ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 61 |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
Clár |
Leathanach |
|
|
I Rúin, moltaí agus tuairimí |
|
|
RÚIN |
|
|
Coiste na Réigiún |
|
|
Cruinniú hibrideach ar Interactio – an 146ú Seisiún Iomlánach de CnaR, 12.10.2021-14.10.2021 |
|
2022/C 61/01 |
||
2022/C 61/02 |
||
|
TUAIRIMÍ |
|
|
Coiste na Réigiún |
|
|
Cruinniú hibrideach ar Interactio – an 146ú Seisiún Iomlánach de CnaR, 12.10.2021-14.10.2021 |
|
2022/C 61/03 |
||
2022/C 61/04 |
||
2022/C 61/05 |
||
2022/C 61/06 |
||
2022/C 61/07 |
||
2022/C 61/08 |
|
III Gníomhartha ullmhúcháin |
|
|
Coiste na Réigiún |
|
|
Cruinniú hibrideach ar Interactio – an 146ú Seisiún Iomlánach de CnaR, 12.10.2021-14.10.2021 |
|
2022/C 61/09 |
Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Céannacht Dhigiteach Eorpach |
GA |
|
I Rúin, moltaí agus tuairimí
RÚIN
Coiste na Réigiún
Cruinniú hibrideach ar Interactio – an 146ú Seisiún Iomlánach de CnaR, 12.10.2021-14.10.2021
4.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 61/1 |
Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir le Baraiméadar Bliantúil Réigiúnach agus Áitiúil an Aontais (2021)
(2022/C 61/01)
TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN,
— |
ag féachaint dá tuarascáil “Baraiméadar Bliantúil Réigiúnach agus Áitiúil 2021”, bunaithe ar chur chuige cuimsitheach fíorasach atá bunaithe ar fhianaise, agus a mbeidh baint ag comhpháirtithe agus institiúidí iomadúla leis; |
— |
de bhrí gurb é cuspóir na tuarascála machnamh a dhéanamh ar an ngné réigiúnach agus áitiúil de Staid an Aontais agus fianaise agus príomh-mholtaí a chur ar fáil do na cinnteoirí polaitiúla ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil maidir leis na dúshláin is práinní a bheidh ann sa bhliain atá romhainn amach; |
— |
de bhrí go raibh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ag an túslíne chun an phaindéim a chomhrac agus chun bearta a chur chun feidhme freisin d’fhonn tacú le daoine agus le cuideachtaí agus d’fhonn an téarnamh inbhuanaithe céimneach a ullmhú; |
— |
de bhrí gur léiríodh i dTuarascáil 2020 ar an mBaraiméadar go raibh –agus go bhfuil – tionchar ilghnéitheach ghéarchéim COVID-19 an-neamhshiméadrach agus go bhfuil gné láidir chríochach ag baint leis, agus go bhfuil gá doshéanta le tuiscint níos caolchúisí a bheith ann ar an gcaoi a dtéann an phaindéim i bhfeidhm ar an bhforbairt áitiúil agus réigiúnach:
|
An Bhruiséil, 13 Deireadh Fómhair 2021.
Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún
Apostolos TZITZIKOSTAS
4.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 61/5 |
Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir le COP26 agus na comhghuaillíochtaí domhanda agus áitiúla don ghníomhaíocht aeráide
(2022/C 61/02)
TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN,
1.
an-imníoch faoi na torthaí a cuireadh i láthair sa tuarascáil is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) Climate Change 2021 – The Physical Science Basis (1), lena ndeimhnítear a phráinní atá sé straitéisí éifeachtacha agus cuimsitheacha a chur i bhfeidhm chun cuspóir Chomhaontú Pháras a bhaint amach, is é sin an téamh domhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 chéim Celsius, nó 1,5 céim Celsius más féidir, i gcomparáid le leibhéil réamhthionsclaíocha, le gur féidir an t-athrú aeráide a chomhrac, síorathrú na haeráide a mhaolú agus oiriúnú don athrú sin;
2.
á chur i bhfios go láidir gurb iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chuireann 70 % de reachtaíocht uile an Aontais Eorpaigh, 70 % de na bearta uile maidir le maolú ar an athrú aeráide, 90 % de na beartais uile maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, agus 65 % de na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna) chun feidhme, rud a sheasann d’aon trian den chaiteachas poiblí agus do dhá thrian den infheistíocht phoiblí san Aontas Eorpach. Dá réir sin, tá siad ar an líne thosaigh agus iad ag tabhairt aghaidh ar impleachtaí an athraithe aeráide ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach agus ag cur leis an tseasmhacht atá ina gcríocha i gcoinne na ndúshlán aeráide;
3.
á athdhearbhú go n-aithnítear le Comhaontú Pháras an ról tábhachtach atá ag an rialachas il-leibhéil sna beartais aeráide agus an gá le caidreamh leis na réigiúin, na cathracha agus le gníomhaithe neamhstáit; á éileamh go gcuirfear an prionsabal seo i bhfeidhm go hiomlán sa chleachtas ar gach leibhéal rialtais le go bhféadfar sineirgí a chruthú agus na bearnaí atá ann idir na beartais aeráide ar an leibhéal náisiúnta, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal áitiúil a dhúnadh; á chur i bhfáth go bhfuil guth na n-údarás áitiúil agus réigiúnach níos láidre anois ná mar a bhí in idirbheartaíocht agus i dtionscnaimh idirnáisiúnta a bhaineann leis an athrú aeráide; á chur in iúl gur díol sásaimh dó na tionscnaimh atá idir lámha ag líonraí na n-údarás áitiúil agus réigiúnach faoi láthair agus an t-ionchur uathu i Limistéar Gníomhaithe Neamh-Stáit Unfccc um Ghníomhú ar son na hAeráide (NAZCA); á chur chun suntais an ról tábhachtach atá ag na Rialtais Áitiúla agus na hÚdaráis Bhardasacha (LGMA) maidir leis na guthanna sin a thabhairt le chéile ar bhonn domhanda agus líonra domhanda de rialtais fhonáisiúnta atá toilteanach cur i gcoinne an athraithe aeráide a threisiú go leanúnach;
4.
den tuairim gur príomhchoinníoll chun spriocanna domhanda aeráide a bhaint amach é ról níos tábhachtaí a thabhairt do ghníomhaithe neamhstáit a bhfuil tábhacht pholaitiúil leo agus a thoghtar go daonlathach, amhail údaráis áitiúla agus réigiúnacha arb iad na húdaráis is gaire don phobal iad, sa chóras domhanda rialachais aeráide agus go bhfuil sé riachtanach, dá bhrí sin, go n-aithneofaí an cineál sin rialachais ón mbun aníos i gcreat rialála Unfccc trína ról sa phróiseas cinnteoireachta a aithint go foirmiúil;
5.
á chur chun suntais an ról ríthábhachtach atá ag CnaR mar ionadaí institiúideach breis agus aon mhilliún ceannaire áitiúil agus réigiúnach agus mar “líonra líonraí”; den tuairim gur cheart béim a chur ar an ról uathúil sin le go bhféadfaidh CnaR cur leis an bpáirt atá aige i gcóras domhanda rialachais na haeráide; ag iarraidh, dá bhrí sin, ar Unfccc Meamram Tuisceana a leagan síos i gcomhar le Coiste Eorpach na Réigiún, ina cháil siúd mar ionadaí institiúideach chathracha agus réigiúin na hEorpa, ina ndíreofaí go háirithe ar mhaolú an athraithe aeráide agus ar an oiriúnú don athrú sin in earnálacha ina bhfuil na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha go mór san áireamh cheana sa chóras rialachais, amhail soláthar agus éileamh fuinnimh, an tsoghluaisteacht agus an t-iompar, an talmhaíocht, bainistiú dramhaíola, pleanáil uirbeach agus foirgnimh, agus bainistiú tuilte;
6.
á chur i bhfáth gur cheart ról láidir a bheith ag gníomhaíochtaí agus gealltanais leanúnacha na réigiún agus na gcathracha sna hullmhúcháin do COP26 de chuid Unfccc i nGlaschú agus gur cheart infheictheacht oifigiúil a bheith acu ag an gcomhdháil sin; á iarraidh, dá bhrí sin, ar Unfccc comhoibriú le CnaR agus le comhpháirtithe ábhartha eile as LGMA d’fhonn aitheantas foirmiúil a thabhairt don rannchuidiú a dhéanann rialtais fhonáisiúnta (i.e. rannchuidithe arna gcinneadh go réigiúnach agus go háitiúil (RLDCanna)) maidir leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá á dhéanamh ag cathracha, rialtais áitiúla agus réigiúin ar fud an domhain a aithint go foirmiúil, a spreagadh agus faireachán a dhéanamh air – agus Dearbhú Dhún Éideann maidir leis an mbithéagsúlacht á úsáid mar eiseamláir;
7.
á iarraidh ar Uachtaránacht na Ríochta Aontaithe ar COP26 a áirithiú go bhfágfaidh na bearta sláintíochta maidir le COVID-19 atá beartaithe go mbeidh gníomhaithe neamhstáit in ann ról gníomhach a imirt in oibreacha COP26 i nGlaschú; á iarraidh, ina fhianaise sin, ar an gCoimisiún Eorpach a áirithiú gur leor an pháirt agus an ról a bheidh ag toscaireacht CnaR, mar chuid de thoscaireacht AE chuig COP26; ag cur a thiomantais in iúl an athuair comhoibriú le toscaireacht Pharlaimint na hEorpa;
8.
á chur i bhfáth go bhfuil fís an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, is é sin an chéad ilchríoch aeráidneodrach a dhéanamh den Eoraip faoi 2050, i bhfeidhm go hinmheánach trí chritéir inbhuanaitheachta a chomhtháthú i ngach beartas de chuid AE, rud a bheidh ina eiseamláir ar an leibhéal domhanda; á chur i bhfios go láidir gur cheart don Chomhaontú Glas don Eoraip agus na tionscnaimh áitiúla agus réigiúnacha faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Ghlais a bheith ina n-ionstraimí lenar féidir spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach, Clár Oibre 2030 agus SDGanna na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme ina n-iomláine agus rannchuidiú uaillmhianach de chuid an Aontais a dhéanamh leis an gCreat Domhanda Bithéagsúlachta tar éis 2020, rud a chinnfear le linn COP15 Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht (2). An tráth céanna a bhainfear amach an aeráidneodracht, ba cheart don Chomhaontú Glas don Eoraip a bheith inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de agus gan ualaí móra ná costais mhóra a chur ar thomhaltóirí ná ar ghnólachtaí;
9.
den tuairim láidir gur deis é COP26 de chuid Unfccc breathnú chun cinn agus an bealach a réiteach do chlár oibre uaillmhianach domhanda in 2050, agus Comhaontú Pháras ag comhlánú chur chuige na SDGanna. Ós rud é go bhfuil na naisc shistéamacha le go leor réimsí beartais ábhartha san áireamh cheana sa Chomhaontú Glas don Eoraip, d’fhéadfadh sé, dá gcuirfí chun feidhme i gceart é, go spreagfadh sé Comhaontú Glas Domhanda;
10.
á iarraidh ar na Páirtithe in Unfccc riail bhreise a chur leis na rialacha maidir leis an athbhreithniú domhanda, is é sin go mbeadh sé de dhualgas ar na Páirtithe dul i gcomhairle leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus iad i mbun a n-aighneacht a dhréachtú; á iarraidh, go háirithe, ar na Páirtithe an leibhéal fonáisiúnta a chur san áireamh san athbhreithniú ar a NDCanna roimh na cruinnithe COP trí chóras idirphlé náisiúnta a bhunú;
11.
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go stiúrfadh an tAontas Eorpach na cainteanna domhanda i bhfianaise an bheartais aeráide uaillmhianaigh agus chuimsithigh atá aige; á aithint, dá bhrí sin, go bhfuil an Dlí Aeráide Eorpach ina chomhartha agus ina thiomantas doshéanta a fhágann go bhfuil an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta sa ghníomhaíocht aeráide; á áitiú freisin, ina leith sin, nach gcuirfidh na huaillmhianta a bhaineann leis an aeráid coimhthíos breise ar na saoránaigh de thoradh ciorrú mór ar a mbuiséid teaghlaigh, toisc an-dochar a bheith déanta ag paindéim COVID-19 do chuid mhaith díobh cheana. Níor cheart gurbh ar shaoránaigh ná ar ghnólachtaí beaga a thitfeadh sé an costas a bhaineann le pacáistí beartais uaillmhianacha a ghlanadh;
12.
á chur i bhfáth, ina leith sin, go raibh éigeandáil aeráide fógartha cheana ag a lán réigiúin Eorpacha sular fhógair Parlaimint na hEorpa an éigeandáil aeráide agus go bhfuil a ndlíthe uaillmhianacha féin maidir leis an aeráid tugtha isteach cheana ag a lán de na réigiúin sin; den tuairim láidir, dá bhrí sin, gur cheart saineolas na réigiún sin a bheith níos lárnaí sa taidhleoireacht dhomhanda maidir leis an aeráid;
13.
ag iarraidh oiriúnú agus cur chun feidhme níos gasta a dhéanamh ar na misin AE “An tOiriúnú don Athrú Aeráide” agus “Cathracha Aeráidneodracha” agus ar mhisin ábhartha eile ar nós na hithreach, na sláinte agus na n-aigéan, a luaithe a fhormhuineofar iad; á iarraidh ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a straitéisí oiriúnaithe agus maolaithe féin maidir leis an aeráid a ullmhú chun cur le cosaint agus le hathléimneacht na bpobal áitiúil agus na ngnáthóg nádúrtha (3);
14.
ag éileamh bearta sonracha chun tacú leis na spriocanna sin, lena n-áiritheofar nach bhfágfar aon réigiún ná saoránach ar lár, agus lántacaíocht á tabhairt ag CnaR d’uaillmhian chreat aeráide an Aontais. Tá gá le haird faoi leith agus breis tacaíocht thiomnaithe i gcás na réigiún guail, na réigiún atá dian ar charbón, na réigiún lagfhorbartha agus na n-oileán;
15.
á chur in iúl gur díol sásaimh dó seoladh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa agus iarrann sé an Comhaontú Glas don Eoraip a bheith ina ábhar lárnach sa Chomhdháil toisc tionchar díreach a bheith ag an athrú aeráide, ag an aistriú cóir agus ag an bhforbairt inbhuanaithe ar an ngeilleagar, ar an tsláinte phoiblí agus ar dhea-bhail shaoránaigh an Aontais; den tuairim, sa chomhthéacs sin, go bhféadfaidh an Comhshocrú Aeráide Eorpach ról tábhachtach a imirt agus a bheith ina dhea-chleachtas a fhéadfar a athchruthú ar fud an domhain;
16.
ullamh le sraith den Chomhphlé leis na Saoránaigh agus lá téamach ar an nGníomhaíocht Aeráide Áitiúil a eagrú i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach, le Parlaimint na hEorpa agus le heagraíochtaí ábhartha eile, d’fhonn breisluach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chur i láthair an phobail, chomh maith le tionscnaimh áitiúla éagsúla a chur ar taispeáint. Ag an am céanna, iarrann sé an athuair ar chomhaltaí CnaR ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla agus COPanna áitiúla agus réigiúnacha a chur chun cinn;
17.
á iarraidh ar na Páirtithe uile in Unfccc, i gcomhar le rialtais fhonáisiúnta agus gníomhaithe neamhstáit, rannchuidiú ar bhealach dearfach leis an bpróiseas ullmhúcháin do COP26 trí, i measc nithe eile, comhlachtaí comhairleacha áitiúla, coinbhinsiúin na saoránach, COPanna áitiúla agus réigiúnacha, chomh maith le hinstitiúidí leathfhoirmiúla, amhail comhairlí agus parlaimintí áitiúla agus réigiúnacha don óige, a chur chun cinn;
18.
ag leagan béim ar a thábhachtaí atá taighde agus bailiú sonraí maidir le héagsúlachtaí aeráide atá tuartha i réigiúin éagsúla, agus maidir le samhaltú aeráide agus measúnuithe tionchair aeráide chun beartais aeráide atá bunaithe ar fhianaise a fhorbairt lena n-urramaítear freisin prionsabal na neodrachta teicneolaíche; den tuairim gur gá borradh a chur faoin gcomhar idir-réigiúnach chun cúnamh agus cosaint a thabhairt do na réigiúin agus do na grúpaí saoránach is leochailí;
19.
ag tacú le forbairt ardán áitiúil eolaíochta maidir leis an athrú aeráide (atá ann cheana i réigiúin éagsúla agus a bhfuil ról “IPCC áitiúil” acu) agus lena gcomhtháthú i líonraí comhroinnte faisnéise chun comhar a spreagadh le heolaithe agus chun tacú le próiseas cinnteoireachta na n-oifigeach sin a thoghtar go háitiúil;
20.
á chur i bhfáth nach eol go fóill do go leor cathracha agus réigiún, ainneoin gníomhaíochtaí uaillmhianacha a bheith á ndéanamh acu, cén leibhéal d’astaíochtaí gás ceaptha teasa atá nó a bhí acu agus nach bhfuil anailís ar a leochaileacht i leith athrú aeráide acu, rud a fhágann go bhfuil sé deacair dóibh a n-iarrachtaí a chainníochtú agus a chur i gcomparáid; á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, go háirithe trí leas iomlán a bhaint as gníomhaireachtaí fuinnimh áitiúla agus réigiúnacha, ar an Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) agus ar an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, i gcomhar leis na seirbhísí náisiúnta a bhíonn ag tarraingt suas na bhfardal d’astaíochtaí gás ceaptha teasa, tacú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus iad i mbun meastóireacht agus tuairisciú ar astaíochtaí, i mbun anailís ar phríomhéifeachtaí an athraithe aeráide ina limistéar féin agus i mbun pleananna gníomhaíochta aeráide a tharraingt suas, agus gealltanais a thabhairt ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, e.g. páirt a ghlacadh i gCúnant na Méaraí, agus a n-iarrachtaí a aithint trí Chistí Eorpacha a sholáthar;
21.
á chur in iúl gur díol sásaimh dó an obair atá ar bun ag Unfccc maidir le húsáid an fhuinnimh in-athnuaite a leagan síos mar réamhriachtanas do chosaint rathúil na haeráide; den tuairim go dteastaíonn spriocanna agus bearta uaillmhianacha maidir le cur chun cinn an fhuinnimh in-athnuaite mar aon le pleanáil bonneagair dhíláraithe ar mhórscála le go bhféadfar an fuinneamh in-athnuaite a scaipeadh go forleathan sna blianta beaga amach romhainn;
22.
á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach comhoibriú le CnaR chun scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh na pleananna gníomhaíochta aeráide réigiúnacha feidhmiú mar RLDCanna lena soláthrófaí rannchuidithe áitiúla le Comhaontú Pháras agus a bheadh aitheanta go hoifigiúil mar chomhlánú ar na NDCanna, agus aird ar leith á tabhairt ar áireamh dúbailte a sheachaint. Mar phointe tosaigh, ba cheart do na RLDCanna a bheith ina ndlúthchuid de na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide trí athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh;
23.
ag tacú, i bhfianaise an méid sin, leis an gComhchreat Tuairiscithe atá ag Cúnant Domhanda na Méaraí mar chéim i dtreo inchomparáideacht na n-iarrachtaí áitiúla agus réigiúnacha agus iarrann CnaR ar an gCoimisiún Eorpach tuilleadh tacaíochta a thabhairt do thionscnaimh amhail Cúnant na Méaraí don Aeráid agus d’Fhuinneamh agus cur leis na tionscnaimh sin, laistigh agus lasmuigh den Aontas;
24.
den tuairim nach mór cur chun feidhme áitiúil na mbeart aeráide a chomhlánú agus a shaibhriú trí chomhroinnt faisnéise, trí phiarfhoghlaim agus trí éagsúlacht na gcríoch a chur san áireamh. Tá ríthábhacht le líonraí agus comhghuaillíochtaí na ngníomhaithe áitiúla agus réigiúnacha le gur féidir cur leis an eolas ar an leibhéal réigiúnach, an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal domhanda;
25.
tiomanta leanúint den chomhar a neartú idir CnaR agus comhlachais dhomhanda, Eorpacha agus náisiúnta na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, pobail geallsealbhóirí as réigiúin agus cathracha, na parlaimintí náisiúnta, agus gníomhaithe eile;
26.
á chur in iúl gur mór aige an comhar idirinstitiúideach agus breis sineirgí lena chomhpháirtithe, amhail na parlaimintí réigiúnacha trí Chomhdháil na dTionól Reachtach Réigiúnach san Eoraip (CALRE), an tionscnamh RLEG arna chur chun cinn ag grúpa réigiún a bhfuil cumhachtaí reachtúla acu, an líonra RegHub agus líonra na Comhghuaillíochta um Chomhtháthú (#CohesionAlliance), feachtas CnaR maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, polaiteoirí tofa óga trí chlár ar leith (YEP), polaiteoirí áitiúla agus réigiúnacha atá i bhfeighil ionaid Europe Direct agus an treoirthionscadal BELE (Building Europe with Local Entities);
27.
ag cur i bhfáth ról an airgeadais i ngnóthú cuspóirí aeráide agus oiriúnaithe don athrú aeráide agus an gá do na rialtais áitiúla oibriú i gcomhar leis an earnáil phríobháideach agus le hinstitiúidí airgeadais chun infheistíochtaí inbhuanaithe a scaoileadh i gcomhréir le huaillmhianta maidir le bheith saor ó astaíochtaí, saor ó thruailliú, gan ach a laghad dramhaíola agus is féidir a bheith ann agus oiriúnú don athrú aeráide; á iarraidh athuair go mbeadh teacht díreach ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha ar chistí AE dá dtionscadail faoin gComhaontú Glas; á mholadh don Choimisiún clár sonrach nuálaíochta aeráide a bhunú do rialtais áitiúla;
28.
den tuairim go bhfuil an t-uirbiú domhanda ina chroí-earnáil aeráide don Ghníomhaíocht Aeráide agus don Airgeadas (4); á thabhairt dá aire, i bhfianaise an mhéadaithe ar an uirbiú, an ról mórthábhachtach atá ag na cathracha maidir leis an aeráidneodracht a bhaint amach toisc gur ionaid tástála iad don nuálaíocht agus do mhodhanna nua cur chuige chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú dó, go háirithe a fhad a bhaineann sé leis an bpleanáil spásúlachta, an tsoghluaisteacht inbhuanaithe, tithíocht inacmhainne agus foirgnimh atá tíosach ar fhuinneamh; ag cur a thacaíochta in iúl an athuair do thionscnaimh atá dírithe ar dhea-chleachtais agus aistriú eolais a chur ar taispeáint, amhail an misean maidir le Cathracha Aeráidneodracha de chuid an chláir Fís, comhpháirtíochtaí an Chláir Oibre Uirbigh, etc.;
29.
den tuairim go bhfuil ról tábhachtach ag Grúpálacha Eorpacha um Chomhar Críochach agus ag struchtúir eile trasteorann maidir leis an gcomhar trasteorann, trasnáisiúnta agus idir-réigiúnach a éascú agus a chur chun cinn chun oiriúnú don athrú aeráide agus an t-athrú aeráide a mhaolú;
30.
á chur in iúl gur díol sásaimh dó obair Unfccc maidir leis an nasc idir beartais inscne agus aeráide (5) agus iarrann sé ar an gCoimisiún Eorpach oibriú i dtreo na críche céanna; á iarraidh ar ghníomhaithe domhanda agus Eorpacha infheistíocht a dhéanamh in anailís inscne agus i sonraí inscne-dhíchomhiomlánaithe chun tuiscint iomlán a fháil ar thionchar an athraithe aeráide ar gach grúpa leochaileach, chun teicnící buiséadaithe inscne a chur chun feidhme agus chun rochtain chomhionann ar ionadaíocht a áirithiú sa phróiseas ceaptha beartas do gach inscne agus do gach leibhéal. I bhfianaise an mhéid sin, tacaíonn sé leis an éileamh go bhfeabhsófaí an chothromaíocht inscne san Aontas Eorpach agus sna toscaireachtaí náisiúnta chuig COP;
31.
á iarraidh an athuair na dúshláin ó thaobh an chomhshaoil agus an athraithe aeráide a léiriú ar bhealach níos fearr i gcaidreamh seachtrach an Aontais agus go háirithe ina bheartas trádála. Ina theannta sin, tarraingíonn CnaR aird ar an tábhacht a bhaineann le taithí a roinnt idir piaraí laistigh de na hardáin um chomhar críochach amhail ARLEM agus Corleap agus trí chomhpháirtíochtaí idir cathracha freisin. Ba cheart an t-athrú aeráide a bheith ina thosaíocht taidhleoireachta straitéiseach de chuid an Aontais chun tacú le tríú tíortha beartais uaillmhianacha a ghlacadh agus a chur chun feidhme ar mhaithe leis an aeráidneodracht agus sprioc Chomhaontú Pháras a bhaint amach;
32.
den tuairim go bhféadfadh sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a bheadh comhoiriúnach don Eagraíocht Dhomhanda Trádála cur leis an aistriú i dtreo na haeráidneodrachta ar fud an domhain agus nach bhfuil aon amhras ann faoin ról atá na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha in ann a imirt chun cur leis an bpróiseas sin tríd an taidhleoireacht fhonáisiúnta i dtaobh na haeráide;
33.
ag tacú go hiomlán leis na príomhghníomhaíochtaí ba cheart do na rialtais náisiúnta agus na hinstitiúidí airgeadais náisiúnta a dhéanamh mar réamhriachtanais le haghaidh gníomhaíochtaí áitiúla ar son na haeráide, mar a aithnítear i gconair na Náisiún Aontaithe um an ngníomhaíocht aeráide i lonnaíochtaí daonna (Human Settlements Climate Action Pathway) (6);
34.
á threorú dá Uachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún Eorpach, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Uachtaránacht na Slóivéine ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí.
An Bhruiséil, 13 Deireadh Fómhair 2021.
Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún
Apostolos TZITZIKOSTAS
(1) Is féidir an tuarascáil iomlán a léamh ag https://www.ipcc.ch/report/ar6/wg1/downloads/report/IPCC_AR6_WGI_Full_Report.pdf
(2) An 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht.
(3) COR-2021-01903, Tuairim ó CnaR Eoraip Aeráid-díonach a chruthú – Straitéis Nua an Aontais Eorpaigh maidir le hoiriúnú don Athrú Aeráide.
(4) Sásra glanfhorbraíochta uirbeach/Scéimeanna trádála astaíochtaí (Airteagal 6(4) maidir le sásraí margaidh) agus forbairt inbhuanaithe chomhtháite uirbeach agus chríochach (Airteagal 6(8) maidir le sásra neamh-mhargaidh). Airteagal 6 de Chomhaontú Pháras.
(5) https://unfccc.int/gender
(6) Comhpháirtíocht Marrakech le haghaidh na Gníomhaíochta Domhanda ar son na hAeráide, 2021.
TUAIRIMÍ
Coiste na Réigiún
Cruinniú hibrideach ar Interactio – an 146ú Seisiún Iomlánach de CnaR, 12.10.2021-14.10.2021
4.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 61/9 |
Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Straitéis an Aontais maidir le cearta an linbh agus an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí
(2022/C 61/03)
|
MOLTAÍ BEARTAIS
TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)
1. |
á thabhairt dá aire go bhfuil ról tábhachtach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le príomhsheirbhísí a chur ar fáil agus an bhochtaineacht a chomhrac agus gur cheart don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na húdaráis rannpháirteach i gcur chun feidhme na Teachtaireachta maidir le Straitéis an Aontais maidir le Cearta an Linbh agus an Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle lena mbunaítear an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí; |
2. |
á chur i bhfios go bhfuil barúil tugtha ag CnaR san am atá thart maidir le ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i dtaca le bochtaineacht leanaí a chomhrac agus cearta an linbh a chur chun cinn; |
3. |
á thabhairt dá aire go bhfuil na Ballstáit curtha ar an eolas go leordhóthanach maidir leis an gcaoi a gcuirtear chun feidhme bearta reatha Eorpacha i dtaca le bochtaineacht leanaí a chomhrac agus cearta an linbh a chur chun cinn ar leibhéil éagsúla den rialachas áitiúil agus réigiúnach; |
4. |
á chur in iúl gur mian leis a bheith rannpháirteach san idirphlé amach anseo maidir le beartas leanaí agus óige agus an comhar leis an gCoimisiún Eorpach, le Comhairle an Aontais Eorpaigh, leis an tsochaí shibhialta, le grúpaí um chearta leanaí agus le geallsealbhóirí ábhartha eile. |
Barúlacha ginearálta
5. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Moladh ón gComhairle lena mbunaítear an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún i dtaca le Straitéis an Aontais maidir le Cearta an Linbh, arb é is aidhm dóibh spreagadh éifeachtach a thabhairt d’iarrachtaí na mBallstát agus na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i dtaca le bochtaineacht leanaí a laghdú agus cearta an linbh a fheabhsú chun cothroime agus cuimsitheacht níos fearr a áirithiú san Aontas, sna réigiúin agus sna bardais/cathracha. Ní mór prionsabal na coimhdeachta a urramú sa phróiseas; |
6. |
á chur i dtábhacht gur leanaí thar aon ní eile atá i gceist, beag beann ar bhunadh eitneach, inscne, náisiúntacht, cúlra sóisialta agus eacnamaíoch, cumas nó áit chónaithe agus nach mór leas an linbh a chur san áireamh i ngach beartas, próiseas agus beart a mbíonn tionchar acu ar leanaí ar gach leibhéal. Ní mór don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar tosaíocht do chearta an linbh agus go gcuirfear san áireamh iad, i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, i mbeartais, i mbearta agus i gcláir inmheánacha agus sheachtracha uile an Aontais a bhfuil tionchar díreach nó indíreach acu ar leanaí, agus go mbeifear comhsheasmhach i ngach cinneadh a dhéanfar; |
7. |
á thabhairt le fios gur cheart é a bheith de cheart ag gach leanbh caighdeán leordhóthanach maireachtála agus comhdheiseanna sa saol a bheith acu ó na blianta tosaigh i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tá sé ríthábhachtach cuimsiú socheacnamaíoch leanaí agus a dteaghlach a neartú chun an bhochtaineacht agus an míbhuntáiste idir na glúnta a laghdú agus chun an méid sin a bhaint amach, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go gcuirfear cosaint agus tacaíocht shóisialta agus cúraim sláinte iomchuí ar fáil, chomh maith le rochtain ar oideachas, ar oiliúint agus ar phoist ar ardchaighdeán do theaghlaigh; |
8. |
ag tathant ar na Ballstáit tacaíocht airgeadais leordhóthanach agus iomchuí a dheonú chun cur chun feidhme éifeachtach Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1989 um Chearta an Linbh a ráthú, agus tá sé ag iarraidh orthu leanúint d’aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí struchtúracha; |
9. |
á thabhairt dá aire a thábhachtaí atá sé go ndéanfaidh na húdaráis fhornáisiúnta, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla gníomhaíocht chomhordaithe a chur chun feidhme ionas go bhféadfar cuspóirí thionscnaimh an Choimisiúin Eorpaigh a bhaint amach go héifeachtach; |
10. |
á chur i bhfios a thábhachtaí atá an dlúthchomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, an t-idirphlé a spreagadh le pobail áitiúla chun leibhéal cosanta chearta an linbh a fheabhsú, agus feachtais faisnéise agus fógraíochta a eagrú arna mbunú ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach le cistiú ón Aontas chun feasacht a ardú faoi chearta leanaí sa tsochaí i gcoitinne agus i measc leanaí go háirithe; |
Ráthaíocht do Leanaí
11. |
á chur i bhfios nach mór aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht agus ar chuimsiú sóisialta na ngrúpaí eitneacha éagsúla agus na bpobal imeallaithe d’fhonn cosaint éifeachtach maidir le cearta an linbh a áirithiú, agus á chur i bhfáth gur féidir leis an mbochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta srian nach beag a chur leis na deiseanna a bheidh ag leanaí agus a dteaghlaigh amach anseo; |
12. |
ag tarraingt aird ar an ngá atá leis na gníomhaíochtaí sonracha atá curtha chun feidhme, agus lena dtugtar aghaidh ar an méid sin, a dhíriú go príomha ar na leanaí is mó atá faoi mhíbhuntáiste; ní mór oideachas ar ardchaighdeán a áirithiú do gach leanbh ionas go ráthófar na deiseanna céanna do gach leanbh a n-acmhainneacht féin a fhorbairt; |
13. |
á chur i dtábhacht an gá atá le dea-chleachtais a shainiú chun bochtaineacht leanaí a laghdú agus chun rochtain ar phríomhsheirbhísí leanaí agus forfheidhmiú chearta an linbh a fheabhsú. Molann CnaR i ndáil leis sin go gcuirfí na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha san áireamh sna hiarrachtaí chun feasacht a ardú agus dea-chleachtais a roinnt ar fud an Aontais, agus molann sé go n-eagrófaí comhdhálacha agus cuairteanna staidéir idirnáisiúnta, náisiúnta agus réigiúnacha chuige sin; |
14. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra le haghaidh Líonra AE um Chearta Leanaí a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe náisiúnta chomh maith le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus neamhrialtasacha, ionadaithe na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, agus leanaí. Tá sé beartaithe leis an líonra idirphlé faoi chearta an linbh agus an fhoghlaim fhrithpháirteach idir an tAontas Eorpach agus na Ballstáit a threisiú, agus tacú le cur chun feidhme na straitéise agus le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh uirthi; |
15. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur gá do na Ballstáit a bhfuil ráta leanaí atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta acu is airde ná meánráta an Aontais Eorpaigh 5 % de Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) a chur i leataobh chun bochtaineacht leanaí a chomhrac; |
16. |
ag tathant ar na Ballstáit uile, agus ní hamháin na Ballstáit sin is mó atá thíos le bochtaineacht leanaí, acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh chun tacú leis na moltaí ón Ráthaíocht Eorpach do Leanaí. Chuige sin, cuireann CnaR i dtábhacht na héifeachtaí dearfacha a bhaineann le tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do theaghlaigh a bhfuil leanaí iontu agus gur modh éifeachtach é sin chun dul i ngleic le bochtaineacht leanaí. Ba cheart gurbh é an aidhm a bheadh ann éiceachóras cuimsitheach infheistíochtaí a fhorbairt do leanaí Eorpacha, a chuirfeadh leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, na Cistí Struchtúracha agus acmhainní náisiúnta chun feabhas a chur ar sholáthar éifeachtach seirbhísí ardcháilíochta agus cuimsitheacha do gach leanbh; |
17. |
á thabhairt dá aire gur féidir le gnólachtaí agus leis an bhfiontraíocht shóisialta ról lárnach a bheith acu maidir leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí a chur chun feidhme, agus tá sé á chur in iúl ag CnaR gur gá infheistíocht a dhéanamh i bhfothú na hacmhainneachta sin, lena n-áiritheofar rochtain ar mhaoiniú agus oiliúint fiontraíochta. San am céanna, tá forbairt institiúidí oideachais agus córas cúnaimh shóisialta trí chistí an Aontais sna Ballstáit bheagfhorbartha bunriachtanach freisin chun an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí a chur chun feidhme; |
18. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó cuspóirí an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus cosaint shóisialta, lena n-áirítear na cuspóirí maidir le bochtaineacht leanaí, agus cuireann sé in iúl go bhfuil freagracht chomhpháirteach ar institiúidí an Aontais agus ar na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, agus ar na comhpháirtithe sóisialta, as Colún na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme; |
19. |
á chur in iúl go bhformhuineodh sé an togra maidir le Comhordaitheoir Náisiúnta um an Ráthaíocht do Leanaí (ombudsman do leanaí etc.) a cheapadh do gach Ballstát, a mbeadh acmhainní agus cumhachtaí leordhóthanacha acu chun ábhair a bhaineann leis an straitéis maidir le cearta an linbh agus an Ráthaíocht do Leanaí a chur chun cinn, a chomhordú agus faireachán a dhéanamh orthu. |
Straitéis an Aontais maidir le Cearta an Linbh
20. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó an tionscnamh ón gCoimisiún straitéis chuimsitheach nua a tharraingt suas maidir le cearta an linbh; |
21. |
á thabhairt dá aire go bhfuil deis ar leith ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hEorpa gníomhaíocht dhearfach a dhéanamh chun cearta an linbh a chosaint agus chun a bhforbairt a chur chun cinn i dtimpeallacht chosanta mheasúil ina gcaitear go maith leo. Tá deis acu freisin dul i mbun gnímh chun a áirithiú go gcosnófar leanaí ó aon chineál foréigin, lena n-áirítear mí-úsáid agus faillí. Ba cheart comhar idir na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chur chun cinn agus ba cheart don Aontas tacaíocht a chur ar fáil do chomhpháirtíochtaí níos éifeachtaí idir na húdaráis sin, go háirithe d’fhonn dea-chleachtais a roinnt; |
22. |
á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a ráthú go ndéanfar Straitéis an Aontais maidir le Cearta an Linbh a mhaoiniú go hiomchuí, lena n-áiritheofar go dtabharfar tacaíocht leordhóthanach do chur chun feidhme na dtosaíochtaí a leagtar amach sa straitéis le cistiú inmheánach agus seachtrach de chuid an Aontais agus leis na buiséid náisiúnta; |
23. |
á mholadh go ndéanfar, i gcomhar leis na Ballstáit, treochlár agus amchlár níos beaichte maidir le cur chun feidhme an tionscnaimh a tharraingt suas a mbeadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus institiúidí speisialaithe ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach rannpháirteach ann. |
Cosaint shóisialta
24. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó gealltanas an Choimisiúin tionscnamh a thíolacadh chun tacú le bearta comhtháite cosanta do leanaí a fhorbairt agus a neartú. Leis na bearta sin spreagfar na húdaráis agus na comhlachtaí ábhartha ar fad chun oibriú le chéile ar bhealach níos fearr agus chun comhoibriú le chéile; |
25. |
á iarraidh ar na húdaráis fhreagracha náisiúnta seirbhísí cosanta sóisialta agus seirbhísí cosanta leanaí agus déagóirí atá éifeachtach agus inrochtana a áirithiú lena gcuirfear timpeallachtaí sábháilte agus cuimsitheacha ar fáil ina gcaithfear go maith le leanaí agus le daoine óga, agus aird a thabhairt ar bhearta coisctheacha, ar an idirghabháil luath, agus ar thacaíocht do theaghlaigh leochaileacha; |
26. |
á thabhairt dá aire go dtabharfar aird chuí ar leanaí sa chéad chreat beartais eile den Seimeastar Eorpach; |
27. |
ag tathant ar na Ballstáit, agus aird á tabhairt ar phrionsabal na coimhdeachta a chumhdaítear in Airteagal 165 CFAE, rochtain chomhionann ar oideachas agus ar chúram luath-óige atá ar ardchaighdeán agus cuimsitheach a ráthú do gach leanbh d’fhonn spriocanna rannpháirtíochta Barcelona a bhaint amach agus chun go mbeidh ceart dlíthiúil agus sóisialta, atá cumhdaithe faoi dhlí an Aontais, ag gach leanbh oideachas agus cúram luath-óige a fháil seachas é a bheith mar sheirbhís éileamh-bhunaithe. |
Oideachas
28. |
ag tathant ar na Ballstáit freisin a áirithiú go mbeidh rochtain ar oideachas d’ardchaighdeán, ar bhonn comhionann, ag gach leanbh beag beann ar bhunadh eitneach, ar reiligiún nó creideamh, ar mhíchumas, ar náisiúntacht, ar stádas cónaithe nó inimirce, ar inscne nó ar ghnéaschlaonadh; á iarraidh ar thíortha bearta iomchuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna atá leis an neamhláithreacht agus le leanaí a bheith ag fágáil na scoile go luath agus na feiniméin sin a chomhrac; |
29. |
á chur i dtábhacht an ról a bhaineann le híostairseach maidir le saoire tuismitheora láníoctha agus sochair linbh. D’fhéadfaí saoire tuismitheora a roinnt ina dteidlíochtaí ar leith do gach tuismitheoir agus úsáid sholúbtha na saoire a cheadú, lena n-áirítear an tsaoire a ghlacadh nuair a bhíonn na leanaí rud beag níos sine; |
30. |
á chur in iúl go bhfuil cáilíocht bhunoiliúint na múinteoirí, na n-oideachasóirí agus na ngairmithe ábhartha eile, agus nuashonrú na hoiliúna sin, ríthábhachtach i dtaca le hoideachas, dea-bhail agus cuimsiú gach linbh; á chur i dtábhacht, ina theannta sin, go bhfuil gá le cistiú cobhsaí fadtéarmach a bheidh leordhóthanach agus riachtanas-bhunaithe do scoileanna agus do naíolanna, lena ráthaítear inmharthanacht na scoileanna beaga i gceantair thuaithe freisin. Is féidir deontais oideachais do leanaí a bhfuil stádas socheacnamaíoch íseal acu a úsáid chomh maith; |
31. |
den tuairim gur príomhchuspóir é cosc a chur le héagothromaíochtaí i dtaca le cáilíocht na scoileanna laistigh de na Ballstáit agus laistigh den Aontas, ar éagothromaíochtaí iad atá ag dul i méid; |
32. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le foghlaim chumaisc le haghaidh oideachas bunscoile agus meánscoile atá cuimsitheach agus ar ardcháilíocht, agus le haghaidh an mholta ón gComhairle maidir le conairí chun rath san oideachas a bhaint amach lena ndírítear ar ghnóthachtáil oideachasúil a dhícheangal ó stádas sóisialta, eacnamaíoch agus cultúrtha. Tacaíonn CnaR leis an iarraidh ón gCoimisiún Eorpach ar na Ballstáit rochtain chomhionann éifeachtach ar uirlisí digiteacha agus ar nasc idirlín ardluais, litearthacht dhigiteach, ábhar agus uirlisí oideachais ar líne atá inrochtana do gach leanbh a áirithiú; san am céanna, cuireann CnaR i bhfáth freisin a riachtanaí atá sé go n-áireofaí sa straitéis soláthar gléasanna agus tacaíocht lasmuigh den scoil do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu, atá ag maireachtáil faoi bhochtaineacht, i bpobail imeallaithe, amhail leanaí imirceacha agus Romacha, nó i gceantair iargúlta agus thuaithe, chomh maith le treoir agus oiliúint i scileanna digiteacha a chur ar fáil do leanaí, do dhéagóirí agus dá dteaghlaigh atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta; á mholadh go gcuirfear tacaíocht airgeadais phoiblí do threalamh digiteach ar fáil do na leanaí lena mbaineann; |
33. |
á mholadh go gcruthófaí scoileanna a mbeadh na hacmhainní cuí acu agus a chuirfeadh an tallann chun cinn, go háirithe i réigiúin a bhfuil dúshláin mhóra shóisialta rompu; |
34. |
á chur i dtábhacht nár cheart an fhoghlaim ar líne a chur in ionad an teagaisc ar aghaidh a chéile choíche, go háirithe nuair a bhíonn rochtain theoranta ar an teicneolaíocht: tá ról tábhachtach ag an teagasc ar aghaidh a chéile i dtaca le hidirghníomhaíocht shóisialta, foghlaim ar ardcháilíocht agus forbairt; |
35. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé scileanna le haghaidh maireachtáil neamhspleách a fhorbairt do dhaoine óga agus oiliúint a chur ar fáil d’oideachasóirí trí chláir deontais; |
36. |
á chur i dtábhacht an gá atá le feidhmiú na seirbhísí sóisialta a áirithiú do dhaoine óga a fhágann an córas cosanta leanaí, trí acmhainní tithíochta, oiliúint agus cúnamh a chur ar fáil dóibh d’fhonn an mhaireachtáil neamhspleách a spreagadh chun go mbeidh siad in ann lánpháirtiú go sóisialta agus go gairmiúil; |
37. |
á chur i bhfios a riachtanaí atá sé ionaid forbartha agus cláir cúraim tallainne saor in aisce a reáchtáil do leanaí éirimiúla atá ag maireachtáil i ndálaí deacra agus a bhfuil fonn foghlama orthu; |
38. |
á chur i bhfáth gur cheart é a bheith d’acmhainn ag forais oideachais seirbhísí bunúsacha a chur ar fáil a mbeadh sé d’aidhm acu a áirithiú go mbeidh leanaí a fhreastalaíonn ar na forais oideachais sin sláintiúil a ndóthain, ó thaobh coirp agus meabhrach de. |
Foréigean arna dhéanamh ag leanaí nó i gcoinne leanaí
39. |
ag tathant ar an Aontas Eorpach, ar a Bhallstáit agus ar a réigiúin dlús a chur le bearta chun deireadh a chur le gach cineál foréigin agus idirdhealaithe atá dírithe ar leanaí, lena n-áirítear foréigean fisiciúil, gnéasach, eacnamaíoch agus síceolaíoch, mí-úsáid, faillí, drochíde agus foréigean ar líne, pósadh éigeantais, gáinneáil ar leanaí imirceacha, céasadh, marú onóra, ciorrú ball giniúna ban (FGM), ciorrú coil, luathfhágáil na scoile, agus úsáid leanaí mar shaighdiúirí; |
40. |
á thabhairt dá aire nach mór gach tionscnamh rialála agus gach tionscnamh eile a bhaineann le cearta an linbh a chur san áireamh i Straitéis an Aontais maidir le Cearta an Linbh, d’fhonn comhsheasmhacht a áirithiú maidir le leanaí a chosaint ar fhoréigean, gáinneáil ar dhaoine agus mí-úsáid. Moltar go mór don Choimisiún freisin amchlár beacht a fhoilsiú do na tograí atá i gceist agus a áirithiú go gcuirfear na moltaí chun feidhme mar is cuí; |
41. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cineálacha cur chuige coisctheacha a fhorbairt chun dul i ngleic le gach cineál foréigin i gcoinne leanaí ar leibhéal an Aontais agus sna Ballstáit. Áirítear leis sin go ndéanfar níos mó lena chinntiú go gcaithfear go maith le leanaí agus le déagóirí agus go gcruthófar timpeallachtaí cosanta dóibh sna réimsí uile a bhaineann le saol na leanaí. Ní mór d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus d’institiúidí speisialaithe áitiúla agus réigiúnacha a bheith rannpháirteach i bhforbairt cineálacha cur chuige coisctheacha ar an leibhéal náisiúnta. |
Sláinte leanaí
42. |
á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit faisnéis chruinn faoi vacsaíniú a chur chun cinn d’fhonn muinín as an straitéis vacsaínithe a fheabhsú agus chun a áirithiú nach mbeidh drochthionchar ag iarmhairtí na bréagaisnéise ar shláinte leanaí; |
43. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó an straitéis téarnaimh agus athléimneachta chun téarnamh mear agus cuimsitheach ó phaindéim COVID-19 a chur chun cinn; |
44. |
á chur in iúl nach mór measúnú sonrach a dhéanamh ar an tionchar atá ag an bpaindéim ar mheabhairshláinte leanaí agus déagóirí, agus borradh a chur faoin infheistíocht i gcúram meabhairshláinte agus straitéisí a cheapadh chun leanaí agus daoine óga a chosaint ar mheabhairghalar. |
Cearta an linbh agus imirce
45. |
á chur i bhfios gur gá córas breithiúnach atá fabhrach do leanaí a áirithiú le nósanna imeachta iomchuí agus cuimsitheacha lenar féidir aird a thabhairt ar riachtanais shonracha na leanaí, agus tugann sé dá aire a thábhachtaí atá sé ceart éisteachta an linbh a ráthú, mar aon le heolas a chur ar fáil i dteanga shoiléir shothuigthe ar féidir leo í a thuiscint agus atá oiriúnach ó thaobh aoise, cumas tuisceana agus forbartha de, agus cabhair a fháil ó ionadaí dlíthiúil i gcás inar gá; |
46. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur gheall an Coimisiún Eorpach tacú leis na Ballstáit roghanna éifeachtacha agus inmharthana a fhorbairt seachas leanaí a choinneáil le linn na nósanna imeachta imirce; |
47. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tacú le leanaí ar íospartaigh foréigin teaghlaigh iad trína rochtain ar sheirbhísí sóisialta agus meabhairshláinte a fheabhsú, d’fhonn a dtéarnamh agus a ndea-bhail mheabhrach a éascú. Ina theannta sin, ní mór na seirbhísí sin a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar iompraíocht fhoréigneach leanaí agus athimeascadh daoine óga a bhfuil gníomhartha foréigneacha déanta acu a éascú; |
48. |
á chur in iúl go bhfuil sé i gcoinne leanaí a choinneáil ar fhorais imirce. Ní mór leas an linbh a bheith mar phrionsabal treorach; |
49. |
á iarraidh ar an údarás inniúil agus/nó ar an tseirbhís phoiblí a bhfuil sé mar dhualgas orthu leanaí a chosaint maoirseacht ghéar a dhéanamh ar leanaí ag gach céim; |
50. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó tiomantas an Choimisiúin Eorpaigh oibriú chun nach mbeidh slabhraí soláthair chuideachtaí an Aontais ag brath in aon slí ar shaothar leanaí, go háirithe trí thionscnamh reachtach maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe. Tá CnaR ag iarraidh go ndéanfaí allmhairiú táirgí a bhfuil baint acu le saothar leanaí a thoirmeasc; |
51. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus ciníochas agus idirdhealú atá dírithe ar leanaí agus déagóirí imirceacha neamhthionlactha a chomhrac. |
Ceart éisteachta an linbh agus ceart an linbh a bheith rannpháirteach in ábhair agus i gcinntí a dhéanann difear dóibh
52. |
á athdhearbhú nach mór an deis a ráthú do leanaí a bheith rannpháirteach i gcinntí a dhéanann difear dá saol agus éisteacht a fháil ar bhealach atá oiriúnach dá n-aois agus dá n-aibíocht i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; |
53. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé gníomhaíochtaí coisctheacha a fhorbairt, eadhon úsáid alcóil, tobac agus drugaí i measc daoine óga a chosc. I ndáil leis sin, molann CnaR go mbeadh na húdaráis áitiúla, institiúidí oideachais agus institiúidí speisialaithe rannpháirteach i ngníomhaíochtaí coisctheacha a fhorbairt agus le feasacht a ardú maidir leis na contúirtí a bhaineann le húsáid alcóil, tobac agus drugaí; |
54. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé feasacht a ardú faoi chearta leanaí agus rannpháirtíocht leanaí sna próisis chinnteoireachta ar gach leibhéal a chur chun cinn; |
55. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra ón gCoimisiún Eorpach chun rannpháirtíocht chuimsitheach chórasach leanaí a chur chun cinn agus a fheabhsú ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais trí Ardán um Rannpháirtíocht Leanaí a chur ar bun; |
56. |
ag tathant ar na Ballstáit agus ar na réigiúin acmhainní leordhóthanacha a thabhairt isteach, a fheabhsú agus a chur ar fáil do chineálacha cur chuige nua agus reatha maidir le rannpháirtíocht leanaí ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta; |
57. |
á mholadh don Aontas Eorpach agus dá Bhallstáit dlús a chur le cur chun cinn an idirphlé idir cinnteoirí náisiúnta agus daoine óga. I ndáil leis sin, molann CnaR ceardlanna comhpháirteacha a eagrú, i gcomhar leis na húdaráis áitiúla, arb é is aidhm leo go mbeidh daoine óga rannpháirteach sa chinnteoireacht agus go gcuirfear a gcuid tuairimí maidir le forbairtí beartais a bhaineann leo san áireamh; |
58. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur cheap an Coimisiún Eorpach, le déanaí, an chéad Chomhordaitheoir Eorpach na hÓige, Biliana Sirakova, i gcomhréir leis an togra i Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 ón gCoimisiún Eorpach. Iarrann CnaR an athuair go mbeadh cruinnithe rialta idir Coiste na Réigiún agus Comhordaitheoir na hÓige agus go ndéanfaí an comhar idir Coiste na Réigiún agus an Comhordaitheoir a chur ar bhonn foirmiúil (1); |
CONCLÚIDÍ
59. |
á iarraidh go ndéanfaí 5 % ar a laghad de chistiú CSE+ faoi bhainistíocht chomhroinnte a chur i leataobh chun tacú le tionscadail faoin Ráthaíocht Eorpach do Leanaí agus chun éiceachóras éifeachtach infheistíochta a chruthú do leanaí Eorpacha, ina mbeidh cistí an Aontais agus acmhainní náisiúnta araon. Ba cheart Comhordaitheoir Náisiúnta um an Ráthaíocht do Leanaí a cheapadh do gach Ballstát ag a mbeidh na cumhachtaí is gá chun nithe a bhaineann leis an straitéis maidir le cearta an linbh agus an Ráthaíocht do Leanaí a chur chun cinn agus chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na nithe sin. Ní mór an deis a ráthú do gach leanbh, i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a bheith rannpháirteach i gcinntí a dhéanann difear dá saol agus éisteacht a fháil ar bhealach atá oiriúnach dá n-aois agus dá n-aibíocht; |
60. |
á thabhairt dá aire gur gá aitheantas a thabhairt don ról lárnach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le bochtaineacht leanaí a chomhrac agus maidir le leanaí a chosaint ó aon chineál foréigin, agus an ról ríthábhachtach atá acu chun an t-idirdhealú agus an t-eisiamh sóisialta a chosc, agus an ról lárnach sin a shainaithint. Bhí an méid sin soiléir sna hiarrachtaí a rinneadh ar an leibhéal áitiúil chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, sa chaoi ar fhreagair roinnt mhaith réigiún, cathracha agus bardas go tapa agus ar chuir siad bearta chun feidhme chun na drochthionchair ar bhochtaineacht leanaí a mhaolú, e.g. trí chúnamh bia a chur ar fáil do theaghlaigh a bhí i ngátar ar bhealaí éagsúla; |
61. |
á thabhairt dá aire gur cheart do na Ballstáit agus do ghníomhaithe eile iad féin a ullmhú don iliomad dúshlán a bhféadfaí a bheith ag súil leo tar éis na paindéime i ngeall ar athruithe i ndálaí maireachtála leanaí agus teaghlach. Tá ról lárnach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i dtaca le príomhsheirbhísí spriocdhírithe a sholáthar sa togra maidir leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh na húdaráis áitiúla agus na réigiúin áitiúla rannpháirteach mar phríomh-chomhpháirtithe i bhforbairt agus i gcur chun feidhme na Ráthaíochta do Leanaí, i gcur chun cinn an rialachais il-leibhéil, agus i bhforbairt comhfhreagrachta agus straitéisí comhordaithe ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. |
An Bhruiséil, 12 Deireadh Fómhair 2021
Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún
Apostolos TZITZIKOSTAS
(1) Tuairim ó Choiste na Réigiún An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus Straitéis Óige nua an Aontais Eorpaigh COR-2018-03892-00-00-AC-TRA.
4.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 61/15 |
Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Páirt éifeachtach a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha in ullmhú na gComhaontuithe Comhpháirtíochta agus na gClár Oibríochtúil don tréimhse 2021-2027
(2022/C 61/04)
|
MOLTAÍ BEARTAIS
TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)
1. |
á thabhairt chun suntais go bhfuil an beartas comhtháthaithe, mar phríomhuirlis infheistíochta an Aontais, dírithe go príomha ar na héagothromaíochtaí eacnamaíocha, sóisialta agus críochacha idir réigiúin an Aontais a laghdú agus ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin struchtúracha, amhail cruthú post, na poist atá ann cheana a chosaint, an t-iomaíochas, an fás eacnamaíoch, agus dul i ngleic leis an athrú aeráide, leis an tsoghluaisteacht inbhuanaithe agus leis an eisiamh sóisialta; á chur i dtábhacht, san am céanna, go bhfuil freagracht ar réigiúin, cathracha agus bardais as forbairt fhoriomlán agus inbhuanaithe a limistéar féin agus gur cheart, dá bhrí sin, na hacmhainní iomchuí airgeadais a bheith acu chun an cúram sin a chur i gcrích; |
2. |
á chur i dtábhacht go bhfuil níos mó i gceist le breisluach bheartas comhtháthaithe an Aontais ná an tionchar dearfach eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bhfuil cruthúnas ann ina leith, ach go bhfuil tiomantas na mBallstát agus na réigiún i dtreo lánpháirtiú na hEorpa a neartú i gceist leis freisin; |
3. |
á chur i bhfios go n-éilíonn reachtaíocht an Aontais maidir leis an mbeartas comhtháthaithe go mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach ag gach céim den chlárthréimhse, ón bpleanáil, go cur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh, agus go dtí an mheastóireacht; den tuairim gur cheart, mar chuid den nós imeachta clársceidealaithe, na húdaráis sin a bheith rannpháirteach go hiomlán sa phróiseas chun riachtanais a anailísiú agus bearta a shonrú chun na comhaontuithe rannpháirtíochta agus na cláir oibríochtúla théamacha a ullmhú, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shonracha sna réigiúin agus cuspóirí an bheartais comhtháthaithe a bhaint amach. Mura ndéanfar amhlaidh, tá an baol ann go bhfágfaidh an chaoi ina leagtar amach na doiciméid sin nach gcomhlíonfar na riachtanais ar an leibhéal áitiúil; |
4. |
á chur i bhfios go bhfuil na príomhrialacha chun comhpháirtithe a rannpháirtiú cumhdaithe sa Chód Iompair Eorpach i ndáil le Comhpháirtíocht faoi chuimsiú Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (1), atá fós bailí don chlárthréimhse nua; |
5. |
á thabhairt dá aire go bhfuil an phleanáil straitéiseach ríthábhachtach má táthar chun an beartas comhtháthaithe a chur chun feidhme i gceart. Is iad príomhdhoiciméid an bheartais sin na comhaontuithe comhpháirtíochta agus na cláir oibríochtúla ina leagtar amach na tosaíochtaí straitéiseacha, lena n-áirítear an leithdháileadh airgeadais agus na bearta atá beartaithe, a mbeidh mórthionchar acu ar an gcaoi a dtiocfaidh forbairt ar na réigiúin sna deich mbliana seo romhainn; |
6. |
á iarraidh go nglacfar na príomhdhoiciméid straitéiseacha don chlárthréimhse nua gan mhoill ionas gur féidir iad a chur chun feidhme a luaithe is féidir; |
7. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur spéis le hUachtaránacht na Slóivéine ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh tuilleadh plé a dhéanamh ar chomhpháirtíocht i gCistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa le gur féidir a gcur i bhfeidhm a fheabhsú agus tá CnaR réidh oibriú i gcomhar léi; |
Prionsabail na comhpháirtíochta agus an rialachais il-leibhéil a chur i bhfeidhm
8. |
á chur in iúl gur féidir rannchuidiú go héifeachtach le cuspóirí agus torthaí bheartais an Aontais a chur in iúl ar bhealach níos fearr le prionsabal na comhpháirtíochta agus leis an múnla rialachais il-leibhéil, atá bunaithe ar chomhordú feabhsaithe i measc na n-údarás poiblí, na gcomhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta agus na sochaí sibhialta; |
9. |
á thabhairt dá aire gur próiseas comhchoiteann rannpháirteach é cur chuige na comhpháirtíochta a bhaineann leis na húdaráis phoiblí ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, agus le páirtithe socheacnamaíocha ábhartha agus le hionadaithe ábhartha na sochaí sibhialta chomh maith; |
10. |
á thabhairt le fios go sainaithneofar níos fearr na riachtanais, go mbeidh tiomantas níos láidre chun cuspóirí a bhaint amach, go mbeidh braistint úinéireachta i measc na gcomhpháirtithe lena mbaineann agus comhlántacht níos fearr le hionstraimí eile, má dhéantar prionsabail na comhpháirtíochta agus an rialachais il-leibhéil a chur i bhfeidhm. Cuidíonn an méid sin freisin leis an tacaíocht don chomhthionscadal Eorpach trína chur in iúl conas mar a chuidíonn an beartas comhtháthaithe le fadhbanna áitiúla a réiteach, rud a thugann an tAontas níos gaire do na saoránaigh agus a laghdaíonn an t-easnamh daonlathach; |
11. |
den tuairim go mbeidh bonn maith ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun clár a dhearadh má dhéanann siad mionanailís ar a limistéir. Thairis sin, má bhíonn comhar idir geallsealbhóirí ann ar leibhéil éagsúla rialtais beidh na sineirgí níos fearr idir a gcuid beartas agus seachnófar dúbailt oibre nó cineálacha cur chuige atá ag teacht salach ar a chéile laistigh de limistéar áirithe; |
12. |
á chur i bhfáth go bhfuil an-chuid taithí ag na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla cheana in ullmhú agus cur chun feidhme roinnt mhaith clárthréimhsí, rud nach mór cur leis, i gcomhréir le prionsabal na comhpháirtíochta, d’fhonn an chlárthréimhse nua a dhearadh níos fearr; á thabhairt le fios, áfach, ón taithí a fuarthas nach ionann an urraim do phrionsabail na comhpháirtíochta agus an rialachais il-leibhéil ó Bhallstát go chéile agus nach féidir glacadh leis gur próisis uileghabhálacha iad próisis na riarachán láir; |
13. |
á thabhairt dá aire, go ginearálta, go gcuirtear an chomhpháirtíocht fhoirmiúil i bhfeidhm i stáit dhíláraithe nó i stáit chónaidhmeacha ina bhfuil sásraí comhair seanbhunaithe, ach go bhféadfaí feabhas a chur ar chúrsaí fós agus go mbíonn ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach srianta go minic i stáit aonadacha bheaga. Ag an am céanna, meastar go forleathan i roinnt mhaith tíortha gur lú an ról a bhíonn ag réigiúin, cathracha agus bardais in ullmhú na clárthréimhse de réir mar is faide iad ón bpríomhchathair; á iarraidh ar Bhallstáit uile an Aontais cur i bhfeidhm cuí an rialachais il-leibhéil a chinntiú chun a áirithiú go mbainfidh gach údarás áitiúil agus réigiúnach tairbhe as; |
14. |
á chur in iúl gur cúis mhór imní dó nach féidir prionsabal na comhpháirtíochta a chur i bhfeidhm go cuí i ngach Ballstát. Léiríodh sa chaibidlíochtaí maidir le comhaontuithe comhpháirtíochta agus cláir oibríochtúla, cé go ndeachthas i gcomhairle leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i bhformhór na gcásanna, nárbh ionann rannpháirtíocht na n-údarás sin agus comhpháirtíocht iomlán mar a leagtar amach í sa Chód Iompair Eorpach i ndáil le Comhpháirtíocht; |
15. |
á chur in iúl gur ábhar imní dó nach bhfuil mórán dul chun cinn déanta i roinnt Ballstát ó thaobh spásanna a oscailt don idirphlé agus cumarsáid d’fhonn na doiciméid straitéiseacha réigiúnacha a tharraingt suas don chlárthréimhse 2021-2027, sa mhéid nach eol go fóill an leithdháileadh airgeadais ó na Cistí Struchtúracha a chuirfear ar fáil chun na Cláir Oibríochtúla a chur chun feidhme; |
16. |
á chur in iúl gur cúis imní dó torthaí staidéir (2), ina léirítear nach bhfuil ach feabhas beag tagtha ar rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe in ullmhú na clárthréimhse nua i gcomparáid leis an gclárthréimhse 2014-2020, agus nach bhfuil ach athrú beag tagtha ar chur chun feidhme na comhpháirtíochta, rud a fhágann nach mbaintear an leas is fearr is féidir as an acmhainneacht atá inti; á chur in iúl gur cúis imní dó freisin an toradh go bhfuil cion rómhór de na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha nach mbíonn rannpháirteach ach sna comhairliúcháin phoiblí amháin, agus nach mbíonn ról níos dírí acu i ndréachtú doiciméad straitéiseach. I dtíortha nach bhfuil prionsabal na comhpháirtíochta bunaithe mar is ceart iontu agus nach bhfuil sé ann ach ar mhaithe leis an bhfoirmiúlacht, ba cheart don Choimisiún Eorpach cúnamh a thabhairt freisin chun scrúdú a dhéanamh ar shásraí chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go cuí é; |
17. |
á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit tarraingteacht chistiú bheartas comhtháthaithe an Aontais a mhéadú trí shimpliú agus teorannú breise a dhéanamh ar an rórialáil, agus machnamh a dhéanamh ar chastacht na rialachán agus na dtreoirlínte a laghdú agus, i gcás inarb iomchuí, líon na rialachán agus na dtreoirlínte a laghdú; |
18. |
den tuairim nach féidir comhpháirtíocht iomlán a fhorfheidhmiú trí rialachán nó gníomh reachtach ar bith, ach gur toradh í ar idirphlé fadtéarmach bunaithe ar mhuinín agus urraim fhrithpháirteach, an cultúr polaitiúil agus rún daingean na bpáirtithe lena mbaineann na réitigh is fearr a bhaint amach don limistéar lena mbaineann; á chur in iúl go bhfuil creat dlíthiúil agus oibríochtúil, atá soiléir agus iontaofa agus a bhfuil institiúidí an Aontais freagrach as, riachtanach chun an t-idirphlé fadtéarmach sin atá bunaithe ar mhuinín a bhaint amach; |
19. |
á chur in iúl gur cúis aiféala dó nach gá an Cód Iompair a chur i bhfeidhm faoin Rialachán lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus nach ndéantar ach rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a mholadh, rud a d’fhág go ndearnadh na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a ullmhú ar chúla téarmaí agus gur beag rannpháirtíocht ná ionchur tábhachtach a bhí ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha iontu, rud a fhágann go bhfuil an baol ann nach mbeidh siad ábalta cistí a ionsú agus a chur chun feidhme. Go hiarbhír, fágann sin nach bhfuil sna húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ach comhlachtaí a chuireann cinntí arna ndéanamh ag na Ballstáit i ndáil lena n-inniúlachtaí féin chun feidhme; |
20. |
á thabhairt le fios nach mbaintear an leas is mó is féidir as an gcomhpháirtíocht agus nach gcuirtear san áireamh go leordhóthanach í i roinnt tíortha; á iarraidh go dtabharfar samplaí den dea-chleachtas ionas gur féidir le geallsealbhóirí ról éifeachtach a imirt; á chur in iúl gur cúis aiféala dó freisin nach bhfuil rialtais i roinnt Ballstát oscailte do chur chuige nua chun comhpháirtithe a rannpháirtiú, agus go bhfilleann siad ar na múnlaí seanbhunaithe, rud a chuireann bac ar chur chun feidhme comhpháirtíochta éifeachtaí; á chur in iúl sa chomhthéacs sin, áfach, gur díol sásaimh dó rún an Choimisiúin Eorpaigh athnuachan a dhéanamh ar an gComhphobal Eorpach um Chleachtais maidir le Comhpháirtíocht, d’fhonn taithí agus fothú acmhainneachta a mhalartú, agus tá CnaR réidh rannchuidiú go gníomhach leis an tionscadal sin; |
21. |
á chur i dtábhacht gurb é an dúshlán is mó i gcur chun feidhme na comhpháirtíochta geallsealbhóirí a spreagadh, a n-acmhainneacht a neartú agus a dtuairimí a chur san áireamh, agus is cúis áiféala dó nár cuireadh san áireamh roinnt de na hagóidí a rinne na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sa chlárthréimhse dheireanach agus go bhfuil na fadhbanna maidir le comhpháirtithe a spreagadh fós ann; á iarraidh, dá bhrí sin, go gcuirfidh an Coimisiún Eorpach de cheangal ar na Ballstáit na cúiseanna nach ndearnadh aon bhreithniú orthu a mhíniú, agus bearta nithiúla a chur i láthair arb é is aidhm dóibh geallsealbhóirí a spreagadh agus a neartú le linn na clárthréimhse nua; |
22. |
den tuairim go bhfuil gá ní hamháin le cur chuige ingearach lena mbaineann leibhéil éagsúla rialachais, ach le gné chothrománach lena mbaineann comhpháirtithe socheacnamaíocha ábhartha, ionadaithe ón tsochaí shibhialta nó lucht acadúil chomh maith, má táthar chun próisis rialachais il-leibhéil a chur ar bun i gceart; |
23. |
á chur in iúl gur minic a bhraitheann na húdaráis áitiúla go mbíonn siad tearcionadaithe agus nach mbíonn ach ról tánaisteach acu nó nach n-éistear leo sna próisis ullmhúcháin. I bhfianaise an lín mhóir bardas atá i mbun caibidlíochta, is iad a mbrateagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht thar a gceann go príomha, eagraíochtaí a mbíonn ról tábhachtach acu sa phróiseas ullmhúcháin dá réir sin. Mar sin féin, laistigh dá gcuid struchtúr, ní mór acmhainneacht iomchuí a bheith ann chun sreabhadh éifeachtúil faisnéise go dtí cathracha agus bardais a áirithiú, ionas go mbeidh a ndóthain eolais acu ar na próisis leanúnacha agus go mbeidh an deis acu tionchar a imirt orthu trína gcuid comhlachas; |
24. |
á chur i bhfáth gur gá príomhról a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i gcoistí faireacháin na gclár oibríochtúil; á iarraidh ar na húdaráis bhainistíochta na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a rannpháirtiú go hiomlán in ullmhú chláir Interreg chomh maith; |
25. |
á iarraidh go ndéanfar prionsabail na comhpháirtíochta a chur chun feidhme go hiomlán faoi ionstraimí nua freisin, amhail an Sásra um Aistriú Cóir, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ionstraimí nua eile arna maoiniú faoi NextGenerationEU; ag tagairt don tionchar mór a bheidh ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ar an mbeartas comhtháthaithe agus do na míréireachtaí agus an dúbláil a d’fhéadfadh a bheith idir na hionstraimí sin; |
26. |
á iarraidh go gcuirfí prionsabal na comhpháirtíochta i bhfeidhm freisin faoin gcomhbheartas talmhaíochta (CBT) agus na pleananna straitéiseacha á dtarraingt suas agus á gcur chun feidhme. Ba cheart dlúthbhaint a bheith ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i ndáil leis sin, go háirithe i ngníomhaíochtaí an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT); á chur i dtábhacht na deiseanna a chuirfear ar fáil le cur chun feidhme phrionsabal na comhpháirtíochta in CBT, go háirithe maidir le sineirgí a aimsiú idir tionscadail, arna maoiniú faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus faoin dara colún de CBT; |
27. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeidh na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla i mbun taidhleoireacht chomhthreomhar ar an leibhéal Eorpach; á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a rannpháirtiú i gcaibidlíochtaí maidir le hábhar na gcomhaontuithe comhpháirtíochta agus na gclár oibríochtúil. Trí argóintí bunaithe ar na sonraí crua agus ar an eolas atá acu ar fhadhbanna áitiúla a chur chun tosaigh, is féidir leis na húdaráis sin rannchuidiú le tosaíochtaí a leagan amach ar bhealach níos éifeachtaí agus níos réadúla sna doiciméid straitéiseacha; |
28. |
á chur i dtábhacht gur féidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a gcláir oibríochtúla a mhúnlú ar bhealach ina mbeidh príomhshruthú inscne lárnach i gcomhréir le hAirteagal 16(f) den Chomhaontú Idirinstitiúideach agus le huaillmhian an Choimisiúin Eorpaigh príomhshruthú inscne a áireamh i gcláir de chuid an Aontais agus leis an bplean chun modheolaíocht a chur chun feidhme maidir le measúnú a dhéanamh ar an tionchar inscne i measúnuithe tionchair tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2023; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha é sin a chur san áireamh ag gach céim den chlársceidealú; |
29. |
á chur i dtábhacht go bhféadfadh difríochtaí maidir le huainiú an ullmhúcháin do phleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta agus do chomhaontuithe comhpháirtíochta, i gcásanna áirithe, bac a chur ar chomhordú éifeachtach institiúideach agus teorainn a chur leis an gcuardach ar shineirgí. Féadfaidh tosaíocht fhéideartha chistiú na saoráide téarnaimh agus athléimneachta thar an mbeartas comhtháthaithe, mar gheall ar an mbrú i dtaca le cur chun feidhme agus glacadh gasta, tionchar diúltach a bheith aige ar chlársceidealú agus ar chur chun feidhme bheartas comhtháthaithe 2027, rud a chuirfidh le tuilleadh moilleanna agus le húsáid níos mó a bhaint as cistiú comhtháthaithe; ag tabhairt rabhadh faoin mbaol go mbeidh téarnamh éagothrom idir réigiúin éagsúla na hEorpa agus méadú ar an neamhionannas mar gheall ar easpa cur chuige críochach maidir leis na pleananna arna maoiniú ag an tsaoráid téarnaimh agus athléimneachta a fhorbairt; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na húdaráis Eorpacha agus náisiúnta dlús a chur leis an ullmhúchán do chomhaontuithe comhpháirtíochta agus do chláir oibríochtúla agus na sineirgí a neartú idir comhaontuithe comhpháirtíochta agus pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta; |
30. |
á iarraidh go seolfar doiciméid ábhartha chuig na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha in am agus i dtráth roimh na cruinnithe oibre; á chur in iúl, ag an am céanna, gur cúis aiféala dó gur minic nach mbíonn mórán ama ag comhpháirtithe chun barúlacha a thabhairt ar dhoiciméid; á iarraidh, dá réir sin, go dtabharfar creat ama leordhóthanach dóibh atá inchomhthomhaiste le tábhacht na ndoiciméad a dtugtar barúil orthu. Níor cheart gur ar mhaithe le foirmeáltacht amháin a dhéantar na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla a rannpháirtiú agus ba cheart aiseolas a thabhairt i gcónaí ar na barúlacha a chuirtear in iúl; |
31. |
á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm phrionsabal na comhpháirtíochta, i gcaibidlíochtaí neamhfhoirmiúla leis na Ballstáit agus sa mheasúnú ar dhréacht-chomhaontuithe comhpháirtíochta agus dréachtchláir oibríochtúla araon, agus moltaí a thabhairt do na Ballstáit agus d’údaráis ábhartha chun na próisis chomhpháirtíochta a fheabhsú; |
32. |
á mholadh go n-eagrófar, i gcomhar le huachtaránacht na Slóivéine ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, ceardlann chomhpháirteach ina ndíreofar ar rannpháirtiú na n-údarás réigiúnach agus áitiúil agus ina gcuirfear a dtuairimí san áireamh ionas go mbeidh ullmhú agus cur chun feidhme clár faoin mbeartas comhtháthaithe níos éifeachtaí; á mholadh, ina theannta sin, go ndéileálfar le ceist na comhpháirtíochta i gCistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa i gcomhthéacs an Tionscnaimh maidir le Rialáil Níos Fearr agus go gcuirfear ar chlár oibre chruinnithe na Comhairle í freisin d’fhonn aird a dhíriú ar bhuntáistí na comhpháirtíochta éifeachtaí agus an rialachais il-leibhéil in ullmhú agus cur chun feidhme clár faoin mbeartas comhtháthaithe. Léireofar leis sin go gcabhraíonn an cur chuige seo le comhchuspóirí bheartais an Aontais a bhaint amach agus gur cheart é a chur i bhfeidhm dá bhrí sin i réimsí beartais eile freisin; |
Cód Iompair Eorpach i ndáil le Comhpháirtíocht faoi chuimsiú Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa
33. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an Cód Iompair Eorpach i ndáil le Comhpháirtíocht agus ról phrionsabal na comhpháirtíochta i dtaca le feabhas a chur ar an tiomantas comhchoiteann don bheartas comhtháthaithe agus ar an úinéireacht a ghabhann leis; |
34. |
á thabhairt dá aire go dtugann an Cód Iompair Eorpach moltaí mionsonraithe maidir le cur chun feidhme éifeachtach na comhpháirtíochta, agus riachtanais shonracha ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach á gcur san áireamh ag an am céanna; |
35. |
á chur i bhfáth go gceanglaítear le hAirteagal 6 den Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún go mbeidh rannpháirtíocht chothromaithe ag na comhpháirtithe nuair atá na comhaontuithe comhpháirtíochta agus na cláir oibríochtúla á dtarraingt suas, agus go gcomhlíonfar an Cód Iompair Eorpach chomh maith; á iarraidh ar na húdaráis bhainistíochta agus ar na comhlachtaí comhordúcháin lárnacha, dá bharr sin, na ceanglais sin a chur chun feidhme go hiomlán agus comhpháirtithe a rannpháirtiú i ndáiríre seachas ar mhaithe le foirmeáltacht; |
36. |
á chur in iúl go bhfuil sé ar intinn aige dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Chóid Iompair Eorpaigh agus na comhaontuithe comhpháirtíochta agus na cláir oibríochtúla á dtarraingt suas, i gcomhréir lena thosaíochtaí polaitiúla do 2020-2025 (3); á iarraidh, ar an gcuma chéanna, ar an gCoimisiún a fhíorú go bhfuil prionsabal na comhpháirtíochta i bhfeidhm i gceart sula bhformheasfar na Comhaontuithe Comhpháirtíochta náisiúnta agus na Cláir Oibríochtúla; |
37. |
á thabhairt dá aire gur bunaíodh prionsabal na comhpháirtíochta faoi chuimsiú an Chóid Iompair Eorpaigh don chlárthréimhse 2014-2020 agus nach bhfuil, ar an ábhar sin, ionstraimí nua ná an staid ó thosaigh an phaindéim léirithe ann; den tuairim gur cheart, dá bhrí sin, prionsabal na comhpháirtíochta a neartú sa Chód Iompair Eorpach, mar a d’iarr CnaR cheana ina thuairimí roimhe seo; |
38. |
á iarraidh ar rialtais réigiúnacha agus áitiúla a bheith rannpháirteach go hiomlán san athbhreithniú lárthéarma ar an gclárthréimhse 2021-2027. Ba cheart a áireamh leis sin tuairim ó CnaR maidir leis an taithí ar an gcur chun feidhme sna blianta tosaigh agus ionchais na n-údarás áitiúil agus réigiúnach maidir leis na himchlúdaigh airgeadais chomh maith leis an gcur chun feidhme teicniúil don chuid eile den chlárthréimhse reatha. Thairis sin, d’fhéadfaí staidéar a dhréachtú mar thoradh air sin ina ndéanfaí meastóireacht ar an taithí a fuarthas ar chur i bhfeidhm mholtaí an Chóid Iompair Eorpaigh deich mbliana ón uair a tugadh isteach é in 2024. Ba cheart do CnaR a bheith rannpháirteach i ndréachtú Théarmaí Tagartha an staidéir, plé a dhéanamh ar an staidéar agus a bheith bainteach le moltaí a fhoirmliú chun obair leantach a dhéanamh ar chonclúidí an staidéir; |
39. |
á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach dlúthfhaireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chóid Iompair Eorpaigh agus, más rud é nach leor an glacadh leis an gcomhpháirtíocht, athbhreithniú a dhéanamh air ar bhonn samplaí dea-chleachtais sna Ballstáit; á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach moltaí na tuairime seo, chomh maith leis na conclúidí ó cheardlanna saineolaithe, a chur san áireamh i gcás ina ndéanfar an Cód a athbhreithniú; |
40. |
á mholadh go n-iarrfaidh an Coimisiún Eorpach ar na Ballstáit, ar bhonn na ndea-shamplaí a bailíodh, pleananna gníomhaíochta a tharraingt suas maidir leis an mbealach chun feabhas a chur ar an gcur chuige comhpháirtíochta i gcur chun feidhme agus i bhfaireachán na clárthréimhse reatha; |
41. |
á mholadh, ag an am céanna, go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach machnamh ar bharaiméadar a bhunú maidir le comhpháirtíocht a chur i bhfeidhm, rud a spreagfadh daoine chun leas níos mó a bhaint as; |
Cur chuige áitbhunaithe
42. |
á chur i bhfáth gur príomhchoinníoll í rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i dtarraingt suas comhaontuithe comhpháirtíochta agus clár oibríochtúil má táthar chun iad a thiomsú go straitéiseach chun fíor-riachtanais an limistéir i dtrácht a léiriú; den tuairim go bhfuil cur chun feidhme éifeachtach na comhpháirtíochta agus an rialachais il-leibhéil ríthábhachtach chun na tosaíochtaí infheistíochta lena dtacóidh Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a shainaithint níos fearr. D’fhonn díriú go héifeachtach ar infheistíocht, tá sé riachtanach sainiúlachtaí réigiúnacha agus áitiúla an limistéir lena mbaineann a mheas lena n-áirítear tosca nádúrtha agus déimeagrafacha a chuireann faoi mhíbhuntáiste é. Ba cheart do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith rannpháirteach freisin i roghnú táscairí agus leithdháiltí réigiúnacha, agus ba cheart do mhéid na dtáscairí sin freagairt d’fhadhbanna struchtúracha an limistéir. Mar gheall ar éagothromaíochtaí idir réigiúin agus laistigh de réigiúin, ní mór infheistíocht a dhéanamh fós i mbonneagar bunúsach, agus seirbhísí bunúsacha a sholáthar i réimsí an chomhshaoil, an iompair, na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, na seirbhísí sóisialta, na sláinte agus an oideachais; |
43. |
á chur i bhfáth gurb iad na réigiúin, na cathracha agus na bardais atá ar an eolas faoina limistéir féin agus na príomhdhúshláin a bhaineann leo chun cuspóirí Eorpacha a bhaint amach amhail an Comhaontú Glas, agus cláir oibre dhomhanda amhail na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Tá siad ar an eolas faoi bhuanna agus laigí an struchtúir shocheacnamaíoch iontu (e.g. limistéir a bhfuil fadhbanna iontu maidir le soghluaisteacht, an comhshaol agus aistriú inbhuanaithe, an aeráid, aistriú fuinnimh, cuimsiú sóisialta agus an comhrac i gcoinne éagothroime, oideachas, digiteáil etc.) agus is iad is fearr atá in ann an tionchar a mheastar a bheidh ag gach beart a thomhas, bunaithe ar na sonraí agus moltaí a dhéanamh maidir le bearta níos spriocdhírithe nó bearta atá ann cheana a athdhearadh; |
44. |
á chur i dtábhacht gur léirigh paindéim COVID-19 arís eile an tábhacht a bhaineann leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le cistí struchtúracha agus infheistíochta a chur chun feidhme. San am céanna, tugadh chun solais nach bhfuil na hacmhainní airgeadais cuí ag roinnt mhaith údarás áitiúil agus réigiúnach; á chur in iúl gur díol sásaimh dó i ndáil leis sin na bearta solúbthachta a thug an Coimisiún Eorpach isteach i bpacáistí CRII agus CRII+; á iarraidh ar an gCoimisiún togra a chur ar aghaidh chun an ráta cómhaoinithe 100 % a shíneadh ar feadh bliain amháin eile, síneadh a chur le riail N+3 agus an tairseach státchabhrach de minimis a mhéadú ar bhonn sealadach, ionas go bhfaighidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha tacaíocht leordhóthanach le linn na tréimhse deacra seo; |
45. |
den tuairim gur féidir le cur chuige áitbhunaithe rannchuidiú go mór le haistriú glas agus digiteach inbhuanaithe; á mholadh go ndéanfar measúnuithe tionchair chríochaigh níos minice faoi chuspóirí éagsúla an bheartais comhtháthaithe agus faoi chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus na Straitéise Digití; |
46. |
den tuairim, agus aghaidh á tabhairt aige ar na dúshláin chríochacha, gur cheart cur chuige áitbhunaithe, comhtháthaithe a threisiú seachas cur chuige atá dírithe ar an earnáil amháin. Is iad na hiarmhairtí díobhálacha a thagann as rudaí a roinnt ina gcodanna, agus plúchadh leasanna na ndaoine atá rannpháirteach, a chuireann bac ar chur chuige cuimsitheach agus comhtháite i leith réiteach fadhbanna; |
47. |
den tuairim go bhfuil acmhainneacht ollmhór i straitéisí críochacha comhtháite do réigiúin agus cathracha (bunaithe ar Infheistíochtaí Críochacha Comhtháite agus forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail) chun tionchar dearfach a imirt ar fhócas na gclár oibríochtúil náisiúnta sa chaoi is go dtugtar aird ar na dúshláin réigiúnacha agus áitiúla ar leith; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeidh cláir oibríochtúla ag teacht leis na straitéisí sin ionas gur féidir iad a spriocdhíriú go cruinn. Ní mór an ghné réigiúnach a chur san áireamh sna ranna ábhartha sna cláir oibríochtúla ionas go seachnófar míréireachtaí idir na doiciméid straitéiseacha éagsúla; |
48. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó go mbeidh béim láidir ar Infheistíochtaí Críochacha Comhtháite (ITI) sa chur chun feidhme sa chlárthréimhse 2021-2027 agus go bhfuil sé den tuairim, i gcás inarb iomchuí, gur cheart tacú leis na bearta atá beartaithe sna straitéisí comhtháite mar ghnáthrud gan aon ghá le glaonna ar léiriú spéise. Ba cheart straitéisí ITI a bheith cuimsitheach agus bearta a chumhdach gan beann ar shainorduithe na gcomhlachtaí lena mbaineann (stát, réigiúin, bardais); |
49. |
á thabhairt le fios, mar chuid de chur chun feidhme ITI, go bhfuil ardáin chomhair sheanbhunaithe ag na réigiúin san Aontas bunaithe ar phrionsabail na comhpháirtíochta agus an rialachais il-leibhéil atá in ann na príomhdhúshláin a chinneadh agus na freagairtí is iomchuí a shainaithint; |
50. |
á iarraidh go mbunófar sásraí éifeachtacha chun na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chumasú chun páirt a ghlacadh i roghnú bhearta ITI ar bhonn phrionsabal an chríochachais, gan beann ar shainorduithe na n-eintiteas lena mbaineann; á mholadh go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach agus na Ballstáit anailís ar na sásraí comhair éifeachtacha atá ann cheana sna Ballstáit, ar féidir iad a úsáid mar shamplaí dea-chleachtais; |
51. |
den tuairim gur fiú aghaidh a thabhairt ar shainaithint tosaíochtaí laistigh de ghrúpaí téamacha dinimiciúla beaga, grúpaí a dhéanfaidh anailís, ar bhonn sonraí críochacha infhíoraithe, ar na dúshláin agus a mholfaidh freagairtí laistigh d’ábhar earnála áirithe; |
52. |
á chur in iúl gur eol dó go bhfuil an easpa sonraí ar an leibhéal réigiúnach, agus laistigh de réigiúin trasteorann, ina bhac ar spriocdhíriú éifeachtach infheistíochta; ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, dá bhrí sin, dlús a chur le bailiú sonraí staidrimh (via Eurostat agus ESPON) ar leibhéal NUTS 3 laistigh de bheartais éagsúla earnála atá ábhartha do chuspóirí an bheartais comhtháthaithe – sonraí a mbainfear úsáid astu freisin chun an dul chun cinn atá déanta a thomhas sa limistéar lena mbaineann; á chur in iúl go bhféachann sé ar Innéacs an Aontais maidir leis an Dul Chun Cinn Sóisialta, ar thíolaic an Coimisiún Eorpach leagan de a tugadh cothrom le dáta ag deireadh 2020, mar ionstraim iomchuí; |
53. |
den tuairim freisin go bhfuil an easpa acmhainneachta riaracháin agus anailíse ina bhac ar rannpháirtíocht éifeachtach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach; á iarraidh go ndéanfar an rannpháirtíocht sin a threisiú sa chlárthréimhse nua; |
Úsáid uirlisí digiteacha agus iarmhairtí na paindéime
54. |
á chur in iúl gur cúis aiféala dó gur chuir ráig na paindéime moill ar chaibidlíochtaí i dtaca le cláir de chuid an Aontais idir an t-údarás reachtach agus, dá bhrí sin, ar dhréachtú na gcomhaontuithe comhpháirtíochta agus na gclár oibríochtúil, nár tugadh chun críche in am do thús na clárthréimhse nua; ag iarraidh go gcuirfear dlús láithreach leis an obair ullmhúcháin agus na pléití; |
55. |
á chur in iúl gur cúis aiféala dó freisin gur fhág na bearta a rinneadh chun leathadh na paindéime a mhaolú, gur cuireadh siar nó i leataobh an comhar leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, i gcásanna áirithe ar feadh roinnt míonna, rud a mbeidh iarmhairtí diúltacha aige ar fhorbairt a limistéar; |
56. |
ag tabhairt rabhadh i gcoinne threochtaí an lárnaithe i gclársceidealú agus cur chun feidhme Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa de thoradh na paindéime agus i gcoinne reáchtáil dhá chlárthréimhse i gcomhthreo; |
57. |
á thabhairt dá aire gur thug géarchéim na paindéime an deis freisin comhpháirtithe a rannpháirtiú trí úsáid fhorleathan uirlisí cumarsáide digiteacha, rud a d’éascaigh, go pointe áirithe, an idirghníomhaíocht idir geallsealbhóirí, agus a d’fhéadfadh tionchar dearfach a imirt ar rannpháirtíocht chothromaithe na gcomhpháirtithe nach mbeadh rannpháirteach sna hullmhúcháin murach sin; |
58. |
á thabhairt dá aire, áfach, gur minic a bhíonn na deiseanna idirghníomhaíochta ar líne do chomhpháirtithe srianta; den tuairim, dá bharr sin, gur gá na dálaí idirghníomhaíochta le comhpháirtithe le linn cruinnithe ar líne a fheabhsú i gcónaí. Ní mór réimse teicnící agus cur chuige a ghlacadh chun pléití a stiúradh, mar aon le tacaíocht a fháil ó chúnamh teicniúil, le go ndéanfar cruinnithe ar líne a éascú ar bhealach níos fearr; |
59. |
á mholadh freisin go gcuirfear le samplaí dea-chleachtais maidir le húsáid uirlisí cumarsáide idirghníomhacha ar líne don todhchaí, ach tá CnaR den tuairim nach féidir réitigh dhigiteacha a chur in ionad cruinnithe agus comhairliúcháin ar a ndéantar freastal i bpearsa agus nár cheart iad a úsáid ach mar mhodh comhlántach ag brath ar fhormáid agus nádúr an phlé. |
An Bhruiséil, 12 Deireadh Fómhair 2021.
Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún
Apostolos TZITZIKOSTAS
(1) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 240/2014 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2014 maidir leis an gCód Iompair Eorpach i ndáil le Comhpháirtíocht faoi chuimsiú Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (IO L 74, 14.3.2014, lch. 1).
(2) Application of the principles of partnership and multi-level governance in Cohesion Policy programming 2021-2027, https://op.europa.eu/ga/publication-detail/-/publication/effcb753-a6ff-11eb-9585-01aa75ed71a1.
(3) https://cor.europa.eu/ga/our-work/Pages/cor-priorities.aspx
4.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 61/21 |
Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Clár oibre frithsceimhlitheoireachta don Aontas Eorpach: réamh-mheas, cosc, cosaint agus freagairt
(2022/C 61/05)
|
MOLTAÍ BEARTAIS
TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)
Réamhrá
1. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó clár oibre frithsceimhlitheoireachta an Choimisiúin (1), clár ina n-aithnítear an ról tábhachtach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, lena n-áirítear maidir leis an radacú a chosc agus na spásanna poiblí a chosaint; |
2. |
ar aon fhocal leis an gCoimisiún faoi go dteastaíonn comhar níos dlúithe, i bhfianaise an nádúir thrasnáisiúnta atá sna líonraí sceimhlitheoireachta, chun gur féidir na luachanna agus na noirm atá i gcoiteann againn, ár ndóigh bheatha Eorpach, agus ár sochaí iolraíoch, a chosaint agus a chumhdach; |
3. |
á thabhairt le fios go bhfuil an beartas frithsceimhlitheoireachta ina chuid den bheartas slándála, inniúlacht atá roinnte idir an tAontas agus na Ballstáit, agus go bhfuil caomhnú an oird phoiblí agus coimirciú na slándála inmheánaí faoi chúram na mBallstát i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (2); á chur i bhfáth, ina leith sin, an ról atá ag na húdaráis réigiúnacha forfheidhmithe dlí i mBallstáit áirithe; |
4. |
á chur i bhfáth go mbíonn a lán cúiseanna ann le hionsaithe sceimhlitheoireachta san Aontas Eorpach agus go bhfuil na cúiseanna sin miondealaithe i gcúig chatagóir ag Europol: an sceimhlitheoireacht jiohádach, sceimhlitheoireacht na heite clé agus an ainrialachais, sceimhlitheoireacht na heite deise, sceimhlitheoireacht an náisiúnachais eitnigh agus an scarúnachais, agus an sceimhlitheoireacht sainleasa. Tugann an iliomad sin cúiseanna le fios go bhfuil fás ag teacht ar líon na ndaoine a dhéanann na coireanna seo a bhíonn ag gníomhú ina n-aonar (3); |
5. |
á thabhairt le fios gur chuir ciorrú na saorghluaiseachta trí bhearta COVID-19 isteach ar ghníomhaíochtaí na sceimhlitheoirí ach gur féidir, ar an drochuair, bealaí a aimsiú chun teacht timpeall ar na bearta sin agus nach foláir tionchar socheacnamaíoch na paindéime a chur san áireamh toisc gur cúis é le baol breise radacaithe agus le géarchéim ar féidir leis na sceimhlitheoirí leas a bhaint aisti chun a n-aidhmeanna agus a ngníomhaíochtaí a chraobhscaoileadh (4) (5); |
Réamh-mheas
Faisnéis straitéiseach agus measúnú ar an mbagairt
6. |
á aithint, i bhfianaise an nádúir thrasnáisiúnta atá sna líonraí sceimhlitheoireachta, go bhfuil ríthábhacht le Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais Eorpaigh (EU INTCEN) maidir le slándáil inmheánach an Aontais; á chur in iúl gur díol sásaimh dó an achainí a rinne an Coimisiún an fhaisnéis straitéiseach a chomhtháthú níos fearr agus leanúint de mheasúnuithe ardcháilíochta ar bhagairtí arna ndéanamh ag seirbhísí náisiúnta faisnéise agus slándála, maille leis na hacmhainní riachtanacha, a chur ar fáil do EU INTCEN; |
An acmhainn luathbhrathadóireachta a threisiú
7. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó an plean maidir le taighde slándála Eorpach, rud a chuirfidh leis an acmhainn luathbhrathadóireachta ar bhagairtí sceimhlitheoireachta a d’fhéadfadh a bheith ann; á chur i bhfáth a thábhachtaí, ina leith sin, atá an idir-inoibritheacht chun faisnéis a mhalartú; |
8. |
á chur in iúl go dtacaíonn sé le comhtháthú breise an taighde sa chuid sin den chlár Fís Eorpach a bhaineann leis an mbeartas slándála agus go dtacaíonn sé freisin leis an moladh go gcabhródh Europol le príomhthéamaí taighde a shainaithint agus le creatchláir ábhartha AE a tharraingt suas agus a chur chun feidhme; |
A bheith chun cinn ar an mbagairt: ról na nuatheicneolaíochtaí
9. |
á chur in iúl go n-aithníonn sé na deiseanna a thugann nuatheicneolaíochtaí nuálacha ar nós na hintleachta saorga agus drón chun bagairtí sceimhlitheoireachta a bhrath go réamhghníomhach agus chun cur leis an tslándáil i spásanna poiblí agus gur díol sásaimh dó an gealltanas atá tugtha ag an gCoimisiún tionscadail a mhaoiniú chun nuatheicneolaíochtaí a fhorbairt faoin gClár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach (6); ag iarraidh go ndéanfar dea-chleachtais a mhalartú idir na rialtais, an lucht tionscail agus na saineolaithe; |
10. |
á thabhairt le fios go gcruthaíonn nuatheicneolaíochtaí bagairtí nua freisin, agus gur díol sásaimh dó, i measc rudaí eile, na pleananna atá ag an gCoimisiún dróin a d’fhéadfadh a bheith mailíseach a bhrath, a rianú agus a shainaithint ar bhealach níos fearr; |
11. |
á chur i bhfáth nach mór cothromaíocht a lorg, go mór mór maidir le nuatheicneolaíochtaí, idir, ar an taobh amháin, an ceart chun slándála agus an ceart chun sláine an duine agus, ar an taobh eile, cearta agus saoirsí bunúsacha eile; á mhaíomh gur cheart srianta agus ceartúcháin a chur san áireamh agus tús áite a thabhairt don chomhréireacht agus do mhaoirseacht neamhspleách bhreithiúnach; |
Cosc
Cur i gcoinne idé-eolaíochtaí antoisceacha ar líne
12. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó an gealltanas atá tugtha ag an gCoimisiún, i gcomhar le Europol, go ndéanfar aonad inniúil Europol a neartú maidir le hacmhainní agus inniúlachtaí, an Prótacal Eorpach um Ghéarchéimeanna a chur chun feidhme tuilleadh agus, ar an gcaoi sin, dul i ngleic le mearscaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne; |
13. |
á thabhairt dá aire an gealltanas atá tugtha ag an gCoimisiún an fhuathchoireacht agus an fhuathchaint a chur leis an liosta de choireanna ar leibhéal AE (7) agus an togra uaidh le haghaidh Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha (8); á chur i bhfáth nach mór a chur san áireamh, ina leith sin, na creataí dlíthiúla sna Ballstáit; á thabhairt le fios gur gá na cearta agus na saoirsí bunúsacha uile, lena n-áirítear an ceart chun tuairimí a nochtadh, a chur san áireamh i gcónaí; |
14. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé frithinsintí agus insintí malartacha a scaipeadh d’fhonn an radacú, an sceimhlitheoireacht agus an bhréagaisnéis a chomhrac; á chur in iúl gur díol sásaimh dó an gealltanas atá tugtha ag an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit chun an chumarsáid straitéiseach sin a fhorbairt; |
Tacaíocht do ghníomhaithe pobail ar mhaithe le pobail níos athléimní
15. |
á chur i bhfáth go bhfuil sé tiomanta leanúint de ról gníomhach a imirt sa chomhrac i gcoinne an radacaithe; á chur in iúl gur díol sásaimh dó an tacaíocht ón gCoimisiún do Líonra AE um Fheasacht ar an Radacú (9) agus don tionscnamh Cathracha an Aontais Eorpaigh i gcoinne Radacú (10); |
16. |
á chur i bhfáth, go háirithe maidir le luathbhrath an radacaithe, a thábhachtaí atá cur chuige ildisciplíneach i gcomhar leis an tsochaí shibhialta; ag leagan béim ar dhea-chleachtais ar nós “cealla áitiúla comhtháite slándála”, ina dtugtar le chéile údaráis áitiúla, na póilíní, oibrithe sóisialta agus eagraíochtaí um chosc, seirbhísí oideachais (neamhfhoirmiúla), comhairleoirí creideamhbhunaithe, etc., agus a ghlacann cur chuige de réir an cháis i leith daoine a ndearnadh radacú orthu (11); ag tarraingt aird, ina leith sin, ar phrionsabal na rúndachta gairmiúla comhroinnte, rud atá thar a bheith tábhachtach; ag iarraidh go ndéanfar dea-chleachtais a mhalartú ina leith sin; á chur i bhfáth gur gá an reachtaíocht maidir le cosaint an phríobháideachais sna Ballstáit a chur san áireamh; |
17. |
á thabhairt le fios gurb iad na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla na húdaráis is mó a bhfuil orthu dul i ngleic leis na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann leis an lánpháirtiú agus go bhfuil súil ag an gCoiste leis, go háirithe ar an leibhéal sin, go dtacóidh an Coimisiún le cosaint agus neartú an chomhtháthaithe shóisialta, lena n-áirítear sa Phlean Gníomhaíochta maidir leis an Lánpháirtiú agus leis an gCuimsiú (12); |
Príosúin, athshlánú agus ath-lánpháirtiú
18. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó an gealltanas atá tugtha ag an gCoimisiún díriú níos mó ar shaincheist an radacaithe sna príosúin trí phríosúnaigh a ndearnadh radacú orthu a dhíradacú, a athshlánú agus a ath-lánpháirtiú; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige cuimsitheach trína gcuirfí sainoiliúint ar phearsanra na bpríosún, oibrithe sóisialta, comhairleoirí creideamhbhunaithe, etc., maidir leis an gcaoi le déileáil le príosúnaigh a ndearnadh radacú orthu agus trína n-áiritheofaí nach dtiocfadh stop leis an meantóireacht a dhéantar ar phríosúnaigh a ndearnadh radacú orthu a luaithe a thagann deireadh leis an tréimhse choinneála nó leis an bpróiseas díradacaithe; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé dea-chleachtais a mhalartú; |
Eolas agus tacaíocht a chomhdhlúthú
19. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó an gealltanas atá tugtha ag an gCoimisiún tacú le forbairt bhreise líonraí náisiúnta de ghníomhaithe ábhartha; ag tnúth leis an togra maidir le Mol Eolais AE maidir leis an Radacú a Chosc a bhunú, a chabhródh ní hamháin le heolas agus saineolas a scaipeadh ach leis an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na deiseanna maoiniúcháin faoi na cláir éagsúla atá ag an Aontas; á thabhairt dá aire an t-ardleibhéal eolais agus saineolais atá ann cheana sna húdaráis áitiúla agus réigiúnacha (13); á iarraidh go mbeadh údaráis inniúla réigiúnacha forfheidhmithe dlí agus a gcuid seirbhísí faisnéise páirteach i bhforbairt líonraí náisiúnta de gheallsealbhóirí ábhartha agus Mhol Eolais AE maidir leis an Radacú a Chosc; |
20. |
á chur i bhfáth, thairis sin, a thábhachtaí atá an Ciste Slándála Inmheánaí sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta san Eoraip; ag leagan béim ar an ngá atá lena áirithiú go mbainfidh an sciar de chistí a bhainistíonn na Ballstáit gach údarás inniúil náisiúnta agus réigiúnach sa réimse sin amach; |
Cosaint
Daoine a chosaint i spásanna poiblí
21. |
á chur i bhfáth go bhfuil spásanna poiblí i mbaol ionsaithe sceimhlitheoireachta; ag cur in iúl gur díol sásaimh dó an gealltanas atá tugtha ag an gCoimisiún níos mó béime a chur ar an bprionsabal “slándáil trí dhearadh”; ag tnúth le foilsiú leabhar ailtireachta an Choimisiúin ar líne maidir le gnéithe slándála a chuimsiú i ndearadh spásanna poiblí nua agus in athchóiriú spásanna poiblí atá ann cheana; ag díriú aird ar an gcothromaíocht a theastaíonn idir slándáil na spásanna poiblí agus oscailteacht, cáilíocht mhaireachtála agus inrochtaineacht na spásanna sin; |
22. |
á aithint go bhfuil ardluach siombalach ag ionaid adhartha, rud a fhágann go mbíonn siad ina sprioc ag sceimhlitheoirí; ag tnúth leis na tionscadail a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún tacaíocht a thabhairt dóibh, i gcomhar leis na Ballstáit, ar mhaithe le cosaint fhisiciúil na n-ionad sin a fheabhsú, mar a bhfuil, ina leith sin freisin, cothromaíocht ag teastáil idir slándáil na spásanna poiblí agus oscailteacht, cáilíocht mhaireachtála agus inrochtaineacht na spásanna sin; |
Na cathracha mar chnámh droma ag an tslándáil uirbeach
23. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó na tograí ón gCoimisiún maidir le Gealltanas an Aontais maidir le Slándáil Uirbeach agus Athléimneacht agus an tionscnamh nua Cathracha i gcoinne Radacú agus Sceimhlitheoireachta; ag iarraidh go mbainfí leas as prionsabal an ionaid ilfhreastail, ina leith sin, ar mhaithe le pointe amháin teagmhála a áirithiú; |
24. |
ag iarraidh ar an gCoimisiún CnaR a áireamh mar chomhpháirtí iomlán i nGealltanas an Aontais maidir le Slándáil Uirbeach agus Athléimneacht agus dul i gcomhairle i gcónaí le CnaR maidir le tograí ábhartha; |
25. |
á chur i bhfáth gur féidir cistí an bheartais comhtháthaithe a úsáid freisin chun an radacú a chosc agus an bonneagar poiblí a uasghrádú trí infheistíochtaí atá dírithe ar an gcomhtháthú sóisialta, an cuimsiú agus an athléimneacht; |
An bonneagar criticiúil a dhéanamh níos athléimní
26. |
á chur i bhfáth go bhfuil an baol ann go mbeadh an bonneagar criticiúil ina sprioc ag sceimhlitheoirí; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé cibirtheagmhais a thuairisciú faoin reachtaíocht maidir le slándáil na gcóras gréasáin agus faisnéise (14); ag tnúth leis na tograí ón gCoimisiún chun cur leis an teacht aniar a bhíonn in oibreoirí agus borradh a chur leis an tslándáil i gcoinne rioscaí fisiceacha agus digiteacha; |
27. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur cuireadh go mór le raon feidhme na treorach atá beartaithe maidir le hathléimneacht bonneagair chriticiúil (15) sa chaoi is go gcumhdófar an fuinneamh, an t-iompar, an tsláinte, uisce óil, fuíolluisce, an bonneagar digiteach, an riarachán poiblí agus an spás; á áitiú an athuair (16) ar an gCoimisiún Eorpach machnamh a dhéanamh sa todhchaí ar chur leis an líon earnálacha atá le cumhdach leis an treoir le go gcuirfear san áireamh slabhraí dáileacháin earraí fíor-riachtanacha; |
An tslándáil ag na teorainneacha
28. |
á thabhairt le fios nach mór do shaorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas a bheith nasctha go dlúth le dea-rialú ar na teorainneacha seachtracha; ar aon fhocal leis an gCoimisiún faoi nach mór tuilleadh a dhéanamh chun córas éifeachtach bainistithe teorainneacha a bhaint amach d’fhonn seiceálacha córasacha a dhéanamh ar gach uile thaistealaí ag na teorainneacha seachtracha sa chaoi is go mbraitear daoine a bhfuil amhras fúthu gur sceimhlitheoirí iad agus bealach isteach san Aontas a chosc orthu; ag tnúth leis na tograí ón gCoimisiún maidir le straitéis nua Schengen; |
29. |
á aithint go bhfuil gá le hidir-inoibritheacht agus cur chun feidhme mear agus iomlán an chórais dul isteach/imeachta (EES) (17), an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) (18) agus an Chórais Faisnéise Eorpaigh um Thaifid Choiriúla do Náisiúnaigh Tríú Tíortha (ECRIS-TCN) (19) a bhaint amach; |
30. |
á aithint, i bhfianaise na rialachán nua maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) (20), gur gá an córas aitheantais uathoibrithe méarlorg (AFIS) a chur chun feidhme agus a áirithiú go ndéanfar faisnéis arna cur ar fáil ag tríú tíortha iontaofa i dtaobh trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta a iontráil in SIS; |
Slí ionsaithe a cheilt ar na sceimhlitheoirí
31. |
á admháil gur bagairt atá sna pléascáin bhaile; ag tacú le hachainí an Choimisiúin an reachtaíocht maidir le réamhtheachtaithe pléascán (21) a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ina hiomláine; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an reachtaíocht sin a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta; |
Freagairt
Tacaíocht d’oibríochtaí: Europol a neartú
32. |
á aithint go bhfuil ról ríthábhachtach ag Europol agus ag Lárionad Frithsceimhlitheoireachta na hEorpa (ECTC); á chur i bhfáth go bhfuil gá le hacmhainní breise; á chur in iúl gur díol sásaimh dó an gealltanas (22) atá tugtha ag an gCoimisiún sainordú Europol a neartú le go mbeidh Europol in ann comhoibriú go héifeachtach le páirtithe príobháideacha, tacú le himscrúduithe coiriúla náisiúnta sa sceimhlitheoireacht maidir le próiseáil agus anailísiú mórshonraí, agus a shaineolas taighde agus nuálaíochta a úsáid; |
Comhar i bhforfheidhmiú an dlí
33. |
á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhar trasteorann agus trasearnála sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta; ag iarraidh go mbeadh dlúthchomhar ann idir na húdaráis réigiúnacha agus náisiúnta forfheidhmithe dlí agus Europol; ag leagan béim ar an mbreisluach a bhaineann le hoiliúint ábhartha de chuid CEPOL (23); á chur in iúl go bhfuil súil in airde aige leis an togra ón gCoimisiún maidir le cód AE um chomhar póilíneachta agus go bhfuil sé ag iarraidh ar an gCoimisiún nádúr díláraithe an bheartais slándála i mBallstáit áirithe a chur san áireamh; á chur in iúl gur díol sásaimh dó an gealltanas atá tugtha ag an gCoimisiún leanúint den tacaíocht a thugtar do líonra ATLAS na n-aonad speisialta idirghabhála (24); ag iarraidh go ndéanfaí scrúdú ar roghanna maidir le comhthiomsú agus comhroinnt; |
An malartú faisnéise a neartú
34. |
á aithint go bhfuil gá le comhordú, comhar agus malartú faisnéise níos láidre idir na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, na Ballstáit, na fórsaí póilíneachta, na córais dlí agus chirt, agus na seirbhísí slándála agus faisnéise, eatarthu féin agus leis na gníomhaireachtaí ábhartha ar leibhéal na hEorpa; ag leagan béim ar dhea-chleachtais ina n-úsáidtear tascfhórsaí ildisciplíneacha, grúpaí oibre agus cealla slándála ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta (25); ag tnúth leis na tograí ón gCoimisiún maidir le sásra éifeachtúil le haghaidh malartú faisnéise i gcásanna frithsceimhlitheoireachta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an discréid agus an mhuinín fhrithpháirteach; |
35. |
á admháil gur gá próifílí DNA, méarloirg agus loirg dearnan, agus sonraí náisiúnta cláraithe feithicle, a mhalartú níos fearr idir na Ballstáit ar chaoi a chomhlíonann riachtanais oibríochtaí na n-údarás forfheidhmithe dlí agus creat dlíthiúil AE maidir le cosaint sonraí; ag tnúth leis na tograí ón gCoimisiún maidir le Cinntí Prüm (26) a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta agus a raon feidhme a leathnú; |
Tacaíocht d’imscrúduithe agus d’imeachtaí ionchúisimh
36. |
á aithint, cé gur uirlis thábhachtach maidir le cosaint na cibearshlándála agus na gceart bunúsach é an criptiú faisnéise, go mbaineann sceimhlitheoirí úsáid mhícheart as; ag dúil leis an gcomhar atá beartaithe ag an gCoimisiún a dhéanamh leis na Ballstáit chun réitigh a aithint i leith rochtain mhídhleathach ar na sonraí sin i gcomhréir lenár gcearta agus saoirsí bunúsacha agus le creat dlíthiúil AE maidir le cosaint sonraí; |
37. |
á admháil, maidir le trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta atá ag filleadh ar an Eoraip a shainaithint, a bhrath agus a ionchúiseamh, gur gá fianaise agus faisnéis ó láthair na coire a bhailiú agus gur casta an gnó é sin a dhéanamh; á chur in iúl go bhfuil súil in airde aige leis na tionscnaimh ón gCoimisiún a thacóidh leis na Ballstáit, ina leith sin, agus gur díol sásaimh dó an gealltanas atá tugtha ag an gCoimisiún an comhar le tríú tíortha a neartú; |
Tacaíocht níos láidre d’íospartaigh na sceimhlitheoireachta
38. |
á chur i bhfáth go mbíonn tionchar ollmhór ag ionsaithe sceimhlitheoireachta ar na híospartaigh; á thabhairt le fios gur cheart an tacaíocht d’íospartaigh a bhunú ar aitheantas, cuimhneachán, ceartas agus teacht ar an bhfírinne; |
39. |
ag leagan béim ar an ngá le faoiseamh a thabhairt do na híospartaigh; á thabhairt le fios gur dea-chleachtas é córas bainistithe cásanna ina bhfuil ról ag cóitseálaithe agus ina dtugtar tacaíocht ar leith do gach íospartach, maidir le cúrsaí riaracháin agus ó thaobh na mothúchán de araon; |
40. |
á chur i bhfáth go bhfuil fiúntas breise leis an gclár píolótach Lárionad AE um Shaineolas ar Íospartaigh na Sceimhlitheoireachta (27); ag iarraidh go leanfar leis an gclár sin tar éis 2021 agus go méadófar é le go bhféadfar obair phraiticiúil bhreise a dhéanamh ar an leibhéal áitiúil; ag iarraidh, freisin, go mbeadh comhar láidir idir é agus Mol Eolais AE maidir leis an Radacú a Chosc, a bhunófar amach anseo, seachas an dá chlár sin a chomhtháthú; |
41. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó an gealltanas atá tugtha ag an gCoimisiún teacht ar shlite a chabhróidh le híospartaigh rochtain a fháil ar chúiteamh, lena n-áirítear íospartaigh na sceimhlitheoireachta i gcásanna trasteorann a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile nach é an Ballstát inar tharla an t-ionsaí sceimhlitheoireachta é; ag iarraidh córais amhail ciste ráthaíochta d’íospartaigh na sceimhlitheoireachta a chur san áireamh. |
An Bhruiséil, 12 Deireadh Fómhair 2021.
Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún
Apostolos TZITZIKOSTAS
(1) COM(2020) 795 final.
(2) Airteagal 4, Airteagal 67 agus Airteagal 72 CFAE.
(3) Europol (2020). European Union Terrorism Situation and Trend Report (TE-SAT) 2020.
(4) Europol (2020). European Union Terrorism Situation and Trend Report (TE-SAT) 2020.
(5) Stiúrthóireacht Feidhmiúcháin Choiste Frithsceimhlitheoireachta Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (2020). Tionchar phaindéim COVID-19 ar an sceimhlitheoireacht, ar an bhfrithsceimhlitheoireacht agus ar chur i gcoinne an antoisceachais fhoréignigh.
(6) https://futurium.ec.europa.eu/en/urban-agenda/security-public-spaces?language=ga
(7) Airteagal 83(1) CFAE.
(8) COM(2020) 825 final.
(9) https://ec.europa.eu/home-affairs/what-we-do/networks/radicalisation_awareness_network_en
(10) https://ec.europa.eu/home-affairs/policies/internal-security/counter-terrorism-and-radicalisation_en
(11) https://preventie-radicalisering-polarisering.vlaanderen.be/sites/preventie-radicalisering-polarisering/files/leidraad_livc.pdf
(12) COM(2020) 758 final.
(13) Parlaimint Fhlóndras (2015). Doiciméad 366 (2014-2015) – Uimh. 3 agus Rialtas Fhlóndras (2017). Plean Gníomhaíochta Fhlóndras maidir leis an radacú foréigneach agus an polarú a chosc.
(14) Treoir (AE) 2016/1148.
(15) COM(2020) 829 final.
(16) Tuairim NAT-VII/017 ó CnaR Athléimneacht Eintiteas Criticiúil.
(17) https://www.eulisa.europa.eu/Activities/Large-Scale-It-Systems/Sis-Ii
(18) https://www.eulisa.europa.eu/Activities/Large-Scale-It-Systems/Etias
(19) https://www.eulisa.europa.eu/Activities/Large-Scale-It-Systems/Ecris-Tcn
(20) Rialacháin (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861 agus (AE) 2018/1862.
(21) Rialachán (AE) 2019/1148.
(22) COM(2020) 796 final.
(23) https://www.cepol.europa.eu/education-training/what-we-teach/counter-terrorism
(24) Cinneadh 2008/617/CGB.
(25) https://www.besafe.be/sites/default/files/2019-06/planr_en.pdf
(26) Cinntí 2008/615/CGB agus 2008/616/CGB.
(27) https://ec.europa.eu/info/policies/justice-and-fundamental-rights/criminal-justice/eu-centre-expertise-victims-terrorism_en
4.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 61/26 |
Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Tásca geografacha tionsclaíochta agus ceardaíochta a chosaint san Aontas Eorpach
(2022/C 61/06)
|
MOLTAÍ BEARTAIS
TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)
Barúlacha ginearálta
1. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur fhógair an Coimisiún Eorpach ina phlean gníomhaíochta um maoin intleachtúil ó mhí na Samhna 2020 go ndéanfadh sé breithniú ar chóras a chruthú chun tásca geografacha an Aontais a chosaint le haghaidh táirgí neamhthalmhaíochta, agus meabhraíonn sé gur iarr CnaR go ndéanfaí amhlaidh i mí Feabhra 2015 (1); |
2. |
á thabhairt dá aire go liostaítear in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) coimirciú agus forbairt oidhreacht chultúrtha na hEorpa mar cheann de na cuspóirí atá le cur san áireamh maidir le forbairt an mhargaidh inmheánaigh; go ndírítear in Airteagal 118 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) ar chosaint aonfhoirmeach ceart maoine intleachtúla san Aontas a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach; agus go n-áirithítear le hAirteagal 169 CFAE go ndéanfar cearta tomhaltóirí a chosaint (lena n-áirítear a gceart chun faisnéise a chur chun cinn); |
3. |
á chur in iúl go measann sé go bhfuil an téarma “tásca geografacha tionsclaíochta agus ceardaíochta” níos soiléire agus níos sainiúla ná “tásca geografacha” le haghaidh táirgí neamhthalmhaíochta agus gurbh fhearr leis dá mbainfí úsáid as an téarma sin; |
4. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó an tacaíocht leathan a thugtar do thionscnamh de chuid an Aontais lena dtugtar isteach scéim chosanta do thásca geografacha tionsclaíochta agus ceardaíochta, cibé acu i gcomhthéacs an chomhairliúcháin phoiblí maidir leis an measúnú tionchair tosaigh a sheol an Coimisiún Eorpach ag deireadh 2020, nó i gcomhthéacs an chomhairliúcháin leis na geallsealbhóirí a tionóladh an 19 Bealtaine 2021 roimh tharraingt suas na tuairime seo; á iarraidh, dá bhrí sin, ar a chomhaltaí agus ar na geallsealbhóirí ar an láthair an tacaíocht sin a dheimhniú trí pháirt ghníomhach a ghlacadh sa “Comhairliúchán Poiblí maidir le tásca geografacha le haghaidh táirgí neamhthalmhaíochta” a sheol an Coimisiún Eorpach an 29 Aibreán 2021 agus a bhí ar oscailt go dtí an 22 Iúil 2021, an dáta sin san áireamh (2); |
5. |
á chur in iúl gurb oth leis go bhfuil ionstraimí dlíthiúla náisiúnta éagsúla ann i ngeall ar an easpa comhchuibhithe ar an leibhéal Eorpach maidir le saincheist na dtásc geografacha tionsclaíochta agus ceardaíochta, rud a lagaíonn cosaint táirgí agus gnólachtaí; |
6. |
á thabhairt dá aire go bhfuil tásca geografacha éagsúla faoi réir córais dlí éagsúla ar leibhéal an Aontais faoi láthair agus nach ndéanann an tAontas rialáil ach amháin ar shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint (STFCanna) agus ar thásca geografacha d’fhíonta, d’fhíonta cumhraithe, do dheochanna biotáilleacha agus do tháirgí/earraí bia; |
7. |
á chur i bhfios go láidir nach ndéanann an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (sa Chomhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil – Comhaontú TRIPS) agus Acht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha, a shínigh an tAontas le déanaí, idirdhealú idir tásca geografacha de réir an chineáil táirge; á chur in iúl go measann sé go bhfuil sé d’oibleagáid ar an Aontas aghaidh a thabhairt ar chosaint na dtásc geografach tionsclaíochta agus ceardaíochta, i bhfianaise gur shínigh sé Acht na Ginéive; |
8. |
á chur i bhfios go láidir gurb iad micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide formhór na gcuideachtaí atá i mbun straitéisí agus nósanna imeachta tásc geografach, ar cuideachtaí iad atá fréamhaithe go docht i réigiúin, go háirithe i gceantair thuaithe, agus a bhfuil lear mór saineolais áitiúl acu agus a chruthaíonn fíorbhraislí earnálacha. Tá roinnt de na gnólachtaí sin ina gceannairí margaidh domhanda anois, agus tá tábhacht ar leith ag baint leo ó thaobh gheilleagar na hEorpa agus ó thaobh neamhspleáchas an Aontais ar na margaí domhanda a mhéadú; |
9. |
á thabhairt dá aire go bhfreagraíonn tásca geografacha freisin d’éileamh tomhaltóirí ar níos mó inrianaitheachta agus trédhearcachta maidir le tionscnamh agus próiseas monaraíochta an táirge agus ar tháirgí a dhéantar go háitiúil, agus is treocht é sin atá ag dul i méid mar gheall ar ghéarchéim COVID-19; |
10. |
á chur in iúl go measann sé go bhfuil na dúshláin a bhaineann le tásca geografacha tionsclaíochta agus ceardaíochta a aithint ábhartha do thosaíochtaí na gclár Eorpach atá á bhforbairt, lena n-áirítear tosaíochtaí na straitéise tionsclaíochta, an Chomhaontaithe Ghlais agus an athbhreithnithe ar an mbeartas trádála, chomh maith leis na tosaíochtaí a bhaineann le todhchaí na limistéar tuaithe agus le forbairt slabhraí soláthair gairide. |
An gá atá le creat aonfhoirmeach Eorpach a bhfuil gné chríochach aige
11. |
á chur in iúl go measann sé go bhfhéadfaí an méid seo a leanas a dhéanamh le córas cosanta sui generis le haghaidh tásca geografacha tionsclaíochta agus ceardaíochta: cosaint dhlíthiúil níos fearr a chur ar fáil do tháirgí tásc geografach, lena n-áirítear ar an idirlíon; uirlisí a fhorbairt chun cabhrú leis an ngóchumadh agus an iomaíocht éagórach a chomhrac, cruthú agus cothabháil post agus cúrsaí oiliúna in aon chríoch amháin; trédhearcacht níos fearr don tomhaltóir agus leibhéal eisceachtúil saineolais a shainaithint go héifeachtach; |
12. |
á aithint nach féidir ainmneacha táirgí a chosaint go héifeachtach leis an gcóras trádmharcanna agus go ngabhann costas suntasach leis an gcóras sin do shealbhóirí na dtrádmharcanna; |
13. |
á chur in iúl, dá bhrí sin, go bhfuil sé i bhfabhar cosaint tásc geografach a leathnú chuig táirgí tionsclaíocha agus ceardaíochta faoi rialachán de chuid an Aontais atá bunaithe ar Airteagal 118(1) CFAE. Bheadh sé sin ag teacht le roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit, agus chomhlíonfadh sé prionsabal na coimhdeachta go hiomlán, go háirithe toisc go gcruthódh sé na coinníollacha maidir le cosaint chomhionann agus aonfhoirmeach na dtásc geografach tionsclaíochta agus ceardaíochta ar fud an mhargaidh inmheánaigh agus go seachnófaí an saobhadh iomaíochta san am céanna; |
14. |
á chur in iúl go gcreideann sé go bhfuil an dúrud táirgí tionsclaíocha agus ceardaíochta ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hEorpa, táirgí atá bunaithe ar shaineolas a chuirtear ar aghaidh ó ghlúin go glúin agus go bhféadfadh cur chun cinn agus cosaint iomchuí na dtáirgí sin cuidiú leis an mbreisluach a choimeád agus le poist nach féidir a sheachfhoinsiú a choinneáil, go háirithe i gceantair thuaithe, agus an oidhreacht áitiúil a chosaint; |
15. |
á chur i bhfios go bhféadfaí codanna de shlabhraí táirgthe cuideachtaí a athlonnú ina réigiún féin trí staid na gcuideachtaí sin a bhfuil aitheantas tásc geografach tionsclaíochta agus ceardaíochta faighte acu a neartú; chuideodh an méid sin leis an tionscal áitiúil a athbheochan agus neamhspleáchas an Aontais ar na margaí domhanda a mhéadú; |
16. |
á chur in iúl gur léiríodh sna measúnuithe tionchair ar thásca geografacha le haghaidh táirgí agraibhia go bhfuil méadú tagtha ar ioncam táirgeoirí freisin mar thoradh ar thásca geografacha, go minic i limistéir thuaithe nó fhorimeallacha. Ba cheart bunú córais Eorpaigh maidir le tásca geografacha tionsclaíochta agus ceardaíochta cuidiú le hioncam a mhéadú agus dul chun tairbhe an chomhtháthaithe chríochaigh. De réir staidéar a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach in 2020 maidir leis na gnéithe eacnamaíocha a bhaineann le cosaint na dtásc geografach do tháirgí neamhthalmhaíochta (3), cuireann tásca geografacha le hiomaíochas táirgeoirí freisin trína gcuid táirgí a dhéanamh feiceálach, trí chlú a dtáirgí a fheabhsú agus trí chur le toilteanas na dtomhaltóirí íoc as táirgí a bhfuil ráthaíocht ag gabháil leo maidir lena ngnéithe agus lena n-áit tionscnaimh; |
17. |
á chur in iúl, thairis sin, go gcuideoidh na tásca geografacha tionsclaíochta agus ceardaíochta leis an gcultúr áitiúil agus áiseanna turasóireachta a struchtúrú agus a éagsúlú ar fud críche, mar shampla tríd an turasóireacht thionsclaíoch agus trí shaineolas agus gníomhaíochtaí feabhas-bhunaithe a roinnt; |
18. |
ag cur béim ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag roinnt údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus an ról atá acu cheana maidir le tacú le hearnálacha i gcéim dhréachtaithe na dtásc geografach tionsclaíochta agus ceardaíochta (an tréimhse comhairliúcháin) agus sa chéimeanna ina gcuirtear chun feidhme iad (uirlisí cumarsáide a fhorbairt, tacú leis an deimhniúchán, an chomhairle dlí) agus ina gcuirtear chun cinn iad. |
Gnéithe praiticiúla a bhaineann le próiseas clárúcháin, faireachán agus cosaint na dtásc geografacha tionsclaíochta agus ceardaíochta
19. |
á chur in iúl go láidir go mbeidh gá leis an méid seo a leanas a dhéanamh faoi chóras coiteann do na tásca geografacha uile: leas a bhaint as an taithí a fuarthas i réimse na talmhaíochta agus an agraibhia a mhéid is féidir agus tosaíocht a thabhairt do chur chuige comhchuibhithe lena dtugtar le chéile gnéithe na scéimeanna éagsúla; |
20. |
á mholadh, dá bhrí sin, d’fhonn comhsheasmhacht a áirithiú idir an dá chóras, go gcuirfí sásra láidir comhordúcháin ar bun idir ranna an Choimisiúin Eorpaigh lena mbaineann, go háirithe le linn chéim scrúdúcháin na sainchomhad chun coinbhleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le húsáid ainmneacha a sheachaint; á iarraidh freisin go gcuirfí tásca geografacha tionsclaíochta agus ceardaíochta san áireamh sa bunachar sonraí Eorpach maidir le tásca geografacha talmhaíochta (“European GIview”); |
21. |
ag athdhearbhú an tseasaimh atá aige nár cheart teorainn ama a bheith le cosaint na dtásc geografach tionsclaíochta agus ceardaíochta agus gur cheart a bheith in ann an chosaint a chealú faoi na coinníollacha céanna lena rialaítear na tásca geografacha le haghaidh táirgí talmhaíochta (4); |
22. |
á chur in iúl go measann sé go mbeidh gá le hidirthréimhse do na Ballstáit sin a bhfuil córas cosanta acu cheana ionas go bhféadfar tásca geografacha a cláraíodh roimhe sin ar an leibhéal náisiúnta a chomhtháthú i gcóras Aontais nua agus a chur in oiriúint dó; |
23. |
á mheas gur cheart foráil a dhéanamh maidir le córas comhordaithe nó aitheantais freisin, a chosnódh táirgí atá faoi shonrúchán tionscnaimh cheana féin i mBallstáit áirithe; |
24. |
á chur in iúl go measann sé go bhfuil sé ríthábhachtach lógó Eorpach éigeantach a úsáid chun go n-aithneoidh nó go sainaithneoidh tomhaltóirí agus custaiméirí na táirgí sin; |
25. |
á iarraidh nós imeachta um chlárú dhá chéim a bheith ann do na tásca geografacha tionsclaíochta agus ceardaíochta, nós imeachta a bheidh bunaithe ar an tsamhail talmhaíochta; á mholadh, i ndáil leis sin, clárú a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach i gcomhréir le socruithe inmheánacha na tíre ábhartha i dtús báire agus é a dhéanamh ar leibhéal an Aontais ina dhiaidh sin; |
26. |
á mholadh teorainn ama a bheith leis an nós imeachta clárúcháin agus go ndéanfadh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh an teorainn ama sin a bhainistiú ar choinníoll go bhfuil sé de chumhacht aici é sin a dhéanamh; |
27. |
á chur in iúl go láidir go bhfuil an nasc idir an limistéar geografach agus an táirge ríthábhachtach, rud a fhágann go bhfuil an-tábhacht ag baint leis an ngné dhaonna agus an saineolas do thásca geografacha tionsclaíochta agus ceardaíochta. I gcríocha áirithe, níl an t-amhábhar ar fáil níos mó nó níl sé oiriúnach a thuilleadh. É sin ráite, ní raibh gnólachtaí nó an saineolas thíos leis an méid sin agus, i gcásanna áirithe, bhíothas in ann na gnólachtaí agus an saineolas sin a fhorbairt d’fhonn táirgí den scoth a chur ar fáil; |
28. |
den tuairim nach mór do shonraíochtaí na dtásc geografach tionsclaíochta agus ceardaíochta a bheith trédhearcach agus inchreidte d’fhonn muinín an tomhaltóra a áirithiú. Ní mór céimeanna na monaraíochta, a suíomh, agus fiú a bhfíorú, agus faisnéis faoi chomhlíonadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur san áireamh sna sonraíochtaí; |
29. |
á chur in iúl gur ábhar imní ar leith dó an nuálaíocht agus an taighde, ar dhá ghné iad nár cheart do na sonraíochtaí cur isteach orthu: tá líon suntasach cuideachtaí nuálacha ann (cur chuige domhanda, dearadh, tionscnamh amhábhar, nuálaíocht shóisialta, úsáid ábhar bithbhunaithe nó athchúrsáilte, úsáid teicneolaíochtaí, paitinní) a chruthaíonn dinimic réigiúnach agus a dhéanann pobal daonna agus gairmiúil a chaomhnú do na táirgí lena mbaineann; |
30. |
á chur in iúl go measann sé, ós rud é gur ráthaíocht oifigiúil iad na tásca geografacha, gur gá seiceálacha iontaofa a thabhairt isteach ar na hoibreoirí lena mbaineann d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh monaróirí na sonraíochtaí agus d’fhonn sábháilteacht agus muinín na dtomhaltóirí a chinntiú; |
31. |
á mholadh go dtabharfaí tús áite don deimhniúchán chun an méid sin a bhaint amach, ós rud é go ráthófar leis sin rialú seachtrach neamhspleách ar chostas inghlactha; |
32. |
á mholadh go dtabharfaí isteach an leibhéal cosanta céanna do thásca geografacha talmhaíochta, agus go ndéanfadh na Ballstáit bearta iomchuí riaracháin agus dlíthiúla chun úsáid neamhdhleathach na dtásc geografach tionsclaíochta agus ceardaíochta a chosc nó a stopadh; |
33. |
á chur i bhfios gur cheart go gcuirfear an chosaint ar an idirlíon san áireamh leis na rialacha maidir le cosaint na dtásc geografach tionsclaíochta agus ceardaíochta; |
34. |
á chur in iúl go measann sé gurb iad grúpaí táirgeoirí na dtásc geografach bunchlocha na dtásc geografach tionsclaíochta agus ceardaíochta toisc go ndéanann siad tásca geografacha a aithint agus go bhfuil siad freagrach as a mbainistíocht laethúil; ní mór ról láidir a bheith ag na grúpaí táirgeoirí sin ó thaobh mhonatóireacht, chosaint agus chur chun cinn na dtásc geografach; |
35. |
á chur in iúl an athuair go gcreideann sé go mbeadh sé réasúnta i gcásanna sonracha a bhfuil bunús maith leo a fhoráil go mbeadh sé de fhreagracht ar aon eintiteas amháin tásc geografach a chlárú, ar choinníoll go mbeadh an rochtain ar an tásc geografach sin oscailte d’aon táirgeoir nua a chomhlíonann na rialacha maidir le tásca geografacha (5); |
36. |
á chur in iúl nár cheart do na costais a bhaineann leis an nós imeachta iarratais agus clárúcháin na táirgeoirí a dhíspreagadh agus gur cheart dóibh a bheith ina ranníocaíocht aonuaire amhail táille chlárúcháin. Dá réir sin, ba cheart na costais atá le híoc ag na húdaráis náisiúnta phoiblí inniúla a theorannú d’imscrúdú, do chur chun cinn agus, i gcás inarb iomchuí, do mhaoirseacht na rialuithe agus do bhearta riaracháin nó dlíthiúla a dhéanamh chun deireadh a chur le húsáid neamhdhleathach na dtásc geografach tionsclaíochta agus ceardaíochta. |
Gnéithe a bhaineann leis an trádáil agus an iomaíocht
37. |
á thabhairt dá aire go margaítear táirgí a bhfuil tásc geografach acu trí chainéil éagsúla amhail slabhraí soláthair gairide, an t-idirlíon nó trí shaol an ghnó amhail tionscal na hóstánaíochta. Leis an gcosaint a thugtar le tásc geografach, d’fhéadfaí na margaí sin a fhorbairt, mar shampla trí bhailiúcháin de tháirgí a chomhtháthú i bhfeachtais réigiúnacha agus/nó náisiúnta, nó mar chuid de chur chun cinn na turasóireachta tionsclaíche; |
38. |
ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach soláthar poiblí inbhuanaithe a chur chun cinn trí shoiléiriú a dhéanamh ar an úsáid is féidir a bhaint as tásca geografacha tionsclaíochta agus ceardaíochta i nósanna imeachta soláthair faoi chritéir oibiachtúla chomhshaoil, amhail slabhraí soláthair gairide agus inmheánú costas seachtrach; |
39. |
á thabhairt le fios go n-onnmhairítear méid mór tásc geografach tionsclaíochta agus ceardaíochta agus gur gá iad a chosaint san Eoraip agus níos faide i gcéin. Gan cosaint níos leithne a bheith ann, ní féidir comhstraitéisí tásc geografach ná na gnólachtaí lena mbaineann oibriú ar bhealach iomlán éifeachtach. Fágann an méid sin go mbaintear an bonn den chosaint a thugtar do chearta maoine tionsclaíche na ngnólachtaí sin agus go dtéann an góchumadh agus an iomaíocht éagórach chun donais, rud a lagaíonn gnólachtaí atá lonnaithe i gceantair thuaithe go minic; ba cheart an chosaint sin a leathnú chun táirgí a allmhairítear ó thríú tíortha agus a mhargaítear san Aontas a chumhdach; |
40. |
á chur in iúl go láidir, ar deireadh, go mbeifí in ann na tásca geografacha tionsclaíochta agus ceardaíochta a chur san áireamh ar liosta na dtáirgí a chumhdaítear le comhaontuithe trádála an Aontais le tríú tíortha dá mbeadh rialachán de chuid an Aontais maidir le tásca geografacha tionsclaíochta agus ceardaíochta ann; |
41. |
ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún Eorpach togra comhfhreagrach a tharraingt suas le haghaidh rialacháin chun tásca geografacha le haghaidh táirgí tionsclaíocha agus ceardaíochta ón Aontas a chosaint, agus an togra sin a thíolacadh chun go ndéanfar díospóireacht air agus chun go nglacfar cinntí ina leith; ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach na breithnithe agus na moltaí a leagtar amach sa tuairim seo a chur san áireamh; á ghealladh go mbeidh sé rannpháirteach go gníomhach agus go gcuirfidh sé tacaíocht ghníomhach ar fáil. |
An Bhruiséil, 13 Deireadh Fómhair 2021.
Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún
Apostolos TZITZIKOSTAS
(1) Tuairim ó CnaR ECOS-V-064 COR-2014-05386-00-00-AC-TRA Cosaint na dtásca geografacha a leathnú chuig táirgí neamhthalmhaíochta (níl leagan Gaeilge ann, teideal aistrithe).
(2) https://ec.europa.eu/growth/content/commission-seeks-public-opinion-protection-industrial-designs-and-eu-wide-geographical_en
(3) An Coimisiún Eorpach, an Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide, Economic aspects of geographical indication protection at EU level for non-agricultural products in the EU [Gnéithe eacnamaíocha a bhaineann le tásca geografacha a chosaint ar leibhéal an Aontais le haghaidh táirgí neamhthalmhaíochta san Aontas[, staidéar arna dhéanamh ag ECORYS, VVA agus ConPolicy, 2020.
(4) Ibid.
(5) Ibid.
4.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 61/30 |
Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Clár Oibre Nua do Thomhaltóirí – Athléimneacht na dtomhaltóirí a neartú ar mhaithe le téarnamh inbhuanaithe
(2022/C 61/07)
|
MOLTAÍ BEARTAIS
TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)
Barúlacha ginearálta
1. |
á mheabhrú a thábhachtaí atá beartas tomhaltóirí an Aontais, arb é is aidhm dó na nithe seo a leanas a áirithiú: sraith láidir de chearta a bheith ag saoránaigh an Aontais lena gcosnaítear iad ar rioscaí agus bagairtí tromchúiseacha nach féidir leo dul i ngleic leo ar a gconlán féin, tomhaltóirí a chumasú chun roghanna feasacha a dhéanamh, a bhfolláine a fheabhsú agus a leasanna slándála agus eacnamaíocha a chosaint go héifeachtach, agus arb é is aidhm dó freisin a ráthú go mbeidh sásraí rialaithe agus modhanna sásaimh ar fáil ag tomhaltóirí chun féachaint chuige go mbeidh na cearta sin éifeachtach; |
2. |
á chur i bhfios, ach cosaint a bheith ann do thomhaltóirí ar an leibhéal Eorpach, go gcuideofaí le borradh a chur faoin téarnamh eacnamaíoch san Eoraip agus, san am céanna, samhail an gheilleagair chiorclaigh a chur chun feidhme agus an tionchar ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine a laghdú; |
3. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur foilsíodh Clár Oibre nua do Thomhaltóirí, a rabhthas ag dréim leis le fada, ina ndéantar anailís ar bhealaí chun cur le cosaint agus athléimneacht tomhaltóirí le linn phaindéim COVID-19 agus ina diaidh agus lena dtugtar deis do thomhaltóirí na hEorpa ról gníomhach a bheith acu san aistriú glas agus san aistriú digiteach; |
4. |
ag leagan béim air gur gá cosaint tomhaltóirí agus na hionstraimí forfheidhmiúcháin lena mbaineann a fhorbairt d’fhonn na mórdhúshláin atá le sárú ag geilleagar na hEorpa a chur san áireamh ar an dóigh is fearr is féidir, amhail géarchéim COVID-19, an t-aistriú glas, an claochlú digiteach, an domhandú agus riachtanais shonracha tomhaltóirí leochaileacha áirithe atá ag teacht chun cinn; |
5. |
á chur i bhfáth nár cheart an cur chuige “ceann amháin isteach, ceann amháin amach” a tugadh isteach sa Teachtaireacht maidir le Rialáil Níos Fearr a chur i bhfeidhm go meicniúil, d’fhonn ardchaighdeáin cosanta tomhaltóirí a choinneáil; |
6. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó go gcumhdaítear saincheist an bheartais Eorpaigh tomhaltóirí faoin gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa; |
Cosaint tomhaltóirí i gcomhthéacs phaindéim COVID-19
7. |
á chur i bhfios go láidir gur gá cearta tomhaltóirí agus an acquis communautaire ábhartha a chaomhnú agus a chur chun feidhme go dúthrachtach in aimsir géarchéime, go háirithe ionas nach lagófar iad agus gur féidir le tomhaltóirí cosaint dhlíthiúil leordhóthanach a fháil; |
8. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur ghlac Parlaimint na hEorpa an Rialachán maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (athmhúnlú) an 27 Aibreán 2021 lena ndeimhnítear cearta agus cosaintí tomhaltóirí seirbhísí iarnróid, go háirithe i dtaca le hathródú agus tacaíocht i gcás moilleanna agus cealuithe, agus níos mó cúnaimh do dhaoine a bhfuil soghluaisteacht laghdaithe acu. Trí chearta paisinéirí a neartú ar an dóigh sin, is é is dóichí go spreagfar aistriú córa iompair i measc na dtomhaltóirí chuig an modh iompair inbhuanaithe seo, maille le hidir-inoibritheacht le modhanna soghluaisteachta boga, agus é d’oibleagáid ar oibreoirí spás ar leith a chur ar fáil do rothair ar thraenacha; |
9. |
á mholadh breithniú a dhéanamh ar chosaint tomhaltóirí i gcoinne cealuithe a chur ar fáil d’earnálacha eile amhail earnáil an chultúir nó earnáil na n-imeachtaí; |
10. |
á mholadh do na húdaráis inniúla éagsúla leanúint de bheith ag comhrac i gcoinne camscéimeanna atá dírithe ar thomhaltóirí, i gcomhar leis an nGréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí agus i gcomhairle leis na hardáin ar líne, soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha agus na geallsealbhóirí ábhartha uile; |
11. |
á chur i bhfios gur cheart na ceachtanna a foghlaimíodh ó bhainistiú na géarchéime seo a chur san áireamh agus caighdeáin táirgí, próiseas, seirbhísí agus cáilíochta á sainiú sa chaoi is go mbeidh caighdeáin ann a d’fhéadfadh údaráis phoiblí agus gnólachtaí a chur in úsáid go tapa chun ardleibhéal cosanta sláinte a áirithiú do thomhaltóirí earraí agus seirbhísí; |
12. |
ag cur béim ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19 agus a thábhachtaí atá sé ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a choinneáil in aimsir géarchéime; á mholadh, ina thaobh sin, freisin na hathbhreithnithe rialála is gá a dhéanamh d’fhonn iarmhairtí imthosca eisceachtúla i gconarthaí tomhaltóirí a mheas sula dtagann a leithéid d’imthosca chun cinn (an clásal rebus sic stantibus). Ach cur chuige den chineál sin a ghlacadh, agus prionsabail na réamhaíochta agus na réamhaisnéise á gcur san áireamh, neartófaí cosaint tomhaltóirí; |
13. |
á mholadh don Choimisiún anailís a dhéanamh ar thionchar fadtéarmach ghéarchéim COVID-19 ar phatrúin tomhaltais mhuintir na hEorpa agus leas a bhaint as an anailís sin chun tionscnaimh bheartais de chuid an Aontais a cheapadh sa réimse sin amach anseo; |
14. |
i bhfách, sa chomhthéacs sin, le tionscnaimh atá dírithe ar thacú leis an trádáil áitiúil, lena n-áirítear táirgeoirí beaga, agus ar thionscail cheirde áitiúla a chur chun cinn; |
15. |
á chur i bhfáth, ina theannta sin, go bhféadfadh an dlí tomhaltóirí slabhraí soláthair gairide níos láidre a chur chun cinn do tháirgeadh talmhaíochta agus bia dá mbeadh faisnéis níos soiléire agus níos cuimsithí ar fáil. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfaí astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le hiompar a laghdú; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé ról a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le beartais cosanta tomhaltóirí; |
16. |
ag leagan béim air gur gá tacú le beartais lena ndírítear ar an mbearna dhigiteach a dhúnadh, ó thaobh trealaimh, an chumhdaigh chríochaigh agus na scileanna is gá; |
An t-aistriú glas
17. |
á mheabhrú go bhfuil an tomhaltas inbhuanaithe fíorthábhachtach chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach; |
18. |
á chur i bhfios go bhfuil ról ríthábhachtach ag tomhaltóirí san Aontas maidir leis an aistriú glas agus nach mór, ar an gcúis sin, iad a chur ar an eolas agus na hacmhainní a bheith acu chun gur féidir leo cinntí eolasacha a dhéanamh bunaithe ar fhaisnéis inchomparáide, thrédhearcach agus shoiléir atá i gcomhréir le modheolaíocht an Choimisiúin Eorpaigh maidir le lorg comhshaoil, lena n-áirítear faisnéis maidir le marthanacht agus indeisitheacht táirgí, maille le lorg sóisialta agus comhshaoil na dtáirgí sin. Ní mór an fhaisnéis sin a bheith bunaithe ar shonraí daingne agus ar thaighde ar thomhaltóirí. Moltar ról a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le scaipeadh eolais; |
19. |
ag tarraingt aird air go bhfuil sé tábhachtach tomhaltóirí a chumasú chun rogha a dhéanamh bunaithe ar mharthanacht táirgí agus, san am céanna, táirgeoirí a spreagadh chun saolré a dtáirgí a mhéadú agus leagann sé béim air go bhfuil gá le reachtaíocht Eorpach lena ngearrfar pionós ar dhífheidhmeacht phleanáilte agus lena gcúitítear fad saoil sa táirgeadh tionsclaíoch agus teicneolaíoch; |
20. |
á thabhairt le fios nach n-éireoidh leis an aistriú chuig geilleagar glas mura mbeidh táirgí agus seirbhísí inbhuanaithe á n-éileamh ach ag grúpaí sonracha tomhaltóirí agus cuireann sé i bhfáth, i dtaca leis sin de, nach mór rochtain ar tháirgí agus ar sheirbhísí inbhuanaithe a áirithiú do gach aon tomhaltóir, gan beann ar a staid airgeadais, má táthar chun na spriocanna i gceist a bhaint amach; |
21. |
á mholadh cur chuige iomlánaíoch a chothú maidir le faisnéis do thomhaltóirí trí lipéid a fhorbairt, más féidir, agus gnéithe a bhaineann le marthanacht, sláinte, urraim don chomhshaol, tionscnamh an táirge, ag díriú go háirithe ar cibé acu an de thionscnamh AE nó tríú tír é, agus an trádáil chóir á gcur san áireamh; á chur i bhfáth freisin a luachmhaire atá sé gnéithe sóisialta agus comhshaoil a chomhtháthú níos mó i soláthar poiblí trí shraith beart, lena n-áirítear sainmhíniú ar íoschritéir chomhshaoil sa reachtaíocht earnálach, faoi mar a fhoráiltear sa Phlean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach; |
22. |
á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé go gcuirfí an mharthanacht agus an chiorclaíocht san áireamh i gcás caighdeáin táirgí agus leagann sé béim air, i ndáil leis sin, go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith ag na hinstitiúidí Eorpacha atá freagrach as caighdeánú sa réimse sin, go háirithe trí chaighdeáin a fhorbairt chun sainmhíniú a thabhairt ar an rud is táirge “glas” nó “inbhuanaithe” ann; |
23. |
á chur i bhfios gur den tábhacht idir-inoibritheacht idir feistí a fheabhsú agus a áirithiú; |
24. |
á mholadh breithniú a dhéanamh ar a iomchuí a bheadh sé síneadh a chur le tréimhse ráthaíochta dlíthiúla le haghaidh earraí tomhaltais agus ar eolas a chur ar fáil don tomhaltóir, ar an dóigh is fearr, maidir le saolré ionchasach táirgí; |
25. |
á mholadh fiosrú a dhéanamh ar a inmhianaithe a bheadh sé córas a chur chun feidhme lena n-éilítear údarú a fháil roimh ré do mhaímh chomhshaoil agus d’éicilipéid bunaithe ar an gcóras is infheidhme maidir leis an tsláinte; |
26. |
á chur i bhfáth, maidir le réitigh ar tháirgí lochtacha, gur gá a áirithiú go dtabharfar tús áite do tháirgí a athúsáid nó a dheisiú, seachas iad a chaitheamh amach, ar choinníoll nach mbainfí an bonn de chearta tomhaltóirí agus nach mbeadh táirgeadh táirgí ar chaighdeán níos ísle mar thoradh ar an athúsáid nó an deisiú; |
27. |
ag leagan béim air gur den ríthábhacht é go mbeidh fáil ar pháirteanna spártha, lena n-áiritheofar gur féidir táirgí a dheisiú agus nach ndíspreagfadh costas an deisithe an tomhaltóir ón táirge a dheisiú agus urraim á tabhairt san am céanna do chearta tomhaltóirí maidir le comhréireacht agus sábháilteacht táirgí; á mholadh don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar na bearta nach mór a ghlacadh chuige sin; |
28. |
á mholadh don Choimisiún machnamh a dhéanamh, i ndáil leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Díolachán Earraí, ar an mbealach ina bhféadfaí leanúint de dheisiú agus táirgí atá níos inbhuanaithe agus níos ciorclaí a chur chun cinn, agus cearta tomhaltóirí agus an chothromaíocht eacnamaíoch idir tomhaltóirí agus gnólachtaí á n-urramú san am céanna; |
29. |
á chur i bhfios a thábhachtaí atá ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i dtaca leis sin agus, ar an ábhar sin, gur gá patrúin nua tomhaltais agus iompraíocht nua a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach, amhail geilleagar na comhroinnte; |
30. |
á mholadh tacaíocht a thabhairt do shamhlacha gnó lena gceadaítear seirbhís seachas earra a cheannach trí dheisithe, trí ghníomhaíochtaí ó eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta agus trí mhargaí athláimhe a spreagadh; |
31. |
á chur i bhfáth go bhfuil gá le fardal de dhea-chleachtais áitiúla i réimse an deisithe agus i réimse an gheilleagair chiorclaigh; |
32. |
á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé raon feidhme na ngníomhaíochtaí áitiúla do thomhaltóirí a leathnú chuig an ngeilleagar seirbhísí, mar shampla i dtaca le hathchóiriú foirgneamh agus tithíocht tomhaltóirí a chur in oiriúint do shochaí atá níos glaise agus níos digití, go háirithe trí chur le huirlisí faisnéise do thomhaltóirí; |
33. |
i bhfách le tionscnaimh atá dírithe ar thacú leis an trádáil áitiúil d’fhonn seasamh na dtomhaltóirí sa mhargadh a fheabhsú, an comhshaol a chosaint agus tionscail cheirde a chur chun cinn; |
34. |
á chur i bhfios an ról a d’fhéadfadh a bheith ag na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla i dtaca le faisnéis agus oiliúint a chur ar fáil do thomhaltóirí; |
35. |
á chur i bhfios gur den tábhacht réitigh éifeachtacha a bheith ann, réitigh is féidir le tomhaltóirí a thuiscint agus a chur chun feidhme go furasta; |
36. |
ag tacú leis an rún atá ag an gCoimisiún oibriú i gcomhar le hoibreoirí eacnamaíocha d’fhonn iad a spreagadh chun gealltanas a thabhairt, dá ndeoin féin, dul i mbun gnímh ar mhaithe le tomhaltas inbhuanaithe a bhfuil níos mó i gceist leis ná oibleagáidí dlíthiúla; |
37. |
ag tarraingt aird air gur gá an Treoir maidir le hÉicidhearthóireacht a leathnú chun táirgí a bhaineann le fuinneamh a áireamh inti ach, mar aon leis sin, chun réimse níos leithne táirgí a chur san áireamh ar mór a dtionchar ar an gcomhshaol agus foráil a dhéanamh maidir le bearta atá dírithe ar ghiniúint dramhaíola a chosc; |
38. |
ag tacú go diongbháilte le foilsiú an tionscnaimh maidir le táirgí inbhuanaithe, arb é is aidhm dó a áirithiú gurb iad na táirgí sin an caighdeán agus, ar an gcaoi sin, an dífheidhmeacht anabaí a chomhrac agus an mharthanacht a chur chun cinn; |
39. |
á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na dreasachtaí airgeadais faoin bPlean Téarnaimh don Eoraip a stiúradh ar dhóigh a áiritheoidh dul chun cinn eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil san fhadtéarma agus, san am céanna, saothrú acmhainní á laghdú, substaintí contúirteacha á seachaint agus á ndíothú agus ciorclaíocht ábhar agus córas á feabhsú; |
40. |
á chur i bhfios athuair gur den phráinn dlús a chur leis an aistriú chuig samhail fáis athghiniúnaigh, trí ídiú acmhainní a choinneáil laistigh de theorainneacha an phláinéid agus lorg an duine ar an gcomhshaol a laghdú. Chuige sin, is den fhíor-riachtanas an fás a scaradh ón saothrú acmhainní, aistriú chuig fíorshochaí chiorclach agus oibriú i gcomhar le chéile ar gach leibhéal den rialtas agus den tsochaí; |
41. |
á chur i bhfios gur gá tacú le FBManna agus le táirgeoirí beaga áitiúla san aistriú glas gan an t-ualach riaracháin a mhéadú. Tá cistí AE ríthábhachtach chun na haistrithe sin a áirithiú. Tá an Coiste ag leagan béim air gur gá páirt a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun faisnéis a chur ar fáil maidir le cistí AE atá ar fáil i ndáil leis sin; |
An claochlú digiteach
42. |
á mheabhrú go bhfuil saol na dtomhaltóirí á athrú ó bhonn i ngeall ar an gclaochlú digiteach. Tugann sé deiseanna iontacha dóibh, ach tá dúshláin nua rompu freisin dá bharr. Ós amhlaidh atá, ba cheart dul i ngleic le cleachtais trádála éagóracha ar líne. Ní mór leasanna cosanta tomhaltóirí a neartú agus rialacha á leagan síos lena rialaítear an geilleagar digiteach, maille le ceanglais maidir leis an intleacht shaorga, Idirlíon na Rudaí Nithiúla agus róbataic; á thabhairt dá aire, i ndáil leis sin, an togra nuálach ón gCoimisiún Eorpach sa rialachán uaidh lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus sa teachtaireacht uaidh dar teideal Fostering a European approach to Artificial Intelligence [Cur chuige Eorpach a chothú i leith na hintleachta saorga], a bheidh mar ábhar tuairime ag CnaR; |
43. |
á chur i bhfios gur gá dlús a chur le gníomhaíochtaí cosanta tomhaltóirí i gcoinne cleachtais trádála éagóracha ar an idirlíon. Is éard atá i gceist leis sin, go háirithe, uirlisí nua normatacha nó uirlisí nua faireachais margaidh a cheapadh d’fhonn tomhaltóirí a chosaint ar chleachtais nua atá ag teacht chun cinn i ngeall ar fhorbairtí san intleacht shaorga agus ar úsáid algartam (tairiscintí spriocdhírithe praghsanna, táirgí nó seirbhísí a dhéantar trí thomhaltóirí a phróifíliú ar an idirlíon, etc.) agus d’fhonn a ráthú go gcosnófar a sonraí pearsanta go héifeachtach; á thathant, ar an gcaoi chéanna, ar an gCoimisiún agus ar na hinstitiúidí Eorpacha feasacht a mhúscailt i measc an phobail faoin tionchar comhshaoil agus sóisialta a bhíonn ag an tsiopadóireacht ar líne; |
44. |
á chur i bhfios nach mór nuachóiriú a dhéanamh ar an reachtaíocht Eorpach maidir le sábháilteacht táirgí lena ndírítear ar shlándáil fhisiciúil na dtomhaltóirí d’fhonn aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna slándála a bhaineann le réada nasctha (urraim do shonraí pearsanta, an chibearshlándáil, iontaofacht, trédhearcacht agus faisnéis do thomhaltóirí); |
45. |
á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhleanúnachas agus idirghníomhaíocht shoiléir idir reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí agus reachtaíocht an Aontais maidir le margaí digiteacha d’fhonn ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bhunú i dtaca le cearta tomhaltóirí, rochtain ar earraí agus seirbhísí, lena n-áirítear rochtain trasteorann, trédhearcacht, dliteanas agus timpeallacht dhigiteach shlán, agus d’fhonn dliteanas idirghabhálaithe ar líne a shoiléiriú agus a neartú. Ba cheart sásraí simplithe le haghaidh idirghabhálaithe ar líne a chur ar bun ionas go bhféadfar faireachán a dhéanamh le himeacht ama ar thairiscintí ar líne ó chuideachtaí lena áirithiú nach ndéanfar dochar do chearta tomhaltóirí i ngeall ar a luainí atá siad; |
46. |
á chur in iúl gur geal leis go bhfuil sé de rún ag an gCoimisiún sraith uirlisí leictreonacha nuálacha a chur ar fáil, lena dtacófar leis na comhlachtaí ábhartha chun cleachtais trádála neamhdhleathacha ar líne a shainaithint. A bhuí leis na huirlisí leictreonacha sin, ba cheart é a bheith indéanta iad a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar dhul ar ceal cuideachtaí a thairgeann a gcuid táirgí ar líne; |
47. |
á chur in iúl gur ann fós do phróisis gheobhlocála i réimsí áirithe lena gcuirtear cosc ar thomhaltóirí rochtain gan bhac a bheith acu ar ábhar digiteach ar fud na hEorpa; |
48. |
á mholadh leas a bhaint as an gcomhthiomsú sonraí atá i seilbh na n-údarás poiblí d’fhonn faisnéis a chur ar fáil do thomhaltóirí ar an dóigh is fearr is féidir trí bheartas dinimiciúil maidir le sonraí oscailte; |
49. |
á chur i bhfáth gur gá tacú le FBManna agus le táirgeoirí beaga áitiúla san aistriú digiteach gan an t-ualach riaracháin a mhéadú. Tá cistí AE ríthábhachtach chun an t-aistriú sin a áirithiú; ag leagan béim air gur gá páirt a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun faisnéis a chur ar fáil maidir le cistí AE atá ar fáil i ndáil leis sin; |
Forfheidhmiú éifeachtach na reachtaíochta agus modhanna sásaimh éifeachtacha
50. |
á mholadh don Choimisiún ról comhordaithe agus tacaíochta a bheith aige do na Ballstáit agus d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh ceart tomhaltóirí, go háirithe trína ráthú go mbeidh na bearta a ghlacann Ballstát éifeachtach gan beann ar shuíomh na cuideachta, faoi mar ba cheart a dhéanamh i gcás smachtbhannaí; |
51. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó go bhforáiltear sa Chlár Oibre Nua do Thomhaltóirí go dtacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit cearta tomhaltóirí a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go tapa, lena n-áirítear tríd an nGréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí go háirithe; ag leagan béim ar an ról dearfach atá ag Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí maidir le cosaint tomhaltóirí trasteorann a mhúnlú; |
52. |
á thabhairt dá aire go mbeidh gá le líon níos mó foirne a bheith tiomnaithe do chúraimí faireachais margaidh má táthar chun na bearta rialaithe a chur chun feidhme go cuí i gcomhréir le forálacha an chláir oibre nua. I ndáil leis sin, ní mór cur le saineolas earnálach na mball foirne a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin agus oiliúint leanúnach agus acmhainní ábhartha iomchuí á gcur ar fáil san am céanna i dtaca leis na gníomhaíochtaí a mbeidh faireachán le déanamh orthu, mar atá, cleachtais chalaoiseacha, cleachtais éagóracha, díolacháin ar líne etc. Ar a mhuin sin, tá gá le líonra ceart de shaotharlanna creidiúnaithe chun calaois nó sáruithe a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don tslándáil a bhrath; |
53. |
á mholadh comhar níos dlúithe a bheith ann idir na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, ar thaobh amháin, agus eagraíochtaí tomhaltóirí, ar an taobh eile; |
54. |
ag tacú le bearta deonacha maidir le faisnéis do thomhaltóirí a cheapadh i bpáirt leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus le gnólachtaí; |
Riachtanais shonracha na dtomhaltóirí a chur san áireamh
55. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó go leagtar béim air sa Chlár Oibre Nua do Thomhaltóirí go bhféadfadh grúpaí áirithe tomhaltóirí a bheith an-leochaileach i gcásanna áirithe agus go dteastaíonn bearta cosanta sonracha uathu, lena n-áirítear leanaí, daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas, go háirithe de dheasca na deighilte digití; |
56. |
ag leagan béim air gur gá cur leis an gcosaint do na tomhaltóirí is leochailí a bhfuil creidmheas de dhíth orthu chun earraí agus seirbhísí riachtanacha a cheannach amhail cúram leighis, oideachas agus seirbhísí poiblí. Ba cheart beartais agus ionstraimí a chur ar bun sna hearnálacha thuasluaite chun cosaint tomhaltóirí a neartú i gcásanna ina dtitfidh cuideachtaí a sholáthraíonn seirbhísí leanúnacha in earnálacha riachtanacha, amhail an t-oideachas agus an tsláinte, chun bheith dócmhainneach, d’fhonn an damáiste a eascraíonn as dúnadh gnó sna hearnálacha sin a mhaolú; |
57. |
á chur i bhfios gur den ríthábhacht cur le hinniúlachtaí airgeadais na dtomhaltóirí, lena n-áirítear i réimse na dteicneolaíochtaí digiteacha nua, trí thacú le tionscadail sa réimse sin ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach; |
58. |
á chur in iúl gur cúis áthais dó go bhforáiltear sa Chlár Oibre Nua do Thomhaltóirí do chistiú breise le haghaidh bearta atá dírithe ar infhaighteacht seirbhísí comhairle fiachais a fheabhsú sna Ballstáit ó 2021 ar aghaidh, i bhfianaise a thábhachtaí atá bearta na n-údarás áitiúil sa réimse sin; |
59. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó go bhfuil sé de rún ag an gCoimisiún tacú le tionscnaimh atá dírithe ar chomhairle a chur ar fáil ar an leibhéal áitiúil do thomhaltóirí nach bhfuil rochtain acu, ar chúiseanna struchtúracha nó pearsanta, ar an gcúnamh agus an fhaisnéis atá ar fáil ar líne nó in oifigí lárnacha faisnéise; |
60. |
á iarraidh an comhar idir na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, eagraíochtaí tomhaltóirí agus gnólachtaí a bhunú/a neartú ionas go rachaidh siad i bpáirt le chéile d’fhonn an úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainní; |
61. |
á mholadh don Choimisiún, i dtaca leis na hiarrachtaí chun rófhéichiúnas a chomhrac, anailís a dhéanamh ar a indéanta a bheadh sé ionstraim dlí cheartaitheach Eorpach a bhunú chun fiacha tomhaltóirí a ghlanadh, ionstraim a rachadh thar bhearta coisctheacha; á iarraidh freisin beartais shonracha a ghlacadh chun cleachtais a sheachaint ar léiríodh iad a bheith díobhálach don tomhaltóir (amhail cártaí imrothlacha), trí fhéichiúnas a chruthú agus trí sheasamh an tomhaltóra a lagú i dtaca le cineálacha eile creidmheasa; |
62. |
á mholadh aghaidh a thabhairt ar gach gné de leochaileacht agus eisiamh tomhaltóirí, lena n-áirítear iad siúd a mbíonn tionchar díreach acu ar shaincheisteanna áitiúla amhail an bhearna dhigiteach i measc tomhaltóirí a bhfuil cónaí orthu i limistéir éanasctha, limistéir tearcnasctha nó limistéir lagnasctha. Ba cheart catalóg de sheirbhísí airgeadais bunúsacha aghaidh ar aghaidh a chur chun cinn agus rialáil a dhéanamh orthu agus ba cheart bearta a ghlacadh chun díothú na seirbhísí sin go léir, nó cuid díobh, a chosc, rud a dhéanfadh idirdhealú idir tomhaltóirí maidir lena rochtain ar sheirbhísí airgeadais; |
63. |
á mholadh freisin aghaidh a thabhairt ar fhadhb na bearna digití, fadhb a dhéanann difear do thomhaltóirí leochaileacha atá eisiata ón aistriú digiteach d’uireasa trealamh riachtanach nó bunscileanna, go háirithe i réigiúin lagfhorbartha; |
Cosaint tomhaltóirí sa chomhthéacs domhanda
64. |
á chur in bhfios, i saol domhandaithe ina bhfuil an tsiopadóireacht ar líne beag beann ar theorainneacha, go bhfuil tábhacht nach beag anois leis an gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta; |
65. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur fhógair an Coimisiún go ndréachtófaí plean gníomhaíochta i gcomhar leis an tSín chun feabhas a chur ar shábháilteacht na dtáirgí a dhíoltar ar líne agus chun tacaíocht rialála, cúnamh teicniúil agus cúnamh forbartha acmhainní a bhunú do réigiúin chomhpháirtíochta an Aontais, go háirithe san Afraic; |
66. |
á mholadh don Coimisiún, áfach, comhar a chothú agus a neartú le tríú tíortha ina bhfuil soláthraithe bunaithe a dhíríonn a gcuid seirbhísí ar chríoch an Aontais; |
67. |
ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach a áirithiú go gcomhlíonfaidh earraí agus seirbhísí a allmhairítear isteach san Aontas caighdeáin agus rialacháin ábhartha an Aontais Eorpaigh; á chur in iúl gur díol sásaimh dó go bhfuil sé á mholadh ag an gCoimisiún an fhreagracht chorparáideach a mhéadú i ndáil le cearta an duine agus caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil le haghaidh slabhra luacha iomlán cuideachta (lena n-áirítear fochonraitheoirí), agus a leithéid chéanna a dhéanamh i dtríú tíortha freisin; |
Beartas cosanta tomhaltóirí a chur i bhfeidhm maidir le réimsí eile
68. |
á mheabhrú go bhfuil an beartas tomhaltóirí ar cheann de na beartais is trasearnálaí de chuid an Aontais, ós rud é go bhfuil baint aige le cuid mhór beartais eile, amhail sábháilteacht táirgí, an margadh digiteach, seirbhísí airgeadais, sábháilteacht agus lipéadú earraí bia, fuinneamh, taisteal agus iompar; |
69. |
ag leagan béim air gur gá ceanglais maidir le cosaint tomhaltóirí a chomhtháthú le beartais agus gníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais nuair a bheidh siad á gceapadh agus á gcur chun feidhme amhail i réimsí an fhuinnimh, na teileachumarsáide, an iompair, an árachais agus an chreidmheasa, etc.; |
70. |
á chur i bhfios gur cheart go leanfadh an cuspóir maidir le leas tomhaltóirí a chur chun cinn trí bheartas láidir iomaíochta san Aontas de bheith ina chuspóir tosaíochta, agus Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE á gcur chun feidhme; |
Rialachas
71. |
á chur i bhfios gur gá Scórchlár Dhálaí na dTomhaltóirí, a bhaineann le staid na dtomhaltóirí san Aontas, a fhorbairt trí bhíthin sraith ábhartha de tháscairí, lena gcumhdaítear go háirithe an chiorclaíocht i réimse an tomhaltais d’fhonn tacú le rialachas agus faireachán a dhéanamh ar an gClár Oibre nua do Thomhaltóirí; |
72. |
ag tacú le rún an Choimisiúin samhail nua rialachais a chur ar bun, a mbeidh comhpháirtíocht leathan ag gabháil léi ina mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha uile rannpháirteach. I ndáil leis sin, is díol molta í uaillmhian an Choimisiúin díospóireachtaí rialta a thionól le Parlaimint na hEorpa, le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus le Coiste Eorpach na Réigiún agus, san am céanna, oibriú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit trí na líonraí ad hoc, na meithleacha oibre nó na tascfhórsaí atá ann cheana; |
73. |
á athdhearbhú a thairbhí a bheadh sé Coiste Eorpach na Réigiún a bheith rannpháirteach san obair sin. |
An Bhruiséil, 13 Deireadh Fómhair 2021.
Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún
Apostolos TZITZIKOSTAS
4.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 61/36 |
Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Aontas an Chomhionannais: an Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025
(2022/C 61/08)
|
MOLTAÍ BEARTAIS
TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)
1. |
á thabhairt dá aire go bhfuil an comhionannas ar cheann de na bunluachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe. Cumhdaítear é sna Conarthaí agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha, rud a fhágann go bhfuil sainordú ag an Aontas Eorpach agus freagracht air an t-idirdhealú a chomhrac; |
2. |
ag athdhearbhú gur cearta daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha, idirghnéasacha, neamhdhénártha agus queer (LGBTIQ) agus, dá réir sin, gur cearta bunúsacha iad atá ag gach duine, gan beann ar a stádas dlíthiúil mar neamhshaoránaigh, dídeanaithe, imircigh nó cónaitheoirí eachtracha, is cuma más mná, fir, leanaí, daoine scothaosta iad nó má tá siad faoi mhíchumas, gan beann ar a reiligiún, a gcúlra eitneach, a ndearcadh polaitiúil nó a ngnéaschlaonadh, a bhféiniúlacht inscne nó a léiriú inscne agus a saintréithe gnéis; |
3. |
ag moladh na hoibre (1) ar fad atá déanta ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear foilsiú na Teachtaireachta ón gCoimisiún Eorpach Union of Equality: Strategy for the Rights of Persons with Disabilities 2020-2025 [Aontas an Chomhionannais: an Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025] agus molann sé na cuspóirí polaitiúla agus na bearta a leagtar amach inti maidir le comhionannais LGBTIQ a chur chun cinn san Aontas; |
4. |
ag tabhairt rabhaidh, mar sin féin, cé gur céim sa treo cheart í an chéad Straitéis AE um Chomhionannas LGBTIQ, a bhfuiltear ag súil léi le fada, in Eoraip a bhfuil “Aontaithe san Éagsúlacht” mar mhana aici, go bhfuilimid ag dul ar gcúl san am céanna maidir le luachanna an Aontais, agus údaráis ag baint úsáid as reitric fhrith-LGBTIQ ar bhonn leanúnach agus beartais agus reachtaíocht idirdhealaitheach á nglacadh acu, fiú; |
5. |
ag cur in iúl gur údar misnigh é go bhfuil idirphlé leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, luaite go sonrach ag an gCoimisiún Eorpach agus go bhfuil sé á iarraidh ar CnaR an t-idirphlé sin a chothú chun comhionannas LGBTIQ a chur chun cinn; |
6. |
á dhearbhú gur ábhar imní dó go bhfuil idirdhealú struchtúrtha agus imeallú daoine LGBTIQ ag tarlú ar fud an Aontais Eorpaigh i gcónaí, ainneoin breis iarrachtaí beartais; |
7. |
den tuairim láidir, dá bhrí sin, go bhfuil príomhról le himirt ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le sochaí Eorpach a thógáil ar bhonn chuimsiú na saoránach uile, seachas cuid díobh a eisiamh, agus aontaíonn sé go bhfuil tábhacht le straitéisí cuimsitheacha agus ilchineálacha san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chasta agus cúrsaí saoil a bhíonn roimh dhaoine LGBTIQ ar dhóigh níos fearr; |
8. |
á thathant ar an gCoimisiún Eorpach a áirithiú go gcomhlíonfar bunphrionsabail an Aontais Eorpaigh agus nach ndéanfaidh aon bhardas, aon réigiún ná aon stát tionscnaimh idirdhealaitheacha chórasacha a thabhairt isteach, amhail “limistéir saor ó LGBT”, a ghlacfar mar “Cairt Rialtais Áitiúil um Chearta an Teaghlaigh” nó “Rún i gcoinne idé-eolaíochta LGBT”, agus nach n-úsáidfidh siad cistí ar bhealaí nach bhfuil i gcomhréir le prionsabal an neamh-idirdhealaithe; |
9. |
á chur i bhfáth i bhfianaise an mhéid sin, a thábhachtaí atá sé gníomhaíocht a dhéanamh chun dul i ngleic leis an idirdhealú i gcoinne daoine LGBTIQ; á chur in iúl gur díol sásaimh dó an rún ó Pharlaimint na hEorpa inar dearbhaíodh gur Limistéar Saoirse LGBTIQ (2) atá san Aontas Eorpach ina iomláine agus leagann sé béim ar a thábhachtaí atá caoinfhulaingt fhrithpháirteach laistigh de phobail; |
Cén ról atá ag na cathracha agus réigiúin?
10. |
suite de gur freagracht chomhroinnte é an neamhionannas san Aontas a chomhrac a bhfuil gníomhaíocht ag teastáil ina leith ar gach leibhéal rialachais, mar aon le rannpháirtíocht ghníomhach bhuan na sochaí sibhialta, eagraíochtaí LGBTIQ agus grúpaí abhcóideachta, a bhfuil ról lárnach acu uile maidir le beartais chomhionannais a bhainistiú agus a mhúnlú agus a chur chun feidhme go héifeachtach; |
11. |
den tuairim go bhféadfaí comhionannas a chothú agus príomhshruthú a dhéanamh trí ghníomhaíocht a dhéanamh ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, ó tharla go mbíonn comhairleoirí agus méaraí réigiúnacha agus áitiúla i dteagmháil leis na saoránaigh gach lá i gcomhthéacs atá éagsúil ón gcomhthéacs ina mbíonn polaiteoirí náisiúnta i dteagmháil leo, eadhon in áiteanna amhail scoileanna, an obair, le linn gníomhaíochtaí spóirt agus cultúir – na hionaid sin uile ina ndéantar cearta an duine a chothú agus a fhorfheidhmiú; |
12. |
á chur i bhfios thairis sin go bhfuil ról ag na húdaráis áitiúla maidir le cearta daoine a mhíniú, na príomhdhúshláin ina bpobail a shainaithint, rannpháirtíocht chomhionann i saol an phobail agus rochtain chomhionann ar sheirbhísí a áirithiú, agus seirbhísí saincheaptha a thabhairt isteach dóibh siúd atá imeallaithe sa tsochaí; |
13. |
ag teacht le tuairim an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda (3) go bhfuil comhghaolta soiléire dearfacha idir cur chun cinn an chomhionannais agus na gceart agus forbairt eacnamaíoch agus rathúnas na gcathracha agus na réigiún, agus go bhféadfadh drochiarmhairt a bheith ag iompar eisiatach de chineál ar bith ar an bpobal i gcoitinne agus ar chúrsaí geilleagair go ginearálta. Tá an méid sin níos ábhartha fós i láthair na huaire agus ár bpobail á n-atógáil againn i ndiaidh ghéarchéim COVID-19; |
14. |
buartha faoin mbearna fhollasach idir limistéir thuaithe agus uirbeacha i gcomhthéacs na hurraime don éagsúlacht agus an ghlactha léi, ar bearna í a d’fhéadfadh cur leis na dúshláin dhéimeagrafacha i réigiúin áirithe agus dochar níos mó a dhéanamh don fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta sna limistéir sin; |
15. |
á thabhairt dá aire go bhfuil samplaí ann d’údaráis áitiúla (4) a ghlac seasamh gníomhach i dtreo pobail LGBTIQ a chuimsiú agus atá ina gceannródaithe, fiú, maidir le beartais atá báúil do dhaoine LGBTIQ a ghlacadh i gcásanna ina bhfuil na rialtais náisiúnta ag tarraingt na gcos, agus is díol sásaimh dó an méid sin; |
An uile chineál foréigin a chomhrac
16. |
tiomanta do chathracha saoirse do LGBTIQ a chur chun cinn go hiomlán ar fud an Aontais Eorpaigh agus níos faide i gcéin; |
17. |
á thathant ar an gCoimisiún gach cineál foréigin i gcoinne daoine LGBTIQ a chomhrac agus tá sé á iarraidh go nglacfaí bearta lena ndírítear ar fhoréigean i gcoinne daoine LGBTIQ a chosc agus a chomhrac, lena n-áirítear foréigean ar líne, rud a d’fhéadfaí a bheith níos coitianta i measc an aosa óig amach anseo; |
18. |
á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a ghlacadh chun an fhuathchaint, go háirithe an fhuathchaint ar líne, a chomhrac, agus tábhacht na saoirse cainte á haithint san am céanna. Tá an fhuathchaint in aghaidh daoine LGBTIQ ar cheann de na foinsí idirdhealaithe is díobhálaí agus is minic a iompaíonn sí ina coir fuatha agus a bhíonn foréigean ann dá thoradh sin. Tá comhar idir na hinstitiúidí Eorpacha, údaráis rialtais, údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus an earnáil phríobháideach riachtanach chun cur i gcoinne na fuathchainte. Sin céim riachtanach chun an t-idirdhealú agus an tionchar millteanach a bhíonn aige ar an tsochaí a chur ina stad; |
19. |
ag tnúth leis an togra atá le teacht ón gCoimisiún maidir le liosta na gcoireanna Eorpacha faoi Airteagal 83(1) CFAE a leathnú chun an choir fuatha agus an fhuathchaint a chur san áireamh ann, lena n-áirítear nuair is daoine LGBTIQ a bhíonn thíos leo, ní hamháin i ngeall ar a ngnéaschlaonadh ach freisin i ngeall ar a bhféiniúlacht inscne, a léiriú inscne agus a saintréithe gnéis; ag leagan béim ar a riachtanaí atá sé an Treoir maidir le Cearta Íospartach a chur chun feidhme go práinneach; |
20. |
á áitiú go ndaingneoidh na Ballstáit uile Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl), lena ngabhann bearta maidir le cearta íospartach a chosaint a bhfuil feidhm acu gan idirdhealú ar fhoras ar bith, lena n-áirítear gnéas, inscne, gnéaschlaonadh nó féiniúlacht inscne; á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, chuige sin, beart a dhéanamh de réir a bhriathair agus tús áite a thabhairt do thabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin agus tá sé ag tnúth go mór, inter alia, leis an togra chun foréigean in aghaidh na mban a chomhrac, mar a fógraíodh san Aitheasc a thug Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, ar Staid an Aontais 2021; |
21. |
á iarraidh go ndéanfar an Treoir leasaithe Sheirbhísí na Meán Closamhairc a thrasuí go hiomchuí agus a chur i bhfeidhm go dian, Treoir lena neartaítear an chosaint in aghaidh ábhair a spreagann fuath nó foréigean agus lena dtoirmeasctar meánchumarsáid tráchtála a chuimsíonn nó a chuireann chun cinn idirdhealú d’aon sórt, lena n-áirítear ar bhonn gnéis agus gnéaschlaonta; |
Saorghluaiseacht agus teaghlaigh
22. |
den tuairim gur den tábhacht é go dtagrófaí go sonrach sa straitéis do ghné réigiúnach na saorghluaiseachta agus don ghné thrasréigiúnach di go háirithe, agus aird á tabhairt air san am céanna go gcumhdaítear sna Conarthaí gur inniúlacht de chuid na mBallstát é dlí teaghlaigh, agus cuireann sé in iúl go bhféadfadh sé sin bacainní a chur ar an tsaorghluaiseacht i ngeall ar dhifríochtaí sa dlí teaghlaigh ar fud na mBallstát. Is minic nach n-aithnítear naisc theaghlaigh agus teorainneacha inmheánacha an Aontais á dtrasnú, eadhon i gcás teaghlaigh LGBTIQ; |
23. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó an cur i láthair a rinne an Coimisiún Eorpach i mí na Samhna 2020 ar an gcéad straitéis de chuid an Aontais um chomhionannais do dhaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha, neamhdhénártha, idirghnéasacha agus queer (LGBTIQ). Ceann de cheithre cholún de straitéis an Choimisiúin is ea sábháilteacht daoine LGBTIQ a áirithiú.
Mar sin féin, níl measúnú ar bhonn sonraí ionadaíocha déanta fós ar fheiniméan an fhoréigin in aghaidh daoine LGBTIQ. Dá ndéanfaí amhlaidh, d’fhéadfaí dul chun cinn a dhéanamh agus cineálacha cur chuige ábhartha a ghlacadh chun an foréigean a chomhrac amach anseo. Cé go bhfuarthas faisnéis luachmhar faoi thaithí daoine LGBITQ i ndáil le hidirdhealú agus foréigean ón suirbhé ar líne a rinne Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha A long way to go for LGBTIQ equality [Tá bealach fada romhainn chun comhionannas a bhaint amach do dhaoine LGBTIQ], is ar bhonn deonach a ghlac daoine páirt ann agus, ar an gcúis sin, ní raibh an suirbhé ionadaíoch ó thaobh staidrimh de, i.e. ní raibh sé bunaithe ar shampla randamach. Dá bhrí sin, iarrann CnaR ar an gCoimisiún Eorpach mar chuid dá straitéis LGBTQ staidéar anaithnid ionadaíoch ar ghníomhartha foréigin i gcoinne daoine LGBTIQ san Aontas nach dtuairiscítear go hoifigiúil, lena n-áirítear foréigean baile, a chur ar bun agus a mhaoiniú ar bhonn rialta, ar staidéar é a dhéanfaí agus a léirmhíneofaí go neamhspleách do Bhallstáit uile an Aontais; |
24. |
ag aontú go hiomlán leis an ráiteas ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen: “Más tuismitheoir thú i dtír amháin, dar ndóigh, is tuismitheoir thú i ngach tír” (5); á chur in iúl gur díol sásaimh dó, dá réir sin, gur fógraíodh tionscnamh reachtach chun tacú le haitheantas frithpháirteach don teaghlach idir na Ballstáit; |
25. |
á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeifí in ann rochtain a fháil go héasca ar fhaisnéis shoiléir maidir le haitheantas do chearta trasteorann daoine LGBTIQ agus a dteaghlach san Aontas Eorpach agus go mbeidh státseirbhísigh ar gach leibhéal rialachais ar an eolas go huile agus go hiomlán ina leith; |
26. |
ag tacú leis an iarraidh a rinne Parlaimint na hEorpa sa Rún uaithi maidir le cearta daoine LGBTIQ san Aontas (6) a mhéid a bhaineann le teaghlaigh bogha báistí agus lánúineacha comhghnéis agus tathantaíonn sé ar an gCoimisiún obair a dhéanamh ar staid na dteaghlach bogha báistí a fheabhsú trí dhlí teaghlaigh trasteorann a chur i bhfeidhm go dian agus trí idirphlé neartaithe leis na Ballstáit (lena n-áirítear idirphléití tiomnaithe maidir le cur chun feidhme bhreithiúnas Coman (7)), ó tharla go dtagann an dlí teaghlaigh substainteach faoina gcuid inniúlachtaí; |
27. |
á iarraidh ar na húdaráis áitiúla teachtaireacht dhearfach a chur chuig a bpobail LGBTIQ trí mhisneach a léiriú agus beartais uaillmhianacha atá fabhrach do dhaoine LGBTIQ a bhunú agus athrú a dhéanamh ón mbun aníos, mar a rinneadh in Torino (8), mar shampla. Aithníonn lucht riaracháin na cathrach páirtnéireachtaí sibhialta idir saoránaigh den ghnéas céanna go hoifigiúil, cé nach raibh aon fhorálacha náisiúnta ann ina leith sin go dtí 2016. Ó shin i leith, tá Torino fós ina cheann feadhna óir aithníonn sé tuismitheoireacht lánúineacha comhghnéis ó thaobh an dlí de, cé nach ann d’aon fhorálacha den sórt sin faoin dlí náisiúnta; |
Ag cabhrú le daoine óga LGBTIQ san Aontas
28. |
á admháil go bhfuil daoine óga LGBTIQ san Eoraip thar a bheith leochaileach, óir bíonn siad neamhchosanta ar an idirdhealú, íospairt, stiogmatú agus drochíde ó aois óg; bíonn deacrachtaí acu teacht amach chuig a dteaghlach agus a bpobal, ní bhíonn ach tuiscint theoranta ag soláthraithe seirbhíse gairmiúla agus ag an tsochaí i gcoitinne ar shaincheisteanna LGBTI+, agus bíonn dúshláin mheabhairshláinte, sláinte coirp agus sláinte gnéis rompu freisin; |
29. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó straitéis chuimsitheach an Choimisiúin maidir le cearta an linbh a foilsíodh an 24 Márta 2021 lena n-áirithítear go mbeidh leanaí LGBTIQ in ann a bpearsantacht féin a fhorbairt gan bhac agus rochtain a bheith acu ar chearta atá faoi chosaint, lena n-áirítear tionscnaimh faisnéise agus threorach do theaghlaigh sa chaoi is gur féidir leo tacú le mionaoisigh forbairt mar dhaoine go huile is go hiomlán; ag tacú go sainráite le malartú dea-chleachtas maidir le deireadh a chur le máinliacht neamh-thábhachtach agus idirghabháil leighis ar naíonáin agus ar dhéagóirí idirghnéasacha le go mbeidh siad ag teacht leis an sainmhíniú tipiciúil ar fhear nó ar bhean gan toiliú iomlán feasach a fháil uathu nó óna dtuismitheoirí; |
30. |
ag tathant ar na Ballstáit meastóireacht a dhéanamh ina gcuid Pleananna náisiúnta um Chomhionannas LGBTIQ ar bheartais agus cleachtais a dhéanann dochar do dhaoine LGBTIQ, daoine óga go háirithe, nó a dhéanfadh iad a choimhthiú a thuilleadh; ag iarraidh orthu tacú le pobail áitiúla trí sheirbhísí iomchuí a sholáthar a chuideoidh le daoine óga imeallaithe, amhail timpeallachtaí sábháilte a chruthú, agus deiseanna fostaíochta comhionanna agus timpeallachtaí oibre cuimsitheacha a áirithiú, mar aon le hionadaíocht dhearfach ar dhaoine LGBTIQ agus rannpháirtíocht sa chultúr, sa tsochaí agus sa spórt; |
31. |
ag tabhairt rabhaidh gur fadhb í an easpa dídine i measc daoine LGBTIQ atá faoi cheilt san Eoraip ach, mar sin féin, gur léir ón taighde teoranta (9) atá déanta go bhfuil ró-ionadaíocht ag an bpobal LGBTIQ i gcoitinne, agus ag daoine óga go háirithe, i measc an daonra gan dídean: meastar go sainaithníonn thart ar 25-40 % de na daoine óga atá gan dídean iad féin mar dhaoine LGBTIQ (10); á iarraidh, dá bhrí sin, go dtabharfaí aird ar leith ar an bhfadhb seo freisin faoi chuimsiú an Ardáin Eorpaigh chun Easpa Dídine a Chomhrac; |
32. |
ag tarraingt aird air gur cheart an Treoir maidir le Comhionannas Fostaíochta a chur chun feidhme go dian agus gur cheart faireachán agus meastóireacht chúramach a dhéanamh ar a cur chun feidhme. Is díol sásaimh do CnaR, tar éis dó meastóireacht agus faireachán a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann faoi láthair, go gcuirfidh an Coimisiún i láthair in 2022 aon reachtaíocht is gá mar thoradh air sin, go háirithe maidir le ról na gcomhlachtaí comhionannais; |
33. |
á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar rialtais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla tuilleadh airde a tharraingt air gur eisiamh sóisialta den chineál is measa í an easpa dídine a fheictear i measc daoine óga LGBTIQ agus ionaid chúraim agus ionaid dídine don óige a fhorbairt ina bpobail, agus sampla Kraków agus Bheirlín á leanúint; |
Tionchar COVID-19 ar shaol daoine LGBTIQ
34. |
ag tabhairt dá aire go bhfuil dúshláin chasta agus rioscaí don phobal LGBTIQ á nginiúint ag géarchéim sláinte agus shochaíoch COVID-19. San áireamh leis sin, de réir taighde a rinneadh le déanaí (11), tá meabhairshláinte atá ag dul in olcas agus deacrachtaí maidir le rochtain a fháil ar chúram sláinte, méadú ar an bhfuathchaint agus ar an bhforéigean teaghlaigh, deacrachtaí maidir le rochtain a fháil ar chláir fóirithinte poiblí lena n-áirítear le haghaidh tithíochta, bia agus cothú, agus ar cheartas, clárú agus próisis dhlíthiúla eile; |
35. |
ag moladh cláir thacaíochta a tugadh isteach i bpobail áirithe chun tacaíocht síceolaíochta ar líne, gníomhaíochtaí faoin aer, rochtain ar chúram sláinte, tithíocht bhardasach, tithe sábháilte agus cistiú breise a chur ar fáil; ag iarraidh ar údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a áirithiú go mbeidh bearta éigeandála agus téarnaimh neamh-idirdhealaitheach; |
An bealach chun cinn
36. |
á iarraidh go mbeidh comhar agus idirphlé breise, bunaithe ar fhíorais, idir comhlachtaí rialachais agus geallsealbhóirí ar an uile leibhéal agus thar theorainneacha, agus béim ar leith ar eispéiris phearsanta daoine LGBTIQ, agus go ndéanfar saincheisteanna LGBTIQ a phríomhshruthú isteach i mbearta beartais nua agus reatha chun a áirithiú sa tslí sin go nglacfar beartais eolacha atá oiriúnaithe go hiomchuí agus iad ina léiriú ar an éagsúlacht; |
37. |
á athdhearbhú (12) na hachainí cur chuige trasnach a chur chun feidhme ar scála níos mó agus bearta trasnacha a chomhcheangal le bearta dearfacha i réimsí earnálacha; |
38. |
ag tacú leis na hiarrachtaí uile chun teiripí tiontaithe agus idirghabhálacha leighis éigeantais a chomhrac i gcás daoine idirghnéasacha agus trasinscneacha (lena n-áirítear ciorrú ball giniúna daoine idirghnéasacha agus steiriliú éigeantais); á iarraidh ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha stop a chur leis na tionscnaimh sin má tharlaíonn siad in áitribh ina ndlínse agus cistí a dhíriú ar dheireadh a chur le cleachtais den chineál sin, agus aird faoi leith á díriú ar chosaint do leanaí agus do dhéagóirí; |
39. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó an cur chuige atá glactha ag an gCoimisiún Eorpach chun malartuithe dea-chleachtais maidir le reachtaíocht um aitheantas inscne agus nósanna imeachta bunaithe ar phrionsabal an fhéinchinntiúcháin a chothú, agus gur geal leis go lainseálfar idirphlé trasearnála chun feasacht a mhúscailt maidir le féiniúlachtaí trasinscneacha agus neamh-dhénártha agus daoine idirghnéasacha, agus chun cuimsitheacht a spreagadh sna gníomhaíochtaí agus sna nósanna imeachta ábhartha uile; |
40. |
á iarraidh go dtabharfar cosaint bhreise do dhaoine trasinscneacha a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt i gcónaí ar roinnt de na leibhéil is airde idirdhealaithe, foréigin agus géarleanúna. De réir staidéar a rinneadh le déanaí (13), níl reachtaíocht náisiúnta i bhfeidhm ach in 13 thír as na 31 thír ina ndearnadh an suirbhé faoina dtugtar cosaint éigin ar bhonn féiniúlacht inscne agus/nó saintréithe gnéis; |
41. |
á shainaithint go bhfuil géarghá le rialachas agus comhpháirtíochtaí il-leibhéil; ag tacú go huile agus go hiomlán le hobair na Comhdhála um Udaráis Áitiúla agus Réigiúnacha de chuid Chomhairle na hEorpa agus tá sé ag fanacht leis an tuarascáil uaithi ar the role and responsibilities of local governments in protecting LGBTI persons [ról agus freagrachtaí na rialtas áitiúil i gcosaint daoine LGBTIQ] agus iarrann sé uirthi na torthaí a chur faoi bhráid CnaR; |
42. |
á iarraidh an tábhacht a bhaineann le rochtain a thabhairt ar chúram sláinte a bhaineann le hathrú inscne a aithint. Tá ról tarrthála ag cúram sláinte a bhaineann le hathrú inscne agus ní mór caitheamh leis mar sin. Ní féidir paindéim COVID-19 a lua mar chúis le rochtain ar chúram sláinte ar bith a chur ar fionraí, a chur siar nó a theorannú, lena n-áirítear cúram a bhaineann le hathrú inscne agus cóireálacha leanúnacha; |
43. |
ag tairiscint cúnaimh don Choimisiún Eorpach maidir leis na dea-chleachtais áitiúla agus réigiúnacha ábhartha is fearr a bhailiú agus maidir le cur chun feidhme na reachtaíochta ábhartha Eorpaí ar an leibhéal áitiúil, agus do Pharlaimint na hEorpa, dá hIdirghrúpa um LGBTIQ go háirithe; |
44. |
ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach tacaíocht taighde a chur ar fáil chun scrúdú a dhéanamh ar na difríochtaí geografacha sa ghlacadh le daoine LGBTIQ d’fhonn na modhanna a dtéitear i ngleic leis an idirdhealú lasmuigh de limistéir uirbeacha a fheabhsú; |
45. |
den tuairim go mbaineann breisluach suntasach le CnaR a bheith rannpháirteach i gceapadh an Tionscnaimh um Phríomhchathair Chuimsitheach, agus tá sé á iarraidh arís, ar an ábhar sin, go mbeadh ról foirmiúil ag CnaR gach bliain nuair a ainmnítear cathair amháin nó níos mó mar Phríomhchathracha Chuimsithe agus Éagsúlachta na hEorpa agus i líonra rialtasach phointí fócasacha LGBTIQ de chuid Chomhairle na hEorpa; |
46. |
ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach a áirithiú go mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha lánpháirteach i ndearadh agus cur chun feidhme na bpleananna náisiúnta maidir le comhionannas LGBTIQ agus san fhaireachán a dhéanfar orthu; |
47. |
ag aontú a bheith rannpháirteach i gcur chuige an Choimisiúin atá dírithe ar cheannaireacht a thabhairt le dea-shampla agus gach iarracht a dhéanamh ar mhaithe le timpeallacht oibre lánchuimsitheach a bhaint amach, agus tá sé á iarraidh go ndéanfar faireachán ar bhearta a mhilleann faoi leas na bhfostaithe LGBTIQ sna hinstitiúidí Eorpacha; |
48. |
á iarraidh ar na ceannairí polaitiúla uile ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla agus idirdhealú, barúlacha homafóbacha agus trasfóbacha, ciapadh agus foréigean bunaithe ar ghnéaschlaonadh, ar fhéiniúlacht inscne, ar léiriú inscne nó ar shaintréithe gnéis a shéanadh go poiblí; |
49. |
á chur i bhfáth a riachtanaí atá bearta oideachais agus feachtais faisnéise do dhaoine den uile aois agus cúlra, agus a riachtanaí atá sé seirbhísí poiblí a neartú, cur le hacmhainneacht na ngairmithe tacaíochta agus dlús a chur le rochtain íospartach-láraithe ar an gceartas; |
50. |
á chur i bhfáth go bhfuil ról ag an ngnéasoideachas uilíoch chun steiréitíopaí agus idirdhealú a chomhrac chun íomhá dhearfach den phobal LGBTIQ a thógáil agus atmaisféar glactha a chothú. Ba cheart ionsaithe d’aon sórt ar oideachasóirí a cháineadh; |
51. |
ag tnúth leis na tograí nua maidir le cistiú féideartha tionscnamh chun dul i ngleic le hidirdhealú trasnach agus neamhionannas atá braite ag daoine LGBTIQ, agus le laofacht inscne agus steiréitíopaí eile, tríd an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna; |
52. |
á iarraidh go mbunófar cistiú chun tacú le heagraíochtaí LGBTIQ na sochaí sibhialta, ar bhonn éigin seachas ar bhonn tionscadail, mar aon le tacaíocht airgeadais le haghaidh cláir comhionannais agus éagsúlachta i mbardais agus réigiúin ina gcaithfidh an pobal LGBTIQ cur suas le dearcthaí thar a bheith naimhdeach ó rialtais; |
53. |
á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach a áirithiú nach ndeonaítear cistí Eorpacha i gcás inarb ann do shásraí idirdhealaithe struchtúraigh, agus go ndéanfar cistiú a chur ar fionraí nó a tharraingt siar i gcás ina bhfaightear amach tráth níos déanaí gur mar sin atá; den tuairim go bhféadfaí Aontas Eorpach iomlán cuimsitheach a chothú a bhuí le héifeachtacht chruthaithe na mbeart sin, in éineacht le hidirphlé; |
54. |
á iarraidh ar chomhaltaí CnaR agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha eile, i gcás ina bhfuil an reachtaíocht náisiúnta easnamhach, forálacha áitiúla a thabhairt isteach atá dírithe ar an idirdhealú a chomhrac agus an folús dlíthiúil a leigheas d’fhonn éagsúlacht, glacadh frithpháirteach agus urraim a chur chun cinn. |
An Bhruiséil, 14 Deireadh Fómhair 2021.
Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún
Apostolos TZITZIKOSTAS
(1) D’fhoilsigh an Coimisiún in 2015 Liosta Gníomhaíochtaí chun Comhionannas LGBTI a chur chun cinn, cruthaíodh post an Choimisinéara um Chomhionannas (Helena Dalli), agus tá aitheantas dlíthiúil tugtha ag 21 Bhallstát do lánúineacha comhghnéis, agus tá nósanna imeachta dlíthiúla um aitheantas inscne gan aon cheanglais leighis tugtha isteach ag ceithre cinn díobh.
(2) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2021on the declaration of the EU as an LGBTIQ Freedom Zone [inar dearbhaíodh gur Limistéar Saoirse do LGBTIQ atá san Aontas Eorpach] (https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2021-0089_EN.html).
(3) Great Reset: Why LGBT+ inclusion is the secret to cities’ post-pandemic success | an Fóram Eacnamaíoch Domhanda (weforum.org).
(4) Tá samplaí de sin le feiceáil i gcuid mhaith cathracha ar fud na hEorpa, amhail, Barcelona, Liúibleána, Beirlín, Búdaipeist agus Łódź, mar aon le líonraí cathracha, amhail líonra RE.A.DY san Iodáil.
(5) Aitheasc ar Staid an Aontais 2020.
(6) 2021/2679(RSP).
(7) In C-673/16, shoiléirigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go bhfuil feidhm ag an téarma “céile”, mar a úsáidtear é sa Treoir maidir le Saorgluaiseacht, maidir le páirtithe comhghnéis freisin.
(8) Rialachán Bardasach Torino, 2010.
(9) LGBTIQ Homelessness, Cónaidhm Eorpach na nEagraíochtaí Náisiúnta atá ag Obair le Daoine gan Dídean AISBL, Fómhar 2017, agus an suirbhé ar an Easpa Dídine i measc Daoine Óga Leispiacha, Aeracha, Déghnéasacha, Trasinscneacha, Idirghnéasacha, agus Aiteacha (LGBTIQ) san Eoraip, 2019.
(10) https://www.ilga-europe.org/sites/default/files/COVID19%20_Impact%20LGBTI%20people.pdf
(11) covid19-lgbti-assessment-2020.pdf (ilga-europe.org).
(12) Tuairim ó CnaR Aontas an Chomhionannais: Straitéis maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025, Deireadh Fómhair 2020.
(13) Staidéar ón gCoimisiún Eorpach Trans and Intersex Equality in Europe – A Comparative Analysis [Comhionannas do dhaoine trasinscneacha agus Idirghnéasacha san Eoraip – Anailís Chomparáideach], 2018.
III Gníomhartha ullmhúcháin
Coiste na Réigiún
Cruinniú hibrideach ar Interactio – an 146ú Seisiún Iomlánach de CnaR, 12.10.2021-14.10.2021
4.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 61/42 |
Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Céannacht Dhigiteach Eorpach
(2022/C 61/09)
|
I. MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE
Leasú 1
COM(2021) 281
Airteagal 1(4)
Rialachán (AE) Uimh. 910/2014
Airteagal 5
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
Ainmneacha bréige in idirbheart leictreonach Gan dochar don éifeacht dhlíthiúil a thugtar d’ainmneacha bréige faoin dlí náisiúnta, ní cheadófar ainmneacha bréige a úsáid in idirbhearta leictreonacha. |
Ainmneacha bréige in idirbheart leictreonach Gan dochar don éifeacht dhlíthiúil a thugtar d’ainmneacha bréige faoin dlí náisiúnta, ní cheadófar ainmneacha bréige a úsáid in idirbhearta leictreonacha agus ar na meáin shóisialta . |
Cúis
Níor cheart do na meáin shóisialta cosc a chur ar ainmneacha bréige a úsáid le haghaidh clárú i ndáil le Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí.
Leasú 2
COM(2021) 281
Airteagal 1(7)
Rialachán (AE) Uimh. 910/2014
Airteagal 6a(1)
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
Chun a áirithiú go mbeidh rochtain shlán, iontaofa agus rianúil ag gach duine nádúrtha agus dlítheanach san Aontas ar sheirbhísí trasteorann poiblí agus príobháideacha, eiseoidh gach Ballstát Tiachóg na Céannachta Digití laistigh de 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
Chun a áirithiú go mbeidh rochtain shlán, iontaofa agus rianúil ag gach duine nádúrtha agus dlítheanach san Aontas ar sheirbhísí trasteorann poiblí agus príobháideacha, eiseoidh gach Ballstát Tiachóg na Céannachta Digití laistigh de 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
Cúis
Is léir ón taithí a fuarthas go nuige seo go mbeidh Tiachóga na Céannachta Digití Eorpaí ina bpríomhspriocanna ionsaithe TF. I dtimpeallacht atá íogair ó thaobh sonraí aitheantais pearsanta de, is fearr an cháilíocht ná an luas. Tá na spriocdhátaí a leagtar síos maidir le trasuí ar an leibhéal náisiúnta róghearr (agus tá siad ag brath i bpáirt ar fhorálacha Threoir NIS 2). Ar an gcúis sin, tá idirthréimhse níos faide ag teastáil.
Leasú 3
COM(2021) 281 final – Cuid 1
Airteagal 1(7)
Rialachán (AE) Uimh. 910/2014
Airteagal 6a (12) (pointe nua)
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
|
Ní chuirfear Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí ar fáil do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d’aois ach amháin ar choinníoll gur féidir a gcéannacht a dhearbhú le cárta aitheantais leictreonach dá n-ionadaí dlí atá freagrach astu. |
Cúis
Beidh Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí ina chruthúnas céannachta ar líne agus as líne araon. Ní féidir le mionaoisigh a bheith freagrach agus cuntasach as aon impleachtaí nó iarmhairtí dlíthiúla.
Leasú 4
COM(2021) 281 final – Cuid 1
Airteagal 1(7)
Rialachán (AE) Uimh. 910/2014
Airteagal 6c(5)
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún ainmneacha agus seoltaí na gcomhlachtaí poiblí nó príobháideacha dá dtagraítear i mír 3. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit. |
Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún ainmneacha agus seoltaí na gcomhlachtaí poiblí nó príobháideacha dá dtagraítear i mír 3. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin . |
Cúis
Ar mhaithe le hAirteagal 6c(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a leasú ós iomchuí spriocdháta a leagan síos chun an fhaisnéis a chur in iúl.
Leasú 5
COM(2021) 281
Airteagal 1(9)
Rialachán (AE) Uimh. 910/2014
Airteagal 7
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
[…] laistigh de 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm […] |
[…] laistigh de 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm […] |
Cúis
Is léir ón taithí a fuarthas go nuige seo go mbeidh Tiachóga na Céannachta Digití Eorpaí ina bpríomhspriocanna ionsaithe TF. I dtimpeallacht atá chomh íogair sin ó thaobh sonraí aitheantais pearsanta de, is fearr an cháilíocht ná an luas. Tá na spriocdhátaí a leagtar síos maidir le trasuí ar an leibhéal náisiúnta róghearr (agus tá siad ag brath i bpáirt ar fhorálacha Threoir NIS 2). Ar an gcúis sin, tá idirthréimhse níos faide ag teastáil.
Leasú 6
COM(2021) 281
Airteagal 1(11)
Rialachán (AE) Uimh. 910/2014
Airteagal 10a(4)
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
Foilseoidh an Coimisiún na leasuithe comhfhreagracha a dhéanfar ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 6d in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh gan aon mhoill mhíchuí. |
Foilseoidh an Coimisiún na leasuithe comhfhreagracha a dhéanfar ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 6d in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh gan aon mhoill mhíchuí agus cuirfidh sé na leasuithe sin ar fáil i liosta ar leith . |
Cúis
Ba cheart liosta soiléir (liosta bactha) an úsáid a fhágáil níos éasca.
Leasú 7
COM(2021) 281 – Cuid 1
Airteagal 1(12)
Rialachán (AE) Uimh. 910/2014
Airteagal 11a (4) (pointe nua)
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
|
Bainfidh na Ballstáit úsáid as córais sainaitheantais uathúla lena áirithiú nach n-eiseofar dhá cheann de Thiachóg na Céannachta Digití Eorpaí nó níos mó do shaoránach ar bith de bharr náisiúntachtaí iomadúla a bheith aige/aici nó cónaí a bheith air/uirthi i mBallstáit éagsúla. |
Cúis
Ba cheart a áirithiú nach n-eiseofar ach ceann amháin de Thiachóga na Céannachta Digití Eorpaí amháin do shaoránaigh a bhfuil níos mó ná náisiúntacht amháin acu agus/nó a bhfuil cónaí orthu i níos mó ná Ballstát amháin.
Leasú 8
COM(2021) 281 – Cuid 1
Airteagal 1(14)
Rialachán (AE) Uimh. 910/2014
Airteagal 12a(3)
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún ainmneacha agus seoltaí an chomhlachta phoiblí nó phríobháidigh dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit. |
Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún ainmneacha agus seoltaí an chomhlachta phoiblí nó phríobháidigh dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin . |
Cúis
Ar mhaithe le hAirteagal 12a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a leasú ós iomchuí spriocdháta a leagan síos chun an fhaisnéis a chur in iúl.
Leasú 9
COM(2021) 281
Airteagal 1(29)
Rialachán (AE) Uimh. 910/2014
Airteagal 30(3a)
An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach |
Leasú ó CnaR |
Beidh an deimhniú dá dtagraítear i mír 1 bailí go ceann 5 bliana, ar choinníoll go ndéanfar measúnú rialta leochaileachtaí gach ré bliain. I gcás ina sainaithnítear leochaileachtaí agus nach leigheastar iad, déanfar an deimhniú a tharraingt siar. |
Beidh an deimhniú dá dtagraítear i mír 1 bailí go ceann 5 bliana, ar choinníoll go ndéanfar measúnú rialta leochaileachtaí gach re bliain. I gcás ina sainaithnítear leochaileachtaí agus nach leigheastar iad, déanfar an deimhniú a tharraingt siar. Féadfar athdheimhniú a dhéanamh tar éis tréimhse feithimh dhá bhliain, ar a luaithe, agus tar éis measúnú leochaileachta nua a dhéanamh. |
Cúis
Ba cheart teorainn ama a bheith leis an toirmeasc ar athdheimhniú, ós rud é gur cheart go bhféadfaí leochaileachtaí a réiteach fós, tar éis athchóiriú teicniúil críochnúil a dhéanamh, cuir i gcás.
II. MOLTAÍ BEARTAIS
TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)
Réamhrá
1. |
i bhfabhar Thiachóg na Céannachta Digití Eorpaí. A bhuí leis, ba cheart go mbeadh na saoránaigh in ann a gcéannacht a dheimhniú, lena n-áirítear le linn dóibh a bheith ag gluaiseacht, sa chaoi is gur féidir leo rochtain a fháil ar sheirbhísí riaracháin phoiblí ar líne, doiciméid dhigiteacha a mhalartú nó díreach tréith céannachta pearsanta, amhail aois, a dhearbhú. Ba cheart go mbeidís in ann déanamh amhlaidh gan a gcéannacht ná sonraí pearsanta eile a nochtadh; |
2. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó na tograí ón gCoimisiún Eorpach maidir le céannacht dhigiteach Eorpach a chruthú mar chéad chéim i dtreo tiachóg na céannachta digití níos cuimsithí a chruthú agus na leasuithe a bheadh gá leo dá thoradh sin a dhéanamh ar Rialachán eIDAS. Ní le sonraí céannachta pearsanta (céannacht dhigiteach Eorpach) amháin sa chiall is cúinge a bhaineann Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí. Is éard atá beartaithe leis doiciméid eile (lena n-áirítear doiciméid oifigiúla) a stóráil i bhfoirm leictreonach, amhail ceadúnais tiomána nó cáilíochtaí oideachais; |
3. |
ag tacú le haidhm an Choimisiúin Eorpaigh Rialachán eIDAS a fhorbairt a thuilleadh lena úsáid sa réimse eacnamaíoch chun freagairt d’éilimh athraitheacha an mhargaidh agus leanúint d’úsáid a bhaint san am céanna as na modhanna náisiúnta sainaitheantais atá i bhfeidhm faoi láthair ar tugadh fógra fúthu. Tá tábhacht ar leith ag baint le modhanna slána ríomhaitheantais chun nósanna imeachta riaracháin a dhigiteáil; |
4. |
á iarraidh forálacha soiléire maidir le cosaint sonraí a bheith sa togra ón gCoimisiún Eorpach maidir le céannacht dhigiteach Eorpach, forálacha nach mór a bheith i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), go háirithe an geilleagar sonraí, príobháideacht sonraí agus bonn cirt leordhóthanach, agus a áirithiú freisin go mbeidh úsáideoirí in ann rialú a dhéanamh ar na sonraí ba mhaith leo a roinnt agus cé leis; |
5. |
den bharúil gur uirlis atá i dTiachóg na Céannachta Digití Eorpaí – de bhrí gur féidir í a úsáid áit ar bith, agus go háirithe nuair atáthar ag bogadh ó áit go háit – uirlis atá ceaptha chun rannpháirtíocht shóisialta a éascú. D’fhéadfadh sí a bheith ina gné den fhéiniúlacht Eorpach tar éis dá cur chun feidhme ar fud an Aontais Eorpaigh, gné a mbeadh feasacht agus tuiscint ag gach saoránach den Aontas uirthi; |
Úsáid ag na saoránaigh
6. |
den bharúil gur deis iontach é Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí a chruthú chun céannacht AE a chothú go daingean i measc na saoránach, féiniúlacht atá inbhraite agus praiticiúil, lena n-áirítear sa mhargadh aonair. Le Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí cruthaítear modh sainaitheantais atá ceangailteach go soiléir do na páirtithe go léir lena mbaineann agus a bhfuil i bhfad níos mó i gceist lena shiombalachas ná na tairbhí teicniúla lena ngabhann; |
7. |
á thabhairt dá aire gur teicneolaíocht shoghluaiste í Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí ar féidir léi a bheith inmharthana ó thaobh feidhme de fiú de réir mar a thagann athrú ar ghléasanna an lae inniu (fóin chliste nó uaireadóirí cliste). Ba cheart go bhféadfaí Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí a úsáid trí chomhéadan iomchuí (a d’fhéadfadh a bheith optúil), i bhforbairtí breise amhail spéaclaí digiteacha (e.g. spéaclaí réaltachta breisithe nó abhatáranna digiteacha) nó gléasanna digiteacha dá leithéid; |
8. |
á mholadh gur cheart ríomh-shainaitheantas Eorpach agus Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí a fhorbairt agus a úsáid d’fhonn seirbhísí a sholáthar a mbeidh fíor-bhreisluach trasteorann ag baint leo do na saoránaigh; |
9. |
ag leagan béim air gur gá a áirithiú go mbeidh gach úsáideoir neamhspleách agus nach ndéanfar idirdhealú orthu agus, ar an ábhar sin, molann sé a shonrú go soiléir sa teachtaireacht nach mbeidh aon iallach indíreach ann Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí a úsáid i gcás ina dtairgtear seirbhísí do dhaoine nádúrtha. Mar phrionsabal, is ar bhonn deonach ba cheart an tiachóg a úsáid; |
10. |
á chur in iúl go láidir gur cheart Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí a mheas mar thairiscint do na saoránaigh le go mbeidh an tsochaí shibhialta lánsásta glacadh léi; |
11. |
á iarraidh go ndéanfaí moladh simplí maidir leis an dearadh, is é sin, mar is dual do bhosca uirlisí, go mbeadh níos mó i gceist léi ná cosaint sonraí agus inrochtaineacht sonraí agus go gcuirfear ar chumas daoine a bhfuil mionchonstaicí rompu nó easpa eolas teanga acu úsáid a bhaint as Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí freisin (e.g. trí úsáid bhreise a bhaint as picteagraim); |
12. |
á áitiú foráil a dhéanamh sa togra maidir le húsáid céannachtaí digiteacha ag mionaoisigh nó i gcásanna ina mbeidh an fhreagracht ar chaomhnóir nó ar chúramóir agus, chomh maith leis sin, maidir leis an gcaoi chun déileáil le céannachtaí digiteacha nuair a fhaigheann duine bás; |
Ról an réimse eacnamaíoch
13. |
den bharúil gur ar dhlúth-rannpháirtíocht na gceannairí teicneolaíochta trí na rialacha maidir le hearnáil na tionsclaíochta a mhaolú atá rath na tiachóige seo bunaithe. Is le cur chuige margadhbhunaithe amháin a áiritheofar úsáid ar an scála ceart san Aontas; |
14. |
ag tarraingt aird ar bhunghné amháin a bhaineann le húsáid chun críoch eacnamaíoch, eadhon úsáid comhéadan ríomhíocaíochta (Paypal, Google/Apple-Pay, SWIFT, etc.), atá bunaithe faoi láthair ar chuntais úsáideoirí dílseánaigh sa réimse eacnamaíoch. Ba cheart Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí a bheith ag teacht leis na rialacha ábhartha maidir le sciúradh airgid agus airgeadraí digiteacha (Bitcoin, Ethereum, euro digiteach, etc.); |
15. |
á iarraidh aird a thabhairt ar dhá shamhail ghnó atá ann cheana agus atá in iomaíocht le chéile a mhéid a bhaineann le húsáid Thiachóg na Céannachta Digití Eorpaí sa réimse eacnamaíoch.
Ar thaobh amháin, tá mórlíonraí domhanda na meán sóisialta ar mian leo, mar a bheifí ag súil leis, go ndéanfaí institiúid phoiblí a gcuntais faoi ainm bréige a fhíorú, más féidir sin. Bhainfí an bonn, áfach, den tsaoirse an t-idirlíon a úsáid agus bhrúfaí úsáideoirí ó réimse cosanta an idirlín chuig an ngréasán dorcha. Dar le CESE, níl fiúntas ar bith leis sin. Ar an taobh eile, tá soláthraithe céannachta ann a bhfuil roghanna malartacha ar Thiachóg na Céannachta Digití Eorpaí á dtairiscint acu agus, chuige sin, ar mian leo úsáid a bhaint freisin as céannacht arna bailíochtú ag institiúid phoiblí; |
16. |
á mholadh, maidir leis an modh a úsáideann oibreoirí eacnamaíocha chun rochtain a cheadú, gur cheart go mbeadh mar chuid den tseiceáil údarúcháin a cheapfar deimhniú slán a mbeadh tréimhse bhailíochta theoranta nó tréimhse bhailíochta a sheiceálfaí go timthriallach ag gabháil leis. Is díol sásaimh do CnaR breithnithe comhchosúla maidir le soláthraithe seirbhísí iontaoibhe, ach cuireann sé in iúl nach mór an bonn cirt le héileamh ar shonraí ó Thiachóg na Céannachta Digití Eorpaí ó institiúidí nó ó eagraíochtaí a chosaint ar mhí-úsáid freisin; |
17. |
á thabhairt dá aire go bhfuil réitigh dhigiteacha don earnáil phoiblí agus don earnáil phríobháideach forbartha agus curtha chun feidhme cheana féin i roinnt Ballstát. Ba cheart na sainiúlachtaí tír-shonracha a chomhtháthú leis an ríomh-shainaitheantas Eorpach a mhéid is féidir. Ar an gcéad dul síos, bheadh ualach suntasach riaracháin agus airgeadais i gceist leis na córais atá ann faoi láthair a athrú agus, ar an dara dul síos, ós rud é go bhfuil ardleibhéal muiníne cothaithe ag saoránaigh na mBallstát sin thar na blianta sna córais atá ann faoi láthair, rud nár cheart a chur i mbaol trí ríomh-shainaitheantas Eorpach a thabhairt isteach; |
Cur chun feidhme agus rannpháirtíocht na mBallstát
18. |
á mholadh go láidir, dá bhrí sin, go mbeadh saineolaithe náisiúnta rannpháirteach go dlúth i bhforbairt bosca uirlisí choitinn le haghaidh cur chuige comhordaithe chun an creat teicniúil is gá a chruthú don chéannacht dhigiteach Eorpach, faoi mar a moladh do na Ballstáit dá dtagraítear sa togra reachtach ón gCoimisiún.
Ba cheart a áireamh leis sin samplaí reatha de dhea-chleachtais, amhail torthaí na dtionscadal “céannachtaí digiteacha” agus “forléargas ar chéannachtaí digiteacha slána” de chuid na Gearmáine agus an taithí a fuarthas uathu; |
19. |
den tuairim, agus na costais agus na speansais a thabhaítear sa phleanáil á meas, gur gá na paraiméadair náisiúnta a thaifeadadh agus a chumasc i bplean foriomlán de chuid an Aontais lena léirítear costais go cothrom. Ba cheart, go háirithe, na hamchláir náisiúnta don chur chun feidhme a bhailiú agus a áireamh chun na críche sin, maille le spriocdhátaí ar leibhéal an Aontais; |
20. |
á iarraidh na costais foirne agus airgeadaíochta a bhaineann leis an gcur chun feidhme sna Ballstáit agus sna húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chur san áireamh sa phleanáil fhoriomlán. Éireoidh go maith le Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí más féidir í a úsáid minic go leor.
Tá ról lárnach ag riaracháin náisiúnta ar gach leibhéal i dtaca leis sin, in éineacht leis an lucht gnó. Tá siad níos rannpháirtí, murab ionann is riamh, de bhua a ngníomhaíochtaí féin, ach freisin trí thionscnaimh de chuid an Choimisiúin. Le Treoir AE maidir le Seirbhísí agus Tairseach Aonair Dhigiteach an Aontais Eorpaigh, cuirtear go fónta le digiteáil mhargadh aonair an Aontais; |
21. |
á mholadh gur cheart an cur chun feidhme, go háirithe sa chéim thionscnaimh, a dhéanamh de réir a chéile. Tá tábhacht leis sin toisc go bhfuil baint ag an ngeilleagar, geilleagar a bhí neamhrialáilte i bpáirteanna go nuige seo, den chéad uair riamh le húsáid céannachtaí leictreonacha ar dhearbhú ar an leibhéal “substainteach” go dtí an leibhéal “ard” de réir mar a thagann athrú ar thimpeallacht eIDAS atá ann faoi láthair; |
Cosaint sonraí agus an chibearshlándáil
22. |
ag tabhairt rabhadh faoin réiteach sin, mar atá Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí, a chur chun feidhme go gasta i ngeall ar na rioscaí teicniúla a bhaineann le stóráil láraithe sonraí céannachta i bhfeidhmchlár atá móibíleach den chuid is mó. Gan aon agó, féachfar ar réiteach den chineál sin mar phríomhsprioc do réimse leathan cibear-ionsaithe agus, dá bhrí sin, ní mór dó a bheith in ann bagairtí a chosc tráth ar bith. |
23. |
ag tarraingt aird ar a thábhachtaí atá sé sainmhíniú leordhóthanach a thabhairt ar scéimeanna deimhniúcháin le haghaidh Thiachóga na Céannachta Digití Eorpaí agus scéimeanna ríomhaitheantais, rudaí ba cheart a bheith á bhforbairt ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) seachas ag eintiteas tráchtála, i ndlúthchomhar le grúpaí saineolaithe, lena n-áirítear ionadaithe ó na húdarás áitiúla agus réigiúnacha; |
24. |
ag tarraingt aird ar an riosca atá ann maidir le foirmeacha céannachta a bhfuil leibhéil éagsúla rúndachta acu a ghrúpáil i gcomhpháirt theicniúil aonair. Dá mbainfeadh tríú páirtithe úsáid as na céannachtaí sin, bheadh rioscaí suntasacha ann don úsáideoir. Dá dhroim sin, is dócha go mbeadh ann do dhochar airgeadais, mar aon le dochar do chlú agus do shláine. D’fhéadfadh fioscaireacht spriocdhírithe a bheith ina cúis le damáiste suntasach iarmhartach freisin; |
25. |
á iarraidh Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí a chur chun feidhme go teicniúil ar dhóigh lena n-áiritheofar go ndéanfar í a threisiú go leordhóthanach i gcoinne cibear-ionsaithe agus gur féidir leis an sealbhóir cirt í a athshuiteáil trí shaoráidí blocála oiriúnacha agus trí chórais chúltaca shlána thiomnaithe.
Ní mór gur próiseas buan a bheidh i gceist le neartú Thiachóg na Céannachta Digití Eorpaí. Is í an tslándáil trí dhearadh an bhunchloch d’úsáid rathúil san fhadtéarma agus tá sí bunriachtanach do gheilleagar na n-úsáideoirí freisin. Ar an gcúis sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir léi sa bhosca uirlisí; |
26. |
den bharúil go bhfuil réiteach atá fónta ó thaobh modha de, oiriúnach do spriocghrúpa na n-úsáideoirí agus a bhfuil faisnéis agus doiciméadacht ag gabháil leis, ríthábhachtach chun go n-éireoidh léi, mar aon le ceanglais maidir le cosaint sonraí, inrochtaineacht agus cibearshlándáil; |
27. |
á mholadh rialacha ceangailteacha maidir le soláthraithe seirbhíse a thabhairt isteach lena áirithiú, mar phrionsabal, go mbeidh modhanna simplí trédhearcacha ann chun rochtain a fháil ar Thiachóg na Céannachta Digití Eorpaí trí uirlisí aonfhoirmeacha (e.g. deais) agus na rialacha sin a chur in iúl d’úsáideoirí; |
28. |
i bhfách leis an scéim le haghaidh céannacht dhigiteach Eorpach a dhearadh ar dhóigh a spreagfaidh dul chun cinn i dtaca le hathléimneacht dhigiteach agus ceannasacht dhigiteach na hEorpa; |
29. |
á mholadh meastóireacht a dhéanamh ar cé acu a d’fhéadfaí nó nach bhféadfaí ardán teicniúil ginearálta a chruthú le haghaidh feidhmeanna bunriachtanacha Thiachóg na Céannachta Digití Eorpaí trí bhosca uirlisí foinse oscailte. Ansin, ba cheart don Aontas an bosca uirlisí a chothabháil agus tuilleadh forbartha a dhéanamh air; |
Taithí a fháil ar úsáid
30. |
á mholadh ceanglas a thabhairt isteach, agus Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí á haistriú ina feidhmchláir shonracha, maidir le treoir mhionsonraithe a chur ar fáil d’úsáideoirí atá dírithe ar phróisis agus atá sothuigthe do spriocghrúpa na n-úsáideoirí.
I gcásanna ina mbeadh sé oiriúnach Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí oiriúnach a úsáid, ní mór í a chur chun cinn mar chomhpháirt aonchineálach a bhfuil comhéadain shoiléire aistrithe sonraí ag gabháil léi agus í a chur i láthair go soiléir mar tháirge AE trí bhíthin lipéadú agus dearadh sainiúil; |
31. |
á mholadh go ndéanfaí caighdeánú ar Thiachóg na Céannachta Digití Eorpaí ionas gur gnáthrud é d’úsáideoirí í a úsáid nó rochtain a fháil uirthi, agus ceanglais íoslaghdaithe sonraí á gcur san áireamh san am céanna. Ar an gcaoi sin, is fusa í a úsáid agus is féidir leo siúd nach bhfuil cur amach maith acu ar TF í a úsáid gan stró; |
Cur chun cinn agus glacadh
32. |
den tuairim go bhfuil gá le feachtas mór poiblíochta chun daonra an Aontais a chur ar an eolas faoi Thiachóg na Céannachta Digití Eorpaí, faoi na bealaí ar féidir í a úsáid i margadh inmheánach an Aontais, agus faoi choimircí maidir le cosaint sonraí agus slándáil sonraí; á thabhairt le fios gur bunchoinníoll í nascacht ardluais chun go mbeidh gach duine san Aontas, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe agus iargúlta, in ann Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí a úsáid agus glacadh léi; |
33. |
á mholadh dul níos faide ná an úsáid a bhí beartaithe do Thiachóg na Céannachta Digití Eorpaí i dtús báire agus cur léi ar mhaithe le doiciméad céannachta digití a chruthú lena úsáid ar bhonn domhanda, lena n-áirítear feidhmeanna dála na gceann a bhíonn ag gabháil le pasanna (leagan digiteach de víosaí, mar shampla) nó le deimhniú vacsaínithe oifigiúil de chuid an Aontais. Ach comhaontuithe den chineál sin a thabhairt i gcrích, ba cheart go bhféadfaí Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí agus an fhaisnéis atá inti a úsáid lasmuigh den Aontas freisin; |
34. |
á thathant ar an gCoimisiún Eorpach dul i mbun dianphlé agus dianchaibidlíochta le soláthróirí trealaimh chun Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí a chur chun feidhme go teicniúil d’úsáideoirí deiridh. Is é an aidhm atá ann an bonn teicneolaíochta a chur ar fáil a luaithe is féidir, lena n-áirítear ar ghléasanna ar chostas íseal.
San am i láthair, tá na chéad ghrúpaí táirgí meánphraghais agus ar phraghas ard a bhfuil deimhniú leordhóthanach acu don leibhéal dearbhaithe “substaintiúil” faoi eIDAS ar fáil cheana. Tá sé úsáideach freisin, ó thaobh Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí a chur chun feidhme, a áirithiú go mbeidh earnáil na tionsclaíochta rannpháirteach a mhéid is féidir mar sholáthraí seirbhíse; |
Coimhdeacht
35. |
á thabhairt dá aire go bhfuil an togra le haghaidh rialacháin i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Ní bheidh an éifeacht cheart ag dearadh teicniúil den chineál sin ar fud an Aontais ach amháin má tá na rialacha ag teacht le chéile. Is faoi na Ballstáit atá an dearadh sonrach. Ní chaithfear ach na huirlisí tras-earnálacha ón mbosca uirlisí a mheas. |
An Bhruiséil, 12 Deireadh Fómhair 2021.
Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún
Apostolos TZITZIKOSTAS