ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
Clár |
Leathanach |
|
|
I Rúin, moltaí agus tuairimí |
|
|
MOLTAÍ |
|
|
Bord Eorpach um Riosca Sistéamach |
|
2022/C 286/01 |
|
II Faisnéis |
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2022/C 286/02 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10809 – CD&R / TPG / COVETRUS) ( 1 ) |
|
III Gníomhartha ullmhúcháin |
|
|
AN BANC CEANNAIS EORPACH |
|
2022/C 286/03 |
|
IV Fógraí |
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
An Chomhairle |
|
2022/C 286/04 |
||
2022/C 286/05 |
||
2022/C 286/06 |
||
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2022/C 286/07 |
||
2022/C 286/08 |
||
2022/C 286/09 |
Tuarascáil Deiridh an Oifigigh Éisteachta — Cás AT.39839 — Telefónica agus Portugal Telecom (leasú) |
|
2022/C 286/10 |
||
|
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT |
|
2022/C 286/11 |
|
V Fógairtí |
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2022/C 286/12 |
||
2022/C 286/13 |
||
2022/C 286/14 |
|
Ceartúcháin |
|
|
||
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
|
I Rúin, moltaí agus tuairimí
MOLTAÍ
Bord Eorpach um Riosca Sistéamach
27.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/1 |
MOLADH ÓN MBORD EORPACH UM RIOSCA SISTÉAMACH
an 02 Meitheamh 2022
lena leasaítear Moladh BERS/2015/2 maidir leis an measúnú ar éifeachtaí trasteorann agus ar chómhalartacht dheonach beart beartais macrastuamachta
(BERS/2022/4)
(2022/C 286/01)
TÁ BORD GINEARÁLTA AN BHOIRD EORPAIGH UM RIOSCA SISTÉAMACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), go háirithe Iarscríbhinn IX de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (2), agus go háirithe Airteagail 3, 16 agus 18 de,
Ag féachaint do Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (3), agus go háirithe Roinn II de Chaibidil 4 de Theideal VII de,
Ag féachaint do Chinneadh BERS/2011/1 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach an 20 Eanáir 2011 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach (4), agus go háirithe Airteagail 18 go 20 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Chun bearta beartais macrastuamachta náisiúnta atá éifeachtach comhsheasmhach a áirithiú, tá sé tábhachtach an t-aitheantas a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais a chomhlánú leis an gcómhalartacht dheonach. |
(2) |
Is é is aidhm don chreat maidir le cómhalartacht dheonach i ndáil le bearta beartais macrastuamachta a leagtar amach i Moladh BERS/2015/2 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (5) a áirithiú go ndéanfar na bearta beartais macrastuamachta ar fad atá bunaithe ar neamhchosaintí agus a ghníomhachtaítear i mBallstát amháin a chómhalartú sna Ballstáit eile. |
(3) |
Moltar i Moladh BERS/2017/4 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (6) go ndéanfaidh an t-údarás gníomhachtaithe ábhartha tairseach ábharthachta uasta a mholadh nuair a bheidh iarraidh ar chómhalartú á cur faoi bhráid an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach (BERS), ar faoina bhun is féidir a mheas gur neamhábhartha neamhchosaint an tsoláthraí aonair seirbhísí airgeadais ar an riosca macrastuamachta sainaitheanta sa dlínse ina gcuireann an t-údarás gníomhachtaithe an beart beartais macrastuamachta i bhfeidhm. Féadfaidh BERS tairseach eile a mholadh má mheastar gur gá sin. |
(4) |
An 10 Márta 2022 (7), rinne Bundesanstalt für Finanzdienstleistungsaufsicht (BaFin), ag gníomhú dó mar údarás ainmnithe ag an nGearmáin chun críocha Airteagal 133(10) de Threoir 2013/36/AE, fógra a chur chuig BERS go raibh beartaithe aige ráta maoláin um riosca sistéamach (SyRB) a shocrú faoi Airteagal 133(9) den Treoir sin maidir le gach neamhchosaint (i.e. neamhchosaintí miondíola agus neamh-mhiondíola) ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha a urraítear le réadmhaoin chónaithe atá lonnaithe sa Ghearmáin. Beidh feidhm ag SyRB (i) maidir le hinstitiúidí creidmheasa atá údaraithe sa Ghearmáin agus a úsáideann an cur chuige bunaithe ar rátálacha inmheánacha (IRB) chun a méideanna neamhchosanta ualaithe de réir riosca a ríomh, agus (ii) maidir le hinstitiúidí creidmheasa atá údaraithe sa Ghearmáin agus a úsáideann an cur chuige caighdeánaithe (SA) chun a méideanna neamhchosanta ualaithe de réir riosca a ríomh le haghaidh neamhchosaintí a urraítear go huile agus go hiomlán le maoin chónaithe, dá dtagraítear in Airteagal 125(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). |
(5) |
Tháinig an beart i bhfeidhm an 1 Aibreán 2022 agus ní mór d’institiúidí creidmheasa atá údaraithe sa Ghearmáin a chomhlíonadh ón 1 Feabhra 2023 amach. Athbhreithneofar an beart gach dara bliain ar a laghad, i gcomhréir le forálacha dlí Threoir 2013/36/AE. Ina theannta sin, déanfaidh BaFin faireachán ar fhorbairt an bhunriosca a dtugtar aghaidh air le SyRB agus, má mheastar gurb iomchuí sin, coigeartóidh sé an ráta maoláin. |
(6) |
Chuir BaFin iarratas ar chómhalartú an ráta maoláin um riosca sistéamach faoi Airteagal 134(5) de Threoir 2013/36/AE faoi bhráid BERS an 10 Márta 2022 (9). |
(7) |
Tar éis an iarratais a chuir BaFin isteach, inar iarradh go ndéanfadh na Ballstáit eile an beart a chómhalartú, agus chun cosc a chur ar iarmhairtí diúltacha trasteorann a theacht chun tosaigh i bhfoirm sceitheadh agus arbatráiste rialála a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar chur chun feidhme an bhirt beartais macrastuamachta a mbeidh feidhm aige sa Ghearmáin, chinn Bord Ginearálta BERS an beart sin a chuimsiú freisin ar liosta na mbeart beartais macrastuamachta a mholtar a chómhalartú faoi Mholadh BERS/2015/2. |
(8) |
Mar sin, ba cheart Moladh BERS/2015/2 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH
Leasuithe
Leasaítear Moladh BERS/2015/2 mar a leanas:
1. |
in Alt 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fho-mholadh C(1):
(*1) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176 27.6.2013, lch. 1)." |
2. |
Is í an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh seo a chuirtear in ionad na hIarscríbinne. |
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 2 Meitheamh 2022.
Ceann Rúnaíocht BERS,
Ar son Bhord Ginearálta BERS
Francesco MAZZAFERRO
(2) IO L 331, 15.12.2010, lch. 1.
(3) IO L 176, 27.6.2013, lch. 338.
(4) IO C 58, 24.2.2011, lch. 4.
(5) Moladh BERS/2015/2 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach an 15 Nollaig 2015 maidir le measúnú ar éifeachtaí trasteorann agus ar chómhalartacht dheonach beart beartais macrastuamachta (IO C 97, 12.3.2016, lch. 9).
(6) Moladh BERS/2017/4 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach an 20 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Moladh BERS/2015/2 maidir le measúnú ar éifeachtaí trasteorann agus ar chómhalartacht dheonach beart beartais macrastuamachta (IO C 431, 15.12.2017, lch. 1).
(7) Cuireadh an chéad fhógra faoi bhráid BERS an 24 Feabhra 2022. Cuireadh leagan nuashonraithe den fhógra faoi bhráid BERS an 10 Márta 2022.
(8) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(9) Cuireadh an chéad fhógra faoi bhráid BERS an 24 Feabhra 2022. Cuireadh leagan nuashonraithe den fhógra faoi bhráid BERS an 10 Márta 2022.
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh BERS/2015/2:
“IARSCRÍBHINN
An Bheilg
Ráta maoláin um riosca sistéamach 9 % ar gach neamhchosaint mhiondíol IRB a urraítear le maoin chónaithe dho-aistrithe a bhfuil an chomhthaobhacht ina leith lonnaithe sa Bheilg.
I. Cur síos ar an mbeart
1. |
Forchuirtear le beart na Beilge, arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 133 de Threoir 2013/36/AE ráta maoláin um riosca sistéamach 9 % ar neamhchosaintí miondíola IRB ar dhaoine nádúrtha a urraítear le maoin chónaithe dho-aistrithe a bhfuil an chomhthaobhacht ina leith lonnaithe sa Bheilg(neamhchosaintí nár mhainnigh agus neamhchosaintí a mhainnigh araon). |
II. An Cómhalartú
2. |
Moltar do na húdaráis ábhartha beart na Beilge a chómhalartú trína chur i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí miondíola IRB ar dhaoine nádúrtha a urraítear le maoin chónaithe dho-aistrithe a bhfuil an chomhthaobhacht ina leith lonnaithe sa Bheilg (ina neamhchosaintí nár mhainnigh agus ina neamhchosaintí a mhainnigh araon). De rogha air sin, is féidir an beart a chómhalartú trí úsáid a bhaint as an raon feidhme seo a leanas i dtuairisciú COREP: Neamhchosaintí ar mhiondíol IRB a urraítear le maoin chónaithe dho-aistrithe i leith daoine aonair atá lonnaithe sa Bheilg (ina neamhchosaintí nár mhainnigh agus ina neamhchosaintí a mhainnigh araon). |
3. |
Mura bhfuil an beart beartais macrastuamachta céanna ar fáil ina ndlínse, moltar do na húdaráis ábhartha, i ndiaidh dul i gcomhairle le BERS, beart beartais macrastuamachta atá ar fáil ina ndlínse a chur i bhfeidhm lena bhfuil an éifeacht is coibhéisí leis an mbeart thuas a mholtar a chómhalartú, lena n-áirítear bearta agus cumhachtaí maoirseachta a leagtar síos i dTeideal VII, Caibidil 2, Cuid IV de Threoir 2013/36/AE a ghlacadh. Moltar do na húdaráis ábhartha an beart coibhéiseach a ghlacadh tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis fhoilsiú an Mholta seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
III. Tairseach ábharthachta
4. |
Déantar an beart a chomhlánú le tairseach ábharthachta institiúidsonrach chun cur i bhfeidhm ionchasach an phrionsabail de minimis ag na húdaráis ábhartha a bheidh an beart á chómhalartú acu a stiúradh. Féadfar institiúidí a dhíolmhú ón gceanglas maoláin um riosca sistéamach ar acht nach mó ná EUR 2 bhilliún a neamhchosaintí earnála ábhartha. Dá bhrí sin, ní iarrtar an cómhalartú ach amháin nuair a rachfar thar an tairseach institiúidsonrach. |
5. |
I gcomhréir le Cuid 2.2.1 de Mholadh BERS/2015/2, is leibhéal uasta tairsí a mholtar tairseach ábharthachta EUR 2 bhilliún. Dá bhrí sin, in ionad an tairseach mholta a chur i bhfeidhm, féadfaidh údaráis ábhartha atá ag cómhalartú tairseach is ísle a shocrú dá ndlínsí i gcás inarb iomchuí, nó an beart a chómhalartú gan aon tairseach ábharthachta. |
An Ghearmáin
I. Cur síos ar an mbeart
1. |
Forchuirtear le beart na Gearmáine, arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 133 de Threoir 2013/36/AE ráta maoláin um riosca sistéamach 2 % ar gach neamhchosaint (i.e. neamhchosaintí miondíola agus neamh-mhiondíola) ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha a urraítear le réadmhaoin chónaithe atá lonnaithe sa Ghearmáin. Beidh feidhm ag an mbeart (i) maidir le hinstitiúidí creidmheasa atá údaraithe sa Ghearmáin agus a úsáideann an cur chuige IRB chun a méideanna neamhchosanta atá ualaithe de réir riosca a ríomh le haghaidh neamhchosaintí a urraítear le maoin chónaithe dho-aistrithe atá lonnaithe sa Ghearmáin, agus (ii) maidir le hinstitiúidí creidmheasa atá údaraithe sa Ghearmáin agus a úsáideann an cur chuige caighdeánaithe (SA) chun a méideanna neamhchosanta atá ualaithe de réir riosca a ríomh le haghaidh neamhchosaintí a urraítear go huile agus go hiomlán le maoin chónaithe dho-aistrithe, dá dtagraítear in Airteagal 125(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, atá lonnaithe sa Ghearmáin. |
II. An Cómhalartú
2. |
Moltar d’údaráis ábhartha beart na Gearmáine a chómhalartú trína chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí creidmheasa atá údaraithe ar bhonn intíre. |
3. |
Mura bhfuil an beart beartais macrastuamachta céanna ar fáil ina ndlínse, moltar do na húdaráis ábhartha, i ndiaidh dul i gcomhairle le BERS, beart beartais macrastuamachta atá ar fáil ina ndlínse a chur i bhfeidhm lena bhfuil an éifeacht is coibhéisí leis an mbeart thuas a mholtar a chómhalartú, lena n-áirítear bearta agus cumhachtaí maoirseachta a leagtar síos i dTeideal VII, Caibidil 2, Cuid IV de Threoir 2013/36/AE a ghlacadh. |
4. |
Moltar do na húdaráis ábhartha a áirithiú go mbeidh feidhm ag an mbeart cómhalartach agus go gcomhlíonfar é ón 1 Feabhra 2023 amach. |
III. Tairseach ábharthachta
5. |
Déantar an beart a chomhlánú le tairseach ábharthachta institiúidsonrach chun cur i bhfeidhm ionchasach an phrionsabail de minimis ag na húdaráis ábhartha a bheidh an beart á chómhalartú acu a stiúradh. Féadfar institiúidí creidmheasa a dhíolmhú ón gceanglas maoláin um riosca sistéamach más rud é nach mó ná EUR 10 billiún a neamhchosaintí earnála ábhartha. Dá bhrí sin, ní iarrtar an cómhalartú ach amháin nuair a rachfar thar an tairseach institiúidsonrach. |
6. |
Ba cheart do na húdaráis ábhartha faireachán a dhéanamh ar ábharthacht na neamhchosaintí. I gcomhréir le Cuid 2.2.1 de Mholadh BERS/2015/2, is leibhéal uasta tairsí a mholtar tairseach ábharthachta EUR 10 mbilliún. Dá bhrí sin, féadfaidh údaráis ábhartha atá ag cómhalartú tairseach is ísle a shocrú dá ndlínsí i gcás inarb iomchuí, nó an beart a chómhalartú gan aon tairseach ábharthachta, in ionad an tairseach mholta a chur i bhfeidhm. |
An Fhrainc
Géarú ar an teorainn mhór neamhchosanta dá bhforáiltear in Airteagal 395(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is infheidhme maidir le neamhchosaintí ar chorparáidí móra neamhairgeadais ar a bhfuil fiachas ollmhór agus ag a bhfuil a n-oifig chláraithe sa Fhrainc, go 5 % de chaipiteal Leibhéal 1, arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 458(2)(d)(ii) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar institiúidí domhanda lena bhfuil tábhacht shistéamach (G-SIInna) agus ar institiúidí eile lena bhfuil tábhacht shistéamach (O-SIInna) ar an leibhéal is airde comhdhlúthúchán dá n-imlíne stuamachta baincéireachta.
I. Cur síos ar an mbeart
1. |
Is éard atá i mbeart na Fraince, arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 458(2)(d)(ii) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus arna fhorchur ar G-SIInna agus O-SIInna ar an leibhéal is airde comhdhlúthúchán dá n-imlíne stuamachta baincéireachta (ní ar leibhéal fo-chomhdhlúite), teorainn mhór neamhchosaintí a ghéarú go 5 % dá gcaipiteal Leibhéal 1, is infheidhme maidir le neamhchosaintí ar chorparáidí móra neamhairgeadais ar a bhfuil fiachas ollmhór agus ag a bhfuil a n-oifig chláraithe sa Fhrainc. |
2. |
Sainítear corparáid neamhairgeadais mar dhuine nádúrtha nó mar dhuine dlítheanach faoin dlí príobháideach ag a bhfuil a oifig chláraithe sa Fhrainc, agus a bhaineann, ar a leibhéal féin agus ar an leibhéal is airde comhdhlúthúchán, le hearnáil na gcorparáidí neamhairgeadais mar a shainmhínítear i bpointe 2.45 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1). |
3. |
Tá feidhm ag an mbeart maidir le neamhchosaintí ar chorparáidí neamhairgeadais ag a bhfuil a n-oifig chláraithe sa Fhrainc agus maidir le neamhchosaintí ar ghrúpaí de chorparáidí neamhairgeadais nasctha mar a leanas:
|
Dá bhrí sin, maidir le corparáidí neamhairgeadais nach bhfuil a n-oifig chláraithe sa Fhrainc acu agus nach fochuideachta nó eintiteas iad atá spleách ó thaobh na heacnamaíochta de ar chorparáid neamhairgeadais ag a bhfuil a hoifig chláraithe sa Fhrainc, agus nach bhfuil á rialú go díreach nó go hindíreach ag corparáid dá leithéid, ní thagann siad faoi raon feidhme an bhirt.
I gcomhréir le hAirteagal 395(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, beidh an beart infheidhme tar éis éifeacht na dteicnící maolaithe agus na ndíolúintí um riosca creidmheasa a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagail 399 go 403 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
4. |
Ní mór do G-SII nó O-SII a mheas go bhfuil corparáid neamhairgeadais ag a bhfuil a hoifig chláraithe sa Fhrainc mór, más cothrom le EUR 300 milliún nó níos mó ná sin a neamhchosaint bhunaidh ar an gcorparáid neamhairgeadais, nó ar an ngrúpa de chorparáidí neamhairgeadais nasctha de réir bhrí mhír 3. Ríomhtar luach na neamhchosanta bunaidh i gcomhréir le hAirteagail 389 agus 390 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 sula gcuirtear san áireamh éifeacht na dteicnící maolaithe agus na ndíolúintí um riosca creidmheasa a leagtar amach in Airteagail 399 go 403 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, mar a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 ón gCoimisiún (*2). |
5. |
Meastar fiachas ollmhór a bheith ar chorparáid neamhairgeadais má bhíonn cóimheas giarála is mó ná 100 % agus cóimheas cumhdaigh muirear airgeadais faoi bhun a trí aici, arna ríomh ar an leibhéal is airde comhdhlúthúchán grúpa mar a leanas:
|
Déantar na cóimheasa a ríomh ar bhonn comhiomlán cuntasaíochta a shainítear de réir na gcaighdeán is infheidhme, mar a chuirtear i láthair i ráitis airgeadais na corparáide neamhairgeadais, agus iad á ndeimhniú i gcás inarb iomchuí ag cuntasóir cairte.
II. An Cómhalartú
6. |
Moltar d’údaráis ábhartha beart na Fraince a chómhalartú trína chur i bhfeidhm maidir le G-SIInna agus O-SIInna atá údaraithe ar bhonn intíre ar an leibhéal is airde comhdhlúthúchán laistigh de dhlínse a n-imlíne stuamachta baincéireachta. |
7. |
Mura bhfuil an beart beartais macrastuamachta céanna ar fáil ina ndlínse, i gcomhréir le fo-mholadh C(2), moltar do na húdaráis ábhartha, i ndiaidh dul i gcomhairle le BERS, beart beartais macrastuamachta atá ar fáil ina ndlínse a chur i bhfeidhm lena bhfuil an éifeacht is coibhéisí leis an mbeart thuas a mholtar a chómhalartú. Moltar do na húdaráis ábhartha an beart coibhéiseach a ghlacadh tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis fhoilsiú an Mholta seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
III. Tairseach ábharthachta
8. |
Déantar an beart a chomhlánú le tairseach ábharthachta chomhcheangailte chun cur i bhfeidhm ionchasach an phrionsabail de minimis ag na húdaráis ábhartha a bheidh an beart á chómhalartú acu a stiúradh, tairseach ábharthachta chomhcheangailte arb é atá inti:
|
Tá na tairseacha dá dtagraítear i míreanna (b) agus (c) le cur i bhfeidhm gan beann ar cé acu atá fiachas ollmhór ar an eintiteas ábhartha nó ar an gcorparáid neamhairgeadais nó nach bhfuil.
Tá luach na neamhchosanta bunaidh dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) le ríomh i gcomhréir le hAirteagail 389 agus 390 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 sula gcuirfear san áireamh éifeacht na dteicnící maolaithe agus na ndíolúintí um riosca creidmheasa a leagtar amach in Airteagail 399 go 403 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, mar a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014.
9. |
I gcomhréir le Cuid 2.2.1 de Mholadh BERS/2015/2, maidir le G-SIInna nó O-SIInna atá údaraithe ar bhonn intíre ar an leibhéal is airde comhdhlúthúchán dá n-imlíne stuamachta baincéireachta agus nach dtéann thar an tairseach ábharthachta chomhcheangailte dá dtagraítear i mír 8, féadfaidh údaráis ábhartha an Bhallstáit lena mbaineann iad a dhíolmhú. Le linn an tairseach ábharthachta a chur i bhfeidhm, ba cheart do na húdaráis ábhartha faireachán a dhéanamh ar ábharthacht neamhchosaintí G-SIInna agus O-SIInna atá údaraithe ar bhonn intíre le hearnáil corparáidí neamhairgeadais na Fraince mar aon le comhchruinniú neamhchosaintí G-SIInna agus O-SIInna atá údaraithe ar bhonn intíre maidir le corparáidí móra neamhairgeadais ag a bhfuil a n-oifig chláraithe sa Fhrainc, agus moltar dóibh beart na Fraince a chur i bhfeidhm maidir le G-SIInna nó O-SIInna atá údaraithe ar bhonn intíre a díolmhaíodh roimhe sin ar an leibhéal is airde comhdhlúthúchán dá n-imlíne stuamachta baincéireachta nuair a rachfar thar an tairseach ábharthachta chomhcheangailte dá dtagraítear i mír 8. Spreagtar údaráis ábhartha freisin chun na rioscaí sistéamacha a bhaineann le giaráil mhéadaithe na gcorparáidí móra neamhairgeadais ag a bhfuil a n-oifig chláraithe sa Fhrainc a chur in iúl do rannpháirtithe eile sa mhargadh ina ndlínse. |
10. |
I gcás nach bhfuil G-SIInna nó O-SIInna ann ar an leibhéal is airde comhdhlúthúchán dá n-imlíne stuamachta baincéireachta atá údaraithe sna Ballstáit lena mbaineann agus neamhchosaintí acu ar earnáil corparáidí neamhairgeadais na Fraince os cionn na tairsí ábharthachta dá dtagraítear i mír 8, féadfaidh údaráis ábhartha na mBallstát lena mbaineann, de bhun Chuid 2.2.1 de Mholadh ESRB/2015/2, a chinneadh gan beart na Fraince a chómhalartú. Sa chás sin ba cheart do na húdaráis ábhartha faireachán a dhéanamh ar ábharthacht neamhchosaintí G-SIInna agus O-SIInna atá údaraithe ar bhonn intíre le hearnáil corparáidí neamhairgeadais na Fraince mar aon le comhchruinniú neamhchosaintí G-SIInna agus O-SIInna atá údaraithe ar bhonn intíre maidir le corparáidí móra neamhairgeadais ag a bhfuil a n-oifig chláraithe sa Fhrainc, agus moltar dóibh beart na Fraince a chómhalartú ach G-SII nó O-SII ar an leibhéal is airde comhdhlúthúchán dá n-imlíne stuamachta baincéireachta a dhul thar an tairseach ábharthachta chomhcheangailte dá dtagraítear i mír 8. Spreagtar údaráis ábhartha freisin chun na rioscaí sistéamacha a bhaineann le giaráil mhéadaithe na gcorparáidí móra neamhairgeadais ag a bhfuil a n-oifig chláraithe sa Fhrainc a chur in iúl do rannpháirtithe eile sa mhargadh ina ndlínse. |
11. |
I gcomhréir le Cuid 2.2.1 de Mholadh BERS/2015/2, is leibhéal uasta tairsí a mholtar an tairseach ábharthachta chomhcheangailte dá dtagraítear i mír 8. Dá bhrí sin, féadfaidh údaráis ábhartha atá ag cómhalartú tairseach is ísle a shocrú dá ndlínsí i gcás inarb iomchuí, nó an beart a chómhalartú gan aon tairseach ábharthachta, in ionad an tairseach mholta a chur i bhfeidhm. |
An Liotuáin
Ráta maoláin um riosca sistéamach 2 % do gach neamhchosaint mhiondíola ar dhaoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu i bPoblacht na Liotuáine a urraítear le maoin chónaithe.
I. Cur síos ar an mbeart
1. |
Forchuirtear le beart na Liotuáine, arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 133 de Threoir 2013/36/AE ráta maoláin um riosca sistéamach 2 % maidir le gach neamhchosaint mhiondíola ar dhaoine nádúrtha sa Liotuáin a urraítear le maoin chónaithe. |
II. An Cómhalartú
2. |
Moltar do na húdaráis ábhartha beart na Liotuáine a chómhalartú trína chur i bhfeidhm maidir le brainsí de bhainc atá lonnaithe sa Liotuáin agus atá údaraithe ar bhonn intíre, agus maidir le neamhchosaintí trasteorann díreacha ar dhaoine nádúrtha sa Liotuáin a urraítear le maoin chónaithe. Tá cion suntasach de shuíomhanna iomlána morgáiste i seilbh brainsí bainc eachtracha a oibríonn sa Liotuáin, dá bhrí sin, bheadh cómhalartú an bhirt ag na Ballstáit eile ina chuidiú le cothrom na Féinne a chothú agus lena áirithiú go ndéanfadh gach rannpháirtí suntasach sa mhargadh an riosca méadaithe do réadmhaoin chónaithe sa Liotuáin a chur san áireamh agus a n-athléimneacht a mhéadú. |
3. |
Mura bhfuil an beart beartais macrastuamachta céanna ar fáil ina ndlínse, moltar do na húdaráis ábhartha, i ndiaidh dul i gcomhairle le BERS, beart beartais macrastuamachta atá ar fáil ina ndlínse a chur i bhfeidhm lena bhfuil an éifeacht is coibhéisí leis an mbeart thuas a mholtar a chómhalartú, lena n-áirítear bearta agus cumhachtaí maoirseachta a leagtar síos i dTeideal VII, Caibidil 2, Cuid IV de Threoir 2013/36/AE a ghlacadh. Moltar do na húdaráis ábhartha an beart coibhéiseach a ghlacadh tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis fhoilsiú an Mholta seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
III. Tairseach ábharthachta
4. |
Déantar an beart a chomhlánú le tairseach ábharthachta institiúidsonrach chun cur i bhfeidhm ionchasach an phrionsabail de minimis ag na húdaráis ábhartha a bheidh an beart á chómhalartú acu a stiúradh. Féadfar institiúidí a dhíolmhú ón gceanglas maidir leis an maolán um riosca sistéamach mura mó a neamhchosaintí earnála ábhartha ná EUR 50 milliún, arb ionann é agus thart ar 0.5 % de neamhchosaintí ábhartha earnáil iomlán na n-institiúidí creidmheasa sa Liotuáin. Dá bhrí sin, ní iarrtar an cómhalartú ach amháin nuair a rachfar thar an tairseach institiúidsonrach. |
5. |
Údarú le tairseach dá leithéid:
|
6. |
I gcomhréir le Cuid 2.2.1 de Mholadh BERS/2015/2, is leibhéal uasta tairsí a mholtar tairseach ábharthachta EUR 50 milliún. Dá bhrí sin, féadfaidh údaráis ábhartha atá ag cómhalartú tairseach is ísle a shocrú dá ndlínsí i gcás inarb iomchuí, nó an beart a chómhalartú gan aon tairseach ábharthachta, in ionad an tairseach mholta a chur i bhfeidhm. |
Lucsamburg
Teorainneacha um chóimheas iasachta/luacha (LTV) atá ceangailteach de réir dlí le haghaidh iasachtaí morgáiste nua ar réadmhaoin chónaithe atá lonnaithe i Lucsamburg, agus teorainneacha LTV éagsúla is infheidhme maidir le catagóirí éagsúla iasachtaithe:
(a) |
Teorainn LTV 100 % do cheannaitheoirí céaduaire a bhfuil a bpríomháit chónaithe á ceannach acu; |
(b) |
Teorainn LTV 90 % do cheannaitheoirí eile i.e. ní ceannaitheoirí céaduaire a bhfuil a bpríomháit chónaithe á ceannach acu. Cuirtear an teorainn sin i bhfeidhm ar bhealach comhréireach trí liúntas punainne. Go sonrach, féadfaidh iasachtóirí 15 % de phunann na morgáistí nua a dheonaítear do na hiasachtaithe sin a eisiúint le LTV os cionn 90 % ach faoi bhun LTV uasta 100 %; |
(c) |
Teorainn LTV 80 % le haghaidh iasachtaí morgáiste eile (lena n-áirítear an mhír ceannach le ligean ar cíos). |
I. Cur síos ar an mbeart
1. |
Ghníomhachtaigh údaráis Lucsamburg teorainneacha LTV atá ceangailteach de réir dlí le haghaidh iasachtaí morgáiste nua ar mhaoin chónaithe dho-aistrithe atá lonnaithe i Lucsamburg. Tar éis Moladh ó Comité du Risque Systémique (Coiste um Riosca Sistéamach) (*3), ghníomhachtaigh Coimisiún de Surveillance du Secteur Financier (Coimisiún Maoirseachta na hEarnála Airgeadais) (*4), ag gníomhú dó i gcomhar le Banque centrale du Lucsamburg, na teorainneacha LTV atá difriúil de réir trí chatagóir iasachtaithe. Is iad seo a leanas na teorainneacha LTV ar gach ceann de na trí chatagóir:
|
2. |
Is éard atá in LTV ná an cóimheas idir suim na n-iasachtaí nó na sciartha iasachtaí go léir a dtacaíonn an t-iasachtaí í le maoin chónaithe tráth a dheonaítear an iasacht agus luach na maoine an tráth céanna. |
3. |
Tá feidhm ag na teorainneacha LTV gan spleáchas do chineál na húinéireachta (e.g. úinéireacht iomlán, ceart úsáide, lomúinéireacht). |
4. |
Baineann an beart le haon iasachtaí príobháideach a fhaigheann iasacht mhorgáiste chun réadmhaoin chónaithe a cheannach i Lucsamburg chun críoch neamhthráchtála. Tá feidhm ag an mbeart freisin má úsáideann an t-iasachtaí struchtúr dlíthiúil amhail cuideachta infheistíochta eastáit réadaigh chun an t-idirbheart sin a chur i gcrích, agus i gcás comhiarratas. Áirítear le ‘réadmhaoin chónaithe’ talamh tógála, cibé acu díreach i ndiaidh an cheannaigh nó blianta ina dhiaidh a dhéantar an obair thógála. Tá feidhm ag an mbeart chomh maith má dheonaítear iasacht d’iasachtaí chun maoin a cheannach lena ngabhann comhaontú léasa fhadtéarmaigh. D’fhéadfadh sé gur chun áitíocht an úinéara nó chun a cheannach le ligean ar cíos atá an réadmhaoin. |
II. An Cómhalartú
5. |
Na Ballstáit a bhfuil neamhchosaintí ábhartha creidmheasa Lucsamburg trí chreidmheas trasteorann díreach ag a n-institiúidí creidmheasa, a gcorparáidí árachais agus a ngairmithe a dhéanann gníomhaíochtaí iasachtaithe (iasachtóirí morgáiste), moltar dóibh beart Lucsamburg a chómhalartú ina ndlínse. Mura bhfuil an beart céanna ar fáil ina ndlínse maidir le gach neamhchosaint trasteorann ábhartha, ba cheart do na húdaráis ábhartha bearta atá ar fáil a bhfuil an éifeacht is coibhéisí leo agus atá leis an mbeart beartais macrastuamachta gníomhachtaithe a chur i bhfeidhm. |
6. |
Ba cheart do na Ballstáit a chur in iúl do BERS gur chómhalartaigh siad beart Lucsamburg nó gur úsáid siad díolúintí de minimis i gcomhréir le Moladh D de Mholadh BERS/2015/2. Ba cheart an fógra a sholáthar tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an beart cómhalartaithe a ghlacadh, agus úsáid a bhaint as an teimpléad faoi seach a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin BERS. Foilseoidh BERS na fógraí ar shuíomh gréasáin BERS, agus ar an tslí sin cuirfear na cinntí náisiúnta maidir le cómhalartú in iúl don phobal. Cuimseofar san fhoilseachán sin aon díolúintí a dhéanfaidh na Ballstáit atá ag cómhalartú agus a dtiomantas chun faireachán a dhéanamh ar sceitheadh agus beart a dhéanamh más gá. |
7. |
Moltar do na Ballstáit beart a chómhalartú laistigh de thrí mhí ó fhoilsiú an Mholta seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
III. Tairseach ábharthachta
8. |
Déantar an beart a chomhlánú le dhá thairseach ábharthachta chun cur i bhfeidhm ionchasach an phrionsabail de minimis ag na Ballstáit chómhalartacha a stiúradh: tairseach ábharthachta thírshonrach agus tairseach ábharthachta institiúidsonrach. Is é EUR 350 milliún an tairseach ábharthachta thírshonrach le haghaidh iomlán na n-iasachtaí morgáiste trasteorann do Lucsamburg, tairseach ábharthachta thírshonrach a chomhfhreagraíonn do thart ar 1 % de mhargadh morgáiste na réadmhaoine cónaithe intíre iomlán i mí na Nollag 2020. Is é EUR 35 mhilliún an tairseach ábharthachta institiúidsonrach le haghaidh iomlán na n-iasachtaí morgáiste trasteorann do Lucsamburg, tairseach ábharthachta institiúidsonrach a chomhfhreagraíonn do thart ar 0.1 % de mhargadh morgáiste na réadmhaoine cónaithe intíre iomlán i Lucsamburg i mí na Nollag 2020. Ní iarrtar an cómhalartú ach amháin nuair a rachfar thar an tairseach thírshonrach agus an tairseach institiúidsonrach. |
An Ísiltír
Meánualach riosca íosta arna chur i bhfeidhm ag institiúidí creidmheasa a úsáideann an cur chuige IRB maidir lena bpunanna neamhchosaintí ar dhaoine nádúrtha a urraítear le maoin chónaithe atá lonnaithe san Ísiltír. Maidir le gach ítim neamhchosanta aonair a thagann faoi raon feidhme an bhirt, sanntar ualach riosca 12 % do chuid den iasacht nach mó ná 55 % de luach margaidh na maoine a úsáidtear chun an iasacht a urrú, agus sanntar ualach riosca 45 % don chuid eile den iasacht. Is ionann meánualach riosca íosta na punainne agus meánualach riosca ualaithe ó thaobh na neamhchosanta ualaí riosca na n-iasachtaí aonair.
I. Cur síos ar an mbeart
1. |
Forchuirtear le beart na hÍsiltíre, arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 458(2)(d)(vi) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, meánualach riosca íosta do phunann neamhchosaintí institiúidí creidmheasa IRB ar dhaoine nádúrtha a urraítear le morgáistí ar mhaoin chónaithe atá lonnaithe san Ísiltír. Déantar iasachtaí a chumhdaítear sa scéim um Ráthaíocht Morgáiste Náisiúnta a dhíolmhú ón mbeart. |
2. |
Ríomhfar an meánualach riosca íosta mar a leanas:
|
3. |
Ní chuirtear an beart seo in ionad na gceanglas caipitil reatha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a thagann as an rialachán sin. Ní mór do na bainc lena mbaineann an beart meánualach riosca na coda sin den phunann morgáiste a thagann faoi raon feidhme an bhirt seo a ríomh ar bhonn na bhforálacha rialta is infheidhme atá i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus ar bhonn an mhodha a leagtar amach sa bheart. Agus a gceanglais chaipitil á ríomh, ní mór dóibh, cibé acu is airde den dá mheánualach riosca, a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin. |
II. An Cómhalartú
4. |
Moltar do na húdaráis ábhartha beart na hÍsiltíre a chómhalartú trína chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí creidmheasa atá údaraithe go hinmheánach a úsáideann an cur chuige IRB agus ag a bhfuil neamhchosaintí ar dhaoine nádúrtha a urraítear le maoin chónaithe atá lonnaithe san Ísiltír, mar go bhféadfadh a n-earnáil baincéireachta, trína mbrainsí, bheith neamhchosanta nó teacht chun bheith neamhchosanta go díreach nó go hindíreach ar an riosca sistéamach i margadh tithíochta na hÍsiltíre. |
5. |
I gcomhréir le fo-mholadh C(2), moltar do na húdaráis ábhartha an beart céanna agus an beart atá curtha chun feidhme san Ísiltír ag an údarás gníomhachtaithe a chur i bhfeidhm laistigh den teorainn ama a shonraítear i bhfo-mholadh C(3). |
6. |
Mura bhfuil an beart beartais macrastuamachta céanna ar fáil ina ndlínse, moltar do na húdaráis ábhartha, i ndiaidh dul i gcomhairle le BERS, beart beartais macrastuamachta atá ar fáil ina ndlínse a chur i bhfeidhm lena bhfuil an éifeacht is coibhéisí leis an mbeart thuas a mholtar a chómhalartú, lena n-áirítear bearta agus cumhachtaí maoirseachta a leagtar síos i dTeideal VII, Caibidil 2, Cuid IV de Threoir 2013/36/AE a ghlacadh. Moltar do na húdaráis ábhartha an beart coibhéiseach a ghlacadh tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis fhoilsiú an Mholta seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
III. Tairseach ábharthachta
7. |
Déantar an beart a chomhlánú le tairseach ábharthachta institiúidsonrach chun cur i bhfeidhm ionchasach an phrionsabail de minimis ag na húdaráis ábhartha a bheidh an beart á chómhalartú acu a stiúradh. Féadfar institiúidí a dhíolmhú ón meánualach riosca íosta do phunann neamhchosaintí institiúidí creidmheasa IRB ar dhaoine nádúrtha a urraítear le morgáistí ar mhaoin chónaithe atá lonnaithe san Ísiltír mura mó an luach sin ná EUR 5 bhilliún. Ní dhéanfar iasachtaí a chumhdaítear sa scéim Ráthaíochta Morgáiste Náisiúnta a ríomh i gcomhair na tairsí ábharthachta. |
8. |
I gcomhréir le Cuid 2.2.1 de Mholadh BERS/2015/2, is leibhéal uasta tairsí a mholtar tairseach ábharthachta EUR 5 bhilliún. Dá bhrí sin, féadfaidh údaráis ábhartha atá ag cómhalartú tairseach is ísle a shocrú dá ndlínsí nuair is iomchuí, nó an beart a chómhalartú gan aon tairseach ábharthachta, in ionad an tairseach mholta a chur i bhfeidhm. |
An Iorua
— |
ráta maoláin um riosca sistéamach 4.5 % maidir le neamhchosaintí san Iorua, arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 133 de Threoir 2013/36/AE, mar a cuireadh i bhfeidhm ar an Iorua agus san Iorua an 1 Eanáir 2020 de bhun théarmaí an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch(*) (Comhaontú LEE) (‘CRD mar is infheidhme maidir leis an Iorua agus san Iorua an 1 Eanáir 2020’ anseo feasta), maidir leis na hinstitiúidí creidmheasa go léir atá údaraithe san Iorua; |
— |
íosteorainn meánualaigh riosca 20 % le haghaidh neamhchosaintí ar réadmhaoin chónaithe san Iorua, arna cur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 458(2)(d)(vi) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, mar a cuireadh i bhfeidhm ar an Iorua agus san Iorua an 1 Eanáir 2020; de bhun théarmaí Chomhaontú LEE (‘CRR mar is infheidhme maidir leis an Iorua agus san Iorua an 1 Eanáir 2020,’ anseo feasta), ar institiúidí creidmheasa, atá údaraithe san Iorua, a úsáideann an cur chuige inmheánach bunaithe ar rátálacha (IRB) chun ceanglais chaipitil rialála a ríomh; |
— |
íosteorainn meánualaigh riosca 35 % le haghaidh neamhchosaintí ar réadmhaoin tráchtála san Iorua, arna cur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 458(2)(d)(vi) de CRR mar a cuireadh i bhfeidhm ar an Iorua agus san Iorua an 1 Eanáir 2020 maidir le hinstitiúidí creidmheasa atá údaraithe san Iorua, ag baint úsáid as an gcur chuige IRB chun ceanglais chaipitil rialála a ríomh. |
I. Cur síos ar na bearta
1. |
Ón 31 Nollaig 2020, thug Finansdepartementet (Aireacht Airgeadais na hIorua) trí bheart isteach, mar a bhí (i) an ceanglas maidir le maolán um riosca sistéamach le haghaidh neamhchosaintí san Iorua, de bhun Airteagal 133 de CRD mar is infheidhme maidir leis an Iorua agus san Iorua an 1 Eanáir 2020; (ii) íosteorainn meánualaigh riosca le haghaidh neamhchosaintí ar réadmhaoin chónaithe san Iorua, de bhun Airteagal 458(2)(d)(vi) de CRR mar is infheidhme maidir leis an Iorua agus san Iorua an 1 Eanáir 2020; agus (iii) íosteorainn meánualaigh riosca le haghaidh neamhchosaintí ar réadmhaoin tráchtála san Iorua, de bhun Airteagal 458(2)(d)(vi) de CRR mar is infheidhme maidir leis an Iorua agus san Iorua an 1 Eanáir 2020. |
2. |
Socraítear an ráta maoláin um riosca sistéamach ar 4.5 % agus baineann sé le neamhchosaintí intíre na n-institiúidí creidmheasa uile atá údaraithe san Iorua. Maidir le hinstitiúidí creidmheasa nach n-úsáideann an cur chuige ardleibhéil IRB, áfach, tá an ráta maoláin um riosca sistéamach is infheidhme maidir le gach neamhchosaint socraithe ar 3 % go dtí an 31 Nollaig 2022; ina dhiaidh sin, socrófar an ráta maoláin um riosca sistéamach is infheidhme maidir le neamhchosaintí intíre ar 4.5 %. |
3. |
Is ionann an íosteorainn ualaigh riosca um réadmhaoin chónaithe agus íosteorainn meánualaigh riosca institiúidsonrach le haghaidh neamhchosaintí ar réadmhaoin chónaithe san Iorua, is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa a úsáideann an cur chuige IRB. Baineann an íosteorainn ualaigh riosca um réadmhaoin chónaithe leis an meánualach riosca ualaithe ó thaobh na neamhchosanta sa phunann réadmhaoine cónaithe. Ba cheart neamhchosaintí ar réadmhaoin chónaithe na hIorua a thuiscint mar neamhchosaintí miondíola atá á gcomhthaobhú ag maoin dho-aistrithe san Iorua. |
4. |
Is ionann an íosteorainn ualaigh riosca um réadmhaoin tráchtála agus íosteorainn meánualaigh riosca institiúidsonrach le haghaidh neamhchosaintí ar réadmhaoin tráchtála san Iorua, is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa a úsáideann an cur chuige IRB. Baineann an íosteorainn ualaigh riosca um réadmhaoin chónaithe leis an meánualach riosca ualaithe ó thaobh na neamhchosanta sa phunann réadmhaoine tráchtála. Ba cheart neamhchosaintí ar réadmhaoin tráchtála na hIorua a thuiscint mar neamhchosaintí corparáideacha atá á gcomhthaobhú ag maoin dho-aistrithe san Iorua. |
II. An Cómhalartú
5. |
Moltar do na húdaráis ábhartha bearta na hIorua maidir le neamhchosaintí atá lonnaithe san Iorua a chómhalartú i gcomhréir le hAirteagal 134(1) de Threoir 2013/36/AE agus le hAirteagal 458(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, faoi seach. Moltar do na húdaráis ábhartha an ráta maoláin um riosca sistéamach a chómhalartú laistigh de 18 mí tar éis fhoilsiú an Mholta seo, arna leasú le Moladh BERS/2021/3 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (*5) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, seachas mar a fhoráiltear a mhalairt faoi mhír 7 thíos. Ba cheart na híosteorainneacha meánualaigh riosca le haghaidh neamhchosaintí réadmhaoine cónaithe agus tráchtála san Iorua a chómhalartú laistigh den idirthréimhse chaighdeánach trí mhí dá bhforáiltear i Moladh BERS/2015/2. |
6. |
Mura bhfuil an beart beartais macrastuamachta céanna ar fáil ina ndlínse, i gcomhréir le fo-mholadh C(2), moltar do na húdaráis ábhartha, i ndiaidh dul i gcomhairle le BERS, beart beartais macrastuamachta atá ar fáil ina ndlínse a chur i bhfeidhm lena bhfuil an éifeacht is coibhéisí leis an mbeart thuas a mholtar a chómhalartú. Moltar do na húdaráis ábhartha bearta coibhéiseacha a ghlacadh chun íosteorainn meánualaigh riosca a chómhalartú le haghaidh neamhchosaintí réadmhaoine cónaithe agus tráchtála laistigh de 12 mhí agus chun an ráta maoláin um riosca sistéamach a chómhalartú laistigh de 18 mí, faoi seach, tar éis fhoilsiú an Mholta seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt faoi mhír 7 thíos don mhaolán um riosca sistéamach. |
7. |
Go dtí go mbeidh feidhm ag Treoir (AE) 2019/878 maidir leis an Iorua agus san Iorua i gcomhréir le téarmaí Chomhaontú LEE, féadfaidh na húdaráis ábhartha beart maoláin um riosca sistéamach na hIorua a chómhalartú ar bhealach agus ar leibhéal lena gcuirtear san áireamh aon fhorluí nó difríocht maidir leis na ceanglais chaipitil is infheidhme ina mBallstát agus san Iorua, ar an gcoinníoll go gcloíonn siad leis na prionsabail seo a leanas:
|
Níl feidhm ag an mír seo maidir leis na bearta um íosteorainn meánualaigh riosca le haghaidh neamhchosaint réadmhaoine cónaithe agus tráchtála.
III. Tairseach ábharthachta
8. |
Déantar na bearta a chomhlánú le tairseach ábharthachta institiúidsonrach bunaithe ar neamhchosaintí atá lonnaithe san Iorua chun cur i bhfeidhm ionchasach an phrionsabail de minimis ag na húdaráis ábhartha a bheidh an beart á chómhalartú acu a stiúradh mar a leanas:
|
9. |
I gcomhréir le Cuid 2.2.1 de Mholadh BERS/2015/2, maidir le hinstitiúidí creidmheasa aonair atá údaraithe ar bhonn intíre agus a bhfuil neamhchosaintí neamhábhartha acu san Iorua, féadfaidh údaráis ábhartha an Bhallstáit lena mbaineann iad a dhíolmhú. Meastar neamhchosaintí a bheith neamhábhartha má bhíonn siad faoi bhun na dtairseach ábharthachta institiúidsonrach a leagtar síos faoi mhír 8 thuas. Le linn na tairseacha ábharthachta a chur i bhfeidhm, ba cheart do na húdaráis ábhartha faireachán a dhéanamh ar ábharthacht na neamhchosaintí agus moltar dóibh bearta na hIorua a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí creidmheasa aonair atá údaraithe ar bhonn intíre a díolmhaíodh roimhe sin nuair a rachfar thar na tairseacha ábharthachta a shocraítear faoi mhír 8 thuas. |
10. |
I gcomhréir le Cuid 2.2.1 de Mholadh BERS/2015/2, is leibhéil uasta tairsí a mholtar na tairseacha ábharthachta a leagtar síos faoi mhír 8 thuas. Dá bhrí sin, féadfaidh údaráis ábhartha atá ag cómhalartú tairseacha is ísle a shocrú dá ndlínsí i gcás inarb iomchuí, nó na bearta a chómhalartú gan aon tairseach ábharthachta, in ionad na tairseacha molta a chur i bhfeidhm. |
11. |
I gcás nach bhfuil aon institiúidí creidmheasa údaraithe sna Ballstáit a bhfuil neamhchosaintí ábhartha san Iorua acu, féadfaidh údaráis ábhartha na mBallstát lena mbaineann, de bhun Chuid 2.2.1 de Mholadh BERS/2015/2, a chinneadh gan bearta na hIorua a chómhalartú. Sa chás sin, ba cheart do na húdaráis ábhartha faireachán a dhéanamh ar ábharthacht na neamhchosaintí agus moltar dóibh bearta na hIorua a chómhalartú ach institiúid creidmheasa a dhul thar na tairseacha ábharthachta faoi seach. |
An tSualainn
Íosteorainn 25 % a bhaineann go sonrach le hinstitiúidí creidmheasa maidir le meánualach riosca ualaithe ó thaobh na neamhchosanta na n-ualaí riosca a chuirtear i bhfeidhm ar an bpunann neamhchosaintí miondíola ar oibleagáideoirí a bhfuil cónaí orthu sa tSualainn atá urraithe le maoin dho-aistrithe i gcomhréir le hAirteagal 458(2)(d)(vi) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le hinstitiúidí creidmheasa atá údaraithe sa tSualainn, a úsáideann an Cur Chuige IRB chun ceanglais chaipitil rialála a ríomh.
I. Cur síos ar an mbeart
1. |
Is éard atá i mbeart na Sualainne, arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 458(2)(d)(vi) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a fhorchuirtear ar institiúidí creidmheasa atá údaraithe sa tSualainn a úsáideann an Cur Chuige IRB ná íosteorainn 25 % a bhaineann go sonrach le hinstitiúidí creidmheasa maidir le meánualach riosca ualaithe ó thaobh na neamhchosanta na n-ualaí riosca a chuirtear i bhfeidhm ar an bpunann neamhchosaintí miondíola ar oibleagáideoirí a bhfuil cónaí orthu sa tSualainn a urraítear le maoin dho-aistrithe. |
2. |
Is ionann an meánualach riosca ualaithe ó thaobh na neamhchosanta agus meánualaí riosca na neamhchosaintí aonair arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 154 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus ualach luach na neamhchosaintí ábhartha orthu. |
II. An Cómhalartú
3. |
I gcomhréir le hAirteagal 458(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, moltar d’údaráis ábhartha na mBallstát lena mbaineann beart na Sualainne a chómhalartú trína chur i bhfeidhm maidir le brainsí d’institiúidí creidmheasa atá lonnaithe sa tSualainn agus atá údaraithe ar bhonn intíre a úsáideann an Cur Chuige IRB laistigh den spriocdháta a shonraítear i bhfo-mholadh C(3). |
4. |
Moltar d’údaráis ábhartha beart na Sualainne a chómhalartú trína chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí creidmheasa atá údaraithe ar bhonn intíre a úsáideann Cur Chuige IRB agus lena mbaineann neamhchosaintí díreacha miondíola ar oibleagáideoirí a bhfuil cónaí orthu sa tSualainn a urraítear le maoin dho-aistrithe. I gcomhréir le fo-mholadh C(2), moltar do na húdaráis ábhartha an beart céanna agus an beart atá curtha chun feidhme sa tSualainn ag an údarás gníomhachtaithe a chur i bhfeidhm laistigh den teorainn ama a shonraítear i bhfo-mholadh C(3). |
5. |
Mura bhfuil an beart beartais macrastuamachta céanna ar fáil ina ndlínse, moltar do na húdaráis ábhartha, i ndiaidh dul i gcomhairle le BERS, beart beartais macrastuamachta atá ar fáil ina ndlínse a chur i bhfeidhm lena bhfuil an éifeacht is coibhéisí leis an mbeart thuas a mholtar a chómhalartú. Moltar do na húdaráis ábhartha an beart coibhéiseach a ghlacadh tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis fhoilsiú an Mholta seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
III. Tairseach ábharthachta
6. |
Déantar an beart a chomhlánú le tairseach ábharthachta institiúidsonrach SEK 5 bhilliún chun cur i bhfeidhm ionchasach an phrionsabail de minimis ag na húdaráis ábhartha a bheidh an beart á chómhalartú acu a stiúradh. |
7. |
I gcomhréir le Cuid 2.2.1 de Mholadh BERS/2015/2, maidir le hinstitiúidí creidmheasa aonair atá údaraithe ar bhonn intíre, a úsáideann an Cur Chuige IRB, agus ag a bhfuil neamhchosaintí miondíola neamhábhartha ar oibleagáideoirí a bhfuil cónaí orthu sa tSualainn a urraítear le maoin dho-aistrithe atá faoi bhun thairseach ábharthacht SEK 5 bhilliún, féadfaidh údaráis ábhartha an Bhallstáit lena mbaineann iad a dhíolmhú. Le linn an tairseach ábharthachta a chur i bhfeidhm, ba cheart do na húdaráis ábhartha faireachán a dhéanamh ar ábharthacht na neamhchosaintí agus moltar dóibh beart na Sualainne a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí creidmheasa aonair atá údaraithe ar bhonn intíre a díolmhaíodh roimhe sin nuair a rachfar thar thairseach ábharthachta SEK 5 bhilliún. |
8. |
I gcás nach bhfuil aon institiúid creidmheasa údaraithe sna Ballstáit lena mbaineann, institiúid creidmheasa a bhfuil brainsí acu atá lonnaithe sa tSualainn nó ag a bhfuil neamhchosaintí díreacha miondíola ar oibleagáideoirí a bhfuil cónaí orthu sa tSualainn, a urraítear le maoin dho-aistrithe, a úsáideann an Cur Chuige IRB agus a bhfuil neamhchosaintí miondíola dar luach SEK 5 bhilliún nó os a chionn sin acu ar oibleagáideoirí a bhfuil cónaí orthu sa tSualainn, atá urraithe le maoin dho-aistrithe, féadfaidh údaráis ábhartha na mBallstát lena mbaineann, de bhun Chuid 2.2.1 de Mholadh BERS/2015/2, a chinneadh gan beart na Sualainne a chómhalartú. Sa chás sin ba cheart do na húdaráis ábhartha faireachán a dhéanamh ar ábharthacht na neamhchosaintí agus moltar dóibh beart na Sualainne a chómhalartú ach institiúid creidmheasa a úsáideann an Cur Chuige IRB a dhul thar thairseach SEK 5 bhilliún. |
9. |
I gcomhréir le Cuid 2.2.1 de Mholadh BERS/2015/2, is leibhéal uasta tairsí a mholtar tairseach ábharthachta SEK 5 mbilliún. Dá bhrí sin, féadfaidh údaráis ábhartha atá ag cómhalartú tairseach is ísle a shocrú dá ndlínsí nuair is iomchuí, nó an beart a chómhalartú gan aon tairseach ábharthachta, in ionad an tairseach mholta a chur i bhfeidhm. |
(*1) Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO L 174, 26.6.2013, lch. 1).
(*2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le tuairisciú maoirseachta institiúidí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 191, 28.6.2014, lch. 1).
(*3) Recommandation du comité du risque systémique du 09 novembre 2020 relative aux crédits portant sur des biens immobiliers à usage résidentiel situés sur le territoire du Luxembourg (CRS/2020/005).
(*4) CSSF Régulation N.20-08 du 3 décembre 2020 fixant des conditions pour l’octroi de crédits relatifs à des biens immobiliers à usage résidentiel situés sur le territoire du Luxembourg.
(*5) Moladh BERS/2021/3 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach an 30 Aibreán 2021 lena leasaítear Moladh BERS/2015/2 maidir le measúnú ar éifeachtaí trasteorann agus ar chómhalartacht dheonach beart beartais macrastuamachta (IO C 222, 11.6.2021, lch. 1).’
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
27.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/16 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10809 – CD&R / TPG / COVETRUS)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 286/02)
An 20 Iúil 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10809. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
III Gníomhartha ullmhúcháin
AN BANC CEANNAIS EORPACH
27.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/17 |
TUAIRIM ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH
an 1 Meitheamh 2022
ar thogra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 600/2014 a mhéid a bhaineann le trédhearcacht sonraí margaidh a fheabhsú, deireadh a chur le bacainní ar theacht chun cinn teilitéipe comhdhlúite, oibleagáidí trádála a bharrfheabhsú agus toirmeasc a chur ar íocaíochtaí a ghlacadh d’orduithe cliant a chur ar aghaidh
(CON/2022/19)
(2022/C 286/03)
Réamhrá agus bunús dlí
An 3 Feabhra agus an 4 Feabhra 2022 fuair an Banc Ceannais Eorpach (BCE) iarrataí ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh ar thuairim maidir le togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le trédhearcacht sonraí margaidh a fheabhsú, deireadh a chur le bacainní ar theacht chun cinn teilitéipe comhdhlúite, oibleagáidí trádála a bharrfheabhsú agus cosc a chur ar íocaíochtaí a fháil d’orduithe cliant a chur ar aghaidh (1) (an “rialachán atá beartaithe” anseo feasta) agus maidir le togra le haghaidh treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (2) (dá ngairtear an “treoir atá beartaithe” anseo feasta).
Tá inniúlacht BCE maidir le tuairim a thabhairt bunaithe ar Airteagal 127(4) agus Airteagal 282(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ós rud é go bhfuil forálacha sa rialachán atá beartaithe agus sa treoir atá beartaithe a dhéanann difear (a) do bhunchúram an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) beartas airgeadaíochta an Aontais a shainiú agus a chur chun feidhme de bhun Airteagal 127(2) den Chonradh, agus (b) do chúram CEBC rannchuidiú le seoladh rianúil beartas arna saothrú ag na húdaráis inniúla a bhaineann le cobhsaíocht an chórais airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 127(5) den Chonradh. I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 17.5 de Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh, tá an Chomhairle Rialaithe tar éis an tuairim seo a ghlacadh.
Barúlacha ginearálta
1. Cuspóirí an rialacháin atá beartaithe
1.1 |
Is díol sásaimh do BCE príomhchuspóir an rialacháin atá beartaithe chun leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (’MiFIR’ anseo feasta) d’fhonn trédhearcacht sonraí margaidh ar fud ionaid trádála an Aontais Eorpaigh (AE) a fheabhsú trí chreat rialála nua a chruthú chun ’teilitéip chomhdhlúite’ a tháirgeadh do shonraí trádála, lena n-áirítear próiseas nua chun soláthraí teilitéipe comhdhlúite amháin a roghnú le haghaidh gach aicme sócmhainne. |
1.2 |
Áirítear freisin sa rialachán atá beartaithe athruithe suntasacha ar rialacha trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála an Aontais d’ionstraimí airgeadais cothromais agus neamhchothromais, amhail comhchuibhiú níos fearr ar rialacha chun foilsiú mionsonraí idirbheart a chur siar, nuashonruithe ar na hoibleagáidí maidir le trádáil scaireanna agus díorthach AE, cosc ar íocaíochtaí le haghaidh sreabhadh orduithe agus athruithe eile ar chóras an Aontais maidir le trádáil urrús agus díorthach. Is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe tacú tuilleadh le comhtháthú mhargaí Eorpacha caipitil agus na rialacha ábhartha maoirseachta ar an margadh airgeadais a chomhchuibhiú tuilleadh ar fud an Aontais. Tacaíonn BCE go láidir leis an aidhm ghinearálta tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chomhtháthú na margaí caipitil, go háirithe trí na feabhsuithe atá beartaithe ar thrédhearcacht sonraí margaidh. Teastaíonn margaí caipitil atá níos doimhne agus níos comhtháite ó dhearcthaí éagsúla. Ní hamháin go bhféadfaidh siad na hacmhainní is gá a shlógadh chun tacú le geilleagar an limistéir euro, ach fágfaidh siad freisin go mbeidh an córas airgeadais níos athléimní i gcoitinne. Thairis sin, is féidir a bheith ag súil go bhfeabhsóidh comhtháthú mhargaí Eorpaigh caipitil tarchur an bheartais aonair airgeadaíochta chuig gach cuid den limistéar euro, agus go n-éascófar rochtain rannpháirtithe margaidh ar mhaoiniú glas agus ar chistiú don aistriú i dtreo geilleagair digitigh. Chuige sin, athdhearbhaíonn BCE a thábhachtaí atá sé glacadh go pras le tionscnaimh bhreise faoi phlean gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil (AMC) 2020 ón gCoimisiún Eorpach agus iad a chur chun feidhme go hiomlán ar an leibhéal náisiúnta, i gcás ina bhfuil gá leis sin de réir an dlí. |
1.3 |
Trí fheabhas a chur ar thrédhearcacht na sonraí margaidh, cuirfear le forbairt mhargaí caipitil an Aontais, agus beidh fáil níos leithne ar fhaisnéis faoi phraghsanna agus faoi leachtacht ag infheisteoirí agus eisitheoirí, rud a chruthóidh tuilleadh deiseanna infheistíochta agus maoinithe agus a laghdóidh an costas a bhaineann le caipiteal a thiomsú d’eisitheoirí. Ag an am céanna meabhraítear go bhféadfadh sé go gcuirfeadh leibhéil níos airde trédhearcachta ar chumas trádálaithe áirithe i gcúinsí áirithe leas níos mó a bhaint as faisnéis maidir le horduithe atá ann cheana sa mhargadh trína gcumas trádáil níos tapúla a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin ag baint úsáide as an teicneolaíocht is déanaí. |
1.4 |
Tá spéis shonrach ag BCE sna tograí reachtacha sin i bhfianaise rannpháirtíocht CEBC sna margaí neamhchothromais (bannaí, bannaí ceannasacha san áireamh) i gcomhlíonadh bheartas airgeadaíochta CEBC agus cúraimí eile atá sainordaithe ag na Conarthaí, agus i bhfianaise an ghá atá ann rúndacht idirbheart íogair den sórt sin a chosaint. Dá bhrí sin, ba mhaith le BCE trácht a dhéanamh freisin ar fhorálacha eile den MiFIR (4) a dhéanann difear, cé nach bhfuil siad ina n-ábhar don Rialachán atá beartaithe, do bhainc cheannais CEBC agus dá n-idirbhearta margaidh in ionstraimí airgeadais (féach mír 7). |
2. Cuspóirí na treorach atá beartaithe
Ós rud é nach leagtar amach sa treoir atá beartaithe ach leasuithe teoranta ar Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (da ngairtear “MiFID II” anseo feasta) a eascraíonn den chuid is mó ó na hathruithe atá beartaithe ar MiFIR, ní fheictear do BCE gur gá tuairim a sholáthar ar an togra sin.
Barúlacha sonracha
3. Teilitéip Chomhdhlúite
3.1 |
Is díol sásaimh don BCE gur tugadh isteach an córas feabhsaithe atá beartaithe don “teilitéip chomhdhlúite” (consolidated tape, CT) agus an próiseas iomaíoch tairisceana do roghnú soláthraí teilitéipe comhdhlúite (consolidated tape provider, CTP) do gach aicme sócmhainne. Mar a thug BCE faoi deara roimhe seo, ní féidir trédhearcacht chuí a áirithiú go hiomchuí ach amháin trí CTP (6) amháin a bhunú do gach aicme sócmhainne ábhartha. Tá roinnt buntáistí ag baint leis an CT d’infheisteoirí, agus tacaíonn na buntáistí sin le cuspóirí AMC maidir le maoiniú mhargadh an chaipitil a dhéanamh níos inrochtana d’infheisteoirí agus ilroinnt mhargaí AE caipitil a laghdú. Ba cheart go gcuideodh sé le trédhearcacht agus rochtain infheisteoirí ar shonraí margaidh a mhéadú, agus ar an gcaoi sin rioscaí leachtachta agus cur i gcrích trádála a laghdú chomh maith le hilroinnt an mhargaidh a laghdú. D’fhéadfadh sé costais idirbheart d’infheisteoirí a laghdú go substaintiúil freisin. Má chuirtear ar chumas infheisteoirí forbhreathnú fíor-ama a bheith acu ar ghníomhaíocht trádála ar chostas réasúnta, ba cheart go méadófaí an úsáid a bhaineann infheisteoirí corparáideacha agus infheisteoirí miondíola as na margaí AE caipiti chun maoiniú agus infheistíocht a dhéanamh. |
3.2 |
Tá an córas feabhsaithe atá beartaithe casta ó thaobh na teicneolaíochta agus na hoibríochta de agus áirítear leis scéim luacha saothair ioncaim. D’fhonn an chothromaíocht a threorú idir cáilíocht agus leibhéal a infheistíochta i dtáirgeadh an tacair sonraí chomhdhlúite don aicme sócmhainne ar leith, tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go bhféadfadh CTP brath ar cháilíocht, ar iomláine agus ar sheachadadh pras na sonraí a sholáthraíonn rannchuiditheoirí sonraí margaidh dó (gnólachtaí infheistíochta, ionaid trádála, socruithe foilsithe formheasta agus inmheánaitheoirí córasacha). I ndáil leis an méid sin, tuigeann BCE nach mbeidh an CTP freagrach faoin togra ach as bunsonraí an mhargaidh a chomhdhlúthú agus iad a scaipeadh ar bhonn tráchtála ar an margadh agus go ndéanfaidh an Coimisiún cáilíocht na sonraí rannchuidithe, a bheidh na rannchuiditheoirí sonraí margaidh freagrach go hiomlán astu, a rialú ar bhonn gnímh tharmligthe, bunaithe ar chomhairle ó shainghrúpa geallsealbhóirí agus ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM). |
3.3 |
Más rud é gur gá do ÚEUM lamháltas CTP a fhoirceannadh ar chúis ar bith, d‘fhonn an rogha a dhéanamh inchreidte an conradh a athfhreastal, d’fhéadfadh na caighdeáin theicniúla atá le forbairt ag ÚEUM a cheangal ar an CTP a paraiméadair nasc teicniúil do rannchuiditheoirí sonraí margaidh agus a fhoclóirí sonraí a chur ar fáil go poiblí ionas go mbeidh siad ar fáil d’eintitis eile ar mian leo dul in iomaíocht don chonradh. |
3.4 |
Tuigeann BCE nach ndéanann na tograí maidir leis an CT difear do rúndacht idirbheart “beartas airgeadaíochta, malairte eachtraí nó cobhsaíochta airgeadais” CEBC, a leanann de bheith díolmhaithe ó nochtadh faoi Airteagal 1(6) den MiFIR. Dá réir sin, ní chuimseodh na “sonraí margaidh” a bheidh le sonrú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 22b(2) atá beartaithe agus na “bunsonraí margaidh” a dhíolfadh CTPanna le húsáideoirí sonraí ó idirbhearta beartais CEBC (amhail sonraí maidir le praghas, méid agus am a dtabhairt chun críche). |
4. Córas trédhearcachta réamhthrádála maidir le cothromais: “trádáil anaithnid”
Is díol sásaimh do BCE an sruthlíniú a dhéanann an rialachán atá beartaithe ar an gcóras trédhearcachta réamhthrádála do chothromas, trí chaidhp aonair méide atá socraithe ag 7 % de mhéid iomlán na dtrádálacha a dhéantar san ionstraim airgeadais ábhartha san Aontas faoin tarscaoileadh praghsanna tagartha nó faoin tarscaoileadh trádála idirbheartaithe a chur in ionad na caidhpe dúbailte méide (7). Simplíonn sé sin an córas trédhearcachta agus fágann sé nach bhfuil an faireachán ar na leibhéil trádála anaithnide chomh casta sin. Tá sé i gceist leis an gcaidhp méide uile-AE níos ísle atá beartaithe go gcúiteofar díothú tairseach shonrach an ionaid, mar sin tá sé mar aidhm ag an togra foriomlán trédhearcacht réamhthrádála i gcothromais a mhéadú. Ag an am céanna, tugtar faoi deara go bhfuil an t-idirghníomhú idir deireadh a chur leis an gcaidhp méide ionadshonrach agus ísliú na caidhpe uile-AE casta, toisc go meastar go mbeidh éifeachtaí éagsúla ag na hathruithe atá beartaithe ar thrédhearcacht. Dá bhrí sin, molann BCE gur cheart an córas trédhearcachta réamhthrádála do chothromas, go háirithe calabrú na caidhpe méide, a choinneáil faoi athbhreithniú.
5. Toirmeasc ar íocaíocht ar shreabhadh ordaithe
Áirítear sa togra ón gCoimisiún (8) srian breise ar íocaíocht do shreabhadh orduithe (payment for order flow, PFOF). Measann BCE gur féidir le PFOF bac a chur ar éifeachtúlacht an mhargaidh agus ar thrédhearcacht mhargaí Eorpacha caipitil.
6. Deireadh a chur le rochtain oscailte do dhíorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán
Cé go dtacaíonn sé i bprionsabal le bearta lena neartaítear margaí imréitigh an AE, tá sé tábhachtach machnamh a dhéanamh ar na himpleachtaí a d‘fhéadfadh a bheith ag deireadh a chur leis an soláthar rochtana oscailte ar iomaíocht, ar nuálaíocht agus ar chomhtháthú margaidh, agus chun na cuspóirí a d’fhéadfadh a bheith in iomaíocht leo a chothromú go cúramach.
7. Forálacha eile MiFIR agus a dtionchar ar idirbhearta margaidh BCE/CEBC
Níl forálacha an MiFIR a dhéanann difear go príomha d’idirbhearta an mhargaidh BCE/CEBC faoi réir an rialacháin atá beartaithe. Tugann BCE an deis seo, áfach, a mholadh go bhféadfaí foirmliú forálacha áirithe MiFIR a fheabhsú tuilleadh i bhfianaise thaithí BCE/CEBC maidir le hoibríochtaí margaidh a dhéanamh ar ionaid trádála AE.
7.1 Díolúine ó cheanglais trédhearcachta MiFIR d’idirbhearta CEBC a dhéantar de bhun Reacht an CEBC
Measann BCE gur cheart foirmliú reatha dhíolúine idirbheart beartais CEBC ó na ceanglais trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála (9) de bhun Airteagal 1(6) den MiFIR a leasú ionas go ndéanfaí an díolúine a leathnú ionas go mbeadh feidhm aici maidir le hidirbhearta bhainc cheannais CEBC “i bhfeidhmíocht an bheartais airgeadaíochta, malairte eachtraí agus cobhsaíochta airgeadais”, a chaithfí a shainiú tuilleadh i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583 ón gCoimisiún (10), go ndéanfaí an díolúine a leathnú ionas go mbeadh aici go sainráite maidir leis na gníomhaíochtaí go léir a dhéanann bainc cheannais an Eurochórais de bhun Chaibidil IV de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (dá ngairtear “Reacht an CEBC” anseo feasta). Measann BCE nach ceart do chontrapháirtí bhanc ceannais CEBC ach na cineálacha idirbheart infheistíochta sin a dhéanann bainc cheannais CEBC agus a leagtar amach in Airteagal 15, pointe (a) agus pointe (c) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583 a nochtadh. Ba cheart na cineálacha sin idirbheart a leagan amach go sainráite in Airteagal 1(7) athbhreithnithe den MiFIR, in ionad, mar atá faoi láthair, i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583.
7.2 Cumhachtú an Choimisiúin chun an díolúine ó cheanglais trédhearcachta MiFIR a shíneadh chuig bainc cheannais eile
Dá mbainfeadh gach idirbheart Eurochórais de bhun Chaibidil IV de Reacht CEBC tairbhe as an díolúine leathnaithe thuasluaite de bhun Airteagal 1(6) den MiFIR, is cuma cén bainc cheannais nó institiúidí ceannais eile a úsáideann na seirbhísí sin, ní bheadh feidhm a thuilleadh le cumhacht an Choimisiúin faoi Airteagal 1(9) de MiFIR chun raon feidhme na díolúine a leathnú “chuig bainc cheannais eile” iomarcach. Thairis sin, ní bheadh aon ghá a thuilleadh sainordú a thabhairt d’ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na “hoibríochtaí beartais airgeadaíochta, malairte eachtraí agus cobhsaíochta airgeadais” a shonrú. Dá réir sin, d’fhéadfaí Airteagal 1(8) agus (9) den MiFIR a scriosadh.
7.3 Idirbhearta arna ndíolmhú ag bainc cheannais CEBC ó oibreoirí cheanglais tuairiscithe ionad trádála faoi Airteagal 26(5) den MiFIR
Le hAirteagal 26(5) den MiFIR ceanglaítear ar oibreoirí ionad trádála aon idirbheart in ionstraimí airgeadais a thrádáiltear ar a n-ardáin agus a fhorghníomhaíonn gnólachtaí áirithe trína gcórais a thuairisciú dá n-údarás inniúil. Tá an sásra tuairiscithe reatha le haghaidh ionad trádála faoin bhforáil seo bunaithe go maith, le socruithe oibríochtúla i bhfeidhm chun sonraí ó idirbhearta den sórt sin a thuairisciú go rianúil. Tá taifid ag ionaid trádála chun críocha tuairiscithe ar shonraí mionsonraithe idirbhearta CEBC a dhéantar trí chórais an ionaid trádála. I ndáil leis sin, tuigeann BCE nach raibh sé ar intinn ag reachtóirí an Aontais gur cheart don cheanglas tuairiscithe faoi Airteagal 26(5) den MiFIR idirbhearta bhainc cheannais CEBC a chumhdach. Tá an tuiscint sin bunaithe ar an bhfíric go mbaineann na bainc cheannais tairbhe as díolúintí sainráite ó oibleagáidí tuairiscithe MiFIR agus, ina theannta sin, nach “gnólachtaí” iad, ach eintitis a dhéanann oibríochtaí margaidh ar bhonn a sainorduithe poiblí, lena n-áirítear faoin gConradh. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart Airteagal 26(5) a shoiléiriú tuilleadh i ndáil leis sin.
7.4 Díolúine iomlán d’idirbhearta maoinithe urrús CEBC a choimeád ón oibleagáid maidir le tuairisciú maoirseachta
Tugann BCE dá aire, cé go bhfuil idirbhearta um maoiniú urrús de chuid CEBC (IMUanna) díolmhaithe go hiomlán ó Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus an nochtadh agus ó na hoibleagáidí tuairiscithe atá ann (12), foráiltear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/590 (13) ón gCoimisiún go ndéanfar IMUanna (14) a bhfuil banc ceannais CEBC ina chontrapháirtí dóibh a mheas mar idirbhearta chun críocha Airteagal 26 den MiFIR (15). Mar thoradh air sin, tá na hidirbhearta sin faoi réir oibleagáidí tuairiscithe Airteagal 26 den MiFIR. Ar an gcaoi sin, imríonn Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/590 tionchar ar oibleagáidí tuairiscithe i ndáil le hidirbhearta den sórt sin ag bainc cheannais CEBC faoi MiFIR. Tagann an fo-ordú iarbhír seo de reachtaíocht an Aontais Leibhéal 1 go reachtaíocht an Aontais Leibhéal 2 salach ar phrionsabal dlíthiúil seanbhunaithe lex superior derogat legi inferiori (16), trí nach féidir gníomhartha cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe de chuid an Aontais reachtaíocht thánaisteach an Aontais a shárú. Tapaíonn BCE an deis seo chun tabhairt chun suntais gur cheart an chontrárthacht sin a cheartú i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/590, cé nach ábhar é ann féin de na tograí a raibh comhairliúchán le BCE ina leith.
I gcás ina molann BCE go leasófar an rialachán atá beartaithe, leagtar amach tograí sonracha dréachtaithe maidir le dréachtú i ndoiciméad oibre teicniúil ar leith a mbeidh téacs míniúcháin chun na críche sin ag gabháil leis. Tá an doiciméad oibre teicniúil ar fáil i mBéarla ar EUR-Lex.
Arna dhéanamh ag Frankfurt am Main, 1 Meitheamh 2022.
Uachtarán BCE
Christine LAGARDE
(1) COM (2021) 727 final.
(2) COM (2021) 726 final.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).
(4) Féach Airteagal 1(6), (7) agus (9) agus Airteagal 26(5) den MiFIR.
(5) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(6) Féach mír 5.2 de Thuairim CON/2012/21 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Márta 2012 maidir le: (i) togra le haghaidh treorach maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; (ii) togra le haghaidh rialacháin maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (EMIR); (iii) togra le haghaidh treorach maidir le pionóis coiriúla i dtaca le déileáil chos istigh agus le cúbláil mhargaidh; agus (iv) togra le haghaidh rialacháin maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (mí-úsáid an mhargaidh) (IO C 161, 7.6.2012, lch. 3). Tá tuairimí uile BCE ar fáil ar EUR-Lex.
(7) Airteagal 1(4) den rialachán atá beartaithe lena leasaítear Airteagal 5 den MiFIR.
(8) Airteagal 1(26) den rialachán atá beartaithe lena gcuirtear isteach Airteagal 39ú nua.
(9) Airteagail 8, 10, 18 agus 21 den MiFIR.
(10) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais i dtaca le caighdeáin theicniúla rialála maidir le ceanglais trédhearcachta le haghaidh ionad trádála agus gnólachtaí infheistíochta i dtaca le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh (IO L 87, 31.3.2017, lch. 229).
(11) Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).
(12) Airteagal 2(2), pointe (a) agus Airteagal 2(3) de Rialachán (AE) 2015/2365.
(13) (IO L 87, 31.3.2017, lch. 449).
(14) Mar a shainmhínítear in Airteagal 3(11) de Rialachán (AE) 2015/2365.
(15) Féach Airteagal 2(5), an dara fomhír de Rialachán Tarmligthe 2017/590 ón gCoimisiún.
(16) An prionsabal dlí go sáraíonn gníomh dlí níos airde in ordlathas noirm dlí gníomh dlí níos ísle san ordlathas sin.
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Chomhairle
27.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/22 |
Fógra le haghaidh na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/1315 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1308 ón gComhairle, a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
(2022/C 286/04)
Tá an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh na ndaoine agus na n-eintiteas a ainmnítear in Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle (1), arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/1315 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1308 ón gComhairle (4), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia.
Tugtar d’aire na ndaoine agus na n-eintiteas lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 8 den Rialachán).
Féadfaidh na daoine agus na heintitis lena mbaineann iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle, roimh an 15 Bealtaine 2023, in éineacht le doiciméadacht tacaíochta, gur cheart breathnú arís ar an gcinneadh iad a chur ar an liosta thuasluaite. Is ceart aon iarraidh den chineál sin a chur chuig an seoladh seo a leanas:
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
An Ardrúnaíocht |
RELEX.1. |
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
1048 Bruxelles/Brussel |
Belgique/BELGIË |
R-phost: sanctions@consilium.europa.eu
Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch athbhreithniú tréimhsiúil na Comhairle, de bhun Airteagal 17(2) de Chinneadh (CBES) 2015/1333 agus Airteagal 21(6) de Rialachán (AE) 2016/44, ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas ainmnithe.
Tugtar d’aire na ndaoine agus na n-eintiteas lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 275, an dara mír, agus in Airteagal 263, an ceathrú agus an séú mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(1) IO L 206, 1.8.2015, lch. 34.
(2) IO L 198, 27.7.2022, lch. 19.
27.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/24 |
Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a bhfuil feidhm maidir leo ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
(2022/C 286/05)
Tugtar an fhaisnéis seo a leanas d’aire na n-ábhar sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála sin Cinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle (2), arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/1315 ón gComhairle (3), agus Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle (4), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1308 ón gComhairle (5).
Is í seirbhís RELEX.1 na hArd-Stiúrthóireachta um an gCaidreamh Seachtrach (RELEX) d’Ardrúnaíocht na Comhairle (an Ardrúnaíocht) rialaitheoir na hoibríochta próiseála seo, agus is féidir dul i dteagmháil léi ag an seoladh seo a leanas:
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
An Ardrúnaíocht |
RELEX.1 |
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
1048 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
R-phost: sanctions@consilium.europa.eu
Is é is cuspóir don oibríocht phróiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2015/1333, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/1315, agus Rialachán (AE) 2016/44, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1308.
Is daoine nádúrtha iad na hábhair sonraí sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh (CBES) 2015/1333 agus i Rialachán (AE) 2016/44.
Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis.
Is ceadmhach pé sonraí pearsanta a bhaileofar a chomhroinnt, de réir mar is gá, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus leis an gCoimisiún.
Gan dochar d’aon srianta dá bhforáiltear de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfar feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí, amhail an ceart chun rochtana, chomh maith leis na cearta chun ceartúcháin nó chun agóid a dhéanamh, a fhreagairt i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.
Coimeádfar sonraí pearsanta ar feadh 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach nó ón uair a théann bailíocht an bhirt in éag, nó ar feadh ré na n-imeachtaí cúirte i gcás tús a bheith curtha leo.
Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach, féadfaidh ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).
(1) IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.
(2) IO L 206, 1.8.2015, lch. 34.
(3) IO L 198, 27.7.2022, lch. 19.
27.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/25 |
Fógra le haghaidh daoine áirithe atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach.
(2022/C 286/06)
Cuirtear an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid Sergei Ivanovich MENYAILO (Uimh. 12), duine atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2018/1544 (1) ón gComhairle agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542 (2) ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach.
Tá sé ar intinn ag an gComhairle na bearta sriantacha i gcoinne an duine thuasluaite a choinneáil bunaithe ar ráiteas leasaithe ar chúiseanna. Cuirtear in iúl don duine sin, leis seo, go bhféadfaidh sé iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chun an ráiteas ar chúiseanna atá beartaithe lena ainmniú a choinneáil a fháil, faoin 3 Lúnasa 2022, chuig an seoladh seo a leanas:
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
An Ardrúnaíocht |
RELEX.1 |
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
1048 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
R-phost: sanctions@consilium.europa.eu
Féadfaidh an duine lena mbaineann, tráth ar bith, iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chuig an seoladh thuas, mar aon le haon doiciméadacht tacaíochta, go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcinneadh é a chur agus a choinneáil ar an liosta. Déanfar na hiarrataí sin a mheas ach a bhfaighfear iad. I ndáil leis an méid sin, tugtar ar aird an duine lena mbaineann go ndéanann an Chomhairle athbhreithniú go tráthrialta de réir Airteagal 8 de Chinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle.
An Coimisiún Eorpach
27.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/26 |
Rátaí malairte an euro (1)
26 Iúil 2022
(2022/C 286/07)
1 euro =
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,0124 |
JPY |
yen na Seapáine |
138,35 |
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4449 |
GBP |
punt steirling |
0,84558 |
SEK |
krona na Sualainne |
10,4445 |
CHF |
franc na hEilvéise |
0,9765 |
ISK |
króna na hÍoslainne |
139,10 |
NOK |
krone na hIorua |
10,0105 |
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
24,607 |
HUF |
forint na hUngáire |
400,99 |
PLN |
zloty na Polainne |
4,7420 |
RON |
leu na Rómáine |
4,9324 |
TRY |
lira na Tuirce |
18,0705 |
AUD |
dollar na hAstráile |
1,4605 |
CAD |
dollar Cheanada |
1,3035 |
HKD |
dollar Hong Cong |
7,9466 |
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,6235 |
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4066 |
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 326,65 |
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
17,0870 |
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
6,8451 |
HRK |
kuna na Cróite |
7,5145 |
IDR |
rupiah na hIndinéise |
15 185,27 |
MYR |
ringgit na Malaeisia |
4,5113 |
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
56,160 |
RUB |
rúbal na Rúise |
|
THB |
baht na Téalainne |
37,180 |
BRL |
real na Brasaíle |
5,4437 |
MXN |
peso Mheicsiceo |
20,7845 |
INR |
rúipí na hIndia |
80,8050 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
27.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/27 |
Tuairim maidir le comhaontuithe sriantacha agus riochtaí ceannasacha ag an gcruinniú a bhí aige an 21 Eanáir 2022 maidir le dréachtchinneadh i gcás AT.39839 – Telefónica agus Portugal Telecom
Rapóirtéir: an Bheilg
(2022/C 286/08)
1.
Comhaontaíonn an Coiste Comhairleach (14 Bhallstát) leis an gCoimisiún fíneálacha a ghearradh an athuair ar Telefónica, S.A. agus Pharol, SGPS, S.A. trí bhíthin cinnidh de bhun Airteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003.
2.
Comhaontaíonn an Coiste Comhairleach (14 Bhallstát) leis an gCoimisiún maidir le haitheantas na seirbhísí a eisiatar ó luach na ndíolachán ar an mbonn go raibh bacainní dosháraithe ar iontráil ann agus, dá bhrí sin, nach raibh na páirtithe in iomaíocht ionchasach le chéile le linn thréimhse chur i bhfeidhm an chlásail neamhiomaíochta.
3.
Aontaíonn an Coiste Comhairleach (14 Bhallstát) leis an úsáid a bhain an Coimisiún as na figiúirí ceartaithe leasaithe i gcás Telefonica chun luach na ndíolachán a shainaithint.
4.
Comhaontaíonn an Coiste Comhairleach (14 Bhallstát) leis an gCoimisiún maidir le méideanna deiridh na bhfíneálacha arna bhforchur ar Telefónica, S.A. agus Pharol, SGPS, S.A., lena n-áirítear an laghdú atá bunaithe ar mhír 37 de Threoirlínte 2006 maidir leis an modh chun fíneálacha a ghearradh de bhun Airteagal 23(2)(a) de Rialachán Uimh. 1/2003 a shocrú.
5.
Molann an Coiste Comhairleach (14 Bhallstát) go bhfoilseofaí a Thuairim in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
27.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/28 |
Tuarascáil Deiridh an Oifigigh Éisteachta (1)
Cás AT.39839 — Telefónica agus Portugal Telecom (leasú)
(2022/C 286/09)
Is é an dréachtchinneadh, a dhírítear chuig (a) Telefónica, S.A (“Telefónica”) agus (b) Pharol SGPS SA (“Pharol”) (2), an dara cinneadh sna himeachtaí reatha. Glacadh an chéad chinneadh sa chás seo in 2013 (“Cinneadh 2013”) agus chuir an Chúirt Ghinearálta é ar neamhní i bpáirt in 2016 (3). Dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais breithiúnas na Cúirte Ginearálta in 2017 (4).
Cé gur dhearbhaigh an Chúirt Ghinearálta cinneadh an Choimisiúin go ndearnadh sárú ar Airteagal 101 CFAE i gCinneadh 2013, chuir sí Airteagal 2 de Chinneadh 2013 ar neamhní. De réir na Cúirte Ginearálta, i gCinneadh 2013, ba cheart luach na ndíolachán a bhaineann go díreach nó go hindíreach leis an sárú a bheith cinntithe ag an gCoimisiún, ar bhonn an ábhair a chuir Telefónica agus Pharol ar aghaidh maidir leis an easpa iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith eatarthu i ndáil le seirbhísí áirithe.
NÓS IMEACHTA
Tar éis bhreithiúnais na Cúirte Ginearálta agus breithiúnas na Cúirte Breithiúnais, sheol an Coimisiún roinnt iarrataí ar fhaisnéis chuig Telefónica agus Pharol agus é mar aidhm aige luach na ndíolachán a bhaineann go díreach nó go hindíreach leis an sárú a shuí a thuilleadh i bhfianaise chinntí na Cúirte Ginearálta.
An 23 Iúil 2019 agus an 5 Samhain 2019, chuir an Coimisiún litir fíoras chuig Telefónica agus Pharol (“Litir Fíoras”), inar cuireadh in iúl dóibh go raibh sé beartaithe ag an gCoimisiún cinneadh nua a ghlacadh de bhun Airteagal 23 de Rialachán 1/2003 (5), lena ngearrtar fíneálacha ar gach ceann díobh as sárú a dhéanamh ar Airteagal 101 CFAE, mar a shonraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 2013. Leasófaí Cinneadh 2013 leis an gcinneadh nua, agus breithiúnais na Cúirte Ginearálta agus breithiúnas na Cúirte Breithiúnais á gcur san áireamh.
Thíolaic Telefónica agus Pharol a dtuairimí maidir leis an Litir Fíoras an 18 Deireadh Fómhair 2019 agus an 10 Eanáir 2020 faoi seach. An 22 Meitheamh agus an 4 Lúnasa 2020, chuir Telefónica barúlacha breise isteach.
POINTÍ NÓS IMEACHTA A D’ARDAIGH TELEFÓNICA
a) Líomhain go bhfuil gá le ráiteas nua agóidí agus éisteacht nua ó bhéal
Ina fhreagra ar an Litir Fíoras, d’iarr Telefónica ráiteas nua agóidí agus éisteacht nua ó bhéal (6) agus é á rá gurb é an gníomh iomchuí, i bhfianaise ábhar na Litreach Fíoras agus na moltaí a rinneadh inti, go n-eiseodh an Coimisiún ráiteas nua agóidí agus go ndeonódh sé éisteacht ó bhéal do Telefónica i láthair ionadaithe na mBallstát, i gcomhréir leis an nós imeachta agus faoi réir na ráthaíochtaí nós imeachta a leagtar síos i Rialachán 1/2003 (7). Ní deir Telefónica tuilleadh maidir leis an iarratas sin ach déanann sé comparáid le breithiúnas Toshiba, agus é á rá go ndéanann an anailís ar iomaíocht ionchasach idir PT agus Telefónica i ngach ceann de na margaí agus seirbhísí dá dtagraíonn an Litir Fíoras difear do ghnéithe riachtanacha maidir le measúnú a dhéanamh ar na paraiméadar chun méid na fíneála a gearradh ar Telefónica a ríomh (8).
Dealraíonn sé gurb é argóint Telefónica, ós rud é go raibh gnéithe bunriachtanacha sa Litir Fíoras maidir le measúnú a dhéanamh ar na paraiméadair chun méid na fíneála a ríomh, go raibh ráiteas agóidí agus éisteacht ó bhéal tuilte ag Telefónica. Níl aon bhunús ag cur chuige Telefónica, áfach, sa chásdlí.
Mar chéad phointe i ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú nach gá go ndéanfadh neamhniú gnímh de chuid an Aontais difear do bhearta ullmhúcháin, agus féadfar, i bprionsabal, an nós imeachta maidir le hionadú an bhirt neamhnithe a atosú ag an bpointe ar tharla an neamhdhleathacht. Má fhaightear amach nach ndéanann an neamhniú difear do bhailíocht na mbeart nós imeachta a bhí ann roimhe sin, ní cheanglaítear ar an gCoimisiún, de thoradh an neamhnithe sin amháin, ráiteas nua agóidí a chur i láthair na ngnóthas lena mbaineann (9). Sa chás seo, dealraíonn sé nach bhfuil Telefónica ag líomhnú gur bhain an locht a d’aithin breithiúnais na Cúirte Ginearálta leis na hagóidí a rinneadh i gcoinne Telefónica in 2011 sular glacadh Cinneadh 2013 (10).
Ar an dara dul síos, ní bhaineann an dréachtchinneadh nua ach le ríomh mionsonraithe mhéid na bhfíneálacha, go háirithe luach na ndíolachán. Léirítear i míreanna 23-26 den dréachtchinneadh, mar is ceart, nach bhfuil aon agóid nua á déanamh ag an gCoimisiún agus níl Telefónica ag áitiú go raibh agóidí den sórt sin sa Litir Fíoras.
Ar an tríú dul síos, sa mhéid is go bhfuil Telefónica míshásta le heaspa éisteacht ó bhéal eile, tugtar faoi deara nach gciallaíonn an ceart chun éisteacht a fháil nach mór an deis a thabhairt don duine lena mbaineann a thuairimí a chur in iúl ó bhéal, ós rud é go gceadaítear an ceart sin a urramú leis an deis chun tuairimí a thabhairt i scríbhinn (11). Bhí an deis ag Telefónica freagairt i scríbhinn a thabhairt ar an Litir Fíoras agus rinne sé roinnt aighneachtaí eile chuig an gCoimisiún.
I bhfianaise an mhéid thuas, ní fheicim go bhfuil údar le tuairim Telefónica gur cheart ráiteas nua agóidí a bheith eisithe agus éisteacht nua ó bhéal a bheith deontaithe ag an gCoimisiún.
b) Argóint Telefónica go mbeadh ardú ar luach na ndíolachán contrártha don Chairt um Chearta Bunúsacha (“an Chairt”)
A mhéid a úsáidtear sonraí tagartha ceartaithe sa dréachtchinneadh chun luach na ndíolachán a chinneadh, maíonn Telefónica go bhfuil ardú ar luach na ndíolachán i gcinneadh nua contrártha d’Airteagal 47 den Chairt (12). Is amhlaidh atá toisc nach féidir, faoin Airteagal seo, breithiúnais chúirte a bheith neamhéifeachtach mar thoradh ar ghníomhartha na gcomhlachtaí riaracháin sin nach mór dóibh iad a fhorfheidhmiú. I dtuairim Telefónica, faoi chur chuige an Choimisiúin, bheadh deireadh iomlán le héifeachtacht breithiúnais, (13) rud a d’fhágfadh go mbeadh baol ann d’aon achomharcóir a bheadh ann amach anseo agus é i mbun machnaimh ar chaingean a thionscnamh maidir le neamhniú.
Ós rud é nach méadaítear méid na fíneála a suíodh leis an dréachtchinneadh i gcomparáid le Cinneadh 2013, níl aon cheist ann maidir le sárú ar Airteagal 47 den Chairt a eascraíonn as achomharc Telefónica ar Chinneadh 2013.
CONCLÚID
Measaim gur urramaíodh ceart éisteachta na rannpháirtithe uile sna himeachtaí sa chás seo.
Bhruiséil, 24 Eanáir 2022.
Dorothe DALHEIMER
(1) De bhun Airteagail 16 agus 17 de Chinneadh 2011/695/AE ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh an 13 Deireadh Fómhair 2011 maidir le feidhm agus téarmaí tagartha an oifigigh éisteachta in imeachtaí iomaíochta áirithe (IO L 275, 20.10.2011, lch. 29) (“Cinneadh 2011/695/AE”).
(2) Athainmníodh Portugal Telecom SGPS, S.A. (“PT”), seolaí bunaidh Chinneadh 2013, mar Pharol in 2015.
(3) Cás T-216/13 Telefónica SA v An Coimisiún Eorpach agus Cás T-208/13 Portugal Telecom SGPS SA v An Coimisiún Eorpach (“breithiúnas na Cúirte Ginearálta”).
(4) Cás C-487/16 P Telefónica SA v An Coimisiún Eorpach. Ní dhearna Pharol achomharc i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta i gCás T-208/13. (“Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais”).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1).
(6) Ní dhearna Pharol iarratas den chineál céanna.
(7) Freagra Telefónica ar an Litir Fíoras, mír 9.
(8) Freagra Telefónica ar an Litir Fíoras, fonóta 8.
(9) Limburgse Vinyl Maatschappij agus Eile v An Coimisiún, C-238/99 P, C-244/99 P, C-245/99 P, C-247/99 P, C-250/99 P go C-252/99 P agus C-254/99 P, ECLI:EU:C:2002:582, míreanna 73 go 75 agus 80 agus 81
(10) Féach, Toshiba v An Coimisiún, C-180/16 P, ECLI:EU:C:2017:520, mír 28.
(11) HeidelbergCement AG agus Schwenk Zement KG v An Coimisiún, T-380/17, ECLI:EU:T:2020:471, mír 634.
(12) Freagra Telefónica ar an Litir Fíoras, míreanna 37 go 42.
(13) Freagra Telefónica ar an Litir Fíoras, mír 38.
27.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/30 |
Achoimre ar Chinneadh ón gCoimisiún
an 25 Eanáir 2022
lena leasaítear Cinneadh C(2013) 306 final maidir le himeacht de bhun Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an Conradh)
(Cás AT.39839 – Telefónica agus Portugal Telecom)
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022)324)
(Is iad an Béarla agus an Phortaingéilis amháin teangacha barántúla an cháis)
(2022/C 286/10)
An 25 Eanáir 2022 ghlac an Coimisiún cinneadh a bhaineann le nós imeachta faoi Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le forálacha Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (1) , foilsíonn an Coimisiún anseo ainmneacha na bpáirtithe agus príomhábhar an chinnidh, lena n-áirítear aon phionós arna fhorchur, ag féachaint do leas dlisteanach na ngnóthas a rúin ghnó a chosaint.
1. RÉAMHRÁ
(1) |
An 23 Eanáir 2013, ghlac an Coimisiún Cinneadh lena ngearrtar fíneáil ar Teileafónica agus Portugal Telecom as comhaontú neamhiomaíochta a dhéanamh chun iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shrianadh agus, ar an mbealach sin, Airteagal 101 CFAE a shárú (“Cinneadh 2013”). Sna breithiúnais uaithi an 28 Meitheamh 2016 (2) (a dearbhaíodh le breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 13 Nollaig 2017 ina dhiaidh sin), sheas an Chúirt Ghinearálta le réasúnú an Choimisiúin maidir leis an sárú sa Chinneadh uaidh, ach chuir sí na fíneálacha a ghearr an Coimisiún ar neamhní. I gcomhréir le breithiúnais na Cúirte, cinntear leis an gCinneadh na seirbhísí nach raibh Telefónica agus Portugal Telecom in iomaíocht ionchasach le chéile ina leith tráth an tsáraithe agus déantar iad a eisiamh chun críocha ríomh na bhfíneálacha. |
2. NÓS IMEACHTA
(2) |
Chinn an Coimisiún sa Chinneadh uaidh an 23 Eanáir 2013 gur sháraigh Telefónica agus Portugal Telecom Airteagal 101 CFAE trí pháirt a ghlacadh i gcomhaontú neamhiomaíochta a áiríodh mar chlásal a naoi den Chomhaontú Ceannaigh Stoc a rinne siad an 28 Iúil 2010 i gcomhthéacs rialú aonair a fháil ag Telefónica ar Vivo, oibreoir seirbhísí soghluaiste na Brasaíle. |
(3) |
I gcás an tsáraithe sin, ghearr an Coimisiún fíneálacha EUR 66 894 000 ar Telefónica agus EUR 12 290 000 ar Portugal Telecom faoi Airteagal 23(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003. |
(4) |
Rinne Telefónica agus Portugal Telecom achomharc in aghaidh an Chinnidh ón gCoimisiún chuig an gCúirt Ghinearálta. Sna breithiúnais uaithi an 28 Meitheamh 2016, sheas an Chúirt Ghinearálta le conclúid an Choimisiúin in Airteagal 1 den Chinneadh ón gCoimisiún gur sháraigh Telefónica agus Portugal Telecom Airteagal 101 CFAE ón 27 Meán Fómhair 2010 go dtí an 4 Feabhra 2011 trí pháirt a ghlacadh i gcomhaontú neamhiomaíochta. |
(5) |
Maidir le fíneálacha a ghearradh, chuir an Chúirt Ghinearálta Airteagal 2 den Chinneadh ón gCoimisiún ar neamhní sa mhéid gur socraíodh méid na bhfíneálacha ar bhonn luach na ndíolachán a chuir an Coimisiún san áireamh. |
(6) |
Rinne Telefónica achomharc ar bhreithiúnas Telefónica. An 13 Nollaig 2017, d’eisigh an Chúirt Bhreithiúnais a breithiúnas i gCás C-487/16 P Telefónica SA v an Coimisiún Eorpach, ag diúltú d’achomharc Telefónica. Ní dhearna Pharol achomharc i gcoinne bhreithiúnas PT. |
3. FÍORAIS
(7) |
Maidir leis an gcás ina bhfanann cinneadh an Choimisiúin maidir le sárú in éifeacht agus ina bhfuil luach res judicata aige, cé gur cuireadh na fíneálacha i leith an tsáraithe sin ar neamhní, ba cheart an cás sin a leigheas le Cinneadh nua faoi Airteagal 23(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 i gcás shárú Telefónica agus Portugal Telecom ar Airteagal 101 CFAE a bunaíodh le Cinneadh 2013. |
(8) |
Chun an fhíneáil a ríomh, braitheann an Coimisiún ar an measúnú ar na fíorais a bunaíodh i gCinneadh 2013. Ag an am céanna, cuireann sé i bhfeidhm na prionsabail arna mbunú i mbreithiúnas na Cúirte Ginearálta maidir leis an oibleagáid atá ar an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh, ar bhonn an ábhair a chuir na Páirtithe ar aghaidh, cé na seirbhísí sin nach raibh na Páirtithe in iomaíocht ionchasach le chéile ina leith laistigh de Leithinis na hIbéire le linn thréimhse chur i bhfeidhm an chlásail neamhiomaíochta. Dá bhrí sin, déanann an Coimisiún na seirbhísí sin a eisiamh ó luach na ndíolachán chun na fíneálacha a ríomh. |
(9) |
Ina theannta sin, le linn an phróisis reatha a bhaineann leis na fíneálacha a athríomh, tháinig an Coimisiún ar roinnt míríomhanna a rinne Telefónica nuair a chuir siad luach na bhfigiúirí díolacháin ar fáil, rud a rinne difear ar deireadh do ríomh na bhfíneálacha i gCinneadh 2013. |
(10) |
Ní mór aghaidh a thabhairt ar bhotúin ríomha den sórt sin. Mura gceartófaí é, leanfadh luach an díolacháin de bheith earráideach agus íseal go míchuí agus bheadh fíneáil arna ríomh ar bhonn faisnéis mhícheart mar thoradh air. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún ag brath ar na figiúirí athbhreithnithe nua a chuir Telefónica ar fáil le linn an imscrúdaithe reatha chun luach ceart na ndíolachán sa Chinneadh uaidh a bhunú. |
(11) |
Sa Chinneadh nua, dealaíonn an Coimisiún luach díolachán na seirbhísí a mheasann an Coimisiún nach bhféadfadh aon iomaíocht ionchasach a bheith ann ina leith idir na Páirtithe le linn thréimhse chur i bhfeidhm an chlásail neamhiomaíochta. |
(12) |
D’eisigh an Coiste Comhairleach um Chleachtais Srianta agus Riochtaí Ceannasacha tuairim fhabhrach an 21 Eanáir 2022. Glacadh an Cinneadh an 25 Eanáir 2022. |
4. MEASÚNÚ DLÍTHIÚIL
4.1. Iomaíocht fhéideartha
(13) |
Measann an Coimisiún, i gcomhréir leis an gcásdlí comhsheasmhach (3), maidir le comhaontuithe um páirtiú i margadh, amhail an ceann lena mbaineann sa Chinneadh seo, gurb é caighdeán an chruthúnais chun measúnú a dhéanamh ar iomaíocht ionchasach “bacainní dosháraithe ar iontráil”. Ag an am céanna, cuireann an Coimisiún cur chuige níos déine i bhfeidhm sa chás seo ná mar is gá agus fíoraíonn sé nach raibh an fhéidearthacht dul isteach sa mhargadh go hiomlán hipitéiseach, agus imthosca sonracha na margaí nó na seirbhísí éagsúla á gcur san áireamh. |
(14) |
Dá bhrí sin, is iad seo a leanas na seirbhísí a mheasann an Coimisiún nach bhféadfadh aon iomaíocht ionchasach a bheith ann ina leith idir na Páirtithe le linn thréimhse chur i bhfeidhm an chlásail neamhiomaíochta:
|
5. FÍNEÁLACHA
(15) |
Cuireann an Coimisiún na breithnithe céanna i bhfeidhm agus a bhí ann in 2013 maidir le tromchúis na fíneála, fad an tsáraithe, cion luach na ndíolachán atá le cur san áireamh agus imthosca géaraitheacha agus maolaitheacha a bheith ann. |
(16) |
Ní rachaidh an méid bunúsach coigeartaithe thar 10 % de láimhdeachas iomlán Telefónica in 2020. I ndiaidh sraith idirbheart comhleanúnach agus atheagrú laistigh den chuideachta, níor bhain Pharol aon láimhdeachas amach in 2020, rud nach léiríonn go hiomchuí a ualach eacnamaíoch. Dar leis an gCoimisiún, mar a cheanglaítear leis an gcásdlí, gur fearr a léiríonn láimhdeachas Pharol sa bhliain 2013, an bhliain iomlán deiridh de ghnáthghníomhaíocht eacnamaíoch Pharol thar thréimhse 12 mhí (4), fíorstaid eacnamaíoch Pharol agus ráthaíonn sé éifeacht dhíspreagthach leordhóthanach. Ní mó ná 10 % dá láimhdeachas iomlán don bhliain ghnó 2013 méid bunúsach coigeartaithe Pharol. |
(17) |
Ar deireadh, cé gur eascair na hearráidí maidir le luach díolachán Telefónica as ríomhanna earráideacha Telefónica féin, ní bheadh an Coimisiún tar éis teacht ar na hearráidí sin maidir le luach na ndíolachán agus, dá bhrí sin, ní bheadh sé in ann an fhíneáil a mhéadú, dá mba rud é nár chuir an Chúirt Ghinearálta fíneálacha Chinneadh 2013 ar neamhní. Sna himthosca sin, agus i bhfianaise na héifeachta measartha beag a bhí ag na hearráidí sin ar mhéid na fíneála, agus ós rud é go bhfuil tréimhse shuntasach ama caite ó tharla na hearráidí sin (12 Meán Fómhair 2012), measann an Coimisiún go bhfuil sé réasúnta sa chás áirithe seo a chorrlach lánroghnach a úsáid, i gcomhréir le pointe 37 de na Treoirlínte maidir le fíneálacha (5), chun an fhíneáil a gearradh ar Telefónica a laghdú go dtí an leibhéal a bunaíodh i gCinneadh 2013. |
(18) |
Dá bhrí sin, is é méid deiridh na bhfíneálacha aonair a gearradh de bhun Airteagal 23(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 an méid seo a leanas:
|
(1) IO L 1, 4.1.2003, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 411/2004 (IO L 68, 6.3.2004, lch. 1).
(2) Cás T-216/13 Telefónica SA v An Coimisiún Eorpach (“breithiúnas Telefónica”) agus Cás T-208/13 Portugal Telecom SGPS SA v An Coimisiún Eorpach (“breithiúnas PT”).
(3) Breithiúnas Telefónica, mír 221 agus breithiúnas PT, mír 181; Cás T-691/14, Servier SAS ague Eile v An Coimisiún Eorpach, ECLI:EU:T:2018:922, míreanna 319, 327 agus 328, breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Bealtaine 2014, T-519/09, Toshiba Corp. v An Coimisiún Eorpach, ECLI:EU:T:2014:263, mír 231.
(4) Mar shampla, i mBreithiúnas na Cúirte Ginearálta an 28 Aibreán 2010, T-456/05 agus T-457/05, Gütermann et Zwicky, ECLI:EU:T:2010:168, míreanna 94-103 agus tagairtí eile dó.
(5) “Cé go léirítear sna Treoirlínte sin an mhodheolaíocht ghinearálta chun fíneálacha a shocrú, maidir le sainiúlachtaí cáis ar leith nó maidir leis an ngá atá le díspreagadh a bhaint amach i gcás ar leith, d’fhéadfadh údar maith a bheith ann imeacht ón modheolaíocht sin nó ó na teorainneacha a shonraítear i bpointe 21”.
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT
27.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/33 |
Nuashonrú ar an liosta de na pointí trasnaithe teorann mar a thagraítear dóibh in Airteagal 2(8) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (1)
(2022/C 286/11)
An liosta de na pointí trasnaithe teorann mar a thagraítear dóibh in Airteagal 2(8) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (2), foilsítear an liosta sin ar bhonn na faisnéise a chuireann na Ballstáit in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 39 de Chód Teorainneacha Schengen.
Chomh maith lena fhoilsiú san Iris Oifigiúil, tá nuashonrú rialta ar fáil ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta um Imirce agus Gnóthaí Baile.
LIOSTA DE NA POINTÍ TRASNAITHE TEORANN
AN GHEARMÁIN
Le cur in ionad na faisnéise a foilsíodh in IO C 201, 18.5.2022, lch. 82.
Calafoirt ar an muir thuaidh
(1) |
Borkum |
(2) |
Brake |
(3) |
Brunsbüttel |
(4) |
Büsum |
(5) |
Bützflether Sand |
(6) |
Bremen |
(7) |
Bremerhaven |
(8) |
Cuxhaven |
(9) |
Eckwarderhörne |
(10) |
Elsfleth |
(11) |
Emden |
(12) |
Fedderwardersiel |
(13) |
Glückstadt |
(14) |
Hamburg |
(15) |
Hamburg-Neuenfelde |
(16) |
Herbrum |
(17) |
Helgoland |
(18) |
Horumersiel |
(19) |
Husum |
(20) |
Juist |
(21) |
Leer |
(22) |
Lemwerder |
(23) |
List/Sylt |
(24) |
Neuharlingersiel |
(25) |
Norddeich |
(26) |
Nordenham |
(27) |
Otterndorf |
(28) |
Papenburg |
(29) |
Spiekeroog |
(30) |
Stade |
(31) |
Stadersand |
(32) |
Varel |
(33) |
Wangerooge |
(34) |
Wedel |
(35) |
Weener |
(36) |
Westeraccumersiel |
(37) |
Wewelsfleth |
(38) |
Wilhelmshaven |
Calafoirt mhuir bhailt
(1) |
Eckernförde (saoráidí calafoirt Chabhlach Cónaidhme na Gearmáine) |
(2) |
Calafort Flensburg |
(3) |
Calafort Greifswald-Ladebow |
(4) |
Jägersberg (saoráidí calafoirt Chabhlach Cónaidhme na Gearmáine) |
(5) |
Kiel |
(6) |
Kiel (saoráidí calafoirt Chabhlach Cónaidhme na Gearmáine) |
(7) |
Kiel-Holtenau |
(8) |
Lubmin |
(9) |
Lübeck |
(10) |
Lübeck-Travemünde |
(11) |
Mukran |
(12) |
Neustadt |
(13) |
Puttgarden |
(14) |
Rendsburg |
(15) |
Calafort Rostock (cónascadh de chalafoirt Warnemünde agus Rostock, ar calafoirt thar lear iad) |
(16) |
Sassnitz |
(17) |
Stralsund |
(18) |
Surendorf (saoráidí calafoirt Chabhlach Cónaidhme na Gearmáine) |
(19) |
Vierow |
(20) |
Wismar |
(21) |
Wolgast |
ODERHAFF
(1) |
Ueckermünde |
Aerfoirt, aeradróim, aerpháirceanna
I STÁT CÓNAIDHME BADEN WÜRTTEMBERG
(1) |
Aalen-Heidenheim-Elchingen |
(2) |
Baden Aerfort Karlsruhe Baden-Baden |
(3) |
Donaueschingen-Villingen |
(4) |
Freiburg/Brg. |
(5) |
Friedrichshafen-Löwental |
(6) |
Heubach (Ceantar Schwäb. Gmünd) |
(7) |
Lahr |
(8) |
Laupheim |
(9) |
Leutkirch-Unterzeil |
(10) |
Mannheim-City |
(11) |
Mengen |
(12) |
Niederstetten |
(13) |
Schwäbisch Hall |
(14) |
Stuttgart |
I STÁT CÓNAIDHME BAVARIA
(1) |
Aschaffenburg |
(2) |
Augsburg-Mühlhausen |
(3) |
Bayreuth – Bindlacher Berg |
(4) |
Coburg-Brandebsteinsebene |
(5) |
Giebelstadt |
(6) |
Hassfurth-Mainwiesen |
(7) |
Hof-Plauen |
(8) |
Ingolstadt |
(9) |
Landshut-Ellermühle |
(10) |
Lechfeld |
(11) |
Memmingerberg |
(12) |
München “Franz Joseph Strauß” |
(13) |
Neuburg |
(14) |
Nürnberg |
(15) |
Oberpfaffenhofen |
(16) |
Roth |
(17) |
Straubing-Wallmühle |
I STÁT CÓNAIDHME BEIRLÍN
(1) |
Berlín-Tegel |
I STÁT CÓNAIDHME BRANDENBURG
(1) |
Beirlín Brandenburg “Willy Brandt” |
(2) |
Schönhagen |
I STÁT CÓNAIDHME BREMEN
(1) |
Bremen |
I STÁT CÓNAIDHME HAMBURG
(1) |
Hamburg |
I STÁT CÓNAIDHME HESSE
(1) |
Allendorf/Eder |
(2) |
Egelsbach |
(3) |
Frankfurt/Main |
(4) |
Fritzlar |
(5) |
Kassel-Calden |
(6) |
Reichelsheim |
I STÁT CÓNAIDHME MECKLENBURG-POMERANIA THIAR
(1) |
Neubrandenburg-Trollenhagen |
(2) |
Rostock-Laage |
I STÁT CÓNAIDHME NA SACSAINE ÍOCHTARAÍ
(1) |
Borkum |
(2) |
Braunschweig-Waggum |
(3) |
Bückeburg-Achum |
(4) |
Celle |
(5) |
Damme/Dümmer-See |
(6) |
Diepholz |
(7) |
Emden |
(8) |
Fassberg |
(9) |
Ganderkesee |
(10) |
Hannover |
(11) |
Leer-Nüttermoor |
(12) |
Norderney |
(13) |
Nordholz |
(14) |
Osnabrück-Atterheide |
(15) |
Wangerooge |
(16) |
Wilhelmshaven-Mariensiel |
(17) |
Wittmundhafen |
(18) |
Wunstorf |
I STÁT CÓNAIDHME NA RÉINE THUAIDH-VIOSTFÁILE
(1) |
Aachen-Merzbrück |
(2) |
Arnsberg |
(3) |
Bielefeld-Windelsbleiche |
(4) |
Bonn-Hardthöhe |
(5) |
Dortmund-Wickede |
(6) |
Düsseldorf |
(7) |
Essen-Mülheim |
(8) |
Bonn Hangelar |
(9) |
Köln/Bonn |
(10) |
Marl/Loemühle |
(11) |
Mönchengladbach |
(12) |
Münster-Osnabrück |
(13) |
Nörvenich |
(14) |
Paderborn-Lippstadt |
(15) |
Porta Westfalica |
(16) |
Rheine-Bentlage |
(17) |
Siegerland |
(18) |
Stadtlohn-Wenningfeld |
(19) |
Weeze-Lahrbruch |
I STÁT CÓNAIDHME DHÚICHE NA RÉINE AGUS NA PALAITÍNEACHTA
(1) |
Büchel |
(2) |
Föhren |
(3) |
Hahn |
(4) |
Koblenz-Winningen |
(5) |
Mainz-Finthen |
(6) |
Pirmasens-Pottschütthöhe |
(7) |
Ramstein (Aerbhunáit de chuid na Stát Aontaithe) |
(8) |
Speyer |
(9) |
Spangdahlem (Aerbhunáit de chuid na Stát Aontaithe) |
(10) |
Zweibrücken |
I STÁT CÓNAIDHME NA SÁRLAINNE
(1) |
Saarbrücken-Ensheim |
(2) |
Saarlouis/Düren |
I STÁT CÓNAIDHME NA SACSAINE
(1) |
Dresden |
(2) |
Leipzig-Halle |
(3) |
Rothenburg/Oberlausitz |
I STÁT CÓNAIDHME NA SACSAINE-ANHALT
(1) |
Cochstedt |
(2) |
Magdeburg |
I STÁT CÓNAIDHME SCHLESWIG-HOLSTEIN
(1) |
Helgoland-Düne |
(2) |
Hohn |
(3) |
Kiel-Holtenau |
(4) |
Lübeck-Blankensee |
(5) |
Schleswig/Jagel |
(6) |
Westerland/Sylt |
I STÁT CÓNAIDHME THURINGIA
(1) |
Altenburg-Nobitz |
(2) |
Erfurt-Weimar |
Liosta na bhfoilseachán a foilsíodh roimhe seo
IO C 247, 13.10.2006, lch. 25.
IO C 331, 31.12.2008, lch. 13.
IO C 355, 29.12.2010, lch. 34.
IO C 313, 17.10.2012, lch. 11.
IO C 394, 20.12.2012, lch. 22.
IO C 244, 26.7.2014, lch. 22 .
IO C 341, 16.10.2015, lch. 19.
IO C 484, 24.12.2016, lch. 30.
IO C 459, 20.12.2018, lch. 40.
(1) Féach ar liosta na bhfoilseachán roimhe seo ag deireadh an nuashonraithe seo.
V Fógairtí
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
27.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/41 |
Foilsiú iarratais ar leasú ar shonraíocht le haghaidh ainm san earnáil fíona dá dtagraítear in Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(2022/C 286/12)
Leis an bhfoilsiú seo, tugtar an ceart agóid a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 2 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.
IARRATAS AR LEASÚ AR AN tSONRAÍOCHT TÁIRGE
“Comtés Rhodaniens”
PGI-FR-A1230-AM02
Dáta cur i bhfeidhm: An 23 Meán Fómhair 2016
1. Rialacha is infheidhme maidir leis an leasú
Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 - Nach mionleasú é
2. Tuairisc ar an leasú agus na cúiseanna leis an leasú
2.1. Limistéar geografach
Leathnaíodh alt 4, Caibidil 1 den tsonraíocht chun cur síos níos mionsonraithe a thabhairt ar an limistéar geografach agus chun roinnt earráidí cléireachais a cheartú.
Sa reachtaíocht náisiúnta roimhe seo, cuireadh an limistéar geografach táirgeachta i láthair mar liosta de chantúin. Is éard is cantúin ann ná grúpáil de bhardais chun críocha toghcháin agus féadfaidh sé athrú le himeacht ama. Ar an gcúis sin, cinneadh sonraí a sholáthar faoi na bardais a chumhdaítear faoin tsonraíocht. Mar sin féin, d’eascair roinnt earráidí cléireachais as an áireamh sin agus ní mór iad a cheartú.
Is éard atá sa chur síos ar an limistéar geografach anois ná liosta de bhardais, ag tagairt don Chód Geografoch Oifigiúil, acmhainn tagartha náisiúnta ar ar tiomsaíodh na liostaí seo. Ciallaíonn sé seo gur éifeachtaí is féidir obair leantach a dhéanamh ar aon athrú a thagann chun cinn.
Aistríodh an tuairisc ar an limistéar geografach i bhfoirm liosta bardas chuig an alt faoi “Limistéar Geografach Críochaithe” den doiciméad aonair.
2.2. Ceanglais náisiúnta agus ceanglais an Aontais — Príomhphointí le seiceáil
I gCaibidil 2 den tsonraíocht, ceartaíodh liosta na bpríomhphointí atá le seiceáil. Tá sé soiléirithe anois go ndéantar seiceáil orgánaileipteach ar na táirgí má bhraitear aimhrialtacht le linn seiceáil inmheánach, i.e. scrúdú orgánaileipteach ar bhulcfhíonta agus ar fhíonta pacáistithe.
Ní dhéanann an leasú seo ar an tsonraíocht difear don doiciméad aonair.
2.3. Nasc leis an limistéar geografach
Leasaíodh Caibidil 1, alt 7 den tsonraíocht, “Nasc leis an limistéar geografach”, chun aird níos soiléire a tharraingt ar na gnéithe is coiteann de gach folimistéar laistigh den limistéar táirgeachta, i.e. cineál aeráide agus catagóirí leathana ithreach. Áirítear sa leasú freisin míniú ar an nasc cúisíoch is gné dhílis de thionchar na gcineálacha aeráide réigiúnaí agus ithreach ar tháirgeadh fíonta sách úra, míne agus torthaíocha.
Aistríodh na leasuithe sin chuig an alt maidir le “Nasc leis an limistéar geografach” sa doiciméad aonair.
2.4. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta
I gCaibidil 1 den tsonraíocht, tá leathnú déanta ar alt 3.3 maidir leis an tuairisc ar na fíonta.
Rinneadh na leasuithe sin freisin ar an bpointe dar teideal “Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta” den doiciméad aonair.
2.5. Lipéadú
Leasaíodh Caibidil 1, alt 5 den tsonraíocht chun an liosta socraithe d’ainmneacha cineálacha fíniúnacha a bhaint ar féidir iad a thaispeáint leis an sonrúchán “Comtés Rhodaniens” ar lipéadú an táirge. Is mian leis an ngrúpa iarrthach a bheith in ann leas iomlán a bhaint as na cineálacha fíniúnacha go léir sa limistéar geografach táirgeachta.
Scriosadh an abairt seo a leanas: “Déantar fíonta a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint ‘Comtés Rhodaniens’ acu agus ainm chineál fíniúna amháin nó níos mó ina dhiaidh sin as na cineálacha seo: Chardonnay B, Gamaret N, Gamay N, Marsanne B, Pinot Noir N, Roussanne B, Syrah N, Viognier B.”
Dá bhrí sin, leasaíodh an chuid den doiciméad aonair maidir le forálacha breise a bhaineann le lipéadú.
2.6. Catagóir táirge fíniúna a scriosadh
Leasaíodh an tsonraíocht chun na forálacha uile a bhaineann le táirgeadh fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán a bhaint. Tagann sé seo sna sála ar an gcinneadh ón gComhairle Stáit an 2 Márta 2015 lena gcuirtear ar neamhní an tOrdú an 28 Deireadh Fómhair 2011 maidir le TGFC “Comtés Rhodaniens”, cinneadh lena ndearnadh forálacha na sonraíochta maidir le “fíonta rosé agus fíonta geala súilíneacha ar ardchaighdeán” a fhormheas.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm(neacha)
Comtés Rhodaniens
2. Cineál an táisc gheografaigh
TGFC — Tásc Geografach faoi Chosaint
3. Catagóirí na dtáirgí fíniúna
1. |
Fíon |
4. Tuairisc ar na fíonta
Fíonta dearga, rosé agus geala “Comtés Rhodaniens” TGFC
Is fíonta neamhcharbónaithe amháin – fíonta dearga, fíonta rosé agus fíonta geala – a chumhdaítear leis an tásc geografach faoi chosaint “Comtés Rhodaniens”.
Cé is moite den neart alcóil iarbhír íosta de réir toirte, leanann na critéir anailíseacha rialacha an Aontais.
Bíonn dea-bholaithe torthaíocha mar shaintréith ag na fíonta go léir agus iad i láthair iontu i gcónaí. Féadfaidh a ndéine agus a gcineál a bheith éagsúil, áfach, ag brath ar na cineálacha fíniúna, cibé acu atá siad cumaiscthe nó nach bhfuil, agus ar na teicneolaíochtaí a úsáidtear. Maidir leis na fíonta dearga, táirgtear struchtúir mhíne le tainniní aibí agus boga mar thoradh ar na modhanna eastósctha. Bíonn dath idir dath sú craobh agus dath dearg an rúibín ar na fíonta dearga. Ó thaobh cumhrachta agus blais de bíonn dea-bholaithe torthaí dearga nó dubha orthu a chomhlánaítear le bolaithe suntasacha mianraí, uaireanta le himir de bhláthanna ag brath ar an gcineál fíniúna. Sa bhéal, bíonn na fíonta maothlach agus cothromaíocht mhaith iontu idir siúcraí agus aigéid. I gcás fíonta geala agus rosé, mar gheall ar na modhanna fíonóireachta a úsáidtear féadfar cothromaíocht den scoth a choinneáil idir siúcraí agus aigéid, agus úire agus torthaíocht na bhfíonta a chaomhnú. Bíonn dath idir bánbhuí le himreacha glasa go buí órga ar na fíonta geala. Ó thaobh cumhrachta agus blais de bíonn dea-bholaithe torthaí úra agus citris orthu, le himireacha de bhláthanna nó mianraí ag brath ar an gcineál fíniúna. Bíonn dath coiréalach geal de dhéine éagsúil ar na fíonta rosé. Ó thaobh cumhrachta agus blais de bíonn dea-bholaithe torthaí úra orthu. Ó thaobh blais de, bíonn siad an-bhríomhar.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte) |
|
Neart alcóil iomlán íosta (% de réir toirte) |
9 |
Aigéadacht iomlán íosta |
|
Aigéadacht luaineach uasta (milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
5. Cleachtais fíonóireachta
a. Cleachtais fhíoneolaíocha fhíor-riachtanacha
Maidir le cleachtais fhíoneolaíocha, ní mór do na fíonta ceanglais uile na reachtaíochta Eorpaí agus náisiúnta a chomhlíonadh.
b. Táirgeacht uasta
98 heictilítear in aghaidh an heicteáir
6. Limistéar geografach críochaithe
Is i gcríoch na mbardas sonrach a liostaítear sa tsonraíocht a dhéantar an fómhar fíonchaor agus an próiseas fíonóireachta le haghaidh an táisc gheografaigh “Comtés Rhodaniens” - is é sin, i ranna Ain, Ardèche, Drôme, Isère, Loire, Rhône, Savoie, Haute-Savoie agus Saône-et-Loire.
Roinn Ain: 5 bhardas
Anglefort, Chanay, Corbonod, Culoz agus Seyssel.
Roinn Ardèche: 245 bhardas
Ailhon, Aizac, Alba-la-Romaine, Alboussière, Andance, Annonay, Ardoix, Arlebosc, Arras-sur-Rhône, Les Assions, Astet, Aubenas, Aubignas, Baix, Balazuc, Banne, Barnas, Beauchastel, Beaulieu, Beaumont, Berrias-et-Casteljau, Berzème, Bessas, Bidon, Bogy, Boucieu-le-Roi, Boulieu-lès-Annonay, Bourg-Saint-Andéol, Bozas, Brossainc, Chambonas, Champagne, Champis, Chandolas, Charmes-sur-Rhône, Charnas, Chassiers, Châteaubourg, Chauzon, Chazeaux, Cheminas, Chirols, Chomérac, Colombier-le-Cardinal, Colombier-le-Jeune, Colombier-le-Vieux, Cornas, Coux, Le Crestet, Cruas, Darbres, Davézieux, Désaignes, Dompnac, Dunière-sur-Eyrieux, Eclassan, Empurany, Étables, Fabras, Faugères, Félines, Flaviac, Fons, Genestelle, Gilhac-et-Bruzac, Gilhoc-sur-Ormèze, Glun, Gras, Gravières, Grospierres, Guilherand-Granges, Jaujac, Joannas, Joyeuse, Juvinas, Labastide-de-Virac, Labastide-sur-Bésorgues, Labeaume, Labégude, Lablachère, Laboule, Lachamp-Raphaël, Lachapelle-sous-Aubenas, Lafarre, Lagorce, Lalevade-d’Ardèche, Lalouvesc, Lamastre, Lanas, Largentière, Larnas, Laurac-en-Vivarais, Lavilledieu, Laviolle, Lemps, Lentillères, Limony, Loubaresse, Lussas, Malarce-sur-la-Thines, Malbosc, Mauves, Mayres, Mercuer, Meyras, Meysse, Mézilhac, Mirabel, Monestier, Montréal, Montselgues, Les Ollières-sur-Eyrieux, Orgnac-l’Aven, Ozon, Pailharès, Payzac, Peaugres, Peyraud, Planzolles, Plats, Pont-de-Labeaume, Pourchères, Le Pouzin, Prades, Pradons, Préaux, Prunet, Quintenas, Ribes, Rochecolombe, Rochemaure, Rocher, Rochessauve, Rocles, Roiffieux, Rompon, Rosières, Ruoms, Sablières, Saint-Alban-Auriolles, Saint-Alban-d’Ay, Saint-Andéol-de-Berg, Saint-Andéol-de-Vals, Saint-André-de-Cruzières, Saint-André-Lachamp, Saint-Barthélemy-le-Plain, Saint-Bauzile, Saint-Cierge-la-Serre, Saint-Cirgues-de-Prades, Saint-Clair, Saint-Cyr, Saint-Désirat, Saint-Didier-sous-Aubenas, Saint-Étienne-de-Boulogne, Saint-Étienne-de-Fontbellon, Saint-Étienne-de-Valoux, Saint-Félicien, Saint-Fortunat-sur-Eyrieux, Saint-Genest-de-Beauzon, Saint-Georges-les-Bains, Saint-Germain, Saint-Gineis-en-Coiron, Saint-Jacques-d’Atticieux, Saint-Jean-de-Muzols, Saint-Jean-le-Centenier, Saint-Jeure-d’Ay, Saint-Joseph-des-Bancs, Saint-Julien-du-Serre, Saint-Julien-en-Saint-Alban, Saint-Julien-Vocance, Saint-Just-d’Ardèche, Saint-Lager-Bressac, Saint-Laurent-du-Pape, Saint-Laurent-sous-Coiron, Saint-Marcel-d’Ardèche, Saint-Marcel-lès-Annonay, Saint-Martin-d’Ardèche, Saint-Martin-sur-Lavezon, Saint-Maurice-d’Ardèche, Saint-Maurice-d’Ibie, Saint-Mélany, Saint-Michel-de-Boulogne, Saint-Michel-de-Chabrillanoux, Saint-Montan, Saint-Paul-le-Jeune, Saint-Péray, Saint-Pierre-la-Roche, Saint-Pierre-Saint-Jean, Saint-Pierre-sur-Doux, Saint-Pons, Saint-Privat, Saint-Remèze, Saint-Romain-d’Ay, Saint-Romain-de-Lerps, Saint-Sauveur-de-Cruzières, Saint-Sernin, Saint-Symphorien-de-Mahun, Saint-Symphorien-sous-Chomérac, Saint-Thomé, Saint-Victor, Saint-Vincent-de-Barrès, Saint-Vincent-de-Durfort, Sainte-Marguerite-Lafigère, Salavas, Les Salelles, Sampzon, Sanilhac, Sarras, Satillieu, Savas, Sceautres, Sécheras, Serrières, La Souche, Soyons, Talencieux, Tauriers, Le Teil, Thorrenc, Thueyts, Toulaud, Tournon-sur-Rhône, Ucel, Uzer, Vagnas, Valgorge, Vallées-d’Antraigues-Asperjoc, Vallon-Pont-d’Arc, Vals-les-Bains, Valvignères, Vanosc, Les Vans, Vaudevant, Vernon, Vernosc-lès-Annonay, Vesseaux, Villeneuve-de-Berg, Villevocance, Vinezac, Vinzieux, Vion, Viviers, Vocance, Vogüé agus La Voulte-sur-Rhône.
Roinn Drôme: 275 bhardas
Na bardais atá san áireamh ina n-iomláine:
Albon, Aleyrac, Alixan, Allan, Allex, Ambonil, Ancône, Andancette, Anneyron, Aouste-sur-Sye, Arpavon, Arthémonay, Aubenasson, Aubres, Aulan, Aurel, Autichamp, Ballons, Barcelonne, Barnave, Barret-de-Lioure, Barsac, Bathernay, La Bâtie-Rolland, La Baume-de-Transit, Beaufort-sur-Gervanne, Beaumont-lès-Valence, Beaumont-Monteux, Beausemblant, Beauvallon, Beauvoisin, La Bégude-de-Mazenc, Bellecombe-Tarendol, Bénivay-Ollon, Bésayes, Bésignan, Bonlieu-sur-Roubion, Bouchet, Bourg-lès-Valence, Bren, Buis-les-Baronnies, Chabeuil, Chabrillan, Le Chalon, Chamaloc, Chamaret, Chanos-Curson, Chantemerle-les-Blés, Chantemerle-lès-Grignan, La Charce, Charmes-sur-l’Herbasse, Charols, Chastel-Arnaud, Châteaudouble, Châteauneuf-de-Bordette, Châteauneuf-de-Galaure, Châteauneuf-du-Rhône, Châteauneuf-sur-Isère, Châtillon-en-Diois, Châtillon-Saint-Jean, Chatuzange-le-Goubet, Chaudebonne, Chauvac-Laux-Montaux, Chavannes, Clansayes, Claveyson, Cléon-d’Andran, Clérieux, Cliousclat, Colonzelle, Comps, Condillac, Condorcet, Cornillac, Cornillon-sur-l’Oule, La Coucourde, Crépol, Crest, Crozes-Hermitage, Curnier, Die, Dieulefit, Divajeu, Donzère, Érôme, Espeluche, Espenel, Étoile-sur-Rhône, Eurre, Eygalayes, Eygaliers, Eyroles, Eyzahut, Fay-le-Clos, Ferrassières, Francillon-sur-Roubion, La Garde-Adhémar, Génissieux, Gervans, Geyssans, Grane, Les Granges-Gontardes, Granges-les-Beaumont, Grignan, Izon-la-Bruisse, Laborel, Lachau, Larnage, La Laupie, Laval-d’Aix, Laveyron, Lemps, Livron-sur-Drôme, Loriol-sur-Drôme, Luc-en-Diois, Malataverne, Malissard, Manas, Margès, Marignac-en-Diois, Marsanne, Marsaz, Menglon Mercurol-Veaunes, Mérindol-les-Oliviers, Mévouillon, Mirabel-aux-Baronnies, Mirabel-et-Blacons, Mirmande, Mollans-sur-Ouvèze, Montauban-sur-l’Ouvèze, Montaulieu, Montboucher-sur-Jabron, Montbrison-sur-Lez, Montbrun-les-Bains, Montchenu, Montclar-sur-Gervanne, Montéléger, Montélier, Montélimar, Montferrand-la-Fare, Montfroc, Montguers, Montjoux, Montjoyer, Montlaur-en-Diois, Montmaur-en-Diois, Montmeyran, Montmiral, Montoison, Montréal-les-Sources, Montségur-sur-Lauzon, Montvendre, La Motte-de-Galaure, Mours-Saint-Eusèbe, Mureils, Nyons, Orcinas, Parnans, Le Pègue, Pelonne, La Penne-sur-l’Ouvèze, Peyrins, Piégon, Piégros-la-Clastre, Pierrelatte, Pierrelongue, Les Pilles, Plaisians, Le Poët-en-Percip, Le Poët-Laval, Le Poët-Sigillat, Pommerol, Ponet-et-Saint-Auban, Ponsas, Pont-de-Barret, Pont-de-l’Isère, Pontaix, Portes-en-Valdaine, Portes-lès-Valence, Poyols, Propiac, Puy-Saint-Martin, Puygiron, Ratières, Réauville, Recoubeau-Jansac, Reilhanette, Rémuzat, La Répara-Auriples, Rioms, La Roche-de-Glun, Roche-Saint-Secret-Béconne, La Roche-sur-Grane, La Roche-sur-le-Buis, Rochebaudin, Rochebrune, Rochefort-en-Valdaine, Rochegude, La Rochette-du-Buis, Romans-sur-Isère, Romeyer, Roussas, Rousset-les-Vignes, Roussieux, Roynac, Sahune, Saillans, Saint-Andéol, Saint-Auban-sur-l’Ouvèze, Saint-Avit, Saint-Bardoux, Saint-Barthélemy-de-Vals, Saint-Benoit-en-Diois, Saint-Donat-sur-l’Herbasse, Saint-Ferréol-Trente-Pas, Saint-Gervais-sur-Roubion, Saint-Julien-en-Quint, Saint-Laurent-d’Onay, Saint-Marcel-lès-Sauzet, Saint-Marcel-lès-Valence, Saint-Martin-d’Août, Saint-Maurice-sur-Eygues, Saint-May, Saint-Michel-sur-Savasse, Saint-Pantaléon-les-Vignes, Saint-Paul-lès-Romans, Saint-Paul-Trois-Châteaux, Saint-Rambert-d’Albon, Saint-Restitut, Saint-Roman, Saint-Sauveur-en-Diois, Saint-Sauveur-Gouvernet, Saint-Uze, Saint-Vallier, Sainte-Croix, Sainte-Euphémie-sur-Ouvèze, Sainte-Jalle, Salettes, Salles-sous-Bois, Saou, Saulce-sur-Rhône, Sauzet, Savasse, Séderon, Serves-sur-Rhône, Solaure en Diois, Solérieux, Souspierre, Soyans, Suze, Suze-la-Rousse, Tain-l’Hermitage, Taulignan, Teyssières, La Touche, Les Tourrettes, Triors, Tulette, Upie, Vachères-en-Quint, Valaurie, Valence, Valouse, Venterol, Vercheny, Verclause, Vercoiran, Vers-sur-Méouge, Vesc, Villebois-les-Pins, Villefranche-le-Château, Villeperdrix agus Vinsobres.
Is iad a leanas na bardais nach n-áirítear ach i bpáirt:
Valherbasse: an chuid a fhreagraíonn do chríoch iar-bhardas Miribel agus Saint-Bonnet-de-Valclérieux.
Roinn Isère: 181 bhardas
Les Adrets, Agnin, Allevard, Anjou, Annoisin-Chatelans, Aoste, Arandon-Passins, Assieu, Auberives-sur-Varèze, Les Avenières Veyrins-Thuellin, La Balme-les-Grottes, Barraux, Beaucroissant, Bernin, Biviers, Le Bouchage, Bougé-Chambalud, Bourgoin-Jallieu, Bouvesse-Quirieu, Brangues, La Buisse, La Buissière, Cessieu, Le Champ-près-Froges, Chamrousse, Chanas, Chapareillan, La Chapelle-de-la-Tour, La Chapelle-de-Surieu, La Chapelle-du-Bard, Charette, Charnècles, Chasse-sur-Rhône, Le Cheylas, Cheyssieu, Chimilin, Chonas-l’Amballan, Chozeau, Chuzelles, Claix, Clonas-sur-Varèze, La Combe-de-Lancey, Corbelin, Corenc, Les Côtes-d’Arey, Coublevie, Courtenay, Cras, Crémieu, Crêts en Belledonne, Creys-Mépieu, Crolles, Dizimieu, Dolomieu, Domène, Estrablin, Eyzin-Pinet, Faverges-de-la-Tour, La Flachère, Fontaine, Fontanil-Cornillon, Froges, Gières, Goncelin, Granieu, Le Gua, Hières-sur-Amby, Hurtières, Izeaux, Jardin, Laval, Leyrieu, Lumbin, Luzinay, Meylan, Moidieu-Détourbe, Moirans, Montalieu-Vercieu, Montbonnot-Saint-Martin, Montcarra, Moras, Morestel, Morette, Le Moutaret, La Murette, Murianette, Noyarey, Optevoz, Parmilieu, Le Péage-du-Roussillon, La Pierre, Poliénas, Le Pont-de-Claix, Pont-Évêque, Pontcharra, Porcieu-Amblagnieu, Quincieu, Réaumont, Renage, Revel, Reventin-Vaugris, Rives, La Rivière, Les Roches-de-Condrieu, Rochetoirin, Romagnieu, Roussillon, Ruy-Montceau, Sablons, Saint-Alban-de-Roche, Saint-Alban-du-Rhône, Saint-Baudille-de-la-Tour, Saint-Blaise-du-Buis, Saint-Cassien, Saint-Chef, Saint-Clair-du-Rhône, Saint-Egrève, Saint-Etienne-de-Crossey, Saint-Hilaire-de-Brens, Saint-Ismier, Saint-Jean-de-Moirans, Saint-Jean-le-Vieux, Saint-Lattier, Saint-Marcel-Bel-Accueil, Saint-Martin-d’Uriage, Saint-Martin-le-Vinoux, Saint-Maurice-l’Exil, Saint-Maximin, Saint-Mury-Monteymond, Saint-Nazaire-les-Eymes, Saint-Paul-d’Izeaux, Saint-Paul-de-Varces, Saint-Prim, Saint-Quentin-sur-Isère, Saint-Romain-de-Jalionas, Saint-Romain-de-Surieu, Saint-Savin, Saint-Sorlin-de-Morestel, Saint-Sorlin-de-Vienne, Saint-Victor-de-Morestel, Saint-Vincent-de-Mercuze, Sainte-Agnès, Sainte-Marie-d’Alloix, Salagnon, Salaise-sur-Sanne, Sassenage, Septème, Sermérieu, Seyssuel, Siccieu-Saint-Julien-et-Carisieu, Soleymieu, Sonnay, Tencin, La Terrasse, Theys, Le Touvet, Trept, La Tronche, Tullins, Varces-Allières-et-Risset, Vasselin, Vatilieu, Vénérieu, Venon, Vernas, Vernioz, Le Versoud, Vertrieu, Veurey-Voroize, Veyssilieu, Vézeronce-Curtin, Vienne, Vif, Vignieu, Villard-Bonnot, Ville-sous-Anjou, Villemoirieu, Villette-de-Vienne, Voiron, Voreppe agus Vourey.
Roinn Loire: 179 mbardas
Ailleux, Ambierle, Andrézieux-Bouthéon, Arthun, Aveizieux, Balbigny, Bard, Bellegarde-en-Forez, La Bénisson-Dieu, Bessey, Boën-sur-Lignon, Boisset-lès-Montrond, Boisset-Saint-Priest, Bonson, Boyer, Briennon, Bully, Bussières, Bussy-Albieux, Cellieu, Cezay, Chagnon, Chalain-d’Uzore, Chalain-le-Comtal, Chalmazel-Jeansagnière, Chambles, Chamboeuf, Champdieu, Chandon, Changy, La Chapelle-en-Lafaye, La Chapelle-Villars, Charlieu, Châteauneuf, Châtelneuf, Chavanay, Chazelles-sur-Lavieu, Chenereilles, Chuyer, Combre, Commelle-Vernay, Cordelle, Le Coteau, Coutouvre, Craintilleux, Le Crozet, Cuzieu, Dargoire, Débats-Rivière-d’Orpra, Écotay-l’Olme, Essertines-en-Châtelneuf, Genilac, Grézieux-le-Fromental, Grézolles, Gumières, L’Hôpital-le-Grand, L’Hôpital-sous-Rochefort, Jarnosse, Lavieu, Leigneux, Lentigny, Lérigneux, Lézigneux, Lupé, Luré, Luriecq, Mably, Maclas, Magneux-Haute-Rive, Maizilly, Malleval, Marcilly-le-Châtel, Marcoux, Margerie-Chantagret, Marols, Mars, Montagny, Montarcher, Montbrison, Montrond-les-Bains, Montverdun, Mornand-en-Forez, Nandax, Néronde, Neulise, Noailly, Nollieux, Notre-Dame-de-Boisset, Ouches, La Pacaudière, Palogneux, Parigny, Pélussin, Périgneux, Pinay, Pommiers, Pouilly-les-Nonains, Pouilly-sous-Charlieu, Pradines, Pralong, Précieux, Renaison, Riorges, Rivas, Roanne, Roche, Roisey, Sail-sous-Couzan, Saint-Alban-les-Eaux, Saint-André-d’Apchon, Saint-André-le-Puy, Saint-Appolinard, Saint-Bonnet-des-Quarts, Saint-Bonnet-le-Courreau, Saint-Bonnet-les-Oules, Saint-Cyprien, Saint-Cyr-de-Favières, Saint-Cyr-de-Valorges, Saint-Denis-de-Cabanne, Saint-Étienne-le-Molard, Saint-Forgeux-Lespinasse, Saint-Galmier, Saint-Georges-de-Baroille, Saint-Georges-en-Couzan, Saint-Georges-Haute-Ville, Saint-Germain-Laval, Saint-Germain-Lespinasse, Saint-Haon-le-Châtel, Saint-Haon-le-Vieux, Saint-Hilaire-sous-Charlieu, Saint-Jean-Saint-Maurice-sur-Loire, Saint-Jean-Soleymieux, Saint-Jodard, Saint-Joseph, Saint-Julien-d’Oddes, Saint-Just-en-Bas, Saint-Just-Saint-Rambert, Saint-Laurent-Rochefort, Saint-Léger-sur-Roanne, Saint-Marcel-de-Félines, Saint-Marcellin-en-Forez, Saint-Martin-la-Plaine, Saint-Martin-la-Sauveté, Saint-Michel-sur-Rhône, Saint-Nizier-sous-Charlieu, Saint-Paul-d’Uzore, Saint-Pierre-de-Boeuf, Saint-Pierre-la-Noaille, Saint-Polgues, Saint-Priest-la-Roche, Saint-Romain-la-Motte, Saint-Romain-le-Puy, Saint-Sixte, Saint-Thomas-la-Garde, Saint-Vincent-de-Boisset, Sainte-Agathe-en-Donzy, Sainte-Agathe-la-Bouteresse, Sainte-Colombe-sur-Gand, Sainte-Foy-Saint-Sulpice, Sauvain, Savigneux, Soleymieux, Souternon, Sury-le-Comtal, Tartaras, Trelins, Unias, Veauche, Veauchette, Vendranges, Véranne, Vérin, Verrières-en-Forez, Vézelin-sur-Loire, Villemontais, Villerest, Villers, Violay agus Vougy.
Roinn Rhône: 92 bhardas
Is iad a leanas na bardais atá san áireamh ina n-iomláine:
Alix, Ampuis, Anse, L’Arbresle, Les Ardillats, Arnas, Bagnols, Beaujeu, Belleville-en-Beaujolais, Belmont-d’Azergues, Blacé, Le Breuil, Bully, Cercié, Chabanière, Chambost-Allières, Chamelet, Charentay, Charnay, Châtillon, Chazay-d’Azergues, Chénas, Chessy, Chiroubles, Cogny, Condrieu, Corcelles-en-Beaujolais, Denicé, Échalas, Émeringes, Fleurie, Frontenas, Gleizé, Les Haies, Juliénas, Jullié, Lacenas, Lachassagne, Lancié, Lantignié, Légny, Létra, Limas, Loire-sur-Rhône, Longes, Lozanne, Lucenay, Marchampt, Marcy, Moiré, Montmelas-Saint-Sorlin, Morancé, Odenas, Le Perréon, Pommiers, Porte des Pierres Dorées, Quincié-en-Beaujolais, Régnié-Durette, Rivolet, Rontalon, Saint-Clément-sur-Valsonne, Saint-Cyr-le-Chatoux, Saint-Cyr-sur-le-Rhône, Saint-Didier-sur-Beaujeu, Saint-Etienne-des-Oullières, Saint-Etienne-la-Varenne, Saint-Georges-de-Reneins, Saint-Germain-Nuelles, Saint-Jean-des-Vignes, Saint-Julien, Saint-Just-d’Avray, Saint-Lager, Saint-Romain-de-Popey, Saint-Romain-en-Gal, Saint-Vérand, Sainte-Colombe, Sainte-Paule, Salles-Arbuissonnas-en-Beaujolais, Sarcey, Soucieu-en-Jarrest, Ternand, Theizé, Trèves, Tupin-et-Semons, Val d’Oingt, Vaux-en-Beaujolais, Vauxrenard, Vernay, Ville-sur-Jarnioux agus Villié-Morgon.
Is iad a leanas na bardais nach n-áirítear ach i bpáirt:
Vindry-sur-Turdine: an chuid a fhreagraíonn do chríoch iar-bhardas Dareizé, Les Olmes agus Saint-Loup mar a bhí.
Beauvallon: an chuid a fhreagraíonn do chríoch iar-bhardas Saint-Jean-de-Touslas.
Roinn Saône-et-Loire: 11 bhardas
Chaintré, Chânes, La Chapelle-de-Guinchay, Chasselas, Crêches-sur-Saône, Leynes, Pruzilly, Romanèche-Thorins, Saint-Amour-Bellevue, Saint-Symphorien-d’Ancelles agus Saint-Vérand.
Roinn Savoie: 165 bhardas
Aiguebelette-le-Lac, Aiton, Aix-les-Bains, Albertville, Allondaz, Apremont, Arbin, Argentine, Arvillard, Avressieux, Ayn, La Balme, Barberaz, Barby, Bassens, La Bâthie, Belmont-Tramonet, Betton-Bettonet, Billième, La Biolle, Bonvillard, Bonvillaret, Bourdeau, Le Bourget-du-Lac, Bourget-en-Huile, Bourgneuf, La Bridoire, Brison-Saint-Innocent, Césarches, Cevins, Challes-les-Eaux, Chambéry, Chamousset, Chamoux-sur-Gelon, Champ-Laurent, Champagneux, Chanaz, La Chapelle-Blanche, La Chapelle-du-Mont-du-Chat, La Chapelle-Saint-Martin, Châteauneuf, La Chavanne, Chignin, Chindrieux, Cléry, Cognin, Coise-Saint-Jean-Pied-Gauthier, Conjux, La Croix-de-la-Rochette, Cruet, Curienne, Les Déserts, Détrier, Domessin, Drumettaz-Clarafond, Dullin, Entrelacs, Épierre, Esserts-Blay, Fréterive, Frontenex, Gerbaix, Gilly-sur-Isère, Grésy-sur-Aix, Grésy-sur-Isère, Grignon, Hauteville, Jacob-Bellecombette, Jongieux, Laissaud, Lépin-le-Lac, Loisieux, Lucey, Marcieux, Mercury, Méry, Meyrieux-Trouet, Les Mollettes, Montagnole, Montailleur, Montcel, Montendry, Montgilbert, Monthion, Montmélian, Montsapey, La Motte-Servolex, Motz, Mouxy, Myans, Nances, Notre-Dame-des-Millières, Novalaise, Ontex, Pallud, Planaise, Plancherine, Le Pont-de-Beauvoisin, Le Pontet, Porte-de-Savoie, Presle, Pugny-Chatenod, Puygros, La Ravoire, Rochefort, Rognaix, Rotherens, Ruffieux, Saint-Alban-d’Hurtières, Saint-Alban-de-Montbel, Saint-Alban-Leysse, Saint-Baldoph, Saint-Béron, Saint-Cassin, Saint-Genix-les-Villages, Saint-Georges-d’Hurtières, Saint-Jean-d’Arvey, Saint-Jean-de-Chevelu, Saint-Jean-de-la-Porte, Saint-Jeoire-Prieuré, Saint-Léger, Saint-Offenge, Saint-Ours, Saint-Paul, Saint-Paul-sur-Isère, Saint-Pierre-d’Albigny, Saint-Pierre-d’Alvey, Saint-Pierre-de-Belleville, Saint-Pierre-de-Curtille, Saint-Pierre-de-Soucy, Saint-Sulpice, Saint-Vital, Sainte-Hélène-du-Lac, Sainte-Hélène-sur-Isère, Sainte-Marie-d’Alvey, Serrières-en-Chautagne, Sonnaz, La Table, Thénésol, Thoiry, La Thuile, Tournon, Tours-en-Savoie, Traize, Tresserve, Trévignin, La Trinité, Val-d’Arc, Valgelon-La Rochette, Venthon, Verel-de-Montbel, Verel-Pragondran, Le Verneil, Verrens-Arvey, Verthemex, Villard-d’Héry, Villard-Léger, Villard-Sallet, Villaroux, Vimines, Vions, Viviers-du-Lac, Voglans agus Yenne.
Roinn Haute-Savoie: 121 bhardas
Allinges, Allonzier-la-Caille, Ambilly, Andilly, Annemasse, Anthy-sur-Léman, Archamps, Armoy, Arthaz-Pont-Notre-Dame, Ayse, Ballaison, Bassy, Beaumont, Bellevaux, Bernex, Bonne, Bonneville, Bons-en-Chablais, Bossey, Brenthonne, Brizon, Cercier, Cernex, Cervens, Challonges, Champanges, Chaumont, Chavannaz, Chêne-en-Semine, Chênex, Chens-sur-Léman, Chessenaz, Chevrier, Chilly, Clarafond-Arcine, Clermont, Collonges-sous-Salève, Contamine-Sarzin, Contamine-sur-Arve, Copponex, Cranves-Sales, Cruseilles, Desingy, Dingy-en-Vuache, Douvaine, Draillant, Droisy, Éloise, Étrembières, Évian-les-Bains, Excenevex, Faucigny, Feigères, Fessy, Féternes, Franclens, Frangy, Gaillard, Glières-Val-de-Borne, Jonzier-Épagny, Juvigny, Larringes, Loisin, Lucinges, Lugrin, Lullin, Lully, Lyaud, Machilly, Marcellaz, Margencel, Marignier, Marin, Marlioz, Massongy, Maxilly-sur-Léman, Meillerie, Menthonnex-en-Bornes, Menthonnex-sous-Clermont, Messery, Minzier, Mont-Saxonnex, Musièges, Nernier, Neuvecelle, Neydens, Novel, Orcier, Peillonnex, Perrignier, Présilly, Publier, Reyvroz, Saint-Blaise, Saint-Cergues, Saint-Germain-sur-Rhône, Saint-Gingolph, Saint-Julien-en-Genevois, Saint-Paul-en-Chablais, Le Sappey, Savigny, Sciez, Seyssel, Thollon-les-Mémises, Thonon-les-Bains, Thyez, Usinens, Vailly, Valleiry, Vanzy, Veigy-Foncenex, Vers, Vétraz-Monthoux, Ville-la-Grand, Villy-le-Bouveret, Vinzier, Viry, Vougy, Vovray-en-Bornes, Vulbens agus Yvoire.
7. Príomhchineálacha fíniúna
Alicante Henri Bouschet N
Aligoté B
Alphonse Lavallée N
Aléatico N
Aramon N
Aramon Blanc B
Aramon Gris G
Aranel B
Arinarnoa N
Aubun N - Murescola
Barbaroux Rs
Biancu Gentile B
Bourboulenc B - Doucillon Blanc
Brun Argenté N - Vaccarèse
Cabernet Franc N
Cabernet Sauvignon N
Caladoc N
Calitor N
Carignan N
Carignan Blanc B
Chambourcin N
Chardonnay B
Chasan B
Chasselas B
Clairette Rose Rs
Chatus N
Chenanson N
Chenin B
Cinsaut N - Cinsault
Clairette B
Clairette Rose Rs
Clarin B
Colombard B
Côt N – Malbec
Couderc Noir N
Counoise N
Egiodola N
Gamaret
Gamay Fréaux N
Gamay N
Gamay de Bouze N
Gamay de Chaudenay N
Ganson N
Gewurztraminer Rs
Gramon N
Grenache N
Grenache Blanc B
Grenache Gris G
Gros Manseng B
Jurançon Noir N - Dame Noire
Listan B - Palomino
Lledoner Pelut N
Macabeu B - Macabeo
Marsanne B
Marselan N
Mauzac Rose Rs
Melon B
Merlot N
Merlot Blanc B
Meunier N
Mollard N
Mondeuse N
Mondeuse Blanche B
Monerac N
Montils B
Morrastel N - Minustellu, Graciano
Mourvaison N
Mourvèdre N - Monastrell
Mouyssaguès
Muresconu N - Morescono
Muscadelle B
Muscardin N
Muscat Ottonel B - Muscat, Moscato
Muscat Cendré B - Muscat, Moscato
Muscat d’Alexandrie B - Muscat, Moscato
Muscat de Hambourg N - Muscat, Moscato
Muscat à Petits Grains Blancs B - Muscat, Moscato
Muscat à Petits Grains Roses Rs - Muscat, Moscato
Muscat à Petits Grains Rouges Rg - Muscat, Moscato
Müller-Thurgau B
Nielluccio N - Nielluciu
Noir Fleurien N
Négret de Banhars N
Négrette N
Oberlin Noir N
Ondenc B
Orbois B
Pagadebiti B
Pascal B
Perdea B
Persan N
Petit Courbu B
Petit Manseng B
Petit Meslier B
Petit Verdot N
Picardan B - Araignan
Pineau d’Aunis N
Pinot Blanc B
Pinot Gris G
Pinot Noir N
Piquepoul Blanc B
Piquepoul Gris G
Piquepoul Noir N
Plant de Brunel N
Plant Droit N - Espanenc
Plantet N
Portan N
Portugais Bleu N
Poulsard N - Ploussard
Prunelard N
Précoce Bousquet B
Précoce de Malingre B
Raffiat de Moncade B
Ravat Blanc B
Rayon d’Or B
Riesling B
Riminèse B
Rivairenc N - Aspiran Noir
Rivairenc Blanc B - Aspiran Blanc
Rivairenc Gris G - Aspiran gris
Romorantin B - Danery
Rosé du Var Rs
Roublot B
Roussanne B
Roussette d’Ayze B
Rubilande Rs
Sacy B
Saint Côme B
Saint-Macaire N
Saint-Pierre Doré B
Sauvignon B - Sauvignon Blanc
Sauvignon Gris G - Fié Gris
Sauvignon Blanc B
Savagnin Rose Rs
Sciaccarello N
Segalin N
Seinoir N
Select B
Semebat N
Sémillon B
Servanin N
Seyval B
Sylvaner B
Syrah N - Shiraz
Tannat N
Tempranillo N
Terret Blanc B
Terret Gris G
Terret Noir N
Tibouren N
Tourbat B
Tressot N
Trousseau N
Téoulier N
Ugni Blanc B
Valdiguié N
Valérien B
Varousset N
Velteliner Rouge Précoce Rs
Verdesse B
Vermentino B - Rolle
Villard Blanc B
Villard Noir N
Viognier B
8. Cur síos ar na naisc
8.1. Sainiúlacht an limistéir gheografaigh
Cumhdaíonn TGFC Comtés Rhodaniens naoi roinn i gcríoch iar-réigiún Rhône-Alpes, limistéar fíonsaothrúcháin aitheanta. Is iad seo a leanas na ranna: Ain, Ardèche, Drôme, Isère, Loire, Rhône, Savoie, Haute-Savoie agus Saône-et-Loire. In Ardèche, tá fíonghoirt Comtés Rhodaniens TGFC suite den chuid is mó sa leath theas den roinn agus i gConair na Róine. Tá an aeráid anseo an-ghar d’aeráid na Meánmhara, agus teochtaí séimhe ann sa gheimhreadh. Bíonn an limistéir an-ghaofar. Séideann an Mistral anoir aduaidh, agus Vent du Midi ó dheas, mar aon leis an ngaoth aniar ar a n-iompraítear taise. Tá na hithreacha saibhir agus méith. Tá siad clochach, déanta as aolchloch chréúil, le leapacha cré, a chaomhnaíonn an líonra uisce. Is féidir roinn Drôme, atá suite i ngleann na Róine, a roinnt ina dá chuid: na masaifí réamhalpacha, agus ísleán na Róine. Fástar fíniúnacha beagnach i ngach áit ar fud na críche, ach go háirithe ar bhunchnoic agus fánaí. Ithreacha de bhunús cré agus aolchloiche atá ann den chuid is mó. Tá aeráid Drôme ilchríochach ó thuaidh, agus tá tionchar na Meánmhara ag dul i méid ó dheas, agus éifeachtaí suntasacha ann ó na sléibhte.
Níos faide ó thuaidh, tá roinn na Róine ar theorainneacha ranna Ain, Isère, Loire agus Saône-et-Looire. Maidir leis an tírdhreach tá sléibhte meánmhéide Monts du Beaujolais ó thuaidh, agus Monts du Lyonnais ó dheas, agus ar an teorainn ó dheas tá machaire Saône agus gleann na Róine, gar do Lyon. Ó thuaidh den Róin, tá an charraig eibhreach, comhdhéanta de chré agus ithreacha gainmheacha d’aigéadacht éagsúil. Cuirtear an fhíniúin Gamay N den chuid is mó ar na hithreacha seo, atá in ann a fuinneamh a cheansú. Ar an taobh theas d’abhainn Nizerand, tá fánaí aolchloiche ina bhfuil roinnt siosta. Bíonn na fíonta anseo níos míne. Bíonn aeráid roinn na Róineleath-ilchríochach agus bíonn tionchair éagsúla ó aeráidí Meánmhara, ilchríochacha agus muirí uirthi, cosúil leis an gcuid eile den réigiún. Bíonn an geimhreadh crua go leor, agus uaireanta bíonn sioc géar ann agus bíonn titim sneachta ann ó am go chéile. Bíonn an samhradh te agus grianmhar. Bíonn sé gaofar go minic. Is féidir an Mistral a mhothú go ginearálta, ag séideadh aduaidh ó ghleann na Róine. Séideann an ghaoth aneas go minic, uaireanta go láidir, ag tuar stoirmeacha aniar aduaidh.
Timpeall an limistéir ina bhfuil ranna Ardèche, Drôme agus an Róin, tá tábhacht ar leith le “Comtés Rhodaniens”, áit ina bhfuil níos mó indibhidiúlachta le fáil ag croílár na roinne Isère. Is féidir an limistéar a roinnt i bhfolimistéir áirithe:
— |
Gleann Grésivaudan, cuid de ghleann Sillon Alpin soir ó thuaidh ó Grenoble i dtreo Chambéry, ag síneadh ó Meylan go bardas Chapareillan ar imeall roinn Savoie. Cuirtear na fíniúnacha ar fhánaí a bhfuil aghaidh soir ó dheas orthu, ar scrileach aolchloiche, ar bunchnoic mhasaif Chartreuse. |
— |
Trièves, atá suite ó dheas ó Grenoble, idir masaifí Vercors ar an taobh thiar, agus Dévoluy agus Ecrins ar an taobh thoir, ag marcáil an taobh ó theas de Sillon Alpin. Is críoch é de shléibhte meánmhéide, idir 500 agus 1 200 méadar ar airde, ar a bhfuil fánaí géara a oibrítear ina léibhinn. Tá siad seo suite i measc na n-amfaitéatar nádúrtha ag breathnú amach ar an abhainn lúbach Drac agus ar thaobhanna ghleann Ébron, ar fhánaí géara, aghaidh siar ó dheas orthu. |
— |
sa limistéar soir ó thuaidh ó Bourgoin-Jallieu, idir bardais Crémieu agus La Tour-du-Pin, mar thoradh ar shraith ísleán comhthreomhar atá ina luí thoir thiar, tá fánaí iontacha, a bhfuil a n-aghaidh ó dheas, agus miocraeráid fhabhrach le tairiscint aige. Is iad seo cnoic moláis Bas-Dauphiné, limistéar d’ardchlár aolchloiche Iúrasaí (ardchlár Isle de Crémieu). |
Cosnaíonn an mhasaif alpach Isère go réasúnta ón ngaoth anoir fhuar, agus cosnaíonn an Mhasaif Lárnach Isère ó thionchair Atlantacha. Bíonn aeráid ag an limistéar atá éadrom agus athraitheach, ach gan dhálaí foircneacha ann. Tar éis geimhreadh fuar agus ceobhránach, tugann an samhradh tirim te deis don fhíniúin cúiteamh a dhéanamh ar an bhfás mall a fheictear go minic go luath san earrach. Síneann TGFC “Comtés Rhodaniens” chuig ranna Savoie agus Haute-Saoie, agus chuig cantún Seyssel in Ain. Tá an aeráid faoi réir tionchair mhuirí agus tionchair ilchríochacha agus aneas araon.
Tá sé seo amhlaidh toisc go síneann an limistéar geografach ó ghleann abhann na Róine go dtí na hAlpa. Saintréith de chuid an limistéir is ea an aeráid nach bhfuil chomh ilchríochach céanna agus ar a n-imríonn an mhuir tionchar, áit a dtugann an ghaoth aniar taise agus raonta teochta níos measartha léi agus, níos faide ó dheas, tagann tionchar deisceartach na séimhe agus na gréine i gceist. Baineann fíniúnacha a chuirtear ar bhunchnoic agus ar fhánaí tairbhe ar leith as na héagsúlachtaí aeráide seo. De bhunús cré agus dríodar aolchloiche iad na hithreacha den chuid is mó, agus roinnt paistí cré agus gairbhéil ann, rud a ligeann do chineálacha éagsúla fíniúna a chur.
8.2. Sainiúlacht an táirge
Téann an chéad taifead i scríbhinn ar fhíniúnacha a bheith ann sa limistéar siar 2 000 bliain, go Stair Nádúrtha Pliniais Mhóir. Léirigh staraithe go raibh trádáil shuntasach fíona ann idir an dara agus an cúigiú haois, á n-iompar ar an Róin trí Vín (Vienne) agus Lugdunum (Lyon) i dtreo mhargaí an tuaiscirt. Sa Mheán-Aois, aistríodh rialú na trádála ó na Rómhánaigh go dtí an Eaglais Chaitliceach. Ag an am sin, fásadh fíniúnacha ar chríocha a bhain le deoisí, uaireanta laistigh de chathracha ardeaglaise amhail Vín, Lyon, Valence agus Grenoble. Mar an gcéanna, bhíodh mainistreacha freisin ina n-eastáit fíonsaothrúcháin.
Suas go dtí deireadh an 19ú haois, léiríodh i bhfás na bhfíonghort fás an daonra, na trádála agus na gcathracha, ag buaicphointe 200 000 heicteár fíniúnacha in 1870. D'athraigh geilleagar an fhíonsaothrúcháin de réir an limistéir, agus é ag tuar an staid sa lá atá inniu ann. Tá eastáit mhóra uasaicmeacha ann in éineacht le sócmhainní mheánaicme Lyon in Beaujolais; tá fíonsaothrú tuaithe faoi úinéireachtaí beaga agus meánmhéide forleathan in Bugey agus Savoie, chomh fada le Drôme agus Ardèche theas; agus tá lucht gnó fiontraíoch ag cruthú oileáin bharr feabhais i ngleann na Róine.
Dé réir mar a d’fhorbair an saineolas, tháinig forbairt ar an gcaighdeán. De réir a chéile chruthaigh obair na bhfíonsaothraithe na tírdhreacha seo atá againn inniu.
Fíonta a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint “Comtés Rhodaniens” acu, féadfar iad a dhéanamh as cumaisc d’fhíniúnacha atá fréamhaithe go domhain i stair an réigiúin. Áirítear orthu seo Viognier B, Marsanne B, Roussanne B, Syrah N, Gamay N, Pinot N agus fíniúnacha eile ó lasmuigh den réigiún, mar shampla Chardonnay B agus Merlot N.
Dá bhrí sin, tagann carachtar speisialta an táirge mar thoradh ar cheanglas ar leith a bheith in ann fíonta aon fhíniúin amháin a tháirgeadh agus a sholáthar den chuid is mó, ach freisin fíonta a dhéantar as cumaisc d’fhíniúnacha ar féidir leo tomhaltóirí a shásamh:
— |
saintréith de chuid na bhfíonta geala is ea an meascán comhchuí d’úire, torthaíocht nó imireacha de bhláthanna agus fiú mianracht, ag brath ar an gcineál; |
— |
caomhnaítear blas na fíniúna, de thorthaí dearga úra, ionas go léireoidh na fíonta dearga a gcarachtar óg; |
— |
déantar na fíonta rosé éadroma agus bríomhara le cabhair ón teicneolaíocht chun teochtaí a rialáil, rud a chaomhnaíonn na dea-bholaithe torthaíocha. |
8.3. Nasc cúisíoch idir sainiúlacht an limistéir gheografaigh agus sainiúlacht an táirge
Tá an nasc cúisíoch bunaithe ar thionchar na gcineálacha aeráide réigiúnaí agus ithreach ar tháirgeadh fíonta sách úra, míne agus torthaíocha.
Is é an stair, thar aon rud eile, is bonn le “vin de pays des Comtés Rhodaniens”. Thug sé sin daoine agus a gcuid saineolais le chéile ó ré na seandachta. Tá tábhacht ar leith ag baint le stair an chaidrimh idir fíonsaothrú agus talmhaíocht, a cruthaíodh ar dtús idir Drôme agus Ardèche agus, le déanaí, leis an Róin agus le ranna eile an limistéir.
I limistéar seo ghleann na Róine, chruthaigh traidisiúin an fhíonsaothrúcháin agus na crannadóireachta geilleagar ina gcuimsítear an réigiún ar fad go fírinneach. Tá léiriú foirfe ar chultúr seo “thír lár na Róine seo” le fáil in “Comtés Rhodaniens” TGFC. Thairis sin, ní comhtharlú é go hiomlán gur cruthaíodh na chéad mhargaí onnmhairithe go dtí an Eilvéis, áit atá gar í féin do ghleann na Róine.
Tá cáil ar réigiún Rhône-Alpes as an bhfíonsaothrúchán, agus an cháil chéanna ar a chuid fíonta TGFC, agus a tháirgí léirithe ag tásc geografach faoi chosaint, ar ar tugadh “vin de pays” (fíonta tíre) go traidisiúnta.
I gcroílár an réigiúin seo, bhí táirgeadh fíonta dar teideal “vin de pays” bunaithe ar tháirgí áitiúla ar dtús: “Drôme” TGFC, “Collines Rhodaniennes” TGFC, “Coteaux du Grésivaudan” TGFC, “Isère” TGFC, “Vins des Allobroges” TGFC agus “Ardèche” TGFC. Mhéadaigh na táirgí seo cáil an fhíona réigiúnaigh “vin de pays”, “Comtés Rhodaniens”, a aithníodh in 1989, as ar eascair “Comtés Rhodaniens” TGFC.
Dá bhrí sin is eintiteas geografach leathan é “Comtés Rhodaniens” TGFC, lena gcumhdaítear naoi roinn. Tá croílár an limistéir táirgthe, áfach, dírithe go príomha ar ranna Ardèche, Drôme agus na Róine.
Chuir tuiscint ar an timpeallacht nádúrtha ar chumas táirgeoirí na fíniúnacha agus a dtáirgeadh a bhainistiú ionas go mbainfear amach leo an acmhainneacht is fearr.
I limistéar geografach Comtés Rhodaniens TGFC, cruthaíodh na hithreacha trí imeachtaí geolaíocha a tharla le himeacht ama. Cré agus aolchloch is mó atá iontu, iad dea-dhraenáilte agus iad fabhrach d’fhíniúnacha a fhás ar bhunchnoic agus ar fhánaí, agus le fíonta a tháirgeadh ar a mbíonn dea-bholaithe príomhúla de na cineálacha éagsúla fíniúnacha a cuireadh.
Saintréith de chuid an limistéir is ea an aeráid nach bhfuil chomh ilchríochach céanna seo agus ar a n-imrítear tionchair na Meánmhara ar an taobh theas de. Le linn an tsamhraidh, bíonn laethanta teo ann agus oícheanta níos fuaire ann, rud a ligeann do na fíniúnacha réigiúnacha agus neamhréigiúnacha aibiú go hiomlán agus lena linn sin a míne, a n-úire agus a dtorthaíocht a chaomhnú.
Tá carachtar lár na Róine ag na fíonta seo. Cuirtear isteach iad go rialta i gcomórtais, mar shampla Concours Général Agricole, áit a mbaineann siad amach ardghradaim. Luaitear iad in Guide Hachette des Vins agus bíonn siad i láthair ag féilte agus ar láithreáin turasóireachta: sna sráidbhailte fíonsaothrúcháin; i gcathracha an réigiúin, Lyon agus Valence; agus ar bhonn níos forleithne in oirdheisceart na Fraince ag an bhféile fíona “Festival Hors les Vignes” in Marseille, ócáid ina dtugtar le chéile fíonta, cócairí agus ealaíontóirí.
9. Coinníollacha fíor-riachtanacha breise
An creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll bhreise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Féadfar TGFC “Comtés Rhodaniens” a fhorlíonadh le hainm chineál fíniúna amháin nó níos mó.
Nuair a chuirtear an téarma traidisiúnta “Vin de Pays” in ionad an téarma “Indication géographique protégée” (tásc geografach faoi chosaint), ní mór lógó TGFC an Aontais Eorpaigh a bheith ar an lipéad.
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
http://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-8b3ff145-7894-405a-a562-1b4863a7bf16
27.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/54 |
Foilsiú an doiciméid aonair leasaithe tar éis mionleasú a fhormheas de bhun an dara fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012
(2022/C 286/13)
Tá an mionleasú sin formheasta ag an gCoimisiún Eorpach i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 6(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún (1).
Is féidir an t-iarratas ar fhormheas an mhionleasaithe seo a fheiceáil sa bhunachar sonraí eAmbrosia de chuid an Choimisiúin.
DOICIMÉAD AONAIR
“IDIAZABAL”
Uimh. AE: PDO-ES-0082-AM02-16.2.2021
STFC (X) TGFC
1. Ainm
“Idiazabal”
2. Ballstát nó tríú tír
An Spáinn
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia
3.1. Cineál táirge
Aicme 1.3. Cáiseanna
3.2. Tuairisc ar an táirge dá dtagraíonn an t-ainm in (1)
Is cáis bhrúite neamhchócaráilte í cáis “Idiazabal” a dhéantar as bainne caorach amh amháin ó na pórtha Latxa agus Carranzana agus a aibíodh ar feadh 60 lá ar a laghad. Tá na saintréithe seo a leanas sa cháis: meáchan idir íosmhéid 1 kg agus uasmhéid 3,5 kg, airde idir íosmhéid 8 cm agus uasmhéid 12 cm agus trastomhas idir íosmhéid 10 cm agus uasmhéid 30 cm. Ceadófar lamháltas ± 10 % i gcás gach ceann de na saintréithe sin. Is féidir an cháis a dheatú freisin.
Ní fhéadfar aon substaint a chur leis an mbainne seachas coipeoirí déiríochta, lísisím, binid agus salann.
Tá cruth sorcóireach ar an gcáis, le craiceann réidh crua a bhfuil dath buí éadrom air, nó dath donn dorcha i gcás na cáise deataithe. Tá an dromchla (dath agus poill an taois) aonchineálach, agus dath air i raon ó dhath an eabhair go buí ar dhath na tuí, le cúpla poll beag neamhrialta. Tá uigeacht na cáise sách leaisteach agus crua, le gráineacht áirithe. Chomh fada agus a bhaineann le boladh agus blas, is gnách boladh láidir bainne caorach agus binide a bheith uaithi, agus blas atá cothrom agus dian ar an gcarball le blasanna éadroma spíosracha, aigéadacha agus, i gcás inarb ábhartha, deataithe. Maireann a bholadh láidir ar feadh i bhfad tar éis an cháis a shlogadh.
Ní ceadmhach a cion saille a bheith níos lú ná 45 % in ábhar tirim; ní mór 25 % ar a laghad de phróitéin iomlán a bheith in ábhar tirim agus ní mór íosmhéid 55 % a bheith san ábhar tirim féin. Ní mór pH an táirge a bheith idir 4,9 agus 5,5.
3.3. Beatha (do tháirgí de bhunús ainmhíoch amháin) agus amhábhair (do tháirgí próiseáilte amháin)
Beatha: de ghnáth cuirtear na pórtha caorach Latxa agus Carranzana ar féarach beagnach i rith na bliana ar fad. Bogtar na tréada go tréimhsiúil idir urlár na ngleann agus fánaí uachtaracha na sléibhte, ag brath ar an séasúr. Ós rud é go maireann siad beagnach an bhliain ar fad i dtimpeallacht nádúrtha, go bunúsach itheann na caoirigh fásra spontáineach sna coillte níos ísle síos na fánaí sa gheimhreadh, agus sna féarthailte arda sa samhradh. Déantar iad a chothú sa loca nuair a bhíonn na coinníollacha sna féarthailte deacair nó nuair a mholtar é sin ar roinnt cúiseanna fiseolaíocha (lachtadh).
Amhábhair: bainne caorach amh amháin ó na pórtha Latxa agus Carranzana a tháirgtear sa limistéar geografach sainithe.
Ní fhéadfar aon substaint a chur leis an mbainne seachas coipeoirí déiríochta, lísisím, binid agus salann.
3.4. Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe
Ní mór na céimeanna táirgthe bainne, déanta cáise agus aibithe a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe, i.e. ní mór gach céim den táirgeadh a dhéanamh laistigh dá theorainneacha.
3.5. Rialacha sonracha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Féadfar an cháis “Idiazabal” a chur i láthair lena díol ina hiomláine nó ina dingeacha (sciartha).
Ní mór pacáistiú na cáise “Idiazabal” nó codanna di, de réir mar is infheidhme, a dhéanamh i gcónaí tar éis íostréimhse aibíochta 60 lá na cáise.
Ní fhéadfar an cháis a ghearradh ach ina sciartha agus, i gcás inarb infheidhme, a phacáistiú sa limistéar geografach sainithe. Tá dhá chúis leis seo.
Ar an gcéad dul síos, nuair a ghearrtar an cháis, cailleann dhá thaobh ar a laghad de na dingeacha an craiceann cosanta. Dá bhrí sin, d’fhonn na saintréithe orgánaileipteacha a choinneáil ar bun, nuair a chuirtear an cháis “Idiazabal” ar fáil ina sciartha, ní mór na dingeacha a phacáistiú go han-luath tar éis iad a ghearradh.
Ar an dara dul síos, mar thoradh ar ghearradh ina sciartha, d’fhéadfadh sé go gcaillfí aitheantóirí bharántúlacht agus thionscnamh an táirge nó nach mbeadh siad infheicthe a thuilleadh. Dá bhrí sin, ní mór é a ghearradh ina sciartha agus a phacáistiú ag an bhfoinse chun a áirithiú nach gcuirfear i mbaol barántúlacht an táirge i bhfoirm sciartha.
De mhaolú ar an méid thuas, féadfar an cháis “Idiazabal” a ghearradh ina sciartha in asraonta miondíola ar choinníoll go ndéantar é sin os comhair an tomhaltóra tráth an díola.
3.6. Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Ní mór na haitheantóirí seo a leanas a bheith ag gabháil leis an gcáis “Idiazabal”:
— |
Ní mór lipéad cáiséine le sraithuimhir uathúil a ghreamú de gach cáis ag céim an mhúnlaithe nó an bhrúite. Soláthróidh an comhlacht bainistíochta an lipéad. |
— |
Ní mór ainm agus lógó an tSonrúcháin Tionscnaimh faoi Chosaint a bheith ar na lipéid a úsáidtear chun an cháis a mhargú. I gcás cáiseanna nach ndéantar ach le bainne ón ngabháltas céanna, féadfar na focail “baserrikoa — de caserío” [ón ionad feirme] a chur le lógó an STFC “Idiazabal”. |
— |
Ní mór na lipéid a úsáidtear le haghaidh na cáise, má fhágtar iomlán í nó má bhíonn sí gearrtha ina dingeacha, a ghreamú ag déirithe atá ar Chláir na STFCanna, i gcomhréir le dlí na Spáinne. |
— |
Ní mór lipéad tánaisteach a bheith ar an gcáis, agus a sraithuimhir féin ag gach ceann, arna chódú de réir mhéid agus fhormáid na cáise atá á deimhniú. Ní mór an t-ainm “Idiazabal” agus lógó an tSonrúcháin Tionscnaimh faoi Chosaint a bheith ar an lipéad tánaisteach. Déanfaidh an comhlacht bainistíochta na lipéid thánaisteacha a sholáthar agus a sheiceáil agus cuirfear ar fáil iad ar bhonn neamh-idirdhealaitheach do gach oibreoir iarrthach a chomhlíonann téarmaí na sonraíochta. |
4. Sainmhíniú gonta ar an limistéar geografach
Cuimsíonn an limistéar geografach timpeallachtaí nádúrtha na bpórtha Latxa agus Carranzana in Álava, Vizcaya, Guipúzcoa agus Navarre, gan bardais ghleann Roncal a chur san áireamh. Tá an limistéar táirgeachta suite i dtuaisceart Leithinis na hIbéire, idir 43o 27' agus 41o 54' Thuaidh, agus 1o 05' agus 3o 37' Thiar, bunaithe ar Fhadlíne Greenwich.
5. Baint leis an limistéar geografach
Gnéithe sonracha an limistéir gheografaigh:
Tá fianaise ar fheirmeoireacht caorach leis na pórtha Latxa agus Carranzana sa limistéar seo ó thart ar 2200 RCh. Tá saintréithe sonracha an limistéir fíor-riachtanach d’fhorbairt cheart agus bainistíocht cheart na bpórtha sin mar tá siad tar éis oiriúnú don limistéar sin tar éis an oiread sin blianta. Is réigiún casta sléibhtiúil le tír-raon garbh míchothrom é an limistéar táirgeachta, rud a fhágann go bhfuil sé deacair cumarsáid a dhéanamh. Chuir sé sin le feirmeoireacht caorach a bheith ann i gcónaí i gcuid mhaith de na gleannta agus na hardtailte. Tá saibhreas cothaitheach bunúsach agus eile sna hithreacha, agus séimhíonn gnéithe nádúrtha na carraige na héifeachtaí creimthe, agus séimhíonn láithreacht carraige carbónáite i bpróifíl na hithreach iad ar ócáidí freisin, rud a fhágann go bhfuil talamh féaraigh den scoth ann. Is é an toradh a bhíonn ar ghnéithe topagrafacha an limistéir aeráid ilchineálach le raon idir aeráid Atlantach agus aeráid Mheánmhuirí, agus is í éifeacht bhacainne na sliabhraonta is cúis leis na criosanna idirthréimhseacha. Tá líonra na sruthchúrsaí fairsing agus saibhir, ós rud é go bhfuil go leor cnoc agus sléibhte agus báisteach fhlúirseach ann. Tá dhá dhobharcheantar ann: an dobharcheantar Cantabrach, ina sreabhann uisce ó Vizcaya, Guipúzcoa agus gleannta thuaidh Álava agus Navarre; agus an dobharcheantar Mheánmhuirí, a ghlacann uisce ó Álava, Navarra Media agus La Ribera. A mhéid a bhaineann le flóra, tá go leor móinéar nádúrtha agus féarthailte ann. Spreag na dálaí fabhracha aeráide agus ithreach fás plandaí taisfhileacha agus fo-thaisfhileacha atá tipiciúil in aeráid mhuirí Thír na mBascach agus thuaisceart Navarre.
Sainiúlacht an táirge:
Tá saintréithe céadfacha sainiúla ag an gcáis “Idiazabal” a dhealaíonn í ó cháiseanna eile. Is féidir iad sin a aireachtáil sa saibhreas miondifríochtaí atá sa táirge a mhéid a bhaineann le boladh agus blas; baineann leaisteachas agus gráineacht leis freisin atá idir an-íseal agus meánach, agus leibhéil mheánacha go leibhéil arda cruachta. Tá blas dian ar an gcáis a mhaireann ar feadh i bhfad ar an gcarball, le cothromaíocht fhoirfe idir na bolaithe bainniúlacha, an bhinid agus an boladh “rósta” arb iad a buntréithe céadfacha iad, agus a chomhlánaítear le líon mór miondifríochtaí sa bhlas agus sa bholadh a thugann fíorphearsantacht don cháis.
Nasc cúisíoch idir an limistéar geografach agus tréith shonrach an táirge:
Is iad na pórtha údaraithe óna bhfaightear é (Latxa agus Carranzana) is cúis go bunúsach le saintréithe sonracha an bhainne a úsáidtear chun cáis “Idiazabal” a dhéanamh. Le hoiriúnú na gcaorach sin don limistéar geografach sainithe agus an bhaint stairiúil idir an comhshaol, na caoirigh agus na haoirí, cruthaítear nasc buan a mhíníonn, cuid mhaith, na saintréithe sonracha a bhaineann leis an gcáis “Idiazabal”. Is pórtha caorach iad Latxa agus Carranzana atá an-oiriúnach chun bainne a sholáthar agus atá crua agus oiriúnaithe do na sléibhte, agus tagann siad le cultúr feirmeoireachta caorach na mBascach, leis an topagrafaíocht agus le cineál éiceabhách a ngnáthóige.
Thairis sin, is toisc go ndéantar í le bainne amh nach ndéantar teaschóireáil air go n-aimsítear na saintréithe sin go léir a bhaineann leis an gcomhshaol nádúrtha, ar saintréithe iad a athraíonn leis na séasúir, leis na cineálacha féaraigh, leis an aeráid, etc., sa cháis “Idiazabal”. Chuirfeadh téamh an bhainne ar ceal nó laghdódh sé na miondifríochtaí céadfacha is cúis leis an táirge a bheith chomh sainiúil agus a nascann é le traidisiúin sheanbhunaithe an cheantair.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta
https://www.mapa.gob.es/es/alimentacion/temas/calidad-diferenciada/dop-igp/htm/DOP-Idiazabal-modificacion-menor.aspx
27.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/57 |
Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
(2022/C 286/14)
Bronnann an foilseachán seo an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.
DOICIMÉAD AONAIR
“Lumblija”
Uimh. AE: PGI-HR-02809 – 28.10.2020
STFC ( ) TGFC (X)
1. Ainm nó ainmneacha [STFC nó TGFC]
“Lumblija”
2. Ballstát nó Tríú Tír
an Chróit
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra
3.1. Cineál táirge
Aicme 2.3. Arán, taosrán, cácaí, milseogra agus earraí eile báicéara
3.2. Tuairisc ar an táirge a bhfuil an t-ainm in (1) ag tagairt dó
Is arán milis cruinnchruthach é “Lumblija” a dhéantar trí thaos a bhfuil deasca curtha leis a bhácáil. Ar an taobh amuigh, tá dath donn dorcha air agus é brataithe le varenik [síoróip déanta as úrfhíon fíonchaor] nó le branda agus breac le siúcra. Tá boladh aramatach uaidh ó na spíosraí a chuirtear leis – cainéal, clóibh, noitmig, lus an choire agus ainís. Tá blas sainiúil agus iomlán cnónna agus torthaí air a dhíorthaíonn ó na hamhábhair a úsáidtear chun é a ullmhú – almóinní, gallchnónna, rísíní, varenik agus torthaí citris – agus tá dea-bholadh air ó na spíosraí a chuirtear leis, agus tá sé comhchuibhithe.
Tá an uigeacht ar an taobh istigh dlúth agus bog, agus tá píosaí beaga rísíní, almóinní agus gallchnónna le feiceáil sa trasghearradh, agus tá raimhre theann san uigeacht sheachtrach.
Bíonn meáchan 350-600 g in aon “Lumblija” amháin.
3.3. Beatha (do tháirgí de bhunús ainmhíoch amháin) agus amhábhair (do tháirgí próiseáilte amháin)
Úsáidtear na hamhábhair seo a leanas chun “Lumblija” a dhéanamh: plúr cruithneachta mín, siúcra, ola olóige, blonag nó im, varenik, almóinní, gallchnónna, rísíní, clóibh mheilte, cainéal, noitmig, lus an choire, ainís, craiceann líomóide agus oráiste, siúcra fanaile, branda (blaistithe le rós nó le luibh (travarica)), giosta aráin (úr nó tirim), bainne, uisce agus salann chun an taos a dhéanamh. Féadfar carúb meilte a chur leis nuair a bhíonn an taos á dhéanamh.
3.4. Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a thógáil sa limistéar geografach sainithe
Is céimeanna táirgthe iad ullmhú an taois agus bácáil “Lumblija” nach mór a thógáil sa limistéar geografach a shainítear i bpointe 4.
3.5. Rialacha sonracha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Díoltar “Lumblija” ina iomláine, gan é a bheith slisnithe.
Ní mór pacáistiú a dhéanamh sa limistéar geografach a shainítear i bpointe 4 chun saintréithe orgánaileipteacha sonracha agus cáilíocht an táirge a chaomhnú, a bhféadfaí dochar a dhéanamh dó le linn iompair. Chun úire an táirge a chaomhnú agus chun é a ullmhú le haghaidh tuilleadh iompair, cuirtear “Lumblija” i bpacáistíocht pháipéir nó i bpacáistíocht phlaisteach (ceallafán). Chun é a chosaint ar dhamáiste meicniúil, féadfar é a chur i mboscaí oiriúnacha.
3.6. Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Nuair a chuirtear an táirge ar an margadh, ní mór d’ainm an táirge “Lumblija” a sheasamh amach níos soiléire ná aon inscríbhinn eile i dtéarmaí mhéid agus chineál na clófhoirne.
4. Sainmhíniú gonta ar an limistéar geografach
Le limistéar táirgthe “Lumblija”, ó ullmhú an taois go dtí an bhácáil, cumhdaítear oileán iomlán Korčula, lena n-áirítear bardais chadastracha Vela Luka, Blato, Smokvica, Čara, Račišće, Pupnat, Žrnovo, Korčula agus Lumbarda.
5. Baint leis an limistéar geografach
Tá an nasc cúisíoch idir “Lumblija” agus an limistéar geografach sainithe bunaithe ar chlú an táirge agus ar an modh ullmhúcháin, ina n-úsáidtear oideas traidisiúnta atá caomhnaithe go dtí an lá atá inniu ann.
A bhuí leis an limistéar talún torthúla a bhí níos mó ná mar ba ghnách de réir chaighdeáin na Dalmáite, ba í an talmhaíocht bunchloch an gheilleagair agus an phriomhfhoinse saibhris i gceantar Korčula le linn na Meánaoiseanna. Anuas ar shaothrú na bhfíniúnacha agus na n-ológ chun fíonchaora, varenik agus ola olóige a tháirgeadh, ina theannta sin rinne na háitritheoirí áitiúla torthaí a fhás (figí, almóinní, gallchnónna agus torthaí citris) agus grán a tháirgeadh chun plúr a dhéanamh, ar comhábhair bhunaidh de “Lumblija” iad uile, an t-arán milis a ullmhaítear ar oileán Korčula. Comhábhar tábhachtach i dtáirgeadh “Lumblija” atá bunaithe ar thraidisiún ársa shaothrú na bhfíniúnacha is ea varenik – sú fíonchaor laghdaithe a bhí ina mhilsitheoir tábhachtach sularbh ann do shiúcra bán tionsclaíoch agus a úsáideadh i dtáirgeadh “Lumblija”. Go dtí gur tháinig táirgeadh tionsclaíoch rísíní (meaisíní triomaithe) ar an bhfód, úsáideadh rísíní a táirgeadh i dteaghlaigh ag a raibh roinnt fíniúnacha de chineálacha fíniúna gan síolta ina bhfíonghoirt chun “Lumblija” a dhéanamh freisin.
Déantar an t-arán milis traidisiúnta, “Lumblija”, a ullmhú an oíche roimh Lá Fhéile na Naomh Uile, go heisiach ar oileán Korčula, go háirithe timpeall bhailte Vela Luka, Blato agus Smokvica, ach níos déanaí i gcodanna eile den oileán chomh maith. Rinneadh an tsaoire seo a cheiliúradh den chéad uair sa 4ú céad, tráth Impireacht na Róimhe. Tá ceann de na bealaí a ndéantar Lá Fhéile na Naomh Uile a cheiliúradh caomhnaithe ar oileán Korčula: an gnás bronntanais a mhalartú, ar a dtugtar kol(e)inde. Sna seanlaethanta, d’ullmhaíodh mná tí bronntanas speisialta ina raibh an t-arán milis, “Lumblija”, agus torthaí agus cnónna fómhair amhail figí triomaithe, almóinní, torthaí citris agus fíonchaora, bronntanas a thairgeadh leanaí dá n-athair agus dá máthair bhaiste agus do bhaill dá dteaghlach sínte. Tá séipéal paróiste na Naomh Uile ag Blato, ar oileán Korčula, ó bhí an 14ú céad ann, mar sin tá an traidisiún agus an nós maidir le hullmhú “Lumblija” le haghaidh Lá Fhéile na Naomh Uile, atá ann ar feadh na gcéadta, caomhnaithe go dtí an lá atá inniu ann. Ina theannta sin, is ann i gcónaí don mhodh táirgthe traidisiúnta agus don oideas le haghaidh “Lumblija” sa lá atá inniu ann.
Ó thús an tsaoil, rinneadh “Lumblija” a bhácáil de réir oideas traidisiúnta ó mhná tí oileán Korčula. Ní raibh an t-oideas amháin leordhóthanach, áfach, bhí scil agus taithí tábhachtach freisin chun an t-arán milis a ullmhú agus fios a bheith agat cén chaoi a ndearnadh cóimheas idéalach na gcomhábhar ba ghá a chinneadh agus a bhaint amach. Ar an gcaoi chéanna, ag tráth inar stócáladh tinte in oighinn, bhí sé fíor-riachtanach fios a bheith agat conas an teocht cheart a bhaint amach chun bácáil a dhéanamh. Bhí gá le scil agus le taithí chun an taos a mheascadh de láimh agus an t-am a bhí ag teastáil chun an taos a ardú agus an t-am bácála a mheas. Is é an scil is mó a bhaineann le “Lumblija” a dhéanamh é a bhácáil go dtí go mbeidh sé déanta go maith agus go mbeidh sé súmhar, ach gan a bheith tur. Tugadh an t-oideas traidisiúnta a úsáideann mná oileán Korčula chun “Lumblija” a ullmhú ar aghaidh ó ghlúin go glúin agus caomhnaíodh é go dtí an lá atá inniu ann, agus tá dhá mhodh sheanbhunaithe ann chun “Lumblija” a ullmhú, ag brath ar an gcuid den oileán.
Déantar “Lumblija” a tháirgeadh ar an mbealach traidisiúnta, de réir oideas traidisiúnta a tugadh anuas ó ghlúin go glúin, ó bhéal go béal, ar oileán Korčula.
Tá dhá bhealach thraidisiúnta sheanbhunaithe ann chun “Lumblija” a ullmhú agus a bhácáil. Is é an chéad bhealach an taos a ullmhú leis na comhábhair trí úsáid a bhaint as 1 kg de phlúr, is é an dara bealach an taos a ullmhú trí úsáid a bhaint as 3 kg de phlúr. Ar an gcaoi chéanna, nuair a dhéantar an taos a mheascadh agus a mhúnlú faoi mhodh traidisiúnta 1 (trí úsáid a bhaint as 1 kg de phlúr), cuirtear méid iomlán an ghiosta leis an taos mar chomhábhar láithreach, agus fágtar an taos go dtí go dtiocfaidh méadú faoi dhó air, ach faoi mhodh traidisiúnta 2 (trí úsáid a bhaint as 3 kg de phlúr), cuirtear isteach cuid amháin den ghiosta ag céim níos déanaí, tar éis méadú faoi dhó a theacht ar an taos den chéad uair leis an gcuid eile den ghiosta. Thairis sin, ní úsáidtear carúb meilte mar chomhábhar i modh traidisiúnta 1, ach cuirtear carúb isteach mar cheann de na comhábhair de réir mhodh traidisiúnta 2. Faoi dheireadh, cuirtear gráin ainíse go díreach leis an taos mar chomhábhar faoi mhodh traidisiúnta 1, cé go ndéantar gráin ainíse a thuaslagadh in uisce alabhog faoi mhodh traidisiúnta 2.
Ní hamháin gur táirge uathúil é “Lumblija” i dtéarmaí an lín mhóir comhábhar atá ag teastáil chun é a dhéanamh, ach chomh maith leis sin is táirge uathúil é i dtéarmaí an mhodha fhairsing réamhullmhúcháin le haghaidh go leor de na comhábhair a chuirtear leis an taos, agus ullmhú an taois féin. Is é sin an difríocht is mó idir ullmhú “Lumblija” agus na gnáthchéimeanna ullmhúcháin le haghaidh táirgí comhchosúla. Le héagsúlacht, láine agus saibhreas na gcomhábhar agus le meáchan na gcomhábhar uile sin ar fud an phróisis ullmhúcháin (e.g. na rísíní ar maos in varenik, an méid sainithe saille, go háirithe ola olóige, cainníocht shainithe na gcnónna, an méid sainithe siúcra, agus an varenik féin, ag a bhfuil struchtúr agus dlús ar leith), tá sé deacair don taos ardú a dhéanamh go tapa agus go héasca. Mar gheall ar mheáchan na gcomhábhar a chuirtear isteach, tarlaíonn ardú an taois roinnt uaireanta agus maireann sé ar feadh tréimhse níos faide ná mar a mhaireann sé i gcás táirgí comhchosúla (moltar an taos a fhágáil ón tráthnóna go dtí an mhaidin chun go n-ardóidh sé). Mar thoradh air sin, tógann sé tamall an-fhada chun “Lumblija” a dhéanamh, ach is é sin a thugann a shaintréithe ar leith don táirge críochnaithe: an uigeacht dhlúth agus bhog atá aige atá saibhrithe go mór sa trasghearradh le cnónna agus rísíní, blas sainiúil cnónna agus rísíní, agus dea-bholadh saibhir agus iomlán a fhaightear trí na spíosraí breise a mheascadh go cúramach sna comhréireanna cearta. Is toradh é “Lumblija” ar shaibhreas eacnamaíoch oileán Korčula agus ar éagsúlacht cháilíocht na n-amhábhar atá le fáil ann, agus tá sé sainiúil i dtéarmaí an oidis agus na gcomhábhar iomadúil óna n-ullmhaítear é. Tugann na comhábhair chéanna sin a bhlas agus a bholadh sainiúil aramatach de thorthaí agus de chnónna don “Lumblija”, agus is é an scil a bhaineann le hullmhú an táirge is cúis leis an uigeacht dhlúth shonrach atá aige ar an taobh istigh.
Tá éagsúlachtaí éagsúla d’oideas traidisiúnta agus de mhodh táirgthe “Lumblija” foilsithe ag roinnt mhaith oileánach i leabhair chócaireachta (F. Mandić, Luškajića i pića, 2009, lgh. 244-245; Kaštropil-Culić, 1995, Blatska trpeza, lch. 134). Léirítear freisin an nasc doshéanta idir ullmhú “Lumblija” agus traidisiúin oileán Korčula leis an bhfoilseachán, Zapisi Danijela Kneževića, in 2012, agus leis an leabhar le Frank Mirošević in 2016 dar teideal Povjerenje ili zaborav, ina dtugann an t-údar tuairisc ar cé chomh deacair agus atá sé “Lumblija” a ullmhú (F. Mirošević Dubaj, 2016, Povjerenje ili zaborav, lch. 11).
Is in 1881 a tháinig an chéad fhianaise i scríbhinn ar an ainm “Lumblija” aníos san fhoilseachán, Slovinac, in alt dar teideal Nekoliko riječi u čakavštini, ina dtugann an t-údar, S. Castrapelli, tuairsic ar “Lumblija” mar “arán milis a dhéantar as plúr, varenik, cróch agus cainéal, a bhácáiltear thart ar Lá Fhéile na Naomh Uile” (S. Castrapelli, 9 Slovinac Uimh. 20, 1881, Nekoliko riječi u čakavštini, lgh. 418–419).
Le cúrsa na staire, tugadh cúis bhreise chun an traidisiún a bhaineann le hullmhú “Lumblija” a chaomhnú. D’fhéadfadh go leor eisimirceach a raibh orthu an t-oileán a fhágáil é a úsáid le haghaidh bia ar a dturais fhada ar long, a fhágann nach amháin gur sneaic laethúil é, ach gur nasc é freisin lena dtír dhúchais, a chaomhnaigh a bhlas agus a bholadh úr ar feadh tréimhse fhada tar éis é a bhaint d’oighinn mhná tí na n-oileán. Rinneadh an tionscadal “4 oileán/4 áit/4 oideas” a dhearadh i ndáil leis an rabharta eisimirce ag tús an 20ú haois. Nascann sé agus cuireann sé i láthair ceithre mhias thraidisiúnta ó cheithre áit ina raibh eisimirce mhórscála le linn na tréimhse sin. Bhí Korčula rannpháirteach sa tionscadal le “Lumblija”, de réir mar a thuairiscigh HRT (Raidió-Teilifís na Cróite) san irischlár Priče iz Hrvatske i mí Dheireadh Fómhair 2018.
Eagraítear roinnt imeachtaí ar oileán Korčula a léiríonn go soiléir an clú atá ar “Lumblija”, chomh maith leis an traidisiún agus an nós maidir le hullmhú an aráin mhilis thraidisiúnta a chothú, ag tosú leis an gcéad Kućna zabava [cóisir tí] de Chumann Kumpanija na Ridirí in Blato. Sna reachtanna de Chumann Kumpanija na Ridirí, a bunaíodh in 1927, tagraítear dá “mhisean chun Lumblija a chothú agus a tháirgeadh”. Is minic a eagraíonn an Cumann “cóisirí tí”, arb éard atá iontu imeachtaí oíche ina dtaispeántar bia (a dtugtar spiza air go háitiúil) agus milseoga Blato, agus cuidíonn na haíonna le heagrú na gcóisirí trí mhiasa tipiciúla Blato a thabhairt leo. Eagraítear na himeachtaí seo go traidisiúnta ar an gcéad Aoine de mhí Feabhra, agus is minic “Lumblija” a bheith luaite sna taifid de na himeachtaí sin mar mhias a tugadh chuig na himeachtaí (Chartlann Chumann Kumpanjija na Ridirí, 1956, 1972, 1974, 1985). Ní hamháin go maireann an traidisiún maidir le “Lumblija” a dhéanamh i gcónaí i measc theaghlaigh an oileáin, ach eagraítear comórtais ar Korčula ina ndéantar “Lumblija” a bhácáil, go háirithe in iarthar an oileáin, chomh maith le himeachtaí blaiste agus seisiúin réamheolais maidir le gastranamaíocht thraidisiúnta an cheantair, agus eagraítear ceardlanna maidir leis an gcaoi a ndéantar “Lumblija” i naíscoileanna, i mbunscoileanna agus i meánscoileanna agus i dtithe le haghaidh pinsinéirí agus daoine fásta, chomh maith le ceardlanna le haghaidh baill de chomhlachais éagsúla an oileáin. Téann imeacht bheannacht agus bhlaiseadh “Lumblija” siar 25 bliana agus eagraítear í ar an Domhnach deireanach i mí Dheireadh Fómhair, nuair a dhéantar “Lumblija”, atá ullmhaithe ag daltaí mheánscoil Blato faoi threoraíocht a múinteoirí agus a dtuismitheoirí, a bheannú agus a bhlaiseadh ar chearnóg Plokata in Blato.
Leis na himeachtaí éagsúla a eagraítear lasmuigh d’oileán Korčula, léirítear an clú atá ar “Lumblija”. Mar shampla, tugadh “Lumblija” do roinnt cuairteoirí ón gCróit agus do chuairteoirí eachtracha ag Féile Good Food a d’eagraigh Bord Turasóireachta Chathair Dubrovnik in 2016.
Ina theannta sin, bhuaigh “Lumblija” an duais don táirge bia is fearr in 2016 ag Noćnjak, imeacht idirnáisiúnta a eagraítear in Bol ar oileán Brač a thugann le chéile táirgeoirí olóige agus ola.
Tugtar “Lumblija” go minic d’ionadaithe na meán ón gCróit agus d’ionadaithe na meán eachtrach ag imeachtaí éagsúla agus ag cuir i láthair speisialta, ag aontaí gastranómacha agus ag comhdhálacha na meán.
Is minic a bhíonn “Lumblija” agus a mhodh sonrach táirgthe ábhar na suíomhanna gréasáin éagsúla atá dírithe ar an ngastranamaíocht, ina gcuirtear béim ar an nasc doshéanta le hoileán Korčula (Vilicom kroz Hrvatsku, “Lumblija: Imamo recept za mirisan kolač s otoka Korčule koji se sprema za blagdan Svih Svetih”, 29.10.2021; Dobra hrana, “Korčulanska lumblija recept star 200 godina: Kolač vezan uz ljubavnu priču Korčulanke i francuskog vojnika!”, 20.10.2018).
Tairgtear sólaiste an oileáin seo do chuairteoirí ag imeachtaí poiblí éagsúla i rith na bliana nó tugtar é mar bhronntanas mar fhéirín gastranómach tipiciúil ó oileán Korčula.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta
https://poljoprivreda.gov.hr/UserDocsImages/dokumenti/hrana/proizvodi_u_postupku_zastite-zoi-zozp-zts/Lumblija_specifikacija_proizvoda10032022.pdf
Ceartúcháin
27.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/61 |
Ceartúchán ar Achoimre ar Thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí i dtaca le togra le haghaidh Rialachán mar gheall ar shlándáil faisnéise in institiúidí, i gcomhlachtaí, in oifigí agus i ngníomhaireachtaí an Aontais (Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin an MECS www.edps.europa.eu)
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 258 an 5 Iúil 2022 )
(2022/C 286/15)
Ar leathanach 7, sa séú mír, agus ar leathanach 9, i bhfleasc deiridh na gconclúidí:
in ionad:
“[…] den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí […]”,
léitear:
“[…] den Rialachán um Chosaint Sonraí an Aontais Eorpaigh […]”.
27.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 286/62 |
Ceartúchán ar Achoimre ar an Togra le haghaidh Rialacháin lena leagtar síos bearta maidir le comhleibhéal ard cibearshlándála in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais arna dhéanamh ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí [Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin MECS www.edps.europa.eu]
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 258 an 5 Iúil 2022 )
(2022/C 286/16)
Ar an gclúdach, i gclár na n-ábhar, agus ar leathanach 10, sa teideal:
in ionad:
“Achoimre ar an Togra le haghaidh Rialacháin lena leagtar síos bearta maidir le comhleibhéal ard cibearshlándála in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais arna dhéanamh ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí”,
léitear:
“Achoimre ar Thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí i dtaca le Togra le haghaidh Rialachán lena leagtar síos bearta maidir le comhleibhéal ard cibearshlándála in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais”.