ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 118I

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

64
7 Aibreán 2021


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Chomhairle

2021/C 118 I/01

Fógra atá le tabhairt ar aird na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2010/231/CBES ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/560 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/559 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile

1

2021/C 118 I/02

Fógra le tabhairt ar aird do na hábhair sonraí sin a bhfuil feidhm maidir leo ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2010/231/CBES ón gComhairle agus i Rialachán (AE) 356/2010 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile

3

 

An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia

2021/C 118 I/03

Líonrú na n-eagraíochtaí atá ag oibriú sna réimsí a chuimsíonn misean an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA)

5


GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Chomhairle

7.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CI 118/1


Fógra atá le tabhairt ar aird na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2010/231/CBES ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/560 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/559 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile

(2021/C 118 I/01)

Tugtar an fhaisnéis seo a leanas ar aird na ndaoine a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2010/231/CBES ón gComhairle (1), arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/560 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 356/2010 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/559 ón gComhairle (4), a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile.

Chuir Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, arna bhunú de bhun Rún 751 (1992) agus de bhun Rún 1907 (2009) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, triúr le liosta na ndaoine aonair agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

Féadfaidh na daoine lena mbaineann, aon tráth, iarraidh ar athbhreithniú ar an gcinneadh iad a áireamh ar liosta na Náisiún Aontaithe, mar aon le haon doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid Choiste Chomhairle na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun Rún 751 (1992) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Ba cheart an iarraidh sin a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas:

Focal Point for De-listing

Security Council Subsidiary Organs Branch

Room DC2 2034

United Nations

New York, N.Y. 10017

STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ

Teil.: +1 9173679448

Facs: +1 2129631300

R-phost: delisting@un.org

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach: https://www.un.org/securitycouncil/sanctions/delisting/delisting-requests

I bhfianaise an chinnidh ó na Náisiúin Aontaithe, chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na daoine a d’ainmnigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a áireamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2010/231/CBES agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile. Tugtar na forais leis na daoine sin agus leis na heintitis sin a ainmniú sna hiontrálacha ábhartha sna hiarscríbhinní sin.

Tugtar d’aire na ndaoine lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suímh ghréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 356/2010, d’fhonn údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 5 den Rialachán).

Féadfaidh na daoine lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú ar an gcinneadh iad a áireamh ar na liostaí thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, ag an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Ardrúnaíocht

RELEX.1.C

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

R-phost: sanctions@consilium.europa.eu

Tugtar d’aire na ndaoine lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 105, 27.4.2010, lch. 17.

(2)  IO L 115 I, 6.4.2021. lch. 3.

(3)  IO L 105, 27.4.2010, lch. 1.

(4)  IO L 115 I, 6.4.2021, lch. 1.


7.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CI 118/3


Fógra le tabhairt ar aird do na hábhair sonraí sin a bhfuil feidhm maidir leo ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2010/231/CBES ón gComhairle agus i Rialachán (AE) 356/2010 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile

(2021/C 118 I/02)

Tugtar an fhaisnéis a leanas ar aird do na hábhair sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála sin Cinneadh 2010/231/CBES (2) ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/560 ón gComhairle (3), agus Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 ón gComhairle (4), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/559 ón gComhairle (5) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile.

Is í Roinn RELEX.1.C in Ard-Stiúrthóireacht an Chaidrimh Sheachtraigh – RELEX Ardrúnaíocht na Comhairle (an Ardrúnaíocht) rialaitheoir na hoibríochta próiseála seo, agus is féidir dul i dteagmháil leis an roinn sin ag:

Council of the European Union

General Secretariat

RELEX.1.C

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

Ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu

Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí na hArdrúnaíochta ag:

An tOifigeach Cosanta Sonraí

data.protection@consilium.europa.eu

Is é cuspóir na hoibríochta próiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh 2010/231/CBES, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/560, agus Rialachán (AE) Uimh. 356/2010, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/559 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile.

Is iad na hábhair sonraí na daoine nádúrtha sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh 2010/231/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 356/2010.

Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis.

Féadfar pé sonraí pearsanta a bhaileofar a roinnt, de réir mar is gá, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus leis an gCoimisiún.

Gan dochar do shrianta dá bhforáiltear de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfar feidhmiú cheart na n-ábhar sonraí, amhail an ceart chun rochtana, chomh maith leis na cearta chun ceartúcháin nó chun agóid a dhéanamh, a fhreagairt i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.

Coimeádfar sonraí pearsanta go ceann 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach nó ón uair a dtéann bailíocht an bhirt in éag, nó go ceann ré na n-imeachtaí cúirte i gcás tús a bheith curtha leo.

Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach, féadfaidh ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).


(1)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(2)  IO L 105, 27.4.2010, lch. 17.

(3)  IO L 115 I, 6.4.2021, p. 3

(4)  IO L 105, 27.4.2010, lch. 1.

(5)  IO L 115 I, 6.4.2021, lch. 1.


An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia

7.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CI 118/5


Líonrú na n-eagraíochtaí atá ag oibriú sna réimsí a chuimsíonn misean an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA)

(2021/C 118 I/03)

Foráiltear le hAirteagal 36(2) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 (1) go ndéanfaidh “Bord Bainistíochta [an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia], ag gníomhú dó ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, dréachtú ar liosta, a bheidh le cur ar fáil don phobal, d’eagraíochtaí inniúla atá ainmnithe ag na Ballstáit agus a d’fhéadfadh cabhrú leis an Údarás, ina n-aonar nó i líonraí, a mhisean a chomhlíonadh”.

Dhréachtaigh Bord Bainistíochta an EFSA an liosta den chéad uair an 19 Nollaig 2006 agus, ón uair sin i leith, déantar é:

i.

a nuashonrú go rialta, bunaithe ar thograí ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin an EFSA, agus athbhreithnithe nó tograí nua ainmniúcháin ó na Ballstáit á gcur san áireamh (de réir Airteagal 2(4) de Rialachán (CE) Uimh. 2230/2004 ón gCoimisiún (2)); agus

ii.

a chur ar fáil don phobal ar shuíomh Gréasáin an EFSA, áit a bhfoilsítear an liosta is cothroime le dáta d’eagraíochtaí inniúla.

Tá an fhaisnéis sin faoi seach ar fáil ar láithreán gréasáin EFSA faoi na naisc seo a leanas:

i.

an leasú is déanaí ar an liosta d’eagraíochtaí inniúla ag Bord Bainistíochta EFSA an [25 Márta 2021] –

[https://www.efsa.europa.eu/en/events/event/86th-management-board-web-meeting]; agus

ii.

an liosta nuashonraithe d’eagraíochtaí inniúla –

http://www.efsa.europa.eu/en/partnersnetworks/scorg

Coinneoidh EFSA an fógra seo cothrom le dáta, go háirithe maidir leis na naisc shuíomh Gréasáin atá curtha ar fáil.

Le tuilleadh faisnéise a fháil, téigh i dteagmháil le Cooperation.Article36@efsa.europa.eu.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus riachtanais maidir le dlí faoi bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta um shábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lgh. 1).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 2230/2004 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2004 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an líonra eagraíochtaí atá ag oibriú sna réimsí a chuimsíonn misean an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (IO L 379, 24.12.2004, lgh. 64), arna leasú go deireanach.