|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 217 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
II Faisnéis |
|
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 217/01 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10695 – APOLLO MANAGEMENT / BANK AND ACQUIRERS INTERNATIONAL HOLDING) ( 1 ) |
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 217/02 |
||
|
2022/C 217/03 |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHBHEARTAS TRÁCHTÁLA A CHUR CHUN FEIDHME |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 217/04 |
||
|
|
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 217/05 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10698 – MITSUI / INDOMOBIL / PTL / JV) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 217/06 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
1.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 217/1 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10695 – APOLLO MANAGEMENT / BANK AND ACQUIRERS INTERNATIONAL HOLDING)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 217/01)
An 23 Bealtaine 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10695. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
1.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 217/2 |
Rátaí malairte an euro (1)
31 Bealtaine 2022
(2022/C 217/02)
1 euro =
|
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
|
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,0713 |
|
JPY |
yen na Seapáine |
137,36 |
|
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4394 |
|
GBP |
punt steirling |
0,85138 |
|
SEK |
krona na Sualainne |
10,5053 |
|
CHF |
franc na hEilvéise |
1,0281 |
|
ISK |
króna na hÍoslainne |
136,30 |
|
NOK |
krone na hIorua |
10,0983 |
|
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
|
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
24,714 |
|
HUF |
forint na hUngáire |
396,20 |
|
PLN |
zloty na Polainne |
4,5805 |
|
RON |
leu na Rómáine |
4,9408 |
|
TRY |
lira na Tuirce |
17,5817 |
|
AUD |
dollar na hAstráile |
1,4933 |
|
CAD |
dollar Cheanada |
1,3573 |
|
HKD |
dollar Hong Cong |
8,4063 |
|
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,6459 |
|
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4687 |
|
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 329,32 |
|
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
16,7450 |
|
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
7,1402 |
|
HRK |
kuna na Cróite |
7,5410 |
|
IDR |
rupiah na hIndinéise |
15 580,15 |
|
MYR |
ringgit na Malaeisia |
4,6907 |
|
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
56,323 |
|
RUB |
rúbal na Rúise |
|
|
THB |
baht na Téalainne |
36,751 |
|
BRL |
real na Brasaíle |
5,0965 |
|
MXN |
peso Mheicsiceo |
20,9870 |
|
INR |
rúipí na hIndia |
83,2310 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
|
1.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 217/3 |
CINNEADH ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Aibreán 2022
maidir le treoir a thabhairt do Riarthóir Lárnach Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh chun athruithe ar tháblaí náisiúnta leithdháilte na Seicia, na Danmhairge, na Gearmáine, na Gréige, na Fraince, na hÍsiltíre, na hOstaire, na Polainne, na Rómáine, na Fionlainne agus na Sualainne a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh
(2022/C 217/03)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmiú Chlárlann an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 46(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chuir na Ballstáit liosta na suiteálacha laistigh dá gcríoch faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 11(1) de Threoir 2003/87/CE (2). |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 2 de Chinneadh (AE) 2021/355 (3) ón gCoimisiún, ní dhearna an Coimisiún aon agóid i gcoinne liostaí na suiteálacha a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE faoi mar a thíolaic an Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Fhionlainn agus an tSualainn, seachas mar a leagtar amach in Airteagal 1 den Chinneadh sin agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis. |
|
(3) |
Maidir le réamh-mhéideanna bliantúla na lamháltas saor in aisce in aghaidh na suiteála, rinne na Ballstáit iad a chinneadh agus thug siad fógra ina leith trí úsáid a bhaint as na luachanna tagarmhairc athbhreithnithe arna gcinneadh i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún (4), de bhun Airteagal 14(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún (5). |
|
(4) |
In Airteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/927 ón gCoimisiún (6), ba é an cinneadh ann nár ghá aon choigeartú a chur i bhfeidhm ar réamh-mhéideanna bliantúla na lamháltas saor in aisce de bhun Airteagal 10a(5) de Threoir 2003/87/CE, toisc nár mhó an t-éileamh ná an t-uasmhéid. |
|
(5) |
Thug an tSeicia fógra maidir le hathruithe ar a tábla náisiúnta leithdháilte, le litir dar dáta an 7 Márta 2022. Rinneadh Suiteáil CZ-116 a eisiamh trí bhotún sna bearta náisiúnta trasuite. Sna bearta náisiúnta trasuite, níor áiríodh an leagan is déanaí de na sonraí a bhaineann le suiteáil CZ-238, suiteáil a ceartaíodh. |
|
(6) |
Thug an Danmhairg fógra maidir le hathruithe ar a tábla náisiúnta leithdháilte, le litir dar dáta an 8 Márta 2022. Ceartaíodh stádas gineadóra leictreachais shuiteálacha DK-279 agus DK-282 go gineadóir leictreachais. Ceartaíodh dáta tosaigh oibríocht agus leibhéal gníomhaíochta stairiúla na foshuiteála le haghaidh an téimh ceantair a bhaineann le suiteáil DK-291. |
|
(7) |
Thug an Ghearmáin fógra maidir le hathruithe ar a tábla náisiúnta leithdháilte, le litreacha dar dáta an 16 Feabhra agus an 7 Márta 2022. Rinneadh suiteálacha DE-485, DE-486, DE-202664, DE-202665 agus DE-202667 a chumasc le suiteáil DE-410. Rinneadh gníomhaíochtaí a chumasc faoi shuiteáil DE-410, agus rinneadh scor iomlán a thuairisciú maidir le suiteálacha DE-485, DE-486, DE-202664, DE-202665 agus DE-202667. Rinneadh earráidí i ríomh an leibhéil gníomhaíochta le haghaidh foshuitéalacha i suiteálacha DE-460 agus DE-461 faoi seach a aithint agus a cheartú. Ní dhearnadh aon athrú ar shuiteáil DE-1726 in imlíne cead gás ceaptha teasa, rud a chuireann le méadú ar leibhéal gníomhaíochta a foshuiteála. Ceartaíodh stádas gineadóra leictreachais shuiteáil DE-1126 go gineadóir leictreachais. Ceartaíodh an fachtóir malartaithe leictreachais le haghaidh shuiteáil DE-3597. |
|
(8) |
Thug an Ghréig fógra maidir le hathruithe ar a tábla náisiúnta leithdháilte, le litir dar dáta an 22 Feabhra 2022. Rinneadh suiteáil GR-205354 a thuairisciú sa tábla náisiúnta leithdháilte tosaigh le huimhir aitheantais mícheart le haghaidh chuntas na clárlainne. Cuirtear an uimhir nua bhuan in ionad uimhir aitheantais GR-64. |
|
(9) |
Thug an Fhrainc fógra maidir le hathruithe ar a tábla náisiúnta leithdháilte, le litir dar dáta an Déardaoin 10 Márta 2022. Rinneadh FR-205923 a chumasc le suiteáil FR-206056. Rinneadh gníomhaíochtaí a chumasc faoi shuiteáil FR-206056, agus rinneadh scor iomlán a thuairisciú maidir le suiteáil FR-205923. Cuireadh suiteáil FR-216100 sa tábla náisiúnta leithdháilte tosaigh lena huimhir aitheantais shealadach de chuid chuntas na clárlainne. Rinne an Fhrainc na huimhreacha nua buana a thuairisciú. Ceartaíodh earráidí a bhí ann de dheasca leaganacha míchearta bearta náisiúnta trasuite i gcás suiteálacha FR-475 agus FR-67. Ceartaíodh an scoilteadh maidir le foshuiteálacha shuiteáil FR-205864, ceartú lenar laghdaíodh an leibhéal ar a ndéantar an tsuiteáil a leithdháileadh. Ceartaíodh an méid teasa a easpórtáiltear le suiteáil FR-111, agus dá bhrí sin níl an tsuiteáil sin incháilithe a thuilleadh lamháltais saor in aisce a fháil. |
|
(10) |
Thug an Ísiltír fógra maidir le hathruithe ar a tábla náisiúnta leithdháilte, le litir dar dáta an 4 Feabhra 2022. Ceartaíodh earráidí i ríomh leibhéil gníomhaíochta stairiúla na foshuiteála le haghaidh an líneálaigh thástáilte agus an chuislithe chomh maith leis an bhfoshuiteáil le haghaidh an laín páipéir de dheasca normalú mícheart an chion taise a bhaineann le NL-83. Ceartaíodh earráidí i ríomh leibhéil gníomhaíochta stairiúla na foshuiteála le haghaidh an chairtchláir bhrata de dheasca normalú mícheart an chion taise a bhaineann le NL-86. |
|
(11) |
Thug an Ostair fógra maidir le hathruithe ar a tábla náisiúnta leithdháilte, le litir dar dáta an 20 Eanáir 2022. Ceartaíodh stádas gineadóra leictreachais shuiteáil AT-60 go neamhghineadóir leictreachais. |
|
(12) |
Thug an Pholainn fógra maidir le ceartúchán ar a tábla náisiúnta leithdháilte le litir dar dáta an 11 Márta 2022. Ceartaíodh easnaimh ar shreabhadh teasa shuiteálacha PL-31, PL-861 agus PL-203089, agus cuireadh isteach foshuiteáil tagarmhairc breosla a bhí ar iarradh ar dtús i gcás PL-2030289 agus cuireadh isteach foshuiteáil tagarmhairc teasa a bhí ar iarradh i gcás PL-31. |
|
(13) |
Thug an Rómáin fógra maidir le hathruithe ar a tábla náisiúnta leithdháilte, le litir dar dáta an 4 Márta 2022. Ceartaíodh an scoilteadh maidir leis an teas a ghintear i bhfoshuiteálacha atá i mbaol sceite carbóin agus i bhfoshuiteálacha nach bhfuil i mbaol sceite carbóin a bhaineann le suiteáil RO-9. |
|
(14) |
Thug an Fhionlainn fógra maidir le hathruithe ar a tábla náisiúnta leithdháilte, le litir dar dáta an 2 Márta 2022. Rinneadh earráid i ríomh an leibhéil gníomhaíochta stairiúla le haghaidh foshuiteáil shuiteáil FI-496 a aithint agus a cheartú. Rinneadh earráidí a aimsíodh i scoilteadh an teasa agus an bhreosla i suiteáil FI-407 a cheartú. |
|
(15) |
Thug an tSualainn fógra maidir le ceartúcháin ar a tábla náisiúnta leithdháilte le litir dar dáta an 22 Samhain 2021. Na ceartúcháin maidir le suiteáil SE-350, baineann siad le luachanna tuairiscithe le haghaidh ídiú leictreachais a úsáidtear chun an fachtóir malartaithe leictreachais a ríomh. Na ceartúcháin maidir le suiteáil SE-426, baineann siad le hearráidí i leith luachanna CWT le haghaidh táirgeadh próipiléine a chinneadh. A mhéid a bhaineann le suiteáil SE-428, ní dhearna an t-oibreoir an cairtchlár neamhbhrata a thuairisciú in aonaid shloinnte tonaí aerthriomaithe (6 % cion taise) ach ina áit sin rinne siad an cairtchlár neamhbhrata a thuairisciú le taise de 1,2 % go 1,4 %. A mhéid a bhaineann le suiteáil SE-812, rinneadh an stádas tuairiscithe maidir le giniúint leictreachais a thuairisciú go hearráideach mar “Ní ghintear” nuair ba cheart “Gintear” a bheith ann. |
|
(16) |
Tá na táblaí náisiúnta leithdháilte faoina dtugtar fógra i gcomhréir le Treoir 2003/87/CE agus i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 agus i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2021/355, |
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal Aonair
Tugtar treoir do riarthóir lárnach Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh táblaí náisiúnta leithdháilte na Seicia, an Danmhairge, na Gearmáine, na Gréige, na Fraince, na hÍsiltíre, na hOstaire, na Polainne, na Rómáine, na Fionlainne, agus na Sualainne, in éineacht leis na méideanna deiridh bliantúla den leithdháileadh lamháltas saor in aisce idirthréimhseach lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa, le haghaidh na tréimhse idir 2021 go 2025, a leagtar amach san Iarscríbhinn, a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Aibreán 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Frans TIMMERMANS
Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin
(1) IO L 177, 2.7.2019, lch. 3.
(2) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(3) Cinneadh (AE) 2021/355 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2021 maidir le bearta náisiúnta trasuite le haghaidh leithdháileadh idirthréimhseach saor in aisce na lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 68, 26.2.2021, lch. 221).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún an 12 Márta 2021 lena gcinntear luachanna tagarmhairc athbhreithnithe maidir le lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh saor in aisce le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2025 de bhun Airteagal 10a(2) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 87, 15.3.2021, lch. 29).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha uile-Aontais idirthréimhseacha le haghaidh lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh saor in aisce ar bhealach comhchuibhithe de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, 27.2.2019, lch. 8).
(6) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/927 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2021 lena gcinntear an fachtóir ceartúcháin trasearnála aonfhoirmeach chun leithdháiltí lamháltas astaíochtaí saor in aisce a choigeartú le haghaidh na tréimhse 2021 go 2025 (IO L 203, 9.6.2021, lch. 14).
IARSCRÍBHINN I
An tábla náisiúnta leithdháilte le haghaidh na tréimhse 2021-2025 de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE
Ballstát: An tSeicia
|
Uimhir aitheantais na suiteála |
Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais) |
Ainm na suiteála |
Ainm an oibreora |
Cainníocht atá le leithdháileadh |
Cainníocht atá le leithdháileadh de réir suiteála |
||||
|
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
|||||
|
CZ000000000000116 |
116 |
Nové energocentrum |
OP papírna, s.r.o. |
26 940 |
26 940 |
26 940 |
26 940 |
26 940 |
134 700 |
|
CZ000000000000238 |
238 |
závod Dubí |
O-I Czech Republic, a.s. |
17 636 |
17 636 |
17 636 |
17 636 |
17 636 |
88 180 |
|
IOMLÁN |
44 576 |
44 576 |
44 576 |
44 576 |
44 576 |
222 880 |
IARSCRÍBHINN II
An tábla náisiúnta leithdháilte le haghaidh na tréimhse 2021-2025 de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE
Ballstát: an Danmhairg
|
Uimhir aitheantais na suiteála |
Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais) |
Ainm na suiteála |
Ainm an oibreora |
Cainníocht atá le leithdháileadh |
Cainníocht atá le leithdháileadh de réir suiteála |
||||
|
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
|||||
|
DK000000000000282 |
282 |
Arla Foods Energy A/S, Afd. HOCO |
Arla Foods Energy A/S |
17 418 |
17 418 |
17 418 |
17 418 |
17 418 |
87 090 |
|
DK000000000000279 |
279 |
Arla Foods Energy A/S. Afd AKAFA |
Arla Foods Energy A/S |
21 113 |
21 113 |
21 113 |
21 113 |
21 113 |
105 565 |
|
DK000000000000291 |
291 |
CP KELCO ApS |
CP KELCO ApS |
14 556 |
14 556 |
14 556 |
14 556 |
14 556 |
72 780 |
|
IOMLÁN |
53 087 |
53 087 |
53 087 |
53 087 |
53 087 |
265 435 |
IARSCRÍBHINN III
An tábla náisiúnta leithdháilte le haghaidh na tréimhse 2021-2025 de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE
Ballstát: An Ghearmáin
|
Uimhir aitheantais na suiteála |
Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais) |
Ainm na suiteála |
Ainm an oibreora |
Cainníocht atá le leithdháileadh |
Cainníocht atá le leithdháileadh de réir suiteála |
||||
|
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
|||||
|
DE000000000000410 |
410 |
Werk 1/2/2a/3/4/5 |
Girnghuber GmbH |
25 051 |
25 051 |
25 051 |
25 051 |
25 051 |
125 255 |
|
DE000000000000485 |
485 |
Werk 3 - Klinker |
Girnghuber GmbH |
|
|
|
|
|
0 |
|
DE000000000000486 |
486 |
Werk 4 Klinker/HMz |
Girnghuber GmbH |
|
|
|
|
|
0 |
|
DE000000000202664 |
202664 |
Werk 2a - Pressdachziegel |
Girnghuber GmbH |
|
|
|
|
|
0 |
|
DE000000000202665 |
202665 |
Werk 5 Strangdachziegel |
Girnghuber GmbH |
|
|
|
|
|
0 |
|
DE000000000202667 |
202667 |
Werk 2 Dachziegel Zubehör |
Girnghuber GmbH |
|
|
|
|
|
0 |
|
DE000000000000460 |
460 |
Werk Gochsheim |
Refratechnik Cement GmbH |
7 977 |
7 977 |
7 977 |
7 977 |
7 977 |
39 885 |
|
DE000000000000461 |
461 |
Werk Göttingen |
Refratechnik Cement GmbH |
7 636 |
7 636 |
7 636 |
7 636 |
7 636 |
38 180 |
|
DE000000000001726 |
1726 |
Energiezentrale |
Universität Regensburg |
3 257 |
3 173 |
3 090 |
3 006 |
2 922 |
15 448 |
|
DE000000000001126 |
1126 |
Heizwerk_Sandstrasse |
medl GmbH |
624 |
608 |
592 |
576 |
560 |
2 960 |
|
DE000000000003597 |
3597 |
Anlage zur Herstellung von Furnaceruß |
KG Deutsche Gasrußwerke GmbH & Co. |
183 274 |
183 274 |
183 274 |
183 274 |
183 274 |
916 370 |
|
IOMLÁN |
227 819 |
227 719 |
227 620 |
227 520 |
227 420 |
1 138 098 |
IARSCRÍBHINN IV
An tábla náisiúnta leithdháilte le haghaidh na tréimhse 2021-2025 de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE
Ballstát: An Ghréig
|
Uimhir aitheantais na suiteála |
Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais) |
Ainm na suiteála |
Ainm an oibreora |
Cainníocht atá le leithdháileadh |
Cainníocht atá le leithdháileadh de réir suiteála |
||||
|
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
|||||
|
GR000000000205354 |
205354 |
ΦΙΕΡΑΤΕΞ Α.Ε. Αφοι Ανεζουλάκη |
ΦΙΕΡΑΤΕΞ Α.Ε. Αφοι Ανεζουλάκη |
6 246 |
6 246 |
6 246 |
6 246 |
6 246 |
31 230 |
|
GR000000000000064 |
64 |
ΦΙΕΡΑΤΕΞ Α.Ε. Αφοι Ανεζουλάκη |
ΦΙΕΡΑΤΕΞ Α.Ε. Αφοι Ανεζουλάκη |
|
|
|
|
|
0 |
|
IOMLÁN |
6 246 |
6 246 |
6 246 |
6 246 |
6 246 |
31 230 |
IARSCRÍBHINN V
An tábla náisiúnta leithdháilte le haghaidh na tréimhse 2021-2025 de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE
Ballstát: an Fhrainc
|
Uimhir aitheantais na suiteála |
Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais) |
Ainm na suiteála |
Ainm an oibreora |
Cainníocht atá le leithdháileadh |
Cainníocht atá le leithdháileadh de réir suiteála |
||||
|
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
|||||
|
FR000000000206056 |
206056 |
INEOS Derivatives Lavéra SAS (IDL) |
INEOS Derivatives Lavéra SAS (IDL) |
155 807 |
155 807 |
155 807 |
155 807 |
155 807 |
779 035 |
|
FR000000000205923 |
205923 |
OXOCHIMIE |
OXOCHIMIE |
|
|
|
|
|
0 |
|
FR000000000216100 |
216100 |
DALKIA - SCUC Chaufferie MONDOR |
SCUC (Société de Chauffage Urbain de Créteil) |
654 |
654 |
654 |
654 |
654 |
3 270 |
|
FR000000000205864 |
205864 |
SOBEGI |
SOBEGI |
4 846 |
4 846 |
4 846 |
4 846 |
4 846 |
24 230 |
|
FR000000000000475 |
475 |
AHLSTROM MUNKSJÖ STENAY SAS |
AHLSTROM MUNKSJÖ STENAY |
32 391 |
32 391 |
32 391 |
32 391 |
32 391 |
161 955 |
|
FR000000000000111 |
111 |
PERIGORD ENERGIES |
PERIGORD ENERGIES |
|
|
|
|
|
0 |
|
FR000000000000067 |
67 |
EURENCO |
EURENCO |
6 540 |
6 372 |
6 205 |
6 036 |
5 868 |
31 021 |
|
IOMLÁN |
200 238 |
200 070 |
199 903 |
199 734 |
199 566 |
999 511 |
IARSCRÍBHINN VI
An tábla náisiúnta leithdháilte le haghaidh na tréimhse 2021-2025 de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE
Ballstát: An Ísiltír
|
Uimhir aitheantais na suiteála |
Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais) |
Ainm na suiteála |
Ainm an oibreora |
Cainníocht atá le leithdháileadh |
Cainníocht atá le leithdháileadh de réir suiteála |
||||
|
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
|||||
|
NL000000000000086 |
86 |
Mayr-Melnhof Eerbeek B.V. |
Mayr-Melnhof Eerbeek bv |
31 160 |
31 160 |
31 160 |
31 160 |
31 160 |
155 800 |
|
NL000000000000083 |
83 |
Smurfit Kappa Roermond Papier BV |
Smurfit Kappa Roermond Papier BV |
128 647 |
128 647 |
128 647 |
128 647 |
128 647 |
643 235 |
|
IOMLÁN |
159 807 |
159 807 |
159 807 |
159 807 |
159 807 |
799 035 |
IARSCRÍBHINN VII
An tábla náisiúnta leithdháilte le haghaidh na tréimhse 2021-2025 de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE
Ballstát: an Ostair
|
Uimhir aitheantais na suiteála |
Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais) |
Ainm na suiteála |
Ainm an oibreora |
Cainníocht atá le leithdháileadh |
Cainníocht atá le leithdháileadh de réir suiteála |
||||
|
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
|||||
|
AT000000000000060 |
60 |
Energie Steiermark - FHKW Graz |
Energie Steiermark Wärme GmbH |
9 820 |
9 820 |
9 820 |
9 820 |
9 820 |
49 100 |
|
IOMLÁN |
9 820,0 |
9 820 |
9 820 |
9 820 |
9 820 |
49 100 |
IARSCRÍBHINN VIII
An tábla náisiúnta leithdháilte le haghaidh na tréimhse 2021-2025 de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE
Ballstát: An Pholainn
|
Uimhir aitheantais na suiteála |
Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais) |
Ainm na suiteála |
Ainm an oibreora |
Cainníocht atá le leithdháileadh |
Cainníocht atá le leithdháileadh de réir suiteála |
||||
|
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
|||||
|
PL000000000000861 |
861 |
Kotłownia “Bolesław” |
Zakłady Górniczo-Hutnicze “Bolesław” S.A. |
1 366 |
1 366 |
1 366 |
1 366 |
1 366 |
6 830 |
|
PL000000000203089 |
203089 |
Zakłady Górniczo- Hutnicze “Bolesław” S.A. |
Zakłady Górniczo-Hutnicze “Bolesław” S.A. |
147 695 |
147 695 |
147 695 |
147 695 |
147 695 |
738 475 |
|
PL000000000000031 |
31 |
Zakład Wytwarzania Nowa |
TAMEH POLKSA sp. z o.o. |
125 924 |
122 687 |
119 452 |
116 216 |
112 981 |
597 260 |
|
IOMLÁN |
274 985 |
271 748 |
268 513 |
265 277 |
262 042 |
1 342 565 |
IARSCRÍBHINN IX
An tábla náisiúnta leithdháilte le haghaidh na tréimhse 2021-2025 de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE
Ballstát: an Rómáin
|
Uimhir aitheantais na suiteála |
Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais) |
Ainm na suiteála |
Ainm an oibreora |
Cainníocht atá le leithdháileadh |
Cainníocht atá le leithdháileadh de réir suiteála |
||||
|
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
|||||
|
RO 000000000000009 |
9 |
OMV PETROM SA - Sectia Terminal Midia |
OMV PETROM SA |
5 291 |
5 291 |
5 291 |
5 291 |
5 291 |
26 455 |
|
IOMLÁN |
5 291 |
5 291 |
5 291 |
5 291 |
5 291 |
26 455 |
IARSCRÍBHINN X
An tábla náisiúnta leithdháilte le haghaidh na tréimhse 2021-2025 de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE
Ballstát: An Fhionlainn
|
Uimhir aitheantais na suiteála |
Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais) |
Ainm na suiteála |
Ainm an oibreora |
Cainníocht atá le leithdháileadh |
Cainníocht atá le leithdháileadh de réir suiteála |
||||
|
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
|||||
|
FI000000000000407 |
407 |
Stora Enso Oyj, Enocellin tehdas |
Stora Enso Oyj, Enocellin tehdas |
130 950 |
130 950 |
130 950 |
130 950 |
130 950 |
654 750 |
|
FI000000000000496 |
496 |
Harjavallan voimalaitos |
Suomen Teollisuuden Energiapalvelut - STEP Oy |
45 024 |
43 867 |
42 710 |
41 553 |
40 397 |
213 551 |
|
IOMLÁN |
175 974 |
174 817 |
173 660 |
172 503 |
171 347 |
868 301 |
IARSCRÍBHINN XI
An tábla náisiúnta leithdháilte le haghaidh na tréimhse 2021-2025 de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE
Ballstát: An tSualainn
|
Uimhir aitheantais na suiteála |
Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais) |
Ainm na suiteála |
Ainm an oibreora |
Cainníocht atá le leithdháileadh |
Cainníocht atá le leithdháileadh de réir suiteála |
||||
|
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
|||||
|
SE000000000000350 |
350 |
Nouryon Functional Chemicals AB, Site Stenungsund |
Nouryon Functional Chemicals AB |
70 608 |
70 608 |
70 608 |
70 608 |
70 608 |
353 040 |
|
SE000000000000426 |
426 |
Preemraff Lysekil |
Preem AB |
1 394 301 |
1 394 301 |
1 394 301 |
1 394 301 |
1 394 301 |
6 971 505 |
|
SE000000000000428 |
428 |
ABB AB, Figeholm |
ABB AB, Figeholm |
1 879 |
1 879 |
1 879 |
1 879 |
1 879 |
9 395 |
|
SE000000000000812 |
812 |
P11 |
Övik Energi AB |
2 039 |
1 986 |
1 934 |
1 881 |
1 829 |
9 669 |
|
IOMLÁN |
1 468 827 |
1 468 774 |
1 468 722 |
1 468 669 |
1 468 617 |
7 343 609 |
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHBHEARTAS TRÁCHTÁLA A CHUR CHUN FEIDHME
An Coimisiún Eorpach
|
1.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 217/17 |
Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme maidir le hallmhairí cairbíde tungstain, cairbíde tungstain comhleáite agus cairbíde tungstain atá measctha le púdar miotalach ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad
(2022/C 217/04)
Tar éis fhoilsiú an Fhógra maidir le dul in éag atá le tarlú (1) i dtaca leis na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm ar allmhairí cairbíde tungstain, cairbíde tungstain comhleáite agus cairbíde tungstain atá measctha le púdar miotalach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“an tír lena mbaineann” nó “an tSín”), fuair an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (2) (“an bun-Rialachán”).
1. Iarraidh ar athbhreithniú
An 25 Feabhra 2022, rinne Global Tungsten & Powders spol s.r.o., H.C. Starck Tungsten GmbH, Tikomet Oy, Treibacher Industrie AG, Umicore Specialty Powders France agus Wolfram Bergbau und Hütten AG (“na hiarratasóirí”) an iarraidh a chur isteach thar ceann thionscal an Aontais i leith cairbíd tungstain, cairbíd tungstain chomhleáite agus cairbíd tungstain atá measctha le púdar miotalach, de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán.
Tá leagan oscailte den iarraidh mar aon le hanailís ar a mhéid a thacaíonn táirgeoirí de chuid an Aontais leis an iarraidh ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. I roinn 5.6 den Fhógra seo, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar an gcomhad le haghaidh páirtithe leasmhara.
2. An táirge faoi athbhreithniú
Is é atá sa táirge atá faoi réir an athbhreithnithe seo ná cairbíd tungstain, cairbíd tungstain chomhleáite agus cairbíd tungstain atá measctha le púdar miotalach (“an táirge faoi athbhreithniú”), a thagann faoi láthair faoi chóid AC 2849 90 30 agus ex 3824 30 00 (cód TARIC 3824300010). Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar na cóid AC agus TARIC, agus tá sin gan dochar don fhéidearthacht iad a leasú ag céimeanna eile den na himeachtaí amach anseo.
3. Bearta atá ann cheana
Is dleacht chinntitheach frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/942 ón gCoimisiún (3) iad na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair.
4. Foras an athbhreithnithe
Tá an iarraidh bunaithe ar an bhforas gur dócha go leanfar den dumpáil agus den díobháil do thionscal an Aontais nó go dtarlóidh siad arís de thoradh dhul in éag na mbeart.
4.1. Líomhain maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil nó go dtarlóidh sí arís
Mhaígh na hiarratasóirí nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid i nDaon-Phoblacht na Síne, i ngeall gurb ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.
Chun bunús a thabhairt leis na líomhaintí maidir le saobhadh suntasach, bhí na hiarratasóirí ag brath ar an bhfaisnéis atá sa tuarascáil tíre a chuir seirbhísí an Choimisiúin ar fáil an 20 Nollaig 2017 ina ndearnadh cur síos ar imthosca sonracha an mhargaidh i nDaon-Phoblacht na Síne (4). Go háirithe, rinne na hiarratasóirí tagairt do shaobhadh amhail láithreacht an Stáit go ginearálta agus go sonrach sa tionscal neamhfheiriúil, dlíthe féimheachta agus maoine, agus saobhadh maidir le talamh, fuinneamh, caipiteal, amhábhair agus saothar.
Ina theannta sin, bhí na hiarratasóirí ag brath ar fhaisnéis a bhí ar fáil go poiblí, go háirithe ar an 13ú plean cúig bliana (2016-2020) (5), ar an 13ú plean cúig bliana do Thionscal na miotal neamhfheiriúil (6), an 14ú timthriall pleanála cúig bliana (2021-2025) (7), an tionscnamh Made in China 2025 (8), agus roinnt rialachán frithdhumpála a d’fhoilsigh an Coimisiún roimhe seo (9).
Tá an tuarascáil tíre ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (10).
Dá bhrí sin, i bhfianaise Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, an líomhain go bhfuiltear ag leanúint den dumpáil ón tSín, tá sí bunaithe ar chomparáid idir gnáthluach ríofa ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmhairc neamhshaofa i dtír ionadaíoch iomchuí, agus praghas onnmhairiúcháin an táirge faoi athbhreithniú (ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha) nuair a dhíoltar é chuig an Aontas. Léiríonn an chomparáid sin gurb ann do dhumpáil agus, dá bhrí sin, líomhnaíonn na hiarratasóirí go bhfuil seans ann go leanfaidh an tSín den dumpáil.
Líomhnaíonn na hiarratasóirí freisin gur dócha go dtarlóidh dumpáil ón tSín arís, rud a léirítear tríd chomparáid a dhéanamh idir gnáthluach atá ríofa ar bhonn costais táirgthe agus díola, lena léirítear praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa i dtír ionadaíoch iomchuí, agus praghas onnmhairiúcháín an táirge faoi athbhreithniú a onnmhairítear ón tSín go tríú tíortha.
Líomhnaíonn na hiarratasóirí freisin, cé gur forchuireadh bearta frithdhumpála, go bhfuil margadh an Aontais fós tarraingteach do tháirgeoirí cairbíde tungstain ón tSín a bhfuil sciar shuntasach de mhargadh an Aontais acu.
I bhfianaise na faisnéise atá ar fáil, measann an Coimisiún gur leor an fhianaise atá ann de bhun Airteagal 5(9) den bhun-Rialachán a léiríonn de ghnáth, i ngeall ar shaobhadh suntasach a dhéanann difear do phraghsanna agus do chostais, go bhfuil úsáid na bpraghsanna agus na gcostas náisiúnta sa tír lena mbaineann míchuí, rud a fhágann gur gá imscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.
4.2. Líomhain maidir leis an dóchúlacht go dtarlóidh an díobháil arís
Is éard a líomhnaíonn na hiarratasóirí gur dócha go dtarlóidh díobháil arís ón tSín. I ndáil leis sin, chuir na hiarratasóirí fianaise leormhaith ar fáil freisin gur dócha, dá ligfí do na bearta dul i éag, go dtiocfaidh méadú ar leibhéal reatha allmhairithe an táirge atá faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann chuig an Aontas de bharr gur ann d’acmhainn neamhúsáidte i nDaon-Phoblacht na Síne.
Líomhnaíonn na hiarratasóirí go leanann rialtas na Síne de thionscal tungstain na Síne a fhóirdheonú go mór agus a rialú go daingean agus go leanann sé de phraghas an amhábhair a chúbláil. Thairis sin, maíonn na hiarratasóirí gur mar thoradh ar na bearta a bheith ann a áirithíodh marthanacht thionscal an Aontais. Ar deireadh, an fhianaise a cuireadh isteach, léiríonn sí gur mó acmhainn bhreise na cairbíde tungstain sa tSín ná úsáid iomlán an Aontais agus gur tháinig méadú níos mó ná 50 % ar acmhainneacht táirgeachta na Síne ó rinneadh an t-athbhreithniú éaga deireanach. Is ionann acmhainneacht táirgeachta na Síne agus breis is dhá oiread de sholáthar intíre na cairbíde tungstain, rud a léiríonn gur earnáil atá dírithe ar an onnmhairiú í. Dá bhrí sin, dá ligfí do na bearta dul in éag, bheadh acmhainn bhreise ag táirgeoir onnmhairiúcháin na Síne chun méid mór cairbíde tungstain dumpáilte a chur ar mhargadh an Aontais, agus is dócha go dtarlóidh díobháil.
5. Nós imeachta
Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, gur leor an fhianaise atá ann gur dócha go bhfuil dumpáil agus díobháil ann chun údar maith a thabhairt le tionscnamh an athbhreithnithe éaga, tá an Coimisiún, leis seo, ag tionscnamh athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán.
Is éard a chinnfear leis an athbhreithniú éaga an amhlaidh gur dócha go leanfar de dhumpáil an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na Síne, nó go dtarlóidh sí arís, de thoradh dhul in éag na mbeart, agus an amhlaidh gur dócha go dtarlóidh an díobháil do thionscal an Aontais arís.
Tarraingíonn an Coimisiún aird na bpáirtithe ar an bhFógra arna fhoilsiú (11) maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais, iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith infheidhme maidir leis an imeacht seo.
5.1. Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú
An t-imscrúdú chun a fháil amach an leanfar den dumpáil nó an dtarlóidh sí arís, cumhdóidh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021 (“tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin”). An t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go dtarlóidh díobháil arís, cumhdóidh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go deireadh thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin (“an tréimhse faoi bhreathnú”).
5.2. Barúlacha faoin iarraidh agus faoi thionscnamh an imscrúdaithe
Ní mór do na páirtithe leasmhara uile ar mian leo barúil a thabhairt ar an iarraidh (lena n-áirítear ábhair a bhaineann le díobháil agus cúisíocht) nó aon ghné a bhaineann le tionscnamh an imscrúdaithe (lena n-áirítear an méid tacaíochta don iarraidh) é sin a dhéanamh laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (12).
Aon iarraidh ar éisteacht maidir le tionscnamh an imscrúdaithe, ní mór í a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.
5.3. Nós imeachta um chinneadh na dóchúlachta go leanfar den dumpáil nó go dtarlóidh sí arís
In athbhreithniú éaga, déanann an Coimisiún scrúdú ar onnmhairí a cuireadh chuig an Aontas i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus, gan beann ar onnmhairí chuig an Aontas, measann sé an rud é, de thoradh staid na gcuideachtaí a tháirgeann agus a dhíolann an táirge faoi athbhreithniú sa tír lena mbaineann, gur dócha go leanfar den onnmhairiú chuig an Aontas ar phraghsanna dumpáilte nó go dtarlóidh sé arís má théann na bearta in éag.
Dá bhrí sin, iarrtar ar tháirgeoirí uile (13) an táirge faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann, lena n-áirítear iad siúd nár chomhoibrigh san imscrúdú/sna himscrúduithe as a dtiocfaidh na bearta atá i bhfeidhm, páirt a ghlacadh in imscrúdú an Choimisiúin.
5.3.1. Imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí sa tír lena mbaineann
I bhfianaise an líon mór táirgeoirí a d’fhéadfadh a bheith i nDaon-Phoblacht na Síne atá páirteach san athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na teorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún na táirgeoirí a bhfuil imscrúdú le déanamh orthu a theorannú do líon réasúnta trí shampla a roghnú (tugtar “sampláil” ar an bpróiseas sin freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.
Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar ar gach táirgeoir, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a cheann, lena n-áirítear na táirgeoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá faoi réir an athbhreithnithe seo ba thoradh air, faisnéis faoina chuideachtaí a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/R772_SAMPLING_FORM_FOR_EXPORTING_PRODUCER. I roinn 5.6 agus roinn 5.9 thíos, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar TRON.
An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach chun sampla na dtáirgeoirí a roghnú, chun an fhaisnéis sin a fháil, déanfaidh sé teagmháil le húdaráis na Síne lena mbaineann freisin agus is féidir go ndéanfaidh sé teagmháil le haon chumann aitheanta de tháirgeoirí sa tír sin.
Má tá gá le sampla, roghnófar na tairgeoirí ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó de tháirgeacht, díolacháin nó onnmhairí ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta le linn an ama atá ar fáil. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach táirgeoir is eol sa tSín, d’údaráis na tíre lena mbaineann agus do chomhlachais táirgeoirí, trí údaráis na tíre lena mbaineann, más iomchuí, faoi na cuideachtaí a roghnófar le bheith sa sampla.
Nuair a gheobhaidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun sampla de na táirgeoirí a roghnú, cuirfidh sé na páirtithe lena mbaineann ar an eolas faoina chinneadh iad a roghnú nó gan iad a roghnú le bheith sa sampla. Beidh ar na táirgeoirí sampláilte ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.
Cuirfidh an Coimisiún nóta leis an gcomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara a léireoidh roghnú an tsampla. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de 3 lá ón dáta a fógraíodh an cinneadh faoin sampla.
Tá cóip den cheistneoir do tháirgeoirí sa tír lena mbaineann ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2604.
Gan dochar do chur i bhfeidhm féideartha Airteagal 18 den bhun-Rialachán, na cuideachtaí a bhí toilteanach a bheith sa sampla ach nár roghnaíodh iad le bheith ann, measfar gur cuideachtaí comhoibríocha atá iontu.
5.3.2. Nós imeachta breise maidir le Daon-Phoblacht na Síne a bhfuil saobhadh suntasach inti
Faoi réir fhorálacha an Fhógra seo, leis seo, iarrtar ar gach páirtí leasmhar a chuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach, agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.
Go háirithe, iarrann an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a dtuairim a chur in iúl maidir leis na hionchuir agus maidir le cóid an Chórais Chomhchuibhithe (HS) a sholáthraítear san iarraidh, tír ionadaíoch nó tíortha ionadaíocha iomchuí a mholadh agus céannacht táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú sna tíortha sin a chur ar fáil. Ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.
De bhun Airteagal 2(6a), pointe (e), den bhun-Rialachán, go luath tar éis dó an t-imscrúdú a thionscnamh, cuirfidh an Coimisiún na páirtithe san imscrúdú ar an eolas faoi na foinsí ábhartha a bhfuil sé beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach sa tSín a chinneadh de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, agus déanfaidh sé amhlaidh trí bhíthin nóta a ghabhann leis an gcomhad iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Cuimseoidh sé sin na foinsí uile, lena n-airítear, i gcás inarb iomchuí, tír iomchuí a roghnú. Nuair a chuirfear an nóta leis an gcomhad sin, beidh 10 lá ag na páirtithe san imscrúdú ón dáta sin chun a gcuid barúlacha a chur isteach.
De réir na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún, d’fhéadfadh an Rúis agus an Tuirc a bheith ina dtír ionadaíoch don tSín sa chás seo. D’fhonn an tír ionadaíoch iomchuí a roghnú ar deireadh, scrúdóidh an Coimisiún an bhfuil tíortha ann a bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche acu atá cosúil le leibhéal na Síne, ina bhfuil táirgeadh agus díolacháin an táirge faoi athbhreithniú agus ina bhfuil sonraí ábhartha ar fáil go héasca. I gcás ina bhfuil níos mó ná rogha amháin ann i ndáil le tír ionadaíoch, tabharfar tús áite, i gcás inarb iomchuí, do thíortha inar leordhóthanach leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil atá iontu.
Maidir leis na foinsí ábhartha, iarrann an Coimisiún ar tháirgeoirí uile na Síne faisnéis a chur ar fáil maidir leis na hábhair (amh agus próiseáilte) agus an fuinneamh a úsáidtear chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/R772_INFO_ON_INPUTS_FOR_EXPORTING_PRODUCER_FORM. I roinn 5.6 agus roinn 5.9 thíos, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar TRON.
Thairis sin, ní mór aon fhaisnéis fhíorasach a chuirtear isteach chun luach a chur ar chostais agus ar phraghsanna de bhun phointe (a) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chomhdú laistigh de 65 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. Níor cheart faisnéis fhíorasach den sórt sin a thógáil ach amháin ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí.
An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe i ndáil le saobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, chun an fhaisnéis sin a fháil, seolfaidh an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne freisin.
5.3.3. Imscrúdú a dhéanamh ar allmhaireoirí neamhghaolmhara (14) (15)
Iarrtar ar allmhaireoirí neamhghaolmhara an táirge atá faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann chuig an Aontas, lena n-áirítear iad siúd nár chomhoibrigh san imscrúdú a mbeidh na bearta atá i bhfeidhm mar thoradh air, páirt a ghlacadh san imscrúdú sin.
Ó tharla go bhféadfadh líon mór allmhaireoirí neamhghaolmhara a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon allmhaireoirí neamhghaolmhara a ndéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar “sampláil” ar an bpróiseas sin freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.
Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar ar gach allmhaireoir neamhghaolmhar, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a cheann, lena n-áirítear na hallmhaireoirí nár chomhoibrigh leis an imscrúdú arb iad na bearta atá faoi réir an athbhreithnithe reatha seo ba thoradh air, iad féin a chur in aithne don Choimisiún. Ní mór do na páirtithe sin déanamh amhlaidh laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, tríd an bhfaisnéis faoina gcuideachta nó faoina gcuideachtaí arna hiarraidh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhFógra seo a thabhairt don Choimisiún, agus an fhaisnéis sin a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist a bhaineann leis na gnéithe díobhála atá le fáil roinn 5.9 thíos..
An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach chun sampla na dtáirgeoirí a roghnú, chun an fhaisnéis sin a fháil, is féidir go ndéanfaidh sé teagmháil le haon chomhlachas aitheanta d’allmhaireoirí.
Má tá gá le sampla, féadfar na hallmhaireoirí a roghnú ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó de dhíolacháin an táirge faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann san Aontas, ar méid é ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta le linn an ama atá ar fáil. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach allmhaireoir neamhghaolmhar agus do gach comhlachas aitheanta d’allmhaireoirí faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.
Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún nóta leis an gcomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a léireoidh roghnú an tsampla. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de 3 lá ón dáta a fógraíodh an cinneadh faoin sampla.
An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe, chun an fhaisnéis sin a fháil, cuirfidh sé ceistneoirí chuig na hallmhaireoirí neamhghaolmhara sampláilte. Ní mór do na páirtithe sin ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra faoi roghnú an tsampla, mura sonraítear a mhalairt.
Tá cóip den cheistneoir le haghaidh allmhaireoirí ar fáil sa chomhad iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta Trádála https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2604.
5.4. Nós imeachta um chinneadh na dóchúlachta go leanfar den díobháil nó go dtarlóidh sí arís agus um imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí de chuid an Aontais
Chun a chinneadh an dócha go leanfar den díobháil do thionscal an Aontais nó go dtarlóidh sí arís, iarrann an Coimisiún ar tháirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú san Aontas a bheith rannpháirteach san imscrúdú.
Ó tharla go bhféadfadh líon mór táirgeoirí de chuid an Aontais a bheith bainteach leis an athbhreithniú éaga seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon táirgeoirí de chuid an Aontais a dhéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar “sampláil” ar an bpróiseas seo freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéantar an tsampláil.
Roghnaigh an Coimisiún sampla de tháirgeoirí de chuid an Aontais go sealadach. Is féidir na sonraí a fháil sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara.
Leis seo, iarrtar ar pháirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt ar an sampla sealadach. Ina theannta sin, táirgeoirí eile de chuid an Aontais, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, lena n-airítear táirgeoirí de chuid an Aontais nár chomhoibrigh san imscrúdú/sna himscrúduithe arb iad na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair ba thoradh air/orthu, ar táirgeoirí iad a mheasann go bhfuil cúiseanna ann ar cheart dóibh a bheith sa sampla, ní mór dóibh dul i dteagmháil leis an gCoimisiún laistigh de 7 lá ó dháta fhoilsithe an Fhógra seo. Na barúlacha uile maidir leis an sampla sealadach, ní mór iad a bheith faighte laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt.
Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach táirgeoir de chuid an Aontais agus/nó do gach comhlachas aitheanta de tháirgeoirí de chuid an Aontais faoi na cuideachtaí a roghnaíodh ar deireadh le bheith sa sampla.
Beidh ar na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.
Tá cóip den cheistneoir le haghaidh tháirgeoirí an Aontais ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2604.
5.5. Nós imeachta um measúnú a dhéanamh ar leas an Aontais
Má dheimhnítear gur dócha go leanfar den dumpáil agus den díobháil, déanfar cinneadh, de bhun Airteagal 21 den bhun-Rialachán, an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais dá gcoinneofaí na bearta frith-dhumpála i bhfeidhm.
Táirgeoirí de chuid an Aontais agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, iarrfar orthu faisnéis a thabhairt don Choimisiún maidir le leas an Aontais.
Aon fhaisnéis maidir le measúnú ar leas an Aontais, ní mór í a chur isteach laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt. Féadfar an fhaisnéis sin a chur in iúl i bhformáid shaor, sin nó trí cheistneoir a d’ullmhaigh an gCoimisiún a líonadh isteach.
Tá cóip de na ceistneoirí, lena n-áirítear an ceistneoir le haghaidh úsáideoirí an táirge atá faoi athbhreithniú, ar fáil sa chomhad le hiniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2604.
In aon chás, aon fhaisnéis a chuirtear isteach de bhun Airteagal 21 den bhun-Rialachán, ní chuirfear san áireamh í ach amháin má tá fianaise fhíorasach ag teacht léi tráth a chuirtear isteach í, ar fianaise í a thugann bunús lena bailíocht.
5.6. Páirtithe leasmhara
Chun bheith rannpháirteach san imscrúdú, ní mór do pháirtithe leasmhara, amhail táirgeoirí sa tír lena mbaineann, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, ní mór dóibh a léiriú i dtús báire gurb ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú.
Táirgeoirí sa tír lena mbaineann, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus comhlachais ionadaíocha a chuir faisnéis ar fáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta a shonraítear i ranna 5.3.1, 5.3.3 agus 5.4, measfar gur páirtithe leasmhara atá iontu má tá nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú.
Ní bheidh páirtithe eile in ann a bheith rannpháirteach san imscrúdú mar pháirtithe leasmhara go dtí go gcuirfidh siad iad féin in aithne, agus ar choinníoll gurb ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú. Má mheastar gur páirtí leasmhar é páirtí, ní dochar é sin do chur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán.
Is féidir an comhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a rochtain trí Tron.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi. Lean na treoracha ar an leathanach sin chun rochtain a fháil (16).
5.7. Aighneachtaí eile i scríbhinn
Faoi réir fhorálacha an Fhógra seo, iarrtar ar gach páirtí leasmhar, leis seo, a chuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach, agus fianaise thacaíochta a sholáthar. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.
5.8. An deis éisteacht a fháil le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin
Féadfaidh gach páirtí leasmhar éisteacht a iarraidh le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiún. Aon iarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú inti mar aon le hachoimre ar an méid ar mian leis an bpáirtí leasmhar a phlé le linn na héisteachta. Beidh an éisteacht teoranta do na saincheisteanna a leagann na páirtithe leasmhara amach i scríbhinn roimh ré.
I bprionsabal, ní úsáidfear éisteachtaí chun faisnéis fhíorasach nach bhfuil sa chomhad go fóill a chur i láthair. Mar sin féin, ar mhaithe le dea-riarachán agus chun go mbeidh seirbhísí an Choimisiúin in ann dul ar aghaidh leis an imscrúdú, féadfar treoir a thabhairt do pháirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua a sholáthar tar éis na héisteachta.
5.9. Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh
Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipchearta tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear don Choimisiún a) an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch an nós imeachta cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gcearta cosanta a fheidhmiú.
Gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar san fhógra seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfear leo, is mar “Íogair” a dhéanfar iad a lipéadú (17). Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu cúis a thabhairt lena n-iarraidh go gcaithfí i modh rúin leo.
Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis “Íogair” achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán ar a gcuirfear an lipéad “Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara”. Ní mór do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta. Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a gcaithfí léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus sa cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.
Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear iarrataí ar chlárú mar pháirtithe leasmhara agus cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae agus de bhileoga deimhniúcháin. Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad “COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA”, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2011/june/tradoc_148003.pdf. Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir teileafóin agus seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuireann siad ar fáil, agus gur seoladh é a sheiceáiltear gach lá. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, mura n-iarrfaidh siad go sainráite na doiciméid uile ón gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide , nó mura gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara dá dtagraítear thuas.
Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:
|
Commission européenne |
|
Direction générale du commerce |
|
Direction G |
|
Bureau: CHAR 04/039 |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
TRON. tdi: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi
|
R-phost: |
TRADE-R772-TC-DUMPING@ec.europa.eu |
|
|
TRADE-R772-TC-INJURY@ec.europa.eu |
6. Sceideal an imscrúdaithe
De ghnáth, cuirfear an t-imscrúdú i gcrích laistigh de 12 mhí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 15 mhí ó dháta foilsithe an Fhógra seo, de bhun Airteagal 11(5) den bhun-Rialachán.
7. Faisnéis a chur isteach
Go hiondúil, ní fhéadfaidh na páirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach ach amháin laistigh de na creata ama a shonraítear i roinn 5 den Fhógra seo.
D’fhonn an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na sprioc-amanna éigeantacha, ní ghlacfaidh an Coimisiún le haighneachtaí ó pháirtithe leasmhara tar éis an sprioc-am chun barúlacha a thabhairt faoin nochtadh deiridh nó, más infheidhme, tar éis an spriocdháta chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh breise.
8. An deis barúlacha a thabhairt maidir le haighneachtaí páirtithe eile
Chun cearta na cosanta a ráthú, ba cheart an deis a bheith ag páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir le faisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile isteach. Agus sin á dhéanamh acu, ní fhéadfaidh páirtithe leasmhara aghaidh a thabhairt ach ar na saincheisteanna a ardaítear in aighneachtaí na bpáirtithe leasmhara eile agus ní fhéadfaidh siad saincheisteanna nua a tharraingt anuas.
Barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chur páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí cinntitheacha, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 5 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis na torthaí cinntitheacha, mura sonraítear a mhalairt. Más ann do nochtadh deiridh breise, na barúlacha a rinne páirtithe leasmhara eile mar fhreagairt ar an nochtadh breise sin, ba cheart iad sin a chur isteach laistigh de 1 lá ón sprioc-am chun tuairim a thabhairt ar an nochtadh breise sin, ach amháin má shonraítear a mhalairt.
Tá an tráthchlár a leagtar amach gan dochar do cheart an Choimisiúin faisnéis bhreise a iarraidh ar pháirtithe leasmhara i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.
9. Síneadh ama leis na teorainneacha ama a shonraítear san Fhógra seo
Féadfar síntí ar theorainneacha ama dá bhforáiltear san Fhógra seo a dheonú arna iarraidh sin do pháirtithe leasmhara a léiríonn cúis chuí.
Níor cheart aon síneadh maidir leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear san Fhógra seo a iarraidh ach amháin in imthosca eisceachtúla, agus ní dhéanfar é a dheonú ach amháin má tá údar cuí leis. In aon chás, aon síneadh a chuirfear leis an sprioc-am chun freagra a thabhairt ar cheistneoirí, beidh sé teoranta do 3 lá, agus mar riail ghinearálta ní rachaidh sé thar 7 lá. Maidir le teorainneacha ama le haghaidh faisnéis eile seachas an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra tionscnaimh a chur isteach, ní rachaidh aon síneadh ama thar 3 lá, mura léirítear gurb ann d’imthosca eisceachtúla.
10. Neamh-chomhoibriú
I gcásanna ina ndiúltaíonn aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí deimhneacha nó diúltacha a thabhairt ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.
I gcás inar léir gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis bhréagach nó mhíthreorach, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus féadfar úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.
Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, más ar na fíorais atá ar fáil atá na torthaí bunaithe i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an toradh chomh fabhrach céanna don pháirtí sin agus a bheadh dá mbeadh sé tar éis comhoibriú.
Mura dtugtar freagra leictreonach, ní mheasfar gur neamh-chomhoibriú é sin, ar choinníoll go léireoidh an páirtí leasmhar go mbeadh ualach breise nó costas breise mí-réasúnach air mar thoradh ar an bhfreagra a thabhairt ar an mbealach a iarradh é. Ba cheart don pháirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach.
11. An tOifigeach Éisteachta
Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí tráchta a iarraidh. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn an imeachta.
Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí nó na páirtithe leasmhara agus seirbhísí an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú ina n-iomláine. Is i scríbhinn ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.
Ní mór aon iarraidh a chur isteach in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do na páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais arb é is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. I gcás ina gcuirtear iarrataí éisteachta isteach lasmuigh de na tréimhsí ábhartha, déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú freisin ar na cúiseanna leis na hiarrataí déanacha sin, ar chineál na saincheisteanna a tarraingíodh anuas agus ar thionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna dea-riaracháin agus do chríochnú tráthúil an imscrúdaithe.
Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://ec.europa.eu/trade/trade-policy-and-you/contacts/hearing-officer/
12. An deis athbhreithniú a iarraidh faoi Airteagal 11(3) den bhun-Rialachán
Ó tharla go dtionscnaítear an t-athbhreithniú éaga seo i gcomhréir le forálacha Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ní leasófar na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair i ngeall ar thorthaí an athbhreithnithe, ach déanfar na bearta sin a aisghairm nó a choinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagal 11(6) den bhun-Rialachán.
Má mheasann aon pháirtí leasmhar go bhfuil údar le hathbhreithniú ar na bearta ar dhóigh a d’fhágfadh go bhféadfaí na bearta a leasú, féadfaidh an páirtí sin athbhreithniú a iarraidh de bhun Airteagal 11(3) den bhun-Rialachán.
Aon pháirtí ar mian leis athbhreithniú den sórt sin a iarraidh, ar athbhreithniú é a dhéanfaí go neamhspleách ar an athbhreithniú a luaitear san Fhógra seo, féadfaidh sé dul i dteagmháil leis an gCoimisiún ag an seoladh a shonraítear thuas.
13. Sonraí pearsanta a phróiseáil
Is i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chaithfear le haon sonraí pearsanta a bhaileofar san imscrúdú seo (18).
Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine aonair ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: http://ec.europa.eu/trade/policy/accessing- markets/trade-defence/
(1) IO C 354, 3.9.2021, lch. 2.
(2) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/942 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cairbíde tungstain, cairbíde tungstain comhleáite agus cairbíde tungstain atá measctha le púdar miotalach ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 142, 2.6.2017, lch. 53).
(4) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 20 Nollaig 2017, SWD(2017) 483 final/2, ar fáil faoi: https://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2017/december/tradoc_156474.pdf.
(5) An 13ú Plean Cúig Bliana maidir le Forbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta Dhaon-Phoblacht na Síne (2016-2020).
(6) An 13ú Plean Cúig Bliana do Thionscal na Miotal Neamhfheiriúil (2016-2020).
(7) An 14ú Plean Cúig Bliana maidir le Forbairt Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta Dhaon-Phoblacht na Síne agus an Achoimre ar na Spriocanna Fadtéarmacha do 2035.
(8) Fógra ón gComhairle Stáit maidir le hEisiúint an tionscnaimh “Made in China (2025)” (Uimh. 28 [2005] ón gComhairle Stáit)
(9) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2019/1267 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí leictreoidí tungstain de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad tar éis athbhreithniú éaga faoi Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1036 (IO L 200, 29.7.2019, lch. 4), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1428 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2020, lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí easbhrúnna alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 336, 13.10.2020, lch. 8), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1812 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí córas leictreoidí graifíte áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 366, 15.10.2021, lch. 62).
(10) Féadfar na doiciméid a luaitear sa tuarascáil tíre a fháil freisin arna iarraidh sin go cuí-réasúnaithe.
(11) IO C 86, 16.3.2020, lch. 6.
(12) Is ionann gach tagairt d’fhoilsiú an Fhógra seo agus tagairt d’fhoilsiú an Fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ach amháin má shonraítear a mhalairt.
(13) Is éard is táirgeoir ann aon chuideachta sa tír lena mbaineann a tháirgeann an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear aon cheann dá chuideachtaí gaolmhara a bhfuil baint aici le táirgeadh, díolacháin náisiúnta nó onnmhairí an táirge faoi athbhreithniú.
(14) Ní féidir ach allmhaireoirí nach bhfuil gaol acu leis na táirgeoirí sa tír(sna tíortha) lena mbaineann a shampláil. Ní mór d’allmhaireoirí atá gaolmhar le táirgeoirí Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gceistneoir le haghaidh na dtáirgeoirí sin a líonadh isteach. I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme, measfar beirt a bheith gaolmhar: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más le tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna le cearta vótála de chuid na beirte acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má stiúrann duine amháin acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) gur baill den teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558). Ní mheasfar daoine a bheith den teaghlach céanna ach amháin má tá siad in aon ghaol acu seo a leanas le chéile: (i) fear céile agus bean chéile, (ii) tuismitheoir agus leanbh, (iii) deartháir agus deirfiúr (más ionann athair agus máthair dóibh nó más ionann tuismitheoir amháin dóibh), (iv) seanathair nó seanmháthair agus garleanbh, (v) uncail nó aintín agus nia nó neacht, (vi) tuismitheoir céile agus cliamhain nó banchliamhain, (vii) deartháir céile agus deirfiúr chéile. I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn “duine” duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chomhlachas daoine nach duine dlítheanach é ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlí a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
(15) Féadfar na sonraí a chuireann allmhaireoirí neamhghaolmhara ar fáil a úsáid freisin i ndáil le gnéithe den imscrúdú sin seachas an dumpáil a chinneadh.
(16) I gcás fadhbanna teicniúla, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Seirbhíse Trádála trí ríomhphost a sheoladh chuig trade-service-desk@ec.europa.eu nó ar an nguthán + 32 2 297 97 97.
(17) Is éard is doiciméad “Íogair” ann doiciméad a meastar é a bheith rúnda de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán agus Airteagal 6 de Chomhaontú EDT maidir le cur chun feidhme Airteagal VI de GATT 1994 (An Comhaontú Frithdhumpála). Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).
(18) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
IARSCRÍBHINN
|
☐ |
Leagan “íogair” (1) |
|
☐ |
Leagan “Lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara” |
|
(cuir tic sa bhosca iomchuí) |
|
ATHBHREITHNIÚ ÉAGA AR NA BEARTA FRITHDHUMPÁLA IS INFHEIDHME MAIDIR LE HALLMHAIRÍ CAIRBÍDE TUNGSTAIN, CAIRBÍDE TUNGSTAIN COMHTHÁITE AGUS CAIRBÍDE TUNGSTAIN A MHEASCTAR GO SIMPLÍ LE PÚDAR MIOTALACH, AR ALLMHAIRÍ IAD DE THIONSCNAMH DHAON-PHOBLACHT NA SÍNE.
FAISNÉIS MAIDIR LE ROGHNÚ SHAMPLA NA DTÁIRGEOIRÍ NEAMHGHAOLMHARA
Tá an fhoirm seo ceaptha chun cabhrú le hallmhaireoirí neamhghaolmhara freagra a thabhairt ar an iarraidh ar fhaisnéis samplála a dhéantar i bpointe 5.3.3. den Fhógra Tionscnaimh.
Ba cheart an leagan “Íogair” agus an Leagan “lena iniúchadh ag páirtithe” leasmhara a thabhairt ar ais don Choimisiún mar a leagtar amach san Fhógra Tionscnaimh.
1. CÉANNACHT AGUS SONRAÍ TEAGMHÁLA
Tabhair na sonraí seo a leanas faoi do chuideachta:
|
Ainm na cuideachta |
|
|
Seoladh |
|
|
Teagmhálaí |
|
|
Seoladh ríomhphoist |
|
|
Uimhir theileafóin |
|
2. LÁIMHDEACHAS AGUS MÉID NA NDÍOLACHÁN
Léirítear láimhdeachas iomlán na cuideachta in euro (EUR), an luach in euro (EUR) agus, maidir leis an táirge faoi athbhreithniú mar a shainmhínítear san Fhógra Tionscnaimh, an méid i dtonaí a bhaineann le hallmhairí chuig an Aontas (2) agus le hathdhíol ar mhargadh an Aontais tar éis allmhairiú ó Dhaon-Phoblacht na Síne, le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin,.
|
|
Tonaí |
Luach in euro (EUR) |
|
Láimhdeachas iomlán do chuideachta féin in euro (EUR) |
|
|
|
Allmhairí den táirge atá faoi athbhreithniú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne |
|
|
|
Allmhairí den táirge atá faoi athbhreithniú (de thionscnamh aon áite) |
|
|
|
Athdhíolacháin ar mhargadh an Aontais tar éis an táirge faoi athbhreithniú a allmhairiú ó Dhaon-Phoblacht na Síne |
|
|
3. GNÍOMHAÍOCHTAÍ DO CHUIDEACHTA FÉIN AGUS CUIDEACHTAÍ GAOLMHARA (3)
Tabhair sonraí faoi ghníomhaíochtaí beachta na cuideachta agus na gcuideachtaí gaolmhara uile (liostaigh iad agus luaigh an bhaint le do chuideachta féin, le do thoil) a bhaineann le táirgeadh agus/nó díol (onnmhairiúcháin agus/nó intíre) an táirge atá faoi athbhreithniú. D’fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin ceannach an táirge atá faoi athbhreithniú nó táirgeadh an táirge faoi shocruithe fochonartha, nó an táirge atá faoi athbhreithniú a phróiseáil nó a thrádáil, agus gníomhaíochtaí nach iad.
|
Ainm na cuideachta agus suíomh na cuideachta |
Gníomhaíochtaí |
Baint le do chuideachta |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
4. FAISNÉIS EILE
Tabhair aon fhaisnéis ábhartha eile a mheasann an chuideachta a bheith úsáideach chun cuidiú leis an gCoimisiún an sampla a roghnú.
5. DEIMHNIÚCHÁN
Tríd an bhfaisnéis thuasluaite a sholáthar, aontaíonn an chuideachta go bhféadfaí í a chur san áireamh sa sampla. Má roghnaítear an chuideachta le bheith mar chuid den sampla, is é a bheidh i gceist leis sin ceistneoir a líonadh isteach agus glacadh le cuairt ar a háitreabh chun a freagra a fhíorú. Má thugann an chuideachta le fios nach n-aontaíonn sí lena cur isteach sa sampla, measfar nár chomhoibrigh sí leis an imscrúdú. Tá torthaí an Choimisiúin d’allmhaireoirí neamh-chomhoibríocha bunaithe ar na fíorais atá ar fáil agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh an toradh chomh fabhrach don chuideachta sin agus a bheadh dá mbeadh comhoibriú déanta aici.
Síniú an oifigigh údaraithe:
Ainm agus teideal an oifigigh údaraithe:
Dáta:
(1) Is le haghaidh úsáid inmheánach amháin atá an doiciméad seo. Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43). Is doiciméad rúnda é de bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO L 176, 30.6.2016, lch. 21), agus de bhun Airteagal 6 de Chomhaontú EDT maidir le cur chun feidhme Airteagal VI de GATT 1994 (an Comhaontú Frithdhumpála).
(2) Is iad seo a leanas 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh: An Bheilg, an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, Málta, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Fhionlainn agus an tSualainn.
(3) I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, measfar beirt a bheith gaolmhar: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más le tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna le cearta vótála de chuid na beirte acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má stiúrann duine amháin acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) gur baill den teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558). Ní mheasfar daoine a bheith den teaghlach céanna ach amháin má tá siad in aon ghaol acu seo a leanas le chéile: (i) fear céile agus bean chéile, (ii) tuismitheoir agus leanbh, (iii) deartháir agus deirfiúr (más ionann athair agus máthair dóibh nó más ionann tuismitheoir amháin dóibh), (iv) seanathair nó seanmháthair agus garleanbh, (v) uncail nó aintín agus nia nó neacht, (vi) tuismitheoir céile agus cliamhain nó banchliamhain, (vii) deartháir céile agus deirfiúr chéile. I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn “duine” duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chomhlachas daoine nach duine dlítheanach é ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlí a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME
An Coimisiún Eorpach
|
1.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 217/28 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10698 – MITSUI / INDOMOBIL / PTL / JV)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 217/05)
1.
An 20 Bealtaine 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:
|
— |
Mitsui & Co. Ltd. (“Mitsui”, an tSeapáin), |
|
— |
PTS Investments LLC (“PTS Investments”, Stáit Aontaithe Mheiriceá), fochuideachta faoi lánúinéireacht ag Penske Truck Leasing Co., L.P (“PTL”, Stáit Aontaithe Mheiriceá) faoi rialú deiridh Penske Corporation (“Penske”,Stáit Aontaithe Mheiriceá), |
|
— |
PT CSM Corporatama (“Indorent”, an Indinéis) a bhaineann le PT Indomobil Sukses Internasional, Tbk (“Indomobil”, an Indinéis), agus, |
|
— |
JV (an Indinéis). |
Gheobhaidh Mitsui, PTS Investments agus Indorent rialú comhpháirteach ar JV de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.
Is trí cheannach scaireanna i gcuideachta nuabhunaithe, ar cuideachta í atá ina comhfhiontar, atáthar ag déanamh an chomhchruinnithe.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann agus an chomhfhiontair nuabhunaithe:|
— |
Mitsui: cuideachta trádála, bainistíochta gnó agus forbartha tionscadail, atá gníomhach in earnálacha éagsúla, lena n-áirítear na hearnálacha seo a leanas: (i) táirgí iarainn agus cruach; (ii) acmhainní mianracha agus miotail; (iii) tionscadail bhonneagair; (iv) soghluaisteacht; (v) ceimiceáin bhunúsacha; (vi) ceimiceáin feidhmíochta; (vii) fuinneamh; (viii) acmhainní bia; (ix) seirbhísí tomhaltóirí; agus (x) TF agus forbairt cumarsáide/chorparáideach, |
|
— |
PTS Investments: fochuideachta faoi lánúinéireacht ag PTL, a chuireann seirbhísí iompair agus seirbhísí slabhra soláthair ar fáil, |
|
— |
Indorent: fochuideachta faoi lánúinéireacht ag Indomobil, monaróir gluaisteán agus gluaisrothar. Cuireann Indorent seirbhísí iompair agus seirbhísí cíosa feithicle le haghaidh custaiméirí corparáideacha ar fáil, |
|
— |
JV: comhfhiontar láithreán úrnua a bhunófar agus a fheidhmeoidh sa ghnó tráchtála léasaithe feithiclí san Indinéis. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10698 – MITSUI / INDOMOBIL / PENSKE / JV
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
|
1.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 217/30 |
Foilsiú an doiciméid aonair leasaithe tar éis mionleasú a fhormheas de bhun an dara fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012
(2022/C 217/06)
Tá an mionleasú sin formheasta ag an gCoimisiún Eorpach i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 6(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún (1).
Is féidir an t-iarratas ar fhormheas an mhionleasaithe seo a fheiceáil i mbunachar sonraí eAmbrosia de chuid an Choimisiúin.
DOICIMÉAD AONAIR
“Cordero Manchego”
Uimh AE: PGI-ES-0047-AM03 – 1.12.2020
STFC ( ) TGFC (X)
1. Ainm
“Cordero Manchego”
2. Ballstát nó tríú tír
an Spáinn
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia
3.1. Cineál táirge
Aicme 1.1. Feoil úr (agus scairteach)
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Go heisiach feoil úr uain de phór Manchego, gan beann ar ghnéas. Conablaigh san catagóirí “Breis” agus “Céad”, arb idir 10 kg agus 15 kg a meáchan i gcás an chineáil “Recental” (uain óga) nó idir 5 kg agus 8 kg i gcás an chineáil “Lechal” (uan diúil) (1 kg níos lú más gan cheann agus gan inní atá siad) agus próifíl fhadaithe, cruth beagán maolaithe agus coibhneas comhchuí orthu. Feoil atá idir trua agus measartha sailleach. Saill a bhfuil dath bánbhuí uirthi agus comhsheasmhacht dhaingean inti. Feoil a bhfuil dath bándearg éadrom uirthi, atá an-bhog súmhar agus a bhfuil boladh pléisiúrtha uirthi.
3.3. Beatha (i gcás táirgí de bhunadh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)
Ní mór na huain a bheathú i gcrónna ar bhainne cíche amháin, ad libitum, arna bhforlíonadh le tuí bán agus ar thiúcháin atá ceadaithe ag an gComhairle Rialála, go dtí gur féidir iad a bhaint de dhiúl agus a bheathú ar thuí bán agus na tiúcháin thuasluaite amháin.
3.4. Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe
Ní mór na huain a bheathú agus a ramhrú laistigh den limistéar geografach sainaitheanta.
3.5. Sainrialacha maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
–
3.6. Sainrialacha i leith lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Na conablaigh a chosnaítear le TGFC, déantar iad a mharcáil le stampa dúigh dhoscriosta, ar a bhfuil na litreacha “CM”, ar na lorgaí, na heasnacha agus na guaillí agus déantar iad a lipéadú le huimhir ar leith lena léirítear lógó na Comhairle Rialála. Bíonn éagsúlacht ar na dathanna ag braith ar an gcineál “Cordero Manchego” [Recental (uan óg) nó Lechal (uan diúil)].
Lógó an Bhoird Rialála le haghaidh an chineáil “Cordero Manchego” TGFC, “Recental” (uan óg)
Lógó an Bhoird Rialála le haghaidh an chineáil “Cordero Manchego” TGFC, “Recental” (uan diúil)
4. Sainiú gonta ar an limistéar geografach
Cumhdaítear leis an limistéar táirgthe nó pórúcháin ina ndéantar feirmeoireacht ar phór Manchego limistéar geografach La Mancha, arb é atá ann, na ceantair seo a leanas:
|
1. |
Albacete: Mancha, Manchuela, Centro agus Almansa. |
|
2. |
Ciudad Real: Mancha, Campo de Calatrava agus Campo de Montiel. |
|
3. |
Cuenca: Manchuela, Mancha Baja agus Mancha Alta. |
|
4. |
Toledo: La Mancha Achar 79 230 km2 atá in Castile-La Mancha agus is é an tríú Comhphobal Uathrialach is mó sa Spáinn |
5. Nasc leis an limistéar geografach
Is ar shaintréithe na feola úire ar feoil í nach dtagann ach ó uain de phór Manchego atá an nasc idir TGFC “Cordero Manchego”[agus an limistéar geografach] bunaithe. Tá an fheoil idir trua agus measartha sailleach, tá dath bánbhuí ar an tsaill agus tá comhsheasmhacht dhaingean inti. Bíonn dath bándearg éadrom ar an bhfeoil. Tá dath bándearg éadrom uirthi, tá sí an-bhog súmhar agus tá boladh pléisiúrtha uirthi.
5.1. Sainiúlacht an limistéir gheografaigh
Is steip ársa atá in La Mancha, a ndearna na Rómhánaigh féar easpartó a shaothrú uirthi agus ar thug na hArabaigh “Manyá” uirthi arb é is brí leis “talamh gan uisce”. Leis an dá ainm sin léirítear go soiléir saintréith an réigiúin.
Cé gur measadh go traidisiúnta gur machaire atá in Castile-La Mancha (i bhfianaise gurb é an ghné is suntasaí atá ann limistéar geografach La Mancha), is é rud é gur cosúla é le hardchlár ardaithe a bhfuil sléibhte cliathacha ann; tá dhá thrian dá achar ar airde 600 m agus ní ísle aon chuid de ná 200 m os cionn leibhéal na farraige. Dá bhrí sin is limistéar ard cothrom den chuid is mó atá sa dúiche agus tá limistéir shléibhtiúla ar imeall an réigiúin agus sa cheantar intíre rud a fhágann gurb ann d’éagsúlacht mhór gnéithe topagrafacha agus tírdhreacha.
I dtéarmaí geolaíochta is é atá ann machaire atá déanta de dhríodar Méicéineach, ar airde idir 650 méadar agus 800 méadar os cionn leibhéal na farraige. Forbraíonn locháin mhóra agus linnte móra éadoimhne ar fud an mhachaire chothroim le linn an tséasúir báistí agus coinnítear an t-uisce ansin ar feadh tréimhse áirithe ama.
Is iad príomhaibhneacha an cheantair an Tagus, réimsí uachtaracha an Guadiana, réimsí uachtaracha agus láir an Júcar, an Záncara, an Cigüela, an Jabalón agus an Riánsares, a mbaintear úsáid leathan astu, in ainneoin gur cúrsaí uisce an-chorrach atá acu, le haghaidh uisciúcháin, le blianta beaga anuas go háirithe, chun achair fhairsinge talún a uisciú.
In anailís ar an meánteocht bliantúil le haghaidh ceithre lonnaíocht sa réigiún léirítear go bhféadfadh an fhíor-uasteocht a bheith os cionn 35 oC i rith an tsamhraidh. Is í mí Iúil an mhí is teo agus is féidir an mhéanteocht a bheith chomh hard le 25 oC.
De ghnáth bíonn an mheánfhrasaíocht bhliantúil gar do 400 mm i gcomparáid le meánfhrasaíocht 600 mm sa Spáinn ina hiomláine. Ní hé amháin go mbíonn an bháisteach gann ach bíonn sí dáilte go míchothrom. Ar an gcéad dul síos, is de dheasca míchothomaíocht báistí nach beag ó bhliain go bliain a tharlaíonn sin agus is é an toradh a bhíonn air sin gur mór an difríocht idir na méideanna báistí a thiteann ó sheicheamh aeráide amháin go céile. Ar an dara dul síos, maidir leis an dáileadh báistí; is é an samhradh an séasúr is tirime, nuair nach dtiteann ach 10-15 % den bháisteach bhliantúil. De mhalairt air sin, is iad an t-earrach agus an fómhar na séasúir is fliche de ghnáth.
5.2. Sainiúlacht an táirge
Is iad réimeas bia éagsúlaithe an uain, a fhaightear trí innilt i limistéir thura. agus gnéithe sonracha an phóir féin is cúis le saintréithe na feola i dtéarmaí a súmhaireachta, a datha agus a blais atá bainteach lena tionscnamh.
5.3. Nasc cúisíoch idir an limistéar geografach agus cáilíocht nó tréithe an táirge (i gcás STFC) nó cáilíocht shonrach, cáil nó saintréith eile an táirge (i gcás TGFC)
Is speiceas dúchasach de chineál caorach é an pór Manchego a chuaigh in oiriúint don réigiún sin ó thús ama agus tá sé ar cheann de na príomhfhoinsí saibhris sa cheantar. D’éirigh leis leanúint de bheith ina phór folaíochta saor ó chrosphórú agus chuaigh sé in oiriúint le himeacht ama d’innilt i limistéir thirime. Saothraíonn sé acmhainní nádúrtha an limistéir, flóra, féarach, foráiste, branar, coinleach agus scrobarnach; Is iad réimeas bia éagsúlaithe agus gnéithe sonracha an phóir féin is cúis le saintréithe na feola i dtéarmaí a súmhaireachta, a datha agus a blais atá bainteach lena tionscnamh.
Tá uain de phór caorach Manchego a ndíol ar an margadh ó aimsir an tseansaoil i leith. Is é rud é dá bharr sin go bhfuil barr feabhais curtha ar na cleachtais phórúcháin agus ramhraithe chun sárcháilíochtaí na feola a thabhairt chun cinn, rud is traidisiúnta in La Mancha.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge
https://pagina.jccm.es/agricul/paginas/comercial-industrial/consejos_new/pliegos/Pliego_Condiciones_CM_Modificado_20200619.pdf