ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 093I |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
Clár |
Leathanach |
|
|
IV Fógraí |
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2022/C 93 I/01 |
GA |
|
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
28.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 93/1 |
Fógra d’allmhaireoirí
Allmhairiú earraí isteach san Aontas, arb earraí iad atá de thionscnamh na limistéar nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Lugansk na hÚcráine
(2022/C 93 I/01)
Le Rialachán (AE) 2022/263 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aitheantas a bheith tugtha do na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Lugansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha na Rúise a chur chun na limistéar sin, tugadh isteach toirmeasc ar earraí de thionscnamh na limistéar sin a allmhairiú isteach san Aontas Eorpach ón lá tar éis lá a fhoilsithe (1).
Moltar d’allmhaireoirí san Aontas cúram cuí a ghlacadh chun tionscnamh iarbhír na n-earraí a dhearbhóidh siad a fhionnadh ós rud é go bhfuil rioscaí ann go ndéanfar earraí atá faoi réir an toirmisc dá bhforáiltear sa Rialachán thuasluaite a allmhairiú isteach san Aontas ó thíortha comharsanachta na hÚcráine, ón Rúis agus ón mBealarúis go háirithe. D’fhéadfadh sé seo a bheith amhlaidh go háirithe i gcás táirgí guail atá faoi cheannteideal AC 2701 agus táirgí cruach atá faoi cheannteidil AC 7201 go 7207 agus atá faoi cheannteidil AC 7304, 7305 agus 7306. I bhfianaise riosca an inchéimnithe sin, maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht na dtáirgí sin a allmhairítear ón Rúis agus ón mBealarúis, féadfaidh sin a bheith faoi réir fianaise dhoshéanta a sholáthar do lucht custaim, fianaise á rá nach bhfuil na hearraí sin san áireamh faoin toirmeasc ar allmhairiú earraí de thionscnamh na limistéar nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiún Donetsk agus Lugansk na hÚcráine.