlacthacht shóisialta an aistrithe fuinnimh a áirithiú, agus aiseolas ó chéimeanna na pleanála agus an chur chun feidhme á chur san áireamh, tá CESE ag iarraidh ar na geallsealbhóirí uile feabhas a chur ar na nithe seo a leanas: neamhspleáchas an phróisis, cáilíocht agus inrochtaineacht na faisnéise, saoirse agus éagsúlacht na rannpháirtíochta, soiléireacht na nósanna imeachta, cuntasacht agus breithniú na rannpháirtíochta sa chinnteoireacht, trédhearcacht agus faireachán ar phlean nó ar thionscadal ó thús deireadh, maille le hinacmhainneacht agus feidhmiúlacht an aistrithe (le réitigh atá ar fáil, mar shampla, pointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha atá lonnaithe in áiteanna áisiúla agus a bhfuil líon leordhóthanach díobh ar fáil). |
1.2. |
Tá CESE ag iarraidh ar an Aontas i bhfad níos mó a dhéanamh chun dáileadh cothrom a chur chun cinn, mar aon le hearraí a chur chun cinn arb ionann lucht a dtáirgthe agus lucht a dtomhailte, trí bhíthin dreasachtaí airgeadais, ós é sin an toisc is mó a mbíonn tionchar aige ar ghlacadh áitiúil an aistrithe fuinnimh. Ba cheart faisnéis ar na dreasachtaí sin a bheith inrochtana agus próisis shimplí a bheith ag gabháil léi. Ní mór cuspóir an Aontais Fuinnimh, mar atá, na saoránaigh a chur i gcroílár an bheartais agus a áirithiú go mbeidh sé fusa orthu a bheith ina dtáirgeoirí fuinnimh agus leas a bhaint as teicneolaíochtaí nua, a ghnóthú i bhfad níos tapa ná mar atá sé á ghnóthú faoi láthair. Tá sé á chur in iúl ag CESE freisin a thábhachtaí atá sé go ndéanfar na sochair agus na costais a mheastar a bheidh i gceist le tionscadal a dháileadh go cothrom laistigh de phobal. |
1.3. |
Tá CESE ag moladh don Aontas na bacainní is cionsiocair le rannpháirtíocht íseal agus glacadh íseal sa phobal a aithint agus deireadh a chur leo, más gá sin. Ar an mórgóir, ach an deis a thabhairt do na pobail agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta lena mbaineann páirt a ghlacadh in ullmhú tionscadal agus i gcinntí pleanála, is mó an glacadh sóisialta a bheidh leo. Dá bhrí sin, ba cheart díriú ar an easpa ama, oideachais faoin tsaoránacht, cuntasachta i measc na n-údarás lena mbaineann agus ar thosca eile i bplean gníomhaíochta d’fhonn cur leis an rannpháirtíocht. |
1.4. |
Ba mhian le CESE go rachfaí i gcomhairle leis an bpobal, agus leis na comhpháirtithe sóisialta agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta go sonrach, nó go mbeidís ina gcomhdhearthóirí fiú, ó chéim na pleanála go céim cur chun feidhme an aistrithe ar an leibhéal áitiúil, agus go mbeidís rannpháirteach inti níos mó ná riamh. Ba cheart, ina theannta sin, dlúthnasc a bheith idir na cuspóirí agus an phleanáil ar gach leibhéal críochach. Tá ríthábhacht leis sin ionas gur mó an glacadh sóisialta a bheidh leis agus d’fhonn cuspóirí an aistrithe fuinnimh a bhaint amach ar luas cuí. |
1.5. |
Tá CESE á chur i bhfios go láidir gur gá aird ar leith a thabhairt ar an inghlacthacht i measc an phobail agus na ngeallsealbhóirí a ndéanann an t-aistriú agus na hathruithe teicniúla lena mbaineann difear dóibh a fheabhsú agus go bhfuil gá chomh maith le bearta sonracha amhail oideachas ar feadh an tsaoil, athoiliúint agus uas-sciliú an lucht saothair, tacaíocht do ghnólachtaí agus feachtais faisnéise lena ndírítear ar na pobail éagsúla a ndéanann an t-aistriú difear dóibh. Ní mór béim a leagan air mar phríomhtheachtaireacht go bhfuil gá leis an aistriú fuinnimh ós aistriú níos cothroime agus níos glaine don duine aonair agus don phobal é agus ó tharla go bhfuil sé níos saoire do na saoránaigh san fhadtéarma. |
1.6. |
Mar sin féin, tá CESE ag athdhearbhú go n-éilítear leis an aistriú fuinnimh athruithe aonair agus comhchoiteanna ó dhaoine aonair, ó ghnólachtaí, ó bhardais, etc. Ó tharla nár cuireadh san áireamh sa bheartas fuinnimh go nuige seo na seachtrachtaí diúltacha a bhaineann le breoslaí iontaise, fágfaidh an dícharbónú go mbeidh costais níos airde ar tháirgeoirí agus praghsanna níos airde ar thomhaltóirí sa ghearrthéarma. Tá gá le tuilleadh trédhearcachta i ndáil leis sin. I bhfianaise na bpraghsanna fuinnimh atá ann faoi láthair, is fíordheacair do thomhaltóirí glacadh go toilteanach le praghsanna níos airde. Ní mór a bheith ar an eolas faoi sin. Ar an gcaoi chéanna, is den tábhacht freisin an rath a bhí ar an aistriú cóir a chur in iúl. Sa díospóireacht atá ar siúl faoi láthair, áfach, is rómhinic a chloistear scéalta diúltacha. Má tá an t-aistriú chun bheith inghlactha go sóisialta agus rathúil, is gá iomaíochas chuideachtaí an Aontais ar an margadh domhanda a chaomhnú d’fhonn brú míchuí ar an ngeilleagar agus ar an dífhostaíocht a sheachaint. |
1.7. |
Tá rabhadh á thabhairt ag CESE go gcuireann cánacha seanbhunaithe ar bhreoslaí iontaise agus cánacha glasa nua ualach níos troime ar theaghlaigh ísealioncaim ar bhonn comhréireach ná mar a chuireann siad ar theaghlaigh ardioncaim. Ní mór deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais agus cánacha atá díobhálach don chomhshaol, ach deireadh a chur leo go pras mar sin féin, rud a bhíonn á ghealladh ag polaiteoirí go minic. Dá bhrí sin, ba cheart an t-ioncam ó na cánacha glasa nua sin a úsáid ar mhaithe leis an nuálaíocht shóisialta, chun aistriú fuinnimh teaghlach leochaileach a fhóirdheonú agus chun a gcumhacht ceannaigh a chaomhnú. |
1.8. |
Tá CESE á mheabhrú freisin nach mór, agus sinn ag aistriú chuig sochaí ísealcharbóin, coincheap an aistrithe chóir a chur i gcroílár an mhachnaimh agus na gníomhaíochta. Ní mór níos mó a bheith i gceist leis an aistriú cóir ná sraith cuspóirí beartais, óir is éard is bonn le glacadh sóisialta an aistrithe fuinnimh. Ar an leibhéal Eorpach, ba cheart creat dlíthiúil um aistriú cóir, lena n-áirítear, mar shampla, na tograí praiticiúla dá dtagraítear sa tuairim seo, ar féidir iad a iompú i bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide, a bheith ina chomhlánú ar an bpacáiste “Oiriúnach do 55”. |
1.9. |
Tá CESE á iarraidh go ndéanfaí athmheasúnú ar an bpacáiste “Oiriúnach do 55” chun feabhas a chur ar an gcumas déileáil le luaineacht praghsanna fuinnimh agus le fadhbanna a eascraíonn as éigeandálaí, lena n-áirítear cogadh agus forálacha iomchuí a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar chásanna den sórt sin ar dhóigh a sheachnaíonn éifeachtaí diúltacha ar úsáideoirí deiridh. |
2. Comhthéacs agus príomhghnéithe
2.1. |
Tá dúshláin le sárú ag an gcine daonna, ina measc, nádúr finideach acmhainní an phláinéid (1), cailliúint na bithéagsúlachta agus an téamh domhanda. Is éard atá san aistriú fuinnimh agus san aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de claochlú nithiúil ar leibhéal na sibhialtachta don tsochaí (go háirithe trí nósanna a athrú [nósanna an duine aonair agus nósanna an phobail i gcoitinne]). A bhuí léi, ní mór é a bheith ar ár gcumas ár riachtanais ábhair agus fuinnimh a laghdú ar dhóigh dhaonlathach chóir, lena n-urramaítear na héiceachórais (2), agus dea-bhail an uile dhuine á háirithiú san am céanna (3). |
2.1.1. |
Ar chúiseanna comhshaoil, soláthair agus sóisialta, ní féidir leanúint den úsáid chéanna a bhaint as breoslaí iontaise sna blianta amach romhainn. Ina fhianaise sin, is den mhórphráinn aistriú chuig sochaí atá neodrach ó thaobh carbóin de. |
2.1.2. |
Mar sin féin, i gcomhthéacs an fháis ghlais (4), tá an baol ann go dtitfidh an tóin as ár ngeilleagair de dheasca an ráta toraidh íseal ar infheistíocht foinsí fuinnimh mhalartaigh agus tá baol ag baint freisin leis an tionchar tubaisteach a d’fhéadfadh a bheith ag gníomhaíochtaí mianadóireachta ar an gcomhshaol. |
2.1.3. |
De ghrá comhleanúnachas agus glacadh sóisialta níos fearr a bhaint amach, is gá na nithe seo a leanas a dhéanamh:
|
2.1.4. |
I bhfianaise theorainneacha na gcásanna a bhaineann leis an riosca teicneolaíochta, le teip ar linnte carbóin nó leis an easpa éifeachtúlachta fuinnimh, beidh sé riachtanach, ní hamháin solúbthacht a chruthú trí úsáid mheasartha chórasach a bhaint as an bhfuinnimh agus trí athmhachnamh a dhéanamh ar ár stíleanna maireachtála, ach freisin cur leis an nglacadh atá le bearta oiriúnaithe don athrú aeráide. |
2.2. |
Le blianta beaga anuas, rinneadh staidéar eolaíoch ar na coinníollacha atá ag teastáil chun aistriú a bheidh inghlactha go sóisialta a bhaint amach. Tagraíonn CESE don mhéid sin sa tuairim seo, arb é is aidhm di go sonrach feabhas a chur ar chleachtais institiúidí an Aontais agus mBallstát i ndáil leis sin. |
2.3. |
Is fíorchasta an ní é tionscadal a chruthú atá inghlactha go sóisialta agus trínar féidir an t-aistriú fuinnimh a bhaint amach. Éilítear leis sin go dtuigfí na teicneolaíochtaí atá beartaithe, na rioscaí lena mbaineann (rioscaí sóisialta, sláinte, eacnamaíocha, etc.), roghanna malartacha a d’fhéadfadh a bheith ann, measúnú ar chostais is sochair na roghanna atá beartaithe agus forálacha na críche óstaí. Má tá an t-aistriú chun bheith inghlactha go sóisialta, is gá tionscadail den chineál sin a phlé leis an bpobal agus leis na geallsealbhóirí go léir, agus machnamh níos leithne a dhéanamh ar fhorbairt na críche agus na stíleanna maireachtála inmhianaithe. |
2.4. |
De réir staidéar (5) agus dar le CESE, is iad seo a leanas príomhspreagthóirí an ghlactha shóisialta:
|
2.5. |
Sa chuid thíos, leagtar amach a bhfuil i gceist leis na téarmaí sin thuas agus ar féidir a thuiscint astu d’fhonn an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin a bhaint amach. |
3. Coinníollacha maidir leis an gcur chun feidhme
3.1. Iontaoibh as rialachas agus as nósanna imeachta cothroma
3.1.1. |
Léiríodh i roinnt mhaith staidéar go bhfuil an iontaoibh ríthábhachtach chun leibhéal an ghlactha shóisialta a chinneadh. Tá comhghaol idir nósanna imeachta cothroma, iontaoibh agus ráta glactha an aistrithe. Ach próiseas cinnteoireachta trédhearcach a bheith ann agus faisnéis a scaipeadh, chuirfí feabhas ar an iontaoibh fhrithpháirteach idir forbróirí tionscadail agus pobail. |
3.1.2. |
Ar an ábhar sin, tá CESE ag athdhearbhú gur cheart aird a dhíriú ar an smacht reachta, mar shampla a mhéid a bhaineann leis an úsáid a bhaintear as cistí éagsúla an Aontais. Ar an gcaoi chéanna, tá CESE den tuairim gur cheart don Choimisiún a thograí a fhoilsiú sna teangacha oifigiúla go léir ar bhealach tapa inléite d’fhonn inrochtaineacht agus rannpháirtíocht leathan a áirithiú. |
3.1.3. |
Ar a mhuin sin, léirítear i staidéir go gcuidíonn rannpháirtíocht na saoránach le haghaidh a thabhairt ar ábhair imní an phobail agus leibhéal na hiontaoibhe frithpháirtí a mhéadú. Tá scaipeadh faisnéise ríthábhachtach chun deireadh a chur le haon mhíthuiscint faoin aistriú agus faoi na bearta nó na huirlisí a úsáidfear chun é a bhaint amach. Dá bhrí sin, is den tábhacht dul i gcomhairle leis an bpobal ar ábhair a bhaineann, mar shampla, leis an suíomh, na costais agus na tionchair dhiúltacha chomhshaoil, eacnamaíocha, sláinte agus shóisialta a d’fhéadfadh a bheith ag baint le tionscadail aistrithe fuinnimh ach is gá, san am céanna, aird a tharraingt ar na tairbhí lena mbaineann. Ar an dóigh sin, is féidir glacadh an phobail ghinearálta le tógáil saoráidí nua ina gcomharsanacht a mhéadú. |
3.1.4. |
Measann CESE, dá bhrí sin, nach mór dul i mbun idirphlé le háitritheoirí áitiúla agus leis na geallsealbhóirí lena mbaineann agus iontaoibh fhrithpháirteach a chothú trí chumarsáid oscailte agus trí dheiseanna rannpháirtíochta a chur ar fáil a luaithe is féidir maidir le forbairt beart agus tionscadal a bhaineann leis an aistriú fuinnimh (6), ar gach leibhéal críochach iomchuí, ón leibhéal áitiúil go dtí leibhéal an Aontais. Tá an méid sin bunriachtanach má táthar chun a áirithiú go nglacfaidh pobail leis an aistriú. |
3.1.5. |
D’fhonn rannpháirtíocht a chur chun cinn agus iontaoibh a chothú, tá sé tábhachtach tacaíocht a fháil ó phobail áitiúla, agus go háirithe ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta a thacaíonn go poiblí leis an aistriú bunaithe ar fhianaise eolaíoch (7). A bhuí le líonra áitiúil den chineál sin, is féidir faisnéis a scaipeadh i measc an phobail ar bhealach níos nádúrtha agus cur i gcoinne míthuiscintí a d’fhéadfadh a bheith ann. |
3.1.6. |
Is príomhghné de shamhail na saoránachta Eorpaí é an daonlathas rannpháirteach ar na saolta seo. A bhuí le Conradh Liospóin, áirithítear go gcuireann an daonlathas ionadaíoch agus an daonlathas rannpháirteach le chéile. Ar an leibhéal idirnáisiúnta, tá rochtain ar fhaisnéis agus rannpháirtíocht phoiblí i bpleanáil agus i bhforbairt ar dhá cheann de na trí cholún de Choinbhinsiún Aarhus. Tá cur chun feidhme na gcolún sin fós le feabhsú, chomh maith le cur chun feidhme an tríú colún, mar atá rochtain ar an gceartas (8). |
3.1.7. |
Slí amháin chun an rannpháirtíocht a spreagadh is ea an díospóireacht phoiblí. Ní mór do choiste neamhspleách de shaineolaithe maidir le rannpháirtíocht saoránach, a bhfuil taithí chruthaithe acu, í a áirithiú (9). Áirithítear leis sin inchreidteacht na díospóireachta ina hiomláine, rud atá riachtanach, agus a fhágfaidh páirt ag na saoránaigh i mbearta móra a cheapadh a bhaineann leis an gcríoch ina bhfuil cónaí orthu. Le díospóireacht den chineál sin, cuirtear ar fáil do na geallsealbhóirí faisnéis chuimsitheach thrédhearcach maidir le plean, clár nó tionscadal áirithe ag céim an deartha agus tabharfar deis dóibh a mbarúlacha a chur in iúl, mar dhaoine aonair agus mar ghrúpaí eagraithe araon, maidir le hoiriúnacht na mbeart atá beartaithe. |
3.1.8. |
Le blianta beaga anuas, tá díobháil á déanamh d’iontaoibh na saoránach de réir a chéile de dheasca dhigiteáil rannpháirtíocht na saoránach gan cuntasacht ná díospóireacht a bhfuil idirghabhálaithe tríú páirtí rannpháirteach inti chun cur chuige comhsheasmhach a ráthú. Bíodh sin mar atá, sa bhreis ar fhaisnéis, tá gá le meascán de chomhairliúcháin ar líne agus de chruinnithe fisiciúla (10) le go mbeidh an pobal páirteach i ngach céim agus chun na roghanna atá le déanamh a chinneadh i gcomhar le chéile. |
3.1.9. |
Ar mhaithe leis an idirphlé idir na geallsealbhóirí go léir a fheabhsú, ba cheart é a chur de cheangal ar na húdaráis chinnteoireachta nó orthu siúd atá freagrach as daonlathas ionadaíoch, tar éis comhairliúchán poiblí, a chur in iúl i scríbhinn céard atá siad a dhéanamh leis na hionchuir éagsúla atá faighte acu agus conas a rachaidh na feabhsuithe a dhéanfar chun tairbhe do na saoránaigh. A bhuí le cuntasacht den chineál sin, bheadh tuiscint níos fearr ann ar na cúiseanna atá lena gcinntí agus chuirfí leis an iontaoibh as an daonlathas. |
3.2. Aistriú cóir inacmhainne
3.2.1. |
Dúshlán ollmhór atá sa phacáiste “Oiriúnach do 55” agus i ngnóthú chuspóir na haeráidneodrachta faoi 2050. Dar leis an gCoimisiún Eorpach, má táthar chun cuspóirí 2030 a bhaint amach, beidh gá EUR 350 billiún d’infheistíocht bhreise a dhéanamh in aghaidh na bliana i gcórais táirgthe fuinnimh, gan trácht ar rud ar bith eile. Is í an cheist mhór atá ag déanamh tinnis do CESE, agus ar ndóigh don tsochaí, ná cé a íocfaidh as sin, cé a dhéanfaidh infheistíocht ina leith, cé a bhainfidh tairbhe as, agus cé acu a bheidh nó nach mbeidh na cistí leordhóthanach. |
3.2.2. |
Áirithítear leis an dáileadh cothrom, arb é is aidhm dó aistriú cóir inacmhainne a bhaint amach, go ndéanfar na sochair, mar aon leis na costais, a bhaineann le tionscadal a dháileadh go cothrom. Is toisc chinntitheach é chun glacadh sóisialta a áirithiú. Dealraíonn sé gurb iad na dreasachtaí airgeadais, nach bhfuil castacht riaracháin ná theicniúil ag baint leo, an spreagadh is mó chun glacadh le tionscadal atá baint aige leis an aistriú a áirithiú. Ar an gcaoi sin, beidh daoine aonair, feirmeoirí, FBManna, pobail fuinnimh, etc. réidh le bheith mar chuid den chóras nua trína gcuid infheistíochtaí agus tiomantais chun an t-aistriú riachtanach a chur i gcrích. |
3.2.3. |
Luíonn sé le ciall go bhfuil sé ina réamhriachtanas bunúsach, má táthar chun aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de ar dhóigh a bheidh inghlactha go sóisialta agus rathúil, go leanfaidh cuideachtaí Eorpacha de bheith iomaíoch ar an margadh domhanda, d’fhonn brú míchuí ar an ngeilleagar agus ar an dífhostaíocht a sheachaint. |
3.2.4. |
Is toisc chumhachtach iad na dreasachtaí airgeadais, is cuma cén sórt dreasachta atá inti, (e.g. praghsanna fuinnimh níos ísle nó deiseanna ioncaim, tacaíocht don gheilleagar áitiúil, foghlaim ar feadh an tsaoil nó athoiliúint ghairme) le haghaidh tacaíocht do thionscadail agus glacadh leo ar an leibhéal áitiúil. |
3.2.5. |
Ach na tairbhí lena mbaineann a chur in iúl, is féidir cur leis an nglacadh sóisialta. Mar shampla, meastar gur tairbhe don phobal é poist áitiúla a chruthú, go háirithe i réigiúin mhargadh an tsaothair a ndéanann an t-aistriú fuinnimh difear dóibh, agus go bhféadfadh sé an glacadh le tionscadail a chur chun cinn. |
3.2.6. |
I láthair na huaire, tá leictreachas gaoithe agus leictreachas grianchumhachtaithe, go háirithe, ar na cineálacha leictreachais is costéifeachtaí agus is inbhuanaithe, nó geall leis, i gcuid mhór áiteanna. Is féidir féachaint chuige go mbeidh leictreachas níos inacmhainne á tháirgeadh agus á úsáid i bpobail áitiúla. Ach iad a bheith ina dtáirgeoirí leictreachais, beidh siad ina dtáirgeoirí is tomhaltóirí seachas ina dtomhaltóirí amháin. Ní mór a gcearta a neartú agus a ráthú. Tá an cur chuige sin níos tábhachtaí fós ó tharla go bhfuil earnálacha an iompair agus an téimh á leictriú de réir a chéile. |
3.2.7. |
Maidir leis an aeráid, go teoiriciúil, is cuma cé a thógann agus a oibríonn córas fótavoltach nó gaoithe. Mar sin féin, maidir le glacadh áitiúil agus an geilleagar réigiúnach, tá tábhacht faoi leith ag baint leis an tsaincheist seo. Dá bhrí sin, ní mór iarrachtaí praiticiúla sonracha a dhéanamh chun an cineál sin rannpháirtíochta a éascú. |
3.2.8. |
Tá CESE den bharúil go bhféadfaí líon na dtairgeoirí is tomhaltóirí agus inghlacthacht shóisialta an aistrithe a mhéadú go tapa ach na bearta éagsúla seo a leanas a ghlacadh:
|
3.2.9. |
Tá buntáistí ag baint freisin le hearraí áitiúla arb ionann lucht a dtáirgthe agus lucht a dtomhailte nuair a nasctar iad le méadair chliste, lena dtugtar aghaidh ar chomharthaí praghais an mhargaidh agus lena n-éascaítear tomhaltas agus solúbthacht atá fabhrach don líonra agus is féidir a chúiteamh dá bhrí sin. Leis an meascán seo is féidir an t-ualach ar an líonra a laghdú agus, ar an gcaoi sin, laghdú a dhéanamh ar an ngá atá le leathnú líonra. |
3.2.10. |
Ní mór na saincheisteanna maidir le costais mhéadaithe fuinnimh agus cumas na mBallstát iad a mhaolú a bheith i gcroílár na mbeart beartais a bheidh ann amach anseo. Ní hamháin go dtacaíonn CESE le bearta éigeandála chun iarmhairtí tromchúiseacha sóisialta a sheachaint, ach tá sé go mór i bhfabhar meastóireachtaí margaidh ina ndéantar iompar na ngníomhaithe ar an margadh fuinnimh a thástáil. San am céanna, tá CESE ag meabhrú chomhluachanna an Aontais maidir le seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta de réir bhrí Airteagal 14 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), mar atá leagtha amach i bPrótacal Uimh. 26 maidir le seirbhísí leasa ghinearálta atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE). D’fhéadfadh tuilleadh éifeachtúlachta agus deireadh na gclistí margaidh a bheith mar thoradh air sin. Is gá go ndéanfaidh na húdaráis an margadh a rialú ar bhealach níos éifeachtaí. |
3.2.11. |
Tá CESE á iarraidh go ndéanfaí athmheasúnú ar an bpacáiste “Oiriúnach do 55” chun feabhas a chur ar an gcumas déileáil le luaineacht praghsanna fuinnimh agus le fadhbanna a eascraíonn as éigeandálaí, lena n-áirítear cogadh, ar dhóigh a sheachnaíonn éifeachtaí diúltacha ar úsáideoirí deiridh, mar shampla trí shásraí iomchuí a thabhairt isteach chun praghsáil iomarcach a sheachaint, amhail gan córas ETS a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach. |
3.2.12. |
San am céanna, ní mór an ceartas sóisialta a áirithiú agus an bhochtaineacht fuinnimh atá ag dul i méid i measc mhuintir na hEorpa a mhaolú (11). Dar leis an gCoimisiún Eorpach, tá rioscaí inbhraite i gceist leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide go ngéarófar neamhionannais agus gur gá beartais phoiblí shonracha a chur i bhfeidhm chun é sin a chosc. Chuige sin, ní mór, thar aon ní eile, an oiliúint agus an athoiliúint a neartú agus smacht a choinneáil ar an ardú i bpraghsanna áirithe do theaghlaigh atá i ngreim ag an mbochtaineacht fuinnimh (12). Is mó an glacadh sóisialta a bhíonn le haistriú fuinnimh más aistriú é lena gcruthaítear poist agus lena bhféadfar cumhacht ceannaigh teaghlach beag a chaomhnú (13). |
3.2.13. |
Ina theannta sin, d’fhonn an glacadh leis an aistriú a éascú, breithníodh ar chásanna éagsúla ina dtabharfaí acmhainní breise do theaghlaigh bheaga, mar a rinneadh in ionsamhlúcháin an chuibhreannais Locomotion. Tá CESE ag athdhearbhú, áfach, gur cheart cur leis an gCiste Aeráide Sóisialta agus Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir (14) agus iad a leathnú lena áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár agus go ndéanfar gach gné den eisiamh agus den imeallú a áireamh iontu. |
3.2.14. |
D’fhonn cuidiú leo siúd is leochailí chun an t-aistriú fuinnimh a chur i gcrích, b’úsáideach an ní beartais athdháilte a cheapadh agus a fheabhsú agus, chun na críche sin, bearta nuálacha a thriail (15), amhail bunioncam uilíoch, creidmheasanna cánach, seachtainí oibre níos giorra, postroinnt, scéimeanna ráthaíochta poist, agus ról níos mó a bheith ag oibrithe sa rialachas corparáideach. |
3.2.15. |
Trí bhíthin na mbeart sin agus bearta eile a luaitear thuas, cuirfear le hinghlacthacht an aistrithe. D’fhéadfaidís leas a bhaint as atreorú láithreach na bhfóirdheontas, na gcistí agus na mbuntáistí cánach atá á ndáileadh ar bhreoslaí iontaise i láthair na huaire. Is den tábhacht foinsí maoinithe a chruthú le haghaidh infheistíochtaí inbhuanaithe. |
3.2.16. |
Ina fhianaise sin, mar atá á ghealladh leis na blianta, ba cheart féachaint le deireadh a chur le maoiniú atá díobhálach don chomhshaol go han-tapa. Sa bhreis air sin, ní mór cánacha glasa a fhorbairt bunaithe ar chánachas spriocdhírithe (16), i.e. trí fhoinsí maoiniúcháin a leithdháileadh ar dhóigh atá neamhdhíobhálach don aistriú. Ar an dóigh sin, cuideofar le gach aon duine tuiscint a fháil ar ghníomhaíochtaí poiblí sa réimse seo agus glacadh leis. |
3.2.17. |
Go deimhin, má tá an pobal chun glacadh go sóisialta leis an gcánachas glas, tá cúiteamh ag teastáil lena gcuirfear san áireamh ioncam teaghlaigh agus bochtaineacht fuinnimh (easpa iompar poiblí, drochinsliú tithe, córas téimh lag agus na cineálacha feithiclí atá i seilbh daoine, etc.) i dtreo gur féidir leo (17) coigilteas a dhéanamh san fhadtéarma a bhuí le trealamh nach bhfuil chomh dian ar fhuinneamh. |
3.2.18. |
Ar an gcuma chéanna, ba cheart triail a bhaint as cárta carbóin (18), arb é atá i gceist leis lamháltais astaíochtaí aonair neamh-inaistrithe a leithdháileadh, ní hamháin chun a chinneadh an leor an acmhainneacht oideolaíoch lena mbaineann chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus aistriú fuinnimh níos fearr a bhaint amach ar an leibhéal áitiúil, ach freisin chun a chinneadh cé acu is dócha nó nach dócha go gcuirfeadh an uirlis chothromaíoch seo le hinghlacthacht an aistrithe. |
3.2.19. |
Beidh cumas na ngníomhaithe poiblí ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla (sa bhreis ar a gcleachtais agus a mbearta um úsáid mheasartha foinsí fuinnimh agus foinsí fuinnimh inathnuaite a chur chun cinn, um daonlathas rannpháirteach, um idirphlé sóisialta, um maoiniú saoráidí sibhialta agus um oideachas ar feadh an tsaoil maidir leis an aistriú fuinnimh) ag brath ar a mhéid is féidir leo saincheist an chistithe a chur chun tosaigh agus cistiú inbhuanaithe a chur ar fáil, mar shampla, trí chlár ilbhliantúil chun athchóiriú fuinnimh a mhaoiniú a mbeidh oibleagáid ag gabháil leis torthaí a bhaint amach. |
3.2.20. |
Ba cheart, ar dhóigh úsáideach, fóirdheontais agus bearta fioscacha nua a chomhlánú le caighdeáin a bheidh ceangailteach ar chách ós rud é gur féidir leo, dála na gníomhaíochta atá ag teastáil chun gur féidir idirghníomhaíochtaí scáthánacha a chuideoidh leis an aistriú a fhorbairt, an domhan ar féidir linn maireachtáil ann agus atá uainn a chruthú freisin. |
3.3. Suíomh agus pleanáil
3.3.1. |
Is iad na saintréithe fisiciúla sonracha a ghabhann leo is cionsiocair le roinnt mhaith de na fadhbanna a bhaineann le forbairt tionscadal don aistriú fuinnimh. Is gá tuilleadh a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin, go háirithe trí eolas a scaipeadh ar mhaithe leis an bhfaisnéis bhréagach a chomhrac agus trí dhea-chleachtais a chur chun feidhme chun na fadhbanna sin a réiteach. |
3.3.2. |
Chuige sin, ní foláir feasacht a ardú maidir le hoidhreacht chultúrtha agus uirbeach an ama atá caite (ceantair máguaird cathracha a bheith á mhilleadh ag ceantair thráchtála agus thionsclaíocha, carrchlóis a bheith ar thalamh torthúil, foirgneamh a bheith lonnaithe i limistéir chónaithe agus i mbruachbhailte, rud a fhágann go mbítear ag brath ar ghluaisteáin, etc.). Sa lá atá inniu ann, is mó na buntáistí atá ag baint leis an aistriú fuinnimh ná na héifeachtaí a bheidh aige ar an “tírdhreach”. D’fhonn a áirithiú go gcuirfear an t-aistriú i gcrích ar bhealach inbhuanaithe, ní mór na héifeachtaí diúltacha lena mbaineann ó thaobh riachtanais talún de a sheachaint, nó iad a laghdú agus a fhritháireamh fiú a oiread is féidir. |
3.3.3. |
Chun na críche sin, ní mór bonneagar a lonnú in áiteanna nach mbeidh sé in iomaíocht leis an talmhaíocht nó ar bac é ar mheas a léiriú ar an dúlra agus ar an oidhreacht chultúrtha. Réiteach amháin is ea saoráidí a lonnú i limistéir uirbeacha nó thionsclaíocha atá ann cheana nó atá lonnaithe ar thalamh imeallach ar beag a luach táirgiúil nó luach nádúrtha. |
3.3.4. |
I gcás nach mbeidh an dara rogha ann ach saoráid a lonnú ar thalamh táirgiúil, ba cheart é a chomhtháthú a oiread is féidir sa chóras talmhaíochta agus níor cheart réiteach talún agus/nó glantógáil talún a bheith mar thoradh air sin. |
3.3.5. |
Ina theannta sin, d’fhonn an pobal i gcoitinne a choiméad ar an eolas mar is ceart agus iontaoibh a chothú, ba cheart dianmheasúnuithe a dhéanamh ar bhonn córasach ar thionchar suiteálacha saoráidí ar an gcomhshaol agus ar gach cuspóir agus plean náisiúnta agus Eorpach a bhaineann le fuinneamh. |
3.3.6. |
Tá meastóireachtaí ex post ríthábhachtach freisin lena áirithiú go leanfaidh an tsochaí de bheith ag feabhsú. Ina theannta sin, ba cheart modhanna idirphlé a bhunú idir gach leibhéal críochach, maille le huirlisí faireacháin agus cur chun feidhme beartais chun tógáil talún agus aistriú fadhbanna comhshaoil a sheachaint a mhéid is féidir, faoi mar atá molta go sonrach ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) (19). |
3.3.7. |
De réir a bhfuil sa mheastóireacht ex post ar ghníomhaíochtaí agus ar thionscadail a bhaineann leis an aistriú fuinnimh, is féidir inghlacthacht shóisialta a mhéadú ach an tionchar ar na geilleagair áitiúla a thomhas. |
3.3.8. |
Réiteach comhlántach ar an bhfadhb a bhaineann le hionaid táirgthe fuinnimh a aimsiú san Eoraip ab ea leictreachas glas arna tháirgeadh i dtíortha comharsanachta a allmhairiú i bhfoirm leachtach, trí hidrigin a úsáid mar iompróir. A mhéid a bhaineann leis an inghlacthacht shóisialta, ní mór a thuiscint gur gné chomhfhorbartha de na réigiúin sin é an méid sin (20). |
3.4. Tosca sochdhéimeagrafacha
3.4.1. |
I dteannta na gcúiseanna sin, bíonn tionchar ag an déimeagrafaíocht ghinearálta freisin ar dhearcthaí an phobail. Trí réamhstaidéir dhéimeagrafacha a dhéanamh, chuideofaí le straitéis a cheapadh lena méadófaí an glacadh le tionscadail ós rud é go bhféadfaí tuiscint a fháil ar mhéid agus ar chomhdhéanamh an spriocphobail ba dhóchúla a bheadh i gcoinne na dtionscadal. Ba cheart rochtain a bheith ag na geallsealbhóirí go léir ar na staidéir sin. |
3.4.2. |
Daoine a bhfuil leibhéil níos airde oideachais orthu agus daoine óga, is iadsan is dóchúla a ghlacfaidh leis an aistriú. Dá bhrí sin, is den tábhacht cur leis an oideachas ar feadh an tsaoil (lena n-áirítear i gcuideachtaí agus in ionaid ghairmoiliúna) maidir le húsáid mheasartha foinsí fuinnimh, rannpháirtíocht shibhialta agus infheistíocht i gcomhghníomhaíochtaí chun tacú leis an aistriú. |
3.4.3. |
Tá CESE á mholadh gur cheart feachtais chun feasacht a ardú faoin aistriú a bheith bunaithe ar an gcoincheap BIMBY (Build In My Backyard), arna spreagadh ag an gcoincheap NIMBY (Not In My Backyard), agus béim á leagan ar shamplaí a spreagann dea-aithris shóisialta agus na tairbhí don daonra. Ní mór iad a bheith bunaithe freisin ar scéalta dearfacha i bhfoirm teistiméireachtaí agus fíorscéalta rathúla ó réigiúin agus ó thíortha éagsúla ar féidir le daoine iad a thuiscint. |
3.4.4. |
A bhuí leis an méid sin, d’fhéadfaí glacadh a mhéadú agus toilteanas a chothú chun oibriú i bpáirt le chéile i dtreo na dóighe beatha nua seo, rud a bhfuil gá leis má táthar chun dul ar iontaoibh foinsí malartacha fuinnimh in ionad breoslaí iontaise. Ba cheart acmhainní a dhíriú ar ghníomhaíochtaí múscailte feasachta, gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh geallsealbhóirí éagsúla a chur i gcrích ar bhealach fónta. |
3.4.5. |
Ní ann d’aon chomhdhearcadh maidir leis an éifeacht dhíreach atá ag tosca sochdhéimeagrafacha sonracha ráite go mbíonn tionchar éagsúil acu ó thír go tír agus de réir dálaí polaitiúla. Ina ainneoin sin, ní féidir a shéanadh go mbíonn tionchar acu ar an nglacadh atá le pleananna agus tionscadal lena n-éascaítear an t-aistriú ar an leibhéal áitiúil. Dar le CESE, is gá, dá bhrí sin, tacú le hoiliúint tosaigh agus le hoiliúint leanúnach maidir leis an aistriú fuinnimh i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta. |
3.4.6. |
I gcás na hinghlacthachta sóisialta, áfach, is gá in amanna an fhreagairt as na teicneolaíochtaí lena mbaineann a ghlacadh nó gan iad a ghlacadh a chur ar na spriocghrúpaí féin. Is ionann sin agus a rá go bhfuil réadú acmhainneacht na dteicneolaíochtaí ag brath ar an ngné shóisialta agus uirthi sin amháin. Mar sin féin, is féidir gur dúshlán níos casta fós é an drogall i leith uirlisí nua a fháil nó a úsáid (21). |
3.5. Indéantacht shochtheicniúil (22)
3.5.1. |
Is bacainní teicniúla freisin iad na bacainní ar threalamh áirithe a ghlacadh. Léirítear leo go háirithe a dheacra atá sé cultúr ina bhfuiltear níos tíosaí ar fhuinneamh a chur chun cinn i sochaí ina spreagtar níos mó agus níos mó tomhaltais, rud atá ait go leor agus atá ag teacht salach ar na teachtaireachtaí atá á gcur chun cinn gur gá fuinneamh a choigilt. |
3.5.2. |
Is éard is bonn leis an nglacadh sóisialta córas casta cómhaireachtála idir an teicneolaíocht agus lucht a húsáidte. Ní hionann inghlacthacht agus glacadh, áfach. (Féach, mar shampla, cás na méadar cliste, atá inghlactha go teoiriciúil ach nach bhfuil glacadh leo sa chleachtas agus, dá bhrí sin, nach bhfuil in úsáid). Éilítear le glacadh teicneolaíochtaí go mbeidís in úsáid go pointe áirithe. Ní dhéantar tuilleadh plé orthu, tá a bhfiúntas léirithe acu, tá siad i measc na dteicneolaíochtaí eile atá ar fáil ach ní hionann sin agus a rá go bhfuil glacadh leo. Is éard is teicneolaíocht ghlactha ann teicneolaíocht a bhfuil úinéireacht glactha uirthi, sa chiall go bhfuil sí ina cuid de shaol daoine agus go mbreathnaítear uirthi mar rud atá fíor-riachtanach nach féidir déanamh dá huireasa. |
3.5.3. |
Tagann ann do shrianta ar an nglacadh le teicneolaíochtaí an aistrithe ós rud é gur minic a cheaptar na teicneolaíochtaí sin ar an mbun go mbeidh úsáideoirí in ann iad a úsáid chun na gcríoch dár beartaíodh iad. |
3.5.4. |
Go teoiriciúil, ba cheart do na húsáideoirí sin páirt a ghlacadh sna tionscadail fuinnimh a ghabhann leis na teicneolaíochtaí sin sula bhféadfaidh siad leas iomlán a bhaint astu. Mar sin féin, léiríodh i gcuid mhór suirbhéanna nach mbaintear dóthain úsáide as teicneolaíochtaí laethúla fiú, toisc nach dtuigtear an méid is féidir a dhéanamh a bhuí leo agus an chaoi ar féidir leas a bhaint astu. |
3.5.5. |
Is féidir breathnú ar an indéantacht shochtheicniúil mar phróiseas cuimsithe agus scaipthe sa tsochaí in imeacht ama a bhfuil céimeanna éagsúla i gceist leis. Tá an chéad chéim ríthábhachtach toisc go mbaineann sí leis an tréimhse taighde, forbartha agus conspóide (23), i.e. bítear ag súil leis na hathruithe a tharlóidh mar thoradh ar thabhairt isteach na teicneolaíochta nua. Sa dara céim, déileáiltear leis an gcéad aiseolas a fhaightear. Le linn na céime seo, cuirtear an réasúnaíocht taobh thiar de dhearadh an tionscadail i gcomparáid leis an úsáid atá beartaithe dó agus an cumas chun gnéithe sóisialta a ionchorprú i dteicneolaíochtaí. Le linn na céime deireanaí, tagann an tionscadal i dtreis thar thréimhse fhada. Ag an bpointe seo, is follas cé acu a diúltaíodh nó nár diúltaíodh don tionscadal, an úsáideann an pobal é agus cén chaoi a n-úsáidtear é sa tsochaí. |
3.5.6. |
I rith na céime deireanaí seo, feictear an slógadh ar an leibhéal áitiúil: féachtar sna críocha sin leis na teicneolaíochtaí sin a úsáid (nó ní fhéachtar leis sin) chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna éagsúla. Nuair a úsáidtear na teicneolaíochta nua sin sa tsochaí, tagann athruithe macrashóisialta chun cinn. |
3.5.7. |
Le húsáid teicneolaíochta áirithe, is féidir an chaoi a mbreathnaítear ar an saol, caidrimh agus creidimh a athrú ó bhonn. Ní tharlóidh sin, áfach, má fhorchuirtear an teicneolaíocht sa dóigh ina bhfuil sí. Caithfear a bheith in ann coigeartuithe a dhéanamh i dtreo go mbeifear níos éasca glacadh léi agus úsáid a bhaint aisti. I ndáil leis sin, tá CESE den bharúil dá mbeadh neodracht theicneolaíoch bunaithe ar staidéir eolaíocha, iomaíocht chóir agus an deis oiriúnacht na dteicneolaíochtaí éagsúla a thástáil agus a phlé go bhféadfaí cur leis an inghlacthacht shóisialta. |
3.5.8. |
Dá bhrí sin, nuair a dhéantar mionanailís ar an scéal, tá an díospóireacht maidir leis an aistriú fuinnimh ag imeacht ó chur chuige atá dírithe ar ghnéithe teicneolaíochta i dtreo cur chuige atá dírithe ar ghnéithe sóisialta. Ina fhianaise sin, ní mór coincheap na hinghlacthachta sóisialta a bheith níos caolchúisí i gcásanna ina gcuirtear an milleán ar thomhaltóirí, agus orthu sin amháin, faoi stíleanna maireachtála dianfhuinnimh. Ina ionad sin, ba cheart breathnú air i gcomhthéacs níos leithne ina gcuirtear san áireamh an indéantacht shochtheicniúil, is é sin le rá nuair a cheistítear an réasúnaíocht atá taobh thiar de theicnící áirithe agus dár roghanna beartais i réimse an fhuinnimh. |
An Bhruiséil, 23 Márta 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) https://www.footprintnetwork.org/our-work/ecological-footprint/
(2) https://www.ipcc.ch/site/assets/uploads/2021/07/IPBES_IPCC_WR_12_2020.pdf
(3) https://doughnuteconomics.org/about-doughnut-economics
(4) https://eeb.org/library/decoupling-debunked/; https://www.eea.europa.eu/publications/growth-without-economic-growth
(5) Trends in Social Acceptance of Renewable Energy Across Europe – A Literature Review, 8.12.2020.
(6) Sin an méid a mholann France Nature Environnement ina chuid “ scopes ” (mar atá, foilseacháin maidir le meatánú agus cumhacht ghaoithe, …).
(7) https://www.fondation-nicolas-hulot.org/sondage-science-et-transition-ecologique-equi-les-francais-ont-il-confiance/
(8) IO C 123, 9.4.2021, lch. 66.
(9) Dála Commission nationale du débat public sa Fhrainc.
(10) Féach Tuarascáil phoiblí 2011 ó Conseil d’État Consulter autrement, participer effectivement, La Documentation française 2011.
(11) Tuarascáil faisnéise ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa Meastóireacht a dhéanamh ar an Aontas Fuinnimh Eorpach – An ghné shóisialta agus an ghné shochaíoch den aistriú fuinnimh.
(12) De dheasca na bochtaineachta, tagann ann d’fhadhbanna, amhail gadaíocht (gearradh isteach in eangaí daoine eile), de cheal acmhainní airgeadais nó i ngeall ar easumhlaíocht shibhialta i leith thráchtálú an leictreachais.
(13) IO C 152, 6.4.2022, lch. 158.
(14) IO C 311, 18.9.2020, lch. 55.
(15) https://eeb.org/library/escaping-the-growth-and-jobs-treadmill/
(16) IO C 62, 15.2.2019, lch. 8.
(17) Eurofound, 2015, Access to social benefits: reducing non-take-up, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg. EEA/Eurofound, nóta faisnéise, Exploring the social challenges of low-carbon energy policies in Europe, ef22004en.pdf
(18) https://www.socialter.fr/article/carte-carbone-plutot-qu-une-taxe-un-quota-pour-chaque-citoyen-1
(19) https://www.eea.europa.eu/themes/energy/renewable-energy/eu-renewable-electricity-has-reduced
(20) OJ C 123, 9.4.2021, p. 30.
(21) Mar shampla, nuair a fhaightear gluaisteán leictreach is gá don tiománaí an modh tiomána a athrú, ag bogadh ó ghluaisteán lámhghiarála go gluaisteán uathghiarála, rud a d’fhéadfadh daoine a chur ó dhoras.
(22) https://www.larevuedelenergie.com/les-energies-renouvelables-en-transition-de-leur-acceptabilite-sociale-a-leur-faisabilite-sociotechnique/
(23) (Féach, mar shampla, i réimse seachas an t-aistriú fuinnimh, fóin chliste a nglactar go forleathan leo agus atá in úsáid ag an bpobal).
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290/30 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta a chomhdhlúthú d’fhonn feabhas a chur ar chumas an Aontais freagairt do theagmhais fhoircneacha, lena n-áirítear iad siúd a tharlaíonn lasmuigh dá chríoch
(Tústuairim arna hiarraidh sin d’Uachtaránacht na Fraince)
(2022/C 290/05)
Rapóirtéir: |
Christophe QUAREZ |
Comhrapóirtéir: |
Violeta JELIĆ |
Comhairliúchán |
Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, 21.9.2021 |
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Caidreamh Seachtrach |
Dáta a glactha sa rannóg |
9.3.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
24.3.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
568 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
211/0/2 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Níl Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM nó “an Sásra”) éifeachtach go leor agus níl a raon feidhme leathan go leor a thuilleadh chun freagairt do thubaistí a bhaineann leis an athrú aeráide agus do roinnt rioscaí a mhéid a bhaineann le cosc, ullmhacht, rabhadh, pleanáil agus cumas oibríochtúil, a tharlaíonn laistigh agus lasmuigh de chríoch an Aontais. |
1.2. |
Anuas ar an úsáid sheanbhunaithe a bhaintear as maidir le tubaistí nádúrtha, tá sé d’aidhm ag UCPM dul i ngleic le rioscaí eile amhail paindéimí, cúnamh a thabhairt do dhaoine i limistéir chogaidh, rioscaí móra tionsclaíocha, truailliú muirí ar mórscála, iarmhairtí cibearionsaithe ar líonraí leictreachais nó uisce óil agus ar na bonneagair riachtanacha uile, agus bainistiú géarchéimeanna daonnúla a bhaineann leis an inimirce. |
1.3. |
Ní mór aghaidh a thabhairt ar an nasc idir an chosaint shibhialta (oibríochtaí gearrthéarmacha) agus an chabhair dhaonnúil (bainistíocht fhadtéarmach) agus an nasc sin a chomhordú ar bhealach níos fearr. |
1.4. |
Measann CESE gur gá gníomhaíocht iarthubaiste an Aontais i gcás imeachtaí lasmuigh dá chríoch a shainaithint agus a fhorbairt tuilleadh. |
1.5. |
Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé comhar oibríochtúil a fhorbairt trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar oiliúint, comhoiriúnacht ábhair agus trealaimh, soiléireacht agus éifeachtúlacht slabhraí ceannais. |
1.6. |
Measann CESE gur cheart scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá le gníomhaireacht Eorpach um chosaint shibhialta agus um chabhair dhaonnúil a bhunú mar shásra praiticiúil chun gníomhaíochtaí beartais eachtraigh níos láidre a dhéanamh. |
1.7. |
Tarraingíonn CESE aird ar an dul chun cinn is gá a dhéanamh i ndáil leis an bpróiseas cinnteoireachta maidir le hidirghabhálacha, lasmuigh de chríoch an Aontais. |
1.8. |
Measann CESE nach bhfuil dóthain forbartha déanta ar an ngné taidhleoireachta den chosaint shibhialta Eorpach. Maidir le caidreamh seachtrach agus freagairt an Aontais ar theagmhais fhoircneacha, cuireann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé:
|
1.9. |
Tá amhras áirithe ar CESE i dtaca le raon feidhme geografach UCPM agus na critéir dá réir a roghnaítear na tíortha a mbíonn páirteach ann. |
1.10. |
Ní mór cumarsáid iomchuí a chur chun cinn a mhéid a bhaineann le tuairimí an phobail ar fud an domhain d’fhonn gníomhaíocht UCPM a fheabhsú. |
1.11. |
Thacódh CESE leis an smaoineamh comhfhoirne bainistithe trasnáisiúnta a fhorbairt le haghaidh na chéad fhreagartha i gcás tubaistí, foirne a mbeadh a gcuid acmhainní féin acu, oiliúint chomhpháirteach a chur ar fáil agus caighdeánú a dhéanamh ar acmhainní agus ar threalamh. |
1.12. |
Molann CESE togra le haghaidh leasú reachtach chun freagairt uathoibríoch agus láithreach a údarú faoi chuimsiú an tSásra i gcás tubaiste dhaonnúil laistigh nó lasmuigh de chríoch an Aontais, gan gá a bheith le hiarraidh roimh ré ón mBallstát lena mbaineann, cé go gcoinneodh an Ballstát sin an ceart diúltú don chabhair sin. Ach í a bheith bunaithe ar an gcosaint shibhialta, féadfaidh an acmhainn sin i bhfoirm tascfhórsa cuidiú le caidreamh seachtrach an Aontais a neartú. |
1.13. |
Tacaíonn CESE leis an obair dheonach a neartú i réimse na cosanta sibhialta agus molann sé go bhforbrófaí caighdeáin le haghaidh cláir maidir leis an obair dheonach, a mbeidh forálacha ag gabháil leo lena ráthófar cearta an duine agus cearta saothair d’oibrithe deonacha agus go gcruthófaí comhchóras deimhniúcháin d’fhoirne oibrithe deonacha um chosaint shibhialta. |
1.14. |
Tugann CESE dá aire nach ann d’ionstraim airgeadais sholúbtha mhearfhreagartha chun cistiú díreach a chur ar fáil mar chúiteamh arna iarraidh sin ag pobail a bhíonn thíos leis. |
1.15. |
Tacaíonn CESE le gníomhaíochtaí faisnéise poiblí a neartú maidir le gníomhaíocht UCPM trí bhealaí nua-aimseartha cumarsáide (e.g. na meáin shóisialta), agus trí ról gníomhach a bheith ag eagraíochtaí eagraithe um obair dheonach. |
1.16. |
Tugann CESE dá aire gur gá an comhar idir freagairt oibríochtúil an Aontais agus na heagraíochtaí daonnúla agus an tsochaí shibhialta a neartú tuilleadh chun cabhair a chur ar fáil ar bhealach níos fearr ar an láthair. |
1.17. |
Leagann CESE béim ar an ngá atá le tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar leanúnachas gnó FBManna a áirithiú i ndiaidh tubaiste. |
1.18. |
Molann CESE go mbeadh an pobal eolaíochta níos rannpháirtí i bpróiseas foláirimh agus coisc UCPM, trí leas a bhaint as líonra eolais an Aontais um chosaint shibhialta agus an Lárionad Eolais maidir le bainistiú riosca tubaistí a neartú. |
2. Cúlra
2.1. |
Le Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, sásra atá i gcroílár an chomhair Eorpaigh maidir le bainistiú riosca tubaistí, cuirtear líonra cúnaimh fhrithpháirtigh agus dlúthpháirtíochta ar fáil laistigh agus lasmuigh de theorainneacha an Aontais. |
2.2. |
Tugtar 33 thír le chéile leis an Sásra – 27 mBallstát an Aontais agus 6 thír rannpháirteacha: An Íoslainn, an Iorua, an tSeirbia, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, agus an Tuirc. Baintear leas as i ngníomhaíochtaí coisctheacha agus ullmhachta agus i bhfreagairtí oibríochtúla, agus cumasaítear leis cabhair chomhordaithe do thubaistí agus do ghéarchéimeanna. Is féidir le haon tír ar domhan a bhfuil mórthubaiste ag bagairt uirthi cabhair a lorg tríd an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha (ERCC), ó is sásra beartais eachtraigh de chuid an Aontais é. |
2.3. |
Atreisíodh UCPM cheana féin in 2019 trí chúltaca acmhainní breise a bhunú agus trí leas a bhaint as an Líonra Eolais Eorpach um Chosaint Shibhialta, agus neartaíodh creat beartais UCPM a thuilleadh trí reachtaíocht nua a foilsíodh an 20 Bealtaine 2021. Áirítear le UCPM athbhreithnithe cur chuige trasearnála agus trasteorann maidir le bainistiú riosca agus tubaistí, bunaithe ar chuspóirí maidir le hathléimneacht ó thubaistí, agus pleanáil ar leibhéal an Aontais. Bunaithe ar thogra ó Pharlaimint na hEorpa, ionchorpraítear ann freisin coincheapa an athraithe aeráide agus na bithéagsúlachta. |
2.4. |
Mar sin féin, i bhfianaise na mórthubaistí nádúrtha a tharla le blianta beaga anuas (mórthinte i ndeisceart na hEorpa in 2017 agus 2021, tuilte i lár agus i dtuaisceart na hEorpa in 2014 agus 2021, creathanna talún i Háítí in 2010 agus 2021, etc.), agus ós rud é go bhfuil méadú tagtha ar a mhinice a tharlaíonn na tubaistí sin agus ar a dhéine atá siad, tá an bonn á bhaint de na sásraí freagartha atá ann cheana amhail UCPM, a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt freisin ar ghéarchéimeanna casta eile (imirce, sláinte, daonnúla). Léirítear leis na himeachtaí a tharla san Úcráin le déanaí gur gá an Sásra a neartú agus na naisc idir an chosaint shibhialta agus an chabhair dhaonnúil a dhéanamh níos comhleanúnaí. |
2.5. |
Ar an gcúis sin, d’iarr údaráis na Fraince ar CESE obair a dhéanamh ar fhreagairt na hEorpa ar an athrú aeráide trí dhíriú ar thrí phríomhréimse: (i) luathrabhadh agus faisnéis don phobal; (ii) réamhaisnéis agus pleanáil, agus (iii) cumas freagartha. |
3. Barúlacha ginearálta
3.1. |
Ó thaobh oibriúcháin de, neartaíodh UCPM trí úsáid a bhaint as roinnt ionstraimí comhlántacha, amhail an cúlchiste acmhainní rescEU, an tseirbhís satailíte Copernicus (córas mapála riosca satailíte), an Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta (ECPP) agus líonra eolais an Aontais Eorpaigh um chosaint shibhialta (KN). |
3.2. |
Cuireadh rescEU ar bun in 2019 agus leis sin bunaíodh cúlchiste nua acmhainní breise (cúlchiste rescEU) a bhfuil an méid seo a leanas san áireamh leis: flít eitleán agus héileacaptar comhraicthe dóiteáin, trealaimh tarrthála, eitleáin leighis aslonnaithe, foirne leighis éigeandála agus stoc-charn trealaimh leighis agus ospidéil mhachaire ar féidir leo freagairt d’éigeandálaí sláinte agus teagmhais cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha. Comhlánaítear UCPM le rescEU i misin i réimsí amhail an comhrac dóiteáin, an cúnamh leighis agus an taighde. |
3.3. |
Tá ERCC i gcroílár fheidhmiú UCPM. Déanann sé lárú agus comhordú ar na cineálacha éagsúla cabhrach a chuireann na tíortha ar fáil agus tá sé freagrach as cabhair éigeandála a chur ar fáil go tapa do limistéir atá buailte ag tubaiste. |
3.4. |
Fógraíonn tíortha cé na hacmhainní ar féidir leo a chur ar fáil don tír iarrthach trí úsáid a bhaint as an gComhchóras Cumarsáide agus Faisnéise Éigeandála (CECIS). Is féidir taifid ar líne a choinneáil ar an ardán, áit ar féidir le ERCC riachtanais na dtíortha iarrthacha a mhionsonrú, agus ar féidir leis na tíortha atá ag teacht i gcabhair na hacmhainní a bhfuil sé i gceist acu a chur ar fáil a shonrú. |
3.5. |
Ina theannta sin, féadfaidh na rannpháirtithe cur le ECPP trí acmhainní náisiúnta a ghealladh i gcás freagairt éigeandála. Leis an gcomhthiomsú sin, is féidir gníomhaíochtaí freagartha a phleanáil agus a chomhordú níos fearr ar an leibhéal Eorpach agus náisiúnta, rud a chiallaíonn gur féidir leis an Aontas freagairt ar bhealach níos tapúla agus níos iontaofa do thubaistí. |
3.6. |
Trí thacú le gníomhaíochtaí coisctheacha agus ullmhachta, mhéadaigh an tAontas an tacaíocht airgeadais le haghaidh acmhainneachtaí atá cláraithe in ECPP. Is féidir an tacaíocht airgeadais a úsáid chun acmhainní a oiriúnú agus a dheisiú, chomh maith le costais oibríochtúla (laistigh den Aontas) agus costais iompair (lasmuigh den Aontas) a chumhdach nuair a imscarfar iad faoi UCPM. |
3.7. |
Cuireadh an Sásra i ngníomh roinnt uaireanta mar chuid de chreat bainistithe géarchéime an Aontais le linn phaindéim COVID-19. Is léir ón taithí a fuarthas gur gá don Aontas a bheith ullmhaithe níos fearr chun freagairt d’éigeandálaí ar mórscála, agus gur cheart an creat dlíthiúil atá ann faoi láthair maidir le sláinte agus cosaint shibhialta a neartú. |
3.8. |
Ó thaobh airgeadais de, leithdháiltear ar an Sásra, sa bhreis ar ranníocaíochtaí ó thíortha rannpháirteacha, imchlúdach airgeadais ó bhuiséad ilbhliantúil an Aontais don tréimhse 2021-2027. Go sonrach, beidh imchlúdach airgeadais EUR 1 263 000 000 ann chun an Sásra a chur chun feidhme don tréimhse 2021-2027. Thairis sin, déanfar ioncam sannta seachtrach ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh suas le EUR 2 056 480 000 a leithdháileadh freisin chun an Sásra a chur chun feidhme don tréimhse chéanna. |
3.9. |
Is éard atá i líonra eolais an Aontais um chosaint shibhialta ardán nua chun eolas, dea-chleachtais agus ceachtanna atá foghlamtha ag saineolaithe cosanta sibhialta agus ag pearsanra bainistithe éigeandála a roinnt, ardán lena bhfuil sé beartaithe ag an Aontas an Bainistiú Rioscaí Tubaistí san Eoraip a neartú. |
3.10. |
Is é is aidhm don líonra sin sineirgí níos láidre a chothú i measc cleachtóirí, lucht ceaptha beartas agus eolaithe trí leas a bhaint as na colúin atá bunaithe ar fhothú acmhainneachta agus ar an eolaíocht, réimse ina ndéantar gníomhaíochtaí a thionscnamh, a phleanáil, a dhearadh agus a chur chun feidhme. Áirítear ar ghníomhaíochtaí an líonra cleachtaí coiteanna, malartuithe déthaobhacha agus iltaobhacha, comhar agus comhthionscadail. |
3.11. |
Maidir le cosaint shibhialta lasmuigh de chreat an Aontais, tá sé tábhachtach lárionad comhordúcháin Eora-Atlantach maidir le fóirithint tubaistí de chuid Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) a lua, lárionad a chuireann cabhair ar fáil go príomha i gcásanna tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine, agus foireann comhordúcháin na Náisiún Aontaithe atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar thubaistí. |
3.12. |
Laistigh den Eoraip, d’fhormhuinigh an tAontas don Réigiún Meánmhuirí (UfM), ar comhpháirtíocht iltaobhach é atá dírithe ar lánpháirtiú réigiúnach agus comhtháthú a mhéadú i measc na dtíortha Eora-Mheánmhara, lena n-áirítear an Tuirc, plean gníomhaíochta maidir le hullmhúcháin do chúnamh frithpháirteach éifeachtúil sa limistéar Eora-Mheánmhara. Bhí mearfhreagairtí san áireamh sna gníomhaíochtaí a moladh. Cuirtear san áireamh sna príomhghnéithe gníomhaíochtaí seirbhíse éigeandála poiblí a neartú trí oibrithe deonacha agus saoránaigh a dhéanamh níos rannpháirtí maidir le beatha daoine a shábháil. |
3.13. |
Gníomhachtaíodh UCPM 382 uair idir 2007 agus 2020. In 2020, gníomhachtaíodh é 102 uair, is é sin, 82 ghníomhachtú níos mó ná an bhliain roimhe sin. As na 102 ghníomhachtú, tharla 36 díobh laistigh den Aontas agus 66 díobh lasmuigh den Aontas. Bhí baint ag 85 ghníomhachtú le COVID-19. |
4. Barúlacha sonracha
4.1. |
A mhéid a bhaineann le cosc, ullmhacht, rabhadh, pleanáil agus cumas oibríochtúil, níl UCPM láidir go leor a thuilleadh chun freagairt do thubaistí nadúrtha a bhaineann leis an athrú aeráide. |
4.2. |
Ba cheart aghaidh a thabhairt ar bhealach níos fearr in UCPM ar réimsí amhail an truailliú muirí, rioscaí móra tionsclaíocha agus tubaistí a bhaineann le líonraí leictreachais nó uisce óil. |
4.3. |
Measann CESE nach bhfuil an ghné taidhleoireachta den chosaint shibhialta Eorpach forbartha go leordhóthanach maidir le garchomharsanacht an Aontais (go háirithe na Balcáin), nó an Afraic Thuaidh agus tíortha na hAfraice, gan beartas forbartha an Aontais a lua. Ba cheart leas a bhaint as an ngné thaidhleoireachta sin de UCPM ar bhealaí éagsúla: (i) trí phróiseas réamhaontachais na dtíortha is iarrthóirí a neartú, agus na critéir aontachais uile á n-urramú ag an am céanna; (ii) trí thionchar na Síne agus na Rúise i dtíortha áirithe agus i limistéir gheografacha áirithe a laghdú (an Afraic, an tSeoirsia, an Úcráin); (iii) caidreamh taidhleoireachta le tíortha naimhdeacha áirithe a éascú (e.g. cabhair chun dóiteáin foraoise a chomhrac sa Rúis nó sa Tuirc); (iv) beartas an Aontais maidir le cúnamh forbartha a chur i gcrích; (v) teagmháil a dhéanamh le tíortha atá faoi thionchar díreach na Rúise, amhail an Chasacstáin, ar comhpháirtí fuinnimh na hEorpa í, agus tíortha móra eile atá i mbaol mór (i ngeall ar thinte foraoise, mar shampla). |
4.4. |
Tá amhras áirithe ar CESE i dtaca le raon feidhme geografach UCPM agus na critéir dá réir a roghnaítear na tíortha a mbíonn páirteach ann. Mar shampla, ba cheart do thíortha is iarrthóirí ar aontachas, an Eilvéis agus an Mholdóiv a bheith rannpháirteach in UCPM chun gné ilchríochach a thabhairt dó. |
4.5. |
Maidir le hoibríochtaí seachtracha arna gcomhordú ag an gCoimisiún Eorpach, agus nuair a iarrann tríú tíortha cúnamh, is gá na coinníollacha agus an próiseas cinnteoireachta maidir le tús a chur leis na hoibríochtaí sin a shonrú, agus aird ar leith á tabhairt ar an trédhearcacht. |
4.6. |
Molann CESE freisin comhfhreagraí cosanta sibhialta a cheapadh i ngach Buanionadaíocht de chuid an Aontais chun tríú tíortha a chur ar an eolas go córasach faoi chúnamh a d’fhéadfadh an tAontas a thabhairt i gcás tubaiste tromchúiseach, chun an comhordú is gá le fórsaí cosanta sibhialta na tíre féin a áirithiú. |
4.7. |
Tarraingíonn CESE aird an Choimisiúin ar na héagothromaíochtaí móra atá ann faoi láthair idir na struchtúir cosanta sibhialta éagsúla, agus leagann sé béim ar an ngá atá leis an mbealach ina n-eagraítear na fórsaí sin a chomhchuibhiú, go háirithe maidir le hoiliúint foirne, nósanna imeachta agus trealamh (tá trastomhas na lansaí dóiteáin difriúil ó thír go tír, mar shampla). Is féidir an difríocht sin a shárú trí mhodúil chaighdeánacha a eagrú agus a chaighdeánú tuilleadh i ngach Ballstát. Tá na modúil chaighdeánacha sin i bhfeidhm cheana féin, ach ní mór méadú ar líon na modúl agus feabhsú a gcaighdeánaithe a chur chun cinn go gníomhach. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh na modúil dóiteáin foraoise i dtír amháin feistithe le feithiclí bóthair, agus le feithiclí eisbhóthair i dtír eile. |
4.8. |
Thairis sin, ba cheart dlúthchomhar idir údaráis náisiúnta cosanta sibhialta, ollscoileanna agus taighdeoirí a neartú. Trí chur chun feidhme líonra eolais an Aontais um chosaint shibhialta, trí leas a bhaint as na colúin atá bunaithe ar fhothú acmhainneachta agus ar an eolaíocht, agus tríd an Lárionad Eolais maidir le bainistiú riosca tubaistí a threisiú, cuirtear spás agus acmhainní ar fáil chun an comhar sin a neartú. |
4.9. |
Maidir le hinniúlacht acmhainní, is tosaíocht eile é acmhainní a imscaradh go práinneach ar fud na mílte agus na mílte ciliméadar. Is minic a bhíonn gá le húsáid a bhaint as sócmhainní aeir i gcásanna éigeandála. Más féidir le haerlínte pearsanra a iompar, bheadh gá le haerárthaí iompair ardacmhainneachta chun trealamh a iompar. |
4.10. |
D’fhéadfaí réiteach a fháil ar an tsaincheist maidir le hacmhainn iompair a áirithiú trí aerárthaí míleata nó náisiúnta nó aerárthaí de chuid ECAT a úsáid. Mar sin féin, éilíonn a n-úsáid próiseas cuí agus pleanáil, rud nach bhfuil comhoiriúnach le cásanna éigeandála. Rogha oiriúnach eile a bheadh ann ná flít tiomnaithe d’iompróirí móra Aerbus A330 nó eitleáin a fháil ar cíos ar bhonn poncúil ó chuideachtaí speisialaithe. Tá an chuma ar an scéal, de réir a bhfuil ag teastáil ó na saineolaithe, go ndéanfadh aonad aeir trí aerárthach an chúis. Tá na haonaid sin ilfheidhmeach, agus tá sé indéanta go teicniúil iad a thiontú. Mar shampla, d’fhéadfaí úsáid a bhaint astu d’fhonn táirgí tinemhoillitheacha a chaitheamh chun dóiteáin foraoise a chur faoi smacht agus chun rothstoc a iompar. |
4.11. |
D’fhéadfaí scrúdú a dhéanamh laistigh de chreat rescEU ar éadáil agus ar bhainistiú na sócmhainní réamh-mheastacháin aeir sin. |
4.12. |
A mhéid a bhaineann le rialachas, iarrann CESE go gcruthófaí gníomhaireacht Eorpach um chosaint shibhialta agus um chabhair dhaonnúil. Le himeacht ama, is minic a iarrtar ar na struchtúir atá freagrach as an dá réimse sin gníomhú sna háiteanna céanna agus cabhrú leis na daonraí céanna. Is iondúil go dtarlaíonn an chosaint shibhialta thar thréimhse ghearr, i.e. laethanta nó seachtainí, ach d’fhéadfadh sé go mbeadh cabhair dhaonnúil ag teastáil ar feadh míonna nó tréimhse níos faide fós. |
An Bhruiséil, 24 Márta 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
III Gníomhartha ullmhúcháin
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
An 568ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Interactio, 23.3.2022-24.3.2022.
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290/35 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa Fadbhreathnaitheacht Straitéiseach maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle – 2021 Strategic Foresight Report – The EU’s capacity and freedom to act [Tuarascáil 2021 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach – Inniúlacht an Aontais Eorpaigh agus an tsaoirse chun gníomhú]
(COM(2020) 750 final)
(2022/C 290/06)
Rapóirtéir: |
Sandra PARTHIE |
Comhairliúchán |
An Coimisiún, 1.3.2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas |
Dáta a glactha sa rannóg |
4.3.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
23.3.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
568 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
199/3/0 |
1. Brollach
1.1. |
Dréachtaíodh an tuarascáil agus an Tuairim ón gCoimisiún Eorpach roimh an ionsaí ón Rúis, an cogadh san Úcráin agus an ghéarchéim dhaonnúil atá ann dá bharr, rud a fhágann nach léirítear tionchar an mhéid sin sa Tuairim. Tá béim á leagan ag CESE ar a thromchúisí agus atá drochthionchar na n-imeachtaí tragóideacha sin ar an dóigh bheatha agus tá sé ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) agus ar an gCoimisiún Eorpach aird i bhfad níos mó a thabhairt ná mar a beartaíodh roimhe seo ar thionchar geopholaitiúil na n-athruithe straitéiseacha sin ina gcuid gníomhaíochtaí fadbhreathnaitheachta straitéisí leanúnacha agus an tuarascáil atá ar na bacáin maidir le fadbhreathnaitheacht straitéiseach á hullmhú acu. Áirítear ar an drochthionchar sin idir phraghsanna fuinnimh ag dul in airde, chaiteachas níos mó ar an tslándáil agus an chosaint, shreabha nua imirce agus neamhshlándáil an tsoláthair laistigh agus lasmuigh den Eoraip araon. |
2. Conclúidí agus moltaí
2.1. |
Is díol mór sásaimh do CESE i gcónaí an mhodheolaíocht fadbhreathnaitheachta a bheith ina cuid de phróiseas ceaptha beartas an Aontais. Ós rud é gur próiseas rannpháirtíoch an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach, tá súil ag CESE fós go dtiocfaidh bláth ar shineirgí agus ar rannpháirtíocht struchtúrach institiúidí uile an Aontais, CESE ina measc. Sa chomhthéacs sin, tá an Córas Eorpach um Anailís Straitéiseach agus Beartais á chur chun cinn ag CESE mar dhea-shampla den chomhar idirinstitiúideach ó thaobh an Aontais de. |
2.2. |
Creideann CESE go bhfuil baint ag na ceithre phríomhthreocht dhomhanda leis an gceist bhunúsach faoi inniúlacht an Aontais Eorpaigh agus an tsaoirse chun gníomhú? Is iad meigithreochtaí uileghabhálacha ár linne iad, a leanfaidh de bheith ríthábhachtach ó thaobh beartais an Aontais a mhúnlú. Mar sin féin, is ar bhonn leathan a dhéantar forbairt orthu go fóill, rud a mbaineann gnéithe éagsúla leis ach a fhágann nach dtéitear isteach go domhain in aon fho-ábhar ar leith. Is é is saoth le CESE go háirithe nár cuireadh an ghné shóisialta san áireamh go leordhóthanach, agus a laghad a cuireadh san áireamh saincheisteanna na ndaoine óga agus an cheartais idirghlúine, d’ainneoin an chíortha a rinneadh ar na saincheisteanna sin sa tuarascáil ó JRC Shaping & securing the EU’s open strategic autonomy by 2040 and beyond (1) [Uathriail straitéiseach oscailte an Aontais Eorpaigh a mhúnlú agus a dhaingniú faoi 2040 agus ina dhiaidh sin], tuarascáil ar bonn faoin obair seo í. |
2.3. |
Tá CESE ag teacht leis go bhfuil an-ábharthacht pholaitiúil ag baint leis an ábhar a roghnaíodh do Thuarascáil 2021 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach agus gur féidir leis sin na dálaí creata cuí a chruthú le haghaidh idirspleáchas dea-bhainistithe agus uathriail straitéiseach oscailte a bheidh bunaithe ar luachanna coiteanna, comhtháthú, rialachas iltaobhach láidir agus comhar riailbhunaithe. Mar sin féin, is é is achainí ag CESE leas cuí a bhaint as modhanna an phróisis fadbhreathnaitheachta chun na hábhair a bheidh ann amach anseo a chinneadh. Tá sé ríthábhachtach measúnú a dhéanamh de réir a chéile ar an dul chun cinn atá á dhéanamh, i.e. ní leor na hinfheistíochtaí reatha T&F nó líon na bpaitinní a chur i gcomparáid leo siúd de chuid na Síne nó na Stát Aontaithe, ní mór comparáid a dhéanamh freisin leis na leibhéil a bhí ann roimhe seo chun léiriú cruinn a fháil ar mar atá ag éirí leis an dul chun cinn. |
2.4. |
Cé nach bhfuil amhras á chaitheamh ar an gcur chuige an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach a úsáid ná ar an mbéim a leagtar ar ábhar ar leith sa tuarascáil, ní léir fós cén chaoi arb acmhainn fhadbhreathnaitheachta cheart Tuarascáil 2021 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach. Ní ann sa tuarascáil do nasc soiléir idir na treochtaí a roghnaítear, na cásanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a chuirtear san áireamh agus conclúidí loighciúla na príomhcheiste. |
De bhreis ar mhodheolaíocht na fadbhreathnaitheachta a bheith ar lár, teip atá sa dara tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach, Tuarascáil 2021, ó thaobh creat loighciúil comhtháite atá gníomhaíocht-dhírithe a chur ar fáil do lucht ceaptha beartas an Aontais agus, ar an gcaoi sin, a chur ar a chumas tosaíochtaí straitéiseacha a leagan amach agus beart a dhéanamh.
2.5. |
Ceist arbh fhiú go mór dul isteach go domhain inti is ea ról na ngníomhaithe neamhstáit i gcórais rialúcháin an lae inniu, go háirithe ról na gcorparáidí ilnáisiúnta. Dar le CESE, ba cheart, ar a laghad, cur leis an uathriail straitéiseach i dtaca le gníomhaithe arb iad an lucht ceannais de facto iad nó arb iadsan a shocraíonn céard is gnáthchleachtas ann, cuir i gcás cuideachtaí móra teicneolaíochta, bainc atá gníomhach ar bhonn domhanda agus gníomhaithe airgeadais, de bhreis ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta. |
2.6. |
Ní bheidh lucht ceaptha beartas an Aontais in ann an leas is fearr is féidir a bhaint as gné fadbhreathnaitheachta na tuarascála mura gceapfar í de réir cur chuige oscailte iolraíoch a bheidh ilghnéitheach agus trasdisciplíneach freisin, agus mura mbeidh comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta eagraithe, go háirithe CESE, páirteach ann ag gach céim den phróiseas fadbhreathnaitheachta, próiseas as a dtiocfaidh Tuarascálacha maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach (amach anseo). |
2.7. |
Sa chomhthéacs sin, tá CESE ag iarraidh go sonrach ar JRC é a dhéanamh go hiomlán páirteach sa timthriall fadbhreathnaitheachta atá aige agus tacaíocht a thabhairt dó chun scrúdú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí fadbhreathnaitheachta atá ar bun cheana féin ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ceardchumainn agus comhlachais ghnó. Tá CESE á mholadh freisin tacú le heagraíochtaí sochaí sibhialta an Aontais chun a saineolas fadbhreathnaitheachta a fhorbairt agus chun gníomhaíochtaí fadbhreathnaitheachta a dhéanamh mar chuid de phróiseas struchtúrtha, in éineacht le JRC, cuir i gcás i bhfoirm tionscadal píolótach le comhaltaí de CESE agus le heagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta. |
2.8. |
Mar sin, cé gur údar mór sásaimh an uaillmhian féin, d’fhéadfaí feabhas a chur ar chúrsaí le haghaidh na chéad tuarascálacha eile maidir leis an bhfadbhreathnaitheacht i dtaca leis an méid seo a leanas:
|
2.9. |
Tá sé á mholadh ag CESE próisis oibre an Choimisiúin féin a athmhúnlú i dtaca leis na tuarascálacha bliantúla maidir leis an bhfadbhreathnaitheacht chun léargas, saineolas agus tograí sonracha a chur ar fáil ex ante, i.e. le linn phróiseas dréachtaithe na dtuarascálacha faoi seach in ionad barúlacha a roinnt ex post. Creideann CESE go gcuirfeadh sé sin feabhas ar an bhfaisnéis a bhailítear le haghaidh tuarascálacha bliantúla maidir leis an bhfadbhreathnaitheacht ós rud é go bhfuil naisc láidre dhoimhne ag comhaltaí CESE lena mbrainsí faoi seach den tsochaí agus den gheilleagar agus gur fearr is féidir leo comharthaí laige a bhrath i gcás na bhforbairtí ábhartha. De bhreis air sin, is féidir le CESE torthaí agus léargais fadbhreathnaitheachta a chur in iúl agus a scaipeadh, rud a chuideodh le gníomhaithe náisiúnta na sochaí sibhialta tuiscint ní b’fhearr a fháil ar chinntí polaitiúla arna ndéanamh ag an Aontas. |
2.10. |
Ar deireadh, tá CESE ag moladh don Choimisiún leanúint de Chlár Oibre Fadbhreathnaitheachta Straitéisí an Aontais a fhorbairt. Tá CESE suite de gurb é an bealach chun tosaigh an fhadbhreathnaitheacht a chomhtháthú a thuilleadh le próiseas cinnteoireachta an Aontais agus tá sé á thairiscint an athuair aige cuidiú leis an gCoimisiún agus institiúidí eile an Aontais chun na críche sin. |
3. Barúlacha ginearálta
3.1. |
Tá CESE go hiomlán i bhfabhar na béime a leagtar sa tuarascáil ar a thábhachtaí atá sé margadh aonair oscailte iomaíoch lánfheidhmiúil a bheith ann má táthar lena chur ar chumas na ngnólachtaí iad féin a fhás a oiread agus is gá le dul san iomaíocht ar bhonn domhanda. Tá CESE i bhfabhar, lena chois sin, an mholta a dhéantar sa tuarascáil Aontas na Margaí Caipitil agus an tAontas Baincéireachta a chur chun feidhme ina n-iomláine, ar rudaí iad, dar le CESE, atá ag cur ar bhonn díreach le hathléimneacht an Aontais i gcás géarchéimeanna airgeadais, le cosaint na dtaisceoirí agus le téarnamh eacnamaíoch láidir cobhsaí (3). |
3.2. |
Is díol sásaimh do CESE gur foilsíodh na treoirlínte agus an bosca uirlisí athbhreithnithe um Rialáil Níos Fearr ina ndírítear ar cheartúsáid na fadbhreathnaitheachta straitéisí a shainiú i gcás measúnuithe agus meastóireachtaí tionchair. Lena cur i bhfeidhm rathúil a áirithiú, tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh an Coimisiún oiliúint agus acmhainní leordhóthanacha ar fáil dá fhoireann a bhfuil cúraimí measúnuithe agus meastóireachtaí tionchair uirthi. |
3.3. |
Mar chuid d’fhreagraí na tuarascála ar thimpeallacht rialachais a bhfuil go leor dúshlán ag baint léi, leagtar béim ar an ngá atá le rialachas rannpháirtíoch cuimsitheach má táthar le cur leis an iontaoibh agus an dlisteanacht ar gach leibhéal, rud a chuireann leis an tábhacht a bhaineann le hardáin amhail CESE. Creideann CESE, murab ionann is riamh, go bhfuil sé ríthábhachtach glór uile-Aontais a thabhairt don tsochaí shibhialta má tá rialachas éifeachtach le bheith ann sa 21 ú haois agus má tá réitigh leathana inbhuanaithe le baint amach in ionad réitigh éasca. |
3.4. |
Aithníonn CESE an obair leantach (4) a rinne an Coimisiún Eorpach ar an tuairim ó CESE i dtaca le Tuarascáil 2020 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach (5) ach braitheann sé gur gá dó freagra a thabhairt ar ghnéithe a mheasann sé gurb ábhartha fós iad, ós rud é nár tugadh aghaidh orthu go leordhóthanach i dTuarascáil 2021 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach:
|
3.5. |
Maidir leis na deich réimse ina bhféadfadh an tAontas cur lena uathriail straitéiseach oscailte agus lena stádas mar cheannródaí domhanda, cé gur réimsí ábhartha iad ar an iomlán, ó thaobh CESE de, ní léirítear gur torthaí straitéiseacha loighciúla iad ar thángthas orthu trí bhíthin creat inar cuireadh san áireamh treochtaí agus ábhair éiginnteachta. Dá bhrí sin, ní féidir glacadh leis gur bunchlocha straitéiseacha iomlánaíocha cruinne iad ó thaobh na fadbhreathnaitheachta de. |
3.6. |
Creideann CESE nach bhfuil an fhadbhreathnaitheacht ná an phleanáil straitéiseach ar iarraidh ar thaobh an Choimisiúin de. Dar le CESE, is é an fhadhb atá ann a laghad toil pholaitiúil atá ann i measc lucht déanta na gcinntí san Aontas ó thaobh tograí forleathana a bhunú ar an bhfadbhreathnaitheacht. Murab ann don toil pholaitiúil, ní bhainfear amach na bearta atá ag teastáil, fiú amháin agus feidhm á baint as an bhfadbhreathnaitheacht. |
3.7. |
Agus béim á leagan aige ar na heasnaimh a ghabhann le próiseas fadbhreathnaitheachta dúnta nach mbaineann ach comhairliúchán teoranta leis, tá CESE ag tabhairt dá aire nach luaitear sa tuarascáil an boilsciú atá ag dul in olcas ná na praghsanna fuinnimh atá ag dul in airde, ar gnéithe ríthábhachtacha iad araon, dar le CESE, de shaincheist na huathrialach straitéisí. Mar chuid d’fheidhm chomhairliúcháin CESE, tá tuairimí réamhbhreathnaitheacha (6) á n-ullmhú aige chun cur le cumas an Aontais an fhadbhreathnaitheacht a chomhtháthú leis an bpróiseas cinnteoireachta ar bhealach níos fearr. |
3.8. |
De bhreis air sin, ní dhéantar tagairt ar bith sa tuarascáil do ról na gcóras slándála sóisialta, forbairt an stáit leasa san áireamh. Ar an iomlán, tugtar neamhaird ar ghnéithe sóisialta den tsaincheist i bhfabhar gnéithe teicneolaíocha agus eacnamaíocha di. Tá ardleibhéal slándála sóisialta agus leasa shóisialta á iarraidh ag saoránaigh an Aontais ón stát. Dá bhrí sin, i bhfianaise na huathrialach straitéisí, is é ceann de na ceisteanna nár freagraíodh go fóill cén chaoi a maoineofar na córais slándála sóisialta amach anseo? Ba mhór an díol suntais do CESE anailís ní ba dhoimhne ar an ábhar sin, ina mbainfí leas as uirlisí fadbhreathnaitheachta. |
3.9. |
Tá liosta cuimsitheach dúshlán curtha i dtoll a chéile i dTuarascáil 2021 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach. Ní thugtar treoir shoiléir inti, áfach, maidir le tosaíochtaí, bearta ná tograí i dtaca leis an gcaoi ar cheart do chuideachtaí nó oibrithe iad féin a ullmhú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, nó maidir leis an gcaoi ar féidir leo déanamh amhlaidh. Is féidir go mbeidh tionchar ag an-chuid treochtaí éagsúla ar shaoránaigh agus cuideachtaí ag an aon am amháin. Deis caillte atá ann, ach d’fhéadfadh sé go mbeadh CESE in ann cuidiú leis an scéal a chur ina cheart toisc gur maith is féidir leis aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ardleibhéil agus na réitigh a mholtar a chur in oiriúint don ghnáthshaol laethúil, go háirithe saol laethúil na bhfostóirí agus na bhfostaithe. |
3.10. |
Ní doiciméad fadbhreathnaitheachta, mar a shainmhínítear i dtreoirleabhar fadbhreathnaitheachta EPSC (7), mar shampla, atá sa tuarascáil atá faoi chaibidil anseo. Tá sampla maith de thuarascáil maidir leis an bhfadbhreathnaitheacht ar tuarascáil thrédhearcach ó thaobh na modheolaíochta de í le fáil in Tackling Obesities: Future Choices (8) [Dul i nGleic leis an Murtall: Roghanna a bheidh ann amach anseo], arna choimisiúnú ag Seirbhís Fadbhreathnaitheachta Rialtas na Ríochta Aontaithe. |
3.11. |
Déantar tagairt shonrach sa tuarascáil do Líonra Fadbhreathnaitheachta na nAirí ar son na Todhchaí, agus d’fhorbairt na n-inniúlachtaí fadbhreathnaitheachta ar an leibhéal náisiúnta a ghabhann leis sin. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú leis an líonra sin freisin, go gcuirfear CESE agus institiúidí eile nach é san áireamh agus gníomhaíochtaí fadbhreathnaitheachta á gcur chun feidhme, in áit torthaí na ngníomhaíochtaí sin a roinnt leo. |
3.12. |
Tá CESE ag moladh don Choimisiún leanúint de Chlár Oibre Fadbhreathnaitheachta Straitéisí an Aontais a fhorbairt. Mar a léiríodh sa tuairim, ní mór roinnt athruithe a dhéanamh. Tá CESE suite de, mar sin féin, gurb é an bealach chun tosaigh an fhadbhreathnaitheacht a chomhtháthú a thuilleadh le próiseas cinnteoireachta an Aontais agus tá sé á thairiscint an athuair aige cuidiú leis an gCoimisiún agus institiúidí eile an Aontais agus dul i gcomhar leo chun na críche sin. Ní bheifear in ann cuspóirí sonraithe na fadbhreathnaitheachta a bhaint amach ach amháin más iarracht oscailte iolraíoch agus ilghnéitheach thrasdisiplíneach atá ann, ceann a mbeidh comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta eagraithe, go háirithe CESE, páirteach ann, ag gach céim den phróiseas fadbhreathnaitheachta. |
An Bhruiséil, 23 Márta 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/bitstream/JRC125994/open_strategic_autonomy_2040_online_1.pdf
(2) Tuairimí ó CESE: IO C 311, 18.9.2020, lch. 36; IO C 364, 28.10.2020, lch. 143; IO C 440, 18.12.2020, lch. 99; IO C 429, 11.12.2020, lch. 268; IO C 429, 11.12.2020, lch. 51; IO C 429, 11.12.2020, lch. 66; IO C 429, 11.12.2020, lch. 187; IO C 429, 11.12.2020, lch. 259; IO C 374, 16.9.2021, lch. 84.
(3) https://www.eesc.europa.eu/ga/policies/policy-areas/financial-services-and-capital-markets
(4) Leathanaigh 187-200 https://www.eesc.europa.eu/sites/default/files/files/04_eesc_follow-up_report_april_2021_gri.pdf
(5) IO C 220, 9.6.2021, lch. 67.
(6) Féach cuid de na samplaí is déanaí de thuairimí réamhbhreathnaitheacha ó CESE:
— |
— |
— |
CCMI/184 – Réamhaíocht ar athrú struchtúrach agus earnálach agus athstruchtúrú na gcultúr tionsclaíoch: i dtreo teorainneacha nua téarnaimh agus athléimneachta in áiteanna éagsúla san Eoraip; |
— |
— |
De bhreis ar an méid sin, eagraíonn CESE gníomhaíochtaí lena gcuirtear díospóireachtaí réamhbhreathnaitheacha chun cinn, amhail an méid seo a leanas: |
— |
Comhdháil Rannóg ECO maidir le Gnéithe eacnamaíocha den Fhadbhreathnaitheacht Straitéiseach agus de Chinnteoireacht an Aontais (Meitheamh 2021); |
— |
Comhdháil Rannóg REX maidir le Geopholaitíocht an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip (CGE), léargas cothrománach ar impleachtaí geopholaitiúla CGE (Nollaig 2021); |
— |
Díospóireacht i gcruinniú de chuid Rannóg REX: An Fhadbhreathnaitheacht Straitéiseach – fís nua de thodhchaí na hEorpa (Feabhra 2022). |
(7) “Cén rud nach é an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach é? Ní tuarascáil atá ann ach idirghabháil a ceapadh go cáiréiseach córasach. Próiseas foghlama is ea an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach, ceann a thugann dearcadh úr nua ar an scéal mar atá sé don chinnteoir, scéal is féidir a bheith fíorchasta, trína chéile ón taobh sóisialta de agus doiléir freisin. Téitear i ngleic leis an doiléireacht sin amhail dá mba chara í seachas namhaid. Ní tuarascáil atá ann ach modh chun críche éigin eile. Leis an idirghabháil sin a ceapadh go cáiréiseach córasach, dírítear an próiseas foghlama sóisialta ar riachtanais grúpa úsáideoirí ar leith (i.e. dírítear an fhadbhreathnaitheacht ar a mbeidh á n-úsáid acu).”, An Coimisiún Eorpach, An Lárionad Eorpach um Straitéis Pholaitiúil, Wilkinson, A., Strategic Foresight Primer [Treoirleabhar Fadbhreathnaitheachta Straitéisí], Oifig na bhFoilseachán, 2017. Faighte 16 Eanáir 2022. Ar fáil ag: https://data.europa.eu/doi/10.2872/71492
(8) Tackling obesities: Future choices – project report [Dul i nGleic leis an Murtall: Roghanna a bheidh ann amach anseo – tuarascáil ar thionscadal. Faighte 14 Eanáir 2022. Ar fáil ag: https://assets.publishing.service.gov.uk/government/uploads/system/uploads/attachment_data/file/287937/07-1184x-tackling-obesities-future-choices-report.pdf
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290/40 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh priacal creidmheasa, priacal um choigeartú luachála creidmheasa, priacal oibriúcháin, priacal margaidh agus an t-íosráta aschuir
(COM(2021) 664 final — 2021/0342 (COD)
(2022/C 290/07)
Rapóirtéir: |
Bogdan PREDA |
Comhairliúchán |
Parlaimint na hEorpa, 17/1/2022 Comhairle an Aontais Eorpaigh, 20/1/2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 114 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta |
Dáta a glactha sa rannóg |
3/3/2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
23/3/2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
568 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
154/0/1 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1 |
Molann CESE beartas caipitil atá fónta, cothrom agus réamhbhreathnaitheach ina mbíonn ualuithe priacal bunaithe ar rioscaí iarbhír cobhsaíochta, agus é á chur san áireamh san am céanna aige an gá atá le borradh a chur faoi iomaíochas bhainc an Aontais agus le maoiniú an fháis inbhuanaithe a mhéadú. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht bhreise a dhéanamh ar a mhéid a thugann na tograí aghaidh ar na dúshláin thuasluaite. |
1.2 |
Is díol sásaimh do CESE cur chun feidhme na ngnéithe eile de na caighdeáin idirnáisiúnta a chomhaontaigh Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (“caighdeáin Basel III”) (1), ó thaobh tráthúlachta agus ábhair de, ós rud é go bhfuil sé i gceist leo cobhsaíocht an mhargaidh airgeadais san Aontas a fheabhsú, agus, ar an gcaoi sin, saoránaigh na hEorpa a chosaint ar rioscaí breise ar an margadh airgeadais. |
1.3 |
Tá sé á chur i dtábhacht ag CESE gur réamhriachtanas ríthábhachtach í cobhsaíocht an mhargaidh airgeadais le haghaidh cobhsaíocht eacnamaíoch fhoriomlán, agus, san am céanna, go bhfuil rialú fónta agus faireachas fónta na hearnála baincéireachta ríthábhachtach chun bagairt na suaiteachta agus na géarchéime a chosc. Cé go bhfuil ceanglais stuamachta chaipitil ríthábhachtach chun na réamhriachtanais thuasluaite a chomhlíonadh, tá CESE ag iarraidh ar reachtóirí a áirithiú go mbainfear amach cothromaíocht chuí idir dhá chuspóir chomhlántacha sna tograí, eadhon (i) a áirithiú go mbeidh bainc an Aontais níos athléimní agus (ii) fóntacht airgeadais agus iomaíochas na hearnála a áirithiú, lena n-áirítear ó thaobh an chreata chothroim maidir le ceanglais chaipitil, d’fhonn tacú leis na bainc an fíorgheilleagar a mhaoiniú. |
1.4 |
Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún measúnuithe tréimhsiúla a dhéanamh ar thionchar iarbhír na dtograí, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chuireann a gcur chun feidhme feabhas ar chobhsaíocht an mhargaidh airgeadais agus ar athléimneacht earnáil na baincéireachta, agus iomaíochas bhainc an Aontais á chur san áireamh freisin. Tuigeann CESE go gcuireann cóimheasa fónta cothroma caipitil leis an iomaíochas. |
1.5. |
Is mór ag CESE iarrachtaí an Choimisiúin geilleagar an Aontais a dhéanamh níos glaise agus níos athléimní, lena n-áirítear trí athbhreithniú agus meastóireacht bhuan a dhéanamh ar na huirlisí reatha atá beartaithe chun méadú a dhéanamh ar an nglacadh atá leis an maoiniú inbhuanaithe. D’fhéadfadh an earnáil airgeadais a bheith ríthábhachtach chun geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de a thógáil. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE cur chuige an Choimisiúin chun díriú níos mó ar rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) sa chreat stuamachta (i gcomhréir le sruthanna oibre idirnáisiúnta, eadhon in Basel III), lena n-áirítear trí rioscaí an mhargaidh airgeadais a bhaineann leis an athrú aeráide a chur san áireamh ar bhealach níos fearr. |
1.6. |
Is díol sásaimh do CESE freisin an obair atá déanta ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) maidir le nochtadh rioscaí ESG (2), arb é is aidhm di rioscaí comhshaoil na mbanc a mheasúnú go cuí mar aon lena straitéis airgeadais don aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de. Tá CESE ag iarraidh ar ÚBE freisin dlús a chur lena chuid oibre fíorúcháin maidir le creat Cholún 1 chun a chinneadh an dtugann sé aghaidh go leordhóthanach ar ghnéithe uathúla na rioscaí aeráide. Is féidir ról tábhachtach a bheith ag beartais rialála mhacrastuamachta, lena n-áirítear beartais chaipitilbhunaithe, chun rioscaí an mhargaidh airgeadais a bhaineann leis an athrú aeráide a chur san áireamh ar bhealach níos fearr. Ina theannta sin, tá CESE ag iarraidh ar ÚBE a iarrachtaí a neartú chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí atá ann faoi láthair i nochtadh rioscaí ESG ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear maidir le sócmhainní a bhaineann le breoslaí iontaise agus sócmhainní a bhíonn neamhchosanta ar theagmhais ainsealacha agus fhoircneacha a bhaineann leis an athrú aeráide. Is é is aidhm dó sin cur go mór leis na straitéisí atá ag na bainc maidir leis an maoiniú inbhuanaithe. |
2. Réamhrá
2.1 |
Is é ábhar na tuairime seo an togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh (i) rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh priacal creidmheasa, priacal um choigeartú luachála creidmheasa, priacal oibriúcháin, priacal margaidh agus an t-íosráta aschuir (togra CRR) agus (ii) treoir lena leasaítear Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a mhéid a bhaineann le cumhachtaí maoirseachta, smachtbhannaí, brainsí tríú tír, agus priacail comhshaoil, shóisialta agus rialachais, agus lena leasaítear Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (togra CRD). |
2.2 |
Mar a leagtar amach sa Mheabhrán Míniúcháin, tá bonn cirt leis an dá ghníomh normatacha i ngeall ar an ngá atá le caighdeáin Basel III a chur chun feidhme, agus aghaidh á tabhairt san am céanna ar roinnt ábhair thábhachtacha do chobhsaíocht airgeadais agus do mhaoiniú seasta an gheilleagair i gcomhthéacs an téarnaimh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19. Áirítear orthu sin an creat caipitil priacalbhunaithe a neartú, díriú níos mó ar rioscaí ESG sa chreat stuamachta agus cumhachtaí agus uirlisí maoirseachta a chomhchuibhiú a thuilleadh. |
3. Barúlacha ginearálta
3.1 |
Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE go bhfuil cobhsaíocht an mhargaidh airgeadais ina réamhriachtanas ríthábhachtach don chobhsaíocht eacnamaíoch fhoriomlán agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé ar mhaithe le leas coiteann an phobail. Is den riachtanas é go ndéanfaí rialáil fhónta agus faireachas fónta ar earnáil na baincéireachta chun bagairt na suaiteachta agus na géarchéime a chosc. Ina theannta sin, cabhraíonn ceanglais stuamachta chaipitil le cosc a chur ar chistí poiblí a úsáid chun bainc anásta a tharrtháil. |
3.2 |
Ní mór caighdeáin Basel III a chur chun feidhme ar bhealach beacht cothrom ar mhaithe le cuideachtaí Eorpacha agus le fostaíocht san Aontas, ach, de bhreis air sin, chun rochtain ar úinéireacht tithíochta a chothú agus chun na geilleagair san Aontas atá dírithe ar onnmhairiú a spreagadh, geilleagair a bhfuil fás an oiread sin gnólachtaí agus fostaíocht an oiread sin saoránach ag brath orthu. Chomh maith leis sin, tá na caighdeáin idirnáisiúnta sin á gcur chun feidhme i múnla baincéireachta de chuid an Aontais a bhfuil col i bhfad níos mó aige le riosca agus atá níos neamhspleáiche ar mhargaí caipitil ná i ndlínsí eile. |
3.3 |
Is díol sásaimh do CESE na tograí ón gCoimisiún maidir leis na gnéithe eile de chaighdeáin Basel III a thabhairt isteach, a bhfuil sé d’aidhm acu an riosca arbatráiste rialála a theorannú agus muinín agus intuarthacht a chruthú d’infheisteoirí agus do rialtóirí. Aithníonn CESE go bhfuil rialacha de dhíth ar an Aontas Eorpach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin (i.e. téarnamh, an aeráid agus dúshláin dhigiteacha), ar shaintréithe sonracha (gan amhras, is é creidmheas bainc an príomhbhealach maoinithe do gheilleagar an Aontais) agus ar uaillmhianta an Aontais Eorpaigh (Aontas na Margaí Caipitil agus an Comhaontú Glas). Os a choinne sin, tá sé ríthábhachtach nach mbeidh saoránaigh na hEorpa ná cáiníocóirí na hEorpa neamhchosanta ar an mbaol méadaithe go dtarlódh géarchéim airgeadais; ní mór, mar sin, cothromaíocht chuí a bhaint amach idir na dúshláin thuasluaite agus substaint chaighdeáin Basel III agus an discréid a thugtar iontu. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún measúnú breise a dhéanamh ar ghnéithe sonracha na mbanc Eorpach agus ar an tionchar a bhíonn acu orthu agus ar gheilleagar an Aontais d’fhonn a áirithiú go mbeidh an chothromaíocht chuí sna tograí reachtacha idir cur chun feidhme beacht chaighdeáin Basel III, feidhmiú na ndiscréidí náisiúnta dá bhforáiltear i gcaighdeáin Basel III agus an gá atá le coigeartuithe a mholadh chun sainiúlachtaí gheilleagar an Aontais agus bhainc an Aontais araon a léiriú. |
3.4 |
Tá CESE ag tabhairt dá aire gur cheart cobhsaíocht an mhargaidh airgeadais a chosaint le cur chun feidhme na dtograí sin, ach nár cheart méadú dochosanta teacht ar na ceanglais chaipitil do bhainc an Aontais mar thoradh air sin, thar a bhfuil beartaithe i measúnú an Choimisiúin. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú nár cheart ualach rómhór a bheith i gceist leis an tionchar ar na ceanglais chaipitil, lena n-áirítear ar chomharbhainc bheaga agus ar bhainc bheaga agus, dá bhrí sin, nár cheart cur isteach ar a n-iomaíochas, agus, san am céanna, cobhsaíocht an mhargaidh airgeadais a áirithiú. |
3.5 |
Is maith is eol do CESE freisin gur rannchuidigh na ceanglais chaipitil atá ann cheana go cinntitheach leis an gcóras baincéireachta a dhéanamh níos athléimní le linn géarchéimeanna, rud a léiríodh le linn na paindéime freisin; chuir an leibhéal caipitlithe atá ann faoi láthair ar chumas na mbanc Eorpach dul tríd an bpaindéim i ndea-riocht agus leanúint den mhaoiniú agus den tacaíocht a thabhairt do gheilleagar na hEorpa d’fhonn mórshuaitheadh eacnamaíoch phaindéim COVID-19 a sheasamh. Tá sé á chur in iúl ag CESE freisin go bhfuil ról ríthábhachtach ag an mBanc Ceannais Eorpach, a bhfuil beartas an-tacúil curtha i bhfeidhm aige, rud a chuir le hathléimneacht na mbanc le linn ghéarchéim COVID-19. |
3.6 |
Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfidh na tograí reatha leis na rialacha atá ann faoi láthair, go háirithe i gcomhthéacs na gceanglas caipitil, chun go leanfar de chosc a chur ar rioscaí iomarcacha, ar ardghiaráil agus ar iompraíocht amhantrach. I bhfianaise an chomhthéacs eacnamaíoch agus shóisialta atá ann faoi láthair, is iomaí riosca suntasach atá ann nach mór aghaidh cheart a thabhairt orthu fós, amhail rioscaí aeráide nó iasachtaí neamhthuillmheacha, mar shampla. Ba cheart ceanglais chaipitil a bheith ard a ndóthain chun bagairt féimheachta agus bagairt shuaiteacht agus ghéarchéim an mhargaidh airgeadais a chosc, ach níor cheart iad a bheith iomarcach. San am céanna, tá sé á aithint ag CESE go bhfuil ról lárnach ag bainc an Aontais maidir leis an bhfíorgheilleagar a mhaoiniú agus maidir le tacú leis na haistrithe digiteacha agus inbhuanaithe, rud a mbeidh tionchar indíreach aige ar phoist agus ar chaighdeáin mhaireachtála. Ní mór na gnéithe sin a chur san áireamh sna forálacha rialála a bhaineann le ceanglais chaipitil. |
3.7 |
Maidir le rioscaí ESG, tá sé á chur in iúl ag CESE go bhféadfadh agus gur cheart do na margaí airgeadais tacú leis an aistriú chuig geilleagar atá níos inbhuanaithe agus níos glaise, agus é sin a fheabhsú, ach nach féidir le hearnáil na baincéireachta an t-athrú fadtéarmach seo a bhaint amach léi féin. De réir na n-athbhreithnithe is déanaí ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, tá breis agus leath de Bhallstáit an Aontais fós ag fóirdheonú breoslaí iontaise níos mó ná foinsí in-athnuaite (5), agus san am céanna “ní mór an tacaíocht ón Aontas le haghaidh infheistíochtaí a ailíniú níos fearr le prionsabail airgeadais inbhuanaithe” (6). Sa chomhthéacs sin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh na beartais thionsclaíocha agus na creataí dlíthiúla náisiúnta agus AE ábhartha iomlán comhsheasmhach d’fhonn (i) deiseanna infheistíochta inbhuanaithe a chur chun cinn chun tionchar a imirt ar leithdháileadh acmhainní eacnamaíocha sa treo sin agus (ii) deireadh a chur le fóirdheontais do bhreoslaí iontaise agus cuspóirí aeráide a réiteach le riachtanais shóisialta. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE gur neartaíodh na forálacha a bhaineann le rioscaí ESG sna tograí reachtacha ach tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún soiléiriú a dhéanamh ar infheidhmeacht na bhforálacha sin maidir le cumhachtaí maoirseoirí “na priacail a eascraíonn as mí-ailíniú na n-institiúidí le cuspóirí beartais ábhartha an Aontais, agus as treochtaí aistrithe níos leithne a bhaineann le tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais, a laghdú” ionas go mbeidh sé soiléir conas is ceart cumhachtaí den sórt sin a fheidhmiú. |
3.8 |
Chomh maith le nochtadh agus tástáil struis aeráide, is féidir le beartais mhacrastuamachta, lena n-áirítear bearta atá bunaithe ar chaipiteal, ról a imirt chun a áirithiú go gcuirfear rioscaí ESG na mbanc san áireamh i gceart agus chun dáileadh sreafaí creidmheasa a éascú ar fud earnálacha ar féidir leo tacú leis an aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de. Dá bhrí sin, molann CESE go ndéanfadh ÚBE agus BCE na nithe seo a leanas:
|
3.9 |
Is díol sásaimh do CESE na sainorduithe a tugadh don Choimisiún chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcaighdeán i ndlínsí eile d’fhonn comhsheasmhacht a áirithiú maidir le huainiú agus tábhacht an tionchair ar na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear i dtéarmaí an mhéadaithe ar cheanglais chaipitil. Tá rabhadh á thabhairt ag CESE freisin, áfach, i gcoinne na gcaighdeán rialála a ísliú agus i gcoinne tuilleadh moille a chur ar theacht i bhfeidhm caighdeán, agus cur chun feidhme easnamhach rialacha ar leith i dtíortha áirithe á chur chun suntais aige. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina bhagairt thromchúiseach don chobhsaíocht dhomhanda. |
4. Barúlacha sonracha
4.1 |
Is díol sásaimh do CESE, go háirithe, na moltaí seo a leanas sa togra ón gCoimisiún, ach molann sé go ndéanfaí anailís ar roinnt feabhsuithe teicniúla breise:
|
4.2 |
Idir an dá linn, molann CESE roinnt saincheisteanna ar ghá athbhreithniú a dhéanamh orthu laistigh de na tograí. Sa chomhthéacs sin, tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE gur príomhthosaíocht é an leas coiteann poiblí chun cobhsaíocht an mhargaidh airgeadais a chosaint agus, i ndáil leis sin, gur gá cothromaíocht chuí a bhaint amach le spriocanna beartais eile, agus é á áirithiú san am céanna nach gcuirfear cobhsaíocht airgeadais i mbaol. Níor cheart é a bheith mar thoradh ar ghlacadh chaighdeáin Basel III san Aontas go mbainfear an bonn den sprioc maidir le cobhsaíocht an mhargaidh airgeadais a mhéadú d’fhonn a bheith níos ullmhaithe do shuaiteacht eacnamaíoch agus géarchéimeanna eacnamaíocha amach anseo. Thairis sin, ba cheart do na bearta atá beartaithe a áirithiú, i gcás ar bith, go neartófar a thuilleadh caipitliú na mbanc, agus a n-iomaíochas a áirithiú san am céanna:
|
4.3 |
Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE go mbíonn rioscaí ann mar thoradh ar an athrú aeráide, rioscaí a bhfuil tionchar acu cheana féin ar na bainc agus a bhféadfadh impleachtaí móra a bheith acu ar chobhsaíocht airgeadais na mbanc, mura rachfar i ngleic leis i gceart ar an leibhéal rialála agus ar an leibhéal baincéireachta araon. I ndáil leis an méid sin, is mór ag CESE an obair atá ar siúl ag Coiste Basel agus ag na húdaráis Eorpacha maidir le rioscaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid, trí bhearnaí a d’fhéadfadh a bheith sa chreat reatha a shainaithint agus bearta féideartha a mheas chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin. Ina theannta sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar prionsabal na hábharthachta dúbailte a urramú ina iomláine nuair a bheidh tuilleadh forbartha á dhéanamh ar an gcreat ábhartha chun an t-aistriú chuig geilleagar níos glaise a mhaoiniú. |
4.4 |
Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar infheidhmeacht phrionsabal na comhréireachta maidir le bainc atá beag ó thaobh méide, róil agus neamhchosaint ar rioscaí sistéamacha de (de réir an tsainmhínithe ar eintiteas beag neamhchasta sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil), ach nach mór dóibh ceanglais a mbaineann ualach trom leo a chomhlíonadh fós, lena n-áirítear ceanglais maidir le nochtadh agus ceanglais chaipitil, toisc gur cuid de ghrúpa baincéireachta “suntasach” iad. Mar sin féin, ní mór a chur san áireamh in aon mheastóireacht a dhéanfar ar phrionsabal na comhréireachta go bhfuil níos mó acmhainní ar fáil do bhainc bheaga, ar cuid de ghrúpa baincéireachta suntasach iad, chun na ceanglais a shásamh maidir le nochtadh agus ceanglais chaipitil. |
An Bhruiséil, 23 Márta 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) https://www.bis.org/bcbs/basel3.htm
Is sraith beart é Basel III a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta agus a d’fhorbair Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht mar fhreagairt ar an ngéarchéim airgeadais 2007-09. Is é is aidhm do na bearta rialú, maoirseacht agus bainistiú riosca na mbanc a neartú. Fearacht chaighdeáin uile Choiste Basel, is íoscheanglais iad caighdeáin Basel III a bhfuil feidhm acu maidir le bainc atá gníomhach go hidirnáisiúnta. Tá na comhaltaí tiomanta do chaighdeáin a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm ina ndlínsí féin laistigh den tréimhse ama arna bunú ag an gCoiste.
(2) https://www.eba.europa.eu/regulation-and-policy/transparency-and-pillar-3
(3) Ar a dtugtar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil.
(4) Ar a dtugtar an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil.
(5) https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=60760
(6) https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/SR21_22/SR_sustainable-finance_EN.pdf
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290/45 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leagtar síos rialacha chun mí-úsáid eintiteas caoch chun críoch cánach a chosc agus lena leasaítear Treoir 2011/16/AE
(COM(2021) 565 final — 2021/0434 (CNS))
(2022/C 290/08)
Rapóirtéir: |
Benjamin RIZZO |
Comhrapóirtéir: |
Javier DOZ ORRIT |
Comhairliúchán |
Comhairle an Aontais Eorpaigh, 10.2.2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta |
Dáta a glactha sa rannóg |
3.3.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
23.3.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
568 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
206/1/6 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Tá CESE go hiomlán i bhfách leis an togra ón gCoimisiún maidir leis an mí-úsáid a bhaintear as cuideachtaí caocha chun críoch cánach agus leis na cuspóirí a bhaineann leis. Tá sé ríthábhachtach cánachas éifeachtach cothrom a áirithiú ar fud an mhargaidh aonair má táthar chun téarnamh ceart a chothú i ndiaidh phaindéim COVID-19. |
1.2. |
Is díol sásaimh do CESE an comhairliúchán poiblí leathan a chuir an Coimisiún ar bun a raibh cead ag na geallsealbhóirí go léir páirt a ghlacadh ann, agus go ndeachaigh sé i gcomhairle ar bhonn ní ba thomhaiste le saineolaithe náisiúnta, ar tugadh páirt dóibh de réir an réimse saineolais atá acu. Is éard a bhí sna comhairliúcháin sin ná deis do na geallsealbhóirí tairbhe fhónta a dhéanamh, agus ba cheart iad a choinneáil páirteach sa phlé a tharlóidh amach anseo. |
1.3. |
Tá CESE i bhfabhar Treoir lena ndírítear ar chreat comhchoiteann dlí a áirithiú i measc na mBallstát. Fágann an t-ábhar atá le rialáil agus na cuspóirí atá le baint amach nach féidir iad a láimhseáil trí bhíthin tionscnaimh aonair de chuid na mBallstát ina gcórais dlí náisiúnta faoi seach. |
1.4. |
Measann CESE go bhfuil an togra ag teacht le prionsabal na comhréireachta, ós rud é nach mbeadh i gceist leis ach an leibhéal cosanta is gá a áirithiú don mhargadh aonair, agus nach mbeadh tionchar iomarcach ar chomhlachtaí ag gabháil leis. |
1.5. |
Measann CESE, chun na seiceálacha is gá a bhainistiú agus an fhaisnéis a eascraíonn astu a bhaineann leis an togra a chomhroinnt, gur cheart acmhainneacht leordhóthanach ó thaobh scileanna agus acmhainní de a bheith ag an gCoimisiún agus na húdaráis chánach náisiúnta chun déanamh amhlaidh. |
1.6. |
Tá súil ag CESE, a luaithe a chuirfear i gcrích na fiosrúcháin maidir le cuideachtaí caocha, go gcuirfear na torthaí in iúl ar bhonn trédhearcach don phobal, agus go roinnfear torthaí chur chun feidhme na Treorach. |
1.7. |
Creideann CESE gur cheart seiceálacha leordhóthanacha a dhéanamh ní hamháin maidir le hioncam corparáideach ach maidir le sócmhainní freisin, ós rud é gur féidir cánacha a ghearradh fiú mura ngintear aon ioncam leis na sócmhainní sin, mar shampla i gcás cánacha rachmais. |
1.8. |
Tá béim á leagan ag CESE ar an ngá atá le rialacha comhchoiteanna soiléire a bhunú maidir le hábhar sonrach na ndearbhuithe is gá do ghnóthais a dhéanamh. Ba cheart róthuairisciú a sheachaint a mbeadh ní ba mhó i gceist leis ná cuspóirí na Treorach, agus na costais chomhlíontachta a eascraíonn as. |
1.9. |
Tá CESE ag moladh rialacha spriocdhírithe a leagan síos i bpíosa reachtaíochta eile chun cosc a chur ar ghníomhaíochtaí na gcumasóirí gairmiúla, rud a bheadh ag teacht le cur chuige na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) maidir leis an ábhar. Creideann CESE go mbeadh an-tairbhe sa chomhobair idir comhlachtaí maoirseachta gairmiúla ó thaobh chur i gcoinne an mhíchleachtais agus na ngníomhaíochtaí coiriúla ar féidir go mbeadh na cumasóirí gairmiúla ina mbun. |
1.10. |
Tá CESE á chur in iúl arís eile gur gá liosta cuimsitheach iomlán a bheith ag an Aontas de dhlínsí cánach neamh-chomhoibríocha atá lonnaithe lasmuigh den Aontas, ar cúiseanna éagsúla, cuir i gcás go mbeadh cuideachtaí an Aontais in ann a fheiceáil an féidir gur ann do nasc idir na cistí agus na sócmhainní a bhainistíonn siad agus eintitis chaocha atá lonnaithe lasmuigh den Aontas. |
1.11. |
Tá CESE ag moladh don Choimisiún treoirlínte iomchuí a eisiúint maidir leis an tástáil tábhachta a leagtar amach sa Treoir, go háirithe maidir lena bhfuil i gceist go sonrach le téarmaí amhail “cónaí” agus “áitreabh” agus le stádas cónaithe an té ar “stiúrthóir” é nó í. |
1.12. |
Feictear do CESE gur féidir cuideachtaí caocha a bhunú agus a úsáid freisin chun obair neamhdhearbhaithe a éascú, agus chun ranníocaíochtaí slándála sóisialta a sheachaint. Tá CESE ag moladh don Choimisiún, dá bhrí sin, cuimhneamh an féidir aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin leis an reachtaíocht Eorpach de bhreis ar an togra atá idir lámha anseo, nach bhfuil ann ach treoir chánach. |
2. Cúlra an togra ón gCoimisiún Eorpach
2.1. |
Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le Cánachas Gnó don 21ú hAois, a glacadh an 18 Bealtaine 2021, leagtar síos cuspóirí fadtéarma agus gearrthéarma araon chun tacú leis an téarnamh ó ghéarchéim COVID-19 agus chun ioncam poiblí leordhóthanach a áirithiú amach anseo. |
2.2. |
Tá an Treoir ón gCoimisiún atá beartaithe maidir le heintitis chaocha ar cheann de na tionscnaimh shonracha ghearrthéarma a fógraíodh sa Teachtaireacht chun feabhas a chur ar an gcóras cánach reatha, agus béim ar leith á leagan ar chánachas cothrom éifeachtach a áirithiú. |
2.3. |
D’fhéadfaí eintitis dhlíthiúla nach mbaineann tábhacht ná gníomhaíocht eacnamaíoch íosta leo a úsáid chun críoch cánach míchuí, amhail imghabháil cánach agus seachaint cánach nó sciúradh airgid fiú. Is gá, dá bhrí sin, dul i ngleic le cásanna ina ndéanann siadsan a bhfuiltear ag súil le híocaíocht cánach uathu a n-oibleagáidí cánach a imghabháil nó a sheachaint trí bhíthin gnóthais nach bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch iarbhír ar bun acu. D’fhéadfadh cuideachtaí caocha timpeallacht a chothú ina roinnfí go héagórach an t-ualach cánach, agus ina mbeadh iomaíocht fhioscach éagórach i measc na ndlínsí. |
2.4. |
Tá feidhm ag an togra atá curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún maidir le gach gnóthas a mheastar a bheith lonnaithe chun críoch cánach san Aontas agus atá incháilithe chun deimhniú cónaitheachta chun críoch cánach a fháil i mBallstát den Aontas. A luaithe a ghlacfar treoir ina dtaobh, ba cheart na rialacha nua a thrasuí i gcórais dlí náisiúnta éagsúla na mBallstát faoin 30 Meitheamh 2023, ionas go dtiocfaidís i bhfeidhm iomlán an 1 Eanáir 2024. |
2.5. |
Tá an-chuid reachtaíocht Eorpach ann maidir leis an sciúradh airgid, ar coir é ar minic a dhéanann cuideachtaí caocha ar leith é, agus is féidir go mbeidh comhthéacs áisiúil sa reachtaíocht sin le haghaidh an togra ón gCoimisiún. Thar aon rud eile, ba cheart tagairt a dhéanamh don phacáiste reachtach a mhol an Coimisiún i mí Iúil 2021, ina bhfuil trí rialachán agus treoir amháin (1). |
3. Tograí ón gCoimisiún Eorpach
3.1. |
Baineann an Treoir le scéimeanna a úsáidtear chun críoch seachanta cánach nó imghabhála cánach. Is éard atá i gceist leis an scéim ar a bhfuil an togra dírithe ná gnóthais a bhunú san Aontas a atá in ainm a bheith i mbun gníomhaíochtaí eacnamaíocha iarbhír ach nach ndéanann amhlaidh i ndáiríre. Is é an fhíorchúis a mbunaítear cuid de na cuideachtaí sin ná buntáistí áirithe cánach a bhaint amach don úinéir tairbhiúil nó don ghrúpa ar leis iad. |
3.2. |
Chun dul i ngleic leis na scéimeanna sin, leagtar síos sa Treoir atá beartaithe tástáil arb é is aidhm di cabhrú leis na Ballstáit gnóthais a aithint atá in ainm a bheith i mbun gníomhaíochtaí dlisteanacha ach nach bhfuil tábhacht eacnamaíoch íosta acu agus ar féidir, dá bhrí sin, go bhfuil mí-úsáid á baint astu chun buntáistí cánach míchuí a bhaint amach. Is “tástáil tábhachta” a thugtar ar an tástáil sin. |
3.3. |
Leis an gcéad chéim den tástáil sin, roinntear na cineálacha gnóthais éagsúla idir iad siúd a bhfuil baol ann nach bhfuil tábhacht leo agus go mbainfí mí-úsáid astu chun críoch cánach, ar thaobh amháin, agus iad siúd ar lú an baol a bhaineann leo, ar an taobh eile. Is iad na saintréithe a bhaineann le cásanna a mbaineann baol leo gnéithe arb iondúil go n-aithnítear iad ag an am céanna i ngnóthais nach bhfuil tábhacht leo (“critéir thairsí”). Os a choinne sin, ní bhíonn ach cuid de na critéir sin, nó critéar ar bith, ag baint leis na cásanna ar lú an baol a bhaineann leo agus ní sháraítear an tairseach leo. |
3.4. |
Meastar sna critéir ábhartha go bhfuil baol ann i gcás na ngnóthas sin, nach ndíolmhaítear go sonrach leis an Treoir, a bhfuil gníomhaíochtaí trasteorann ar bun acu, a bhfuil soghluaisteacht gheografach ag baint leo, agus, de bhreis air sin, a bhraitheann ar ghnóthais eile lena riar (go háirithe soláthraithe seirbhíse gairmiúla tríú páirtí). Níl baint ag cuspóirí na Treorach le cásanna ar lú an baol a bhaineann leo agus nach sáraíonn an tairseach. |
3.5. |
Ní mór do na cuideachtaí féinmheasúnú a dhéanamh ar dtús agus, i gcás go bhfuil siad incháilithe mar chuideachtaí a mbaineann baol leo, iarrtar orthu tuairisc a thabhairt sa tuairisceán cánach ar an tábhacht a bhaineann leo. Is éard atá i gceist le tuairisc a thabhairt ar a dtábhacht ná faisnéis ar leith a chur ar fáil lena n-éascófaí measúnú ar na gníomhaíochtaí a mbíonn an gnóthas ina mbun. |
3.6. |
Leis an dara céim den tástáil, is ar na trí ghné seo a leanas a bhunaítear toradh na tástála tábhachta:
|
3.7. |
Leis an tríú céim den tástáil, leagtar amach an measúnú iomchuí maidir le tábhacht an ghnóthais atá le déanamh ar an bhfaisnéis arna tuairisciú aige ag an dara céim. Maidir le gnóthas a mbaineann baol leis — sa chás go bhfuil an tairseach sáraithe aige — agus gur léir ón tuairisciú arna dhéanamh aige go bhfuil ar a laghad ceann amháin de ghnéithe ábhartha den tábhacht in easnamh air, ba cheart a thoimhdiú de réir na Treorach nua gur “eintiteas caoch” atá ann agus, dá réir sin, nach mbaineann tábhacht leis agus gur dócha go bhfuil mí-úsáid á baint as chun críoch cáineach. |
3.8. |
Maidir le gnóthas a mbaineann baol leis, ach a léirítear sa tuairisciú arna dhéanamh air go bhfuil na gnéithe tábhachta uile ann, ba cheart a thoimhdiú, chun críocha na Treorach, nach “eintiteas caoch” atá ann. Mar sin féin, ní fhágann an toimhde sin nach féidir go gcinnfidh údarás cánach gur entiteas caoch an gnóthas sin ar chúiseanna nach gcumhdaítear i raon feidhme na Treorach. |
3.9. |
Baineann an ceathrú céim le ceart an ghnóthais ar toimhdíodh gur “eintiteas caoch” é a bhfuil mí-úsáid á baint as chun críoch seachanta cánach de réir na Treorach a mhalairt a chruthú ach a thábhacht féin a chur in iúl trí bhíthin fianaise nithiúil (“frisnéis”). Fágann sé sin go mbeidh ceart éifeachtach ag na gnóthais sin a mhaíomh nach “eintitis chaocha” iad de réir na Treorach. |
3.10. |
A luaithe a mheastar gur “eintiteas caoch” é gnóthas chun críocha na Treorach agus nach mbréagnaíonn sé an toimhde sin, ba cheart iarmhairtí cánach a thionscnamh dá réir sin. Ba cheart na buntáistí cánach a baineadh amach nó a d’fhéadfaí a bhaint amach a dhícheadú mar chuid de na hiarmhairtí sin. |
3.11. |
Ós rud é gur gnách gur gá do ghnóthas deimhniú cónaitheachta chun críoch cánach a chur ar fáil le bheith i dteideal sochair conartha cánach, ní eiseoidh an Ballstát a bhfuil an “t-eintiteas caoch” lonnaithe ann an deimhniú cónaitheachta chun críoch cánach ar chor ar bith, nó eiseoidh sé deimhniú a bhfuil rabhadh ann, is é sin le rá ráiteas sainráite a chur ann chun cosc a chur ar a úsáid chun na buntáistí sin a bhaint amach. |
3.12. |
Sa chás go ndícheadaítear buntáistí cánach a tugadh don ghnóthas, ba cheart a chinneadh cén chaoi ar cheart cáin a ghearradh ar shreafaí ioncaim chuig an ngnóthas agus uaidh, agus ar aon sócmhainní ar leis an ngnóthas iad. Ba cheart a chur san áireamh i leithdháileadh na gceart cánachais gach dlínse a bhféadfadh idirbhearta a bhaineann leis an “eintiteas caoch” difear a dhéanamh dóibh. |
3.13. |
Ní dhéanfaidh rialacha na Treorach difear ach amháin do na Ballstáit, ós rud é nach dtagann tríú tíortha faoi raon feidhme dhlí an Aontais. Sna cásanna sin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar chomhaontuithe chun cánachas dúbailte a sheachaint idir Ballstát agus tríú tír i dtaca le cearta cánachais a leithdháileadh. In éagmais na gcomhaontuithe sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann a dhlí náisiúnta i bhfeidhm. |
3.14. |
Beidh rochtain ag gach Ballstát ar eintitis tuairiscithe de réir na Treorach. Ní gá dóibh iarraidh ar leith ar fhaisnéis a dhéanamh agus beidh an rochtain sin acu tráth ar bith ar mian leo é. Chuige sin, malartófar faisnéis idir na Ballstáit ón gcéad chéim ar aghaidh, i gcás a rangaítear gnóthas mar ghnóthas a mbaineann baol leis de réir na Treorach. Chun na críche sin, tabharfar clár nó bunachar sonraí isteach. |
3.15. |
Leis an reachtaíocht atá beartaithe, fágtar faoi na Ballstáit na pionóis is infheidhme a leagan síos maidir leis na hoibleagáidí tuairiscithe a chumhdaítear sa Treoir a shárú, mar a thrasuitear sna córais dlí náisiúnta éagsúla iad. Is pionóis éifeachtacha chomhréireacha athchomhairleacha a bheidh iontu. |
3.16. |
Táthar ag súil le híosleibhéal comhordaithe i measc na mBallstát ó thaobh íosphionós airgeadaíochta a shocrú de réir na bhforálacha atá ann cheana san earnáil airgeadais. Ba cheart a áireamh ar na pionóis smachtbhanna airgid riaracháin arbh fhiú ar a laghad 5 % de láimhdeachais an ghnóthais é. |
4. Barúlacha ginearálta ó CESE
4.1. |
Tá CESE go hiomlán i bhfách leis an togra ón gCoimisiún agus na cuspóirí ginearálta a bhaineann leis. Tá sé ríthábhachtach cánachas éifeachtach cothrom a áirithiú ar fud an mhargaidh aonair má táthar chun téarnamh ceart a chothú i ndiaidh phaindéim COVID-19. Is cinnte go bhfuil ioncam cánach leordhóthanach a bheith ag na Ballstáit ar cheann de na príomhthosca ó thaobh infheistíochtaí poiblí a éascú, arb é is aidhm dóibh margadh aonair atá níos glaise agus níos digitithe a bhaint amach. Is údar rud beag imní do CESE nach dtugtar sna critéir maidir le tábhacht aon aitheantas don taobh digiteach den scéal agus nach leagtar béim ach amháin ar thábhacht na sócmhainní inláimhsithe. Is féidir go mbeidh sé sin ina údar fadhbanna amach anseo. |
4.2. |
Dá bhrí sin, tá an togra ón gCoimisiún go hiomlán i gcomhréir leis an Teachtaireacht maidir le Cánachas Gnó don 21ú hAois, rud a fhágann gur ann do bheart nithiúil comhsheasamhach atá dírithe ar imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac, agus, ar an gcaoi sin, ar thimpeallacht cánachais chothroim a áirithiú ar fud na hEorpa. |
4.3. |
Tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil an togra ón gCoimisiún ag teacht le tionscnaimh reachtacha a ghabh institiúidí an Aontais orthu féin cheana, amhail an Treoir in aghaidh Seachaint Cánach agus an Treoir maidir le Comhar Riaracháin i Réimse an Chánachais. Ar cheann de na rudaí is tábhachtaí a dhéanamh tá an chomhsheasmhacht a lorg maidir leis na rialacha difriúla cánach a bhfuiltear ag súil le hidiroibriú leanúnach eatarthu, chun iarmhairtí neamhbheartaithe a sheachaint. |
4.4. |
Tá an togra ón gCoimisiún comhlántach leis an togra deireanach maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a bhunú do ghrúpaí ilnáisiúnta san Aontas (“colún 2”, mar a thugtar air), d’ainneoin na raonta feidhme difriúla a bhaineann le cur i bhfeidhm an dá Treoir, ós rud é nach gcuirfear colún 2 i bhfeidhm ach amháin maidir le cuideachtaí a sháraíonn tairseach láimhdeachais EUR 750 milliún, agus nach mbeidh an Treoir maidir le cuideachtaí caocha faoi réir teorainneacha dá leithéid sin. |
4.5. |
Is díol sásaimh do CESE an comhairliúchán poiblí a chuir an Coimisiún ar bun sular foilsíodh an togra. Bhain 32 cheist leis an gcomhairliúchán, ceisteanna a díríodh ar, i measc rudaí eile nach iad, an fhadhb agus na cúiseanna a bhaineann léi a léiriú go soiléir agus an beart oiriúnach ó thaobh an Aontais de a chinneadh. Leis sin, tugadh deis shuntasach do na geallsealbhóirí a dtuairimí agus a n-ábhair imní a chur in iúl sular forbraíodh na rialacha nua. Is oth le CESE nár thapaigh ach 50 geallsealbhóir an deis sin. |
4.6. |
Is geal le CESE freisin an comhairliúchán poiblí breise leis na saineolaithe náisiúnta, dream ar tugadh rannpháirt dóibh ar bhonn spriocdhírithe, arna bhunú ar a réimse saineolais faoi seach. A bhuí leis an meascán sin de chomhairliúchán leathan a díríodh ar na geallsealbhóirí agus ceann níos mionsonraithe a díríodh ar shaineolaithe cáilithe, is maith an chothromaíocht a aimsíodh idir an próiseas reachtach a bheith rannpháirteach agus chun tosaigh ó thaobh theicniúil de. |
4.7. |
Mar gheall ar an gcineál ábhair ar gá rialú a dhéanamh air leis an Treoir agus mar gheall ar na cuspóirí a leagtar amach inti — dul i ngleic leis an tseachaint cánach agus an imghabháil cánach trasteorann — ní mór do na Ballstáit creat coiteann a chur chun feidhme. |
4.8. |
Go deimhin, ní fhéadfaí creat coiteann oiriúnach éifeachtach a bhaint amach agus bearta aonair á gcur chun feidhme ag gach ceann de na Ballstáit i dtaca lena gcórais dlí féin faoi seach. Sa chás sin, leanfaí den ilroinnt atá ann cheana féin agus d’fhéadfadh sé go ndéanfaí ní ba mheasa fós é de dheasca an iliomad bearta neamhchomhordaithe a bheith ar bun ar an leibhéal náisiúnta. |
4.9. |
Ní mór na cuideachtaí caocha a cuireadh ar bun sna Ballstáit a chur in oiriúint don Treoir, agus is tábhachtaí ná riamh comhar údaráis na mBallstát má táthar chun creimeadh acmhainneacht fhioscach an Aontais ina iomláine a sheachaint. D’fhonn na seiceálacha a bhainistiú i gceart agus faisnéis a roinnt, ní mór acmhainneacht oiriúnach agus acmhainní leordhóthanacha a bheith ag an gCoimisiún chuige sin. |
4.10. |
Measann CESE go bhfuil an togra ag teacht le prionsabal na comhréireachta, ós rud é nach bhfuil i gceist leis ach an leibhéal cosanta is gá a áirithiú le haghaidh an mhargaidh aonair, agus, de réir dealraimh, nach mbeadh tionchar iomarcach ar chomhlachtaí ag gabháil leis. Go deimhin, is é is aidhm don Treoir íosleibhéal cosanta a bhaint amach do chórais cánach na mBallstát, rud a chinnteodh an leibhéal comhair is gá laistigh den Aontas d’fhonn na gcuspóirí atá ann a bhaint amach. |
4.11. |
Os a choinne sin, tá an chuma ar an scéal nach imreofar ach tionchar comhréireach ar na cuideachtaí, agus cothromaíocht oiriúnach á haimsiú idir na cuspóirí agus luachanna éagsúla, an méid seo a leanas san áireamh:
|
4.12. |
Tá CESE ag teacht le cur chuige an Choimisiúin gur riachtanach an rud é malartú faisnéise éifeachtach trédhearcach a bheith ar bun idir na húdaráis cánach má táthar chun úsáid mhíchuí na gcuideachtaí caocha a chomhrac agus, ar bhonn níos ginearálta, timpeallacht cánach níos cothroime agus níos éifeachtaí a áirithiú. Ní mór an-aird a thabhairt air an méid sin ionas gur ann do chomhar idir na Ballstáit sa chás go bhfuil idirbhearta a bhaineann le dhá Bhallstát ar bun ag cuideachta chaoch. A luaithe a chríochnófar an próiseas fiosrúcháin maidir le cuideachtaí caocha, ba cheart an toradh a roinnt go trédhearcach leis an bpobal. Ba cheart do na húdaráis Eorpacha agus náisiúnta torthaí chur chun feidhme na Treorach a roinnt leis an bpobal. |
4.13. |
Maidir leis na cuideachtaí caocha a thagann faoi chuimsiú na Treorach seo, is cuideachtaí iad a bhféadfaí leas a bhaint astu chun críoch seachanta cánach agus imghabhála cánach araon agus, i gcásanna áirithe, chun coireanna a dhéanamh, amhail sciúradh airgid, rudaí ar minic dóibh baint a bheith acu leo. Dá bhrí sin, ní mór comhordú a bheith ann ó thaobh na reachtaíochta de agus idir na maoirseoirí éagsúla a bhfuil cúraimí orthu na coireanna sin a chomhrac, ar an leibhéal náisiúnta agus Eorpach araon. A bhuí le UNSHELL, mar a thugtar ar an Treoir atá beartaithe, beidh rochtain ag na húdaráis chánach ar a thuilleadh faisnéise, rud a chuirfidh ar a gcumas cros-seiceáil a dhéanamh ar an réimse nua faisnéise sin leis an bhfaisnéis arna soláthar ag údaráis um fhrithsciúradh airgid. Ní mór do na húdaráis náisiúnta agus Eorpacha a áirithiú nach gcruthófar fadhbanna do chuideachta ar bith a ghníomhaíonn de réir an dlí de dheasca cur i bhfeidhm na Treorach. |
4.14. |
Ní mór a thuiscint cé hiad úinéirí tairbhiúla na gcuideachtaí caocha, cé na sócmhainní atá acu agus cé hiad fíorúinéirí na n-idirbheart a dhéanann siad má táthar chun fírinne a gcuid gníomhaíochtaí agus méid na himghabhála cánach nó an sciúrtha airgid atá ar bun a thuiscint i gceart. Gné lárnach dá gcuid aidhmeanna coiriúla is ea an úinéireacht thairbhiúil a cheilt trí bhíthin sraithe cuideachtaí caocha, arna bainistiú ag cumasóirí gairmiúla. Na huirlisí a theastaíonn chun a fháil amach cé hiad na húinéirí tairbhiúla, tá siad sa reachtaíocht maidir leis an bhfrithsciúradh airgid. Ní dhéantar tagairt don tsaincheist sin, áfach, sa Treoir atá faoi chaibidil anseo. Tá CESE den bharúil gur cheart an lúb ar lár sin, agus gach lúb ar lár atá ann ó thaobh an dá phíosa reachtaíochta sin a cheangal le chéile, a leigheas trí mhíniú a thabhairt sa Treoir seo ar an gcaoi chun déanamh amhlaidh nó trí dlí réime Eorpach a chur chun cinn ar bhonn práinne chun aghaidh a thabhairt air. |
4.15. |
Lasmuigh de raon feidhme na Treorach seo, tá cuideachtaí caocha ann a chruthaítear agus a úsáidtear chun obair neamhdhearbhaithe a éascú agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta a sheachaint. Tá CESE ag moladh don Choimisiún anailís a dhéanamh an bhféadfaí aghaidh a thabhairt an an tsaincheist sin trí bhíthin na reachtaíochta Eorpaí. |
5. Barúlacha sonracha
5.1. |
Tá CESE den bharúil gur réasúnta agus iomchuí an “critéar tairsí” a chuirtear chun feidhme leis an togra ón gCoimisiún i bhfoirm táscairí carnacha. I dtaca leis sin, tá CESE á chur in iúl, cé gur féidir nach mbeidh ioncam á fháil ar feadh tréimhsí fada ag entitis nach bhfuil á sealbhú acu ach sócmhainní le haghaidh úsáid phríobháideach, amhail maoin réadach, luaimh, scairdeitleáin, saothair ealaíne nó cothromas, tá buntáistí suntasacha cánach ag baint leo do na heintitis rialaithe atá ann. |
5.2. |
Creideann CESE, dá bhrí sin, nár cheart seiceálacha a dhéanamh ar ioncam amháin ach ar shócmhainní freisin, ós rud é gur féidir cáin a ghearradh fiú amháin mura mbíonn aon ioncam á ghiniúint, cuir i gcás cánacha ar rachmas i ngach cás inarb infheidhme. Tá CESE den bharúil, má táthar chun na seiceálacha sin a bhainistiú i gceart agus an fhaisnéis a roinnt, ní mór acmhainneacht oiriúnach agus acmhainní leordhóthanacha a bheith ag an gCoimisiún chuige sin. |
5.3. |
Tá CESE ag moladh don Choimisiún treoirlínte iomchuí a eisiúint maidir leis an tástáil tábhachta a leagtar amach sa Treoir, go háirithe maidir lena bhfuil i gceist go sonrach le téarmaí amhail “cónaí” agus “áitreabh” agus le stádas cónaithe an té ar “stiúrthóir” é nó í. Agus an cur chuige sin á leanúint, d’fhéadfaí laghdú a dhéanamh nó aghaidh níos fearr a thabhairt ar neamhréireachtaí náisiúnta agus léirmhínithe éagsúla a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don mhargadh inmheánach. Tá CESE ag éileamh ar an gCoimisiún, thar aon ní eile, na samhlacha gnó nua digiteacha a chur san áireamh go cuí i dtaca leis an méid sin. |
5.4. |
Tá CESE den bharúil gur cheart an bhaint a bhíonn ag cuideachtaí le gníomhaíochtaí trasteorann a mheas go cúramach i dtaca le cineál iarbhír na n-idirbheart a bhíonn ar bun ag na cuideachtaí sin, ar thaobh amháin, agus i dtaca leis an réadmhaoin agus sócmhainní eile atá acu, ar an taobh eile. Níor cheart cuideachtaí a chur san áireamh leis an Treoir seo ar cuideachtaí iad a mbaineann leibhéal leordhóthanach trédhearcachta leo agus nach ann do bhaol mór nach bhfuil tábhacht eacnamaíoch ag baint leo chun críche imghabhála cánach nó seachanta cánach. |
5.5. |
Tá Treoir UNSHELL bunaithe ar an gcaighdeán Eorpach agus idirnáisiúnta atá ann cheana féin. Tá sé á mholadh ag CESE don Choimisiún comhoiriúnacht a áirithiú leis an gcaighdeán ábhartha idirnáisiúnta agus an comhchaighdeán Eorpach atá i bhfeidhm cheana, go háirithe coincheap na “gníomhaíochta eacnamaíche substaintiúla” a forbraíodh i gcomhthéacs córas cánach fabhrach agus a pléadh go mion laistigh den fhóram maidir le cleachtais chánach dhíobhálacha. Ar cheann de na saincheisteanna tábhachtacha eile ar gá aghaidh a thabhairt uirthi tá an gá le rialacha comhchoiteanna soiléire a bhunú maidir le hábhar sonrach na ndearbhuithe is gá do ghnóthais a dhéanamh. Ba cheart róthuairisciú a sheachaint a mbeadh ní ba mhó i gceist leis ná cuspóirí na Treorach, agus na costais chomhlíontachta a eascraíonn as. |
5.6. |
Tá CESE á chur i bhfios go láidir gur cheart aird ar leith a thabhairt ar ról na gcumasóirí gairmiúla, saincheist nach luaitear sa togra le haghaidh Treorach. Tá sé á mholadh ag CESE rialacha lena rialófaí gníomhaíochtaí na gcumasóirí gairmiúla a leagan síos i bpíosa eile reachtaíochta, i gcomhréir leis na critéir arna leagan síos ar an ábhar ag OECD, eagraíocht ar minic di ról ábhartha a bheith acu i réimse na gcuideachtaí caocha (2). |
5.7. |
De réir OECD — eagraíocht a shainíonn na catagóirí gairmiúla a mbíonn cuid den dream a bhaineann leo i mbun sraitheanna cuideachtaí caocha a bhainistiú nó ag comhoibriú leo — tá sé riachtanach díriú ar chumasóirí gairmiúla má táthar chun cur i gcoinne ghníomhaíochtaí coiriúla na gcuideachtaí arna mbunú chun críoch neamhdhleathach, an imghabháil cánach san áireamh. Is cinnte gur cheart idirdhealú a dhéanamh idir gairmithe atá umhal don dlí agus an líon beag cleachtóirí a bhaineann leas as a gcuid scileanna maidir leis an dlí cánach agus an chuntasaíocht chorparáideach chun cleachtais a éascú ar bhonn gníomhach ar cleachtais iad a bhaineann leis an imghabháil cánach, an tseachaint cánach agus an sciúradh airgid. |
5.8. |
Dá bhrí sin, tá aird á tarraingt ag CESE ar an ngá atá le díriú ar na cumasóirí gairmiúla a chuireann deiseanna ar fáil ar bhonn gníomhach chun leas a bhaint as cleachtais neamhdhleathacha lena n-éascaítear coireanna fioscacha agus airgeadais. Leis sin, d’fhéadfaí cur isteach ar cheann de na tosca riachtanacha a bhaineann leis an mí-úsáid cánach. Má laghdaítear an líon deiseanna atá ann cleachtais fhioscacha éagóracha a fhorbairt, is cinnte gur céim mhór chun tosaigh a bheidh ann ó thaobh na cuspóirí ceannanna céanna a bhaineann leis an togra ón gCoimisiún a bhaint amach. |
5.9. |
Creideann CESE go mbeadh an-tairbhe sa chomhobair idir comhlachtaí gairmiúla rialála nó maoirseachta ó thaobh cur i gcoinne an mhíchleachtais agus na ngníomhaíochtaí coiriúla ar féidir go mbeadh na cumasóirí gairmiúla ina mbun. Cúrsa spéisiúil forbartha a bheadh ann, ó thaobh chomhaontú sóisialta agus polaitiúil na hEorpa in aghaidh coireanna fioscacha agus eacnamaíocha agus in aghaidh sciúradh airgid agus éillithe, rud a mhol CESE i dtuairimí éagsúla. |
5.10. |
Tá CESE ag moladh freisin an togra le haghaidh Treoir ón gCoimisiún a chomhordú leis na rialacha atá ann cheana maidir le praghsáil aistrithe, ós rud é gur féidir gur ann d’idirghníomhú idir úsáid na gcuideachtaí caocha chun críoch imghabhála cánach agus an cleachtas sin ar fud an Aontais agus ba cheart, dá bhrí sin, í a chur san áireamh go sonrach i dtaca leis an méid sin. Ar an ábhar sin arís, tá CESE den bharúil gur cheart cuimhneamh ar threoir maidir le praghsáil aistrithe a bhunú freisin. |
5.11. |
Maidir le liosta na gcuideachtaí nach mbeidh faoi réir an tuairiscithe (Airteagal 6(2)), creideann CESE gur gá údar cuí a bheith leis agus gur gá measúnú cuí a dhéanamh air lena áirithiú nach rachaidh aon bhuntáiste míchuí cánach chun sochair dóibh agus nach mbainfear leas astu chun dul timpeall ar an dlí. |
5.12. |
Tá CESE den bharúil freisin gur cheart a thuilleadh gníomhartha a chur i bhfeidhm i gcás cuideachta nó eintitis ón taobh amuigh den Aontas a dhéanann gnó le cuideachta nó entiteas atá liostaithe san Aontas. Ní mór a thuiscint cé na gníomhartha a d’fhéadfaí a chur ar fáil do chuideachtaí nó d’eintitis atá liostaithe san Aontas chun a fháil amach an bhfuil na cistí nó na sócmhainní arna mbainistiú ag teacht ón taobh amuigh den entiteas caoch de chuid an Aontais. |
5.13. |
Chun go mbeifí in ann gníomh éifeachtach a dhéanamh i gcoinne cuideachtaí a dhéanann gnó le cuideachtaí atá lonnaithe i ndlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach, tá CESE á chur in iúl an athuair an gá atá le liosta an Aontais de na dlínsí cánach neamh-chomhoibríocha a bheith a éifeachtaí agus a chuimsithí agus is féidir. |
An Bhruiséil, 23 Márta 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Féach an tuairim ó CESE Pacáiste reachtach maidir le frithsciúradh airgid (IO C 152, 6.4.2022, lch. 89).
(2) Ending the Shell Game: Cracking down on the Professionals who enable Tax and White Collar Crimes [Deireadh a chur le cluiche na gcuideachtaí caocha: cur i gcoinne na ngairmithe a éascaíonn coireanna cánach agus coireanna an bhóna bháin], OECD, Páras, 2021.
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290/52 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta san Aontas
(COM(2021) 823 final – 2021/0433 (CNS))
(2022/C 290/09)
Rapóirtéir: |
Krister ANDERSSON |
Comhrapóirtéir: |
Petru Sorin DANDEA |
Comhairliúchán |
Comhairle an Aontais Eorpaigh, 10.2.2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta |
Dáta a glactha sa rannóg |
3.3.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
23.3.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
568 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
197/1/5 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Tá sé d’aidhm ag an togra ón gCoimisiún Rialacha Samhla Domhanda i gcoinne Chreimeadh an Bhoinn (Rialacha Samhla GloBE) a áirítear i gColún 2 de Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 san Aontas Eorpach a thrasuí. Is díol sásaimh do CESE go bhfuil an Coimisiún ag obair go hiomlán i gcomhréir le pléití agus comhaontuithe idirnáisiúnta agus tacaíonn sé go láidir le cuspóirí an Choimisiúin. |
1.2. |
Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún “go mbraitheann éifeachtacht agus cothroime an athchóirithe dhomhanda ar an gcánachas íosta go mór ar a chur chun feidhme ar fud an domhain”. Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go n-éireoidh leis an gcaibidlíocht agus go gcuirfí i gcrích í in am trátha. Tá cur chun feidhme comhchoiteann ar fud an domhain gan an rórialáil riachtanach chun go mbeidh na rialacha éifeachtach agus chun nach ndéanfar an iomaíocht a shaobhadh. |
1.3. |
Aontaíonn CESE go láidir leis an gCoimisiún go bhfuil sé “éigeantach cur chun feidhme aonfhoirmeach Rialacha Samhla ECFE san Aontas a áirithiú” agus nach féidir sin a dhéanamh ach “má achtaítear reachtaíocht go lárnach agus má thrasuitear ar bhealach aonfhoirmeach í”. |
1.4. |
Cé go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh plé teicniúil agus obair ullmhúcháin ar siúl cheana ar leibhéal an Aontais, tugann CESE dá aire go bhfuil an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) fós ag obair ar rialacha mionsonraithe breise a dhréachtú agus ar shainmhínithe a shoiléiriú. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, na moltaí agus na torthaí oibre ar fad a tháinig as caibidlíocht ECFE atá ar siúl faoi láthair a mheas agus a chur san áireamh. |
1.5. |
Tacaíonn CESE le hiarracht ar bith atá dírithe ar na costais chomhlíontachta a laghdú do chuideachtaí agus d’údaráis chánach Eorpacha agus an córas nua á cheapadh. Is saincheist chasta í cur chun feidhme iomlán Cholún a Dó a mbeidh neart ama agus iarrachta ag teastáil ina leith, ó chuideachtaí agus ó údaráis chánach araon. Sna míonna amach romhainn, táthar ag súil go gcuirfidh ECFE rialacha tábhachtacha i láthair maidir le tearmainn, comhdú riaracháin simplithe etc., rud a d’fhéadfadh cur chun feidhme an chórais nua cánach a éascú do ghnólachtaí agus d’údaráis chánach araon. Ba cheart na rialacha sin a áireamh sa Treoir. |
1.6. |
Measann CESE nár cheart forálacha sonracha cánach arna n-achtú ag parlaimintí sna Ballstáit d’aon ghnó mar dhreasachtaí le haghaidh infheistíochtaí agus iarrachtaí fostaíochta a neodrú leis na Rialacha Samhla. Tá sé tábhachtach geilleagar níos glaise atá digiteálaithe a chur chun cinn, agus ba cheart ról a bheith ag cúrsaí cánach sa mhéid sin. |
1.7. |
Iarrann CESE go n-áireofaí sa Treoir foráil lena bhféadfar an Treoir maidir le Réiteach Díospóidí a chur i bhfeidhm idir na Ballstáit, ar a laghad, le haghaidh díospóidí a bhaineann le Colún 2. |
1.8. |
Aontaíonn an Coiste gur cheart pionóis a ghearradh as neamhchomhlíonadh agus iarrann sé ar na Ballstáit cigireachtaí cánach críochnúla a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha na Treorach ina n-iomláine. |
1.9. |
Iarrann CESE go ndéanfaí athbhreithniú ar liosta an Aontais de na tríú tíortha nach bhfuil ag comhoibriú i ndáil leis an bpacáiste cánach. |
1.10. |
Ba mhaith le CESE a chur in iúl gur freagairt ar sheanéileamh ón bpobal i gcoitinne é cánachas cothrom a ghearradh ar chuideachtaí ilnáisiúnta agus tá sé ag súil go dtiocfar ar chomhaontú go pras maidir le Colún 2 san Aontas agus ar fud an domhain. |
2. Cúlra agus togra ón gCoimisiún
2.1. |
Is é is aidhm don togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta san Aontas ná Rialacha Samhla ECFE i dtaca le cur chun feidhme intíre íoschánach domhanda a thrasuí (Creat Cuimsitheach ECFE) san Aontas trí bhíthin rialacha aonfhoirmeacha agus cur chun feidhme aonfhoirmeach (1). |
2.2. |
Níl na rialacha cánachais náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhí ann leis na céadta bliain oiriúnach a thuilleadh do chuid de na samhlacha nua gnó a úsáidtear sa lá atá inniu ann. Tá neart cuideachtaí nach bhfuil láithreacht fhisiciúil acu i roinnt mhaith tíortha agus dá bhrí sin, ní íocann siad an méid céanna cánach corparáide sna dlínsí sin agus a íocann na cuideachtaí atá ann go fisiciúil (2). |
2.3. |
Bhí buiséid phoiblí faoi bhrú tar éis ghéarchéim airgeadais 2008–2009. Chuir na tosca sin ar fad le próiseas san ECFE a ceapadh chun aghaidh a thabhairt ar Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEPS). |
2.4. |
Tar éis thionscadal BEPS de chuid ECFE in 2015, tháinig Comhaltaí Chreat Cuimsitheach (IF) G20/OECD ar chomhaontú maidir leis an gcaoi is fearr le tabhairt faoi na dúshláin mhéadaitheacha chánach a eascraíonn as digiteáil an gheilleagair. |
2.5. |
Tá dhá cholún i gceist leis an bpacáiste a comhaontaíodh, agus baineann na colúin sin le cuideachtaí i ngach earnáil. Le Colún 2, cumhdaítear grúpaí gnó a bhfuil láimhdeachas de EUR 750 milliún ar a laghad acu. Le Colún 1, beartaítear athdháileadh páirteach ar chearta chun cánachais i dtreo dlínsí margaidh agus le Colún 2, beartaítear íoschánachas éifeachtach a thabhairt isteach de 15 % (3). Is éard atá i Rialacha Samhla ECFE 70 leathanach de rialacha atá thar a bheith casta agus teicniúil, lena n-áirítear 10 leathanach de shainmhínithe chun “cur chuige coiteann” a chumasú i dtreo an chánachais íosta dhomhanda. |
2.6. |
Is éard atá i gColún 2 ná dhá riail Eorpacha: i) an Riail maidir le Cuimsiú Ioncaim (RCI) agus ii) a cúlstop, an Riail maidir le hÍocaíochtaí faoi Thearc-Cháin (RÍFTC), ar a dtugtar le chéile na Rialacha Domhanda i gcoinne Chreimeadh an Bhoinn (GloBE), agus riail bunaithe ar chonradh – an Riail Faoi-Réir-Cánach. |
2.7. |
Leis an togra, ceanglaítear ar an máthaireintiteas deiridh an cháin bhreisiúcháin a íoc, i.e. gannchion an ghrúpa iomlán sa dlínse ina bhfuil sé bunaithe. Dá bhrí sin, is í an dlínse sin a bhaileoidh an t-ioncam cánach, rud a chiallaíonn go mbeidh an cháin agus ioncam cánach i ndlínse eile. Níl aon oibleagáid ar thíortha a ráta cánach a mhéadú go dtí an t-íosleibhéal. |
2.8. |
Má tá an máthaireintiteas deiridh lonnaithe i dtír nár achtaíodh RCI cáilitheach inti, bíonn feidhm ag an RÍFTC, a cheanglaíonn ar dhlínsí ina bhfuil an fiontar ilnáisiúnta (FIN) sin gníomhach coigeartú coibhéiseach a dhéanamh de réir na Rialacha Samhla ionas go ndéanfar dliteanas cánach na gcuideachtaí grúpa a choigeartú sa chaoi is go mbaileofar an cháin bhreisiúcháin iomlán. |
2.9. |
Leithdháiltear cáin bhreisiúcháin ar dhlínsí bunaithe ar sciar na dlínse d’fhostaithe agus de shócmhainní inláimhsithe an ghrúpa i ndlínsí a d’achtaigh na forálacha maidir le RÍFTC. |
2.10. |
Agus cáin bhreisiúcháin á ríomh i gcás gach dlínse, déantar eisiamh gearrtha amach bunaithe ar shubstaint a chur san áireamh, rud lena ligtear cáin a ghearradh ar mhéid áirithe ioncaim faoi bhun an ráta íosta éifeachtaigh. Socraítear an t-ioncam eisiata ar dtús ag 10 % de chostais phárolla áitiúla agus 8 % de luach na sócmhainní inláimhsithe a úsáidtear go háitiúil, agus laghdófar an dá cheann go 5 % thar thréimhse deich mbliana. |
2.11. |
Faoi Rialacha Samhla ECFE, úsáidtear cuntais airgeadais mar bhonn chun na rátaí cánach éifeachtacha a ríomh, le coigeartuithe casta. Foráiltear leo freisin go bhféadfadh dlínse modh náisiúnta a ghlacadh chun an t-íosmhéid cánach breisiúcháin a ríomh, agus sa chás sin, dhéanfaí an cháin bhreisiúcháin a leithdháileadh ar an dlínse sin agus a bhailiú inti. Dá bhrí sin, ní aistreofaí aon ioncam cánach ón dlínse sin chuig dlínse eile. |
2.12. |
Tá gealltanas tugtha cheana féin ag ECFE an tráchtaireacht ar na Rialacha Samhla a chur ar fáil le linn na chéad ráithe de 2022 chun léirmhíniú na rialacha a shoiléiriú agus chun tuilleadh treorach/soiléirithe a fhorbairt maidir le Tearmainn agus Treoir Riaracháin. D’fhéadfaí a bheith ag súil le soiléiriú breise. |
2.13. |
Tá tuiscint choiteann ar na rialacha ar an leibhéal domhanda agus cur chun feidhme aonfhoirmeach ó thaobh ábhair agus tráthúlachta de ríthábhachtach chun saobhadh a sheachaint agus chun cothrom na Féinne agus iomaíochas Eorpach a áirithiú (4). |
2.14. |
Anuas ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún Cánachas Gnó don 21ú haois, níl sa togra ón gCoimisiún ach na Rialacha Samhla GloBE a áirítear i gColún 2 de Chreat Cuimsitheach OECD/G20. Níl Colún 1 chomh forbartha céanna le Colún 2. Féadfaidh an chuid sin den phacáiste a bheith faoi réir Threoir AE freisin (5). |
2.15. |
Sainmhínítear raon feidhme na Treorach trí thagairt a dhéanamh do chomheintitis atá lonnaithe san Aontas agus atá mar chuid de ghrúpaí FIN nó de ghrúpaí náisiúnta mórscála ag a bhfuil ioncam grúpa comhdhlúite níos mó ná EUR 750 milliún acu in dhá cheann de na ceithre bliana roimhe sin ar a laghad. |
2.16. |
Déantar foráil leis an Treoir maidir le cásanna ina bhfuil an máthaireintiteas deiridh lonnaithe lasmuigh den Aontas i ndlínse nach gcuireann RCI cáilitheach i bhfeidhm, beidh a chomheintitis uile sna dlínsí ina bhfuil creat iomchuí RÍFTC faoi réir RÍFTC. I gcás den sórt sin, beidh comheintitis an ghrúpa FIN sin atá lonnaithe i mBallstát faoi réir cánach breisiúcháin sa Bhallstát, a chomhroinnfear bunaithe ar fhoirmle dhá thoisc, arna ríomh i ndáil le hioncam ísealchánach chomheintitis an ghrúpa FIN. |
2.17. |
Áirítear sa Treoir rialacha chun “ioncam cáilitheach” a ríomh, is é sin an t-ioncam coigeartaithe a chuirfear san áireamh chun an ráta cánach éifeachtach a ríomh. Chun an t-ioncam sin a ríomh, tosaítear le glanioncam nó le glanchaillteanas cuntasaíochta airgeadais an chomheintitis le haghaidh na bliana fioscaí. Cuirtear coigeartuithe sonracha casta i bhfeidhm maidir leis an difríocht idir cuntasaíocht airgeadais agus cuntasaíocht chánach. Baineann na príomhchoigeartuithe leis na ceanglais i dtaca le hioncam/costais a thuairisciú nuair nach n-aithnítear cuir i gcás, forálacha ísealchánach do thicbhoscaí paitinní, ach go n-aithnítear dímheas luathaithe ar shócmhainní seasta. |
2.18. |
Leagtar amach rialacha maidir le “cánacha cumhdaithe coigeartaithe” comheintitis a ríomh le haghaidh bliain fhioscach. Is é an príomhphrionsabal a bhaineann le cánacha cumhdaithe a leithdháileadh iad a shannadh ar an dlínse inar tuilleadh na bunbhrabúis atá faoi réir na gcánacha sin. Chun an prionsabal sin a áirithiú, déantar foráil sa Treoir freisin maidir le rialacha speisialta i leith cánacha nó sreafaí ioncaim trasteorann i gcás máthaireintitis, eintiteas tréshreafa, corparáid faoi rialú eachtrach, eintiteas hibrideach nó cánacha ar dhíbhinní. |
2.19. |
Is é an sainmhíniú atá sa Treoir go ríomhtar an ráta éifeachtach trí chánacha cumhdaithe coigeartaithe an ghrúpa a roinnt ar an ioncam coigeartaithe arna thuilleamh ag an ngrúpa, i ndlínse shonrach le haghaidh na bliana fioscaí. I gcomhréir leis an gcomhaontú domhanda agus chun trasuíomh a áirithiú, socraítear leis an Treoir an t-íosráta cánach éifeachtach ag 15 % chun críoch Rialacha Samhla GloBE. |
2.20. |
Chun costais chomhlíontachta a laghdú i gcásanna ina bhfuil riosca íseal ann, tá feidhm ag eisiamh maidir le híosmhéideanna brabúis: an cur chuige de minimis. Bíonn an t-eisiamh sin i gceist nuair atá brabúis chomheintitis an ghrúpa FIN faoi bhun EUR 1 mhilliún agus nuair atá na hioncaim atá acu faoi bhun EUR 10 milliún. |
2.21. |
Tá rialacha speisialta infheidhme maidir le cumaisc, éadálacha, comhfhiontair, agus grúpaí FIN ilmháthair. Déantar foráil inti maidir le tairseach ioncaim chomhdhlúite a chur i bhfeidhm maidir le comhaltaí grúpa i gcás cumaisc nó díchumaisc. I gcás ina bhfaigheann grúpa FIN comheintiteas, nó i gcás ina ndíolann grúpa FIN comheintiteas laistigh de raon feidhme na rialacha sin, ba cheart caitheamh leis an gcomheintiteas sin mar chuid den dá ghrúpa le linn na bliana, agus coigeartuithe áirithe a dhéanamh ar luachanna na n-aitreabúidí a úsáidtear chun Rialacha Samhla GloBE a oibriú (cánacha cumhdaithe, párolla incháilithe, sócmhainní inláimhsithe incháilithe, sócmhainní cánach iarchurtha GloBE). |
2.22. |
Tá rialacha sa Treoir maidir le socruithe i leith córais neodrachta cánach agus córais cánach dáileachán. Chun torthaí neamhbheartaithe a sheachaint, amhail dliteanas cháin bhreisiúcháin RÍFTC díréireach i ngrúpa FIN, déantar foráil leis an Treoir maidir le rialacha speisialta chun ioncam an mháthaireintitis deiridh a ríomh, i gcás inar eintiteas tréshreafa é an t-eintiteas sin nó i gcás ina bhfuil sé faoi réir córas díbhinní in-asbhainte (6). |
2.23. |
Leis an Treoir, ceanglaítear ar chomheintiteas grúpa FIN atá lonnaithe i mBallstát tuairisceán faisnéise maidir le cáin bhreisiúcháin a chomhdú, ach amháin má chomhdaíonn an grúpa FIN an tuairisceán i ndlínse eile, lena bhfuil comhaontú maidir le malartú faisnéise ag an mBallstát. Ní mór na tuairisceáin a chomhdú laistigh de 15 mhí ó dheireadh na bliana fioscaí lena mbaineann siad. |
3. Barúlacha ginearálta
3.1. |
Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir arb é is aidhm di Colún 2 a thrasuí laistigh de chóras dlí an Aontais Eorpaigh agus ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Tacaíonn CESE go láidir leis an gCoimisiún agus tuigeann sé go bhfuil an Coimisiún ag cur a chuid oibre in oiriúint do phléití agus comhaontuithe idirnáisiúnta. Tugann CESE dá aire nach ndéanann an comhaontú difear do chuideachtaí atá faoi bhun tairseacha áirithe ach gur rialacha ginearálta iad agus go mbeidh feidhm acu, de réir ECFE, maidir leis na céadta cuideachtaí. D’fhéadfadh sé go mbeadh buanbhunaíochtaí agus fochuideachtaí iomadúla ag gach grúpa gnó a thagann faoi raon feidhme an togra. |
3.2. |
Tugann CESE dá aire nár aontaigh ceithre thír as na tíortha ar fad atá rannpháirteach sa Chreat Cuimsitheach leis an bpacáiste, i gcomparáid le 137 dtír a shínigh an comhaontú domhanda. Féadfaidh treoir an Aontais maidir le cáin íosta bearta cosanta breise a chur ar fáil i gcoinne cleachtais dhíobhálacha BEPS agus tacaíonn CESE le spriocanna thionscadal BEPS, agus thacaigh sé i gcónaí leo, chun airgeadas poiblí inbhuanaithe san Aontas a áirithiú. |
3.3. |
Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún go bhfuil “éifeachtacht agus cothroime an athchóirithe dhomhanda maidir le cáin íosta ag brath go mór ar a chur chun feidhme ar fud an domhain”. Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go n-éireoidh leis an gcaibidlíocht agus go gcuirfí i gcrích í in am trátha. Tá cur chun feidhme comhchoiteann ar fud an domhain riachtanach chun go mbeidh na rialacha éifeachtach agus chun nach ndéanfar an iomaíocht a shaobhadh. |
3.4. |
Measann CESE gur cheart caitheamh le Colún 1 agus Colún 2 de Chreat Cuimsitheach ECFE G/20 mar phacáiste cuimsitheach atá comhtháite go frithpháirteach. Tá an chomhsheasmhacht fíorthábhachtach agus an dá cholún á gcur chun feidhme. Molann CESE do na Ballstáit agus don Choimisiún cur lena n-iarrachtaí caibidlíochta tríd an ECFE chun a áirithiú go gcuirfear Colún 1 chun feidhme ar an leibhéal domhanda a luaithe is féidir. |
3.5. |
Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún go bhfuil gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais agus go bhfuil sé “ríthábhachtach cur chun feidhme aonfhoirmeach na Rialacha Samhla ECFE ar fud an Aontais a áirithiú”. Ina theannta sin, aontaíonn CESE nach féidir sin a dhéanamh ach “má achtaítear reachtaíocht go lárnach agus má thrasuitear ar bhealach aonfhoirmeach í” (7). Cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór don Treoir na saoirsí bunúsacha agus oibleagáidí agus inniúlachtaí an Chonartha a urramú. |
3.6. |
Éascaítear próiseas an Aontais toisc gur ghlac na Ballstáit uile páirt i bpléití ECFE/IF, nó gur aontaigh siad leis an toradh ó shin i leith. Ba mhaith le CESE a chur in iúl gur freagairt ar sheanéileamh ón bpobal i gcoitinne é cánachas cothrom ar chuideachtaí ilnáisiúnta agus tá sé ag súil go dtiocfar ar chomhaontú go pras maidir le Colún 2 san Aontas agus ar fud an domhain. |
3.7. |
Cé go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh plé teicniúil agus obair ullmhúcháin ar siúl cheana ar leibhéal an Aontais, tugann CESE dá aire go bhfuil an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) fós ag obair ar rialacha mionsonraithe breise a dhréachtú agus ar shainmhínithe a shoiléiriú. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, na moltaí agus na torthaí oibre ar fad a tháinig as caibidlíocht ECFE atá ar siúl faoi láthair a mheas agus a chur san áireamh, ós rud é gur cheart próiseas d’fhonn an treoir a leasú nó a athrú a sheachaint. Ar an gcaoi chéanna, tá sé tábhachtach go ndéanfadh an tAontas breithniú cúramach ar thráthúlacht an chur chun feidhme ag dlínsí tríú tíortha. |
3.8. |
Tacaíonn CESE le rogha an Choimisiúin cur leis an obair ullmhúcháin fhairsing a rinneadh go hidirnáisiúnta, agus leas á bhaint as measúnú tionchair ECFE chun an togra atá á scrúdú faoi láthair a fhorbairt, agus gan an obair a mhéadú faoi dhó trí bhíthin measúnú tionchair nua. Mar sin féin, ba mhór ag CESE dá ndéanfaí measúnú tionchair ar na codanna sin den Treoir lena gcuirfí í i gcomhréir le dlí an Aontais. Iarrann CESE go ndéanfaí anailís den sórt sin agus go gcuirfí ar fáil go poiblí í. |
3.9. |
Tugann CESE dá aire agus tuigeann sé nach mór ceanglais dhlí an Aontais a chomhlíonadh. Is é an modh is éasca, ach ní gá gurb é an t-aon mhodh amháin é, forálacha RCI a leathnú chuig cásanna náisiúnta amháin. |
3.10. |
Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún gur inmhianaithe líon teoranta cáiníocóirí a bheith rannpháirteach ann agus go bhfuil an tairseach EUR 750 milliún “comhsheasmhach le Rialacha Samhla ECFE agus le ceanglais dhlí an Aontais” (8), agus prionsabal na comhréireachta á urramú ar an gcaoi sin. Tugann CESE dá aire go bhfuil an tairseach i gcomhréir leis na rialacha maidir le Tuairisciú de réir tíre agus leis an Treoir in aghaidh Seachaint Cánach. |
3.11. |
Tá CESE ar aon fhocal leis an gCoimisiún i dtaca leis an ráta íosta cánach 15 % a chomhaontaigh Creat Cuimsitheach OECD/G20 maidir le BEPS go “léirítear cothromaíocht i measc rátaí cánach corparáide ar fud an domhain” (9). Tá sé tábhachtach an comhaontú a rinne rialtais a urramú agus na rialacha a thrasuí agus na cuideachtaí a thagann faoi raon feidhme an chomhaontaithe sin a chur faoi dhliteanas an cháin bhreisiúcháin a íoc. Tacaíonn CESE freisin, i gcomhréir le comhaontú ECFE, go n-áireofaí díolmhú bunaithe ar thábhacht eacnamaíoch agus bunaithe ar na costais a bhaineann le fostaithe agus ar luach sócmhainní inláimhsithe agus aontaíonn sé le measúnú an Choimisiúin “nach dócha go dtiocfadh borradh faoi chleachtais BEPS i gcás den sórt sin” nuair a bheidh fíorghníomhaíochtaí eacnamaíocha ar siúl (10). |
3.12. |
Tacaíonn CESE le hiarracht ar bith atá dírithe ar na costais chomhlíontachta a laghdú do chuideachtaí agus d’údaráis chánach Eorpacha agus an córas nua á cheapadh. Is saincheist chasta í cur chun feidhme iomlán Cholún 2 a mbeidh neart ama agus iarrachta ag teastáil ina leith. Beidh ar údaráis chánach na córais agus na gnáthaimh a fhorbairt chun na hoibleagáidí cánach nua a ríomh agus a bhailiú. Ina theannta sin, beidh pearsanra leordhóthanach agus oilte de dhíth chun cur chun feidhme gasta a áirithiú, agus acmhainní á gcur ar fáil san am céanna d’inniúlachtaí idirnáisiúnta cánach eile amhail Réamh-chomhaontuithe Praghsála (APA) agus sásraí um réiteach díospóidí. Spreagann CESE na húdaráis chánach chun tús a chur leis an obair ullmhúcháin sin nó chun í a chur chun cinn a thuilleadh má táthar chun amlíne an chur chun feidhme (Eanáir 2023) a bhaint amach. |
3.13. |
Iarrann CESE go bhféadfar an treoir maidir le réiteach díospóidí a chur i bhfeidhm idir na Ballstáit, ar a laghad, le haghaidh díospóidí a bhaineann le Colún 2. Tá na rialacha nua sin maidir le réiteach díospóide cánach i bhfeidhm ón 1 Iúil 2019 i leith. Leagtar síos iad i dTreoir (AE) 2017/1852 ón gComhairle (11) agus cuireann siad feabhas suntasach ar réiteach díospóidí cánach, mar go gcinntíonn siad gur féidir le gnólachtaí agus saoránaigh díospóidí a bhaineann le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm conarthaí cánach a réiteach ar bhealach níos tapúla agus níos éifeachtaí. |
3.14. |
Tacaíonn CESE, i gcomhréir le comhaontú ECFE, leis an eisiamh de minimis, lena gceadaítear eintiteas MNE a eisiamh i gcás nach mó ná EUR 1 mhilliún brabús an eintitis sin agus nuair is lú ná EUR 10 milliún an t-ioncam. D’fhéadfadh sé go gcaithfí athbhreithniú a dhéanamh ar an uasteorainn le himeacht ama. |
3.15. |
Measann CESE go bhfuil sé tábhachtach na rialacha tearmainn atá beartaithe a chur i láthair luath go leor ionas gur féidir na rialacha sin a thrasuí sa treoir dheiridh. Tá an méid sin tábhachtach chun ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a sheachaint do cháiníocóirí agus do riaracháin chánach. |
3.16. |
Aontaíonn CESE leis an rún gur cheart foráil a dhéanamh sa Treoir go ndéanfadh an Coimisiún measúnú ar chritéir choibhéise RCI, mar aon le liostú de na dlínsí tríú tír a chomhlíonann na critéir choibhéise. Féadfar an liosta sin a mhodhnú trí ghníomh tarmligthe. |
3.17. |
Tugann CESE dá aire an rún a d’fhógair Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh go dtabharfaí an plé chun críche, más féidir, roimh na toghcháin Fhrancacha a bheidh ann i mí Aibreáin 2022. Ba cheart don Aontas a chomhpháirtithe trádála a spreagadh chun a bheith chomh huaillmhianach céanna. |
4. Barúlacha sonracha
4.1. |
Tá sé tábhachtach nach ndéanfar forálacha cánach eile arna n-achtú ag parlaimintí sna Ballstáit mar dhreasachtaí d’aon ghnó le haghaidh infheistíochtaí agus iarrachtaí fostaíochta a neodrú leis na Rialacha Samhla. Níor cheart cosc a chur ar rialacha atá i bhfeidhm ar feadh i bhfad, cuir i gcás, dímheas luathaithe a cheadú d’infheistíochtaí seasta, dreasachtaí do ghníomhaíochtaí T&F nó tionscnaimh nua chun forbairt geilleagair atá níos glaise agus níos digiteálaithe a chur chun cinn. Baineann sé sin le tionscnaimh téarnaimh eacnamaíoch a bhaineann leis an bpaindéim, ach le forbairtí teicneolaíocha amach anseo freisin, ar cheart iad a spreagadh. |
4.2. |
Beidh impleachtaí ag cur chun feidhme Rialacha Samhla GloBE san Aontas ar fhorálacha reatha na Treorach in aghaidh Seachaint Cánach (ATAD) agus ar rialacha maidir le Corparáidí faoi Rialú Eachtrach (CFC) go sonrach, rialacha a d’fhéadfadh idirghníomhú le príomhriail Cholún 2 – RCI. Luadh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Cánachas Gnó don 21ú hAois (12) gur ghlac na rialtais náisiúnta líon mór beart éagsúil in aghaidh seachaint cánach agus imghabháil cánach, ar bearta iad a chuir le castacht an scéil (13). Fiú murar gá leasú a dhéanamh ar an Treoir in aghaidh Seachaint Cánach (14), d’fhéadfadh sé go rachadh athbhreithniú ar éifeachtacht agus ualach riaracháin na rialacha comhcheangailte chun tairbhe do riaracháin chánach agus do ghnólachtaí araon. |
4.3. |
Tá CESE ar aon intinn le dearcadh an Choimisiúin go bhféadfaí le trasuí Rialacha Samhla GloBE san Aontas, an bealach a réiteach chun teacht ar chomhaontú maidir leis an togra atá ar feitheamh chun an Treoir maidir le hÚs agus Ríchíosanna a athmhúnlú. |
4.4. |
Iarrann CESE go ndéanfaí dlúthfhaireachán ar éifeachtacht na rialacha agus ar na costais riaracháin. Ba cheart do na Ballstáit úsáid iomarcach rialuithe cánach a sheachaint má tá siad díobhálach d’fhorálacha an chomhaontaithe dhomhanda. |
4.5. |
Aontaíonn CESE gur cheart pionóis a ghearradh as neamhchomhlíonadh agus iarrann sé ar na Ballstáit cigireachtaí cánach críochnúla a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha na Treorach ina n-iomláine. |
4.6. |
Iarrann CESE go ndéanfaí athbhreithniú ar liosta an Aontais de na tríú tíortha nach bhfuil ag comhoibriú i bhfianaise chur chun feidhme phacáiste cánach ECFE a comhaontaíodh. |
4.7. |
Ba mhaith le CESE a chur in iúl gur freagairt ar sheanéileamh ón bpobal i gcoitinne é cánachas cothrom ar chuideachtaí ilnáisiúnta agus tá sé ag súil go dtiocfar ar chomhaontú go pras maidir le Colún 2 san Aontas agus ar fud an domhain. |
An Bhruiséil, 23 Márta 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Treoir ón gComhairle maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta san Aontas, COM(2021) 823 final.
(2) Tá anailís déanta ag Matthias Bauer, agus daoine eile nach é, ar a mhéid a íocann cuideachtaí “digiteacha” mar a thugtar orthu cánacha corporáide agus ar na tíortha ina n-íocann siad iad, Digital Companies and Their Fair Share of Taxes: Myths and Misconceptions, ECIPE, Feabhra 2018, https://ecipe.org/publications/digital-companies-and-their-fair-share-of-taxes/?chapter=all
(3) Tionscadal ECFE/G20 maidir le Creimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis, Dúshláin Chánach a eascraíonn as Digiteáil an Gheilleagair, Rialacha Samhla GloBE (Colún 2), Creat Cuimsitheach maidir le BEPS, https://www.oecd.org/tax/beps/tax-challenges-arising-from-the-digitalisation-of-the-economy-global-anti-base-erosion-model-rules-pillar-two.pdf. Chun forléargas a fháil, féach freisin Jefferson VanderWolk, Squire Patton Boggs, Global Minimum Taxation for Large Multinationals, https://www.linkedin.com/feed/update/urn:li:activity:6884197871441207296/
(4) Tá córas domhanda maidir le cáin íosta ag na Stáit Aontaithe – Global Intangible Low Tax Income (GILTI) – ach tá an dlí atá ann faoi láthair, dar leis an gCoimisiún, ar neamhréir le foráil an RCI. Tá athchóiriú á dhéanamh ag na Stáit Aontaithe ar GILTI chun é a chur i gcomhréir le Colún 2. Rachaidh ECFE i mbun plé leis na Stáit Aontaithe agus Comhaltaí an Chreata Chuimsithigh i dtaca leis na coinníollacha faoinar féidir an GILTI athchóirithe a chomhshamhlú le Colún 2. Go dtí go dtiocfar ar chomhaontú maidir leis na coinníollacha sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gnólachtaí Eorpacha faoi mhíbhuntáiste san iomaíocht, fiú dá mbeadh clúdach éigin ag gabháil le RÍFTC a chuirfí chun feidhme.
(5) “D”fhonn a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go comhsheasmhach é i mBallstáit uile an Aontais, lena n-áirítear na Ballstáit sin nach comhaltaí de ECFE iad agus nach bhfuil rannpháirteach sa Chreat Cuimsitheach, molfaidh an Coimisiún Treoir maidir le Colún 1 a chur chun feidhme san Aontas Eorpach.’ COM(2021) 251 final, leathanach 9
(6) I ndáil le heintitis infheistíochta, tá rialacha sonracha ann maidir leis an ráta cánach éifeachtach agus an cháin bhreisiúcháin a chinneadh, an roghnú chun caitheamh leo mar eintitis atá trédhearcach go fioscach agus roghnú chun modh dáilte inchánach a chur i bhfeidhm.
I ndáil le córas cánach dáileacháin, déantar foráil leis an Treoir go n-áirítear cáin dáileachán measta sa ríomh ar chánacha coigeartaithe cumhdaithe comheintiteas i gcás ina ndéanann an t-eintiteas is comhdaitheoir roghnú bliantúil i leith comheintitis atá faoi réir córas cánach dáileachán.
(7) COM(2021) 823 final, lch. 3.
(8) COM(2021) 823 final, lch. 3.
(9) COM(2021) 823 final, lch. 16.
(10) COM(2021) 823 final, lch. 16.
(11) IO C 173, 31.5.2017, lch. 29.
(12) COM(2021) 251 final.
(13) Féach an tuairim ó CESE Cánachas Gnó don 21ú haois (níl leagan Gaeilge ann). Níor foilsíodh í go fóill.
(14) COM(2021) 823 final, lch. 2.
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290/58 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ionad Eorpach ilfhreastail aonair lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis ábhartha atá ar fáil go poiblí maidir le seirbhísí airgeadais, le margaí caipitil agus le hinbhuanaitheacht
(COM(2021) 723 final — 2021/0378 (COD))
agus an Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha áirithe maidir le bunú agus oibriú an Phointe Rochtana Aonair Eorpaigh
(COM(2021) 724 final — 2021/0379 (COD))
agus an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin áirithe maidir le bunú agus oibriú an Phointe Rochtana Aonair Eorpaigh
(COM(2021) 725 final — 2021/0380 (COD))
(2022/C 290/10)
Rapóirtéir: |
Florian MARIN |
Comhairliúcháin |
Comhairle an Aontais Eorpaigh, 09/2/2022 (COM(2021) 724 final agus COM(2021) 725 final), 15/2/2022 (COM(2021) 723 final) Parlaimint na hEorpa, 14/2/2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 50, Airteagal 114 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta |
Dáta a glactha sa rannóg |
3/3/2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
23/3/2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
568 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
215/1/2 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Tacaíonn CESE leis an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP), ar uirlis é lena gcuirtear le geilleagar níos inbhuanaithe, níos digití agus níos cuimsithí, le ceannasacht dhigiteach a neartú, agus le comhtháthú níos fearr na margaí caipitil. |
1.2. |
Measann CESE gur cheart ESAP a bheith níos uaillmhianaí agus gur cheart níos mó breisluacha a chruthú tríd an bhfaisnéis a phróiseáil, in ionad ESAP a bheith ina uirlis faisnéise amháin lena mbailítear faisnéis amh agus ag a bhfuil pointe rochtana aonair. Ba cheart comhiomlánú agus claochlú sonraí agus tuarascálacha agus anailísí earnála agus críochacha a chur ar fáil trí ESAP. |
1.3. |
Molann CESE ESAP a fhorbairt mar uirlis sholúbtha agus gur cheart é a bheith indéanta catagóirí nua sonraí a chur leis agus cumarsáid a dhéanamh le cláir náisiúnta nó le Eurostat, agus cineálacha éagsúla teicneolaíochtaí á gcur san áireamh. Ba cheart do ESAP sineirge shoiléir a sholáthar idir na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SFIanna) agus táscairí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. |
1.4. |
Measann CESE gur cheart machnamh a dhéanamh ar bhord comhairleach a bhunú, ar cheart an tsochaí shibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta a bheith mar chuid de, bunaithe ar phróiseas roghnúcháin trédhearcach, agus a dhéanfaidh cinneadh maidir le todhchaí ESAP agus athruithe straitéiseacha. |
1.5. |
Tá sé tábhachtach na “criosanna bána” a laghdú chun rochtain gan idirdhealú ar ESAP a áirithiú. Ba cheart feidhmiúlachtaí a cheadú le ESAP freisin chun cur ar chumas daoine faoi mhíchumas tairbhe a bhaint as inrochtaineacht chuí gan idirdhealú. |
1.6. |
Creideann CESE go bhfuil sé an-tábhachtach go n-áiritheofaí le ESAP nósanna imeachta caighdeánacha, trédhearcacht, sláine sonraí agus inchreidteacht fhoinse na faisnéise, bailíochtú uathoibríoch sonraí atá furasta le húsáid, agus rialú cuí ar an gcomhlacht bailithe le haghaidh cosaint sonraí. Beidh maoirseacht chuí agus leordhóthanach ar sholáthraithe sonraí airgeadais agus soláthraithe sonraí comhshaoil, sóisialta agus rialachais tábhachtach go luath amach anseo. |
1.7. |
Ba cheart machnamh a dhéanamh ar fhóirdheonú a dhéanamh ar an gcostas a bhaineann le sonraí a bhailiú, a ghiniúint agus a bhainistiú do FBManna, ar FBManna a dhíolmhú ó aon táillí, beag beann ar an méid sonraí a chuirtear ar fáil, agus ar dhálaí oibre cuí a áirithiú d’oibrithe atá freagrach as sonraí a sholáthar agus a bhainistiú. |
1.8. |
Le ESAP, ba cheart idirdhealú soiléir a áirithiú idir sonraí airgeadais agus sonraí neamhairgeadais, agus an leibhéal céanna tábhachta a thabhairt dóibh agus deis a chur ar fáil, ar bhonn deonach, sonraí sóisialta a fhoilsiú maidir le gníomhaíocht gach cuideachta, a bainistíocht agus a cuid fostaithe, bunaithe ar chritéir shonracha. |
1.9. |
Measann CESE go bhfuil gá le deasc chabhrach thiomnaithe chun cabhrú leis an bhfaisnéis a chur isteach san fhormáid cheart agus chun a áirithiú go bhfuil sí inúsáidte go teicniúil, agus go bhfuil gá le hoiliúint sa litearthacht airgeadais agus dhigiteach freisin. D’fhéadfaí sraith íosta d’eochairtháscairí feidhmíochta eacnamaíocha, arna sainiú ar leibhéal an Aontais le modheolaíocht choiteann, a chur san áireamh ar ESAP chun úsáid níos fearr agus níos leithne a áirithiú. |
2. Cúlra
2.1. |
Tá pointe rochtana aonair á sheoladh ag an gCoimisiún Eorpach a chuirfidh ar fáil rochtain leictreonach láraithe ar fhaisnéis a bhaineann le margaí caipitil agus seirbhísí airgeadais (lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le hinbhuanaitheacht) nach mór a chur ar fáil don phobal faoi reachtaíocht an Aontais, agus ar chineálacha eile faisnéise a bhaineann le margaí caipitil agus seirbhísí airgeadais a chinneann cuideachtaí a fhoilsiú go deonach. Cuid de phlean gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil is ea ESAP (1). |
2.2. |
Baileofar an fhaisnéis trí chomhlachtaí bailithe éagsúla a bhfuil freagracht orthu, i measc nithe eile, bailíochtú uathoibrithe a dhéanamh agus cúnamh teicniúil a thabhairt d’eintitis a bhfuil an fhaisnéis curtha isteach acu. Dhearbhaigh an Coimisiún go raibh sé ar intinn aige tuilleadh sonraí a chur ar fáil lena n-úsáid sa gheilleagar agus sa tsochaí, lena n-áirítear spásanna sonraí Eorpacha a chur i bhfeidhm. Tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún níos mó sonraí ardchaighdeáin ón earnáil phoiblí a chur ar fáil lena n-athúsáid, lena n-áirítear sonraí cuideachta, agus na tacair sonraí sin a chur ar fáil ar bhealach níos éasca agus saor in aisce (2). Dá bhrí sin, tá tionscnamh reachtach ESAP ón gCoimisiún tráthuil agus an-ábhartha. |
2.3. |
Áiritheofar le ESAP rochtain neamh-idirdhealaitheach agus saor in aisce ar fhaisnéis, agus beifear in ann táillí a thabhairt isteach le haghaidh seirbhísí sonracha e.g. nuair a bheidh méid mór sonraí á fhoilsiú. Déanfar bailíochtú uathoibrithe chun a fhíorú go gcomhlíonann an fhaisnéis arna cur isteach ag na comhlachtaí bailithe na ceanglais, bailíochtú a bheidh bunaithe ar chreat teicniúil arna bhunú agus arna fhormheas ag an gCoimisiún. Beidh ESAP ar fáil ar feadh 95 % den am gach mí ar a laghad. |
2.4. |
Ní dhéanfaidh ESAP faisnéis a bhaineann le sonraí pearsanta a stóráil, cé is moite de roinnt eisceachtaí. Déanfar faireachán air chomh maith, agus táscairí amhail na nithe seo a leanas á gcur san áireamh:
|
2.5. |
Cuirfear ar fáil le ESAP feidhmiúlachtaí amhail comhéadan soláimhsithe i dteangacha uile an Aontais, feidhm chuardaigh, seirbhís íoslódála, cur chuige nuálach maidir le seirbhísí aistriúcháin a sholáthar agus seirbhís fógartha lena gcuirfear úsáideoirí ar an eolas faoi aon fhaisnéis nua atá ar fáil. Déanfar meastóireacht ar ESAP bunaithe ar inrochtaineacht, cáilíocht agus inúsáidteacht na faisnéise, chomh maith le sástacht na n-úsáideoirí deiridh agus cumas na n-úsáideoirí a gcuspóirí a bhaint amach. Tá roinnt treoracha agus rialachán á modhnú chun ESAP a chur chun feidhme. |
3. Barúlacha ginearálta
3.1. |
Tacaíonn CESE le tionscnamh an Choimisiúin maidir le ESAP a bhunú. Príomhthosaíochtaí de chuid an Aontais is ea an geilleagar a chur in oiriúint don todhchaí dhigiteach, an cheannasacht dhigiteach a neartú, luas an tsreafa faisnéise a mhéadú agus caighdeáin chomhchoiteanna a leagan síos, agus béim á leagan ar shonraí, ar theicneolaíocht agus ar bhonneagar. Le ESAP cuirtear maoiniú sonraíbhunaithe chun cinn agus cuirtear feabhas mór ar rochtain na gcuideachtaí, na ngnólachtaí agus na n-institiúidí airgeadais ar shonraí agus ar fhaisnéis eintiteas. Rannchuideoidh ESAP le geilleagar atá níos inbhuanaithe, níos digití agus níos cuimsithí a chruthú agus le margaí caipitil a chomhtháthú ar bhealach níos fearr. Sa tuairim uaidh Aontas na Margaí Caipitil: Aontas do Dhaoine agus do Ghnólachtaí (plean gníomhaíochta nua), cuireann CESE in iúl gur tosaíocht é pointe rochtana aonair Eorpach a bhunú chun éifeachtúlacht Aontas na Margaí Caipitil a fheabhsú (3). |
3.2. |
Aontaíonn CESE leis an bhfíoras nach ngintear oibleagáidí tuairiscithe nua le ESAP agus go n-úsáidtear leis na ceanglais reatha maidir le nochtadh faoi reachtaíocht an Aontais. Uirlis is ea ESAP lena mbeifear in ann measúnú níos fearr a dhéanamh ar an gcaoi a rannchuidíonn eintitis Eorpacha le spriocanna inbhuanaitheachta agus aeráide. Tá faisnéis a bhaineann leis an inbhuanaitheacht ríthábhachtach chun infheistíochtaí a atreorú chuig tionscadail a thacóidh leis an aistriú glas, mar a léirigh na geallsealbhóirí sa chomhairliúchán maidir leis an straitéis airgeadais inbhuanaithe athnuaite (4). |
3.3. |
Áirithítear le ESAP rochtain ar fhaisnéis ar feadh tréimhse ama, lena n-áirítear faisnéis ón am a chuaigh thart, rud atá tábhachtach chun próisis chinnteoireachta iomchuí a áirithiú sna margaí caipitil. Tá fadhbanna ag baint leis an maoiniú Eorpach, ós rud é go mbíonn míchothrom iomaíochta ann mar thoradh air: bíonn na costais mhaoiniúcháin nach mór cuideachtaí dul i ngleic leo ag brath cuid mhór ar thír chorpraithe na gcuideachtaí. Bíonn sé deacair ar chuideachtaí nuathionscanta atá teoranta ó thaobh comhthaobhachta de maoiniú ar bith a fháil, agus bíonn tionchar ag suaití eacnamaíocha áitiúla ar an tomhaltas chomh maith (5). Beidh rianú ar fheidhmíocht eacnamaíoch agus inbhuanaitheachta ríthábhachtach do na margaí caipitil agus do chinntí infheistíochta amach anseo. |
3.4. |
Tá ESAP á chur ar bun tráth a bhfuil athrú ó bhonn á dhéanamh ar earnáil airgeadais an Aontais, mar gheall ar dhá aistrithe ollmhóra, i.e. an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú aeráide. Caillfear poist agus beidh gá le scileanna nua a fhoghlaim. Tá athruithe ag teacht ar fhreagrachtaí na bhfostaithe agus leagfar roinnt fostaithe as a bpost. Cuirfear múnla eagraíochtúla nua maidir leis an obair chun feidhme. D’fhéadfadh ESAP a bheith ina uirlis chun bainistiú dearfach a dhéanamh ar chuid d’éifeachtaí dúshlánacha phróiseas an chlaochlaithe airgeadais atá ag tarlú san Aontas. |
3.5. |
D’fhéadfadh tionchar a bheith ag ESAP ar fhorbairt agus ar infheistíochtaí. D’fhéadfaí FBManna ar mian leo a n-infheictheacht a mhéadú a spreagadh a gcuid sonraí a fhoilsiú chun infheistíochtaí agus margaí amach anseo a mhealladh. Molann CESE ról na n-idirghabhálaithe bogearraí a chur san áireamh, ós rud é go n-oibreoidh roinnt cuideachtaí, go háirithe FBManna, le heintitis den chineál sin d’fhonn an t-ualach riaracháin a bhaineann le bainistiú agus stóráil sonraí a laghdú. Rannchuidíonn ESAP leis na costais a bhaineann leis an bpróiseas cinnteoireachta infheistíochta a laghdú agus le hinfheictheacht na FBManna a mhéadú. |
3.6. |
Ba cheart idir-inoibritheacht éifeachtúil le Eurostat agus le cláir náisiúnta a bheith mar thoradh ar ESAP. Ba cheart dinimic na leasanna poiblí nó margaidh maidir le trédhearcacht agus sonraí a chomhtháthú trína dhéanamh indéanta catagóirí sonraí nua a chur leis amach anseo. Ba cheart ESAP a fhorbairt mar ionstraim sonraí atá solúbtha i ndáil leis na hearnálacha éagsúla agus na tionscnaimh Eorpacha éagsúla. Is gné thábhachtach í an chumarsáid idir teicneolaíochtaí éagsúla. Ba cheart an costas a bhaineann le sonraí nua a chur isteach a mheas ó thaobh a dtionchar ar mhargaí caipitil agus ó thaobh bainistiú sonraí de. |
3.7. |
Tá sé tábhachtach nascacht idirlín leordhóthanach a áirithiú ar fud an Aontais ar fad ionas go mbeidh rochtain ag gach cuideachta ar ESAP agus chun an t-idirdhealú a chosc. Tá sé ríthábhachtach infheistíocht a dhéanamh chun “criosanna bána” a laghdú agus a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach saoránach agus ag gach geallsealbhóir sa mhargadh caipitil ar ESAP. |
3.8. |
Ba cheart sláine sonraí agus inchreidteacht fhoinse na faisnéise a chuirtear faoi bhráid na gcomhlachtaí bailithe a áirithiú le ESAP. Ba cheart an mheastóireacht uathoibrithe ar an bhfaisnéis a bheith simplí agus soláimhsithe. Ní mór rochtain a thabhairt ar fhaisnéis atá bailí agus iomchuí agus tomhaltóirí a chosaint a bheith ina dtosaíochtaí leanúnacha i gcónaí. Ba cheart faireachán cuí a dhéanamh freisin ar chomhlachtaí bailithe agus ba cheart cosaint sonraí a bheith ina thosaíocht leanúnach freisin. |
3.9. |
A bhuí le deiseanna cistiúcháin níos fearr do chuideachtaí, cruthófar deiseanna nua do mhargadh an Aontais agus deiseanna nua fostaíochta. Ba cheart a chur san áireamh le ESAP gach cineál infheistíochta agus gníomhaithe margaidh, lena n-áirítear i réimse an gheilleagair shóisialta nó an tsluachistiúcháin, a bhfuil tionchar dearfach acu ar an leas ginearálta, go háirithe do dhaoine leochaileacha. Ba cheart feidhmiúlachtaí a cheadú le ESAP chun cur ar chumas daoine faoi mhíchumas tairbhe a bhaint as inrochtaineacht chuí. |
3.10. |
Tacaíonn CESE le go mbeidh úsáid ESAP, agus nochtadh roinnt faisnéise, saor in aisce. Mar sin féin, d’fhéadfadh costas ard a bheith ag baint le ceadúnais nó le sonraí a bhailiú, a ghiniúint agus a bhainistiú. Ba cheart dreasachtaí fioscacha agus fóirdheontais do FBManna a thabhairt isteach chun na costais a bhaineann le sonraí a sholáthar a laghdú, go háirithe i gcás tuarascálacha éigeantacha. Ní mór do chistí an Aontais tacú le hinfheistíochtaí i dtrealamh bogearraí agus crua-earraí do chuideachtaí agus do gheallsealbhóirí eile sa mhargadh caipitil chun úsáid cheart ESAP a áirithiú agus idirghníomhú iomchuí leis a chumasú. Ní mór do na Ballstáit a bheith níos rannpháirtí i ndáil leis sin. Ba cheart FBManna a bheith díolmhaithe ó aon táillí, gan beann ar an méid faisnéise a fhoilsíonn siad. Ba cheart leibhéal na dtáillí, nuair a chuirtear i bhfeidhm iad, a bheith trédhearcach agus ba cheart nasc díreach a bheith idir an leibhéal sin agus na costais a bhaineann le bainistiú sonraí. |
3.11. |
Ba cheart do ESAP caitheamh le cuideachtaí liostaithe agus cuideachtaí neamhliostaithe araon, gan beann ar mhéid nó suíomh geografach. Ba cheart ESAP a bheith ina ionstraim lena ngintear breisluach trí éifeachtúlacht an tuairiscithe, na trédhearcachta agus na bainistíochta sonraí a mhéadú. |
3.12. |
Ba cheart rialachas ESAP a bhunú ar rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus ba cheart dhá leibhéal struchtúir rialachais a áirithiú leis, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
3.13. |
Sa chomhthéacs ina mbíonn ar na bainc dul i ngleic le neamhchosaint ard, bíonn muinín infheisteoirí agus an cinneadh infheistíocht a dhéanamh i gcuideachtaí trí úsáid a bhaint as margaí caipitil ag brath ar infhaighteacht, cáilíocht agus inchomparáideacht faisnéise. Cuireann CESE in iúl go bhfuil nósanna imeachta caighdeánacha ríthábhachtach chun caidreamh éifeachtach agus cuimsitheach a chruthú idir eisitheoirí agus infheisteoirí. Ní mór na spriocdhátaí céanna le haghaidh nochtadh sonraí agus na modheolaíochtaí céanna le haghaidh sonraí a fhoilsítear i gcomhréir leis an bprionsabal “gnó céanna, rioscaí céanna, rialacha céanna” a bheith san áireamh sa chaighdeánú. |
3.14. |
I ngeall ar ghéarchéim COVID-19 agus ar an ngá atá le téarnamh inbhuanaithe agus cuimsitheach nach bhfágann aon duine ar lár, tá brú breise ann dlús a chur le cur chun feidhme phlean gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil. Tá an gá atá ag cuideachtaí cistiú agus infheistíochtaí a fháil níos mó ná riamh. |
4. Barúlacha sonracha
4.1. |
Creideann CESE nár cheart Aontas na Margaí Caipitil a bheith ina ionstraim dheonach nach mbaineann ach líon beag geallsealbhóirí leas aisti, ach gur gá é a chur i gcrích i mBallstáit uile an Aontais. Ní mór acmhainní cuí airgeadais agus daonna a leithdháileadh chun úsáid éifeachtúil agus éifeachtach ESAP a áirithiú. Ba cheart tús áite a thabhairt do na Ballstáit agus do mhaoirseoirí náisiúnta a bheith rannpháirteach agus tacú leo d’fhonn a áirithiú go n-aithneofar ESAP mar ionstraim thábhachtach Eorpach sonraí do chuideachtaí, d’infheisteoirí agus d’idirghabhálaithe airgeadais. Ba cheart ESAP, mar aon leis na buntáistí agus an tábhacht a bhaineann leis, a chur chun cinn sna Ballstáit uile. Chuige sin, d’fhéadfaí úsáid a bhaint as na meáin shóisialta. |
4.2. |
Tacaíonn CESE leis go bhfuil an Coimisiún toilteanach níos mó trédhearcachta a thabhairt isteach, tuilleadh sonraí a chur ar fáil (6) agus tacú le claochlú digiteach an mhaoinithe sna blianta atá le teacht, mar a luaitear sa straitéis airgeadais dhigitigh (7). Ba cheart an fhéidearthacht sonraí a chomhiomlánú agus tuarascálacha a ghiniúint a chur san áireamh le ESAP (8). Ba cheart feidhmiúlachtaí comparáide agus nuachtlitreacha a chur san áireamh. D’fhéadfadh fóram geallsealbhóirí a bheith san áireamh le ESAP le haghaidh pléití agus mínithe, agus chun dea-chleachtais a roinnt. |
4.3. |
Molann CESE deasc chabhrach thiomnaithe a chur ar bun chun cabhrú leis an bhfaisnéis a chur isteach san fhormáid cheart agus chun a áirithiú go bhfuil sí inúsáidte go teicniúil. Ba cheart a áireamh sa chúnamh a chuirfear ar fáil nósanna imeachta comhchoiteanna agus creat le haghaidh comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus inúsáidteacht sonraí. Ar deireadh, chun próiseas atá éifeachtach ó thaobh costais de a chinntiú, ba cheart ESAP oibriú leis na formáidí comhaid is coitianta, mar shampla XBRL, PDF, XML, HTML, CSV, TXT agus XLS. |
4.4. |
Measann CESE go mbeidh tionchar dearfach ag an digiteáil agus ag sonraí láraithe ar thuairisciú. Tiocfaidh feabhas ar thástálacha struis éagsúla agus anailísí aeráide mar thoradh air, chomh maith le punanna institiúidí airgeadais a shainaithint agus faireachán a dhéanamh orthu a mhéid a bhaineann le spriocanna Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide. Beidh ESAP ina uirlis a chuideoidh le rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus le deiseanna a chruthú do chuideachtaí. Ina theannta sin, d’fhéadfadh ESAP a bheith ina uirlis chun borradh a chur faoi thaighde FBManna ar an leibhéal Eorpach. |
4.5. |
Molann CESE go mbeadh an leibhéal céanna tábhachta maidir le hinfheictheacht agus stádas idir sonraí airgeadais agus sonraí neamhairgeadais. Ba cheart sonraí sóisialta maidir le gníomhaíocht gach cuideachta agus a cuid fostaithe a chur san áireamh san fhaisnéis neamhairgeadais, ar bhonn deonach. Ba cheart é a bheith indéanta sonraí a bhaineann le bainistíocht na cuideachta agus le foireann na cuideachta (an líon fostaithe, inscne, etc.) a chur san áireamh, ar bhonn deonach. D’fhéadfaí critéir shonracha maidir le faisnéis shóisialta a bhunú i ndáil leis sin. |
4.6. |
Measann CESE gur cheart ESAP a bheith níos uaillmhianaí. Go háirithe, ba cheart cuspóirí breise a chur leis, a rachadh níos faide ná sonraí amha a bhailiú, agus ba cheart níos mó breisluacha a chruthú tríd an bhfaisnéis a phróiseáil, in ionad ESAP a bheith ina uirlis faisnéise amháin ag a bhfuil pointe rochtana aonair. Is díol sásaimh do CESE go mbeidh ESAP ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais. Tá ról agus tábhacht ESAP ríthábhachtach chun a áirithiú go mbeidh rochtain atá níos fearr, cuí, cothrom, comhionann agus láithreach ag taighdeoirí, ag na comhpháirtithe sóisialta, ag eagraíochtaí neamhrialtasacha, ag acadóirí agus ag anailísithe ar fhaisnéis. D’fhéadfadh ESAP tacú le teacht chun cinn ardán nua maidir le faisnéis phríobháideach a phróiseáil; mar sin féin, beidh fadhbanna fós ag baint leis an gcostas a bhaineann leis na hardáin sin a úsáid agus le rochtain ar mhargaí caipitil, go háirithe d’infheisteoirí beaga, mar dhaoine aonair príobháideacha. |
4.7. |
A bhuí le mórshonraí, meaisínfhoghlaim agus an intleacht shaorga, beidh níos mó éifeachtúlachta ann maidir le faisnéis a úsáid chun margaí caipitil níos comhtháite a chruthú agus beidh geilleagar an Aontais níos athléimní. Ba cheart roghanna maidir le tuarascálacha agus anailísí earnálacha agus críochacha a chur ar fáil d’úsáideoirí ESAP amach anseo. Ba cheart bailíocht sonraí a sheiceáil agus a áirithiú a bheith ina ábhar imní i gcónaí. Ní mór faireachán cúramach a dhéanamh ar aon fhorluí a bhaineann le tuairisciú agus le bainistíocht sonraí. Mar sin féin, measann CESE nach bhfuil faisnéis amh a sholáthar uaillmhianach go leor agus nach leor é d’infheisteoirí nua a bhfuil a machnamh á dhéanamh acu infheistíocht a dhéanamh sna margaí caipitil ach nach bhfuil aithne acu ar na margaí sin. |
4.8. |
Ní mór ESAP a sheoladh, ní hamháin chun cuspóir an mhargaidh chaipitil a bhaint amach, ach chun cuspóirí beartais comhlántacha a bhaint amach freisin, amhail rannchuidiú cuideachtaí le táscairí SFI na Náisiún Aontaithe. Dá dtabharfaí rochtain ar shonraí do thríú tíortha, d’fhéadfaí cuidiú lena áirithiú go ndéanfar infheistíocht bhreise i gcuideachtaí an Aontais amach anseo. Ba cheart do ESAP an sampla de thairseach InvestEU a leanúint agus d’fhéadfadh sé tacú le cur chun feidhme rathúil Aontas na Margaí Caipitil (9). |
4.9. |
Measann CESE gur cheart díriú ar an litearthacht airgeadais agus dhigiteach (Gníomh 7 de phlean gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil). Tá treoirleabhar don litearthacht airgeadais agus do shonraí ag teastáil freisin. D’fhéadfaí treoirlínte tiomnaithe a chur ar fáil agus a chur chun cinn chun tuiscint a fháil ar an tábhacht a bhaineann le sonraí agus chun sonraí a úsáid agus a chomhroinnt. D’fhéadfaí cistí CSE+ a úsáid chuige sin. Ba cheart é a bheith ina ábhar imní i gcónaí dálaí oibre cuí agus leordhóthanacha a áirithiú d’oibrithe a bhfuil baint acu le sonraí ó chuideachtaí nó ó gheallsealbhóirí éagsúla a bhailiú agus a bhainistiú. |
4.10. |
D’fhéadfaí sraith íosta d’eochairtháscairí feidhmíochta eacnamaíocha, arna sainiú ar leibhéal an Aontais, agus modheolaíocht choiteann a chur san áireamh ar ESAP chun úsáid níos fearr agus níos leithne a áirithiú. Ní mór sineirge shoiléir le hAirteagal 8 de Thacsanomaíocht AE maidir le hinbhuanaitheacht (10) a áirithiú ós rud é go n-áirítear sonraí inbhuanaitheachta in ESAP. Ba cheart spás tiomnaithe do staidreamh an Chomhaontaithe Ghlais agus rannchuidiú cuideachtaí le táscairí an Chomhaontaithe Glais a chur san áireamh le ESAP. |
4.11. |
Ar deireadh, ba mhaith le CESE go ndéanfadh an Coimisiún Eorpach measúnú ar na fiúntais a bhaineann le rialáil agus maoirseacht atá cuí agus comhréireach a dhéanamh ar sholáthraithe sonraí airgeadais agus soláthraithe sonraí comhshaoil, sóisialta agus rialachais, ós rud é go leanfaidh siad de ról lárnach a bheith acu, go réamhtheachtach agus go hiartheachtach, nuair a bheidh ESAP oibríochtúil. |
An Bhruiséil, 23 Márta 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Gníomh 1, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – A capital markets union for people and businesses – new action plan [Aontas na Margaí Caipitil do dhaoine agus do ghnólachtaí – plean gníomhaíochta nua], 24.9.2020, COM(2020) 590 final.
(2) Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid, (IO L 172, 26.6.2019, lch 56)
(3) IO C 155, 30.4.2021, lch. 20 (níl leagan Gaeilge ann).
(4) Tuarascáil 2019/1024 ón Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (2020), Sustainable Finance and the Role of Securities Regulators and IOSCO.
(5) https://blogs.imf.org/2019/09/10/a-capital-market-union-for-europe-why-its-needed-and-how-to-get-there
(6) COM(2020) 66 final.
(7) COM(2020) 591 final.
(8) Cosúil leis an Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte
(9) IO C 155, 30.4.2021, lch. 20.
(10) https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32020R0852&from=EN
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290/64 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/760 a mhéid a bhaineann le raon feidhme sócmhainní agus infheistíochtaí incháilithe, ceanglais maidir le comhdhéanaimh agus éagsúlú punainne, iasachtaíocht airgid thirim agus rialacha ciste eile a mhéid a bhaineann le ceanglais a bhaineann le húdarú, beartais infheistíochta agus coinníollacha oibriúcháin cistí infheistíochta fadtéarmacha Eorpacha
(COM(2021) 722 final — 2021/0377 (COD))
(2022/C 290/11)
Rapóirtéir: |
Pierre BOLLON |
Comhairliúchán |
Parlaimint na hEorpa, 14.2.2022 Comhairle an Aontais Eorpaigh, 22.3.2022 |
Bunús dlí |
Airteagail 114 agus 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
An rannóg atá freagrach |
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta |
Dáta a glactha sa rannóg |
3.3.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
23.3.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
568 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
111/1/0 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Tá CESE ag tacú go láidir leis an athbhreithniú cothrom atá beartaithe ar an Rialachán maidir le Cistí Infheistíochta Fadtéarmacha Eorpacha (ELTIFanna), ós rud é nár bhain an fhormáid roimhe sin a spriocanna beartaithe amach. Tá gá ar leith le hathrú ar acmhainní airgeadais agus ar choigilteas i dtreo infheistíochtaí fadtéarmacha ar mhaithe le téarnamh “iar-COVID” a bheidh cuimsitheach ar bhonn sóisialta agus ar mhaithe leis an aistriú digiteach agus an aistriú aeráide. Is cinnte go mbeidh athbhreithniú domhain ar Rialachán ELTIF fíorthábhachtach chun an méid sin a bhaint amach. Tá súil ag CESE, dá bhrí sin, nach dtabharfar ceanglais nua rialála isteach mar thoradh ar an bpróiseas glactha, ar ceanglais iad lena lagófaí an iarracht i dtreo tuilleadh simplíochta a mhol an Coimisiún mar is ceart. |
1.2. |
Is togra tráthúil ábhartha é “ELTIF 2” a d’fhéadfadh borradh suntasach a chur faoin bhfás eacnamaíoch agus faoi chruthú post san Aontas. Is cistí fadtéarmacha iad ELTIFanna a bhaineann tairbhe as “pas Eorpach” a bheith acu. Ní mór ról suntasach a bheith acu maidir le maoiniú an aistrithe aeráide agus an aistrithe dhigitigh araon, maidir le bonneagar iompair agus sóisialta a fhorbairt, agus maoiniú tionscadal tithíochta, chomh maith le maoiniú a dhéanamh, ar ndóigh, ar chuideachtaí beaga agus meánmhéide san Eoraip, go háirithe cuideachtaí nuálacha agus gnólachtaí nuathionscanta. |
1.3. |
Ar an drochuair, níl meastachán sách cruinn ar fáil ag an bpointe seo maidir leis an easnamh domhanda atá ann i dtaca le maoiniú fadtéarmach. Ní mór obair a dhéanamh fós ar an leibhéal Eorpach chun meastachán níos cruinne a fháil, ach níl amhras ar bith ach go bhfuil maoiniú mór de dhíth, ar fiú roinnt trilliún euro é. |
1.4. |
Thar aon ní eile, tá béim láidir á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá sé an t-aistriú bunriachtanach chuig geilleagar Eorpach ar lú go mór a lorg carbóin (agus a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de ar deireadh) a chistiú, agus ar a thábhachtaí atá an “Straitéis maidir leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe a mhaoiniú”. Ní mór sonraí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) agus sonraí airgeadais a dhéanamh níos inrochtana, go háirithe trí thionscadal an Phointe Rochtana Aonair Eorpaigh (ESAP) agus, go mór mór tríd an rialáil agus an mhaoirseacht is gá a dhéanamh ar sholáthraithe sonraí. |
1.5. |
Tá feabhsuithe spriocdhírithe ar infheistíochtaí incháilithe i dtogra “ELTIF 2” ón gCoimisiún Eorpach. Cuirfidh an méid sin le punanna infheistíochta ELTIFanna agus cothófar fás eacnamaíoch agus iomaíochas. Ina theannta sin, beidh siad in ann raon geografach níos leithne infheistíochtaí laistigh den Eoraip a chumhdach. |
1.6. |
Tá CESE ag tacú le dídhreasachtaí áirithe a bhí ann roimhe seo a laghdú maidir leis an rochtain ar ELTIFanna atá ag infheisteoirí miondíola, nach féidir leo leas a bhaint faoi láthair as na torthaí ar infheistíochtaí fadtéarmacha. Dá bhrí sin, chomhlánódh ELTIFanna rath reatha na nGnóthas le haghaidh Comhinfheistíocht in Urrúis Inaistrithe (GCUInna). Is beart tábhachtach é sin, go háirithe ós rud é go neartaítear cosaint infheisteoirí leis an nasc nua láidir leis na “measúnuithe oiriúnachta” éigeantacha faoin Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais (MiFID II) agus leis an soiléiriú ar na rialacha maidir le coimhlintí leasa. Ina theannta sin, tá CESE ag iarraidh go láidir an athuair go ndéanfaí oideachas d’infheisteoirí a fhorbairt ar fud na hEorpa. |
1.7. |
Bheadh CESE i bhfabhar ELTIFanna atá “neamhiata” (mar aon le cinn “iata”) — i.e. ELTIFanna a d’fhéadfadh a bheith mór agus éagsúlaithe agus a d’fhéadfadh fuascailtí (agus suibscríbhinní) a cheadú tar éis tréimhse fógra, ar choinníoll, go bhfuil na féidearthachtaí sin leagtha amach go soiléir sna doiciméid a thugtar do na cliaint agus a ndéanann an t-údarás náisiúnta inniúil faireachán orthu. Chun cabhrú leo iad a dhéanamh níos “leachtaí”, ba cheart é a bheith de chumas ag na ELTIFanna sin suas le 50 % (agus b’fhéidir níos mó fós) a infheistiú i sócmhainní éagsúlaithe agus rialacha GCUInna á n-urramú acu. Chuideodh sé go mór freisin dá méadófaí a thuilleadh an leibhéal infheistíochta a d’fhéadfaí a dhéanamh i gcistí eile. |
1.8. |
Ós rud é go bhfuil ar ELTIFanna cloí go docht leis na rialacha atá leagtha amach i Rialachán Eorpach, d’fhéadfadh an Coimisiún Eorpach beart dearfach eile a dhéanamh, is é sin measúnú a dhéanamh ar a fhiúntaí agus a indéanta a bheadh sé ceadú dóibh leas a bhaint as cód ISIN (Uimhir Aitheantais Urrús Idirnáisiúnta) “.eu”, rud a chuirfeadh feabhas ar a n-infhaighteacht agus ar a n-infheictheacht thar theorainneacha. Is díol sásaimh é ról láidir a bheith ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) taobh leis na rialtóirí náisiúnta gníomhacha maidir le caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh, cóineasú maoirseachta a chur chun cinn agus an obair mhaoirseachta a chomhordú. |
1.9. |
Tá sé tábhachtach incháilitheacht ELTIFanna do chuntais choigiltis, do chonarthaí árachais saoil aonadnasctha, do scéimeanna coigiltis d’fhostaithe agus, dar ndóigh, do shásraí scoir amhail an Táirge Pinsin Uile-Eorpach a éascú. Ag an am céanna, d’fhéadfadh an togra reatha le haghaidh athmhúnlú ar Threoir Sócmhainneacht 2 agus an t-athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar an Treoir maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORP) dreasacht a chur san áireamh do ghnóthais árachais agus pinsean infheistíocht a dhéanamh in ELTIFanna. |
1.10. |
Agus ar ndóigh, ba cheart d’infheisteoirí Eorpacha a bhfuil ELTIFanna acu a bheith in ann tairbhe a bhaint as an gcóireáil cánach is fearr a thugann a dtír chónaithe maidir lena gcuid coigilteas. Ba cheart d’infheisteoirí fadtéarmacha tairbhe a bhaint ar fud na hEorpa as rialacha cánach atá cobhsaí agus dreasacht-bhunaithe. |
2. Achoimre ar an togra ón gCoimisiún
2.1. |
Is creat Eorpach le haghaidh cistí infheistíochta malartacha é “Rialachán ELTIF” d’infheistíochtaí fadtéarmacha, amhail tionscadail bhonneagair shóisialta agus iompair, réadmhaoin agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). Bunaítear le Rialachán ELTIF rialacha aonfhoirmeacha maidir le húdarú, beartais infheistíochta agus coinníollacha oibríochta agus margú ELTIFanna. |
2.2. |
Beartaítear le creat rialála ELTIF infheistíochtaí fadtéarmacha i sócmhainní den chineál sin a dhéanann infheisteoirí institiúideacha agus miondíola a éascú agus foinse airgeadais mhalartach neamhbhainc a sholáthar don fhíorgheilleagar. |
2.3. |
Is é is aidhm don athbhreithniú seo glacadh ELTIFanna ar fud an Aontais a mhéadú ar mhaithe le geilleagar an Aontais agus infheisteoirí. Ar an gcaoi sin, thacófaí le forbairt leanúnach Aontas na Margaí Caipitil (CMU) arb é is aidhm dó freisin an rochtain atá ag cuideachtaí de chuid an Aontais ar mhaoiniú fadtéarmach atá níos cobhsaí, níos inbhuanaithe agus níos ilghnéithí a éascú. |
2.4. |
Ó glacadh bunchreat dlíthiúil ELTIF i mí Aibreáin 2015, níor údaraíodh ach 67 ELTIF (ó mhí Feabhra 2022) a raibh líon réasúnta beag glansócmhainní faoi bhainistíocht ag gabháil leo (meastar tuairim agus EUR 2,4 billiún in 2021). Níl sainchónaí ar chistí údaraithe ELTIF den sórt sin ach i gceithre Bhallstát (Lucsamburg, an Fhrainc, an Iodáil agus an Spáinn) agus ní raibh aon ELTIF intíre sna Ballstáit eile. |
2.5. |
Cé gur creat réasúnta nua fós é ELTIF, tugtar le fios sna sonraí margaidh atá ar fáil nár tháinig méadú chomh mór sin ar fhorbairt an mhargaidh agus a raibh coinne leis. |
2.6. |
Bunaithe ar an meastóireacht ar fheidhmiú chreat dlíthiúil ELTIF agus ar aiseolas ó na páirtithe leasmhara, is beag a dhéanann na rialacha cistí sriantacha agus na bacainní iontrála le haghaidh infheisteoirí miondíola de bhuntáistí ELTIFanna agus mar gheall ar an éifeacht chomhcheangailte sin, laghdaítear fóntas, éifeachtacht agus tarraingteacht chreat dlíthiúil ELTIF le haghaidh bainisteoirí agus infheisteoirí. Tá na srianta sin ina bpríomhchúiseanna nár éirigh le ELTIF méadú suntasach a dhéanamh agus barr a gcumais a bhaint amach i ndáil le hinfheistíochtaí a chur i dtreo an fhíorgheilleagair. |
2.7. |
I dtaca leis sin, leis an athbhreithniú ar chreat rialála ELTIF féachtar le dlús a chur le glacadh ELTIFanna agus le feabhas a chur ar tharraingteacht ELTIFanna trí athruithe spriocdhírithe a dhéanamh ar rialacha an chiste. Ciallaíonn sé sin go háirithe go leathnófar raon feidhme na sócmhainní agus na n-infheistíochtaí incháilithe lena gceadófar rialacha cistí níos solúbtha lena n-áirítear straitéisí ciste cistí a éascú agus na bacainní gan údar lena gcuirtear cosc ar infheisteoirí miondíola rochtain a fháil ar ELTIFanna a laghdú, go háirithe an ceanglas maidir leis an infheistíocht tosaigh EUR 10 000 agus an ceanglas maidir leis an tairseach chomhiomlán 10 % le haghaidh infheisteoirí miondíola a bhfuil punanna airgeadais faoi bhun EUR 500 000 acu. |
2.8. |
Ina theannta sin, is é is aidhm don togra struchtúr ELTIF a dhéanamh níos tarraingtí trí rialacha cistí roghnacha a éascú i ndáil le ELTIFanna a dháiltear ar infheisteoirí gairmiúla amháin. Tugtar isteach leis an athbhreithniú ar chreat dlíthiúil ELTIF sásra roghnach um ionú leachtachta chun leachtacht bhreise a sholáthar d’infheisteoirí ELTIF agus d’infheisteoirí a shuibscríobh le déanaí gan gá le tarraingt anuas ó chaipiteal ELTIFanna. Leis an togra, féachtar lena áirithiú go gcuirtear coimircí iomchuí i dtaca le cosaint infheisteoirí ar bun. |
3. Barúlacha ginearálta
3.1. |
Tá CESE ag tacú go láidir leis an athbhreithniú cothrom atá beartaithe ar Rialachán ELTIF, ós rud é nár bhain an fhormáid roimhe sin a spriocanna beartaithe amach. Ba dhíol sásaimh an t-athbhreithniú sin agus cuireadh in iúl cheana sa tuairim ó CESE Aontas na Margaí Caipitil (1) gur bunchloch é de phlean gníomhaíochta nua Aontas na Margaí Caipitil. |
3.2. |
Go deimhin, de bhreis ar fheabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar shábháilteacht mhargaí caipitil na hEorpa, tá gá ar leith le hathrú ar acmhainní airgeadais agus ar choigilteas i dtreo infheistíochtaí fadtéarmacha ar mhaithe le téarnamh “iar-COVID” a bheidh cuimsitheach ar bhonn sóisialta agus ar mhaithe leis an aistriú digiteach agus an aistriú aeráide. Is cinnte go mbeidh athbhreithniú domhain ar Rialachán ELTIF fíorthábhachtach chun an méid sin a bhaint amach. Tá súil ag CESE, dá bhrí sin, nach dtabharfar ceanglais nua rialála isteach mar thoradh ar an bpróiseas glactha, ar ceanglais iad lena lagófaí an iarracht i dtreo tuilleadh simplíochta a mhol an Coimisiún mar is ceart. |
3.3. |
Is cistí fadtéarmacha iad ELTIFanna ar féidir iad a mhargú agus suibscríobh dóibh ar bhonn trasteorann ar fud an Aontais, toisc go mbaineann siad tairbhe as “pas Eorpach” a bheith acu. Beidh siad in ann ról suntasach a bheith acu maidir le bonneagar (amhail iompar agus fuinneamh) a fhorbairt, tithíocht a thabhairt cothrom le dáta, taighde agus forbairt a mhaoiniú, agus maoiniú a dhéanamh ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus gnólachtaí nuathionscanta san Eoraip (infheistíochtaí nach mbaineann leas i gcoitinne as an leachtacht a chuirtear ar fáil trí liostú ar mhargaí airgeadais), rud a chuireann cruthú post chun cinn. |
3.4. |
Thar aon ní eile, tá béim láidir á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá sé an t-aistriú bunriachtanach chuig geilleagar Eorpach a bheidh cuimsitheach agus ar lú go mór a lorg carbóin (agus a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de ar deireadh) a chistiú, agus ar a thábhachtaí atá an “Straitéis maidir leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe a mhaoiniú”, go háirithe an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach agus an tacsanomaíocht shóisialta atá beartaithe. Ní mór sonraí ESG agus sonraí airgeadais a dhéanamh níos inrochtana, go háirithe trí thionscadal an Phointe Rochtana Aonair Eorpaigh (ESAP) agus, go mór mór tríd an rialáil agus an mhaoirseacht is gá a dhéanamh ar sholáthraithe sonraí. Ba cheart dlús a chur freisin leis an obair ar lipéid ESG chun treoir a thabhairt d’infheisteoirí ELTIF. |
3.5. |
Sa togra ón gCoimisiún Eorpach “ELTIF 2” atá dea-chalabraithe agus comhréireach, áirítear feabhsuithe spriocdhírithe ar infheistíochtaí incháilithe, mar is ceart. Leis sin, cuirfear tacaíocht níos láidre ar fáil don fhás agus don iomaíochas trí ELTIFanna. Dá bhrí sin, beidh líon suntasach díobh níos éagsúlaithe, mar go leathnófar punanna infheistíochta ELTIFanna, rud a mhéadóidh líon na ndeiseanna. I gcásanna eile, díreofar ar infheistíochtaí tábhachtacha. Ina theannta sin, mar thoradh ar na hathruithe, beidh ELTIFanna in ann raon geografach níos leithne infheistíochtaí laistigh den Eoraip a chumhdach. |
3.6. |
Tá CESE ag tacú le dídhreasachtaí áirithe a bhí ann roimhe seo a laghdú maidir leis an rochtain ar ELTIFanna atá ag infheisteoirí miondíola. I bhfianaise mhéid ollmhór an choigiltis nach féidir leas a bhaint as torthaí ar infheistíochtaí fadtéarmacha sa lá atá inniu ann, is beart tábhachtach é sin, go háirithe i gcomhthéacs rátaí úis ísle (cé go bhfuil siad ag méadú i gcásanna áirithe) agus i gcomhthéacs brúnna boilscitheacha. Ó thaobh infheisteoirí a chosaint, tá sé an-tábhachtach raon níos leithne de shócmhainní incháilithe agus straitéisí infheistíochta a sholáthar, rud a bheidh níos éifeachtaí ná na srianta mionsonraithe ó 2015, a raibh sé de mhíbhuntáiste acu an tairiscint cistí d’infheisteoirí, bídís institiúideach nó miondíola araon, a theorannú go mór. Is díol sásaimh do CESE an nasc nua láidir leis na “measúnuithe oiriúnachta” éigeantacha faoin Treoir maidir le MiFID II agus leis an soiléiriú ar na rialacha maidir le coimhlintí leasa. Ina theannta sin, tá CESE ag iarraidh go láidir an athuair go ndéanfaí oideachas d’infheisteoirí a fhorbairt ar fud na hEorpa. |
3.7. |
Tá cineál ELTIF amháin a bhfuil saintréithe aige atá cosúil le cistí “iata”. Maidir leis an gcineál ciste sin, is é an bealach traidisúnta chun leachtacht a chur ar fáil d’infheisteoirí, mar atá beartaithe, ná úsáid a bhaint as sásraí roghnacha um ionú leachtachta lena ndíoltar sócmhainní ar an margadh tánaisteach. I ndáiríre, áfach, is iondúil go mbíonn sé deacair nó dodhéanta i gcleachtas fiú na sásraí sin a chur chun feidhme, go háirithe nuair a bhíonn “cruthaitheoirí margaidh” gann (riosca a tugadh chun suntais i dtuairim CESE an 16 Deireadh Fómhair 2013, agus a tháinig chun cinn ar an drochuair). |
3.8. |
Is é sin an fáth go mbeadh CESE i bhfabhar, anuas ar ELTIFanna iata, ELTIFanna atá “neamhiata” (2) a chur i bhfeidhm, i.e. ELTIFanna a d’fhéadfadh a bheith mór agus éagsúlaithe agus a d’fhéadfadh fuascailtí (agus suibscríbhinní freisin) a cheadú go tréimhsiúil (dhá uair sa bhliain, cuir i gcás) tar éis tréimhse fógra (90 lá mar shampla), ar choinníoll go bhfuil na féidearthachtaí sin leagtha amach go soiléir ag an mbainisteoir ELTIF sna doiciméid a thugtar do na cliaint agus a ndéanann an t-údarás náisiúnta inniúil faireachán orthu. Is céim dhearfach chun tosaigh an togra ón gCoimisiún maidir le breis soiléireachta a chur ar fáil sna Caighdeáin Theicniúla Rialála maidir le céatadán aistarraingthe na fuascailte agus ba cheart cloí leis sin amach anseo. Chun cabhrú leo iad a dhéanamh níos “leachtaí”, ba cheart é a bheith de chumas ag ELTIFanna neamhiata suas le 50 % (agus b’fhéidir níos mó fós) a infheistiú i sócmhainní éagsúlaithe agus rialacha GCUInna á n-urramú acu. Chuideodh sé go mór freisin dá méadófaí a thuilleadh an leibhéal infheistíochta a d’fhéadfaí a dhéanamh i gcistí eile. |
3.9. |
Ba mhaith le CESE go ndéanfaí na cistí a thiomsófar trí ELTIFanna a infheistiú i ngeilleagar an Aontais go bunúsach, i gcomhthéacs na hiomaíochta géire ar an leibhéal domhanda agus i gcomhthéacs an ghá atá leis an dá aistriú a mhaoiniú. Ar an drochuair, níl meastachán sách cruinn ar fáil ag an bpointe seo maidir leis an easnamh atá ann i dtaca le maoiniú fadtéarmach. Dá bhrí sin, ní mór obair a dhéanamh fós ar an leibhéal Eorpach chun meastachán níos cruinne a fháil, ach níl amhras ar bith ach go bhfuil maoiniú mór de dhíth, ar fiú roinnt trilliún euro é (céatadán íseal aon digite d’olltáirgeacht intíre an Aontais Eorpaigh, más amhlaidh go gcuirtear san áireamh na riachtanais atá ann maidir leis an aeráid agus an inbhuanaitheacht, maidir le cothromas agus FBManna nuálacha agus gnólachtaí nuathionscanta, maidir leis an mbonneagar iompair agus, thar aon rud eile, an bonneagar sóisialta. |
3.10. |
Ós rud é go bhfuil ar ELTIFanna cloí go docht leis na rialacha atá leagtha amach i Rialachán Eorpach, d’fhéadfadh an Coimisiún Eorpach beart dearfach eile a dhéanamh, is é sin measúnú a dhéanamh ar a fhiúntaí agus a indéanta a bheadh sé ceadú dóibh leas a bhaint as cód ISIN “.eu”, rud a chuirfeadh feabhas ar a n-infhaighteacht agus ar a n-infheictheacht thar theorainneacha. Is díol sásaimh do CESE, i ndáil leis sin, neartú chlár na ELTIFanna mar a mhol an Coimisiún. Tá CESE ag iarraidh go mbunófar agus go bhforfheidhmeofar rialacha soiléire uile-Aontais le ceannaireacht éifeachtach ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí i ndlúthchomhar leis na rialtóirí náisiúnta gníomhacha. Ní mór a áirithiú leis na rialacha, go háirithe, go n-ionchorpróidh bainisteoirí ELTIF uirlisí cuí bainistíochta leachtachta sna cistí a sheolann siad agus go soláthróidh siad faisnéis shoiléir chruinn maidir le táillí agus rioscaí, mar a fhoráiltear cheana féin leis an Rialachán maidir le doiciméid faisnéise bunriachtanaí do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) agus maidir le reachtaíocht MiFID. |
3.11. |
Tá sé tábhachtach incháilitheacht ELTIFanna do chuntais choigiltis, do chonarthaí árachais saoil aonadnasctha, do scéimeanna coigiltis d’fhostaithe agus, dar ndóigh, do shásraí scoir amhail an Táirge Pinsin Uile-Eorpach a éascú. Ag an am céanna, d’fhéadfadh dreasacht do ghnóthais árachais agus pinsean infheistiú in ELTIFanna a bheith san áireamh sa togra reatha le haghaidh athmhúnlú ar Threoir Sócmhainneacht 2 agus san athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar an Treoir IORP. |
3.12. |
Agus ar ndóigh, ba cheart d’infheisteoirí Eorpacha a bhfuil ELTIFanna acu a bheith in ann tairbhe a bhaint as an gcóireáil cánach is fearr a thugann a dtír chónaithe maidir lena gcuid coigilteas. Ar an drochuair, i roinnt mhaith tíortha Eorpacha, is minic a thugtar tosaíocht fhioscach do choigilt ghearrthéarmach ar shócmhainní leachtacha, rud a chuireann an teachtaireacht mhícheart chuig infheisteoirí gur fearr díriú ar an leachtacht fiú nuair a d’fhéadfaidís díriú níos mó ar an bhfadtéarma. Ar aon chuma, ba cheart d’infheisteoirí fadtéarmacha tairbhe a bhaint as rialacha cánach atá cobhsaí agus dreasacht-bhunaithe. |
An Bhruiséil, 23 Márta 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) IO C 155, 30.4.2021, lch. 20.
(2) Mar atá beartaithe faoi láthair sa scéim um Chiste Sócmhainní Fadtéarmacha atá ar na bacáin sa Ríocht Aontaithe. Bhí an tuairim chéanna ag formhór na bhfreagróirí ar thuarascáil an Choimisiúin ar an measúnú tionchair (féach lch. 73).
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290/68 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a mhéid a bhaineann le trédhearcacht sonraí margaidh a fheabhsú, deireadh a chur leis na bacainní atá ann ar theacht chun cinn teilitéipe comhdhlúite, na ceanglais trádála a bharrfheabhsú agus toirmeasc a chur ar íocaíochtaí a fháil as orduithe cliant a chur ar aghaidh
(COM(2021) 727 final — 2021/0385 (COD))
(2022/C 290/12)
Rapóirtéir: |
Jörg Freiherr FRANK VON FÜRSTENWERTH |
Comhairliúchán |
Comhairle an Aontais Eorpaigh, 3.2.2022 Parlaimint na hEorpa, 27.1.2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 114 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Sóisialta |
Dáta a glactha sa rannóg |
3.3.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
23.3.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
568 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
210/0/4 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) gur chuir an Coimisiún Eorpach togra i láthair, in am trátha, chun teilitéipeanna comhdhlúite a bhunú do na haicmí sócmhainní – scaireanna, cistí arna dtrádáil ar an malartán, bannaí agus ionstraimí díorthacha – mar a fógraíodh i bPlean Gníomhaíochta 2020 maidir le hAontas na Margaí Caipitil (1). Is céim eile é sin i dtreo Aontas na Margaí Caipitil a chur i gcrích. Tacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún Eorpach. |
1.2. |
Tá CESE á thabhairt le fios athuair gur tosaíocht agus réamhriachtanas tábhachtach é Aontas na Margaí Caipitil a bhunú le go bhféadfar fíormhargadh aonair a chruthú, iarmhairtí phaindéim COVID-19 a shárú agus an t-aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe a bhaint amach san Eoraip. |
1.3. |
Is díol sásaimh do CESE an togra le haghaidh Rialacháin lena dtugtar isteach na teilitéipeanna comhdhlúite Eorpacha agus na bearta tionlacain. Má chuirtear chun feidhme go maith iad, cuirfidh siad go mór le trédhearcacht agus le hinfhaighteacht sonraí margaidh, feabhsóidh siad an chothroime iomaíochta idir na hionaid forghníomhaithe agus neartóidh siad na margaí caipitil san Eoraip. Fágfaidh an trédhearcacht chomhdhlúite go bhféadfar maolú go mór ar na drochéifeachtaí a bhíonn ag ilroinnt mhargaí caipitil na hEorpa, leibhéal ilroinnte atá fós an-ard. |
1.4. |
Tá sé an-tábhachtach do CESE go mbeadh rochtain neamh-idirdhealaitheach, saor in aisce ar shonraí margaidh ar fáil do chách, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus, ar bhonn níos ginearálta, d’infheisteoirí miondíola. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach na neamhshiméadrachtaí faisnéise atá ann cheana a laghdú. |
1.5. |
Molann CESE go dtabharfadh an Coimisiún Eorpach faoi thuilleadh gníomhaíochtaí maidir le hAontas na Margaí Caipitil a chruthú le go bhféadfar tuilleadh forbartha a dhéanamh ar shaol na scaireanna san Eoraip, toisc an-éagsúlachtaí a bheith ann. Bheadh gá, freisin, sa bhreis ar rialacha coisctheacha maidir le cosaint tomhaltóirí, ar rialacha lena spreagfaí iontaoibh iad, bearta a thabhairt isteach chun feabhas a chur ar an oideachas tomhaltóirí. Lena chois sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach béim mhór a leagan ar an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair, agus ar dhálaí oibre, i ngach beart atá dírithe ar Aontas na Margaí Caipitil a chruthú. Mar chuid de sin, bheadh gá a áirithiú go gcuirfí na cúraimí breise a bheadh ar na maoirseoirí Eorpacha agus náisiúnta san áireamh agus acmhainní daonna á roinnt. |
1.6. |
Maidir leis an tsaincheist achrannach i dtaobh an choisc ar íocaíochtaí a fháil as orduithe cliant a chur ar aghaidh lena bhforghníomhú, is é sin íocaíochtaí a thairiscint i leith sreabhadh orduithe (PFOF), molann CESE an prionsabal seo a leanas a neartú: ba cheart do na hidirghabhálaithe airgeadais an t-ionad trádála nó an contrapháirtí a fhorghníomhaíonn trádálacha a gcliant a roghnú ar bhonn an fhorghníomhaithe is fearr a bhaint amach dá gcliant, agus ar an mbonn sin amháin. Tá CESE ag teacht le dearcadh an Choimisiúin Eorpaigh go bhfuil sé ar neamhréir leis an bprionsabal sin go bhfaigheadh an t-idirghabhálaí airgeadais luach saothair ábhartha nó neamhábhartha ón ionad trádála nó ó chontrapháirtí mar mhalairt ar orduithe forghníomhaithe a chur ar aghaidh. |
2. Cúlra
2.1. |
An 25 Samhain 2021, thíolaic an Coimisiún Eorpach pacáiste beart ar mhaithe leis an bpacáiste maidir le hAontas na Margaí Caipitil a neartú. Is éard atá sa phacáiste sin teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach agus ceithre ghníomh dlí (2). Tá an tuairim seo dírithe – mar chuid de phacáiste Aontas na Margaí Caipitil – ar an athbhreithniú ar an Rialachán maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (MiFIR) (3), ina leagtar amach go bunúsach na rialacha maidir le bonneagar an mhargaidh airgeadais agus trína soláthraítear, in éineacht leis an Treoir maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (MiFID II) (4), an creat rialála maidir le seirbhísí infheistíochta a sholáthar. |
3. Barúlacha ginearálta
3.1. Leagan amach an togra
3.1.1 |
Tá sé i gcoiteann ag na tograí atá i bpacáiste Aontas na Margaí Caipitil go bhfuil siad dírithe ar an trédhearcacht a mhéadú sna margaí caipitil Eorpacha atá ilroinnte go fóill. Is díol sásaimh do CESE an cuspóir sin, mar nach bhféadfar Aontas na Margaí Caipitil a chruthú gan trédhearcacht mhaith agus sonraí iontaofa a bheith ar fáil go tapa. Tá an-tábhacht ina leith sin leis na leasuithe atá beartaithe a dhéanamh ar an Rialachán maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (MiFIR). Baineann na leasuithe sin den chuid is mó leis an mbonneagar margaidh, óir bhí na rialacha maidir le cosaint infheisteoirí san áireamh cheana sa leasú “tapa” a rinneadh ar an Treoir maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (MiFID) ag tús 2021 chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 (5). |
3.1.2 |
Tá gá freisin, dá bhrí sin, leis an leibhéal trédhearcachta is airde agus is féidir a áirithiú sna margaí urrús le go bhféadfar rochtain níos fearr ar na margaí caipitil a thabhairt d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus, ar bhonn níos ginearálta, d’infheisteoirí miondíola. Is fíor go bhfuil ceangal cheana ar gach ionad forghníomhaithe faisnéis a fhoilsiú maidir le, mar shampla, méid, am agus praghas na n-idirbheart. Mar sin féin, ní éiríonn ach le gnólachtaí móra infheistíochta na sonraí sin a bhailiú ar bhealach comhdhlúite – rud a thugann léargas ceart ar an margadh – agus bíonn costas mór ar a leithéid. Dá bhrí sin, ní féidir le haon duine a bheith cinnte faoi, faoi láthair, go bhfuil an praghas is fearr á fháil acu. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh rochtain éasca ar shonraí iontaofa margaidh. Tá baint aige sin freisin, go háirithe, le faisnéis a bhaineann leis an inbhuanaitheacht, rud atá riachtanach chun margaí airgeadais inbhuanaithe a chruthú maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme agus tá ról na faisnéise sin ag éirí níos tábhachtaí. Tá nasc tábhachtach substainte aige sin leis an ionad Eorpach ilfhreastail aonair (ESAP) agus le héascú an tsoláthair faisnéise a bhaineann leis an inbhuanaitheacht (na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna)). |
3.1.3 |
Trí rochtain thapa, iontaofa agus éasca a thabhairt ar shonraí margaidh, cothófar iomaíocht idir ionaid trádála a bhuí leis an trédhearcacht a bheidh ann, ós rud é go bhfágann an trédhearcacht go ndéantar idirbhearta urrús san áit ina bhfuil an praghas is fearr le fáil agus ina bhfuil leachtacht ard. Gné thábhachtach do na hinfheisteoirí príobháideacha agus na hinfheisteoirí institiúideacha araon is ea an trédhearcacht maidir le cripteashócmhainní i gcóras na dteilitéipeanna comhdhlúite Eorpacha. |
3.1.4 |
Is uirlis bhunriachtanach í an teilitéip chomhdhlúite Eorpach – ceann do gach aicme sócmhainní (scaireanna, cistí arna dtrádáil ar an malartán, bannaí agus ionstraimí díorthacha) – chun na neamhshiméadrachtaí faisnéise atá ann cheana a laghdú. Is féidir léi cabhrú freisin le ceannasacht na trádála ardmhinicíochta a laghdú. Is díol sásaimh do CESE an iomaíocht sa bhonneagar margaidh. Is den tábhacht é don Choiste go bhfuil an iomaíocht cothrom agus go ndéantar an leibhéal céanna rialála a chur i bhfeidhm ina leith. Ba cheart an arbatráiste rialála idir ionaid trádála a chur as san áireamh. Cé go bhfuil an Rialachán maidir le Bonneagar Margaidh Eorpach (EMIR) infheidhme go díreach sna Ballstáit, tá sé fíor-riachtanach go ndéanfadh an Coimisiún Eorpach dlúthfhaireachán ar na gníomhartha reachtaíochta náisiúnta a ghabhann leis agus ar a gcur chun feidhme praiticiúil, agus ar na cleachtais náisiúnta maoirseachta, d’fhonn cothroime iomaíochta a áirithiú, agus, nuair is gá, a iarraidh ar na Ballstáit coigeartuithe a dhéanamh agus, más gá, pionóis a ghearradh i leith sáruithe. |
3.1.5 |
Le tabhairt isteach na dteilitéipeanna comhdhlúite, i.e. bunachair sonraí láraithe a thugann rochtain éasca agus neamh-idirdhealaitheach ar shonraí margaidh comhdhlúite do gach infheisteoir (bainisteoirí sócmhainní beaga agus móra, cistí pinsin, infheisteoirí miondíola) agus do gach idirghabhálaí airgeadais, bídís mór nó beag, laghdófar an buntáiste faisnéise atá ag soláthraithe móra agus éascófar go mór an rochtain ar mhargaí airgeadais, rud a fhágfaidh go mbeidh siad níos éifeachtúla amach anseo. |
3.1.6 |
Is féidir leis na teilitéipeanna comhdhlúite Eorpacha cabhrú freisin chun cur i gcoinne treochtaí de luaineacht iomarcach, amhail borradh faoi phraghsanna agus titim praghsanna, trí thrédhearcacht bhreise a chruthú. |
3.1.7 |
Tá CESE den tuairim nach leor an trédhearcacht a chruthaítear leis na teilitéipeanna comhdhlúite agus an rochtain níos éasca ar shonraí margaidh, lena n-áirítear d’infheisteoirí miondíola, mar mhalairt ar an gcosaint leanúnach dea-fhorbartha d’infheisteoirí. Trí rochtain ar shonraí a éascú d’infheisteoirí miondíola, meabhraítear go bhfuil gá le hiarrachtaí a neartú lena áirithiú gur leor an t-oideachas tomhaltóirí i réimse an airgeadais le go mbeidh tomhaltóirí in ann déileáil go freagrach leis na deiseanna agus na rioscaí a bhaineann leis na margaí caipitil. |
3.1.8 |
Is céim mhór chun cinn freisin i dtaca le heitic sonraí é cruthú na dteilitéipeanna comhdhlúite, toisc an eitic sonraí a bheith ag éirí níos tábhachtaí sa saol digitithe ina bhfuil sonraí ina dtráchtearra agus ina ngné bhunriachtanach le páirt a ghlacadh sa saol eacnamaíoch agus sóisialta. Molann CESE rochtain neamh-idirdhealaitheach ar shonraí margaidh a áirithiú. Is díol sásaimh don Choiste go bhfágann tabhairt isteach na dteilitéipeanna comhdhlúite go dtabharfar rochtain ar shonraí riachtanacha do, go háirithe, gnólachtaí beaga agus tomhaltóirí nach mbeadh rochtain acu orthu murach sin de thoradh easpa acmhainní airgeadais. Tá tabhairt isteach na dteilitéipeanna comhdhlúite ag tabhairt aghaidh, mar sin, ar an ngá le rochtain eiticiúil ar fhaisnéis sna margaí airgeadais. |
3.1.9 |
Is díol sásaimh do CESE gur bhunaigh an Coimisiún Eorpach a chuid tograí ar dhianphlé faoin tionchar a bheadh acu ar an margadh, is é sin le rá ar na hionaid trádála san Eoraip agus ar an iomaíocht idirnáisiúnta freisin. Is díol sásaimh don Choiste freisin go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach meastóireacht a dhéanamh amach anseo ar na rialacha nua. |
3.2. Teilitéipeanna comhdhlúite Eorpacha, Airteagal 22 agus Airteagal 27 den togra maidir leis an Rialachán maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (MiFIR)
3.2.1 |
Tá CESE á thabhairt le fios athuair (6) go dtacaíonn sé leis an togra ón gCoimisiún maidir le teilitéipeanna comhdhlúite Eorpacha a thabhairt isteach. Má chuirtear chun feidhme go maith é ón taobh teicniúil de, beidh na rannpháirtithe uile sa mhargadh in ann rochtain atá gar do rochtain fíor-ama a bheith acu ar shonraí trádála – scaireanna, cistí arna dtrádáil ar an malartán, bannaí agus ionstraimí airgeadais díorthacha – ó ionaid trádála uile an Aontais. Dá réir sin, táthar ag súil leis go gcabhróidh na teilitéipeanna comhdhlúite Eorpacha go mór chun dul i ngleic leis na margaí ilroinnte. Mar sin féin, tá rath na dteilitéipeanna comhdhlúite Eorpacha ag brath go mór ar an gcaoi a gcuirfear chun feidhme go praiticiúil iad (an oibleagáid sonraí a sholáthar, caighdeáin na sonraí, an rochtain ar shonraí, cáilíocht na sonraí, slándáil sonraí, cosaint sonraí (i gcás inarb ábhartha), aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna trédhearcachta maidir le huimhir aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISIN) a shannadh d’ionstraimí díorthacha dá saolré iomlán (seachas ar bhonn laethúil), úsáid a bhaint as na teicneolaíochtaí is nua-aimseartha, athléimneacht dhigiteach oibríochtúil, rochtain éasca agus neamhchostasach). |
3.2.2 |
Chun go n-éireoidh leo, ní mór do gach soláthraí sonraí a bheith faoi réir na ndiancheanglas cáilíochta céanna ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, is cuma an stocmhalartán nó banc, gnáthsholáthraí sonraí nó cuideachta teicneolaíochta airgeadais iad. Ina theannta sin, is réamhriachtanais ríthábhachtacha iad cáilíocht na sonraí agus struchtúr oiriúnach rialachais chun go n-éireoidh leo. Creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaí faireachán leanúnach ar cháilíocht na sonraí agus ar rialachas chóras na dteilitéipeanna comhdhlúite agus go ndéanfaí iad a choigeartú, más gá. |
3.2.3 |
Tacaíonn CESE leis an togra dea-chothromaithe chun ról lárnach a thabhairt don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) san fhaireachán leanúnach a dhéantar ar na teilitéipeanna comhdhlúite Eorpacha. Tá súil ag CESE leis go gcuirfear na hacmhainní airgeadais, acmhainní ábhartha agus acmhainní daonna is gá chun na críche sin ar fáil do ÚEUM – agus do na maoirseoirí náisiúnta i réimse na maoirseachta urrús. |
3.2.4 |
Tá tábhacht mhór ag baint leis na nósanna imeachta maidir le hoibreoir amháin teilitéipe comhdhlúite a roghnú do gach aicme sócmhainní. Dar le CESE, tá tábhacht le nósanna imeachta roghnúcháin atá réidh agus trédhearcach. Is é is cúis leis sin den chuid is mó go mbeidh buntáiste iomaíoch suntasach ag na chéad oibreoirí a roghnófar nuair a bheidh gá tairiscintí a chur isteach arís tar éis cúig bliana. Bheadh sé inmhianaithe, dá bhrí sin, dá meallfadh na glaonna ar thairiscintí réimse leathan tairiscintí iomaíocha. Is díol sásaimh don Choiste go bhfuil na critéir roghnúcháin leagtha síos go mionsonraithe agus go sonraítear freisin na ceanglais eagraíochtúla a bheadh le comhlíonadh ag na soláthraithe teilitéipe comhdhlúite. Measann CESE gur cur chuige maith é an cur chuige go mbeadh ar na soláthraithe teilitéipe comhdhlúite staitisticí feidhmiúlachta agus tuarascálacha teagmhais a bhaineann le cáilíocht agus córais sonraí a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin saor in aisce ag deireadh gach ráithe. |
3.2.5 |
Beidh na teilitéipeanna comhdhlúite Eorpacha ina gcéim agus ina n-uirlis fhíor-riachtanach ag soláthraithe seirbhísí infheistíochta le go bhféadfaidh siad a gcuid dualgas maidir leis an bhforghníomhú is fearr a chomhlíonadh (Airteagal 27(2) MiFID II) ar chaoi atá níos eolaí agus níos éasca agus ar bhonn níos ginearálta. Príomhchritéar a bheidh ann an praghas is fearr a bhaint amach, go háirithe i gcás infheisteoirí miondíola. Mar sin féin, ba mhaith le CESE a chur in iúl, mar réamhchúram, nár cheart na teilitéipeanna comhdhlúite Eorpacha a chur in ionad phrionsabal an fhorghníomhaithe is fearr. |
3.2.6 |
Ní fhéadfaidh na teilitéipeanna comhdhlúite Eorpacha a bheith iomlán éifeachtach mura mbeidh na hionaid forghníomhaithe éagsúla atá sa mhargadh faoi réir cothroime iomaíochta. Tacaíonn CESE, dá bhrí sin, leis na tograí ón gCoimisiún Eorpach, tograí atá dírithe ar thrédhearcacht iomlán na n-ardán trádála a áirithiú, go háirithe an toirmeasc ar ardáin trádála anaithnide nach bhfuil ar a dtrádálaithe aon cheanglas trédhearcachta a chomhlíonadh. |
3.3. Oibleagáid an ionaid trádála le haghaidh ionstraimí airgeadais díorthacha, Airteagal 28 den togra maidir leis an Rialachán maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (MiFIR)
3.3.1 |
Is díol sásaimh do CESE go gceartaítear sa togra ón gCoimisiún Eorpach earráid chórasach a tháinig chun cinn tar éis fhoilsiú EMIR faoin gclár REFIT. Uaidh seo amach, ní bheidh ar chontrapháirtithe airgeadais beaga oibleagáid an ionaid trádála a chomhlíonadh níos mó de réir an dlí agus beidh siad díolmhaithe freisin, mar a bhí roimhe seo, ón oibleagáid imréitigh. |
3.4. Ionad trádála le haghaidh scaireanna, Airteagal 23 den togra maidir leis an Rialachán maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (MiFIR)
3.4.1 |
De réir an togra ní bheidh feidhm ag oibleagáid an ionaid trádála le haghaidh scaireanna ach maidir le sócmhainní a bhfuil uimhir aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISIN) de chuid an Aontais Eorpaigh ag gabháil leo. Agus díolmhófar fiú na sócmhainní sin ó oibleagáid an ionaid trádála más lasmuigh den Aontas Eorpach san airgeadra áitiúil a dhéanfar iad a thrádáil. Tá tairbhe ag baint leis an togra ó dhearcadh an infheisteora de, ós rud é, i gcás na sócmhainní a bhfuil ionad trádála lasmuigh den Aontas Eorpach acu, gur dócha gur san ionad sin a gheofar na praghsanna is fearr. Tá an rud céanna fíor go háirithe i gcás sócmhainní a bhfuil uimhir ISIN de chuid an Aontais ag gabháil leo ach a thrádáiltear den chuid is mó in GBP ar Stocmhalartán Londan. Aontaíonn CESE leis an togra sin go sonrach, dá bhrí sin. |
3.5. Íocaíocht i leith sreabhadh orduithe (PFOF), Airteagal 39(a) den togra maidir leis an Rialachán maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (MiFIR)
3.5.1 |
Cuirtear cosc leis an togra ar an tsamhail luacha saothair ar a dtugtar PFOF, samhail lena bhfaigheann idirghabhálaithe airgeadais táillí óna gcomhpháirtithe trádála mar chúiteamh as gnó a gcliant a stiúradh i dtreo an chomhpháirtí trádála sin. Thar aon ní eile, is samhail mhaoinithe do bhróicéirí ar líne é PFOF, ar minic é ina mhalairt rogha chostéifeachtach ar thrádáil thraidisiúnta na stocmhalartán, go háirithe i gcás infheisteoirí miondíola. I gcás bróicéirí ar a dtugtar bróicéirí “zero-commission”, go háirithe, is é an cleachtas gan ach táille bheag a ghearradh ar chustaiméirí i leith an ordaithe agus ioncam (an bhróicéara) a fháil as “lacáistí” ón ionad trádála. Ina lán cásanna, bíonn na horduithe trádála go léir dírithe ar chomhpháirtí trádála amháin. Ní nochtar na “lacáistí” sin do na custaiméirí. Aontaíonn CESE le ÚEUM (7) go dtagann an cleachtas sin salach ar oibleagáid an fhorghníomhaithe is fearr agus ar an trédhearcacht is gá ó thaobh praghsanna. Ar an taobh eile, tugann na bróicéirí ar líne sin rochtain ar sheirbhísí infheistíochta ísealtairsí ar chostas íseal, go háirithe d’infheisteoirí miondíola. Measann an Coiste go bhfuil sé ríthábhachtach trédhearcacht chothrom ó thaobh costais de agus cothroime iomaíochta a áirithiú idir na cuideachtaí teicneolaíochta airgeadais agus na gnáthsholáthraithe. Molann CESE go dtabharfaí aird ar leith ar an tsaincheist sin sna céimeanna den phróiseas reachtach atá amach romhainn. |
3.5.2 |
Dar le CESE, beidh sé riachtanach freisin plé a dhéanamh, ainneoin na n-ábhar imní dlíthiúil (an forghníomhú is fearr), ar an gceist go bhféadfadh sé nach mbeadh PFOFanna inmhianaithe ar chúiseanna a bhaineann le struchtúr an mhargaidh, díreach toisc go ndéanann siad an iomarca trádála a atreorú ó na stocmhalartáin agus, ar an gcaoi sin, feidhmiú na stocmhalartán ina iomláine a chur i mbaol. Bheadh laghdú ar leachtacht an mhargaidh ar neamhréir iomlán leis na cuspóirí atá le hAontas na Margaí Caipitil. Dhéanfadh sin dochar tromchúiseach, go háirithe, do thrédhearcacht an mhargaidh (go háirithe trédhearcacht réamhthrádála), rud a bhfuil gá leis, agus bheadh tionchar diúltach aige ar chustaiméirí. |
3.6. An forghníomhú is fearr
3.6.1 |
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach an oibleagáid atá leagtha síos in Airteagal 27(1) MiFID II a tharscaoileadh, is é sin an oibleagáid atá ar ionaid forghníomhaithe faisnéis a fhoilsiú maidir le cáilíocht fhorghníomhú na n-orduithe. Tá ciall leis an togra sin ón gCoimisiún Eorpach ós rud é go nglactar leis go ginearálta nach bhfuil na tuarascálacha á n-úsáid go praiticiúil ag infheisteoirí mar fhoinse úsáideach faisnéise agus go mbeidh faisnéis iarthrádála maidir le hidirbhearta ar fáil freisin sna teilitéipeanna comhdhlúite Eorpacha. Tuigeann CESE an méid sin agus tacaíonn sé leis sin. |
3.6.2 |
Mar sin féin, níl aon chiall leis go rachadh ÚEUM i mbun comhairliúcháin faoi láthair maidir le hoiriúnú na gcaighdeán teicniúil rialála sin (RTS 27 agus RTS 28) ina sonraítear go soiléir an fhoráil atá beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach, sa togra uaidh, a scriosadh (Airteagal 27(2) MiFID II). Ní hamháin nach bhfuil ciall leis, ach cuireann sé ualach riaracháin nach bhfuil gá leis ar na páirtithe lena mbaineann, rud nach bhfuil aon leas ann. Ar mhaithe le dea-chleachtas rialála inbhuanaithe, creideann CESE nach mór cleachtais den sórt sin a sheachaint. |
An Bhruiséil, 23 Márta 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) COM(2020) 590 final.
(2) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Capital Markets Union – Delivering one year after the Action Plan, Togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear ionad Eorpach ilfhreastail aonair (ESAP), Athbhreithniú ar an Rialachán maidir le cistí infheistíochta fadtéarmacha Eorpacha (ELTIF), Athbhreithniú ar an Treoir maidir le bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (AIFMD) agus Athbhreithniú ar an Rialachán maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (MiFIR).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).
(4) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (athmhúnlú) (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(5) Treoir (AE) 2021/338 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2021 lena leasaítear Treoir 2014/65/AE a mhéid a bhaineann le ceanglais faisnéise, rialachas táirgí agus teorainneacha suímh, agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/878 a mhéid a bhaineann lena gcur i bhfeidhm maidir le gnólachtaí infheistíochta, chun cabhrú leis an téarnamh ó ghéarchéim COVID-19 (IO L 68, 26.2.2021, lch. 14).
(6) IO C 155, 30.4.2021, lch. 20.
(7) Ráiteas poiblí ó ÚEUM, Doiciméad ESMA35-43-2749, 13.7.2021: “ESMA warns firms and investors about risks arising from Payment of Orderflow” [i mBéarla amháin a foilsíodh].
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290/73 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún:
EU Strategy Combating Antisemitism and Fostering Jewish Life (2021-2030) [Straitéis AE maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú (2021-2030)]
(COM(2021) 615 final)
(2022/C 290/13)
Rapóirtéir: |
Ákos Topolánszky |
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 1.12.2021 |
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht |
Dáta a glactha sa rannóg |
7.3.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
23.3.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
568 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
145/0/4 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Déanann CESE na luachanna bunúsacha ar a bhfuil an tAontas Eorpach agus an chómhaireachtáil Eorpach fothaithe a chosaint go láidir agus leagann sé béim ar a thábhachtaí atá siad. Dar leis an gCoiste, tagann gach aon fheiniméan den fhrithsheimíteachas salach ar luachanna agus noirm na hEorpa, ós rud é go n-eascraíonn sáruithe ar an dlí agus eisiamh as an bhfrithsheimíteachas, rud atá ina bhagairt ní hamháin do na pobail lena mbaineann agus do shaol na nGiúdach, ach freisin d’oidhreacht na hEorpa agus d’Eoraip an lae inniu, agus do thodhchaí Eorpach dhaonlathach nach féidir a bhaint amach gan sochaí ilchineálach a bheith againn. |
1.2. |
Tacaíonn CESE i gcoitinne, dá bhrí sin, le bunú na Straitéise (1) agus leis an bpróiseas leathan comhairliúcháin a bhí ann roimpi in 2021. Aontaíonn sé freisin, ar gach slí, leis an ngá atá ann ní hamháin an frithsheimíteachas a chomhrac, ach freisin oibriú i dtreo beartais phoiblí agus comhar idir na pobail trína ndéantar an glacadh frithpháirteach a chur chun cinn. |
1.3. |
Tacaíonn sé go láidir leis freisin nach maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac, agus leis sin amháin, a bhaineann an Straitéis, ach go mbaineann sí freisin le saol na nGiúdach a chothú. Ní hamháin gur íospartaigh éighníomhacha iad na pobail Ghiúdacha agus daoine den chreideamh Giúdach de thoradh na staire agus chás an lae inniu, ach gur rannpháirtithe gníomhacha san Eoraip iad freisin. Tacaíonn CESE go láidir le fís na Straitéise todhchaí Eorpach a chruthú ina mbeadh rath ar na pobail Ghiúdacha agus ina ndéanfaidís dul chun cinn. Creideann CESE go daingean nach amháin gur sárú ar an dlí a dhéanann difear do Ghiúdaigh na hEorpa é an frithsheimíteachas, ach gur tástáil é freisin ar an bhfís Eorpach, ar an gcómhaireachtáil Eorpach, ar an smacht reachta, ar chearta bunúsacha agus ar an daonlathas. |
1.4. |
Tacaíonn CESE leis an sainmhíniú oibre ar an bhfrithsheimíteachas, sainmhíniú a ghlac an Chomhghuaillíocht Idirnáisiúnta Cuimhneacháin ar an Uileloscadh (IHRA) (2), agus molann sé go láidir do na Ballstáit go léir an sainmhíniú sin a ghlacadh agus é a úsáid mar bhonn dá ngníomhaíochtaí beartais. |
1.5. |
Molann sé go gcuirfí an t-ábhar seo ar chlár oibre ceann dá phríomheagraíochtaí gach bliain agus, más gá, go ndéanfaí cur chun feidhme na Straitéise a mheas ar bhealach eile (cuairt tíre, taighde, etc.). |
1.6. |
Tá CESE i bhfabhar an t-oideachas a chur san áireamh mar cheann de thosaíochtaí na Straitéise, toisc ról lárnach a bheith aige maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus a chosc. Ba cheart ábhair oideachais agus oiliúna faoi shaincheisteanna ábhartha (lena n-áirítear an éadulaingt eitneach, an ciníochas, an choireacht fuatha agus an chlaontacht) a fhorbairt i gcomhar le comhlachtaí sibhialtacha gairmiúla agus comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht ar an bpobal Giúdach. |
1.7. |
Sna meáin, ba cheart na hionstraimí dlíthiúla uile bunreachtúla agus Eorpacha a úsáid go comhsheasmhach chun dul i ngleic le hábhar frithsheimíteach, agus, ag an am céanna, feabhas a chur ar an eolas agus ar an tuiscint ar shaol na nGiúdach trí thuairisciú atá níos cothroime agus níos íogaire. |
1.8. |
Molann CESE don Choimisiún, mar bhealach chun saol na nGiúdach a chothú san Eoraip, machnamh a dhéanamh ar conas cosaint a thabhairt do cheart na bpobal Giúdach leanúint dá gcreideamh agus deasghnátha a chleachtadh agus beartais á gceapadh aige amach anseo. |
1.9. |
Dar le CESE, ní mór an cultúr Giúdach, mar chuid lárnach den fhéiniúlacht Eorpach, a thabhairt i bhfad níos gaire do na saoránaigh agus don phobal i gcoitinne agus é a dhéanamh níos sorochtana. Is deis iontach é seo freisin do thuiscint fhrithpháirteach agus chomhchoiteann, rud atá ríthábhachtach maidir leis an bhfís Eorpach agus fís an phobail Ghiúdaigh a fhorbairt agus a bpobail a neartú. |
1.10. |
Is cuid riachtanach agus ceangailteach de dhlíchóras na hEorpa é creat reachtach soiléir láidir lena dtugtar aghaidh go córasach ar shaincheist na fuathchainte agus na bhfeiniméan gaolmhar, ach ní leor an creat sin ann féin. Ba cheart an creat reachtach sin a chomhlánú le huirlisí oideachais agus le cláir phobail a d’úsáidfí go forleathan agus atá in ann dul i bhfeidhm ar na saoránaigh. |
1.11. |
Léiríonn teacht chun cinn an phobalachais ar fud an domhain gur gá féachaint ar chomhthéacs sóisialta níos leithne an fhrithsheimíteachais. Ní féidir déileáil le cineál amháin fuatha gan tuiscint ar chineálacha eile fuatha agus gan gníomh éifeachtach ina gcoinne. |
1.12. |
Tá oibleagáid bhunúsach ar gach Ballstát a áirithiú go bhfuil an tsaoirse ag a saoránaigh creideamh reiligiúnach a bheith acu agus a gcreideamh a chleachtadh gan scáth gan eagla. Ba cheart glacadh leis gur sárú ar an ord dlíthiúil daonlathach é an t-imeaglú, is cuma cén sórt é, atá dírithe ar reiligiúin i gcoitinne, agus go háirithe ar chreideamh an nGiúdach. |
1.13. |
Tá sé á áitiú ag CESE ar an gCoimisiún Eorpach, i ngach gné den chomhar le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, béim láidir ar an mbeartas eachtrach a chuimsiú sa chomhrac i gcoinne an fhrithsheimíteachais agus sa chlár oibre straitéiseach maidir le saol na nGiúdach a chur chun cinn. |
1.14. |
D’fhonn an Straitéis a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí, molann an Coiste go mbunófaí aonad buan ar leibhéal na Comhairle agus go ndéanfaí faireachán ar an bhfrithsheimíteachas agus go ndéanfaí é a throid. |
1.15. |
Creideann CESE go daingean go bhfuil gá le moltaí agus treoirlínte láidre i réimse an spóirt freisin, agus sa sacar go háirithe, ós rud é go bhfuil an earnáil sin, mar gheall ar an tóir atá uirthi agus a hinfheicthe agus atá sí, ina baol tromchúiseach frithsheimíteachais ach gur féidir léi freisin a bheith ina huirlis ríthábhachtach chun an feiniméan sin a chomhrac go héifeachtach. |
2. Barúlacha ginearálta
2.1. |
Déanann CESE na luachanna bunúsacha ar a bhfuil an tAontas Eorpach agus an chómhaireachtáil Eorpach fothaithe a chosaint go láidir agus leagann sé béim ar a thábhachtaí atá siad. Ar na luachanna sin tá an meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an meas ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad (3). Dar leis an gCoiste, tagann gach aon fheiniméan den fhrithsheimíteachas salach ar luachanna agus noirm na hEorpa, ós rud é go n-eascraíonn sáruithe ar an dlí agus eisiamh as an bhfrithsheimíteachas, rud atá ina bhagairt ní hamháin do na pobail lena mbaineann agus do shaol na nGiúdach, ach freisin d’oidhreacht na hEorpa agus d’Eoraip an lae inniu, agus do thodhchaí Eorpach dhaonlathach nach féidir a bhaint amach gan sochaí ilchineálach a bheith againn. |
2.2. |
Is tábhachtach a lua, áfach, nach maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac, agus leis sin amháin, a bhaineann an Straitéis, ach go mbaineann sí freisin le saol na nGiúdach a chothú. Gné dhearfach den Straitéis is ea go dtugtar aghaidh air nach amháin gur íospartaigh éighníomhacha iad na pobail Ghiúdacha agus daoine den chreideamh Giúdach de thoradh na staire agus chás an lae inniu, ach gur rannpháirtithe gníomhacha san Eoraip iad freisin, rud a chuireann go mór le hEoraip atá éagsúil agus cuimsitheach. Tacaíonn CESE go láidir le fís na Straitéise todhchaí Eorpach a chruthú ina mbeadh rath ar na pobail Ghiúdacha agus ina ndéanfaidís dul chun cinn. |
2.3. |
Tacaíonn CESE i gcoitinne, dá bhrí sin, le bunú na Straitéise (4) agus leis an bpróiseas leathan comhairliúcháin a bhí ann roimpi in 2021. Aontaíonn sé freisin, ar gach slí, leis an ngá atá ann ní hamháin an frithsheimíteachas a chomhrac, ach freisin oibriú i dtreo beartais phoiblí agus comhar idir na pobail trína ndéantar an glacadh frithpháirteach a chur chun cinn. Measann an Coiste freisin go bhfuil sé d’oibleagáid air tacú leis na hiarrachtaí uile atá ar bun chun a áirithiú go mbraitheann saoránaigh Eorpacha ar de chúlra Giúdach iad compordach agus sábháilte, go gcuirtear fáilte rompu i ngach áit san Eoraip agus go bhfuil dearcadh dearfach acu faoin todhchaí san Aontas Eorpach. |
2.4. |
Creideann CESE go daingean nach amháin gur sárú ar an dlí a dhéanann difear do Ghiúdaigh na hEorpa é an frithsheimíteachas, ach gur tástáil é freisin ar an bhfís Eorpach, ar an gcómhaireachtáil Eorpach, ar an smacht reachta, ar chearta bunúsacha agus ar an daonlathas. Dá réir sin, bíonn tionchar aige ar gach uile dhuine agus ar gach eagraíocht pholaitiúil agus shóisialta a bhfuil freagrachtaí orthu, agus is tástáil é maidir lenár ndóigh bheatha Eorpach a chur chun cinn agus saoránaigh agus luachanna an Aontais a chosaint. |
2.5. |
Aontaíonn CESE leis gur gá d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit straitéis a ghlacadh a bheidh bunaithe ar chur chuige coiteann, ach nach leor sin as féin. Ní mór na gealltanais a eascraíonn as na luachanna a leagtar amach sna straitéisí a thiontú ina ngníomhaíochtaí intomhaiste infhíoraithe agus ní mór iad a aithint mar léiriú follasach ar an gcómhaireachtáil Eorpach. |
2.6. |
Tá moltaí as taighde neamhspleách fianaisebhunaithe, agus as taighde atá bunaithe ar shuirbhéanna pobail, bunriachtanach chun straitéisí náisiúnta agus a bpleananna gníomhaíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, mar a tharla i gcás Dhearbhú 2018 ón gComhairle Eorpach maidir leis an gcomhrac i gcoinne an fhrithsheimíteachais (5) agus Dhearbhú 2020 ón gComhairle Eorpach maidir le comhrac an fhrithsheimíteachais a phríomhshruthú i ngach réimse beartais (6). |
2.7. |
Molann CESE go ndéanfaí an tionscadal Networks Overcoming Antisemitism (NOA), a fuair tacaíocht ón gCoimisiún Eorpach agus a úsáideann ceisteanna agus táscairí oibiachtúla atá bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta agus Eorpacha (7) chun measúnú a dhéanamh ar na céimeanna atá glactha ag gach Ballstát ar leith chun an frithsheimíteachas a chomhrac, a chur i bhfeidhm go forleathan i ngach Ballstát, d’fhonn cabhrú leo a gcuid beartas a chur chun feidhme agus a fhorbairt go héifeachtach. |
2.8. |
Tá an sainmhíniú oibre ar an bhfrithsheimíteachas atá leagtha síos ag IHRA glactha freisin ag CESE agus á chur i bhfeidhm aige. Ag an am céanna, molann sé go mór do gach Ballstát an sainmhíniú sin a ghlacadh agus é a chur i bhfeidhm ina gcuid gníomhaíochtaí beartais maidir le feidhmiú comhlachtaí stáit agus rialtais áitiúil sa réimse sin. |
2.9. |
Is díol mór sásaimh do CESE gur forbraíodh an Straitéis trí phróiseas leathan comhairliúcháin (8). Aontaíonn sé nach mór prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus forálacha agus spiorad Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a urramú go hiomlán. |
2.10. |
Tacaíonn CESE go láidir leis an smaoineamh gur cheart do gach Ballstát, mar chuid ríthábhachtach dá straitéis, comhordaitheoir nó toscaire náisiúnta a cheapadh agus tacú leo le go mbeidh siad in ann dul i mbun oibre ar bhonn neamhspleách agus saor agus na geallsealbhóirí ábhartha uile sa tsochaí a rannpháirtiú sa straitéis. |
2.11. |
Mar ionadaí na sochaí sibhialta eagraithe san Aontas Eorpach, tá CESE den tuairim go bhfuil géarghá le beart a dhéanamh – ní hamháin mar fheachtas aonuaire nó mar fheachtas i gcoinne an fhrithsheimíteachais, ach mar chúram buan faireacháin agus múscailte feasachta san Aontas Eorpach. Á dhéanamh sin, molann an Coiste go láidir go mbunófaí aonad buan ar leibhéal na Comhairle agus go ndéanfaí faireachán ar an bhfrithsheimíteachas agus go ndéanfaí é a throid (9). Ní hamháin gur siombail thábhachtach infheicthe a bheadh ann, ach is tacaíocht ó na Ballstáit a bheadh ann leis an obair fhiúntach atá á déanamh ag Comhordaitheoir an Choimisiúin Eorpaigh um an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú agus ag an Meitheal i gcoinne an fhrithsheimíteachais i bParlaimint na hEorpa. |
2.12. |
Molann sé go gcuirfí an t-ábhar seo ar chlár oibre ceann dá phríomheagraíochtaí gach bliain agus, más gá, go ndéanfaí cur chun feidhme na Straitéise a mheas ar bhealach eile (cuairt tíre, taighde, etc.). |
3. An t-oideachas agus an óige
3.1. |
Tá CESE i bhfabhar an t-oideachas a chur san áireamh mar cheann de thosaíochtaí na Straitéise, toisc ról lárnach a bheith aige maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus a chosc. Cé go bhfuil ról tábhachtach ag an reachtaíocht agus ag forfheidhmiú an dlí, lena n-áirítear an dlí coiriúil, sa chaoi is féidir dul i ngleic leis an bhfuath idirghlúine, ní féidir athrú fadtéarmach ar dhearcthaí, dioscúrsa poiblí agus smaointeoireacht a bhaint amach gan modhanna oideachais agus pobalbhunaithe. |
3.2. |
Tá sé tugtha le fios go soiléir i dtuarascáil 2019 (10) ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) gur minic ionsaithe frithsheimíteacha a bheith dírithe ar dhaoine idir 18 mbliana agus 34 bliana d’aois, agus gur cuid den ghnáthshaol é do líon mór de na daoine óga sin. Tá cosaint de dhíth ar scoileanna Giúdacha ar fud na hEorpa. Molann CESE go dtabharfaí ról lárnach do dhaltaí meánscoile, do mhic léinn ollscoile agus do dhaoine fásta óga i gcur chun feidhme na Straitéise, trí rannpháirtíocht ceannairí óige agus eagraíochtaí mac léinn, agus trí chomhairliúchán agus idirphlé leanúnach leo, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil. Tá an-thábhacht freisin leis an taithí atá acu i réimsí na fuathchainte, na coireachta fuatha, na meán sóisialta agus an oideachais, toisc gur féidir leo a bheith ar na príomhíospartaigh, agus ina bpríomhspriocanna, uaireanta, d’ionsaithe frithsheimíteacha. |
3.3. |
Dar le CESE, ba cheart “gníomhaíochtaí comhchruthaithe” a mbeadh baint ag na geallsealbhóirí uile leo, lena n-áirítear grúpaí mionlaigh eile agus ionadaithe ó eagraíochtaí idirchreidmheacha atá ann cheana, a áireamh sa Straitéis le go bhféadfar athrú fiúntach a dhéanamh. |
3.4. |
Is féidir le hollscoileanna agus pobail acadúla a bheith beo freisin leis an bhfrithsheimíteachas. Ba cheart go dtabharfaí tús áite sa Straitéis do rannpháirtíocht ceannairí ollscoile sa chomhrac i gcoinne an fhrithsheimíteachais, mar atá leagtha amach i dtreoirlínte UNESCO, Addressing antisemitism through education (11), agus b’inmholta cur chun feidhme na dtreoirlínte sin a leagan síos mar cheanglas. Áirítear leis sin sásraí trédhearcacha chun iniúchadh a dhéanamh ar chásanna den fhrithsheimíteachas, amhail nósanna imeachta iomchuí, tuarascálacha teagmhais agus faireachán ina dhiaidh sin, lena n-áirítear deireadh a chur le haon ghníomhaíochtaí frithsheimíteacha a dhéanann lucht riaracháin ollscoile. |
3.5. |
Chun tuiscint shoiléir a thabhairt do mhúinteoirí agus d’acadóirí i scoileanna agus in ollscoileanna ar cad a chiallaíonn an frithsheimíteachas, ba cheart na deiseanna oiliúna/oideachais a luaitear sa Straitéis a chur ar fáil dóibh sa chleachtas, agus ba cheart scoileanna a spreagadh trí chláir oideachais a eagrú agus maoiniú a thabhairt chun cláir múscailte feasachta agus forbartha eolais a chur chun feidhme maidir leis an ábhar seo, ina mbeadh eagraíochtaí Giúdacha, idir eagraíochtaí sibhialta agus eagraíochtaí reiligiúnacha, páirteach le go bhféadfaí beart a dhéanamh in aghaidh shéanadh, shaobhadh agus dhoiléiriú an Uileloiscthe, agus go bhféadfaí cur i gcoinne iarrachtaí chun na Naitsithe agus a gcomhoibrithe a ghlóiriú. D’fhéadfadh cláir den chineál céanna a bheith ina gcuid de chúrsaí (imeasctha) d’inimircigh. Dar le CESE, ba cheart comhaltaí de chomhlachtaí cinnteoireachta Eorpacha agus náisiúnta a spreagadh freisin agus ba cheart a bheith ag súil leis go nglacfaidís páirt i gcúrsaí oiliúna trína bhféadfaí cur lena n-inniúlachtaí i réimsí atá ina n-ábhair imní ag an bpobal Giúdach agus ag mionlaigh eile. |
3.6. |
Ar mhaithe le todhchaí agus slándáil an phobail Ghiúdaigh san Eoraip, molann CESE do na Ballstáit, trína n-aireachtaí inniúla, scrúdú a dhéanamh ar inneachar na gcuraclam náisiúnta agus na gcuraclam scoile i dtéarmaí an fhrithsheimíteachais agus an aitheantais a thugtar do luachanna agus d’fhéiniúlacht na nGiúdach, agus ábhair agus áiseanna oideachais agus oiliúna a fhorbairt faoi shaincheisteanna ábhartha (lena n-áirítear an éadulaingt eitneach, an ciníochas, an choireacht fuatha agus an chlaontacht a chomhrac) i gcomhar le comhlachtaí sibhialtacha gairmiúla agus comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht ar an bpobal Giúdach. |
3.7. |
Molann CESE don Choimisiún ábhair oideachais inrochtana a fhorbairt a bheadh in ann dul i bhfeidhm ar na grúpaí go léir lena mbaineann, ina saineofaí, i dteanga an oideachais agus ar mhaithe le mionlaigh, lena n-áirítear na pobail Ghiúdacha, cad is brí le bheith i do shaoránach den Aontas Eorpach, bunaithe ar luachanna an daonlathais agus chearta bunúsacha an duine, ina bhfuil an éagsúlacht agus an frith-idirdhealú ina luachanna follasacha agus intuigthe. |
3.8. |
Molann CESE go ndéanfadh na meánscoileanna agus na hinstitiúidí ardoideachais araon a dtiomantas do chomhrac an fhrithsheimíteachais agus don ghlacadh le luachanna Giúdacha a chur san áireamh mar chuid fhollasach dá mbeartas frith-idirdhealaithe. |
3.9. |
Molann CESE go dtabharfaí ról tábhachtach d’eagraíochtaí óige Giúdacha i mbeartais phoiblí na todhchaí chun saol na nGiúdach a chur chun cinn i réimsí sainaitheanta uile na Straitéise, agus ba cheart do lucht na cinnteoireachta tacaíocht iomchuí a chur ar fáil dá ngníomhaíochtaí freisin. |
4. Na meáin
4.1. |
Tá gníomhaíocht chinntitheach bunaithe ar luachanna comhroinnte, agus ar thacaíocht shoiléir do scaipeadh ábhair dhearfaigh lena n-aithnítear dínit agus cearta grúpaí mionlaigh, lena n-áirítear dínit agus cearta daoine ar de bhunadh Giúdach iad, ag teastáil i ngnáthfheidhmiú na meán, lena n-áirítear trí fheachtais na meán sóisialta, chun srian a chur le hábhar frithsheimíteach. |
4.2. |
Is go han-teoranta, i bhformhór na gcásanna, an clúdach ar an bpobal Giúdach agus baill den phobal sin sna meáin thraidisiúnta agus shóisialta, agus dírítear go príomha ar thionchar an fhoréigin fhrithsheimítigh agus na sceimhlitheoireachta frithsheimítí agus ar an gcuimhne chomhchoiteann ar an Uileloscadh san Eoraip, rud a bhfuil tábhacht leis, ar ndóigh, gan amhras. Mar sin féin, is gá ábhar dearfach a chur i láthair thairis sin, amhail taibhealaíona comhaimseartha na nGiúdach, féilte na nGiúdach nó cur chun cinn theangacha na nGiúdach, mar aitheantas ar an tábhacht a bhaineann leis an gcómhaireachtáil shóisialta. |
4.3. |
Lasmuigh de réimse an chultúir, tá roinnt tionscadal agus tionscnamh de chuid an phobail Ghiúdaigh/na sochaí sibhialta Giúdaí ar siúl i gcomhthráth i mBallstáit an Aontais Eorpaigh, rud a chuireann le hEoraip níos cuimsithí agus níos daonlathaí, agus ina léirítear luachanna agus cuspóirí an Aontais. Tá baint ag na tionscnaimh sin le roinnt réimsí éagsúla, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne an chiníochais, cearta an duine, an comhshaol agus an éagsúlacht chultúrtha. |
4.4. |
Tá CESE den tuairim go mbeadh sé inmhianaithe, sa bhreis ar bhealaí na meán sóisialta lena dtugtar deis luachanna traidisiúnta agus léiriú stairiúil agus reiligiúnach ar an nGiúdachas a chur chun cinn, gur cheart go mbeadh léargas ag formhór na sochaí ar an tionchar dearfach atá ag gníomhaíochas an phobail Ghiúdaigh ar an tsochaí ina hiomláine, rud a d’fhéadfadh ról tábhachtach a imirt freisin sa chomhrac i gcoinne steiréitíopaí (12). |
4.5. |
Agus iriseoirí á gcur ar an eolas agus oiliúint á cur orthu, is gá feabhas a chur ar an eolas agus ar an tuiscint sna meáin ar shaol na nGiúdach le gur féidir tuairisciú níos cothroime agus níos íogaire a dhéanamh. |
4.6. |
Ní mór na hionstraimí dlíthiúla uile bunreachtúla agus Eorpacha a úsáid go comhsheasmhach chun dul i ngleic le hábhar frithsheimíteach sna meáin. Chuige sin, ba cheart gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha córasacha a dhéanamh, lena mbeadh baint ag eagraíochtaí a dhéanann faireachán ar na meáin stáit. |
5. An cultúr
5.1. |
Tá CESE den tuairim nach mór an cultúr Giúdach, mar chuid lárnach den fhéiniúlacht Eorpach, a thabhairt i bhfad níos gaire do na saoránaigh agus don phobal i gcoitinne agus é a dhéanamh níos sorochtana. Is deis iontach é seo freisin do thuiscint fhrithpháirteach agus chomhchoiteann, rud atá ríthábhachtach maidir leis an bhfís Eorpach agus fís an phobail Ghiúdaigh a fhorbairt agus a bpobail a neartú. |
5.2. |
Ós rud é go bhfuil níos lú daoine i dteagmháil rialta le saol na nGiúdach tar éis an Uileloiscthe, tá gá níos mó anois ná riamh leis an gcultúr Giúdach a theagasc sna scoileanna mar chuid fhollasach, lárnach agus dhlúth de speictream cultúrtha na hEorpa. |
5.3. |
Tá CESE lánchinnte de nach mór an oidhreacht chultúrtha a aithint, a urramú agus a chur chun cinn, ní mar oidhreacht a bhaineann leis an am atá caite amháin, ach mar ghné bheo agus athraitheach den saol. Chuige sin, ní mór tacú le neartú na húinéireachta áitiúla agus na rannpháirtíochta trí chomhpháirtíochtaí le geallsealbhóirí a spreagadh. |
5.4. |
Cé go bhfuil tagairt sa Straitéis do Choinbhinsiún Faro (13), ní luaitear cur i bhfeidhm praiticiúil an Choinbhinsiúin. Is gá an creat agus na treoirlínte dá bhforáiltear i gCoinbhinsiún Faro a chur i bhfeidhm sa chleachtas, eadhon, an comhar agus an fhorbairt i réimsí na heolaíochta, an oideachais, an chultúir agus na n-ealaíon, lena n-áirítear an turasóireacht. |
5.5. |
Tá an Coiste ag iarraidh ar institiúidí an Aontais Eorpaigh, ar na Ballstáit, ar na comhpháirtithe sóisialta agus ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta rannchuidiú an phobail Ghiúdaigh leis an Aontas Eorpach a chur i láthair agus a cheiliúradh mar is ceart agus mar chuid lárnach agus dhoscartha de chultúr coiteann, mar shampla trí inspioráid a bhaint as an tionscnamh de chuid na Gearmáine lena gceiliúrtar 1 700 bliain de shaol na nGiúdach sa Ghearmáin. Tá sé molta sa tionscnamh sin tacaíocht a thabhairt do Laethanta Eorpacha an Chultúir Ghiúdaigh, rud a mbeadh na hinstitiúidí ábhartha agus an tsochaí shibhialta rannpháirteach ann, agus spreagtar comhar le Comhairle na hEorpa maidir leis an gclár Bealach Cultúrtha na hEorpa a chur chun feidhme agus a leathnú. |
5.6. |
I gcás nach ann do thionscnamh den sórt sin, ba cheart caighdeáin agus treoirlínte náisiúnta a leagan síos chun oidhreacht chultúrtha na nGiúdach a chaomhnú, a chothabháil agus a athbheochan, agus maoiniú leordhóthanach á áirithiú ag an am céanna. Ba cheart láithreacht an chultúir Ghiúdaigh san idirphlé idirchultúrtha agus cur i láthair an chultúir Ghiúdaigh a chur chun cinn. |
5.7. |
Creideann CESE gur cheart straitéisí comhtháite fadtéarmacha maidir le cosaint na hoidhreachta, bunaithe ar rannpháirtíocht na bpobal áitiúil agus ar chur chuige ildisciplíneach, a fhorbairt agus tacaíocht airgeadais a thabhairt dóibh. Chuige sin, is gá geallsealbhóirí ábhartha (pobail áitiúla, bardais, saorálaithe, gníomhaithe, comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, pobail reiligiúnacha na nGiúdach, eaglaisí, institiúidí réigiúnacha agus náisiúnta, údaráis phoiblí) a shainaithint, faisnéis, rannpháirtíocht agus modhanna comhairliúcháin a bhunú, deiseanna comhair agus comhpháirtíochta a shainaithint, agus tacú go córasach leis na próisis sin. Tá ríthábhacht le rannpháirtíocht leanúnach an Chomhlachais Eorpaigh um Chaomhnú agus um Chur Chun Cinn Chultúr agus Oidhreacht na nGiúdach (AEPJ), an eagraíocht is mó san Eoraip a thugann cosaint d’oidhreacht na nGiúdach. |
6. An fhuathchaint, an choireacht fuatha agus an tslándáil
6.1. |
Is cuid riachtanach agus ceangailteach de dhlíchóras na hEorpa é creat reachtach soiléir láidir lena dtugtar aghaidh go córasach ar shaincheist na fuathchainte agus na bhfeiniméan gaolmhar, amhail an bhréagaisnéis, ach ní leor an creat sin ann féin. Ba cheart é a chomhlánú le huirlisí oideachais agus le cláir mhórscála a théann i bhfeidhm ar na saoránaigh agus, i measc nithe eile, an litearthacht dhigiteach agus an litearthacht faisnéise a chur chun cinn, luachanna na saoránachta freagraí a shainiú agus oiliúint a chur ar fáil chun dul i ngleic leis an gclaontacht agus leis an mbréagaisnéis d’fhonn cultúr de thuiscint fhrithpháirteach a chothú. |
6.2. |
Creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach tuiscint a fháil ar fhréamhacha agus ar chúiseanna gach cineáil foréigin in aghaidh Giúdaigh aonair agus an phobail Ghiúdaigh d’fhonn a bheith in ann beart éifeachtach a dhéanamh, ní hamháin tríd an gceartas coiriúil, ach freisin trí chóras gníomhaíochta níos éifeachtaí ar leibhéal an phobail agus ar leibhéal na sochaí; áirítear leis sin tacaíocht d’fheachtais múscailte feasachta maidir leis an neamh-idirdhealú, tacaíocht d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun oiliúint a chur ar fáil do spriocghrúpaí maidir leis an bhfuathchaint agus an choireacht fuatha a aithint agus dul i ngleic leo, agus tacaíocht agus cistiú le haghaidh faireacháin, bailiú sonraí agus gníomhaíochtaí tuairiscithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta. |
6.3. |
Dar le CESE, níl an fhreagracht chéanna ar gach saoránach sna réimsí sin; ba cheart béim ar leith a chur ar fhreagracht na ndaoine sin a bhfuil an tionchar is mó ag a gcuid gníomhaíochtaí ar chlaontachtaí sóisialta, agus ba cheart bearta a dhéanamh i gcoinne na ndaoine sin nuair is gá, lena n-áirítear ionchúiseamh i gcásanna tromchúiseacha. Ina measc tá gníomhaithe polaitiúla, iad siúd atá ag obair d’údaráis phoiblí agus áitiúla, agus ionadaithe ó ghníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí agus ó chomhlachtaí breithiúnacha. Ba cheart díriú i dtosach ar na sáruithe atá déanta acu agus déileáil leo mar is cuí. |
6.4. |
Ba cheart feabhas a chur ar an oiliúint intí chun feasacht a mhúscailt sna hinstitiúidí sin, go háirithe i ngníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí, agus ba cheart taighde a dhéanamh go rialta chun measúnú a dhéanamh ar an staid inmheánach d’fhonn beartais a cheapadh chun aon chlaontachtaí atá ann i measc na foirne a shainaithint agus feabhas a chur ar an staid sin. |
6.5. |
Molann CESE go ndéanfadh FRA anailís níos críochnúla ar an staid slándála reatha agus ar bhagairtí do shaol na nGiúdach. Ag an am céanna, ba cheart imscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí mífhaisnéise ar leibhéal an Bhallstáit, gníomhaíochtaí atá dírithe ar an bpobal Giúdach agus atá bunaithe ar fhaisnéis bhréagach nó mhícheart, go háirithe maidir le gníomhartha deasghnátha, agus ba cheart cosc a chur ar na gníomhaíochtaí sin trí leas a bhaint as uirlisí cumarsáide agus beartais phoiblí. |
6.6. |
Ba cheart sásraí institiúidithe le haghaidh comhar idir na gníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí agus eagraíochtaí an phobail Ghiúdaigh a neartú, agus ba cheart an oiliúint is gá a chur ar fáil chun a chur ar chumas na bpóilíní cionta den sórt sin, agus na claontachtaí a spreag iad, a shainaithint go cruinn. I gcomhréir le Straitéis an Aontais Eorpaigh um chearta íospartach (2020-2025) (14), ba cheart tacaíocht a chur ar fáil le go mbeidh an pobal Giúdach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta in ann seirbhísí tacaíochta íospartach a sholáthar. Tá gá le sonraí níos inchomparáide a bhailiú go haonfhoirmeach agus go cuimsitheach ar leibhéal an Aontais. |
6.7. |
Léiríonn teacht chun cinn an phobalachais ar fud an domhain gur gá féachaint ar chomhthéacs sóisialta níos leithne an fhrithsheimíteachais de réir mar a chuirimid ina choinne: is minic an tseineafóibe, an homafóibe, an trasfóibe, an ciníochas agus dearcadh frith-Romach a bheith ann i gcomhthráth leis an bhfrithsheimíteachas, agus ní féidir déileáil le cineál amháin fuatha gan tuiscint ar na cineálacha eile fuatha. Is torthaí éagsúla iad den fheiniméan sóisialta céanna, agus ní féidir iad a mhíniú agus a láimhseáil go héifeachtach go neamhspleách ar a chéile. |
6.8. |
Tá méadú ag teacht ar na riachtanais slándála atá ag pobail Ghiúdacha san Eoraip maidir le scoileanna, ionaid phobail agus sionagóga. Ba cheart do na Ballstáit cur chuige cuimsitheach iomlánaíoch a ghlacadh maidir leis an gcás seo trí bhearta agus/nó cistiú leordhóthanach a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin d’fhonn sábháilteacht institiúidí na nGiúdach agus an phobail Ghiúdaigh a áirithiú. |
7. Saoirse creidimh agus an tsaoirse chun creideamh a chleachtadh
7.1. |
Tá oibleagáid bhunúsach ar gach Ballstát a áirithiú go bhfuil an tsaoirse ag a saoránaigh creideamh reiligiúnach a bheith acu agus a gcreideamh a chleachtadh gan scáth gan eagla. Ba cheart glacadh leis gur sárú ar an ord dlíthiúil daonlathach é an t-imeaglú, is cuma cén sórt é, atá dírithe ar reiligiúin i gcoitinne, agus go háirithe ar chreideamh an nGiúdach. |
7.2. |
Ní mór don idirphlé idirchreidmheach leas a bhaint as straitéisí atá bunaithe ar luachanna atá i gcoiteann ag na heagraíochtaí reiligiúnacha éagsúla agus níor cheart glacadh leis ná é a chur chun feidhme díreach mar chúirtéis. Ba cheart leas a bhaint as uirlisí stáit ar leith chun tacú leis an gcur chuige sin. |
7.3. |
Is mian leis na pobail Ghiúdacha deireadh a chur leis an éiginnteacht dhlíthiúil mhéadaitheach i dtaobh marú deasghnáthach (Shechita) agus timpeallghearradh (Brit Mila) agus go socrófaí an tsaincheist sin ar bhealach aonfhoirmeach sa dlí Eorpach. Molann CESE, dá bhrí sin, go ndéanfaí na hábhair sin a phlé leis na pobail Ghiúdacha agus go réiteofaí iad sa dlí i ngach cás, agus é á aithint aige, ag an am céanna, gur dlúthchuid iad de shaol gníomhach chreideamh na nGiúdach leis na mílte bliain. |
8. Gnéithe idirnáisiúnta
8.1. |
Tá sé á áitiú ag CESE ar an gCoimisiún Eorpach, i ngach gné den chomhar le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, béim láidir ar an mbeartas eachtrach a chuimsiú sa chomhrac i gcoinne an fhrithsheimíteachais agus sa chlár oibre straitéiseach maidir le saol na nGiúdach a chur chun cinn. |
8.2. |
Is díol sásaimh do CESE gur tugadh aird ar ghnéithe idirnáisiúnta na teachtaireachta ón gCoimisiún agus díríonn sé aird, go háirithe, ar ionstraimí an bheartais comharsanachta agus an chomhair um fhorbairt, chomh maith leis na hionstraimí chun tíortha is iarrthóirí a thabhairt níos gaire don Aontas, mar shásraí iomchuí chun an frithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chur chun cinn. |
9. An spórt
9.1. |
Creideann CESE go daingean go bhfuil gá le moltaí agus treoirlínte láidre i réimse an spóirt freisin, agus sa sacar go háirithe, ós rud é go bhfuil an earnáil sin, mar gheall ar an tóir atá uirthi agus a hinfheicthe agus atá sí, ina baol tromchúiseach frithsheimíteachais ach gur féidir léi freisin a bheith ina huirlis ríthábhachtach chun an feiniméan sin a chomhrac go héifeachtach. Maidir leis sin, tacaíonn an Coiste leis na treoirlínte atá leagtha amach sa treoirleabhar atá ag FIFA, Good Practice Guide on Diversity and Anti-Discrimination, a d’fhéadfadh a bheith ina dhoiciméad tagartha tábhachtach don Straitéis freisin. |
9.2. |
Tá sé tábhachtach go mbunódh cónaidhmeanna agus eagraíochtaí spóirt a gcuspóirí maidir le gach saincheist ar bhonn na moltaí ó FIFA (rialacháin inmheánacha, pionóis agus faireachán ar a gcur chun feidhme, oideachas, líonrú agus comhar, cumarsáid agus comhdheiseanna). |
9.3. |
Tá CESE den tuairim go bhfuil sé tábhachtach cláir oiliúna agus faisnéise a fhorbairt agus a chur chun feidhme go forleathan maidir leis an lucht tacaíochta, clubanna agus cumainn, rud a bheadh ina ghealltanas soiléir uathu. D’fhéadfaí oiliúint den chineál céanna a cheangal freisin mar chuid de na pionóis a chuirtear ar an lucht tacaíochta, sa bhreis ar phionóis choiriúla nó go neamhspleách orthu. |
9.4. |
Tá an Coiste ag iarraidh go bhforbrófaí ábhair oideachais do phobal an lucht tacaíochta le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar chúlra stairiúil an fhrithsheimíteachais sna seastáin, rud a chabhróidh freisin leis an gcuimsiú a chur chun cinn (15). |
9.5. |
Ba cheart na cónaidhmeanna náisiúnta agus na clubanna a spreagadh, trí uirlisí spóirt, chun a bhfoilseacháin oideachasúla féin agus a gcláir múscailte feasachta féin a fhorbairt i gcomhar leis na heagraíochtaí áitiúla ábhartha (16). |
An Bhruiséil, 23 Márta 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Teachtaireacht ón gCoimisiún (2021)615 final, EU Strategy Combating Antisemitism and Fostering Jewish Life.
(2) “Is dearcadh áirithe i dtaobh na nGiúdach é an frithsheimíteachas, dearcadh is féidir a chur in iúl mar fhuath do na Giúdaigh. Bíonn nochtadh reitriciúil agus fisiciúil an fhrithsheimíteachais dírithe ar dhaoine ar Giúdaigh nó nach Giúdaigh iad agus/nó ar a maoin, agus ar institiúidí agus ar shaoráidí creidimh phobal na nGiúdach.” https://www.holocaustremembrance.com/resources/working-definitions-charters/working-definition-antisemitism
(3) Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/HTML/?uri=CELEX:12012M/TXT&from=EN
(4) Teachtaireacht ón gCoimisiún (2021)615 final, EU Strategy Combating Antisemitism and Fostering Jewish Life.
(5) https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-15213-2018-INIT/en/pdf
(6) https://www.consilium.europa.eu/media/47065/st13637-en20.pdf
(7) https://www.noa-project.eu/report-cards/ Is é a dhéantar leis an modheolaíocht seo measúnú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí atá déanta ag gach Ballstát i ndeich réimse, réimsí atá luaite sa Straitéis freisin: an t-oideachas, an choireacht fuatha, an fhuathchaint, na meáin, cuimhneachán ar an Uileloscadh, an spórt, an t-idirphlé idirchreidmheach, an cultúr agus an oidhreacht, agus an tslándáil. Tá na caighdeáin ar fad, beagnach, bunaithe ar noirm, treoracha, moltaí nó treoirlínte idirnáisiúnta atá formheasta ag na hinstitiúidí Eorpacha nó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta eile (amhail an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) nó UNESCO).
(8) Mar shampla, as na 76 bpointe a leagtar amach sa mholadh comhpháirteach a dhréachtaigh naoi n-eagraíocht Ghiúdacha Eorpacha (B’nai B’rith International, CEJI, Comhdháil Dhomhanda na nGiúdach (WJC), Comhdháil Eorpach na nGiúdach (EJC), Aontas Eorpach na Mac Léinn Giúdach (EUJS), an tAontas Eorpach um an nGiúdachas Forásach (EUPJ), the American Jewish Committee (AJC), an Comhlachas Eorpach um Chaomhnú agus um Chur Chun Cinn Chultúr agus Oidhreacht na nGiúdach (AEPJ), agus B’nai B’rith Europe) tá 58 bpointe díobh san áireamh sa leagan deiridh den Straitéis.
(9) Na focail tosaigh a labhair Uachtarán CESE le linn na díospóireachta ar an bhfhrithsheimíteachas i gcomhthéacs SOC/704 – Straitéis AE maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú, cruinniú de Rannóg SOC, 10 Feabhra 2022.
(10) Young Jewish Europeans: perceptions and experiences of antisemitism. https://fra.europa.eu/sites/default/files/fra_uploads/fra-2019-young-jewish-europeans_en.pdf
(11) https://en.unesco.org/preventing-violent-extremism/education/antisemitism
(12) Tá samplaí d’fheachtais agus de thionscadail den chineál sin le léamh ag: https://www.noa-project.eu/profiles/
(13) https://www.coe.int/en/web/conventions/full-list?module=treaty-detail&treatynum=199
(14) https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:52020DC0258
(15) Féach mar shampla: https://changingthechants.eu/wp-content/uploads/2021/10/Guidelines.ENGpdf.pdf
(16) Ar shamplaí maithe tá treoirleabhar Chlub Sacair Chelsea https://www.efdn.org/wp-content/uploads/2018/05/CFC-CST-KIO-Antisemitism-Stewards-Guide-2018.pdf agus an tionscnamh Show Racism the Red Card https://www.theredcard.org/
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290/81 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2009/52/CE an 18 Meitheamh 2009 lena bhforáiltear do chaighdeáin íosta i ndáil le smachtbhannaí agus bearta i gcoinne fostóirí náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach]
(COM(2021)592 final)
(2022/C 290/14)
Rapóirtéir: Carlos Manuel TRINDADE
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 1.12.2021 |
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht |
Dáta a glactha sa rannóg |
7.3.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
23.3.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
568 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
129/1/3 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Aontaíonn CESE le measúnú an Choimisiúin go ndéanann fostaíocht neamhdhleathach daoine nach n-údaraítear dóibh fanacht san Aontas dochar ó thaobh an gheilleagair de, toisc go bhfágann sé go dtagann ann do chaillteanais maidir le hairgeadas poiblí, cánacha agus ranníocaíochtaí sóisialta, go laghdaítear tuarastail agus dálaí oibre, agus go gcruthaítear iomaíocht éagórach idir gnólachtaí, rud atá díobhálach d’fhormhór mór na ngnólachtaí a dhéanann an dlí a urramú. Ina theannta sin, fágann fostaíocht neamhdhleathach go mbíonn imircigh neamhchosanta ar an mbaol go ndéanfaí sárú ar a gcearta aonair agus sóisialta, go háirithe a mhéid a bhaineann le dúshaothrú saothair, dálaí maireachtála agus oibre forbhásacha agus rochtain theoranta ar chosaint shóisialta nó gan rochtain ar bith acu uirthi (1). |
1.2. |
Tugann CESE dá aire seasamh an Choimisiúin nuair a shonraíonn sé go dtugann an Treoir solúbthacht do na Ballstáit chun cineálacha éagsúla cur chuige a cheapadh chun a gcuspóirí a bhaint amach, rud a chuireann ar a gcumas sainiúlachtaí náisiúnta a bhaineann le margadh an tsaothair, ról na fostaíochta neamhdhleathaí agus na himirce agus déine an tsáraithe a chur san áireamh. Mar sin féin, ní mór do na Ballstáit uile a áirithiú go n-éireoidh leis na rialacha an imirce neamhrialta a dhíspreagadh agus dul i ngleic leis an bhfostaíocht neamhdhleathach (2). |
1.3. |
Cuireann CESE i bhfios go láidir go mbaineann na heasnaimh atá ar an Treoir sin leis an trasuí agus leis an gcur chun feidhme a dhéanann na Ballstáit uirthi i ndáiríre. Tá baint acu go háirithe leis an éagsúlacht shuntasach atá ann ó thaobh smachtbhannaí de, rud a chiallaíonn, i bhformhór na gcásanna, nach ndéantar mórán chun fostóirí a dhíspreagadh ó náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhostú, nó gur beag an éifeacht atá leis an Treoir, i gcoitinne, chun imircigh a spreagadh le dul i dteagmháil leis na húdaráis. Ní dhéanann siad an teagmháil sin ós rud é go bhfuil eagla orthu, agus a chúis sin acu, go gcuirfear iad ar ais chuig a dtír thionscnaimh. Go ginearálta, ní mór an éifeacht atá leis na sásraí atá ar fáil d’imircigh chun gearáin a dhéanamh, ós rud é nach gcuirtear dóthain faisnéise ar fáil ar bhonn buan atá mionsonraithe, éifeachtach agus fiúntach i dteangacha an spriocghrúpa. Is fíor sin mar gheall air nach ndéantar ach líon an-bheag cigireachtaí (de dheasca easpa foirne), nó go bhfuil na cigireachtaí sin neamhéifeachtúil, agus toisc nach gcuireann na Ballstáit tuarascálacha ná faisnéis leordhóthanach ar fáil go tráthúil lena gceadaítear meastóireacht rialta a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach. |
1.4. |
Iarrann CESE ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí an Treoir a chur chun feidhme agus oibriú go gníomhach i gcomhar leis an gCoimisiún chun a áirithiú go mbeidh sí éifeachtach. Tacaíonn sé go láidir le toilteanas an Choimisiúin tús a chur le himeachtaí um shárú i gcoinne na mBallstát i gcás ina leanfaidh siad orthu agus gan an fhaisnéis ábhartha uile a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme na bpríomhoibleagáidí a eascraíonn as an Treoir a mhéid a bhaineann le smachtbhannaí, cigireachtaí agus cosaint chearta na n-imirceach. Molann CESE, áfach, don Choimisiún, mar chuid den mheastóireacht ar chur chun feidhme na Treorach atá le cur i gcrích faoi 2024, scrúdú a dhéanamh ar na smachtbhannaí is féidir a bhunú nó a ghlacadh i gcoinne cuideachtaí a bhaineann tairbhe go feasach as toradh gníomhaíochtaí neamhdhleathacha agus coiriúla. |
1.5. |
Maidir le smachtbhannaí, tacaíonn CESE go hiomlán le gealltanais agus moltaí an Choimisiúin do na Ballstáit, agus molann sé an méid seo a leanas freisin:
|
1.6. |
Maidir le bearta chun cearta na n-imirceach neamhrialta a chosaint, tacaíonn CESE le gealltanais an Choimisiúin agus leis na moltaí atá déanta aige do na Ballstáit, agus molann sé an méid seo a leanas:
|
1.7. |
Maidir leis na cigireachtaí, tacaíonn CESE le gnóthais agus moltaí an Choimisiúin do na Ballstáit agus molann sé:
|
1.8. |
Maidir leis na bearnaí móra san fhaisnéis, is díol sásaimh do CESE an tionscnamh a ghlac an Coimisiún agus ar thacaigh Gréasán Imirce na hEorpa leis, maidir le córas tuairiscithe TF agus bunachar sonraí a chur ar bun chun faisnéis thráthúil, rialta agus inchomparáide a chur ar fáil, d’fhonn na deacrachtaí móra atá ann faoi láthair a shárú. Molann CESE, áfach, go leagfadh an Coimisiún síos sa reachtaíocht ábhartha nach bhféadfaidh seirbhísí inimirce na mBallstát an bunachar sonraí sin a úsáid chun oibrithe neamhrialta a shainaithint agus iad a chur ar ais chuig a dtíortha tionscnaimh mar thoradh air sin. |
2. Cuspóirí na Teachtaireachta
2.1. |
Is é is aidhm don Teachtaireacht a ghlac an Coimisiún, arb í is ábhar don tuairim seo ó CESE, cur chun feidhme Threoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus is cuid í de chur chuige níos ginearálta an Chomhshocraithe Nua maidir le hImirce agus Tearmann. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar bhealaí chun éifeachtacht na Treorach a fheabhsú agus ar an ngá atá le bearta breise. |
2.2. |
Ina theannta sin, comhlíonann an Teachtaireacht sin an oibleagáid faoina gcaitear tuairisciú go tráthrialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, mar a leagtar síos in Airteagal 16 den Treoir. Sainaithnítear inti na bearta is gá chun dlús a chur le cur chun feidhme na Treorach, ag díriú ar na sraitheanna gníomhaíochta seo a leanas:
|
2.3. |
Tugtar aghaidh sa tuairim seo ar na príomhghnéithe a bhaineann le gach ceann de na ranna sin. |
3. Barúlacha ginearálta
3.1. |
Tugann CESE dá aire go bhfuil sé deacair méid na fostaíochta mídhleathaí san Aontas Eorpach a mheas mar gur feiniméan “faoi cheilt” é. Tá comharthaí ann go bhfostaítear líon níos mó imirceach neamhrialta go neamhdhleathach in áiteanna ina bhfuil sciar ard de ghníomhaíocht eacnamaíoch neamhfhoirmiúil. Cé go meastar an fhostaíocht neamhfhoirmiúil a bheith cothrom le 16,8 % den fhostaíocht ar fad san Aontas ar an meán, tá sé ag éirí níos deacra i gcónaí líon na n-imirceach neamhrialta a fhostaítear go neamhrialta a mheas, go háirithe maidir leis na gnéithe a bhaineann go sonrach le hinscne agus le leanaí, ós rud é go bhfuil sé deacair fós an imirce neamhrialta a mheas (5). Tá éagsúlachtaí ann ó Bhallstát go Ballstát maidir le cineál agus méid na fostaíochta neamhrialta. Ceann de na príomhdhúshláin is gá a shárú chun tuiscint níos fearr a fháil ar an tsaincheist sin agus chun dul i ngleic léi is ea conas feabhas a chur ar infhaighteacht sonraí atá cothrom le dáta agus beacht. |
3.2. |
Tá CESE ar aon intinn leis an gCoimisiún go bhféadfaí oibrithe gan doiciméid a fhostú go minic trí chaidrimh chasta fostaíochta a bhaineann le socruithe fochonraitheoireachta, earcaitheoirí agus gníomhaireachtaí oibre sealadacha, agus trí ardáin ar líne a chuireann obair ghearrthéarmach ar fáil (e.g. seirbhísí seachadta bia agus béilí agus seirbhísí iompair), rud a chuireann leis an deacracht atá ann fostóirí a fhostaíonn imircigh neamhrialta a shainaithint. I ndáil leis an méid sin, ba cheart do shlabhra iomlán na bhfostóirí imircigh a chosaint, go háirithe sna hearnálacha eacnamaíocha sin ina bhfuil fochonraitheoireacht forleathan, amhail earnáil na tógála, agus sa réimse eacnamaíoch a bhaineann le hobair ar ardáin ar líne a tháinig chun cinn le déanaí (6). |
3.3. |
Meabhraíonn CESE go bhféadfadh sárú tromchúiseach fada ar chearta an duine agus ar an smacht reachta a bheith nasctha, i gcásanna áirithe, le gníomhaíochtaí coiriúla eile agus le faillí arna déanamh ag an stát lena mbaineann, mar a tugadh le fios i mbreithiúnas suntasach 2017[1] ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine, inar aithníodh an dúshaothrú saothair tromchúiseach ar oibrithe imirceacha i ngarraithe sútha talúin in Nea Manolada sa Ghréig. Aithníodh ann gur obair éigeantach a bhí i gceist agus sonraítear gur gné den gháinneáil ar dhaoine é an dúshaothrú saothair (7). |
3.4. |
Sna tuairimí uaidh go dtí seo, leag CESE béim ar an ngá atá le gníomhú chun deiseanna a chruthú don inimirce dhleathach agus chun dul i ngleic le cúiseanna na hinimirce neamhrialta ag an am céanna. Go háirithe, sa tuairim féintionscnaimh uaidh roimhe seo maidir leis an togra le haghaidh Treoir lena bhforáiltear do chaighdeáin íosta i ndáil le smachtbhannaí agus bearta i gcoinne fostóirí náisiúnach tríú tír, chuir CESE in iúl go raibh sé in amhras faoi ábhar na Treorach a bhí beartaithe, faoin tréimhse ama ina ndearnadh an togra, agus faoi ord na dtograí reachtacha a cuireadh ar aghaidh. Leag sé béim freisin ar an tábhacht a bhaineann leis an treoir a chur chun feidhme go héifeachtach sna Ballstáit. Ní bheidh sé éasca do na Ballstáit an méid sin a dhéanamh, toisc nach bhfuil dóthain ball foirne cáilithe ag na comhlachtaí faireacháin, go bhfuil deacrachtaí ann freagrachtaí a roinnt idir na comhlachtaí lena mbaineann agus go bhfuil líon mór cuideachtaí ann a bhfuil sé i gceist faireachán a dhéanamh orthu. Thángthas ar an gconclúid sa tuairim sin gur cheart gurbh é an cur chun feidhme a dhéantar i ndáiríre ar an treoir neart na treorach sin. |
3.5. |
In ainneoin na ngnéithe dearfacha atá sa Teachtaireacht, tá 12 bhliain caite ó tháinig an Treoir i bhfeidhm agus tá amhras ar CESE an í sin an modh ceart chun dúshaothrú oibrithe imirceacha neamhrialta a chomhrac agus chun a stádas a dhlisteanú i dtíortha óstacha. |
3.6. |
Measann CESE freisin nach leor an Treoir maidir le Smachtbhannaí i gcoinne Fostóirí ann féin chun bealaí imirce dlíthiúla a chur chun cinn ná chun an inimirce neamhrialta a shárú. Tá gá le cur chuige níos cuimsithí, lena ndírítear ar fhorálacha beartais éagsúla an Aontais maidir leis an imirce dhleathach a nascadh leis na hiarrachtaí náisiúnta chun dul i ngleic leis an obair neamhdhearbhaithe. Ní mór é a dhéanamh níos éasca do ghnólachtaí imircigh atá tugtha chun rialtachta mar is ceart a fhostú, agus ba cheart na rialacha a bheith níos simplí, níos soiléire agus gan rómhaorlathas a bheith ag baint leo. |
4. Barúlacha sonracha maidir le smachtbhannaí in aghaidh fostóirí
4.1. |
Measann CESE go bhfuil sé fíorthábhachtach go ndéanfar foráil sa Treoir do smachtbhannaí airgeadais agus coiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach d’fhonn dreasachtaí fostóirí a laghdú chun imircigh neamhrialta a fhostú. Ba cheart do na smachtbhannaí an tairbhe eacnamaíoch a bhaineann le himircigh neamhrialta a fhostú a fhritháireamh go mór (8). |
4.2. |
Ar an gcaoi chéanna, leagann CESE béim ar na bearta breise riaracháin i gcoinne fostóirí dá bhforáiltear sa Treoir, amhail caillteanas sochar poiblí, eisiamh ó chonarthaí poiblí, aisghabháil fóirdheontas poiblí, dúnadh bunaíochtaí ar bhonn sealadach nó buan agus aistarraingt ceadúnas oibríochta. Cáineann sé an chaoi ar tearc ar fad an úsáid a bhaintear as na bearta sin go fóill, in ainneoin go bhféadfaidís fostóirí a dhíspreagadh ó imircigh neamhrialta a fhostú (9). |
4.3. |
Tá difríochtaí suntasacha idir na Ballstáit maidir le méid na bpionós airgeadais agus na smachtbhannaí coiriúla a fhorchuirtear (e.g. bíonn pionóis airgeadais idir EUR 3 000 agus EUR 43 000 ann agus idir 8 lá agus 12 bhliain i gceist le pianbhreitheanna príosúnachta) (10). Bheadh sé tábhachtach, áfach, forléargas a bheith ann ar na smachtbhannaí éagsúla a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit. |
4.4. |
Cuireann CESE i bhfios go láidir go measann na Ballstáit sin a bhfuil córas smachtbhannaí níos déine acu gur díspreagadh maith ar fhostaíocht neamhdhleathach iad smachtbhannaí airgeadais níos airde. Ar an taobh eile, measann na Ballstáit sin a chuireann smachtbhannaí níos ísle i bhfeidhm nó ina gcreidtear gur beag an baol a bhaineann le smachtbhannaí i gcomparáid leis an mbrabús a d’fhéadfaí a bhaint as an bhfostaíocht neamhdhleathach, nach leor smachtbhannaí mar dhíspreagadh. Is díol spéise é gur athraigh 11 Bhallstát a reachtaíocht ó 2014 i leith chun an fhíneáil a ghearrtar a mhéadú (11). |
4.5. |
Cé go dtuigeann CESE go mbraitheann an difríocht i leibhéal na bhfíneálacha a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit ar ghnéithe éagsúla, amhail an staid eacnamaíoch agus leibhéal an phá íosta, mar a luaitear sa Teachtaireacht, ní mheasann sé gurb údar é sin le nach mbeadh tionchar athchomhairleach ag na smachtbhannaí. |
4.6. |
Measann CESE nach bhfuil sé inghlactha go mbeadh bearna shuntasach san fhaisnéis a chuireann na Ballstáit ar fáil maidir le smachtbhannaí coiriúla a chur i bhfeidhm in aghaidh fostóirí agus maidir le líon na n-imeachtaí a sheoltar. Mar sin féin, tugann na sonraí atá ar fáil le fios nach raibh ach tionchar teoranta ag an Treoir maidir le fostaíocht neamhdhleathach a dhíspreagadh trí smachtbhannaí; cáineann CESE an chaoi nach raibh sé indéanta go fóill creat éifeachtúil a bhunú le haghaidh smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha ar fud an Aontais (12). |
4.7. |
Tugann CESE dá aire agus cuireann sé béim ar an aiseolas arna chur ar fáil ag na geallsealbhóirí a dhéanann ionadaíocht ar cheardchumainn agus ar eagraíochtaí neamhrialtasacha, a bailíodh le linn comhairliúcháin spriocdhírithe thiomnaithe ar an ábhar, a léiríonn go bhfuil na smachtbhannaí in aghaidh fostóirí atá ciontach as dúshaothrú níos ísle ná na sochair a ghnóthaítear mar thoradh ar obair neamhdhearbhaithe agus an dumpáil shóisialta (13). Mar sin féin, tá na fostóirí den tuairim go bhfuil na smachtbhannaí sách láidir agus go bhfuil sé tábhachtach a bhforfheidhmiú a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos comhréirí agus an Treoir á cur chun feidhme ag na Ballstáit uile. |
5. Barúlacha sonracha maidir le bearta chun cearta imirceach neamhrialta a chosaint
5.1. |
Le hAirteagal 6(2) agus Airteagal 13 den Treoir, tugtar tacar ceart d’imircigh neamhrialta chun a áirithiú go bhfuil siad ar an eolas go leordhóthanach agus gur féidir leo gearáin a dhéanamh i gcoinne sáruithe saothair agus pá nár íocadh a éileamh ar ais. Is príomhfhorálacha iad sin chun imircigh a chosaint ar an mbaol dúshaothraithe agus mí-úsáide (14). |
5.2. |
Tugann CESE dá aire barúlacha agus anailísí an Choimisiúin sa réimse seo agus cuireann sé in iúl go n-aontaíonn sé leo, go háirithe i ndáil leis an méid seo a leanas:
|
5.3. |
Tugann CESE rabhadh go bhféadfaidh oibrithe imirceacha neamhrialta – fiú nuair a chuireann ceardchumainn, eagraíochtaí na sochaí sibhialta nó comhlachtaí seirbhíse poiblí ar an eolas iad faoina gcearta –staonadh ó ghearáin a dhéanamh i gcoinne fostóirí d’fhonn pá nár íocadh a fháil ar ais nó cásanna saothraithe a d’fhéadfadh a bheith ann a shéanadh, ar eagla go n-ordófaí dóibh filleadh ar a dtír thionscnaimh, a n-ioncam a thabhairt ar ais, nó, i gcásanna áirithe, a bheith faoi réir frithbheart óna bhfostóirí. |
6. Barúlacha sonracha maidir le cigireachtaí
6.1. |
Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún gurb iad na huirlisí is tábhachtaí chun fostóirí a earcaíonn imircigh neamhrialta agus cásanna dúshaothraithe a bhrath ná na cigireachtaí. Leis na cigireachtaí sin, cuirtear deis ar fáil chun fostóirí a thabhairt chun cuntais agus pionós a ghearradh orthu agus bearta a chur i bhfeidhm chun oibrithe imirceacha neamhrialta atá faoi réir dúshaothraithe a chosaint. Le hAirteagal 13(1) den Treoir, ceanglaítear ar na Ballstáit cigireachtaí éifeachtacha agus leordhóthanacha a áirithiú bunaithe ar mheasúnuithe riosca ina sainaithnítear na hearnálacha gníomhaíochta is mó atá i mbaol, óir ní féidir cuspóirí na Treorach a bhaint amach dá n-uireasa (19). Cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna eile a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhrialta a fhostú, chomh maith le cigireachtaí éifeachtacha a áirithiú. |
6.2. |
Is ábhar iontais dó é nach bhfuil aon tagairt sa Teachtaireacht don Údarás Eorpach Saothair ná dá rannpháirtíocht i gcigireachtaí Eorpacha. Mar is eol dúinn, aithníodh cheana féin go bhfuil roinnt mhaith slabhraí um fhostú agus um fhochonraitheoireacht oibrithe imirceacha neamhrialta i bhfeidhm ar an leibhéal Eorpach, rud a éilíonn an leibhéal céanna cigireachta. Creideann CESE gur cheart an méid sin a athrú. |
6.3. |
Tacaíonn CESE go hiomlán le conclúidí an Choimisiúin maidir le cigireachtaí, go háirithe an méid seo a leanas:
|
6.4. |
I dtaca leis sin, measann CESE nach bhfuil sé inghlactha nach bhfuil cigireachtaí dírithe ar earnálacha riosca i roinnt Ballstát, rud nach bhfreagraíonn do cheanglas na Treorach (23). I bhformhór na mBallstát, is iad earnálacha na talmhaíochta, na tógála, na déantúsaíochta, an chúraim baile agus an chúnaimh shóisialta, an fháilteachais agus na seirbhisí bia is mó atá i mbaol. |
6.5. |
Leagann CESE béim ar bharúil FRA go bhféadfadh cigireachtaí arna ndéanamh i gcomhar le chéile ag údaráis saothair agus aonaid frithgháinneála nó aonaid speisialaithe eile atá oilte i réimse an dúshaothraithe saothair cuidiú a thabhairt imircigh a ndearnadh dúshaothrú saothair nó gáinneáil ar dhaoine orthu a shainaithint (24). |
6.6. |
Maidir le tuairim FRA ina leith sin, cuireann CESE i bhfios go láidir gur gá do na geallsealbhóirí atá ag obair sa réimse a chur chun suntais go ndíspreagtar oibrithe ó thuairisciú a dhéanamh ar a staid le linn cigireachtaí mar gheall ar an mbaol a bhaineann le gabháil agus filleadh, go háirithe nuair is údaráis cigireachta saothair agus údaráis phóilíneachta/inimirce a thugann faoi na cigireachtaí sin go comhpháirteach. |
7. Barúlacha sonracha maidir leis na bearnaí suntasacha san fhaisnéis
7.1. |
Leis an Treoir, ceanglaítear ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas go bliantúil maidir le líon na gcigireachtaí agus torthaí na gcigireachtaí sin, na riaráistí íocaíochta a dhéanann fostóirí, na bearta eile a cuireadh i bhfeidhm agus conas a chinntiú gur fusa gearáin a dhéanamh. Tá an fhaisnéis sin ríthábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear bearta na Treorach chun feidhme agus ar iarmhairtí na mbeart sin. Tá an fhaisnéis a chuireann na Ballstáit ar fáil an-teoranta agus neamhchothrom, rud a fhágann bearnaí suntasacha sna sonraí maidir leis na cigireachtaí agus torthaí na gcigireachtaí sin (25). |
7.2. |
Mar gheall ar an easpa faisnéise iontaofa agus iomláine, is deacair a mheas ar bhealach cinntitheach an raibh tionchar ag an Treoir ar an bhfostaíocht neamhdhleathach a dhíspreagadh agus a laghdú, agus an bhfuil na smachtbhannaí coiriúla a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Dá gcuirfí feabhas ar bhailiú na faisnéise, chuirfí le straitéis forfheidhmithe níos éifeachtaí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais (26). |
7.3. |
Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh a ghlac an Coimisiún agus ar thacaigh Gréasán Imirce na hEorpa leis, maidir le córas tuairiscithe TF agus bunachar sonraí a chur ar bun chun faisnéis thráthúil, rialta agus inchomparáide a chur ar fáil (27). D’fhéadfadh Gréasán Imirce na hEorpa a bheith ina acmhainn úsáideach freisin chun deiseanna a chruthú maidir le foghlaim fhrithpháirteach agus dea-chleachtais a mhalartú idir na Ballstáit agus na geallsealbhóirí ábhartha. |
7.4. |
Creideann CESE gur cheart don bhunachar sonraí sin rialacha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí a chomhlíonadh agus nár cheart ligean do sheirbhísí inimirce na mBallstát é a úsáid chun oibrithe neamhrialta a shainaithint agus iad a chur ar ais chuig a dtíortha tionscnaimh. |
8. Barúlacha sonracha maidir le bearta chun dlús a chur leis an ngníomhaíocht i gcoinne na fostaíochta neamhdhleathaí
8.1. |
Tacaíonn CESE go hiomlán leis na seasaimh agus na rúin seo a leanas ón gCoimisiún, mar a leagtar amach sa Teachtaireacht iad: |
8.1.1 |
chun dul i ngleic leis an imirce neamhrialta, ní mór don Aontas aghaidh a thabhairt ar ghnéithe uile an fheiniméin sin trí chur chuige cuimsitheach a ghlacadh, mar a léirítear sa Chomhshocraithe Nua. Anuas ar aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce, an comhrac i gcoinne smuigléirí imirceach a athsheoladh i gcomhpháirtíocht le tríú tíortha agus dlús a chur le hoscailt bealaí dleathacha chuig an Aontas, ní mór don Aontas feabhas a chur ar an bhfreagairt a thugann sé ar an bhfostaíocht neamhdhleathach, ós rud é go bhfuil an cineál fostaíochta sin ina thiomantóir don imirce neamhrialta agus ina fhoinse dúshaothraithe agus mí-úsáide. Chuige sin, is gá a áirithiú go ndéanfar an Treoir a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí. Is í an Treoir an uirlis is tábhachtaí atá ar fáil dúinn agus tá acmhainneacht mhór neamhshaothraithe inti (28); |
8.1.2 |
agus tacaíocht á tabhairt aige do na Ballstáit lena n-iarrachtaí cur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar chur chun feidhme na Treorach agus díreoidh sé ar í a fhorfheidhmiú go héifeachtach. Ar ghlacadh na Teachtaireachta sin, oibreoidh an Coimisiún i gcomhar le húdaráis ábhartha na mBallstát chun faisnéis bhreise a fháil i ndáil le cur chun feidhme na bpríomhoibleagáidí maidir le smachtbhannaí, cigireachtaí agus cosaint chearta na n-imirceach a eascraíonn as an Treoir agus é mar aidhm aige réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint. I gcás inarb iomchuí, seolfaidh an Coimisiún nósanna imeachta um shárú (29); |
8.1.3 |
faoi dheireadh 2022, déanfaidh an Coimisiún na bearta a cuireadh i láthair sa Teachtaireacht a chur chun feidhme agus cuirfidh sé na torthaí a baineadh amach in iúl sa chéad tuarascáil cur chun feidhme eile a thabharfar chun críche in 2024 ar a dhéanaí. Déanfaidh an Coimisiún a mheas an gá an creat dlíthiúil atá ann cheana a leasú bunaithe ar an méid seo a leanas: an dul chun cinn a dhéanfar trí na moltaí a cuireadh i láthair sa Teachtaireacht, na hiarrachtaí athnuaite maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú, na forbairtí a d’fhéadfaí a dhéanamh i réimse na fostaíochta neamhdhleathaí agus oiriúnacht na Treorach chun freagairt dóibh (30). |
An Bhruiséil, 23 Márta 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Teachtaireacht COM(2021) 592 final, lch. 1.
(2) Féach COM(2021) 592 final, pointe 1.
(3) Féach COM(2021) 592 final, pointe 6.
(4) OJ L 168, 30.6.2009, p. 24.
(5) Teachtaireacht COM(2021) 592 final, Réamhrá.
(6) Féach COM(2021) 592 final, pointe 2.3.
(7) Cás Chowdury agus Eile v. an Ghréig. Tugadh aird ar na dálaí uafásacha in Manolada in 2013, nuair a scaoil maoirseoirí na feirme urchair le hoibrithe a bhí ag déanamh agóid faoi riaráistí pá. Gortaíodh go dona 30 oibrí de chuid na Banglaidéise.
(8) Féach COM(2021) 592 final, pointe 2.
(9) Féach COM(2021) 592 final, pointe 2.3.
(10) COM(2021) 592 final, pointe 2.1 agus pointe 2.2.
(11) COM(2021) 592 final, pointe 2.1.
(12) COM(2021) 592 final, pointe 2.2.
(13) COM(2021) 592 final, pointe 2.2.
(14) COM(2021) 592 final, pointe 3.
(15) COM(2021) 592 final, pointe 3.
(16) COM(2021) 592 final, pointe 3.2.
(17) COM(2021) 592 final, pointe 3.2.
(18) COM(2021) 592 final, pointe 3.2.
(19) COM(2021) 592 final, pointe 4.1.
(20) COM(2021) 592 final, pointe 4.1.
(21) COM(2021) 592 final, pointe 4.1.
(22) COM(2021) 592 final, pointe 4.1.
(23) COM(2021) 592 final, pointe 4.1.
(24) COM(2021) 592 final, pointe 4.1.
(25) COM(2021) 592 final, pointe 5.
(26) COM(2021) 592 final, pointe 5.
(27) COM(2021) 592 final, pointe 5.
(28) COM(2021) 592 final, pointe 6.
(29) COM(2021) 592 final, pointe 6.
(30) COM(2021) 592 final, pointe 6.
IARSCRÍBHINN
I rith na díospóireachta, diúltaíodh don leasú seo a leanas, a raibh an ceathrú cuid ar a laghad de na vótaí arna gcaitheamh ar a shon (Riail 59(3) de na Rialacha Nós Imeachta):
LEASÚ 5
SOC/705 Smachtbhannaí i gcoinne fostóirí náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach
Pointe 1.7 (i), an tríú pointe urchair
Le leasú mar seo a leanas:
Tuairim ó rannóg |
Leasú |
||||
|
|
Cúis
Is é is aidhm don leasú ról na gcigirí a shoiléiriú agus a chur i bhfios go láidir go gceanglaítear orthu, mar chuid dá n-oibleagáidí gairmiúla, imircigh neamhrialta a thuairisciú do na húdaráis má thagtar orthu san ionad oibre ar a mbeidh cigireacht á déanamh, agus ag an am céanna, aithnítear leis go bhféadfadh cigireachtaí comhpháirteacha oibrithe ar a bhfuil dúshaothrú á dhéanamh a dhíspreagadh ó labhairt amach faoina gcúinsí oibre ag an am sin. Ní mór an straitéis a bhaineann le cigirí saothair a shoiléiriú.
Toradh na vótála:
Ar son: |
48 |
In aghaidh: |
70 |
Staonadh: |
16 |
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290/90 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – A renewed EU action plan against migrant smuggling (2021-2025) [Plean gníomhaíochta athnuaite an Aontais in aghaidh smuigleáil imirceach (2021-2025)]
(COM(2021) 591 final)
(2022/C 290/15)
Rapóirtéir: |
José Antonio MORENO DÍAZ |
Comhrapóirtéir: |
Pietro Vittorio BARBIERI |
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 1.12.2021 |
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht |
Dáta a glactha sa rannóg |
7.3.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
23.3.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
568 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
212/0/5 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Is gníomhaíocht choiriúil trasteorann í smuigleáil imirceach lena gcuirtear beatha daoine i mbaol, lena sáraítear cearta bunúsacha, agus lena gcuirtear isteach ar bhainistiú ordúil na sreabh imirce. Le 20 bliain anuas, tá méadú tagtha ar smuigleáil daoine mar gheall ar fhachtóirí iomadúla díbeartha i dtíortha tionscnaimh (sáruithe ar chearta an duine, foréigean, coinbhleachtaí, neamhionannais, tosca eacnamaíocha, tosca comhshaoil, etc.), ach, de bhreis air sin, mar gheall ar a laghad bealaí dlíthiúla atá ann freisin chun cearta iontrála a fháil ar chríocha a lán tíortha. Mar thoradh ar phaindéim COVID-19, tá níos mó srianta curtha i bhfeidhm agus, mar thoradh air sin, tá méadú tagtha ar líon na ndaoine atá ag dul i muinín líonraí neamhdhleathacha, agus tá rioscaí móra ag baint leis sin. |
1.2. |
Ón tús, is é is aidhm do bheartas imirce na hEorpa, i measc nithe eile, an ghníomhaíocht choiriúil sin a chomhrac, dúshaothrú imirceach ag líonraí coiriúla a chosc, agus laghdú a dhéanamh ar an méid a spreagann an imirce neamhrialta. Ba cheart breathnú ar Phlean Gníomhaíochta Athnuaite an Aontais in aghaidh Smuigleáil Imirceach (2021-2025) mar uirlis leanúnachais agus feabhais i gcomhrac an Aontais Eorpaigh i gcoinne na gníomhaíochta coiriúla sin. |
1.3. |
De réir Europol, déanann os cionn 90 % de na daoine a thagann isteach san Aontas Eorpach go neamhrialta cuid dá n-aistear trí bhíthin líonraí smuigleála. Faoi chuimsiú an chomhraic i gcoinne smuigleáil imirceach, measann an tAontas Eorpach gur tosaíocht é dul i gcomhar le tíortha comhpháirtíochta chun laghdú a dhéanamh ar an méid a mheallann daoine chun tabhairt faoi na turais chontúirteacha sin; aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce neamhdhleathaí; imirce rialta agus bealaí dleathacha agus sábháilte chuig tíortha an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn; bainistiú na gcomhtheorainneacha a neartú; aghaidh a thabhairt ar thosca tarraingthe, amhail poist neamhrialta; agus filleadh agus ath-imeascadh a éascú do na daoine sin ar neamhrialta a gcás ar chríoch an Aontais. |
1.4. |
Is díol sásaimh do CESE plean gníomhaíochta athnuaite an Aontais agus an cur chuige cuimsitheach atá beartaithe aige chun leanúint de ghníomhaíocht an Aontais chun smuigleáil imirceach a chomhrac. Gníomhaíocht choiriúil is ea an smuigleáil, ceann lena gcuirtear beatha na n-imirceach i mbaol agus lena sáraítear a gcearta, ceann ina mbeirtear buntáiste míchuí ar dhaoine atá ag iarraidh dul isteach i gcríoch an Aontais, agus is bagairt í freisin ar shlándáil na hEorpa. |
1.5. |
Tuigeann CESE gur tosaíocht don Aontas Eorpach é na teorainneacha seachtracha a chosaint, ach cuireann sé in iúl nach mór déanamh amhlaidh agus aird á tabhairt ar chearta an duine agus ar dhosháraitheacht an dlí phoiblí idirnáisiúnta, daoine á gcosaint agus coiriúlú na dlúthpháirtíochta á sheachaint i gcónaí. I gcás ar bith, agus an comhrac i gcoinne smuigleáil imirceach ar bun, níor chóir comhrac a dhéanamh choíche i gcoinne na n-imirceach féin ná i gcoinne na cabhrach agus an chúnaimh dhaonnúil a thugtar dóibh. |
1.6. |
Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach smuigleáil imirceach a chomhrac trí bhíthin cur chuige lena gcuirtear san áireamh gach gné d’aistear iomlán na n-imirceach. Is éard atá i gceist leis sin na bearta atá beartaithe i gcoinne líonraí smuigleála a neartú trí fheabhas a chur ar an gcomhar breithiúnach agus ar an gcomhar póilíneachta; feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an idirphlé le tíortha comharsanachta sa chomhrac i gcoinne líonraí smuigleála; gníomhaíochtaí a neartú chun dúshaothrú a chosc agus chun cosaint daoine arna smuigleáil a áirithiú; agus an fhostaíocht neamhrialta agus an dúshaothrú saothair a chomhrac ar bhealach níos comhordaithe agus níos láidre. |
1.7. |
Aontaíonn CESE gur gá deireadh a chur leis an éileamh atá ann má táthar chun dochar a dhéanamh do bhrabúis na líonraí smuigleála daoine. Tugann sé rabhadh, mar sin féin, faoi na fadhbanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn mura dtugtar aghaidh ach ar thaobh an tsoláthair de (i.e. na líonraí gáinneála). I ndáil leis sin, cuireann sé in iúl go bhfuil sé ríthábhachtach bealaí dleathacha, éifeachtacha agus sábháilte a bheith ann, chomh maith leis an gceart chun tearmainn a chosaint, má táthar chun deireadh a chur le cuid mhór den ghnó neamhdhleathach sin. |
1.8. |
Cáineann CESE go láidir freisin an mhí-úsáid a bhaintear as cás na n-imirceach agus na n-iarrthóirí tearmainn chun díchobhsú a dhéanamh ar an Aontas (1). |
1.9. |
Cuireann CESE in iúl nár cheart coir a dhéanamh as daoine leochaileacha a chosaint, cúram leighis (2) a chur ar fáil ná cúnamh dlúthpháirtíochta a thabhairt agus nár cheart caitheamh leis an méid sin ar an mbealach céanna lena gcaitear le gníomhaíochtaí na líonraí smuigleála. Níor cheart daoine a chúisiú ina leithéid de chás ach amháin má dhéantar amhlaidh d’aon turas agus d’fhonn sochar airgid nó sochar ábhartha eile a fháil ar bhonn díreach nó indíreach (3). Ní mór an clásal maidir le díolúine éigeantach ó dhliteanas a chur ann go sainráite i gcás cúiseanna daonnúla a bheith le gníomhaíochtaí cúnaimh nó cabhrach. |
2. Barúlacha ginearálta
2.1. |
Is gníomhaíocht choiriúil trasteorann í smuigleáil imirceach lena gcuirtear beatha daoine i mbaol, lena sáraítear cearta bunúsacha, agus lena gcuirtear isteach ar bhainistiú ordúil na sreabh imirce. |
2.2. |
Le 20 bliain anuas, tá méadú tagtha ar smuigleáil daoine mar gheall ar fhachtóirí iomadúla díbeartha i dtíortha tionscnaimh (sáruithe ar chearta an duine, foréigean, coinbhleachtaí, neamhionannais, tosca eacnamaíocha, tosca comhshaoil, etc.), ach, de bhreis air sin, mar gheall ar a laghad bealaí dlíthiúla atá ann freisin chun cearta iontrála a fháil ar chríocha a lán tíortha. Mar thoradh ar phaindéim COVID-19, tá níos mó srianta curtha i bhfeidhm agus, mar thoradh air sin, tá méadú tagtha ar líon na ndaoine atá ag dul i muinín líonraí neamhdhleathacha, agus tá rioscaí móra ag baint leis sin (4). |
2.3. |
Is é an phríomhdhifríocht idir smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine go nglacann imircigh páirt ar bhonn deonach i bpróiseas na himirce ach íoc as seirbhísí na smuigleálaí chun teorainn idirnáisiúnta a thrasnú; i gcás na gáinneála ar dhaoine, áfach, déantar gáinneáil ar dhaoine chun críche saothair nó teacht i dtír gnéasach nó chun a n-orgáin a bhaint agus is íospartaigh iad a bhfuil cúnamh agus tacaíocht de dhíth orthu. Ní gá gur gníomhaíochtaí trasteorann gníomhaíochtaí gáinneála. Is minic a bhíonn an dá fheiniméan sin fite fuaite ina chéile, mar is féidir go ndéanfaidh gáinneálaithe dúshaothrú ar na ndaoine a bhfuil smuigleáil á déanamh orthu chun críche saothair, teacht i dtír gnéasach nó chun críocha eile. |
2.4. |
Ón tús, is é is aidhm do bheartas imirce na hEorpa, i measc nithe eile, an ghníomhaíocht choiriúil sin a chomhrac, dúshaothrú imirceach ag líonraí coiriúla a chosc, agus laghdú a dhéanamh ar an méid a spreagann an imirce neamhrialta. Sa Chomhaontú maidir le hInimirce agus Tearmann a thíolaic an Coimisiún Eorpach in 2020, luaitear gur tosaíocht é an comhrac i gcoinne smuigleáil imirceach agus go neartófar an comhar le tíortha tionscnaimh agus idirthurais d’fhonn turais chontúirteacha agus trasnuithe neamhrialta a chosc, go háirithe trí chomhpháirtíochtaí sonracha in aghaidh smuigleáil imirceach a bhunú le tríú tíortha. |
2.5. |
De réir Europol, déanann os cionn 90 % de na daoine a thagann isteach san Aontas Eorpach go neamhrialta cuid dá n-aistear trí bhíthin líonraí smuigleála. |
2.6. |
Ba cheart breathnú ar Phlean Gníomhaíochta Athnuaite an Aontais in aghaidh Smuigleáil Imirceach (2021-2025) mar uirlis leanúnachais i gcomhrac an Aontais Eorpaigh i gcoinne na gníomhaíochta coiriúla sin. Ní hamháin gur dúshlán imirce í smuigleáil imirceach, ach is bagairt í freisin ar shlándáil theorainneacha seachtracha an Aontais. Is saincheist lárnach é bainistiú agus cosaint iomchuí a dhéanamh ar theorainneacha seachtracha an Aontais, i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil idirnáisiúnta agus leis na cearta bunúsacha. Ní mór don Aontas na caighdeáin choiteanna agus na nósanna imeachta coiteanna a neartú, i gcomhréir le cearta an duine agus le caighdeáin idirnáisiúnta, d’fhonn smuigleáil imirceach isteach san Aontas a chosc. |
2.7. |
Faoi chuimsiú an chomhraic i gcoinne smuigleáil imirceach, measann an tAontas Eorpach gur tosaíocht é dul i gcomhar le tíortha comhpháirtíochta chun laghdú a dhéanamh ar an méid a mheallann daoine chun tabhairt faoi na turais chontúirteacha sin; aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce neamhdhleathaí; imirce rialta agus bealaí dleathacha agus sábháilte chuig tíortha an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn; bainistiú na gcomhtheorainneacha a neartú; agus filleadh agus ath-imeascadh a éascú do na daoine sin ar neamhrialta a gcás ar chríoch an Aontais (5). |
2.8. |
Is é atá i gceist leis an gcomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine freisin cur i bhfeidhm na Treorach maidir le Smachtbhannaí i gcoinne Fostóirí (6) a neartú, agus an tuiscint gur rud í an obair neamhrialta a mheallann imircigh neamhrialta agus gur féidir go mbíonn nasc ann idir í agus smuigleáil imirceach: ní mór a mheabhrú nárbh ann d’oibrithe eachtrannacha i staid neamhrialta san Aontas Eorpach murach na fostóirí neamhrialta a bhfuil obair neamhdhleathach á cur ar fáil acu nach bhfuil na coinníollacha oibre íosta á gcomhlíonadh acu maidir le tuarastal, uaireanta oibre, sláinte agus dálaí sábháilteachta, etc. |
2.9. |
Cuirtear san áireamh i bPlean Gníomhaíochta athnuaite an Aontais Eorpaigh in aghaidh Smuigleáil Imirceach (2021-2025) torthaí na gcomhairliúchán spriocdhírithe agus comhairliúchán poiblí a bhí ar siúl idir an 19 Márta agus an 11 Meitheamh 2021. Trí rannchuidiú le cur isteach ar ghnólachtaí coiriúla, tacaíonn an plean freisin le cuspóirí Straitéis an Aontais um an Aontas Slándála (7), chomh maith le straitéis an Aontais chun coireacht eagraithe a chomhrac 2021-2025 (8) agus straitéis an Aontais chun gáinneáil ar dhaoine a chomhrac 2021-2025 (9). |
3. Barúlacha maidir le Plean Gníomhaíochta athnuaite an Aontais Eorpaigh in aghaidh Smuigleáil Imirceach (2021-2025)
3.1. |
Is díol sásaimh do CESE plean gníomhaíochta athnuaite an Aontais agus an cur chuige cuimsitheach atá beartaithe aige chun leanúint de ghníomhaíocht an Aontais chun smuigleáil imirceach a chomhrac. |
3.2. |
Gníomhaíocht choiriúil is ea an smuigleáil, ceann lena gcuirtear beatha na n-imirceach i mbaol agus lena sáraítear a gcearta, ceann ina mbeirtear buntáiste míchuí ar dhaoine atá ag iarraidh dul isteach i gcríoch an Aontais. Dá bhrí sin, creideann CESE gur cheart na sásraí agus na huirlisí is gá a chur i bhfeidhm chun an ghníomhaíocht choiriúil sin a chomhrac. |
3.3. |
Tuigeann CESE gur tosaíocht eile don Aontas Eorpach é na teorainneacha seachtracha a chosaint, ach cuireann sé in iúl nach mór déanamh amhlaidh agus aird á tabhairt ar chearta an duine agus ar dhosháraitheacht an dlí phoiblí idirnáisiúnta, daoine á gcosaint agus coiriúlú na dlúthpháirtíochta á sheachaint i gcónaí. I gcás ar bith, agus an comhrac i gcoinne smuigleáil imirceach ar bun, níor chóir comhrac a dhéanamh choíche i gcoinne na n-imirceach féin ná i gcoinne na cabhrach agus an chúnaimh dhaonnúil a thugtar dóibh agus ní leithscéal atá ann deireadh a chur leis an gceart chun tearmainn laistigh den Aontas ná ar bhonn idirnáisiúnta ach oiread. |
3.4. |
Níor cheart coir a dhéanamh as daoine leochaileacha a chosaint, cúram leighis (10) a chur ar fáil ná cúnamh dlúthpháirtíochta a thabhairt agus níor cheart caitheamh leis an méid sin ar an mbealach céanna lena gcaitear le gníomhaíochtaí na líonraí smuigleála. Níor cheart daoine a chúisiú ina leithéid de chás ach amháin má dhéantar amhlaidh d’aon turas agus d’fhonn sochar airgid nó sochar ábhartha eile a fháil ar bhonn díreach nó indíreach (11). Ní mór an clásal maidir le díolúine éigeantach ó dhliteanas a chur ann go sainráite i gcás cúiseanna daonnúla a bheith le gníomhaíochtaí cúnaimh nó cabhrach. |
3.5. |
Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach smuigleáil imirceach a chomhrac trí bhíthin cur chuige lena gcuirtear san áireamh gach gné d’aistear iomlán na n-imirceach agus go dtuigtear gur ceann de na cúiseanna lenar féidir le líonraí smuigleála dul chun cinn a dhéanamh a laghad bealaí dleathacha sábháilte atá ann. |
3.6. |
Measann CESE freisin gur ann do nasc idir obair neamhrialta agus líonraí smuigleála daoine, rud a mbíonn an dúshaothrú chun críche saothair ina thoradh air go minic. Dá bhrí sin, creideann CESE gur cheart iarrachtaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar chur chun feidhme na Treorach maidir le Smachtbhannaí i gcoinne Fostóirí agus chun an fhostaíocht neamhrialta agus an dúshaothrú saothair a chomhrac ar bhealach níos comhordaithe agus níos láidre. |
3.7. |
Measann CESE gur gá na bearta atá beartaithe i gcoinne líonraí smuigleála a neartú tríd an gcomhar breithiúnach agus póilíneachta a fheabhsú, trí thacú le hobair an Ardáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT) agus Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus trí fheabhas a chur ar bhailiú faisnéise agus ar fheachtais faisnéise maidir leis na rioscaí a bhaineann le smuigléireacht imirceach ag an bhfoinse. |
3.8. |
Is díol sásaimh do CESE go mbaineann an cur chuige comhtháite sin freisin le feabhas a chur ar chomhar agus ar idirphlé le tíortha comharsanachta sa chomhrac i gcoinne líonraí smuigleála, ach tugann sé rabhadh go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ar chomhar leis na tíortha sin, rud a d’fhéadfadh líonraí smuigleála a neartú ar deireadh trí úsáid mhíchuí a bhaint as coincheapa amhail filleadh agus athimeascadh.. I ndáil leis an méid sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go gcuirtear béim sa teachtaireacht ón gCoimisiún ar ról méadaitheach na ngníomhaithe stáit chun inimirce neamhrialta a chruthú agus a éascú go saorga d’fhonn díchobhsú a dhéanamh ar an Aontas. |
3.9. |
Measann CESE go bhfuil sé riachtanach gníomhartha a neartú chun dúshaothrú a chosc agus chun daoine a smuigleáiltear a chosaint. I ndáil leis an méid sin, measann CESE gur gá gníomhaíochtaí píolótacha a fhorbairt trí bhíthin cur chuige cuimsitheach, ina mbeadh údaráis riaracháin agus gníomhaithe sóisialta ó thíortha tionscnaimh, ó thíortha idirthurais agus ó thíortha cinn scríbe rannpháirteach. |
3.10. |
Measann CESE gur díol spéise iad comhpháirtíochtaí oibríochtúla frithsmuigleála a fhorbairt le tríú tíortha, ach cuireann sé in iúl nár cheart go sáródh comhaontuithe den sórt sin treoirphrionsabail an Aontais Eorpaigh, agus nár cheart iad a thabhairt i gcrích le tíortha ina ndéantar sáruithe córasacha ar chearta an duine. |
3.11. |
Measann CESE go n-éiríonn le Plean Gníomhaíochta athnuaite an Aontais i gcoinne Smuigleáil Imirceach (2021-2025) na rioscaí a bhaineann leis an ngníomhaíocht choiriúil sin a shainaithint agus leis an luas lena dtéann líonraí smuigleála in oiriúint do dhálaí agus teicneolaíochtaí nua a úsáid chun an buntáiste is mó a bhaint astu. |
3.12. |
Aontaíonn CESE gur gá deireadh a chur leis an éileamh atá ann má táthar chun cur isteach ar bhrabúis na líonraí smuigleála daoine, mar a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta athnuaite. Tugann sé rabhadh, mar sin féin, faoi na fadhbanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn mura dtugtar aghaidh ach ar thaobh an tsoláthair de (i.e. na líonraí gáinneála) gan tuiscint a fháil ar an ngá atá le hathchóirithe struchtúracha chun an t-éileamh a laghdú. I ndáil leis sin, cuireann sé in iúl go bhfuil sé ríthábhachtach bealaí dleathacha, éifeachtacha agus sábháilte a bheith ann, chomh maith leis an gceart chun tearmainn a chosaint, má táthar chun deireadh a chur le cuid mhór den ghnó neamhdhleathach sin. |
3.13. |
Tá imní ar CESE go bhféadfadh sé go sárófaí na sásraí chun cúnamh a thabhairt d’imircigh leochaileacha dá gcuirfí feabhas ar an gcosc ar smuigleáil, cé gur cuspóir de chuid CESE an méid sin. Cuireann sí i bhfios go láidir go bhfuil méadú tagtha ar líon na ngníomhartha dlúthpháirtíochta atá á gcoiriúlú ag páirtithe agus ag rialtais le roinnt míonna anuas. Cuireann CESE in iúl nár cheart coir a dhéanamh as daoine leochaileacha a chosaint, cúram leighis (12) a chur ar fáil ná cúnamh dlúthpháirtíochta a thabhairt agus nár cheart caitheamh leis an méid sin ar an mbealach céanna lena gcaitear le gníomhaíochtaí na líonraí smuigleála (13). |
3.14. |
Measann CESE gur cheart aird ar leith a thabhairt ar íospartaigh na smuigleála, go háirithe iad siúd atá níos leochailí, amhail mionaoisigh (neamhthionlactha) (14), daoine atá faoi mhíchumas agus mná (15). Iarrann an Coiste ar an gCoimisiún Eorpach Treoir a dhréachtú maidir le mionaoisigh neamhthionlactha a chosaint, ceann a bheadh chun leas an linbh. Ina theannta sin, ba cheart aitheantas mar ghníomhaíochtaí daonnúla a thabhairt d’iarrachtaí ghníomhaithe na sochaí sibhialta, na n-eintiteas sóisialta agus na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha i dtaca le cabhair agus tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh na smuigleála, d’fhonn phrionsabail an Aontais a neartú. |
3.15. |
Aithníonn CESE ábharthacht an phlean agus go dtugann sé aghaidh go soiléir ar na fadhbanna atá ann faoi láthair maidir le himircigh a ionstraimiú, a bhfuil gníomhaithe stáit rannpháirteach iontu go soiléir. Cáineann CESE freisin, amhail an Chomhairle Eorpach (16), ionstraimiú imirceach agus iarrthóirí tearmainn chun críche díchobhsú, rud a chonacthas le déanaí ag na teorainneacha le Maracó agus, go háirithe, leis an mBealarúis (17). |
3.16. |
Cuireann CESE in iúl go bhfuil na Ballstáit i gcónaí faoi oibleagáid gealltanais idirnáisiúnta a chomhlíonadh, lena n-áirítear Coinbhinsiún na Ginéive 1951 agus Prótacal Nua-Eabhrac 1967 lena rialaítear an ceart chun tearmainn, chomh maith le creat reachtach iomlán an Aontais. |
3.17. |
Nuair a chaitear leis an imirce mar bhagairt agus nuair a chuirtear imircigh i láthair mar a bheadh baol ann, níl á dhéanamh ach daoine daonna a dhídhaonnú agus níl tairbhe le baint as sin ach amháin acu siúd ar mian leo teacht i dtír ar na himircigh chun críoch geostraitéiseach nó chun críocha na polaitíochta náisiúnta. |
3.18. |
Is oth le CESE gur mó an t-ábhar imní atá sa chomhrac i gcoinne smuigleáil imirceach ná an comhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine, arb í an ghníomhaíocht choiriúil is brabúsaí fós í agus ní hamháin gur sárú ar chearta an duine í, ach is fíorbhagairt í ar an tslándáil náisiúnta, ar an bhfás eacnamaíoch agus ar an bhforbairt inbhuanaithe (18). |
An Bhruiséil, 23 Márta 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Tuairim REX 554 ó CESE atá le teacht.
(2) Ráiteas ó Bhuanchoiste Dhochtúirí na hEorpa maidr le coiriúlú na ngníomhartha dlúthpháirtíochta. Féach freisin an tuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa (2019): Fit for purpose? The Facilitation Directive and the criminalisation of humanitarian assistance to irregular migrants: 2018 update [Oiriúnacht don fheidhm? An Treoir maidir le hÉascú agus coiriúlú na cabhrach daonnúla d’imircigh neamhrialta: nuashonrú 2018].
(3) Airteagal 6, Prótacal na Náisiún Aontaithe in aghaidh Imircigh a Smuigleáil ar Tír, ar Muir nó san Aer, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta.
(4) Global Initiative Against Transnational Organized Crime (2021), The Global Illicit Economy [An Geilleagar Aindleathach Domhanda].
(5) IO C 517, 22.12.2021, lch. 86.
(6) Treoir 2009/52/CE.
(7) COM/2020/605 final.
(8) COM/2021/170 final.
(9) COM/2021/171 final.
(10) Ráiteas ó Bhuanchoiste Dhochtúirí na hEorpa maidr le coiriúlú na ngníomhartha dlúthpháirtíochta. Féach freisin an tuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa (2019): Fit for purpose? The Facilitation Directive and the criminalisation of humanitarian assistance to irregular migrants: 2018 update [Oiriúnacht don fheidhm? An Treoir maidir le hÉascú agus coiriúlú na cabhrach daonnúla d’imircigh neamhrialta: nuashonrú 2018].
(11) Airteagal 6, Prótacal na Náisiún Aontaithe in aghaidh Imircigh a Smuigleáil ar Tír, ar Muir nó san Aer, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta.
(12) Ráiteas ó Bhuanchoiste Dhochtúirí na hEorpa maidr le coiriúlú na ngníomhartha dlúthpháirtíochta. Féach freisin an tuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa (2019): Fit for purpose? The Facilitation Directive and the criminalisation of humanitarian assistance to irregular migrants: 2018 update [Oiriúnacht don fheidhm? An Treoir maidir le hÉascú agus coiriúlú na cabhrach daonnúla d’imircigh neamhrialta: nuashonrú 2018].
(13) Comhairle Saineolaithe ar Dhlí Eagraíochtaí Neamhrialtasacha de Chomhdháil na nEagraíochtaí Idirnáisiúnta Neamhrialtasacha i gComhairle na hEorpa: Using criminal law to restrict the work of NGOs supporting refugees and other migrants in Council of Europe Member States [Úsáid a bhaint as an dlí coiriúil chun srian a chur ar obair Eagraíochtaí Neamhrialtasacha a thacaíonn le dídeanaithe agus le himircigh eile i mBallstáit Chomhairle na hEorpa] (2019).
(14) IO C 429, 11.12.2020, lch. 24.
(15) Cuspóir 9 den Comhshocrú Domhanda maidir leis an Imirce Shábháilte, Ordúil agus Rialta: An fhreagairt trasnáisiúnta a neartú maidir le smuigleáil imirceach. Féach freisin pointe 25(c): Prótacail um an gcomhar inscne-fhreagrúla atá íogair ó thaobh leanaí de a fhorbairt i gcás bealaí imirce lena leagtar síos bearta céim ar chéim chun imircigh a ndearnadh smuigleáil orthu a shainaithint agus chun cabhair a thabhairt dóibh.
(16) JOIN(2021) 32 final, Responding to state-sponsored instrumentalisation of migrants at the EU external border [Freagairt d’ionstraimiú státurraithe na n-imirceach ag teorainn sheachtrach an Aontais].
(17) https://www.eesc.europa.eu/en/news-media/presentations/eesc-expresses-its-concern-about-situation-border-belarus
(18) Bigio, J., & Vogelstein, R. B. (2021), Ending Human Trafficking in the Twenty-First Century [Deireadh a chur le Gáinneáil ar Dhaoine san Aonú hAois is Fiche], an Chomhairle um Chaidreamh Eachtrach.
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290/95 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún — Better working conditions for a stronger social Europe: harnessing the full benefits of digitalisation for the future of work [Dálaí oibre níos fearr ar son Eoraip shóisialta níos láidre: leas iomlán a bhaint as an digiteáil ar mhaithe le todhchaí na hoibre]
(COM(2021) 761 final)
agus an Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin
(COM(2021) 762 final)
(2022/C 290/16)
Rapóirtéir: |
Cinzia DEL RIO |
Comhairliúchán |
Parlaimint na hEorpa, 17.1.2022 Comhairle an Aontais Eorpaigh, 4.5.2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht |
Dáta a glactha sa rannóg |
7.3.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
23.3.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
568 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
149/80/18 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
De thoradh na paindéime, tugadh chun léire roinnt athruithe sa saol oibre, athruithe a bhí ag tarlú cheana féin, agus cuireadh dlús le leathnú gach cineáil oibre ardáin. Ar an gcaoi sin, treisíodh fás agus tionchar an gheilleagair dhigitigh. |
1.2. |
Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Treoir maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin (COM(2021) 762), faoi chuimsiú chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an ngníomh reachtach sin critéir shoiléire a leagan síos maidir le caidreamh fostaíochta a aicmiú agus úsáid algartam a rialú agus ní mór a áirithiú, a bhuí leis, rochtain ar chearta saothair agus cosanta sóisialta. |
1.3. |
Tá béim leagtha cheana ag CESE i roinnt tuairimí uaidh roimhe seo, tuairimí atá ábhartha i gcónaí maidir leis an tuairim seo, ar na deiseanna agus na dúshláin a ghabhann leis an obair ardáin agus ar an ngá atá ann rialacha soiléire cothroma a leagan síos chun iomaíocht chóir sa mhargadh inmheánach, cur chun feidhme éifeachtach chearta na n-oibrithe agus dálaí oibre níos fearr a áirithiú. Is é an aidhm fhoriomlán atá ann an margadh inmheánach a fhorfheidhmiú agus a neartú trí chothroime iomaíochta a áirithiú do na gníomhaithe uile. |
1.4. |
Tá sé curtha i bhfáth ag CESE go gcuireann geilleagar na n-ardán deiseanna ar fáil do ghnólachtaí agus d’oibrithe araon. Is féidir le cuideachtaí rochtain a fháil ar mhargaí nua, costais a laghdú, leas a bhaint as nuálaíochtaí i dteicneolaíochtaí digiteacha agus rochtain a fháil ar lucht saothair domhanda agus áitiúla chun éifeachtúlacht a fheabhsú agus chun cur leis an táirgiúlacht. Tá deiseanna nua ginte ioncaim agus fostaíochta ar fáil d’oibrithe, deiseanna atá níos tábhachtaí ná riamh agus atá ríthábhachtach do ghrúpaí leochaileacha, fiú, amhail daoine óga, imircigh agus mná. Ní mór aghaidh a thabhairt ar na deiseanna sin ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh na sochaí de. |
1.5. |
I measc na n-ábhar imní atá ann maidir le dálaí oibre i ngeilleagar na n-ardán tá rochtain níos teoranta ar chosaint shóisialta agus ar chumhdach slándála sóisialta, rioscaí sláinte agus sábháilteachta, éiginnteacht fostaíochta, uaireanta oibre ilroinnte agus leibhéil neamhleora ioncaim agus deacrachtaí maidir lena áirithiú go n-aithnítear cearta comhchoiteanna; Ní mór aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin agus réitigh chothroma a fhorbairt ar na leibhéil iomchuí, mar atá ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta agus trí chomhmhargáil a bhfuil ardáin bainteach léi. Measann CESE gur gá a áirithiú go gcaithfear go cothrom le cuideachtaí “traidisiúnta” agus iad siúd a úsáideann meáin dhigiteacha bunaithe ar fheidhmeanna bainistithe algartamach nuair a úsáidtear iad chun bainistiú a dhéanamh ar eagrú na hoibre agus ar an gcaidreamh fostaíochta: treoir, rialú agus/nó cumhacht eagraíochtúil. |
1.6. |
Ní hionann méid gach ardáin saothair dhigitigh. I gcás FBManna i ngeilleagar na n-ardán, tá dúshláin eile ann nach mór aird a thabhairt orthu, lena n-áirítear dúshláin maidir leis na costais a bhaineann le hualaí bonneagair agus riaracháin agus le hoiriúnú don chlaochlú digiteach. |
1.7. |
Aithníonn CESE go bhféadfadh uaireanta oibre solúbtha a bheith mar bhuntáiste san obair ardáin, rud a bheadh ina dhíol sásaimh go háirithe dóibh siúd atá ag brath ar an obair ardáin mar fhoinse bhreise ioncaim. Bíodh sin mar atá, ba cheart an tsolúbthacht a bheith bunaithe i gcónaí ar urramú na gcaighdeán bunúsach sóisialta agus saothair arna ráthú le dlí an Aontais. |
1.8. |
Aontaíonn CESE go bhfuil aicmiú dlíthiúil an chaidrimh fostaíochta agus an t-idirdhealú soiléir a dhéantar idir é agus fíor-fhéinfhostaíocht ríthábhachtach chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do ghnólachtaí agus d’oibrithe araon agus chun cearta agus cosaint na n-oibrithe a áirithiú. Mar sin féin, tugtar aghaidh ar an tsaincheist sin ar dhóigheanna éagsúla ó Bhallstát go chéile. Mar thoradh ar fhorálacha dlí maidir le réimsí sonracha, ar rialuithe cúirte i ndáil le díospóidí saothair agus ar chomhaontuithe comhchoiteanna i gcodanna spriocdhírithe den obair ardáin, tá ilroinnt sa rialáil atá ann cheana laistigh den Aontas agus tá difríochtaí sa chaoi a gcaitear le hoibrithe ardáin sna Ballstáit éagsúla. Is gá an fostóir atá freagrach de réir dlí a shainaithint go soiléir, ó thaobh cánach agus ranníocaíochtaí sóisialta araon de agus d’fhonn próisis chómhargála a bhunú. |
1.9. |
Ní féidir cineálacha éagsúla cur chuige rialála a bheith ag an Eoraip i ndáil leis na dúshláin chéanna. Tacaíonn CESE le haidhm an togra reachtaigh ón gCoimisiún Eorpach aghaidh a thabhairt ar na cineálacha éagsúla cur chuige sin atá á nglacadh sna Ballstáit. |
1.10. |
Tá CESE á chur i bhfios go láidir nach mór rialacha nua na Treorach a bheith bunaithe ar acquis sóisialta an Aontais agus sainmhínithe soiléire a bheith iontu, sainmhínithe nár cheart a bheith ag teacht salach ar an acquis dlíthiúil, ar chomhaontuithe comhchoiteanna ná ar chásdlí na gcúirteanna sna Ballstáit aonair. Ba cheart an Treoir a bheith ina creat dlíthiúil soiléir a bheidh le hoiriúnú ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir le dlíthe agus cleachtais náisiúnta, lena spreagtar go háirithe próisis chómhargála. |
1.11. |
Thairis sin, tugtar aghaidh sa tuairim seo go háirithe ar na gnéithe seo a leanas den Treoir atá beartaithe:
Critéir aicmiúcháin: tá CESE á chur i bhfáth nach léirítear leis na critéir aicmiúcháin a leagtar amach in Airteagal 4 den togra éabhlóid ghasta dhinimiciúil an mhargaidh dhigitigh agus gur ghá iad a nuashonrú ar bhonn leanúnach, rud a fhágann go bhfuil siad doiléir agus débhríoch. Bheadh sé ní b’oiriúnaí a rá go bhfuil an toimhde maidir le caidreamh fostaíochta i bhfabhar oibrithe aonair a sholáthraíonn a saothar agus/nó a seirbhísí faoi fheidhmeanna sonracha an treoraithe, an rialaithe agus/nó na cumhachta eagrúcháin a dhéantar trí bhainistiú algartamach arna fheidhmiú ag an ardán digiteach i dtrácht agus, dá bhrí sin, critéir a leagan síos de réir na bhfeidhmeanna sin. Aontaíonn CESE gur cheart deis a thabhairt d’ardáin an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis. |
1.12. |
Tá sé á chur in iúl ag CESE go bhféadfadh sé nach mbeadh feidhm ag gné shonrach an bhainistithe algartamach, a bhfuil tionchar suntasach aige ar oibrithe, maidir leis an toimhde i ndáil le caidreamh fostaíochta a shainiú i gcás gairmithe cláraithe nó comhaltaí de chomhlachais ghairmiúla náisiúnta, i gcás inarb ann dóibh siúd. |
1.13. |
Rialacha maidir le bainistiú algartamach: aontaíonn CESE go bhfuil tionchar suntasach ag bainistiú algartamach ar dhálaí oibre agus nach mór é a bheith trédhearcadh agus inmhínithe d’oibrithe agus do ghnólachtaí. Úsáidtear cleachtais bainistithe algartamach chun maoirseacht a dhéanamh, cúraimí a shannadh, treoracha díreacha a chur ar fáil a chuireann teorainn le leibhéal an neamhspleáchais agus meastóireacht a dhéanamh ar oibrithe, lena n-áirítear ar a bhfeidhmíocht agus a n-iompar, maille lena dtuilleamh agus a ndálaí oibre agus d’fhéadfadh dífhostú fiú a bheith mar thoradh air sin, fiú. Ba cheart a lua go sainráite sa Treoir go bhfuil feidhm ag na cearta a bhunaítear i gCaibidil 3 maidir le gach cás ina n-úsáidtear bainistiú algartamach i gcomhthéacs fostaíochta. |
1.14. |
Creideann CESE gur cheart an ceart faoi ráthaíocht chun iniomparthacht sonraí a bheith ag gach oibrí ardáin agus é a bheith de cheart acu freisin a gcuid sonraí a íoslódáil ó ardáin, lena n-áirítear sonraí maidir le scileanna. Sa bhreis air sin, ba cheart forálacha breise a chur isteach lena gceadaítear an ceart chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh uathoibrithe nó leath-uathoibrithe a fheidhmiú. Ba cheart gur faoin duine a bheidh sé cinntí a dhéanamh a d’fhéadfadh tionchar suntasach a imirt ar chaidreamh saothair. Is mór ag CESE gur céim sa treo sin é an togra ón gCoimisiún Eorpach. |
1.15. |
Tá CESE ag leagan béim ar a thábhachtaí atá forfheidhmiú éifeachtach trí chomhar níos láidre idir údaráis cosanta sonraí agus cigireachtaí saothair agus ar an ngá atá ann a shoiléiriú cé air a bhfuil freagrachtaí, lena n-áirítear i gcásanna trasteorann. |
1.16. |
Cearta comhchoiteanna: Tá CESE á chur i bhfáth gur cheart tagairt shainráite a dhéanamh in Airteagal 14 den Treoir do cheardchumainn a bhfuil sé de cheart acu cómhargáil a dhéanamh. Ar a mhuin sin, ba cheart an ceart chun faisnéise, an ceart chun dul i gcomhairle agus an ceart chun cómhargála a leathnú chun gach oibrí ardáin a chumhdach. |
1.17. |
Ba cheart a áirithiú leis an Treoir próisis foirceanta chothroim d’oibrithe ardáin agus nósanna imeachta faisnéise agus comhairliúcháin i gcás dífhostuithe comhchoiteanna. |
1.18. |
I gcomhréir le spriocanna an Chláir Oibre Scileanna don Eoraip, tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá oiliúint agus faisnéis leordhóthanach d’oibrithe ardáin, a d’fhéadfadh a bheith ar fáil i dteangacha éagsúla, maidir leis an gcaoi chun an t-ardán i dtrácht a úsáid agus chun oibriú orthu agus maidir le feabhas a chur ar a gcuid scileanna digiteacha. |
2. Réamhrá — An comhthéacs
2.1. |
De thoradh phaindéim COVID-19, tá borradh tagtha faoi úsáid oibre ardáin agus tugadh chun léire roinnt athruithe sa saol oibre a bhí ag tarlú cheana féin. Tá sé curtha i bhfios go láidir ag CESE cheana go gcuireann geilleagar na n-ardán deiseanna ar fáil do ghnólachtaí agus d’oibrithe araon. Tá ardáin saothair dhigiteacha a fheidhmíonn mar idirghabhálaithe maidir le caidreamh saothair in úsáid go forleathan i roinnt earnálacha eacnamaíocha. Is féidir le cuideachtaí rochtain a fháil ar mhargaí nua, costais a laghdú, agus leas a bhaint as nuálaíochtaí i dteicneolaíochtaí digiteacha agus rochtain ar lucht saothair domhanda agus áitiúla chun éifeachtúlacht a fheabhsú agus cur leis an táirgiúlacht. Tá deiseanna nua ginte ioncaim agus fostaíochta ar fáil d’oibrithe, deiseanna atá níos tábhachtaí ná riamh agus atá ríthábhachtach do ghrúpaí leochaileacha, fiú, amhail daoine óga, imircigh agus mná. |
2.2. |
Mar sin féin, tá dúshláin ann freisin a bhaineann le cearta oibrithe, le cánachas, le dáileadh rachmais agus le hinbhuanaitheacht, dúshláin nach mór dul i ngleic leo ar an leibhéal Eorpach (1). Tá an obair ardáin ina gné thábhachtach, murab ionann is riamh, den chreat táirgthe nua de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhfuil baint acu leis an bhforbairt dhigiteach agus leis an aistriú digiteach. Tá aird tarraingthe cheana féin ag CESE i dtuairimí a d’fhoilsigh sé roimhe seo (2) ar na deiseanna agus na rioscaí i ndáil leis sin. D’iarr sé go ndéanfaí gníomhaíocht rialála ar an leibhéal Eorpach, eadhon trí shainmhínithe soiléire a thabhairt ar na critéir chun caidreamh fostaíochta a aicmiú, úsáid algartam a rialú agus rochtain ar chosaintí sóisialta agus saothair agus ar chearta sóisialta agus saothair a chur ar fáil. |
2.3. |
I ngeall ar lagstaid eacnamaíoch líon mór oibrithe atá ag feidhmiú ar ardáin saothair dhigiteacha éagsúla, méadaítear rioscaí sláinte agus sábháilteachta (3) agus neamhshláine post (4), ar feiniméan é sin atá deacair a shainiú laistigh de theorainneacha geografacha náisiúnta beachta sonracha. Ina theannta sin, i bhformhór chórais dlí an Aontais, tá laghdú ag teacht ar shásraí cosanta ginearálta agus ar shásraí cosanta sóisialta d’oibrithe neamhchaighdeánacha agus d’oibrithe neamhthipiciúla. |
2.4. |
Aithníonn CESE go bhféadfadh uaireanta oibre solúbtha a bheith mar bhuntáiste san obair ardáin, rud a bheadh ina dhíol sásaimh go háirithe dóibh siúd atá ag brath ar an obair ardáin mar fhoinse bhreise ioncaim, go háirithe daoine óga. Bíodh sin mar atá, ba cheart an tsolúbthacht a bheith bunaithe i gcónaí ar urramú na gcaighdeán bunúsach sóisialta agus saothair arna ráthú le dlí an Aontais agus arna rialú leis an dlí náisiúnta nó le comhaontuithe comhchoiteanna ar bhonn chreat dlíthiúil ábhartha an Aontais. Tá sé sin riachtanach go háirithe i gcás daoine óga a bhfuil tréimhsí oibre ilroinnte acu, leibhéil ísle ioncaim agus leibhéil neamhleora ioncaim agus ar gá dóibh a ranníocaíochtaí sóisialta a bhailiú dá gcuid pinsean amach anseo (5). |
2.5. |
De dheasca chineál éagsúil an chaidrimh fostaíochta a thagann chun cinn agus a fhorbraíonn ar ardáin saothair dhigiteacha laistigh de gach Ballstát, is deacair réiteach aonfhoirmeach náisiúnta a aimsiú chun an chosaint shóisialta is gá, na bearta sláinte agus sábháilteachta ceirde is gá, leibhéil leordhóthanacha ioncaim, am oibre iomchuí agus dálaí cuibhiúla oibre a aithint. Is mó fós ar leibhéal an Aontais na cineálacha éagsúla sin de chaidreamh saothair agus de chosaint íseal aonair agus chomhchoiteann ar an leibhéal náisiúnta. Dá thoradh sin, cruthaítear dálaí le haghaidh dumpáil shóisialta agus iomaíocht éagórach, nithe a chuireann éifeachtacht na gcaighdeán cosanta saothair Eorpach agus náisiúnta i mbaol. |
2.6. |
Is féidir ardáin saothair dhigiteacha a aicmiú in dhá chatagóir: ardáin ghréasáin ar líne agus ardáin shuíomhbhunaithe. Ní hionann méid gach ardáin saothair dhigitigh. I gcás FBManna sa gheilleagar ardán, tá dúshláin eile ann nach mór aird a thabhairt orthu, lena n-áirítear dúshláin maidir leis na costais a bhaineann le hualaí bonneagair agus riaracháin agus le hoiriúnú don chlaochlú digiteach. |
2.7. |
Tá méadú seasta ag teacht ar líon na ndaoine atá ag obair d’fhostóirí a úsáideann ardáin ar líne, ní hamháin san Aontas Eorpach ach ar fud an domhain (6). Mar atá léirithe ag EIS agus Eurofound, áirítear ar na dúshláin atá roimh ghnólachtaí traidisiúnta iomaíocht éagórach ó ardáin. Níl cuid acu siúd faoi réir gnáthchánachais ná rialacháin eile a bhaineann lena lucht saothair. Ina theannta sin, léiríodh le cuid mhaith den chásdlí go gcuireann roinnt samhlacha gnó ardáin lena mbuntáiste iomaíoch trí iarracht a dhéanamh na rialacháin is infheidhme a sheachaint, bídís ina rialacháin shóisialta, chomhshaoil nó eacnamaíoch (7). Níl an straitéis seo fabhrach don inbhuanaitheacht eacnamaíoch fhadtéarmach agus déanann sí dochar d’iomaíocht chóir, go háirithe idir i gcuideachtaí móra ardáin agus micreachuideachtaí ardáin nó cuideachtaí beaga ardáin. |
2.8. |
Leis an aistriú digiteach, a dtacaíonn an tAontas go mór leis, beidh tionchar ag an tsamhail “ardáin ar líne”, murab ionann is riamh, ar earnálacha agus ar ghairmeacha a bheidh ag dul i méid amach anseo. Tá sé curtha in iúl arís agus arís eile ag CESE (8) nach mór rialáil mhaith ar an margadh inmheánach a fhorfheidhmiú agus a neartú trí chothrom iomaíochta a áirithiú do na gníomhaithe uile agus gur cheart an digiteáil a bheith chun tairbhe d’oibrithe agus do chuideachtaí. Is den ríthábhacht creat rialála a cheapadh lena n-áiritheofar timpeallachtaí agus dálaí oibre atá sábháilte, cothrom agus sláintiúil trí chóras de chearta, freagrachtaí agus dualgais atá sainithe go soiléir. |
2.9. |
Tá sé de cheart ag gach oibrí dálaí oibre cothroma, cuibhiúla a bheith acu. Is bunphrionsabal den dlí idirnáisiúnta saothair agus de dhlí an Aontais é sin. Tá sé de cheart ag an oibrí, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2019/1152, chun bheith curtha ar an eolas ag an bhfostóir faoi ghnéithe riachtanacha an chonartha saothair nó an chaidrimh fostaíochta. Ní mór oibrithe atá fostaithe ag ardán a bheith faoi réir na bhforálacha céanna i ndlí an tsaothair agus atá i bhfeidhm sa tír ina gcuirtear an tseirbhís ar fáil. |
2.10. |
Is é an phríomhcheist atá ann, dá bhrí sin, sainmhíniú soiléir a thabhairt ar “fostaí” agus dealú soiléir a dhéanamh idir é agus “oibrí féinfhostaithe”. Tá éifeachtúlacht agus éifeachtacht chreat rialála iomlán na dréacht-treorach ag brath ar a shoiléire atá na sainmhínithe sin. Léirítear leis na staidéir dá dtagraítear (9), i roinnt mhaith cásanna, go n-iarrtar ar oibrithe clárú mar dhaoine féinfhostaithe, agus gurb é an dúshlán atá ann féinfhostaíocht bhréagach a sheachaint. Ba cheart an fhaisnéis is gá a chur ar fáil d’oibrithe chun gur féidir leo a roghnú cé acu atá siad ag iarraidh a bheith féinfhostaithe i ndáiríre nó nach bhfuil. Léirítear leis an staidéar de chuid an Choimisiúin Eorpaigh dá dtagraítear sa Dhoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin — Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre in obair ardáin go meastar go bhfuil 5,5 milliún oibrí ardáin aicmithe go mícheart mar dhaoine féinfhostaithe. |
2.11. |
Déileáiltear ar dhóigheanna éagsúla leis an tsaincheist maidir le haicmiú dlíthiúil na gcaidreamh fostaíochta ó Ballstát go chéile. Is mar gheall ar an nganntanas reachtaíochta sna córais dlí náisiúnta agus an easpa soiléireachta dlíthiúla, den chuid is mó, an riosca go ndéanfaí botúin i dtaca le haicmiú dlíthiúil an chaidrimh fostaíochta. Go nuige seo, níor thug aon Bhallstát aghaidh mar is cuí ar an tsaincheist maidir le haicmiú dlíthiúil na hoibre ardáin. Ghlac roinnt Ballstát (an Iodáil, an Spáinn agus an Fhrainc) reachtaíocht earnálach a dhíríonn ar ardáin iompair agus seachadta. Tá iarracht déanta ag líon mór Ballstát (an Bheilg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, Éire, an Iodáil, an Ísiltír agus an tSualainn) caidreamh saothair a bhfuil aicmiú neamhchinnte ag baint leis a shoiléiriú trí bhíthin reachtaíochta, gníomhartha riaracháin nó cásdlí, ach tagraíonn siad do staideanna ginearálta sa mhargadh saothair agus ní chuirtear san áireamh sainiúlachtaí na hoibre ardáin. San Iodáil agus sa Spáinn, bhí an chómhargáil tábhachtach maidir le comhaontuithe agus prótacail shonracha a bhfuil forálacha dlíthiúla sonracha réamh-mheasta acu. |
2.12. |
Maidir leis an mbarúil nach bhfuil an córas rialála atá ann faoi láthair ar an leibhéal náisiúnta i dtíortha éagsúla an Aontais oiriúnach sa riocht ina bhfuil sé chun próifílí éagsúla oibre a rialáil trí ardáin dhigiteacha, is léir go bhfuil an bharúil sin le ciall i bhfianaise an 100 díospóid dlí, nach mór, atá tugtha ag oibrithe agus/nó a n-ionadaithe ceardchumainn chun na cúirte agus i bhfianaise éagsúlacht na réiteach dá bhforáiltear sa chásdlí le haghaidh na ndíospóidí sin i gcuid mhór tíortha Eorpacha. I ndíospóidí áirithe maidir leis an obair ardáin, dearbhaítear gné féinfhostaithe an chaidrimh fostaíochta ach tá líon níos mó díospóidí ann anois ina n-aithnítear í mar fhostaíocht agus, i ndíospóidí eile, cuirtear cás sonrach na hoibre ardán i gcreat dlíthiúil idirmheánach (10). Cé gur minic a thagann torthaí bréagnaitheacha as na nósanna imeachta sin, baineann siad den chuid is mó le seirbhísí seachadta agus tiománaí (seirbhísí ardáin “ar an láthair”) agus sainítear oibrithe ardáin mar fhostaithe le formhór díobh (go háirithe sna hearnálacha iompair agus seachadta, arb iad na hearnálacha ina bhfuil an chosaint is mó ar chonradh agus ar aontas). |
2.13. |
Saincheist thábhachtach eile atá ann ná tionchar an bhainistithe algartamach ar dhálaí oibre, rud is gné dhílis de shamhail ghnó na n-ardán saothair digiteach (11). Ba cheart aird a dhíriú ar thrédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú i ndáil le halgartaim d’oibrithe agus do ghnólachtaí. |
2.14. |
Tá bearta glactha ag Ballstáit aonair chun an staid sin a fheabhsú trí thionscnaimh reachtacha a chur chun feidhme lena dtugtar aghaidh go sonrach ar bhainistiú algartamach san áit oibre (IT, ES). San am céanna, tugann roinnt Ballstát (AT, BE, CY, CZ, DK, EE, FI, DE, IE, LV, LT, LU, NL, SV) aghaidh ar bhainistiú algartamach trí bhearta a ghlacadh faoi chuimsiú na mbeartas príobháideachais, cosanta sonraí agus neamh-idirdhealaithe. Glacadh cinntí cúirte ábhartha i roinnt tíortha i ndáil leis sin (FR, IT, NL, PL agus LU) (12). Fágann ilroinnt na rialála atá i bhfeidhm faoi láthair san Aontas go bhfuil ardáin saothair dhigiteacha ag feidhmiú i dtíortha éagsúla faoi réir rialacháin éagsúla. I bhfianaise nádúr solúbtha, soghluaiste agus mearathraitheach gheilleagar na n-ardán, cruthóidh an easpa cur chuige choitinn sin deacrachtaí maidir le cothroime iomaíochta a choimeád i measc na mBallstát. |
2.15. |
Sa chomhthéacs sin, is díol sásaimh é an tionscnamh ó na hinstitiúidí Eorpacha, lena ndéantar tagairt shonrach don phacáiste beart a thíolaic an Coimisiún Eorpach an 9 Nollaig 2021 d’fhonn feabhas a chur ar dhálaí oibre na n-ardán, faoi chuimsiú chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Leis an tionscnamh ón gCoimisiún Eorpach chun togra rialála a chur chun tosaigh i bhfoirm treorach, aithnítear a phráinní atá sé aghaidh a thabhairt ar na dóigheanna éagsúla a phléitear leis an tsaincheist seo ó Bhallstát go chéile agus ar na gnéithe achrannacha a leagtar amach thuas. |
3. Barúlacha ginearálta
3.1. |
Aontaíonn CESE leis an gcinneadh ón gCoimisiún togra le haghaidh treorach a tharraingt suas, a chuimsíonn a raon feidhme obair ardánbhunaithe a forbraíodh trí ardáin ghréasáin ar líne (e.g. seirbhísí dlí, seirbhísí aistriúcháin, saoroibrithe, etc.) agus trí ardáin shuíomhbhunaithe lena n-éilítear ar an oibrí seirbhís fhisiciúil a chur ar fáil (e.g. tacsaithe, seachadtaí, seirbhísí baile). Faoi mar a luaitear go soiléir in aithris 49 den togra le haghaidh Treorach, tá bonn cirt leis an ngá atá le treoir seachas le hionstraimí dlíthiúla neamhcheangailteacha i ngeall ar éagsúla a bhíonn cásanna, dálaí oibre agus an reachtaíocht ó Bhallstát go chéile. Is fíor an méid sin go háirithe maidir le cumhdach foirmiúil iarbhír a áirithiú, maille le leordhóthanacht agus trédhearcacht na gcóras cosanta sóisialta, go háirithe ós rud é gurb iad na Ballstáit a dhéanann foráil maidir le leibhéil éagsúla cosanta sóisialta. Léirítear go soiléir leis an líon mór cásanna cúirte agus breithiúnas, líon atá ag dul i méid, atá i bhfabhar an cineál seo oibre a aicmiú mar fhostaíocht nach bhfuil an cheist á rialú ar bhealach atá soiléir go leor, fiú sna córais dlí náisiúnta aonair. Dá bhrí sin, ní féidir le gach Ballstát an cuspóir dálaí oibre a fheabhsú trí ardáin dhigiteacha a bhaint amach go leordhóthanach ar a chonlán féin ach, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, is fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. |
3.2. |
Mar is ceart, tugtar le fios sa togra le haghaidh Treorach in aithris 9 “Nuair a oibríonn ardáin i roinnt Ballstát nó thar theorainneacha, is minic nach léir cén áit a ndéantar an obair ardáin agus cé a dhéanann an obair sin. Ina theannta sin, ní bhíonn rochtain éasca ag na húdaráis náisiúnta ar shonraí maidir le hardáin saothair dhigiteacha, lena n-áirítear an líon daoine a dhéanann obair ardáin, a stádas fostaíochta agus a ndálaí oibre. Dá bharr sin, is amhlaidh is casta atá forfheidhmiú na rialacha is infheidhme, lena n-airítear na rialacha maidir le dlí an tsaothair agus an chosaint shóisialta.” Tá sé curtha in iúl ag CESE cheana féin (13) go mbeadh sé riachtanach clár ardán a chur ar bun i ngach uile Bhallstát, mar aon le bunachar sonraí uile-Eorpach d’ardáin mhóra agus bheaga a chur ar bun. |
3.3. |
D’fhéadfadh na héiginnteachtaí dlíthiúla sin, i gcásanna áirithe, cur le teacht chun cinn agus leathadh cineálacha oibre neamhdhearbhaithe agus dálaí millteanacha dúshaothraithe agus iomaíochta idir na hoibrithe féin, a d’fhéadfadh a bheith faoi réir cleachtais fochonraitheoireachta neamhdhleathacha. Is minic gur imircigh iad na hoibrithe sin a bhíonn i staid leochaileach agus nach mbíonn eolach ar na cearta íosta cosanta atá ann. Níl foráil maidir le fochonraitheoireacht sa Treoir atá beartaithe agus, dá bhrí sin, ní thugtar aon chosaint do na hoibrithe ardáin sin i gcoinne na gcleachtas sin (14). |
3.4. |
Tá téacs an togra ón gCoimisiún doiléir, cineálach agus débhríoch maidir le roinnt pointí, áfach. Ní léirítear ann na cuspóirí maidir le cearta sóisialta agus saothair a chosaint agus a ráthú a luaitear go soiléir sna haithrisí, go háirithe sainmhíniú a thabhairt ar oibrí atá ag feidhmiú trí ardáin dhigiteacha (Airteagail 2 agus 5) agus cearta na n-oibrithe agus na n-ionadaithe ceardchumainn araon chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle (ní dhéantar tagairt shainráite in Airteagal 9 ach do Threoir 2002/14/CE amháin). Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara gur minic a mheastar sa togra le haghaidh Treorach gur ionann cosaint chearta na n-oibrithe agus prionsabal na saoirse chun gnó a sheoladh. Ní mór cearta na n-oibrithe agus na saoirsí bunúsacha a chosaint mar is ceart, i gcomhréir leis an reachtaíocht agus an Chairt um Chearta Bunúsacha. |
3.5. |
Measann CESE gur gá forálacha sonracha maidir le dálaí oibre agus slándáil shóisialta a áireamh sa Treoir, forálacha atá bunaithe ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe agus a mbeidh feidhm acu freisin maidir le hoibrithe comhchosúla agus inchomparáide atá fostaithe san earnáil chéanna. Ar an dóigh sin, déanfar cosaint chonarthach aonfhoirmeach a fhorbairt in earnálacha agus cineálacha dumpála sóisialta agus fioscacha a chomhrac. |
3.6. |
Is díol sásaimh do CESE na hiarrachtaí atá beartaithe ag an gCoimisiún d’fhonn tacú le comhroinnt dea-chleachtas i gcomhthéacs a chláir foghlama frithpháirtí, le gníomhaíochtaí an Údaráis Eorpaigh Saothair laistigh de raon feidhme a shainordaithe agus leis na Ballstáit maidir le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le comhordú na slándála sóisialta agus treoir a thabhairt ina dtaobh i gcás inar gá agus trí chláir de chuid an Aontais (amhail Fís Eorpach) (15). |
3.7. |
Creideann CESE gur cheart critéir agus prionsabail tagartha shoiléire a leagan amach sa dréacht-Treoir chun reachtóirí náisiúnta a threorú agus cómhargáil a spreagadh d’fhonn rialacha a leagan síos lena n-áiritheofar cinnteacht, slándáil agus intuarthacht i dtimpeallacht táirgthe atá thar a bheith digiteálaithe. Ní mór é a bheith d’aidhm ag na rialacha sin cothroime iomaíochta a chruthú idir ardáin saothair dhigiteacha agus soláthraithe seirbhíse as líne. Níor cheart na rialacha sin a bheith ag teacht salach ar an acquis dlíthiúil, níor cheart ábhar ná raon feidhme na rialacha lena sainítear cineál fostaíochta caidrimh seirbhíse a athrú i gcomhréir le dlíthe náisiúnta, comhaontuithe comhchoiteanna, córais náisiúnta aicmiúcháin ná cásdlí chúirteanna na mBallstát aonair, agus níor cheart an bonn a bhaint d’iomaíocht chóir idir cuideachtaí dá thoradh siúd. |
3.8. |
Measann CESE freisin gur gá a áirithiú go gcaithfear go cothrom le cuideachtaí “traidisiúnta” agus iad siúd a úsáideann modhanna rialaithe dhigitigh bunaithe ar bhainistiú algartamach sonraí. Is gá iomaíocht thrédhearcach agus chóir a áirithiú eatarthu agus, ina theannta sin, stádas fostaithe a shoiléiriú d’oibrithe a sholáthraíonn seirbhísí agus/nó a dhéanann gníomhaíochtaí sna hearnálacha sin. Is mór ag CESE freisin go bhfuil sé d’aidhm ag an gCoimisiún daoine fíor-fhéinfhostaithe a shoiléiriú agus tacú leo. I gcás inar gá, gheobhaidh daoine féinfhostaithe tacaíocht chun a stádas a shoiléiriú. Táthar ag súil, a bhuí leis an Treoir, go ndéanfar neamhspleáchas daoine féinfhostaithe a dhaingniú agus go dtacófar leo leas a bhaint as a gcuid deiseanna fiontraíochta, e.g. trí chur leis an líon cliant atá ar fáil dóibh. Iad siúd atá fíor-fhéinfhostaithe cheana féin, coinneoidh siad na sochair a bhaineann lena stádas fostaíochta (16). |
3.9. |
Tá sé ríthábhachtach, ar an gcúis sin, go bhfeabhsófar raon feidhme an chur i bhfeidhm (in Airteagal 1) agus nach mbeidh aon débhrí ann chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag an Treoir maidir le gach ardán digiteach a fheidhmíonn mar idirghabhálaí sa soláthar saothair. Is gá an fíor-fhostóir atá freagrach de réir dlí a shainaithint go soiléir ó thaobh cánach agus ranníocaíochtaí sóisialta araon de agus d’fhonn próisis chómhargála a bhunú, agus sainiúlachtaí na n-ardán beag agus na micrea-ardán á gcur san áireamh. |
I ngeall ar an tagairt do “eagrú na hoibre a dhéanann an duine aonair”, d’fhéadfadh sé go bhfágfaí ardáin dhigiteacha áirithe ar lár.
4. Caibidil 4 — Barúlacha sonracha
4.1. |
Sa tuairim seo, déanfar anailís go háirithe ar na gnéithe seo a leanas den togra le haghaidh Treorach:
|
4.2. Critéir maidir le haicmiú
4.2.1. |
Leagtar amach in Airteagal 4 den togra na critéir ar a mbunaítear an toimhde maidir le caidreamh fostaíochta. Tá CESE á thabhairt dá aire gur cheart a léiriú leis na critéir atá beartaithe dinimic an mhargaidh dhigitigh agus éabhlóid samhlacha gnó agus modhanna oibre, agus go mbeadh gá iad a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach. Is oth le CESE a thabhairt dá aire gur léirithe, den chuid is mó, iad na critéir a leagtar amach in Airteagal 4 de na cineálacha éagsúla rialaithe a fheidhmíonn an t-ardán digiteach ar ghníomhaíocht oibre an fhostaí. Creideann CESE nach leor cosaint chearta na n-oibrithe a cheangal le feidhmiú rialaithe chun an éagothroime cumhachta idir an t-ardán agus na hoibrithe a léiriú agus a cheartú. |
4.2.2. |
Thairis sin, le hAirteagal 4 den togra, fágtar an iomarca cumhachta lánroghnaí ag na hardáin chun cinneadh a dhéanamh ó tharla go bhfuil baint ag an toimhde maidir le caidreamh fostaíochta le dhá cheann ar a laghad de na cúig chritéar atá ann. I gcomhthéacs atá ag síorathrú, áfach, bheadh sé éasca teacht timpeall ar na critéir sin. Creideann CESE, dá mbeadh stádas fostaíochta sainithe go soiléir, fiú dóibh siúd nach gcaitheann ach cúpla uair an chloig ag obair, go ráthófaí an ceart chun cosanta sóisialta, sláinte agus sábháilteachta, an ceart chun eagrú agus an ceart chun cómhargála a mhéid a bhaineann leis na huaireanta oibre a dhéantar. Ar an dóigh sin, áiritheofaí an tsolúbthacht is gá. |
4.2.3. |
Ba cheart, leis na critéir sin, aghaidh a thabhairt go sonrach ar an mbaol atá ann maidir leis an mbrú anuas ar chaighdeáin saothair Chun na críche sin, ba mhaith an rud é critéar aonair a bheith ann i ndáil leis an toimhde maidir le caidreamh fostaíochta, critéar is féidir leis an ardán a fhrisnéis ar bhonn Airteagal 5. Ar an gcaoi sin, chuirfí an dualgas cruthúnais aisiompaithe ar an ardán digiteach agus chruthófaí cineál féinfhostaíochta an chaidrimh fostaíochta. Tá CESE ar aon dul leis an méid a luaitear sa togra ón gCoimisiún Eorpach gur cheart é a bheith faoi na hardáin an toimhde maidir le caidreamh fostaíochta a fhrisnéis. |
4.2.4. |
Go deimhin, ní mór cosaint leordhóthanach a thabhairt d’oibrithe féinfhostaithe agus do fhíorchaidreamh féinfhostaíochta, nach bhfuil aon sainmhíniú tugtha ina leith sa Treoir. Is ann do chuid mhór cineálacha éagsúla oibre ardáin agus ní féidir iad a chur in aon chatagóir amháin. Is ann do chineálacha oibre ar féidir a mheas a bheith cosúil le fostaíocht agus is ann do chineálacha oibre lena n-éilítear gairmithe oilte, fiú oibrithe ardoilte. I dtíortha áirithe, is ionann na hoibrithe sin agus oibrithe atá liostaithe ar chláir ghairmiúla nó atá ina gcomhaltaí de chomhlachais ghairmiúla náisiúnta. D’fhéadfadh sé nach mbeadh feidhm ag gné shonrach an bhainistithe algartamach, a bhfuil tionchar suntasach aige ar oibrithe, maidir leis an toimhde i ndáil le caidreamh fostaíochta a shainiú i gcás gairmithe cláraithe nó comhaltaí de chomhlachais ghairmiúla náisiúnta, i gcás inarb ann dóibh siúd. |
4.2.5. |
Bheadh sé ní b’iomchuí, dá bhrí sin, a rá go bhfuil an toimhde maidir le caidreamh fostaíochta i réimse na n-ardán saothair digiteach i bhfabhar oibrithe aonair a sholáthraíonn a saothar agus/nó a seirbhísí faoi fheidhmeanna sonracha an treoraithe, an rialaithe agus/nó na cumhachta eagrúcháin a dhéantar trí bhainistiú algartamach. |
Ba cheart d’ardáin a bheith in ann an toimhde sin maidir le caidreamh fostaíochta sin a fhrisnéis trína chruthú nach bhfeidhmíonn siad cumhachtaí tráchtála eagraíochta (fiú más cumhachtaí indíreacha nó intuigthe iad), maidir leis an tseirbhís/saothar atá á sholáthar ag an oibrí (17).
4.2.6. |
Argóint a fheictear go coitianta i rialuithe cúirte lena n-aithnítear cineál fostaíochta an chaidrimh fostaíochta — agus, go deimhin, arna n-eisiúint ag cúirteanna náisiúnta arda — is ea gurb é atá san ardán, agus go sonrach sa bhainistiú algartamach, cineál formhaoirseachta ar fheidhmíocht na seirbhíse a chuireann an t-oibrí i gcrích. Go deimhin, léiríonn sé sin go bhfuil an tseirbhís a chuirtear ar fáil comhtháite go hiomlán i ngnó an ardáin. Treisíonn an ghné sin inti féin an gá atá ann an chumhacht rialaithe thuasluaite a fhrithchothromú trí ráthaíochtaí leordhóthanacha aonair agus comhchoiteanna a chur ar fáil do na hoibrithe uile a chuireann a saothar agus/nó a seirbhísí ar fáil trí ardáin dhigiteacha. |
5. Barúlacha agus moltaí sonracha maidir le bainistiú algartamach
5.1. |
Úsáidtear cleachtais bainistithe algartamach chun méid shuntasach sonraí a phróiseáil, maoirseacht a dhéanamh, cúraimí a shannadh, treoracha díreacha a chur ar fáil a chuireann teorainn le leibhéal an neamhspleáchais agus meastóireacht a dhéanamh ar oibrithe, lena n-áirítear ar a bhfeidhmíocht agus a n-iompar, maille lena dtuilleamh agus a ndálaí oibre agus d’fhéadfadh dífhostú fiú a bheith mar thoradh air sin, fiú. Is díol sásaimh do CESE go nglactar sa dréacht-Treoir prionsabail an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), agus i gcomhréir le hAirteagal 9 RGCS. Ba cheart, tríd an Treoir, toirmeasc soiléir a chur ar phróiseáil sonraí pearsanta íogaire, lena n-áirítear tuairimí polaitiúla agus ballraíocht i gceardchumann. Ba cheart a dhearbhú go sainráite sa Treoir go bhfuil feidhm ag na cearta arna mbunú i gCaibidil 3 i ngach cás de bhainistiú algartamach agus i gcás ina gcruthaíonn an t-ardán nach bhfeidhmíonn sé cumhachtaí tráchtála eagraíochta (fiú más cumhachtaí indíreacha nó intuigthe iad), maidir leis an tseirbhís atá á sholáthar ag an oibrí agus, dá bhrí sin, i gcás ina dtoimhdíonn an t-ardán nach ann d’aon chaidreamh fostaíochta. |
5.2. |
Is minic a bhíonn na córais a úsáideann ardáin saothair dhigiteacha ag brath ar an intleacht shaorga. Ós rud é go mbeidh ar ardáin cloí le forálacha na Treorach faoi chaibidil agus an Ghnímh um an Intleacht Shaorga (rialachán maidir leis an margadh táirgí), tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún crostagairt a dhéanamh don Treoir atá beartaithe agus don Ghníomh um an Intleacht Shaorga, agus vice versa, chun neamhréireachtaí agus lúba ar lár a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint nó a shoiléiriú. |
5.3. |
Tá CESE ag spreagadh an Choimisiúin arís eile (18) freagrachtaí na bpáirtithe go léir a bhfuil baint acu le hábhair amhail an tsláinte agus an tsábháilteacht, cosaint sonraí, an t-árachas agus dliteanas dlíthiúil a shoiléiriú d’fhonn na rialacháin atá ann cheana a mheas, a choigeartú agus a chomhchuibhiú. Tá sé tugtha dá aire ag CESE cheana féin gur cheart algartaim a úsáidtear ar ardáin a mheas ar an dóigh chéanna a dhéantar treoracha labhartha nó scríofa sa ghnáthobair a mheas (19). |
5.4. |
Is díol sásaimh é an ceart chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh uathoibrithe nó leath-uathoibrithe. Bíodh sin mar atá, creideann CESE, má táthar chun an ceart sin a fheidhmiú go praiticiúil, gur cheart don Choimisiún forálacha a chur isteach lena gcuirfear de cheangal ar ardáin saothair dhigiteacha: (a) a gcuid algartam agus córas a fhorbairt de réir an phrionsabail “sábháilte de réir a dheartha” agus (b) bunús an Ghnímh um an Intleacht Shaorga a leanúint, foráil a dhéanamh maidir le forálacha lena gceanglaítear ar ardáin saothair dhigiteacha measúnú comhréireachta a dhéanamh ar a gcuid algartam, ní hamháin sula gcuireann siad in úsáid iad, ach freisin nuair atá an saothair/seirbhís á sholáthar ag an oibrí. Ba cheart an measúnú comhréireachta a dhéanamh trí chur chuige ildisciplíneach a ghlacadh ionas go ndéanfaidh na saineolaithe a ainmneoidh na ceardchumainn, an t-ardán agus na húdaráis saothair, cosanta sóisialta agus údaráis ábhartha eile measúnú comhpháirteach. Nuair a thagann coinbhleacht chun cinn agus cinneadh atá bunaithe ar algartaim á athbhreithniú, ba cheart an deis a bheith ag oibrithe dul chun eadráin neamhspleách. |
5.5. |
Mar sin féin, creideann CESE gur cheart a fhoráil le hAirteagal 8 go bhféadfadh an ceardchumann ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an oibrí i gcás athbhreithniú daonna ar chinneadh suntasach. |
5.6. |
Ós rud é go bhfuil samhail na hoibre ardáin ag brath ar léirmheasanna custaiméirí, ba cheart é a bheith de chumas ag oibrithe ardáin léirmheasanna a aistriú agus a úsáid mar phríomh-shonraí ó ardán go hardán. Creideann CESE nach mór an ceart chun iniomparthacht sonraí a ráthú do gach oibrí ardáin. Níos tábhachtaí fós, ba cheart a ráthú leis an Treoir gur féidir leo a bpróifíl a úsáid, lena n-áirítear a scileanna, chun fostaíocht a fháil lasmuigh de gheilleagar na n-ardán. |
5.7. |
Beidh rath an togra ón gCoimisiún ag brath ar fhorfheidhmiú éifeachtach togra. Éilítear leis an Treoir atá beartaithe go mbeadh comhar idir údaráis cosanta sonraí agus údaráis saothair. Mar sin féin, ba mhian le CESE aird an Choimisiúin a tharraingt air nach bhfuil sé de chúram ar Údaráis Cosanta Sonraí i dtíortha áirithe dianscrúduithe a dhéanamh ar shaincheisteanna saothair, agus vice versa, go háirithe a mhéid a bhaineann le maoirseacht agus sásamh. Ar an gcúis sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún leithdháileadh na n-inniúlachtaí a shoiléiriú a thuilleadh, lena n-áirítear breithnithe trasteorann, agus cigireachtaí saothair a chur san áireamh. |
6. Cearta comhchoiteanna
6.1. |
Sa chaibidil maidir le forfheidhmiú, tagraítear in Airteagal 14 den Treoir d’ionadaithe na n-oibrithe ach ní thagraítear do cheardchumainn. Is saincheist chriticiúil é sin ós rud é gur den tábhacht tagairt shainráite a dhéanamh d’ionadaithe na gceardchumann ionas nach gcruthófar ceardchumainn áise agus an ceart chun ionadaíocht chomhchoiteann a áirithiú d’oibrithe, lena n-áirítear i gcás díospóide. |
6.2. |
Tá CESE á thabhairt dá aire go gcuirtear cearta chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle ar fáil leis an Treoir. Ní thagraítear in Airteagal 9, áfach, ach do Threoir 2002/14/CE lena mbunaítear creat ginearálta. Ba cheart tagairt dhíreach a dhéanamh freisin do Threoir 2001/23/CE maidir le haistriú gnóthais, do Threoir 98/59/CE maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna agus do Threoir 2009/38/CE maidir leis an gComhairle Oibreacha Eorpacha. Tá CESE á thabhairt dá aire nach gcuirtear san áireamh in Airteagal 10, lena leathnaítear na cearta saothair a bhunaítear i gCaibidil 3 den Treoir chuig na hoibrithe ardáin uile (agus chucu siúd nach bhfuil caidreamh fostaíochta acu), na cearta chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle a leagtar amach in Airteagal 9. Ní féidir údar cuí a thabhairt leis an maolú sin. Tá gá le sainmhíniú níos soiléire ar na cearta chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle d’fhonn tacú leis an gcómhargáil, ar ceart é nach mór a aithint i gcás na n-oibrithe ardáin uile freisin (20). |
6.3. |
Tá CESE á chur i bhfios go láidir nach mór na cearta chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle atá ag ionadaithe ceardchumainn na n-oibrithe (Airteagal 9) a ráthú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis na paraiméadair, na rialacha agus na treoracha lena gcuirtear taca faoi algartaim nó córais intleachta saorga a bhfuil tionchar acu ar an gcinnteoireacht nó ar ghlacadh cinntí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do dhálaí oibre, rochtain ar obair agus caomhnú fostaíochta, lena n-áirítear próifíliú. |
6.4. |
Tá CESE á thabhairt dá aire gur cheart oiliúint leordhóthanach shonrach a chur ar fáil d’oibrithe ardáin i dteangacha Eorpacha éagsúla maidir leis an gcaoi ar féidir leo an t-ardán a úsáid agus oibriú ann. Ba cheart freisin oiliúint a chur orthu sna scileanna digiteacha ábhartha. Faoi mar a cuireadh in iúl i dtuairim a foilsíodh roimhe seo (21), má táthar chun na bearnaí scileanna atá roimh chuideachtaí a laghdú, is gá na nithe seo a leanas a áirithiú agus Plean Gníomhaíochta 2021-2027 don Oideachas Digiteach á chur chun feidhme: idirphlé sóisialta éifeachtach agus comhairliúchán leis na geallsealbhóirí, cearta saothair agus cearta na n-oibrithe chun faisnéise, chun dul i gcomhairle agus chun rannpháirtíochta a urramú agus a fhorfheidhmiú, cumas oibrithe cur lena gcuid scileanna digiteacha agus fiontraíochta, go háirithe tríd an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint, foghlaim aosach agus oiliúint fostaithe. |
6.5. |
Mar a luadh i dtuairim a eisíodh roimhe seo maidir le teicneolaíochtaí nua amhail róbait agus meaisíní cliste a thabhairt isteach, tá béim leagtha ag CESE i staidéar dá chuid ar a thábhachtaí atá sé ionadaithe oibrithe a chur ar an eolas roimh ré agus dul i gcomhairle leo agus gur gá an chómhargáil a bheith ag gabháil leis na hathruithe a eascraítear as na teicneolaíochtaí sin (22). Tá sé curtha in iúl aige freisin go bhfuil comhairliúchán den sórt sin éigeantach faoin Treoir maidir leis an gComhairle Oibreacha Eorpacha (23). |
6.6. |
Baineann an mhargáil freisin le cómhargáil earnálach, ar ghné mhór den sainmhíniú ar chearta oibrithe í, ach ní dhéantar tagairt ach do chomhaontuithe earnálacha sa togra le haghaidh Treorach. |
6.7. |
Is cuspóirí tábhachtacha iad a áirithiú go mbeidh próisis foirceanta chothroim ann d’oibrithe ardáin agus go mbeidh rochtain acu ar shásraí um réiteach neamhspleách díospóidí agus ba cheart iad sin a áireamh i gcreat rialála. Ní thagraítear sa Treoir atá beartaithe ach do dhífhostú daoine aonair. Ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar cheist na nósanna imeachta faisnéise agus comhairliúcháin i gcás dífhostuithe comhchoiteanna, ag tagairt do reachtaíocht AE atá ann cheana (24). |
An Bhruiséil, 23 Márta 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) IO C 286, 16.7.2021, lch. 70, pointe 2.7.
(2) IO C 429, 11.12.2020, lch. 173; IO C 220, 9.6.2021, lch. 1; IO C 194, 12.5.2022, lch. 50; IO C 517, 22.12.2021, lch. 61; IO C 286, 16.7.2021, lch. 70.
(3) Suirbhé JRC COLLEEM II.
(4) Staidéar de chuid an Choimisiúin (2021).
(5) Fóram Eorpach na nÓg — Position paper on Platform work.
(6) Tuarascáil ó EIS The role of digital labour platforms in transforming the world of work; Tuarascáil EUROFOUND 2018; Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimsiúin Eorpach — sonraí maidir leis an méadú faoi thrí a tháinig ar an laimhdeachas le linn na paindéime (de réir shonraí EIS, taifeadadh láimhdeachas EUR 12 bhilliún san Aontas in 2020); Tuarascáil deiridh ó CEPS 2021; Digital Labour Platforms in the EU; Staidéar de chuid ETUI 2021; The definition of worker in the platform economy: exploring workers’ risks and regulatory solutions.
(7) IO C 123, 9.4.2021, lch. 1, pointe 3.2.7.
(8) IO C 440, 6.12.2018, lch. 1; IO C 123, 9.4.2021, lch. 1; IO C 286, 16.7.2021, lch. 70; IO C 367, 10.10.2018, lch. 15.
(9) Féach fonóta 6.
(10) Mar shampla, aithníodh leis na rialuithe seo a leanas cineál fostaíochta an chaidrimh fostaíochta: rialú ó Chúirt Freaschuir na Fraince (Chambre sociale, Uimh. 374 an 4 Márta 2020) lena aithníodh cineál fostaíochta na hoibre arna déanamh ag tiománaí Uber; rialú ó Chúirt Uachtarach na Spaínne (Tribunal Superior de Justicia de Madrid, Sala de lo Social, Sentencia 40/2020 an 17 Eanáir 2020) lena aithníodh cineál fostaíochta an chaidrimh fostaíochta idir tiománaithe agus an t-ardán Deliveroo; rialú ó Chúirt Barcelona an 13 Eanáir 2021 lena aithníodh cineál fostaíochta an chaidrimh fostaíochta atá ag suas le 748 rothaí. De réir an rialaithe ó Chúirt Barcelona, is gá tosca nua a chur san áireamh agus cineál an chaidrimh á mheas. Chinn an Chúirt go bhfuil an tsolúbthacht i ndáil leis an am oibre, i gcás ar bith, mar thoradh ar chinneadh a rinneadh chun na sliotáin ama is brabúsaí don chuideachta a aithint agus nach bhfuil sé mar aidhm aige cothromaíocht níos fearr oibre/saoil a áirithiú do rothaithe agus, dá bhrí sin, gur cheart rothaithe a mheas mar fhostaithe. Sa bhreis ar na rialuithe sin, chuir cúirteanna sa Bheilg, san Iodáil agus san Ísiltír as an áireamh gur féinfhostaíocht atá sa chaidreamh fostaíochta ó tharla go bhfuil an tsaoirse a mhaítear a bheith ag rothaithe ag brath ar fheidhmiú praiticiúil na seirbhíse.
(11) Staidéar de chuid an Choimisiúin Eorpach Study to support the impact assessment on improving working conditions in platform work.
(12) Staidéar de chuid an Choimisiúin Eorpach Study to support the impact assessment on improving working conditions in platform work.
(13) IO C 429, 11.12.2020, lch. 173, pointe 1.15.
(14) Tuarascáil ó Fairwork (2021); Fairwork response to the European Commission's Proposal for Directive on Platform Work.
(15) Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún.
(16) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún Better working conditions for a stronger social Europe: harnessing the full benefits of digitalisation for the future of work [Dálaí oibre níos fearr ar son Eoraip shóisialta níos láidre: leas iomlán a bhaint as an digiteáil ar mhaithe le todhchaí na hoibre] (COM(2021) 761 final) an 9.12.2021.
(17) Féach an sainmhíniú a thugtar in aithris 30 de Threoirlínte an Choimisiúin maidir le dlí na hiomaíochta agus cómhargáil: “go mbaineann léi, mar chuid fhíor-riachtanach a bhfuil gá leis, eagrú na hoibre a dhéanann daoine aonair, gan beann ar an ndéantar an obair sin ar líne nó i suíomh áirithe”. Ardáin nach n-eagraíonn obair daoine aonair ach a chuireann modh ar fáil trína bhféadfaidh daoine féinfhostaithe aonair teagmháil a dhéanamh le húsáideoirí deiridh, ní hionann iad agus ardáin saothair dhigiteacha. Mar shampla, ardán ar a liostaítear na soláthraithe seirbhíse atá ar fáil (e.g. pluiméirí) i limistéir ar leith ionas gur féidir le custaiméirí a seirbhísí a úsáid ar éileamh, ní mheastar gur ardán saothair digiteach é sin, toisc nach n-eagraíonn sé obair na soláthraithe seirbhíse.
(18) IO C 429, 11.12.2020, lch. 173.
(19) IO C 429, 11.12.2020, lch. 173, pointe 1.8.
(20) IO C 123, 9.4.2021, lch. 1, pointe 3.2.8.
(21) IO C 286, 16.7.2021, lch. 27.
(22) Staidéar de chuid CESE (2017).
(23) IO L 122, 16.5.2009, lch. 28.
(24) Treoir 98/59/EC; Treoir 2001/23/EC.
IARSCRÍBHINN
I rith an phlé (Riail 43(2) de na Rialacha Nós Imeachta), diúltaíodh don fhrituairim seo a leanas, a fuair aon cheathrú ar a laghad de na vótaí a caitheadh:
LEASÚ 1
SOC/709 — Pacáiste maidir le dálaí oibre san obair ardáin
An méid seo a leanas le cur in ionad na tuairime iomláine:
1. Conclúidí
1.1. |
Le hardáin saothair dhigiteacha, cuirtear seirbhísí nuálacha agus samhlacha nua gnó chun cinn agus cruthaítear a lán deiseanna do thomhaltóirí, do ghnólachtaí d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe. Cumhdaítear le coincheap an ardáin dhigitigh réimse leathan gníomhaíochtaí, seirbhísí, cúraimí agus samhlacha gnó. Fágann sé sin go bhféadfadh réitigh “a oireann do chách” a bheith ina mbacainn ar an nuálaíocht agus ar an infheistíocht i dtaca le hardáin dhigiteacha a chur ar bun agus a fhorbairt san Aontas. |
1.2. |
Aithníonn CESE gur gá aghaidh a thabhairt ar chuid de na dúshláin a bhaineann le hardáin saothair dhigiteacha i gcás inarb ann dóibh. Mar sin féin, ba cheart aon rialachán maidir le hobair ardáin a cheapadh sa chaoi is go gcoinneofar an tsolúbthacht mar príomhspreagadh agus, san am céanna, na coimircí is gá gcur ar fáil chun oibrithe a chosaint go leordhóthanach, agus é á chur san áireamh freisin gur gníomhaíocht chomhlántach í an obair ardáin (1). Sin é an fáth a dtacaíonn CESE go ginearálta leis an gcur chuige atá glactha ag an gCoimisiún sa phacáiste maidir le dálaí oibre, eadhon ionstraimí éagsúla a úsáid chun an timpeallacht fhabhrach is gá a chruthú lena bhféadfar feabhas a chur ar dhálaí oibre ardán digiteach. Tá gá freisin le rochtain leordhóthanach ar chosaint shóisialta agus ar dhálaí sláinte agus sábháilteachta tríd an dá mholadh ón gComhairle (2) a chur chun feidhme mar is ceart sa réimse seo. |
1.3. |
Siúd is gur príomh-shaincheist é a áirithiú go gcinnfear i gceart an caidreamh fostaíochta agus gur gá dul i ngleic le mí-aicmiú a d’fhéadfadh a bheith ann, ní bhaineann an cheist seo ach le líon beag oibrithe ardáin. Léirítear sna figiúirí ón gCoimisiún go bhféadfadh 5,5 milliún oibrí ardáin as 28,8 milliún oibrí a bheith i mbaol mí-aicmiú stádais fostaíochta. |
1.4. |
Measann CESE, áfach, go dtugtar aghaidh cheana féin ar roinnt mhaith de na saincheisteanna a chumhdaítear sa dréacht-Treoir le reachtaíocht AE atá ann cheana nó atá ar na bacáin, i.e. cosaint sonraí, ceart na n-oibrithe chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle, etc. Ciallaíonn sé sin gur gá cur chun feidhme na reachtaíochta atá ann cheana a neartú agus a fheabhsú i gcás inar gá. Ach treoir nua a thabhairt isteach ina n-athdhearbhaítear na cearta atá ann cheana, cruthaítear mearbhall agus ilroinnt in acquis an Aontais. I gcás ina sainaithnítear le linn an phróisis cur chun feidhme go bhfuil gá le soiléiriú, ní mór na coigeartuithe is gá a dhéanamh sna gníomhartha AE faoi seach. I ndáil leis an méid sin, tá CESE á mheabhrú d’institiúidí an Aontais go bhfuil gá, murab ionann is riamh, le fíor-rialú cliste agus fíorsheiceálacha iomaíochta sa chaoi gur féidir le gnólachtaí a bheith nuálach, fás, poist a chruthú agus luach breise a chur lenár sochaí agus lenár ngeilleagar. |
1.5. |
D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú agus díospóidí nach bhfuil gá leo a sheachaint, ba cheart díriú ar shoiléiriú a dhéanamh ar na rialacha agus na sainmhínithe náisiúnta atá ann cheana maidir le stádas oibrithe, agus na rialacha lena gceadaítear neamhspleáchas fiontraithe agus cineálacha eile féinfhostaithe á n-urramú san am céanna. Ní bheadh sainmhíniú dlíthiúil AE ar céard is oibrí ann agus céard is oibrí ardáin féinfhostaithe ann iomchuí ná éifeachtach, toisc nach féidir leis freastal ar na samhlacha éagsúla sna Ballstáit ná coinneáil suas leis na forbairtí dinimiciúla sna margaí saothair. Cuireann sé leis an mearbhall agus an éiginnteacht dhlíthiúil agus baineann sé an bonn de shainmhínithe náisiúnta trí shainmhíniú sonrach a thabhairt isteach do ghrúpa teoranta oibrithe in ardáin dhigiteacha. |
1.6. |
Cúis eile mearbhaill is ea an iarracht a dhéantar sa Treoir chun oibrithe agus daoine féinfhostaithe araon a chumhdach trí dhá shainmhíniú ar leith a thabhairt isteach, mar atá, “daoine a dhéanann obair ardáin” agus “oibrithe ardáin”. Measctar catagóirí éagsúla ábhar arna gcumhdach leis an Treoir agus tugtar sraitheanna difriúla ceart agus oibleagáidí ina leith, rud a chruthaíonn éiginnteachtaí dlíthiúla agus castacht. |
1.7. |
Níl aon údar ann chun an líne idir fíor-fhéinfhostaíocht agus fostaíocht a dhoiléiriú trí rialacha a chruthú a mbeidh tionchar acu ar fhiontraithe/daoine féinfhostaithe ar bhonn Airteagal 153 CFAE, rud nach gach bunús dlí iomchuí é chun an caidreamh gnólacht le gnólacht a rialáil. |
1.8. |
Leis an toimhde atá beartaithe sa dréacht-Treoir, luaitear go measfar gur caidreamh fostaíochta a bheidh in aon chaidreamh conarthach a luaithe a shásófar dhá cheann as cúig chritéar. San am céanna, tá clásail chaighdeánacha maidir le caidreamh gnólacht le gnólacht i gcuid mhaith de na critéir atá beartaithe in Airteagal 4.2, mar shampla (a) [uasteorainneacha maidir le leibhéal an luacha saothair agus táillí] agus (c) [caighdeán thorthaí na hoibre a fhíorú], (d) [uaireanta oibre a roghnú] agus (e) [an deis chun bonn cliant a chothú]. Ciallaíonn sé sin go bhféadfaí daoine fíor-féinfhostaithe, fiú, a aicmiú go mícheart mar fhostaithe agus go mbeadh orthu an toimhde sin a fhrisnéis más mian leo leanúint dá ngníomhaíochtaí a chleachtadh. Ní fhéadfaí stádas daoine féinfhostaithe a dheimhniú ach amháin sa chúirt nó in imeachtaí riaracháin, rud a chuirfí ualach riaracháin neamhriachtanach ar na páirtithe uile, lena n-áirítear na húdaráis. |
1.9. |
Is casta an ní é sásra a bhunú chun an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis agus is dócha gur lú an tsoiléireacht dhlíthiúil a bheidh ann ó tharla go bhforáiltear do shásra den chineál céanna sa Treoir maidir le coinníollacha oibre trédhearcacha agus intuartha (3) mar cheann de na roghanna atá ar fáil ag na Ballstáit. |
1.10. |
Seachas dhá cheann as na cúig chritéar a shásamh, measann CESE gurb é an bealach ceart chun tosaigh measúnú a dhéanamh ar na critéir chun stádas fostaithe a shainiú ar leibhéal na mBallstát, i gcomhréir le dlí-eolaíocht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. I ndáil leis sin, is díol sásaimh do CESE na hiarrachtaí atá beartaithe ag an gCoimisiún chun tacú le comhroinnt dea-chleachtas. |
1.11. |
Measann CESE nach iomchuí agus nach gá tacar ar leith de rialacha a bheith ann maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an obair ardáin agus an bainistiú algartamach. Leis na rialacha atá ann cheana sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) (4) agus sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga atá ar na bacáin, tabharfar cearta éagsúla d’oibrithe i ndáil lena sonraí pearsanta, maille le sraith chuimsitheach de cheanglais maidir le bainistíocht riosca, formhaoirseacht dhaonna agus trédhearcacht chun na rioscaí don tsláinte, don tsábháilteacht agus do na cearta bunúsacha a mhaolú. Dá bhrí sin, ba cheart forluí agus dúbláil nach bhfuil gá leo a sheachaint. |
2. Barúlacha ginearálta
2.1. |
Agus an geilleagar agus gnólachtaí ag claochlú go tapa, tá ról lárnach straitéiseach ag an gclaochlú digiteach, agus is amhlaidh go bhfuil an ról sin ag scaipeadh go tréan trí gach earnáil gníomhaíochta, agus ag dul i gcion ar thimthriall iomlán shlabhra luacha na dtáirgí agus na seirbhísí, lena bhfuil baint ag cuideachtaí móra agus fiontair bheaga agus micrifhiontair araon. Tá na himpleachtaí aige sin don saol oibre, a eascraíonn as cineálacha nua oibre agus cineálacha nua eagraithe gnó, tábhachtach maidir le cineál na hoibre agus luas an athraithe araon. |
2.2. |
Is féidir leo an soláthar agus an t-éileamh ar shaothar a mheaitseáil go héifeachtach agus deiseanna a thairiscint chun maireachtáil nó ioncam breise a thuilleamh I gcás tomhaltóirí, cuirfear ar fáil leis rochtain níos fearr ar tháirgí agus ar sheirbhísí a mbeadh sé deacair rochtain a fháil orthu murach sin, chomh maith le rochtain ar rogha nua agus níos éagsúla seirbhísí (5). Bíodh sin mar atá, sa bhreis ar na deiseanna a chuirtear ar fáil leis, cruthaíonn obair ardáin dhigitigh, ar cuid thábhachtach de na modhanna nua oibre í, dúshláin fhéideartha a mbeidh réitigh oiriúnaithe ag teastáil ina leith. |
2.3. |
Is saincheist thábhachtach é an stádas atá ag oibrithe ardáin sa mhargadh saothair, saincheist a bhfuil aghaidh tugtha ag na Ballstáit uirthi ina ndlí-eolaíocht náisiúnta. Dá thoradh sin, cruthaíodh roinnt rialacha agus rinneadh rialuithe éagsúla bunaithe ar choincheapa, samhlacha agus sainmhínithe náisiúnta éagsúla. Ar an gcúis sin, ní dhéantar ach córais agus cleachtais náisiúnta mhargadh an tsaothair a léiriú agus a urramú. Ba cheart díriú ar shoiléiriú a dhéanamh ar na rialacha agus na sainmhínithe náisiúnta atá ann cheana maidir le stádas oibrithe, agus na rialacha lena gceadaítear neamhspleáchas fiontraithe agus cineálacha eile féinfhostaithe á n-urramú san am céanna. I ndáil leis an méid sin, d’fhéadfaí gníomhaíochtaí ar an leibhéal Eorpach a chur chun cinn freisin, amhail malartú faisnéise, oideachas agus oiliúint, agus comhar idir údaráis. Ní hamháin go bhfuil ról tábhachtach ag na hardáin, tá ról tábhachtach ag na comhpháirtithe sóisialta freisin. D’fhéadfaí creat rialála a oiriúnú ar an leibhéal iomchuí gan an bonn a bhaint de chleachtais agus de reachtaíocht a fheidhmíonn go maith. I gcás inar gá, ní foláir feabhas a chur ar an gcosaint a thugtar d’oibrithe ardáin. |
3. Barúlacha ginearálta maidir leis an togra le haghaidh treorach
3.1. |
An 9 Nollaig, mhol an Coimisiún Eorpach tacar beart chun feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin agus chun tacú le fás inbhuanaithe na n-ardán saothair digiteach san Aontas (6). I dtuairim SOC/709 ó Rannóg SOC a glacadh an 7 Márta 2022, ní thugtar aghaidh ach ar an togra le haghaidh Treoir maidir le dálaí oibre san obair ardáin a fheabhsú. Dá bhrí sin, dírítear san fhrituairim seo ar an togra sin freisin. |
3.2. |
Tá CESE á aithint go bhfuil dúshláin nua ann dóibh siúd a oibríonn ar ardáin i bhfianaise na bhforbairtí a tharla le déanaí i ngeilleagar na n-ardán saothair. Mar a thugann an Coimisiún dá aire, d’fhéadfadh sé go n-áireofaí orthu sin easpa trédhearcachta agus intuarthachta i ndáil le socruithe conarthacha, dúshláin sláinte agus sábháilteachta, mí-aicmiú stádais fostaíochta, nó rochtain neamhleor ar chosaint shóisialta (7), mar aon leis na dúshláin a bhaineann le bainistiú algartamach san obair ardáin. |
3.3. |
Mar sin féin, ní hí an Treoir atá beartaithe an ionstraim chuí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin. Ina theannta sin, dealraíonn sé go ndírítear go príomha sa togra ar ghníomhaíochtaí seachadóirí, rothaithe agus seirbhísí ar an láthair a bhfuil beagán scileanna ag teastáil dóibh i gcoitinne agus fágtar ar lár go bhfuil éagsúlacht na hoibre ardáin i bhfad níos mó. Níl an rialachán atá beartaithe oiriúnaithe in aon chor ar bith dóibh siúd a oibríonn trí ardáin le haghaidh obair ar líne. Ina theannta sin, ní chuirtear san áireamh na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag reachtaíocht an Aontais ar ardáin ar líne ar féidir leo a gcuid seirbhísí a chur ar fáil ó áiteanna lasmuigh den Aontas (8). Ba cheart, ar a laghad, meastóireacht a dhéanamh ar na caillteanais a d’fhéadfadh a bheith ann dá n-athlonnófaí na gníomhaíochtaí sin lasmuigh den Aontas Eorpach (e.g. go dtí an Ríocht Aontaithe). |
3.4. |
Ba cheart aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin go príomha trí chur chun feidhme na rialachán agus na gcleachtas atá ann cheana a úsáid agus, i gcás inar gá, iad a neartú. Ina theannta sin, tá an-seans ann go ngníomhódh na hardáin iad féin i gcomhar le comhpháirtithe áitiúla agus le comhpháirtithe sóisialta. Ba cheart don Choimisiún tacú leis sin. |
3.5. |
Ní bheadh sainmhíniú dlíthiúil AE ar céard is oibrí ann agus céard is oibrí ardáin féinfhostaithe ann iomchuí ná éifeachtach, toisc nach féidir leis freastal ar na samhlacha éagsúla sna Ballstáit ná coinneáil suas leis na forbairtí dinimiciúla sna margaí saothair. Chuirfeadh sé leis an mearbhall agus an éiginnteacht dhlíthiúil agus bhainfeadh sé an bonn de shainmhínithe náisiúnta trí shainmhíniú sonrach a thabhairt isteach do ghrúpa teoranta oibrithe. |
4. Barúlacha ginearálta maidir leis an Treoir atá beartaithe
4.1. Raon feidhme agus sainmhínithe
4.1.1. |
Tá riosca soiléir ann go gclúdódh raon feidhme agus sainmhínithe na Treorach atá beartaithe réimse i bhfad níos leithne de ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an ardán digiteach ná mar a bhí beartaithe. Dírítear go príomha inti ar ghníomhaíochtaí a bhfuil beagán scileanna ag teastáil dóibh ach chumhdódh na sainmhínithe agus na critéir atá beartaithe gach catagóir d’obair ardáin, fiú amháin nuair a dhéanann daoine fíor-fhéinfhostaithe iad. |
4.2. Stádas fostaíochta a chinneadh i gceart agus toimhde dhlíthiúil
4.2.1. |
Aontaíonn CESE gur cheart na sásraí is gá a bheith ag na Ballstáit chun a áirithiú “go gcinnfear i gceart stádas fostaíochta na ndaoine a dhéanann obair ardáin […]”. Mar sin féin, tá an-amhras ar CESE faoin gcreat atá beartaithe maidir le toimhde dhlíthiúil caidrimh fostaíochta dá gcomhlíonfaí dhá cheann de na cúig chritéar a liostaítear sa Treoir. |
4.2.2. |
Na critéir a luaitear go háirithe i bpointí (a) [uasteorainneacha maidir le leibhéal an luacha saothair agus táillí] agus (c) [caighdeán thorthaí na hoibre a fhíorú], (d) [uaireanta oibre a roghnú] agus (e) [an deis chun bonn cliant a chothú], úsáidtear iad go rialta i gconarthaí gnólacht le gnólacht agus go bhfágfaidís go mbeadh daoine fíor-fhéinfhostaithe faoi réir toimhde fostaíochta agus, dá bhrí sin, go mbeadh orthu a bheith ina bhfostaithe. |
4.2.3. |
Tá an cur chuige sin ag teacht salach ar an gcleachtas a chuirtear i bhfeidhm i ndlí-eolaíocht na mBallstát, is é sin measúnú foriomlán a dhéanamh ar chritéir an chaidrimh fostaíochta. Ina theannta sin, faoi mar a luaitear thuas, dhéanfaí oibrithe ardáin a aicmiú mar fhostaithe mar réamhshocrú agus, dá thoradh sin, ní bheadh sé de rogha ag an duine aonair a bheith féinfhostaithe. Níor cheart é a bheith chun leas aon duine srian a chur ar ghníomhaíocht fiontraíochta. Ós rud é go measann tromlach na n-oibrithe ardáin gur daoine féinfhostaithe iad agus gur mian leo go measfaí iad mar dhaoine féinfhostaithe, bheadh an cur chuige sin ar neamhréir leis na cearta agus saoirsí bunúsacha, amhail an tsaoirse gairme agus an ceart chun obair a dhéanamh agus an tsaoirse fiontraíochta. |
4.2.4. |
I bhfianaise a éagsúla atá córais náisiúnta margaidh saothair, traidisiúin dlí saothair agus an dlí-eolaíocht, chomh maith leis na sainmhínithe éagsúla atá ann, e.g. i ndlí an tsaothair, i gcórais chánach agus slándála sóisialta, tá baol ann nach mbeidh na cúig chritéar sa Treoir atá beartaithe leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar dhálaí iarbhír casta staideanna éagsúla. Seachas dá cheann as na cúig chritéar a shásamh, measann CESE gurbh fhearr é mar chur chuige sna Ballstáit agus i ndlí-eolaíocht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh measúnú a dhéanamh ar na critéir chun stádas fostaithe a shainiú. |
4.3. An deis chun an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis
4.3.1. |
Dar le CESE, leis an bhféidearthacht an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis, is é is dóichí go gcruthófar níos mó fadhbanna seachas cásanna casta dlí a shoiléiriú. Is casta an ní é sásra sin a bhunú ó tharla go bhforáiltear do shásra den chineál céanna sa Treoir maidir le coinníollacha oibre trédhearcacha agus intuartha mar cheann de na roghanna atá ar fáil ag na Ballstáit. |
4.3.2. |
Ní áirithítear leis an bhféidearthacht an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis cothromaíocht chóir idir páirtithe an phróisis fhrisnéise ós rud é — i bhfianaise an dualgais cruthúnais ar thaobh an ardáin — go mbeadh sé deacair an toimhde dhlíthiúil, mar a shainítear í leis na cúig chritéar, a cheistiú i gcleachtas. I bhfianaise na sainmhínithe éagsúla náisiúnta atá ann, is dócha go mbainfear brí dhifriúil as na cúig chritéar agus a n-ábharthacht sna Ballstáit agus go mbeidh meascán níos casta dlí-eolaíochta ar fud na hEorpa dá thoradh sin. Ós rud é go bhféadfaí an próiseas sin a thabhairt chuig cúirteanna a dhéileálann le saincheisteanna a bhaineann le dlí an tsaothair agus cúirteanna riaracháin a dhéileálann le saincheisteanna cánach agus slándála sóisialta araon, d’fhéadfadh níos lú soiléireacht dhlíthiúl a bheidh ann seachas tuilleadh soiléireacht dhlíthiúl. |
4.4. Bainistiú algartamach
4.4.1. |
Aontaíonn CESE le haidhm an Choimisiúin faisnéis agus trédhearcacht a áirithiú maidir le húsáid algartam san obair ardáin. Measann CESE nach iomchuí agus nach gá tacar ar leith de rialacha a bheith ann maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an obair ardáin. Leis na rialacha atá ann cheana in RGCS (9) agus sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga (10) atá ar na bacáin, tabharfar cearta éagsúla d’oibrithe i ndáil lena sonraí pearsanta, maille le sraith chuimsitheach de cheanglais maidir le bainistíocht riosca, formhaoirseacht dhaonna agus trédhearcacht chun na rioscaí don tsláinte, don tsábháilteacht agus do na cearta bunúsacha a mhaolú. Dá bhrí sin, ba cheart forluí agus dúbláil nach bhfuil gá leo a sheachaint. |
4.4.2. |
Maidir le foirm agus ábhar na faisnéise atá le tabhairt ag na hardáin, ba cheart a áirithiú go mbeidh an scóip is gá ag na hardáin ó thaobh na modhanna teicniúla chun faisnéis a chur ar fáil a shainiú. Is amhlaidh atá i gcás na modhanna chun na rioscaí a mheas agus chun athbhreithniú daonna a dhéanamh ar chinntí suntasacha. Thairis sin, ba cheart a áirithiú nach mbeidh feidhm ag na ceanglais maidir le nochtadh a bhaineann leis na halgartaim maidir le rún gnó ná faisnéis rúnda d’aon chineál. Tá CESE á chur béim freisin ar an ngá atá le maoluithe a cheadú atá saincheaptha do FBManna maidir le nósanna imeachta riaracháin a éilítear leis an mbainistiú algartamach (11). Áirítear orthu sin, go háirithe, spriocdhátaí níos faide chun iarrataí a chur ar fáil maidir le hathbhreithniú ar chinntí algartamacha agus maidir le laghdú ar mhinicíocht na faisnéise ábhartha a thabhairt cothrom le dáta. |
4.5. Cearta comhchoiteanna
4.5.1. |
Is é is aidhm don togra cearta faisnéise agus comhairliúcháin d’oibrithe ardáin agus dá n-ionadaithe maidir le cinntí a bhféadfadh athruithe suntasacha ar an úsáid a bhaintear as córais uathoibrithe faireacháin agus cinnteoireachta dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Treoir a bheith mar thoradh orthu. Chun na críche sin, tagraítear sa togra do Threoir 2002/14/CE (12). Ós rud é gur féidir, leis an tagairt sin, na sásraí faisnéise agus comhairliúcháin atá ann cheana a chur i bhfeidhm mar a shainítear ar an leibhéal náisiúnta iad agus an t-idirphlé sóisialta a chur chun cinn freisin gan aon sásraí nua nó comhionanna a bhunú, is féidir tacú leis an réiteach sin. Bíodh sin mar atá, níl an fhreagracht atá ar an ardán saothair digiteach costais an tsaineolaí (Airteagal 9(3)) a sheasamh i gcomhréir leis na rialacha ginearálta maidir le faisnéis agus comhairliúchán bunaithe ar Threoir 2002/14/CE. |
4.6. Leigheasanna
4.6.1. |
Tá CESE ag leagan béim ar an ngá atá ann an t-idirdhealú idir “oibrithe” agus “daoine a dhéanann obair ardáin” a shoiléiriú, go háirithe maidir le leigheasanna agus forfheidhmiú na Treorach. In Airteagal 18 tá rialacha comhchosúla maidir le cosaint ar dhífhostú don dá chatagóir oibrithe a d’fhéadfadh mearbhall agus easpa deimhneachta dlíthiúla a bheith mar thoradh orthu toisc go bhfuil leigheasanna breithiúnacha ar dhlí an tsaothair agus ar dhlí na gconarthaí sna Ballstáit bunaithe ar shraitheanna éagsúla reachtaíochta agus, dá bhrí sin, níl siad cosúil le chéile. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh iarmhairtí agus fadhbanna i gcórais bhreithiúnacha na mBallstát a bheith mar thoradh ar Airteagal 17 (Cosaint ar chóir dhíobhálach nó ar iarmhairtí díobhálacha) má tá feidhm ag na rialacha céanna maidir le caidrimh chonarthacha éagsúla. |
4.7. Gan dul siar, agus forálacha níos fabhraí
4.7.1. |
D’fhonn dálaí oibre cothroma a chur chun cinn san ardán digiteach, leagann CESE béim ar ról an idirphlé shóisialta agus na gcomhaontuithe comhchoiteanna ar na leibhéil iomchuí agus laistigh de raon feidhme, sainordú agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta sna Ballstáit. Dá bhrí sin, tá amhras ar CESE faoi go bhfuil raon feidhme na gcomhaontuithe comhchoiteanna teoranta do chomhaontuithe atá níos fabhraí d’oibrithe ardáin (Airteagal 20) agus dóibh sin amháin. Cuireann an teorannú sin isteach ar neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta. |
Cúis
Is éard atá sa téacs seo leasú arb é is aidhm dó seasamh a leagan amach atá éagsúil ar an mórgóir ó thuairim atá curtha in iúl ag rannóg agus, ar an gcúis sin, ní mór é a mheas mar fhrituairim. Leagtar amach ann cén fáth nach é an togra ón gCoimisiún an ionstraim cheart chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le obair ardáin dhigitigh agus cén fáth nach bhfuil sé ag teacht go leordhóthanach le dálaí iarbhír casta staideanna éagsúla i ndomhan mearathraitheach na n-ardán. Ina theannta sin, féachtar leis an bhfrituairim aird a tharraingt ar na lochtanna agus na dúshláin mhóra sa dréacht-Treoir, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an toimhde dhlíthiúil maidir le stádas fostaí agus bainistiú algartamach.
Toradh na vótála:
Ar son: |
149 |
In aghaidh: |
80 |
Staonadh: |
17 |
(1) Maidir le luas forbartha na sonraí arna mbailiú trí shuirbhéanna COLLEEM I agus II, baineadh de thátal astu go bhfuil feiniméan na hoibre ardáin ag méadú go cinnte más go mall féin é san Eoraip. Ar an dara dul síos, níl ach sciar beag de dhaoine ann — tuairim is 1,4 % den daonra in aois oibre — arb í an obair ardáin an príomhchineál fostaíochta atá ar bun acu. Ar a mhuin sin, de réir an staidéir dá dtagraítear sa Dhoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin — Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair, d’fhéadfadh tuairim is 5,5 milliún oibrí ardáin as 28,8 milliún a bheith i mbaol mí-aicmiú stádais fostaíochta. Féach Stóras Foilseachán an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) — Platform Workers in Europe Evidence from the COLLEEM Survey (europa.eu) agus Stóras Foilseachán JRC — New evidence on platform workers in Europe (europa.eu); Féach Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin — Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair. Sa staidéar a choimisiúnaigh ardáin seachadta, deir an chuid is mó de theachtairí san Eoraip (72 %) gur gníomhaíocht chomhlántach í an obair ardáin agus deir 34 % díobh siúd gur go ndéanann siad í le linn dá gcuid staidéar agus deir an chuid eile acu (34 %) go ndéanann siad obair ardáin chun ioncam breise a thuilleamh sa bhreis ar an ioncam ó obair lánaimseartha nó pháirtaimseartha eile. I gcás dhá thrian de na freagróirí (67 %), is í an tsolúbthacht an phríomhchúis le bheith ag obair mar theachtaire. Is féidir leo obair sheachadta a dhéanamh sa bhreis ar obair eile nó staidéir nó, mar shampla, más gá dóibh cúram a thabhairt do bhaill teaghlaigh, agus is bealach é chun cur breis le hioncam eile. Is í an tsolúbthacht an buntáiste is mo atá ag baint le bheith ag obair mar teachtaire (dar le 58 % díobh).
(2) Moladh ón gComhairle on access to social protection for workers and the self-employed agus Moladh ón gComhairle concerning the improvement of the protection of the health and safety at work of self-employed workers.
(3) Treoir maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha.
(4) Rialachán (AE) 2016/679 agus COM(2021) 206 final.
(5) COM(2021) 762 final, Meabhrán Míniúcháin lch. 1.
(6) Áirítear orthu siúd: (1) togra le haghaidh Treoir maidir le dálaí oibre a fheabhsú san obair ardáin; (2) dréacht-Treoirlínte um chur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais maidir le comhaontuithe cómhargála i ndáil le dálaí oibre daoine féinfhostaithe aonair, lena gcumhdaítear iad siúd a oibríonn trí ardáin dhigiteacha saothair; (3) iarrtar go nglacfaí bearta nua, mar a leagtar amach thíos, maidir leis na húdaráis náisiúnta, na comhpháirtithe sóisialta agus na geallsealbhóirí ábhartha uile chun dálaí oibre níos fearr a bhaint amach dóibh siúd a oibríonn trí ardáin saothair dhigiteacha (Teachtaireacht — Better working conditions for a stronger social Europe: harnessing the full benefits of digitalisation for the future of work [Dálaí oibre níos fearr ar son Eoraip shóisialta níos láidre: Leas iomlán a bhaint as an digitiú ar mhaithe le todhchaí na hoibre]):
(7) Idem (Teachtaireacht) lch. 2.
(8) De réir an staidéir ón gCoimisiún, fiú dá gcuirfí deireadh leis na seirbhísí saoroibrithe uile a chuirtear ar fáil trí ardáin ar fud AE-27, d’fhéadfadh na gnólachtaí sin saoroibrithe a fhostú in áiteanna eile den domhan. Féach Study to support the impact assessment on improving working conditions in platform work.
(9) Rialachán (AE) 2016/679.
(10) COM(2021) 206 final.
(11) COM(2021) 762 final, Meabhrán Míniúcháin lch. 13.
(12) Treoir 2002/14/CE.
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290/109 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste Eorpach na Réigiún maidir le straitéis Eorpach d’ollscoileanna
(COM(2022) 16 final)
agus an Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le caidreamh a chothú le haghaidh comhar éifeachtach san ardoideachas Eorpach
(COM(2022) 17 final)
(2022/C 290/17)
Rapóirtéir: |
Tatjana BABRAUSKIENĖ |
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 1.3.2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
23.3.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
568 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
190/0/2 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá ráiteas an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an tionscnamh: “Is gá an tsaoirse a bheith chun tosaigh in ollscoileanna: maidir le caint, smaoineamh, foghlaim, taighde agus saoirse acadúil i gcoitinne. Ní féidir an tsaoirse acadúil a scoitheadh amach ón neamhspleáchas institiúideach ná ó rannpháirtíocht na mac léinn agus na foirne sa rialachas ardoideachais.” (1) Tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, ar na Ballstáit agus ar na hinstitiúidí ardoideachais an méid sin a mheas mar phrionsabal treorach maidir le cur chun feidhme. |
1.2. |
Is cúis áthais do CESE go n-iarrtar leis an tionscnamh ar na Ballstáit agus ar na hinstitiúidí ardoideachais comhar trasnáisiúnta a neartú d’fhonn scileanna agus inniúlachtaí na mac léinn a fheabhsú maidir leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach sa mhargadh saothair agus sa gheilleagar a bhaint amach, chun luachanna, féiniúlacht agus daonlathas an Aontais Eorpaigh a chosaint, agus chun sochaí agus geilleagar na hEorpa a dhéanamh níos athléimní. |
1.3. |
Tá sé á chur i bhfios ag CESE (2) an ról tábhachtach atá ag na hinstitiúidí ardoideachais maidir le sealbhú scileanna glasa, freagracht chomhshaoil agus forbairt inbhuanaithe a fheabhsú, scileanna ar cheart iad a chomhtháthú go trasnach laistigh de chuspóirí foghlama an oideachais. Is díol sásaimh dó na gníomhaíochtaí atá beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach chun cabhrú leis na Ballstáit agus leis na hinstitiúidí ardoideachais cur chuige náisiúnta agus uile-institiúideach a fhorbairt maidir leis an inbhuanaitheacht agus maidir le litearthacht aeráide agus comhshaoil. Tá sé á chur in iúl ag CESE go bhfuil sé sin tábhachtach do mhic léinn atá i mbun cúrsa staidéir lánaimseartha agus d’fhoghlaimeoirí a bhfuil clár foghlama ar feadh an tsaoil de chuid na n-institiúidí ardoideachais ar bun acu agus ní hamháin chun micridhintiúir a bhaint amach (3). |
1.4. |
Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit agus ar na hinstitiúidí ardoideachais feabhas a chur ar cháilíocht, ar chothroime, ar chomhionannas agus ar chuimsiú sóisialta an ardoideachais agus an taighde agus straitéisí digiteála á mbunú, feabhas a chur ar rochtain chothrom gach mac léinn ar ábhar digiteach, tacú le húsáid shábháilte na dteicneolaíochtaí digiteacha agus tús áite á thabhairt i gcónaí d’idirghníomhú sóisialta an teagaisc duine le duine, agus cearta maoine intleachtúla na n-acadóirí a urramú. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach dul i mbun plé le mic léinn agus le hacadóirí agus cláir oideachais agus oiliúna maidir le scileanna digiteacha á bhforbairt aige faoi chuimsiú an Chláir don Eoraip Dhigiteach. |
1.5. |
Tá sé á chur i bhfáth ag CESE a thábhachtaí atá comhpháirtíochtaí cothroma idir na hinstitiúidí ardoideachais agus cuideachtaí d’fhonn freastal ar riachtanais scileanna na mac léinn, na sochaí agus mhargadh an tsaothair, agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag mic léinn ar phrintíseachtaí agus ar thréimhsí oiliúna ardchaighdeáin ar íocaíocht i gcuideachtaí agus in institiúidí agus go leathnófar an rochtain sin. Tá sé ag iarraidh ar na Ballstáit agus ar na hinstitiúidí ardoideachais saoirse acadúil agus neamhspleáchas institiúideach a áirithiú, go háirithe i ndáil le comhoibriú le gníomhaithe neamhacadúla maidir le forbairt curaclaim, scileanna agus ceanglais ar fhoirne acadúla. |
1.6. |
Tá sé á chur in iúl ag CESE nach mór don Choimisiún Eorpach agus do gach Ballstát saoirse acadúil agus neamhspleáchas institiúideach a chosaint mar luachanna bunúsacha a chumhdaítear in Communiqué na Róimhe. Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh “Comhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha” mar thionscadail Erasmus+ a chuimsíonn gníomhaíochtaí deonacha agus gníomhaíochtaí ón mbun aníos de chuid na n-institiúidí ardoideachais, agus tá siad tábhachtach chun comhar níos dlúithe a chothú faoi cheannaireacht dhaonlathach. Tá imní ar CESE go bhfuil luachanna bunúsacha i dtreis nuair a dhéanann an Coimisiún Eorpach agus an Chomhairle Eorpach tionscadail de chuid Chomhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha a institiúidiú, agus tá sé ag iarraidh ar na Ballstáit reacht dlíthiúil a bhunú do chéimeanna Eorpacha comhpháirteacha na gComhghuaillíochtaí, chomh maith le dearbhú cáilíochta agus creidiúnú seachtrach do ghníomhaíochtaí agus cláir chomhpháirteacha oideachais trasnáisiúnta na gComhghuaillíochtaí. |
1.7. |
Tá béim á leagan ag CESE ar an luach bunriachtanach a bhaineann le héagsúlacht na n-institiúidí ardoideachais, rud a d’fhéadfadh tacú le cineálacha éagsúla riachtanas cultúrtha, oideachasúil, sochaíoch agus eacnamaíoch. Tá CESE ag iarraidh go dtabharfaí aitheantas do luach comhionanna na n-institiúidí ardoideachais lasmuigh agus laistigh den Chomhghuaillíocht sin agus go n-urramófaí prionsabal na saoirse eolais. Is díol sásaimh do CESE gur bunaíodh treoirphrionsabail lena gcosnaítear luachanna bunúsacha acadúla, bunaithe ar Communiqué na Róimhe, agus go bhfuil baint ag na comhpháirtithe sóisialta agus na geallsealbhóirí ábhartha leo. |
1.8. |
Is oth le CESE nach bhfuil a ndóthain cistithe á fháil ag na hinstitiúidí ardoideachais (4) d’ainneoin an méadú a tháinig ar a gcuid riachtanas le linn na paindéime, agus tá sé ag iarraidh ar na Ballstáit níos mó cistiú poiblí a chur ar fáil dóibh. Is cúis imní dó an méadú atá ag teacht ar phríobháidiú na n-institiúidí ardoideachais agus ar an infheistíocht phríobháideach san ardoideachas agus sa taighde, rud a d’fhéadfadh an tsaoirse acadúil agus an neamhspleáchas institiúideach a chur i mbaol. Tá sé a léiriú aige freisin go n-áiritheofar cistiú poiblí náisiúnta inbhuanaithe do gach institiúid ardoideachais trí thacaíocht airgeadais a chur ar fáil i gcónaí do chomhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha. Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit an Seimeastar Eorpach agus cistí ón Aontas a úsáid, lena n-áirítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, CSE+, Erasmus+ agus Fís Eorpach, chun cabhrú leis na hinstitiúidí ardoideachais a spriocanna a bhaint amach. |
1.9. |
Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach faireachán a dhéanamh ar infheistíocht san ardoideachas ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal institiúideach, agus leas á bhaint as na príomhuirlisí polaitiúla atá ag an Seimeastar Eorpach agus ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún freisin gur ról tacaíochta amháin a bheidh ag Scórchlár na hEarnála Ardoideachais Eorpaí agus torthaí an Ghrúpa Saineolaithe maidir le hInfheistíocht Ardcháilíochta san Oideachas agus san Oiliúint. |
1.10. |
Is ábhar imní do CESE cuspóirí agus rialachas Scórchlár na hEarnála Ardoideachais Eorpaí lena ndéantar measúnuithe bliantúla ar an dul chun cinn atá déanta ar fud an Aontais Eorpaigh chun príomhthosaíochtaí an tionscnaimh a chomhlíonadh: is iad sin cuimsiú, luachanna, cáilíocht agus ábharthacht, soghluaisteacht, scileanna glasa agus digiteacha, infhostaitheacht, comhar trasnáisiúnta, aistriú teicneolaíochta agus luachshocrú an eolais. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach ról na huirlise sin a shoiléiriú maidir le faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát agus ar rialachas na huirlise faireacháin sin i ndáil le próiseas an tSeimeastair Eorpaigh, agus a shonrú cibé an úsáidfear an uirlis sin freisin chun faireachán a dhéanamh ar infheistíocht náisiúnta san ardoideachas. Tá CESE ag iarraidh go gcaomhnófaí ról na mBallstát agus na gcomhpháirtithe sóisialta i réimse an oideachais agus ról na ngeallsealbhóirí ábhartha sa phróiseas. |
1.11. |
Is díol sásaimh do CESE gur bunaíodh Faireachlann Eorpach um Earnáil an Ardoideachais chun na huirlisí agus na hacmhainní sonraí is fearr atá ag an Aontas faoi láthair a thabhairt le chéile. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach ról na mBallstát agus na gcomhpháirtithe sóisialta i réimse an oideachais agus ról na ngeallsealbhóirí ábhartha sa phróiseas sin a chaomhnú. Tá ról tábhachtach ag na comhpháirtithe sóisialta maidir leis an aistriú ón oideachas go dtí an obair, maidir leis an ionadaíocht a dhéantar ar leasanna na mac léinn i margadh an tsaothair agus maidir le líon na ndaoine nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna a laghdú. Ba cheart tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon chun súil a choinneáil ar mhic léinn agus iad ag aistriú ón oideachas go dtí an obair. |
1.12. |
Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit ról gníomhach a thabhairt do chomhpháirtithe sóisialta i réimse an oideachais agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta i bhforbairt bhreise thionscnaimh agus ghníomhaíochtaí an Choimisiúin faoin straitéis seo agus i gcur chun feidhme iad siúd ar leibhéal na mBallstát. Tá sé sin tábhachtach chun a chinntiú go bhfoghlaimeoidh mic léinn na scileanna riachtanacha chun bheith ina saoránaigh den daonlathas agus chun rochtain a fháil ar phoist ardcháilíochta laistigh den aistriú glas agus an t-aistriú digiteach. Tá rialachas daonlathach agus idirphlé sóisialta éifeachtach bunriachtanach chun feabhas a chur ar dhea-bhail na mac léinn, ar an tsaoirse acadúil, ar stádas buan agus ar dhálaí oibre na bhfoirne, agus ar an neamhspleáchas institiúideach. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach ról a thabhairt do chomhpháirtithe sóisialta i réimse an oideachais agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le critéir Eorpacha a fhorbairt chun lipéad Céime Eorpaí a bhronnadh. |
1.13. |
Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit agus ar na hinstitiúidí ardoideachais ról níos éifeachtaí a thabhairt d’fhoghlaimeoirí, d’acadóirí agus do thaighdeoirí i rialachas an bheartais ardoideachais agus na struchtúr comhair institiúdigh trasnáisiúnta, trí cheannaireacht éifeachtach chomhoibritheach, rialachas coláisteach agus idirphlé sóisialta a chur ar fáil. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gcur chuige sin ardoideachas agus taighde atá ar ardchaighdeán agus cuimsitheach a áirithiú chomh maith le soghluaisteacht éifeachtach mac léinn, foirne agus taighdeoirí, agus éagsúlacht iomlán (lena n-áirítear comhionannas inscne) mac léinn, acadóirí, taighdeoirí agus foirne gairmiúla. |
1.14. |
Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach idirphlé sóisialta le ceardchumainn acadúla a áirithiú agus creat Eorpach á fhorbairt aige le haghaidh gairmeacha tarraingteacha agus inbhuanaithe san ardoideachas, feabhas a chur ar dhálaí oibre, ar dhea-bhail agus ar stádas na n-acadóirí, agus tacú le gairmeacha acadúla laistigh den saol acadúil agus lasmuigh de. Ba cheart é a bheith de chuspóir i gcónaí rannpháirtíocht na mac léinn sa phróiseas cinnteoireachta a mhéadú agus acmhainneacht oibríochtúil na n-eagraíochtaí mac léinn a fheabhsú. D’fhéadfaí cistí CSE+ a leithdháileadh chuige sin. |
1.15. |
Is díol sásaimh do CESE na bearta lena gcuirtear foirne agus mic léinn ó chúlraí éagsúla chun cinn, lena n-áirítear creat Eorpach don éagsúlacht agus don chuimsiú (lena n-áirítear bearnaí inscne) a bhunú, tacaíocht a chur ar fáil do thaighdeoirí leochaileacha trí threoirphrionsabail a leagan amach d’ollscoileanna chun a gcuimsiú a éascú, agus straitéisí náisiúnta agus institiúideacha a bhunú le haghaidh cuimsiú ina ndíreofar ar dhídeanaithe agus ar iarrthóirí tearmainn. Tá CESE ag iarraidh go dtabharfaí aitheantas trédhearcach agus cothrom trí líonra na lárionad um aitheantas acadúil do cháilíochtaí tríú tír, lena n-áirítear na cáilíochtaí sin a bhíonn ag dídeanaithe. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, ar na Ballstáit agus ar na hinstitiúidí ardoideachais straitéisí den sórt sin a fhorbairt i gcomhar le mic léinn agus le foirne, go háirithe iad siúd atá in ann feidhm a bhaint as an taithí atá acu féin i bhforbairt straitéise. |
1.16. |
Is díol sásaimh do CESE go ndearnadh tuilleadh forbartha ar thionscnamh an Chárta Mac Léinn Eorpaigh, d’fhonn an t-ualach riaracháin a bhaineann le bainistiú soghluaisteachta agus malartuithe mac léinn agus foirne a laghdú, agus é á chur chun suntais aige san am céanna a thábhachtaí atá sé slándáil sonraí agus cosaint sonraí a áirithiú. Tá sé éigeantach an rómhaorlathas a laghdú agus aistrithe creidmheasa idir na Ballstáit a éascú chun soghluaisteacht cheart ar leibhéal an Aontais a áirithiú. |
1.17. |
Is díol sásaimh do CESE an t-aistriú chun soghluaisteacht mac léinn agus foirne a leathnú chuig tríú tíortha agus tá sé á chur i bhfios aige an tábhacht a bhaineann le soghluaisteacht phearsanta agus le sláinte agus sábháilteacht a áirithiú. Is díol sásaimh dó Cairt nua Ardoideachais Erasmus agus Cairt nua Mic Léinn Erasmus lena ndéantar an tsaoirse agus an tsláine acadúil a chomhtháthú agus lena gcothaítear díospóireachtaí acadúla agus malartú dea-chleachtas maidir le luachanna agus daonlathas, mar chuid de Ghníomhaíochtaí Ardoideachais Jean Monnet Erasmus+, lena n-áirítear i dtríú tíortha. |
2. Cúlra na tuairime
2.1. |
Tar éis do Chomhairle Oideachais an Aontais Eorpaigh na conclúidí ón gComhairle a ghlacadh maidir le tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha – An t-ardoideachas, an taighde, an nuálaíocht agus an tsochaí a nascadh: an bealach a réiteach do ghné nua san ardoideachas Eorpach, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach dhá dhoiciméad. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis Eorpach d’Ollscoileanna leagtar amach na gníomhaíochtaí atá le déanamh ag an gCoimisiún Eorpach idir 2022 agus 2024 maidir leis an ardoideachas agus an taighde, agus tá moltaí sonracha do na Ballstáit sa togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le caidreamh a chothú le haghaidh comhar éifeachtach san ardoideachas Eorpach, a bheidh le glacadh ag Comhairle Oideachais na nAirí ag an gcruinniú a bheidh aici an 4-5 Aibreán 2022. Tá sé i gceist leis na tionscnaimh sin sprioc nua an Aontais Eorpaigh a bhaint amach, is é sin go mbeidh leibhéal treasach oideachais bainte amach ag 45 % ar a laghad de dhaoine idir 25 agus 34 bliana d’aois faoi 2030 (5). |
2.2. |
Leis an tionscnamh seo, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún líon Chomhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha atá ann cheana a mhéadú ó 41 go 60, ionas go mbeidh níos mó ná 500 ollscoil ina mbaill de chomhghuaillíochtaí faoi lár 2024. Beidh buiséad táscach EUR 1,1 billiún ag Erasmus+ don tréimhse 2021-2027 agus neart tionscnaimh tacaíochta. |
2.3. |
Sna moltaí do na Ballstáit, iarrtar orthu é a chur ar chumas na n-institiúidí ardoideachais gníomhaíochtaí oideachais trasnáisiúnta atá nuálach agus comhpháirteach a fhorbairt agus a chur chun feidhme (laistigh agus lasmuigh den Aontas), reacht dlíthiúil a bhunú do Chomhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha faoi 2024, céim Eorpach chomhpháirteach a chur ar fáil ar an leibhéal náisiúnta faoi 2024, lena n-áirítear an nasc leis na Creataí Náisiúnta um Cháilíochtaí, tacú le níos mó soghluaisteachta do mhic léinn agus do bhaill foirne (lena n-áirítear ar líne), tacaíocht inbhuanaithe airgeadais a chur ar fáil do Chomhghuaillíocht na nOllscoileanna Eorpacha, agus chun saoirse acadúil agus neamhspleáchas institiúideach a chur chun cinn agus a chosaint. |
3. Barúlacha ginearálta
3.1. |
Tá sé á chur i bhfios ag CESE (6) go bhfuil sé tábhachtach tuilleadh nasc a dhéanamh idir Limistéar Eorpach an Ardoideachais (EHEA) agus an Limistéar Eorpach Taighde chun cáilíocht agus cuimsitheacht an ardoideachais agus an taighde a fheabhsú do gach mac léinn gan beann ar a n-aois ná a gcúlra socheacnamaíoch. Ní mór díriú go mór i dtionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha ar cháilíocht na staidéar idir ollscoileanna agus an t-aitheantas a thugtar dóibh a fheabhsú. Cé gur inniúlacht náisiúnta é an t-ardoideachas, is cosúil go bhfuil na tograí ón gCoimisiún do Chéim Eorpach, Reacht Ollscoile Eorpach agus Córas Eorpach Aitheantais agus Dearbhaithe Cáilíochta ag dul i dtreo sioncrónú na staidéar ardoideachais. Dá bhrí sin, tá sé á iarraidh ag CESE go ndéanfaí tuilleadh plé le rialtais, le comhpháirtithe sóisialta ábhartha agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir leis na smaointe a bhaineann leis na tionscnaimh sin agus le gníomhaíochtaí beartais eile. Is cúis áthais do CESE go bhféadfadh na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a dtuairimí faoin tionscnamh sin a chur in iúl trí chomhairliúcháin phoiblí. |
3.2. |
Tá an tsaoirse acadúil agus an neamhspleáchas institiúideach faoi ionsaí níos mó ná riamh i dtíortha áirithe a shínigh Próiseas Bologna (7). In Communiqué na Róimhe, a ghlac 49 n-aireacht de Limistéar Eorpach an Ardoideachais ag Comhdháil Aireachta Phróiseas Bologna in 2020, athdheimhnítear tiomantas na n-airí dár mbunluachanna comhroinnte a chur chun cinn agus a chosaint in EHEA ina n-iomláine trí idirphlé polaitiúil agus trí chomhar polaitiúil níos déine mar an bonn is gá don fhoghlaim, don teagasc agus don taighde ar ardcháilíocht agus do shochaithe daonlathacha. Tá siad tiomanta freisin don neamhspleáchas institiúideach, saoirse agus sláine acadúil, rannpháirtíocht mac léinn agus ball foirne i rialachas an ardoideachais, agus freagracht phoiblí as an ardoideachas a chaomhnú. Tugtar sainmhíniú in Iarscríbhinn I a ghabhann le Communiqué na Róimhe ar an tsaoirse acadúil mar ghné riachtanach d’fhoghlaim, de theagasc agus de thaighde ardcháilíochta san ardoideachas agus den daonlathas, atá bunaithe ar an neamhspleáchas institiúideach, agus cuirtear i bhfios go láidir ann nach féidir leis na sochaithe a bheith daonlathach i ndáiríre gan an tsaoirse acadúil agus an neamhspleáchas institiúideach a urramú. |
3.3. |
Bhí tionchar nach bhfacthas riamh roimhe seo ag paindéim COVID-19 ar mhodhanna teagaisc agus taighde, ar oibríocht ollscoile (maidir le dúnadh campas agus an t-aistriú chuig foghlaim ar líne) agus ar rialachas ollscoile. De dheasca na paindéime freisin, léiríodh an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht phobail na n-ollscoileanna. Bhraith tuairim is leath na mac léinn go ndeachaigh a bhfeidhmíocht acadúil in olcas i ngeall ar an oideachas ar líne, agus go raibh ualach oibre níos mó orthu ó tharla an t-aistriú chuig an teagasc ar líne. Is dúshlán go fóill é do neart mic léinn atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch rochtain a fháil ar scileanna digiteacha, ar uirlisí cumarsáide ar líne agus ar an idirlíon. Bhí tionchar freisin aige ar dhea-bhail shíceolaíoch agus mhothúchánach na mac léinn (8). |
3.4. |
Tháinig meath ar dhálaí oibre na bhfoirne acadúla de dheasca ghéarchéim COVID-19, lena n-áirítear méadú ollmhór ar an ualach oibre mar gheall ar an bhfoghlaim ar líne agus an fhoghlaim chumaisc, agus cailleadh fostaíochta do bhaill foirne ar théarma seasta agus do bhaill foirne shealadacha. Bhí tionchar díréireach ag an méid sin ar ghrúpaí foirne ar leith, amhail mná agus mionlaigh eitneacha. Bhí tionchar díobhálach ag an bpaindéim ar mheabhairshláinte agus ar dhea-bhail na bhfoirne freisin. |
3.5. |
Tá ról ríthábhachtach ag foirne acadúla maidir le hoideachas agus taighde ar ardchaighdeán a chur ar fáil in ollscoileanna. Fiú roimh an bpaindéim, bhí laghdú ar shlándáil post i ndán do lucht acadúil na hEorpa mar gheall ar shrianta buiséadacha, laghdú ar dheiseanna fostaíochta, méadú ar líon na mball foirne i bpoist shealadacha, pháirtaimseartha nó ar théarma seasta, agus sciar méadaitheach de bhaill foirne i bpoist a mhaoinítear go seachtrach. Tá dálaí oibre cuibhiúla agus tuarastail chuibhiúla ríthábhachtach dóibh má táthar chun a gcuid mac léinn a ullmhú go héifeachtach d’aistriú glas agus d’aistriú digiteach na sochaí agus an gheilleagair. Is fostaíocht fhorbhásach a bhíonn ag acadóirí ar chonarthaí seasta, rud a fhágann go mbíonn sé níos deacra orthu teagasc agus taighde ar ardchaighdeán a chur ar fáil (9). Tá deiseanna gairme na dtaighdeoirí iardhochtúireachta dulta in olcas de dheasca phaindéim COVID-19 agus tá tionchar díobhálach aige sin ar a ndea-bhail. Ina leith sin, is mó seans go mbeidh tionchar ag dálaí forbhásacha agus ag éifeachtaí diúltacha na paindéime ar thaighdeoirí óga agus ar thaighdeoirí baineanna (10). Ba cheart é a bheith ina thosaíocht liúntais a mhéadú do thaighdeoirí dochtúireachta agus rochtain saor in aisce ar litríocht agus rannpháirtíocht i gcomhdhálacha idirnáisiúnta a áirithiú. |
3.6. |
D’fhonn ganntanas scileanna a laghdú agus chun a áirithiú go mbeidh mic léinn ó institiúidí ardoideachais in ann rochtain a fháil ar an margadh saothair, is den riachtanas é go mbeidh comhpháirtíochtaí éifeachtacha idir na hinstitiúidí ardoideachais agus cuideachtaí agus go mbeidh rochtain ag mic léinn ar phrintíseachtaí agus ar thréimhsí oiliúna ardchaighdeáin ar íocaíocht i gcuideachtaí. Tá sé á chur in iúl ag CESE gur cheart comhpháirtíochtaí idir gnólachtaí agus institiúidí ardoideachais dul chun tairbhe don dá pháirtí gan brú seachtrach agus gur cheart iad a chothromú d’fhonn gníomhaíochtaí neamhspleácha taighde agus nuálaíochta na gcuideachtaí agus cuspóirí an ardoideachais phoiblí agus an taighde phoiblí a chaomhnú (11). |
3.7. |
Agus rochtain ar ardoideachas á héascú, ba cheart é a chur san áireamh go bhfuil brú breise i gceist le táillí ollscoile mar gheall ar phraghsanna fuinnimh agus costais bhreise a bhaineann leis an oideachas (lóistín, rochtain ar litríocht, etc.). D’fhéadfaí costais bhreise a fhóirdheonú le cistí ón Aontas, rud a laghdódh neamhchosaint ar iasachtaí agus ar mhodhanna airgeadais eile a úsáidtear chun staidéar ollscoile a mhaoiniú. Ní mór sineirgí a áirithiú idir dinimic an dul chun cinn teicneolaíochta agus dinimic an trealaimh, na gcaighdeán agus na nósanna imeachta a úsáidtear sa phróiseas oideachais d’fhonn aistriú éifeachtúil ón oideachas go dtí an obair a áirithiú. |
An Bhruiséil, 23 Márta 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le straitéis Eorpach d’ollscoileanna, 2022.
(2) IO C 56, 16.2.2021, lch. 1 (níl leagan Gaeilge ann).
(3) IO C 56, 16.2.2021, lch. 1
(4) EUA Public Funding Observatory Report 2019/20.
(5) Rún ón gComhairle on a strategic framework for European cooperation in education and training towards the European Education Area and beyond (2021-2030) [maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus thairis sin (2021-2030)].
(6) IO C 10, 11.1.2021, lch. 40 (níl leagan Gaeilge ann).
(7) https://www.scholarsatrisk.org/academic-freedom-monitoring-project-index/?_gp=1
(8) An Coimisiún Eorpach: The impact of COVID-19 on higher education: a review of emerging evidence, 2021.
(9) Coiste Eorpach na gCeardchumann um Oideachas: Report to Rome Ministerial Meeting (2020).
(10) ECFE: Reducing the precarity of academic research careers, 2021.
(11) IO C 10, 11.1.2021, lch. 40 (níl leagan Gaeilge ann).
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290/114 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú)
(COM(2021) 802 final — 2021/0426 (COD))
(2022/C 290/18)
Rapóirtéir: |
Mordechaj Martin SALAMON |
Comhairliúchán |
Parlaimint na hEorpa, 14.2.2022 An Chomhairle, 9.2.2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 194(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise |
Dáta a glactha sa rannóg |
10.3.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
23.3.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
568 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
212/6/6 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Is díol sásaimh do CESE an togra le haghaidh Treoir athmhúnlaithe maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (dá ngairtear “an Treoir maidir le FFF” anseo feasta) ós rud é go dtugtar aghaidh ann ar phríomhdhúshláin a sainaithníodh i dtuairimí CESE a eisíodh roimhe seo chun uirlisí a chur ar fáil arb é is aidhm dóibh an bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac agus infheistíocht fhadtéarmach struchtúrach i réimse na tógála a leigheas, chun borradh a chur faoi athchóiriú na bhfoirgneamh is measa feidhmíocht go háirithe agus chun an tAontas a chur i dtreo córais téimh agus fuaraithe dhícharbónaithe. |
1.2. |
Tá CESE go huile agus go hiomlán i bhfách leis an gcur chuige seo de chuid an Aontais Eorpaigh chun timpeallacht thógtha ardcháilíochta atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus atá saor ó iontaisí a chothú, ós rud é gurb amhlaidh is éifeachtúla atá bearta ar leibhéal an Aontais chun dlús a chur leis an aistriú riachtanach seo. |
1.3. |
Measann CESE, i bhfianaise na méaduithe géara atá tagtha ar phraghsanna fuinnimh le déanaí agus an ionchais go mbeidh praghsanna arda ann sa mheántéarma, ar a laghad, go bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh straitéis a chur i bhfeidhm d’fhonn an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú agus deireadh a chur léi. Ní mór bearta praiticiúla a chur chun feidhme a bheidh dírithe ar éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú chun tithíocht chuibhiúil, inacmhainne agus shláintiúil a áirithiú do chách. Ní mór aistriú sábháilte aispeiste a áireamh i measc na mbeart sin. |
1.4. |
Tacaíonn CESE go mór le bunú íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh, go háirithe i gcás na bhfoirgneamh cónaithe is measa feidhmíocht. Céim shuntasach chun cinn is ea tabhairt isteach an phrionsabail sin ar leibhéal an Aontais. |
1.5. |
D’fhonn athchóirithe fadbhreathnaitheacha a spreagadh, tá CESE á iarraidh go ndéanfaí dul chun cinn níos cuimsithí maidir leis na ceanglais le haghaidh feabhsuithe a bheidh le bunú ón tosach a mbeidh amlíne níos soiléire agus níos iomláine idir seo agus 2050 ag gabháil leo.
Ó tharla nach gcuirtear maoiniú nua ar fáil leis an Treoir maidir le FFF agus nach aon dóithín é na hathchóirithe is gá a mhaoiniú, measann CESE gur den ríthábhacht é go mbeadh an creat agus na huirlisí dá bhforáiltear sa Treoir maidir le FFF chun rochtain a fháil ar mhaoiniú poiblí agus baincéireachta oiriúnach dá bhfeidhm. |
1.6. |
Agus an ról lárnach atá acu ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh stoic foirgneamh a fheabhsú á chur san áireamh, is díol sásaimh do CESE gur cuireadh le ceanglais, iontaofacht agus úsáideacht na ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh. |
1.7. |
Is geal le CESE an bhéim mhéadaithe atá curtha ar na pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh agus na tuairiscí ar iarrachtaí na mBallstát an bhochtaineacht fuinnimh a laghdú. |
1.8. |
Tacaíonn CESE le pasanna athchóirithe foirgneamh a bhunú faoi 2024, rud a fhágfaidh go mbeidh rochtain níos éasca ag tomhaltóirí ar fhaisnéis agus go mbeidh costais níos ísle le híoc acu agus athchóiriú a gcuid foirgneamh á phleanáil acu. |
1.9. |
Tá CESE á aithint gur gá a áireamh sa Treoir maidir le FFF ceanglais maidir le tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí carbóin ar feadh shaolré iomlán na bhfoirgneamh (monarú agus foirgniú, úsáid agus deireadh ré), ós rud é, i gcás tithe nua, go bhféadfadh an tionchar aeráide is mó a bheith ag baint le hábhair agus oibreacha foirgníochta. Leagann CESE béim air nach mór “foirgneamh atá saor ó astaíochtaí” a shainiú ar dhóigh a bhfágann gur féidir leis idirghníomhú ar an mbealach is fearr is féidir le córais fuinnimh máguaird agus go n-áirítear leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa leabaithe go léir. Ba cheart breathnú ar mheasúnuithe saolré mar threoiruirlisí a bhaineann go sonrach le tionscadal ina gcuirtear roghanna éagsúla ábhar agus teicnící i gcomórtas le chéile. |
1.10. |
Tá sé á iarraidh ag CESE go gcuirfí chun feidhme fíorphróiseas pobail um oiliúint agus uas-sciliú na n-oibrithe san earnáil tógála. |
2. Cúlra
2.1. |
Tá Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (an Treoir maidir le FFF) molta ag an gCoimisiún de bharr uaillmhian an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Faoi chuimsiú na straitéise “Oiriúnach do 55”, is obair leantach í an Treoir maidir le FFF ar an straitéis “rabharta athchóiriúcháin”, straitéis ina leagtar amach an sprioc go ndéanfaí an ráta bliantúil athchóirithe fuinnimh d’fhoirgnimh a dhúbailt, ar a laghad, faoi 2030 agus ina leagtar béim ar an ngá atá leis na bearta rialála, maoinithe agus cumasúcháin is gá. |
2.2. |
Trí bhíthin na Treorach maidir le FFF, féachtar leis na bearta agus na huirlisí is gá a chur ar fáil laistigh de thrí réimse fócais na straitéise “rabhartha athchóiriúcháin”, mar atá, aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh agus ar na foirgnimh is measa feidhmíocht; foirgnimh phoiblí agus bonneagar sóisialta mar eiseamláirí; agus córais téimh agus fuaraithe a dhícharbónú. |
2.3. |
Tá sraith leasuithe agus ábhair bhreise molta i dtaobh na Treorach maidir le FFF, go sonrach:
|
3. Barúlacha ginearálta
3.1. |
Is díol sásaimh do CESE an togra le haghaidh Treoir athmhúnlaithe maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (dá ngairtear “an Treoir maidir le FFF” anseo feasta) ós rud é go dtugtar aghaidh ann ar na príomhdhúshláin a sainaithníodh i dtuairimí CESE a eisíodh roimhe seo chun uirlisí a chur ar fáil arb é is aidhm dóibh an bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac agus infheistíocht fhadtéarmach struchtúrach i réimse na tógála a leigheas, chun borradh a chur faoi athchóiriú na bhfoirgneamh is measa feidhmíocht go háirithe agus chun an tAontas a chur i dtreo córais téimh agus fuaraithe dhícharbónaithe. |
3.2. |
Is fadhb uile-Aontais í an fhadhb a bhaineann le foirgnimh nach bhfuil inslithe i gceart nó atá inslithe go measartha agus a bhfuil córas téimh agus fuaraithe iontu a úsáideann breoslaí iontaise. In éagmais beartais chomhordaithe ar leibhéal an Aontais, is baolach nach ndéanfaidh na Ballstáit gníomhaíocht leordhóthanach i ngeall ar ábhair imní faoi chothroime iomaíochta. |
3.3. |
Ar an gcúis sin, tá CESE go huile agus go hiomlán i bhfách leis an gcur chuige seo de chuid an Aontais Eorpaigh chun timpeallacht thógtha ardcháilíochta atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus saor ó iontaisí a chothú. Is amhlaidh is éifeachtúla atá bearta ar leibhéal an Aontais chun dlús a chur leis an aistriú riachtanach seo. Ina theannta sin, ach cur chuige comhpháirteach a ghlacadh ar leibhéal an Aontais, is féidir leas a bhaint as an margadh inmheánach, amhail barainneachtaí scála agus an comhar teicneolaíoch idir na Ballstáit. Cuirtear ar fáil leis freisin tuilleadh cinnteachta d’infheisteoirí agus, tríd is tríd, tá sé mar bhonn taca faoin ról ceannasach a d’fhéadfadh a bheith ag an Eoraip agus ag cuideachtaí Eorpacha mar cheannródaithe domhanda agus mar chinn feadhna sa réimse sin. |
3.4. |
Measann CESE, i bhfianaise na méaduithe géara atá tagtha ar phraghsanna fuinnimh le déanaí agus an ionchais go mbeidh praghsanna arda ann sa mheántéarma, ar a laghad, go bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh straitéis a chur i bhfeidhm d’fhonn an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú agus deireadh a chur léi. Ní raibh 6,8 % de dhaoine ar fud an Aontais Eorpaigh (30,3 milliún duine) in ann cos a choinneáil le billí fóntais in 2018 agus, dá thoradh sin, bhí an baol ann go ngearrfaí a soláthar. De dheasca na bhforbairtí is déanaí, is measa fós an fhadhb sin sa lá atá inniu ann. Ní mór bearta praiticiúla a ghlacadh san fhadtéarma a bheidh dírithe ar éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú chun tithíocht chuibhiúil, inacmhainne agus shláintiúil a áirithiú do chách. Is práinní fós é sin mar go dtiocfaidh méadú ar chostais téimh agus fuaraithe a úsáideann breoslaí iontaise de bharr chostais mhéadaithe liúntais na scéime trádála astaíochtaí. |
3.5. |
Tacaíonn CESE go mór le bunú íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh, go háirithe i gcás na bhfoirgneamh cónaithe is measa feidhmíocht. Céim shuntasach chun cinn is ea tabhairt isteach an phrionsabail sin ar leibhéal an Aontais. Is faoi na Ballstáit atá sé a chinneadh, áfach, ar cheart an chuid eile d’fhoirgneamh cónaithe a bheith faoi réir caighdeáin a leagtar síos ar bhonn náisiúnta. |
3.6. |
Siúd is go dtacaíonn CESE leis go bhfuil béim leagtha ar an mbochtaineacht fuinnimh a dhíothú trí thús áite a thabhairt d’athchóiriú a dhéanamh ar na foirgnimh is measa feidhmíocht, níor cheart go mbeadh sé mar thoradh air sin nach ndéanfar athchóiriú ar fhoirgnimh chónaithe eile. Tá CESE á iarraidh go ndéanfaí dul chun cinn níos cuimsithí maidir leis na ceanglais le haghaidh feabhsuithe a bheidh le bunú ón tosach a mbeidh amlíne níos soiléire agus níos iomláine idir seo agus 2050 ag gabháil leo. Ar an gcaoi sin, tabharfar léargas freisin d’úinéirí foirgnimh ar a mbeidh ag teastáil amach anseo d’fhonn athchóiriú a phleanáil ar an dóigh is costéifeachtaí is féidir. |
3.7. |
Ós uirlis lárnach anois iad deimhnithe feidhmíochta fuinnimh, ní mór cur lena n-iontaofacht agus lena n-inúsáidteacht. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE na héilimh níos mó atá ann maidir leis na deimhnithe feidhmíochta fuinnimh ó thaobh iad a uasghrádú go formáid dhigiteach, ábhar agus modhanna ríomha ardcháilíochta agus mionsonraithe a bheith ag gabháil leo agus a inacmhainneacht, an rochtain orthu agus a bhfoilsiú a áirithiú. Ba cheart deimhniú feidhmíochta fuinnimh a bheith ar fáil i bhformáid pháipéir i gcónaí do na saoránaigh ar a mbeidh sé de dhíth. |
3.8. |
Is díol sásaimh do CESE go n-áireofar iarrachtaí gach Ballstáit an bhochtaineacht fuinnimh a laghdú sna pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh, ina dtuairisceoidh siad ar an laghdú ar líon na ndaoine atá i ngreim ag an mbochtaineacht fuinnimh agus ar an sciar den daonra atá ag maireachtáil i dtithíocht neamhleormhaith (e.g. ina bhfuil sileadh as ballaí nó as díon) nó a bhfuil dálaí neamhleormhaithe i dtaca le compord teirmeach ag cur as dóibh. |
3.9. |
Tacaíonn CESE le bunú pas athchóirithe foirgneamh faoi 2024 ach tá amhras air faoina éifeachtaí a bheidh sé, óir ní rud éigeantach é. A bhuí leis an bpas, beidh rochtain níos éasca ag tomhaltóirí ar fhaisnéis agus beidh costais le híoc acu agus athchóiriú a gcuid foirgneamh á phleanáil acu. Le bheith dearfach faoi, áirítear leis freisin tairbhí níos leithne a bhaineann le sláinte, compord agus a oiriúnaithe atá an foirgneamh don athrú aeráide. |
3.10. |
Ós rud é nach féidir leis an gcuid is mó de dhaoine atá i ngreim ag an mbochtaineacht fuinnimh ná d’úinéirí baile bhig na ceanglais mhaoinithe chun tús a chur le hathchóiriú a shásamh, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh an creat agus na huirlisí dá bhforáiltear sa Treoir maidir le FFF le haghaidh maoinithe oiriúnach dá bhfeidhm. Ní mór míniú agus treoir shoiléir maidir le gnéithe airgeadais an athchóirithe, lena n-áirítear úsáid creidmheasanna ar an leibhéal áitiúil, a áireamh sa mhéid sin. Tá CESE ag athdhearbhú na hachainí a rinne sé i dtuairim TEN/723 go ndéanfaí na scéimeanna éagsúla a aontú d’fhonn iad a dhéanamh níos soiléire agus níos inrochtana do na teaghlaigh agus na húdaráis phoiblí ar a bhfuil siad dírithe. |
3.11. |
Tá CESE á aithint gur gá a áireamh sa Treoir maidir le FFF ceanglais maidir le tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí carbóin ar feadh shaolré iomlán na bhfoirgneamh (monarú agus foirgniú, úsáid agus deireadh ré). Nuair a thógtar foirgnimh nua ísealfhuinnimh, d’fhéadfadh sé gurb iad na hábhair agus na hoibreacha foirgníochta a mbeidh an tionchar is mó acu ar an aeráid seachas úsáid an fhoirgnimh. Ba cheart breathnú ar mheasúnuithe saolré mar threoiruirlisí a bhaineann go sonrach le tionscadal ina gcuirtear roghanna éagsúla ábhar agus teicnící i gcomórtas le chéile. |
3.12. |
Leagann CESE béim air nach mór “foirgneamh atá saor ó astaíochtaí” a shainiú ar dhóigh a bhfágann gur féidir leis idirghníomhú ar an mbealach is fearr is féidir le córais fuinnimh máguaird agus go n-áirítear leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa leabaithe go léir ó úsáid na n-ábhar tógála agus láithreán foirgníochta. |
4. Barúlacha sonracha
4.1. |
Cé nach gcuirtear maoiniú nua ar fáil leis an Treoir maidir le FFF, leagtar síos léi ceanglais maidir le leibhéil mhaoinithe agus comhordú iarrachtaí airgeadais na mBallstát chun creat dlíthiúil agus airgeadais saincheaptha a cheapadh, a mbeidh tacaíocht airgeadais spriocdhírithe mar chuid de. Tá amhras á chaitheamh ag CESE, áfach, ar an mbeidh rochtain éasca ag na nuálaithe ionchasacha ar mhaoiniú. Dar leis, ní léir an leor an iarracht mhaoinithe iomlán i ngach Ballstát chun na spriocanna maidir le hathchóiriú foirgneamh a bhaint amach. |
4.2. |
Sa lá atá inniu ann, níos minice ná a mhalairt, ní féidir maoiniú agus deontais a eisíoc go dtí go mbeidh an t-athchóiriú fuinnimh curtha i gcrích, rud a fhágann go mbíonn sé deacair ag cuid mhór tomhaltóirí tús a chur leis an obair. Ar an ábhar sin, tá CESE á mholadh go sonrófaí sa téacs gur gá cuid de na costais, ar a laghad, a bhíonn le híoc ag tomhaltóirí ag an tús a chur ar fáil faoi scéimeanna maoiniúcháin. |
4.3. |
Tá CESE ag athdhearbhú na hachainí a rinne sé i dtuairim TEN/749 sciar suntasach den 37 % den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta atá curtha i leataobh le haghaidh tionscadail ghlasa a leithdháileadh ar thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh de réir an fhíoréilimh atá ann agus an fhíorghá atá leis i ngach Ballstát. |
4.4. |
Tá CESE den bharúil, má tá rath le bheith ar an Treoir maidir le FFF, gur cheart é a chur de cheangal ar na Ballstáit creataí rialála nach bhfuil oiriúnach dá bhfeidhm a choigeartú agus bacainní neamheacnamaíocha a bhaint. Go sonrach, fágann fadhb na ndreasachtaí deighlte nach mbíonn fonn ar úinéirí tí agus tionóntaí tabhairt faoi athchóirithe. San am céanna, is é a mheas gur gá tionóntaí a chosaint ar leibhéil dhíréireacha chíosa tar éis an athchóirithe, trí thacaíocht cíosa nó trí uasteorainneacha ar mhéaduithe cíosa. |
4.5. |
Tá CESE den tuairim gur mithid na hairteagail sa Treoir maidir le deimhnithe feidhmíochta fuinnimh a athrú ó bhonn. I bhfianaise an taithí atá faighte maidir le deimhnithe feidhmíochta fuinnimh ar fud na hEorpa, is léir gur gá roinnt coigeartuithe riachtanacha a dhéanamh orthu agus tá cuid díobh siúd san áireamh sa togra faoi chaibidil. |
4.6. |
Tá CESE á aithint, má táthar chun dul chun cinn a dhéanamh, go mbeidh ar na Ballstáit cáilíocht, iontaofacht agus inacmhainneacht na ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh a áirithiú agus go mbeidh orthu rialuithe a dhéanamh agus córas rialaithe dea-fheidhmiúil a bhunú.
Measann CESE gur feabhsuithe luachmhara iad na nithe seo a leanas: gur giorraíodh tréimhse bhailíochta an deimhnithe feidhmíochta fuinnimh go 5 bliana i gcás an stoic foirgneamh is measa feidhmíocht, an ceanglais gur gá saineolaithe a bheith cáilithe nó deimhnithe agus neamhspleách agus an ceanglas sainráite nach mór cuairt a thabhairt ar an láthair sula n-eiseofar an deimhniú feidhmíochta fuinnimh. |
4.7. |
Tá CESE á mholadh go mbeadh an deimhniú feidhmíochta fuinnimh níos úsáidí do thomhaltóirí ach faisnéis mar seo a leanas a áireamh ann:
|
4.8. |
Tá CESE i bhfách leis an togra cuíchóiriú a dhéanamh, ar leibhéal an Aontais, ar na haicmí feidhmíochta fuinnimh (A-F) faoin deimhniú feidhmíochta fuinnimh agus teimpléid choiteanna a bhunú. Is díol sásaimh iad freisin na ceanglais maidir le bunachair sonraí a bhunú a mbeidh rochtain éasca orthu ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh, pasanna athchóirithe foirgneamh agus táscairí ullmhachta cliste, mar aon le faisnéis a aistriú ó bhunachair sonraí náisiúnta chuig an bhFaireachlann um Stoc Foirgneamh. |
4.9. |
Tá CESE á thabhairt dá aire gur gá an pas athchóirithe foirgneamh a bheith ag teacht leis na deimhnithe feidhmíochta fuinnimh chun iomarcaíocht agus costais bhreise neamhriachtanacha a sheachaint. |
4.10. |
Tá CESE ag athdhearbhú na hachainí a rinne sé in TEN/723 go ndéanfaí an Fhaireachlann um an mBochtaineacht Fuinnimh a neartú a thuilleadh agus go mbunófaí dlúthchomhar leis an bhFaireachlann um Stoc Foirgneamh. |
4.11. |
Beidh rochtain ar chomhairle, faisnéis, cúnamh pleanála agus treoir airgeadais ríthábhachtach do shaoránaigh na hEorpa. I láthair na huaire, meastar nach gcabhraíonn ionaid ilfhreastail ach le thart ar 100 000 úinéir tí in aghaidh na bliana chun athchóiriú fuinnimh a dhéanamh, ach d’fhéadfaí cuidiú le tuairim is 2 000 000 úinéir in aghaidh na bliana faoi 2030 (1). Tá CESE á iarraidh go ndéanfaí ionaid ilfhreastail a fhorbairt agus a chomhordú ar dhóigh níos fearr, go dtabharfaí maoiniú leordhóthanach dóibh, go ndéanfaí dea-chleachtais a roinnt ar bhonn trasteorann agus go ndéanfadh an Coimisiún faireachán níos dlúithe orthu. |
4.12. |
Tacaíonn CESE le leathnú an chomhairliúcháin phoiblí maidir leis an dréachtphlean náisiúnta athchóirithe foirgneamh agus tá sé á mholadh aige go luafaí eagraíochtaí tomhaltóirí go sonrach ann, ós iadsan is fearr atá in ann measúnuithe a dhéanamh agus aiseolas a chur ar fáil maidir leis an úsáid atá á baint ag tomhaltóirí as na cláir agus na hionstraimí airgeadais. |
4.13. |
Tá CESE á thabhairt dá aire treisiú Tháscaire na hUllmhachta Cliste trí na sainmhínithe, na ceanglais agus an chomhroinnt sonraí is gá a bhunú. Is oth leis, áfach, nach bhfuil foirgnimh chónaithe san áireamh leis sin go fóill agus nár tugadh isteach fós na spriocanna a bheidh le baint amach. |
4.14. |
I bhfianaise na n-infheistíochtaí móra, na nuálaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo agus na leibhéal gníomhaíochta níos airde sna hearnálacha ábhartha, tiocfaidh méadú mór ar an ngá a bheidh le lucht saothair a bhfuil scileanna acu, a bhfuil athsciliú déanta acu agus a bhfuil uas-sciliú déanta acu. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE an ceanglas atá ar na Ballstáit oideachas agus oiliúint a chur chun cinn agus a mhaoiniú lena áirithiú go mbeidh lucht saothair oilte san earnáil tógála. Is mór aige freisin an ceanglas comhfhreagrach go n-aireofaí forléargas ar na cumais in earnálacha na foirgníochta, na héifeachtúlachta fuinnimh agus an fhuinnimh inathnuaite sa phlean athchóirithe foirgneamh náisiúnta. Tá sé á iarraidh ag CESE go gcuirfí chun feidhme fíorphróiseas pobail um oiliúint agus uas-sciliú na n-oibrithe san earnáil tógála. |
4.15. |
Faoi mar a rinne sé i dtuairim CCMI/166, tá CESE á iarraidh athuair ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbainfear substaintí díobhálacha le linn athchóiriú foirgneamh, agus leagann sé béim ar an ngá atá le haispeist a aistriú go sábháilte. |
4.16. |
D’fhonn an éilimh níos mó ar bhonneagar athluchtaithe atá feicthe cheana sa lá atá inniu ann, tá sé á mholadh ag CESE leibhéal na gceanglas a ardú, lena n-áirítear pointí athluchtaithe cliste a shuiteáil i bhfoirgnimh neamhchónaithe níos luaithe, roimh 2027, b’fhéidir. |
4.17. |
Tríd is tríd, is dócha go gcuirfear faisnéis, comhairle agus maoiniú le haghaidh athchóirithe ar fáil ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach. Ina cheann sin, faoin Treoir maidir le FFF, táthar ag súil go dtabharfaidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ceannaireacht le dea-shampla ó thaobh a bhfoirgnimh a uasghrádú. Dá bhrí sin, measann CESE go bhfuil sé tábhachtach aird agus iarrachtaí a dhíriú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta ar an gcomhordú agus an chomhoibriú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, agus féachaint freisin ar acmhainneacht tionscnamh amhail Cúnant na Méaraí. |
4.18. |
D’fhonn níos mó ná tuairisciú amháin a dhéanamh agus bearta a spreagadh maidir le gníomhaíocht ar son na haeráide roimh 2030, tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún uasluachanna a leagan síos i bhfad roimh 2030 le haghaidh astaíochtaí CO2 in aghaidh an mhéadair chearnaigh in aghaidh na bliana, a choigeartófar le haghaidh criosanna aeráide. |
4.19. |
Tacaíonn CESE le leathnú an tsainmhínithe ar “fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite” chun go n-áireofaí níos mó foinsí fuinnimh leis, go háirithe fuinneamh comhthimpeallach a mbaintear leas as le feistí leictreacha amhail teaschaidéil. Tá sé á mholadh, áfach, go sainaithneofaí bithmhais agus bithghás mar fhoinsí fuinnimh atá inathnuaite go páirteach óir ní féidir ach cuid an-bheag den bhithmhais a úsáidtear nó den bhithghás a tháirgtear a mheas mar fhoinsí fuinnimh atá go hiomlán inathnuaite. D’fhéadfaí fuinneamh leachtach inathnuaite (bithbhreoslaí agus breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch) a chumhdach faoin sainmhíniú seo nuair a úsáidfear é go teoranta i dtréimhse shealadach i gcás nach ann do roghanna malartacha. D’fhéadfaí iarscríbhinn nua a chur leis an Treoir i gcás ina gcinntear tionchar na bhfoirmeacha éagsúla bithmhaise, an táirgthe bithgháis agus an fhuinnimh leachtaigh ar an aeráid. |
4.20. |
Chomh maith le hastaíochtaí a dhéanann dochar don aeráid agus, gan beann ar an iompróir fuinnimh, ní mór neamhaird a dhéanamh de thruailleáin aeir chlasaiceacha, amhail ábhar cáithníneach/deannach atmaisféarach, NOx agus cinn eile. |
4.21. |
Leagann CESE béim air gur gá breithniú cáiréiseach a dhéanamh ar na héifeachtaí praiticiúla a bhaineann le húsáid an tsainmhínithe roghnaithe ar “foirgneamh atá saor ó astaíochtaí”, is é sin foirgneamh a bhfuil éileamh íseal fuinnimh aige agus inar gá an fuinneamh go léir atá ag teastáil a tháirgeadh ar an láthair nó sna córais áitiúla téimh nó fuaraithe ceantair atá nasctha leis. Faoin sainmhíniú seo:
|
4.22. |
Tá sé á mholadh ag CESE leictreachas a tháirgtear go seachtrach ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite a chur ar comhchéim le táirgeadh leictreachais ar an láthair d’fhoirgnimh atá saor ó astaíochtaí. Leis an “clásal éalaithe” atá ag deireadh mhír I d’Iarscríbhinn II, ní chruthófar na dálaí ginearálta chun aistriú náisiúnta costéifeachtúil a dhéanamh chuig foirgnimh atá tíosach ar fhuinneamh ná chun soláthar fuinnimh inathnuaite a chur ar fáil le haghaidh córais fuinnimh. Tá sé i bhfad níos saoire, in aghaidh an aonaid fuinnimh a tháirgtear, an córas fuinnimh foriomlán a leathnú le haonaid mhóra ná aonaid bheaga a chur i ngach bhfoirgnimh aonair. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i gcásanna nach féidir le foirgnimh a leictreachas féin a thairgeadh (ó ghrianfhuinneamh/ó fhuinnimh gaoithe). Chomh maith leis sin, ach solúbthacht a bheith ag baint leis an gcóras leictreachais, beidh costais níos ísle ann do na foirgnimh féin agus don chóras ina iomláine. |
4.23. |
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún deireadh a chur le fóirdheontais do shuiteálacha breosla iontaise a dheonú ó 2027 ar aghaidh. Is díol suntais an méid sin do CESE, ós rud é go bhfágann sé, le tréimhse dhímheasa réasúnta 15 bliana, go dtabharfar fóirdheontais do shuiteálacha nach mór deireadh a chur leo de réir a chéile faoi 2040 ar a dhéanaí. Dá bhrí sin, tá sé á mholadh go láidir ag CESE an spriocdháta a thabhairt chun cinn go dtí 2025 ar a dhéanaí. |
An Bhruiséil, 23 Márta 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) https://op.europa.eu/ga/publication-detail/-/publication/423a4cad-df95-11eb-895a-01aa75ed71a1/language-en
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290/120 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1153 agus Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013
(COM(2021) 812 final – 2021/0420 (COD))
(2022/C 290/19)
Rapóirtéir: |
Stefan BACK |
Comhairliúchán |
Comhairle an Aontais Eorpaigh, 17/2/2022 Parlaimint na hEorpa, 7/3/2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 172 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
25/10/2021 |
An rannóg atá freagrach |
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise |
Dáta a glactha sa rannóg |
10/3/2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
23/3/2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
568 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
222/1/7 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Is díol sásaimh do CESE an Togra, ráite gur glacadh an leagan reatha de Rialachán TEN-T in 2013 agus gur lánmhithid, dá bhrí sin, creat nua cothrom le dáta a mholadh, a bheadh curtha in oiriúint don chomhthéacs reatha beartais agus ina gcuirfí san áireamh na ceachtanna a foghlaimíodh ón leagan reatha den Rialachán. Mar shampla, beidh an leagan cothrom le dáta de Rialachán TEN-T mar an bonn bonneagair a theastaíonn chun spriocanna an Choimisiúin a chur chun feidhme go rathúil, ar spriocanna iad atá san áireamh sa Chomhaontú Glas, sa Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste agus sa Phlean Gníomhaíochta Iarnróid. Ina theannta sin, níor shásúil cur chun feidhme TEN-T faoin gcreat atá ann i láthair na huaire, óir rinneadh moilleanna nach beag leis, agus is díol sásaimh do CESE, dá bhrí sin, na rialacha treisithe maidir le cur chun feidhme. |
1.2. |
Tá CESE i bhfách leis an mbeart faoina ndéanfar comhchuibhiú i leaba a chéile ar na ceanglais is infheidhme maidir leis an gcroíghréasán agus leis an ngréasán cuimsitheach, agus faoina ndéanfar idirdhealú orthu ar bhonn spriocdhátaí a leagan síos, agus ar an mbonn sin amháin. |
1.3. |
Ar an gcaoi chéanna, tá CESE i bhfách leis an mbéim a leagtar ar na Conairí Eorpacha mar mhodh chun iompar éifeachtúil agus an ilmhódúlacht a chur chun cinn, chomh maith leis an mbéim ar an sásra láidir faireacháin agus ról feabhsaithe na gComhordaitheoirí Eorpacha. |
1.4. |
Is díol sásaimh do CESE freisin an breisluach i bhfoirm éifeachtaí sineirge a eascraíonn as comhordú feabhsaithe na gConairí Eorpacha leis na Conairí Lasta Iarnróid. |
1.5. |
Is geal le CESE an tábhacht atá leagtha sa Togra ar an gcomhtháthú agus an gréasán á chur chun feidhme, agus tugann sé dá aire go gcaithfear inrochtaineacht agus nascacht a áirithiú do réigiúin uile an Aontais i gcás an tráchta paisinéirí agus an tráchta lasta araon, chomh maith le comhordú agus idirnascadh éifeachtúil a áirithiú idir an trácht fadraoin, réigiúnach agus áitiúil faoi seach agus modhanna iompair i nóid uirbeacha. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE freisin an oibleagáid a chuirtear ar na Ballstáit le hAirteagal 58 den Togra faoina gcaithfidh siad a áirithiú go mbeidh pleananna náisiúnta iompair agus infheistíochta comhleanúnach le beartas iompair an Aontais.
A bhuí le naisc éifeachtúla lasta iarnróid le bonneagar, a chumasóidh luas leordhóthanach agus a chuirfidh leis an bponcúlacht, beidh earnáil an iarnróid in ann páirt iomlán a ghlacadh sa slabhra iompair idirmhódach, ós rud é go raibh an easpa poncúlachta ar cheann de na príomhchonstaicí go nuige seo a d’fhág nár rogha tharraingteach í an ilmhódúlacht, lena n-áirítear i gcás an iarnróid féin. |
1.6. |
Maidir leis an dá fheidhm breise a bheidh ag comhordaitheoirí i ndáil leis an Spás Muirí Eorpach agus leis an gCóras Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS), tá CESE den tuairim go mbeidh tacaíocht airgeadais nach beag de dhíth freisin má táthar chun ERTMS a chur chun feidhme go tapa, á chur san áireamh an costas a ghabhfaidh leis. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE an moladh atá déanta ag an gCoimisiún go ndéanfaí maoiniú poiblí ERTMS a dhíolmhú ón oibleagáid fógra a thabhairt faoi na rialacha maidir le Státchabhair. Ar a mhuin sin, tá CESE á iarraidh go ndéanfaí staidéar féidearthachta maidir le cur chun feidhme ERTMS idir seo agus 2030 agus go gcuirfí saincheisteanna maoiniúcháin san áireamh ann freisin.
Maidir leis an Spás Muirí Eorpach, tá aird á tarraingt ag CESE ar na droichid farraige a ngabhann naisc rialta dhlútha bád farantóireachta leo, a bhféadfaí a mheas ina leith gur cineál bonneagair iad, agus iad incháilithe do chómhaoiniú mar thionscadail leasa choitinn mar gheall air sin. |
1.7. |
Is saoth le CESE nach ann d’amchlár socraithe le haghaidh thuarascálacha na mBallstát maidir le cur chun feidhme an ghréasáin chuimsithigh. |
1.8. |
Tagann CESE go hiomlán leis gur den tábhacht tabhairt faoi chomhairliúchán leathan leordhóthanach tráthúil leis na páirtithe uile lena mbaineann faoi na tionscadail atá beartaithe, agus tugann sé chun cuimhne an tuairim a d’eisigh sé in 2012 maidir le hacmhainneacht CESE mar nasc leis an tsochaí shibhialta. |
1.9. |
Is díol sásaimh do CESE tosaíochtaí ginearálta na ngréasán uile a leagtar amach in Airteagal 12, lena bhforáiltear deireadh a chur leis na bacainní riaracháin, teicniúla agus oibríochtúla agus úsáid bonneagair a bharrfheabhsú. |
1.10. |
Tá CESE ag iarraidh go n-éascófaí na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta a bheidh le déanamh ar bhonn uilechoiteann chun an ilmhódúlacht a chur chun cinn; tuigtear as sin gur gá an leas is fearr is féidir a bhaint as buntáistí na modhanna iompair uile chun na torthaí is fearr is féidir a bhaint amach, agus, san am céanna, cur leis an tsábháilteacht agus baint den ualach ó thaobh an chomhshaoil de. Tá aird faoi leith á tarraingt ag CESE ar an tábhacht a bhaineann leis an gcomhéadan idir iompar de thalamh agus modhanna eile, rud a fhágann gur féidir le huiscebhealaí intíre, leis an loingseoireacht ghearrthurais agus leis an eitlíocht rannchuidiú go hiomlán leis an slabhra ilmhódach. |
1.11. |
Tá CESE den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach cur le hathléimneacht an ghréasáin i leith an athraithe aeráide, guaiseacha nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine ionas gur féidir gréasán a bhunú a chruthóidh luach san fhadtéarma do shaoránaigh agus do ghnólachtaí an Aontais. Ba cheart na gnéithe a bhaineann le hathléimneacht a chur san áireamh a luaithe is féidir ag céim pleanála tionscadail. |
1.12. |
Tá CESE á chur i bhfios, i gcás fadhbanna tráchta nó éigeandálaí, gur cheart tosaíocht a thabhairt don réiteach is fearr ó thaobh na hinbhuanaitheachta de. |
1.13. |
Tá CESE i bhfách leis an aird a tugadh ar chórais TFC agus ar a n-acmhainneacht chun forbairt iompair ilmhódaigh a éascú. Dar le CESE gur den tábhacht go gcuirfí le hacmhainneacht ollmhór an digitithe chun feidhmíocht réimse an iompair a fheabhsú mar ábhar ardtosaíochta. |
1.14. |
Ina cheann sin, tá aird á tarraingt ag CESE ar an bhféidearthacht feabhas a chur ar an bhfaireachán a dhéantar ar chomhlíonadh na rialachán maidir le huaireanta oibre agus scíthe, go háirithe maidir le hiompar d’iarnród, trí mheáin dhigiteacha, agus tá sé á iarraidh go ndéanfaí córas den sórt sin a fhorbairt. |
1.15. |
Is díol sásaimh do CESE go n-áirítear nóid uirbeacha agus críochfoirt ilmhódacha mar eilimintí sonracha de TEN T ós rud é go bhfuil an dá chineál acu ríthábhachtach d’fheidhmiú rianúil na modhanna iompair. Tugann CESE dá aire go bhféadfadh críochfort ilmhódach amháin freastal ar roinnt nóid uirbeacha má chomhlíontar na critéir fheidhmiúla a leagtar síos sa Togra. |
1.16. |
Tugann CESE dá uídh gur mór idir na saoráidí le haghaidh foireann iarnróid atá ar fáil ó chuid go chéile de bhonneagar earnáil an iarnróid. Dar le CESE, ní mór, ar an gcuid is lú de, bealaí sábháilte, lóistín thar oíche, seomraí sosa nuachóirithe (fuarú, téamh, sláinteachas), fóntais agus áiseanna sláintíochta a áireamh sa bhonneagar le haghaidh oibrithe. |
1.17. |
Tugann CESE dá aire na ceanglais maidir le limistéir scíthe, a leagtar amach in Airteagal 29(2)(b), agus mholfadh sé íoschaighdeáin choiteanna a thabhairt isteach dóibh sin freisin. |
1.18. |
Ar an gcaoi chéanna, is díol sásaimh do CESE go gcuirtear béim bhreise ar thábhacht na nasc le tíortha comharsanachta, lena n-áirítear tíortha comhpháirtíochta amhail Ballstáit LEE agus an Eilvéis, chomh maith le tíortha aontachais. Tugann CESE dá aire go bhfuil sé d’aidhm ag an gcuspóir sin leathnú bheartas TEN-T go tríú tíortha a chur chun cinn, lena n-áirítear cuspóirí na hinbhuanaitheachta, an chomhtháthaithe, na héifeachtúlachta agus na dtairbhí méadaithe d’úsáideoirí. |
1.19. |
Ina cheann sin, is díol sásaimh do CESE an aird atá dírithe ar rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha i dtionscadail TEN-T, ar an ábhar gur ceist slándála agus oird phoiblí é, chomh maith leis an oibleagáid tuairiscithe atá ar na Ballstáit ionas gur féidir measúnú tionchair a dhéanamh freisin taobh amuigh den chreat ginearálta maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche san Aontas Eorpach a scagadh. Áirithítear leis sin freisin idir-inoibritheacht agus caighdeáin an Aontais Eorpaigh. |
1.20. |
Ina theannta sin, tá CESE i bhfách leis go bhféadfaí coigeartuithe a dhéanamh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe ar eilimintí den bhonneagar agus ar chumraíocht na gConairí. |
1.21. |
Tá CESE sásta de go bhfuil sé beartaithe anois é a áireamh sa Rialachán oibleagáid a chur ar na Ballstáit maidir le bonneagar TEN-T a chothabháil. Ba mhó de dhíol sásaimh do CESE é dá mbeadh sásra faireacháin i ndáil leis an méid sin cuimsithe ann chomh maith le smachtbhannaí iomchuí i gcás cothabháil neamhleordhóthanach, rud nach bhfuil. |
1.22. |
Is díol sásaimh do CESE na cuspóirí maidir le bonneagar iompair ar fud an domhain a leagtar amach i Straitéis Nascachta an Choimisiúin “An Tairseach Dhomhanda”. |
2. Cúlra
2.1. |
Thíolaic an Coimisiún a thogra le haghaidh Rialachán nua a chuirfí in ionad an Rialacháin atá ann faoi láthair maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt ((AE) 1315/2013) (an Togra anseo feasta) an 14 Nollaig 2021 (COM (2021) 812-2021/0420 (COD)) mar phríomhghníomhaíocht de chuid an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus na Straitéise um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste. |
2.2. |
Sa Togra fágtar struchtúr an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair (TEN-T) mar atá, is é sin i bhfoirm croíghréasáin agus gréasáin chuimsithigh. I gcás an chroíghréasáin, is é 2030 an spriocdháta cur chun feidhme fós; is é 2040 an gharsprioc le haghaidh croíghréasán leathnaithe agus tá 2050 ina spriocdháta le haghaidh an ghréasáin chuimsithigh. |
2.3. |
Is iad na ceithre chuspóir shonracha chéanna (éifeachtúlacht, comhtháthú, inbhuanaitheacht agus sochair bhreise d’úsáideoirí) atá ag an leagan reatha de Rialachán TEN-T ach go bhfuil sé beartaithe tuilleadh forbartha a dhéanamh orthu. |
2.4. |
Féachann an Togra le fadhbanna a bhaineann le moilleanna ar ullmhú agus cur chun feidhme tionscadal a réiteach trí leasanna, cuspóirí agus freagrachtaí náisiúnta agus TEN-T a ailíniú agus trí chur leis an bhfaireachán, go háirithe ar na Conairí Iompair Eorpacha, ar thosaíochtaí cothrománacha ERTMS agus ar an Spás Muirí Eorpach, a bhfuil sé beartaithe ina leith ról an Chomhordaitheora Eorpaigh a neartú agus fórsa dlíthiúil a thabhairt do na pleananna oibre trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. |
2.5. |
Áirithítear leis an Togra ailíniú na gConairí Lasta Iarnróid leis na Conairí Eorpacha trí bhíthin leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 913/2010, agus déantar foráil ann maidir le comhordú idir an dá ionstraim. |
2.6. |
Leis an Togra, cuirtear oibleagáid ar na Ballstáit maidir le cothabháil TEN-T. |
2.7. |
I gcás moilleanna suntasacha a bheith ar chur chun feidhme na ngréasán, féadfaidh an Coimisiún cómhaoiniú an Aontais Eorpaigh a tharraingt siar i gcás nach mbeidh údar oibiachtúil leis an moill sin agus nach réiteofar an fhadhb laistigh de shé mhí. |
3. Barúlacha ginearálta
3.1. |
Is díol sásaimh do CESE an Togra ós rud é gur glacadh an leagan reatha de Rialachán TEN-T in 2013 agus gurb iomaí athrú atá tagtha ó shin i leith ar chlár oibre beartais an Aontais maidir le hiompar, ar an ábhar gur ghlac an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste ionad Pháipéar Bán 2011 maidir le beartas iompair agus go ndírítear sa Stráitéis sin, inter alia, ar inbhuanaitheacht, digitiú agus cur chun cinn an iarnróid/na hilmhódúlachta. |
Anuas air sin, ní mó ná sásta a bhíothas le cur chun feidhme TEN-T faoin leagan reatha de Rialachán TEN-T de thoradh na moilleanna suntasacha a rinneadh leis.
Ba lánmhithid creat a mholadh, a bheadh curtha in oiriúint don chomhthéacs beartais atá ann faoi láthair, trí bhonneagar a chruthú a bheadh comhoiriúnach, mar shampla, don Chomhaontú Glas don Eoraip, don Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste agus don Phlean Gníomhaíochta Iarnróid, ag tarraingt ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón leagan reatha den Rialachán. Chuir CESE in iúl i dTuarascáil Mheastóireachta a d’eisigh sé in 2020 (1) gur ghá an creat a thabhairt cothrom le dáta.
3.2. |
Tá CESE i bhfách leis an mbeart faoina ndéanfar comhchuibhiú i leaba a chéile ar cheanglais bhonneagair an chroíghréasáin agus an ghréasáin chuimsithigh agus faoina ndéanfar idirdhealú bunúsach ar an dá chatagóir trí na spriocdhátaí seo a leanas a leagan síos: 2030 do chur chun feidhme an chroíghréasáin, 2040 do chur chun feidhme an ghréasáin leathnaithe, mar a thugtar air, agus 2050 do chur chun feidhme an ghréasáin chuimsithigh. Maidir leis an spriocdháta do 2030, tá amhras fós ar CESE faoina indéanta atá sin, rud a chuir sé in iúl cheana ina thuarascáil mheastóireachta in 2020, ach measann sé gur cheart an spriocdháta a choinneáil d’fhonn brú a chur ar na Ballstáit. |
3.3. |
Is díol sásaimh do CESE freisin an tábhacht a leagtar ar an gcomhtháthú, lena n-áirítear nascacht agus inrochtaineacht uilíoch fud fad an Aontais, cibé acu do phaisinéirí nó d’earraí é sin agus cibé acu achair fhada nó ghearra atá i gceist, chomh maith leis an tábhacht a leagtar ar an oibleagáid atá ar na Ballstáit comhleanúnachas le beartas iompair an Aontais a áirithiú ina ngníomhaíocht náisiúnta. Cuirfidh na critéir íosta maidir le bonneagar iarnróid le hionchais na hilmhódúlachta. |
3.4. |
Tá CESE i bhfách leis an aird a thugtar ar na Conairí Eorpacha d’fhonn iompar éifeachtúil agus an ilmhódúlacht a chur chun cinn. Tacaíonn sé freisin le ról neartaithe na gComhordaitheoirí Eorpacha agus leis an sásra láidir faireacháin lena n-áiritheofar cur chun feidhme leordhóthanach agus tráthúil.
Tá sé á chur in iúl ag CESE go bhfuil an comhordú ar chumraíocht agus ar bhainistiú na gConairí Lasta Iarnróid leis na Conairí Eorpacha chun a shástachta, óir tiocfaidh breisluach nach beag as, is é is dóichí, trí éifeachtaí sineirge. |
3.5. |
Tugann CESE dá aire gur ceapadh Comhordaitheoirí Eorpacha don Spás Muirí Eorpach agus do ERTMS freisin. Maidir le ERTMS, tá béim á leagan ag CESE ar an ngá atá le tacaíocht airgeadais lena áirithiú go gcuirfear an córas sin chun feidhme go pras agus is díol sásaimh dó an moladh go ndéanfaí an tacaíocht stáit a dhíolmhú ó fhógra a thabhairt maidir le Státchabhair. Áiritheoidh Comhordaitheoir an Spáis Mhuirí Eorpaigh go ndéanfar na naisc mhuirí a chomhtháthú sa ghréasán tras-Eorpach iompair, agus go gcruthófar agus go n-uasghrádófar na naisc loingseoireachta gearrthurais. Thar aon ní eile, tá CESE á chur chun suntais a fhíorúsáidí atá na cúraimí sin a bhfuil sé d’aidhm acu comhéadan gan uaim idir an t-iompar ar muir, uiscebhealaí intíre agus an t-iompar ar tír a áirithiú. |
3.6. |
Cuirfear an Spás Muirí Eorpach in ionad Mhótarbhealaí na Farraige ós rud é go meastar iad a bheith róchasta. Ba mhaith le CESE aird a tharraingt ar na droichid farraige, mar a thugtar orthu, arb é atá i gceist leo dlúthnaisc rialta farantóireachta róró agus ar geall le droichead iad na báid farantóireachta sin. Tá CESE á chur i gceist an ceart breathnú ar na droichid sin i ndáiríre mar naisc a bhféadfaí a mheas ina leith gur gné den bhonneagar iad, rud a d’fhágfadh incháilithe iad le haghaidh cómhaoiniú mar thionscadal leasa choitinn. |
3.7. |
Is oth le CESE nár leagadh síos aon spriocdhátaí socraithe do na Ballstáit faoina gcaithfidís faisnéis a sholáthar ar an dul chun cinn a bheidh déanta acu maidir le cur chun feidhme tionscadal lasmuigh de na Conairí Eorpacha. |
3.8. |
Mar sin féin, tá CESE i bhfách leis an sásra leantach agus smachtbhannaí dá bhforáiltear i gcás moilleanna ar chur chun feidhme tionscadal nuair nach mbeidh míniú sásúil orthu. Is saoth le CESE gurb é an t-aon smachtbhanna a luaitear go soiléir ná deireadh a chur leis an gcómhaoiniú agus tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún tograí a chur i dtoll a chéile, mar shampla fíneáil in aghaidh an lae a ghearradh fad a mhairfidh an mhoill, más faillí is cúis léi. |
3.9. |
Tacaíonn CESE go hiomlán leis an mbéim a leagtar ar chomhairliúchán leordhóthanach leis na páirtithe lena mbaineann, cibé acu an iad na húdaráis ar leibhéil éagsúla nó an tsochaí shibhialta atá i gceist, agus ar mhalartú faisnéise faoi dhea-chleachtais ina leith sin, rud a chaithfidh an Coimisiún a áirithiú. Ón taobh sin de, meabhraíonn CESE an tuairim a d’eisigh sé in 2012 An Páipéar Bán maidir le hIompar: ról a thabhairt don tSochaí Shibhialta agus na dréacht-treoirlínte maidir le rannpháirtíocht na saoránach agus na sochaí sibhialta i mbeartais agus i dtionscadail iompair an Aontais, a pléadh ag comhdháil a d’eagraigh Buanghrúpa Staidéir CESE um Iompar i Milano an 24-25 Deireadh Fómhair 2016. Luaigh CESE an pointe sin freisin sa mheastóireacht thuasluaite a rinneadh in 2020. Tá CESE láidir air gur gá tús a chur le comhairliúcháin leathana a luaithe is féidir, agus béim ar leith á cur ar an tsochaí shibhialta eagraithe agus aird chuí á tabhairt ar an aiseolas a gheofar. |
3.10. |
Is mór ag CESE na réamhriachtanais bhreise maidir le bonneagar a leagadh síos chun cuidiú le ceann de chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach, mar atá astaíochtaí CO2 a laghdú 90 % roimh 2050, chomh maith leis an mbéim a chuirtear ar ghnéithe comhshaoil, lena n-áirítear costais sheachtracha, agus tionscadal á cheapadh. |
3.11. |
Tugann CESE dá aire tosaíochtaí ginearálta na líonraí uile a leagtar amach in Airteagal 12, lena bhforáiltear deireadh a chur leis na bacainní riaracháin, teicniúla agus oibríochtúla agus úsáid bonneagair a bharrfheabhsú (Airteagal 12(2)(c) agus (d)). Tá an méid sin ag teacht freisin leis an dearcadh, ar dearcadh fabhrach i gcoitinne é, i leith éifeachtúlacht acmhainní agus i leith na nuálaíochta a leagtar amach in Airteagal 43 maidir le seirbhísí inbhuanaithe iompair lasta. I ndáil leis sin, tá CESE á chur chun suntais a thábhachtaí atá sé go gcuirfí le hathléimneacht gréasán i leith tubaistí, rud ba cheart a bheith curtha san áireamh cheana ag céim na pleanála. Ba cheart tosaíocht a thabhairt do réitigh inbhuanaithe agus fadhbanna á gcur ina gceart de dheasca brú ar athléimneacht an ghréasáin. |
3.12. |
Dá bhrí sin, tá CESE den tuairim gur cheart an éifeachtúlacht mhéadaithe ar bhonn uilechoiteann a bheith ina cuspóir, agus é á chur san áireamh go gcuirfidh éifeachtúlacht fheabhsaithe i ngach modh le feidhmíocht chomhshaoil níos fearr, rud a léiríodh i staidéar a rinne Gníomhaireacht na Sualainne um Chaomhnú Comhshaoil le déanaí (2). |
3.13. |
Maidir leis an gcroíghréasán agus an gréasán cuimsitheach araon, is díol sásaimh do CESE go gcaithfidh na Ballstáit a áirithiú go gcumasófar leis an mbonneagar iarnróid fad traenach 740 m, gan cead speisialta, agus gur cheart machnamh a dhéanamh ar bhonneagar a fhorbairt le haghaidh faid traenacha is faide ná 740 m agus chomh fada le 1 500 m agus 25,0 t d’ualach acastóra, faoi réir anailísí costais is tairbhe socheacnamaíocha. Tá feidhm freisin ag foráil a bhaineann le traenacha 740 m ar fhad atá ar thaobhlaigh phríobháideacha maidir le bonneagar iompair ilmhódaigh. |
3.14. |
Tá CESE ag iarraidh go n-éascófaí na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta a bheidh le déanamh ar bhonn uilechoiteann chun an ilmhódúlacht a chur chun cinn; tuigtear as sin gur gá an leas is fearr is féidir a bhaint as buntáistí na modhanna iompair uile chun na torthaí is fearr is féidir a bhaint amach, agus, san am céanna, cur leis an tsábháilteacht agus baint den ualach ó thaobh an chomhshaoil de. Tá aird faoi leith á tarraingt ag CESE ar an tábhacht a bhaineann leis an gcomhéadan idir iompar de thalamh agus modhanna eile, rud a fhágann gur féidir le huiscebhealaí intíre, leis an loingseoireacht ghearrthurais agus leis an eitlíocht rannchuidiú go hiomlán leis an slabhra ilmhódach. |
3.15. |
I bhfianaise na forála a luaitear sa phointe roimhe seo, cuid iontais freisin é nach bhfuil feidhm ag an uas-aga cónaithe do thraenacha ag trasnuithe teorann dá bhforáiltear ar na Conairí Iompair Eorpacha maidir leis an gcroíghréasán ná leis an ngréasán cuimsitheach. |
3.16. |
Tá CESE i bhfách leis an aird a tugadh ar úsáid córas TFC don iompar chun éascú a dhéanamh, inter alia, ar bhainistiú iompair agus malartú faisnéise idir modhanna chun gur féidir forbairt iompair ilmhódaigh a éascú, rud atá ar cheann de na tosaíochtaí a leagtar amach d’fhonn lasta inbhuanaithe a fhorbairt. Measann CESE gur cheart cur le hacmhainneacht ollmhór an digitithe a luaithe is féidir chun éifeachtúlacht, comhleanúnachas agus inbhuanaitheacht an iompair a fheabhsú. |
3.17. |
Ina theannta sin, tá CESE i bhfách le nóid uirbeacha agus críochfoirt ilmhódacha a áireamh mar eilimintí sonracha de TEN-T. Tá an dá ní sin ríthábhachtach d’fheidhmiú rianúil earnáil an iompair: is amhlaidh sin do na nóid uirbeacha toisc go bhfuil siad bunriachtanach ag tús agus ag deireadh aistir agus is amhlaidh sin do na críochfoirt ilmhódacha i bhfianaise an róil lárnaigh atá acu i dtaca le hiompar ilmhódach dea-fheidhmiúil. Tugann CESE dá aire gurb acmhainn anois do chríochfort amháin freastal ar roinnt nóid uirbeacha a bhuí leis na critéir atá molta maidir le suíomh na gcríochfort. |
3.18. |
I ndáil leis sin, tá aird á tabhairt ag CESE ar an tuairim a d’eisigh sé maidir le hiompar ilmhódach agus lóistíocht idirmhódach ina gcuirtear béim ar thábhacht an digitithe agus na gcríochfort ilmhódach d’fhonn an ilmhódúlacht a fhorbairt (3). |
3.19. |
Is díol sásaimh do CESE go bhfuil breis airde á díriú ar naisc le tíortha comharsanachta, lena n-áirítear tíortha comhpháirtíochta amhail Ballstáit LEE agus an Eilvéis, agus tíortha aontachais, go háirithe tíortha na mBalcán Thiar, ar ábhar é a ndearnadh tuilleadh forbartha air sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T) a leathnú chuig tríú tíortha comharsanachta. |
3.20. |
Maidir leis sin de, tá aird á tarraingt ag CESE ar a thábhachtaí atá sé Straitéis Nascachta an Choimisiúin “An Tairseach Dhomhanda” (JOIN (2021) 30) a chur chun feidhme d’fhonn infheistíochtaí domhanda a chur chun cinn in iompar inbhuanaithe, cliste, athléimneach agus sábháilte i ngach modh, agus chun na modhanna uile a thabhairt le chéile i bhfoirm córais ilmhódaigh. |
3.21. |
Is díol sásaimh do CESE freisin an aird atá á tabhairt ar rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha tríú tír i dtionscadail TEN-T agus ar an oibleagáid atá ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoin rannpháirtíocht sin, ionas go bhféadfaidh sé measúnú a dhéanamh ar a thionchar sin ar an tslándáil nó ar an ord poiblí san Aontas i ngach cás nach dtagann faoi Rialachán (AE) 2019/452 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh. |
3.22. |
Ina theannta sin, ba mhaith le CESE a chur in iúl go bhfuil sé i bhfách leis gur féidir coigeartuithe a dhéanamh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe ar eilimintí den bhonneagar agus ar chumraíocht na gConairí. Tagann athrú ar na sreabha iompair, rud a fhágann gur fusa a áirithiú go mbeidh bonneagar an ghréasáin agus cumraíocht na gconairí ag freagairt d’fhíordhálaí na sreabh iompair. |
3.23. |
Ar deireadh, ba mhaith le CESE a chur in iúl gur díol sásaimh dó go n-áirítear sa Togra anois go bhfuil cothabháil TEN-T ina hoibleagáid ar na Ballstáit, mar a mhol CESE sa tuarascáil mheastóireachta thuasluaite uaidh. |
4. Barúlacha sonracha
4.1. |
Tugann CESE dá aire gur gá saoráidí leordhóthanacha bonneagair a chur ar fáil do bhaill foirne le gur féidir leo a scíth a dhéanamh i stáisiúin iarnróid. |
4.2. |
Tugann CESE dá uídh, ag éirí as an ráiteas ginearálta faoin digitiú, go bhféadfaí leas a bhaint as an digitiú chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na reachtaíochta sóisialta, mar shampla in earnáil an iarnróid. |
4.3. |
Maidir le hiompar de bhóthar, measann CESE gur cheart critéir íosta a shainiú ní hamháin do limistéir pháirceála atá sábháilte (Airteagal 29(2)(c)) ach do limistéir scíthe freisin (Airteagal 29(2)(b)). |
An Bhruiséil, 23 Márta 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Meastóireacht ar an nGréasán Tras-Eorpach — Treoirlínte Iompair (TEN-T) 2013-2020 — TEN/701.
(2) Modal shift for an environmental lift [Aistriú módach ar son feabhsú comhshaoil] – Tuarascáil 7003, Lúnasa 2021, fara achoimre i mBéarla.
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290/126 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2010/40/AE maidir le creat chun Córais Chliste Iompair a chur chun úsáide i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadain le modhanna eile iompair
(COM(2021) 813 final — 2021/0419 (COD))
(2022/C 290/20)
Rapóirtéir: |
Stefan BACK |
Comhairliúcháin |
Parlaimint na hEorpa, 27.1.2022 An Chomhairle, 28.1.2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 91 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise |
Dáta a glactha sa rannóg |
10.3.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
23.3.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
568 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
225/1/5 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún, atá go hiomlán i gcomhréir leis na moltaí a rinne CESE sa tuairim uaidh roimhe seo maidir le Córais Chliste Iompair Chomhoibritheacha, agus is léir dó go bhfuil breisluach ag baint leis an togra ó thaobh feabhsuithe, slándála, sábháilteachta agus éifeachtúlachta de. |
1.2. |
Is díol sásaimh do CESE freisin raon feidhme níos leithne na faisnéise a bheidh le soláthar agus go mbeidh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit oibriú le chéile. Is fiú aird ar leith a thabhairt ar raon feidhme leathnaithe an mhalartaithe faisnéise maidir le lastas agus maidir le soghluaisteacht chomhoibríoch, nasctha agus uathoibrithe, lena n-áirítear cumarsáid idir feithiclí, rud a chuirfidh feabhas suntasach ar shábháilteacht ar bhóithre. |
1.3. |
Tugann CESE dá aire go mbeidh tionchar ag an éifeachtúlacht fheabhsaithe ar iompar lastais agus paisinéirí araon, trí lorgaireacht coinsíneachta, mar shampla, a bheith ann. |
1.4. |
Cé go dtuigeann CESE go bhfuil gá ann malartú faisnéise a chaighdeánú, tá sé á chur i bhfáth gur gá scóip leordhóthanach a bheith ann chun teacht ar réitigh áitiúla agus ar réitigh a bhaineann go sonrach le cuideachtaí i gcás údar cuí a bheith leo agus iad a bheith comhréireach, agus na tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu ar an margadh inmheánach á gcur san áireamh. |
1.5. |
Cuireann CESE i bhfios go láidir nach mór tabhairt faoi Chórais Chliste Iompair (CCI) a imlonnú i gcomhthéacs leathan sochaíoch, agus gnéithe eile seachas gnéithe teicniúla á gcur san áireamh, agus mura ndéanfar sin go bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith aige ó thaobh na hinbhuanaitheachta agus na héifeachtúlachta acmhainní de. Sa chomhthéacs sin, tá CESE á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé aird leordhóthanach a thabhairt ar riachtanais na gceantar tuaithe agus acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil dóibh chuige sin, go háirithe maidir le seirbhísí poiblí agus bealaí eile soghluaisteachta amhail siúl agus rothaíocht. |
1.6. |
Is mian le CESE freisin ceist a ardú maidir le comhroinnt acmhainní soghluaisteachta agus aird a dhíriú ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le gníomh tarmligthe chun tacú le CCI ina leith sin, mar shampla, chun infhaighteacht acmhainní iompair agus an acmhainneacht iompair a rialáil agus chun riachtanais soghluaisteachta a chomhthiomsú, chomh maith leis na féidearthachtaí ó thaobh meaitseála de a leagan amach chun an leas is fearr is féidir a bhaint as an acmhainneacht. |
1.7. |
Cuirfear feabhas ar an inbhuanaitheacht tríd an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil, mar aon le líon na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha a mhéadú. |
1.8. |
Creideann CESE gur céim mhór i dtreo spás coiteann Eorpach do shonraí soghluaisteachta é an togra, a chruthóidh breisluach trí éifeachtúlacht fheabhsaithe agus a chruthóidh dálaí oibre níos fearr san earnáil iompair, mar shampla trína dhéanamh níos éasca rialacha maidir le hamanna tiomána agus scíthe a chomhlíonadh agus limistéir scíthe a aimsiú agus rochtain a fháil orthu. |
1.9. |
Tá aird á tarraingt ag CESE ar a thábhachtaí atá sé muinín a chothú d’fhonn is go n-oibreoidh córas atá bunaithe ar chomhroinnt acmhainní agus faisnéise go rianúil agus go mbeidh glacadh ag an bpobal leis. Fágann sin, i measc nithe eile, go dteastaíonn cosaint leordhóthanach ar phríobháideachas agus ar shonraí chomh maith le rúndacht tráchtála. Dá bhrí sin, tá CESE ag tnúth leis an gcreat rialachais a d’fhógair an Coimisiún sa teachtaireacht uaidh maidir leis an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí. |
1.10. |
Maidir le sonraí laistigh den fheithicil, tugann CESE le fios freisin gur gá cosaint an tomhaltóra agus iomaíocht chóir a áirithiú, mar a sonraíodh a thuilleadh i bpointe 3.18. |
1.11. |
Tá CESE ag iarraidh go nglacfaí ar bhonn práinne rialachán earnáilsonrach maidir le rochtain ar shonraí, ar fheidhmeanna agus ar acmhainní laistigh den fheithicil. Go dtí seo, níor chuir an Coimisiún togra ar aghaidh maidir leis an ábhar sin. Déanann moill den sórt sin dochar nach beag do thomhaltóirí. |
1.12. |
Tá CESE ag cur in iúl freisin gur gá feabhas a chur ar chuimsiú daoine a bhfuil soghluaisteacht laghdaithe acu agus tá sé ag iarraidh go n-áireofaí na ceanglais inrochtaineachta faoi Threoir (AE) 2019/882 i gceanglais CCI, i bhfoirm gníomh tarmligthe b’fhéidir. |
1.13. |
Ar deireadh, tá CESE ag athdhearbhú na tairisceana a rinne sé sa tuairim thuasluaite maidir le Córais Chliste Iompair Chomhoibritheacha chun cabhrú leis an gCoimisiún lena chuid gníomhaíochtaí cur chun feidhme ós nasc atá sa Choiste leis an tsochaí shibhialta. |
2. Cúlra
2.1. |
Tá an togra ón gCoimisiún ina chuid de chur chun feidhme Straitéis 2020 an Choimisiúin um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste (an Straitéis) agus de chlaochlú an chórais iompair Eorpaigh. Leagtar béim sa togra ar an ról lárnach atá ag an digiteáil chun an córas iompair a dhéanamh níos rianúla agus níos éifeachtúla. |
2.2. |
Tá ról lárnach ag CCI maidir le córas soghluaisteachta ilmhódaí nasctha agus uathoibrithe a chruthú lena bhfeabhsófar éifeachtúlacht, sábháilteacht agus inbhuanaitheacht an iompair. |
2.3. |
I gcomhréir lena Theachtaireacht European Strategy for Data [Straitéis na hEorpa maidir le sonraí] (COM(2020) 66), thíolaic an Coimisiún an togra reatha chun rannchuidiú le cur chun feidhme chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais agus chun a áirithiú go mbeidh an Eoraip réidh don ré dhigiteach. |
2.4. |
Is gá an Treoir maidir le CCI (2010/40/AE) a nuashonrú chun dul i ngleic le dúshláin na forbartha teicniúla in CCI agus go háirithe chun comhar a fheabhsú idir na páirtithe leasmhara chomh maith le hinfhaighteacht seirbhísí CCI. |
2.5. |
Is cuid de phacáiste reachtach é an togra chun an Treoir maidir le CCI a thabhairt cothrom le dáta, pacáiste ina ndírítear ar na spriocanna seo: laghdú ar astaíochtaí CO2, digiteáil agus athléimneacht fheabhsaithe sa bhonneagar iompair. Mar shampla, sa togra maidir le hathbhreithniú ar rialachán TEN-T (1) agus sa teachtaireacht maidir leis an gcreat nua don tsoghluaisteacht uirbeach (2), áirítear forálacha a bhaineann le seirbhísí CCI a imlonnú amhail soláthar faisnéise sábháilteachta agus forbairt soghluaisteachta uirbí. |
2.6. |
Beidh an Treoir maidir le CCI ina gné thábhachtach de chur chun feidhme spáis choitinn Eorpaigh do shonraí soghluaisteachta, atá ar cheann de na spásanna sonraí atá beartaithe d’earnálacha straitéiseacha faoi straitéis na hEorpa maidir le sonraí. |
2.7. |
Leasaítear leis an togra an Treoir maidir le CCI trí raon feidhme na Treorach a leathnú chun infhaighteacht sonraí agus imlonnú seirbhísí CCI a chumhdach ann. Rinneadh athstruchtúrú ar na réimsí gníomhaíochta tosaíochta ionas gur fearr is féidir leo comhfhreagairt do na cineálacha éagsúla de sheirbhísí CCI.
|
3. Barúlacha ginearálta
3.1. |
Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún, atá go hiomlán i gcomhréir leis na moltaí a rinne CESE sa tuairim uaidh maidir le Córais Chliste Iompair Chomhoibritheacha (3). Is léir do CESE go bhfuil breisluach ag baint leis an gcóras nuashonraithe CCI atá á mholadh anois ag an gCoimisiún, ó thaobh slándáil fheabhsaithe agus sábháilteacht fheabhsaithe de, chomh maith le héifeachtúlacht fheabhsaithe, ní hamháin maidir le sreafaí tráchta feabhsaithe agus níos sábháilte ach freisin mar fheidhm tacaíochta don lóistíocht éifeachtúil. |
3.2. |
Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE freisin raon feidhme níos leithne na faisnéise a bheidh le soláthar agus go mbeidh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit oibriú le chéile. Is mór aige go háirithe raon feidhme leathnaithe na bhforálacha maidir le malartú faisnéise i ndáil le hiompar lastais agus an fhaisnéis a leathnú d’fhonn soghluaisteacht chomhoibríoch, nasctha agus uathoibrithe a chumhdach. |
3.3. |
Glacann CESE leis go gcumhdóidh an córas faisnéise atá beartaithe cumarsáid idir feithiclí, mar a d’iarr sé cheana sa tuairim uaidh maidir le straitéis Eorpach maidir le Córais Chliste Iompair Chomhoibritheacha. Tá CESE ag meabhrú rannchuidiú mór na cumarsáide idir feithiclí chun timpistí bóthair a chosc. |
3.4. |
Tá CESE ag súil leis go mbeidh breisluach ag baint leis an gcóras uasghrádaithe chun faisnéis a mhalartú atá beartaithe ó thaobh éifeachtúlacht fheabhsaithe in iompar paisinéirí agus lastais araon de agus gur féidir coinsíneacht a rianú go héasca amach anseo, toisc go seolfar an fhaisnéis ábhartha chuig na páirtithe leasmhara feasta freisin. |
3.5. |
Tugann sé dá aire go bhfuil an fhaisnéis atá le malartú ag an gcéim seo caighdeánaithe den chuid is mó agus, dá bhrí sin, tá sé ag athdhearbhú a bharúla nach mór scóip leordhóthanach a bheith ann chun teacht ar réitigh áitiúla agus ar réitigh a bhaineann go sonrach le cuideachtaí, i gcás údar cuí a bheith leo agus iad a bheith comhréireach, agus na tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu ar an margadh inmheánach á gcur san áireamh. Tá CESE den tuairim nach mbeidh deacracht ag baint leis sin a fhad is a chomhlíonfaidh an t-eolas a chuirfear isteach sa chóras atá beartaithe na caighdeáin atá leagtha síos. |
3.6. |
Tugann CESE dá aire nach mór tabhairt faoi CCI a imlonnú i gcomhthéacs leathan sochaíoch agus nach gá go mbeadh córas iompair atá neamhdhíobhálach don aeráid mar thoradh air. D’fhéadfadh sé go mbeadh digiteáil na modhanna iompair (e.g. soghluaisteacht uathoibrithe i gcarr) fritorthúil inti féin ó thaobh an bheartais comhshaoil de. Ba cheart CCI a fhorbairt, a chur chun cinn agus a úsáid sa chaoi is go bhforbrófaí breisluach atá neamhdhíobhálach don aeráid. |
3.7. |
Tá sé tábhachtach don tsoghluaisteacht inbhuanaithe córas iompair phoiblí éifeachtúil a bheith ann mar chuid de sheirbhísí a bhfuil leas ginearálta (eacnamaíoch) ag baint leo, anuas ar an rothaíocht agus an siúl. Tá CESE i bhfách le CCI a chur chun cinn chun an t-iompar poiblí a neartú agus a chomhlánú. |
3.8. |
Tá CESE á chur i bhfios go bhféadfadh sé nach mbeadh dearcadh atá dírithe go hiomlán ar an teicneolaíocht i dtaca le forbairt CCI ina chuidiú chun na spriocanna agus na torthaí inmhianaithe a bhaint amach, mar shampla, scéimeanna comhroinnte carranna i gceantair uirbeacha ina bhfuil córais iompair phoiblí atá dea-fhorbartha cheana féin. D’fhéadfadh sé nach mbeadh an tiomáint uathoibrithe i gcarr ina réiteach réamhbhreathnaitheach do chathracha ach oiread, go háirithe i gcás plódú tráchta agus gannchúis spáis phoiblí. Measann CESE, dá bhrí sin, go dtiocfaidh na tairbhí is mó as na nuálaíochtaí tábhachtacha sa tsoghluaisteacht, amhail leictriú, uathoibriú agus comhroinnt, má dhéantar iad a dhearadh agus a chur chun feidhme agus na riachtanais shochaíocha á gcur san áireamh, amhail gnéithe inrochtaineachta, éifeachtúlachta agus seirbhíse poiblí. |
3.9. |
Léiríodh i gcomhairliúcháin le geallsealbhóirí go raibh go leor ábhar imní acu maidir le cumhdach críochach. Is oth le CESE nach dtugtar aghaidh sa togra ar fhorbairt CCI chun freastal ar riachtanais na gceantar tuaithe mar shaincheist ar leith i dteannta le forbairt na gCóras sin i gceantair uirbeacha. Tá CESE á mholadh go dtabharfadh an Coimisiún aird ar leith ar na córais CCI a leathnú chuig ceantair thuaithe, ós rud é go mbraitheann saol na tuaithe go mór ar infhaighteacht seirbhísí poiblí agus bonneagar ar ardchaighdeán. Luaitear i dteachtaireacht ar leith ón gCoimisiún A long-term vision for EU: Rural Areas (4) [Fís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais Eorpaigh] freisin go bhfuil na seirbhísí bunúsacha agus an bonneagar atá de dhíth orthu i limistéir thuaithe ríthábhachtach don chuimsiú sóisialta agus eacnamaíoch. Ba cheart, dá bhrí sin, go mb’ábhar imní ar leibhéal an Aontais Eorpaigh go mbeadh limistéir thuaithe in ann leas a bhaint as réitigh CCI. |
3.10. |
D’fhéadfadh tábhacht ar leith a bheith ag baint leis sin i ndáil le húsáid éifeachtúil a bhaint as acmhainneacht iompair i limistéir thuaithe. Ní hamháin gur féidir an damáiste a dhéanann an t-iompar a thabhairt faoi deara de thoradh astaíochtaí ach tá sin le sonrú ar úsáid acmhainní iompair freisin. Tá CESE á mholadh don Choimisiún machnamh a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, ar ghníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar chomhroinnt na n-acmhainní le tacaíocht ó CCI. Ba chearta a áireamh leis sin comhthiomsú cliste riachtanas soghluaisteachta a fhaigheann tacaíocht dhigiteach chomh maith le hacmhainneacht bhreise a chomhroinnt (comhroinnt carranna), rud a bhfuil gá ar leith leis i gceantair thuaithe ina bhfuil an acmhainneacht iompair atá ar fáil ag éirí níos teoranta agus áit ar deacra ná riamh acmhainneacht nua a chruthú de bharr achar. Le córais chliste den sórt sin, ba cheart é a bheith indéanta faisnéis a chomhroinnt maidir le húsáid feithicle agus deis a bheith ann paisinéirí nó earraí breise a iompar tríd an gcóras atá ann cheana. |
3.11. |
Is díol sásaimh do CESE go rannchuideoidh an togra, chomh maith le líon na bhfeithiclí atá saor ó astaíochtaí a leathadh go mór, le hiompar níos inbhuanaithe trí sheirbhísí comhroinnte soghluaisteachta, as a dtiocfaidh linn an sprioc maidir le glan-astaíochtaí nialasacha a bhaint amach faoi 2050. Trí thrácht ar bhóithre a dhéanamh níos rianúla agus tranglaim tráchta a laghdú, táimid ag cur lenár spriocanna comhshaoil ar go leor bealaí. |
3.12. |
Is díol sásaimh do CESE go bhféadfadh neartú an chórais CCI mar atá á mholadh anois a bheith ina chéad chéim i dtreo spás coiteann Eorpach do shonraí soghluaisteachta, lena gcruthófaí breisluach suntasach ó thaobh éifeachtúlacht fheabhsaithe de. |
3.13. |
Dá gcruthófaí limistéar den sórt sin, d’éascófaí soláthar seirbhísí soghluaisteachta d’iompar paisinéirí agus lastais agus d’fhéadfaí feabhas a chur ar na dálaí oibre i dtionscal an iompair freisin. |
3.14. |
Is díol sásaimh do CESE CCI a bheith beartaithe don pháirceáil shábháilte do thiománaithe gairmiúla ar an líonra mótarbhealaí tras-Eorpach. Is féidir le feidhmchláir theileamaitice le haghaidh páirceáil shábháilte feabhas suntasach a chur ar chomhlíonadh tréimhsí tiomána agus scíthe. Cuireann CESE in iúl, áfach, gurb é an fhadhb bhunúsach atá ann do chuideachtaí agus do thiománaithe gairmiúla araon an bonneagar neamhleordhóthanach i limistéir scíthe mótarbhealaí, rud a fhágann go mbíonn plódú iontu san oíche dá bharr. Ní mór forbairt bonneagair a bheith fite fuaite le seirbhísí atá bunaithe ar CCI (e.g. páirceáil in áirithe). |
3.15. |
I ndáil leis sin, tá CESE ag cur chun suntais a thábhachtaí atá sé muinín a chothú agus nár cheart go gcuirfeadh aon oibleagáid maidir le faisnéis a sholáthar isteach ar rúndacht ghnó, ar phríobháideachas ná ar chosaint sonraí. |
3.16. |
Maidir le ceart an Choimisiúin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun oibleagáidí sonracha faisnéise a thabhairt cothrom le dáta, tugann CESE dá aire go bhfuil gá le cothroime iomaíochta agus i leith na bpáirtithe uile atá rannpháirteach i malartú sonraí. Tacaíonn CESE le raon feidhme leathnaithe na Treorach maidir le CCI agus leis an mbreisluach a ghabhann léi. Tugann CESE dá aire freisin go bhfuil fadhbanna muiníne ann maidir le comhroinnt sonraí agus gur gá creat rialachais spásanna sonraí Eorpacha a bhunú, go háirithe i réimsí straitéiseacha amhail soghluaisteacht, mar atá leagtha amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún Straitéis na hEorpa maidir le sonraí (5). |
3.17. |
Ba mhian le CESE a chur in iúl freisin go bhfuil sé tábhachtach go n-úsáidfí an fhaisnéis sa chóras chun críocha CCI amháin agus ní chun críoch eile. Tá CESE ag athdhearbhú a thábhachtaí atá príobháideacht éifeachtach agus cosaint sonraí a fhad a bhaineann le CCI a úsáid. Mar sin féin, ní thugtar cosaint leordhóthanach leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí nuair a úsáidtear teicneolaíochtaí (e.g. patrúin soghluaisteachta sonraí feithiclí, aghaidh-aithint, etc.) lena gceadaítear teacht ar chonclúidí maidir le daoine aonair nó chun leithcheal a dhéanamh orthu trí úsáid a bhaint as algartaim idirdhealaitheacha fiú. Ní mór cead cainte agus crosadh a bheith ag oibrithe, a n-ionadaithe agus na ceardchumainn maidir le húsáid sonraí pearsanta san ionad oibre. Tá CESE ag cur i bhfios go láidir nach ceart a áireamh in Airteagal 10 den togra (forálacha maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas) an riosca sin a d’fhéadfadh a bheith ann. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin chun an mhuinín sa chóras agus an glacadh sa tsochaí i gcoitinne a neartú. |
3.18. |
Tugann CESE dá aire nach mór do thomhaltóirí smacht a bheith acu ar na sonraí atá á gcomhroinnt, mar atá ar a sonraí pearsanta nuair a dhéanann siad seirbhísí nó ticéid a chur in áirithe, agus ar na sonraí a sheoltar óna gcarranna chuig soláthraithe seirbhíse nó chuig bonneagar. I ngach cás, ní mór áit lárnach a bheith ag na tomhaltóirí agus ní mór a gcuid sonraí a chosaint, i gcomhréir iomlán leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). |
3.19. |
Ní mór rochtain ar shonraí laistigh den fheithicil a rialáil ar deireadh ar mhaithe le cosaint sonraí agus cosaint tomhaltóirí, agus ar mhaithe le hiomaíocht chóir. Má fhágtar sonraí laistigh den fheithicil i lámha monaróirí gluaisteán, tiocfaidh monaplachtaí agus suíomhanna ceannasacha ar an margadh chun cinn agus tiocfaidh riosca mí-úsáide as sin. Le fada an lá, táthar ag iarraidh ar an gCoimisiún togra rialála a thíolacadh agus cé go bhfuil comharthaí dearfacha tugtha aige ina leith sin, mar shampla sa straitéis sonraí thuasluaite, níl aon bhearta déanta aige go dtí seo chun togra den chineál sin a thíolacadh. Déanann an mhoill sin dochar nach beag do leasanna tomhaltóirí agus do chumas tomhaltóirí a sonraí féin a rialú agus roghanna malartacha eolasacha a dhéanamh. |
3.20. |
Is féidir leis an digiteáil laghdú a dhéanamh ar an easpa cuimsithe a dhéanann difear do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ina saol laethúil. I ndáil leis sin, ba cheart ceanglais inrochtaineachta fhollasacha faoi Threoir (AE) 2019/882 a áireamh mar chuspóir cláir sa treoir seo do gach earnáil CCI. Ní leor an tsaincheist sin a lua in aithris ina dtugtar le fios go bhfuil súil in airde le gnéithe inrochtaineachta a fhorbairt do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe i gcás seirbhísí ilmhódacha digiteacha. |
3.21. |
Cuirtear fáilte roimh mhalartú agus infhaighteacht na sonraí atá beartaithe maidir le bóithre agus mótarbhealaí (toirmisc tiomána, teorainneacha luais, sonraí fíor-ama maidir le dúnadh bóithre, oibreacha bóthair, etc.) in Iarscríbhinn III. Ón taobh sin de, mholfadh CESE forbairt córas cliste bainistithe tráchta lenar féidir trácht (idirthurais) iompair de bhóthar ar mhótarbhealaí a chothromú ó thaobh ama de agus ar an gcaoi sin sábháilteacht agus éascaíocht tráchta a áirithiú. |
3.22. |
I dtaca leis sin, tugann CESE dá aire go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún ionchur a iarraidh ó Ghrúpa Comhairleach Eorpach um CCI mar chuid den obair atá ar siúl aige chun liosta na faisnéise éigeantaí a nuashonrú. Sa chás sin, tá CESE ag athdhearbhú na tairisceana a leag sé amach sa tuairim thuasluaite chun cabhrú leis an gCoimisiún ós nasc atá sa Choiste leis an tsochaí shibhialta. |
An Bhruiséil, 23 Márta 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013.
(2) COM(2021) 1811.
(3) IO C 288, 31.8.2017, lch. 85 agus COM(2016) 766.
(4) A long-term Vision for the EU’s Rural Areas – Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040 – COM(2021) 345 [Fís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais Eorpaigh – I dtreo ceantair thuaithe níos láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla faoi 2040 – COM(2021) 345].
(5) COM(2020) 66.
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290/131 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa Straitéis Ithreach nua an Aontais Eorpaigh do 2030 maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Reaping the benefits of healthy soils for people, food, nature and climate [Leas a bhaint as ithreacha sláintiúla do dhaoine, do bhia, don dúlra agus don aeráid]
(COM(2021) 699 final)
(2022/C 290/21)
Rapóirtéir: |
Arnaud SCHWARTZ |
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 20.12.2021 |
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
An rannóg atá freagrach |
Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol |
Dáta a glactha sa rannóg |
8.3.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
23.3.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
568 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
169/0/5 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le Straitéis Ithreach do 2030. Ba mhian leis an gCoiste go gcuirfí é ar an eolas go rialta agus tá sé tiomanta cur go gníomhach le hullmhú an togra maidir le cosaint ithreach. |
1.2. |
Is éard atá san ithir sócmhainn eacnamaíoch agus chomhshaoil straitéiseach atá i mbaol. Ní mór creat spriocanna, clár agus rialachán a ullmhú maidir léi. Áitíonn CESE ar an gCoimisiún creat dlíthiúil Eorpach a chur chun cinn a bheadh éifeachtach chun an díghrádú ithreach a chosc, chun tacú le cláir um athbhunú ithreach agus chun an treochlár a shocrú i dtreo stádas maith sláinte ithreach. Iarrann an Coiste freisin go ndéanfaí acmhainní a leithdháileadh de réir mar is gá ón mbuiséad Eorpach chun an Straitéis Ithreach a chur chun feidhme. |
1.3. |
Tá sé á fhoráil ag an gCoimisiún go nglacfaí dlí maidir le sláinte ithreach chun an straitéis a chur chun feidhme. Molann CESE, áfach, an measúnú tionchair atá beartaithe a dhéanamh i dtús báire agus cinneadh a dhéanamh maidir leis na hionstraimí is iomchuí ina dhiaidh sin. Molann CESE freisin go gcuirfeadh an creat leis na prionsabail seo a leanas, d’fhonn cothroime iomaíochta a áirithiú do na geallsealbhóirí uile atá ag feidhmiú sna hearnálacha eacnamaíocha a bhaineann leis an ithir agus lena húsáid:
|
1.4. |
Molann an Coiste go mbeadh an plé a dhéanfar ar ábhar an tionscnaimh reachtaigh chomh ginearálta agus is féidir agus go nglacfadh na gníomhaithe eacnamaíocha agus sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta páirt ann. Ar an gcúis sin, iarrann an Coiste ar an gCoimisiún togra a thíolacadh a luaithe is féidir, chun go mbeidh go leor ama ann chun an téacs a phlé roimh vótáil a dhéanamh air le linn an téarma oifige reatha. |
1.5. |
Leagann an Coiste béim ar an ngá atá ann aghaidh a thabhairt ar gach gné den díghrádú ithreach, agus aird ar leith á tabhairt ar na hábhair a bhaineann le héilliú ithreach, le tógáil talún d’fhorbairtí uirbeacha agus don bhonneagar uirbeach agus le hídiú ábhair orgánaigh in ithreacha talmhaíochta, toisc tionchar thar a bheith mór, tionchar nach bhféadfaí dul siar air, b”fhéidir, a bheith ag na feiniméin sin ar shláinte na hithreach agus ar an gcumas atá inti eicisheirbhísí a sholáthar. |
1.6. |
Tá éagsúlacht mhór freisin in ithreacha na hEorpa. Tugtar faoi deara go mbaineann an éagsúlacht sin leis an aeráid, an gheolaíocht agus an talamhúsáid. Tá éagsúlacht ann freisin a mhéid a bhaineann le cineál agus déine na mbagairtí a mbíonn na hithreacha neamhchosanta orthu agus, dá bhrí sin, is gá na beartais a fhorbraítear chun an díghrádú ithreach a chosc a chur in oiriúint do chomhthéacsanna geografacha agus cultúrtha éagsúla. An reachtaíocht atá i bhfeidhm sna Ballstáit maidir le cosaint ithreach, is reachtaíocht ilchineálach agus ilroinnte í, agus ní thugtar aghaidh ar roinnt mhaith bagairtí ithreach i gcreataí beartais agus reachtacha roinnt Ballstát. |
1.7. |
Cuireann an Coiste in iúl freisin an géarghá atá ann aghaidh a thabhairt ar na tionchair a bhíonn ag daoine, i ngeall ar an athrú aeráide, ar ithreacha. Dá bhrí sin, molann an Coiste go láidir go gcuirfí san áireamh i Straitéis nua Ithreach an Aontais gníomhaíochtaí chun dul i ngleic le creimeadh agus fású a bhaineann le tuilte foircneacha, triomach agus tinte. |
1.8. |
Cuireann an Coiste in iúl gur cúis mhór imní dó an tógáil talún a tharlaíonn de bharr próisis uirbithe a mbíonn tionchar acu, i bhformhór mór na gcásanna, ar ithreacha torthúla machairí agus limistéar cósta. Ní mór dreasachtaí a bheith ag gabháil leis an sprioc “glantógáil nialasach talún” atá le baint amach faoi 2050 chun go spreagfar láithreáin tréigthe a athúsáid agus dromchlaí neamhscagtha nach bhfuil in úsáid a athchóiriú. |
1.9. |
Measann an Coiste gur tosaíocht é táirgiúlacht éiceolaíoch ithreacha na hEorpa a chosaint, agus, ar an gcaoi sin, an lorg éiceolaíoch a bhaineann le héileamh an Aontais ar thríú tíortha a laghdú. Measann sé gur tosaíocht gan sárú é na tionscnaimh le haghaidh ráthaíochtaí “gan dífhoraoisiú” sa trádáil idirnáisiúnta a thabhairt chun críche. |
2. Cúlra
2.1. |
An 20 Bealtaine 2020, d’fhoilsigh an Coimisiún an togra le haghaidh Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030. Cuirtear in iúl sa teachtaireacht sin gur acmhainn fhíor-thábhachtach neamh-inathnuaite í an ithir, atá ríthábhachtach do shláinte an duine agus don tsláinte eacnamaíoch, chomh maith le táirgeadh bia agus cógas nua (1) agus leagtar béim inti ar an ngá atá ann dul i ngleic le tógáil talún agus le héiceachórais ithreach a athbhunú. Fógraítear inti tiomantas an Choimisiúin an Straitéis Théamach Ithreach a thabhairt cothrom le dáta in 2021 agus misean a eagrú i réimse na sláinte ithreach agus an bhia faoin gclár Fís Eorpach d’fhonn réitigh a fhorbairt chun sláinte agus feidhmeanna na hithreach a athbhunú. |
2.2. |
An 28 Aibreán 2021, ghlac Parlaimint na hEorpa rún maidir le cosaint ithreach, inar leagadh béim ar an ngá atá le hithreacha na hEorpa a chosaint, a bhainistiú go hinbhuanaithe agus a athbhunú chun a ról ilfheidhmiúil, agus a n-acmhainn maidir le tacú le táirgeadh bia fholláin agus amhábhar, a chaomhnú, agus chun iliomad eicisheirbhísí a chur ar fáil don tsochaí. Tugann an rún chun suntais go bhfuil ithreacha sláintiúla ríthábhachtach chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, lena n-áirítear an aeráidneodracht agus athbhunú na bithéagsúlachta. Déantar gearán sa rún freisin faoin easpa cothroime iomaíochta idir na Ballstáit maidir lena gcórais éagsúla cosanta ithreach, agus iarrtar ann ar an gCoimisiún creat coiteann dlí a bhunú ar fud an Aontais, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú go hiomlán, chun ithir a chosaint agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe. |
2.3. |
An 9 Meitheamh 2021, chuir Parlaimint na hEorpa in iúl gur dhíol sásaimh di Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais atá beartaithe do 2030, trí rún ina bhfuil beagnach 200 moladh a fhormheas ina leagtar béim mhór ar an ról lárnach atá ag an mbithéagsúlacht ithreach. Áitíonn Parlaimint na hEorpa arís ar an gCoimisiún togra a thíolacadh maidir le creat coiteann dlí a bhunú chun an ithir a chosaint agus chun an chosaint sin a chomhtháthú go héifeachtach i mbeartais ábhartha uile an Aontais. Sa rún uaithi, meabhraíonn Parlaimint na hEorpa freisin go bhfuil an tAontas tiomanta don neodracht ó thaobh díghrádú talún a bhaint amach faoi 2030, ach nach dócha go mbainfear an sprioc sin amach, mar a tugadh le fios i dtuarascáil speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) (2). |
2.4. |
An 17 Samhain 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún, mar chuid de Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais, an togra maidir le Straitéis Ithreach an Aontais dar teideal “Leas a bhaint as ithreacha sláintiúla do dhaoine, do bhia, don dúlra agus don aeráid”. |
2.5. |
Leis an teachtaireacht ón gCoimisiún, déantar uasghrádú ar an Straitéis Ithreach a bhí ann roimhe seo, i gcomhréir le misean straitéiseach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, chun dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide agus an ghéarchéim bhithéagsúlachta agus chun uaillmhian a chur chun cinn san Aontas ar mhaithe le gníomhaíocht i réimse na hithreach. |
2.6. |
Is é is aidhm don straitéis rannchuidiú go cinntitheach le roinnt mhaith cuspóirí de chuid an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, e.g. dul i ngleic leis an bhfású agus talamh agus ithir dhíghrádaithe a athshlánú, agus iarracht a dhéanamh domhan atá neodrach ó thaobh díghrádú talún a bhaint amach faoi 2030 (Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDG) 15.3); rannchuidiú le gáis ceaptha teasa (GCTanna) a bhaint; dea-stádas éiceolaíoch agus ceimiceach a bhaint amach in uiscí dromchla agus screamhuiscí faoi 2027; caillteanais cothaitheach a laghdú faoi 50 % agus laghdú 50 % a dhéanamh ar úsáid fhoriomlán lotnaidicídí agus ar rioscaí a bhaineann le lotnaidicídí faoi 2030; truailliú ithreach a laghdú go leibhéil a mheastar nach bhfuil díobhálach a thuilleadh do shláinte an duine agus d’éiceachórais nádúrtha, agus, ar an gcaoi sin, timpeallacht atá saor ó thocsainí a chruthú faoi 2050; glantógáil nialasach talún a bhaint amach faoi 2050 (3). |
2.7. |
Leagtar amach sa straitéis sainmhíniú ar “ithir shláintiúil”, is é sin ithir atá i ndea-bhail cheimiceach, bhitheolaíoch agus fhisiceach agus atá, dá bhrí sin, in ann a oiread agus is féidir de na heicisheirbhísí a bhfuiltear ag súil leo a sholáthar go leanúnach, amhail bia agus bithmhais a sholáthar, stóráil agus scagadh uisce, timthriall salainn mianra, tacú leis an saol agus leis an mbithéagsúlacht, stóráil carbóin, agus tacú le gníomhaíochtaí daonna, tírdhreacha agus an oidhreacht chultúrtha. Tá an sainmhíniú sin comhsheasmhach leis an sainmhíniú arna sholáthar ag eagraíochtaí na Náisiún Aontaithe (4). San fhís a léirítear sa straitéis, tá dea-shláinte ithreach le baint amach faoi 2050, trí ghealltanais maidir le húsáid inbhuanaithe talún agus iarrachtaí maidir le hathbhunú: mheas an Coimisiún Eorpach go bhfuil idir 60 % agus 70 % d’ithreacha an Aontais míshláintiúil faoi láthair mar thoradh díreach ar chleachtais bhainistíochta reatha (5) agus difríochtaí móra idir tíortha éagsúla; mar sin féin, is sprioc indéanta agus riachtanach í an sprioc maidir le 75 % d’ithreacha a bheith sláintiúil faoi 2030 trí athrú radacach a dhéanamh ar na cleachtais bhainistíochta talún atá ann faoi láthair (6). |
2.8. |
Is é is aidhm don straitéis an leibhéal céanna cosanta a áirithiú don ithir agus atá ann don uisce agus don aer, chun an easpa reachtaíochta maidir le hithir ar leibhéal an Aontais a shárú. Dá bhrí sin, fógraítear inti go ndréachtófar Dlí maidir le Sláinte Ithreach faoi 2023, tar éis measúnú tionchair, seiceáil coimhdeachta agus comhairliúchán leis na geallsealbhóirí agus na Ballstáit. Leis an Dlí nua maidir le Sláinte Ithreach, ba cheart aghaidh a thabhairt ar thionchair thrasteorann an díghrádaithe ithreach agus ba cheart comhleanúnachas beartas a áirithiú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun spriocanna na straitéise a bhaint amach. |
2.9. |
Leis an straitéis, cuimsítear meascán de bhearta nua atá deonach agus ceangailteach ó thaobh an dlí de, a dhéanfar a fhorbairt agus an choimhdeacht á hurramú go hiomlán agus a chuirfidh leis na beartais náisiúnta atá ann cheana maidir leis an ithir atá ceaptha an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
2.10. |
Ina thuairim NAT/713 a eisíodh in 2017 dar teideal “Úsáid talún do tháirgeadh bia inbhuanaithe agus seirbhísí éiceachórais” (níl leagan Gaeilge ann), d’aithin CESE a ríthábhachtaí atá sé go mbeadh creat beartais AE nuashonraithe ann a mhéid a bhaineann leis an ithir a chosaint agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe, go háirithe an ithir thalmhaíochta, mar aon le sainmhíniú ar stádas maith ithreach agus téarmaíocht aonfhoirmeach a leagan síos agus critéir chomhchuibhithe a bheith ann chun faireachán a dhéanamh. Ina theannta sin, d’iarr sé go ndéanfaí prionsabail an bhainistithe inbhuanaithe ithreach a ionchorprú i mbearta beartais an Aontais. |
3. Barúlacha ginearálta
3.1. |
Is díol sásaimh don Choiste an togra ón gCoimisiún maidir le Straitéis Eorpach Ithreach do 2030, atá fréamhaithe go láidir i gcreat an Chomhaontaithe Ghlais agus san fhís a ghabhann leis maidir le deis a dhéanamh as na bagairtí a bhaineann leis an athrú aeráide, cailliúint bithéagsúlachta agus díghrádú an chomhshaoil d’fhonn an tAontas a iompú ina gheilleagar atá nua-aimseartha, tíosach ar acmhainní agus iomaíoch. |
3.2. |
Aithníonn an Coiste an ról straitéiseach atá ag ithreacha sláintiúla. Tá ithreacha sláintiúla, i gcoitinne agus i ngeall ar a n-éagsúlacht, ar cheann de na sócmhainní nádúrtha is tábhachtaí ar féidir leis na saoránaigh brath orthu chun a bhfolláine agus a slándáil a áirithiú. |
3.3. |
Is eol don Choiste gur acmhainn uathúil theoranta í an ithir, atá faoi bhagairt ag an iliomad brúnna. D’fhéadfadh an díghrádú ithreach agus an chailliúint torthúlachta a ghabhann leis cur le lorg éiceolaíoch an Aontais ar ithreacha an domhain, rud a d’fhágfadh go mbeadh an tAontas ag brath níos mó ar allmhairí bia agus amhábhar neamhbhia ó thríú tíortha, ar tíortha iad ina mbíonn, mar thoradh ar shaothrú míchuí, próisis díghrádaithe talún a bhaineann le dífhoraoisiú agus le hastaíochtaí GCTanna. |
3.4. |
Leagann an Coiste béim ar an ngéarghá atá ann na tionscnaimh maidir le ráthaíochtaí “gan dífhoraoisiú” a thabhairt chun críche i réimse na trádála le tríú tíortha. Measann sé gur tosaíocht é tionchar an éilimh inmheánaigh a laghdú trí tháirgiúlacht fhadtéarmach éiceolaíoch ithreacha na hEorpa a chosaint agus a athbhunú, rud atá ar aon dul leis an dúshlán a bhaineann le geilleagar ciorclach atá tíosach ar acmhainní a chruthú. Trí úsáid níos inbhuanaithe a bhaint as an ithir, bunaithe ar phrionsabail na hagrai-éiceolaíochta, is féidir difear mór a dhéanamh ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal domhanda chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais agus SDGanna Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe a bhaint amach. |
3.5. |
Ní mór deireadh a chur leis an gcoincheap simplithe nach bhfuil san ithir ach ardán do lonnaíochtaí agus gníomhaíochtaí: ós rud é gur córas casta bitheach í an ithir, córas a mbíonn eicisheirbhísí agus earraí riachtanacha ag brath air, tá gá le rialachas cuí chun í a bhainistiú, lena n-áirítear an bainistiú a dhéanann úinéirí talún agus úsáideoirí, freagracht na riarthóirí áitiúla, agus ról na rialtas náisiúnta. Tá gá le ceannaireacht Eorpach, ós rud é go bhfuil dlúthbhaint ag na dúshláin a bhaineann le slándáil bia, stóráil uisce, caomhnú na bithéagsúlachta agus an fhreagairt don athrú aeráide le dea-bhainistiú ithreach. |
3.6. |
Leagann an Coiste béim ar a riachtanaí atá sé go mbainfí leas sa Straitéis Ithreach as modhanna agus uirlisí cothroma, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, chun ithreacha a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe: ní mór cúraimí agus freagrachtaí cuí a thabhairt do gach leibhéal rialtais a dhéanann talamh a bhainistiú, agus acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil chun cistí a leithdháileadh; ní mór aird ar leith a thabhairt ar thacaíocht a thabhairt do phobail bheaga tuaithe. Iarrann an Coiste freisin go ndéanfaí saoránaigh, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ceardchumainn agus gnólachtaí a chuimsiú ar dhóigh níos fearr agus go roinnfí freagrachtaí agus acmhainní chun an sprioc maidir le díghrádú ithreach a chomhrac a bhaint amach. |
3.7. |
Tá sé á fhoráil ag an gCoimisiún go nglacfaí dlí maidir le sláinte ithreach chun an straitéis a chur chun feidhme. Molann CESE, áfach, an measúnú tionchair atá beartaithe a dhéanamh i dtús báire agus cinneadh a dhéanamh maidir leis na hionstraimí is iomchuí ina dhiaidh sin. Molann CESE freisin go gcuirfeadh an creat leis na prionsabail seo a leanas, d’fhonn cothroime iomaíochta a áirithiú do na geallsealbhóirí uile atá ag feidhmiú sna hearnálacha eacnamaíocha a bhaineann leis an ithir agus lena húsáid:
|
3.8. |
Ní mór don togra nua maidir le cosaint ithreach sineirgí a chruthú leis an reachtaíocht maidir leis an aeráid, an t-uisce, an t-aer agus an bhithéagsúlacht, agus leis an gComhbheartas Talmhaíochta chomh maith. Iarrann an Coiste ar an gCoimisiún an creat a chur i láthair chun go bhféadfar plé níos leithne a dhéanamh ar a bhfuil ann leis na geallsealbhóirí éagsúla, sula dtíolacfar é lena fhormheas go críochnaitheach le linn an téarma oifige reatha. |
4. Barúlacha sonracha
4.1. |
I measc na gcineálacha díghrádaithe ithreach, is cinnte go bhfuil an tógáil talún a bhaineann le próisis uirbithe ar cheann de na cinn is déine agus is deacra a aisiompú: idir 2012 agus 2018, tharla an tógáil talún sna 28 mBallstát ar ráta 539 km2 in aghaidh na bliana. Talamh talmhaíochta a bhí i 78 % den talamh a tógadh agus níor baineadh úsáid as talamh athchursáilte ach i gcás 13 % d’fhorbairtí uirbeacha (7). Creideann an Coiste nach mór spriocanna idirmheánacha agus réalaíocha níos giorra a bheith ag gabháil leis an sprioc maidir le “glantógáil nialasach talún” a bhaint amach faoi 2050, agus nach mór tacú leis an sprioc sin trí dhreasachtaí chun athúsáid lonnaíochtaí tréigthe a spreagadh agus dromchla séalaithe nach bhfuil in úsáid a athbhunú. Ba cheart forbairtí déimeagrafacha éagsúla sna Ballstáit agus sna réigiúin a chur san áireamh sna spriocanna chun an tógáil talún a laghdú don fhorbairt uirbeach agus don bhonneagar uirbeach, rud is féidir a dhéanamh. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chosaint agus athbhunú na críche cósta, go háirithe cósta na Meánmhara, a ndearnadh próisis fhairsinge uirbithe uirthi, rud a dhéanann dochar suntasach don bhithéagsúlacht chósta agus don turasóireacht. |
4.2. |
Tá ithreacha éiceachóras nádúrtha, ar ithreacha iad nár cuireadh isteach orthu, ina bpríomhfhoinse tacaíochta don bhithéagsúlacht agus ina dtaiscumar carbóin nádúrtha nach mór a stádas a chaomhnú. Ar an gcúis sin, creideann an Coiste nach mór tosaíocht a thabhairt sa Straitéis Ithreach do chosaint ithreacha den sórt sin, agus dá bhfásra gaolmhar, trí shláine na n-ithreacha sin a chothabháil agus trí thacú lena mbainistiú bunaithe ar fheirmeoireacht nó saothrú iomchuí. |
4.3. |
Ba cheart tacaíocht shonrach a thabhairt ar mhaithe le féaraigh bhuana agus féarthailte buana a choinneáil, ós rud é go bhféadfaí na hithreacha atá ar mhórán carbóin a chaomhnú má bhainistítear iad go cuí trí fheirmeoireacht inbhuanaithe. |
4.4. |
Is é an t-ábhar orgánach san ithir an chuid sin di lena rialaítear cumas na hithreach tacú le hardleibhéal bithéagsúlachta agus eicisheirbhísí a bhaineann lena torthúlacht a sholáthar. Déanann sé carbón a thógtar as an atmaisféar a stóráil chomh maith. Cúis mhór imní is ea an meath ar ábhar orgánach in ithreacha na hEorpa, go príomha mar gheall ar chailliúint torthúlachta agus ar an mbaol go mbeadh ann d’fhású, ach freisin i ngeall ar na hastaíochtaí GCTanna a eascraíonn as sin: ríomhadh go bhfuil na hastaíochtaí sin cothrom le 170 milliún tona de CO2 in aghaidh na bliana (8), nó níos mó ná 4 % d’astaíochtaí GCTanna iomlána na 27 mBallstát, rud a bhaineann den chuid is mó leis an athrú ar thalamhúsáid in ithreacha orgánacha agus móna. Leis an Straitéis Ithreach nua, ba cheart cosaint tailte portaigh agus bogach a áirithiú, agus tacaíocht leordhóthanach a thabhairt d’fheirmeoirí trí chineálacha nua ioncaim a chur ar fáil dóibh chun gur féidir leo cleachtais nua a ghlacadh bunaithe ar choincheap na hagrai-éiceolaíochta, cleachtais a thacaíonn le hábhar orgánach in ithreacha a chothabháil agus a mhéadú. Ba cheart tús áite a thabhairt do scaipeadh eolais a bhaineann le dea-chleachtais agus le bainistiú inbhuanaithe ithreacha talmhaíochta, agus ba cheart an t-eolas sin a dhíriú go háirithe ar fheirmeoirí beaga. |
4.5. |
Chomh maith leis an tábhacht a bhaineann le hábhar orgánach san ithir, leagann CESE béim ar an ngá atá le hídiú nó caillteanas salainn mianra ithreach a sheachaint. Ní mór úsáid leasachán a chur in oiriúint do riachtanais an bhairr, ró-úsáid na leasachán sin a sheachaint agus laghdú 50 % ar sceitheadh nítrigine agus fosfair ó ithreacha a bhaint amach faoi 2030, i gcomhréir le spriocanna na Straitéise “ón bhfeirm go dtí an forc”. |
4.6. |
Tá ithreacha a ndearnadh éilliú tionsclaíoch orthu san am a chuaigh thart nó le déanaí ina mbagairt fós don tsláinte phoiblí agus do riocht cheimiceach na n-acmhainní uisce; d’fhéadfadh ithir éillithe a bheith in 2,8 milliún suíomh san Aontas, agus beidh gá le feabhas a chur ar 390 000 díobh (9). Ba cheart cinntí maidir le conas iad a athbhunú a dhéanamh bunaithe ar chritéir feabhsúcháin inbhuanaithe agus anailísí riosca a bhaineann go sonrach leis an láthair. Tá an Coiste ag súil leis go gcuirfear ar fáil leis an straitéis, bunaithe ar an taithí náisiúnta is forbartha, modhanna agus critéir aonchineálacha chun na nósanna imeachta sin a sheoladh, ionas nach mbeidh aon neamhréireachtaí móra ann idir rialacháin náisiúnta éagsúla. |
4.7. |
Cé gur mór ag an gCoiste go ndírítear sa Straitéis ar an bpríomhchoincheap “ithir shláintiúil” (10), leagann sé béim ar an ngá atá ann córas táscairí éifeachtacha a fhorbairt chun stádas sláinte ithreacha a shainiú gan débhrí in Innéacs Sláinte Ithreach, mar aon leis na spriocanna ginearálta atá le baint amach agus an chaoi a n-aicmítear iad i bhfianaise éagsúlacht na ndálaí ithreach agus aeráide san Eoraip. D’fhonn faireachán a dhéanamh ar ghnóthú na gcuspóirí sin, ní mór uirlisí iontaofa a bheith ar fáil chun an t-innéacs sláinte ithreach a mheas go soiléir ar leibhéal na dáileachta aonair. |
4.8. |
Leagann an Coiste béim ar an ngá atá ann cur le leibhéal na feasachta agus an eolais ar an ithir, faoina héiceolaíocht agus faoina feidhmeanna. Chuige sin, is gá tacú le cláir faisnéise do shaoránaigh agus le cláir oideachais do scoileanna, chomh maith le hoiliúint d’fheirmeoirí agus, go ginearálta, do ghairmithe a oibríonn leis an talamh agus le hithir, i réimsí traidisiúnta nó i réimsí atá ag teacht chun cinn den bhithgheilleagar agus den gheilleagar ciorclach, agus do chinnteoirí áitiúla agus réigiúnacha ar a bhfuil an fhreagracht cinntí a dhéanamh lena n-athraítear an úsáid talún. |
4.9. |
Tá rochtain ar ithir shláintiúil ríthábhachtach d’earnálacha éagsúla eacnamaíocha; níor cheart tionchar a bheith ag impleachtaí eacnamaíocha agus sóisialta na straitéise ar phoist ná ar iomaíochas. Go háirithe, is gá ioncam a chosaint i bpobail tuaithe agus i measc na dteaghlach atá ag brath ar an ithir le maireachtáil. Leis an straitéis, ba cheart a áirithiú go leithdháilfí na costais agus na sochair go cothrom i measc na ngeallsealbhóirí: ba cheart grúpaí agus réigiúin leochaileacha a chosaint, tacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí leorchothaitheacha agus cistí a leithdháileadh ar phobail atá i ngátar. |
An Bhruiséil, 23 Márta 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) An Coimisiún Eorpach, 2020, An Straitéis Bhithéagsúlachta do 2030, https://ec.europa.eu/environment/strategy/biodiversity-strategy-2030_ga
(2) Tuarascáil speisialta Uimh. 33/2018 ó CIE: Combating desertification in the EU: a growing threat in need of more action.
(3) Sa straitéis, tagraítear don ithir mar an córas casta atá gníomhach go bitheolaíoch (peidisféar) a thacaíonn le fásra talún agus atá suite idir an litisféar agus an t-atmaisféar agus a mbíonn teagmháil aige leis an hidrisféar. Ní chuimsíonn sí dríodair mhara agus locha. De réir theachtaireachtaí FAO, is í an ithir an bunús le 95 % de tháirgeadh bia an domhain.
(4) Tá ithreacha sláintiúla mar bhonn le táirgeadh bia shláintiúil, FAO 2015, https://www.fao.org/documents/card/en/c/645883cd-ba28-4b16-a7b8-34babbb3c505/
(5) An Coimisiún Eorpach 2020, Caring for soil is caring for Life [Is ionann aire a thabhairt d’ithir agus aire a thabhairt don bheatha], Tuarascáil ón mBord Misin um Shláinte Ithreach agus Bia https://op.europa.eu/en/web/eu-law-and-publications/publication-detail/-/publication/32d5d312-b689-11ea-bb7ú-01aa75ed71a1.
(6) Ibidem.
(7) EEA (2020), An tógáil talún san Eoraip – Táscmheasúnú, https://www.eea.europa.eu/data-and-maps/indicators/land-take-3/assessment
(8) Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh (2015): Soil threats in Europe: status, methods, drivers and effects on ecosystem services [Bagairtí ar an ithir san Eoraip: stádas, modhanna, tiomántóirí agus an tionchar ar eicisheirbhísí], Tuarascáil theicniúil:https://esdac.jrc.ec.europa.eu/public_path/shared_folder/doc_pub/EUR27607.pdf
(9) Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh (2018): Status of local soil contamination in Europe [Stádas an éillithe ithreach ar an leibhéal áitiúil san Eoraip] https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC107508
(10) Vision and objectives: achieving good soil health by 2050 [Fís agus cuspóirí: dea-shláinte ithreach a bhaint amach faoi 2050], an Coimisiún Eorpach 2021, Straitéis Ithreach an Aontais do 2030 https://ec.europa.eu/environment/publications/eu-soil-strategy-2030_en
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290/137 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: Fís fhadtéarmach do cheantair thuaithe an Aontais
(COM(2021) 345 final)
(2022/C 290/22)
Rapóirtéir: |
Lidija PAVIĆ-ROGOŠIĆ |
Comhrapóirtéir: |
Piroska KÁLLAY |
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 10.8.2021 |
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol |
Dáta a glactha sa rannóg |
9.2.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
23.3.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
568 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
222/1/5 |
1. Conclúidí agus moltaí
Conclúidí
1.1. |
Is díol sásaimh tríd is tríd do CESE fís fhadtéarmach an Choimisiúin Eorpaigh do cheantair thuaithe. Is díol sásaimh freisin iad na tograí le haghaidh Plean Gníomhaíochta, lena n-áirítear Comhshocrú Tuaithe chun gníomhaithe a mhealladh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil chun tacú leis an bhfís, mar aon le tograí le haghaidh Faireachlann Tuaithe agus sásra a bheidh chun leas na tuaithe a bhunú. |
1.2. |
Mar sin féin, ní léir cad iad na himpleachtaí a bheidh ag ceapadh agus ábhar phleananna straitéiseacha nua an Choimisiúin don Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT), agus ag pleananna straitéiseacha CBT do gach Ballstát, don fhís fhadtéarmach, agus conas ba cheart don Choimisiún comhsheasmhacht agus breisluach a áirithiú idir CBT agus beartais eile. |
1.3. |
Formhuiníonn CESE tosaíochtaí an Phlean Gníomhaíochta maidir le bheith níos láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla. Measann CESE nach mór an rathúnas, arna shainiú mar bhealach maireachtála atá inbhuanaithe ó thaobh na sochaí agus an chomhshaoil de, a bheith mar aidhm ag gach saoránach, is cuma cén áit a bhfuil cónaí orthu. Má chuirfear an Plean Gníomhaíochta i bhfeidhm, bheifí níos dóchasaí agus muiníní faoi thodhchaí cheantair thuaithe na hEorpa. |
1.4. |
Geallann an Coimisiún go ndéanfaidh sé beart trí bhíthin an Chomhshocraithe Tuaithe agus an Phlean Gníomhaíochta Tuaithe; mar sin féin, táthar ag brath chomh maith ar rannpháirtíocht na mBallstát uile, na réigiún agus na n-údarás áitiúil. Measann CESE go bhfuil róil le himirt ag Comhairle na nAirí, ag gach Uachtaránacht ar an gComhairle, ag Parlaimint na hEorpa, ag Coiste na Réigiún, ag CESE féin, agus ag eagraíochtaí agus líonraí na sochaí sibhialta, chun an fhís a bhaint amach. Is é an rud is tábhachtaí chun an fhís a bhaint amach Plean Gníomhaíochta lánchistithe a bheith ann ina mbeidh spriocanna agus dátaí soiléire lena bhféadfar an dul chun cinn a thomhas ar bhealach trédhearcach. |
1.5. |
Is díol sásaimh do CESE freisin an beartas neartaithe a bheidh chun leas na tuaithe agus bunú faireachlann atá trédhearcach chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn (1). Tá sé ríthábhachtach go mbeadh idirphlé leis na comhpháirtithe sóisialta agus le comhpháirtithe na sochaí sibhialta, agus go roinnfear faisnéis leo. Tá CESE toilteanach tacaíocht a chur ar fáil don obair sin, mar shampla trí rannchuidiú le hobair an Ghrúpa Théamaigh nua um leas na tuaithe de chuid an Ghréasáin Eorpaigh um Fhorbairt Tuaithe (ENRD). |
Moltaí
1.6. |
Creideann CESE go bhfuil gá le rannpháirtíocht leanúnach leis na heagraíochtaí rannpháirteacha áitiúla tuaithe agus uirbeacha agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus gur gá na heagraíochtaí sin a chumhachtú tuilleadh, chun go dtuigfear an fhís go hiomlán agus chun go mbeidh sí cuimsitheach. Ba cheart ról tábhachtach a bheith ag Parlaimint na hEorpa agus ag líonraí eile atá ann cheana, chomh maith leis an gComhdháil reatha ar Thodhchaí na hEorpa, chun tuairimí na bpobal áitiúil a chur in iúl. |
1.7. |
Measann CESE gur gá do líonra tuaithe agus do ghrúpaí idirphlé shibhialta an Choimisiúin, faoi stiúir Ard-Stiúrthóireachtaí éagsúla, nósanna imeachta tuairiscithe trédhearcacha déthreocha a chur chun cinn. Creideann CESE freisin gur cheart do tuilleadh ranna de chuid an Choimisiúin a dtiomantas iomlánach don fhís a léiriú, cé gur mór aige na gealltanais chun leas na tuaithe a tugadh sa chlár taighde “Fís”. Go háirithe, ba cheart an coincheap “chun leas na tuaithe” a leathnú chun clár Eoraip na Cruthaitheachta agus clár Erasmus+ a áireamh. |
1.8. |
Creideann CESE go n-éilíonn an Comhshocrú Tuaithe ar an gCoimisiún múnla rialachais a chruthú ina n-áirítear rialtais áitiúla agus gnólachtaí áitiúla, idir phríobháideach agus neamhbhrabúsach, a oibríonn le struchtúir áitiúla dhaonlathacha agus le comhpháirtithe sóisialta chun a áirithiú go gcuirfear barúlacha áitiúla san áireamh agus gur féidir an fhís fhadtéarmach a chur chun feidhme go rathúil. Ba cheart an Comhshocrú a bhunú ar an taithí a fuarthas a bhuí le dea-chleachtais LEADER agus na forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail (CLLD), agus ba cheart do gach uachtaránacht ar Chomhairle an Aontais coincheap an Chomhshocraithe a chur chun cinn ar fud an Aontais. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a bheith ina n-éascaitheoirí gníomhacha agus ina lucht maoinithe do threoirthionscadail. |
1.9. |
Ba cheart comhthosaíochtaí a cheapadh trí mhodhanna sonraíbhunaithe agus ó bhun aníos a úsáid. Ba cheart athmheasúnú a dhéanamh ar thionchar na paindéime ar an bPlean Gníomhaíochta, chun féachaint ar thionchar an éilimh mhéadaithe ar thithíocht tuaithe, ar spásanna nua le haghaidh gnólachtaí i sráidbhailte, ar sheirbhísí poiblí níos fearr, ar an mbealach is féidir níos mó taistil isteach i gceantair thuaithe a éascú agus éileamh níos mó ar thurasóireacht áineasa, glas agus cultúrtha, agus ar thurasóireacht a bhaineann leis an tsláinte. |
1.10. |
Má dhéantar cairt um chearta agus freagrachtaí tuaithe/uirbeacha a fhorbairt, d’fhéadfadh sé sin cabhrú tuilleadh le saoránaigh tuiscint a fháil ar an gcaoi ar féidir a n-uaillmhianta maidir le folláine a bhaint amach agus iad a spreagadh chun gníomhú. Ní mór do Cholún na gCeart Sóisialta a bheith ina threoir do gach gníomh. |
2. Cúlra
2.1. |
Tá thart ar 136 mhilliún duine ina gcónaí i gceantair thuaithe an Aontais, i.e. beagnach 30 % de dhaonra an Aontais. Is iomaí cúis atá leis an mbearna atá ag dul i méid idir folláine eacnamaíoch agus shóisialta na saoránach uirbeach agus na saoránach tuaithe, rud a léiríodh i dtuairimí CESE roimhe seo (2). Cé go bhfuil ról ríthábhachtach ag ceantair thuaithe sa chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta, lena n-áirítear táirgeadh inbhuanaithe bia, bíonn orthu dul i ngleic leis an dídhaonrú, go háirithe a mhéid a bhaineann le daoine óga. |
2.2. |
Go stairiúil, is as ranna éagsúla agus as ionstraimí airgeadais éagsúla ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil a tháinig an tacaíocht do cheantair thuaithe. Cuireadh an tacaíocht sin ar fáil, áfach, ar bhealach ilroinnte, neamheagraithe, mírathúil agus ró-mhaorlathach. Níor éirigh ach i bpáirt le hidirghabháil phoiblí, go háirithe i gceantair thuaithe iargúlta agus ar oileáin, chun dul i ngleic le gníomhaíocht eacnamaíoch atá ag meath, droch-inrochtaineacht dhigiteach, tréigean daoine óga agus cailliúint príomhsheirbhísí poiblí, scileanna ceirde tuaithe, bithéagsúlachta agus oidhreachta cultúrtha. |
2.3. |
Sin é an fáth a gcreideann CESE i gcur chuige atá i bhfad níos comhtháite, níos cothroime agus níos áitbhunaithe chun dul i ngleic leis na míchothromaíochtaí sin. Mar a tugadh chun suntais i NAT/820 I dtreo straitéis iomlánaíoch maidir le forbairt inbhuanaithe tuaithe/uirbeach (3), tá gá le cur chuige cothrománach, tras-ranna agus cuíchóirithe lena nach mbeidh “aon limistéar ná saoránach fágtha ar lár”. Moltar comhpháirtíocht idir na saoránaigh ar fad atá bunaithe ar chomhthuiscint agus ar chomh-mheas i leith sócmhainní tuaithe agus uirbeacha araon. |
2.4. |
Agus aitheantas á thabhairt aige don réimse dúshlán atá roimh cheantair thuaithe, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach teachtaireacht i mí an Mheithimh 2021 ina leagtar amach fís fhadtéarmach do cheantair thuaithe an Aontais go dtí 2040 (4). Cuirtear san áireamh leis an Teachtaireacht sin tograí le haghaidh Comhshocrú Tuaithe chun gníomhaithe a mhealladh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil chun tacú leis an bhfís agus le Plean Gníomhaíochta maidir le ceantair thuaithe níos láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla. Déantar foráil ann freisin maidir le Faireachlann Tuaithe a bhunú chun feabhas a chur ar bhailiú sonraí agus ar anailís ar staid na gceantar tuaithe agus sásra a bheidh chun leas na tuaithe chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a mheastar a bheidh ag mórthionscnaimh reachtacha an Aontais do cheantair thuaithe. |
3. Barúlacha ginearálta
3.1. |
Agus é ag súil leis an ngníomhaíocht chomhpháirteach dá dtagraítear thuas, a fhéadfar a fhorbairt tuilleadh sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, is díol sásaimh do CESE tríd is tríd fís fhadtéarmach an Choimisiúin Eorpaigh do cheantair thuaithe an Aontais, agus tacaíonn sé le tionscnamh agus tiomantas Uachtaránacht an Choimisiúin. |
3.2. |
Creideann CESE gur gá don fhís a bheith cuimsitheach, intuigthe go forleathan, spreagthach agus insoláthartha. Ina theannta sin, is díol sásaimh do CESE go ndírítear go háirithe ar cheantair thuaithe atá iargúlta agus beagfhorbartha, lena n-áirítear oileáin. Mar sin féin, ní léir cad iad na himpleachtaí a bheidh ag ceapadh agus ábhar phleananna straitéiseacha nua an Choimisiúin don Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT), agus ag pleananna straitéiseacha CBT do gach Ballstát, don fhís fhadtéarmach, agus conas ba cheart don Choimisiún comhsheasmhacht agus breisluach a áirithiú idir CBT agus beartais eile. Ní mór do CBT a bheith in ann beartais talmhaíochta agus bia a chomhcheangal le forbairt chríochach. |
3.3. |
Thionóil an Coimisiún Eorpach comhairliúchán leathan le saoránaigh tuaithe agus uirbeacha araon, agus d’oibrigh sé ar bhonn níos doimhne le heagraíochtaí geallsealbhóirí trí ardáin amhail ENRD agus trí chomhairliúcháin spriocdhírithe (5). Thacaigh hipitéisí taighde an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (6) leis an rannpháirtíocht freisin agus rinneadh obair thras-rannach ar an bhfís laistigh den Choimisiún. Is díol sásaimh do CESE an cur chuige sin. |
3.4. |
Creideann CESE go bhfuil gá le rannpháirtíocht leanúnach leis na heagraíochtaí rannpháirteacha áitiúla tuaithe agus uirbeacha agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus gur gá na heagraíochtaí sin a chumhachtú tuilleadh, chun go dtuigfear an fhís go hiomlán agus chun go mbeidh sí cuimsitheach. D’fhéadfadh lárionad an Choimisiúin um inniúlachtaí maidir le daonlathas rannpháirtíochta agus dioscúrsach a cruthaíodh le déanaí a bheith ina fhóram chun dea-chleachtais a fhorbairt agus chun naisc a áirithiú idir struchtúir bheartais áitiúla agus níos leithne. Luaitear go sonrach san fhís obair Pharlaimint Eorpach na Tuaithe mar shampla amháin maidir le tuairimí an phobail áitiúil a chur in iúl agus ardán tosaíochtaí a chruthú le haghaidh rannpháirtíocht le lucht sinsearach ceaptha beartas. Tá an tábhacht chéanna ag baint leis an obair agus an rannchuidiú a dhéanann líonraí eile atá ann cheana. |
3.5. |
Ní mór faisnéis a chur ar fáil do na gníomhaithe a dtéitear i gcomhairle leo chun a chur in iúl dóibh go bhfuil a dtuairimí á gcur san áireamh agus gur féidir leo ról a imirt. Measann CESE, dá bhrí sin, gur gá do líonra tuaithe (a fheidhmeoidh mar líonra CBT amach anseo) agus do ghrúpaí idirphlé shibhialta an Choimisiúin, faoi stiúir Ard-Stiúrthóireachtaí éagsúla, nósanna imeachta tuairiscithe trédhearcacha déthreocha a chur chun cinn. Rannchuideoidh ENRD le dhá ghrúpa théamacha nua a dhíreoidh ar athnuachan tuaithe agus ar phromhadh leas na tuaithe, go háirithe ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach. Ba dhíol sásaimh do CESE éisteacht a eagrú ar thorthaí a gcuid oibre sna míonna amach romhainn. |
3.6. |
Creideann CESE freisin gur cheart do tuilleadh ranna de chuid an Choimisiúin a dtiomantas iomlánach don fhís a léiriú, lena n-áirítear na ranna sin atá freagrach as cultúr, taighde agus nuálaíocht, oideachas agus oiliúint, soghluaisteacht agus iompar, an óige, fostaíocht, gnóthaí sóisialta agus cuimsiú, gníomhú ar son na haeráide, fuinneamh, an comhshaol agus réimsí ábhartha eile. Mar sin féin, rinneadh cinntí maidir leis an tréimhse chistiúcháin 2021-2027 sular foilsíodh an teachtaireacht. Sa tréimhse sin, is ar rialtais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla go príomha atá an fhreagracht maidir le riachtanais na gceantar tuaithe a áireamh sna cláir ábhartha. Mura ndéanfar na beartais agus an cistiú a chuíchóiriú agus a chomhordú ar gach leibhéal, beidh baol mearbhaill agus easpa tuisceana ann. Ní mór do na hinstitiúidí Eorpacha a áirithiú freisin go bhfuil an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) ar aon dul leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus lena ionstraimí reachtacha, agus gur féidir leo cur chun feidhme na físe tuaithe a mhaoiniú. |
3.7. |
Liostaítear dátaí do thús an Phlean Gníomhaíochta agus roinnt dátaí don athbhreithniú meántéarma, ach ní liostaítear dátaí chun cláir aonair a chomhlánú. Is dócha go gcuirfear roinnt dátaí siar, ós rud é nach mbeidh CBT nua réidh go dtí 2023, gné eile a rannchuideodh leis an bhfís. Mura ndéanfar tagairt do spriocanna aeráide domhanda agus do spriocdhátaí eile, beidh riosca mearbhaill ann chomh maith. |
3.8. |
Mar a mholtar in NAT/820, ní mór cairt um chearta agus freagrachtaí tuaithe/uirbeacha a bheith mar bhonn taca leis an bhfís chun go mbeidh sí spreagthach, agus chun go mbeidh na saoránaigh uile in ann tuiscint a fháil ar an gcaoi ar féidir a n-uaillmhianta maidir le folláine a bhaint amach. Creideann CESE go bhfuil gá le tuiscint chuimsitheach ar na dúshláin, mar aon le braistint na comhúinéireachta agus na muiníne, chun saoránaigh a spreagadh chun gníomhú agus difear a dhéanamh. |
3.9. |
Geallann an Coimisiún go ndéanfaidh sé beart trí bhíthin an Chomhshocraithe Tuaithe agus an Phlean Gníomhaíochta Tuaithe; mar sin féin, táthar ag brath chomh maith ar rannpháirtíocht na mBallstát uile, na réigiún agus na bpobal áitiúil. Dúshlán amháin is ea spriocanna a leagan síos ar leibhéal an Choimisiúin, ach tá sé i bhfad níos deacra spriocanna a leagan síos agus torthaí a bhaint amach ar leibhéal an stáit agus ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil. Measann CESE go bhfuil róil le himirt ag Comhairle na nAirí, ag gach Uachtaránacht ar an gComhairle, ag Parlaimint na hEorpa, ag Coiste na Réigiún, ag CESE féin, agus ag eagraíochtaí agus líonraí na sochaí sibhialta, chun an fhís a bhaint amach. Mura ndéanfaí an méid sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh míchothromaíochtaí breise ann mar thoradh ar neamhréireachtaí i gcur chun feidhme an Phlean, agus go mbainfeadh roinnt ceantar tairbhe as an bPlean agus go bhfágfaí roinnt eile acu ar lár. |
3.10. |
Ina theannta sin, creideann CESE go bhféadfadh an Coimisiún foghlaim ó thíortha agus réigiúin lasmuigh den Aontas, agus taithí a roinnt leo chomh maith, toisc go mbíonn ar limistéir eile ar domhan dul i ngleic le dúshláin agus deiseanna tuaithe/uirbeacha comhchosúla. Is díol sásaimh do CESE gur chuir an Coimisiún an Teachtaireacht maidir le Fís Tuaithe faoi bhráid ár gcomhpháirtithe sna Balcáin Thiar agus sa Tuirc. |
4. Barúlacha sonracha
4.1. |
Creideann CESE go n-éilíonn an Comhshocrú Tuaithe ar an gCoimisiún múnla rialachais a chruthú ina n-áirítear rialtais áitiúla agus gnólachtaí áitiúla, idir phríobháideach agus neamhbhrabúsach, a oibríonn le struchtúir áitiúla dhaonlathacha agus le comhpháirtithe sóisialta chun a áirithiú go gcuirfear barúlacha áitiúla san áireamh agus gur féidir an fhís fhadtéarmach a chur chun feidhme go rathúil. Dá mbainfí úsáid níos mó as uirlisí idirghníomhaíochta hibrideacha, d’fhéadfaí rannpháirtíocht a mhéadú, ach níor mhór rannchuidiú na bpobal áitiúil a léiriú go soiléir. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a bheith ina n-éascaitheoirí gníomhacha agus ina lucht maoinithe do threoirthionscadail. |
4.2. |
Ba cheart an Comhshocrú a bhunú ar an taithí a fuarthas a bhuí le dea-chleachtais LEADER agus CLLD, agus ba cheart do gach uachtaránacht ar Chomhairle an Aontais coincheap an Chomhshocraithe a chur chun cinn. |
4.3. |
Creideann CESE gur cheart don fhorbairt tuaithe a bheith ina dlúthchuid de bheartas na forbartha réigiúnaí. Ba cheart LEADER/CLLD a bheith ina ngnéithe tábhachtacha den fhorbairt chríochach. Aithníonn CESE go dtugtar isteach, leis an mbeartas comhtháthaithe tar éis 2020, cuspóir trasréimseach beartas nua d’fhorbairt chríochach agus áitiúil atá comhtháite agus inbhuanaithe, agus é mar aidhm leis sin gan aon limistéar ná aon duine a fhágáil ar lár. Cuirtear creat solúbtha ar fáil leis freisin do na Ballstáit chun tacú le limistéir thuaithe, trí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shonracha atá rompu. |
4.4. |
Is é an rud is tábhachtaí chun an fhís a bhaint amach Plean Gníomhaíochta lánchistithe a bheith ann ina mbeidh spriocanna agus dátaí soiléire lena bhféadfadh institiúidí uile an Aontais agus na Ballstáit uile an dul chun cinn a thomhas ar bhealach trédhearcach. Tá CESE ag tnúth le toradh obair an Choimisiúin a fheiceáil faoi lár na bliana 2023, ina ndéanfar machnamh ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe do cheantair thuaithe – faoi CBT agus faoi chistí an bheartais chomhtháthaithe – don chlárthréimhse 2021-2027. Ba cheart aon bhearnaí ar gá aghaidh a thabhairt orthu a shainaithint san obair sin. |
4.5. |
Tá CESE ag tnúth freisin le tuarascáil phoiblí an Choimisiúin a fheiceáil faoin gcéad ráithe de 2024, a bheidh bunaithe ar chur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta Tuaithe an Aontais. Ba cheart machnamh maidir leis an atreorú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar ghníomhaíocht tacaíochta agus ar mhaoiniú do cheantair thuaithe a chur san áireamh sa tuarascáil sin, rud a thacódh leis na hullmhúcháin don tréimhse 2028-2034. |
4.6. |
Formhuiníonn CESE tosaíochtaí an Phlean Gníomhaíochta maidir le bheith níos láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla, chomh maith leis an mbéim ar ghníomhaíocht shonrach maidir le gach tosaíocht. |
4.7. |
I ndáil leis an tosaíocht maidir le bheith níos láidre, leagann an Coimisiún béim ar chreataí cinnteoireachta an phobail, agus ar dheiseanna atá go hiomlán inscne-chuimsitheach agus deiseanna eile atá cuimsitheach ar bhonn sóisialta, le haghaidh freagairtí nuálacha. Ní mór éisteacht le guthanna comhordaithe na ndaoine óga a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe, agus ba cheart dóibh a bheith rannpháirteach sa chinnteoireacht ar gach leibhéal rialtais. Ba cheart deiseanna ar leith a bheith ann faoin gClár Erasmus+ chun scileanna ceannaireachta agus tuiscint níos fearr a fhorbairt idir daoine óga a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe agus daoine óga a bhfuil cónaí orthu i gceantair uirbeacha. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar mhná freisin, tríd an raon oibre agus oiliúna atá ar fáil dóibh a leathnú agus trí bhearta a chur chun cinn chun cothromaíocht oibre is saoil a áirithiú. |
4.8. |
Creideann CESE gur cheart don tacaíocht ghnó díriú ní hamháin ar ghníomhaíocht talmhaíochta ach ar ghníomhaíocht tuaithe inbhuanaithe níos leithne freisin, chun tógáil ar an mbreisluach áitiúil, ar an ngeilleagar ciorclach agus ar an acmhainneacht atá ann spriocanna domhanda a bhaint amach maidir le fuinneamh in-athnuaite, leis an tsláinte agus le turasóireacht chultúrtha. Samplaí nithiúla den mhéid sin is ea scéimeanna cáilíochta maidir le bia chothrom e.g. tásca geografacha, cleachtais éagóracha trádála a sheachaint, cláir chur chun cinn le haghaidh táirgí deimhnithe) agus réitigh mhalartacha teasa a mhaoiniú. Is gné ríthábhachtach é cruthú post cuibhiúil, go háirithe fostaíocht ar ardchaighdeán, d’fhorbairt inbhuanaithe na gceantar tuaithe. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le bearta speisialta chun dálaí maireachtála agus oibre na n-oibrithe séasúracha a fheabhsú. Tá gá freisin le bearta nuálacha breise, lena n-áirítear dreasachtaí cánach (7), chun cur ar chumas daoine óga filleadh ar cheantair thuaithe. |
4.9. |
Ba cheart tacaíocht airgeadais chuíchóirithe a bheith ar fáil go héasca, lena n-áirítear trí chánachas oiriúnaithe agus go háirithe do FBManna, ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ó InvestEU agus ón mBanc Eorpach Infheistíochta, i measc foinsí eile, agus ní mór promhadh a dhéanamh ar na foinsí sin lena fháil amach an mbeidh siad chun leas na tuaithe. Ba cheart an t-am a rannchuidíonn oibrithe deonacha chun cistiú fiontar sóisialta a mheaitseáil a chur chun cinn. |
4.10. |
I ndáil leis an tosaíocht maidir le bheith nasctha, molann CESE go láidir go gcuirfí dlús le tionscnamh an Choimisiúin maidir leis an deacáid dhigiteach agus go ndéanfaí tionscnamh uilíoch de, ionas go mbeidh gach pobal tuaithe in ann dul i mbun nuálaíochta, naisc ghnó a fhorbairt agus dul i ngleic le díothacht sláinte, oideachais agus shóisialta. |
4.11. |
Tá gá le córais iompair inbhuanaithe le go mbeidh sochaí chuimsitheach ann. Cruthófar leis an ngá atá ann athrú ó chóras atá bunaithe ar bhreosla carbóin go córas in-athnuaite fadhbanna agus deiseanna araon do cheantair thuaithe iargúlta. Sa chomhthéacs sin, tá córais iompair phoiblí atá inrochtana go héasca agus inacmhainne ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar an athrú déimeagrafach agus chun deireadh a chur le dídhaonrú. |
4.12. |
A mhéid a bhaineann leis an tosaíocht maidir le bheith “athléimneach”, aithníonn an Coimisiún sa Chomhaontú Glas don Eoraip gur féidir le talmhaíocht inbhuanaithe, foraoiseacht agus acmhainní eile talún agus uisce cabhrú go mór chun dul i ngleic leis an athrú aeráide domhanda. Molann sé seirbhísí éiceachórais a chur ar fáil, bithéagsúlacht a chaomhnú agus a athbhunú, feirmeoireacht níos glaise agus tírdhreacha cultúrtha a chur chun cinn mar dheiseanna tuaithe chun athléimneacht eacnamaíoch agus folláine a chothú. Leis an “Socrú maidir le sláinte na hithreach san Eoraip”, cuirfear feabhas ar an tuairisciú ar fud na mBallstát. |
4.13. |
Tacaíonn CESE leis an gcur chuige sin, ach creideann sé go mbaineann an athléimneacht freisin le comhtháthú comhphobail, caidrimh idirghlúine, oiliúint, oideachas agus aistriú scileanna. Cuireann CESE in iúl gur cheart béim níos láidre a leagan ar an athléimneacht shóisialta, agus cur chuige níos leithne a ghlacadh. |
4.14. |
Ba cheart cloí le Colún na gCeart Sóisialta trí thacú le cáilíocht, fostaíocht tuaithe, obair chuibhiúil agus dálaí oibre cuibhiúla. Ní mór do na comhpháirtithe sóisialta a bheith rannpháirteach go foirmiúil i mbeartais eacnamaíocha agus shóisialta a cheapadh trí idirphlé sóisialta ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach. Ba cheart don Chomhaontú Glas don Eoraip a bheith ina shocrú sóisialta cuimsitheach freisin. |
4.15. |
I ndáil leis an tosaíocht maidir le bheith “rathúil”, aithníonn an Coimisiún an gá atá le limistéir thuaithe a éagsúlú agus a bheith bunaithe ar “straitéisí eacnamaíocha áitiúla inbhuanaithe”. Tacaíonn CESE leis an nglao sin, agus aithníonn sé ag an am céanna go bhféadfadh ionchais éagsúla a bheith ag limistéir fho-uirbeacha agus iargúlta. |
4.16. |
Aithníonn CESE go bhfuil dlús curtha ag an bpaindéim le gníomhaíochtaí éagsúla a bhaineann le táirgeadh bia inbhuanaithe, fostaíocht inbhuanaithe, poist nua, cianobair agus cineálacha nua oibre, agus an gá atá le cur chuige nua chun cáilíocht saoil níos fearr a áirithiú i gceantair thuaithe, ionas gur féidir le daoine a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe leanúint de bheith ag obair i ndálaí maithe. Trí dhigiteáil bhreise a dhéanamh ar an saol oibre, d’fhéadfaí spásanna comhoibre atá inrochtana go héasca a chur chun cinn mar sheirbhís phoiblí, más gá, chun leas a bhaint as ionaid i sráidbhailte agus ionaid áitiúla atá folamh. |
4.17. |
I gceantair thuaithe iargúlta agus i gceantair thuaithe atá tearcfhorbartha, is é is cúis le cáilíocht saoil níos ísle ná easpa rochtana ar sheirbhísí poiblí, agus seirbhísí poiblí ar chaighdeán níos ísle i gcoitinne. Tá gá le soláthar cuimsitheach feabhsaithe oideachais, agus cúraim sláinte agus shóisialta gan beann ar aois, chomh maith le níos mó tithíochta sóisialta agus tithíocht shóisialta níos fearr. Mar a chuir CESE i bhfáth cheana ina thuairim SOC/628 (8), Dúshláin dhéimeagrafacha san Aontas i bhfianaise éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus forbartha, bheadh caighdeáin mhaireachtála na dteaghlach a chosaint, lena n-áirítear seirbhísí oideachais do leanaí a chur chun cinn, ar cheann de na príomhbhearta chun dul i ngleic le dídhaonrú ceantar tuaithe agus bailte beaga agus meánmhéide. |
4.18. |
Ba cheart comhthosaíochtaí a cheapadh trí mhodhanna sonraíbhunaithe agus ó bhun aníos a úsáid. Ba cheart athmheasúnú a dhéanamh ar thionchar na paindéime ar an bPlean Gníomhaíochta, chun féachaint ar thionchar an éilimh mhéadaithe ar thithíocht tuaithe, ar spásanna nua le haghaidh gnólachtaí i sráidbhailte, ar sheirbhísí poiblí níos fearr, ar an mbealach is féidir níos mó taistil isteach i gceantair thuaithe a éascú agus éileamh níos mó ar thurasóireacht áineasa, glas agus cultúrtha, agus ar thurasóireacht a bhaineann leis an tsláinte. Measann CESE go bhféadfadh méadú ar an imirce ó chathracha go limistéir fho-uirbeacha, agus go limistéir thuaithe i gcoitinne, teannas a chruthú idir gníomhaíocht eacnamaíoch tuaithe thraidisiúnta agus ionchais maidir le fóillíocht, rud a éileodh roinnt gníomhaíochtaí idirghabhála. |
4.19. |
Ní mór don Choimisiún dlús a chur le cuid mhaith de na ceachtanna luachmhara a foghlaimíodh óna thionscadail taighde de chuid an chláir taighde “Fís”, agus iad a phríomhshruthú. A bhuí leis an treoir a cuireadh ar fáil leis na cláir LIFE (9), Robust (10), Rubizmo (11), Sherpa (12), Smart Villages (13), Farmwell (14), agus roinnt mhaith clár eile, bhíothas in ann an fhís a chur i gcrích. |
4.20. |
Ina theannta sin, measann CESE nach mór an rathúnas, arna shainiú mar bhealach maireachtála atá inbhuanaithe ó thaobh na sochaí agus an chomhshaoil de, a bheith mar aidhm ag gach saoránach, is cuma cén áit a bhfuil cónaí orthu. Níor cheart rathúnas a mheas i dtéarmaí eacnamaíocha amháin, ach ní mór é a chomhlánú le cuir chuige atá pobalbhunaithe a dhíríonn ar inbhuanaitheacht shóisialta agus chomhshaoil. |
4.21. |
Is díol sásaimh do CESE na tionscnaimh shuaitheanta atá beartaithe sa Phlean Gníomhaíochta, ós rud é go dtugann siad tús áite do na freagraí a fuarthas sna comhairliúcháin. Measann CESE gurb é an dúshlán atá ann comhacmhainní an Choimisiúin, i gcomhar leis na Ballstáit agus na réigiúin, a ailíniú gan uaim agus le maoiniú leordhóthanach, d’fhonn tionchar dearfach a chruthú do phobail áitiúla, dá ndaonra agus dá gcríocha. Is díol sásaimh iad coincheap an ionaid ilfhreastail atá beartaithe don tacaíocht, agus an tsraith uirlisí maidir le cistiú, nuair atá fáil orthu; mar sin féin, ní mór amlíne shoiléir a bheith ann. |
4.22. |
Léiríonn Bauhaus Eorpach Nua, atá dírithe ar chuidiú leis an gComhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích, go bhfuil an Coimisiún ag bogadh i dtreo cur chuige níos cuimsithí agus níos comhtháite chun beartais a cheapadh agus a chur i bhfeidhm. |
4.23. |
Is díol sásaimh do CESE freisin an beartas neartaithe a bheidh chun leas na tuaithe agus bunú faireachlann atá trédhearcach chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn. |
4.24. |
Cé nach coincheap nua é an coincheap “chun leas na tuaithe” (féach Dearbhú Chorcaí 2.0 (15)), níl CESE cinnte fós an bhfuil tiomantas an Choimisiúin ina iomláine, nó tiomantas na mBallstát agus na réigiún, leordhóthanach chun difear buan a dhéanamh. Tá an coincheap lochtach, ós rud é go leithdháiltear roinnt mhaith buiséad ar bhonn per capita, rud nach n-oireann do limistéir inar tearc an daonra. Is léir ón taithí a fuarthas go bhfuil fadhbanna maidir le hoiriúnacht agus tráthúlacht ag baint leis an gcur chuige lena gcruthaítear beartais bunaithe ar riachtanais uirbeacha, agus lena ndéantar iarracht, ina dhiaidh sin, na beartais sin a chur in oiriúint do riachtanais na gceantar tuaithe. Ina theannta sin, is deacair próiseas cuntasaíochta gasta trédhearcach a bhunú agus a chinntiú go n-aontaíonn gach roinn ábhartha leis an gcoincheap “chun leas na tuaithe” a chur i bhfeidhm. |
4.25. |
Aithníonn CESE, áfach, na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an gCoimisiún chun an coincheap “chun leas na tuaithe” a chur i bhfeidhm ar bhealach níos fearr. Tá súil aige go bhféadfar an fhís a bhaint amach trí dhearadh iomlánaíoch tuaithe/uirbeach de bheartais agus trí acmhainní a leithdháileadh. Molann CESE don Choimisiún tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú ina sonrófar na ranna, na beartais, na Ballstáit agus na réigiúin a chur an coincheap “chun leas na tuaithe” i bhfeidhm agus conas a rinne siad amhlaidh. Ba cheart béim a leagan ar dhea-shamplaí den choincheap “chun leas na tuaithe”. Tacaíonn CESE leis an gcoincheap “chun leas na tuaithe” a chomhtháthú sa chlár oibre um rialáil níos fearr, agus iarrann sé freisin ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar an bprionsabal “chun leas na tuaithe” a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. |
4.26. |
Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé beartaithe Faireachlann a bhunú laistigh den Choimisiún chun feabhas a chur ar bhailiú sonraí agus ar anailís, agus tacaíonn sé, ag an am céanna, le cur chun feidhme foriomlán an Phlean Gníomhaíochta; mar sin féin, molann sé trédhearcacht, dátaí oibre soiléire, buiséid agus spriocanna soiléire a bheith ann, agus go ndéanfadh ionadaithe na sochaí sibhialta grinnscrúdú seachtrach ar a chuid oibre. |
An Bhruiséil, 23 Márta 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Tuarascáil faisnéise ó CESE Meastóireacht ar Thionchar CBT ar Fhorbairt Chríochach na gCeantar Tuaithe (níl leagan Gaeilge ann).
(2) Tuairim féintionscnaimh CESE, I dtreo straitéis iomlánaíoch maidir le forbairt inbhuanaithe tuaithe/uirbeach (IO C 105, 4.3.2022, lch. 49); Tuarascáil faisnéise CESE Meastóireacht ar Thionchar CBT ar Fhorbairt Chríochach na gCeantar Tuaithe (níl leagan Gaeilge ann); Tuairim féintionscnaimh CESE Cur chuige comhtháite i ndáil le limistéir thuaithe an Aontais lena leagtar béim ar leith ar réigiúin leochaileacha (níl leagan Gaeilge ann) (IO C 429, 11.12.2020, lch. 60).
(3) Tuarascáil faisnéise ó CESE Meastóireacht ar Thionchar CBT ar Fhorbairt Chríochach na gCeantar Tuaithe (níl leagan Gaeilge ann).
(4) https://europa.eu/!TH39QH
(5) Comhairliúchán leis na geallsealbhóirí – doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin – achoimre ar thuarascáil, SWD/2021/167 final/2
(6) JRC Publications Repository – Scenarios for EU Rural Areas 2040
(7) Tá samplaí de dhreasachtaí cánach den sórt sin ann i roinnt Ballstát (e.g. réigiún Castilla-La-Mancha sa Spáinn: descargarArchivo.do (jccm.es), https://bit.ly/3Llp0hb)
(8) Tuairim CESE Dúshláin dhéimeagrafacha san Aontas i bhfianaise éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus forbartha (IO C 232, 14.7.2020, lch. 1).
(9) https://ec.europa.eu/growth/industry/strategy/hydrogen/funding-guide/eu-programmes-funds/life-programme_en
(10) https://rural-urban.eu/
(11) https://rubizmo.eu/
(12) https://rural-interfaces.eu/what-is-sherpa/
(13) https://enrd.ec.europa.eu/smart-and-competitive-rural-areas/smart-villages/smart-villages-portal_en
(14) https://farmwell-h2020.eu/
(15) Tuairim féintionscnaimh CESE Ó Dhearbhú Chorcaí 2.0 go gníomhaíochtaí nithiúla (níl leagan Gaeilge ann) (IO C 345, 13.10.2017, lch. 37).
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290/143 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil agus a chuirtear in ionad Treoir 2008/99/CE
(COM(2021) 851 final —2021/0422 (COD)
(2022/C 290/23)
Rapóirtéir: |
Arnaud SCHWARTZ |
Comhrapóirtéir: |
Ozlem YILDIRIM |
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 2.5.2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 83(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol |
Dáta a glactha sa rannóg |
8.3.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
23.3.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
568 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
215/3/6 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún le haghaidh athbhreithniú ar an Treoir maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil agus a chuirtear in ionad Threoir 2008/99/CE (“an Treoir” anseo feasta), toisc go dtugtar aghaidh ann ar na heasnaimh is mó atá ar an Treoir atá ann faoi láthair agus go bhfuil sé mar aidhm leis dul i ngleic leis an méadú atá tagtha ar líon na gcionta coiriúla comhshaoil san Eoraip. |
1.2. |
Tá CESE á thabhairt le fios go gcoinníonn an togra an raon feidhme a bhí aige roimhe seo, arna chur i láthair i bhfoirm liosta cionta, agus nach ndéantar sainmhíniú ann ar chion ginearálta uathrialach atá dírithe ar dhochar a dhéanamh don chomhshaol nó an comhshaol a chur i mbaol. Creideann CESE gur cheart an liosta cionta a leathnú d’fhonn oiread cineálacha coireachta agus is féidir a áireamh ann ionas nach gá athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir an athuair go gairid tar éis di teacht i bhfeidhm agus chun deimhin a dhéanamh de go ndéanfar gníomhaíocht choiriúil chomhshaoil ar leith a phionósú, mar is ceart. |
1.3. |
Aithníonn CESE an géarghá atá ann feabhas a chur ar chur chun feidhme an dlí choiriúil comhshaoil san Eoraip agus an chaoi a mb’fhearrde an cur chun feidhme sin Treoir a bheith ann ina mbeadh forálacha níos soiléire. Creideann CESE nach leor na heilimintí atá molta chun measúnú a dhéanamh cibé acu an bhfuil damáiste substaintiúil i gceist nó nach bhfuil; creideann sé freisin go mb’fhéidir gur ghá tuilleadh treorach a thabhairt agus go mba shoiléire sainmhíniú neamhspleách a thabhairt ar an rud is “damáiste substaintiúil” ann. |
1.4. |
Is díol sásaimh do CESE an tagairt do “éiceaicíd” atá sna haithrisí. Creideann CESE, áfach, gurbh iomchuí an téarma sin a áireamh sa chuid oibríochtúil den Treoir. |
1.5. |
Tá CESE i bhfách leis go dtabharfar isteach caighdeáin íosta maidir le huasteorainneacha a leagan síos do phionóis arna ngearradh ar dhaoine príobháideacha agus uasteorainneacha do smachtbhannaí arna gcur ar dhaoine dlítheanacha. Ar a shon sin, creideann CESE gur cheart teorainneacha na smachtbhannaí a mhéadú go mór má tá siad le bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. |
1.6. |
Tá CESE á mholadh don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a fhéideartha atá sé cur le dlínse Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh d’fhonn coireanna comhshaoil a áireamh faoina scáth, rud a chruthódh Oifig Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don Chomhshaol a bheadh in ann cur leis an gcomhrac i gcoinne coireanna comhshaoil a bhfuil naisc aitheanta acu leis an gcoireacht eagraithe. |
1.7. |
Cuireann CESE chun suntais an gá atá ann an slabhra forfheidhmiúcháin a threisiú agus an dlí coiriúil comhshaoil Eorpach a chur chun feidhme. Athdhearbhaíonn CESE an moladh a rinne sé i dTuarascáil Faisnéise NAT/767 maidir le Meastóireacht ar an Treoir maidir le Coireacht Chomhshaoil (1) gur cheart do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh sainfhórsaí póilíneachta, ionchúisitheoirí speisialaithe, breithiúna speisialaithe agus cúirteanna speisialaithe i réimse na coireachta comhshaoil a chur ar bun. Creideann CESE nach mbeidh éifeacht leis an Treoir ach amháin má chuirtear acmhainní agus oiliúint leordhóthanach ar fáil lena chois sin ar leibhéal na mBallstát. |
2. Cúlra
2.1. |
Is í an choireacht chomhshaoil an ceathrú catagóir coireachta is éadálaí ar domhan agus, dar le Eurojust, tá méadú ag teacht uirthi san Aontas Eorpach (2). Cé nach bhfuil fás suntasach faoi chiontuithe trasteorann i réimse na coireachta comhshaoil, tá méadú nach beag tagtha ar ráta na gcoireanna comhshaoil a rinneadh san Eoraip. |
2.2. |
An 15 Nollaig 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach Togra le haghaidh athbhreithniú ar an Treoir maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil agus a chuirtear in ionad Threoir 2008/99/CE. |
2.3. |
Is é cuspóir na Treorach rialacha íosta comhchoiteanna a chur ar fáil faoinar féidir an choireacht chomhshaoil a choiriúlú trí aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh ar Threoir 2008/99/CE, atá i bhfeidhm faoi láthair. |
2.4. |
D’fhoilsigh an Coimisiún in 2020 an mheastóireacht a rinne sé ar Threoir 2008/99/CE (3). Sainaithníodh sa mheastóireacht sin easnaimh shuntasacha a bhaineann le forfheidhmiú ar an láthair, raon feidhme srianta na Treorach, cionta coiriúla a shainiú, leibhéil na smachtbhannaí, easpa soiléireachta maidir le téarmaíocht dlí, easpa comhar trasteorann, an córas dliteanais do dhaoine dlítheanacha, agus réimsí eile den Treoir. |
2.5. |
Is éard is aidhm don Treoir atá beartaithe cur le héifeachtacht imscrúduithe agus ionchúiseamh trí raon feidhme na Treorach a thabhairt cothrom le dáta agus trí théarmaí doiléire a úsáidtear sna sainmhínithe ar choireacht chomhshaoil a shoiléiriú nó a scriosadh; cineálacha agus leibhéil smachtbhannaí éifeachtacha, athchomhairleacha agus comhréireacha a áirithiú do choireanna comhshaoil; imscrúduithe agus ionchúisimh trasteorann a chothú; cinnteoireacht fheasach maidir le coireacht chomhshaoil a fheabhsú trí shonraí staidrimh a bhailiú agus a scaipeadh ar bhealach níos fearr, agus éifeachtacht oibríochtúil na slabhraí forfheidhmiúcháin náisiúnta a fheabhsú d’fhonn imscrúduithe, ionchúisimh agus smachtbhannaí a chur chun cinn. |
2.6. |
Tá an togra bunaithe ar Airteagal 83(2) CFAE atá, murab ionann agus an bunús dlí a bhí ann roimhe seo sular tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, dírithe níos mó ar nádúr trasteorann na coireachta comhshaoil agus a thugann an inniúlacht don Aontas rialacha íosta a chur ar bun maidir le cionta coiriúla agus smachtbhannaí coiriúla a shainiú. |
2.7. |
Is é cuspóir an togra seo, dá bhrí sin, comhchuibhiú a dhéanamh ar úsáid an dlí choiriúil mar rogha dheiridh chun acquis iomlán dhlí comhshaoil an Aontais Eorpaigh a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear an Comhaontú Glas don Eoraip, agus cuspóirí an Aontais maidir le forbairt inbhuanaithe, le cáilíocht an chomhshaoil a fheabhsú agus leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as á n-urramú. |
3. Barúlacha ginearálta
3.1. |
Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún le haghaidh athbhreithniú ar an Treoir maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil agus a chuirtear in ionad Threoir 2008/99/CE, toisc go dtugtar aghaidh ann ar na heasnaimh is mó atá ar an Treoir atá ann faoi láthair agus go bhfuil sé mar aidhm leis dul i ngleic leis an méadú atá tagtha ar líon na gcionta coiriúla comhshaoil san Eoraip. |
3.2. |
Cuireann CESE chun suntais an ról ceannaireachta idirnáisiúnta atá ag an Aontas Eorpach sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide dhomhanda agus ar son an chomhshaoil. Tá CESE den tuairim gur gné ríthábhachtach den ról ceannaireachta sin é an comhrac in aghaidh na coireachta comhshaoil agus na coireachta eagraithe comhshaoil ar an leibhéal Eorpach agus leagann sé béim ar an ngá atá ann cur leis an gcomhar le tíortha comharsanachta an Aontais Eorpaigh agus le tríú tíortha eile. |
3.3. |
Creideann CESE gur céim mhór chun cinn é an t-athbhreithniú lenar féidir aghaidh a thabhairt ar an méadú atá tagtha ar an gcoireacht chomhshaoil agus ar an gcoireacht eagraithe chomhshaoil san Eoraip. Is mór ag an gCoiste an cinneadh a rinneadh Treoir iomlán nua a chur in áit na sean-Treorach mífheidhmiúla maidir le Coireacht Chomhshaoil in ionad í a leasú. |
3.4. |
Aithníonn CESE an géarghá atá ann feabhas a chur ar chur chun feidhme an dlí choiriúil comhshaoil san Eoraip agus aithníonn sé go mb’fhearrde an cur chun feidhme sin Treoir a bheith ann ina mbeadh forálacha níos soiléire. Ina cheann sin, tacaíonn CESE go láidir leis na hoibleagáidí cur chun feidhme nithiúla a bhaineann le straitéisí náisiúnta, dualgais tuairiscithe agus na híoscheanglais maidir le hacmhainní, oiliúint agus uirlisí imscrúdaitheacha. |
3.5. |
Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé beartaithe raon feidhme na Treorach a leathnú. Tugann an Coiste dá aire go gcuirtear deireadh le siocair mhór débhríochta a bhuí leis an sainmhíniú athbhreithnithe atá beartaithe ar “neamhdhleathach” agus gur féidir, de bharr an leathnaithe shuntasaigh atá beartaithe ar liosta na gcionta, cosaint i bhfad níos fearr a thabhairt d’acquis dhlí comhshaoil an Aontais Eorpaigh. |
3.6. |
Cuireann CESE in iúl nach ndéantar sainmhíniú sa togra ar chion ginearálta uathrialach atá dírithe ar dhochar a dhéanamh don chomhshaol nó an comhshaol a chur i mbaol. Cé go ndéantar raon feidhme na Treorach a leathnú go suntasach, nascann an togra a raon feidhme go fóill féin le raon feidhme brainsí eile dlí agus le reachtaíocht thánaisteach an Aontais, rud a fhágann go mbraitheann sí inter alia ar an dlí riaracháin agus nach seasfaidh sí an aimsir. Tugann CESE dá aire go mb’fhéidir go mbeadh gá le nósanna imeachta reachtacha amach anseo chun an liosta eisiach de chionta atá beartaithe a thabhairt cothrom le dáta. |
3.7. |
Is díol sásaimh do CESE an tagairt d’éiceaicíd atá sna haithrisí. Creideann CESE, áfach, gurbh iomchuí an téarma “éiceaicíd” a áireamh sa chuid oibríochtúil den Treoir. Ar a mhuin sin, cuireann CESE i bhfios go láidir gur gá, nuair a dhéantar tagairt d’éiceaicíd, cloí leis an bhfoclaíocht a mhol an Painéal Saineolaithe Neamhspleách maidir le Sainmhíniú Dlí ar Éiceaicíd i mí an Mheithimh 2021 (4). Molann CESE gur cheart an éiceaicíd a shainmhíniú mar ghníomhartha neamhdhleathacha nó gníomhartha ainrianta arna ndéanamh agus fios maith ag lucht a ndéanta gur dóichí go mór go ndéanfar damáiste tromchúiseach, cibé acu damáiste forleathan nó fadtéarmach é sin, don chomhshaol de dheasca na ngníomhartha sin. Ba dhíol sásaimh do CESE tagairt do choinbhleachtaí armtha a bheith luaite sna haithrisí agus tugann sé dá aire gur dual do na coinbhleachtaí sin iompú ina n-éiceaicídí geall leis i gcónaí. Is oth le CESE nach raibh nó nach bhfuil aon cheann de na bearta nó de na rialuithe a moladh infheidhme maidir leis na cásanna sin. |
3.8. |
Leag CESE amach a mholtaí le haghaidh athbhreithniú ar an Treoir i dTuarascáil Faisnéise NAT/767 maidir le Meastóireacht ar an Treoir maidir le Coireacht Chomhshaoil. I bhfianaise an togra a foilsíodh, athdhearbhaíonn CESE na moltaí a rinne sé cheana breith ar an bhfaill seo agus athbhreithniú á dhéanamh ar an Treoir chun cinneadh ar chion ginearálta maidir leis an gcomhshaol a chur i mbaol, chun idirphlé buan a bhunú idir na húdaráis phoiblí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus chun raon feidhme an dlí choiriúil comhshaoil a leathnú d’fhonn an chibearchoiriúlacht chomhshaoil a chumhdach ann. |
3.9. |
Tá sé léirithe ag roinnt imscrúduithe gur minice a théitear ar iontaoibh coireanna comhshaoil anois mar mhodh éillithe nó i ndáil le cleachtais éillitheacha, nó mar chion preideacáide i gcomhair sciúradh airgid. De réir mar a dhéanfar tuilleadh acmhainní ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh a leithdháileadh le haghaidh an aistrithe ghlais, is mó an baol a bheidh ann, dar leis an gCoiste, go dtarlóidh coireanna a bhaineann le cur chun feidhme na gcistí sin. Siúd is gur fíor go bhfuil an bainistiú dramhaíola ar cheann de na hearnálacha ardriosca, tá an baol ann go ndéanfaidh an t-éilliú, an sciúradh airgid nó an chalaois difear do go leor réimsí eile a mbíonn tionchar acu ar chosaint an chomhshaoil. Is díol sásaimh do CESE go bhfuil na rioscaí sin curtha san áireamh sna haithrisí ach tarraingíonn sé aird ar an ngá atá le tuilleadh acmhainní a leithdháileadh chun cionta den sórt sin a shainaithint agus a imscrúdú, chun oiliúint a chur ar ghníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí agus chun go mbeidh rochtain ag an tsochaí shibhialta agus ag iriseoirí ar fhaisnéis lena bhféadfaí iompar den sórt sin a thabhairt chun solais. |
3.10. |
Ina Thuarascáil Faisnéise NAT/824 Cosaint an chomhshaoil mar réamhriachtanas chun cearta bunúsacha a urramú (5), leag CESE béim ar an ngéarghá atá ann go gcuirfeadh an tAontas Eorpach ar aghaidh togra le haghaidh Treoir maidir le Rialachas Corparáideach Inbhuanaithe agus dlí frith-SLAPP (Cásanna Dlí Straitéiseacha in aghaidh Rannpháirtíocht Phoiblí) chun cosantóirí comhshaoil, iriseoirí agus sceithirí a chosaint. Tá CESE ag athdhearbhú na moltaí sin agus is díol sásaimh dó go bhfuil foráil ann maidir le cosaint a thabhairt do dhaoine a thuairiscíonn cionta comhshaoil nó a chuidíonn le himscrúdú. |
3.11. |
Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé beartaithe caighdeáin íosta maidir le pionóis agus smachtbhannaí a chomhchuibhiú agus iompar coiriúil a leathnú d’fhonn is go gcuirfear san áireamh ann an fhaillí thromchúiseach agus an cur i mbaol, chomh maith le himthosca géaraitheacha agus maolaitheacha, agus an tagairt do phionóis bhreise agus do smachtbhannaí breise. |
3.12. |
Tacaíonn CESE leis an iarraidh a rinne an Pharlaimint i dtuarascáil 2020/2027(INI) maidir le dliteanas cuideachtaí as damáiste a dhéanamh don chomhshaol agus molann sé don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a fhéideartha atá sé cur le dlínse Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh d’fhonn coireanna comhshaoil a áireamh faoina scáth, rud a chruthódh Oifig Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh don Chomhshaol a bheadh in ann cur leis an gcomhrac i gcoinne coireanna comhshaoil a bhfuil naisc aitheanta acu leis an gcoireacht eagraithe. Thairis sin, tá CESE á mholadh don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a fhéideartha atá sé cur le sainordú na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise ionas go mbeidh sí in ann imscrúduithe riaracháin a dhéanamh faoi chionta comhshaoil. |
4. Barúlacha sonracha
4.1. Pionóis agus smachtbhannaí
4.1.1. |
Tá CESE i bhfách leis go dtabharfar isteach caighdeáin íosta maidir le huasteorainneacha a leagan síos do phionóis arna ngearradh ar dhaoine príobháideacha agus uasteorainneacha do smachtbhannaí arna gcur ar dhaoine dlítheanacha. Ina cheann sin, is mór ag CESE go n-aithnítear an gá atá le fíneálacha riaracháin agus coiriúla a údarú san am céanna chomh maith le bearta calctha agus coigistíochta a údarú, agus an bunphrionsabal á urramú faoina gcinntear nach ceart ionchúiseamh a dhéanamh faoi dhó i gcás an chiona chéanna. Ar a shon sin, creideann CESE gur cheart teorainneacha na smachtbhannaí a mhéadú go mór má tá siad le bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Trí leibhéil smachtbhannaí a leagan síos le haghaidh sáruithe ar dhlí an chomhshaoil atá níos ísle ná na smachtbhannaí a chuirtear i bhfeidhm i réimsí eile de dhlí an Aontais Eorpaigh, mar shampla dlí na hiomaíochta, tá teachtaireacht tuathail á cur amach faoin leibhéal tosaíochta is dlite d’acquis dhlí comhshaoil an Aontais, lena n-áirítear an Comhaontú Glas don Eoraip agus spriocanna aeráide 2030. |
4.2. Cionta comhshaoil
4.2.1. |
Tacaíonn CESE leis an iarraidh a rinne an Pharlaimint i dtuarascáil 2020/2027(INI) maidir le dliteanas cuideachtaí as damáiste a dhéanamh don chomhshaol, go ndéanfadh an Coimisiún meastóireacht ar a fhéideartha atá sé coireanna comhshaoil a áireamh sna deich gcatagóir uileghabhálacha cionta a luaitear in Airteagal 83(1) CFAE (6). |
4.2.2. |
Is díol sásaimh do CESE gur cuireadh le liosta na gcionta sa togra maidir le Treoir athbhreithnithe. Thar aon ní eile, is díol sásaimh dó gur cuireadh isteach na sáruithe ar Threoir 2011/92/AE maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a bhíonn ag tionscadail phoiblí agus phríobháideacha áirithe ar an gcomhshaol. |
4.2.3. |
Creideann CESE gur cheart an liosta cionta a leathnú d’fhonn oiread cineálacha coireachta agus is féidir a áireamh ann ionas nach gá athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir an athuair go gairid tar éis di teacht i bhfeidhm agus chun deimhin a dhéanamh de go ndéanfar gníomhaíocht choiriúil chomhshaoil ar leith a phionósú, mar is ceart. Tá CESE á mholadh do na comhreachtóirí aon mhéaduithe ar an liosta iompair a mholadh nuair is cion coiriúil atá i gceist ach an t-iompar a bheith neamhdhleathach agus arna dhéanamh d’aon ghnó nó le faillí thromchúiseach. |
4.3. Sainmhíniú ar an rud is damáiste substaintiúil ann
4.3.1. |
Ós rud é gur aithníodh débhríocht an téarma “damáiste substaintiúil” sa sean-Treoir a bheith ina constaic mhór ar imscrúduithe éifeachtacha agus ar ionchúisimh éifeachtacha a dhéanamh, creideann CESE nach leor na heilimintí atá molta chun measúnú a dhéanamh cibé acu an bhfuil damáiste substaintiúil i gceist nó nach bhfuil; creideann sé freisin go mb’fhéidir gur ghá tuilleadh treorach a thabhairt agus go mba shoiléire an ní sainmhíniú neamhspleách ar an rud is “damáiste substaintiúil” ann. D’fhéadfadh sé sin cur go mór le comhchuibhiú inmheánach iomlán na sainmhínithe, na bparaiméadar agus na dtuiscintí sa Treoir, rud a bhfuil géarghá leis. |
4.4. Dliteanas coiriúil i leith daoine dlítheanacha
4.4.1. |
Aithníonn CESE go bhfuil éagsúlachtaí suntasacha idir na córais dlí ó Bhallstát go chéile a fhad a bhaineann le dliteanas cuideachtaí agus máthairchuideachtaí a rialáil ach, mar sin féin, is oth leis an gCoiste nach ndéantar athbhreithniú sa togra ón gCoimisiún ar an bhfoclaíocht bhunaidh maidir le dliteanas daoine dlítheanacha d’fhonn féachaint le tuilleadh comhchuibhithe a bhaint amach. |
4.4.2. |
Cuireann CESE béim ar na ceisteanna a d’ardaigh an Pharlaimint i dtuarascáil 2020/2027(INI) maidir le dliteanas cuideachtaí as damáiste a dhéanamh don chomhshaol, mar atá, gur cheart do chuideachtaí, i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, na costais iomlána a sheasamh a leanann an díobháil don chomhshaol a rinne siad féin, rud a d’fheidhmeodh mar dhreasú dóibh chun seachtrachtaí comhshaoil a inmheánú agus chun seachtrú na gcostas a sheachaint. |
4.4.3. |
Is ábhar imní do CESE an chaoi a ndéantar dliteanas a eisiamh go sainráite i gcás údaráis an Stáit agus creideann sé nár cheart aon chonstaic a fhágáil sa tslí agus lucht déanta cionta comhshaoil á n-ionchúiseamh, go háirithe nuair a fhaightear ceadanna agus ceadúnais mar thoradh ar éilliú na n-údarás poiblí. |
4.5. Idirghníomhaíocht leis an bpobal
4.5.1. |
Is díol sásaimh do CESE go bhfuil foráil ann maidir le cosaint a thabhairt do sceithirí agus do dhaoine a thuairiscíonn cionta comhshaoil nó a chuidíonn leis an imscrúdú. Leagann an Coiste béim ar an ról atá ag an bpobal i gcoitinne agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le coireanna comhshaoil a bhrath agus a thuairisciú agus cuireann sé chun suntais an gá atá ann do na húdaráis phoiblí tuilleadh cosanta a thabhairt do chosantóirí comhshaoil agus cur leis an idirphlé leo. Cuireann an Coiste chun suntais gur gá an chosaint a thugtar do dhaoine a thuairiscíonn cionta comhshaoil nó a chabhraíonn leis an imscrúdú a leathnú d’fhonn daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha a chuimsiú. |
4.5.2. |
Tá CESE i bhfách leis an aird a dhírítear sa togra ar chosaint a thabhairt do dhaoine a thuairiscíonn cionta comhshaoil nó a chabhraíonn le himscrúduithe. Le blianta beaga anuas, áfach, ní hamháin gur cuireadh brú millteanach ar sceithirí eolais agus go ndearnadh foréigean fiú amháin orthu, ach tugadh an íde chéanna do ghníomhaithe comhshaoil agus d’iriseoirí iniúchacha a bhíonn ag tuairisciú faoi choireanna comhshaoil. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach a áirithiú go gcuirfear cosaint leordhóthanach ar fáil i ngach Ballstát do sceithirí, agus dóibh siúd a chuideodh leo a dtuairiscí a chur in iúl don phobal, amhail gníomhaithe nó iriseoirí. |
4.5.3. |
Is díol sásaimh do CESE an t-aitheantas atá á thabhairt don cheart atá ag daoine den phobal lena mbaineann páirt a ghlacadh in imeachtaí. Cuireann an Coiste chun suntais a thábhachtaí atá sé an ceart sin a chur i bhfeidhm agus a léirmhíniú i bhfianaise Airteagal 2(5) de Choinbhinsiún Aarhus (7). Ina theannta sin, ós rud é nach féidir leis an gcomhshaol a chás féin a chosaint ná ionadaíocht a dhéanamh air féin i láthair cúirte, leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé foráil a dhéanamh do rochtain phoiblí leordhóthanach ar cheartas mar a shainmhínítear in Airteagal 9(3) de Choinbhinsiún Aarhus. |
4.5.4. |
Tá CESE á mholadh do na hinstitiúidí Eorpacha agus na Ballstáit freisin a dtacaíocht do chosantóirí comhshaoil lasmuigh den Aontas Eorpach a mhéadú, trí chainéil taidhleoireachta, trí Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) agus trí chainéil na sochaí sibhialta. |
4.5.5. |
Tá CESE á mholadh go mbeadh an tsochaí shibhialta rannpháirteach i gcur chun feidhme na Treorach nua. |
4.5.6. |
Athdhearbhaíonn CESE gurb é an “slabhra forfheidhmiúcháin” an dara leath den slabhra soláthair iomlán a ghabhann leis an gcoireacht chomhshaoil agus an chaoi a gcaitear léi (féach: cionta arna ndéanamh-arna mbrath-arna dtuairisciú-arna bpionósú). Léiríodh i staidéir a rinneadh roimh thuarascáil faisnéise NAT/767 ó CESE go bhfuil líon mór bearnaí suntasacha sa chéad leath den slabhra, go príomha mar gheall ar an eolas éagsúil ar choireacht agus na tuiscintí éagsúla ina leith a fhaightear ar leibhéal na sochaí. Is den mhórthábhacht an tsaincheist a chur faoi bhráid na sochaí ar fad agus feasacht a mhúscailt ina leith má táthar chun freagracht shóisialta a chothú, óir baintear an bonn d’éifeachtúlacht an tslabhra forfheidhmiúcháin dá huireasa. Chuige sin, tá gá le hoiliúint agus cumarsáid phoiblí, agus tá rannchuidiú na sochaí sibhialta ríthábhachtach. |
4.6. Slabhra forfheidhmiúcháin
4.6.1. |
Is díol sásaimh do CESE na forálacha maidir le cosc, acmhainní, oiliúint, uirlisí imscrúdaitheacha, comhar trasteorann agus straitéisí náisiúnta. Athdhearbhaíonn CESE an moladh a rinne sé i dTuarascáil Faisnéise NAT/767 gur cheart do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh sainfhórsaí póilíneachta, ionchúisitheoirí speisialaithe, breithiúna speisialaithe agus cúirteanna speisialaithe i réimse na coireachta comhshaoil a chur ar bun. Mar a aithníodh le linn na meastóireachta ar an leagan reatha den Treoir, de thoradh comhairliúcháin le geallsealbhóirí agus le lucht acadúil, tá bacainní móra ann maidir le brath, ionchúiseamh agus forfheidhmiú i ngeall ar na leibhéil ísle saineolais agus acmhainní atá ar fáil chun an choireacht chomhshaoil agus an choireacht chomhshaoil eagraithe a chomhrac sna Ballstáit. Creideann CESE nach mbeidh éifeacht leis an Treoir ach amháin má chuirtear acmhainní agus oiliúint leordhóthanach ar fáil lena chois sin ar leibhéal na mBallstát. Measann CESE gur céim dhearfach chun cinn iad na straitéisí náisiúnta atá beartaithe sa Treoir nua. |
4.6.2. |
Tá CESE den tuairim go bhféadfadh sé gur ghné thábhachtach den Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach é faisnéis chomhshaoil a chur san áireamh sa chuid neamhairgeadais de thuarascálacha bliantúla cuideachtaí, lena n-áirítear faisnéis maidir le coireanna arna ndéanamh ag daoine dlítheanacha. |
4.7. Oiliúint agus Oideachas
4.7.1. |
Cuireann CESE chun suntais an gá atá ann oiliúint d’oifigigh náisiúnta agus ardú feasachta i measc an phobail araon a áireamh mar chuid den ghné oideachasúil. Is díol sásaimh do CESE an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta comhshaoil agus tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na Ballstáit trí líonraí gairmiúla a chur ar fáil, uirlisí nua braite agus forfheidhmiúcháin a fhorbairt, agus athbhreithniú a dhéanamh ar chláir oiliúna do bhreithiúna agus d’ionchúisitheoirí. Creideann CESE, áfach, nár cheart feidhm a bheith ag scéimeanna oiliúna agus oideachais maidir le rannpháirtíocht oifigeach náisiúnta sa slabhra forfheidhmiúcháin, agus léi sin amháin, ach gur cheart fáil a bheith ag pobal níos leithne orthu. |
4.8. Sonraí agus staidreamh coireachta a thuairisciú
4.8.1. |
Is díol sásaimh do CESE na dualgais maidir le bailiú sonraí agus tuairisciú atá beartaithe. Mar sin féin, cuid suntais, dar leis, is ea an tuarascáil ó Eurojust, ina dtugtar le fios agus ina léirítear go bhfuil dúshláin ann maidir le sonraí fóinteacha coireachta agus staidreamh fóinteach coireachta a bhailiú toisc nach ann d’aon sainmhíniú ar an rud is coir chomhshaoil ann a bhfuil comhaontú uilíoch ann ina thaobh (8). |
4.8.2. |
Is díol sásaimh do CESE tiomantas an Choimisiúin tuarascáil dhébhliantúil a eisiúint maidir leis na sonraí arna dtarchur ag na Ballstáit agus cuireann sé in iúl gur cheart don staidreamh bliantúil náisiúnta maidir le coireacht bonn eolais a chur faoin Athbhreithniú ar Chur Chun Feidhme an Bheartais Comhshaoil agus é a threisiú. |
5. Trasuí agus cur chun feidhme airgeadais
5.1. |
Thar aon ní eile, déanann coireanna comhshaoil damáiste don chomhshaol agus don tsláinte, ach, ina theannta sin, déanann siad saobhadh ar an iomaíocht agus ar an gciorclaíocht, ídíonn siad acmhainní poiblí trí chostais athchuir agus feabhsúcháin a sheachtrú agus fágann siad na cáiníocóirí cailllteach leis ós rud é go dtéann siad timpeall ar an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as. Mura ndéanfar forfheidhmiú leordhóthanach agus mura ngearrfar smachtbhannaí ar lucht déanta na gcionta de thoisc damáiste a dhéanamh don chomhshaol, lena n-áirítear tríd an dlí coiriúil, bainfidh na coireanna comhshaoil an bonn d’éifeachtacht an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip ina iomláine. Creideann CESE, dá bhrí sin, gur mó an tionchar dearfach a bheidh ag an Treoir seo ar chistí poiblí an Aontais Eorpaigh agus ar chistí poiblí náisiúnta ná na hacmhainní is gá a úsáid chun í a thrasuí agus a chur chun feidhme. |
6. Réigiúnacht agus coimhdeacht
6.1. |
Tugann CESE dá aire gur sáruithe áitiúla/ar leibhéal an bhardais nó sáruithe ar mhionscála/fo-réigiúnacha is cúis, beagnach i gcónaí, le sáruithe i réimse an chomhshaoil, cé go bhféadfadh tionchar a bheith acu go fada fairsing: mar shampla, ní hamháin go mbíonn foinsí truaillithe sonrach, dian nó scaipthe ach bíonn na foinsí sin suimitheach agus carnach freisin. |
6.2. |
Ba cheart na céimeanna braite agus tuairiscithe a threisiú agus cur chuige áitbhunaithe a shaothrú chomh maith. Ba cheart trealamh teicniúil, acmhainní daonna agus scileanna, freagracht fheidhmiúil, acmhainní buiséadacha agus maoiniú a leithdháileadh don dúshlán réigiúnach sin de réir scála an dúshláin. |
An Bhruiséil, 23 Márta 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) NAT/767 – Meastóireacht ar an Treoir maidir le Coireacht Chomhshaoil (tuarascáil faisnéise).
(2) Tuarascáil ar Chásobair Eurojust ar an gCoireacht Chomhshaoil – Eanáir 2021.
(3) SWD(2020) 259 final an 28 Deireadh Fómhair 2020.
(4) Stop Ecocide Foundation, Meitheamh 2021, Painéal Neamhspleách Saineolaithe maidir le Sainmhíniú Dlí ar Éiceaicíd, Tráchtaireacht agus Croí-Théacs.
(5) NAT/824 – Cosaint an chomhshaoil mar réamhriachtanas chun cearta bunúsacha a urramú (tuarascáil faisnéise).
(6) Tuarascáil ón bParlaimint 2020/2027(INI).
(7) Coinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Chearta i gCúrsaí Comhshaoil.
(8) Tuarascáil ar Chásobair Eurojust ar an gCoireacht Chomhshaoil – Eanáir 2021.
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290/149 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh
(COM(2022) 51 final — 2022/0035 (COD))
(2022/C 290/24)
Rapóirtéir ginearálta: |
Francisco Javier GARAT PÉREZ |
Comhairliúchán |
Parlaimint na hEorpa, 17.2.2022 An Chomhairle, 28.2.2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 43(2) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
24.3.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
568 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
219/0/0 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Tá CESE á athdhearbhú a bharúlacha maidir leis an togra le haghaidh rialacháin a cuireadh i láthair i dtuairim 2018/05155 (1) agus i dtuairim 2020/02842 (2). Leagtar amach na conclúidí agus na moltaí a áirítear sna tuairimí sin thíos. |
1.2. |
Creideann CESE gur cheart na bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe a ghlac Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) a thrasuí i ndlí an Aontais d’fhonn a gcur chun feidhme aonfhoirmeach agus éifeachtach laistigh den Aontas a áirithiú. |
1.3. |
Tá CESE den tuairim, áfach, nach mbunaítear leis an togra reatha sásra éifeachtúil chun na bearta arna nglacadh ag NAFO a thrasuí agus nach réitítear leis an tsaincheist go gcaithfear na bearta sin a thabhairt cothrom le dáta gach bliain. |
1.4. |
Tá CESE i bhfabhar sásra níos éifeachtúla agus níos simplí a bhunú. Dá bhrí sin, molann sé rialachán a dhréachtú ina bhfuil airteagal aonair lena sonraítear nach mór don Aontas Eorpach bearta NAFO a chur i bhfeidhm ar a chabhlach gan eisceacht. |
1.5. |
Leagann CESE béim ar an riosca a bhaineann le córas gníomhartha tarmligthe a thabhairt isteach, ós rud é go dtabharfadh sé sin an chumhacht don Choimisiún reachtaíocht a rith gan ceangal a bheith air cloí leis na gnáthnósanna imeachta. |
2. Éirim an togra reachtaigh
2.1. |
Is é príomhchuspóir an togra reatha na bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe a ghlac NAFO ag an gcruinniú bliantúil a bhí aige i mí Mheán Fómhair 2021 a thrasuí i ndlí an Aontais. |
2.2. |
Ionchorpraítear leis leasuithe maidir leis an gcuóta “Eile” a ríomh, lena bhforáiltear bearta tionlacain le haghaidh Trosc i Roinn 3M, maidir le cigireacht oibríochtaí, chomh maith le haileabónna Graonlannacha. |
2.3. |
Áirítear freisin forálacha nua maidir le nósanna imeachta breise, sáruithe tromchúiseacha i ndáil le húsáid mogallmhéideanna, greille nó gráta áirithe, agus bearta treisithe a bhaineann leis an obair leantach i dtaca le sáruithe, chomh maith le doiciméid a tharchur chuig NAFO agus chuig an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach. |
2.4. |
Leis an togra, déantar cumhachtaí a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Rialachán (AE) 2019/833 a leasú maidir le tabhairt i dtír agus cigireacht le haghaidh aileabónna Graonlannacha agus bearta rialaithe le haghaidh Trosc i Roinn 3M, má leasaíonn NAFO a bhearta amach anseo. |
2.5. |
Tá CESE ag aithint an ghá atá le dlús a chur leis na forálacha sin a chur chun feidhme chun go bhféadfaidh soithigh an Aontais iascaireacht a dhéanamh ar an mbonn céanna le soithigh eile Pháirtithe Conarthacha NAFO. |
3. Barúlacha ginearálta
3.1. |
Creideann CESE gur cheart na bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe a glacadh ag an gcruinniú bliantúil deireanach de chuid NAFO a thrasuí i ndlí an Aontais d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach iad ar fud an Aontais. |
3.2. |
Creideann sé, áfach, nach bhfuil an nós imeachta trasuímh bunaithe ar shásra éifeachtúil go fóill, ós rud é go leasaítear na bearta sin gach bliain agus go bhfuil nósanna imeachta maorlathacha an Aontais an-mhall, rud a fhágann go bhfuil aga moille leanúnach ann idir na rialacha arna nglacadh ag NAFO agus reachtaíocht an Aontais. |
3.3. |
Tá CESE á athdhearbhú gur gá nós imeachta níos cuíchóirithe a ghlacadh, amhail an nós imeachta a mhol sé in 2019 agus 2020, ar thacaigh riaracháin na mBallstát agus na n-earnálacha lena mbaineann leis freisin. Is éard a bheadh ann rialachán simplí, ina mbeadh airteagal aonair lena léireofaí tiomantas an Aontais Eorpaigh na rialacha a ghlacann NAFO gach bliain a chur i bhfeidhm ar a chabhlach gan eisceacht. |
3.4. |
Tá CESE ag tabhairt rabhaidh arís, dá leanfaí ar aghaidh leis an Rialachán, go bhféadfadh rialacha a bheith ag teacht salach ar a chéile nó ar a laghad tréimhsí éiginnteachta dlíthiúla a bheith ann d’údaráis riaracháin agus do ghnólachtaí iad féin, nach mbeidh a fhios acu an gá dóibh na rialacha a bhí i bhfeidhm san Aontas roimhe sin nó na rialacha nua atá i bhfeidhm san Aontas a chomhlíonadh. Ina theannta sin, cruthaítear saobhadh leis an méid sin agus na bearta maidir le cabhlaigh neamh-AE á gcur i bhfeidhm. |
3.5. |
Creideann CESE gurb é an t-aon rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca córas na ngníomhartha tarmligthe a thabhairt isteach ná rialacha a leagan síos gan dul trí na gnáthnósanna imeachta. |
An Bhruiséil, 24 Márta 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Tuairim ó CESE Bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe i limistéar Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (níl leagan Gaeilge ann), IO C 159, 10.5.2019, lch. 60.
(2) Tuairim ó CESE Bearta Caomhnaithe agus Forfheidhmithe — NAFO (níl leagan Gaeilge ann), IO C 429, 11.12.2020, lch. 279.
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290/151 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhse cur i bhfeidhm an tsásra aistrithe táillí roghnaigh i ndáil le soláthairtí earraí agus seirbhísí áirithe atá soghabhálach do chalaois agus le tréimhse cur i bhfeidhm an tSásra Frithghnímh Mhear in aghaidh na calaoise CBL
(COM(2022) 39 final — 2022/0027 (CNS))
(2022/C 290/25)
Comhairliúchán |
Comhairle an Aontais Eorpaigh, 28.2.2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
23.3.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
568 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
194/1/4 |
Ós rud é go bhfuil ábhar an togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhse cur i bhfeidhm an tsásra aistrithe táillí roghnaigh i ndáil le soláthairtí earraí agus seirbhísí áirithe atá soghabhálach do chalaois agus le tréimhse cur i bhfeidhm an tSásra Frithghnímh Mhear in aghaidh na calaoise CBL formhuinithe ag an gCoiste agus gurb é a mheas nach gá dó aon bharúil a thabhairt uaidh, chinn sé, ag an 568ú seisiún iomlánach an 23 agus an 24 Márta 2022 (cruinniú an 23 Márta), le 196 vóta ar son, 1 vóta in aghaidh agus 4 staonadh, tuairim a eisiúint lena bhformhuinítear an téacs atá beartaithe.
An Bhruiséil, 23 Márta 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290/152 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 2003/17/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann lena thréimhse feidhme agus a mhéid a bhaineann le coibhéis cigireachtaí allamuigh a dhéantar sa Bholaiv maidir le barra táirgthe síl gránach agus le barra táirgthe síl plandaí ola agus plandaí snáithín agus maidir le coibhéis síl gránach agus síol plandaí ola agus plandaí snáithín a tháirgtear sa Bholaiv
(COM(2022) 26 final — 2021/0016 (COD)
(2022/C 290/26)
Comhairliúchán |
Parlaimint na hEorpa, 14.2.2022 An Chomhairle, 8.2.2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 43(2) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
23.3.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
568 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
178/1/7 |
Ós rud é go bhfuil a chuid barúlacha leagtha amach cheana ag an gCoiste ina thuairim arna glacadh an 14 Feabhra 2018 maidir le Coibhéis cigireachtaí — síol a tháirgtear sa Bhrasaíl agus sa Mholdóiv (1), chinn sé, ag an 568ú seisiún iomlánach an 23 agus an 24 Márta 2022 (cruinniú an 23 Márta), le 1 vóta in aghaidh 178 vóta ar son agus 7 staonadh, gan tuairim nua a tharraingt suas ar an ábhar, ach tagairt a dhéanamh don seasamh a ghlac sé sa doiciméad thuasluaite.
An Bhruiséil, 23 Márta 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290/153 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha idirthréimhseacha maidir le pacáistiú agus lipéadú táirgí íocshláinte tréidliachta atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2001/82/CE agus le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004
(COM(2022) 76 final — 2022/0053 (COD))
(2022/C 290/27)
Comhairliúchán |
Parlaimint na hEorpa, 7.3.2022 An Chomhairle, 11.3.2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 114, Airteagal 168(4)(b) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
23.3.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
568 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
193/0/4 |
Ós rud é go n-aontaíonn an Coiste le hábhar an togra agus gurb é a mheas nach gá dó aon bharúil a thabhairt uaidh, chinn sé, ag an 568ú seisiún iomlánach an 23 agus an 24 Márta 2022 (cruinniú an 23 Márta), le 193 vóta ar son agus 4 staonadh, tuairim a eisiúint lena bhformhuinítear an téacs atá beartaithe.
An Bhruiséil, 23 Márta 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290/154 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE)
(COM(2022) 109 final — 2022/0075 (COD)
(2022/C 290/28)
Comhairliúchán |
Parlaimint na hEorpa, 10.3.2022 An Chomhairle, 10.3.2022 |
Bunús dlí |
Airteagail 175(3), 177 agus 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
23.3.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
568 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
199/0/6 |
Ós rud é go bhformhuiníonn an Coiste ábhar an togra go huile agus go hiomlán agus go bhfuil a chuid barúlacha faoin ábhar leagtha amach cheana aige i dtuairimí SOC/597 – Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (níl leagan Gaeilge ann), a glacadh an 17 Deireadh Fómhair 2018, ECO/462 – Rialachán maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (níl leagan Gaeilge ann), a glacadh an 17 Deireadh Fómhair 2018, agus i bpáipéir sheasaimh SOC/651 – An Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD)/Géarchéim COVID-19 (níl leagan Gaeilge ann), ECO/517 – COVID-19: Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa – Rialacha eisceachtúla solúbthachta (níl leagan Gaeilge ann), chinn an Coiste, ag an 568ú seisiún iomlánach a bhí aige an 23 agus 24 Márta 2022 (cruinniú an 23 Márta 2022), le 199 vóta ar a shon, 0 vóta ina aghaidh agus 6 staonadh, tuairim a eisiúint lena bhformhuinítear an téacs atá beartaithe agus tagairt a dhéanamh don seasamh a ghlac sé sna doiciméid thuasluaite.
An Bhruiséil, 23 Márta 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG