|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 233 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
II Faisnéis |
|
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 233/01 |
|
|
III Gníomhartha ullmhúcháin |
|
|
|
AN BANC CEANNAIS EORPACH |
|
|
2022/C 233/02 |
||
|
2022/C 233/03 |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN |
|
|
|
An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne |
|
|
2022/C 233/11 |
||
|
|
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 233/12 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10748 – MACQUARIE / BCI / NATIONAL GRID / NATIONAL GRID GAS) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 233/13 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
16.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 233/1 |
TEACHTAIREACHT ÓN GCOIMISIÚN
maidir le Treoraíocht um rochtain ar an margadh saothair, ar ghairmoideachas agus gairmoiliúint agus ar oideachas aosach le haghaidh daoine atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine
(2022/C 233/01)
1. RÉAMHRÁ
Ó thosaigh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, theith breis agus 6.5 milliún duine ón Úcráin agus bain siad an tAontas Eorpach amach; tá thart ar 3 mhilliún duine cláraithe le haghaidh cosaint shealadach agus is mná a bhfuil leanaí acu a bhformhór (1). Ón bhfaisnéis atá ar fáil go dtí seo, níl ach líon beag daoine atá in aois oibre tar éis dul isteach i margadh saothair an Aontais nó tar éis clárú leis na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta. D’fhéadfadh sé sin tarlú mar gheall ar thráma fisiciúil agus síceolaíoch, nó go bhfuil an duine fós ag dul i dtaithí ar an saol áitiúil sna Ballstáit óstacha, nó mar gheall ar easpa faisnéise maidir leis na deiseanna atá ar fáil nó leis na bacainní eile (amhail dualgais teanga agus cúraim leanaí).
D’ainneoin na héiginnteachta maidir leis an líon ndaoine ar dócha go bhfanfaidh siad san Aontas agus maidir leis an bhféidearthacht go bhfillfidh siad, meastar go dtiocfaidh méadú ar an líon daoine is mian leo dul isteach sa mhargadh saothair sna Ballstáit.
Beidh comhtháthú tapa éifeachtach sa mhargadh saothair tábhachtach do na pobail óstacha agus do na daoine atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine mar go mbeidh siad in ann a saol a atógáil agus leanúint dá gcuid scileanna a fhorbairt. Rachaidh sé sin chun tairbhe na ndaoine lena mbaineann, an Aontais agus, ar deireadh, atógáil na hÚcráine.
Leis an Teachtaireacht seo, cuirtear in iúl treoraíocht bheartais le haghaidh ghníomhaíochtaí na mBallstát maidir le rochtain ar an margadh saothair, ar ghairmoideachas agus gairmoiliúint agus ar oideachas aosach le haghaidh daoine atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine
Leis an treoraíocht atá ann faoi láthair, na gníomhaíochtaí atá déanta cheana ar leibhéal an Aontais arb é is aidhm leo tacú leo siúd atá ag teacht isteach san Aontas, comhlánaítear na gníomhaíochtaí sin agus cuirtear leo. An 4 Márta 2022, glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle (2) lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE (“an Treoir um Chosaint Shealadach”), agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (3). Thíolaic an Coimisiún treoirlínte oibríochtúla i ndáil le cur chun feidhme an Chinnidh seo an 21 Márta (4) (“Treoirlínte Oibríochta”), Teachtaireacht maidir le Fáilte a chur rompu siúd atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin an 23 Márta (5) (“Teachtaireacht an 23 Márta”), chomh maith le Moladh ón gCoimisiún maidir le cáilíochtaí a aithint i leith daoine atá ar a dteitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin an 5 Aibreán (6) (“Moladh maidir le cáilíochtaí a aithint”). Sa chruinniú urghnách den Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile an 28 Márta, chuir an Coimisiún i láthair, i gcomhar le hUachtaránacht na Fraince ar an gComhairle, Plean 10 bBointe ar mhaithe le comhordú Eorpach níos láidre agus iad siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin á nglacadh (7). Beidh na príomhdhoiciméid sin faoi réir nuashonruithe de réir mar is gá chun na cúinsí athraitheacha a léiriú agus i gcás ina mbeidh treoraíocht fhorlíontach úsáideach.
Tá sé de cheart ag tairbhithe de chosaint shealadach rochtain a fháil ar mhargadh saothair an Aontais, ar ghairmoideachas agus gairmoiliúint agus ar oideachas aosach. Sa Teachtaireacht uaidh ón 23 Márta, spreag an Coimisiún na Ballstáit chun rochtain ar an margadh saothair a dheonú agus chun forálacha Airteagal 12 den Treoir um Chosaint Shealadach a leathnú chun daoine a fhaigheann cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta a chumhdach, dá bhforáiltear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle (“cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta”). Ar an gcaoi chéanna, leis an Teachtaireacht atá ann faoi láthair, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit, a mhéid is féidir, na forálacha a bhaineann le gairmoideachas agus gairmoiliúint agus oideachas aosach a leathnú faoi Airteagal 14 den Treoir um Chosaint Shealadach chun daoine a bhfuil cosaint leordhóthanach á fáil acu faoin dlí náisiúnta a chumhdach. Dá bhrí sin, tagraíonn an Teachtaireacht seo do dhaoine atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine atá incháilithe le haghaidh cosaint shealadach faoin Treoir um Chosaint Shealadach, chomh maith leo siúd atá i dteideal cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta.
Trí raon leathan bealaí, tá an Coimisiún ag malartú leis na húdaráis náisiúnta, le comhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha, leis an earnáil phríobháideach, agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta atá páirteach i nglacadh agus lánpháirtiú na ndaoine sin atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Comhordaíonn an tArdán Dlúthpháirtíochta (8) comhar idir na Ballstáit, mar shampla maidir le mapáil riachtanas, acmhainní, acmhainneachtaí glactha agus aistrithe, agus aird ar leith á tabhairt ar riachtanais na ndaoine is leochailí, go háirithe leanaí. Tá suíomh gréasáin ilteangach curtha ar bun ag an gCoimisiún ar a gcuirtear faisnéis ar fáil do dhaoine atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine faoina gcearta, a ndeiseanna agus na nósanna imeachta is gá a leanúint nuair a thiocfaidh siad isteach san Aontas Eorpach (9). Thairis sin, áirithítear le sraith tionscnamh ar leibhéal an Aontais gur féidir leis na Ballstáit úsáid iomlán a bhaint as cistí an Aontais atá ar fáil, go háirithe mar chuid de “Ghníomhaíocht Chomhtháthaithe do Dhídeanaithe san Eoraip” (Tionscnamh CARE) (10).
Níl fasach ann i ndáil le scála agus luas na n-imirceach atá ag teacht agus tá gá le freagairt éifeachtach ar gach leibhéal. Is é is aidhm don doiciméad seo treoraíocht bheartais a chur ar fáil do na Ballstáit d’fhonn lánpháirtiú na ndaoine atá ag teacht ón Úcráin isteach sa mhargadh saothair a éascú. Leagtar amach ann na gníomhaíochtaí nithiúla is féidir leis na Ballstáit a dhéanamh bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh agus ar na dea-chleachtais a bailíodh le roinnt míonna anuas agus ó ghéarchéim na himirce in 2015-2016. Braitheann lánpháirtiú rathúil sa mhargadh saothair freisin ar bhearta a dhéantar i réimsí eile amhail rochtain ar chóiríocht, cúram sláinte (lena n-áirítear cúram meabhairshláinte agus atáirgthe), cosaint agus seirbhísí sóisialta, mar aon le hoideachas agus cúram na luath-óige agus oideachas scoile i gcás tuismitheoirí. Is bearta comhlántacha iad na bearta atá á ndéanamh ag an gCoimisiún sna réimsí sin go léir (11) .
Spreagtar na Ballstáit an treoraíocht atá sa Teachtaireacht seo a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (12), ar prionsabail iad atá riachtanach ionas go bhfeidhmeofar margaí saothair agus córais cosanta sóisialta san Eoraip go maith agus ionas go mbeidh siad cothrom. Tá go leor gníomhaíochtaí atá i bPlean Gníomhaíochta an Choimisiúin um Imeascadh agus Cuimsiú le haghaidh 2021-27 (13) atá go háirithe ábhartha do dhaoine atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Ba cheart aird a thabhairt freisin ar neamh-idirdhealú agus ar leochaileachtaí sonracha grúpaí ar leith a bhfuil baol níos mó idirdhealaithe ag baint leo, lena n-áirítear Romaigh agus daoine a bhfuil cúlra ciníoch nó eitneach mionlaigh acu, daoine faoi mhíchumas agus an pobal LADTIA.
Leanfaidh an tAontas de bheith ag oibriú i gcomhar le húdaráis na hÚcráine chun tacú le bearta lena n-áiritheofar go bhféadfaidh daoine atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a gcearta a fheidhmiú. Tá ról ar leith ag diaspóra na hÚcráine san Aontas maidir le tacaíocht a thabhairt dóibh siúd atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.
2.1. Fostaíocht agus féinfhostaíocht
Tá sé ríthábhachtach rochtain thapa agus éifeachtach a bheith ag na daoine sin atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráin atá toilteanach agus ábalta dul i mbun oibre ar an margadh saothair, agus go ndéanfar iad a lánpháirtiú ann. Is féidir leo dul i mbun gníomhaíochtaí fostaithe nó féinfhostaithe, rud a chuireann ar a gcumas dóibh a bheith neamhspleách ó thaobh airgeadais de, a saol a atógáil, cur leis an bpobal áitiúil agus lánpháirtiú sa phobal áitiúil agus iad san Aontas Eorpach. Rachaidh sé sin chun tairbhe na ndaoine lena mbaineann, an Aontais agus, ar deireadh, atógáil na hÚcráine.
Údarófar do thairbhithe na cosanta sealadaí gabháil do ghníomhaíochtaí fostaithe nó féinfhostaithe, faoi réir na rialacha is infheidhme maidir leis an ngairm lena mbaineann. Ar chúiseanna a bhaineann le beartais a bhaineann leis an margadh saothar, féadfaidh na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do shaoránaigh den Aontas agus do shaoránaigh de Stáit atá faoi cheangal ag an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus do náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cónaí orthu go dleathach agus a fhaigheann sochar dífhostaíochta. An dlí ginearálta atá i bhfeidhm sna Ballstáit agus is infheidhme maidir le luach saothair, le rochtain ar chórais slándála sóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí fostaithe nó féinfhostaithe agus le coinníollacha eile fostaíochta, is é an dlí sin a mbeidh feidhm aige.
Sa Teachtaireacht uaidh an 23 Márta, mhol an Coimisiún do na Ballstáit na cearta a thugann an Treoir um Chosaint Shealadach chun rochtain a fháil ar mhargadh saothair an Aontais a léirmhíniú ar an mbealach is leithne is féidir, gan eisceachtaí ar an tsaorghluaiseacht sa mhargadh inmheánach a chur i bhfeidhm ach amháin faoi chúinsí cuí-réasúnaithe. Spreagann an Coimisiún na Ballstáit rochtain den sórt sin ar a margadh saothair a dheonú do thairbhithe na cosanta leordhóthanaí faoin dlí náisiúnta freisin. Sa Mholadh uaidh maidir le cáilíochtaí a aithint, mhol an Coimisiún freisin do na Ballstáit gan aon cheanglas a thabhairt isteach ná a choinneáil a thabharfadh ar chuideachtaí a chruthú nach bhféadfaidís náisiúnach den Aontas a fhostú sula bhfostóidís duine atá faoi chosaint shealadach.
Tá sé tábhachtach freisin dúshaothrú agus obair neamhdhearbhaithe a sheachaint. Tacaíonn an tÚdarás Eorpach Saothair le malartú dea-chleachtas trína Ardán chun dul i ngleic le hObair Neamhdhearbhaithe (14), chun mí-úsáid nó dúshaothrú saothair a d’fhéadfadh a bheith ann a chomhrac. Le blianta beaga anuas, tá cur chuige cuimsitheach á chur chun cinn ag an Ardán ina gcuirtear le chéile bearta coisctheacha (amhail feasacht a mhúscailt agus faisnéis a chur ar fáil) agus smachtbhannaí tar éis cigireachtaí san ionad oibre (15).
Tá ról lárnach ag Seirbhísí Poiblí Fostaíochta maidir le daoine a lánpháirtiú sa mhargadh saothair, le faisnéis a chur ar fáil dóibh siúd a thagann isteach agus bíonn siad ag feidhmiú mar idirghabhálaí idir lucht cuardaigh fostaíochta agus fostóirí. Oibríonn siad i gcomhar agus comhordaíonn siad gníomhaíochtaí le páirtithe leasmhara eile, amhail údaráis riaracháin náisiúnta eile, bardais, comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí imirceacha agus eagraíochtaí de chuid diaspóra na hÚcráine, chun tacaíocht thráthúil agus spriocdhírithe a áirithiú. Is príomhsholáthraithe seirbhísí EURES iad na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta freisin (16), agus is féidir leo siúd atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine cuid acu sin a úsáid. Tá an Coimisiún réidh chun malartuithe agus comhar maidir leis na saincheisteanna sin a éascú tuilleadh trí Líonra Eorpach na Seirbhísí Fostaíochta Poiblí.
I mí an Mhárta 2022, sheol an Coimisiún suirbhé i measc na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta inar léiríodh go bhfuil na próisis ábhartha coigeartaithe go tapa acu, trí fhaisnéis ar líne i dteangacha iomadúla (lena n-áirítear an Úcráinis uaireanta) agus comhairleoirí tiomnaithe. I roinnt tíortha, tá oifigí brainse tiomnaithe curtha ar bun ag na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta do chuardaitheoirí poist atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus, i gcásanna áirithe, tá na tairiscintí poist atá á bhfógairt acu dírithe go sonrach orthu siúd. Tá roinnt Seirbhísí Poiblí Fostaíochta ann cheana féin in Ionaid agus Seirbhísí Fáilte, agus tá baint ag cuid acu le comhghrúpaí práinnfhreagartha nó tascfhórsaí do dhaoine atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Tá taithí shuntasach faighte ag go leor Seirbhísí Poiblí Fostaíochta le blianta beaga anuas ar chlárú agus ar phróifíliú, agus ar thacú le lánpháirtiú iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe i margadh an tsaothair, agus dá bhrí sin spreagtar iad chun oibriú i gcomhar le chéile agus chun dea-chleachtais a mhalartú trí Líonra Eorpach na Seirbhísí Fostaíochta Poiblí. |
Tá an Coimisiún ag obair freisin le comhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha tríd an gComhpháirtíocht Eorpach maidir le Lánpháirtiú (17) chun lánpháirtiú daoine atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a chur chun cinn sa mhargadh saothair. Spreagtar na Ballstáit cur chuige lena mbaineann páirtithe leasmhara iomadúla a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta leis na comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta, mar tá siad ríthábhachtach chun cruthú agus infhaighteacht éifeachtach deiseanna fostaíochta agus féinfhostaíochta a áirithiú leis an tacaíocht is gá.
|
|
Is féidir le tionscadail a fhaigheann cistiú ón Aontas (27) a bheith ina n-inspreagadh agus is féidir leo dea-chleachtais a thaispeáint. Mar shampla, tá sé léirithe go bhfuil éifeacht ar leith ag cláir lánpháirtíochta “mheara” lena mbaineann défhócas ar oiliúint teanga agus ar oiliúint ar an láthair oibre ó thaobh iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe a lánpháirtiú. Maidir le Forbairt Deiseanna d’Oibrithe Dídeanaithe(FORWORK) (28), is treoirthionscadail é arna mhaoiniú ag EaSI agus atá dírithe ar iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe atá á n-óstáil in ionaid ghlactha (CAS) in Piedmont (an Iodáil) agus san Albáin a lánpháirtiú i margadh an tsaothair Cuireann an tionscadal measúnuithe scileanna agus seirbhísí meantóireachta inscne-shonracha ar fáil, mar aon le hoiliúint teanga agus gairmoiliúint, chun plean lánpháirtithe aonair a fhorbairt. Treoirthionscadal eile atá á mhaoiniú ag EaSI is ea Spreagadh gníomhaíochta mear (FAB) (29) a dhíríonn ar chur chuige cathrach chun borradh a chur faoi bealaí lánpháirtíochta i dtreo an mhargaidh saothair do dhídeanaithe agus dá dteaghlaigh, agus béim ar leith á leagan ar dhídeanaithe ban. Leis an gcomhpháirtíocht sin, tugadh le chéile Béalgrád, Beirlín, Maidrid, Milano, Stócólm agus Vín. Sampla rathúil de chomhpháirtíochtaí lena mbaineann páirtithe leasmhara iomadúla is ea an tionscadal Labour INT (30), tionscadal a chuireann bealaí lánpháirtithe ilsrathacha chun cinn (ó theacht isteach go dtí an láthair oibre, agus lena n-áirítear oideachas, oiliúint agus socrúcháin fostaíochta) d’iarrthóirí tearmainn agus do dhídeanaithe, ag tógáil ar spéis agus ar chumais gnólachtaí, comhlachais tionscail agus tráchtála, ceardchumainn agus comhlachais imirceach. San áireamh ar shamplaí de thionscadail a mhaoiníonn CSE agus atá dírithe ar mhná a lánpháirtiú sa mhargadh saothair tá Stark im Beruf (31) (an Ghearmáin) do mháithreacha a mbaineann cúlra imirceach leo, Mirjam (32) do mhná atá ag teacht chun na Sualainne, agus CIAO (33) (Lucsamburg) do mhná a mbaineann cúlra imirceach leo. |
2.2. Scileanna a mhapáil agus aitheantas tapa cáilíochtaí
Ní mór do thairbhithe na cosanta sealadaí agus na cosanta leordhóthanaí faoin dlí náisiúnta a bheith in ann a léiriú cad iad na scileanna agus na cáilíochtaí atá acu chun iad a chomhtháthú sa mhargadh saothair go tapa. Tá nósanna imeachta á gcur i bhfeidhm ag roinnt Ballstát chun measúnú a dhéanamh ar choibhéis an staidéir agus na gcáilíochtaí sin nuair a bheidh an doiciméadacht ar fáil agus, nuair nach amhlaidh atá, chun scileanna agus foghlaim agus taithí roimh ré a bhailíochtú (e.g. trí thrialacha, trí mheasúnú scileanna praiticiúla nó trí thaispeántais scileanna, trí agallaimh, nó trí fhéinmheastóireacht ar líne). Tá sé tábhachtach nach dtabharfaidh na bearta sin isteach bacainní nach bhfuil gá leo ar rochtain éifeachtach a bheith ann ar an margadh saothair, lena n-áirítear, mar shampla, ceanglais teanga.
Chun rochtain a fháil ar ghairmeacha rialáilte, amhail grúpaí éagsúla gairmeacha sláinte agus múinteoireachta, bíonn gá de ghnáth le measúnú agus aitheantas foirmiúil i ndáil le cáilíocht eachtrach. Leis an Moladh maidir le cáilíochtaí a aithint tugtar treoraíocht agus comhairle phraiticiúil chun próiseas aitheantais tapa cothrom solúbtha a áirithiú, agus leagadh béim bhreise ar an tábhacht a bhaineann le haitheantas acadúil a éascú, e.g. dioplómaí ollscoile. Níl baint ag formhór na gclár foghlama, áfach, le gairmeacha rialáilte, lena n-áirítear foghlaim nó teastais margaidh saothair agus fostóirí-bhunaithe Thairis sin, d’fhéadfadh scileanna a bheith ag go leor daoine, scileanna a fuarthas trí obair a dhéanamh, trí bheith i mbun gnó, nó i gcomhthéacsanna eile amhail obair dheonach. D’fhéadfadh na scileanna sin a bheith an-luachmhar sa mhargadh saothair ach tá an baol ann nach n-aithnítear iad agus gur beag a luach.
Cuireann an Coimisiún roinnt uirlisí a bhaineann le scileanna ar fáil d’úsáideoirí deiridh agus d’idirghabhálaithe, amhail Uirlis an Aontais Eorpaigh um Próifíliú Scileanna do náisiúnaigh tríú tíortha (34), rud atá ar fáil in Úcráinis anois. Is féidir leis an uirlis tacú le cuardaitheoirí poist a labhraíonn Úcráinis agus iad siúd ar mian leo leanúint ar aghaidh lena n-oiliúint agus lena staidéar. Déanann an uirlis scileanna a mhapáil agus bailíonn sé fianaise ar cháilíochtaí agus ar thaithí mar chuid d’agallamh struchtúrtha. Beidh an t-aicmiú Eorpach maidir le Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha (ESCO) (35) ar fáil in Úcráinis i mí an Mheithimh freisin chun éascaíocht a dhéanamh ar úsáid na hUirlise um Próifíliú Scileanna agus uirlisí den chineál céanna atá á n-úsáid ag feidhmeoirí príobháideacha. Cuireadh ríomhphunann Europass (36) ar fáil in Úcráinis ag deireadh mhí Aibreáin 2022. Tá an Coimisiún i mbun an tionscnaimh phíolótaigh Linn Tallann an Aontais Eorpaigh (37) a sheoladh freisin trí fhorbairt tairsí gréasáin uile-Aontais a stiúradh, rud a chuirfidh ar a gcumas do dhaoine a theith ón Úcráin a scileanna agus a spéis i dtaca le fostaíocht a fháil a chlárú, agus ar an gcaoi sin, mapáil na scileanna atá ar fáil i measc an phobail sin agus meaitseálacha a d’fhéadfadh a bheith ann le fostóirí a éascú. Tá dearadh an treoirthionscadail ag dul ar aghaidh agus plé á dhéanamh leis na Ballstáit agus leis na príomhpháirtithe leasmhara.
Chun a áirithiú go mbeidh sé níos éasca ar fhostóirí agus ar sholáthraithe oideachais agus oiliúna cáilíochtaí na hÚcráine a thuiscint thar theorainneacha, d’oibrigh an Coimisiún leis an bhFondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF), le húdaráis na hÚcráine (38) agus le Ballstáit an Aontais chun creat cáilíochta náisiúnta na hÚcráine agus an Creat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF) a chur i gcomparáid le chéile. Tá mol acmhainní (39) curtha ar bun ag ETF chun cuidiú leo siúd atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine trí fhaisnéis a chur ar fáil dóibh faoi conas is féidir leanúint den oideachas agus den oiliúint agus conas cúnamh a iarraidh maidir lena gcáilíochtaí a aithint, agus chun cuidiú le daoine eile a dteastaíonn cabhair uathu chun na cáilíochtaí sin a thuiscint. Ina theannta sin, tá an Coimisiún ag féachaint ar na féidearthachtaí atá ann maidir le Dintiúir Dhigiteacha Eorpacha le haghaidh na Foghlama chun dioplómaí a atheisiúint go digiteach dóibh siúd a theith ón gcogadh, agus dá bharr sin nach bhfuil na doiciméid riachtanacha acu.
|
|
Tá “Ionaid um Bailíochtú Scileanna (41)” sa Bheilg (an Vallúin), a fhaigheann cistiú CSE, agus d’fhéadfaidís cuidiú le daoine atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus ag a bhfuil taithí ghairmiúil chun a gcuid scileanna a bhailíochtú go hoifigiúil gan aon chostas. Cuidíonn an t-aitheantas oifigiúil le cruthúnas a thabhairt d’fhostóir ar scileanna, le hoiliúint a atosú le díolúine, nó le rochtain a fháil ar ghairm. |
2.3. Gairmoideachas agus gairmoiliúint tosaigh
Tá an Coimisiún ag obair i gcomhar leis an bhFondúireacht Eorpach Oiliúna chun tacú le scoláirí gairmoideachais agus gairmoiliúna leanúint den fhoghlaim trí mhodhanna ar líne. Go háirithe, oibríonn an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna i gcomhar le húdaráis na hÚcráine agus le comhpháirtithe eile chun ábhar foghlama agus acmhainní oiliúna ar líne a aithint agus a bhailiú, amhail micreachúrsaí agus modúil ghairmiúla ghearra ó na Ballstáit agus ó thíortha comhpháirtíochta, ábhar a d’fhéadfaí a scaipeadh go forleathan chun deiseanna foghlama a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí easáitithe ón Úcráin, deiseanna as a dtiocfaidh inniúlachtaí agus micridhintiúirí sonracha gairmoideachais agus gairmoiliúna.
Chun faisnéis a fháil faoi bhearta a bhaineann le gairmoideachas agus gairmoiliúint a rinneadh go dtí seo sna Ballstáit agus chun tacú le malartú dea-chleachtas, i mí an Mhárta 2022, sheol an Coimisiún suirbhé chuig comhaltaí den Choiste Comhairleach um Ghairmoiliúint, chuig Ard-Stiúrthóirí um Ghairmoideachas agus Gairmoiliúint, chuig Comhlachais Eorpacha na soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna agus chuig comhaltaí den Chomhshocrú um Scileanna (gnólachtaí, comhlachais, comhlachais tráchtála, soláthraithe oiliúna agus eile). Tugann na réamhthorthaí (42) achoimre ar ghníomhaíochtaí na mBallstát go dtí seo agus cuireann siad samplaí de dhea-chleachtais is féidir a bheith ina spreagadh do dhaoine eile. Áirítear leis sin nósanna imeachta brostaithe, comhionannas staidéar agus nósanna imeachta um bailíochtú, pleananna aonair, meantóireacht agus comhairleoireacht, foghlaim bunaithe san ionad oibre, agus ranganna ullmhúcháin, lena n-áirítear teangacha agus scileanna idirphearsanta. |
|
|
Le First Room, tionscadal atá bunaithe i mBúcairist a fhaigheann comhchistiú ó CSE, cuireann Gairmscoil Concordia (44) seirbhísí oiliúna agus comhairleoireachta ar fáil chun tacú le lánpháirtiú sóisialta leanaí agus daoine óga a bhí faoi réir córas cosanta stáit le déanaí. Cuireann an Ghairmscoil deimhniú ar fáil maidir lena gcuid inniúlachtaí, chomh maith le treoir fostaíochta agus post. Tacaíonn na seirbhísí comhtháite freisin le daoine óga a d’fhág an córas trí thithíocht agus seomraí ar fáil laistigh d’ionad idirthurais Concordia a thógáil ar cíos. Faoi láthair tá sé ag tacú le daoine atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. |
2.4. Deiseanna uasoiliúna agus athoiliúna do dhaoine fásta chun rochtain ar an margadh saothair a éascú
Ní mór rochtain a thabhairt do thairbhithe na cosanta sealadaí ar dheiseanna oideachais do dhaoine fásta, ar ghairmoiliúint agus ar thaithí phraiticiúil san ionad oibre. Tá sé cruthaithe go bhfuil oiliúint phraiticiúil ar an láthair oibre an-éifeachtach maidir le himircigh agus dídeanaithe a lánpháirtiú. Ina theannta sin, is gné ríthábhachtach é feabhas a chur ar scileanna boga agus ar scileanna crua (lena n-áirítear scileanna fiontraíochta, féinfhorbairt agus litearthacht ar ríomhairí), go háirithe oiliúint teanga (lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí ar an láthair oibre) chun go n-éireoidh leis an rannpháirtíocht i sa mhargadh saothair agus sa tsochaí (agus ó thaobh fheasacht na n-imirceach agus theachtadh a gceart de). Thairis sin, trí infheistíocht a dhéanamh anois i scileanna na ndaoine atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, is féidir leis na Ballstáit rannchuidiú go mór le hatógáil na hÚcráine amach anseo.
|
|
Cuireann Ionad Scileanna Omnia (45) (an Fhionlainn), Ionad a fhaigheann tacaíocht ó ERASMUS+, seirbhísí ar fáil d’inimircigh in Espoo chun a scileanna gairmiúla a mhéadú agus fostaíocht a chur chun cinn. I measc nithe eile, eagraíonn sé oiliúint, cóitseáil, comhairleoireacht agus cuireann sé cúrsaí teanga agus soláthraíonn sé cúrsaí Fionlainnise. Tá an tionscadal Cáilíocht Bremen um Lánpháirtiú (46) (an Ghearmáin), rud a fhaigheann cistiú ó CSE, dírithe ar rochtain ar fhoghlaim agus ar chonairí chun na hoibre a chruthú d’inimircigh idir 18 agus 26 bliana d’aois, lena n-áirítear dianchúrsaí teanga. Tá an tionscadal á bhainistiú ag an gCros Dhearg agus tá tacaíocht á cur ar fáil aige cheana do dhaoine óga atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin. |
2.5. Deiseanna a chur ar fáil do dhaoine fásta a n-oideachas a chur i gcrích
Féadfaidh na Ballstáit rochtain ar an gcóras oideachas ginearálta a thabhairt do thairbhithe na cosanta sealadaí ar daoine fásta iad. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina chabhair do dhaoine nárbh fhéidir leo a n-oideachas tosaigh foirmiúil a chur i gcrích agus cáilíocht oideachais meánscoile uachtaraí a fháil nó i gcás inar ghá a staidéar ardoideachais a bhriseadh mar gheall ar an ionradh, nó do dhaoine nach raibh an deis acu dul ar aghaidh go dtí an t-ardoideachas. Ní hamháin go rachaidh na hiarrachtaí sin chun leas na ndaoine lena mbaineann, ach rachaidh siad chun leas an Aontais agus, ar deireadh, na hÚcráine.
|
|
3. TACAÍOCHT Ó CHISTÍ AN AONTAIS
Trí leasú a dhéanamh ar na Rialacháin lena rialaítear na Cistí (47), díríodh le tionscnamh CARE (“Gníomhaíocht Comhtháthaithe do Dhídeanaithe san Eoraip”) ar níos mó solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit chun Cistí Comhtháthaithe an Aontais a úsáid go tapa gan a raon feidhme a athrú.
|
Tionscnamh CARE Is iad seo a leanas na príomhathruithe a tugadh isteach le Rialachán CARE:
|
Le Rialachán (AE) 2022/585 a glacadh an 6 Aibreán (51), cuirtear síneadh bliana (go dtí Meitheamh 2024) leis an tréimhse cur chun feidhme don Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF), don Chiste Slándála Inmheánaí (CSI) – Teorainneacha agus Víosaí, agus do CSI Póilíní, agus scaoiltear cistí AMIF 2014-2020 a cuireadh in áirithe roimhe sin chun críocha sonracha.
Chun cuidiú leis na Ballstáit an leas is fearr is féidir a bhaint as na féidearthachtaí cistiúcháin agus as na socruithe clárúcháin, tá liosta táscach bunaithe ag an gCoimisiún de bhearta incháilithe faoi CSE, FEAD, CFRE, AMIF agus CSI Teorainneacha agus Víosaí, agus bhunaigh sé leathanach gréasáin le haghaidh ceisteanna coitianta (52) ar a bhfuil rochtain ag údaráis chláir go príomha ach ní go heisiach, chun freagraí gasta comhordaithe a thabhairt do na Ballstáit.
Is féidir le CSE cuidiú le cistiú a thabhairt d’fhormhór na mbeart a cuireadh i láthair sna ranna roimhe seo, lena n-áirítear meantóireacht, gairmthreoir, uasoiliúint agus athoiliúint, socrúcháin in ionaid oibre, printíseachtaí agus tréimhsí oiliúna, tacaíocht do na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta, chomh maith le socruithe chun idirdhealú a sheachaint agus rochtain ar fhaisnéis a áirithiú do gach oibrí. Is féidir CSE a úsáid freisin chun foireann a chistiú, foireann atá ag obair le daoine atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ag an teorainn nó in áiteanna eile sna Ballstáit, agus is féidir é a úsáid chun oideachas do leanaí agus do dhaoine fásta a chistiú, chomh maith le rochtain ar shláinte, ar thithíocht agus ar sheirbhísí sóisialta.
Ina theannta sin, is féidir CFRE a úsáid chun tacú le rochtain ar sheirbhísí príomhshrutha neamhscartha in oideachas, i bhfostaíocht agus oiliúint, i dtithíocht, i sláinte agus cúram sóisialta trí bhonneagair inrochtana (e.g. tógáil/athchóiriú/leathnú) agus trealamh gaolmhar a fhorbairt. Is féidir ciste AMIF agus cistí CSI Teorainneacha agus Víosaí agus CSI Póilíní a úsáid chun freastal ar riachtanais céadghlacatha daoine atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus, i gcás AMIF, freastal a dhéanamh ar a lánpháirtiú i dtíortha óstacha.
I gcomhréir lena phríomh-mhisean chun deiseanna fostaíochta a fheabhsú san fhadtéarma, is féidir CSE a úsáid chun tacú le bearta éigeandála, amhail bia agus cúnamh ábhartha bunúsach, costais chóiríochta nó iompair, ar choinníoll go ndéantar iad sin a chomhcheangal le conair lánpháirtithe aonair sa tír a thugann cúnamh. Tá raon feidhme níos leithne fós ag FEAD agus is féidir é a úsáid gan beann ar stádas agus ar áit chónaithe na bhfaighteoirí le haghaidh cúnamh ábhartha bunúsach, amhail bia, táirgí sláinteachais, earraí do bhabaithe agus do leanaí, etc.
Is féidir leas a bhaint as cistiú faoi InvestEU, go háirithe faoin Ráthaíocht Scileanna agus Oideachais, chun tacú le daoine feabhas a chur ar a gcuid scileanna, nó chun tacú le heagraíochtaí oideachais agus oiliúna chun a soláthar a leathnú, agus chun tacú le daoine féinfhostaithe agus le fiontair a earcaíonn daoine easáitithe agus a chuireann oiliúint orthu. Ina theannta sin, beifear in ann leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (53) tacaíocht theicniúil a chur ar fáil do na Ballstáit, má iarrtar sin, chun rochtain ar fhostaíocht agus ar oiliúint, ar an gcuimsiú sóisialta agus ar oideachas a éascú.
Slógadh deiseanna cistiúcháin Erasmus+ a bhuí le solúbthacht ionsuite an chláir. Mar shampla, is féidir le múinteoirí agus le hoiliúnóirí atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine tacaíocht airgeadais a fháil chun a lánpháirtiú a éascú agus chun cuidiú leo na scileanna is gá a fháil chun oibriú laistigh de chórais oideachais an Aontais. Féadfar foireann cháilithe a chur, ar bhonn sealadach, chuig réigiúin ina dtugtar cóiríocht do dhaoine atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Is féidir le hinstitiúidí oideachais agus oiliúna atá páirteach i dtionscadail chomhair Erasmus+ scoláirí a ghlacadh go tapa. Is féidir cistí tionscadail de thionscadail chomhair Erasmus+ a úsáid go solúbtha chun lánpháirtiú leanaí atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a éascú.
Ar deireadh, is féidir aon riachtanas a bhaineann le tacaíocht do na daoine atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a chur san áireamh fós san obair leanúnach atá á déanamh chun cláir Chomhtháthaithe 2021-2027 a ullmhú. Nuair a ghlacfar na cláir sin, úsáidfear iad freisin chun bearta a chistiú a thacaíonn leo siúd atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine i réimsí na fostaíochta, an oideachais agus na hoiliúna, an chuimsithe shóisialta, na tithíochta, na sláinte agus an chúraim shóisialta, chomh maith le bia agus cúnamh ábhartha bunúsach (mar gheall ar FEAD a chumasc le CSE+) (54). Tá caiteachas faoi na cláir sin incháilithe ón 1 Eanáir 2021.
|
|
4. CONCLÚIDÍ AGUS NA CHÉAD CHÉIMEANNA EILE
Tá an Coimisiún réidh chun tuilleadh oibre a dhéanamh leis na húdaráis náisiúnta agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile, agus leanfaidh sé de threoraíocht a chur ar fáil i bhfianaise na staide atá ag athrú, lena n-áirítear tríd an Ardán Dlúthpháirtíochta agus trí ardán na gcistí maidir le ceisteanna coitianta. Leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt don fhoghlaim fhrithpháirteach idir na Ballstáit, baileoidh sé faisnéis faoi na gníomhaíochtaí a rinne na Ballstáit (55), go háirithe trí na líonraí tiomnaithe amhail Líonra Eorpach na Seirbhísí Fostaíochta Poiblí agus an Coiste Comhairleach um an nGairmoiliúint, agus cuirfidh sé faisnéis ábhartha ar fáil dóibh siúd atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine tríd an spás gréasáin tiomnaithe (56) agus trí na meáin shóisialta. Gach euro agus gach dua a chaitear inniu i bhforbairt dhaonna na ndaoine atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, cuidíonn sé sin le todhchaí an Aontais agus na hÚcráine.
(1) Na sonraí is déanaí a fuarthas ó an Líonra AE um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéimeanna i ndáil leis an Imirce (Treoirphlean)
(2) IO L 71, 4.3.2022, lch. 1.
(3) Mar a leagtar amach sna Treoirlínte Oibríochtúla agus i dTeachtaireacht an 23 Márta, sa bhreis ar náisiúnaigh de chuid na hÚcráine, foráiltear le hAirteagal 2(1) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle gur cheart cosaint shealadach a thabhairt do náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát atá faoi chosaint idirnáisiúnta san Úcráin agus dá mbaill teaghlaigh má bhí cónaí orthu san Úcráin roimh an 24 Feabhra 2022 nó ar an dáta sin. I gcás náisiúnaigh tríú tír a bhí ina gcónaí san Úcráin roimh an 24 Feabhra nó ar an dáta sin a bhfuil cead buanchónaithe acu agus nach féidir leo filleadh go sábháilte ar a dtír thionscnaimh, cuirfidh na Ballstáit cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach i bhfeidhm faoina ndlí náisiúnta (Airteagal 2(2) den Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle). Féadfaidh na Ballstáit cosaint shealadach a dheonú freisin do náisiúnaigh tríú tír eile a raibh cónaí orthu go dleathach san Úcráin agus nach bhfuil in ann filleadh (Airteagal 2(3) den Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle). Mar a leagtar amach sna Treoirlínte Oibríochtúla, maireann cosaint shealadach mar a tugadh isteach leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle bliain amháin ó theacht i bhfeidhm an Chinnidh, i.e. ón 4 Márta 2022 go dtí an 4 Márta 2023, i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Threoir 2001/55/CE. I gcás nach nglacfaidh an Chomhairle Cinneadh, ar thogra ón gCoimisiún, le linn na tréimhse sin, deireadh a chur leis an gcosaint shealadach, cuirfear síneadh sé mhí go huathoibríoch leis an gcosaint shealadach, i.e. go dtí an 4 Meán Fómhair 2023, agus arís go ceann sé mhí eile, i.e. go dtí an 4 Márta 2024.
(4) Teachtaireacht ón gcoimisiún maidir le treoirlínte oibríochtúla chun Cinneadh Cur Chun Feidhme 2022/382 ón gComhairle a chur chun feidhme, Cinneadh lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint (IO C 126 I, 21.3.2022, lch. 1). shealadach a thabhairt isteach
(5) COM(2022) 131 final
(6) Moladh (AE) 2022/554 ón gCoimisiún ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2022 maidir le haithint cáilíochtaí na ndaoine atá ar a dteitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin (IO L 107 I, 6.4.2022, lch. 1).
(7) An Chomhairle Gnóthaí Baile: Plean 10 bPointe (europa.eu)
(8) Arna bhunú ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagail 24-27 den Treoir um Chosaint Shealadach.
(9) Faisnéis do dhaoine atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin | An Coimisiún Eorpach (europa.eu)
(10) An Úcráin: glacadh críochnaitheach CARE | Ciste Sóisialta na hEorpa Plus
(11) Tá gníomhaíocht bhreise ar siúl sna réimsí sin - féach, mar shampla, na tionscnaimh chun an Plean 10 bPointe a chur chun feidhme, lena n-áirítear an tionscnamh “Safe Homes” [“Bailte Sábháilte”]; maidir le hoideachas, d’ullmhaigh an Coimisiún Treoraíocht bheartais maidir le tacú le cuimsiú dídeanaithe ón Úcráin san oideachas: breithnithe, príomhphrionsabail agus príomhchleachtais (schooleducationgateway.eu)
(12) Colún Eorpach na gCeart Sóisialta | An Coimisiún Eorpach (europa.eu)
(13) COM(2020) 758 final.
(14) Ardán Eorpach chun dul i ngleic le hObair neamhdhearbhaithe | An tÚdarás Eorpach Saothair (europa.eu)
(15) Tá tionscadail den sórt sin maoinithe ag CSE freisin, féach e.g. Integrazione migranti Progetto PIU’ SUPREME (lavoro.gov.it).
(16) Is líonra comhair Eorpach um de sheirbhísí fostaíochta é EURES (europa.eu) a ceapadh chun saorghluaiseacht oibrithe a éascú. Féach go háirithe an roinn “Maireachtáil agus Obair”.
(17) An Chomhpháirtíocht Eorpach maidir le Lánpháirtiú (europa.eu) Cuimsítear sa Chomhpháirtíocht sin an Coimisiún Eorpach agus na cúig eagraíocht de comhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha (Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann, Business Europe, SMEunited, CEEP, Eurochambres). Ó seoladh an Chomhpháirtíocht in 2017, tá raon leathan gníomhaíochtaí curtha chun feidhme ag comhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha i réimse an lánpháirtithe sa mhargadh saothair i mbreis agus 20 tír san Aontas. Tá comhchistiú déanta ag an gCoimisiún Eorpach ar roinnt tionscadail nuálacha chun cuidiú le dídeanaithe agus le himircigh eile iad féin a lánpháirtiú sa mhargadh saothair. Tá an Coimisiún ag obair leis na comhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha chun an Chomhpháirtíocht Eorpach maidir le Lánpháirtiú a atreisiú agus chun lánpháirtiú daoine atá ar a dteitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin sa mhargadh saothair a chumhdach.
(18) Samhail den rannpháirtíocht chomhroinnte i ndáil le forbairt scileann san Eoraip is ea an Comhshocrú um Scileanna. Tá páirtithe leasmhara an Chomhaontaithe á spreagadh ag an gCoimisiún chun deiseanna nithiúla oiliúna agus fostaíochta a chur ar fáil dóibh siúd atá ar a dteitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin.
(19) Skills-OVATE | CEDEFOP (europa.eu)
(20) Analysis of shortage and surplus occupations 2021 [Anailís ar ghairmeacha lena mbaineann ganntanas agus barrachas 2021] | An tÚdarás Eorpach Saothair (europa.eu)
(21) Leathanach baile | An Uirlis Bheartais maidir le Fiontraíocht Níos Fearr: rud a d’fhorbair an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta agus an Coimisiún, is uirlis ar líne í atá ceaptha do lucht ceaptha beartas agus do pháirtithe leasmhara eile ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta ba mhian leo a fhiosrú na leanaí ar féidir leis an mbeartas poiblí: tacú leis an óige, le mná, le himircigh agus le daoine dífhostaithe i gcruthú gnó agus i bhféinfhostaíocht; tacú le fiontair shóisialta a fhorbairt.
(22) Erasmus le haghaidh Fiontraithe Óga (erasmus-entrepreneurs.eu): cabhraíonn sé chun na scileanna is gá chun gnó beag a thosú agus/a bheith i mbun gnó beag go rathúil san Eoraip a thabhairt d’fhiontraithe Eorpacha atá ag teacht chun cinn.
(23) An Líonra Fiontar Eorpach (europa.eu): cuidíonn sé le gnólachtaí nuáil a dhéanamh agus fás ar bhonn idirnáisiúnta. Is é an líonra tacaíochta is mó ar domhan é le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).
(24) Féach, mar shampla, Early Warning Notification - War in Ukraine: refugees arriving to the EU from Ukraine at risk of exploitation as part of THB [Fógra Luathrabhaidh - Cogadh san Úcráin: dídeanaithe atá ag teacht isteach san Aontas Eorpach ón Úcráin atá i mbaol dúshaothraithe mar chuid de THB] | Europol (europa.eu)
(25) COM(2021) 171 final.
(26) Plean nua Frithgháinneála chun daoine atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin a chosaint (europa.eu)
(27) Tá samplaí de thionscadail le fáil ar: suíomh gréasáin CSE, suíomh gréasáin CSE+e agus an Suíomh gréasáin Eorpach maidir le Lánpháirtiú;. Tugtar achoimre ar na samplaí is déanaí den dea-chleachtas maidir le dídeanaithe agus imircigh a lánpháirtiú sna tuarascálacha deiridh agus téamacha ó na Comhdhálacha Comhfhoghlama in 2021, 2020 agus 2019.
(28) Forwork
(29) FAB
(30) Labour-INT
(31) Stark im Beruf
(32) Mirjam
(33) CIAO
(34) Próifíl Scileanna (europa.eu): tá an uirlis ilteangach seo ceaptha lena húsáid ag eagraíochtaí a chuireann cúnamh ar fáil do shaoránaigh tríú tír. Cuidíonn sí le scileanna, cáilíochtaí agus taithí oibre na náisiúnach tríú tír a mhapáil agus comhairle phearsantaithe a thabhairt dóibh maidir leis na chéad chéimeanna eile, e.g. atreorú i dtreo dioplómaí a aithint, bailíochtú scileanna, breisoiliúnt nó seirbhísí tacaíochta fostaíochta.
(35) Leathanach baile (europa.eu): Is é ESCO an t-aicmiú ilteangach Eorpach le haghaidh Scileanna, Inniúlachtaí, agus Gairmeacha. Liostaítear ann na gairmeacha agus na scileanna atá ábhartha ó thaobh mhargadh saothair an Aontais Eorpaigh de agus ó thaobh oideachais agus oiliúna de, agus déantar catagóiriú ann orthu.
(36) Baile | Europass: is tacar uirlisí ar líne é seo chun cuidiú le CVanna agus litreacha cumhdaigh a chruthú agus chun cuidiú le húsáideoirí poist agus cúrsaí san Aontas a aimsiú.
(37) Na céimeanna chun an treoirthionscadal a sheoladh, tá siad leagtha amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún “Scileanna agus tallanna a mhealladh chuig an Aontas Eorpach”, an 27 Aibreán 2022 (COM(2022) 657 final).
(38) Amhail an Aireacht Oideachais, an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Cháilíochtaí, an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas, Ionad ENIC NARIC.
(39) Faisnéis maidir le hoideachas agus le hobair d’Úcráinigh agus tíortha AE | ETF (europa.eu)
(40) Enic-Naric: leis an líonra ENIC-NARIC (Líonra Eorpach na Lárionad Faisnéise sa Réigiún Eorpach - Lárionaid Náisiúnta Faisnéise um Aitheantas Acadúil san Aontas Eorpach), forbraíodh tionscadal de chuid Erasmus+ darb ainm Q-entry, ar bunachar sonraí é ina gcumhdaítear na Ballstáit agus tíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus ina soláthraítear faisnéis maidir le cáilíochtaí meánscoile a thugann rochtain ar an ardoideachas.
(41) CVDC | Site de la validation des compétences [Suíomh gréasáin le haghaidh bailíochtú inniúlachtaí] (validationdescompetences.be)
(42) Réamhthorthaí: Survey on integration of Ukrainian refugees in Vocational Education and Training [Suirbhé ar lánpháirtiú dídeanaithe ón Úcráin sa Ghairmoideachas agus sa Ghairmoiliúint] – Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta & Cuimsiú – An Coimisiún Eorpach (europa.eu)
(43) Moladh ón gComhairle an 15 Márta 2018 maidir le Creat Eorpach do Phrintíseachtaí Cáilíochta agus Éifeachtúla (IO C 153, 2.5.2018, lch. 1).
(44) Tugann an Coimisinéir Schmit cuairt ar thionscadail arna gcistiú ag CSE sa Rómáin chun tacú le dídeanaithe ón Úcráin | Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (europa.eu)
(45) Tacaíocht agus oiliúint d’inimircigh ag Ionad Scileanna Omnia | Omnia
(46) Conairí chun fostaíochta a chruthú d’inimircigh trí fhoghlaim teanga | Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (europa.eu)
(47) Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Coiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320) agus Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (IO L 72, 12.3.2014, lch. 1).
(48) Le haghaidh na tréimhse cuntasaíochta dar tús an 1 Iúil 2021 agus dar deireadh an 30 Meitheamh 2022.
(49) Méadú 11 % go 15 % ar réamh-mhaoiniú tosaigh REACT-EU i gcás na mBallstát uile, agus méadú 45 % ar réamh-mhaoiniú tosaigh na mBallstát (HU, PL, RO, SK) agus na mBallstát sin ar mó an líon daoine a tháinig isteach i gcomparáid lena ndaonra (os cionn 1 % dá ndaonra amhail ón 23 Márta: AT, BG, CZ, EE, LT).
(50) An Úcráin: é a dhéanamh níos éasca agus níos tapa do na Ballstáit úsáid a bhaint as cistiú comhtháthaithe chun tacú le riachtanais láithreacha dídeanaithe | Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (europa.eu). Beidh feidhm aige seo maidir le gach duine ar deonaíodh cosaint shealadach dóibh faoin Treoir um Chosaint Shealadach, agus úsáidfear sin ar feadh tréimhse suas le 13 seachtaine tar éis dóibh teacht.
(51) Rialachán (AE) 2022/585, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 514/2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime, (AE) Uimh. 516/2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus (AE) 2021/1147 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht.
(52) Is leathanach gréasán leathphoiblí é seo, ar a bhfuil rochtain ag údaráis chláir go príomha ach ní go heisiach.
(53) Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil.
(54) D’fhoilsigh an Coimisiún “Sraith uirlisí maidir le húsáid chistí an Aontais chun daoine a bhfuil cúlra imirceach leo a lánpháirtiú don chlárthréimhse 2021-2027” chun úsáid CFRE, CSE+ agus AMIF a chothú ar bhealach comhlántach chun daoine a bhfuil cúlra imirceach acu a lánpháirtiú.
(55) Úsáid a bhaint as suirbhéanna agus as gníomhaíochtaí faireacháin breise amhail na cinn sin arna ndéanamh ag gníomhaireachtaí Eurofound, Cedefop agus ETF.
(56) Faisnéis do dhaoine atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin | An Coimisiún Eorpach (europa.eu)
III Gníomhartha ullmhúcháin
AN BANC CEANNAIS EORPACH
|
16.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 233/14 |
TUAIRIM ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 24 Márta 2022
ar thogra le haghaidh leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh priacal creidmheasa, priacal um choigeartú luachála creidmheasa, priacal oibriúcháin, priacal margaidh agus a n t-íosráta aschuir
(CON/2022/11)
(2022/C 233/02)
Réamhrá agus bunús dlí
An 20 Eanáir agus an 21 Eanáir 2022 fuair an Banc Ceannais Eorpach (BCE) iarrataí ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, faoi seach, ar thuairim maidir le togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh priacal creidmheasa, priacal um choigeartú luachála creidmheasa, priacal oibriúcháin, priacal margaidh agus an t-íosráta aischuir (1) (dá ngairtear na “leasuithe atá beartaithe ar CRR” anseo feasta).
Tugann BCE dá aire go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe atá beartaithe ar CRR agus togra eile a bhfuair BCE iarraidh ar chomhairliúchán ina leith, eadhon togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le cumhachtaí maoirseachta, smachtbhannaí, brainsí tríú tír, priacal comhshaoil, sóisialta agus rialachais agus lena leasaítear Treoir 2014/59/AE (2) (dá ngairtear na “leasuithe atá beartaithe ar CRD” anseo feasta).
Tá inniúlacht BCE tuairim a thabhairt bunaithe ar Airteagal 127(4) agus Airteagal 282(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ós rud é go bhfuil forálacha sna leasuithe atá beartaithe ar CRR a dhéanann difear do chúraimí BCE maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 127(6) den Chonradh agus do rannchuidiú an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) i ndáil le seoladh rianúil beartas a bhaineann le cobhsaíocht an chórais airgeadais, dá dtagraítear in Airteagal 127(5) den Chonradh. I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 17.5 de Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh, tá an Chomhairle Rialaithe tar éis an tuairim seo a ghlacadh.
Barúlacha ginearálta
Fáiltíonn BCE roimh na tograí ón gCoimisiún, lena gcuirtear athchóirithe Basel III (3) atá fós gan réiteach chun feidhme san Aontas, lena neartaítear Leabhar Rialacha Aonair AE agus lena bhfeabhsaítear an creat stuamachta d’institiúidí creidmheasa i réimsí éagsúla.
Leagann BCE béim ar a thábhachtaí atá sé bailchríoch a chur ar chur chun feidhme an AE maidir le hathchóirithe Basel III ar bhealach tráthúil, iomlán agus dílis. Tugann na hathchóirithe seo aghaidh ar phríomheasnaimh sa chreat reatha, a sainaithníodh le hanailísí roimhe seo a rinne comhlachtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta i ndáil le bainc Eorpacha, agus dá bhrí sin, tá na hathchóirithe sin fíor-riachtanach chun fóntacht earnáil baincéireachta na hEorpa a áirithiú.
Tá sé tábhachtach athchóirithe Basel III a chur chun feidhme go tráthúil chun aghaidh a thabhairt go tapa ar easnaimh den sórt sin. Dá bhrí sin, spreagann BCE comhlachtaí reachtacha an Aontais an próiseas reachtach a thabhairt chun críche go pras, agus gan tréimhsí cur chun feidhme rófhada a bheith ann. Tá sé sin tábhachtach chun a áirithiú go bhféadfaidh bainc géarchéimeanna amach anseo a sheasamh.
Measann BCE freisin go bhfuil sé tábhachtach caighdeáin Basel III a chur chun feidhme ina n-iomláine. I ndáil leis an méid sin, is mór ag BCE go gcumhdaítear leis an togra ón gCoimisiún na gnéithe go léir a d’fhorbair Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht agus a chomhaontaigh Grúpa na nGobharnóirí Banc Ceannais agus na gCeann Maoirseachta i mí na Nollag 2017.
Ar deireadh, tá ceangal láidir ag BCE le hathchóirithe Basel III a chur chun feidhme go dílis. Tá sé sin tábhachtach don chobhsaíocht airgeadais agus do chreidiúnacht idirnáisiúnta an AE. Trí na hathchóirithe sin a chur chun feidhme go comhsheasmhach, leagtar béim ar thiomantas an AE don chomhar idirnáisiúnta airgeadais, agus ar an gcaoi sin cuideofar le tacú a chur faoi fheidhmiú an chórais dhomhanda airgeadais agus faoi mhuinín i mbainc an AE. Ag an am céanna, le cur chun feidhme dílis, tugtar an ráthaíocht is fearr is féidir maidir le córas baincéireachta cobhsaí, cé go bhfágfadh na himeachtaí agus na roghanna cur chun feidhme atá beartaithe pócaí priacal nach dtugtar aghaidh go leordhóthanach orthu in earnáil na baincéireachta. Mar a mhínítear thíos, tagann na priacail sin chun cinn go príomha sa láimhseáil stuamachta atá beartaithe ar risíochtaí eastáit réadaigh, ar phriacal creidmheasa ó chorparáidí gan rátáil, ar phriacal creidmheasa contrapháirtí, ar risíochtaí cothramais agus ar phriacal oibriúcháin.
Sna ranna seo a leanas den tuairim tugtar tuairimí mionsonraithe maidir le príomhghnéithe an togra agus maidir leis na priacail eile a d’fhéadfaí a chumhdach go neamhleor dá gcinnfeadh an AE imeacht ó chaighdeáin Basel III.
Tá sé tábhachtach freisin go mbeidh an creat stuamachta oiriúnach dá fheidhm trí bhearnaí sainaitheanta a dhúnadh agus trí choimeád suas leis an nuálaíocht. Is díol sásaimh iad na sainmhínithe nua ar na príomhchoincheapa de ghnóthais seirbhísí coimhdeacha agus d’institiúidí airgeadais arna moladh ag an gCoimisiún, toisc go soiléiríonn siad teorainneacha an imlíne rialála. Fáiltíonn BCE freisin roimh an sainordú atá ag an gCoimisiún tuarascáil a thabhairt ar thogra nua maidir le láimhseáil stuamachta criptea-sócmhainní.
Aontaíonn BCE freisin le tuairim an Choimisiúin a cuireadh in iúl i meabhrán míniúcháin an togra nach gá cumhachtaí maoirseachta breise a thabhairt d’údaráis inniúla chun srianta a fhorchur ar dháileacháin institiúidí creidmheasa in imthosca eisceachtúla ina mbeidh suaitheadh eacnamaíoch tromchúiseach. Ag an am céanna, feictear do BCE go bhféadfadh sé nach mbeadh institiúidí creidmheasa toilteanach a gcuid maolán caipitil (4) a úsáid le linn tréimhsí anáis eacnamaíoch agus airgeadais den sórt sin. Ag breathnú ar aghaidh, tá BCE den tuairim gur cheart tuilleadh breithnithe a dhéanamh ar dheireadh a chur le dídhreasuithe maidir le maoláin chaipitil a úsáid.
1. An t-íosráta aschuir a thabhairt isteach
|
1.1 |
Gné thábhachtach d’athchóirithe Basel III is ea an t-íosráta aschuir. Laghdaíonn sé inathraitheacht gan údar na sócmhainní atá ualaithe ó thaobh priacail ar fud institiúidí, rud a threisíonn an cothrom iomaíochta agus a neartaíonn an creat stuamachta. Is díol mór sásaimh do BCE gur roghnaigh an Coimisiún an cur chuige aonchruachta, mar a thugtar air, maidir le cur chun feidhme an t-íosráta aschuir, sa dóigh is nach bhfuil ach bealach amháin ag na bainc chun a sócmhainní ualaithe ó thaobh priacail (5) a thomhas. |
|
1.2 |
Mar sin féin, tugann BCE dá aire go n-áirítear sa togra freisin socruithe suntasacha idirthréimhseacha as a dtiocfadh ualuithe ó thaobh priacail níos ísle ná na cinn atá beartaithe i gcaighdeáin Basel i roinnt réimsí sonracha, eadhon (i) risíochtaí ar réadmhaoin chónaithe ag a bhfuil caillteanais stairiúla ísle, (ii) risíochtaí ar chorparáidí gan rátáil, agus (iii) calabrú priacal creidmheasa contrapháirtí i ndáil le risíochtaí díorthach. Measann BCE nach bhfuil bonn cirt leis na himeachtaí sin ó chaighdeáin Basel III ó thaobh na cobhsaíochta stuamachta agus na cobhsaíochta airgeadais de agus go bhféadfadh sé nach dtabharfaí aghaidh ar phócaí priacal |
|
1.3 |
Tá roinnt ábhar imní ag baint leis an láimhseáil idirthréimhseach a dhéantar ar risíochtaí réadmhaoine cónaithe (“RC”) go háirithe. Lagódh an socrú idirthréimhseach feidhm chúlstop an íosráta aschuir maidir le hiasachtú réadmhaoine cónaithe – limistéar a d’fhéadfadh cobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol, mar a léirítear i dtuarascálacha ó BERS (6) agus ó BCE (7) le déanaí. Tá an féichiúnas teaghlaigh agus an róluacháil RC ag dul i méid i roinnt Ballstát AE, rud a chuireann le méadú na leochaileachtaí meántéarmacha agus na n-ábhar imní faoi bhoilgeog tithíochta arb é fiachas is cúis léi. D‘fhéadfadh sé sin, dá réir sin, roinnt banc a fhágáil ag a bhfuil cistí dílse nach bhfuil i gcomhréir leis na caillteanais a d’fhéadfadh teacht as teacht chun cinn na priacal sin. D‘fhéadfadh ilroinnt bhreise laistigh de mhargadh baincéireachta an AE a bheith mar thoradh ar an socrú idirthréimhseach, a mhéid a d’fhéadfadh institiúidí a bheith faoi réir ceanglais chaipitil éagsúla do phriacail chomhchosúla, ag brath ar chur chun feidhme na mBallstát. I bhfianaise na n-ábhar imní sin, measann BCE nár cheart cóireáil fhabhrach den sórt sin a thabhairt do RC. Má choinnítear é, ba cheart an sásra sin a bheith de chineál sealadach agus teoranta. |
|
1.4 |
Thairis sin, is cúis mhór imní do BCE na forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le corparáidí gan rátáil. Faoi chaighdeáin Basel, tá ualach priacail níos airde ag baint le hiasachtaí a thabhairt do chorparáidí den sórt sin, rud a léiríonn an éiginnteacht níos airde i dtaobh a bpriacal iarbhír. Má íslítear an t-ualach priacail de réir mheastacháin ar an bpriacal de chuid an bhainc féin, lagaítear cuspóir an íosráta aschuir, is é sin cosaint a thabhairt i gcoinne fomheastachán priacal ag samhlacha dílse na n-institiúidí, toisc go bhféadfadh institiúidí brath ar a ndóchúlacht mainneachtana féin (“DM”) chun ualach priacail níos ísle a thabhairt do chorparáidí. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún ualach priacail 65 % a chur i bhfeidhm ag brath ar dhóchúlacht mainneachtana aon bhliana a d’fhéadfadh a bheith chomh hard le 0.5 %. Measann BCE go bhfuil sé sin róleathan, mar d’fhéadfadh sé corparáidí a bhfuil próifíl priacail ardaithe acu a chumhdach. I bhfianaise na bpriacal atá i gceist, measann BCE, dá bhrí sin, nár cheart aon eisceacht den sórt sin a dhéanamh i gcás corparáidí gan rátáil. Má choinnítear é, ba cheart an sásra sin a fhágáil de chineál fíorshealadach agus fíortheoranta. Ar deireadh, tacaíonn BCE go hiomlán leis na hiarrachtaí chun cuimsiú rátála a mhéadú i measc corparáidí Eorpacha sa mheántéarma agus san fhadtéarma, rud a d’fhéadfadh rannchuidiú go mór leis an tionscadal maidir le hAontas na Margaí Caipitil. |
|
1.5 |
Tugann BCE rabhadh i gcoinne aon athraithe ar láimhseáil priacail creidmheasa contrapháirtí a bhaineann le risíochtaí díorthach i gcomhthéacs an íosráta aschuir, bíodh sé sealadach nó buan. Is cúis imní do BCE go bhfágfadh aon athrú ar chalabrú an chur chuige chaighdeánaithe maidir le risíochtaí ar phriacal creidmheasa contrapháirtí a thomhas (“CCC-PCC”) roinnt priacal stuamachta gan chumhdach agus go ndéanfaí gannmheastachán ar mhéid na risíochta maidir le priacal creidmheasa contrapháirtí. |
|
1.6 |
Maidir le leibhéal chur i bhfeidhm an íosráta aschuir, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún é a chur i bhfeidhm ag an leibhéal comhdhlúthaithe is airde. Laistigh de ghrúpaí baincéireachta, tá sé sin mar aon le sásra athdháilte den tionchar a thabhaítear ar an leibhéal comhdhlúthaithe is airde ar fud na máthairchuideachta agus na bhfochuideachtaí (8). Leis an sásra sin, is féidir le grúpaí baincéireachta de chuid an Aontais atá faoi cheangal ag an íosráta aschuir caipiteal a leithdháileadh ar bhealach níos éifeachtaí laistigh den ghrúpa i gcomparáid le hiarratas ar an leibhéal aonair, agus an priacal a bhaineann le láithreacht an ghrúpa i ngach Ballstát á léiriú ag an am céanna. Mar sin féin, trí cheanglais shonracha maidir leis an íosrátal aischuir a thabhairt isteach ar leibhéal fochomhdhlúite an Bhallstáit, féadfar grúpaí baincéireachta a dhreasú fós gníomhaíochtaí a atheagrú chun tionchar an íosráta aschuir ar chodanna aonair den ghrúpa a íoslaghdú ar bhealaí a d’fhéadfadh mí-ailíniú a dhéanamh le struchtúir bhunaithe eagraíochtúla nó le bainistíocht fhónta priacail. Ina theannta sin, dhéanfadh sé tuilleadh caipitil a chalcadh ar an leibhéal áitiúil, rud a thiocfadh salach ar an gcuspóir maidir le saorghluaiseacht chaipitil a chumasú laistigh de ghrúpaí baincéireachta Eorpacha, rud atá ina réamhchoinníoll tábhachtach don chomhtháthú airgeadais. Rogha eile a bheadh ann ná an t-íosráta aschuir a chur i bhfeidhm ar an leibhéal comhdhlúite is airde san AE agus ar leibhéal fochomhdhlúite na mBallstát, gan an sásra dáileacháin. Shimpleodh sé sin an creat do na bainc i gcomparáid leis an togra ón gCoimisiún agus d’áiritheofaí caipitliú cuí i ngach Ballstát, cé g mbeadh gaibhniú caipitil ar an leibhéal fochomhdhlúite sin freisin. Rogha eile a bheadh ann ná an t-íosráta aschuir a chur i bhfeidhm ar an leibhéal comhdhlúthaithe is airde amháin mar aon le hoibleagáid ar bhainc agus ar údaráis inniúla a áirithiú gur leor caipitliú na n-eintiteas neamhspleách (9). Ní hamháin go mbeadh an cur chuige sin níos simplí agus go laghdófaí ilroinnt earnáil baincéireachta na hEorpa ach bheadh sé léirithe mar is cuí freisin go ndearnadh an t-íosráta aschuir a chalabrú chun inathraitheacht mhíchuí na sócmhainní ualaithe ó thaobh priacail a laghdú ar leibhéal an ghrúpa baincéireachta, seachas ar leibhéal gach eintitis. Is fearr le BCE an cur chuige deireanach sin. |
|
1.7 |
Ar deireadh, tugann BCE dá aire go n-áirítear sa togra CRD forálacha maidir leis na hidirghníomhaíochtaí idir an t-íosráta aschuir, ceanglais mhaoirseachta agus maoláin chaipitil macrastuamachta. Tabharfar aghaidh ar na hábhair sin sa tuairim ar leith maidir leis na leasuithe atá beartaithe ar CRD (10). |
2. Creat priacail creidmheasa – cur chuige caighdeánaithe
|
2.1 |
Is díol sásaimh don BCE na tograí chun an cur chuige caighdeánaithe nua maidir le priacal creidmheasa a chur chun feidhme, toisc go bhfágfaidh sé go mbeidh na hinstitiúidí sin nach bhfuil ag brath ar shamhlacha inmheánacha níos athléimní agus go mbeidh a gceanglais chaipitil níos íogaire ó thaobh priacail de. Mar sin féin, tugann BCE dá aire agus is ábhar imní dó go bhfuil roinnt dialltaí nua sa togra ó chaighdeáin Basel III, go háirithe maidir le (i) risíochtaí iasachtaithe speisialaithe, (ii) risíochtaí ar chothromas, (iii) risíochtaí ar mhiondíol agus (iv) an mhodheolaíocht maidir le luacháil na chomhthaobhachta le haghaidh risíochtaí arna n-urrú ag maoin dhochorraithe. Ina theannta sin, coinníodh roinnt dialltaí atá ann cheana (e.g. d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus do bhonneagar) agus ba cheart do na comhreachtóirí athmheasúnú a dhéanamh orthu. Measann BCE go bhféadfadh na dialltaí sin comhsheasmhacht agus sábháilteacht an chur chuige chaighdeánaithe nua a laghdú go hiomlán agus priacail áirithe a fhágáil gan chumhdach. D’fhéadfadh sé sin, dá réir sin, na bainc a fhágáil gan caipiteal leordhóthanach a bheith ar fáil i gcás ina dtiocfadh na priacail chun cinn sna deighleoga margaidh sin. Go sonrach, rinneadh creat Basel III a chalabrú chun an priacal a bhaineann le risíochtaí ar iasachtú speisialaithe a léiriú agus d’fhéadfadh aon athrú amhail catagóir nua a chruthú chun réada ar ardchaighdeán a mhaoiniú nó na hathruithe ar na critéir maidir le maoiniú tionscadail ar ardchaighdeán, priacail a fhágáíl gan chumdach, go háirithe le linn chéim réamhoibríochtúil na dtionscadal, agus ar an gcaoi sin an chosaint a ísliú do na bainc. Thairis sin, níor cheart go mbeadh ualuithe priacail caighdeánaithe bunaithe ar bhreithiúnas na n-institiúidí amháin, gan formheas samhlach a fháil i dtaobh an bhféadfadh maoiniú réada critéir “ardcháilíochta” a chomhlíonadh a bheadh cosúil leis an gcur chuige sliotánaithe atá bunaithe ar na rátálacha inmheánacha (“IRB”). |
|
2.2 |
Tá priacal níos mó ag baint le risíochtaí ar chothromas toisc go bhfuil siad de réir sainmhínithe fo-ordaithe i leith gach éileamh eile i gcás mainneachtana. Léiríonn tograí Basel III an méid sin trí mhuirir chaipitil níos airde a éileamh i gcás risíochtaí ar chothromas. Is ábhar imní do BCE, dá bhrí sin, na dialltaí ón bprionsabal fónta sin i roinnt réimsí, mar d’fhéadfadh sé na bainc a nochtadh do phriacail níos mó ina gclár comhardaithe. Tá sé sin ábhartha go háirithe do (i) risíochtaí ar chothromas ar bhaill eile den ghrúpa céanna – lena n-áirítear na sealúchais sin in eintitis earnála airgeadais is ceadmhach do na bainc gan a asbhaint óna gcistí dílse, (ii) scéimeanna cosanta institiúideacha, agus (iii) risíochtaí fadtéarmacha ar chothromas atá ann cheana féin ar feadh sé bliana nó níos faide, a mbíonn tionchar acu freisin ar leordhóthanacht na n-ualuithe priacail ar leibhéal comhdhlúite. Ní hamháin go gcuirfeadh sé sin gaibhniú ar na hualuithe priacail an-íseal atá ann cheana agus nach léiríonn an priacal is dual do risíochtaí ar chothromas, ach chuirfeadh sé fad freisin leis an easpa cumais ionsúcháin caillteanais comhchuimsigh laistigh den ghrúpa. Thairis sin, (iv) measann BCE gur cheart go mbeadh an t-ualú priacal níos ísle do risíochtaí ar chothromas faoi chláir reachtacha infheidhme má ghabhann ceanglas Basel maidir le srianta infheistíochta (11) leis, ar ceanglas é is féidir a chur san áireamh i measúnú cuimsitheach ar na cláir sin chomh maith. Thairis sin, (v) cruthaítear sochair mhíchuí leis an bhforáil idirthréimhseach is infheidhme maidir le risíochtaí ar chothromas faoin gCur Chuige IRB toisc go bhféadfaidh na bainc ualuithe priacail a chur i bhfeidhm atá ní hamháin níos ísle ná na cinn is infheidhme faoi láthair, ach níos ísle, ar bhonn idirthréimhseach, fiú ná na cinn a mbeidh gá leo faoi dheireadh. Molann BCE, dá bhrí sin, go seachnófaí an titim urghnách sin ar cheanglais cistí dílse maidir le risíochtaí ar chothromas de chuid institiúidí le cead don Chur Chuige IRB faoi bhun an leibhéil a bheidh ag teastáil go buan sa todhchaí (12). |
|
2.3 |
Measann BCE gur cheart an t-ualú priacail níos ísle do neamhchosaintí ar mhiondíol a theorannú do dhaoine nádúrtha a bhfuil a risíochtaí iomlána faoi bhun EUR 1 milliún, agus ba cheart an méid sin a chinneadh trí airgead atá dlite cheana ag cliaint agus línte creidmheasa neamhtharraingthe a mheas. Ina theannta sin, níor cheart moill bhreise a chur ar an gceartú is gá a dhéanamh ar na ceanglais cistí dílse le haghaidh línte creidmheasa atá inchealaithe go neamhchoinníollach. |
|
2.4 |
Tá roinnt athruithe sa togra ón gCoimisiún ar na modheolaíochtaí athluachála do réadmhaoin, nach mbeadh ag teacht le caighdeáin Basel. Measann BCE gur cheart aon athluachálacha den sórt sin a dhéanamh ar bhonn fónta, d’fhonn na hathruithe ar luacháil na comhthaobhachta dochorraithe a léiriú go cuí. Trí mhodhanna staitistiúla a chur i bhfeidhm le haghaidh luacháil réadmhaoine (seachas dul i muinín luachálaí neamhspleách cáilithe), d’fhéadfaí tuiscint mhíchruinn a thabhairt ar shábháilteacht. D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le rómheastachán struchtúrach ar an luach iarbhír ní hamháin ar an réadmhaoin aonair ach ar an bpunann iomlán atá faoi réir na hathluachála, rud a laghdaíonn athléimneacht na mbanc i gcoinne róbhorradh margaí eastáit réadaigh. Chomh maith leis sin, dá dtiocfadh méadú ar luachanna maoine ar bhonn meánluachanna roimhe seo, d’fhéadfadh sé ligean go neamhstuama do bainc leanúint de bheith ag brath ar mhéadú ar luachanna maoine nach mbeadh inbhuanaithe. Tá feidhm aige sin, mar shampla, go soiléir sa timpeallacht reatha ina bhfuil róluacháil ag méadú. Chuirfeadh na hathruithe sin le héifeachtaí gan údar an tsásra idirthréimhsigh a bhaineann le hiasachtú morgáiste íseal-riosca i gcomhthéacs an íosráta aschuir (mar a luadh i mír 1.3) agus d’fhéadfadh leochaileacht na mbanc sna margaí eastáit réadaigh a mhéadú tuilleadh. |
|
2.5 |
Le creat Basel III, rinneadh athchalabrú ar an gcaoi a láimhseálann sé sonraíochtaí FBManna agus infheistíochtaí bonneagair trí ualuithe priacail atá calabraithe go heimpíreach ar shonraí a chur i bhfeidhm ar fud na n-institiúidí éagsúla. Measann BCE dá bhrí sin gur cheart don AE cloí leis an gcalabrú athbhreithnithe. |
3. Priacal oibriúcháin
|
3.1 |
Is díol sásaimh do BCE an cinneadh ón gCoimisiún an cur chuige caighdeánaithe nua maidir le priacal oibriúcháin a chur chun feidhme i gcomhréir le creat Basel III, arb é is aidhm dó inchomparáideacht agus simplíocht ríomh na gceanglas cistí dílse a mhéadú. |
|
3.2 |
Cé go n-aithníonn BCE go dtugtar an deis le creat Basel III neamhaird a thabhairt ar chaillteanais stairiúla chun ceanglais chaipitil le haghaidh priacal oibriúcháin a ríomh, is oth leis nár roghnaigh an Coimisiún aitheantas a thabhairt do na caillteanais sin. Measann BCE dá cuirfí stair chaillteanais institiúide san áireamh go mbeadh níos mó íogaireachta ó thaobh priacal de agus go mbeadh cumhdach caillteanais níos mó ar cheanglais chaipitil, lena dtabharfaí aghaidh ar dhibhéirseacht próifílí priacal institiúidí maidir le saincheisteanna aníogaire amhail priacal iompair, sciúradh airgid nó cibeartheagmhais, agus go gcuirfeadh sé dreasachtaí níos fearr ar fáil d’institiúidí chun feabhas a chur ar a mbainistiú priacail oibriúcháin. Dá bhrí sin, bheadh BCE i bhfabhar cur chun feidhme ina gcinnfí an t-iolraitheoir inmheánach caillteanais trí chaillteanais stairiúla arna dtabhú ag an institiúid agus go dtabharfar isteach de réir a chéile é. |
|
3.3 |
Tugann BCE dá aire go bhfuil sé de cheangal ar mhaoirseoirí cheana féin cáilíocht an bhainistithe priacail a chur san áireamh, lena n-áirítear stair an chaillteanais agus an phróifíl priacail agus na ceanglais chaipitil á sainiú faoin “Próiseas Maoirseachta Scrúdaithe agus Athbhreithnithe ” (SREP). I ndáil leis an méid sin, ba cheart measúnú a dhéanamh ar a úsáidí atá an oibleagáid chúng atá beartaithe ar mhaoirseoirí faireachán a dhéanamh, gach trí bliana ar a laghad, ar cháilíocht bhailiú na n-institiúidí de chaillteanais stairiúla i bhfianaise úsáid deiridh na gcaillteanas stairiúil sin sa chreat, agus ós rud é nach bhfuil ach ceann amháin de na nithe is tábhachtaí chun priacal oibriúcháinl a bhainistiú i gceist leis an gcáilíocht sonraí. |
4. Priacal margaidh
|
4.1 |
Ina Thuairim an 8 Samhain 2017 i ndáil le leasuithe ar chreat an Aontais maidir le ceanglais chaipitil institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (13) (14), d’iarr BCE go mbeadh céim cur chun feidhme a bheadh fada go leor ann maidir le caighdeáin Basel um phriacal margaidh a d’eascair as an athbhreithniú bunúsach ar an leabhar trádála, agus tuilleadh athruithe ar chaighdeáin Basel á gcur san áireamh freisin. Ós rud é go bhfuil bailchríoch curtha anois ar rialacha a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta, is díol sásaimh do BCE an togra ón gCoimisiún an ceanglas tuairiscithe atá ann cheana a iompú ina gceanglais cistí dílse. |
|
4.2 |
Tugann BCE dá aire go gcuireann an togra ar chumas an Choimisiúin calabrú na gceanglas caipitil a athrú faoin gcreat nua riosca margaidh, chomh maith le cur chun feidhme an chreata sin a chur siar dhá bhliain eile. D‘fhéadfadh sé sin laghdú ar cheanglais chaipitil a cheadú, rud a d’fhéadfadh a bheith éagsúil ó chaighdeáin Basel III. Tá BCE i bhfabhar teorainn a chur leis na cumhachtaí sin faoin togra reatha. Measann BCE go bhfuil sé tábhachtach na caighdeáin sin a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar an leibhéal idirnáisiúnta agus iarrann sé go gcuirfear na caighdeáin sin a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta chun feidhme go dílis faoi 2025. Bheadh sé sin tábhachtach chun soiléireacht a sholáthar d’institiúidí agus chun fóntacht Leabhar Rialacha Aonair AE a áirithiú, agus ag an am céanna impleachtaí diúltacha do phleananna cur chun feidhme inmheánacha na n-institiúidí agus don phróiseas iarratais agus formheasa le haghaidh samhlacha inmheánacha a sheachaint. D’ainneoin an mhéid sin thuas, d‘fhéadfaí a mheas go mbeadh tuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an athbhreithnithe bhunúsaigh ar an leabhar trádála i ndlínsí eile in 2025, a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn do reachtóirí an Aontais chun céimeanna leantacha a ullmhú chun cothrom iomaíochta domhanda a áirithiú. |
|
4.3 |
Fáiltíonn BCE roimh an tsoiléireacht dá bhforáiltear sa togra ón gCoimisiún maidir leis an minicíocht íosta is infheidhme faoin gcur chuige trébhreathnaitheach nuair a áirítear gnóthais chomhinfheistíochta i samhlacha inmheánacha. Ag an am céanna, is cúis imní do BCE go bhféadfadh sé go mbeadh priacail ann nach n-áireofaí sa tsamhail inmheánach mar thoradh ar láimhseáil den sórt sin, agus dá bhrí sin molann sé go gcuirfí ceanglas ar leith isteach maidir leis na priacail ábhartha a shainaithint, a thomhas agus faireachán a dhéanamh orthu ar eagla nach n-úsáidtear aon chur chuige trébhreathnaitheach laethúil. |
5. Priacal coigeartaithe luachála creidmheasa (CVA)
|
5.1 |
Tugann BCE dá aire agus is ábhar imní dó nach ndéantar athbhreithniú sa togra ón gCoimisiún ar na díolúintí a ghlac an tAontas cheana agus meabhraíonn sé gur measadh na díolúintí sin a bheith ina neamhchomhlíonadh ábhartha sa chlár um measúnú rialála comhsheasmhachta a bhí ag Coiste Basel in 2014 (15). Measann BCE nach bhfuil bonn cirt leis na dialltaí sin ó thaobh na stuamachta de, agus go bhfágann siad institiúidí neamhchosanta ar phriacail neamhchumhdaithe óna n-idirbhearta díorthach le contrapháirtithe díolmhaithe (16). |
|
5.2 |
Mar sin féin, aithníonn BCE na hiarrachtaí a rinne an Coimisiún chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a eascraíonn as fálú oscailte le haghaidh CVA contrapháirtithe atá díolmhaithe ag AE trí chead a thabhairt d’institiúidí na contrapháirtithe sin a chur san áireamh dá ndeoin féin ina CVA rialála (17) agus ceanglais tuairiscithe nua a leagan síos do chontrapháirtithe atá díolmhaithe ag AE. Cé go bhféadfadh sé go gcuideodh an dara ceann acu cleachtais bainistithe priacail níos fearr ag institiúidí a chothú, ní chuirfidh sé feabhas ar a staid stuamachta ná ní spreagfaidh sé aon smacht margaidh. Chun na ceanglais sin a bhaint amach, ba cheart ceanglas maidir le nochtadh a chur chun feidhme. Má roghnaíonn comhlachtaí reachtacha an Aontais na díolúintí atá ann cheana a choinneáil, cuidíonn na tograí sin le héifeachtaí diúltacha na ndíolúintí sin a mhaolú beagán, cé nach laghdaíonn siad go hábhartha na priacail a bhaineann leis na risíochtaí sin do chláir chomhardaithe na mbanc. |
6. Cur chuige IRB
|
6.1 |
Fáiltíonn BCE roimh na hathruithe atá beartaithe ar an gcur chuige IRB maidir le priacal creidmheasa, i gcomhréir le pacáiste deiridh Basel III (18), toisc go meastar go bhfuil gá leo chun íogaireacht priacail a choinneáil agus, ag an am céanna, laghdú suntasach a dhéanamh ar an raon feidhme maidir le hinathraitheacht gan údar maidir le méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail (RWEA). Tacaíonn BCE leis an togra chun (i) úsáid an chur chuige ard IRB (“A-IRB”) a dhícheadú le haghaidh risíochtaí ar chorparáidí móra, risíochtaí ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta agus ar institiúidí airgeadais a láimhseáiltear mar chorparáidí agus (ii) úsáid IRB do risíochtaí ar chothromas a dhícheadú. Ar an gcaoi chéanna, tacaíonn BCE le cur chun feidhme na n-íosleibhéal ionchuir ar pharaiméadair priacail, lena n-áiritheofar íosleibhéal coimeádachais i bparaiméadair shamhlacha, agus ag an am céanna inathraitheacht mhíchuí RWEA a laghdú. |
|
6.2 |
Thairis sin, tacaíonn BCE le soiléirithe agus feabhsuithe breise a bhaineann le meastachán ar PD, caillteanas i gcás mainneachtana (LGD) agus fachtóirí comhshóite creidmheasa (CCF). |
|
6.3 |
Mar sin féin, ba mhaith le BCE béim a leagan ar roinnt neamhréireachtaí laistigh den togra, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar na ceanglais a chur chun feidhme mar is ceart tríd is tríd. Go háirithe, d’fhonn an baol míthuisceana a laghdú, molann BCE go ndéanfaí na téarmaí a úsáidtear chun méid na n-oibleagáideoirí corparáideacha a shainaithint, amhail ’láimhdeachas’, ’ioncam’ agus ’díolacháin’ a ailíniú a thuilleadh in airteagail éagsúla an CRR leasaithe (19). |
|
6.4 |
Thairis sin, ní mór comhsheasmhacht a áirithiú idir sainiú mainneachtana agus meastachán agus cur chun feidhme na bparaiméadar priacail. Go háirithe, maidir leis an gcur chuige IRB a chur chun feidhme ar leibhéal aicme de risíochtaí, mar a tugadh isteach in Airteagal 148 leasaithe, ba mhaith le BCE a chur i bhfáth, i gcás risíochtaí ar mhiondíol, go bhféadfadh an t-athrú sin cur chuige IRB a úsáid i gcás ceann amháin ar a laghad d’aicmí na risíochtaí dá dtagraítear sna pointí nua (d)(i), (d)(ii), d(iii), (d)(iv) d’Airteagal 147(2). Ag an am céanna, i gcás risíochtaí ar mhiondíol, tugann BCE dá aire go gceadaítear d’institiúidí le hAirteagal 178(1) atá ann cheana an sainmhíniú ar mhainneachtain a chur i bhfeidhm ar leibhéal saoráide aonair creidmheasa seachas i ndáil le hoibleagáidí iomlána iasachtaí. I ndáil leis sin, i gcás ina sainítear an sainmhíniú ar mhainneachtain le haghaidh risíochtaí ar mhiondíol ar leibhéal an oibleagáideora, molann BCE go gcuirfí srian ar an bhféidearthacht úsáid a bhaint as an gcur chuige IRB do gach ceann nó d’aon cheann de na haicmí risíochtaí dá dtagraítear i bpointí (d)(i), (d)(ii), d(iii), (d)(iv) d’Airteagal 147(2), gan dochar don fhéidearthacht páirtúsáid bhuan a iarraidh faoi na coinníollacha a shonraítear in Airteagal 150. |
|
6.5 |
Ina theannta sin, maidir leis na ceanglais nua le haghaidh meastachán PD, measann BCE go n-áiritheofaí idirdhealú leordhóthanach priacail d’ainneoin dálaí eacnamaíocha díobhálacha agus inchomparáideacht sócmhainní ualaithe ó thaobh priacal a mhéadú ar fud na n-institiúidí dá ndéanfaí an tréimhse ama do shannacháin rátála a shonrú tuilleadh, mar a mholtar i gcaighdeáin deiridh Basel III. Ina theannta sin, tugadh isteach sa togra roinnt difríochtaí idir na ceanglais maidir le meastacháin PD do risíochtaí ar mhiondíol agus na ceanglais maidir le meastacháin PD do risíochtaí ar chorparáidí agus ar institiúidí, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar léirmhíniú ceart na n-institiúidí. Sa chomhthéacs sin, molann BCE tuilleadh cuíchóirithe a dhéanamh ar na ceanglais maidir leis na cineálacha risíochtaí sin. |
7. Nochtuithe agus tuairisciú faoi Cholún III
|
7.1 |
Is díol sásaimh don BCE an cuspóir atá leis an mol comhtháite nua atá á bhainistiú ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) le haghaidh nochtuithe faoi Cholún III arna ndéanamh ag institiúidí creidmheasa, arb é is aidhm dó an t-ualach ar institiúidí a laghdú agus úsáid fhaisnéis Cholún III ag gach geallsealbhóir a éascú. Bhainfeadh maoirseoirí tairbhe as mol nochta láraithe mar d’éascódh sé a ról maidir le cáilíocht fhaisnéis Cholún III a áirithiú. Tugann BCE dá aire, áfach, go bhfuil cineálacha éagsúla cur chuige i bhfeidhm maidir le nochtadh cainníochtúil poiblí institiúidí beaga neamhchasta (small and non-complex institutions, “SNCIanna”) agus institiúidí níos mó. I gcás SNCIanna, úsáidfidh ÚBE tuairisciú maoirseachta chun an nochtadh cainníochtúil poiblí comhfhreagrach a thiomsú ar bhonn mapála réamhshainithe. I gcás institiúidí níos mó, bheadh gá le próiseas nua tuairiscithe maidir le nochtuithe a fhorbairt, rud a d’fhágfadh go ndéanfaí pointí sonraí a thuairisciú faoi dhó, mar go mbeadh forluí idir ceanglais sonraí Cholún III agus tuairisciú maoirseachta. Gheobhaidh ÚBE na teimpléid nua “i bhformáid leictreonach” ansin agus beidh air iad a fhoilsiú an lá céanna a gheobhaidh sé iad. Measann BCE go bhféadfaí cur chuige SNCIanna maidir le nochtadh cainníochtúil a chur i bhfeidhm maidir leis na hinstitiúidí uile, beag beann ar a mhéid agus ar chomh casta atá siad, d’fhonn ualach tuairiscithe na n-institiúidí uile a laghdú. Tugann BCE dá aire freisin nach féidir réiteach a dhéanamh idir an tuairisciú maoirseachta agus an fhaisnéis nochta faoi Cholún III mar gheall ar an amlíne chun go bhfoilseoidh ÚBE faisnéis faoi Cholún III ar an mol láraithe, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le hualach oibre breise do mhaoirseoirí agus le mearbhall d’infheisteoirí agus d’úsáideoirí eile faisnéise Cholún III. De réir na loighce céanna, chun comhsheasmhacht a áirithiú, níor cheart an beartas maidir le hath-thíolacadh chuig ÚBE dá bhforáiltear in Airteagal 434ú leasaithe a bheith teoranta do nochtadh poiblí ach ba cheart tuairisciú maoirseachta a chumhdach leis freisin. |
|
7.2 |
Ina theannta sin, ní féidir nochtuithe cáilíochtúla ná roinnt nochtuithe cainníochtúla (20) a bhaint as tuairisciú maoirseachta ar bhonn na mapála réamhshainithe. Baineann an tsaincheist seo le SNCIanna agus le hinstitiúidí eile araon. Dá bhrí sin, ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar an bpróiseas chun nochtuithe den sórt sin a chur faoi bhráid ÚBE. Chomh maith leis sin, measann BCE go bhféadfadh deacrachtaí a bheith ag ÚBE faisnéis cháilíochtúil a chomhiomlánú agus a chur i gcomparáid lena chéile, mar gheall ar a nádúr neamhstruchtúrtha. |
|
7.3 |
Tugann BCE dá aire go mbeartaítear leis na leasuithe atá beartaithe ar CRD leasú a dhéanamh ar Airteagal 106 de chun údaráis inniúla a chumhachtú chun ceangal a chur ar institiúidí nach SNCIanna iad an fhaisnéis nochta a chur faoi bhráid ÚBE lena foilsiú ar shuíomh gréasáin lárnaithe ÚBE. Bheadh an leasú seo ar CRD iomarcach dá leasófaí téacs CRR sa treo a mholtar i mír 7.1. |
8. Priacail chomhshaoil, shóisialta agus rialachais
|
8.1 |
Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar priacail chomhshaoil, shóisialta agus rialachais (“ESG”) a chomhtháthú níos fearr sa chreat stuamachta chun athléimneacht na hearnála baincéireachta a mhéadú. Cuirfear barúlacha cuimsitheacha BCE ar na tograí maidir le priacail ESG ar fáil ina thuairim maidir leis na leasuithe atá beartaithe ar CRD (21). Go sonrach, maidir leis na leasuithe atá beartaithe ar CRR, is díol sásaimh do BCE an togra ón gCoimisiún chun sainmhínithe comhchuibhithe ar phriacail ESG a thabhairt isteach agus is mór aige an rún dearbhaithe na sainmhínithe a ailíniú leis na sainmhínithe a mhol ÚBE ina thuarascáil maidir le priacail ESG a bhainistiú agus a mhaoirsiú d’institiúidí creidmheasa agus do ghnólachtaí infheistíochta (22). Mar sin féin, feictear do BCE roinnt dibhéirseachtaí i bhfoclaíocht na sainmhínithe atá beartaithe vis-à-vis an fhoclaíocht atá in úsáid ag ÚBE. Tá sainmhínithe ÚBE níos leithne, lena gcumhdaítear aon tionchar diúltach agus ní caillteanais amháin. Dá bhrí sin, léiríonn siad níos dílse nádúr na bpriacal ESG, a thagann chun cinn, i measc nithe eile, trí phriacal straitéiseach agus clú. Is féidir leis na priacail sin, mar shampla, méideanna gnó níos ísle a spreagadh agus tionchar a imirt ar inbhuanaitheacht agus ar inmharthanacht na hinstitiúide. Dá bhrí sin, molann BCE mionchoigeartuithe a dhéanamh ar fhoclaíocht na sainmhínithe d’fhonn ailíniú níos dlúithe leis na sainmhínithe atá molta ag ÚBE a áirithiú. |
|
8.2 |
Fáiltíonn BCE roimh an togra chun Airteagal 430 a leasú lena gceanglaítear ar institiúidí a risíocht ar phriacail ESG a thuairisciú dá n-údaráis inniúla. Ós rud é go n-éascaíonn tuairisciú ar fhaisnéis ábhartha cháilíochtúil agus chainníochtúil maidir le priacail ESG maoirseacht ar na priacail sin, iarrann BCE ar chomhlachtaí reachtacha an Aontais agus ar ÚBE a áirithiú go gcuirfear an ceanglas tuairiscithe atá beartaithe chun feidhme a luaithe is féidir. Tugann BCE dá aire go mbeidh an tuairisciú sin faoi réir phrionsabal na comhréireachta mar a shonraítear in aithris 40 de na leasuithe atá beartaithe ar CRR. |
|
8.3 |
Aontaíonn BCE le haithris 40 de na leasuithe atá beartaithe ar CRR ina luaitear nach gá go bhfuil an risíocht ar phriacail ESG comhréireach le méid agus castacht institiúide. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go bhfaigheadh margaí agus maoirseoirí sonraí leordhóthanacha ó gach eintiteas atá neamhchosanta ar na priacail sin, beag beann ar a méid. Dá bhrí sin, tacaíonn BCE go láidir leis an moladh na ceanglais maidir le nochtadh i ndáil le priacail ESG faoi Airteagal 449a a chur i bhfeidhm ar gach institiúid. Tacaíonn BCE leis an togra ón gCoimisiún minicíocht agus mionsonraí na gceanglas maidir le nochtadh a chur in oiriúint do mhéid agus do chastacht na n-institiúidí chun aird chuí a thabhairt ar phrionsabal na comhréireachta. Tugann BCE dá aire go bhfuil sé tábhachtach comhsheasmhacht leordhóthanach a áirithiú idir na ceanglais maidir le nochtadh i ndáil le priacail ESG d’institiúidí agus do thionscnaimh eile i réimse na nochtuithe (e.g. an Treoir maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach a Thuairisciú), sa mhéid is gur cheart do thionscnaimh den sórt sin deis níos fearr a thabhairt d’institiúidí measúnú leordhóthanach a dhéanamh ar a bpriacail agus a n-oibleagáidí maidir le nochtadh féin a chomhlíonadh. |
|
8.4 |
Tacaíonn BCE go láidir freisin leis an moladh an spriocdháta a thabhairt chun cinn faoina gcaithfidh ÚBE a thuarascáil maidir le láimhseáil stuamachta risíochtaí atá faoi réir tionchar ó fhachtóirí comhshaoil agus/nó sóisialta faoi Airteagal 501c a chur isteach. Tacaíonn BCE go láidir leis an obair sin agus measann sé go dtacófaí tuilleadh leis an méid a chuireann an AE leis an díospóireacht beartais idirnáisiúnta maidir leis na hábhair sin tríd an tuarascáil seo a thabhairt ar aghaidh.
I gcás ina molann BCE na leasuithe atá beartaithe ar CRR a leasú, leagtar amach togra sonrach maidir le dréachtú i ndoiciméad oibre teicniúil ar leith a mbeidh téacs míniúcháin chun na críche sin ag gabháil leis. Tá an doiciméad oibre teicniúil ar fáil i mBéarla ar EUR-Lex. |
Arna dhéanamh ag Frankfurt am Main, 24 Márta 2022.
Uachtarán an BCE
Christine LAGARDE
(1) COM(2021) 664 final.
(2) COM(2021) 663 final.
(3) Na hathchóirithe Basel III ar a dtugtar caighdeáin Basel III freisin, is caighdeáin iad a ghlac Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB). Tá na caighdeáin chomhdhlúite ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta ag www.bis.org
(4) Féach Tuairim CON/2020/16 ón mBanc Ceannais Eorpach an 20 Bealtaine 2020 maidir le leasuithe ar chreat stuamachta an Aontais mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 (IO C 180, 29.5.2020, lch. 4). Foilsítear tuairimí uile BCE ar EUR-Lex.
(5) Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcur chuige “aonchruachta” maidir le ceanglais chaipitil priacal-bhunaithe, féach Ceisteanna agus Freagraían Choimisiúin.
(6) An Bord Eorpach um Riosca Sistéamach, Leochaileachtaí in earnálacha eastáit réadaigh chónaithe thíortha LEE, Feabhra 2022.
(7) An Banc Ceannais Eorpach, Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais, Samhain 2021.
(8) Féach meabhrán míniúcháinan Choimisiúin.
(9) I gcomhréir le SCO 10 de phrionsabail Basel.
(10) Féach an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le cumhachtaí maoirseachta, smachtbhannaí, brainsí tríú tír, priacal comhshaoil, sóisialta agus rialachais, agus lena leasaítear Treoir 2014/59/AE.
(11) Féach CRE 20.59 de phrionsabail Basel.
(12) Bíonn tionchar freisin ag na forálacha faoi phointe (iii) agus faoi phointe (v) ar cheanglais chaipitil ilchuideachtaí airgeadais faoi stiúir na mbanc mar gheall ar chomhréiteach na Danmhairge, mar a thugtar air, ar dá réir a fhéadfar sealúchais na mbanc d’ionstraimí caipitil arna n-eisiúint ag gnóthais árachais atá san ilchuideachta airgeadais chéanna a ualú ó thaobh priacal seachas a asbhaint.
(13) Féach fonóta 1 in SCO30.5.
(14) Tuairim CON/2017/46 ón mBanc Ceannais Eorpach an 8 Samhain 2017 maidir le leasuithe ar chreat an Aontais i ndáil le ceanglais chaipitil institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (IO C 34, 31.1.2018, lch. 5).
(15) Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (2014) An Clár um Measúnú Comhsheasmhachta Rialála – Measúnú ar Rialacháin Basel III – An tAontas Eorpach, ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta ag www.bis.org
(16) Leagadh béim ar sin freisin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (2019) Comhairle beartais maidir le hathchóirithe Basel III i ndáil le coigeartú luachála creidmheasa (CVA) agus priacal margaidh, Moladh CVA2: Díolúintí CVA, lch. 9, ar fáil ar shuíomh gréasáin ÚBE ag www.eba.europa.eu
(17) Féach meabhrán míniúcháinan Choimisiúin.
(18) Féach go háirithe Basel III:Bailchríoch a chur ar athchóirithe iar-ghéarchéime (bis.org).
(19) Mar shampla, i bpointe (5a) d’Airteagal 142(1), sainmhínítear “mórchorparáideach” trí thagairt a dhéanamh do na “díolacháin” mhéadracha, agus san Airteagal 5(8) nua sainmhínítear “fiontar beag agus meánmhéide” trí thagairt a dhéanamh don “láimhdeachas” méadrach.
(20) Mar shampla, maidir le nochtuithe ESG agus IRRBB.
(21) Féach nóta 10 thuas.
(22) An tÚdarás Baincéireachta Eorpach (2021) Tuarascáil ÚBE ar bhainistiú agus ar mhaoirseacht priacal ESG d’institiúidí creidmheasa agus do ghnólachtaí infheistíochta (ÚBE/REP/2021/18) ar fáil ar shuíomh gréasáin ÚBE ag www.eba.europa.eu
|
16.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 233/22 |
TUAIRIM ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH
an 11 Aibreán 2022
maidir le togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148
(CON/2022/14)
(2022/C 233/03)
Réamhrá agus bunús dlí
An 16 Nollaig 2020 ghlac an Coimisiún Eorpach togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (1) (dá ngairtear an “treoir atá beartaithe” anseo feasta). An 3 Nollaig 2021, tháinig Comhairle an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú maidir lena cur chuige ginearálta i ndáil leis an treoir atá beartaithe (2). Tá inniúlacht an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) tuairim a thabhairt bunaithe ar an dara fomhír d’Airteagal 127(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ós rud é go bhfuil sa treoir atá beartaithe forálacha a thagann faoi réimsí inniúlachta BCE, go háirithe maidir le hoibriú rianúil na gcóras íocaíochta a chur chun cinn, maidir le rannchuidiú le seoladh rianúil beartas arna saothrú ag údaráis inniúla a bhaineann le cobhsaíocht chóras an mhargaidh airgeadais, agus maidir le cúraimí BCE i dtaobh maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa de bhun an cheathrú fleasc d’Airteagal 127(2), agus de bhun Airteagail 127(6) agus 127(5) den Chonradh. I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 17.5 de Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh, tá an Chomhairle Rialaithe tar éis an tuairim seo a ghlacadh.
Barúlacha ginearálta
Tacaíonn BCE go láidir le cuspóirí na treorach atá beartaithe chun leibhéal na cibear-athléimneachta a mhéadú i ngach earnáil ábhartha, neamhréireachtaí a laghdú ar fud an mhargaidh inmheánaigh agus feabhas a chur ar leibhéal na feasachta ar dhálaí agus feabhas a chur ar an gcumas comhchoiteann ullmhú agus freagairt a dhéanamh trí chomhar éifeachtúil a áirithiú san Aontas.
Admhaíonn BCE a thábhachtaí atá sé naisc láidre a choimeád idir an treoir atá beartaithe agus an earnáil airgeadais, ar cheart dóibh a bheith ina gcuid d’éiceachóras na gcóras líonraí agus faisnéise (NIS) go fóill chun measúnú comhsheasmhach ar na rioscaí a bhaineann leis an teicneolaíocht faisnéise agus chumarsáide (TFC) a chur chun cinn ar fud an Aontais agus malartú agus comhoibriú éifeachtach trasearnálach faisnéise a chothú nuair a bhítear ag déileáil le cibearbhagairtí. Chuige sin, ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla in ann, faoin rialachán atá beartaithe ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathléimneacht oibríochtúil dhigiteach don earnáil airgeadais (3) (dá ngairtear “DORA” anseo feasta), páirt a ghlacadh i bpléití ar bheartas straitéiseach agus in obair theicniúil Ghrúpa Comhair NIS, chomh maith le faisnéis a mhalartú agus tuilleadh comhair a dhéanamh leis na pointí teagmhála aonair agus leis na Foirne náisiúnta Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí dá dtagraítear sa treoir atá beartaithe (4).
1. Raon feidhme na treorach atá beartaithe
|
1.1 |
Tuigtear do BCE, i ndáil le heintitis san earnáil airgeadais, go bhféachfar ar DORA mar reachtaíocht earnáilsonrach lena dtabharfar isteach ceanglais maidir le bainistiú riosca cibearshlándála agus maidir le fógra a thabhairt faoi theagmhais atá coibhéiseach, ar a laghad, ó thaobh a n-éifeachta de leis na ceanglais a leagtar síos sa treoir atá beartaithe (5). Dá bhrí sin, i dtaca le forálacha na treorach atá beartaithe a bhaineann le bainistiú riosca cibearshlándála, le hoibleagáidí tuairiscithe, le comhroinnt faisnéise, agus le maoirseacht agus forfheidhmiú, ní bheidh feidhm acu maidir le haon eintiteas airgeadais a chumhdaítear le DORA (6). Mar a soiléiríodh in aithrisí na treorach atá beartaithe, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha DORA a bhaineann le bearta bainistithe riosca TFC, le bainistiú teagmhas agus le tuairisciú teagmhas a bhaineann le TFC, le tástáil ar an athléimneacht oibríochtúil dhigiteach, le socruithe comhroinnte faisnéise agus le riosca tríú páirtí TFC seachas feidhm a bheith ag na forálacha sin atá sa treoir atá beartaithe (7). |
|
1.2 |
Tugann BCE dá aire freisin go gcuireann an Chomhairle, ina cur chuige ginearálta maidir leis an treoir atá beartaithe, leasú ar aghaidh chun “eintitis a dhéanann gníomhaíochtaí i réimsí na mbreithiúna, na bparlaimintí nó na mbanc ceannais” (8) a eisiamh ó chur i bhfeidhm na treorach atá beartaithe. Tuigtear do BCE go gcuimseofaí leis an leasú atá beartaithe cúraimí agus inniúlachtaí bunúsacha uile an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC), mar atá leagtha amach in Airteagal 127(2) den Chonradh agus in Airteagal 3.1 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (dá ngairtear “Reacht CEBC” anseo feasta), amhail cur chun cinn oibriú rianúil na gcóras íocaíochta. I ndáil leis an méid sin, meastar go dtagann bonneagair margaidh airgeadais, amhail TARGET2 agus TARGET2-Securities, atá faoi úinéireacht an Eurochórais agus á n-oibriú ag an Eurochóras, faoi chuimsiú eisiamh na mbanc ceannais ó chur i bhfeidhm na treorach atá beartaithe faoi mar atá á bheartú ag an gComhairle. |
2. Inniúlachtaí formhaoirseachta CEBC agus an Eurochórais
|
2.1 |
I dteannta phríomhchuspóir CEBC, eadhon, cobhsaíocht praghsanna a choimeád, agus i gcomhréir le hAirteagal 127(2) den Chonradh, ceann de na bunchúraimí atá le cur i gcrích trí CEBC is ea oibriú rianúil na gcóras íocaíochta a chur chun cinn (9). I gcomhlíonadh an bhunchúraim sin, féadfaidh BCE agus na bainc cheannais náisiúnta saoráidí a chur ar fáil, agus féadfaidh BCE rialacháin a dhéanamh, chun córais éifeachtúla fhónta imréitigh agus íocaíochtaí laistigh den Aontas agus le tíortha eile a áirithiú (10). I bhfeidhmiú a róil maoirseachta, ghlac BCE Rialachán (AE) Uimh. 795/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2014/28) (11) (dá ngairtear “Rialachán SIPS” anseo feasta), lena n-aistrítear Prionsabail CPSS-IOSCO maidir le Bonneagair Margaidh Airgeadais (12) isteach sa dlí is infheidhme go díreach. Leagtar amach i Rialachán SIPS ceanglais i ndáil le córais íocaíochta mórluacha agus miondíola araon a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo, bídís faoi úinéireacht phoiblí nó faoi úinéireacht phríobháideach. Áirítear cheana, i measc nithe eile, sna ceanglais faoi Rialachán SIPS, bainistiú riosca oibríochtúil agus bunú creata cibear-athléimneachta (13). |
|
2.2 |
Chomh maith le córais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo, cumhdaítear le formhaoirseacht an Eurochórais córais íocaíochta nach bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo, ionstraimí, scéimeanna agus socruithe íocaíochta leictreonaí nach bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo, agus bonneagair eile agus soláthraithe seirbhísí criticiúla nach bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo, mar atá leagtha amach i gcreat beartais formhaoirseachta an Eurochórais (14). Níl córais íocaíochta ná socruithe eile atá faoi réir fhormhaoirseacht an Eurochórais san áireamh go sainráite i raon feidhme na treorach atá beartaithe (15). Mar sin féin, ós rud é gur ionstraim comhchuibhithe íosta í an treoir atá beartaithe (16), d’fhéadfadh reachtaíocht cur chun feidhme arna glacadh ag na Ballstáit a bheith ag forluí ar inniúlacht formhaoirseachta an Eurochórais i bhfad na haimsire. Chun é sin a sheachaint, ba cheart inniúlachtaí CEBC faoin gConradh agus faoi Reacht CEBC, agus inniúlachtaí an Eurochórais faoi Rialachán SIPS agus go ginearálta faoi chreat beartais formhaoirseachta an Eurochórais, a admháil go sainráite in aithrisí na treorach atá beartaithe. |
3. Riosca tríú páirtí TFC, teagmhais agus géarchéimeanna mórscála a bhainistiú, faisnéis a chomhroinnt agus straitéis náisiúnta chibearshlándála
3.1 Bainistiú riosca tríú páirtí TFC
|
3.1.1 |
Leis an treoir atá beartaithe, tugtar de chumhacht do na húdaráis inniúla, agus a gcumhachtaí forfheidhmiúcháin á bhfeidhmiú acu i ndáil le heintitis bhunriachtanacha, treoracha ceangailteacha nó ordú a eisiúint lena gceanglaítear ar na heintitis sin na heasnaimh a sainaithníodh nó na sáruithe ar oibleagáidí na treorach atá beartaithe a leigheas (17). Ag an am céanna, féadfaidh an “Príomh-fhormhaoirseoir” arna ainmniú faoi DORA moltaí a chur faoi bhráid soláthraithe seirbhíse tríú páirtí TFC criticiúil chun bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí sistéamacha féideartha a bhaineann le cleachtais seachfhoinsithe agus le comhchruinniú tríú páirtí TFC (18). |
|
3.1.2 |
Ós rud é go bhféadfar eintiteas bunriachtanach faoin treoir atá beartaithe a ainmniú freisin mar sholáthraí seirbhíse tríú páirtí TFC criticiúil de bhun DORA, athdhearbhaíonn (19) BCE gur cheart eisiúint moltaí agus treoracha ceangailteacha atá ar neamhréir lena chéile a sheachaint. I ndáil leis an méid sin, is geal le BCE cur chuige ginearálta na Comhairle maidir leis an treoir atá beartaithe. De réir an chur chuige sin, ní mór do na húdaráis inniúla an “Fóram Formhaoirseachta”, arna bhunú faoi DORA, a chur ar an eolas le linn dóibh a gcumhachtaí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a fheidhmiú i ndáil le heintiteas bunriachtanach arna ainmniú mar sholáthraí seirbhíse tríú páirtí TFC criticiúil faoi DORA (20). |
3.2 Teagmhais agus géarchéimeanna mórscála a bhainistiú
|
3.2.1 |
I gcomhréir leis an treoir atá beartaithe (21), ní mór do na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó a ainmniú a bheidh freagrach as teagmhais agus géarchéimeanna mórscála a bhainistiú. Mar a shoiléirítear in aithrisí na treorach atá beartaithe, ba cheart go gciallódh teagmhas mórscála teagmhas a mbeadh tionchar suntasach aige ar dhá Bhallstát ar a laghad nó ar mó an suaitheadh a bhíonn ann dá bharr ná acmhainneacht an Bhallstáit freagairt dó. D’fhéadfadh géarchéimeanna cuimsitheacha teacht as teagmhais mhórscála, agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh á chur as a riocht dá gcionn (22). |
|
3.2.2 |
Cé go bhfuil na húdaráis inniúla arna n-ainmniú faoi DORA freagrach go fóill as bainistiú a dhéanamh ar theagmhais chibearshlándála a bhaineann le heintitis airgeadais, beidh an comhar leis na struchtúir agus na húdaráis arna mbunú de bhun na treorach atá beartaithe ríthábhachtach chun freagairt chomhordaithe a áirithiú ar fud an Aontais. Chun na críche sin, d’fháilteodh BCE roimh rannpháirtíocht na n-údarás inniúil arna n-ainmniú faoi DORA, lena n-áirítear BCE, sa Líonra Eorpach um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibearghéarchéimeanna (EU-CyCLONe) (23), nuair a bhíonn teagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála ag cur isteach ar an earnáil airgeadais. |
3.3 Comhroinnt faisnéise
|
3.3.1 |
Mar a léirítear thuas, tacaíonn BCE go láidir leis an gcomhar idir na húdaráis inniúla arna n-ainmniú faoi DORA leis na struchtúir agus na húdaráis arna mbunú de bhun na treorach atá beartaithe. Thar aon ní eile, le comhroinnt faisnéise i measc na n-údarás b’fhéidir go mbeifí in ann an fhoghlaim trasearnála a chumasú, rannchuidiú le cosc agus bainistiú éifeachtach cibirionsaithe, agus measúnú comhsheasmhach ar rioscaí a bhaineann le TFC a chur chun cinn ar fud an Aontais. Mar sin féin, cuireann BCE i dtreis gur cheart malartú faisnéise a dhéanamh i gcás ina mbíonn sásraí aicmithe agus sásraí comhroinnte faisnéise atá bunaithe go soiléir ann, mar aon le coimircí leordhóthanacha chun an rúndacht a áirithiú (24). Is geal le BCE cur chuige ginearálta na Comhairle maidir leis an treoir atá beartaithe, ina moltar faisnéis ábhartha a mhalartú go tráthrialta idir na húdaráis (25), socruithe comhair a bhunú lena sonrófar sásra chun faisnéis a mhalartú (26), agus cur ar aghaidh uathoibríoch díreach na bhfógraí faoi theagmhais (27). I ndáil leis sin, ba cheart a áirithiú nach bhféadfar faisnéis atá faoi rún de bhun na bhforálacha maidir le rúndacht ghairmiúil faoi DORA (28) ná an reachtaíocht earnáilsonrach ábhartha (29) a mhalartú leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa treoir atá beartaithe ach amháin i gcás inar gá an malartú sin chun go gcuirfidh na húdaráis inniúla forálacha na treorach atá beartaithe i bhfeidhm (30). |
3.4 Straitéis náisiúnta chibearshlándála
|
3.4.1 |
Faoin treoir atá beartaithe, ceanglaítear ar na Ballstáit straitéisí náisiúnta cibearshlándála a ghlacadh chun na cuspóirí straitéiseacha agus na bearta iomchuí beartais agus rialála a shainiú d’fhonn ardleibhéal cibearshlándála a bhaint amach agus a choimeád (31). Mar a shoiléirítear in aithrisí na treorach atá beartaithe, ba cheart do na Ballstáit leanúint den earnáil airgeadais a áireamh ina straitéisí cibearshlándála faoi seach (32). Go táscach, mar chuid dá straitéisí náisiúnta cibearshlándála, ba cheart do na Ballstáit beartais a ghlacadh lena dtugtar aghaidh ar an gcibearshlándáil sa slabhra soláthair le haghaidh táirgí agus seirbhísí TFC arna n-úsáid ag eintitis chun a seirbhísí a sholáthar. A mhéid a bhaineann leis an earnáil airgeadais, ba cheart do na straitéisí náisiúnta cibearshlándála a bheith comhsheasmhach leis an gcreat rialála a eascraíonn as DORA. I ndáil leis sin, measann BCE go bhfuil gá le soiléirithe breise chun a áirithiú go mbeidh na straitéisí náisiúnta cibearshlándála comhsheasmhach leis an reachtaíocht earnáilsonrach.
I gcás ina molann BCE go ndéanfaí an treoir atá beartaithe a leasú, leagtar amach togra sonrach maidir le dréachtú i ndoiciméad oibre teicniúil ar leithligh a bhfuil téacs míniúcháin chun na críche sin ag gabháil leis. Tá an doiciméad oibre teicniúil le fáil i mBéarla ar EUR-Lex. |
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 11 Aibreán 2022.
Uachtarán an BCE
Christine LAGARDE
(1) COM(2020) 823 final.
(2) Le fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle ag www.consilium.europa.eu.
(3) COM(2020) 595 final.
(4) Féach mír 1.5 de Thuairim CON/2021/20 ón mBanc Ceannais Eorpach an 4 Meitheamh 2021 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathléimneacht oibríochtúil dhigiteach don earnáil airgeadais (IO C 343, 26.08.2021, lch. 1). Foilsítear tuairimí uile BCE ar EUR-Lex. Airteagail 17(5) agus 42 de DORA; Airteagal 11 den treoir atá beartaithe.
(5) Airteagal 2(6) den treoir atá beartaithe.
(6) Aithris 13 agus Airteagal 2(6) den treoir atá beartaithe.
(7) Aithris 13 den treoir atá beartaithe.
(8) Airteagal 2(3a), an chéad fhomhír, pointe (b) de chur chuige ginearálta na Comhairle maidir leis an treoir atá beartaithe.
(9) Airteagal 127(2) CFAE, mar a léirítear in Airteagal 3.1 de Reacht CEBC.
(10) Airteagal 22 de Reacht CEBC.
(11) Rialachán ón mBanc Ceannais Eorpach (AE) Uimh. 795/2014 an 3 Iúil 2014 maidir le ceanglais um maoirseacht do chórais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo (ECB/2014/28) (IO L 217, 23.7.2014, lch. 16).
(12) Féach an Coiste ar Chórais Íocaíochta agus Socraíochta (CPSS) agus Coiste Teicniúil na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (IOSCO), Principles for Financial Market Infrastructures, April 2012, atá le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta ag www.bis.org. Luaitear i bhfreagracht D de go meastar go gcuirfidh gach comhalta de CPSS agus de IOSCO na prionsabail i bhfeidhm maidir leis na bonneagair margaidh airgeadais ábhartha ina ndlínsí go feadh an mhéid is mó a cheadaítear leis an gcreat dlíthiúil ina ndlínse.
(13) Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 795/2014 (BCE/2014/28).
(14) Creat beartais formhaoirseachta an Eurochórais, leagan athbhreithnithe (Iúil 2016), atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE ag www.ecb.europa.eu.
(15) Airteagal 2 den treoir atá beartaithe agus Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an treoir atá beartaithe.
(16) Airteagal 3 den treoir atá beartaithe.
(17) Airteagal 29(4), pointe (b) den treoir atá beartaithe.
(18) Airteagal 31 de DORA.
(19) Féach mír 1.2 de Thuairim CON/2021/20.
(20) Airteagal 29(10) de chur chuige ginearálta na Comhairle maidir leis an treoir atá beartaithe.
(21) Airteagal 7(1) den treoir atá beartaithe.
(22) Aithris 27 den treoir atá beartaithe.
(23) Airteagal 14 den treoir atá beartaithe.
(24) Féach mír 1.5 de Thuairim CON/2021/20.
(25) Airteagal 11(5) de chur chuige ginearálta na Comhairle maidir leis an treoir atá beartaithe.
(26) Aithris 23a de chur chuige ginearálta na Comhairle maidir leis an treoir atá beartaithe.
(27) Aithris 13 de chur chuige ginearálta na Comhairle maidir leis an treoir atá beartaithe.
(28) Airteagal 49 de DORA.
(29) Airteagail 53 go 62 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(30) Airteagail 2(5) agus 11(4) den treoir atá beartaithe.
(31) Airteagal 5 den treoir atá beartaithe.
(32) Aithris 13 den treoir atá beartaithe.
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Chomhairle
|
16.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 233/26 |
CINNEADHÓN gCOMHAIRLE
an 13 Meitheamh 2022
lena gceaptar ceathrar comhaltaí de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí
(2022/C 233/04)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 ina leagtar síos nósanna imeachta Aontais maidir le húdarú agus maoirseacht ar tháirgí míochaine lena n-úsáid ag an duine agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (1), agus go háirithe Airteagal 65(1) de,
Ag féachaint do liosta na n-iarrthóirí a chuir an Coimisiún Eorpach faoi bhráid na Comhairle an 27 Eanáir 2022,
Ag féachaint do na tuairimí a léirigh Parlaimint na hEorpa i litir dar dáta an 24 Bealtaine 2022,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 65(4) de Rialachán (CE) 726/2004, rachaidh téarma oifige chomhaltaí Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (“an Bord Bainistíochta”) atá i seilbh oifige faoi láthair in éag an 14 Meitheamh 2022. Na comhaltaí den Bhord Bainistíochta a bhfuil a dtéarma oifige le tosú an 15 Meitheamh 2022, tá siad le ceapadh i gcomhréir leis an nós imeachta chun comhaltaí a ainmniú agus a cheapadh a leagadh síos i Rialachán (CE) 726/2004. |
|
(2) |
Ceanglaítear le hAirteagal 65(1) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 go n-áireofar ar an mBord Bainistíochta beirt ionadaithe ó eagraíochtaí othar, ionadaí amháin ó eagraíochtaí dochtúirí agus ionadaí amháin ó eagraíochtaí tréidlianna. |
|
(3) |
Is í an Chomhairle atá leis na comhaltaí sin a cheapadh i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa ar bhonn liosta arna tharraingt suas ag an Coimisiún agus tá i bhfad níos mó ainmneacha le bheith ar an liosta ná mar atá poist le líonadh. Téarma oifige trí bliana a bheidh acu agus is féidir é a athnuachan. |
|
(4) |
Dhréachtaigh an Coimisiún liosta iarrthóirí agus thíolaic sé an liosta sin chuig an gComhairle an 27 Eanáir 2022. Roghnaíodh na hiarrthóirí atá ar an liosta a thíolaic an Coimisiún tar éis glao ar léiriú spéise agus ar bhonn a saincháilíochtaí, an réimse leathan saineolais ábhartha atá acu chomh maith leis an saineolas ábhartha atá acu ar bhainistíocht agus an taithí atá acu i réimse na dtáirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine nó le haghaidh úsáid tréidliachta. |
|
(5) |
Scrúdaíodh an liosta a thíolaic an Coimisiún d’fhonn ceathrar comhaltaí den Bhord Bainistíochta a dhéanann ionadaíocht do leasanna na sochaí sibhialta a cheapadh, ar bhonn na doiciméadachta a sholáthair an Coimisiún agus i bhfianaise na dtuairimí a chuir Parlaimint na hEorpa in iúl. Trí na comhaltaí sin a cheapadh, trí bhíthin an Chinnidh seo, daingnítear a thuilleadh go mbeidh na leibhéil is airde saincháilíochtaí, réimse leathan saineolais ábhartha agus an raon geografach is leithne is féidir laistigh den Aontas, chomh maith le saineolas ábhartha ar bhainistíocht agus taithí i réimse na dtáirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine nó le haghaidh úsáid tréidliachta, ar fáil sa Bhord , |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceaptar, leis seo, na daoine seo a leanas ina gcomhaltaí ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí go ceann tréimhse trí bliana ón 15 Meitheamh 2022:
|
EAGRAÍOCHTAÍ OTHAR |
EAGRAÍOCHTAÍ DOCHTÚIRÍ |
EAGRAÍOCHTAÍ TRÉIDLIANNA |
|
Marco GRECO Virginie HIVERT |
Denis LACOMBE |
Despoina IATRIDOU |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh in Lucsamburg, 13 Meitheamh 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. FESNEAU
An Coimisiún Eorpach
|
16.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 233/28 |
Rátaí malairte an euro (1)
15 Meitheamh 2022
(2022/C 233/05)
1 euro =
|
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
|
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,0431 |
|
JPY |
yen na Seapáine |
140,49 |
|
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4392 |
|
GBP |
punt steirling |
0,86328 |
|
SEK |
krona na Sualainne |
10,6278 |
|
CHF |
franc na hEilvéise |
1,0435 |
|
ISK |
króna na hÍoslainne |
137,50 |
|
NOK |
krone na hIorua |
10,3868 |
|
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
|
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
24,703 |
|
HUF |
forint na hUngáire |
397,96 |
|
PLN |
zloty na Polainne |
4,6690 |
|
RON |
leu na Rómáine |
4,9427 |
|
TRY |
lira na Tuirce |
18,0465 |
|
AUD |
dollar na hAstráile |
1,5051 |
|
CAD |
dollar Cheanada |
1,3498 |
|
HKD |
dollar Hong Cong |
8,1883 |
|
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,6706 |
|
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4519 |
|
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 346,86 |
|
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
16,7111 |
|
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
7,0013 |
|
HRK |
kuna na Cróite |
7,5245 |
|
IDR |
rupiah na hIndinéise |
15 361,97 |
|
MYR |
ringgit na Malaeisia |
4,6037 |
|
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
55,627 |
|
RUB |
rúbal na Rúise |
|
|
THB |
baht na Téalainne |
36,529 |
|
BRL |
real na Brasaíle |
5,3164 |
|
MXN |
peso Mheicsiceo |
21,4763 |
|
INR |
rúipí na hIndia |
81,5142 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
|
16.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 233/29 |
Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid
(Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1))
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 233/06)
Cinneadh lena ndeonaítear údarú
|
Tagairt an chinnidh (2) |
Dáta an Chinnidh |
Ainm na substainte |
Sealbhóir an údaraithe |
Uimhir an údaraithe |
Úsáid údaraithe |
Dáta éaga na tréimhse athbhreithnithe |
Na cúiseanna atá leis an gcinneadh |
|
C(2022) 3678 |
9 Meitheamh 2022 |
Trí-ocsaíd chróimiam Uimh. CE 215-607-8, Uimh. CAS 1333-82-0 Déchrómáit sóidiam Uimh. CE 234-190-3, Uimh. CAS 7789-12-0, 10588-01-9 |
Tata Steel IJmuiden B.V., Wenckebachstraat 1, 1951 JZ Velsen-Noord, An Ísiltír |
REACH/22/24/0 |
Úsáid trí-ocsaíde cróimiam le haghaidh éighníomhú stánphláta leictrealaíoch (ETP) |
31 Nollaig 2027 |
I gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is mó na sochair shocheacnamaíocha ná an riosca do shláinte an duine de bharr úsáid na substainte agus níl aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach ann atá oiriúnach. |
|
REACH/22/24/1 |
Úsáid déchrómáite sóidiam le haghaidh éighníomhú stánphláta leictrealaíoch (ETP) |
(1) IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.
(2) Tá an cinneadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag: Authorisation (europa.eu).
|
16.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 233/30 |
Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid
(Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1))
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 233/07)
Cinneadh lena ndeonaítear údarú
|
Tagairt an chinnidh (2) |
Dáta an Chinnidh |
Ainm na substainte |
Sealbhóir an údaraithe |
Uimhir an údaraithe |
Úsáid údaraithe |
Dáta éaga na tréimhse athbhreithnithe |
Na cúiseanna atá leis an gcinneadh |
|
C(2022) 3685 |
9 Meitheamh 2022 |
Trí-ocsaíd chróimiam Uimh. CE 215-607-8, Uimh. CAS 1333-82-0 |
Safran Aircraft Engines, 2, boulevard du Général-Martial-Valin, 75724 Paris Cedex 15, An Fhrainc |
REACH/22/25/0 |
Úsáid thionsclaíoch meascáin bunaithe ar thrí-ocsaíd chróimiam chun cóireáil dromchla a dhéanamh ar pháirteanna spártha leagáide d’innill aerárthaigh mhíleata, lena n-áirítear páirteanna ríthábhachtacha sábháilteachta a gcuireann a gcliseadh an aeracmhainneacht i mbaol |
31 Nollaig 2029 |
I gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is mó na sochair shocheacnamaíocha ná an riosca do shláinte an duine de bharr úsáid na substainte agus níl aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach ann atá oiriúnach. |
(1) IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.
(2) Tá an cinneadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag: Authorisation (europa.eu).
|
16.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 233/31 |
Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh
(2022/C 233/08)
De bhun Airteagal 9(1), pointe (a), de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (1), leasaítear leis seo na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh (2) mar a leanas:
Ar leathanach 405, cuirtear isteach an nóta míniúcháin seo a leanas:
“9405 31 00
agus Téada soilse den chineál a úsáidtear ar chrainn Nollag
9405 39 00
Cumhdaítear leis na fo-cheannteidil seo téada soilse/slabhraí solais de chineál a úsáidtear le haghaidh crainn Nollag.
Saintréithe oibiachtúla na n-earraí seo, mar shampla fad an tslabhra, cineál na soilse, an fad idir na lampaí, foirm na ‘mbolgán solais’ (gnáthbholgáin nó bolgáin a bhfuil baint acu le séasúr na Nollag), láimhseáil éasca lena gcur ar an gcrann Nollag, léiríonn na saintréithe sin go bhfuil siad beartaithe lena n-úsáid go háirithe/go príomha chun crann Nollag a mhaisiú trí shoilsiú.
Maidir le ‘bolgáin solais’ a bhfuil baint acu leis an Nollaig, féadfaidh siad a bheith i bhfoirm calóg sneachta, réaltaí nó coinlín reo nó i bhfoirm íomhánna eile de shéasúr an gheimhridh; ní gá nasc atá bunaithe ar thraidisiúin sheanbhunaithe.
Samplaí de tháirgí atá le haicmiú faoi fho-cheannteidil 9405 31 00 agus 9405 39 00 mar ‘téada soilse de chineál a úsáidtear le haghaidh crainn Nollag’:
|
|
|
|
Eangach solais ina bhfuil cáblaí leictreacha glasa dorcha ina n-ionchorpraítear 160 mionlampa filiméadacha trédhearcadha (1,5 V/0,5 W), atá ceangailte le chéile chun eangach 320 × 150 cm a chruthú. Mar gheall ar mhéid na heangaí, is féidir é a chur go héasca thar crann Nollag. Le dath na gcáblaí agus na mogaill aonair 19 × 19 cm, lenar féidir an eangach a tharraingt isteach thar shoic sheachtracha na mbrainsí, cinntítear go bhfuil na sreanga agus na lampaí ceilte nuair a bhíonn na lampaí lasta, fad a bhíonn na soilse ag lonrú trí na mogaill, rud lena soláthraítear éifeacht aonfhoirmeach mhaisiúil. |
Slabhra solais atá 55 m ar fad agus atá comhdhéanta de chábla leictreach ina n-ionchorpraítear 240 mionlampa filiméadacha (2,5 V/0,25 W). Is é 21 cm an fad idir gach péire lampa. Déantar an slabhra solais lena úsáid faoin spéir agus faoi dhíon araon. |
Ní áirítear leis na fotheidil seo téada soilse nach bhfuil deartha lena n-úsáid go príomha le haghaidh crann Nollag agus atá beartaithe lena n-úsáid chun críocha maisithe éagsúla ar feadh na bliana, mar shampla, chun tithe, balcóiní, láithreacha cóisire bainise, gairdíní nó chun earraí níos lú a mhaisiú, amhail fleasc, pota bláthanna nó bord.
Chomh maith leis sin, téada soilse a bhfuil lampaí orthu atá deartha mar phuimpcíní nó croíthe, mar shampla, ní thagann siad faoin bhfo-cheannteideal seo toisc nach bhfuil aon bhaint ag na lampaí sin leis an Nollaig.
Samplaí de tháirgí atá le haicmiú faoi cheannteideal 9405 4x mar ‘Soilse leictreacha agus feistis soilsithe eile’:
|
|
|
|
Soilse cuirtíní LED atá i bhfoirm bláthfhleasca (arb ann dóibh ar fhaid éagsúla), atá déanta as dhá chábla leictreacha inslithe, agus a bhfuil snáitheanna d’fhaid éagsúla (30-70 cm ar fad) crochta léi ag eatraimh tuairim is 15 cm. Tá na snáitheanna feistithe le thart ar 200 foinse solais LED san iomlán. Cuirtear an bhláthfhleasc ar fáil agus cábla ceangail agus claochladán léi. |
Micrishlabhra solais LED, atá 240 cm ar fad san iomlán, agus atá comhdhéanta de shreang mhiotail agus 40 foinse solais a bhfuil spásáil 5 cm ann idir na foinsí solais, agus atá faoi chumhacht ceallra. |
|
|
|
Micrishlabhra solais LED, atá 860 cm ar fad san iomlán (ar cábla ceangail é 500 cm de), agus atá comhdhéanta de shreang mhiotail agus 360 foinse solais a bhfuil spásáil 1 cm ann idir na foinsí solais. Cuirtear an slabhra solais ar fáil agus claochladán leis.” |
(1) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
|
16.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 233/33 |
Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh
(2022/C 233/09)
De bhun Airteagal 9(1), pointe (a), de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (1), leasaítear leis seo na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh (2) mar a leanas:
Ar leathanach 394, cuirtear isteach an nóta míniúcháin seo a leanas:
|
“9113 |
Strapaí uaireadóra, bandaí uaireadóra agus bráisléid uaireadóra agus páirteanna díobh
Cumhdaítear leis an gceannteideal seo strapaí uaireadóra, bandaí uaireadóra agus bráisléid uaireadóra de gach cineál a úsáidtear chun uaireadóirí de gach cineál a cheangal den rosta (féach freisin Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe a ghabhann le ceannteideal 9113). Áirítear leis sin strapaí, bandaí agus bráisléid le haghaidh:
Is de réir a gcomhábhair a chinntear an t-aicmiú ar leibhéal na bhfo-cheannteideal. Maidir le strapaí, bandaí agus bráisléid ina bhfuil ábhair éagsúla, aicmítear iad de réir an chomhábhair lena dtugtar dóibh a saincháil de réir bhrí riail ghinearálta 3(b).” |
Ar leathanach 352, cuirtear isteach an nóta míniúcháin seo a leanas:
|
“8517 79 00 |
Eile
Ní chumhdaítear san fho-cheannteideal seo strapaí, bandaí ná bráisléid a chuirtear i láthair ar leithligh agus a úsáidtear chun ‘uaireadóirí cliste’ mar a thugtar orthu atá faoi cheannteideal 8517 a cheangal den rosta (ceannteideal 9113). Fiú más bandaí, strapaí nó bráisléid iad a bhfuil cuibheoirí speisialta nó feistí ceangail dílseánaigh feistithe orthu lena gceangal de ghléas sonrach ar a dtugtar ‘uaireadóir cliste’, agus de sin amháin, is faoi cheannteideal 9113, fós, a aicmítear na bandaí, na strapaí agus na bráisléid sin.’ Féach an nóta míniúcháin a ghabhann le ceannteideal 9113.” |
(1) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT
|
16.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 233/34 |
Fógra de bhun Airteagal 13 de Threoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hatheagrú agus foirceannadh institiúidí creidmheasa a bhaineann le leachtú agus foirceannadh Sberbank Europe AG (Institiúid creidmheasa Ostarach atá faoi leachtú) ina dhiaidh sin
(2022/C 233/10)
CUIREADH CHUN ÉILEAMH A THAISCEADH. TABHAIR AIRD AR NA TEORAINNEACHA AMA
Ag cruinniú ginearálta an 21 Aibreán 2022, glacadh cinneadh de bhun Roinn 203(1)(2) den Dlí Feidearálach maidir le cuideachtaí poiblí faoi theorainn scaireanna (Aktiengesetz — AktG) Sberbank Europe AG a leachtú (seoladh cláraithe oifige agus gnó: Schwarzenbergplatz 3, 1010 Vín; Uimhir iontrála Chlár Tráchtála na hOstaire FN 161285i). An institiúid creidmheasa sin (a bhfuil brainse aici sa Ghearmáin, dá ngairtear “Sberbank Direct” freisin), tá sí ag céim an leachtaithe faoi dhlí na hOstaire.
Na stiúrthóirí atá ann faoi láthair – Sonja Sarközi, Pavel Barchugov, Alexander Witte agus Aleksei Mikhailov – fanfaidh siad ina bpost fós, ach iad ina leachtaitheoirí anois.
Iarrtar ar chreidiúnaithe na hinstitiúide éileamh a thaisceadh leis na leachtaitheoirí Sonja Sarközi, Pavel Barchugov, Alexander Witte agus Aleksei Mikhailov (iad uile le fáil ag Schwarzenbergplatz 31, 1010 Vín).
Sonja SARKÖZI, Pavel BARCHUGOV, Alexander WITTE agus Aleksei MIKHAILOV
Sberbank Europe AG, faoi leachtú
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN
An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne
|
16.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 233/35 |
FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE
(2022/C 233/11)
Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú an chomórtais oscailte seo a leanas:
EPSO/AD/400/22 – Riarthóirí (AD 7) agus saineolaithe (AD 9) i réimsí an tionscail cosanta agus an spáis
Tá an fógra comórtais seo foilsithe i 24 theanga in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 233 A an 16 Meitheamh 2022.
Tá tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin EPSO: https://epso.europa.eu/
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME
An Coimisiún Eorpach
|
16.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 233/36 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10748 – MACQUARIE / BCI / NATIONAL GRID / NATIONAL GRID GAS)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 233/12)
1.
An 8 Meitheamh 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:
|
— |
Macquarie Infrastructure and Real Assets (Europe) Limited, cuid de Macquarie Group Limited (“Macquarie”, an Astráil), |
|
— |
British Columbia Investment Management Corporation (“BCI”, Ceanada), |
|
— |
National Grid plc (“National Grid”, an Ríocht Aontaithe), |
|
— |
Gnólachtaí tarchurtha gáis agus méadraithe gáis National Grid (“National Grid Gas”, an Ríocht Aontaithe). |
Gheobhaidh Macquarie, BCI agus National Grid comhrialú ar National Grid Gas de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc.
Is trí cheannach scaireanna atáthar ag déanamh an chomhchruinnithe.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Is soláthraí domhanda seirbhísí baincéireachta, airgeadais, comhairleacha, infheistíochta agus bainistíochta cistí é Macquarie, |
|
— |
Is gníomhaire de chuid Rialtas British Columbia i gCeanada é BCI, gníomhaire a infheistíonn i réimse cineálacha sócmhainní thar ceann cliant san earnáil phoiblí in British Columbia, |
|
— |
Tá bonneagar rialáilte leictreachais agus gáis faoi úinéireacht agus á oibriú ag National Grid sa Bhreatain Mhór agus in oirthuaiscirt na Stát Aontaithe, |
|
— |
Tá dhá phríomhghníomhaíocht ghnó ag National Grid Gas: (i) úinéir agus oibreoir an Chórais Tarchurtha Náisiúnta gáis sa Bhreatain Mhór; agus (ii) úinéir agus oibreoir gnólacht méadraithe gáis, National Grid Metering. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10748 – MACQUARIE / BCI / NATIONAL GRID / NATIONAL GRID GAS
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
|
16.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 233/38 |
Foilsiú iarratais ar cheadú leasaithe, nach mionleasú é, ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
(2022/C 233/13)
Leis an bhfoilsiú seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne chur i bhfeidhm an leasaithe de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.
IARRATAS AR CHEADÚ LEASAITHE AR SHONRAÍOCHT TÁIRGE AINMNIÚCHÁN TIONSCNAIMH/TÁSCA GEOGRAFACHA FAOI CHOSAINT NACH MIONLEASÚ É
Iarratas ar cheadú leasaithe i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012
“Scalogno di Romagna”
Uimh AE: PGI-IT-1539-AM01- 11.1.2021
STFC ( ) TGFC (X)
1. Grúpa iarrthach agus leas dlisteanach
Grúpa: Consorzio Scalogno di Romagna [Cumann Cosanta Scalogno di Romagna];
Seoladh: C/o Comune di Riolo Terme, Via Aldo Moro 2, 48025 Riolo Terme – Ravenna, Italy
R-phost: consorzioscalognodiromagna@gmail.com
Tá an “Consorzio Scalogno di Romagna” i dteideal iarratas ar leasú a chur isteach de bhun Airteagal 13(1) d’Fhoraithne Beartais Uimh. 12511 an 14 Deireadh Fómhair 2013 ón Aireacht Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta.
2. Ballstát nó tríú tír
An Iodáil
3. Ceannteideal sa tsonraíocht táirge dá ndéanann an leasú/leasuithe difear
|
☐ |
Ainm an táirge |
|
☒ |
Tuairisc an táirge |
|
☒ |
Limistéar geografach |
|
☒ |
Cruthúnas ar thionscnamh |
|
☒ |
Modh táirgthe |
|
☒ |
Nasc |
|
☒ |
Lipéadú |
|
☒ |
Eile [le sonrú] |
4. An cineál leasaithe/leasuithe
|
☐ |
Leasú ar shonraíocht táirge STFC nó TGFC cláraithe nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. |
|
☒ |
Leasú ar shonraíocht táirge STFC nó TGFC cláraithe nár foilsíodh Doiciméad Aonair (ná doiciméad coibhéiseach) ina leith nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53 (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 |
5. Leasú nó leasuithe
Tuairisc an táirge
Airteagal 2:
Tá “Tagraíonn an tásc ‘Scalogno di Romagna’ go heisiach do bhleib oinniúin an speicis ascalonicum Allium.”
leasaithe agus forlíonta mar seo a leanas:
Tá “Tagraíonn an tásc ‘Scalogno di Romagna’ go heisiach do bhleibín oinniúin an speicis ascalonicum Allium, éicitíopa Romagna.
Tá cruth fadaithe cosúil le fleascán ar bhleibín an ‘Scalogno di Romagna’, le craiceann righin ar an taobh amuigh a bhféadfadh réimse dathanna ó bhuí go crón, odhar, donn nó liath a bheith air, agus is é bán go corcra riabhach an réimse dathanna ar an taobh istigh.
Tá fréamhacha fillte fada agus duilleoga éadroma glasa, barrchaolaithe ar an éicitíopa Romagna.
Nuair a bhaintear iad bíonn na bleibíní nasctha le chéile i nglac agus bíonn fréamhacha líonta éagsúla bleibíní fite fuaite lena chéile.
Bíonn boladh géar astu. Tá blas milis éadrom orthu atá níos cosúla le hoinniún ná le gairleog. Tá a dtréithe aramatacha gar do thréithe fhine na liliaceae agus tá tionchar ag na méideanna móra sulfair a ghlacann siad ón ithir orthu, méis-eilimint atá mar chomhartha sóirt ag a bhlas agus a bholadh.
Itear iad úr nó triomaithe, agus is minic a chaomhnaítear in ola iad.
Leis na na saintréithe sin go léir dealaítear iad ó chineálacha eile seallóide iad.”
Leis na leasuithe sin déantar cur síos níos cruinne ar an gcineál táirge a léirítear leis an éicitíopa Romagna, cineál atá san áireamh freisin i sonraíocht táirge chomhtháite Réigiún Emila Romagna.
Baineann na breiseáin le tréithe a fhágann go bhfuil an “Scalogno di Romagna” éasca le haithint agus go bhfuil sé an-difriúil le haon chineál eile seallóide.
Is saintréithe iad a bhain go sonrach leis an táirge riamh agus rinneadh iad a dhoiciméadú go fótagrafach freisin. Tá cur síos á dhéanamh orthu ar bhealach níos fearr anois chun go mbeidh sé níos éasca ag tomhaltóirí an tseallóid a aithint agus chun tasc na ndaoine atá freagrach as rialú cáilíochta a éascú.
Baineann an leasú seo freisin le pointe 5b) den achoimre agus tá feidhm aige maidir le pointe 3.2 den doiciméad aonair.
Limistéar geografach
Tá leasú ar ainm Chúige Forlì sa tsonraíocht, a athainmníodh mar“Cúige Forlì-Cesena”; ní dhéanann an t-athrú seo difear don limistéar táirgthe.
Baineann an leasú seo freisin le pointe 5c) den achoimre agus tá feidhm aige maidir le pointe 4 den doiciméad aonair.
Cruthúnas ar thionscnamh
Luaitear i dtéacs bunaidh Airteagal 5 reachtaíocht nach bhfuil i bhfeidhm a thuilleadh; cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre ar chruthúnas ar thionscnamh:
“Déantar monatóireacht ar gach céim sa phróiseas táirgthe, agus taifeadtar gach ionchur agus aschur. Déantar inrianaitheacht an táirge a ráthú ar an mbealach sin, agus trí na ceapacha clárlainne talún ar a bhfástar an táirge chomh maith leis na táirgeoirí agus na pacálaithe a iontráil i liostaí atá á mbainistiú ag an gcomhlacht iniúchta, agus trí na cainníochtaí a tháirgtear a dhearbhú don chomhlacht cigireachta. Beidh gach duine nádúrtha agus dlítheanach a iontrálfar ar na liostaí ábhartha faoi réir a iniúchta ag an gcomhlacht cigireachta i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge agus leis an bplean cigireachta gaolmhar.”
Modh táirgthe
|
— |
Sonraítear na coinníollacha a bhaineann leis an gcosc ar shíolchur coinligh ar shlí níos gonta. |
Is leor an abairt “Ní mór 5 bliana ar a laghad a bheith caite sular féidir Scalogno a fhás ar an gceapach talún chéanna’chun an toirmeasc sin a chur in iúl. Dá bhrí sin, tá an frása ”Ní cheadaítear síolchur coinligh’iomarcach agus scriosadh é.
|
— |
Tugtar soiléiriú ar chleachtais chomharbais barr chun aon amhras a sheachaint a d’fhéadfadh a bheith ann faoina léiriú agus cumadh leagan nua níos soiléire den mhéid atá luaite cheana féin sa tsonraíocht, i.e. nach féidir “Scalogno di Romagna” a fhás i ndiaidh a chéile le plandaí ar solanaceae iad, le biatais ná le cabáistí. Seo a leanas an abairt athfhoclaithe: “Tá sé toirmiscthe freisin é a shaothrú i ndiaidh a chéile le plandaí ar solanaceae iad, le biatais ná le cabáistí.” |
|
— |
Maidir le modhanna síolchuir, tá úsáid bleibíní den speiceas Alliumascalonicum, éicitíopa Romagna, éigeantach toisc, i gcomhréir leis an méid atá léirithe sa chuid ar an nasc leis an limistéar tionscnaimh, nach féidir “Scalogna di Romagna” a fhás ach amháin trí bhleibíní den éicitíopa ar leith a athphlandú. Déantar an abairt ‘Ní mór an phlandáil a dhéanamh idir mí na Samhna agus mí na Nollag, agus beidh an fómhar ar siúl ó mhí an Mheithimh an bhliain dár gcionn’a fhorlíonadh dá bhrí sin mar a leanas: “Ní mór an phlandáil a bheith ar siúl idir mí na Samhna agus mí na Nollag, agus úsáid á baint as bolgáin den speiceas Allium ascalonicum, éicitíopa Romagna, agus beidh an fómhar ar siúl ó mhí an Mheithimh an bhliain dár gcionn.” |
|
— |
Ar deireadh, sainmhínítear go beacht táirgeadh uasta an aonaid, atá léirithe cheana ag 6-8 tona in aghaidh an heicteáir (8 dtona in aghaidh an heicteáir) chun seiceálacha a éascú. |
Baineann an leasú seo freisin le pointe 5e) den achoimre.
Nasc leis an gcomhshaol
Níl an téacs a bhaineann leis an nasc leis an gcomhshaol san áireamh sa tsonraíocht reatha a rinneadh in 1997. Dréachtaíodh téacs dá bhrí sin ina ndéantar cur síos ar an nasc leis an gcomhshaol atá sa doiciméad a taisceadh ar DOOR cheana féin, agus cuireadh leis faisnéis stairiúil eile a bhaineann leis an gcáil atá ar “Scalogno di Romagna”.
Ina theannta sin, sa bhreis ar an méid atá luaite cheana féin sa tsonraíocht agus san achoimre, tugaimid faoi deara an tréith bhunúsach nach ndéanann sí bláthchinn, tréith a bhaineann go sonrach leis an “Scalogno di Romagna”.
Dá bhrí sin, déantar téacs na sonraíochta a fhorlíonadh mar seo a leanas:
‘Tá an nasc idir “Scalogno di Romagna” agus an limistéar geografach bunaithe ar cháil an táirge. Tá aithne ar “Scalogno di Romagna” mar éicitíopa seallóide ar leith a bhfuil a saintréithe féin aici atá difriúil le cineálacha eile ar an margadh.
Is talamh chnocach atá oiriúnach chun “Scalogno di Romagna” a fhás, talamh a mbíonn ithreacha atá idir meánuigeach agus créúil aici, í tirim, lán de photaisiam agus d’ábhar orgánach, í nochta agus dea-dhraenáilte. Is saintréith iad na hithreacha sin de chuid an droma sléibhe cailce ar a dtugtar “La Vena dei Gessi Romagnola” [Féith Chailce Romagna], a théann trí chuid mhór den limistéar táirgthe agus atá ina shaintréith de chuid an limistéir ar fad, tionchar á imirt aige air agus alcaileacht áirithe á cur aige sna hithreacha aige ann. Tá aithne ar an dúiche táirgthe mar limistéar spá freisin, áit a bhfuil comhchodanna sulfaracha na hithreach agus an uisce mar shaintréithe de.
Mar sin, tá tionchar ag na tréithe comhshaoil seo sna comhchodanna sulfaracha ar na tréithe aramatacha atá ag teaghlach na liliaceae.
Mar gheall ar fhlóra miocróbach na hithreach ina mbíonn ghníomhaíocht einsímeach leanúnach le linn stórála nó triomaithe, forbraíonn an dea-bholadh milis íogair atá ina shainghné de “Scalogno di Romagna”, ach forbraíonn an boladh géar freisin.
Gné shuntasach de “Scalogno di Romagna” is ea nach ndéanann sí bláthchinn; dá bhrí sin is é athchur na mbleibíní an t-aon mhodh amháin inar féidir é a fhás agus an t-aon mhodh atá údaraithe. De bharr na saintréithe sin coinníodh dúchas géiniteach an éicitíopa agus a shaintréithe ar leith ar feadh na gcéadta bliain toisc nach mbíonn aon mhalartú nádúrtha pailine ná aon mhalartú pailine le fórsa ar siúl le speicis eile, rud a chiallaíonn nach ndearnadh an tras-síolrú nó na hidirghabhálacha géiniteacha air is gnách do na cineálacha eile ar an margadh.
Níor aimsíodh “Scalogno di Romagna” riamh san fhiántas, rud a chiallaíonn gur shaothraigh na pobail Cheilteacha a thug go Romagna í táirge bunaidh agus barántúil nach bhféadfaí a mhalartú, a mheascadh nó a athsholáthar le haon bhleibín eile de theaghlach na liliacea.
Tá nasc soiléir idir an “Scalogno di Romagna” agus an ceantar áitiúil: a tháirgeoirí, lena n-áirítear iad siúd a fhásann na seallóidí ar chúpla méadar cearnach ina ngairdín cistine féin; a bhuíochas dóibh freisin, níor cailleadh an cumas an bua luachmhar seo a chur ar aghaidh chuig talamh fhlaithiúil Romagna. Tá scileanna na dtáirgeoirí an-tábhachtach freisin maidir leis na bleibíní a roghnú, rud a dhéanann siad ar bhealach an-oilte. Tá cuid de na bleibíní sábháilte beartaithe lena gcaitheamh agus úsáidtear na cinn a bhfuil meánmhéid agus cruth níos cuartha orthu le haghaidh athchurtha, de ghnáth.
Luann roinnt scríbhneoirí an táirge seo, mar shampla Corrado Contoli, a rugadh agus a chónaigh in Lugo. Ina leabhar ón mbliain 1963, “Guida alla veritiera cucina romagnola” [Treoirleabhar d’fhíorchócaireacht Romagna], tá moladh don tseallóid sa chaibidil ar “Bhéilí muiceola” atá ceannródaíoch agus corraitheach. Luann Graziano Pozzetto teistiméireachtaí eile maidir leis an gcur síos ar an táirge agus a úsáid in oidis gan áireamh ón gcéad seo caite ina leabhar “Lo scalogno di Romagna. Cibo per Venere ‘ [Scalogno di Romagna - Food for Venus], a foilsíodh sa bhliain 2001. Bhain roinnt cócairí áitiúla úsáid as an “Scalogno di Romagna” chun béilí éagsúla a ullmhú, lena n-áirítear Tarcisio Raccagni den iar-bhialann “Gigiolè” i Brisighella; bhí sé mar aidhm aige cócaireacht mheánaoiseach a fháil ar ais sna dinnéir a eagraíodh do na Féilte Meánaoiseacha cáiliúla in Brisighella.
Faightear sleachta ar líne freisin ina ndéantar doiciméadú ar dhea-cháil “Scalogno di Romagna” agus a úsáid mar bhlastán d’ullmhú béilí éagsúla nó arna leasú in ola, ar láithreáin ghréasáin ar nós Giallo Zafferano, La Gazzetta del Gusto, Buonissimo, Geisha Gourmet agus Taccuini Gastrosofici.
Scéal álainn eiseamláireach is ea scéal “Scalogno di Romagna ”, a baineadh amach a bhuí le príomhról an chumainn Proloco di Riolo Terme, cumann a chruthaigh an chéad “Fiera dello Scalogno di Romagna” sa bhliain 1993, féile a bhíonn ar siúl i gcónaí gach bliain ag deireadh mhí Iúil.’
Baineann an leasú seo freisin le pointe 5f) den achoimre agus tá feidhm aige maidir le pointe 5 den doiciméad aonair.
Seiceálacha
Is mar seo a leanas atá foclaíocht an téacs ar sheiceálacha nach bhfuil san áireamh sa tsonraíocht reatha:
‘Déantar comhlíonadh na sonraíochta táirge a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Is é Check Fruit an comhlacht rialaithe atá freagrach as an tsonraíocht a fhíorú. Tá sé bunaithe in Via Dei Mille 24, 40121 Bologna, Italy, Teil. +39 0516494836, Facs + 39 0516494813, R-phost: info@checkfruit.it.’
Baineann an leasú seo freisin le pointe 5(g) den achoimre.
Lipéadú
Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
|
1. |
|
|
— |
Leasaíodh an abairt: |
‘I ngach cás, ní mór coimeádáin a shéalú ionas nach mbainfear an t-ábhar amach gan an coimeádán a bhriseadh.’
mar seo a leanas:
‘I ngach cás, ní mór an phacáistíocht a shéalú ionas nach mbainfear an t-ábhar amach gan an phacáistíocht a bhriseadh.’
Cuireadh an focal ‘confezione’ [pacáistíocht] atá níos oiriúnaí, in ionad an fhocail ‘contenitore’ [coimeádán] (sa bhuntéacs Iodáilise).
|
— |
Leasaíodh an abairt: ‘Ní mór na focail “Scalogno di Romagna” a bheith ar na coimeádáin, agus díreach ina dhiaidh sin na focail “Indicazione Geografica Protetta” [Tásc Geografach faoi Chosaint], i gcló den mhéid céanna.’ |
go dtí an leagan seo:
‘Ní mór clib a bheith ar an bpacáistíocht, ar na bréid nó ar na glaca leis na focail “Scalogno di Romagna”, agus díreach ina dhiaidh sin na focail “Indicazione Geografica Protetta” [Tásc Geografach faoi Chosaint], i gcló den mhéid céanna.’
Tá feidhm anois leis an oibleagáid clib a úsáid ina bhfuil faisnéis ar na cineálacha pacáistithe go léir. Tá an fhaisnéis is gá sa chlib agus is féidir í a chur in oiriúint go héasca do na cineálacha éagsúla pacáistíochta dá bhforáiltear sa tsonraíocht.
|
— |
Maidir leis an abairt seo a leanas: ‘Caithfidh gach cineál pacáistíochta a bheith údaraithe ag Réigiún Emilia Romagna.’ |
scriosadh í toisc nach bhfuil sí ag teacht leis an reachtaíocht reatha.
|
— |
Maidir leis an abairt seo a leanas: ‘Arna iarraidh sin do na táirgeoirí lena mbaineann, féadfar siombail ghrafach a úsáid. Freagróidh an tsiombail seo d’íomhá ghrafach, lena n-áirítear aon dath tagartha, de chuid an lógó fhíoraigh nó an lógó shonraigh gan débhrí, ar dath tagartha é nach mór a úsáid i gcónaí in éineacht leis an tásc geografach.’ |
mar seo a leanas:
‘Ní mór an lógó sainiúil thíos a thaispeáint de réir na híomhá grafaí a léirítear.’
Dá bhrí sin, tá sé éigeantach siombail ghrafach a úsáid, lena n-áirítear an comhad teicniúil a chuireann síos ar a saintréithe.
|
— |
Leasaíodh an abairt: ‘Ní mór an fhoclaíocht “Prodotto in Italia” [Arna tháirgeadh san Iodáil] a bheith ar bhaiscí atá beartaithe lena n-onnmhairiú freisin.’ |
go dtí an leagan seo:
‘Ní mór an fhoclaíocht “Prodotto in Italia” [Arna tháirgeadh san Iodáil] a bheith ann freisin.’
Tá sé éigeantach na focail ‘Arna tháirgeadh san Iodáil’ a úsáid ar lipéid do na baisceanna go léir, ní hamháin dóibh siúd atá beartaithe lena n-onnmhairiú, chun béim a leagan freisin, chun leasa thomhaltóirí na hIodáile, gur táirge é a fhástar san Iodáil.
Baineann an leasú seo freisin le pointe 5h) den achoimre agus tá feidhm aige maidir le pointe 3.6 den doiciméad aonair.
Eile
|
2. |
Airteagal 6: ‘Nuair a scaoiltear le haghaidh tomhaltais é, ní mór na saintréithe seo a leanas a bheith ag “Scalogno di Romagna”:
|
mar seo a leanas:
‘Nuair a scaoiltear le haghaidh tomhaltais é, ní mór na saintréithe seo a leanas a bheith ag ‘Scalogno di Romagna’:
|
A) |
táirge úr:
|
|
B) |
táirge triomaithe:
|
Féadfar na táirgí a thuairiscítear thuas a scaoileadh freisin le haghaidh tomhaltais i bpacáistíocht a dhéantar d’adhmad, de phlaisteach, de pháipéar, de chairtchlár nó d’ábhair ghlasra nádúrtha i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm.
Ceadaítear freisin an táirge a dhíol ag an díolphointe i gcodanna ó phacáistíocht shéalaithe nó ó chliathbhoscaí ar choinníoll gur cuireadh an táirge in urranna sonracha nó i gcoimeádáin shonracha ar a dtaispeántar go soiléir an fhaisnéis chéanna atá riachtanach don phacáistíocht dá dtagraítear sa tsonraíocht táirge.
Féadfar na bleibíní atá beartaithe lena bpróiseáil a sheachadadh ar an mórchóir freisin, i bpacáistí nó i gcoimeádáin a chomhlíonann an reachtaíocht atá i bhfeidhm agus atá marcáilte go soléite agus go sofheicthe ar thaobh amháin ar a laghad leis na focail ‘Scalogno di Romagna TGFC beartaithe lena próiseáil’.
Tugadh an t-airteagal faoin bpacáistíocht cothrom le dáta chun é a oiriúnú do riachtanais reatha an mhargaidh, an nós imeachta um thíolacadh a shimpliú agus foráil a dhéanamh maidir le glaca idir 100 g agus 1 kg agus pacáistíocht i líonta, málaí nó cliathbhoscaí a chur leis.
De bhreis ar fhaisnéis a chur ar fáil ar an bpacáistíocht lena gcuirtear níos mó cineálacha pacáistithe ar fáil don tomhaltóir, rinneadh simpliú ar láimhseáil an táirge nach bhfuil beartaithe ach lena phróiseáil. Go deimhin, is gnách an táirge a chaomhnaítear in ola a úsáid nó táirgí bia nó ullmhúcháin bia áirithe a shaibhriú leis an ‘Scalogno di Romagna’. Leis an leasú seo is féidir an táirge atá beartaithe lena phróiseáil a phacáistiú ‘ar an mórchóir’.
Baineann an leasú seo freisin le pointe 5(h) den achoimre agus tá feidhm aige maidir le pointe 3.5 den doiciméad aonair.
|
— |
Cuireadh teidil na n-airteagal san áireamh sa tsonraíocht chun ábhar gach airteagail a shainmhíniú ar bhealach níos fearr. |
DOICIMÉAD AONAIR
‘Scalogno di Romagna’
Uimh AE: PGI-IT-1539-AM01 – 11.1.2021
STFC ( ) TGFC (X)
1. Ainm(neacha) [STFC nó TGFC]
‘Scalogno di Romagna’
2. Ballstát nó tríú tír
An Iodáil
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia
3.1. Cineál táirge
Aicme 1.6. Torthaí, glasraí, gránaigh, iad úr nó próiseáilte
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Tagraíonn an tásc ‘Scalogno di Romagna’ go heisiach do bhleibín oinniúin an speicis Allium ascalonicum, éicitíopa Romagna.”
Tá cruth fadaithe cosúil le fleascán ar bhleibín an “Scalogno di Romagna”, le craiceann righin ar an taobh amuigh a bhféadfadh réimse dathanna ó bhuí go crón, odhar, donn nó liath a bheith air, agus is é bán go corcra riabhach an réimse dathanna ar an taobh istigh.
Tá fréamhacha fillte fada agus duilleoga éadroma glasa, barrchaolaithe ar an éicitíopa Romagna.
Nuair a bhaintear iad bíonn na bleibíní nasctha le chéile i nglac agus bíonn fréamhacha líonta éagsúla bleibíní fite fuaite lena chéile.
Bíonn boladh géar astu. Tá blas milis éadrom orthu atá níos cosúla le hoinniún ná le gairleog. Tá a dtréithe aramatacha gar do thréithe fhine na liliaceae agus tá tionchar ag na méideanna móra sulfair a ghlacann siad ón ithir orthu, méis-eilimint atá mar chomhartha sóirt ag a bhlas agus a bholadh.
Itear iad úr nó triomaithe, agus is minic a chaomhnaítear in ola iad.
Leis na saintréithe sin go léir dealaítear ó chineálacha eile seallóide iad.
3.3. Cothú (do tháirgí de bhunús ainmhíoch amháin) agus amhábhair (do tháirgí próiseáilte amháin)
—
3.4. Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a chomhlíonadh sa limistéar geografach sainithe
Na céimeanna go léir a bhaineann le “Scalogno di Romagna ”a tháirgeadh go dtí go mbainfear an táirge, ní mór iad a chomhlíonadh go heisiach laistigh den limistéar geografach a shainaithnítear i bpointe 4.
3.5. Rialacha sonracha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe, etc.
Nuair a scaoiltear le haghaidh tomhaltais é, ní mór na saintréithe seo a leanas a bheith ag “Scalogno di Romagna”:
|
A) |
táirge úr:
|
|
B) |
táirge triomaithe:
|
Féadfar na táirgí a thuairiscítear thuas a scaoileadh freisin le haghaidh tomhaltais i bpacáistíocht a dhéantar d’adhmad, de phlaisteach, de pháipéar, de chairtchlár nó d’ábhair ghlasra nádúrtha i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm.
Ceadaítear freisin an táirge a dhíol ag an díolphointe i gcodanna ó phacáistíocht shéalaithe nó ó chliathbhoscaí ar choinníoll gur cuireadh an táirge in urranna sonracha nó i gcoimeádáin shonracha ar a dtaispeántar go soiléir an fhaisnéis chéanna atá riachtanach don phacáistíocht dá dtagraítear sa tsonraíocht táirge.
Féadfar na bleibíní atá beartaithe lena bpróiseáil a sheachadadh ar an mórchóir freisin, i bpacáistí nó i gcoimeádáin a chomhlíonann an reachtaíocht atá i bhfeidhm agus atá marcáilte go soléite agus go sofheicthe ar thaobh amháin ar a laghad leis na focail “Scalogno di Romagna TGFC beartaithe lena próiseáil”.
3.6. Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Nuair a chuirtear ar an margadh iad le haghaidh tomhaltais, ní mór “Scalogno di Romagna” a phacáistiú sa chaoi go bhféadfar aon mharcanna sonracha a ghreamú díobh. I ngach cás, ní mór an phacáistíocht a shéalú ionas nach féidir an t-ábhar a bhaint amach gan an phacáistíocht a bhriseadh.
Ní mór clib a bheith ar an bpacáistíocht, ar na bréid nó ar na glaca leis na focail “Scalogno di Romagna”, agus díreach ina dhiaidh sin na focail “Indicazione Geografica Protetta” [Tásc Geografach faoi Chosaint], i gcló den mhéid céanna.
Caithfidh ainm, ainm gnó agus seoladh an phacáisteora, chomh maith leis an ollmheáchan bunaidh, a bheith sa réimse radhairc céanna.
Féadfar na focail “Indicazione Geografica Protetta” a athrá áit ar bith eile ar an gcoimeádán nó ar an lipéad, lena n-áirítear é a athrá mar acrainm I.G.P. [TGFC].
Ní mór an lógó sainiúil thíos a thaispeáint de réir na híomhá grafaí a léirítear.
Ní mór an fhoclaíocht “Arna tháirgeadh san Iodáil” a bheith ann freisin.
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Cuimsíonn an limistéar táirgthe an chuid de Réigiún Emilia-Romagna atá oiriúnach do shaothrú Allium ascalonicum agus cuimsíonn sé na bardais seo a leanas:
|
— |
Cúige Ravenna: Brisighella, Càsola Valsenio, Castelbolognese, Faenza, Riolo Terme agus Solarolo; |
|
— |
Cúige Forlì-Cesena: Modigliana agus Tredozio; |
|
— |
Cúige Bologna: Borgo Tossignano, Casalfiumanese, Castel del Rio, Castel Guelfo di Bologna, Dozza, Fontanelice, Imola agus Mordano. |
5. Nasc leis an limistéar geografach
Tá an nasc idir “Scalogno di Romagna” agus an limistéar geografach bunaithe ar cháil an táirge. Tá aithne ar “Scalogno di Romagna” mar éicitíopa seallóide ar leith a bhfuil a saintréithe féin aici atá difriúil le cineálacha eile ar an margadh.
Is talamh chnocach atá oiriúnach chun “Scalogno di Romagna” a fhás, talamh a mbíonn ithreach idir meánuigeach agus créúil aici, í tirim, lán de photaisiam agus d’ábhar orgánach, nochta agus dea-dhraenáilte. Is saintréith iad na hithreacha sin de chuid an droma sléibhe cailce ar a dtugtar “La Vena dei Gessi Romagnola” [Féith Chailce Romagna], a théann trí chuid mhór den limistéar táirgthe agus atá ina shaintréith de chuid an limistéir ar fad, tionchar á imirt aige air agus alcaileacht áirithe á cur sna hithreacha aici ann. Tá aithne ar an dúiche táirgthe mar limistéar spá freisin, áit a bhfuil comhchodanna sulfaracha na hithreach agus an uisce mar shaintréithe de.
Mar sin, tá tionchar ag na tréithe comhshaoil seo sna comhchodanna sulfaracha ar na tréithe aramatacha atá ag teaghlach na liliaceae.
Mar gheall ar fhlóra miocróbach na hithreach ina mbíonn ghníomhaíocht einsímeach leanúnach le linn stórála nó triomaithe, forbraíonn an dea-bholadh milis íogair atá ina shainghné de “Scalogno di Romagna”, ach forbraíonn an boladh géar freisin.
Gné shuntasach de “Scalogno di Romagna” is ea nach ndéanann sí bláthchinn; dá bhrí sin is é athchur na mbleibíní an t-aon mhodh amháin inar féidir é a fhás agus an t-aon mhodh atá údaraithe. De bharr na saintréithe sin coinníodh a dúchas géiniteach an éicitíopa agus a shaintréithe ar leith ar feadh na gcéadta bliain toisc nach mbíonn aon mhalartú nádúrtha pailine ná aon mhalartú pailine le fórsa ar siúl le speicis eile, rud a chiallaíonn nach ndearnadh an tras-síolrú ná na hidirghabhálacha géiniteacha air is gnách do na cineálacha eile ar an margadh.
Níor aimsíodh “Scalogno di Romagna” riamh san fhiántas, rud a chiallaíonn gur shaothraigh na pobail Cheilteacha a thug go Romagna í táirge bunaidh agus barántúil nach bhféadfaí a mhalartú, a mheascadh nó a athsholáthar le haon bhleibín eile de theaghlach na liliacea.
Tá nasc soiléir idir an “Scalogno di Romagna” agus an ceantar áitiúil: a tháirgeoirí, lena n-áirítear iad siúd a fhásann na seallóidí ar chúpla méadar cearnach ina ngairdín cistine féin; a bhuíochas dóibh freisin, níor cailleadh an cumas an bua luachmhar seo a chur ar aghaidh chuig talamh fhlaithiúil Romagna. Tá scileanna na dtáirgeoirí an-tábhachtach freisin maidir leis na bleibíní a roghnú, rud a dhéanann siad ar bhealach an-oilte. Tá cuid de na bleibíní sábháilte beartaithe lena gcaitheamh agus úsáidtear na cinn a bhfuil meánmhéid agus cruth níos cuartha orthu le haghaidh athchurtha, de ghnáth.
Luann roinnt scríbhneoirí an táirge seo, mar shampla Corrado Contoli, a rugadh agus a chónaigh in Lugo. Ina leabhar ón mbliain 1963, “Guida alla veritiera cucina romagnola” [Treoirleabhar d’fhíorchócaireacht Romagna], tá moladh don tseallóid sa chaibidil ar “Bhéilí muiceola” atá ceannródaíoch agus corraitheach. Luann Graziano Pozzetto teistiméireachtaí eile maidir leis an gcur síos ar an táirge agus a úsáid in oidis gan áireamh ón gcéad seo caite ina leabhar “Lo scalogno di Romagna. Cibo per Venere ” [Scalogno di Romagna - Food for Venus], a foilsíodh sa bhliain 2001. Bhain roinnt cócairí áitiúla úsáid as an “Scalogno di Romagna” chun béilí éagsúla a ullmhú, lena n-áirítear Tarcisio Raccagni den iar-bhialann “Gigiolè” i Brisighella; bhí sé mar aidhm aige cócaireacht mheánaoiseach a fháil ar ais sna dinnéir a eagraíodh do na Féilte Meánaoiseacha cáiliúla in Brisighella.
Faightear sleachta ar líne freisin ina ndéantar doiciméadú ar dhea-cháil “Scalogno di Romagna” agus a úsáid mar bhlastán d’ullmhú béilí éagsúla nó arna leasú in ola, ar láithreáin ghréasáin ar nós Giallo Zafferano, La Gazzetta del Gusto, Buonissimo, Geisha Gourmet agus Taccuini Gastrosofici.
Scéal álainn eiseamláireach is ea scéal “Scalogno di Romagna ”, a baineadh amach a bhuí le príomhról an chumainn Proloco di Riolo Terme, cumann a chruthaigh an chéad “Fiera dello Scalogno di Romagna” sa bhliain 1993, féile a bhíonn ar siúl i gcónaí gach bliain ag deireadh mhí Iúil.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta
http://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/3