ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 093I

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
28 Feabhra 2022


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 93 I/01

Fógra d’allmhaireoirí — Allmhairiú earraí isteach san Aontas, arb earraí iad atá de thionscnamh na limistéar nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Lugansk na hÚcráine

1


GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

28.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CI 93/1


Fógra d’allmhaireoirí

Allmhairiú earraí isteach san Aontas, arb earraí iad atá de thionscnamh na limistéar nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Lugansk na hÚcráine

(2022/C 93 I/01)

Le Rialachán (AE) 2022/263 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aitheantas a bheith tugtha do na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Lugansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha na Rúise a chur chun na limistéar sin, tugadh isteach toirmeasc ar earraí de thionscnamh na limistéar sin a allmhairiú isteach san Aontas Eorpach ón lá tar éis lá a fhoilsithe (1).

Moltar d’allmhaireoirí san Aontas cúram cuí a ghlacadh chun tionscnamh iarbhír na n-earraí a dhearbhóidh siad a fhionnadh ós rud é go bhfuil rioscaí ann go ndéanfar earraí atá faoi réir an toirmisc dá bhforáiltear sa Rialachán thuasluaite a allmhairiú isteach san Aontas ó thíortha comharsanachta na hÚcráine, ón Rúis agus ón mBealarúis go háirithe. D’fhéadfadh sé seo a bheith amhlaidh go háirithe i gcás táirgí guail atá faoi cheannteideal AC 2701 agus táirgí cruach atá faoi cheannteidil AC 7201 go 7207 agus atá faoi cheannteidil AC 7304, 7305 agus 7306. I bhfianaise riosca an inchéimnithe sin, maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht na dtáirgí sin a allmhairítear ón Rúis agus ón mBealarúis, féadfaidh sin a bheith faoi réir fianaise dhoshéanta a sholáthar do lucht custaim, fianaise á rá nach bhfuil na hearraí sin san áireamh faoin toirmeasc ar allmhairiú earraí de thionscnamh na limistéar nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiún Donetsk agus Lugansk na hÚcráine.


(1)  IO L 42 I, 23.2.2022, lch. 77.