ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

64
9 Aibreán 2021


Clár

Leathanach

 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

AN CHOMHAIRLE

2021/C 124/01

Seasamh (AE) Uimh. 3/2021 ón gComhairle ar an gCéad léamh d’fhonn Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach le haghaidh agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240
Arna ghlacadh ag an gComhairle an 16 Márta 2021
 ( 1 )

1

2021/C 124/02

Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 3/2021 ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240

35


 


 

(*1)   Faoin tagairt C 124 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE

GA

 


III Gníomhartha ullmhúcháin

AN CHOMHAIRLE

9.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


SEASAMH (AE) Uimh. 3/2021 ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

d’fhonn Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach le haghaidh agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240

Arna ghlacadh ag an gComhairle an 16 Márta 2021

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2021/C 124/01)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 agus Airteagal 173(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Chlár don Eoraip Dhigiteach (“an Clár”) le haghaidh na tréimhse 2021-2027, arb é a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (4), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(2)

Ba cheart an Clár a bhunú ar feadh tréimhse 7 mbliana chun a ré a ailíniú le ré an chreata airgeadais ilbhliantúil a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (5).

(3)

Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) (“an Rialachán Airgeadais”) maidir leis an gClár. Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, féadfar deontas a dhámhachtain i gcomhair gníomhaíocht atá tosaithe cheana, ar choinníoll gur féidir leis an iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síneofar an comhaontú deontais. Mar sin féin, níl na costais arna dtabhú roimh an dáta faoina dtíolacfar an t-iarratas ar dheontas incháilithe, ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo. Chun aon chur isteach ar thacaíocht ón Aontas a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais a sheachaint, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann foráil a dhéanamh sa chinneadh maoiniúcháin, le linn tréimhse teoranta ama ag tús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, agus i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, agus sa chásanna sin amháin, d’incháilitheacht gníomhaíochtaí agus costas foluiteach ó thús na bliana airgeadais 2021, fiú más rud é gur cuireadh chun feidhme agus gur tabhaíodh iad sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.

(5)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (8), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (9) agus (AE) 2017/1939 (10) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(6)

De bhun Airteagal 88 de Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (12), ba cheart daoine agus eintitis atá bunaithe i dtíortha agus críocha thar lear a bheith incháilithe chun cistiú a fháil faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear. Ba cheart don Choimisiún faireachán agus meastóireacht rialta a dhéanamh ar éifeachtacht a rannpháirtíochta sa Chlár.

(7)

De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (13), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an gClár ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, a chomhfhreagraíonn do riachtanais atá ann cheana agus a chomhlíonann Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), agus ag an am céanna ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil á seachaint, agus na creataí tomhais agus tagarmharcála atá ann cheana sa réimse digiteach á gcur san áireamh. Ar na ceanglais sin, ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla atá intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chláir ar an talamh.

(8)

Leis an gClár, ba cheart trédhearcacht agus cuntasacht iomlán ionstraimí nuálacha airgeadais agus sásraí nuálacha airgeadais a bhaineann le buiséad an Aontais, i dtaca leis an méid a rannchuidíonn siad i leith cuspóirí an Aontais a bhaint amach, i ndáil le hionchais tosaigh agus leis na torthaí deiridh araon.

(9)

Ag Cruinniú Mullaigh Digiteach Thaillinn i Meán Fómhair 2017 agus leis na Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 19 Deireadh Fómhair 2017, léiríodh gur ghá don Aontas infheistiú chun a gheilleagair a dhigitiú agus aghaidh a thabhairt ar an mbearna scileanna chun iomaíochas agus nuálaíocht, mianach saoil agus creatlach shóisialta na hEorpa a chaomhnú agus a shaibhriú. Tháinig an Chomhairle Eorpach ar an gconclúid go gcuirtear deiseanna ollmhóra ar fáil leis an gclaochlú digiteach i dtaca le nuálaíocht, fás agus fostaíocht, go gcuirfear lenár n-iomaíochas domhanda, agus go bhfeabhsófar an éagsúlacht chruthaitheach agus chultúrtha. Chun na deiseanna sin a thapú, ní mór dul i ngleic, le chéile, leis na dúshláin a eascraíonn as an gclaochlú digiteach agus athbhreithniú a dhéanamh ar na beartais a ndéanann an claochlú digiteach difear dóibh.

(10)

Tháinig an Chomhairle Eorpach ar an gconclúid, go háirithe, gur cheart don Aontas aghaidh a thabhairt go práinneach ar threochtaí atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear saincheisteanna amhail an intleacht shaorga (IS) agus teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte (e.g. blocshlabhra), agus ardleibhéal cosanta sonraí i gcomhréir iomlán le Rialachán (AE) 2016/679, cearta digiteacha, cearta bunúsacha agus caighdeáin eiticiúla á n-áirithiú ag an am céanna. D’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún cur chuige Eorpach i leith IS a chur chun cinn go luath in 2018 agus d’iarr sí ar an gCoimisiún na tionscnaimh is gá a chur ar aghaidh chun na dálaí creata a neartú d’fhonn a chumasú don Aontas margaí nua a fhiosrú trí bhíthin nuálaíochtaí radacacha rioscabhunaithe agus ról ceannródaíochta a chuid tionsclaíochta a athdhearbhú.

(11)

Dá ndéanfaí an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa a bunaíodh le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach a bunaíodh le Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) a chur chun feidhme go cuí, dhéanfaí tógáil geilleagair dhigitigh agus sochaí digití de chuid na hEorpa a fheabhsú.

(12)

Sa teachtaireacht uaidh an 14 Feabhra 2018, dar teideal “A new, modern Multiannual Financial Framework for a European Union that delivers efficiently on its priorities post-2020” (Creat Airgeadais Ilbhliantúil nua-aimseartha nua d’Aontas Eorpach a bhainfidh a thosaíochtaí amach go héifeachtúil tar éis 2020), tugann an Coimisiún, agus na roghanna le haghaidh an chreata airgeadais ilbhliantúil nua á gcur san áireamh, achoimre ar chlár maidir le claochluithe digiteacha na hEorpa chun dul chun cinn láidir a dhéanamh i dtreo fás cliste i réimsí amhail bonneagar sonraí, nascacht agus cibearshlándáil ar ardchaighdeán. D’fhéachfaí leis an gClár le ceannaireacht na hEorpa a chinntiú i dtaca leis an tsár-ríomhaireacht, an chéad ghlúin eile den idirlíon, IS, an róbataic agus olltiomsú sonraí. Threiseofaí leis cor iomaíoch na hearnála tionsclaíochta agus na ngnólachtaí san Eoraip ar fud an gheilleagair dhigitithe agus bheadh tionchar suntasach aige maidir leis an mbearna scileanna a dhúnadh agus a líonadh ar fud an Aontais ionas go mbeadh na scileanna agus an t-eolas is gá ag saoránaigh chun aghaidh a thabhairt ar an gclaochlú digiteach.

(13)

I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2018, dar teideal “Towards a common European data space” (I dtreo spás coiteann sonraí Eorpach), tugtar aghaidh ar na bearta nua atá le déanamh mar chéim ríthábhachtach i dtreo spás coiteann sonraí san Aontas, réimse digiteach de réir a chéile ar scála le go bhféadfar táirgí agus seirbhísí nua bunaithe ar shonraí a fhorbairt agus a nuáil.

(14)

Is iad na cuspóirí ginearálta ba cheart a bheith ag an gClár tacú le claochlú digiteach na hearnála tionsclaíochta agus saothrú níos fearr a chothú maidir le hacmhainneacht thionsclaíoch na mbeartas maidir le nuálaíocht, taighde agus forbairt theicneolaíoch, ar mhaithe le saoránaigh agus gnólachtaí ar fud an Aontais, lena n-áirítear a réigiúin is forimeallaí agus a réigiúin is mó faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch. Ba cheart an Clár a struchtúrú i gcúig chuspóir shonracha ina léireofar na príomhréimsí beartais, eadhon: an Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta; an Intleacht Shaorga; an Chibearshlándáil agus Iontaoibh; Ardscileanna Digiteacha; Cur Chun Úsáide agus Úsáid is Fearr na nAcmhainneachtaí Digiteacha agus an Idir-inoibritheacht. I gcás na bpríomhréimsí beartais sin ar fad, ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gClár freisin beartais an Aontais, beartais na mBallstát agus na beartais réigiúnacha a ailíniú níos fearr, agus acmhainní príobháideacha agus tionsclaíocha a chomhthiomsú chun infheistíocht a mhéadú agus sineirgíochtaí níos láidre a fhorbairt. Ina theannta sin, ba cheart iomaíochas an Aontais agus athléimneacht a gheilleagair a neartú leis an gClár.

(15)

Is cuspóirí faoi leith ach atá idirspleách iad na cúig chuspóir shonracha. Mar shampla, is gá an chibearshlándáil a bheith iontaofa i gcás IS, tá cumais ríomhaireachta ardfheidhmíochta (HPC) ríthábhachtach chun tacú leis an bhfoghlaim i gcomhthéacs IS, agus teastaíonn ardscileanna digiteacha i leith na dtrí acmhainneacht ar fad. Cé go mbaineann gníomhaíochtaí aonair faoin gClár le cuspóir sonrach aonair, ba cheart féachaint ar na cuspóirí mar chroílár pacáiste chomhtháite, seachas féachaint orthu ina n-aonar.

(16)

Is gá tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a bhfuil sé beartaithe acu leas a bhaint as an gclaochlú digiteach ina bpróisis táirgthe. Le tacaíocht den sórt sin, bheadh FBManna in ann rannchuidiú le fás gheilleagar na hEorpa trí úsáid éifeachtúil a bhaint as acmhainní.

(17)

Ba cheart ról lárnach i gcur chun feidhme an Chláir a leagan ar Mhoil Nuálaíochta Digití Eorpacha, lenar cheart go spreagfaí an earnáil tionsclaíochta, go háirithe FBManna agus eintitis eile a fhostaíonn suas le 3 000 duine (“cuideachtaí meánchaipitlithe”), eagraíochtaí poiblí agus an lucht léinn ardteicneolaíochtaí digiteacha a ghlacadh ar bhonn forleathan. Chun an t-idirdhealú a shoiléiriú idir moil nuálaíochta digití a chomhlíonann na critéir incháilitheachta faoin gClár agus moil nuálaíochta digití a bunaíodh tar éis Theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2016 dar teideal “Digitising European Industry - Reaping the full benefits of a Digital Single Market” (Earnáil tionsclaíochta na hEorpa a Dhigitiú - Leas iomlán a bhaint as Margadh Aonair Digiteach) agus a mhaoinítear as foinsí eile, “Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha” ba cheart a thabhairt ar na moil a mhaoinítear faoin gClár. Ba cheart do Mhoil Nuálaíochta Digití Eorpacha a bheith mar phointí rochtana ar na hacmhainneachtaí digiteacha is déanaí, lena n-áirítear HPC, IS, an chibearshlándáil, mar aon le teicneolaíochtaí nuálacha eile atá ann cheana amhail eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin, atá ar fáil freisin i saotharlanna déantúsaíochta digití (“fablabs”) agus i saotharlanna cathrach (“citylabs”). Ba cheart do Mhoil Nuálaíochta Digití Eorpacha gníomhú mar ionaid ilfhreastail inar féidir teicneolaíochtaí tástáilte agus bailíochtaithe a rochtain agus ba cheart dóibh an nuálaíocht oscailte a chur chun cinn. Ba cheart dóibh tacaíocht a chur ar fáil freisin i réimse na n-ardscileanna digiteacha, mar shampla trí chomhordú a dhéanamh le soláthraithe oideachais chun oiliúint ghearrthéarmach a sholáthar d’oibrithe agus chun intéirneachtaí a sholáthar do mhic léinn. Leis an líonra de Mhoil Nuálaíochta Digití Eorpacha, ba cheart cumhdach geografach fairsing ar fud na hEorpa a áirithiú agus ba cheart dóibh rannchuidiú le rannpháirtíocht na réigiún is forimeallaí sa Mhargadh Aonair Digiteach.

(18)

Le linn na chéad bhliana den Chlár, ba cheart líonra tosaigh de Mhoil Nuálaíochta Digití Eorpacha a bhunú trí phróiseas oscailte iomaíoch i measc na n-eintiteas arna n-ainmniú ag na Ballstáit. Chuige sin, ba cheart an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit iarrthóirí a mholadh i gcomhréir lena gcuid nósanna imeachta náisiúnta agus struchtúr riaracháin agus institiúideach náisiúnta féin. Ba cheart don Choimisiún lánaird a thabhairt ar thuairim gach Ballstáit sula roghnófar an Mol Nuálaíochta Digití Eorpach ar chríoch an Bhallstáit sin. Maidir le heintitis a bhfuil feidhmeanna mar mhoil nuálaíochta digití á ndéanamh acu cheana i gcomhthéacs an Tionscnaimh maidir le hEarnáil Tionsclaíochta na hEorpa a Dhigitiú, d’fhéadfadh na Ballstáit iad a ainmniú mar iarrthóirí mar thoradh ar phróiseas oscailte iomaíoch. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann ligean do shaineolaithe seachtracha agus neamhspleácha a bheith páirteach sa phróiseas roghnúcháin. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit gach dúbláil neamhriachtanach inniúlachtaí agus feidhmeanna ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a sheachaint. Ba cheart, dá réir sin, solúbthacht leormhaith a bheith ann agus na moil á n-ainmniú agus a gcomhdhéanamh agus a ngníomhaíochtaí á gcinneadh. Chun cumhdach geografach fairsing ar fud na hEorpa a áirithiú, chomh maith le cothromaíocht i gcumhdach na dteicneolaíochtaí agus na n-earnálacha, d’fhéadfaí an líonra a mhéadú tuilleadh trí phróiseas oscailte iomaíoch ina dhiadh sin.

(19)

Ba cheart do Mhoil Nuálaíochta Digití Eorpacha sineirgíochtaí iomchuí a fhorbairt le gníomhaíochtaí ábhartha a chistítear le Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) (*1) (“Fís Eorpach”) nó le cláir eile um thaighde agus nuálaíocht, leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) a bunaíodh le Rialachán athmhúnlaithe ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, go háirithe a Phobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna), chomh maith le líonraí seanbhunaithe amhail an Líonra Fiontar Eorpach, nó Mol Chomhairleach InvestEU a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) (*2).

(20)

Ba cheart do Mhoil Nuálaíochta Digití Eorpacha gníomhú mar éascaitheoirí chun tionscail, gnólachtaí agus lucht riaracháin phoiblí a bhfuil réitigh theicneolaíocha de dhíth orthu a thabhairt le chéile le gnólachtaí, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna, a bhfuil réitigh acu atá réidh don mhargadh.

(21)

Féadfar cuibhreannas eintiteas dlítheanach a roghnú mar Mhoil Nuálaíochta Digití Eorpacha i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 197(2) den Rialachán Airgeadais lena dtugtar cead d’eintitis nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu faoin dlí náisiúnta is infheidhme a bheith rannpháirteach i nglaonna ar thograí, ar an gcoinníoll go bhfuil an inniúlacht ag a n-ionadaithe oibleagáidí dlíthiúla a ghlacadh orthu féin thar ceann na n-eintiteas sin agus go dtugann na heintitis sin ráthaíochtaí, arb ionann iad agus na ráthaíochtaí a thugann daoine dlítheanacha, i dtaca le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

(22)

Ba cheart cead a thabhairt do na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha ranníocaíochtaí a fháil ó na Ballstáit agus ó thríú tíortha rannpháirteacha, lena n-áirítear ó údaráis phoiblí laistigh de na Ballstáit agus na tríú tíortha sin, ranníocaíochtaí a fháil ó chomhlachtaí nó institiúidí idirnáisiúnta, agus ranníocaíochtaí a fháil ón earnáil phríobháideach, go háirithe ó bhaill, scairshealbhóirí nó comhpháirtithe na Mol Nuálaíochta Digití Eorpach. Ba cheart cead a thabhairt do na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha freisin ioncaim arna nginiúint ó shócmhainní nó gníomhaíochtaí na Mol Nuálaíochta Digití Eorpach féin, ó thiomnachtaí, tabhartais agus ranníocaíochtaí ó dhaoine aonair agus cistiú ón gClár agus ó chláir eile de chuid an Aontais a fháil, lena n-áirítear i bhfoirm deontas.

(23)

Ba cheart an Clár a chur chun feidhme trí thionscadail a neartaíonn agus a leathnaíonn úsáid na n-acmhainneachtaí digiteacha riachtanacha. Ba cheart cómhaoiniú leis na Ballstáit agus, i gcás inar gá, leis an earnáil phríobháideach a bheith i gceist leis an gcur chun feidhme sin. Ba cheart an ráta cómhaoinithe a bhunú sa chlár oibre. De mhaolú ar an riail ghinearálta, ba cheart a bheith in ann suas le 100 % de na costais incháilithe a chumhdach le cistiú ón Aontas. Go háirithe, le cistiú den sórt sin, ba cheart gá a bheith ann mais chriticiúil soláthair a bhaint amach chun luach níos fearr ar airgead a fháil agus chun a ráthú go bhfanfaidh soláthróirí san Eoraip ar thús cadhnaíochta i bhforbairtí teicneolaíochta.

(24)

Ba cheart aghaidh a thabhairt ar chuspóirí beartais an Chláir freisin trí ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha faoi Chlár InvestEU a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/… (*3).

(25)

Ba cheart gníomhaíochtaí an Chláir a úsáid chun acmhainneachtaí digiteacha an Aontais a fheabhsú tuilleadh agus chun dul i ngleic le clistí sa mhargadh nó le cásanna infheistíochta fo-optamacha, ar bhealach comhréireach, gan maoiniú príobháideach a dhúbláil ná a phlódú, agus ba cheart breisluach Eorpach soiléir a sholáthar leo.

(26)

Chun an tsolúbthacht is fearr is féidir a bhaint amach i rith shaolré an Chláir agus chun sineirgíochtaí a fhorbairt idir comhpháirteanna an Chláir, ba cheart go bhféadfaí gach ceann de na cuspóirí sonracha a chur chun feidhme trí aon cheann de na hionstraimí atá ar fáil faoin Rialachán Airgeadais. Is iad an bhainistíocht dhíreach agus an bhainistíocht indíreach na sásraí seachadta atá le húsáid, i gcás inar cheart maoiniú de chuid an Aontais a chomhcheangal le foinsí eile maoinithe nó i gcás ina gceanglaítear leis an bhforghníomhú go mbunófaí struchtúir rialachais chomhchoiteanna. Anuas air sin, chun freagairt go háirithe d’fhorbairtí agus riachtanais nua, amhail teicneolaíochtaí nua, ceadaítear don Choimisiún a mholadh go n-imeofaí ó na suimeanna táscacha a leagtar amach sa Rialachán seo i gcomhthéacs an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil agus i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

(27)

Chun leithdháileadh éifeachtach cistí a áirithiú as buiséad an Aontais, ní mór an breisluach Eorpach a ghabhann le gach gníomhaíocht a dhéantar faoin gClár a áirithiú, chomh maith lena gcomhlántacht le gníomhaíochtaí na mBallstát, agus ba cheart féachaint le comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgíochtaí a bhaint amach le cláir chistiúcháin lena dtacaítear le réimsí beartais a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile. Cé gur féidir an chomhsheasmhacht a áirithiú de bhíthin na gclár oibre ábhartha i gcás gníomaíochtaí arna mbainistiú go díreach nó go hindíreach, is ceart comhoibriú a chur ar bun idir an Coimisiún agus údaráis na Ballstát lena mbaineann chun comhsheasmhacht agus comhlántachtaí a áirithiú idir cistí a bhainistítear go díreach nó go hindíreach agus cistí atá faoi réir bainistíocht roinnte, agus na forálacha is infheidhme de Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais don bhainistiú teorainneacha agus do víosaí (“Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027”).

(28)

Le hacmhainneachtaí HPC agus an phróiseáil sonraí a bhaineann leo san Aontas, ba cheart go mbeifí in ann úsáid níos forleithne as HPC a áirithiú san earnáil tionsclaíochta agus, ar bhonn níos ginearálta, i réimsí a bhaineann le leas an phobail, chun na deiseanna ar leith a thugtar don tsochaí le sár-ríomhairí a thapú, ar deiseanna iad a bhaineann leis an tsláinte, an comhshaol agus an tslándáil, mar aon le hiomaíochas na hearnála tionsclaíochta, go háirithe FBManna. Trí shár-ríomhairí den chéad scoth a fháil, dhaingneofaí córas soláthair an Aontais agus chuideofaí le seirbhísí a chur chun úsáide ar mhaithe le hionsamhlú, léirshamhlú agus fréamhshamhaltú, agus d’áiritheofaí ag am céanna go gcomhlíonann córais HPC luachanna agus prionsabail an Aontais.

(29)

Chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in iúl go dtacaíonn siad le hidirghabháil an Aontais i réimse HPC. Thairis sin, idir 2017 agus 2018, shínigh 22 Bhallstát Dearbhú Eorpach maidir le HPC, comhaontú ilrialtais inar gheall siad go gcomhoibreoidís leis an gCoimisiún chun bonneagair HPC úrscothacha agus bonneagair sonraí, a bheadh ar fáil don earnáil eolaíochta agus do chomhpháirtithe poiblí agus príobháideacha ar fud na Aontais, a thógáil agus a chur chun úsáide san Eoraip.

(30)

Mar a léiríodh sa mheasúnú tionchair atá in éineacht leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena mbunaítear an Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach, chun an Cuspóir Sonrach “an Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta” a bhaint amach, meastar gurb é comhghnóthas an modh cur chun feidhme is oiriúnaí, go háirithe chun comhordú a dhéanamh ar straitéisí agus infheistíochtaí de chuid an Aontais agus straitéisí agus infheistíochtaí náisiúnta i mbonneagar HPC, agus sa taighde agus san fhorbairt freisin, chun acmhainní ó chistí poiblí agus príobháideacha a chomhthiomsú, agus chun leasanna eacnamaíocha agus straitéiseacha an Aontais a choimirciú. Thairis sin, maidir le Lárionaid inniúlachtaí náisiúnta Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1488 ón gComhairle (18), soláthraíonn siad seirbhísí HPC don earnáil tionsclaíochta, lena n-áirítear FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, don lucht léinn agus do lucht riaracháin phoiblí.

(31)

Acmhainneacht a fhorbairt i dtaca le IS, is spreagadh ríthábhachtach é sin maidir le claochlú digiteach na hearnála tionsclaíochta, seirbhísí, agus na hearnála poiblí. Úsáidtear róbait atá ag éirí níos uathrialaithí i gcónaí i monarchana, feidhmeanna domhainfharraige, tithe, cathracha agus otharlanna. Tá ardáin IS thráchtála bogtha ar aghaidh ón tástáil go feidhmeanna iarbhír in earnálacha na sláinte agus an chomhshaoil. Tá gluaisteáin uathrialaitheacha á bhforbairt ag gach mórmhonaróir gluaisteán, agus tá modhanna meaisínfhoghlama ag croílár na bpríomhardán gréasáin agus na bhfeidhmchlár olltiomsaithe sonraí ar fad. Tá sé bunriachtanach go mbeadh tíortha na hEorpa ag dul i gcomhar le chéile ar gach leibhéal ionas go mbeidís iomaíoch ar an leibhéal idirnáisiúnta. Tá an méid sin aitheanta ag na Ballstáit trí bhíthin gealltanais nithiúla i dtaca leis an gcomhoibriú mar chuid de phlean comhordaithe gníomhaíochta.

(32)

Féadfar tacar mór algartam, lena n-áirítear réitigh shimplí amhail algartaim aicmiúcháin, algartaim líonra néaraigh agus algartaim phleanála nó réasúnaíochta, a chuimsiú i leabharlanna algartam. Féadfar réitigh níos casta ná sin a chuimsiú leo freisin, amhail algartaim aitheanta gutha, algartaim loingseoireachta arna leabú i bhfeistí uathrialacha, amhail ladrainn nó gluaisteáin uathrialaitheacha agus algartaim IS arna n-ionsuí i róbait ionas gur cumas dóibh idirghníomhú lena dtimpeallacht agus oiriúnú di. Ba cheart rochtain gan stró a thabhairt do gach duine ar leabharlanna algartam, ar bhonn téarmaí córa, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha.

(33)

Sa rún uaithi an 1 Meitheamh 2017 maidir le hearnáil tionsclaíochta na hEorpa a dhigitiú, tharraing Parlaimint na hEorpa aird ar an tionchar atá ag bacainní teanga ar an earnáil tionsclaíochta agus ar dhigitiú na hearnála tionsclaíochta. Sa chomhthéacs sin, is den ríthábhacht iad teicneolaíochtaí teanga IS-bhunaithe ar scála mór, amhail an t-aistriúchán uathoibríoch, aithint gutha, anailísíocht téacs i ndáil le holltiomsú sonraí agus córais idirphlé agus freagartha ceisteanna, chun an éagsúlacht teanga a chaomhnú, chun an chuimsitheacht a áirithiú agus chun cumarsáid idir daoine agus cumarsáid idir daoine agus meaisíní a chumasú.

(34)

Ba cheart táirgí agus seirbhísí atá bunaithe ar IS a bheith soláimhsithe don úsáideoir, ba cheart dóibh an dlí a chomhlíonadh mar réamhshocrú agus ba cheart níos mó roghanna agus faisnéise a sholáthar do thomhaltóirí leo, go háirithe maidir le cáilíocht na dtáirgí agus na seirbhísí.

(35)

Tá an-tábhacht ag baint le hinfhaighteacht tacar sonraí ar scála mór agus le saoráidí tástála agus turgnamhaíochta i dtaca le forbairt IS, lena n-áirítear teicneolaíochtaí teanga.

(36)

Sa rún uaithi maidir le hearnáil tionsclaíochta na hEorpa a dhigitiú, tharraing Parlaimint na hEorpa aird ar an tábhacht a bhaineann le cur chuige comhchoiteann Eorpach i leith na cibearshlándála agus d’aithin sí an gá le feasacht a ardú. Measadh ann gur freagracht ríthábhachtach í an chibear-athléimneacht do cheannairí gnó agus do lucht ceaptha beartas Eorpach agus náisiúnta san earnáil slándála agus tionsclaíche, chomh maith le slándáil agus príobháideachas a chur chun feidhme trí dhearadh agus mar réamhshocrú.

(37)

Is leis an Aontas ar fad a bhaineann dúshlán na cibearshlándála nach féidir aghaidh a thabhairt uirthi le tionscnaimh náisiúnta agus leosan amháin. Ba cheart acmhainneacht chibearshlándála na hEorpa a threisiú chun na hacmhainneachtaí is gá a chothú san Eoraip chun a cuid saoránach, lucht riaracháin phoiblí agus gnólachtaí a chosaint ar chibearbhagairtí. Ina theannta sin, ba cheart tomhaltóirí a chosaint nuair a úsáideann siad táirgí nasctha is féidir a haiceáil agus ar féidir leo slándáil na dtomhaltóirí a chur i mbaol. Ba cheart cosaint den sórt sin a bhaint amach in éineacht leis na Ballstáit agus leis an earnáil phríobháideach trí thionscadail a fhorbairt chun acmhainneachtaí na hEorpa sa chibearshlándáil a threisiú, trí chomhordú idir na tionscadail sin a áirithiú agus trí chur chun úsáide forleathan na réiteach cibearshlándála is déanaí, (lena n-áirítear tionscadail dé-úsáide, seirbhísí, inniúlachtaí, agus feidhmchláir), ar fud an gheilleagair a áirithiú, chomh maith leis na hinniúlachtaí sa réimse seo a chomhiomlánú chun mais chriticiúil agus barr feabhais a áirithiú.

(38)

I Meán Fómhair 2017, chuir an Coimisiún pacáiste tionscnamh chun cinn inar leagadh amach cur chuige cuimsitheach de chuid an Aontais i leith na cibearshlándála, arbh é ab aidhm leis acmhainneacht na hEorpa a threisiú chun aghaidh a thabhairt ar chibear-ionsaithe agus cibearbhagairtí agus chun teicneolaíocht agus acmhainneacht thionsclaíoch a neartú sa réimse sin. Tá Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) mar chuid den phacáiste sin.

(39)

Ní mór iontaoibh a bheith ann chun go bhfeidhmeoidh an Margadh Aonair Digiteach. Maidir le teicneolaíochtaí cibearshlándála amhail céannachtaí digiteacha, cripteagrafaíocht agus brath ionraidh, agus a gcur i bhfeidhm i réimsí amhail réimse an t-airgeadas, an earnáil tionsclaíochta 4.0, an fuinneamh, an t-iompar, an cúram sláinte agus an ríomhrialtas, tá siad riachtanach chun slándáil agus iontaoibh a choimirciú i gcás gníomhaíochtaí agus idirbhearta ar líne arna ndéanamh ag saoránaigh, lucht riaracháin phoiblí agus gnólachtaí.

(40)

Chuir an Chomhairle Eorpach, sna conclúidí uaithi an 19 Deireadh Fómhair 2017, béim air go bhfuil gá le margaí saothair, oiliúint agus córais oideachais atá in oiriúint don ré dhigiteach má táthar chun Eoraip Dhigiteach a chruthú ar bhealach rathúil, agus gur gá infheistiú i scileanna digiteacha chun gach Eorpach a chumhachtú agus a chumasú.

(41)

Sna conclúidí uaithi an 14 Nollaig 2017, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar na Ballstáit, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún dul ar aghaidh le clár oibre Chruinniú Mullaigh Sóisialta Gothenburg i Samhain 2017, lena n-áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, chomh maith le hoideachas agus oiliúint agus an Clár Oibre nua Scileanna don Eoraip a chur ar fáil. D’iarr an Chomhairle Eorpach freisin ar an gCoimisiún, ar an gComhairle agus ar na Ballstáit scrúdú a dhéanamh ar na bearta féideartha chun dul i ngleic leis na dúshláin scileanna a bhaineann leis an digitiú, an chibearshlándáil, litearthacht sna meáin agus IS agus chun dul i ngleic leis an ngá atá le cur chuige uileghabhálach i leith an oideachais agus na hoiliúna atá bunaithe ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus atá á thiomáint ag an nuálaíocht. Mar fhreagairt air sin, an 17 Eanáir 2018, thíolaic an Coimisiún pacáiste beart lena ndírítear ar phríomhinniúlachtaí, scileanna digiteacha, luachanna comhchoiteanna agus oideachas uileghabhálach. I mBealtaine 2018, seoladh an dara pacáiste beart lena gcuirtear chun cinn an obair chun Limistéar Eorpach Oideachais a thógáil faoi 2025, ina gcuirtear béim freisin ar lárnacht na scileanna digiteacha. Áirítear le litearthacht sna meáin na hinniúlachtaí bunriachtanacha (eolas, scileanna agus dearcthaí) lenar féidir leis na saoránaigh dul i mbun idirphlé, ar bhealach éifeachtach, leis na meáin agus le soláthraithe eile faisnéise, agus scileanna le haghaidh smaointeoireacht chriticiúil agus foghlaim ar feadh an tsaoil a fhorbairt chun meascadh le daoine agus a bheith gníomhach mar shaoránaigh.

(42)

I bhfianaise an ghá atá le cur chuige iomlánaíoch, ba cheart a chur san áireamh freisin leis an gClár an chuimsitheacht, an cháilíocht, an oiliúint agus an speisialú, ar rudaí iad atá cinntitheach, de bhreis ar na scileanna digiteacha, chun breisluach a chruthú i sochaí an eolais.

(43)

Ina rún maidir le hearnáil tionsclaíochta na hEorpa a dhigitiú, luaigh Parlaimint na hEorpa gur bunchlocha an chomhtháthaithe shóisialta i sochaí dhigiteach iad an t-oideachas, an oiliúint agus an fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Thairis sin, d’éiligh sí go ndéanfaí gné na cothromaíochta inscne a ionchorprú i ngach tionscnamh digiteach, agus béim á leagan aici ar an ngá atá ann dul i ngleic leis an mbearna inscne laistigh d’earnáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide (TFC), ós rud é go bhfuil sé sin bunriachtanach d’fhás agus rathúnas fadtéarmach na hEorpa.

(44)

Maidir leis na hardteicneolaíochtaí digiteacha a fhaigheann tacaíocht ón gClár, amhail HPC, an chibearshlándáil agus IS, tá siad forbartha go leor anois chun go mbogfar amach as céim an taighde iad agus chun go gcuirfear chun úsáide, go gcuirfear chur chun feidhme agus go méadófar iad ar leibhéal an Aontais. Ar an gcuma chéanna agus a bhíonn gá le freagairt de chuid an Aontais i dtaca le cur chun úsáide na dteicneolaíochtaí sin, is amhlaidh an cás i dtaca le gné na n-ardscileanna digiteacha. Ní mór cur le deiseanna oiliúna in ardscileanna digiteacha, lena n-áirítear inniúlachtaí maidir le cosaint sonraí, ní mór iad a mhéadú agus ní mór rochtain orthu a chur ar fáil ar fud an Aontais. Ina éagmais sin, d’fhéadfadh sé go gcuirfí isteach ar chur chun úsáide rianúil na n-ardteicneolaíochtaí digiteacha agus d’fhéadfadh sé go gcuirfí bac ar iomaíochas ginearálta gheilleagar an Aontais. Tá na gníomaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gClár comhlántach leo sin a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) a bunaíodh le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) a bunaíodh le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe (“Rialachán CFRE-CC le haghaidh 2021-2027”) Erasmus+ a bunaíodh le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Erasmus+: clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, um an óige agus um an spórt, agus Fís Eorpach. Díreoidh na gníomaíochtaí sin ar lucht saothair an Aontais san earnáil phríobháideach mar aon leis an earnáil phoiblí, go háirithe ar ghairmithe TFC agus ar ghairmithe gaolmhara eile, agus ar mhic léinn, oiliúnaithe agus oiliúnóirí. Is é atá i gceist leis an téarma “lucht saothair” an sciar sin den daonra atá gníomhach ó thaobh an gheilleagair de, agus áirítear leis oibrithe agus daoine féinfhostaithe atá i mbun oibre agus daoine atá dífhostaithe araon.

(45)

Tá barrthábhacht ag baint le lucht riaracháin phoiblí agus seirbhísí poiblí a nuachóiriú trí mhodhanna digiteacha chun an t-ualach riaracháin ar ghnólachtaí, lena n-áirítear FBManna, agus ar shaoránaigh a laghdú i gcoitinne trína n-idirghníomhaíochtaí le húdaráis phoiblí a dhéanamh níos gasta, níos áisiúla agus níos saoire, agus trí éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cáilíocht na seirbhísí arna soláthar do shaoránaigh agus do ghnólachtaí a mhéadú agus, ag an am céanna, éifeachtúlacht an chaiteachais phoiblí a mhéadú. Ó tharla gné Aontais a bheith ag roinnt seirbhísí a bhaineann le leas an phobail cheana féin, ba cheart a áirithiú leis an tacaíocht a thugtar dá gcur chun feidhme agus dá gcur in úsáid ar leibhéal an Aontais go mbeidh saoránaigh agus gnólachtaí in ann tairbhe a bhaint as an rochtain ar sheirbhísí digiteacha ar ardcháilíocht ar fud an Aontais, ar seirbhísí iad atá ilteangach i gcás inar féidir. Thairis sin, táthar ag súil go gcuideoidh an tacaíocht ón Aontas sa réimse sin chun athúsáid na faisnéise ón earnáil phoiblí a spreagadh.

(46)

Is féidir leis an digitiú inrochtaineacht gan bhacainní a éascú agus a fheabhsú do gach duine, lena n-áirítear do dhaoine scothaosta, daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe nó atá faoi mhíchumas, agus daoine i gceantair iargúlta nó i gceantair thuaithe.

(47)

Leis an gclaochlú digiteach i réimsí a bhaineann le leas an phobail amhail an cúram sláinte, an tsoghluaisteacht, an ceartas, faireachán ar an domhan nó ar an gcomhshaol, an tslándáil, laghdú astaíochtaí carbóin, bonneagar fuinnimh, an t-oideachas agus an oiliúint, agus an cultúr, éilítear go leanfar le bonneagair seirbhísí digiteacha agus go méadófaí iad, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí malartú sonraí trasteorann a dhéanamh go sábháilte agus an fhorbairt náisiúnta a chothú. Is trí chomhordú idir na bonneagair seirbhísí digiteacha sin faoin Rialachán seo a bhainfí leas, ar an mbealach is fearr, as an acmhainneacht sineirgíochtaí a shaothrú.

(48)

Má táthar le tairbhe a bhaint as an gclaochlú digiteach, is den ríthábhacht é go gcuirfí chun úsáide teicneolaíochtaí digiteacha riachtanacha, go háirithe na cinn faoi na Cuspóirí Sonracha “an Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta”, “an Intleacht Shaorga” agus “an Chibearshlándáil agus Iontaoibh”, agus d’fhéadfaí iad a chomhlánú le teicneolaíochtaí ceannródaíocha eile agus le teicneolaíochtaí a thiocfaidh i gceist amach anseo, amhail teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte (e.g. blocshlabhra).

(49)

Leis an gclaochlú digiteach, ba cheart ligean do shaoránaigh de chuid an Aontais a gcuid sonraí pearsanta a rochtain, a úsáid agus a bhainistiú ar bhealach slán thar theorainneacha, gan beann ar an áit a bhfuil siad ná ar an áit a bhfuil na sonraí.

(50)

I nDearbhú Thaillinn maidir le Ríomhrialtas an 6 Deireadh Fómhair 2017, tháinig na hairí atá i gceannas ar bheartas agus comhordú Ríomhrialtais as na Ballstáit agus na tíortha ar comhaltaí iad de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar an gconclúid go bhfuil a sochaithe agus a ngeilleagair á gclaochlú go smior ag an dul chun cinn digiteach, rud lena gcuirtear dúshlán faoi éifeachtacht beartas a ceapadh cheana i raon leathan réimsí agus faoi ról agus feidhm an lucht riaracháin phoiblí trí chéile, agus tá sé de dhualgas orthu a bheith ag súil leis na dúshláin sin agus iad a bhainistiú chun freastal ar riachtanais agus ionchais saoránach agus gnólachtaí.

(51)

Tá an nuachóiriú ar lucht riaracháin phoiblí na hEorpa ar cheann de na príomhthosaíochtaí chun go gcuirfear an Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach chun feidhme go rathúil. San athbhreithniú meántéarmach ar an Margadh Aonair Digiteach, cuireadh béim ar an ngá atá le claochlú an lucht riaracháin phoiblí a neartú agus ar an ngá atá lena áirithiú go mbeidh rochtain éasca iontaofa de réir a chéile ann ar sheirbhísí poiblí.

(52)

Sa Suirbhé Bliantúil Fáis a d’fhoilsigh an Coimisiún in 2017, léiríodh go mbíonn tionchar díreach ag caighdeán lucht riaracháin phoiblí na hEorpa ar an timpeallacht eacnamaíoch agus, dá bhrí sin, tá barrthábhacht ag baint leis maidir le táirgiúlacht, iomaíochas, comhar eacnamaíoch, fás inbhuanaithe, fostaíocht agus poist ardcháilíochta a spreagadh. Go háirithe, tá lucht riaracháin phoiblí éifeachtúla trédhearcacha agus córais cheartais éifeachtacha riachtanach chun go dtacófar leis an bhfás eacnamaíoch agus chun go soláthrófar seirbhísí ar ardcháilíocht do shaoránaigh agus gnólachtaí.

(53)

Baineann idir-inoibritheacht seirbhísí poiblí Eorpacha le gach leibhéal riaracháin: leibhéal an Aontais, an leibhéal náisiúnta, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal áitiúil. Chomh maith le deireadh a chur le bacainní ar mhargadh inmhéanach feidhmiúil, leis an idir-inoibritheacht éascaítear comhar trasteorann, cur chun cinn caighdeán Eorpach agus cur chun feidhme rathúil na mbeartas, agus tugtar deis mhór ar bhacainní leictreonacha trasteorann a sheachaint, lena ndéanfar teacht chun cinn seirbhísí poiblí comhchoiteanna nua ar leibhéal an Aontais a dhaingniú a thuilleadh, agus lena ndéanfar comhdhlúthú na seirbhísí poiblí comhchoiteanna atá á bhforbairt a dhaingniú a thuilleadh. Chun ilroinnt seirbhísí poiblí Eorpacha a dhíothú agus chun tacú le saoirsí bunúsacha agus aitheantas oibríochtúil frithpháirteach san Aontas, ba cheart cur chuige iomlánaíoch trasearnála trasteorann a chur chun cinn i leith na hidir-inoibritheachta ar an mbealach is éifeachtaí agus is freagrúla d’úsáideoirí deiridh. Tugtar le fios le cur chuige den sórt sin go bhfuil an idir-inoibritheacht le tuiscint sa chiall is leithne, ó ghnéithe teicniúla agus dlíthiúla agus lena gcuimsítear gnéithe beartais sa réimse. Dá réir sin, rachadh raon na ngníomhaíochtaí thar ghnáth-shaolré na réiteach agus d’áireofaí ann na heilimintí idirghabhálacha ar fad lena dtacófaí leis na dálaí creata is gá le haghaidh idir-inoibritheacht mharthanach i gcoitinne. Leis an gClár, ba cheart cros-toirchiú a éascú freisin idir tionscnaimh náisiúnta éagsúla, as a bhforbródh sochaí dhigiteach.

(54)

Leis an gClár, ba cheart réitigh foinse oscailte a spreagadh chun go mbeidh athúsáid ann, chun iontaoibh a mhéadú agus trédhearcacht a dhaingniú. Le cur chuige den sórt sin, beidh tionchar dearfach aige sin ar inbhuanaitheacht na dtionscadal maoinithe.

(55)

Táthar ag súil gurb é EUR 194 mhilliún a bheidh sa bhuiséad arna leithdháileadh ar ghníomaíochtaí sonracha atá dírithe ar chreat idir-inoibritheachta a chur chun feidhme agus ar idir-inoibritheacht na réiteach forbartha.

(56)

Sa rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le hearnáil tionsclaíochta na hEorpa a dhigitiú, cuireadh béim ar an tábhacht le maoiniú poiblí agus príobháideach leordhóthanach a scaoileadh chun earnáil tionsclaíochta na hEorpa a dhigitiú.

(57)

An 19 Aibreán 2016, ghlac an Coimisiún an tionscnamh maidir le hEarnáil Tionsclaíochta na hEorpa a Dhigitiú chun a áirithiú gur féidir le haon tionsclaíocht san Eoraip, bíodh sé mór nó beag, gan beann ar an áit ná ar earnáil ina bhfuil sé, leas iomlán a bhaint as nuálaíochtaí digiteacha. Tá an méid sin ábhartha go háirithe i gcás FBManna sna hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha.

(58)

Chuir Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa fáilte roimh an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hEarnáil Tionsclaíochta na hEorpa a Dhigitiú agus mheas sé gurb í, agus na doiciméid a ghabhann léi, “an chéad chéim i gclár oibre leitheadach Eorpach atá le cur i gcrích i ndlúthchomhar frithpháirteach idir na páirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha go léir”.

(59)

Chun na sprioc-chuspóirí a bhaint amach, féadfaidh sé go mbeidh gá le hacmhainneacht teicneolaíochtaí comhlántacha a ghiaráil i réimsí an líonraithe agus na ríomhaireachta, mar a luadh sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hEarnáil Tionsclaíochta na hEorpa a Dhigitiú lena n-aithnítear gur comhpháirt riachtanach de dhigitiú na hearnála tionsclaíochta é go mbeidh “bonneagar líonraithe agus néil den chéad scoth ar fáil”.

(60)

Trí fhoráil a dhéanamh maidir le tacar aonair rialacha atá infheidhme go díreach i ndlíchóras na mBallstát, ráthaítear le Rialachán (AE) 2016/679 saorshreabhadh sonraí pearsanta idir na Ballstáit agus treisítear iontaoibh agus slándáil na ndaoine aonair, dhá ghné atá fíor-riachtanach le haghaidh fíor-Mhargadh Aonair Digiteach. Dá bhrí sin, leis na gníomhaíocht ar fad a dhéantar faoin gClár a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil, ba cheart rannchuidiú le chur chun feidhme rianúil an Rialacháin sin, mar shampla i réimse IS agus na dteicneolaíochtaí mórleabhar dáilte (e.g. blocshlabhra). Leis na gníomaíochtaí sin, ba cheart tacú le forbairt teicneolaíochtaí digiteacha a chomhlíonann na hoibleagáidí maidir le cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú.

(61)

Ba cheart an Clár a chur chun feidhme ar bhealach a thugann lánurraim do chreat an Aontais agus don chreat idirnáisiúnta i dtaca le cosaint agus forfheidhmiú maoine intleachtúla. Tá ról lárnach ag cosaint éifeachtach na maoine intleachtúla maidir leis an nuálaíocht agus, dá bhrí sin, tá sé riachtanach chun an Clár a chur chun feidhme go héifeachtach.

(62)

Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a bheith rannpháirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (20), ina ndéantar foráil do chur chun feidhme na gclár ar bhonn cinneadh arna ghlacadh faoin gComhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach freisin ar bhonn ionstraimí dlí eile. Leis na hionstraimí sin, ba cheart a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le comhlachas páirteach, eadhon comhlachas le líon teoranta cuspóirí sonracha a shaothraítear faoin gClár. Ba cheart foráil ar leith a thabhairt isteach leis an Rialachán seo lena gcuirfear de cheangal ar thríú tíortha na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a chuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú go cuimsitheach.

(63)

Ba cheart do na comhlachtaí ar a gcuirtear de chúram an Clár a chur chun feidhme forálacha atá infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais agus an dlí náisiúnta maidir le láimhseáil faisnéise, go háirithe faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe agus faisnéis rúnaicmithe AE, a chomhlíonadh. I dtaca leis an gCuspóir Sonrach “an Chibearshlándáil agus Iontaibh”, féadfar a cheangal go ndéanfar eintitis dhlítheanacha arna rialú ó thríú tíortha a eisiamh ar chúiseanna slándála ó ghlaonna ar thograí agus ar thairiscintí faoin gClár. I gcásanna eisceachtúla, d’fhéadfadh eisiaimh den sórt sin a bheith i gceist i ndáil leis na Cuspóirí Sonracha “an Ríomhaireacht Ardfheidhmíocht” agus “an Intleacht Shaorga”. I dtaca leis na cúiseanna slándála a bheadh le heisiaimh den sórt sin, ba cheart iad a bheith comhréireach agus cuí-réasúnaithe trí thagairt do na rioscaí a thiocfadh i gceist dá bhfágfaí gan eisiamh eintitis den sórt sin.

(64)

Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras, a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (21), agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, tá sé beartaithe leis an gClár rannchuidiú le gníomhaíochtaí ar son na haeráide a phríomhshruthú agus go mbainfear amach an sprioc fhoriomlán de 30 % ar a laghad de chaiteachais bhuiséadacha an Aontais a bheith á thacú leis na cuspóirí aeráide agus rannchuidiú leis an uaillmhian fhoriomlán 7,5 % de chaiteachas bliantúil faoin gcreat airgeadais bliantúil a sholáthar don chuspóir bithéagsúlachta sa bhliain 2024 agus 10 % de a sholáthar in 2026 agus in 2027, agus an forluí atá ann cheana idir spriocanna aeráide agus spriocanna bithéagsúlachta á chur san áireamh. Ba cheart gníomaíochtaí ábhartha a shainaithint le linn ullmhú agus chur chun feidhme an Chláir, agus ba cheart athmheasúnú a dhéanamh orthu i gcomhthéacs na meastóireachtaí agus na bpróiseas athbhreithnithe ábhartha.

(65)

Ós rud é gur clár nua é an Clár, is áisiúil tuairisc theicniúil a thabhairt, in iarscríbhinn, ar raon feidhme ghníomhaíochtaí an Chláir. Ba cheart don Choimisiún an tuairisc theicniúil sin a áirítear in iarscríbhinn den sórt sin a chur san áireamh agus cláir oibre á n-ullmhú aige, ach ba cheart na cláir oibre a bheith comhsheasmhach leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach sa Rialachán seo.

(66)

Ba cheart na cláir oibre a ghlacadh i bprionsabal mar chláir oibre ilbhliantúla, gach dhá bhliain de ghnáth, nó, má bhíonn údar cuí leis de bharr riachtanais a bhaineann le cur chun feidhme an chláir, mar chláir oibre bhliantúla. Ba cheart na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus modhanna chur chun feidhme an Chláir a roghnú ar bhonn an chumais atá acu cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach, agus, go háirithe, na costais rialuithe, an t-ualach riaracháin, agus an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann á gcur san áireamh. Mar chuid den rogha sin, ba cheart breithniú ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, maoiniú ar ráta comhréidh agus costais aonaid, agus maoiniú nach mbaineann le costais, dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais a bheith san áireamh.

(67)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun athruithe teicneolaíocha agus forbairtí sa mhargadh a léiriú, i dtaca leis na gníomhaíochtaí a leagtar amach inti ar bhealach atá comhsheasmhach le cuspóirí an Rialacháin seo agus chun Iarscríbhinn II a ghabhann leis a leasú i dtaca leis na táscairí intomhaiste i gcás ina meastar gur gá sin agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(68)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca leis na heintitis arb iad a chomhdhéanann na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha tosaigh agus bhreise a roghnú agus i dtaca leis na cláir oibre a ghlacadh le haghaidh Chuspóirí Sonracha 2, 4 agus 5 agus le haghaidh gníomhaíochtaí eile a d’fhéadfadh a bheith ann faoi bhainistíocht dhíreach le haghaidh Chuspóirí Sonracha 1 agus 3 ionas go mbainfear amach cuspóirí an Chláir i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais agus na mBallstát agus, ag an am céanna, comhsheasmhacht, trédhearcacht agus leanúnachas ghníomhaíocht chomhpháirteach de chuid an Aontais agus na mBallstát á n-áirithiú. Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22). I gcás gníomhaíochtaí atá faoi réir bainistíocht indíreach, glactar na cláir oibre i gcomhréir le rialacha bhoird rialúcháin na gcomhlachtaí ar a gcuirtear de chúram an Clár a chur chun feidhme.

(69)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear ann leis na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), go háirithe iad sin maidir le cosaint sonraí pearsanta, an tsaoirse tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an tsaoirse fiontraíochta, an toirmeasc ar idirdhealú, cúram sláinte, cosaint tomhaltóirí agus an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach cothroime. Ba cheart do na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cearta agus leis na prionsabail sin.

(70)

Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir le buiséad an Aontais a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, duaiseanna, soláthar agus bainistíocht indíreach, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Ina theannta sin, áirítear ar rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(71)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon tacú le geilleagar, earnáil tionsclaíochta agus sochaí na hEorpa a chlaochlú go digiteach agus dlús a chur leis an gclaochlú digiteach sin, na tairbhí a bhaineann leis sin a thabhairt do shaoránaigh, lucht riaracháin phoiblí agus gnólachtaí ar fud an Aontais, agus feabhas a chur ar iomaíochas na hEorpa sa gheilleagar digiteach domhanda agus, ag an am céanna, rannchuidiú leis an mbearna dhigiteach a dhúnadh ar fud an Aontais agus treisiú le huathriail straitéiseach an Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(72)

Chun leanúnachas sholáthar na tacaíochta sa réimse beartais ábhartha a áirithiú agus ionas gur féidir leis an gcur chun feidhme tosú ó thús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021.

(73)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (AE) 2015/2240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach (“an Clár”) ar feadh ré Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027.

Leis an Rialachán seo, leagtar síos cuspóirí an Chláir, buiséad an Chláir don tréimhse 2021 go 2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “oibríocht mheasctha” gníomhaíocht a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear laistigh de shaoráid mheasctha nó ardán measctha mar a shainmhínítear i bpointe (6) d’Airteagal 2 den Rialachán Airgeadais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh-inaisíoctha tacaíochta nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais le foirmeacha in-aisíoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí;

(2)

ciallaíonn “eintiteas dlítheanach” duine nádúrtha, nó duine dlítheanach a chruthaítear agus a aithnítear mar sin faoi dhlí an Aontais, faoin dlí náisiúnta nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige agus a bhfuil an cumas aige gníomhú ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó aon eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 197(2) den Rialachán Airgeadais;

(3)

ciallaíonn “tír chomhlachaithe” tríú tír ar páirtí í i gcomhaontú leis an Aontas lena gceadaítear di a bheith rannpháirteach sa Chlár de bhun Airteagal 10;

(4)

ciallaíonn “eagraíocht idirnáisiúnta a bhfuil leas Eorpach aici” eagraíocht idirnáisiúnta ar Ballstáit iad formhór a comhaltaí nó eagraíocht idirnáisiúnta a bhfuil a ceanncheathrú lonnaithe i mBallstát;

(5)

ciallaíonn “Mol Nuálaíochta Digití Eorpach” eintiteas dlítheanach arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 16 chun na cúraimí faoin gClár a chomhlíonadh, go háirithe trí rochtain dhíreach a thabhairt nó trí rochtain a áirithiú ar shaineolas teicneolaíoch agus saoráidí turgnamhaíochta, amhail trealamh agus uirlisí bogearraí chun claochlú digiteach na hearnála tionsclaíochta a áirithiú, agus trí rochtain ar mhaoiniú a éascú freisin agus tá sé ar oscailt do ghnólachtaí den uile chineál agus méid, go háirithe do FBManna, cuideachtaí meánchaipitilithe agus gnólachtaí atá i mbun fáis, agus do lucht riaracháin phoiblí ar fud an Aontais;

(6)

ciallaíonn “ardscileanna digiteacha” na scileanna agus inniúlachtaí gairmiúla a dteastaíonn eolas agus taithí ina leith chun na teicneolaíochtaí, táirgí agus seirbhísí arna dtacú leis an gClár dá dtagraítear in Airteagal 7 a thuiscint, a dhearadh, a fhorbairt, a bhainistiú, a thástáil, a chur chun úsáide, a úsáid agus a choinneáil ar bun;

(7)

ciallaíonn “Comhpháirtíocht Eorpach” Comhpháirtíocht Eorpach mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/… (*4);

(8)

ciallaíonn “fiontair bheaga agus mheánmhéide” nó “FBManna” micrifhiontar, fiontar beaga nó fiontar meánmhéide mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (24);

(9)

ciallaíonn “cibearshlándáil” na gníomhaíochtaí is gá chun córais gréasán agus faisnéise, úsáideoirí na gcóras sin, agus daoine eile dá ndéantar difear a chosaint ar chibearbhagairtí;

(10)

ciallaíonn “bonneagair seirbhísí digiteacha” bonneagair lenar féidir seirbhísí líonraithe a sheachadadh go leictreonach, tríd an idirlíon de ghnáth;

(11)

ciallaíonn “Séala Barr Feabhais” lipéad cáilíochta a léiríonn gur sháraigh togra a cuireadh isteach le haghaidh glao ar thograí faoin gClár na tairseacha meastóireachta ar fad a leagtar amach sa chlár oibre, ach nach bhféadfaí é a chistiú de dheasca easpa buiséid a bheith ar fáil don ghlao sin ar thograí sa chlár oibre, agus d’fhéadfadh sé tacaíocht a fháil ó fhoinsí eile cistiúcháin de chuid an Aontais nó ó fhoinsí náisiúnta eile cistiúcháin;

(12)

ciallaíonn “eicsea-scála”, i gcomhthéacs córas ríomhaireachta, an cumas 1018 (10 i gcumhacht 18) snámh-oibríochtaí a dhéanamh in aghaidh an tsoicind.

Airteagal 3

Cuspóirí an Chláir

1.   Is iad cuspóirí ginearálta an Chláir tacú le geilleagar, earnáil tionsclaíochta agus sochaí na hEorpa a chlaochlú go digiteach agus dlús a chur leis an gclaochlú digiteach sin, na tairbhí a bhaineann leis sin a thabhairt do shaoránaigh, lucht riaracháin phoiblí agus gnólachtaí ar fud an Aontais, agus feabhas a chur ar iomaíochas na hEorpa sa gheilleagar digiteach domhanda agus, ag an am céanna, rannchuidiú leis an mbearna dhigiteach a dhúnadh ar fud an Aontais agus treisiú le huathriail straitéiseach an Aontais, trí bhíthin tacaíocht iomlánaíoch trasearnála trasteorann agus rannchuidiú níos tréine ón Aontas.

Cuirfear an Clár chun feidhme i ndlúth-chomhordú le cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais de réir mar is infheidhme, agus beidh sé d’aidhm aige:

(a)

acmhainneachtaí na hEorpa a threisiú agus a chur chun cinn sna príomhréimsí teicneolaíochta digití tríd an gcur chun úsáide ar scála mór;

(b)

san earnáil phríobháideach agus i réimsí a bhaineann le leas an phobail, scaipeadh agus glacadh theicneolaíochtaí digiteacha na hEorpa a leathnú, lena gcuirtear claochlú digiteach agus rochtain ar theicneolaíochtaí digiteacha chun cinn.

2.   Beidh cúig chuspóir shonracha idirghaolmhara ag an gClár:

(a)    Cuspóir Sonrach 1 : an Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta

(b)    Cuspóir Sonrach 2 : an Intleacht Shaorga

(c)    Cuspóir Sonrach 3 : an Chibearshlándáil agus Iontaoibh

(d)    Cuspóir Sonrach 4 : Ardscileanna Digiteacha

(e)    Cuspóir Sonrach 5 : Cur Chun Úsáide agus Úsáid is Fearr na hAcmhainneachta Digití agus Idir-inoibritheacht.

Airteagal 4

Cuspóir Sonrach 1 – an Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta

1.   Leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas faoi Chuspóir Sonrach 1 – an Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta, saothrófar na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas:

(a)

bonneagar sár-ríomhaireachta eicsea-scála agus sonraí comhtháite éileamhdhírithe agus feidhmchlárthiomáinte den chéad scoth a chur chun úsáide, a chomhordú ar leibhéal an Aontais agus a oibriú, a bheidh so-rochtana ag úsáideoirí poiblí agus príobháideacha, go háirithe FBManna, is cuma cén Ballstát ina bhfuil siad lonnaithe, agus a bheidh so-rochtana chun críoch taighde, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1488;

(b)

teicneolaíocht oibríochtúil atá réidh le húsáid a eascraíonn ó thaighde agus nuálaíocht a chur chun úsáide chun éiceachóras HPC comhtháite de chuid an Aontais a thógáil, lena gcuimseofar gnéithe éagsúla de na deighleoga sa slabhra luacha eolaíoch agus tionsclaíoch, lena n-áirítear crua-earraí, bogearraí, feidhmchláir, seirbhísí, idirnaisc agus scileanna digiteacha, ar éiceachóras é ina mbeidh ardleibhéal slándála agus cosanta sonraí;

(c)

bonneagar iar-eicsea-scála a chur chun úsáide agus a oibriú, lena n-áirítear an comhtháthú le teicneolaíochtaí ríomhaireachta candamaí agus le bonneagair thaighde don eolaíocht ríomhaireachta agus forbairt na gcrua-earraí agus na mbogearraí is gá le haghaidh an chur chun úsáide sin laistigh den Aontas a spreagadh.

2.   Is trí bhíthin an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaí, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1488 ón gComhairle, a chuirfear chun feidhme, den chuid is mó, na gníomhaíochtaí faoi Chuspóir Sonrach 1.

Airteagal 5

Cuspóir Sonrach 2 – an Intleacht Shaorga

1.   Leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas faoi Chuspóir Sonrach 2 – an Intleacht Shaorga, saothrófar na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas:

(a)

croí-acmhainneachtaí agus eolas IS san Eoraip a mhéadú agus a neartú, lena n-áirítear acmhainní cáilíochta sonraí agus sásraí comhfhreagracha malartaithe, agus leabharlanna algartam, a mhéadú agus a neartú, agus ag an am céanna cur chuige duine-lárnaithe agus cuimsitheach a áirithiú a thabharfaidh urraim do luachanna an Aontais;

(b)

rochtain ar na hacmhainneachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) a chur ar fáil do ghnólachtaí, go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, chomh maith leis an tsochaí shibhialta, eagraíochtaí neamhbhrabúsacha, institiúidí taighde, ollscoileanna agus lucht riaracháin phoiblí, chun an tairbhe a bhaineann leo do shochaí agus geilleagar na hEorpa a bharrfheabhsú;

(c)

saoráidí tástála agus turgnamhaíochta IS sna Ballstáit a threisiú agus a líonrú;

(d)

córais cur i bhfeidhm agus táirgthe tráchtála a fhorbairt agus a threisiú chun comhtháthú teicneolaíochtaí i slabhraí luacha a éascú agus samhlacha gnó nuálacha a fhorbairt agus chun an t-am a chaitear chun dul ón nuálaíocht go dtí an saothrú tráchtála a ghiorrú agus glacadh réiteach IS-bhunaithe i réimsí a bhaineann le leas an phobail agus sa tsochaí a chothú.

Le réitigh agus sonraí IS-bhunaithe a chuirtear ar fáil, déanfar prionsabal an phríobháideachais agus na slándála trí dhearadh a urramú agus comhlíonfar reachtaíocht um chosaint sonraí ábhartha an Aontais go hiomlán.

2.   I gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Chairt, agus aird á tabhairt aige, inter alia, ar mholtaí an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga, déanfaidh an Coimisiún ceanglais eiticiúla a leagan amach sna cláir oibre faoi Chuspóir Sonrach 2. Áireofar i nglaonna ar thograí, glaonna ar thairiscintí agus comhaontuithe deontais na ceanglais ábhartha a leagtar amach sna cláir oibre sin.

I gcás inarb ábhartha, déanfaidh an Coimisiún seiceálacha chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais eiticiúla sin. Maidir le cistiú le haghaidh gníomhaíochtaí nach gcomhlíonann na ceanglais eiticiúla, féadfar é a chur ar fionraí, a fhoirceannadh nó a laghdú tráth ar bith i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

3.   Is trí bhainistíocht dhíreach, go príomha, a chuirfear chun feidhme na gníomhaíochtaí faoi Chuspóir Sonrach 2.

Beidh feidhm ag na ceanglais eiticiúla agus dhlíthiúla dá dtagraítear san Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí ar fad Chuspóir Sonrach 2, gan beann ar an modh cur chun feidhme.

Airteagal 6

Cuspóir Sonrach 3 – an Chibearshlándáil agus Iontaoibh

1.   An ranníocaíocht airgeadais ón Aontas faoi Chuspóir Sonrach 3 – an Cibearshlándáil agus Iontaoibh, saothrófar na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas:

(a)

tacú le forbairt agus soláthar ardtrealaimh, ard-uirlisí agus ardbhonneagar sonraí cibearshlándála, in éineacht leis na Ballstáit, chun ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar an leibhéal Eorpach a bhaint amach, i gcomhréir iomlán leis an reachtaíocht maidir le cosaint sonraí agus na cearta bunúsacha, agus uathriail straitéiseach an Aontais á háirithiú ag an am céanna;

(b)

tacú le méadú agus úsáid is fearr eolais Eorpaigh, acmhainneachta Eorpaí agus scileanna Eorpacha a bhaineann leis an gcibearshlándáil agus dea-chleachtais a chomhroinnt agus a phríomhshruthú;

(c)

a áirithiú go gcuirfear réitigh éifeachtacha úrscothacha chibearshlándála chun úsáide go forleathan ar fud an gheilleagair Eorpaigh, agus aird ar leith á tabhairt ar údaráis phoiblí agus ar FBManna;

(d)

cumais a threisiú sna Ballstáit agus san earnáil phríobháideach chun cabhrú leo Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25) a chomhlíonadh, lena n-áirítear trí bhearta lena dtacaítear le glacadh na gcleachtas cibearshlándála is fearr;

(e)

athléimneacht i gcoinne cibear-ionsaithe a fheabhsú, rannchuidiú le feasacht riosca agus eolas ar phróisis chibearshlándála a mhéadú, tacú le heagraíochtaí poiblí agus príobháideacha leibhéil bhunúsacha chibearshlándála a bhaint amach, mar shampla trí chriptiú sonraí ó cheann go ceann agus nuashonruithe bogearraí a chur chun úsáide;

(f)

an comhar a fheabhsú idir na réimsí sibhialta agus cosanta maidir le tionscadail dé-úsáide, seirbhísí, inniúlachtaí, agus feidhmchláir chibearshlándála, i gcomhréir le Rialachán lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin (“an Rialachán maidir le Lárionad um Inniúlachtaí Cibearshlándála”).

2.   Cuirfear na gníomhaíochtaí faoi Chuspóir Sonrach 3 chun feidhme go príomha tríd an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Lárionad um Inniúlachtaí Cibearshlándála.

Airteagal 7

Cuspóir Sonrach 4 – Ardscileanna Digiteacha

1.   Leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas faoi Chuspóir Sonrach 4 – Ardscileanna Digiteacha, tacófar le forbairt ardscileanna digiteacha i réimsí a chumhdaítear leis an gClár chun rannchuidiú le líon dhaoine tréitheacha na hEorpa a mhéadú, an bhearna dhigiteach a dhúnadh agus breis gairmiúlachta a chothú, go háirithe maidir leis an ríomhaireacht ardfheidhmíochta agus an néalríomhaireacht, anailísíocht olltiomsaithe sonraí, an chibearshlándáil, teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte (e.g. blocshlabhra), teicneolaíochtaí candamacha, an róbataic agus IS, agus an chothromaíocht inscne á cur san áireamh ag an am céanna. Chun dul i ngleic le mímheaitseáil scileanna agus chun speisialtóireacht i dteicneolaíochtaí agus feidhmeanna digiteacha a spreagadh, is iad na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas a shaothrófar leis an ranníocaíocht airgeadais:

(a)

tacú le hoiliúint fhadtéarmach ar ardcháilíocht agus cúrsaí fadtéarmacha ar ardcháilíocht, lena n-áirítear foghlaim chumaisc, a dhearadh agus a sholáthar do mhic léinn agus don lucht saothair;

(b)

tacú le hoiliúint ghearrthéarmach ar ardcháilíocht agus cúrsaí gearrthéarmacha ar ardcháilíocht a dhearadh agus a sholáthar don lucht saothair, go háirithe in FBManna agus san earnáil phoiblí;

(c)

tacú le hoiliúint ar an láthair oibre agus socrúcháin oibre ar ardcháilíocht do mhic léinn, lena n-áirítear sealanna oiliúna, agus don lucht saothair, go háirithe in FBManna agus san earnáil phoiblí.

2.   Is trí bhainistíocht dhíreach, go príomha, a chuirfear chun feidhme na gníomhaíochtaí faoi Chuspóir Sonrach 4.

Airteagal 8

Cuspóir Sonrach 5 – Cur Chun Úsáide agus Úsáid is Fearr na nAcmhainneachtaí Digiteacha agus Idir-inoibritheacht

1.   Leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas faoi Chuspóir Sonrach 5 – Cur Chun Úsáide agus Úsáid is Fearr na nAcmhainneachtaí Digiteacha agus an Idir-inoibritheacht, saothrófar na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas, agus an bhearna dhigiteach á dúnadh ag an am céanna:

(a)

tacú leis an earnáil phoiblí agus le réimsí a bhaineann le leas an phobail, amhail an tsláinte agus cúram sláinte, an t-oideachas, na breithiúna, custam, iompar, an tsoghluaisteacht, fuinneamh, an comhshaol agus na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha, lena n-áirítear gnólachtaí ábhartha a bhunaítear laistigh den Aontas, chun teicneolaíochtaí digiteacha úrscothacha a chur chun úsáide agus a rochtain go héifeachtach, amhail HPC, IS agus an chibearshlándáil;

(b)

bonneagair seirbhísí digiteacha úrscothacha idir-inoibritheacha thras-Eorpacha a chur chun úsáide, a oibriú agus a chothabháil ar fud an Aontais, lena n-áirítear seirbhísí gaolmhara, i gcomhlántacht le gníomhaíochtaí náisiúnta agus réigiúnacha;

(c)

tacú le comhtháthú na mbonneagar seirbhísí digiteacha tras-Eorpach agus na gcaighdeán digiteach Eorpach comhaontaithe, agus leis an úsáid a bhaintear astu, san earnáil phoiblí agus i réimsí a bhaineann le leas an phobail chun cur chun feidhme costéifeachtúil agus idir-inoibritheacht chostéifeachtúil a éascú;

(d)

éascaíocht a dhéanamh ar fhorbairt, nuashonrú agus úsáid na réiteach agus na gcreat ag lucht riaracháin phoiblí, gnólachtaí agus saoránaigh, lena n-áirítear forbairt, nuashonrú agus úsáid réiteach foinse oscailte agus athúsáid na réiteach agus na gcreat idir-inoibritheachta;

(e)

rochtain éasca ar theicneolaíochtaí digiteacha a thástáil agus a úsáid ar bhonn píolótach a chur ar fáil don earnáil phoiblí agus d’earnáil tionsclaíochta an Aontais, go háirithe do FBManna agus úsáid na dteicneolaíochtaí sin, lena n-áirítear an úsáid a bhaintear astu ar bhonn trasteorann, a mhéadú;

(f)

tacú leis an earnáil phoiblí agus le hearnáil tionsclaíochta an Aontais, go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, ardteicneolaíochtaí digiteacha agus teicneolaíochtaí gaolmhara, lena n-áirítear go háirithe HPC, IS, an chibearshlándáil, teicneolaíochtaí ceannródaíocha eile agus teicneolaíochtaí a bheidh ag teacht chun cinn amach anseo, amhail teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte (e.g. blocshlabhra), a ghlacadh;

(g)

tacú le dearadh, tástáil, cur chun feidhme, agus cur chun úsáide agus cothabháil na réiteach digiteach idir-inoibritheach, lena n-áirítear réitigh rialtais dhigitigh, le haghaidh seirbhísí poiblí ar leibhéal an Aontais, ar réitigh iad a sholáthraítear trí ardán réiteach in-athúsáidte sonraí-bhunaithe arb é is aidhm dó nuálaíocht a chothú agus creataí comhchoiteanna a bhunú chun an leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na seirbhísí a chuireann lucht riaracháin phoiblí ar fáil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí;

(h)

acmhainneacht leanúnach a áirithiú ar leibhéal an Aontais chun ceannaireacht a thabhairt san fhorbairt dhigiteach, sa bhreis ar bhreathnú ar threochtaí digiteacha mearathraitheacha, anailís a dhéanamh orthu agus dul in oiriúint dóibh, agus na cleachtais is fearr a chomhroinnt agus a phríomhshruthú;

(i)

tacú le comhar chun éiceachóras Eorpach a bhunú le haghaidh bonneagair iontaofa comhroinnte sonraí agus bonneagair iontaofa dhigiteacha a úsáideann, inter alia, seirbhísí agus feidhmchláir atá bunaithe ar theicneolaíochtaí mórleabhar dáilte (e.g. blocshlabhra), lena n-áirítear tacaíocht don idir-inoibritheacht agus caighdeánú agus lena gcothófar feidhmchláir thrasteorann de chuid an Aontais a chur chun úsáide bunaithe ar shlándáil agus ar phríobháideachas trí dhearadh, agus an reachtaíocht maidir le cosaint tomhaltóirí agus leis an gcosaint sonraí á comhlíonadh;

(j)

na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha agus an líonra a ghabhann leo a mhéadú agus a neartú.

2.   Is trí bhainistíocht dhíreach, go príomha, a chuirfear chun feidhme na gníomhaíochtaí faoi Chuspóir Sonrach 5.

Airteagal 9

Buiséad

1.   Is é EUR 7 588 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

2.   Is é seo a leanas a bheidh i ndáileadh táscach an mhéid dá dtagraítear i mír 1:

(a) EUR 2 226 914 000 le haghaidh Chuspóir Sonrach 1

    an Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta;

(b) EUR 2 061 956 000 le haghaidh Chuspóir Sonrach 2

    an Intleacht Shaorga;

(c) EUR 1 649 566 000 le haghaidh Chuspóir Sonrach 3

    an Chibearshlándáil agus Iontaoibh;

(d) EUR 577 347 000 le haghaidh Chuspóir Sonrach 4

    Ardscileanna Digiteacha;

(e) EUR 1 072 217 000 le haghaidh Chuspóir Sonrach 5

    Cur Chun Úsáide agus Úsáid is Fearr na nAcmhainneachtaí Digiteacha agus Idir-inoibritheachta.

3.   Chomh maith leis sin, féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear trí chórais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha a úsáid.

4.   Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí ar faide ná aon bhliain airgeadais amháin a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta.

5.   Féadfar na hacmhainní arna leithdháileadh ar na Ballstáit faoi bhainistíocht roinnte a aistriú, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, chuig an gClár, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san fhoráil ábhartha de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027, lena n-áirítear chun críche na deontais a dhámhtar ar ghníomhaíocht a chomhlánú, suas go 100 % den chostas iomlán incháilithe i gcás inar féidir sin, gan dochar do phrionsabal an chómhaoinithe a leagtar síos in Airteagal 190 den Rialachán Airgeadais agus gan dochar do na rialacha maidir le Státchabhair. Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann.

6.   I gcás nach bhfuil gealltanas dlíthiúil tugtha ag an gCoimisiún faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach le haghaidh acmhainní arna n-aistriú i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo, féadfar na hacmhainní comhfhreagracha nár gealladh a aistriú ar ais chuig clár foinseach amháin nó níos mó faoi seach, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach san fhoráil ábhartha de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027.

7.   I gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a shonraítear sa chinneadh maoiniúcháin agus ar feadh tréimhse theoranta, féadfar gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin Rialachán seo agus na costais fholuiteacha a mheas a bheith incháilithe amhail ón 1 Eanáir 2021, fiú más rud é gur cuireadh chun feidhme iad agus gur tabhaíodh iad sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.

Airteagal 10

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

1.   Féadfaidh na tríú tíortha seo a leanas a bheith rannpháirteach sa Chlár trí chomhlachas nó trí chomhlachas páirteach, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3:

(a)

comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

(b)

tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach nó i gcomhaontuithe comhchosúla agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(c)

tíortha de Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach nó i gcomhaontuithe comhchosúla agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(d)

tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas maidir leis an gcomhaontú:

(i)

áirithítear leis cothromaíocht chóir a mhéid a bhaineann le ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach i gcláir an Aontais;

(ii)

leagtar síos leis coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sna cláir, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair, agus costais riaracháin na gclár;

(iii)

ní thugtar don tríú tír leis aon chumhacht chinnteoireachta i ndáil le clár an Aontais;

(iv)

ráthaítear leis cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint;

Ioncaim shannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (d)(ii) den chéad fhomhír.

2.   Ní dochar comhlachas nó comhlachas páirteach tríú tíortha leis an gClár d’Airteagal 12(5).

Airteagal 11

Comhar idirnáisiúnta

1.   Féadfaidh an tAontas oibriú i gcomhar le tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 10, le tríú tíortha eile agus le heagraíochtaí nó comhlachtaí idirnáisiúnta atá bunaithe sna tíortha sin, go háirithe faoi chuimsiú na Comhpháirtíochta Eora-Mheánmhara agus Chomhpháirtíocht an Oirthir agus le tíortha comharsanachta, go háirithe iad sin i réigiúin na mBalcán Thiar agus na Mara Duibhe. Gan dochar d’Airteagal 18, ní chumhdófar costais ghaolmhara arna dtabhú faoin gClár.

2.   Comhar le tríú tíortha agus eagraíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i dtaca le Cuspóirí Sonracha 1, 2 agus 3, beidh sé faoi réir Airteagal 12.

Airteagal 12

Slándáil

1.   Leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gClár, comhlíonfar na rialacha slándála is infheidhme, lena n-áirítear dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta agus go háirithe maidir le cosaint na faisnéise rúnaicmithe ar nochtadh neamhúdaraithe. I gcás gníomhaíochtaí a dhéantar lasmuigh den Aontas a úsáideann nó a ghineann faisnéis rúnaicmithe, sa bhreis ar na ceanglais thuasluaite a chomhlíonadh, beidh gníomhaíochtaí den sórt sin faoi réir comhaontú maidir le slándáil arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír ina ndéantar an ghníomhaíocht.

2.   I gcás inarb iomchuí, áireofar ar na tograí agus tairiscintí atá le tíolacadh ag iarratasóirí féinmheasúnú slándála lena sainaithnítear aon saincheist slándála agus lena sonraítear an dóigh a dtabharfar aghaidh ar na saincheisteanna sin chun dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta a chomhlíonadh.

3.   I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún nó an comhlacht ar a gcuirtear de chúram an Clár a chur chun feidhme athbhreithniú slándála maidir le tograí le haghaidh cistiú arna dtíolacadh ag iarratasóirí a bhfuil saincheisteanna slándála ag baint leo.

4.   I gcás inarb iomchuí, leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gClár, comhlíonfar Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (26) agus na rialacha lena gcuirtear an Cinneadh sin chun feidhme.

5.   Leis an gclár oibre, féadfar a fhoráil freisin nach bhfuil eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtíortha comhlachaithe agus eintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas ach atá á rialú ó thríú tíortha incháilithe chun bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí ar fad, nó i gcuid díobh, faoi Chuspóir Sonrach 3 ar chúiseanna slándála a bhfuil údar cuí leo. I gcásanna den sórt sin, teorannófar tograí agus glaonna ar thairiscintí d’eintitis dhlítheanacha atá bunaithe nó a mheastar a bheith bunaithe sna Ballstáit agus atá á rialú ag na Ballstáit nó náisiúnaigh de chuid na mBallstát.

6.   I gcás ina bhfuil údar cuí leis ar chúiseanna slándála, féadfar a fhoráil sa chlár oibre freisin nach bhféadfar eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtíortha comhlachaithe agus eintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas ach atá á rialú ó thríú tíortha a bheith incháilithe chun bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí ar fad, nó i gcuid díobh, faoi Chuspóirí Sonracha 1 agus 2 ach amháin má chomhlíonann siad na ceanglais atá le comhlíonadh ag na heintitis dhlítheanacha sin chun a ráthú go gcosnófar leasanna bunúsacha slándála an Aontais agus na mBallstát agus chun a áirithiú go gcosnófar an fhaisnéis rúnaicmithe faoi dhoiciméid. Leagfar na ceanglais sin amach sa chlár oibre.

7.   I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún nó an comhlacht ar a gcuirtear de chúram an Clár a chur chun feidhme seiceálacha slándála. Maidir le cistiú le haghaidh gníomhaíochtaí nach gcomhlíonann na ceanglais slándála dá dtagraítear san Airteagal seo, féadfar iad a fhionraí, a fhoirceannadh nó a laghdú tráth ar bith, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

Airteagal 13

Sineirgíochtaí le cláir eile de chuid an Aontais

1.   Leis an gClár, éascófar sineirgíochtaí le cláir eile de chuid an Aontais, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn III, go háirithe trí shocruithe le haghaidh cistiú forlíontach ó chláir an Aontais i gcás ina gceadófar sin leis na socruithe bainistíochta. Féadfar cistiú ó chláir eile a chur chun úsáide i seicheamh, ar bhealach malartaithe, nó trí na cistí a chur le chéile, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a chomhchistiú. Agus é ag giaráil ghné chomhlántach an Chláir le cláir eile de chuid an Aontais, áiritheoidh an Coimisiún nach gcuirfear bac ar bhaint amach na gcuspóirí sonracha.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún comhsheasmhacht agus comhlántacht fhoriomlán an Chláir le beartais agus cláir ábhartha an Aontais i gcomhar leis na Ballstáit. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún bunú sásraí iomchuí le haghaidh comhordú idir údaráis ábhartha agus idir údaráis den sórt sin agus an Coimisiún a éascú, agus bunóidh sé na huirlisí faireacháin iomchuí chun sineirgíochtaí idir an Clár agus aon ionstraimí cistiúcháin ábhartha de chuid an Aontais a áirithiú go córasach. Leis na socruithe dá dtagraítear i mír 1, cuideofar le dúbailtí a sheachaint agus le tionchar dearfach an chaiteachais a uasmhéadú.

Airteagal 14

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.   Is faoi bhainistíocht dhíreach a chuirfear an Clár chun feidhme, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, nó is faoi bhainistíocht indíreach a chuirfear chun feidhme é trí chúraimí cur chun feidhme áirithe a chur ar iontaoibh na gcomhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais, i gcomhréir le hAirteagail 4 go 8 den Rialachán seo. Ní fhéadfaidh na comhlachtaí ar a gcuirtear de chúram an Clár a chur chun feidhme imeacht ó na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh a leagtar síos sa Rialachán seo ach amháin i gcás ina ndéantar foráil maidir le himeacht den sórt sin sa ghníomh dlí lena mbunaítear na comhlachtaí sin nó lena gcuirtear cúraimí cur chun feidhme buiséid ar a n-iontaoibh nó, le haghaidh na gcomhlachtaí dá dtagraítear i bpointí (c)(ii), (iii) nó (v) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais, i gcás ina ndéantar foráil maidir le himeacht den sórt sin sa chomhaontú ranníocaíochta agus má éilítear sin i ngeall ar riachtanais oibríochtúla shonracha comhlachtaí den sórt sin nó ar chineál na gníomhaíochta.

2.   Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin a bheith in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, lena n-áirítear go háirithe trí sholáthar mar phríomhfhoirm nó deontais agus duaiseanna.

I gcás inar gá earraí agus seirbhísí nuálacha a sholáthar chun cuspóir gníomhaíochta a bhaint amach, ní fhéadfar deontais a dhámhachtain ach ar thairbhithe ar údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha iad mar a shainmhínítear i dTreoracha 2014/24/AE (27) agus 2014/25/AE (28) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

I gcás inar gá earraí nó seirbhísí nuálacha nach bhfuil ar fáil fós ar bhonn tráchtála ar scála mór a sholáthar chun cuspóirí gníomhaíochta a bhaint amach, féadfaidh an t-údarás conarthach nó an t-eintiteas conarthach dámhachtain conarthaí iomadúla a údarú laistigh den nós imeachta soláthair céanna.

Ar chúiseanna slándála poiblí a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an t-údarás conarthach nó an t-eintiteas conarthach a éileamh go mbeadh áit feidhmíochta an chonartha lonnaithe laistigh de chríoch an Aontais.

Féadfar maoiniú a sholáthar ón gClár freisin i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha.

3.   Le ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh, féadfar an baol a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach iad faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2021/… (*5).

Airteagal 15

Comhpháirtíochtaí Eorpacha

Féadfar an Clár a chur chun feidhme trí Chomhpháirtíochtaí Eorpacha agus faoin bpleanáil straitéiseach idir an Coimisiún agus na Ballstáit, dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2021/… (*5). Féadfar a áireamh le cur chun feidhme den sórt sin ranníocaíochtaí le comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha atá ann cheana nó cinn nua i bhfoirm comhghnóthais arna mbunú faoi Airteagal 187 CFAE. Maidir leis na ranníocaíochtaí sin, beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin sin a bhaineann le Comhpháirtíochtaí Eorpacha.

Airteagal 16

Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha

1.   Bunófar líonra tosaigh de Mhoil Nuálaíochta Digití Eorpacha le linn na chéad bhliana de chur chun feidhme an Chláir. Sa líonra tosaigh sin, beidh mol amháin ar a laghad in aghaidh an Bhallstáit, ach amháin i gcás nach féidir aon iarrathóir i mBallstát ar leith a ainmniú agus a roghnú i gcomhréir le míreanna 2 agus 3.

2.   Chun an líonra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a bhunú, ainmneoidh gach Ballstát eintitis is iarrthóirí i gcomhréir lena nósanna imeachta náisiúnta agus lena struchtúir riaracháin agus institiúideacha trí phróiseas oscailte iomaíoch, ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

(a)

na hinniúlachtaí iomchuí a bhaineann le gníomhaíochtaí na Mol Nuálaíochta Digití Eorpach dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo agus inniúlachtaí i réimse amháin nó i roinnt réimsí a shainaithnítear in Airteagal 3(2);

(b)

an acmhainneacht bainistíochta, an fhoireann agus an bonneagar iomchuí is gá chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo a dhéanamh;

(c)

an cumas dlíthiúil agus oibríochtúil chun na rialacha riaracháin, conarthacha agus bainistíochta airgeadais atá leagtha síos ar leibhéal an Aontais a chur i bhfeidhm; agus

(d)

an inmharthanacht airgeadais iomchuí a chomhfhreagraíonn do leibhéal na gcistí ón Aontas a n-iarrfar air iad a bhainistiú agus a léirítear, i gcás inarb iomchuí, trí ráthaíochtaí a eisíonn údarás poiblí más féidir.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinntí a ghlacadh maidir le roghnú na n-eintiteas a bheidh sa líonra tosaigh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 31(2). Tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar thuairim gach Ballstáit sula roghnófar Mol Nuálaíochta Digití Eorpach ar a chríoch.

Is é an Coimisiún a roghnóidh na heintitis ó eintitis is iarrthóirí arna n-ainmniú ag na Ballstáit ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus na gcritéar breise seo a leanas:

(a)

an buiséad atá ar fáil chun an líonra tosaigh a mhaoiniú; agus

(b)

an gá atá ann go n-áiritheofar leis an líonra tosaigh go gcumhdófar riachtanais na hearnála tionsclaíochta agus na réimsí a bhaineann le leas an phobail agus go n-áiritheofar cumhdach cuimsitheach cothrom geografach chun feabhas a chur ar an gcóineasú idir Ballstáit a thairbhíonn den Chiste Comhtháthaithe a bunaíodh le Rialachán CFRE-CC le haghaidh 2021-2027 agus na Ballstáit eile, mar shampla chun an bhearna dhigiteach a dhúnadh ó thaobh na geografaíochta de.

4.   Más gá, tar éis próiseas oscailte iomaíoch, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinntí a ghlacadh maidir le roghnú na n-eintiteas arb iad a chomhdhéanann Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha bhreise. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 31(2).

Tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar thuairim gach Ballstáit sula roghnófar Mol Nuálaíochta Digití Eorpach ar a chríoch.

Roghnóidh an Coimisiún Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha bhreise ar bhealach lena n-áiritheofar cumhdach geografach leathan ar fud na hEorpa. Beidh líon na n-eintiteas sa líonra leordhóthanach chun freastal ar an éileamh ar sheirbhísí na mol sna Ballstáit ar leith. Chun aghaidh a thabhairt ar na srianta sonracha atá ar na réigiúin is forimeallaí de chuid an Aontais, féadfar eintitis shonracha a ainmniú chun riachtanais réigiún den sórt sin a chumhdach.

5.   Beidh neamhspleáchas foriomlán suntasach ag na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha chun a n-eagar, a gcomhdhéanamh agus a modhanna oibre a leagan síos.

6.   Maidir le cur chun feidhme an Chláir, déanfaidh na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha na gníomhaíochtaí seo a leanas a rachaidh chun sochair d’earnáil tionsclaíochta an Aontais, go háirithe do FBManna agus do chuideachtaí meánchaipitlithe, chomh maith leis an earnáil phoiblí:

(a)

feasacht a ardú agus rochtain a sholáthar nó a áirithiú ar shaineolas claochlaithe dhigitigh, fios gnó agus seirbhísí, lena n-áirítear saoráidí tástála agus turgnamhaíochta;

(b)

cuidiú le gnólachtaí, go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, eagraíochtaí agus lucht riaracháin phoiblí a bheith níos iomaíche agus chun feabhas a chur ar a gcuid samhlacha gnó trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua atá cumhdaithe faoin gClár;

(c)

aistriú saineolais agus feasa gnó idir réigiúin a éascú, go háirithe trí FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus cuideachtaí meánchaipitlithe atá bunaithe i réigiún amháin a mheaitseáil le Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha atá bunaithe i réigiúin eile is oiriúnaí le seirbhísí ábhartha a sholáthar; malartú scileanna agus eolais, comhthionscnaimh agus dea-chleachtais a spreagadh;

(d)

rochtain ar sheirbhísí téamacha, go háirithe seirbhísí a bhaineann le IS, HPC agus an chibearshlándáil agus iontaoibh, a sholáthar nó a áirithiú don lucht riaracháin phoiblí, eagraíochtaí san earnáil phoiblí, FBManna nó cuideachtaí meánchaipitlithe;

(e)

tacaíocht airgeadais a sholáthar do thríú páirtithe faoi Chuspóir Sonrach 4.

Chun críocha phointe (d) den cheád fhomhír, féadfar speisialtacht i seirbhísí téamacha ar leith a bheith ag Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha agus ní bheidh sé de cheangal orthu na seirbhísí téamacha ar fad a sholáthar ná na seirbhísí sin a sholáthar do na catagóirí eintiteas ar fad dá dtagraítear sa mhír seo.

7.   I gcás ina bhfaighidh Mol Nuálaíochta Digití Eorpach cistiú faoin gClár, beidh an cistiú sin i bhfoirm deontas.

CAIBIDIL II

INCHÁILITHEACHT

Airteagal 17

Gníomhaíochtaí incháilithe

1.   Ní bheidh ach gníomhaíochtaí a rannchuidíonn leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagail 3 go 8 a bhaint amach incháilithe chun cistiú a fháil.

2.   Na critéir incháilitheachta maidir le gníomhaíochtaí atá le déanamh faoin gClár, leagfar amach sna cláir oibre iad.

Airteagal 18

Eintitis dhlítheanacha incháilithe

1.   Beidh na heintitis dhlítheanacha seo a leanas incháilithe chun bheith rannpháirteach sa Chlár:

(a)

eintitis dhlítheanacha atá bunaithe in aon cheann de na nithe seo a leanas:

(i)

Ballstát nó tír nó críoch thar lear atá bainteach le Ballstát;

(ii)

tríú tír atá comhlachaithe leis an gClár i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 12;

(b)

aon eintiteas dlítheanach eile a cruthaíodh faoi dhlí an Aontais agus aon eagraíocht idirnáisiúnta a bhfuil leas Eorpach aici.

2.   De mhaolú ar mhír 1, beidh eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár incháilithe chun bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí sonracha i gcás ina mbeidh a rannpháirtíocht riachtanach chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach. Seasfaidh eintitis den sórt sin an costas a bhaineann lena rannpháirtíocht mura sonraítear a mhalairt sna cláir oibre.

3.   Ní bheidh daoine nádúrtha incháilithe chun bheith rannpháirteach sa Chlár, seachas i gcás deontais arna ndámhachtain faoi Chuspóir Sonrach 4.

4.   Féadfar a fhoráil leis an gclár oibre dá dtagraítear in Airteagal 24 go dteorannófar rannpháirtíocht go tairbhithe atá bunaithe i mBallstáit amháin, nó go tairbhithe atá bunaithe i mBallstáit agus i dtíortha comhlachaithe sonracha nó i dtríú tíortha eile, i gcás ina bhfuil cúiseanna slándála le haghaidh teorannú den sórt sin nó i gcás ina mbaineann na gníomhaíochtaí go díreach le huathriail straitéiseach an Aontais. Le haon teorannú a chuirfear le rannpháirtíocht na n-eintiteas dlítheanach a bhunaítear i dtíortha comhlachaithe, comhlíonfar téarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe ábhartha.

CAIBIDIL III

DEONTAIS

Airteagal 19

Deontais

Dámhfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais agus féadfar suas le 100 % de na costais incháilithe a chumhdach leo, gan dochar do phrionsabal an chómhaoinithe a leagtar síos in Airteagal 190 den Rialachán Airgeadais. Dámhfar agus bainisteofar deontais den sórt sin mar a shonraítear le haghaidh gach cuspóra shonraigh.

Airteagal 20

Critéir dhámhachtana

1.   Leagfar na critéir dhámhachtana amach sna cláir oibre agus sna glaonna ar thograí, agus na heilimintí seo a leanas, ar a laghad, á gcur san áireamh:

(a)

aibíocht na gníomhaíochta i bhforbairt an tionscadail;

(b)

fóntacht an phlean cur chun feidhme atá á bheartú;

(c)

an gá atá le constaicí airgeadais a shárú, amhail easpa airgeadais margaidh.

2.   I gcás inarb infheidhme, cuirfear na heilimintí seo a leanas san áireamh sna critéir dhámhachtana:

(a)

an éifeacht spreagtha atá ag tacaíocht ón Aontas ar infheistíocht phoiblí agus phríobháideach;

(b)

an tionchar eacnamaíoch agus sóisialta agus an tionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a mbeifear ag súil leis;

(c)

inrochtaineacht agus éascaíocht rochtana ar sheirbhísí faoi seach;

(d)

gné thras-Eorpach;

(e)

dáileadh geografach cothrom ar fud an Aontais, lena n-áirítear an bhearna dhigiteach ó thaobh na geografaíochta de a dhúnadh, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí;

(f)

plean inbhuanaitheachta fadtéarma a bheith ann;

(g)

an tsaoirse torthaí na dtionscadal a athúsáid agus a oiriúnú;

(h)

sineirgíochtaí agus comhlántachtaí le cláir eile de chuid an Aontais.

Airteagal 21

Meastóireacht

I gcomhréir le hAirteagal 150 den Rialachán Airgeadais, is coiste meastóireachta, a fhéadfar a bheith comhdhéanta go hiomlán nó i bpáirt de shaineolaithe seachtracha neamhspleácha, a dhéanfaidh meastóireacht ar na hiarratais ar dheontais.

CAIBIDIL IV

OIBRÍOCHTAÍ MEASCTHA AGUS CISTIÚ COMHCHEANGAILTE EILE

Airteagal 22

Oibríochtaí measctha

Is i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/… (*6) agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais a dhéanfar oibríochtaí measctha faoin gClár.

Airteagal 23

Cistiú carnach agus malartach

1.   Gníomhaíocht ar tugadh ranníocaíocht dó ó chlár eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear chistí faoi bhainistíocht roinnte, féadfar ranníocaíocht a thabhairt dó freisin faoin gClár, ar choinníoll nach gcumhdaítear na costais chéanna leis na ranníocaíochtaí. Beidh feidhm ag rialacha chlár ábhartha an Aontais maidir leis an ranníocaíocht chomhfhreagrach leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

2.   Chun dearbhú Séala Barr Feabhais a fháil faoin gClár, comhlíonfaidh gníomhaíochtaí na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin gClár;

(b)

comhlíonann siad íoscheanglais cháilíochta an ghlao sin ar thograí;

(c)

ní mhaoinítear iad faoin nglao sin ar thograí i ngeall ar shrianta buiséadacha.

I gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027, féadfaidh CFRE nó CSE+ tacú le tograí a chuirtear isteach le haghaidh glao ar thograí faoin gClár, tograí ar bronnadh Séala Barr Feabhais orthu i gcomhréir leis an gClár.

CAIBIDIL V

CLÁRSCEIDEALÚ, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ

Airteagal 24

Cláir oibre

1.   Cuirfear an Clár chun feidhme trí bhíthin cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais.

2.   Glacfar cláir oibre, i bprionsabal, mar chláir ilbhliantúla gach 2 bhliain de ghnáth, agus cumhdófar leo cuspóirí ginearálta an Chláir chomh maith le cuspóir sonrach amháin nó níos mó. Má bhíonn údar leis i ngeall ar riachtanais cur chun feidhme shonracha, is féidir iad a ghlacadh freisin mar chláir bhliantúla.

3.   Beidh cláir oibre comhsheasmhach le cuspóirí sonracha an Chláir, mar a leagtar amach in Airteagail 4 go 8, agus na réimsí agus na cineálacha gníomhaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I á gcur san áireamh ag an am céanna freisin. Áiritheofar leo nach bplódófar an maoiniú príobháideach leis na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ar an gcaoi sin.

4.   Chun athruithe teicneolaíocha agus forbairtí sa mhargadh a léiriú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30 chun Iarscríbhinn I a leasú i dtaca leis na gníomhaíochtaí a leagtar amach inti ar bhealach atá comhsheasmhach le cuspóirí sonracha an Chláir, mar a leagtar amach in Airteagail 4 go 8.

5.   Leagfar amach leis na cláir oibre, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha.

6.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na cláir oibre a ghlacadh le haghaidh Chuspóirí Sonracha 2, 4 agus 5 agus le haghaidh gníomhaíochtaí eile a d’fhéadfadh a bheith faoi bhainistiú díreach le haghaidh Chuspóirí Sonracha 1 agus 3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 31(2).

Airteagal 25

Faireachán agus tuairisciú

1.   Leagtar amach in Iarscríbhinn II na táscairí intomhaiste chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chláir agus tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2).

2.   Bunóidh an Coimisiún modheolaíocht chun foráil a dhéanamh maidir le táscairí i gcomhair measúnú cruinn a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le baint amach na gcuspóirí ginearálta a leagtar síos in Airteagal 3(1).

3.   Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dul chun cinn an Chláir maidir le baint amach a chuspóirí, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30 chun Iarscríbhinn II a leasú i dtaca leis na táscairí intomhaiste, i gcás ina meastar gur gá sin, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

4.   Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an Chláir ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil chun go mbeidh na torthaí oiriúnach do mhionanailís ar an dul chun cinn atá déanta agus ar na deacrachtaí a bhí ann.

Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus, i gcás inar gá, ar Bhallstáit.

5.   Bainfear an úsáid is mó as staidreamh oifigiúil AE, amhail suirbhéanna staidrimh rialta ar TFC, mar tháscairí comhthéacs. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le hinstitiúidí náisiúnta staidrimh agus tabharfaidh sé rannpháirt dóibh, in éineacht le Eurostat, i dtaca le dearadh tosaigh na dtáscairí staidrimh a úsáidfear chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chláir agus ar dhul chun cinn a dhéanfar maidir leis an gclaochlú digiteach, agus i dtaca leis an bhforbairt a dhéanfar ar na táscairí staidrimh sin ina dhiaidh sin.

Airteagal 26

Meastóireacht ar an gClár

1.   Déanfar meastóireachtaí ar an gClár sa dóigh agus go gcuireann siad leis an bpróiseas cinnteoireachta go tráthúil. Beidh measúnú cáilíochtúil iontu ar an dul chun cinn maidir le baint amach na gcuspóirí ginearálta an Chláir a leagtar síos in Airteagal 3.

2.   Sa bhreis ar fhaireachán rialta a dhéanamh ar an gClár, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht eatramhach ar an gClár, rud a dhéanfar nuair a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil maidir lena chur chun feidhme, ach tráth nach déanaí ná 4 bliana tar éis thosach chur chun feidhme an Chláir. Beidh an mheastóireacht eatramhach mar bhonn chun cur chun feidhme an Chláir a choigeartú, de réir mar is iomchuí, agus forbairtí nua teicneolaíocha ábhartha á gcur san áireamh freisin.

3.   Ag deireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár.

Déanfar measúnú sa mheastóireacht deiridh ar thionchair fhadtéarmacha an Chláir agus ar a inbhuanaitheacht.

4.   Áiritheofar leis an gcóras tuairiscithe meastóireachta go mbaileoidh faighteoirí cistí ón Aontas na sonraí chun meastóireacht a dhéanamh ar an gclár ar bhealach atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil, agus ar an leibhéal iomchuí gráinneachta.

5.   Cuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht eatramhach dá dtagraítear i mír 2 agus an mheastóireacht deiridh dá dtagraítear i mír 3 faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún.

Airteagal 27

Iniúchtaí

1.   Iniúchtaí ar úsáid na ranníocaíochta ón Aontas arna ndéanamh ag daoine nó eintitis, lena n-áirítear daoine nó eintitis seachas iad sin ar thug institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais sainordú dóibh, is iad sin a bheidh mar bhonn leis an gcinnteacht fhoriomlán de bhun Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais.

2.   Áiritheofar leis an gcóras rialaithe go mbeidh cothromaíocht iomchuí ann idir iontaoibh agus rialú, agus costais riaracháin agus costais eile a bhaineann le rialú ar gach leibhéal á gcur san áireamh.

3.   Déanfar iniúchtaí ar chaiteachas ar bhealach comhsheasmhach i gcomhréir le prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta.

4.   Mar chuid den chóras rialaithe, féadfar an straitéis iniúchta a bhunú ar iniúchadh airgeadais a dhéanfar ar shampla ionadaíoch den chaiteachas. Comhlánófar an sampla ionadaíoch sin le rogha bunaithe ar mheasúnú ar na rioscaí a bhaineann leis an gcaiteachas.

5.   Gníomhaíochtaí a fhaigheann cistiú carnach ó chláir éagsúla de chuid an Aontais, ní dhéanfar ach iniúchadh amháin orthu, lena gcumhdófar na cláir uile lena mbaineann agus a gcuid rialacha is infheidhme.

Airteagal 28

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun comhaontú idirnáisiúnta nó ar bhonn aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áiritheofar sna cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

Airteagal 29

Faisnéis, cumarsáid, poiblíocht, tacaíocht beartais agus scaipeadh

1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe ón Aontas, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do lucht spéise iomadúil, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

2.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, leis na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun an Chláir agus leis na torthaí a baineadh amach. Áiritheoidh an Coimisiún freisin go soláthrófar faisnéis chomhtháite agus go rachaidh sí chomh fada le hiarratasóirí ionchasacha ar chistiú an Aontais san earnáil dhigiteach.

Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an gClár ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorparáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

3.   Leis an gClár seo, soláthrófar tacaíocht d’fhorbairt beartais, for-rochtain, ardú feasachta agus scaipeadh gníomhaíocht a bhaineann leis an gClár agus cuirfear chun cinn an comhar agus malartú taithí sna réimsí dá dtagraítear in Airteagail 4 go 8.

CAIIDIL VI

GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE, GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME AGUS FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 30

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 24(4) agus Airteagal 25(3) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 24(4) agus Airteagal 25(3) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 24(4) agus Airteagal 25(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 31

An nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste Comhordúcháin um an gClár don Eoraip Dhigiteach cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 32

Aisghairm

Aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 33

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de na gníomhaíochtaí sin, ná do mhodhnú na mbeart sin, arna dtionscnamh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29) agus Cinneadh (AE) Uimh. 2015/2240, ar Rialachán é agus ar Cinneadh é a leanfaidh d’fheidhm a bheith acu maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.   Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir na costais theicniúla agus cúnaimh riaracháin is gá a chumhdach chun an t-aistriú idir an Clár agus na bearta arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 agus Cinneadh (AE) 2015/2240 a áirithiú.

3.   Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil i mbuiséad an Aontais tar éis 2027 chun na costais dá bhforáiltear in Airteagal 9(4) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig a bhainistiú.

Airteagal 34

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, …

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 292.

(2)  IO C 86, 7.3.2019, lch. 272.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 16 Márta 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  IO L 433I, 22.12.2020, lch. 28.

(5)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).

(6)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(9)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(10)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(11)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(12)  Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir leis na tíortha agus na críocha thar lear a chomhlachú leis an Aontas Eorpach (“an Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear”) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

(13)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(14)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(15)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(16)  Rialachán (AE) 2021/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO…, …, lch. …).

(*1)  Uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad ST 7064/20 (2018/0224(COD)).

(17)  Rialachán (AE) 2021/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L …, 26.3.2021, lch. …).

(*2)  An Rialachán atá i ndoiciméad PE-CONS 74/20 (2020/0108(COD)).

(*3)  Uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad PE-CONS 74/20 (2020/0108(COD)).

(18)  Rialachán 2018/1488 (AE) ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear lena an Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach (IO L 252, 8.10.2018, lch. 1).

(19)  Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).

(20)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(21)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(23)  Cinneadh (AE) 2015/2240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena mbunaítear clár um réitigh idir-inoibritheachta agus creataí comhchoiteanna do lucht riaracháin phoiblí, do ghnólachtaí agus do shaoránaigh na hEorpa (Clár ISA2) mar mhodh leis an earnáil phoiblí a nuachóiriú a aisghairm (IO L 318, 4.12.2015, lch. 1).

(*4)  Uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad ST 7064/20 (2018/0224(COD)).

(24)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(25)  Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta chun leibhéal ard slándála líonra agus córas faisnéise a áirithiú ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).

(26)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

(27)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(28)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

(*5)  Uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad ST 7064/2020 (2018/0224(COD)).

(*6)  Uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad PE-CONS 74/20 (2020/0108(COD)).

(29)  Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir le treoirlínte le haghaidh gréasán tras-Eorpach i réimse an bhonneagair teileachumarsáide agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1336/97/CE (IO L 86, 21.3.2014, lch. 14).


IARSCRÍBHINN I

GNÍOMHAÍOCHTAÍ

Tuairisc theicniúil ar an gClár: raon feidhme na ngníomhaíochtaí

Cuirfear gníomhaíochtaí tosaigh an Chláir agus, i gcás inarb iomchuí, bearta an Chláir ina dhiaidh sin chun feidhme i gcomhréir leis an tuaraisc theicniúil seo a leanas:

Cuspóir Sonrach 1 – an Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta

Leis an gClár, cuirfear an straitéis Eorpach maidir le HPC chun feidhme trí thacú le héiceachóras iomlán de chuid an Aontais lena soláthraítear na cumais HPC agus sonraí riachtanacha chun go mbeidh an Eoraip iomaíoch ar an leibhéal domhanda. Is é is aidhm don straitéis bonneagar HPC agus sonraí den chéad scoth a chur chun úsáide ag a mbeidh cumais eicsea-scála idir 2022 agus 2023, agus ag a mbeidh saoráidí iar-eicsea-scála idir 2026 agus 2027 chun soláthar neamhspleách iomaíoch i dtaca le teicneolaíocht HPC dá chuid féin a chur ar fáil don Aontas, barr feabhais a bhaint amach maidir le feidhmchláir HPC agus infhaighteacht agus úsáid HPC a leathnú.

Áireofar ar na bearta tosaigh agus, i gcás inarb iomchuí, na gníomhaíochtaí ina dhiaidh sin faoin gcuspóir seo:

1.

Creat soláthair chomhpháirtigh lena gcumasaítear cur chuige comhdhearaidh le haghaidh líonra comhtháite HPC den chéad scoth a fháil, lena n-áirítear bonneagar sár-ríomhaireachta eicsea-scála agus sonraí a fháil. Beidh rochtain éasca ar an líonra sin ag úsáideoirí poiblí agus príobháideacha, go háirithe ag FBManna, gan beann ar an mBallstát ina bhfuil siad lonnaithe, agus beidh siad inrochtana go héasca chun críoch taighde, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1488.

2.

Creat soláthair chomhpháirtigh chun bonneagar sár-ríomhaireachta iar-eicsea-scála a fháil, lena n-áirítear an comhtháthú le teicneolaíochtaí ríomhaireachta candamaí.

3.

Comhordú agus acmhainní airgeadais leordhóthanacha ar leibhéal an Aontais chun tacú le bonneagar den sórt sin a fhorbairt, a sholáthar agus a oibriú.

4.

Acmhainneachtaí HPC agus sonraí na mBallstát a líonrú agus tacaíocht do na Ballstáit ar mian leo acmhainneachtaí HPC a uasghrádú nó acmhainneachtaí HPC nua a fháil.

5.

Lárionaid inniúlachtaí náisiúnta Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta a lionrú, ceann amháin ar a laghad in aghaidh an Bhallstáit agus iad bainteach lena lárionaid sár-ríomhaireachta náisiúnta chun seirbhísí HPC a chur ar fáil don earnáil tionsclaíochta, go háirithe FBManna, don lucht léinn agus don lucht riaracháin phoiblí.

6.

Teicneolaíocht oibríochtúil atá réidh le húsáid a chur chun úsáide, go háirithe an tsár-ríomhaireacht mar sheirbhís a eascraíonn ó thaighde agus nuálaíocht chun éiceachóras HPC comhtháite Eorpach a thógáil, lena gcuimsítear gach deighleog sa slabhra luacha eolaíoch agus tionsclaíoch (crua-earraí, bogearraí, feidhmchláir, seirbhísí, idirnaisc agus ardscileanna digiteacha).

Cuspóir Sonrach 2 – an Intleacht Shaorga

Leis an gClár, méadófar agus neartófar croí-acmhainneachtaí IS san Eoraip, lena n-áirítear acmhainní sonraí agus stórtha algartam, agus cuirfear rochtain orthu ar fáil do gach lucht riarachán poiblí agus gnólachtaí, agus déanfar saoráidí tástála agus turgnamhaíochta IS nuabhunaithe agus atá ann cheana sna Ballstáit a threisiú agus a líonrú.

Áireofar ar na bearta tosaigh agus, i gcás inarb iomchuí, na gníomhaíochtaí ina dhiaidh sin faoin gcuspóir seo:

1.

Spásanna coiteanna sonraí Eorpacha a chruthú lena gcuirfear rochtain ar shonraí ar fáil ar fud na hEorpa, lena n-áirítear faisnéis arna bailiú ó athúsáid faisnéise as an earnáil phoiblí, agus a bheidh ina bhfoinse ionchurtha sonraí le haghaidh réitigh IS. Ba cheart na spásanna a bheith oscailte don earnáil phoiblí agus don earnáil phríobháideach. Chun an úsáid a mhéadú, tá sonraí laistigh de spás le bheith idir-inoibritheach, go háirithe trí fhormáidí sonraí atá oscailte, inléite ag meaisíní, caighdeánaithe agus doiciméadaithe, maidir leis na hidirghníomhaíochtaí idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach araon, laistigh d’earnálacha agus trasna earnálacha (idir-inoibritheacht shéimeantach).

2.

Leabharlanna algartaim coiteanna Eorpacha nó comhéadain leabharlanna algartaim choiteanna Eorpacha a cheapadh a bheadh so-inrochtana d’úsáideoirí Eorpacha ionchasacha ar bhonn téarmaí córa réasúnacha neamh-idirdhealaitheacha. Tá gnólachtaí agus an earnáil phoiblí le bheith in ann cibé réiteach is fearr a d’oirfeadh dá riachtanais a aithint agus a fháil.

3.

Comhinfheistíocht leis na Ballstáit i saoráidí tagartha den chéad scoth chun tástálacha agus turgnaimh a dhéanamh san fhíorshaol ina ndírítear ar fheidhmeanna IS in earnálacha bunriachtanacha amhail an tsláinte, faireachán ar an domhan nó ar an gcomhshaol, an t-iompar agus an tsoghluaisteacht, an tslándáil, an mhonaraíocht agus an t-airgeadas, chomh maith le réimsí eile a bhaineann le leas an phobail. Tá na saoráidí sin le bheith ar oscailt do gach gníomhaí ar fud na hEorpa agus nasctha leis an líonra de Mhoil Nuálaíochta Digití Eorpacha. Tá na saoráidí sin le bheith feistithe nó nasctha le saoráidí móra ríomhaireachta agus láimhseála sonraí, chomh maith leis na teicneolaíochtaí IS déanaí, lena n-áirítear réimsí atá ag teacht chun cinn amhail an ríomhaireacht néaramorfach, an domhainfhoghlaim agus an róbataic.

Cuspóir Sonrach 3 – an Chibearshlándáil agus Iontaoibh

Leis an gClár, spreagfar treisiú, tógáil agus fáil acmhainneachtaí bunriachtanacha chun geilleagar digiteach, sochaí agus daonlathas an Aontais a áirithiú trí acmhainneacht thionsclaíoch agus iomaíochas cibearshlándála an Aontais a threisiú, agus trí chumais na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí araon a fheabhsú chun saoránaigh agus gnólachtaí a chosaint ar chibearbhagairtí, lena n-áirítear trí thacú le Treoir (AE) 2016/1148 a chur chun feidhme.

Áireofar ar na bearta tosaigh agus, i gcás inarb iomchuí, na gníomhaíochtaí ina dhiaidh sin faoin gcuspóir seo:

1.

Comhinfheistíocht leis na Ballstáit in ardtrealamh, ard-bhonneagair sonraí agus ardfhios gnó cibearshlándála atá riachtanach chun bonneagair ríthábhachtacha agus an Margadh Aonair Digiteach trí chéile a chosaint. D’fhéadfaí a áireamh le comhinfheistíocht den sórt sin infheistíochtaí i saoráidí candamacha agus acmhainní sonraí le haghaidh na cibearshlándála, feasacht staide sa chibearspás, chomh maith le huirlisí eile atá le cur ar fáil don earnáil phoiblí agus don earnáil phríobháideach ar fud na hEorpa.

2.

Na hacmhainneachtaí teicneolaíochta atá ann cheana a mhéadú agus na lárionaid inniúlachtaí sna Ballstáit a líonrú, agus a áirithiú go mbeidh na hacmhainneachtaí sin ag freastal ar riachtanais na hearnála poiblí agus na hearnála tionsclaíochta, lena n-áirítear trí tháirgí agus seirbhísí lena dtreisítear an chibearshlándáil agus iontaoibh laistigh den Mhargadh Aonair Digiteach.

3.

A áirithiú go gcuirfear réitigh éifeachtacha úrscothacha chibearshlándála agus iontaoibhe chun úsáide go forleathan ar fud na mBallstát. Áirítear ar chur chun úsáide den sórt sin slándáil agus sábháilteacht táirgí a neartú, óna ndearadh go dtí a dtráchtálú.

4.

Tacú leis an mbearna scileanna cibearshlándála a dhúnadh, mar shampla trí chláir scileanna cibearshlándála a ailíniú, trí na cláir sin a oiriúnú do riachtanais earnálacha ar leith agus trí rochtain ar oiliúint speisialaithe spriocdhírithe a éascú.

Cuspóir Sonrach 4 – Ardscileanna digiteacha

Leis an gClár, tacófar le rochtain éasca ar ardscileanna digiteacha agus ar dheiseanna oiliúna maidir leis na scileanna sin, go háirithe in HPC, anailísíocht olltiomsaithe sonraí, IS, teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte (e.g. blocshlabhra) agus an chibearshlándáil don lucht saothair reatha agus don lucht saothair amach anseo trí na modhanna chun na scileanna sin a fháil agus a fhorbairt a chur ar fáil, inter alia, do dhaltaí, céimithe nua, oibrithe reatha agus saoránaigh de gach aois ar gá dóibh uasoiliúint a fháil, gan beann ar an áit a bhfuil siad suite.

Áireofar ar na bearta tosaigh agus, i gcás inarb iomchuí, na gníomhaíochtaí ina dhiaidh sin faoin gcuspóir seo:

1.

Rochtain ar oiliúint ar an láthair oibre trí pháirt a ghlacadh i sealanna oiliúna i lárionaid inniúlachtaí agus i ngnólachtaí a chuireann ardteicneolaíochtaí digiteacha chun úsáide.

2.

Rochtain ar chúrsaí in ardteicneolaíochtaí digiteacha atá le bheith curtha ar fáil ag institiúidí ardoideachais, institiúidí taighde agus comhlachtaí deimhniúcháin gairmiúla san earnáil tionsclaíochta i gcomhar leis na comhlachtaí atá bainteach leis an gClár (meastar go n-áireofar ar na hábhair ann IS, an chibearshlándáil, teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte (e.g. blocshlabhra), HPC agus teicneolaíochtaí candamacha).

3.

Rannpháirtíocht i gcúrsaí oiliúna gairmiúla speisialaithe gearrthéarma a bheidh deimhnithe roimh ré, mar shampla i réimse na cibearshlándála.

Le hidirghabhálacha, díreofar ar ardscileanna digiteacha a bhaineann le teicneolaíochtaí sonracha.

Gníomhóidh na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha dá bhforáiltear in Airteagal 16 mar éascaitheoirí le haghaidh deiseanna oiliúna, trí idirchaidreamh a dhéanamh le soláthraithe oideachais agus oiliúna.

Cuspóir Sonrach 5 – Cur Chun úsáide agus Úsáid is Fearr na nAcmhainneachtaí Digiteacha agus Idir-inoibritheacht

Tionscadail leasa choitinn a bheidh i dtionscadail lena bhfreastalaítear ar chur chun úsáide agus úsáid is fearr na n-acmhainneachtaí digiteacha nó ar an idir-inoibritheacht.

I.

Áireofar ar na bearta tosaigh agus, i gcás inarb iomchuí, na gníomhaíochtaí ina dhiaidh sin faoin gcuspóir seo maidir le claochlú digiteach na réimsí a bhaineann le leas an phobail:

1.

Lucht riaracháin phoiblí a nuachóiriú:

1.1.

Tacú leis na Ballstáit i gcur chun feidhme phrionsabail Dhearbhú Thaillinn maidir le Ríomhrialtas i ngach réimse beartais, lena gcruthófar, i gcás inar gá, na clárlanna is gá agus lena ndéanfar iad a idirnascadh i gcomhréir go hiomlán le Rialachán (AE) 2016/679.

1.2.

Tacú le héiceachóras comhleanúnach de bhonneagar seirbhísí digiteacha trasteorann a dhearadh, a úsáid ar bhonn píolótach, a chothabháil, a chur chun úsáide, a fhorbairt, a chur chun cinn agus éascaíocht a dhéanamh ar réitigh thrasteorann nó thrasearnála atá idir-inoibritheach, ilteangach, sábháilte agus gan uaim ó cheann go ceann agus ar chreataí comhchoiteanna laistigh den lucht riaracháin phoiblí. Áireofar leis freisin modheolaíochtaí chun an tionchar agus na tairbhí a mheasúnú.

1.3.

Tacú leis na sonraíochtaí comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna atá ann cheana a mheasúnú, a nuashonrú agus a chur chun cinn, chomh maith le sonraíochtaí comhchoiteanna nua, sonraíochtaí oscailte nua agus caighdeáin nua a fhorbairt, a bhunú agus a chur chun cinn trí bhíthin ardáin chaighdeánaithe an Aontais agus i gcomhar le heagraíochtaí caighdeánaithe Eorpacha nó idirnáisiúnta de réir mar is iomchuí.

1.4.

Dul i gcomhar chun éiceachóras Eorpach a chur ar bun le haghaidh bonneagair iontaofa, b’fhéidir trí sheirbhísí agus feidhmchláir atá bunaithe ar theicneolaíochtaí mórleabhar dáilte (e.g. blocshlabhra) a úsáid, lena n-áirítear tacaíocht don idir-inoibritheacht agus don chaighdeánú, agus cur chun úsáide fheidhmchláir thrasteorann an Aontais a chothú.

2.

Sláinte

2.1.

A áirithiú go mbeidh smacht ag saoránaigh de chuid an Aontais ar a sonraí pearsanta agus gur féidir leo a sonraí pearsanta sláinte a rochtain, a roinnt, a úsáid agus a bhainistiú thar theorainneacha go slán agus ar bhealach lena ráthaítear a bpríobháideacht, gan beann ar an áit a bhfuil siad nó ar an áit a bhfuil na sonraí, i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme maidir le cosaint sonraí. An bonneagar um sheirbhís dhigiteach na Ríomhshláinte a chur i gcrích agus cur leis i bhfoirm seirbhísí digiteacha nua i ndáil le galair a chosc, an tsláinte agus cúram sláinte agus tacú le seirbhísí den sórt sin a chur chun úsáide, agus gníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát mar thacaíocht aige sin, go háirithe an líonra Ríomhshláinte i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

2.2.

Sonraí níos fearr a chur ar fáil le haghaidh taighde, galair a chosc agus sláinte phearsantaithe agus cúram sláinte pearsantaithe. A áirithiú go mbeidh rochtain ag taighdeoirí sláinte agus cleachtóirí cliniciúla Eorpacha ar an scála acmhainní is gá (spásanna sonraí comhroinnte, lena n-áirítear stóráil sonraí agus ríomhaireacht, saineolas agus acmhainneachtaí anailíseacha) ionas go mbeidh siad in ann fionnachtana a dhéanamh maidir le galair choitianta agus neamhchoitianta. Is é an sprioc atá ann cohórt daonra-bhunaithe ina bhfuil 10 milliún saoránach ar a laghad a áirithiú.

2.3.

Uirlisí digiteacha a chur ar fáil chun saoránaigh a chumhachtú agus ar mhaithe le cúram daonlárnach trí thacú le malartú na gcleachtas nuálach agus na gcleachtas is fearr sa tsláinte dhigiteach, fothú acmhainneachta agus cúnamh teicniúil, go háirithe le haghaidh na cibearshlándála, IS agus HPC.

3.

Na breithiúna

Cumarsáid leictreonach trasteorann shlán gan uaim a chumasú laistigh de na breithiúna agus idir na breithiúna agus comhlachtaí inniúla eile i réimse an cheartais shibhialta agus choiriúil. Feabhas a chur ar an rochtain atá ag saoránaigh, gnólachtaí, cleachtóirí dlí agus breithiúna ar an gceartas agus ar fhaisnéis dhlíthiúil agus ar nósanna imeachta dlíthiúla trí idirnaisc atá idir-inoibritheach ar bhonn séimeantach le bunachair sonraí agus cláir a sholáthar agus trí éascaíocht a dhéanamh ar réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt ar líne. Forbairt agus cur chun feidhme teicneolaíochtaí nuálacha a chur chun cinn le haghaidh na gcúirteanna agus an lucht dlí atá bunaithe, inter alia, ar réitigh IS ar dócha go gcuíchóireofar agus go mbrostófar leo nósanna imeachta (mar shampla, feidhmchláir “teicneolaíochta dlí”).

4.

Iompar, soghluaisteacht, fuinneamh agus comhshaol:

Réitigh agus bonneagair dhíláraithe atá ag teastáil le haghaidh feidhmeanna digiteacha ar mhórscála, amhail tiomáint nasctha uathoibríoch, aerfheithiclí gan foireann, coincheapa na soghluaisteachta cliste, cathracha cliste, ceantair thuaithe chliste nó na réigiúin is forimeallaí, a chur chun úsáide chun tacú le beartais iompair, fuinnimh agus chomhshaoil agus sin á chomhordú le gníomhaíochtaí chun na hearnálacha iompair agus fuinnimh a dhigitiú faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.

5.

Oideachas, cultúr agus na meáin

Rochtain ar na teicneolaíochtaí digiteacha is déanaí, ó IS go dtí an ardríomhaireacht, a chur ar fáil do chruthaitheoirí agus do thionscal na cruthaitheachta agus an chultúir san Eoraip. Tairbhe a bhaint as oidhreacht chultúrtha na hEorpa, lena n-áirítear Europeana, chun tacú le hoideachas agus le taighde agus chun an éagsúlacht chultúrtha, an comhtháthú sóisialta agus an tsochaí Eorpach a chur chun cinn. Tacú le glacadh teicneolaíochtaí digiteacha san oideachas agus sna hinstitiúidí cultúrtha arna maoiniú go príobháideach agus go poiblí.

6.

Gníomhaíochtaí eile a thacaíonn leis an Margadh Aonair Digiteach

Tacú le gníomhaíochtaí amhail an litearthacht dhigiteach agus litearthacht sna meáin a chothú agus feasacht a mhúscailt i measc mionaoiseach, tuismitheoirí agus múinteoirí faoi na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do mhionaoisigh ar líne agus faoi na bealaí chun iad a chosaint, agus dul i ngleic leis an gcibearbhulaíocht agus le scaipeadh ábhar ar líne a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí trí thacú le líonra uile-Eorpach d’Ionaid d’Idirlíon Níos Sábháilte. Bearta a chur chun cinn arb é is aidhm dóibh bréagaisnéis arna scaipeadh d’aon ghnó a bhrath agus a chomhrac, agus ar an dóigh sin athléimneacht fhoriomlán an Aontais a mhéadú; tacú le faireachlann de chuid an Aontais le haghaidh an gheilleagair ardáin dhigitigh chomh maith le staidéir agus gníomhaíochtaí for-rochtana.

Leis na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha, féadfar tacú go páirteach leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí 1 go 6 trí bhíthin na n-acmhainneachtaí céanna a forbraíodh chun cabhrú leis an earnáil tionsclaíochta a claochlú digiteach a dhéanamh (féach pointe II).

II.

Áireofar ar na bearta tosaigh agus, i gcás inarb iomchuí, na gníomhaíochtaí ina dhiaidh sin faoin gcuspóir seo a bhaineann le claochlú digiteach na hearnála tionsclaíochta:

Rannchuidiú le méadú líonra na Mol Nuálaíochta Digití Eorpach chun a áirithiú go mbeidh rochtain ar acmhainneachtaí digiteacha ag aon ghnólacht, go háirithe FBManna, in aon réigiún ar fud an Aontais. Áirítear ar rannchuidiú den sórt sin:

1.

Rochtain ar spásanna coiteanna sonraí Eorpacha agus ar ardáin IS agus ar shaoráidí Eorpacha HPC ar mhaithe le hanailísíocht sonraí agus feidhmchláir atá dian ar ríomh

2.

Rochtain ar shaoráidí tástála ar mhórscála le haghaidh IS agus ar arduirlisí cibearshlándála

3.

Rochtain ar ardscileanna digiteacha

Déanfar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chomhordú agus a chomhlánú le gníomhaíochtaí nuálaíochta i dteicneolaíochtaí digiteacha a fhaigheann tacaíocht, go háirithe, faoi Fís Eorpach, agus infheistíochtaí i Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha a fhaigheann tacaíocht faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE). Féadfar deontais le haghaidh mhacasamhlú an mhargaidh a sholáthar ón gClár, i gcomhréir le rialacha maidir le státchabhair. Is le hionstraimí airgeadais lena mbaintear leas as an gClár InvestEU a thacófar le rochtain a sholáthar ar mhaoiniú le haghaidh céimeanna breise i gclaochlú digiteach na tionsclaíochta.


(1)  Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45).


IARSCRÍBHINN II

TÁSCAIRÍ INTOMHAISTE CHUN FAIREACHÁN A DHÉANAMH AR CHUR CHUN FEIDHME AN CHLÁIR AGUS TUAIRISCIÚ A DHÉANAMH AR DHUL CHUN CINN AN CHLÁIR MAIDIR LE BAINT AMACH A CHUSPÓIRÍ SONRACHA

Cuspóir Sonrach 1 – an Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta

1.1.

Líon na mbonneagar HPC arna soláthar go comhpháirteach

1.2.

Úsáid na ríomhairí eicsea-scála agus iar-eicsea-scála ina hiomláine agus ag grúpaí geallsealbhóirí éagsúla (ollscoileanna, FBManna etc.)

Cuspóir Sonrach 2 – an Intleacht Shaorga

2.1.

An méid iomlán arna chomhinfheistiú i saoráidí tástála agus turgnamhaíochta

2.2.

Leabharlanna algartaim coiteanna Eorpacha nó comhéadain chuig leabharlanna algartaim, spásanna coiteanna sonraí Eorpacha agus úsáid saoráidí tástála agus turgnamhaíochta a bhaineann le gníomhaíochtaí a faoin Rialachán seo

2.3.

Líon na gcásanna ina gcinneann eagraíochtaí IS a chomhtháthú ina dtáirgí, ina bpróisis nó ina seirbhísí, mar thoradh ar an gClár

Cuspóir Sonrach 3 – an Chibearshlándáil agus Iontaoibh

3.1.

Líon na mbonneagar cibearshlándála, nó na n-uirlisí cibearshlándála, nó an dá cheann, arna soláthar go comhpháirteach (1).

3.2.

Líon na n-úsáideoirí agus na bpobal úsáideoirí ag a bhfuil rochtain ar shaoráidí cibearshlándála Eorpacha

Cuspóir Sonrach 4 – Ardscileanna Digiteacha

4.1.

Líon na ndaoine ar cuireadh oiliúint faoi leith orthu chun ardscileanna digiteacha a fháil a fhaigheann tacaíocht ón gClár

4.2.

Líon na bhfiontar, go háirithe FBManna, ag a bhfuil deacrachtaí speisialtóirí TFC a earcú

4.3.

Líon na ndaoine a thugann le fios gur tháinig feabhas ar a staideanna fostaíochta tar éis na hoiliúna a fhaigheann tacaíocht ón gClár

Cuspóir Sonrach 5 – Cur Chun Úsáide agus Úsáid is Fearr na hAcmhainneachta Digití agus Idir-inoibritheacht

5.1.

Glacadh na seirbhísí poiblí digiteacha

5.2.

Fiontair ag a bhfuil scór ard déine digití

5.3.

A mhéid atá an Creat Idir-Inoibritheachta Náisiúnta ailínithe leis an gCreat Idir-Inoibritheachta Eorpach

5.4.

Líon na ngnólachtaí agus na n-eintiteas earnála poiblí a bhain úsáid as seirbhísí na Mol Nuálaíochta Digití Eorpach

(1)  Go hiondúil, is éard a bheadh i gceist le “bonneagair” bonneagar taighde nó turgnamhaíochta amhail binsí tástála, cibear-raonta nó saoráidí ríomhaireachta/cumarsáide. D’fhéadfadh sé gur sonraí agus/nó bogearraí amháin a bheadh i gceist leis sin, nó d’fhéadfadh saoráidí fisiciúla a bheith ann freisin.

Go hiondúil, is éard a bheadh i gceist le “uirlisí” feiste fhisiciúil agus/nó bogearra/algartam a úsáidtear le slándáil chórais TFC a mhéadú. Mar shampla, bogearraí aimsithe ionraidh nó acmhainní sonraí lena gceadaítear feasacht staide ar bhonneagair ríthábhachtacha.

Leis an Rialachán maidir le Lárionad um Inniúlachtaí Cibearshlándála, ceadaítear gach uile chineál soláthair, ní soláthar comhpháirteach amháin: ón Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála mar chomhlacht de chuid an Aontais; ó chinn eile le cabhair ó dheontas Aontais; nó ó pháirtithe éagsúla.


IARSCRÍBHINN III

SINEIRGÍOCHTAÍ LE CLÁIR EILE DE CHUID AN AONTAIS

1.

Le sineirgíochtaí le Fís Eorpach, áiritheofar na nithe seo a leanas:

(a)

cé go dtagann roinnt réimsí téamacha a dtugtar aghaidh orthu leis an gClár agus le Fís Eorpach le chéile, beidh na cineálacha gníomhaíochtaí atá le tacú, a n-aschuir ionchasacha agus a loighic idirghabhála, éagsúil agus comhlántach;

(b)

soláthrófar le Fís Eorpach tacaíocht chuimsitheach don taighde, an fhorbairt theicneolaíoch, an taispeáint, an píolótú, an cruthúnas coincheapa, an tástáil agus an nuálaíocht, lena n-áirítear cur chun úsáide réamhthráchtálach teicneolaíochtaí digiteacha nuálacha, go háirithe tríd an méid seo a leanas:

(i)

buiséad ar leith i gcolún na “nDúshlán Domhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach” le haghaidh na braisle “Earnáil Dhigiteach, earnáil na tionsclaíochta agus Spás” chun teicneolaíochtaí cumasúcháin a fhorbairt (IS agus an róbataic, an Chéad Ghlúin Eile den Idirlíon, HPC agus Olltiomsú Sonraí, eochairtheicneolaíochtaí digiteacha, lena gcomhcheanglaítear an ghné dhigiteach le teicneolaíochtaí eile);

(ii)

tacaíocht do bhonneagair thaighde faoi cholún na “hEolaíochta Oscailte”;

(iii)

comhtháthú digiteach thar na Dúshláin Dhomhanda ar fad (sláinte, slándáil, fuinneamh agus soghluaisteacht, aeráid, etc.); agus

(iv)

tacaíocht do nuálaíochtaí ceannródaíocha atá i mbun fáis faoi cholún “An Eoraip Nuálach” (a mbeidh teicneolaíochta digiteacha agus fisiceacha cónasctha i gcuid mhór acu);

(c)

leis an gClár, déanfar infheistíocht sna nithe seo a leanas:

(i)

fothú acmhainneachta digití i dtaca le HPC, IS, teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte (e.g. blocshlabhra), an chibearshlándáil agus ardscileanna digiteacha; agus

(ii)

cur chun úsáide náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil laistigh de chreat de chuid an Aontais maidir le hacmhainneachtaí digiteacha agus na teicneolaíochtaí digiteacha is déanaí i réimsí a bhaineann le leas an phobail (amhail an tsláinte, an lucht riaracháin phoiblí, an ceartas agus an t-oideachas) nó le cliseadh sa mhargadh (amhail digitiú gnólachtaí, go háirithe FBManna);

(d)

cuirfear acmhainneachtaí agus bonneagair an Chláir ar fáil don lucht taighde agus nuálaíochta, lena n-áirítear le haghaidh gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó Fhís Eorpach, amhail tástáil, turgnamhaíocht agus taispeáintí thar gach earnáil agus disciplín;

(e)

de réir mar a théann forbairt na dteicneolaíochtaí digiteacha nuálacha in aibíocht le Fís Eorpach, glacfar na teicneolaíochtaí sin agus cuirfear chun úsáide iad de réir a chéile faoin gClár;

(f)

maidir le tionscnaimh faoi Fhís Eorpach le haghaidh forbairt scileanna agus curaclam inniúlachtaí, lena n-áirítear iad sin arna soláthar ag ionaid chomhlonnaithe KICanna de chuid EIT, déanfar iad a chomhlánú le fothú acmhainneachta in ardscileanna digiteacha a thacaítear leo faoin gClár;

(g)

cuirfear ar bun sásraí comhordaithe láidre le haghaidh clársceidealaithe agus cur chun feidhme, agus na nósanna imeachta ar fad don dá chlár á n-ailíniú a mhéid is féidir. Beidh gach seirbhís lena mbaineann sa Choimisiún páirteach ina struchtúir rialachais.

2.

Le sineirgíochtaí le cláir de chuid an Aontais faoi bhainistíocht roinnte, lena n-áirítear CFRE, CSE+, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, áiritheofar an méid seo a leanas:

(a)

úsáidfear socruithe le haghaidh cistiú comhlántach ó chláir de chuid an Aontais faoi bhainistíocht roinnte agus ón gClár chun tacú le gníomhaíochtaí lena ndéantar naisc idir speisialtóireachtaí cliste agus chun tacú le claochlú digiteach gheilleagar agus shochaí na hEorpa;

(b)

le CFRE, cuirtear le forbairt agus neartú na n-éiceachóras nuálaíochta réigiúnach agus áitiúil, leis an gclaochlú tionsclaíoch, mar aon le claochlú digiteach na sochaí agus an lucht riaracháin phoiblí, agus ar an dóigh sin spreagtar freisin cur chun feidhme Dhearbhú Taillinn maidir le Ríomhrialtas. Áirítear leis sin tacaíocht do chlaochlú digiteach na hearnála tionsclaíochta agus glacadh torthaí, chomh maith le teicneolaíochtaí agus réitigh nuálacha a chur i bhfeidhm ar bhonn céimneach. Leis an gClár, comhlánófar líonrú trasnáisiúnta agus mapáil thrasnáisiúnta na n-acmhainneachtaí digiteacha, agus tacófar leo, ionas go mbeidh rochtain ag FBManna orthu agus ionas go mbeidh rochtain ar réitigh idir-inoibritheacha TF i ngach réigiún de chuid an Aontais.

3.

Le sineirgíochtaí leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, áireofar an méid seo a leanas:

(a)

díreofar, leis an gClár, ar fhothú acmhainneachta digití agus bonneagair dhigitigh ar mhórscála i réimsí HPC, IS, na cibearshlándála agus na n-ardscileanna digiteacha, ionas go mbeidh glacadh agus cur chun úsáide forleathan ann ar fud na hEorpa i dtaca le réitigh dhigiteacha nuálacha bharrthábhachtacha, atá ann cheana nó a ndearnadh tástáil orthu, laistigh de chreat de chuid an Aontais i réimsí a bhaineann le leas an phobail nó cliseadh sa mhargadh. Tá an Clár le bheith curtha chun feidhme go príomha trí infheistíochtaí comhordaithe agus straitéiseacha leis na Ballstáit, go háirithe trí sholáthar poiblí comhpháirteach, in acmhainneachtaí digiteacha atá le roinnt ar fud na hEorpa agus i ngníomhaíochtaí uile-Aontais lena dtacaítear le hidir-inoibritheacht agus le caighdeánú mar chuid den phróiseas chun an Margadh Aonair Digiteach a fhorbairt;

(b)

tá acmhainneachtaí agus bonneagair an Chláir le bheith curtha ar fáil chun teicneolaíochtaí agus réitigh nuálacha nua i réimse na soghluaisteachta agus an iompair a chur chun úsáide. Tá an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa le tacú le teicneolaíochtaí agus réitigh nuálacha nua i réimse na soghluaisteachta agus an iompair a chur i bhfeidhm ar bhonn céimneach agus a chur chun úsáide;

(c)

tá sásraí comhordaithe le bheith bunaithe, go háirithe trí na struchtúir rialachais iomchuí.

4.

Le sineirgíochtaí le Clár InvestEU, áiritheofar na nithe seo a leanas:

(a)

is faoi Rialachán (AE) 2021/… (*1) a sholáthrófar tacaíocht trí mhaoiniú margadhbhunaithe, lena n-áirítear cuspóirí beartais faoin gClár a shaothrú; féadfar maoiniú margadhbhunaithe den sórt sin a chomhcheangal leis an tacaíocht deontais;

(b)

is leis an tacaíocht a sholáthraíonn na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha a éascófar rochtain gnólachtaí ar ionstraimí airgeadais.

5.

Le sineirgíochtaí le Erasmus+, áiritheofar na nithe seo a leanas:

(a)

tacófar leis an gClár forbairt agus éadáil na n-ardscileanna digiteacha is gá chun teicneolaíochtaí ceannródaíocha amhail IS nó HPC a chur chun úsáide, i gcomhar le tionscail ábhartha;

(b)

comhlánófar leis an gcuid de Erasmus+ a bhaineann le hardscileanna digiteacha na hidirghabhálacha ón gClár lena ndírítear ar éadáil scileanna i ngach réimse agus ar gach leibhéal trí eispéiris soghluaisteachta.

6.

Le sineirgíochtaí le hEoraip na Cruthaitheachta, a bunaíodh le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, áiritheofar na nithe seo a leanas:

(a)

tacófar, leis an tsraith MEDIA de chuid Eoraip na Cruthaitheachta, le tionscnaimh ar féidir leo tionchar mór a bheith acu ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta ar fud na hEorpa, rud a chabhróidh leo iad féin a chur in oiriúint don chlaochlú digiteach;

(b)

soláthrófar, leis an Clár, inter alia, rochtain ar na teicneolaíochtaí digiteacha is déanaí, ó IS go dtí an ardríomhaireacht, do chruthaitheoirí, do thionscal na cruthaitheachta agus d’earnáil an chultúir san Eoraip.

7.

Áiritheofar sineirgíochtaí le cláir agus le tionscnaimh eile de chuid an Aontais maidir le hinniúlachtaí agus scileanna.

(*1)  Uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad PE-CONS 74/20 (2020/0108(COD)).


9.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

35


Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 3/2021 ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240

(2021/C 124/02)

I.   RÉAMHRÁ

1.

An 6 Meitheamh 2018, ghlac an Coimisiún an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach le haghaidh na tréimhse 2021-2027 (1) mar cheann de na tograí a bhaineann leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (dá ngairtear: CAI anseo feasta), atá le fáil sa chaibidil “An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach”.

2.

I bParlaimint na hEorpa, roghnaíodh an Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (ITRE) mar choiste ceannais. Chaith an coiste vóta i ndáil lena dhréacht-tuarascáil an 21 Samhain 2018. Daingníodh an tuarascáil ag an seisiún iomlánach an 12 Nollaig 2018 (2).

3.

An 4 Nollaig 2018, ghlac an Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh cur chuige ginearálta páirteach (3). Níor áiríodh gnéithe áirithe sa chur chuige ginearálta, go háirithe forálacha lena ngabhann impleachtaí buiséadacha nó de chineál cothrománach, nó forálacha a bhaineann le pléití atá ar feitheamh i gcomhlachtaí ullmhúcháin eile de chuid na Comhairle maidir le tograí reachtacha eile. Marcáladh na heilimintí sin le lúibíní cearnacha sa téacs.

4.

Ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a thuairim an 17 Deireadh Fómhair 2018 (4).

5.

Ghlac Coiste Eorpach na Réigiún a thuairim an 5 Nollaig 2018 (5).

6.

An 8 Feabhra 2019, d’iarr an Uachtaránacht ar Coreper sainordú (6) a thabhairt di chun tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa. Tionóladh an cruinniú tríthaobhach an 13 Feabhra 2019 in Strasbourg agus tháinig na comhreachtóirí ar chomhthuiscint maidir leis an Rialachán lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach le haghaidh na tréimhse 2021-2027. Níor áiríodh na gnéithe atá idir lúibíní sa téacs ar an gcomhthuiscint.

7.

An 13 Márta 2019, dhaingnigh Coiste na mBuanionadaithe an chomhthuiscint ar ar thángthas ag an gcruinniú tríthaobhach, agus d’aithin sé, ag an am céanna, go gcuirfí tús arís leis an obair le Parlaimint na hEorpa a luaithe a bheadh sainordú ag an gComhairle maidir le gnéithe uile an togra.

8.

Ar bhonn na comhthuisceana, ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcéad léamh an 17 Aibreán 2019 (7).

9.

Sna conclúidí uaithi an 21 Iúil 2020 (8), d’eisigh an Chomhairle Eorpach an treoir pholaitiúil le haghaidh na gcomhad uile a bhaineann le CAI. I bhfianaise an mhéid sin, thug Coiste na mBuanionadaithe sainordú (9) don Uachtaránacht an 7 Deireadh Fómhair 2020 le dul i mbun caibidlíochta an athuair le Parlaimint na hEorpa d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir leis an téacs ina iomláine.

10.

Tionóladh an dara cruinniú tríthaobhach an 14 Nollaig 2020 i bhformáid fhíorúil. Le linn an chruinnithe thríthaobhaigh sin, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir leis na saincheisteanna uile a bhí fós gan réiteach.

11.

An 18 Nollaig 2020, dhearbhaigh Coiste na mBuanionadaithe an téacs comhréitigh deiridh sin d’fhonn teacht ar chomhaontú (10).

12.

An 14 Eanáir 2021, d’fhormhuinigh an Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (ITRE) i bParlaimint na hEorpa an téacs comhréitigh deiridh. Ina dhiaidh sin, chuir Cathaoirleach Choiste ITRE litir chuig Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe á thabhairt le fios, i gcás ina ndéanfadh an Chomhairle a seasamh mar a comhaontaíodh le linn na gcruinnithe tríthaobhacha a tharchur go foirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa, faoi réir a fhíoraithe ag na dlítheangeolaithe, go molfadh sé don Seisiún Iomlánach seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh a ghlacadh gan leasuithe ar an dara léamh i bParlaimint na hEorpa.

II.   CUSPÓIR

13.

Is é is aidhm ghinearálta don Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach le haghaidh na tréimhse 2021-2027 ionstraim chaiteachais a bhunú le go mbainfidh saoránaigh, gnólachtaí agus riaracháin phoiblí an Aontais an leas is fearr as an gclaochlú digiteach, eadhon trí acmhainneachtaí digiteacha an Aontais a neartú i gcúig phríomhréimse (ar a dtugtar “cuspóirí sonracha”): an ríomhaireacht ardfheidhmíochta, an intleacht shaorga, an chibearshlándáil agus iontaoibh, ardscileanna digiteacha agus an cur in úsáid, úsáid is fearr na n-acmhainní digiteacha agus idir-inoibritheacht.

III.   ANAILÍS AR AN SEASAMH ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

Barúlacha ginearálta

14.

D’fhonn teacht ar chomhaontú maidir leis an Rialachán, chuaigh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa i mbun caibidlíochta féachaint le teacht ar chomhaontú ar an dara léamh, bunaithe ar an seasamh ón gComhairle ar an gcead léamh, a d’fhéadfadh an Pharlaimint a fhormheas sa riocht sin. Léirítear go hiomlán le téacs an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh an comhréiteach ar ar tháinig na comhreachtóirí.

15.

Tagann an Chomhairle leis na cuspóirí agus leis na prionsabail a leagtar amach sa seasamh ó Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh agus tacaíonn sí le struchtúr an Chláir, rud a chuideoidh lena chuspóirí a bhaint amach.

16.

Moil Nuálaíochta Digití: Comhaontaíonn an Chomhairle leis an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh gur cheart na Moil Nuálaíochta Digití a ainmniú trí phróiseas oscailte iomaíoch.

17.

Srianta slándála: Tacaíonn an Chomhairle leis an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh i ndáil le srianta slándála a mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí faoi Intleacht Shaorga agus Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta. Comhaontaíonn an Chomhairle go bhféadfar a fhoráil sna cláir oibre go bhféadfaí eintitis a rialaítear ó thríú tíortha a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí faoin dá chuspóir shonracha sin má chomhlíonann siad na coinníollacha a bhaineann le slándáil a leagtar amach sa chlár oibre, agus sa chás sin amháin.

18.

Eitic: Tá an Chomhairle i gcomhréir leis an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha i ndáil le saincheisteanna eiticiúla le haghaidh an chuspóra shonraigh “Intleacht Shaorga”. I gcás na Comhairle, tá sé tábhachtach freisin á áirithiú go gcuirfear na prionsabail eiticiúla san áireamh i ngníomhaíochtaí éagsúla faoin gcuspóir seo, agus dá bhrí sin, comhaontaíonn an Chomhairle le forálacha níos mionsonraithe a chur isteach maidir le heitic, lena n-áirítear, an fhéidearthacht go ndéanfadh an Coimisiún seiceálacha eitice agus an fhéidearthacht cistiú a chur ar fionraí, a laghdú nó deireadh a chur leis.

19.

Deontais chomhlántacha: Comhaontaíonn an Chomhairle leis an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh go bhféadfadh deontais faoin gClár don Eoraip Dhigiteach suas le 100 % de na costais incháilithe a chumhdach, gan dochar do phrionsabail an chómhaoinithe.

Barúlacha sonracha

20.

Ag an gcruinniú tríthaobhach deiridh an 14 Nollaig 2020, d’éirigh leis na comhreachtóirí teacht ar chomhréiteach maidir leis na saincheisteanna a leanas a bhí fós gan réiteach.

21.

Leithdháileadh buiséid ar chuspóirí sonracha: Chomhaontaigh na comhreachtóirí leithdháileadh bhuiséad an chláir a chur in oiriúint don chúig chuspóir shonracha tríd an laghdú céanna a dhéanamh i gcás gach cuspóra (17,47 %) mar a bheadh do bhuiséad iomlán an chláir. Ar an gcaoi sin, beifear in ann ualú agus cothromaíocht an togra bhunaidh a choimeád.

22.

Fad an chláir: Tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú maidir le fad an Chláir don Eoraip Dhigiteach. Bunaítear le hAirteagal 1 an clár don tréimhse atá i gcomhréir le fad an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027.

23.

Cláir oibre: Chomhaontaigh na comhreachtóirí téacs na bhforálacha a bhaineann le húsáid gníomhartha cur chun feidhme chun cláir oibre le haghaidh gníomhaíochtaí a ghlacadh faoi bhainistíocht dhíreach. Comhaontaíodh freisin na forálacha sin a chomhcheangal le modhnuithe lena dtugtar dearbhuithe breise go mbeidh inneachar na gclár oibre a bheidh ann amach anseo fréamhaithe go daingean in Airteagail 4-8 den Rialachán, agus go mbeidh mór-threoirlínte ó Iarscríbhinn I infheidhme le linn thréimhse an chláir. Thairis sin, chomhaontaigh na comhreachtóirí go n-áireofaí an fhéidearthacht gníomhartha tarmligthe a úsáid chun Iarscríbhinn I a thabhairt cothrom le dáta.

24.

Rannpháirtíocht tríú tíortha: Chomhaontaigh na comhreachtóirí coincheap an “chomhlachais pháirtigh” a thabhairt isteach sa Rialachán, eadhon comhlachas tríú tíortha le líon teoranta cuspóirí sonracha arna saothrú faoin gClár don Eoraip Dhigiteach.

IV.   CONCLÚID

25.

Is léiriú iomlán ar an gcomhréiteach a baineadh amach sa chaibidlíocht idir ionadaithe na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa, arna éascú ag an gCoimisiún, an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh maidir leis an Rialachán lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach le haghaidh na tréimhse 2021-2027.

26.

Iarrtar ar Choiste na mBuanionadaithe, dá réir sin, a mholadh go ndéanfadh an Chomhairle an méid seo a leanas:

an ráiteas seo ar chúiseanna na Comhairle maidir lena seasamh ar an gcéad léamh a fhormhuiniú, agus

an ráiteas seo a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa.

27.

Tar éis do Pharlaimint na hEorpa a seasamh ar an dara léamh a ghlacadh, lena ndéantar formheas gan leasú ar an seasamh ón gComhairle, tiocfaidh an Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach le haghaidh na tréimhse 2021-2027 i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(1)  Doic. 10167/18 + ADD 1

(2)  P8_TA(2018)0521

(3)  Doic. 14488/18 REV 1

(4)  CESE 2018/03902

(5)  COR 2018/03951

(6)  Doic. 5989/19 COR 1

(7)  P8_TA-PROV(2019)0403

(8)  Doic. 00010/20

(9)  Doic. 11293/20

(10)  Doic. 13835/20.