ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 27

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
19 Eanáir 2022


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 27/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10552 — BROOKFIELD / ACEK / BENJUMEA FAMILY / POWEN) ( 1 )

1

2022/C 27/02

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.9546 — GATEGROUP / LSG EUROPEAN BUSINESS) ( 1 )

2

2022/C 27/03

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10314 — VINCI / ENERGIA Y SERVICIOS DINSA II) ( 1 )

3


 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

AN BANC CEANNAIS EORPACH

2022/C 27/04

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 5 Samhain 2021 ar thogra le haghaidh rialachán maidir le bannaí glasa Eorpacha (CON/2021/30)

4


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Chomhairle

2022/C 27/05

Cinneadh ón gComhairle an 20 Nollaig 2021 lena gceaptar Uachtarán na hOifige Comhphobail um Chineálacha Plandaí

14

2022/C 27/06

Cinneadh ón gComhairle an 20 Nollaig 2021 lena gceaptar an Cathaoirleach malartach ar Bhord Achomhairc na hOifige Comhphobail um Chineálacha Plandaí

16

 

An Chúirt Iniúchóirí

2022/C 27/07

Tuarascáil speisialta Uimh. 2/2022 — Éifeachtúlacht fuinnimh i bhfiontair: Roinnt coigiltis ar fhuinneamh ach laigí i bpleanáil agus i roghnú tionscadal

17


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

19.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 27/1


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10552 — BROOKFIELD / ACEK / BENJUMEA FAMILY / POWEN)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 27/01)

An 13 Eanáir 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10552. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


19.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 27/2


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.9546 — GATEGROUP / LSG EUROPEAN BUSINESS)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 27/02)

An 3 Aibreán 2020, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b), i gcomhar le hAirteagal 6(2), de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32020M9546. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


19.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 27/3


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10314 — VINCI / ENERGIA Y SERVICIOS DINSA II)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 27/03)

An 25 Deireadh Fómhair 2021, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32021M10314. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


III Gníomhartha ullmhúcháin

AN BANC CEANNAIS EORPACH

19.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 27/4


TUAIRIM ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

an 5 Samhain 2021

ar thogra le haghaidh rialachán maidir le bannaí glasa Eorpacha

(CON/2021/30)

(2022/C 27/04)

Réamhrá agus bunús dlí

An 14 Deireadh Fómhair 2021 fuair an Banc Ceannais Eorpach (BCE) iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa ar thuairim ar thogra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bannaí glasa Eorpacha (1) (dá ngairtear an “rialachán beartaithe” anseo feasta).

Is ar Airteagal 127(4) agus Airteagal 282(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh atá inniúlacht BCE chun tuairim a thabhairt bunaithe, ós rud é go bhfuil forálacha sa rialachán beartaithe a thagann faoi réimsí inniúlachta BCE, lena n-áirítear, go háirithe, beartas airgeadaíochta a chur chun feidhme de bhun na chéad fhleisce d’Airteagal 127(2) agus Airteagal 282(1) den Chonradh, maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa de bhun Airteagal 127(6) den Chonradh agus rannchuidiú le seoladh rianúil beartas arna saothrú ag na húdaráis inniúla a bhaineann le cobhsaíocht an chórais airgeadais de bhun Airteagal 127(5) den Chonradh. I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 17.5 de Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh, ghlac an Chomhairle Rialaithe an tuairim seo.

1.   Barúlacha ginearálta

1.1

Is díol sásaimh do BCE é an rialachán beartaithe. Chun na cuspóirí a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus i gComhaontú Pháras agus atá cumhdaithe i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“an Dlí Aeráide Eorpach”) (2) a bhaint amach, ní mór infheistíocht shuntasach a dhéanamh, ar gá cuid shuntasach di teacht ón earnáil phríobháideach (3). Is féidir ról tábhachtach a bheith ag maoiniú inbhuanaithe ina leith sin trína chur ar chumas infheisteoirí infheistíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a shainaithint agus a bpunanna a choigeartú de réir a dtosaíochtaí inbhuaine féin. I measc táirgí airgeadais inbhuanaithe, is deighleog atá ag fás go tapa agus deighleog an-infheicthe iad bannaí glasa: le tuilleadh fáis sa mhargadh le haghaidh bannaí glasa ardtrédhearcacha, d’fhéadfaí cuidiú go mór leis an mbearna infheistíochta inbhuanaithe a líonadh agus freastal ar an éileamh méadaitheach atá ag infheisteoirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (environmental, social, and governance, ESG). Chun na críche sin, cuirtear fáilte roimh chreat poiblí atá soiléir agus iontaofa le haghaidh bannaí glasa.

1.2

I gcomhthéacs foriomlán chuspóirí comhshaoil an Aontais, i gcás ina nglacfaí beartais phoiblí ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal na mBallstát lena dtugtar tús áite do bhannaí glasa agus d’fhiachas eile atá bunaithe ar an inbhuaine thar chineálacha eile eisiúna fiachais, bheadh caighdeán bannaí glasa Eorpacha (BG-AE) ag teastáil dóibh sin freisin a bhféadfaidís tagairt a dhéanamh dóibh.

1.3

Trí chaighdeán BG-AE a bheith ann, spreagfar cruthú sócmhainní inbhuanaithe foluiteacha agus tionscadal inbhuanaithe foluiteacha a bheidh i gcomhréir le cuspóirí comhshaoil an Aontais, go háirithe maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (dá ngairtear “Rialachán maidir le Tacsanomaíocht” anseo feasta) (5). Ón bpeirspictíocht sin, is céim thábhachtach é nasc a dhéanamh idir BG-AE agus an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht chun a áirithiú go bhfaighidh gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de an rochtain is gá ar mhaoiniú trí ionstraimí fiachais. Is féidir tacú le forbairt gheilleagar an Aontais i dtreo cuspóirí comhshaoil an Aontais a bhaint amach trí fhabhar a thabhairt do mhaoiniú gníomhaíochtaí lena gcuirtear go mór leis na cuspóirí comhshaoil a shainítear sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht.

1.4

Tacaíonn BCE leis an aidhm atá leis an rialachán beartaithe creat comhchuibhithe a bhunú do BGanna-AE, ós rud é go méadófar leis sin an dearbhú go gcuideofaí leis na bannaí glasa sin i ndáiríre chun tacú leis an aistriú chuig geilleagar níos glaise, chun infhaighteacht sonraí agus trédhearcacht sonraí a fheabhsú, agus chun feabhas a chur ar inchomparáideacht, ar iontaofacht agus, ina dhiaidh sin, ar phraghsáil éifeachtúil na mbannaí glasa. Tá roinnt easnamh ar mhargadh na mbannaí glasa faoi láthair. Tá, go háirithe, na caighdeáin tionscail atá ann cheana maidir le lipéid bannaí glasa ag brath ar shainmhínithe ar thionscadail ghlasa fholuiteacha nach bhfuil caighdeánaithe, dian ná cuimsitheach a ndóthain (6). Leis an easpa faisnéis iontaofa, inchomparáide agus fhíoraithe maidir le hinbhuaine baintear an bonn d’inchreidteacht mhargadh na mbannaí glasa agus d’fhéadfaí an bonn a bhaint leis freisin dá chumas an t-aistriú chuig geilleagar níos glaise a chothú, agus ar an gcaoi sin laghdaítear an t-éileamh léi i ngeall ar ábhair imní i leith glas-snasú agus rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chlú na n-eisitheoirí agus na n-infheisteoirí (7). Ina theannta sin, in éagmais creat tagartha coiteann agus teimpléid tuairiscithe choiteanna, méadaítear na costais idirbhirt a bhaineann le bannaí glasa a eisiúint, rud a laghdaíonn tarraingteacht eacnamaíoch na n-ionstraimí sin i gcomparáid le huirlisí maoiniúcháin traidisiúnta (8). Leis na srianta struchtúracha sin go léir cuirtear le teorainn a chur le méid na deighleoige margaidh seo agus, ina dhiaidh sin, le leachtacht na deighilte sin.

1.5

Trí cheanglais atá infhíoraithe agus trédhearcach go hoibiachtúil a bheith ann maidir le cáiliú mar BG-AE, chuideofaí le creidiúnacht na haicme sócmhainní sin a neartú, leis na rioscaí do chlú eisitheoirí agus infheisteoirí a laghdú chomh maith le neamhshiméadrachtaí faisnéise a laghdú, agus le glas-snasú a theorannú (9). Mar a thugtar faoi deara sna margaí, tugann infheisteoirí luach saothair do bhannaí glasa a bhfuil clú níos fearr ar a n-eisitheoirí agus a bhfuil siad faoi réir fíoruithe tríú páirtí le raonta difríochta níos teinne (10). Trí BGanna-AE a bhfuil ardleibhéal trédhearcachta acu a eisiúint, d’fhéadfadh léargas níos fearr a bheith ann ar an tábhacht a bhaineann le cuspóirí comhshaoil do rannpháirtithe sa mhargadh agus d’eisitheoirí, rud a chuirfeadh feabhas ar chumas na ngníomhaithe airgeadais uile, lena n-áirítear BCE, bannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a shainaithint agus a mheas ar bhealach iontaofa (11). Meastar go dtacóidh sé sin le tuilleadh fáis sa deighleog sin den mhargadh agus go mbeidh breis muiníne ann dá bharr go gcuideoidh na bannaí glasa chun cuspóirí comhshaoil an Aontais a bhaint amach trí thacú leis an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin. Ar deireadh, trí dhintiúir ghlasa agus iontaofacht BGanna-AE a neartú, leis an rialachán beartaithe thabharfaí coimircí níos láidre i gcoinne athluachálacha tobanna ar bhannaí glasa tar éis cásanna indibhidiúla de ghlas-snasú. Leis sin, chothófaí feidhmiú ordúil an mhargaidh agus an chobhsaíocht airgeadais.

1.6

Is céim thábhachtach é an rialachán beartaithe chun margadh caipitil glas don Aontas a fhorbairt a bheidh comhtháite, domhain agus leachtach agus a thrasnaíonn teorainneacha náisiúnta, rud a chuideoidh le hAontas na Margaí Caipitil a chur chun cinn (12). Is ón Aontas a tháinig thart ar 60 % de na bannaí neamhurraithe sinsearacha glasa uile a eisíodh ar fud an domhain sa bhliain 2020 (13). Dá bhforbrófaí an margadh bannaí glasa a thuilleadh, d’fhéadfaí comhtháthú airgeadais an Aontais a dhoimhniú tuilleadh (14), agus dhéanfaí le hAontas Glas na Margaí Caipitil ról an Aontais sna margaí caipitil glasa domhanda a threisiú tuilleadh. Chun margaí caipitil glasa a bheidh aibí agus comhtháite don Aontas a thógáil, beidh gá freisin le hiarrachtaí níos leithne chun margaí caipitil a neartú, lena n-áirítear comhchuibhiú níos fearr a dhéanamh ar mhaoirseacht, ar rialacha dócmhainneachta, agus ar chosaint infheisteoirí. I ndáil leis sin, is díol sásaimh do BCE go gcuirfear de chúram ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) maoirseacht a dhéanamh ar athbhreithneoirí seachtracha ar BGanna-AE ar leibhéal an Aontais (15). Dá gcomhdhlúthófaí ról an Aontais mar mhol domhanda don mhaoiniú glas agus dá ndéanfaí margaí caipitil an Aontais a chomhtháthú agus a fhorbairt tuilleadh, chuideofaí le ról idirnáisiúnta an euro a neartú (16).

1.7

Le caighdeán BG-AE, ba cheart tagarmharc a sholáthar le haghaidh cóineasú aníos ar an leibhéal idirnáisiúnta, arb é is aidhm dó feabhas a chur ar an méid a chuireann bannaí glasa leis an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin, agus ceannaireacht an Aontais i maoiniú glas á cothú ag an am céanna. Ba cheart glacadh leathan sa mhargadh a bheith mar aidhm leis, lena n-áirítear ag cónaitheoirí nach cónaitheoirí de chuid an Aontais iad, mar gheall ar a dhéine atá a choimircí agus ar a chreidiúnacht i ndáil le glas-snasú, chun go dtiocfaidh sé chun bheith ina thagarmharc domhanda a bhféadfaí aithris a dhéanamh air i ndlínsí eile. Ba cheart measúnú agus faireachán cúramach a dhéanamh ar tharraingteacht an chaighdeáin BG-AE i gcomparáid le caighdeáin an mhargaidh agus/nó lipéid bannaí glasa reachtúla i ndlínsí eile le himeacht ama. Cé go bhfuil údar le ceanglais atá níos déine ná caighdeáin mhalartacha mar gheall ar an trédhearcacht agus ar an gcreidiúnacht fheabhsaithe atá bainte amach ar an gcaoi sin, tá sé tábhachtach go seachnófar, le bunú BGanna-AE, eisitheoirí a atreorú i dtreo dlínsí a choimeádann ceanglais nach bhfuil chomh dian sin, rud a chruthódh deiseanna arbatráiste rialála idirnáisiúnta (17). In éagmais comhordú domhanda, d’fhéadfaí dá bharr sin caighdeáin chomhshaoil na dtáirgí airgeadais inbhuanaithe a ísliú ar an leibhéal domhanda faoi dheireadh. Beidh comhar éifeachtach idirnáisiúnta, go háirithe i gcomhthéacs Mheitheal Airgeadais Inbhuanaithe G20 agus an Ardáin Idirnáisiúnta um Maoiniú Inbhuanaithe, bunriachtanach chun comhleanúnachas idirnáisiúnta na gcaighdeán le haghaidh bannaí glasa a áirithiú agus chun an baol go dtarlódh sodair iomaíocha go grinneall a sheachaint, rud a d’fhéadfadh cur leis an mbaol glas-snasú agus an bonn a bhaint go domhanda den tionchar dearfach atá ag bannaí glasa ar an gcomhshaol.

1.8

Mar chuid den eisiúint bannaí faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (NextGenerationEU, NGEU), eiseoidh an Coimisiún Eorpach suas le EUR 250 billiún de bhannaí glasa, arb ionann é agus suas le 30 % den eisiúint iomlán. Ós rud é nach bhfuil an rialachán beartaithe i bhfeidhm go fóill, tugann BCE dá aire go n-eiseofar na bannaí glasa sin faoi chreat bannaí glasa atá bunaithe ar chaighdeán margaidh atá ann cheana (18). Is díol sásaimh do BCE go bhfuil creat bannaí glasa NGEU ailínithe mar sin féin, a mhéid is féidir, leis an gcaighdeán beartaithe BG-AE, agus tugann sé dá aire go dtugtar le tuiscint le sainghnéithe dlíthiúla agus institiúideacha NGEU go mbeidh cumas an eisitheora tuairisciú gráinneach a sholáthar ar na hinfheistíochtaí foluiteacha ag brath ar chruinneas, ar iomláine agus ar ghráinneacht na sonraí arna dtarchur ag na Ballstáit. Chun creidiúnacht eisiúint bannaí glasa NGEU a choimirciú, spreagann BCE na Ballstáit chun faisnéis chruinn mhionsonraithe a thuairisciú maidir le dul chun cinn agus tionchar na dtionscadal infheistíochta a rannchuidíonn le cuspóirí comhshaoil agus áitíonn sé orthu a áirithiú go n-urramófar an prionsabal (19)“gan dochar suntasach a dhéanamh” le linn chéim chur chun feidhme a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta (20). Thairis sin, spreagann BCE an Coimisiún chun dlúthfhaireachán a dhéanamh agus chun a áirithiú go n-úsáidfear na fáltais ó eisiúint bannaí glasa NGEU go héifeachtach chun caiteachais incháilithe a mhaoiniú agus chun tuarascáil tionchair mhionsonraithe chruinn a ullmhú.

2.   Ábharthacht an rialacháin bheartaithe maidir le cuspóirí agus cúraimí BCE agus an Eurochórais

2.1

D’fhéadfadh tionchar a bheith ag an Rialachán beartaithe ar an mbealach a ndéanann bainc cheannais a sainorduithe a urscaoileadh, mar a leagtar amach thíos.

2.2

Maidir lena bheartas airgeadaíochta, tá bannaí glasa ceannaithe cheana féin ag an Eurochóras faoin gclár ceannaithe na hearnála corparáidí (the corporate sector purchase programme, CSPP), faoin gclár ceannaithe na hurrúis de bhun sócmhainní (the asset-backed securities purchase programme, ABSPP), agus faoin gclár ceannaithe na hearnála poiblí (the public sector purchase programme, PSPP) (21). Ina theannta sin, glacann BCE le bannaí glasa mar chomhthaobhacht in oibríochtaí creidmheasa. Ach sainmhíniú comhchuibhithe a thabhairt ar bhannaí glasa, chuirfí feabhas ar an trédhearcacht agus chothófaí soláthar na n-ionstraimí fiachais ghlais.

2.3

Maidir leis an gcobhsaíocht airgeadais, toisc nach bhfuil sainmhíniú coiteann ná creat caighdeánaithe ann le haghaidh bannaí glasa, cuireadh bac ar anailís a dhéanamh ar a bhfeidhmíocht airgeadais agus ar a dtionchar ar an inbhuanaitheacht fhadtéarmach. Leis sin, cuirtear cosc ar mheasúnú ar an acmhainn atá iontu aghaidh a thabhairt ar rioscaí a bhaineann leis an aeráid do chobhsaíocht an chórais airgeadais (22). Ar bhonn níos ginearálta, is margaí feidhmeacha amháin atá in ann cuidiú leis an aistriú a mhaoiniú go héifeachtach agus rioscaí a bhaineann leis an aeráid a laghdú don chobhsaíocht airgeadais. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh éifeacht aille sa mhargadh a bheith mar thoradh ar iomadú caighdeán éagsúil tionscail, rud a fhágann go ndéantar bannaí glasa a athphraghsáil go suntasach nuair a fheictear d’infheisteoirí go mbaineann cáilíocht mhíshásúil le bannaí glasa áirithe. Leis an gcascáid athphraghsála sin, d’fhéadfaí difear a dhéanamh d’fhíorbhannaí glasa má dhéantar an bonn a bhaint de mhuinín na n-infheisteoirí. Tá sé d’acmhainn ag caighdeán BG-AE cur ar chumas an mhargaidh oibriú ar bhealach níos éifeachtaí, feabhas a chur ar phraghsáil rioscaí airgeadais agus sócmhainní inbhuanaithe, agus muinín infheisteoirí san aicme sócmhainní sin a neartú.

2.4

Is príomhghníomhaithe iad institiúidí creidmheasa i margadh na mbannaí glasa, mar eisitheoirí agus mar infheisteoirí araon. Dá bhrí sin, tá caighdeán BG-AE ábhartha ó thaobh na maoirseachta stuamachta de, toisc gur féidir leis difear a dhéanamh do shamhlacha gnó institiúidí creidmheasa, dá gcleachtais nochta agus do riosca margaidh, agus do rioscaí oibriúcháin agus cáil na n-institiúidí creidmheasa. Ó thaobh samhail ghnó de, le caighdeán aonfhoirmeach d’fhéadfaí eisiúint bannaí glasa ag institiúidí creidmheasa a éascú, rud a d’fhéadfadh tacú leis na bainc a n-iasachtú a stiúradh i dtreo gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus tionchar dearfach a bheith aige ar an gcion sócmhainní glasa ina bpunanna. Ina theannta sin, i bhfianaise ceanglais trédhearcachta agus nochta atá ag éirí níos déine, lena n-áirítear nochtadh cóimheasa sócmhainní glasa (23) agus ceanglais ar institiúidí creidmheasa ailíniú a bpunainne iasachtaí le Comhaontú Pháras a nochtadh (24), is uirlis thábhachtach iad BGanna-AE chun tacú le hinstitiúidí creidmheasa na ceanglais nua sin a chomhlíonadh. Thairis sin, mar a nótáladh i mír 2.3 thuas, le glacadh leathan BGanna-AE d’fhéadfaí maolú a dhéanamh ar rioscaí margaidh a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar thoradh ar athmheasúnú tobann ar cháilíocht na mbannaí glasa atá ann cheana. Ar deireadh, tá riosca breise oibríochtúil agus cáile ann le neamhchosaint ionchasach institiúide creidmheasa ar smachtbhanna ón údarás inniúil náisiúnta (25) as mainneachtain ceanglais an rialacháin bheartaithe a chomhlíonadh nuair a eisítear BG-AE, agus ní mór an riosca sin a mheas mar chuid de na gníomhaíochtaí maoirseachta lena ndéantar difear d’institiúidí creidmheasa.

2.5

Ar deireadh, úsáideann BCE cuid dá phunann cistí dílse chun infheistíocht a dhéanamh i mbannaí glasa agus tá sé beartaithe aige an sciar bannaí glasa sa phunann sin a mhéadú sna blianta atá le teacht (26).

3.   Barúlacha sonracha

3.1   Cineál deonach agus raon feidhme an rialacháin bheartaithe

3.1.1

Faoin rialachán beartaithe, bheadh úsáid chaighdeán BG-AE deonach (27), rud a d’fhágfadh go bhféadfadh eisitheoirí leanúint d’úsáid a bhaint as caighdeáin tionscail atá ann cheana le haghaidh bannaí glasa. Measann BCE gur cur chuige cothrom é sin sa ghearrthéarma, toisc go bhféadfadh dífheistiú ó bhannaí glasa nach bhfuil ailínithe le tacsanomaíocht agus titim thobann in eisiúint bannaí glasa atá bunaithe san Aontas a bheith mar thoradh ar athrú láithreach go caighdeán éigeantach docht (28).

3.1.2

Mar sin féin, chun margadh bannaí glasa de chuid an Aontais a bheith ann atá comhsheasmhach le tacsanomaíocht an Aontais, agus chun ábhair imní maidir le glas-snasú a mhaolú, measann BCE gur den tábhacht é gurb é BG-AE an príomhchaighdeán bannaí glasa a bheidh ann san Aontas. Dá bhrí sin, meastar gur gá gealltanas soiléir a thabhairt go mbeidh an caighdeán ina chaighdeán éigeantach le haghaidh bannaí glasa nua-eisithe laistigh de thréimhse réasúnta, fad is a choinneodh bannaí glasa gan réiteach a n-ainmniú mar bhannaí glasa ar feadh tréimhse níos faide (29). Dá ndéanfaí caighdeán éigeantach den chaighdeán, chruthófaí cinnteacht do na margaí agus d’fhéadfaí eisitheoirí a dhreasú freisin chun caighdeán BG-AE a chur i bhfeidhm sula mbeadh sé ina chaighdeán éigeantach. Dá leathnófaí an tacsanomaíocht go maoiniú aistrithe ar bhealach dea-chalabraithe, d’éascófaí an dul chun cinn go caighdeán éigeantach trí laghdú a dhéanamh ar an riosca go mbeadh éifeachtaí diúltacha ar infheistíochtaí glasa lena rannchuidítear go dearfach leis an gcomhshaol ach atá faoi bhun thairseacha ranníocaíochta substaintiúla na tacsanomaíochta.

3.1.3

Aithníonn BCE, mar sin féin, nach gá go mbeadh sé furasta tréimhse nithiúil a leagan síos chun go mbeidh an caighdeán ina chaighdeán éigeantach. Ní mór cothromaíocht a aimsiú idir an riosca a bhaineann le dífheistiú bannaí glasa atá ann cheana agus an suaitheadh sa mhargadh agus an luaineacht a d’fhéadfadh a bheith ann dá bharr sin agus an gá le gníomhaíocht ghasta a dhéanamh chun tacú leis an aistriú glas, lena n-áirítear trí mhargadh na mbannaí. Ar an gcúis sin, chun iarmhairtí neamhbheartaithe do shreafaí infheistíochtaí glasa an Aontais a sheachaint agus chun go seachnófar an baol go ndéanfaí eisitheoirí bannaí glasa a atreorú chuig dlínsí ina bhfuil ceanglais nach bhfuil chomh dian sin, ba cheart do dhearadh caighdeáin éigeantaigh a bheith faoi réir measúnú tionchair, agus ba cheart mionchoigeartú iomchuí a dhéanamh ar an gcreat. Ba cheart do reachtóir an Aontais iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chaighdeán BG-AE d’fhonn an ní sin a mheasúnú faoin 31 Nollaig 2023. Ba cheart don Choimisiún, go háirithe, tuarascáil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le tréimhse a bheadh indéanta chun caighdeán éigeantach a dhéanamh de BG-AE agus maidir le praiticiúlacht cur chuige den sórt sin, mar shampla, na cineálacha beachta bannaí inbhuanaithe a thiocfadh faoin gcaighdeán sin. Thairis sin, chun reiceanna a sheachaint, d’fhéadfadh sé a bheith úsáideach soiléiriú a dhéanamh ar an gcaoi ar cheart d’infheisteoirí déileáil le bannaí glasa arna n-eisiúint faoi chaighdeáin dheonacha mhargadhbhunaithe tar éis an caighdeán éigeantach a thabhairt isteach. Ba cheart don Choimisiún a athbhreithniú a dhéanamh tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, go háirithe eagraíochtaí a eisíonn caighdeáin mhargadhbhunaithe faoi láthair le haghaidh bannaí inbhuanaithe (30). Ar deireadh, ba cheart do chaighdeán BG-AE a bheith ina chaighdeán éigeantach i gcás bannaí glasa nua-eisithe laistigh de thréimhse réasúnta, e.g. tréimhse idir trí agus cúig bliana, agus an idirthréimhse bheacht le bunú ar thoradh an mheasúnaithe tionchair thuasluaite.

3.1.4

Idir an dá linn, ba cheart glacadh deonach chaighdeán BG-AE a spreagadh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta trí bheartais phoiblí a mbainfeadh an fhéidearthacht leo fabhar a thabhairt do bhannaí lena gcomhlíontar ceanglais BG-AE. Go deimhin, is le BG-AE amháin, toisc é a bheith nasctha leis an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, a ráthaítear go rannchuidítear le cuspóirí comhshaoil an Aontais a bhaint amach le gníomhaíochtaí arna maoiniú trí na fáltais ón mbanna. Is é tuairim BCE gur cheart gach BG-AE a mheas mar rud atá lán-ailínithe le tacsanomaíocht agus dá bhrí sin gur cheart iad a áireamh in uimhreoir agus in ainmneoir na nochtaí tacsanomaíochta (31). D’fhéadfadh rannchuidiú shealúcháis BG-AE i leith nochtaí tacsanomaíochta spreagadh suntasach a thabhairt d’eisitheoirí agus d’infheisteoirí tosaíocht a thabhairt do BGanna-AE i gcomparáid leis na caighdeáin atá ann cheana, toisc go ráthófaí leis sin ailíniú tacsanomaíochta go huathoibríoch gan gá le measúnú domhain a dhéanamh ar ailíniú na n-infheistíochtaí foluiteacha, mar a bheadh amhlaidh i gcás caighdeáin eile. Ba cheart do rannchuidiú shealúcháis BG-AE i leith nochtaí tacsanomaíochta a bheith beag beann ar chineál poiblí nó príobháideach an eisitheora, i.e. ba cheart feidhm a bheith aige freisin maidir le BGanna-AE de chuid na hearnála poiblí, atá, faoi ghníomh tarmligthe Airteagal 8, eisiata faoi láthair ó uimhreoir agus ó ainmneoir na nochtaí tacsanomaíochta araon.

3.1.5

Fáiltíonn BCE roimh raon feidhme an rialacháin bheartaithe, lena gcumhdófaí eisitheoirí ar gnóthais airgeadais agus gnóthais neamhairgeadais iad, eisitheoirí ceannasacha, agus eisitheoirí bannaí faoi chumhdach agus urrúsuithe, arb eintiteas sainchuspóireach a eisíonn a n-urrúis (32). Is díol sásaimh dó freisin go mbeadh na ceanglais infheidhme maidir le gach eisitheoir ar mian leo an t-ainmniú “BG-AE” a úsáid le haghaidh a gcuid bannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de arna gcur ar fáil d’infheisteoirí san Aontas. Mar sin féin, níl an téarma “arna gcur ar fáil d’infheisteoirí san Aontas” sainmhínithe sa rialachán beartaithe agus bheadh tairbhe le baint as soiléiriú chun a áirithiú gur féidir le heisitheoirí BGanna-AE a dhéanann iad a mhargú lasmuigh den Aontas leas a bhaint as an ainmniú BG-AE fós. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an rogha sin chun glacadh idirnáisiúnta an BG-AE a chur chun cinn agus, gaolmhar leis sin, chun glacadh domhanda chaighdeáin ardleibhéil airgeadais inbhuanaithe an Aontais a dhreasú, lena n-áirítear úsáid idirnáisiúnta chritéir tacsanomaíochta an Aontais. Ina theannta sin, is cosúil go dtugtar le fios leis an tagairt do “eintitis dhlíthiúla” mar eisitheoirí BGanna-AE (33) gur gá pearsantacht dhlítheanach a bheith ag eisitheoir BG-AE, rud nach fíor maidir le gach eisitheoir bannaí ar fud an Aontais, mar shampla, eisitheoirí urrúsuithe faoi dhlíthe náisiúnta Ballstát áirithe. Tá an chuma ar an scéal go mbeadh tagairt shimplí do “eintitis” chomh héifeachtach céanna. Ar deireadh, ba ghá a shoiléiriú maidir le hurrúsuithe conas a chuirfí an rialachán beartaithe i bhfeidhm ionas go bhféadfadh urrúsuithe aistrithe ghlais úsáid a bhaint as an gcaighdeán BG-AE i gcás nach mbeadh na sócmhainní foluiteacha ailínithe leis an tacsanomaíocht ach go mbainfeadh cuspóir an mhaoinithe le teicneolaíochtaí aistrithe ghlais (34). I gcás urrúsuithe idirthréimhseacha glasa, tá oibleagáidí a bhaineann le comhlíonadh tacsanomaíochta sa todhchaí ábhartha don tionscnóir, seachas d’eintiteas sainchuspóireach an eisitheora. Dá réir sin, d’fhéadfadh sé gur gá é sin a chur san áireamh i gcás ina gcuirtear oibleagáidí ar an eisitheoir ar shlí eile, mar shampla in Airteagal 7 den rialachán beartaithe.

3.2   Ailíniú leis an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht

3.2.1

Beartaítear leis an rialachán beartaithe go mbainfidh úsáid na bhfáltas ó BGanna-AE le gníomhaíochtaí eacnamaíocha lena gcomhlíontar na ceanglais tacsanomaíochta, nó lena gcomhlíontar na ceanglais tacsanomaíochta laistigh de thréimhse shainithe (cúig bliana nó deich mbliana ó dháta eisiúna an bhanna má tá údar leis i ngeall ar shainghnéithe na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha lena mbaineann) mar a leagtar amach i bplean um ailíniú le tacsanomaíocht (35). Sainmhínítear “ceanglais tacsanomaíochta” mar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht. Dá bhrí sin, ní mór do ghníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de (a) rannchuidiú go mór le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht; (b) gan dochar suntasach a dhéanamh d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil sin; (c) a bheith déanta i gcomhréir le coimircí sóisialta íosta; agus (d) na critéir scagtha theicniúla arna mbunú ag an gCoimisiún a chomhlíonadh.

3.2.2

Is geal le BCE an t-ailíniú sin leis an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht toisc go leagtar béim leis ar a lárnaí atá an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht i straitéis airgeadais inbhuanaithe an Aontais agus go dtugtar bonn inchreidte leis chun measúnú a dhéanamh ar inbhuaine úsáid na bhfáltas ó eisiúintí BGanna-AE (36). Mar sin féin, is cúis imní gur leor ailíniú tacsanomaíochta a bhaint amach laistigh de chúig bliana nó, in imthosca sonracha, laistigh de dheich mbliana. Cé nár cheart pionós a ghearradh ar eisitheoirí as fáltais ó bhannaí a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha nach gcomhlíontar leo na ceanglais tacsanomaíochta go fóill, ach a dhéanfaidh amhlaidh laistigh den tréimhse shainithe sin (37), tá baol áirithe ann nach leor na smachtbhannaí arna mbunú sa rialachán beartaithe i gcás nach gcomhlíonann an t-eisitheoir an plean um ailíniú le tacsanomaíocht. Ceanglaítear le hIarscríbhinn II den rialachán beartaithe ar eisitheoirí tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme an phlean um ailíniú le tacsanomaíocht mar chuid dá dtuarascálacha bliantúla ar leithdháileadh (38). Is féidir le húdaráis inniúla náisiúnta ceangal a chur ar eisitheoirí na tuarascálacha sin a fhoilsiú agus an fhaisnéis riachtanach a chur san áireamh (39). Is cosúil, áfach, nach bhfuil cumhachtaí smachtbhannaí a fhorchur ná cumhachtaí maoirseachta acu i dtaca le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a ailíniú le ceanglais tacsanomaíochta. Ní leagtar síos, go háirithe, sa rialachán beartaithe nós imeachta chun an “lipéad” BG-AE a tharraingt siar, seachas an fhéidearthacht ráiteas a chur isteach san athbhreithniú iar-eisithe nach gcomhlíontar leis an mbanna ceanglais an rialacháin bheartaithe agus nach féidir an t-ainmniú “BG-AE” a chur i bhfeidhm air (40). Cé go bhfágann cur i bhfeidhm na gceanglas trédhearcachta gur dócha go léireofaí neamhchomhlíonadh an chaighdeáin i bpraghas an bhanna, d’fhéadfadh sé nach mbeadh ach tionchar teoranta indíreach aige sin ar eisitheoir an BG-AE dá ndéanfaí é a thrádáil ar an margadh ina dhiaidh sin. Go dtí go ndéanfar, b’fhéidir, cúraimí breise a thabhairt d’údaráis inniúla náisiúnta tar éis an athbhreithnithe atá beartaithe ag an gCoimisiún ar chumhachtaí, sainorduithe agus uirlisí forfheidhmiúcháin údaráis inniúla an Aontais agus na n-údarás inniúil náisiúnta chun an glas-snasú a chomhrac (41), tá riosca ann nach mbeidh iarmhairtí ar bith ann le haghaidh eisitheoirí nach mbíonn, faoi dheireadh, a gcuid gníomhaíochtaí eacnamaíocha arna maoiniú ag fáltais an BG-AE ailínithe le tacsanamaíocht.

3.3   Leasú níos déanaí ar na gníomhartha tarmligthe

3.3.1

Foráiltear leis an rialachán beartaithe go ndéanfaidh eisitheoirí fáltais bhanna a leithdháileadh trí chur i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe (critéir scagtha theicniúla) arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun forálacha áirithe den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht (42) is infheidhme tráth eisiúna an bhanna, nó, nuair a leithdháiltear fáltais bhanna ar fhiachas, tráth ar cruthaíodh an fiachas (43). Foráiltear sa rialachán beartaithe freisin, má leasaítear na gníomhartha tarmligthe tar éis eisiúint an bhanna (nó, i gcás ina leithdháiltear fáltais bhanna ar fhiachas, tar éis fiachas a chruthú), go ndéanfaidh an t-eisitheoir fáltais bannaí a leithdháileadh trí na gníomhartha tarmligthe leasaithe a chur i bhfeidhm laistigh de chúig bliana tar éis dóibh teacht i bhfeidhm (44). Cé go n-aithníonn sé go hiomlán go bhféadfadh athrú teacht ar na caighdeáin theicniúla le himeacht ama mar gheall ar nádúr dinimiciúil thacsanomaíocht an Aontais agus é bunaithe ar an eolaíocht, a fhónann ar deireadh do chuspóirí comhshaoil an Aontais, d’fhéadfaí cur isteach ar an margadh de bharr athrú a chur ar na méadrachtaí foluiteacha le haghaidh BGanna-AE a eisíodh cheana agus de bharr ceangal a chur go gcomhlíonfaí leis na bannaí atá ann cheana na ceanglais nua. Mar shampla, d’fhéadfaí infheisteoirí a dhreasú chun bannaí glasa a dhíol in oirchill go bhféadfaí an t-ainmniú BG-AE a chailleadh, rud a d’fhéadfadh cur isteach ar phraghsanna na mbannaí lena mbaineann. Ina theannta sin, d’fhéadfadh iarmhairtí a bheith ag gabháil leis an bhforáil ó thaobh thimthriallacht na margaí, ós rud é go bhféadfadh claonadh a bheith ar eisitheoirí bannaí eisiúint BGanna-AE a chur ar athló dá mbeifí ag súil le hathruithe ar na gníomhartha tarmligthe. D’fhéadfadh iarmhairtí neamhbheartaithe a bheith ag gabháil leis an bhforáil freisin ar feadh ré BGanna-AE agus ar thréimhse ionchasach na n-infheistíochtaí foluiteacha, toisc go bhféadfaí tosaíocht struchtúrach a thabhairt do BGanna-AE a mbeadh aibíochtaí níos giorra acu chun iarmhairtí diúltacha athraithe a bhfuiltear ag dréim leis ar na gníomhartha tarmligthe a sheachaint. Ar na cúiseanna sin, ó thaobh na cobhsaíochta airgeadais de agus d’fhonn feidhmiú an mhargaidh BG-AE a éascú, d’fhéadfadh sé gurbh fhearr cead a thabhairt d’eisitheoirí fáltais bhanna a leithdháileadh trí chur i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe faoi seach is infheidhme tráth ar eisíodh an banna ar feadh shaolré iomlán an bhanna. Mar a tugadh le fios, admhaíonn BCE go bhféadfadh sé gur ghá na gníomhartha tarmligthe a oiriúnú agus go gcuirfí fáilte roimh na gníomhartha sin mar gheall ar chúinsí a bhaineann le cuspóirí comhshaoil an Aontais, go háirithe an t-athrú aeráide. Ós rud é go gcabhraíonn margadh BG-AE a fheidhmíonn go maith le cuspóirí comhshaoil an Aontais a bhaint amach, is cosúil gurb é rogha na tosaíochta an gníomh tarmligthe is infheidhme tráth eisiúna banna a chur i bhfeidhm ar feadh shaolré iomlán an bhanna. Thairis sin, bheadh sé de shaoirse ag an gCoimisiún ansin na gníomhartha tarmligthe a leasú ar aon slí is cuí leis. Ní bheadh air, go háirithe, breithniú a dhéanamh ar na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag leasuithe den sórt sin don chobhsaíocht airgeadais tráth níos déanaí. Gan amhras, bheadh feidhm ag na gníomhartha tarmligthe is infheidhme an tráth eisiúna (nó an tráth cruthaithe fiachais) maidir le haon bhannaí nua a d’eiseofaí. Leis an réiteach foriomlán sin, chuirfí tuilleadh feabhais ar an deimhneacht dhlíthiúil, a aithnítear freisin mar sprioc sa rialachán beartaithe (45).

3.4   Fáltais a úsáid

3.4.1

Suitear leis an rialachán beartaithe gur féidir na fáltais ó BGanna-AE a leithdháileadh, inter alia, ar shócmhainní airgeadais. Sainmhínítear sócmhainní airgeadais sa rialachán beartaithe ionas go bhfolaítear leo fiachas, cothromas nó meascán díobh sin. Tuigtear do BCE gurb é is cuspóir don fhoráil sin go dtabharfaí san áireamh, mar shampla, cásanna ina n-eisíonn na bainc BGanna-AE chun iasachtaí glasa a mhaoiniú dá gcustaiméirí. Mar sin féin, ní sócmhainn i dtéarmaí cuntasaíochta é fiachas. D‘fhonn an sainmhíniú a ailíniú leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (46), d’fhéadfaí tagairt do “éileamh airgeadais” a chur in ionad an téarma “fiachas”.

3.5   Ailíniú le reachtaíocht eile de chuid an Aontais

3.5.1

Dírítear sa rialachán beartaithe ar cheanglais a bhunú le haghaidh BGanna-AE ó pheirspictíocht an eisitheora bannaí de. Sonraítear ann freisin gur féidir BG-AE a athmhaoiniú trí BG-AE nua a eisiúint (47). Faoi ghníomh tarmligthe Airteagal 8, ní mór do chuideachtaí airgeadais agus neamhairgeadais nochtadh a dhéanamh i dtaobh a mhéid atá a gcuid gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe leis an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht. Ní mór d’institiúidí creidmheasa, go háirithe, cóimheas sócmhainní glasa a nochtadh, ina léirítear an cion de na neamhchosaintí a bhaineann le gníomhaíochtaí atá ailínithe le tacsanomaíocht i gcomparáid le sócmhainní iomlána na n-institiúidí creidmheasa sin (48). Má eisíonn Banc A BG-AE agus má úsáideann sé na fáltais chun iasachtaí a dheonú le haghaidh gníomhaíochtaí tacsanomaíocht-ailínithe agus má cheannaíonn Banc B an banna sin mar infheisteoir, féadfaidh an dá bhanc na hiasachtaí foluiteacha (Banc A) agus an BG-AE (Banc B) a áireamh ina gcóimheasa sócmhainní glasa faoi seach. Tugann sé sin le tuiscint dá ndéanfadh banc urrús sócmhainn-bhunaithe atá nasctha le hiasachtaí glasa nó le banna glas faoi chumhdach a eisiúint agus é sin ina seilbh ag institiúid creidmheasa eile ina dhiaidh sin, mar atá amhlaidh sa sampla thuas, go mbeadh eisitheoir agus sealbhóir an urrúis in ann na sócmhainní foluiteacha agus an t-urrús comhfhreagrach a áireamh ina nochtaí tacsanomaíochta faoi seach. I bhfianaise an mhéid sin, bheadh sé úsáideach a shoiléiriú, i gcás ina n-eiseodh institiúid airgeadais BG-AE agus ina gcoimeádfadh sí an banna go páirteach nó go hiomlán nó go sealbhódh sí é i ngnóthas ar leithligh faoin eintiteas tuairiscithe comhdhlúite céanna, nach n-áireofaí ach glan-neamhchosaint an eisitheora ar an tsócmhainn ghlas fholuiteach i leith a chuid sócmhainní tacsanomaíocht-ailínithe sa chóimheas sócmhainní glasa, agus nach é luach carnach na n-iasachtaí agus an BG-AE a d’áireofaí.

3.5.2

Thairis sin, dealraíonn sé go gcuirtear ar chumas eisitheoirí, leis an rialachán beartaithe, na fáltais ó BG-AE nua-eisithe a úsáid chun BG-AE eile a cheannach. De réir an rialacháin bheartaithe, féadfar na fáltais ón tsócmhainn airgeadais a leithdháileadh ar shócmhainní airgeadais eile ar choinníoll go leithdháiltear na fáltais ó na sócmhainní airgeadais sin ar shócmhainní dochta tacsanomaíochta-ailínithe, ar chaiteachas caipitiúil agus ar chaiteachas oibríochtúil (49). Tugtar le tuiscint leis sin, is cosúil, nach bhféadfaidh idirbheart den sórt sin tarlú ach aon uair amháin. Go deimhin, is ann don léirmhíniú sin chun nach gcruthófar slabhra eisiúintí BGanna-AE a úsáidtear chun BGanna-AE eile a cheannach, atá cumhdaithe arís eile ag BGanna-AE iad féin, rud a mbeadh de thoradh air go ndéanfaí boilsciú ar an méid sócmhainní glasa barúlacha a bhfuil an ghníomhaíocht eacnamaíoch chéanna mar thaca leo. Thairis sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh de thoradh ar shlabhra den sórt sin go ndéanfaí cóimheas sócmhainní glasa na hinstitiúide creidmheasa eisiúna a neartú go saorga trí chomhaireamh dúbailte má cheannaíonn an institiúid sin BGanna-AE atá tacaithe go díreach nó go hindíreach ag a BG-AE féin.

3.5.3

Sonraítear sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis an rialachán beartaithe go bhfuil úsáid an ainmniúcháin “BG-AE” gan dochar do cheanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (50) (Capital Requirements Regulation, an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil, dá ngairtear “CRR” anseo feasta). Tuigtear do BCE nach bhfuil aon tionchar ag an ainmniú mar “BG-AE” ar chistí dílse ná ar cheanglais leachtachta le haghaidh institiúidí creidmheasa maidir le bannaí a ndéileáiltear leo faoi CRR. B’fhiú a shoiléiriú go sainráite, áfach, nach féidir an léirmhíniú a dhéanamh ar an gcaighdeán BG-AE nach féidir institiúidí creidmheasa a chosc ó cheanglais CRR a chur i bhfeidhm go hiomlán.

3.6   Ceanglais trédhearcachta

3.6.1

Is díol sásaimh do BCE na ceanglais trédhearcachta d’eisitheoirí BGanna-AE, i.e. na ceanglais maidir le bileog fíricí BG-AE, tuarascálacha bliantúla ar leithdháileadh agus tuarascáil tionchair a chomhlánú, agus maidir le teimpléid a úsáid chun an fhaisnéis sin a nochtadh (51). Thairis sin, is díol sásaimh do BCE go mbeidh an bhileog fíricí faoi réir athbhreithniú réamheisiúna agus go mbeidh na tuarascálacha ar leithdháileadh faoi réir athbhreithniú iareisiúna ag athbhreithneoir seachtrach faoi mhaoirseacht ÚEUM (52). De réir an chuspóra trédhearcachta chéanna, ba cheart uimhir aitheantais urrús idirnáisiúnta (international securities identification number, ISIN) a bheith ag gabháil le gach BG-AE agus ba cheart a n-eisitheoirí a shainaithint trí aitheantóir eintitis dhlítheaanaigh (legal entity identifier, LEI).

3.6.2

Foráiltear leis an rialachán beartaithe gur cheart d’eisitheoirí an bhileog fíricí, an t-athbhreithniú réamheisiúna, na tuarascálacha bliantúla ar leithdháileadh, na hathbhreithnithe iareisiúna agus an tuarascáil tionchair a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin (53). Tá sé de cheangal ar eisitheoirí freisin fógra a thabhairt don údarás inniúil náisiúnta agus do ÚEUM faoi fhoilsiú na ndoiciméad sin (54). Is léir ó théacs an rialacháin bheartaithe, áfach, nach mbaileofar sonraí maidir le BGanna-AE i bhfoirm láraithe. Molann BCE go bhféadfaí an fhaisnéis a nochtadh a chur san áireamh sa Phointe Rochtana Aonair Eorpach (European Single Access Point, ESAP) atá le teacht i bhformáid mheaisín-inléite. Bheadh faisnéis maidir le bannaí glasa san áireamh in ESAP ina “ionad ilfhreastail” don fhaisnéis chriticiúil ar fad maidir le cuideachta, lena n-áirítear faisnéis faoi BGana-AE a d’eisigh sí, agus dá bhrí sin chuirfí feabhas ar thrédhearcacht agus d’éascófaí cinntí infheistíochta. D’fhéadfaí a áireamh freisin sna tuarascálacha a mholtar sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an rialachán beartaithe faisnéis maidir le táillí agus speansais arna n-íoc ag eisitheoirí BGanna-AE (mar shampla, costais arna gcur ar aghaidh ó athbhreithneoirí seachtracha) chun trédhearcacht agus éifeachtúlacht an mhargaidh a neartú. Ar mhaithe le beachtas agus chun próiseáil sonraí a éascú, ba cheart go sonrófaí ar shlí níos soiléire sa rialachán beartaithe gur cheart bileoga fíricí, tuarascálacha bliantúla ar leithdháileadh agus tuarascálacha tionchair a ullmhú le haghaidh gach banna ar leith, beag beann ar an bhféidearthacht go bhfoilseofaí roinnt bileoga fíricí agus tuarascálacha le chéile agus go mbeadh alt forléargais iontu ar luach comhcheangailte na BGanna-AE uile arna n-eisiúint ag eintiteas.

3.6.3

Moltar sa rialachán beartaithe, i gcás ina bhfuil réamheolaire le foilsiú de bhun Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (55) (dá ngairtear an “Rialachán Réamheolaire” anseo feasta), go sonrófar go soiléir sa réamheolaire, i gcás inar gá faisnéis a thabhairt maidir le húsáid fáltas, gur i gcomhréir leis an rialachán beartaithe a eisítear an BG-AE (56). Tá sé beartaithe sa rialachán beartaithe freisin gur féidir corprú de réir tagairtí a dhéanamh i ndáil leis an bhfaisnéis atá i mbileog fíricí an BG-AE (57). Ba cheart príomhaitreabúidí an BG-AE, eadhon an fhaisnéis atá sa bhileog fíricí, a chomhtháthú go hiomlán sa réamheolaire trí úsáid a bhaint as an teimpléad caighdeánaithe atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an rialachán beartaithe. Dá thoradh sin, chuirfí feabhas ar chomhsheasmhacht agus ar inchomparáideacht na faisnéise faoi bhannaí glasa agus chiallódh sé nach mbeadh ar sholáthraithe sonraí airgeadais ach doiciméid an réamheolaire a scrúdú chun an fhaisnéis riachtanach uile a bhailiú le haghaidh na n-ionstraimí sin (58).

3.6.4

Ó pheirspictíocht institiúidí creidmheasa a eisíonn BGanna-AE chun iasachtaí glasa a mhaoiniú, d’fhéadfaí na ceanglais trédhearcachta a fheabhsú tuilleadh trí oibleagáid a chur ar na bainc faireachán a dhéanamh ar ailíniú na bhfáltas ó iasachtaí glasa le ceanglais tacsanomaíochta.

3.7   Córas clárúcháin agus creat maoirseachta

3.7.1

Is díol sásaimh do BCE go mbunaítear, leis an rialachán beartaithe, córas clárúcháin agus creat maoirseachta le haghaidh athbhreithneoirí seachtracha (59). Is díol sásaimh dó freisin go gcuirfear de chúram ar ÚEUM maoirseacht a dhéanamh ar athbhreithneoirí seachtracha.

3.7.2

Foráiltear le hAirteagal 36 den rialachán beartaithe go n-áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfaidh na heisitheoirí na ceanglais maidir le trédhearcacht agus athbhreithniú seachtrach a chur i bhfeidhm. In Airteagal 36 déantar tagairt don fhoráil atá sa Rialachán Réamheolaire lena suitear go n-ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil riaracháin amháin a bheidh freagrach as na dualgais faoin Rialachán Réamheolaire a chomhlíonadh (60). Dá bhrí sin, is é an t-údarás inniúil riaracháin arna ainmniú ar an mbealach sin an t-údarás inniúil freisin faoin rialachán beartaithe. Mar sin féin, tá roinnt díolúintí ón oibleagáid réamheolaire a eisiúint faoin Rialachán Réamheolaire (61). Dá bhrí sin, molann BCE soiléiriú a dhéanamh gur cheart don Bhallstát baile údarás inniúil náisiúnta a ainmniú le haghaidh na n-eisitheoirí uile atá fágtha ag BGanna-AE nach n-ainmneofaí údarás inniúil maoirseachta ina leith go huathoibríoch faoin Rialachán Réamheolaire, cé is moite de chomhlachtaí ceannasacha. Leagtar síos go sainráite sa rialachán beartaithe, maidir le hiniúchóirí stáit agus eintitis phoiblí eile a dtugann eisitheoirí ceannasacha sainordú dóibh measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an rialacháin bheartaithe, nach mbeidh siad faoi réir na rialacha le haghaidh athbhreithneoirí seachtracha ná faoi réir maoirseacht ag ÚEUM agus ag na húdaráis inniúla náisiúnta (62). Iarrtar ar an reachtóir a mhachnamh a dhéanamh i dtaobh ar cheart d’eisitheoirí ceannasacha a bheith faoi réir mhaoirseacht na n-údarás inniúil náisiúnta. Ar mhaithe le soiléireacht agus le trédhearcacht, má tá sé ar intinn ag an reachtóir na heisitheoirí sin a dhíolmhú ó mhaoirseacht, chomh maith le hiniúchóirí stáit agus eintitis phoiblí eile atá ag gníomhú mar athbhreithnitheoirí seachtracha a dhíolmhú ó mhaoirseacht, d’fhéadfaí é sin a shonrú go sainráite in aithris de chuid an rialacháin bheartaithe.

3.7.3

Tá rialacha sonracha sa rialachán beartaithe maidir le soláthar seirbhísí ag athbhreithneoirí seachtracha tríú tír ionas gur féidir le ÚEUM maoirseacht a dhéanamh orthu (63). Os a choinne sin, dealraíonn sé go bhfuil maoirseacht dhíreach eisitheoirí ag na húdaráis inniúla náisiúnta teoranta d’eisitheoirí atá lonnaithe laistigh den Aontas (64) cé nach léir go mbeadh údarás inniúil náisiúnta sannta d’eisitheoirí BGanna-AE atá lonnaithe lasmuigh den Aontas. Ciallaíonn sé sin go mbeadh eisitheoirí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas in ann BGanna-AE a eisiúint trína gcur ar fáil d’infheisteoirí san Aontas ach nach mbeidís faoi réir an chórais smachtbhannaí, lena n-áirítear cigireachtaí ar an láthair agus fíneálacha riaracháin, dá bhforáiltear sa rialachán beartaithe (65). D’fhágfadh sé sin go mbeadh eisitheoirí atá lonnaithe san Aontas faoi mhíbhuntáiste ar leith i gcomparáid leo siúd atá lasmuigh de agus a úsáideann an t-ainmniú BG-AE mar sin féin, toisc go bhféadfadh sé nach mbeadh na heisitheoirí sin faoi réir smachtbhannaí fiú mura gcomhlíonann siad ceanglais uile an rialacháin bheartaithe. Ar deireadh, d’fhéadfaí an bonn a bhaint de chreidiúnacht an chaighdeáin BG-AE mura mbeadh na heisitheoirí uile BGanna-AE faoi réir an chórais maoirseachta chéanna. Córais feidhmithe chun a áirithiú go bhfuil údarás inniúil náisiúnta maoirseachta ag na heisitheoirí ábhartha uile faoi rialacháin eile, mar shampla, faoin Rialachán Réamheolaire, i gcás ina roghnaíonn gach eisitheoir i dtríú tír Ballstát baile. Molann BCE gur cheart córas comhchosúil a mheas faoin rialachán beartaithe, go háirithe, chun údarás inniúil a ainmniú le haghaidh eisitheoirí i dtríú tíortha.

3.7.4

Tugann BCE dá aire freisin nach bhfuil coincheapa an Bhallstáit “baile” agus “óstaigh” (66) atá sa rialachán beartaithe nasctha le forálacha eile agus nach sainítear iad sa rialachán beartaithe. Ní mór soiléiriú a dhéanamh ar an méid sin.

I gcás ina molann BCE go ndéanfaí an rialachán beartaithe a leasú, leagtar amach togra sonrach maidir le dréachtú i ndoiciméad oibre teicniúil ar leithligh a mbeidh téacs míniúcháin chun na críche sin ag gabháil leis. Tá an doiciméad oibre teicniúil le fáil i mBéarla ar EUR-Lex.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 5 Samhain 2021.

Uachtarán an BCE

Christine LAGARDE


(1)  COM(2021) 391 final.

(2)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 agus Rialachán (AE) 2018/1999 (“an Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(3)  Féach freisin an meabhrán míniúcháin a ghabhann leis an rialachán beartaithe.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le bunú creata chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú agus lena leasaítear Rialachán (AE). 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(5)  Féach Airteagal 2(4) den rialachán beartaithe.

(6)  Féach an meabhrán míniúcháin a ghabhann leis an rialachán beartaithe. Féach freisin “Green Bond Funds – Impact Reporting Practices 2020”, atá le fáil ar shuíomh gréasáin Environmental Finance ag www.environmental-finance.com.

(7)  Féach aighneachtaí a fuarthas: Bunú Caighdeáin Aontais le haghaidh Bannaí Glasa, atá le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin ag www.ec.europa.eu

(8)  Féach an Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin um an Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bannaí glasa Eorpacha, SWD/2021/181 final.

(9)  Féach leathanach 12 de fhreagra an Eurochórais ar chomhairliúcháin phoiblí an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an Straitéis Athnuaite maidir le Maoiniú Inbhuanaithe agus maidir leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Tuairisciú Neamhairgeadais (dá ngairtear “an freagra ón Eurochóras” anseo feasta), atá ar fáil ar shuíomh gréasáin BCE ag www.ecb.europa.eu

(10)  Féach, mar shampla., Bachelet, M.J., Becchetti, L. agus Manfredonia, S., “The Green Bond Premium Puzzle: The Role of Issuer Characteristics and Third-Party Verification”, Sustainability 2019, Vol. 11, No 4, 1098; Kapraun, J. et al., “(In)-Credibly Green: Which Bonds Trade at a Green Bond Premium?”, Imeachtaí Chruinniú Airgeadais EUROFIDAI – ESSEC, Páras, Nollaig 2019.

(11)  Féach aithris 4 den rialachán atá beartaithe.

(12)  Féach “Towards a green capital markets union for Europe”, óráid ó Christine Lagarde, Uachtarán BCE, ag comhdháil ardleibhéil an Choimisiúin maidir leis an togra le haghaidh Treoir i ndáil le Tuairisciú Corparáideach ar Inbhuaine, Frankfurt am Main, 6 Bealtaine 2021, le fáil ar shuíomh gréasáin BCE ag www.ecb.europa.eu.

(13)  ibid.

(14)  Féach caibidil 5.3 d’Athbhreithniú Cobhsaíochta Airgeadais BCE, Samhain 2020, atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE ag www.ecb.europa.eu

(15)  Féach leathanach 12 den fhreagra ón Eurochóras.

(16)  Féach “The role of the euro in global green bond markets”, The international role of the euro, BCE, Meitheamh 2020, ar fáil ar shuíomh gréasáin BCE ag www.ecb.europa.eu

(17)  Féach leathanach 12 den fhreagra ón Eurochóras.

(18)  Féach preaseisiúint ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2021, “NextGenerationEU: European Commission gearing up for issuing €250 billion of NextGenerationEU green bonds”, atá le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin ag www.ec.europa.eu

(19)  Féach Airteagal 17 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht.

(20)  Féach Rialachán (AE). 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(21)  Féach “Purchases of green bonds under the Eurosystem’s asset purchase programme”, Feasachán Eacnamaíoch BCE, Eagrán 7, BCE, 2018, ar fáil le shuíomh gréasáin BCE ag www.ecb.europa.eu

(22)  Féach leathanach 38 de “Climate-related risk and financial stability”, Foireann Tionscadail BCE/BERS maidir le samhaltú rioscaí aeráide, Iúil 2021, le fáil ar shuíomh gréasáin BCE ag www.ecb.europa.eu

(23)  Ceanglaítear le hAirteagal 8 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht ar ghnóthais mhóra faisnéis a nochtadh maidir le conas agus a mhéid a bhaineann a ngníomhaíochtaí le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Sonraítear i ngníomh tarmligthe nach mór d’institiúidí creidmheasa cóimheas sócmhainní glasa a nochtadh, le cur i bhfeidhm ar bhonn céimnithe ón 1 Eanáir 2022. Féach an Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí shonrú a dhéanamh ar inneachar agus cur i láthair na faisnéise atá le nochtadh ag gnóthais faoi réir Airteagail 19a nó 29a de Threoir 2013/34/AE maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus ina sonraítear an mhodheolaíocht chun an oibleagáid nochta sin a chomhlíonadh, C(2021) 4987 final (dá ngairtear “gníomh tarmligthe Airteagal 8” anseo feasta), atá le léamh in éineacht leis na hiarscríbhinní a ghabhann leis.

(24)  Ina thogra le haghaidh Treoir i ndáil le Tuairisciú Corparáideach ar Inbhuaine (CSRD), molann an Coimisiún go nochtfaidh cuideachtaí neamhairgeadais agus airgeadais tuairisc ar na spriocanna a bhaineann le nithe inbhuaine arna leagan síos ag an ngnóthas agus ar an dul chun cinn atá déanta ag an ngnóthas i dtreo na spriocanna sin a bhaint amach. Féach Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2021 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, maidir le tuairisciú corparáideach ar inbhuaine, COM(2021) 189 final.

(25)  Féach Airteagal 41 den rialachán beartaithe.

(26)  Féach preaseisiúint BCE an 25 Eanáir 2021, “ECB to invest in Bank for International Settlements” green bond fund’, atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE ag www.ecb.europa.eu

(27)  Féach aithris 7 den rialachán beartaithe.

(28)  Meastar go bhfuil níos lú ná 5 % de láimhdeachas, de chaiteachas caipitiúil agus de speansais oibríochtúla gnóthas neamhairgeadais a thagann faoi raon feidhme Threoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE maidir le nochtadh na faisnéise neamh-airgeadais agus éagsúlachta ag gnóthais agus grúpaí móra áirithe (IO L 330, 15.11.2014, lch. 1) ailínithe le tacsanomaíocht. Féach leathanach 174 de “Final Report: Advice on Article 8 of the Taxonomy Regulation” an 26 Feabhra 2021 ó ÚEUM, atá le fáil ar shuíomh gréasáin ÚEUM ag www.esma.europa.eu. Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, go dtagraítear sna meastacháin sin do thionscail ina n-iomláine seachas do bhannaí glasa. Is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil an sciar de na bannaí glasa gan réiteach atá ailínithe leis an tacsanomaíocht cheana féin i bhfad níos airde. Dheimhnigh athbhreithneoirí seachtracha go bhfuil roinnt bannaí glasa ann atá lán-ailínithe cheana féin.

(29)  Faoi chur chuige éigeantach bheadh ar gach banna glas a eisítear san Aontas nó a eisíonn eisitheoir atá bunaithe san Aontas úsáid a bhaint as BG-AE. Féach an meabhrán míniúcháin a ghabhann leis an rialachán beartaithe.

(30)  Dhá chaighdeán bannaí inbhuanaithe mhargadhbhunaithe is ea Prionsabail na mBannaí Glasa (Green Bond Principles, GBP) a ghlac an Comhlachas Idirnáisiúnta Margaí Caipitil (International Capital Market Association, ICMA) agus an Caighdeán Bannaí Aeráide (CBS) de chuid Thionscnamh na mBannaí Aeráide. Féach suíomh gréasáin ICMA ag www.icmagrop.org agus CBS ag www.climatebonds.net

(31)  Sna nochtaí tacsanomaíochta, taifeadtar le hainmneoir na bpríomhtháscairí feidhmíochta chomh mór, ó thaobh airgeadas foriomlán de, atá na gníomhaíochtaí de chuid an ghnóthais atá ábhartha maidir leis an nochtadh tacsanomaíochta. Taifeadtar go sonrach leis an uimhreoir chomh mór atá na ngníomhaíochtaí sin atá ailínithe leis na critéir tacsanomaíochta. Leis an gcóimheas a thig as sin, tugtar faisnéis maidir leis an gcion de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha an ghnóthais ábhartha atá ailínithe leis an tacsanomaíocht. I ngníomh tarmligthe Airteagal 8, mhol an Coimisiún “gur cheart, mar gheall ar an easpa modheolaíocht ríomha iomchuí, neamhchosaintí ar rialtais láir, ar bhainc cheannais agus ar eisitheoirí fornáisiúnta a eisiamh ó ríomh uimhreoir agus ainmneoir na bpríomhtháscairí feidhmíochta”.

(32)  Féach Airteagal 1 den rialachán beartaithe agus an meabhrán míniúcháin a ghabhann leis.

(33)  Féach Airteagal 2(1) den rialachán beartaithe.

(34)  Féach leathanach 8 den aighneacht ón Eurochóras chuig comhairliúchán spriocdhírithe an Choimisiúin Eorpaigh maidir le feidhmiú chreat urrúsúcháin an Aontais Eorpaigh, atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE ag www.ecb.europa.eu

(35)  Féach Airteagal 6 den rialachán beartaithe.

(36)  Féach leathanach 12 den fhreagra ón Eurochóras.

(37)  Féach aithris 15 den rialachán beartaithe.

(38)  Féach pointe 3.A d’Iarscríbhinn II den rialachán beartaithe.

(39)  Féach Teideal IV den rialachán beartaithe.

(40)  Féach pointe 3(b) d’Iarscríbhinn IV den rialachán beartaithe.

(41)  Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 6 Iúil 2021: Straitéis maidir leis an Aistriú chuig Geilleagar Inbhuanaithe a Mhaoiniú, COM(2021) 390 final.

(42)  Féach Airteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) agus 15(2) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht.

(43)  Féach Airteagal 7 den rialachán beartaithe.

(44)  Féach Airteagal 7 den rialachán beartaithe. D’fhéadfadh sé gur ghá iarmhairtí na bhforálacha sin a shoiléiriú. Mar shampla, ní thugtar soiléiriú i dtéacs an rialacháin bheartaithe i dtaobh an gá don eisitheoir na fáltais a ath-leithdháileadh agus/nó an féidir leis na tionscadail atá ann cheana a oiriúnú freisin má leasaítear na gníomhartha tarmligthe.

(45)  Féach aithris 11 den rialachán beartaithe.

(46)  Féach Rialachán(CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2008 lena nglactar caighdeáin idirnáisiúnta áirithe um thuairisciú airgeadais i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 320 29.11.2008, lch. 1).

(47)  Airteagal 4(3) den rialachán beartaithe.

(48)  Féach aithris 5 de ghníomh tarmligthe Airteagal 8.

(49)  Airteagal 5(3) den rialachán beartaithe. Ceadaítear athmhaoiniú trí BG-AE nua go sainráite de bhun Airteagal 4(3) den rialachán beartaithe.

(50)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(51)  Féach Caibidil II de Theideal II den rialachán beartaithe.

(52)  Féach Caibidil 2 de Theideal IV den rialachán beartaithe.

(53)  Féach Airteagal 13 den rialachán beartaithe.

(54)  Féach Airteagal 13(4) agus (5) den rialachán beartaithe.

(55)  Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).

(56)  Airteagal 12(1) den rialachán beartaithe.

(57)  Airteagal 12(2) den rialachán beartaithe.

(58)  Féach leathanach 12 den fhreagra ón Eurochóras.

(59)  Féach leathanach 12 den fhreagra ón Eurochóras.

(60)  Féach Airteagal 31 den Rialachán Réamheolaire.

(61)  Féach Airteagal 1(2), (3), (4) agus (5) den Rialachán Réamheolaire.

(62)  Airteagal 14(3) den rialachán beartaithe.

(63)  Féach Caibidil IV de Theideal III agus Airteagal 59 den rialachán atá beartaithe.

(64)  Féach Caibidil 1 de Theideal IV den rialachán beartaithe.

(65)  Féach Caibidil 1 de Theideal IV den rialachán beartaithe.

(66)  Féach Airteagal 40 den rialachán beartaithe.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Chomhairle

19.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 27/14


CINNEADHÓN gCOMHAIRLE

an 20 Nollaig 2021

lena gceaptar Uachtarán na hOifige Comhphobail um Chineálacha Plandaí

(2022/C 27/05)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle an 27 Iúil 1994 maidir le Cearta Comhphobail i ndáil le Cineálacha Plandaí (1), agus go háirithe Airteagal 43(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh an 16 Meitheamh 2016 (2), rinne an Chomhairle athnuachan ar théarma oifige Martin EKVAD ina cháil mar Uachtarán na hOifige Comhphobail um Chineálacha Plandaí (“an Oifig”).

(2)

Chuaigh téarma oifige athnuaite Martin EKVAD in éag an 31 Lúnasa 2021.

(3)

An 22 Meán Fómhair 2021, tar éis tuairim a fháil ina leith ó Chomhairle Riaracháin na hOifige, chuir an Coimisiún liosta iarrthóirí arna moladh don phost mar Uachtarán na hOifige faoi bhráid na Comhairle,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo, ceaptar Francesco MATTINA ina Uachtarán ar an Oifig Chomhphobail um Chineálacha Planda (“an Oifig”) ar feadh tréimhse 5 bliana.

2.   Tosóidh téarma oifige Francesco MATTINA ar an dáta a rachaidh sé i mbun a dhualgas. Comhaontóidh sé agus Comhairle Riaracháin na hOifige an dáta sin.

Airteagal 2

Tabharfar de chumhacht do Chathaoirleach Chomhairle Riaracháin na hOifige foráil a dhéanamh maidir leis na socruithe uile is gá chun Airteagal 1 a chur chun feidhme.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséi 20 Nollaig 2021,

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. VIZJAK


(1)  IO L 227, 1.9.1994, lch. 1.

(2)  Cinneadh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2016 lena ndéantar téarma oifige Uachtarán na hOifige Comhphobail um Chineálacha Plandaí a athnuachan (IO C 223, 21.6.2016, lch. 6).


19.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 27/16


CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Nollaig 2021

lena gceaptar an Cathaoirleach malartach ar Bhord Achomhairc na hOifige Comhphobail um Chineálacha Plandaí

(2022/C 27/06)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle an 27 Iúil 1994 maidir le cearta Comhphobail maidir le cineálacha plandaí (1), agus go háirithe Airteagal 47(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh an 16 Meitheamh 2016 (2), rinne an Chomhairle athnuachan ar théarma oifige Sari Kaarina HAUKKA ina cáil mar Cathaoirleach malartach ar Bhord Achomhairc na hOifige Comhphobail um Chineálacha Plandaí (“an Oifig”).

(2)

Chuaigh téarma oifige athnuaite Sari Kaarina HAUKKA in éag an 14 Deireadh Fómhair 2021.

(3)

An 13 Deireadh Fómhair 2021, tar éis tuairim a fháil ina leith ó Chomhairle Riaracháin na hOifige, chuir an Coimisiún liosta iarrthóirí arna moladh don phost mar Chathaoirleach malartach na hOifige faoi bhráid na Comhairle,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo, ceaptar Marcus NAVIN-JONES ina Chathaoirleach malartach ar Bhord Achomhairc na hOifige Comhphobail um Chineálacha Plandaí (an “Oifig”) ar feadh tréimhse 5 bliana.

2.   Tosóidh téarma oifige Marcus NAVIN-JONES ar an dáta a rachaidh sé i mbun a dhualgas. Comhaontóidh sé agus Comhairle Riaracháin na hOifige an dáta sin.

Airteagal 2

Tabharfar de chumhacht do Chathaoireach Chomhairle Riaracháin na hOifige foráil a dhéanamh maidir leis na socruithe uile is gá chun Airteagal 1 a chur chun feidhme.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Nollaig 2021

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. VIZJAK


(1)  IO L 227, 1.9.1994, lch. 1.

(2)  Cinneadh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2016 lenar athnuadh téarma oifige Cathaoirleach malartach ar Bhord Achomhairc na hOifige Comhphobail um Chineálacha Plandaí (IO C 223, 21.6.2016, lch. 5).


An Chúirt Iniúchóirí

19.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 27/17


Tuarascáil speisialta Uimh. 2/2022

Éifeachtúlacht fuinnimh i bhfiontair: Roinnt coigiltis ar fhuinneamh ach laigí i bpleanáil agus i roghnú tionscadal

(2022/C 27/07)

Leis seo, tugann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa le fios go bhfuil tuarascáil speisialta Uimh. 2/2022 Éifeachtúlacht fuinnimh i bhfiontair: Roinnt coigiltis ar fhuinneamh ach laigí i bpleanáil agus i roghnú tionscadal foilsithe anois beag.

Is féidir breathnú ar an tuarascáil nó í a íoslódáil ar shuíomh gréasáin Chúirt Iniúchóirí na hEorpa: http://eca.europa.eu.